An Bhruiséil,10.1.2017

COM(2017) 11 final

2017/0004(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2004/37/CE ar chosaint oibrithe ó na priacail a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2017) 7 final}
{SWD(2017) 8 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is aidhm don togra seo cosaint sláinte oibrithe a fheabhsú trí nochtadh ceirde d’oibreáin cheimiceacha charcanaigineacha a laghdú, soiléireacht bhreise a sholáthar agus cur le cothrom iomaíochta d’oibreoirí eacnamaíocha. Tá sé i measc na ngníomhaíochtaí tosaíochta a shainaithnítear i gClár Oibre an Choimisiúin do 2016. Leis an tionscnamh seo comhlíonann an Coimisiún a ghealltanas éifeachtúlacht agus éifeachtacht chreat AE maidir le cosaint oibrithe a fheabhsú. Ina theannta sin, tá sé i gceist leanúint leis an obair thábhachtach sin agus tuilleadh measúnuithe tionchair a dhéanamh d’fhonn teorainnluachanna a mholadh i leith carcanaiginí breise.

Léiríonn meastacháin ar ualach úrnua agus amach anseo na ngalar ceirde go bhfuil fadhb le hailse a bhaineann leis an obair agus go mbeidh an fhadhb sin ann sa todhchaí mar thoradh ar nochtadh oibrithe do charcanaiginí. Is í an ailse an chúis is mó atá le básanna a bhaineann leis an obair in AE. Gach bliain, is í an ailse is cúis le 53 % de bhásanna ceirde 1 . De réir tuarascála in 2016 ón Institiúid Náisiúnta um Shláinte Phoiblí agus an Comhshaol san Ísiltír (RIVM) 2 diagnóisíodh gur nuatholg idir 91,500 agus150,500 duine ailse in 2012, mar gheall ar nochtadh roimhe sin do shubstaintí carcanaigineacha ag an obair. Bhásaigh idir 57,700 agus 106,500 duine in 2012 mar thoradh ar ailse a bhaineann leis an obair. Ciallaíonn sé sin go bhfaigheann idir 7 agus 12 dhuine bás gach uair an chloig in san Aontas mar thoradh ar nochtadh roimhe sin do shubstaintí carcanaigineacha ag an obair.

Ghlac an Coimisiún an chéad chéim chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo nuair a ghlac sé togra reachtach an 13 Bealtaine 2016 maidir le leasú a dhéanamh ar Threoir 2004/37/CE ar chosaint oibrithe ar na priacail a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (‘an Treoir’) 3 d'fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar theorainnluachanna nochta do 13 oibreán cheimiceacha nó iad a thabhairt isteach 4 . I gcomhréir le hAirteagal 16 den Treoir, socróidh an Chomhairle teorainnluachanna den sórt sin ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, i dtaca leis na carcanaiginí nó na só-ghineacha sin ar fad ar féidir é sin a dhéanamh ina leith, in Iarscríbhinn III den Treoir. De bhun Airteagal 17 (1) den Treoir, féadfar Iarscríbhinn I agus III a ghabhannn leis an treoir a leasú i gcomhréir leis an nós a leagtar síos in Airteagal 153 (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (gnáthnós imeachta reachtach) agus i gcomhréir leis sin amháin.

Tá céim bhreise á glacadh ag an gCoimisiún anois i bpróiseas fadtéarmach a bhaineann leis an Treoir a thabhairt cothrom le dáta maidir le 7 gcinn de charcanaiginí breise agus tá sé beartaithe aige teorainnluachanna agus/nó nodaireachtaí craicinn a bhunú. De réir an mheasúnaithe tionchair meastar go dtabharfar cosaint níos fearr do thart thar ar 4 mhilliún oibrí ar a laghad agus go mbeidh soiléireacht níos fearr le fáil ag fostóirí agus ag lucht forghníomhaithe mar thoradh air sin. Meastar go gcoiscfeadh an dá thogra breis agus 100,000 bás de bharr ailse a bhaineann leis an obair.

I gcomhréir le hAirteagal 16 den Treoir, tá an Coimisiún ag coinneáil lena chuid oibre i dtaca le teorainnluachanna breise a shocrú agus tá oibreáin cheimiceacha sa bhreis á measúnú faoi láthair d’fhonn an Treoir a leasú amach anseo.

Tá feidhm ag forálacha na Treorach maidir le haon oibreán ceimiceach a shásaíonn na critéir i gcomhair aicmiú mar charcanaigin i gcatagóir 1A nó 1B a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (CLP) 5 . Sa Rialachán seo liostaítear aicmithe ‘comhchuibhithe’ (éigeantach) do 1017 substaint cheimiceacha mar charcanaiginí de chuid Chatagóir 1 (‘ar a dtugtar carcanaiginí daonna aitheanta nó toimhdithe’) ar bhonn sonraí eipidéimeolaíochta agus/nó ainmhithe 6 . Shainaithin próiseas tábhachtach aicmithe eile, a rinne an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse (‘IARC’), beagnach 500 oibreán atá carcanaigineach i gcás daoine (Grúpa 1; 118 noibreán), ar dócha iad a bheith carcanaigineach i gcás daoine (Grúpa 2A; 75) nó a bhféadfadh sé go mbeidís carcanaigineach i gcás daoine (Grúpa 2B; 288) 7 .

Ina theannta sin, baineann forálacha na Treorach le haon substaint, meascán nó próiseas dá dtagraítear in Iarscríbhinn I den Treoir sin, chomh maith le haon substaint nó aon mheascán a scaoiltear trí phróiseas dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin. Faoi láthair, áirítear liosta de phróisis shainaitheanta agus de shubstaintí a ghintear ó phróiseas in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir. Tá sé mar aidhm a shoiléiriú d’oibrithe, fostóirí agus lucht forghníomhaithe an bhfuil oibreán ceimiceach nó próiseas faoi raon feidhme na Treorach, mura bhfuil sé aicmithe ar shlí eile de réir Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Faoi láthair, tá cúig cinn d’iontrálacha in Iarscríbhinn I.

Socraítear líon d’íoscheanglais ghinearálta sa Treoir chun an nochtadh maidir leis na carcanaiginí agus na só-ghineacha ar fad atá faoina raon feidhme a dhíothú nó a laghdú. Ní mór d’fhostóirí priacail d’oibrithe a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí (agus sóghineacha) sonracha san ionad oibre, a shainaithint agus a mheas, agus ní mór dóibh nochtadh a chosc san áit a dtarlaíonn priacail. Ní mór ionadú a dhéanamh le próiseas nó le hoibreán ceimiceach atá neamhghuaiseach nó a bhfuil níos lú guaise ag baint leis nuair atá sé sin indéanta go teicniúil. Sa chás nach bhfuil ionadú indéanta go teicniúil ní mór carcanaiginí ceimiceacha, chomh fada agus atá sin indéanta go teicniúil, a mhonarú agus a úsáid i gcóras dúnta chun nochtadh a chosc. Sa chás nach bhfuil sin indéanta go teicniúil, ní mór nochtadh oibrithe a laghdú go dtí leibhéal atá chomh híseal leis an leibhéal is ísle atá indéanta go teicniúil. Is é seo an oibleagáid íoslaghdaithe faoi Airteagal 5(2) agus Airteagal 5 (3) den Treoir.

Chomh maith leis na ceanglais íoslaghdaithe ghinearálta seo, léirítear go soiléir sa Treoir go bhfuil socrú teorainnluachanna i leith nochtadh ceirde do bhealach ionanálaithe an nochta i gcás carcanaiginí agus só-ghineacha ar leith, mar dhlúthchuid den mheicníocht um oibrithe a chosaint 8 . Is gá fós luachanna a shocrú do na hoibreáin cheimiceacha nach ann d’aon luachanna den sórt sin ina leith faoi láthair agus is gá athbhreithniú a dhéanamh orthu nuair is féidir sin a dhéanamh i bhfianaise sonraí eolaíocha níos nuaí 9 . Tá teorainnluachanna do nochtadh ceirde maidir le carcanaiginí nó só-ghineacha ar leith socraithe in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir. Faoi láthair, tá trí cinn d’iontrálacha in Iarscríbhinn III.

Nuair is iomchuí, ba chóir athbhreithniú a dhéanamh ar theorainnluachanna do nochtadh ceirde a socraíodh faoin Treoir, chun sonraí eolaíocha nua, feabhas ar theicnící tomhaiste, bearta bainistíochta riosca agus tosca ábhartha eile a chur san áireamh.

Ar an mbonn sin, tá sé beartaithe dhá bheart shonracha a dhéanamh:

(a)Obair ina dtarlaíonn nochtadh d’olaí a úsáideadh in innill dócháin inmheánaigh chun na páirteanna a ghluaiseann laistigh den inneall a bhealú agus a fhuarú, sin a chur san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir; agus nodaireacht chraicinn chomhfhreagrach a bhunú i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir.

Rinne an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse (‘IARC’)    measúnú ar charcanaigineacht “olaí mianracha” in 1983 10 agus 1987 11 agus bhain sí de thátal as go bhfuil fianaise leordhóthanach ó staidéir i ndaoine go bhfuil olaí mianracha (ina bhfuil breiseáin agus eisíontais éagsúla) a úsáideadh i ngairmeacha mar mhiúilsníomh, meaisíniú miotail, agus próiseáil siúite, carcanaigineach i gcás daoine.. Ina theannta sin, cumhdaíonn an measúnú IARC seo olaí mianracha a úsáideadh in innill. Ní luann meastóireacht deiridh IARC “olaí mianracha mar olaí innill spíonta”, ach baineann sí de thátal as go bhfuil fianaise leordhóthanach ann ó staidéir i ndaoine go bhfuil “olaí mianracha atá gan chóireáil agus ar bheagán cóireála” carcanaigineach i gcás daoine (IARC Grúpa 1). Rinne IARC athbhreithniú ar an measúnú bunaithe ar shonraí nua i Monagraf 100F (2012) 12 agus choinnigh sí an taicmiú sin maidir le hailse chraicinn. Rinne an Coiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde ('SCOEL') 13 meastóireacht ar na héifeachtaí sláinte ar oibrithe ag an obair atá ag “olaí mianracha mar olaí innill spíonta” a shainmhínítear mar “olaí a úsáideadh in innill dócháin inmheánaigh chun na páirteanna a ghluaiseann laistigh den inneall a bhealú agus a fhuarú” (dá ngairtear “olaí mianracha mar olaí innill spíonta” anseo feasta). Agus measúnú IARC á chur san áireamh aige, tháinig SCOEL ar an gconclúid, i gcomhréir lena mhodheolaíocht, gur de ghrúpa carcanaigineach (A) “olaí mianracha mar olaí innill spíonta”, gan tairseach a lua a suíodh le modh gníomhaíochta 14 .

Mhol SCOEL, a tháinig ar an gconclúid gur go deirmeach a tharlaíonn nochtadh ceirde d’olaí mianracha mar olaí innill spíonta, mhol sé go láidir an nodaireacht chraicinn a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn III den togra seo. D’aontaigh an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (‘an Coiste Comhairleach’) leis an nodaireacht, a léiríonn an fhéidearthacht go dtarlaíonn tógáil shuntasach dheirmeach.

Ní chuirtear olaí mianracha mar olaí innill spíonta ar an margadh sa cháilíocht sin dóibh, is amhlaidh a ghintear ó phróiseas iad, agus dá bhrí sin ní dhéantar iad a aicmiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Mar sin féin, déantar forálacha sa Treoir chun go gcuirfí san áireamh in Iarscríbhinn I substaintí nó meascáin nó próisis chomh maith le substaintí nó meascáin atá á scaoileadh ag próiseas dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin, a shásaíonn na critéir lena naicmiú mar charcanaiginí, cé nach bhfuil siad faoi réir na hoibleagáide aicmithe i gcomhréir leis an Rialachán sin. Sa chatagóir sin atá olaí mianracha mar olaí innill spíonta.

