AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.12.2016
COM(2016) 786 final
2016/0389(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le staidreamh comhtháite feirme
agus lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 1337/2011
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2016) 429 final}
{SWD(2016) 430 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Foras agus cuspóirí an togra
Bíonn faisnéis bhreise staidrimh maidir le talmhaíocht ag teastáil ó lucht ceaptha beartais chun gur féidir leo faireachán agus measúnú a dhéanamh ar bheartais atá ann faoi láthair agus na hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh orthu amach anseo a phleanáil. Baineann na hathruithe sin, mar shampla, le tionchar na talmhaíochta ar an gcomhshaol agus le cleachtais inbhuanaithe feirmeoireachta. Fiú má tá príomhúsáideoirí staidrimh talmhaíochta réasúnta sásta le leibhéal mionsonraithe agus cáilíochta an staidrimh talmhaíochta, is é an tátal a baineadh as meastóireacht a rinneadh ar an gCóras Eorpach um Staidreamh Talmhaíochta (CEST) nach bhfuil siad sásta leis an easpa sonraí i dtaobh nithe sonracha (cláir chomhordaithe an tsoláthair, praghsanna talún agus cíosanna, sreafaí cothaitheach, sonraí a bhaineann leis an gcomhshaol, agus araile), agus go bhfuil an córas ródhocht rud a fhágann nach féidir tús a chur arís go gasta le bailiú sonraí.
Is ó fhoinsí éagsúla a fhaightear na staitisticí talmhaíochta a úsáidtear ar leibhéal an Aontais: suirbhéanna staidrimh, sonraí riaracháin, sonraí ó fheirmeacha agus ó ghnólachtaí eile, chomh maith le sonraí a bhaineann le leibhéal na feirme aonair i bhfoirm móráirimh talmhaíochta agus samplaí. Baineann an togra seo leis an bhfoinse dheireanach sin de shonraí staidrimh talmhaíochta a luaitear thuas.
Is ar Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá an córas atá ann faoi láthair chun staitisticí Eorpacha a tháirgeadh ar leibhéal na feirme aonair agus an teaghlaigh talmhaíochta aonair bunaithe. Bailítear na sonraí ó shamplaí agus ó mhóráireamh a dhéantar gach deich mbliana. Is é an Suirbhé ar Struchtúr Feirmeacha (SSF) in 2016 an suirbhé deireanach a rinneadh faoi chuimsiú an Rialacháin sin.
Tionscnamh é seo de chuid an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) agus is é an chéad chéim é sa Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin, agus tá sé d’aidhm aige CEST a chuíchóiriú ina iomláine agus an próiseas bailithe sonraí a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos ábhartha. Ba cheart go ráthódh an dá Rialachán a bheartaítear faoin straitéis, arb é an chéad cheann díobh atá á bheartú sa doiciméad seo, inchomparáideacht agus comhsheasmhacht na sonraí talmhaíochta san fhadtéarma. Ba cheart go mbeadh CEST sách stóinsithe agus éifeachtúil, agus go ndéanfaí a chinntiú leis go mbeidh staidreamh ardcháilíochta ar fáil i gcónaí – rud atá dúshlánach mar gheall ar an athrú gan staonadh sa réimse seo. Leis an gcéad Rialachán seo, ba cheart a áirithiú go leanfaí den tsraith de shuirbhéanna Eorpacha ar struchtúr feirmeacha agus, ar an gcaoi sin, a áirithiú go mbeadh na hamshraitheanna comhsheasmhach. Ag an am céanna, déanfar freastal ar riachtanais le sonraí ar leibhéal na feirme aonair, idir riachtanais nua agus riachtanais a shíltear a thiocfaidh chun cinn.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartas atá sa réimse beartais cheana
Teastaíonn staitisticí iontaofa ardcháilíochta le go mbeidh lucht ceaptha beartais, gnólachtaí agus an pobal i gcoitinne in ann cinntí cuí a dhéanamh bunaithe ar fhianaise. Dúshlán is ea é don Chóras Staidrimh Eorpach, áfach, staitisticí den ardcháilíocht sin a chur ar fáil: mar gheall ar an méadú seasta ar an éileamh ar shonraí agus an brú ó lucht freagartha na suirbhéanna staidrimh an tualach a chuirtear orthu a laghdú, tá táirgeadh na staitisticí faoi bhrú. Dá réir sin, bhí sé d’aidhm ag tionscnaimh staidrimh a rinneadh le déanaí an comhordú agus an comhar laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach a shimpliú agus a fheabhsú d’fhonn táirgeadh staitisticí Eorpacha a dhéanamh níos éifeachtúla agus d’fhonn an tualach ar fhreagróirí a laghdú. Sampla de sin is ea Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach, Rialachán a leasaíodh in 2015 chun rialachas an Chórais Staidrimh Eorpaigh a shoiléiriú agus chun modhanna comhordaithe agus comhair a neartú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Áirítear tionscnaimh eile, amhail an togra seo, i dtionscnamh an chláir REFIT, ar clár de chuid an Choimisiúin é, agus tá sé d’aidhm acu táirgeadh an staidrimh Eorpaigh a shimpliú agus a chuíchóiriú laistigh de réimsí spriocdhírithe.
Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha a áirítear i straitéis i gcomhair staidreamh talmhaíochta a dhréachtaigh Eurostat agus a comhaontaíodh leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach:
staitisticí ardcháilíochta a tháirgeadh a dhéanann freastal éifeachtach agus éifeachtúil ar riachtanais úsáideoirí;
solúbthacht agus luas gníomhaithe an chórais staidrimh talmhaíocht a mhéadú;
an comhtháthú idir an staidreamh a bhaineann le talmhaíocht, foraoiseacht, úsáid talún agus an comhshaol a fheabhsú;
struchtúr rialachais atá freagrúil agus freagrach a fhorbairt i gcomhair an staidrimh talmhaíochta;
comhchuibhiú agus comhleanúnachas an staidrimh talmhaíochta Eorpaigh a fheabhsú;
staitisticí breise a tháirgeadh ach, ag an am céanna, an tualach ar fhreagróirí a laghdú trí iniúchadh a dhéanamh ar fhoinsí eile sonraí agus ar bhealaí is féidir éifeachtúlacht a fheabhsú.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Gné thábhachtach d’obair an Chláir Staidrimh Eorpaigh 20132017 is ea staitisticí ardcháilíochta a sholáthar chun tacú le beartais an Aontais. Faoin gclár sin, ceann de thrí cholún an táirgthe staitisticí is ea an staidreamh comhshaoil agus talmhaíochta. I measc chuspóirí ábhartha an chláir, áirítear “bailiú na sonraí talmhaíochta a athbhreithniú agus a shimpliú i gcomhréir leis an athbhreithniú ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) tar éis 2013 agus próisis bhailithe sonraí talmhaíochta a athcheapadh, go háirithe chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar thráthúlacht na sonraí a sholáthraítear.” Cuireann an tionscnamh seo na cuspóirí sin chun feidhme.
Ina theannta sin, leis an gCóras Eorpach um Staidreamh Talmhaíochta a bheidh ann amach anseo, tacófar le ceithre cinn ar a laghad de na deich dtosaíocht atá ag an gCoimisiún, mar atá
“1. Borradh nua faoi phoist, fás agus infheistíocht”;
“3. Aontas fuinnimh buanseasmhach maille le beartas réamhbhreathnaitheach um an athrú aeráide”;
“4. Margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a bhfuil bonn tionsclaíoch níos láidre aige”; agus
“9. Gníomhaí domhanda níos láidre”;
trí shonraí níos fearr a sholáthar i gcomhair na mbeartas i dtaca le poist, fás, infheistiú, cosc agus maolú a chuirtear i bhfeidhm trí ghníomhaíochtaí i réimsí na talmhaíochta, an athraithe aeráide, an bhithfhuinnimh agus an chomhshaoil, agus trí thuiscint níos fearr a thabhairt dúinn ar na sreafaí, na forbairtí agus na rioscaí domhanda in earnáil an bhia. Féadfaidh staidreamh talmhaíochta a bheith úsáideach i gcás thosaíochtaí eile de chuid an Aontais nó na mBallstát a bhfuil tionchar acu ar an talmhaíocht nó ar an bhforbairt tuaithe nó a bhfuil tionchar ag an talmhaíocht nó ag an bhforbairt tuaithe ar na tosaíochtaí sin.
Soláthraíonn an staidreamh talmhaíochta fianaise staidrimh ardcháilíochta chun an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) 20142020 a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh air. Spreagadh tábhachtach é an Comhbheartas Talmhaíochta le haghaidh post agus fás cliste inbhuanaithe cuimsitheach san Aontas. De bhreis ar na cuspóirí sóisialta atá ag an mbeartas forbartha tuaithe, ar beartas é atá ina dhlúthchuid de Chomhbheartas Talmhaíochta, tá sé d’aidhm aige an tiomaíochas agus an inbhuanaitheacht an táirgthe talmhaíochta a fheabhsú. Is ionann an Comhbheartas Talmhaíochta agus breis is 37 % de bhuiséad iomlán an Aontais i gcomhthéacs Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 20142020.