(b)Teorainnluachanna in éineacht le nodaireachtaí craicinn do 5 charcanaigin bhreise a bhunú in Iarscríbhinn III, chomh maith le nodaireachtaí craicinn atá neamhspleách ar theorainnluachanna do 2 charcanaigin, agus ina theannta sin d’olaí mianracha mar olaí innill spíonta.

Deimhníonn faisnéis atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha, an gá atá le hIarscríbhinn III a chríochnú le teorainnluachanna in éineacht le nodaireachtaí craicinn do 5 charcanaigin bhreise. Thíolaic SCOEL moltaí do na carcanaiginí seo. I gcás 2 charcanaigin 15 , shainaithin SCOEL an fhéidearthacht go dtarlódh tógáil shuntasach dheirmeach agus mhol sé nodaireachtaí craicinn a bhunú. Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach maidir le gach gné den togra seo, i gcomhréir le hAirteagal 2(2)(f) den Chinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 16 . Maidir leis na luachanna atá beartaithe, cuireadh tosca féidearthachta socheacnamaíocha san áireamh i ndiaidh an chomhairliúcháin leis an gCoiste Comhairleach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá sé mar sprioc straitéiseach ag an gCoimisiún timpeallacht oibre atá sábháilte agus sláintiúil a áirithiú d’oibrithe in AE de réir a Chumarsáide ar Chreat Straitéiseach AE maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair 2014 - 2020 17 . Ar cheann de na príomhdhúshláin a sainaithníodh sa chreat straitéiseach tá feabhas a chur ar chosc galar a bhaineann leis an obair trí dhul i ngleic le priacail atá ann cheana, atá nua agus atá ag teacht chun cinn.

Luíonn an tionscnamh seo laistigh de thosaíocht an Choimisiúin do mhargadh aonair atá níos doimhne agus níos cothroime, go háirithe an ghné shóisialta de. Tá sé ar aon dul le hobair an Choimisiúin i dtaca le margadh saothair fíor-uile-Eorpach a bhunú a chuireann cosaint chuibhiúil agus poist inbhuanaithe ar fáil d’oibrithe 18 . Áirítear anseo cosaint maidir le sláinte agus sábháilteacht cheirde, cosaint shóisialta, agus cearta atá nasctha leis an gconradh fostaíochta.

Tá feidhm ag Treoir 89/391/CEE (‘Treoir Réime’) 19 ar shláinte agus sábháilteacht ag an obair agus ag Treoir 98/24/CE 20 ar phriacail a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair mar dhlí ginearálta gan dochar do na forálacha sa Treoir atá níos déine agus/nó níos sonraí.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Eochairphrionsabal is ea feabhas a chur ar dhálaí oibre agus oibrithe a chosc ó thimpistí tromchúiseacha nó galair cheirde a fhulaingt agus sláinte oibrithe a chur chun cinn le linn a saol oibre, ar aon dul leis an uaillmhian do rátáil A triarach sóisialta Eorpach a shocraigh an tUachtarán Juncker ina threoirlínte polaitiúla. Ina theannta sin, tá tionchar dearfach aige ar tháirgiúlacht agus ar iomaíochas agus tá sé riachtanach chun saol oibre níos faide a chur chun cinn ar aon dul le cuspóirí straitéise ‘Eoraip 2020’ d'fhás atá cliste, inbhuanaithe, agus ionchuimsitheach 21 .

As na 7 gcarcanaigin a bhreithnítear sa togra seo tá trí cinn curtha leis an liosta iarrthóirí de ‘shubstaintí a bhfuil imní anmhór ag baint leo’ (SVHCanna) atá sainaitheanta agus a bunaíodh faoi Airteagal 59 (1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus a áiríodh ina dhiaidh sin in Iarscríbhinn XIV atá ag gabháil le REACH chun críche údaraithe. Déchlóiríd eitiléine (EDC); 4,4'-Mheitiléindi-ainilín (MDA); agus tríchlóireitiléin (TCE).

Áiríodh beinsi[a]piréin le déanaí sa liosta iarrthóirí sainaitheanta SVHC i gcomhair údaraithe. Mar bhall den ghrúpa 'Hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha' (PAHanna), tá beinsi[a]piréin liostaithe freisin in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le REACH (Srianta ar shubstaintí, meascáin agus earraí dainséaracha áirithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid) maidir le holaí leata a chur ar an margadh nó iad a úsáid i monarú bonn nó codanna de bhoinn thar thiúchan áirithe.

Tá an Treoir agus REACH comhlántach de réir dlí. Forálann an Treoir Réime, a bhfuil feidhm aici mar dhlí ginearálta maidir leis an réimse atá cumhdaithe ag an Treoir, go bhfuil feidhm aige gan dochar d’fhorálacha náisiúnta agus AE atá ann cheana nó a bheidh ann sa todhchaí atá níos fabhraí maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe ag an obair a chosaint. Sonraíonn REACH dá réir sin go bhfuil feidhm aige gan dochar do reachtaíocht chosanta oibrithe, lena náirítear an Treoir.

Sa chomhthéacs ina bhfuil an Treoir agus REACH á bhfeidhmiú go comhlántach, tá sé beartaithe teorainnluachanna a leagan amach faoin Treoir ar na cúiseanna seo a leanas:

Tá olaí mianracha mar olaí innill spíonta agus meascáin de hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha ina bhfuil beinsi[a]piréin ar carcanaiginí iad arna sainmhíniú i dTreoir 2004/37/CE 22 , agus a gineadh ó phróiseas, tá siad lasmuigh de raon feidhme REACH;

I measc na trí charcanaigin a áirithítear sa togra seo atá faoi réir údarú faoi REACH chomh maith, úsáidtear dhá cheann acu go príomha mar idirmheánaigh 23 , i.e. a mhonaraítear do phróiseáil cheimiceach agus a ídítear i bpróiseáil cheimiceach nó a úsáidtear do phróiseáil cheimiceach chun go gclaochlófaí iad i substaint eile. Dá réir sin, tá siad seo díolmhaithe ón gceanglas údaraithe. Mar sin féin, d’fhéadfadh nochtadh ceirde d’idirmheánaigh tarlú mar shampla, le linn glantacháin, cothabhála, samplála etc., nuair a d'fhéadfadh fuíll a bheith i láthair agus/nó sa chás go gcuirtear isteach ar na sruthanna próiseála agus go bhféadfaí srianadh a chur i mbaol.

I gcás débhróimid eitiléine, baineadh de thátal as san Anailís ar Rogha Bainistithe Priacail (RMOA) an 16 Iúil 2015, cé go bhféadfaí a mholadh go ndéanfaí an tsubstaint a shainaithint mar shubstaint a bhfuil imní anmhór ag baint leis agus atá le háireamh sa liosta iarrthóirí do thosaíocht fhéideartha chuig Iarscríbhinn XIV a ghabhann le REACH, measann an Coimisiún Eorpach go bhfuil sé níos iomchuí aghaidh a thabhairt ar phríomhúsáid neamh-idirmheánach na substainte, i.e. mar bhreiseán i bpeitreal luaidhe eitlíochta, ag an leibhéal idirnáisiúnta agus/nó faoi reachtaíocht AE eile seachas REACH.

Tá teorainnluachanna mar chuid thábhachtach den Treoir agus den chur chuige níos leithne maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde chun priacail cheimiceacha a bhainistiú.

Cumhdaítear gach úsáid oibreáin cheimicigh san ionad oibre thar a shaolré iomlán sa Treoir, agus cumhdaítear nochtadh d’oibreáin charcanaigineacha a scaoiltear trí aon ghníomhaíocht oibre, cibé acu ar táirgeadh nó nár táirgeadh in aon turas iad, agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad ar fáil ar an margadh.

Déantar teorainnluachanna do nochtadh ceirde do charcanaiginí a shocrú trí phróiseas láidir – ag dul tríd an gcomhreachtóir ar deireadh lena nglacadh – bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Forálann Airteagal 153 (2)(b) de CFAE go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ‘sna réimsí dá dtagraítear i mír 1(a) go (i) [d’Airteagal 153 CFAE] trí bhíthin treoracha, ceanglais íosta a ghlacadh a chuirfear chun feidhme de réir a chéile, ag féachaint do na dálaí agus na rialacha teicniúla i ngach ceann de na Ballstáit. Staonfar sna treoracha sin ó shrianta riarthacha, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide’. Sonraítear in Airteagal 153 (1)(a) de CFAE go dtacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí na mBallstát agus go gcomhlánóidh sé iad sa réimse a bhaineann leis ‘an timpeallacht oibre go háirithe a fheabhsú d'fhonn sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint’. 

Glacadh Treoir 2004/37/CE ar bhonn Airteagal 153(2)(b) de CFAE agus é mar aidhm aici sláinte agus sábháilteacht oibrithe a fheabhsú. Ar an mbonn sin, forálann Airteagal 16 de Threoir 2004/37/CE do ghlacadh teorainnluachanna i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 153(2) de CFAE maidir leis na carcanaiginí agus na só-ghineacha sin ar fad ar féidir é seo a dhéanamh ina leith.

Is é is cuspóir don togra seo leibhéal cosanta sláinte oibrithe a neartú, i gcomhréir le hAirteagal 153(1)(a) de CFAE, trí olaí mianracha mar olaí innill spíonta a chur san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/37/CE, trí theorainnluachanna in éineacht le nodaireachtaí craicinn a shocrú do 5 charcanaigin bhreise agus trí nodaireachtaí craicinn a bhunú (neamhspleách ar theorainnluachanna) i gcás dhá charcanaigin bhreise, olaí mianracha mar olaí innill spíonta san áireamh. Déantar é seo a bhaint amach trí íoscheanglais bhreise a bhunú do chosaint sláinte oibrithe i bhfoirm teorainnluachanna agus/nó nodaireachtaí craicinn in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir. Dá bhrí sin, is é atá in Airteagal 153(2)(b) de CFAE an bunús ceart dlí do thogra an Choimisiúin.

De bhun Airteagal 153(2) de CFAE, is gné de bheartas sóisialta ina roinneann AE inniúlacht leis na Ballstáit é feabhsú na timpeallachta oibre chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ach go háirithe.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

De bhrí go bhfuil na priacail do shláinte agus sábháilteacht oibrithe mórán ar aon dul ar fud AE, tá ról soiléir ag AE maidir le tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit chun aghaidh a thabhairt ar phriacail den sórt sin.

Léiríonn sonraí a bailíodh le linn na hoibre ullmhúcháin difríochtaí leathana sna Ballstáit maidir le teorainnluachanna a shocrú do na carcanaiginí faoin togra seo 24 . Tá teorainnluachanna ceangailteacha bunaithe cheana féin ag cuid de na Ballstáit atá ag an luach céanna nó ag luach níos ísle ná na luach atá molta ag an gCoiste Comhairleach 25 . Léiríonn an méid seo gur féidir beart náisiúnta aontaobhach a dhéanamh maidir le teorainnluach a shocrú do na hoibreáin cheimiceacha seo. Mar sin féin, i mórán cásanna níl aon teorainnluachanna ag Ballstáit nó tá cinn acu a thugann cosaint níos lú do shláinte oibrithe ná an luach a chuirtear ar aghaidh sa togra seo. Chomh maith leis sin, nuair is ann do theorainnluachanna náisiúnta, bíonn difríochtaí suntasacha eatarthu, a mbíonn leibhéil dhifriúla chosanta mar thoradh orthu 26 . Tá cuid de na teorainneacha seo cuid mhaith níos airde ná na cinn atá á moladh.

I ndálaí den sórt sin ní féidir íoscheanglais do chosaint sláinte oibrithe i gcoinne na bpriacal a eascraíonn as nochtadh do na carcanaiginí seo a chinntiú do gach oibrí AE i ngach Ballstát trí bhearta a dhéanann Ballstáit ar a gconlán féin. Cuireadh an sciar d’oibrithe a d’fhéadfadh a bheith nochta agus nach bhfuil cosaint dlí den sórt sin acu san áireamh san anailís ar na tionchair a bhíonn ag teorainnluach a thabhairt isteach do gach ceann de na carcanaiginí a breithníodh. Sa chreat sin, rinneadh seiceáil choimhdeachta agus chomhréireachta do gach oibreán faoi leith, a léirigh, nuair a bhí sonraí ábhartha ar fáil, go bhfeabhsódh tabhairt isteach na dteorainnluachanna atá molta cosaint dlí do 69% go 82% d’oibrithe nochta, de réir mar atá measta 27 .

Dá réir sin, is gá beart a ghlacadh ag leibhéal AE chun cuspóirí an togra seo a bhaint amach ar aon dul le hAirteagal 5(3) de CAE.

D’fhéadfadh teorainnluachanna atá in easnamh nó atá ró-ard spreagadh a thabhairt do chuideachtaí a gcuid saoráidí táirgthe a lonnú i mBallstáit ina bhfuil caighdeáin níos ísle, agus ar an gcaoi sin tionchar a imirt ar an gcostas táirgthe. I ngach cás, bíonn tionchar ag difríochtaí i gcaighdeáin saothair ar iomaíochas, mar go gcuireann siad costais éagsúla ar oibreoirí. Is féidir an tionchar seo ar an margadh aonair a laghdú má bhunaítear íoscheanglais atá soiléir agus sonrach i gcomhair cosaint oibrithe sna Ballstáit.

Thairis sin, spreagfaidh an togra seo breis solúbthachta maidir le fostaíocht trasteorann, mar gur féidir a dhearbhú d’oibrithe go mbeidh íoscheanglais agus íosleibhéil chosanta i dtaca lena sláinte le fáil acu i ngach Ballstát.

Ní féidir an Treoir a leasú ach amháin ag leibhéal AE agus i ndiaidh comhairliúcháin dhá chéim de na comhpháirtithe sóisialta (bainistíocht agus saothar) i gcomhréir le hAirteagal 154 de CFAE.

Comhréireacht

Glactar céim chun cinn leis an togra seo maidir leis na cuspóirí a socraíodh chun dálaí oibre agus maireachtála oibrithe a fheabhsú.

Maidir leis na treoirluachanna atá molta, cuireadh tosca féidearthachta socheacnamaíocha san áireamh i ndiaidh comhráite fada diana leis na páirtithe leasmhara ar fad (ionadaithe cumann fostaithe, ionadaithe cumann fostóirí and ionadaithe rialtas).

I gcomhréir le hAirteagal 153(4) de CFAE, ní chuireann na forálacha sa togra seo bac ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choinneáil nó a thabhairt isteach atá comhoiriúnach do na Conarthaí, i bhfoirm teorainnluachanna níos ísle mar shampla. Tugann Airteagal 153(3) de CFAE an deis do Bhallstáit cur chun feidhme treoracha, a glacadh de bhun Airteagal 153(2) de CFAE, a chur de chúram ar bhainistíocht agus ar shaothar, ar chomhiarratas uathu, agus ar an gcaoi sin cloí le socruithe náisiúnta seanbhunaithe sa réimse seo.

Dá réir sin, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5(4) de CAE, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

An rogha ionstraime

Sonraítear in Airteagal 153(2)(b) de CFAE gur féidir íoscheanglais i réimse sláinte oibrithe a ghlacadh ‘trí bhíthin treoracha’.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana féin

Cuireadh meastóireacht neamhspleách ex post ar an Treoir (mar chuid den acquis foriomlán maidir le sláinte agus sábháilteacht cheirde) i gcrích le déanaí. Seachas an comhéadan idir Rialachán REACH agus an Treoir, tá na príomh-shaincheisteanna a sainaithníodh sa mheastóireacht sin lasmuigh de raon feidhme an togra, a thugann aghaidh go sonrach ar leasú teicniúil ar Iarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seachas ceisteanna beartais níos leithne a bhaineann lena oibriú nó lena ábharthacht.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Comhairliúchán dhá chéim de na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 154 de CFAE

Don togra reachtach seo i réimse an bheartais shóisialaigh, chuir an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim de na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 154 de CFAE.

Seoladh an chéad chéim den chomhairliúchán maidir le hoibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí, só-ghineacha agus oibreáin cheimiceacha atá tocsaineach le hatáirgeadh ag an obair an 6 Aibreán 2004.

I gcomhréir le hAirteagal 154(2) de CFAE, iarradh ar na comhpháirtithe sóisialta a gcuid tuairimí a thabhairt ar an treo ina bhféadfadh gníomhaíocht AE dul sa réimse seo. Deimhníodh sa chéad chéim seo gur gá beart a dhéanamh ag leibhéal AE chun caighdeáin níos fearr a thabhairt isteach ar fud AE, agus chun dul i ngleic le cásanna a bhaineann le nochtadh oibrithe. Leag na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha ar fad a thug freagra ar an gcomhairliúchán 28 béim ar an tábhacht, dar leosan, atá le hoibrithe a chosaint ó na priacail sláinte sa réimse seo.

Mar sin féin, cé gur aithin na freagróirí ar fad ábharthacht na reachtaíochta atá ann, bhí tuairimí éagsúla acu maidir le treo na gníomhaíochta amach anseo agus na tosca ba chóir a chur san áireamh 29 .

Seoladh an dara céim den chomhairliúchán an 16 Aibreán 2007 i gcomhréir le hAirteagal 154(3) de CFAE ar ábhar an togra.

Ba iad seo a leanas na pointí sonracha don chomhairliúchán:

oibreáin cheimiceacha atá tocsaineach don atáirgeadh (Catagóirí 1A agus 1B) a áireamh i raon feidhme Threoir 2004/37/CE;

Teorainnluachanna i gcomhair oibreáin cheimiceacha in Iarscríbhinn III de Threoir 2004/37/CE a thabhairt cothrom le dáta;

teorainnluachanna i gcomhair oibreáin cheimiceacha sa bhreis a áireamh in Iarscríbhinn III de Threoir 2004/37/CE;

Tabhairt isteach critéar chun teorainnluachanna i gcomhair carcanaiginí agus sóghineacha a shocrú;

díriú ar riachtanais oiliúna agus faisnéise.

Fuair an Coimisiún freagraí ó sheacht gcinn d’eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta Eorpacha 30 . Sna freagraí a thug siad, d’athdhearbhaigh na heagraíochtaí seo a gcur chuige maidir le priacail cheirde a thagann ó charcanaiginí agus ó shó-ghineacha ag an obair a chosc, de réir mar atá léirithe ina gcuid freagraí ar an gcéad chéim den chomhairliúchán.

Is féidir achoimre a dhéanamh ar na freagraí a fuarthas mar seo a leanas:

ní raibh aon éagsúlachtaí suntasacha ann maidir leis na modheolaíochtaí a bhí le húsáid agus na critéir a bhí le bunú chun na teorainnluachanna a dhíorthú. Bhíothas den tuairim gur beart dearfach i gcoitinne ba ea critéir do shocrú teorainnluachanna a thabhairt isteach. Mar sin féin, ba chóir go mbeadh measúnuithe tionchair socheacnamaíocha agus breithniú tosca féidearthachta mar chuid de na critéir. Léirigh comhpháirtithe sóisialta an tuairim gur chóir don Choiste Comhairleach ról lárnach a ghlacadh i socrú teorainnluachanna.

bhí comhaontú foriomlán ar an ngá a bhí le cur chun feidhme éifeachtach na riachtanas oiliúna agus faisnéise, saincheist ar ceapadh í a bheith ina gné bhunúsach den bheartas coiscthe.

Ba chóir leasú ar theorainnluachanna ceangailteacha a scrúdú i bhfianaise chur chun feidhme REACH agus an gaol agus an idirghníomhaíocht idir DNELanna (Leibhéil Dhíorthaithe Gan Éifeacht) a dhíorthaítear faoi REACH do cheimiceáin ghuaiseacha.

Cé gur cuireadh próiseas comhairliúcháin foirmiúil na gcomhpháirtithe sóisialta i gcrích in 2007, chinntigh an comhairliúchán seo a leanas de chuid an Choiste Chomhairligh, a bhfuil cur síos air thíos, áit a raibh comhpháirtithe sóisialta i láthair in éineacht le hionadaithe Ballstát, go raibh comhpháirtithe sóisialta ar an eolas mar is iomchuí faoi na teorainnluachanna agus gur ghlac siad páirt ghníomhach i sainaithint na gceann tosaíochta.

Sna céimeanna deiridh den phróiseas ullmhúcháin, d’eagraigh an Coimisiún cruinniú leis na comhpháirtithe sóisialta an 14 Deireadh Fómhair 2016 chun an raon feidhme agus an cur chuige a bhí beartaithe don dréacht-Treoir a chur i láthair. Thóg sé sin ar na comhairliúcháin dhá chéim agus na mionchomhráite, a ndeachthas ina mbun i gcomhthéacs an Choiste Chomhairligh ar shubstaintí sonracha agus teorainnluachanna atá le cur isteach in iarscríbhinní na Treorach.

Comhairliúchán an Choiste Chomhairligh – tríd an nGrúpa Oibre trípháirteach ‘Ceimiceáin ag an Ionad Oibre’ (WPCanna)

I ndiaidh an chomhairliúcháin le comhpháirtithe sóisialta, chuir an Coimisiún in iúl do chomhaltaí na WPCanna ag a chruinniú i mí Aibreáin 2008 go raibh sé i gceist aige a mholadh go ndéanfaí leasú ar an Treoir. Bhí plé mion ag an gcruinniú i mí an Mhárta 2011 ar thorthaí an staidéir a chonraigh an Coimisiún (staidéar ‘IOM ’ 31 ) bunaithe ar dhréacht-tuarascálacha d’oibreáin cheimiceacha. Tharla an plé ar na hoibreáin cheimiceacha faoi leith ag cruinnithe éagsúla de chuid na WPCanna in 2011 32 , 2012 33 agus 2013 34 , agus mar thoradh ghlac an suí iomlánach den Choiste Comhairleach le tuairim amháin agus dhá thuairim fhorlíontacha in 2012 35 agus 2013 36 , 37  a críochnaíodh le comhráite breise i gcruinnithe na WPCanna. Cuireadh an fhaisnéis atá ar fáil san áireamh sna comhráite seo, lena náirítear na sonraí eolaíocha =(is é sin le rá, Moltaí SCOEL, chomh maithe le faisnéis eolaíoch a foinsíodh in áit eile atá sách láidir agus san fhearann poiblí).