Ina theannta sin, is mó an gá atá leis an staidreamh talmhaíochta i gcomhair beartais thábhachtacha eile an Aontais, amhail an beartas sóisialta, beartais i ndáil leis an gcomhshaol agus an athrú aeráide, an beartas trádála, an beartas réigiúnach agus mar sin de.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá Airteagal 338 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ina bhunús dlí don staidreamh Eorpach. Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta chun staitisticí a tháirgeadh, i gcás inar gá sin, chun go bhféadfaidh an tAontas a ról a fheidhmiú. Leagtar amach in Airteagal 338 na ceanglais a bhaineann le staitisticí Eorpacha a tháirgeadh, agus sonraítear ann nach mór caighdeáin neamhchlaontachta, iontaofachta, oibiachtúlachta, neamhspleáchais eolaíochta, cost-éifeachtúlachta, agus rúndachta staidrimh a chomhlíonadh.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa mhéid nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Le CSE, cuirtear bonneagar faisnéise staidrimh ar fáil. Tá an córas ceaptha chun freastal ar riachtanais úsáideoirí iomadúla, chun críche na cinnteoireachta i sochaithe daonlathacha. Dréachtaíodh an togra le haghaidh an Rialacháin seo d’fhonn príomhghníomhaíochtaí na gcomhpháirtithe in CSE a chosaint agus, ag an am céanna, d’fhonn a áirithiú go seachnaítear a oiread is féidir athruithe nach bhfuil gá leo chomh maith le dúbailt oibre.
I láthair na huaire, déantar an staidreamh a chumhdaítear leis an togra a bhailiú de réir rialacha difriúla ar leibhéal an Aontais. Beartaítear leis an togra an próiseas bailithe staitisticí ar leibhéal na feirme aonair a chuíchóiriú agus a nuachóiriú faoi chreat amháin agus, ag an am céanna, dhéanfaí na staitisticí talmhaíochta eile uile a áireamh faoi chreat-rialachán eile. Is trí bheart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais amháin is féidir staitisticí inchomparáide a bhaineann leis an Aontas ar fad a chur ar fáil chun críocha beartais.
Ceann de na príomhchritéir nach mór do na sonraí staidrimh a chomhlíonadh is ea go gcaithfidh siad a bheith comhsheasmhach agus inchomparáide. Ní féidir leis na Ballstáit comhsheasmhacht agus inchomparáideacht a bhaint amach mar is gá gan creat Eorpach soiléir a bheith ann, i.e. reachtaíocht de chuid an Aontais ina leagtar amach coincheapa comhchoiteanna staidrimh, formáidí tuairiscithe agus ceanglais cháilíochta.
Ní féidir leis na Ballstáit cuspóir an togra atá beartaithe, is é sin cuíchóiriú a dhéanamh ar an staidreamh talmhaíochta Eorpach, a bhaint amach i gceart más ag gníomhú go neamhspleách ar a chéile a bheidh siad. Is féidir gníomhú ar bhealach níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais, ar bhonn gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais lena náirithítear inchomparáideacht na faisnéise staidrimh ar leibhéal an Aontais sna réimsí staidrimh a chumhdaítear leis an ngníomh atá beartaithe. Idir an dá linn, féadfaidh na Ballstáit na sonraí féin a bhailiú.
Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh sa réimse seo i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Comhréireacht
Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta i bhfianaise an méid seo a leanas:
De bharr an togra, déanfar cáilíocht agus inchomparáideacht na staitisticí talmhaíochta Eorpacha a bhailítear ó shamplaí a áirithiú trí na prionsabail chéanna a chur i bhfeidhm ar fud na mBallstát. Ar an gcaoi chéanna, áiritheofar go mbeidh an staidreamh talmhaíochta Eorpach fós ábhartha agus go ndéanfar é a oiriúnú chun freagairt do riachtanais na núsáideoirí. A bhuí leis an Rialachán, beifear in ann staitisticí a tháirgeadh ar bhonn níos cost-éifeachtúla agus sainiúlachtaí chórais na mBallstát á nurramú ag an am céanna.
Is ó na 1950í i leith a forbraíodh an reachtaíocht atá ag an Aontas faoi láthair maidir leis an staidreamh talmhaíochta. I meastóireacht a rinneadh ar an gCóras Eorpach um Staidreamh Talmhaíochta (CEST), léiríodh go bhféadfadh creat comhchoiteann le haghaidh an phróisis a bhaineann le sonraí staidrimh i réimse na talmhaíochta a bhailiú, a phróiseáil agus a scaipeadh, go bhféadfadh sé na próisis a dhéanamh níos éifeachtúla (costas/sochar) agus níos éifeachtaí agus go dtiocfadh laghdú, dá bharr, ar shaincheisteanna aitheanta i dtaca le cáilíocht.