Bhí tacaíocht dóibh seo a leanas san áireamh i dtorthaí an phróisis comhairliúcháin 38 :

líon teoranta de shubstaintí a ghintear ó phróisis a thabhairt faoi raon feidhme na Treorach trí a chur san áireamh in Iarscríbhinn I;

teorainnluachanna atá ann cheana a athbhreithniú in Iarscríbhinn III i bhfianaise na sonraí eolaíocha is nuaí, agus teorainnluachanna breise a chur leis i gcás líon teoranta substaintí in Iarscríbhinn III nuair a thacaíonn faisnéis atá ar fáil, lena náirítear faisnéis eolaíoch agus theicniúil, leis seo.

Ionchorpraíodh na teorainnluachanna a chomhaontaigh an Coiste Comhairleach sa togra seo.

Cruinnithe leis an tionscal agus le hionadaithe na noibrithe

Ó 2013 go 2015, bhí roinnt cruinnithe ann idir seirbhísí an Choimisiúin agus earnáil na tionsclaíochta agus ionadaithe oibrithe a raibh imní orthu faoi oibreáin cheimiceacha faoi leith a bhí faoi réir an tionscnaimh 39 . Ba é an príomhchuspóir a bhí leis na cruinnithe a d’iarr earnáil na tionsclaíochta faisnéis a fháil faoin bpróiseas chun an reachtaíocht a leasú i gcoitinne agus faoina raibh beartaithe ag an gCoimisiún maidir leis an luach a bhí molta d’oibreáin cheimiceacha faoi leith.

Bailiú agus úsáid saineolais

Leantar próiseas sonrach nuair a bhíonn teorainnluachanna á nathbhreithniú nó á socrú faoin Treoir. Is é atá i gceist leis faisnéis eolaíoch a lorg (e.g. SCOEL, an Coiste Náisiúnta Eolaíoch) agus dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach. Chomh maith leis sin, is féidir leis an gCoimisiún tagairt d’fhaisnéis eolaíoch a foinsíodh in áit eile chomh fada agus go bhfuil na sonraí sách láidir agus go bhfuil siad san fhearann poiblí (e.g. monagraif IARC nó tátail ó choistí eolaíocha a shocraíonn teorainnluachanna náisiúnta).

Déanann SCOEL 40 meastóireacht ar na héifeachtaí sláinte a bhíonn ag oibreáin cheimiceacha ar oibrithe ag an obair. Tacaíonn obair SCOEL go díreach le gníomhaíocht rialála AE sa réimse a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte cheirde. Forbraíonn sé eolas comparáideach anailíseach ardchaighdeáin agus cinntíonn sé go bhfuil tograí, cinntí agus beartas ón gCoimisiún a bhaineann le cosaint sláinte agus sábháilteacht oibrithe ag an obair bunaithe ar fhianaise eolaíoch atá iontaofa. Cuidíonn SCOEL leis an gCoimisiún, go háirithe, maidir leis na sonraí is nuaí atá ar fáil a mheas agus maidir le teorainneacha nochta ceirde a mholadh i leith cosaint oibrithe ó phriacail cheimiceacha, a bheidh le socrú ag leibhéal AE de bhun Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus na Treorach.

Chun críche an tionscnaimh seo, d’úsáid seirbhísí an Choimisiúin na moltaí ábhartha a bhaineann le hoibreán ceimiceach ó SCOEL sa chás go mbíonn siad ar fáil (foilsítear iad seo ar an idirlíon 41 ) chomh maith le faisnéis eolaíoch a foinsíodh in áit eile atá sách láidir agus san fhearann poiblí. I dtaca leis sin, i gcás débhróimíde eitiléine agus eipeaclóraihidrine, tharla comhráite ag an gCoiste Comhairleach go háirithe ar bhonn Mholtaí ábhartha SCOEL agus ar bhonn tátal ó choistí eolaíocha a shocraíonn teorainnluachanna náisiúnta.

I ndiaidh comhairliúchán dhá chéim na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha, d'fhoilsigh an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht agus Gnóthaí Sóisialta de chuid an Choimisiúin iarratas oscailte ar thairiscint an 25 Iúil 2008. Ba é a bhí mar aidhm leis measúnú a dhéanamh ar na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a bheadh ag líon de roghanna beartais maidir le sláinte oibrithe a chosaint ó phriacail sláinte ag eascairt as nochtadh féideartha d’oibreáin cheimiceacha charcanaigineacha san ionad oibre. Bhí tuarascálacha iomlána ar 25 oibreán cheimiceacha charcanaigineacha, lena náirítear na 7 gcinn dá dtagraítear sa togra seo, sa staidéar IOM a d’eascair as. Cuireann toradh an staidéir seo (tuarascáil achomair agus tuarascálacha maidir le hoibreáin cheimiceacha aonair) an príomhbhonn ar fáil don mheasúnú tionchair don togra seo 42 .

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ina thaca ag an togra seo. Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála athbhreithniú ar an measúnú tionchair an 28 Deireadh Fómhair 2016 agus d’eisigh tuairim dhearfach ina thaobh, a raibh cuntair áirithe ag dul léi 43 .

Scrúdaíodh na roghanna seo a leanas i gcomhair teorainnluachanna éagsúla agus/nó nodaireachtaí craicinn do gach ceann de na 7 gcinn de charcanaiginí:

Cás bonnlíne nuair nach dtarlaíonn aon ghníomhaíocht bhreise AE do gach oibreán cheimiceach sa tionscnamh seo (rogha 1).

Glacadh leis na luachanna a chomhaontaigh an Coiste Comhairleach (rogha 2). Mar a léiríodh cheana, i gcás gach ceann de na 7 gcinn d’oibreáin cheimiceacha, breithníodh na sonraí eolaíocha agus teicniúla ag an gCoiste Comhairleach agus ba é an toradh a bhí air sin gur moladh a gcuid tuairimí ar theorainnluachanna agus/nó ar nodaireachtaí craicinn an Choiste Chomhairligh.

I gás inar iomchuí agus ag brath ar shaintréithe sonracha na noibreán, scrúdaíodh freisin roghanna tionlacain mar rogha 3 agus/nó 4 faoi seach do chuid den oibreán ceimiceach, chun teorainnluach a mholadh atá, i gcomparáid le luach an Choiste Chomhairligh, níos ísle (a thugann níos mó cosanta do shláinte oibrithe go teoiriciúil) nó níos airde (a thugann níos lú cosanta do shláinte oibrithe go teoiriciúil). Tógadh na luachanna tionlacain seo ó staidéar IOM, a ndearnadh iad a bhunú dó de réir rogha:

i) ó mholadh SCOEL sa chás go raibh sin ar fáil;

ii) mar luachanna a léirigh sonraí a bhí ar fáil (teorainnluachanna atá ann cheana sa Bhallstát a chur san áireamh mar shampla) nó;

iii) ar bhonn moltaí ón gconraitheoir (luachanna neamh-AE a chur san áireamh mar shampla). Sa chás nár thacaigh na sonraí a bhí ar fáil le luach níos airde nó níos ísle ná luach an Choiste Chomhairligh a shocrú, cuireadh na roghanna seo as an áireamh.

Chomh maith leis sin, breithníodh roghanna beartais eile, mar thoirmeasc ar úsáid na noibreán ceimiceach a thabhairt isteach, féinrialúchán, faisnéis eolaíoch a bhaineann go sonrach leis an tionscal a chur ar fáil gan an Treoir a leasú, rialáil faoi REACH, treoir agus tacaíocht eile cur chun feidhme don Treoir. Maidir leis an gcomhéadan idir REACH agus an Treoir, shoiléirigh Cúirt Ghinearálta AE le déanaí i gcás atá faoi achomharc faoi láthair 44 an bhrí atá leis an gcéad shraith de na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 58(2) de REACH maidir le díolúine ón gceanglas údaraithe a dheonú d’úsáidí nó do chatagóirí úsáidí – i.e. Reachtaíocht shonrach AE a fhorchuireann íoscheanglais a bhaineann le sláinte an duine nó an comhshaol a chosaint d’úsáid na substainte - arna cur i bhfeidhm maidir le líon de Threoracha AE, lena náirítear Treoir 2004/37/CE. Chinn Cúirt Ghinearálta AE a mhéid nach dtagraíonn Treoir 2004/37/CE d’aon substaint seachas beinséin, clóreitiléin nó dusta crua-adhmaid, a leagann sé síos uasluachanna ina leith maidir le nochtadh ceirde, ní féidir a mheas go bhfuil sé ‘sonrach’ nó go bhforchuireann sé ‘íoscheanglais’ de réir bhrí Airteagal 58(2) de REACH.

Thairis sin, tá seirbhísí an Choimisiúin lena mbaineann ag comhoibriú le páirtithe leasmhara ina réimsí beartais agus teicniúla ábhartha maidir leis an ngaol idir REACH agus treoracha a bhaineann le ceimiceáin sláinte agus sábháilteachta ceirde, agus déanfaidh siad forbairt ar threoir ina leith seo. Tá seirbhísí an Choimisiúin, na Ballstáit, agus na comhpháirtithe sóisialta tar éis a dtuairim a léiriú gurb iad treoracha sláinte agus sábháilteachta ceirde, an creat reachtach AE iomchuí chun íoscheanglais a bhunú i bhfoirm teorainnluachanna do nochtadh ceirde chun oibrithe a chosaint.

Rinneadh anailís ar thionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil na roghanna beartais éagsúla do gach oibreán ceimiceach 45 . Rinneadh an anailís ar bhonn na meastóireachta a rinneadh i staidéar IOM ar na gnéithe sláinte, socheacnamaíocha agus comhshaoil de na leasuithe atá beartaithe ar an Treoir. Rinneadh comparáid na roghanna beartais agus roghnú na rogha tosaíochta ar bhonn na gcritéar seo a leanas: an fhaisnéis eolaíoch, (go háirithe moltaí SCOEL), éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas. Rinneadh an costas agus na buntáistí a ríomh thar thréimhse 60 bliain, ar aon dul le hualach todhchaí na hailse a measadh thar an tréimhse chéanna, chun tréimhse folaigh na hailse a chur san áireamh mar is iomchuí.

I gcás roinnt carcanaiginí (e.g. tríchlóireitiléin, olaí mianracha mar olaí innill spíonta) tháinig luach soiléir tosaíochta chun cinn. I gcás cinn eile (e.g. eipeaclóraihidrin agus débhróimid eitiléine) bhí costais/buntáistí sainaitheanta na bonnlíne (gan aon ghníomhaíocht) agus teorainnluach AE a shocrú gar dá chéile 46 .

Coinníodh na bearta a chomhaontaigh an Coiste Comhairleach mar rogha beartais maidir le gach ceann de na hoibreáin cheimiceacha sa togra seo.

Maidir leis an tionchar ar oibrithe, ba chóir go mbainfeadh buntáistí leis an togra seo maidir le hoibrithe a chosc ó ailse inseachanta a bhaineann leis an obair a tholg, agus dá réir sin fulaingt agus tinneas gan ghá a chosc. Ina theannta sin, táthar ag súil le buntáistí tábhachtacha sláinte a bheith ag baint le tríchlóireitiléin agus le holaí mianracha mar olaí innill spíonta. Maidir leis an dá oibreán sin, bheadh an méid seo a leanas, go dtí 2069, mar thoradh ar an rogha a coinníodh i gcás:

Olaí mianracha mar olaí innill spíonta: 880 beatha sábháilte, laghdú de 90,000 ar chásanna ailse agus buntáiste sláinte a bhfuil luach airgid de €0.3-1.6bn curtha air a bhaineann le costais sláinte a sheachaint.

Tríchlóireitiléin: 390 beatha sábháilte agus buntáiste sláinte a bhfuil luach airgid de €118-430bn curtha air a bhaineann le costais sláinte a sheachaint.