Leis an Rialachán, táthar ag súil go laghdófar an tualach airgeadais agus riaracháin a leagtar ar fhreagróirí, ar údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, ar ghnólachtaí, agus ar an bpobal i gcoitinne. Bainfear é sin amach, go háirithe, trí na nithe seo a leanas: caighdeánú a dhéanamh ar choincheapa agus ar mhodhanna, deireadh a chur le dúbailt, an mhinicíocht lenar gá sonraí a sholáthar i roinnt réimsí a laghdú, agus úsáid níos mó a bhaint as meascán foinsí sa bhreis ar shuirbhéanna.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní bhaineann an Rialachán atá beartaithe ach leis an íosmhéid a theastaíonn chun a chuspóir a bhaint amach agus ní théann sé thar an méid atá riachtanach don chuspóir sin.
•An rogha ionstraime
An ionstraim atá beartaithe: Rialachán.
I bhfianaise chuspóirí agus ábhar an togra is é Rialachán an ionstraim is iomchuí. Bíonn comhbheartais thábhachtacha an Aontais, amhail CBT, ag brath go mór ar staitisticí talmhaíochta ar leibhéal an Aontais atá inchomparáide, comhchuibhithe agus d’ardcháilíocht. Is fearr is féidir iad sin a bhaint amach trí Rialacháin atá infheidhme go díreach sna Ballstáit agus nach gá a thrasuí sa dlí náisiúnta ar dtús. Leis na Rialacháin, féadfaidh sonraí a bhailiú ar an leibhéal mionsonraithe céanna sna Ballstáit uile agus na caighdeáin chéanna, na sainmhínithe céanna agus na modheolaíochtaí céanna a chur i bhfeidhm. Áirithítear leis seo go ndéantar staitisticí inchomparáide ardcháilíochta a tháirgeadh chun freastal ar riachtanais lucht ceaptha beartais san Aontas ar bhealach éifeachtúil agus tráthúil. Ní fhéadfadh Treoracha an leibhéal céanna comhchuibhithe inmhianaithe a áirithiú toisc go mbeadh cáilíocht na sonraí ag brath ar chinntí 28 bparlaimint náisiúnta.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana
In ainneoin gur seoladh an tionscnamh seo sular glacadh na treoirlínte nua maidir le Rialáil Níos Fearr (COM(2015) 215), rinneadh meastóireacht ar an staid reatha, bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht atá ar fáil cheana. Lena chois sin, ba chuid lárnach den phróiseas iomlán é an córas caighdeánach atá ag Eurostat chun meastóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht atá ann i láthair na huaire.
•Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara
Éiríonn le Eurostat staitisticí talmhaíochta Eorpacha a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh trí bhíthin dlúthchomhar comhordaithe rialta laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach, comhar atá tógtha ar chomhpháirtíocht sheanbhunaithe idir Eurostat agus na hoifigí staidrimh náisiúnta chomh maith leis na húdaráis ábhartha eile.
Is iad seo a leanas príomhchatagóirí na bpáirtithe leasmhara sa staidreamh talmhaíochta Eorpach: na táirgeoirí sonraí (oifigí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile chomh maith le Eurostat), freagróirí (feirmeoirí, eagraíochtaí feirmeoirí agus gnólachtaí) agus úsáideoirí (lucht déanta cinntí idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, go háirithe ArdStiúrthóireachtaí eile an Choimisiúin; lucht taighde agus iriseoirí). Chuathas i gcomhairle go forleathan leo maidir le fadhbanna sa chaoi a ndéantar an obair faoi láthair agus na hathruithe atá ag teastáil uathu, chomh maith leis na riachtanais agus na tosaíochtaí atá acu ó thaobh sonraí de, mar aon leis na roghanna féideartha beartais chun na fadhbanna a réiteach, tionchar na ngníomhaíochtaí a mholtar agus foirmliú sonrach na straitéise, mar a léirítear sa tábla forléargais seo a leanas. Is iad seo a leanas na príomhfhóraim ina ndearnadh na comhairliúcháin sin: cruinnithe agus seimineáir an Bhuanchoiste um an Staidreamh Talmhaíochta (BCST) agus a chomharba, an Grúpa Stiúrthóirí i gcomhair an Staidrimh Talmhaíochta (GSST), (i gcás stiúrthóirí na noifigí staidrimh náisiúnta talmhaíochta, eagraíochtaí idirnáisiúnta, freagróirí sonraí, úsáideoirí sonraí agus daoine eile), cruinnithe CCSE (i gcás ardstiúrthóirí na noifigí staidrimh náisiúnta), agus comhairliúcháin agus éisteachtaí a sceidealaíodh go tráthrialta (i gcás ardstiúrthóireachtaí an Choimisiúin).