Dá bhrí sin, laghdódh tabhairt isteach na rogha tosaíochta ailse agus laghdódh sé an tualach eacnamaíoch a thabhaítear ó nochtadh oibrithe do shubstaintí guaiseacha.

Maidir leis an tionchar ar fhostóirí, tá sé tábhachtach, ón taobh eacnamaíoch de, idirdhealú a dhéanamh idir costais a chruthaíonn dreasachtaí i gcomhair feabhsúcháin sláinte agus sábháilteachta agus iad siúd nach gcruthaíonn. Is iad na buntáistí a bhaineann gnóthaí as teorainnluachanna a thabhairt isteach ar fud AE go gcuideoidh an togra le cuideachtaí aghaidh a thabhairt ar chostais, a mbeadh, seachas sin, tionchar diúltach acu ar a nionchais ghnó san fhadtéarma i gcás nach mbeadh comhlíonadh á dhéanamh.

Maidir le formhór na gcarcanaiginí, táthar ag súil gur beag iad na tionchair a bheidh i gceist mar nach mbeidh de dhíth ach coigeartuithe beaga i gcásanna faoi leith chun comhlíonadh iomlán a chinntiú. Ní dhéanfaidh an rogha a coinníodh aon oibleagáidí breise i leith faisnéise a fhorchur agus ní thiocfaidh aon mhéadú ar na hualaigh riaracháin atá ar fhiontair de bharr na rogha sin.

Maidir leis an tionchar ar Bhallstáit/údaráis náisiúnta, ó tharla go gcuirtear costais shuntasacha eacnamaíocha ar oibrithe mar thoradh ar a nochtadh do shubstaintí guaiseacha, chuideodh an togra seo freisin le maolú a dhéanamh ar na caillteanais airgeadais a fhulaingíonn córais slándála sóisialaí na mBallstát. Ó thaobh na heacnamaíochta de, is é cumhdach na dteorainnluachanna ar fud AE agus a leordhóthanacht an cinntitheach aonair is tábhachtaí maidir le cé air a dtiteann ualach an chostais a bhaineann le drochshláinte cheirde.

Beidh difríochtaí idir na costais riaracháin agus forghníomhaithe de réir an stádais reatha atá ag gach oibreán ceimiceach i ngach Ballstát, ach níor chóir gur difríochtaí suntasacha a bheadh iontu. Ina theannta sin, cuireann bunú teorainnluachanna ag leibhéal AE deireadh leis an riachtanas go ndéanfadh údaráis náisiúnta gach carcanaigin a mheas go neamhspleách agus ar an gcaoi sin faightear réidh leis an neamhéifeachtúlacht a bhaineann le hathdhéanamh tascanna comhionanna.

Bunaithe ar an taithí a bailíodh ó obair Choiste na gCigirí Sinsearacha Saothair (SLIC) agus ag féachaint don chaoi a ndéantar gníomhaíochtaí forghníomhaithe a eagrú i mBallstáit éagsúla, ní dócha go mbeadh aon tionchar ag tabhairt isteach teorainnluachanna nua sa Treoir ar na costais fhoriomlána a bhaineann le cuairteanna cigireachta. Déantar iad sin a phleanáil neamhspleách ar an togra den chuid is mó, bunaithe go príomha ar ghearáin a dhéantar i rith bliain ar leith agus de réir na straitéisí cigireachta a shainíonn údarás ar leith. Ba chóir a lua freisin de bhrí gurb ann do theorainnluach, go dtugtar soiléireacht maidir le leibhéil nochta atá inghlactha, agus dá bhrí sin go ndéantar obair na gcigirí a éascú mar go gcuirtear uirlis úsáideach ar fáil i gcomhair seiceálacha comhlíonta.

D'fhéadfadh údaráis costais riaracháin sa bhreis a thabhú maidir leis an riachtanas faisnéis agus oiliúint a chur ar fáil don fhoireann i dtaca leis an athbhreithniú, chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar sheicliostaí comhlíonta. Mar sin féin, is costais bheaga iad sin i gcomparáid leis na costais fhoriomlána feidhmithe a thabhaíonn údaráis forghníomhaithe náisiúnta.

Ó chomparáid a dhéanamh idir na roghanna agus anailís a dhéanamh ar chostais agus ar bhuntáistí, is féidir a bhaint de thátal as go mbaineann an togra amach na cuspóirí a shocraítear ag costais réasúnacha foriomlána agus go bhfuil an togra iomchuí.

Ní bhaineann aon tionchair shuntasacha chomhshaoil leis an togra.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

An Tionchar ar Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna)

Níl réimis níos éadroime sa togra seo do mhicreafhiontair ná do FBManna. Is é an fáth atá leis sin, nach bhfuil FBManna saor, faoin Treoir, ón oibleagáid na priacail a thagann chun cinn ó nochtadh ceirde do charcanaiginí nó do shó-ghineacha a dhíothú nó a laghdú a mhéad is féidir.

Is ann do theorainnluachanna ag an leibhéal náisiúnta cheana do mhórán de na carcanaiginí atá cumhdaithe faoin treoir seo, fiú má tá difríochtaí sna leibhéil féin idir Ballstáit. Níl aon tionchar ag bunú na dteorainnluachanna dá bhforáiltear sa togra seo ar na FBManna sin atá suite/lonnaithe sna Ballstáit úd ina bhfuil na leibhéil náisiúnta ar aon dul leis na luachanna atá molta nó níos ísle ná iad. Mar sin féin, mar gheall ar dhifríochtaí i dteorainnluachanna ag an leibhéal náisiúnta, beidh tionchar eacnamaíoch i roinnt cásanna, ag brath ar an gcleachtas sa tionscal, sna Ballstáit (agus ar oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe iontu) a bhfuil teorainneacha nochta ceirde níos airde bunaithe iontu faoi láthair do na carcanaiginí atá faoi réir an togra seo.

I gcás fhormhór na gcarcanaiginí, beidh an tionchar ar chostais oibriúcháin ghnó (lena náirítear FBManna) anbheag mar nach gá ach coigeartuithe beaga a dhéanamh chun comhlíonadh iomlán a chinntiú. Chomh maith leis sin, ní dhéanfaidh an togra seo aon oibleagáidí breise maidir le faisnéis a fhorchur ná ní thabhóidh gnólachtaí ualaigh riaracháin sa bhreis dá bharr agus ní dócha go nginfidh sé aon chostais shuntasacha chomhshaoil.

Baineann na costais is suntasaí atá tuartha i staidéar IOM i leith na gcarcanaiginí a breithníodh le hinfheistíocht i gcórais dhúnta d’úsáid tríchlóireitiléine. Is iad na FBManna is leochailí atá maidir leis an gcostas a bhaineann le haistriú chuig córas dúnta agus d’fhéadfadh sé go roghnóidís dúnadh síos nó aistriú chuig substaint nó chuig próiseas malartach (má tá sin indéanta go teicniúil). Mar sin féin, de réir reachtaíocht reatha AE (Airteagal 5 (2) de Threoir 2004/37/CE, REACH agus an Treoir ar Astuithe Tuaslagóirí) agus de réir na cairte deonaí atá fógartha ag Cumann Tuaslagóirí Clóirínithe na hEorpa (ECSA), táthar ag súil go bhfuil infheistíocht i gcórais dhúnta ag tarlú cheana féin faoin mbonnlíne i roinnt earnálacha.

An Tionchar ar iomaíochas AE nó ar thrádáil idirnáisiúnta

Tá seachaint phriacail agus dálaí níos sábháilte agus níos sláintiúla a chur chun cinn san ionad oibre fíorthábhachtach, ní amháin chun cáilíocht na bpost agus dálaí oibre a fheabhsú ach chomh maith leis sin chun iomaíochas a chur chun cinn. Tá tionchar díreach intomhaiste ag oibrithe a choinneáil sláintiúil ar tháirgiúlacht, agus cuireann sé le feabhsú agus inbhuanaitheacht na gcóras slándála sóisialaí. Bheadh tionchar dearfach ag cur chun feidhme fhorálacha an togra seo ar iomaíochas laistigh den mhargadh aonair. D'fhéadfaí difríochtaí iomaíochais idir gnólachtaí atá lonnaithe i mBallstáit a bhfuil teorainnluachanna náisiúnta éagsúla acu a laghdú má bhunaítear íoscheanglais atá soiléir agus sonrach i gcomhair cosaint oibrithe i bhfoirm teorainnluachanna do na hoibreáin seo ar fud AE.

Níor chóir go mbeadh tionchar suntasach aige ar iomaíochas seachtrach ghnólachtaí AE mar cé go bhfuil réimse leathan de luachanna nochta 47 bunaithe ag tíortha neamh-AE, níl na teorainnluachanna a coinníodh i gcodarsnacht leis an gcleachtas idirnáisiúnta.

Cearta bunúsacha

Tá cuspóirí an togra comhsheasmhach leis na cearta bunúsacha faoi mar atá siad leagtha amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 2 (an ceart chun na beatha) agus Airteagal 31 (an ceart chun dálaí oibre atá ceart agus cóir a bheith aige/aici ina léirítear meas ar shláinte, sábháilteacht agus dínit an duine).

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní éilíonn an togra buiséad ná acmhainní foirne sa bhreis do Bhuiséad AE ná do na comhlachtaí atá bunaithe ag AE.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá sé tuartha go ndéanfar faireachán ar líon na gcásanna de ghalair cheirde agus ar na cásanna d’ailse cheirde a bhaineann leo ag úsáid na bhfoinsí sonraí atá ar fáil 48 , chomh maith le faireachán a dhéanamh ar na costais a bhaineann le hailse cheirde d’oibreoirí eacnamaíocha (e.g. cailliúint táirgiúlachta) agus do chórais slándála sóisialaí.

Déanfar measúnú ar chomhlíonadh don trasuíomh. De bharr na ndúshlán maidir le sonraí a míníodh níos túisce, moltar úsáid a bhaint as an gcéad chleachtadh meastóireachta ex post eile (2012-2017) chun sainmhíniú a thabhairt ar na luachanna bonnlíne (tagarmharc) a cheadóidh éifeachtacht an athbhreithnithe ar an Treoir a mheas. Tá seans ann go bhféadfaí meastóireacht ar chur chun feidhme praiticiúil na leasuithe atá molta a bhunú ar an tréimhse ina dhiaidh sin (2017-2022). Léiríonn sé seo nach féidir tomhas a dhéanamh ar fhíorthionchar an athbhreithnithe roimh 15-20 bliain mar gheall ar an tréimhse fhada folaigh a bhaineann le hailse a fhorbairt (10-50 bliana).

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Ní mór do Bhallstáit téacs na bhforálacha náisiúnta a thrasuíonn an Treoir a chur chuig an gCoimisiún chomh maith le tábla comhghaoil idir na forálacha sin agus an Treoir. Tá gá le faisnéis shoiléir ar thrasuíomh na bhforálacha nua chun comhlíonadh na níoscheanglas a bhunaítear sa togra a chinntiú. Níl an tualach riaracháin sa bhreis a bhaineann le doiciméid mhíniúcháin a chur ar fáil díréireach (is beart aonuaire é agus níor chóir go mbeadh gá le mórán eagraíochtaí a bheith páirteach ann). Is féidir leis na Ballstáit na doiciméid mhíniúchán a dhréachtú ar bhealach níos éifeachtúla.

I bhfianaise a bhfuil thuas, moltar go nglacfadh Ballstáit mar chúram orthu féin a gcuid bearta trasuímh a chur in iúl don Choimisiún trí dhoiciméad amháin nó níos mó a chur ar fáil a mhíníonn an gaol idir comhpháirteanna na Treorach agus na páirteanna comhfhreagracha d’ionstraimí trasuímh náisiúnta.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1(1)

Deirtear in Airteagal 1(1) go leasaítear an Treoir trí phointe nua a chur le hIarscríbhinn I chun an méid seo a chur ar áireamh: “obair ina dtarlaíonn nochtadh d’olaí a úsáideadh in innill dócháin inmheánaigh chun na páirteanna a ghluaiseann laistigh den inneall a bhealú agus a fhuarú”.

Tá an iontráil nua bunaithe ar an sainmhíniú “olaí mianracha mar olaí innill spíonta” a thugtar sa Tuairim ón gCoiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde (‘SCOEL’) Uimh. 405 ar Olaí Mianracha mar Olaí Innill Spíonta, a glacadh an 9 Meitheamh 2016. Is éard atá in olaí mianracha mar olaí innill spíonta cumaisc de hidreacarbóin (lena náirítear pairifíní, naftainigh, polaramataigh choimpléascacha nó ailcilithe agus breiseáin bhealála).

Airteagal 2(4)

Tá na gnáthfhorálacha maidir le trasuíomh i ndlí náisiúnta na mBallstát in Airteagail 2 go 4. Tagraítear in Airteagal 3, go háirithe, do dháta theacht i bhfeidhm na Treorach.

Iarscríbhinn

Déantar an téarma ‘teorainnluach’ a úsáidtear san Iarscríbhinn a shainmhíniú in Airteagal 2 (c) den Treoir. Tugann teorainnluachanna aghaidh ar bhealach ionanálaithe an nochta, agus déantar cur síos ar uasleibhéil tiúchana aeriompartha d’oibreán ceimiceach ar leith ar leibhéil iad nár chóir, ar an meán, oibrithe a nochtadh do leibhéil atá níos airde ná iad, le linn tréimhse shainithe.

Tá an iontráil a bhaineann le “hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha ina bhfuil beinsi[a]piréin ar carcanaiginí iad de réir bhrí na Treorach” bunaithe ar Dhréachtmholadh deiridh SCOEL Uimh. 404 a thugann aghaidh ar mheascáin de hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha ina bhfuil beinsi[a]piréin mar chomhdhúil táscaire mar gheall ar an neart ard atá i mbeinsi[a]piréin. Is ann do bhreis agus 100 hidreacarbón iltimthriallach aramatach aonair atá sainaitheanta, agus tá beinsi[a]piréin ar cheann acu, ach níl staidéar tocsaineolaíoch déanta ach ar chuid bheag de na hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (PAHanna) ar fad 49 . Déantar beinsi[a]piréin chomh maith le seacht gcinn eile de hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha atá faoi réir shrianta REACH 50 a aicmiú mar charcanaiginí, catagóir 1B i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (CLP), agus dá bhrí sin tá siad faoi raon feidhme Threoir 2004/37/CE. De réir rialacha CLP ar aicmiú meascán, sásaíonn meascáin de hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha na critéir i gcomhair aicmiú mar charcanaigin i gcatagóir 1A nó 1B agus dá bhrí sin is carcanaiginí iad faoi mar atá sainmhínithe i dTreoir 2004/37/CE, sa chás go sásaíonn ar a laghad comhábhar amháin na critéir i gcomhair aicmiú mar charcanaigin i gcatagóir 1A nó 1B agus go bhfuil sé i láthair ag na teorainneacha tiúchana cineálacha nó sonracha nó ag leibhéil os a gcionn sin; mar atá leagtha amach in CLP. Ní gá mar sin iontráil thiomnaithe a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir do na meascáin seo.

Maidir leis an ngaol idir an iontráil atá beartaithe a bhaineann le "hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha ina bhfuil beinsi[a]piréin ar carcanaiginí iad de réir bhrí na Treorach" i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir, agus iontráil 2 mar atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir a bhaineann le "hobair ina bhfuil nochtadh do hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha atá i súiche guail, tarra guail nó pic ghuail", ní mór a lua i dtús báire i gcodarsnacht leis an iontráil deiridh, a bhaineann le hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha aonair atá i bhfotháirgí áirithe guail 51 , baineann an iontráil atá molta in Iarscríbhinn III leis na meascáin de hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha ar fad ina bhfuil beinsi[a]piréin. Dá réir sin, cumhdaíonn an iontráil atá molta i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir na meascáin de hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (PAHanna) atá i súiche guail, tarra guail nó pic ghuail ina bhfuil beinsi[a]piréin ar carcanaiginí iad de réir bhrí na Treorach agus go bhfuil feidhm freisin ag an nodaireacht chraicinn a bhaineann leis an iontráil atá beartaithe maidir le meascáin PAHanna atá i súiche guail, tarra guail nó pic ghuail ina bhfuil beinsi[a]piréin ar carcanaiginí iad de réir bhrí na Treorach.

Sanntar ‘nodaireacht chraicinn’ do gach oibreán ceimiceach nuair a mheas SCOEL go bhféadfadh ionsú deirmeach cur go sonrach le hualach an choirp agus mar thoradh air sin go mbeadh imní maidir leis na tionchair shláinte a d'fhéadfadh a bheith aige sin. Déanann nodaireacht chraicinn sainaithint ar an bhféidearthacht go dtarlódh tógáil shuntasach tríd an gcraiceann. Tá sé d’oibleagáid ar fhostóirí nodaireachtaí den sórt sin a chur san áireamh nuair a bhíonn measúnú tionchair á dhéanamh agus nuair a bhíonn bearta coisctheacha agus cosantacha á gcur chun feidhme do charcanaigitin nó do shó-ghineach faoi leith i gcomhréir leis an Treoir.

2017/0004 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2004/37/CE ar chosaint oibrithe ó na priacail a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2) de,

Ag féachaint do Threoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ó na priacail a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (An séú Treoir aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) agus go háirithe Airteagal 17(1) de 52 ,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 53 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 54 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá sé mar aidhm le Treoir 2004/37/CE oibrithe a chosaint ar phriacail dá sláinte agus dá sábháilteacht de bharr nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha san ionad oibre agus leagtar síos inti íoscheanglais chuige sin lena náirítear teorainnluachanna, ar bhonn faisnéis eolaíoch agus sonraí teicniúla atá ar fáil.

(2)I gcás roinnt carcanaiginí agus só-ghineacha is gá bealaí ionsúite eile a bhreithniú, lena náirítear an fhéidearthacht go dtarlódh treá tríd an gcraiceann, chun an leibhéal cosanta is fearr is féidir a áirithiú.

(3)Cuidíonn an Coiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde (‘an Coiste’) 55 leis an gCoimisiún, go háirithe, maidir leis na sonraí eolaíocha is nuaí atá ar fáil a mheas agus maidir le teorainnluachanna nochta ceirde a mholadh i leith cosaint oibrithe ó phriacail cheimiceacha, a bheidh le socrú ag leibhéal an Aontais de bhun Threoir 98/24/CE 56 ón gComhairle agus de bhun Threoir 2004/37/CE. Breithníodh foinsí faisnéise eolaíche eile, atá sách láidir agus san fhearann poiblí.

(4)De réir mholtaí an Choiste, bunaítear, nuair atá fáil orthu, nodaireachtaí craicinn agus/nó teorainnluachanna do bhealach ionanálaithe an nochta maidir le tréimhse thagartha ocht nuaire mar mheán ualaithe thar thréimhse ama (teorainnluachanna nochta fhadtéarmaigh) agus, i gcás carcanaiginí agus só-ghineacha áirithe maidir le tréimhsí tagartha níos giorra, cúig nóiméad déag mar mheán ualaithe thar thréimhse ama i gcoitinne (teorainnluachanna nochta ghearrthéarmaigh), chun na héifeachtaí a eascraíonn as nochtadh gearrthéarmach a chur san áireamh.

(5)Tá fianaise leordhóthanach ar charcanaigineacht olaí mianracha a úsáideadh in innill dócháin inmheánaigh chun na páirteanna a ghluaiseann laistigh den inneall a bhealú agus a fhuarú. Olaí a ghintear ó phróiseas na holaí innill spíonta sin agus níl siad faoi réir aicmiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 . Shainaithin an Coiste an fhéidearthacht go dtarlódh tógáil shuntasach tríd an gcraiceann i gcás na nolaí sin, agus tháinig ar an gconclúid go dtarlaíonn nochtadh ceirde d’olaí innill spíonta go deirmeach agus mhol sé go láidir nodaireacht chraicinn a bhunú. Is iomchuí dá bhrí sin obair ina dtarlaíonn nochtadh d’olaí a úsáideadh in innill dócháin inmheánaigh chun na páirteanna a ghluaiseann laistigh den inneall a bhealú agus a fhuarú, is iomchuí sin a chur san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/37/CE agus nodaireacht chraicinn a leagan amach i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE a léiríonn an fhéidearthacht tógáil shuntasach dheirmeach a bheith ann.

(6)Sásaíonn meascáin de hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (PAHanna) áirithe ina bhfuil beinsi[a]piréin na critéir lena gcur in aicme atá carcanaigineach (catagóir 1A nó 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus dá bhrí sin is carcanaiginí iad de réir mar atá sainmhínithe i dTreoir 2004/37/CE. Shainaithin an Coiste an fhéidearthacht do thógáil shuntasach tríd an gcraiceann i gcás na meascán seo. Is iomchuí dá bhrí sin nodaireacht chraicinn a leagan amach i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE ina léirítear an fhéidearthacht do thógáil shuntasach dheirmeach.

(7)Sásaíonn tríchlóireitiléin na critéir lena chur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus dá bhrí sin is carcanaigin é de réir mar atá sainmhínithe i dTreoir 2004/37/CE. Is féidir, ar bhonn faisnéise atá ar fáil, lena náirítear faisnéis eolaíoch agus theicniúil, teorainnluachanna a shocrú dothríchlóireitiléin maidir le tréimhse thagartha ocht nuaire (teorainnluach fadtéarmach) agus tréimhse thagartha níos giorra (15 nóiméad). Shainaithin an Coiste an fhéidearthacht do thógáil shuntasach tríd an gcraiceann don charcanaigin seo. Is iomchuí dá bhrí sin teorainnluachanna gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a bhunú do thríchlóireitiléin i gCuid A d’Iarscríbhinn III agus nodaireacht chraicinn a leagan amach i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE ina léirítear an fhéidearthacht do thógáil shuntasach dheirmeach. Bíonn an fhianaise eolaíoch ag síorfhorbairt, agus dá bhrí sin déanfar grinn-athbhreithniú leanúnach ar theorainnluachanna na substainte seo.

(8)Sásaíonn 4,4'-Mheitiléindi-ainilín (MDA) na critéir lena chur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus dá bhrí sin is carcanaigin é de réir mar atá sainmhínithe i dTreoir 2004/37/CE. Is féidir, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear faisnéis eolaíoch agus theicniúil, teorainnluach a shocrú do 4,4'-Mheitiléindi-ainilín. Shainaithin an Coiste an fhéidearthacht do thógáil shuntasach tríd an gcraiceann don charcanaigin seo. Is iomchuí dá bhrí sin teorainnluach a bhunú do 4,4'-Mheitiléindi-ainilín i gCuid A d’Iarscríbhinn III agus nodaireacht chraicinn a leagan amach i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE ina léirítear an fhéidearthacht do thógáil shuntasach dheirmeach.