Forléargas ar chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara maidir le straitéis i gcomhair staidreamh talmhaíochta 2020
|
Comhairliúchán maidir le fadhbanna agus athruithe
|
Comhairliúchán maidir le riachtanais agus tosaíochtaí
|
Comhairliúchán maidir le roghanna agus tionchar
|
Táirgeoirí
|
Cruinniú CCSE Bealtaine 2014
|
Cruinnithe agus seimineáir BCST ó 2009 i leith
|
Cruinniú GSST Iúil 2015, Cruinniú CCSE Samhain 2015
|
Freagróirí
|
Seimineáir BCST ó 2009 i leith
|
Comhairliúchán poiblí oscailte idir Lúnasa agus Samhain 2015
|
Úsáideoirí
|
Comhairliúchán poiblí oscailte idir Lúnasa agus Samhain 2015
Comhairliúcháin i scríbhinn agus éisteachtaí ó 2014 i leith
|
Rinneadh an comhairliúchán poiblí idir Lúnasa agus Samhain 2015, agus leagtar amach na torthaí i dtuarascáil ar leith.
Tá príomhthorthaí na gcomhairliúchán thuas arb iad is bonn leis an straitéis don staidreamh talmhaíochta 2020 agus, ina dhiaidh sin, leis an Rialachán seo, roinnte ina dtrí chuid:
Ní dhéanann reachtaíocht reatha an Aontais maidir leis an staidreamh talmhaíochta freastal leordhóthanach ar riachtanais le sonraí, idir riachtanais nua agus riachtanais atá ag teacht chun cinn, toisc nach ndéantar foráil dóibh sna gníomhartha reachtacha, agus níl na gníomhartha sách solúbtha nó sách comhtháite chun freagairt go tráthúil do riachtanais nua. Anuas air sin, tiocfaidh deireadh leis an úsáid a bhaintear as Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008, ar cuid lárnach é de CEST foriomlán reatha, chun faisnéis staidrimh a chur ar fáil ó 2018 ar aghaidh.
Forbairtí nua sa talmhaíocht, chomh maith le reachtaíocht athbhreithnithe agus athrú ar thosaíochtaí beartais, go háirithe an tathchóiriú a rinneadh ar CBT, is cúis leis na riachtanais nua le sonraí seo den chuid is mó.
Níl an chaoi a ndéantar sonraí a bhailiú comhchuibhithe ná comhleanúnach ar an ábhar go bhfuil riachtanais nua le sonraí ag teacht chun cinn, gur ceapadh an reachtaíocht ar leithligh le linn cuid mhór blianta, agus go bhfuil sainmhínithe agus coincheapa atá, go pointe áirithe, difriúil óna chéile in úsáid i réimsí éagsúla staidrimh talmhaíochta.
Meastar go bhfuil an tualach a bhaineann le sonraí a sholáthar róthrom óir tá na riachtanais le sonraí ag méadú, níl an próiseas bailithe sonraí comhchuibhithe agus táthar ag leanúint d’acmhainní a ghearradh siar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Dearbhaíodh go raibh an próiseas bailithe sonraí agus cáilíocht na sonraí faoi bhagairt i ngeall ar an ualach sin.
•Saineolas a bhailiú agus a úsáid
Bhí plé forleathan faoin togra ag Eurostat leis na ISNanna. Chuir Eurostat meithleacha oibre, tascfhórsaí agus grúpaí stiúrthóirí ar bun agus tháinig siad le chéile go tráthrialta chun dul i gcomhairle le chéile maidir leis an togra. Lena chois sin, cuireadh an togra faoi bhráid an Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
•Measúnú tionchair
Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo. Sa mheasúnú tionchair, sainaithnítear na fadhbanna atá ann faoi láthair, cuirtear i láthair roinnt roghanna beartais a d’fhéadfaí a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin agus déantar an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch a bheadh ag gach ceann de na roghanna sin a mheas.
Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach faoin measúnú tionchair i Márta 2016.
Sa mheasúnú tionchair, sainaithnítear na trí thoisc is mó is cúis leis na fadhbanna atá ann i réimse CEST:
(1)ní dhéantar freastal leordhóthanach ar riachtanais le sonraí, idir riachtanais nua agus riachtanais atá ag teacht chun cinn;
(2)níl an chaoi a ndéantar sonraí a bhailiú sách comhchuibhithe ná comhleanúnach;
(3)meastar go bhfuil an tualach a bhaineann le sonraí a sholáthar róthrom.
Rinneadh measúnú ar na roghanna seo a leanas mar bhealaí chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna atá aitheanta.
Rogha
|
Cur síos
|
1.
An cás bunlíne – ní ghníomhóidh an tAontas i leith sonraí struchtúracha talmhaíochta
|
Mura ngníomhnóidh an tAontas, is é an toradh a bheadh ann go dtiocfaidh deireadh le Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 agus go bhfágfar bailiú sonraí struchtúracha talmhaíochta faoi rogha na mBallstát. Mar atá faoi láthair, bheadh feidhm i gcónaí leis an reachtaíocht eile a bhaineann leis an staidreamh talmhaíochta, ach ní bheadh an dearbhú céanna cáilíochta ag baint leis toisc gur minic go núsáidtear móráireamh talmhaíochta chun nuashonrú a dhéanamh ar chláir feirmeacha as a mbaintear úsáid chun críocha srathúcháin i suirbhéanna samplacha.
|
2.
Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 a fhadú
|
Athnuachan a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 a rachaidh in éag in 2018. D’fhágfadh sé sin go leanfaí den chóras atá ann faoi láthair, córas atá i bhfeidhm ó 1966 i leith, agus nach ndéanfaí athruithe air. Bheadh feidhm i gcónaí leis an reachtaíocht eile a bhaineann leis an staidreamh talmhaíochta agus leanfaí de chúrsaí faoi mar atá siad faoi láthair.
|
3.
Creat aonair dlíthiúil le haghaidh an staidrimh talmhaíochta
|
Cruthófar creat dlíthiúil iomlán nua le haghaidh staidreamh talmhaíochta uile an Aontais. Déanfar an reachtaíocht ar fad a bhaineann leis an staidreamh talmhaíochta a chomhtháthú i gcreat aonair dlíthiúil amháin.
|
4.
Comhtháthú a dhéanamh ar an staidreamh talmhaíochta de réir cur chuige bunaithe ar dhá chéim
|
D’áiritheofaí comhtháthú ar an staidreamh talmhaíochta de réir cur chuige a bheadh bunaithe ar dhá chéim go leanfaí den staidreamh struchtúrach talmhaíochta a shaothrú agus a nuachóiriú. Dhéanfaí dhá chreat-rialachán nua a thabhairt isteach ar bhonn céimneach: rialachán maidir le staidreamh comhtháite feirme agus creat-rialachán le haghaidh staidreamh maidir le hionchuir agus aschuir talmhaíochta.
|
I ndiaidh measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar thionchar na roghanna éagsúla, thángthas ar na conclúidí seo a leanas:
Rogha 1 “An cás bunlíne”: leis an rogha seo, beidh an toradh is measa ann i mbeagnach gach uile shlí, go háirithe san fhadtéarma de réir mar a thiocfaidh méadú ar an bpráinn a bhaineann le riachtanais le sonraí agus le srianta ar acmhainní. Rogha 2 “Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 a fhadú”: ní bheidh ach fiúntas teoranta ag baint leis an rogha seo agus déanfaidh an Rialachán dochar d’fheidhmiú CEST san fhadtéarma de réir mar a théann sé as dáta agus de réir mar a éiríonn a úsáid ciotach. Rogha 3 “Creat-rialachán amháin” agus Rogha 4 “Cur chuige bunaithe ar dhá chéim”: leis na roghanna seo, cé go mbeidh gá le roinnt infheistíochtaí tosaigh agus le Rialacháin nua Aontais, tabharfar na deiseanna is fearr chun na cuspóirí a foirmlíodh níos túisce a bhaint amach ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais de, beidh na rioscaí is lú ag baint leo i gcomparáid leis na roghanna eile, beidh na tionchair dhearfacha indíreacha is mó acu, agus is iad is fearr a shásóidh na ceanglais maidir le páirtithe leasmhara. Lena chois sin, comhlíonann na roghanna sin spriocanna an tionscnaimh REFIT reachtaíocht an Aontais a nuashonrú chun cóimheas costas-sochar na reachtaíochta a fheabhsú agus chun an tualach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a laghdú. Chomh maith leis sin, baineann buntáistí breise le Rogha 4 de bhrí gur lú riosca atá ag baint léi ó thaobh amchlár an phróisis reachtaigh (óir is gá don Choimisiún agus don Pharlaimint rialachán maidir le móráireamh talmhaíochta nua a ghlacadh faoi dheireadh 2018 ar a dhéanaí) agus de bhrí gur rogha í atá beagán níos solúbtha ar an ábhar go bhfuil ailtireacht reachtaíochta ag baint léi nach bhfuil chomh ciotach céanna. Ar an ábhar sin, is fearr le Eurostat Rogha 4 de rogha ar Rogha 3.
Is fearr le príomhpháirtithe leasmhara CEST, is iad sin an Coimisiún i gcáil úsáideora sonraí, na hoifigí staidrimh náisiúnta agus na húdaráis náisiúnta eile i gcáil táirgeoirí sonraí, agus feirmeoirí i gcáil freagróirí sonraí, Rogha 4 chomh maith.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Is é an cuspóir REFIT atá ag an togra seo an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil, agus freastal ar na riachtanais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo le staitisticí talmhaíochta Eorpacha agus teorainn á cur, ag an am céanna, leis an ualach freagartha. Bainfear na cuspóirí sin amach trí na cleachtaí éagsúla bailithe sonraí staidrimh Eorpaigh a chumhdaítear faoi láthair le rialacháin éagsúla, a chuimsiú faoi aon chreat amháin.