(9)Sásaíonn eipeaclóraihidrin (1-clóra-2,3-eapocsaprópán) na critéir lena chur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus dá bhrí sin is carcanaigin é de réir mar atá sainmhínithe i dTreoir 2004/37/CE. Bhain an Coiste de thátal as nach féidir teorainnluach sláintebhunaithe a dhíorthú don charcanaigin neamhthairsí seo agus tá sé molta aige nochtadh ceirde a sheachaint. Shainaithin an Coiste an fhéidearthacht do thógáil shuntasach tríd an gcraiceann d’eipeaclóraihidrin. Tá teorainnluach praiticiúil comhaontaithe ag an gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (‘an Coiste Comhairleach’), ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla. Is iomchuí dá bhrí sin teorainnluach a bhunú d’eipeaclóraihidrin i gCuid A d’Iarscríbhinn III agus nodaireacht chraicinn a leagan amach i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE ina léirítear an fhéidearthacht do thógáil shuntasach dheirmeach.

(10)Sásaíonn débhróimíd eitiléine (1, 2-débhróimeatán, EDB) na critéir lena chur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus dá bhrí sin is carcanaigin é de réir mar atá sainmhínithe i dTreoir 2004/37/CE. Bhain an Coiste de thátal as nach féidir teorainnluach sláintebhunaithe a dhíorthú don charcanaigin neamhthairsí seo agus tá sé molta aige nochtadh ceirde a sheachaint. Shainaithin an Coiste an fhéidearthacht do thógáil shuntasach tríd an gcraiceann do dhébhróimíd eitiléine. Tá teorainnluach praiticiúil comhaontaithe ag an gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (‘an Coiste Comhairleach’), ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla. Is iomchuí dá bhrí sin teorainnluach a bhunú do dhébhróimíd eitiléine i gCuid A d’Iarscríbhinn III agus nodaireacht chraicinn a leagan amach i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE ina léirítear an fhéidearthacht do thógáil shuntasach dheirmeach.

(11)Sásaíonn déchlóiríd eitiléine (1, 2-déchlóireatán, EDC) na critéir lena chur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus dá bhrí sin is carcanaigin é de réir mar atá sainmhínithe i dTreoir 2004/37/CE. Is féidir, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena náirítear faisnéis eolaíoch agus theicniúil, teorainnluach a shocrú do déchlóiríd eitiléine. Shainaithin an Coiste an fhéidearthacht do thógáil shuntasach tríd an gcraiceann do dhéchlóiríd eitiléine. Is iomchuí dá bhrí sin teorainnluach a bhunú do dhéchlóiríd eitiléine i gCuid A d’Iarscríbhinn III agus nodaireacht chraicinn a leagan amach i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE ina léirítear an fhéidearthacht do thógáil shuntasach dheirmeach.

(12)Chun comhleanúnachas inmheánach a áirithiú, is iomchuí an colún “Nodaireacht” atá leagtha amach i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE agus na nodaireachtaí atá leagtha amach sa cholún sin a aistriú chuig Cuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE.

(13)Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, a bunaíodh le Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003. Chomh maith leis sin, rinne sé Comhairliúchán dhá chéim de na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 154 de CFAE.

(14)Léirítear meas sa Treoir seo ar na cearta agus na prionsabail bhunúsacha atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe in Airteagal 31(1) de.

(15)Coinneofar na teorainnnluachanna a bhunaítear sa Treoir seo faoi athbhreithniú i bhfianaise chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006, maidir le maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Cheimiceáin, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún 58 agus tuairimí Choiste Measúnaithe Riosca (RAC) an ECHA agus an Choiste um Anailís Socheacnamaíoch (SEAC), go háirithe chun an idirghníomhaíocht idir teorainnluachanna a bhunaítear i dTreoir 2004/37/CE agus gaolmhaireachtaí idir dáileog agus freagairt, faisnéis nochta iarbhír, agus, nuair a bhíonn fáil orthu, DNELanna (Leibhéil Dhíorthaithe gan Éifeacht) a dhíorthaítear do cheimiceáin ghuaiseacha i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(16)Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach go leordhóthanach, ar cuspóirí iad chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú agus sláinte oibrithe a chosaint ó na priacail shonracha a eascraíonn as nochtadh do charcanaiginí, ach gur féidir iad a ghnóthú níos fearr ag leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá réir sin, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5(4) de CAE, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(17)Ó tharla go mbaineann an Treoir seo le sláinte oibrithe ina nionad oibre, ba chóir gur dhá bhliain a bheadh sa spriocdháta do thrasuíomh.

(18)Dá bhrí sin, ba chóir Treoir 2004/37/CE a leasú dá réir.

(19)I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 59 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2004/37/CE mar a leanas:

(1). In Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘Obair ina dtarlaíonn nochtadh d’olaí a úsáideadh in innill dócháin inmheánaigh chun na páirteanna a ghluaiseann laistigh den inneall a bhealú agus a fhuarú’.