Is féidir teacht ar mhionsonraí maidir leis an laghdú ar chostais do tháirgeoirí sonraí agus do sholáthraithe sonraí, mionsonraí a ríomhtar bunaithe ar shamhlacha féideartha, sa mheasúnú tionchair (Roinn 5 “Anailís Tionchair” agus Iarscríbhinn IV: “Modheolaíocht maidir le hanailís tionchair”).
Tá sé d’aidhm ag an togra an tualach ar mhicrifhiontair agus ar FBManna a laghdú trí na tairseacha suirbhé a ardú.
Leis an togra, cuirtear idir-inoibritheacht agus athinúsáidteacht na teicneolaíochta tacaíochta faisnéise agus cumarsáide chun cinn trí úsáid a bhaint as na nithe seo a leanas:
Na sonraíochtaí teicniúla céanna le haghaidh tacair shonraí. Ar na sonraíochtaí sin, áireofar líon na nathróg agus an cur síos a thugtar orthu; na haicmiúcháin staidrimh; airíonna na bpobal staidrimh, na naonad breathnóireachta agus na bhfreagróirí; na tréimhsí tagartha agus dátaí tagartha; agus na ceanglais a bhaineann le cuimsiú geografach, tréithe samplacha, gnéithe teicniúla den obair allamuigh, eagarthóireacht agus iontráil bharúlach, ualú, meastachán agus meastachán ar athraitheas.
Na caighdeáin chéanna maidir le sonraí a chur ar aghaidh agus faisnéis a mhalartú agus a roinnt idir Eurostat agus na Ballstáit. Cumhdófar leis na caighdeáin sin coincheapa, próisis agus táirgí, lena náirítear sonraí agus meiteashonraí.
I gcás ina gcomhlíonfaidh cáilíocht na sonraí na critéir cháilíochta a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann sonraí a chur ar fáil ó roinnt foinsí, lena náirítear ó mhodhanna nó cineálacha cur chuige nuálacha, a mhéid a áirithítear leo go dtáirgtear sonraí atá inchomparáide agus i gcomhréir leis na saincheanglais a leagtar síos leis an Rialachán.
•Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairtí ag an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach. I dtaca leis an togra seo, is iad na nithe is mó atá le cur san áireamh na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige ar chosaint sonraí pearsanta (a leagtar síos cearta ina comhair le hAirteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le hAirteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i reachtaíocht thánaisteach). Ní shamhlaítear, áfach, go dtiocfaidh athrú ar fhorálacha maidir le cosaint sonraí pearsanta mar gheall ar na roghanna beartais atá roghnaithe. Foráiltear le reachtaíocht náisiúnta agus le reachtaíocht an Aontais maidir le staidreamh go ráthóidh na hoifigí staidrimh náisiúnta cosaint na sonraí. Tá beartais láidre i bhfeidhm ag na hoifigí staidrimh náisiúnta chun cosaint a dhéanamh ar rúndacht freagróirí, taifid a chur ó aithne agus freagraí ar cheistneoirí a chosaint, cuir i gcás.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Beidh tionchar airgeadais ag an togra seo do na blianta 2019 agus 2020 (agus ag brath ar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, féadfaidh sé go gcuirfear síneadh leis an tionchar airgeadais go dtí 2028).
Meastar gurb é EUR 40 milliún iomlán na leithreasuithe faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil. Leagtar amach sa ráiteas airgeadais reachtach na himpleachtaí buiséadacha mionsonraithe.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Meastar gur in 2017 a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Rialachán atá beartaithe agus go nglacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme tamall gearr ina dhiaidh sin.
De réir an Rialacháin nua, táthar ag súil leis go dtosóidh na Ballstáit ar shonraí a sholáthar don Choimisiún in 2022.
Is cuid de CEST an ionstraim reachtach atá beartaithe agus beidh sí faoi réir ag meastóireacht iomlán d’fhonn measúnú a dhéanamh, i measc rudaí eile, ar cé chomh héifeachtach agus cé chomh héifeachtúil a bhí sé maidir leis na cuspóirí a bhaint amach agus chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil gá le bearta nua nó leasuithe.
Faireachán bliantúil ar chomhlíonadh na staitisticí a tháirgtear
Déanann Eurostat measúnuithe bliantúla ar chomhlíonadh. Sna measúnuithe sin, áirítear athbhreithniú ar infhaighteacht, ar cháilíocht agus ar thráthúlacht na sonraí mar aon le gníomhaíochtaí leantacha i gcás neamhchomhlíonadh.