(2). Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

1.    Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis an dáta a dtiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.    Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Meastacháin Eorpacha ar ghortú agus ar dhrochshláinte a bhaineann leis an obair, Work-related Illnesses Identification, Causal Factors and Prevention Safe Work — Healthy Work — For Life , Takala, J., Workplace Safety and Health Institute, Singeapór, cur i láthair do Chomhdháil Uachtaránachta AE, An Aithin, Meitheamh 2014.
(2) Ailse a bhaineann leis an obair san Aontas Eorpach: Méid, tionchar agus roghanna chun í a chosc tuilleadh, http://rivm.nl/en/Documents_and_publications/Scientific/Reports/2016/mei/Work_related_cancer_in_the_European_Union_Size_impact_and_options_for_further_prevention , p. 11.
(3) Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na priacail a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (An séú Treoir aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (leagan códaithe) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 158, 30.2004, lch. 50).
(4) COM(2016)248. Bhí measúnú tionchair (IA) (SWD)2016)152) ag gabháil leis an togra seo.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena naisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(6) De réir an Rialacháin sin, tá ‘aicmiú comhchuibhithe’ éigeantach mar charcanaiginí i ‘gcatagóir 1’ faighte ag 1017 noibreán cheimiceacha (agus grúpaí d’oibreáin cheimiceacha) a tharraingíonn an ráiteas guaise ‘d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le hailse’ orthu féin mar lipéad.
(7) Monographs on the evaluation of carcinogenic risk to humans , An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse, EDS.
(8) Article 1 (1) agus aithris 13 den Treoir.
(9) Aithris 13 den Treoir.
(10) IARC (1984), hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha, Cuid 2, dubh carbóin, olaí mianracha (bonnolaí bealaidh agus táirgí díorthaithe) agus roinnt nitrairéiní. IARC Monogr Eval Carcinog Risk Chem Hum, 33: 1-222. PMID:6590450 ( http://monographs.iarc.fr/ENG/Monographs/vol1-42/mono33.pdf ).
(11) IARC (1987). Measúnachtaí foriomlána ar charcanaigineacht: Monagraif IARC imleabhair 1 go 42 á dtabhairt cothrom le dáta. IARC Monogr Eval Carcinog Risks Hum Suppl, 7: 1-440. PMID:3482203.
(12) IARC (2012), ( http://monographs.iarc.fr/ENG/Monographs/vol100F/mono100F.pdf ).
(13) Cinneadh 2014/113/AE ón gCoimisiún an 3 Márta 2014 maidir le Coiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde d’Oibreáin Cheimiceacha a bhunú agus lena naisghairtear Cinneadh 95/320/CE (IO L 62, 4.3.2014, lch. 18).
(14) SCOEL/OPIN/2016-405, Olaí Mianracha mar Olaí Innill Spíonta, arna ghlacadh an 9 Meitheamh 2016.
(15) Meascáin de Hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha ina bhfuil beinsi[a]piréin ar carcanaiginí faoi mar a shainmhítear sa Treoir iad; olaí mianracha mar olaí innill spíonta.
(16) Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 ag bunú Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, IO C 218, 13/09/2003, lch. 0001 - 0004
(17) COM (2014) 332 final, http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52014DC0332&from=EN
(18) Aitheasc ón Uachtarán Juncker ar Staid an Aontais i bParlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair 2015 (https://ec.europa.eu/priorities/sites/beta-political/files/state_of_the_union_2015_en.pdf)
(19) Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach le feabhsúcháin i sábháilteacht agus sláinte oibrithe ag an obair a spreagadh, (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).
(20) Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó na priacail a bhaineann le nochtadh d’oibreáin cheimiceacha ag an obair (An ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).
(21) COM(2010) 2020 agus COM(2014) 130 deiridh.
(22) Ní tháirgtear meascáin de hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha casta (PAH) ina bhfuil beinsi[a]piréin nó meascáin de PAH a bhfuil meáchan móilíneach íseal iontu le fírinne, ach foirmítear go sonrach agus go huileláithreach iad le linn próisis dócháin agus phirealaithe ábhar orgánach (féach sa chiall seo, dréachtmholadh deiridh ón gCoiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde do Mheascáin de Hidreacarbóin Iltimthriallacha Aramatacha ina bhfuil beinsi[a]piréin (PAH), Uimh. 404.
(23) Maidir le déchlóiríd eitiléine, úsáidtear breis agus 95% den mhéid iomlán ar an láthair i sintéis chlóreitiléine; Úsáidtear 4,4'-Mheitiléindi-ainilín (99%) mar idirmheánach chun 4,4'-déisicianáit défheinile mheitiléine (MDI) a tháirgeadh; a úsáidtear i dtáirgeadh cúir polúireatáin; Úsáideadh tuairim is 75% de tháirgeadh iomlán tríchlóireitiléine i bhfeidhmeanna idirmheánacha, faoi mar a measadh i staidéar IOM.
(24) Féach Tábla 1 in Iarscríbhinn 7 sa mheasúnú tionchair. Féach freisin Iarscríbhinn 10, a chuireann na teorainnluachanna náisiúnta reatha do nochtadh ceirde i láthair i ngraif, do gach oibreán ceimiceach i gcoinne na rogha tosaíochta (rogha 2) a úsáidtear do na teorainnluachanna a chuirtear ar aghaidh sa togra seo.
(25) Féach Tábla 2 in Iarscríbhinn 7 sa mheasúnú tionchair do theorainnluachanna náisiúnta sna Ballstáit i gcomparáid leis na leibhéil atá molta ag an gCoiste Comhairleach.
(26) Mar shampla, i gcás débhróimid eitiléine, tá na luachannna sa raon ó 0.002 go 145 mg/m3. I gcás déchlóiríd eitiléine, tá na luachannna sa raon ó 4 go 412 mg/m3. I gcás tríchlóireitiléine, tá na luachannna sa raon ó 3.3 go 550 mg/m3.
(27) Féach Tábla 4 in iarscríbhinn 7 sa mheasúnú tionchair.
(28) Cónaidhm na nGnóthas Eorpach (UNICE), Lárionad Eorpach na bhFiontar a bhfuil Rannpháirtíocht Phobail iontu agus na bhFiontar ar Mhaithe le Leas Eacnamaíoch i gCoitinne (CEEP), An Comhlachas Eorpach um Fhiontair Cheardaíochta agus um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (UEAPME), Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (ETUC), Cónaidhm Eorpach na bhFeidhmeannach agus na Foirne Bainistíochta (CEC), Cónaidhm Chumainn Náisiúnta Súdairí agus Cóiritheoirí an Chomhphobail Eorpaigh (COTANCE), Comhlachas Trádála Eorpach um Óstáin, Bialanna agus Caiféanna san Eoraip (HOTREC), Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann in Earnálacha an Bhia, na Talmhaíochta agus na Turasóireachta agus Brainsí Comhghaolmhara (EFFAT), Líonra Idirnáisiúnta na gCeardchumann — Gruaig agus Áilleacht na hEorpa (UNI-Europa Hair&Beauty).
(29) CISNET EMPL 8676 an 15 Meitheamh 2006.
(30) Ceithre cinn ó eagraíochtaí fostóirí (Cónaidhm na nGnóthas Eorpach, Eurocommerce, An Comhlachas Eorpach um Fhiontair Cheardaíochta agus um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (UEAPME) agus an Tionscal Stroighne Eorpach), dhá cheann ó eagraíochtaí oibrithe (Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC), agus Cónaidhm Eorpach na nOibrithe Tógála agus Adhmaid (EFBWE) agus ceann ó eagraíocht neamhspleách (Cumann Sláinteachais um Sláinte Cheirde na Breataine (BOHS)).
(31) Tionscadal Taighde IOM P937/99, Bealtaine 2011 – Gnéithe Sláinte, socheacnamaíocha agus comhshaoil leasuithe féideartha ar Threoir AE maidir le cosaint oibrithe ó na priacail a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí agus só-ghineacha ag an obair.
(32) Cruinniú na WPCanna an 23 Márta 2011; Cruinniú na WPCanna an Dé Céadaoin 15 Meitheamh 2011; Cruinniú na WPCanna an 26 Deireadh Fómhair 2011;
(33) Cruinniú na WPCanna an Dé Céadaoin Dé Céadaoin 21 Márta 2012; Cruinniú na WPCanna an Dé Céadaoin Dé Céadaoin 6 Meitheamh 2012; Cruinniú na WPCanna an Dé Céadaoin 21 Samhain 2012;
(34) Cruinniú na WPCanna an Dé Céadaoin Dé Céadaoin Dé Céadaoin 6 Márta 2013; Cruinniú na WPCanna an Dé Céadaoin Dé Céadaoin Dé Céadaoin Dé Céadaoin 19 Meitheamh 2013; Cruinniú na WPCanna an Dé Céadaoin Dé Céadaoin 2 Deireadh Fómhair 2013;
(35) Tuairim ar chur chuige agus ábhar togra atá beartaithe ag an gCoimisiún ar an leasú ar Threoir 2004/37/CE ar Charcanaiginí agus Só-ghineacha san ionad oibre. Glactha an 05/12/2012 (Doic. 2011/12).
(36) Tuairim fhorlíontach ar chur chuige agus ábhar togra atá beartaithe ag an gCoimisiún ar an leasú ar Threoir 2004/37/CE ar Charcanaiginí agus Só-ghineacha san ionad oibre. Glactha an 30/05/2013 (Doic. 727/13).
(37) Tuairim fhorlíontach Uimh. 2 ar chur chuige agus ábhar togra atá beartaithe ag an gCoimisiún ar an leasú ar Threoir 2004/37/CE ar Charcanaiginí agus Só-ghineacha san ionad oibre. Glactha an 28/11/2013 (Doic. 2016/13).
(38) Áirítear sna trí cinn de thuairimí an Choiste Chomhairligh a glacadh, nuair is gá sin, ráitis shonracha ó na grúpaí sainleasa (na comhpháirtithe sóisialta agus na Ballstáit) a léiríonn ar an iomlán na príomhphointí a choinnigh gach grúpa sainleasa le linn na gcomhráite a bhí ag an nGrúpa oibre ‘Ceimiceáin san Ionad Oibre’ (WPCanna). I mórán cásanna níl aon ráitis shonracha mar go raibh comhdhearcadh ann i measc na ngrúpaí sainleasa. Dá bhrí sin, ba chóir na Tuairimí deiridh ón gCoiste Comhairleach a ghlacadh mar léiriú ar thuairimí na ngrúpaí de pháirtithe leasmhara a ndearnadh ionadaíocht dóibh.
(39) Féach roinn 9.2.6 den mheasúnú tionchair. Chomh maith leis sin, ghlac an Coimisiún páirt i gcruinnithe a d’eagraigh an Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide le Tionscal Gloine agus Ceirmeach na hEorpa.
(40) Cinneadh 2014/113 AE ón gCoimisiún an 3 Márta 2014 maidir le Coiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde d’Oibreáin Cheimiceacha a bhunú agus lena naisghairtear Cinneadh 95/320/CE (IO L 62, 04.03.2014, lch. 18).
(41) https://circabc.europa.eu .
(42) Cuirtear na naisc seo a leanas ar fáil do na hoibreáin cheimiceacha sin atá faoi réir an dara leasú ar an Treoir agus dóibh sin amháin.
(43) Tá tuairim an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála le fáil ag: http://ec.europa.eu/smart-regulation/impact/ia_carried_out/cia_2016_en.htm
(44) D’eisigh Cúirt Ghinearálta AE a Breithiúnas ar chás T-360/13, Verein zur Wahrung von Einsatz und Nutzung von Chromtrioxid und anderen Chrom-VI-verbindungen in der Oberflächentechnik eV (VECCO) v an Coimisiún Eorpach, an 25 Meán Fómhair 2015. Tá an cás faoi achomharc faoi láthair, Cás C-651/15 P.
(45) Féach roinn 5 den mheasúnú tionchair i gcomhair mionanailíse ar thionchair na roghanna beartais agus an chaoi ina gcuirterar i gcomparáid iad.
(46) Féach roinn 5.9 den mheasúnú tionchair, ina ndéantar achoimre ar na roghanna a coinníodh ar bhonn roinnt critéar: glacadh páirtithe leasmhara; méid na faidhbe; soiléireacht dhlíthiúil; buntáiste sláinte agus costais theoranta do ghnó.
(47) Féach Tábla 3 in iarscríbhinn 7 sa mheasúnú tionchair.
(48) Áirítear leo seo sonraí maidir le galair cheirde a d’fhéadfadh Eurostat a bhailiú má tá torthaí dearfacha ar an staidéar féidearthachta leanúnach, agus chomh maith leis sin ar fhadhbanna eile sláinte agus ar thinnis a bhaineann leis an obair, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008, sonraí a thíolacfaidh Ballstáit sna tuarascálacha náisiúnta maidir le acquis sláinte agus sábháilteachta ceirde a chur chun feidhme, a thíolactar i gcomhréir le hAirteagal 17(a) de Threoir 89/391/CEE agus sonraí a chuireann fostóirí in iúl do na húdaráis náisiúnta inniúla ar chásanna ailse a shainaithnítear i gcomhréir leis an dlí agus/ nó leis an gcleachtas náisiúnta atá mar thoradh ar nochtadh ceirde do charcanaigin nó do shó-ghineach i gcomhréir le hAirteagal 14(8) de Threoir 2004/37/CE, agus a bhfuil teacht ag an gCoimisiún orthu i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2004/37/CE.
(49) Féach Dréachtmholadh deiridh SCOEL/REC/404.
(50) Tá na PAHanna seo a leanas in Iontráil 50 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán REACH in aice le beinsi[e]piréin. beinsi[e]piréin (Uimh. CAS 192-97-2), beansantraicéin (Uimh. CAS 56-55-3), criséin (Uimh. CAS 218-01-9), beinsea[b] fluaraintéin (Uimh. CAS 205-99-2), beinsea[j]fluaraintéin (Uimh. CAS 205-82-3), beinsea[k]fluaraintéin (Uimh. CAS 207-08-9), agus débheinsea[a,h]atraicéin (Uimh. CAS 53-70-3).
(51) Féach COM (95) 425 deiridh.
(52) IO L 158, 30.4.2004, lch. 50.
(53) IO C , , lch. 
(54) IO C , , lch. 
(55) Cinneadh 2014/113/AE ón gCoimisiún an 3 Márta 2014 maidir le Coiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde d’Oibreáin Cheimiceacha a bhunú agus lena naisghairtear Cinneadh 95/320/CE (IO L 62, 4.3.2014, lch. 18).
(56) Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó na priacail a bhaineann le nochtadh d’oibreáin cheimiceacha ag an obair (An ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 05.05.1998, lch. 11).
(57) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 ar aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(58) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(59) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14

An Bhruiséil,10.1.2017

COM(2017) 11 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

TOGRA le haghaidh


TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2004/37/EC ar chosaint oibrithe ó na priacail a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

{SWD(2017) 7 final}
{SWD(2017) 8 final}


IARSCRÍBHINN

I gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis:

Uimh. CAS( 1 )

Uimh. CE( 2 )

AINM AN OIBREÁIN

TEORAINNLUACHANNA

BEARTA IDIRTHRÉIMHSEACHA

8 nuaire an chloig ( 3 )

Gearrthéarmach ( 4 )

mg/m3 ( 5 )

csm ( 6 )

f/ml( 7 )

mg/m3

csm

f/ml

79-01-6

201-167-4

Tríchlóireitiléin

54,7

10

_

164,1

30

_

101-77-9

202-974-4

4,4'-Mheitiléindi-ainilín

0,08

_

_

_

_

_

106-89-8

203-439-8

Eipeaclóraihidrin

1,9

_

_

_

_

_

106-93-4

203-444-5

Débhróimíd eitiléine

0,8

0,1

_

_

_

_

107-06-2

203-458-1

Déchlóiríd eitiléine

8,2

2

_

_

_

_

An colún “Nodaireacht” i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE agus na nodaireachtaí a leagtar amach sa cholún sin, aistrítear iad chuig Cuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE.

I gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis:

CAS Uimh. ( 8 )

Uimh. CE( 9 )

AINM AN OIBREÁIN

Nodaireacht( 10 )

_

_

Meascáin de hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha ina bhfuil beinsi[a]piréin ar carcanaiginí iad de réir bhrí na Treorach

craiceann

_

_

Olaí a úsáideadh in innill dócháin inmheánaigh chun na páirteanna a ghluaiseann laistigh den inneall a bhealú agus a fhuarú

craiceann

71-43-2

200-753-7

Beinséin

craiceann

79-01-6

201-167-4

Tríchlóireitiléin

craiceann

101-77-9

202-974-4

4,4'-Mheitiléindi-ainilín

craiceann

106-89-8

203-439-8

Eipeaclóraihidrin

craiceann

106-93-4

203-444-5

Débhróimíd eitiléine

craiceann

107-06-2

203-458-1

Déchlóiríd eitiléine

craiceann

(1) Uimh. CAS: Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán.
(2) Is í an uimhir CE, i.e. EINECS, ELINCS nó NLP, uimhir oifigiúil na substainte laistigh den Aontas Eorpach, faoi mar atá sainmhínithe i roinn 1.1.1.2 in Iarscríbhinn VI, Cuid 1, de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.
(3) Arna thomhas nó arna ríomh i dtaca le tréimhse thagartha ocht nuaire an chloig mar mheán ualaithe thar thréimhse ama (TWA).
(4) Teorainn nochta ghearrthéarmaigh (STEL). Teorainnluach nár chóir go dtarlódh nochtadh os a chionn agus a bhaineann le tréimhse 15 nóiméad mura sonrófar a mhalairt.
(5) mg/m3 = milleagram sa mhéadar ciúbach d'aer ag 20°C agus 101,3 kPa (760 mm de bhrú mearcair).
(6) csm = codanna sa mhilliún de réir toirt aeir (ml/m3).
(7) f/ml = snáithíní sa mhillilítear.
(8) CAS Uimh: Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán.
(9) Is í an uimhir CE, i.e. EINECS, ELINCS nó NLP, uimhir oifigiúil na substainte laistigh den Aontas Eorpach, faoi mar atá sainmhínithe i roinn 1.1.1.2 in Iarscríbhinn VI, Cuid 1, de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.
(10) Rannchuidiú suntasach le hualach iomlán an choirp trí nochtadh deirmeach indéanta.