I gcomhréir le ceanglais reachtaíochta an Aontais, iarrtar ar na Ballstáit an fhaisnéis is ábhartha maidir leis an staidreamh talmhaíochta a chur ar fáil don Choimisiún. Beidh an fhaisnéis sin faoi réir spriocdhátaí tarchuir dochta, spriocdhátaí nach mór cloí leo ionas go ndéanfar deabhainistiú ar staidreamh an Aontais agus ionas go náiritheofar scaipeadh agus fóint na staitisticí, óir, is i ngeall ar shonraí atá in easnamh nó atá neamhiomlán go mbíonn easnaimh ann maidir le hinfhaighteacht na faisnéise (is é sin le rá nach féidir comhiomláin a ríomh don Aontas nó nach féidir sonraí a fhoilsiú de réir sceideal ama pleanáilte).
An 29 Aibreán 2015, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 arb é an creat bunúsach dlí é chun an Córas Staidrimh Eorpach agus an reachtaíocht earnála ar fad a bhaineann le táirgeadh staitisticí Eorpacha a fheidhmiú.
In ainneoin go bhfuil an tráthúlacht, an phoncúlacht agus an iomláine ina dtosca tábhachtacha sna measúnuithe bliantúla ar chomhlíonadh chun scaipeadh tráthúil na staitisticí talmhaíochta a áirithiú, tabharfar breis airde ar na gnéithe cáilíochta thuasluaite agus ar chinn eile nach iad chun a dheimhniú go mbeidh muinín ag úsáideoirí as na staitisticí a tháirgeann an Córas Staidreamh Eorpach.
CEST a fheabhsú go leanúnach: riachtanais nua le sonraí agus foinsí nua sonraí a shainaithint, comhleanúnachas a fheabhsú, ualach a laghdú
Faoi láthair, eagraíonn Eurostat éisteachtaí bliantúla le seirbhísí eile an Choimisiúin. Is cuid thábhachtach de na héisteachtaí sin an malartú faisnéise maidir leis na cláir oibre faoi seach. Sna héisteachtaí sin, cuirtear ardán foirmiúil ar fáil le go bhféadfar riachtanais atá ag teacht chun cinn i gcomhair sonraí nua a chur in iúl agus athbhreithniú a dhéanamh ar fhóint na staitisticí atá ar fáil.
Déantar tuilleadh oibre i gcomhar le seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin, le hoifigí staidrimh náisiúnta agus le húdaráis náisiúnta eile ar leibhéil éagsúla ordlathacha i gcruinnithe agus i seimineáir rialta Meithle, i gcruinnithe Grúpa Stiúrthóirí, i gcruinnithe CCSE, agus trí bhíthin malartuithe déthaobhacha rialta. Díreofar aire, go háirithe, ar shonraí riaracháin agus ar fhoinsí eile faisnéise a choinnítear faoi reachtaíocht an Aontais a shainaithint agus ar mheasúnú a dhéanamh ar a noiriúnacht chun staitisticí a tháirgeadh d’fhonn comhaontuithe a chur ar bun le go sásóidh cobhsaíocht, inrochtaineacht agus cur in oiriúint na sonraí agus na faisnéise sin na ceanglais staidrimh amach anseo. Anuas air sin, déanfar suirbhéanna agus anailísí go tráthrialta chun bealaí a shainaithint lena bhféadfar feabhas a chur ar staidreamh talmhaíochta Eorpach agus ar laghdú ualaigh, trí dheireadh a chur le hathróga a bhfuil cóimheas costas-sochar lag ag baint leo mar shampla. Féadfar coigeartuithe a dhéanamh a bhuí leis an gcreat dlíthiúil nua atá níos solúbtha.
Déanfar, go háirithe, faireachán agus measúnú ar na coigeartuithe sin agus ar fheidhmiú foriomlán an chreata dhlíthiúil de réir na gcuspóirí straitéiseacha thuasluaite.
Tuarascálacha faireacháin tríbhliantúla
Tabharfar tuarascáil tráthrialta ar fheidhmiú an chórais ina iomláine gach trí bliana chun faireachán a dhéanamh ar CEST athchóirithe agus chun a áirithiú go gcuirfí i gcrích cuspóirí an chláir REFIT, mar atá simpliú agus laghdú ualaigh.
Meastóireacht
Déanfar meastóireacht shiarghabhálach ar CEST athchóirithe in ionad an dara tuarascáil faireacháin thríbhliantúil agus déanfar an mheastóireacht sin de réir treoirlínte meastóireachta an Choimisiúin. Féadfaidh an mheastóireacht sin a bheith mar bhonn do thuilleadh athbhreithnithe ar an reachtaíocht, má mheastar gur gá sin.
•Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá 19 nAirteagal agus cúig Iarscríbhinn sa Rialachán atá beartaithe.
Mar a leagtar amach in Airteagal 1, is é cuspóir an Rialacháin creat a chur ar bun le haghaidh an staidrimh talmhaíochta ar leibhéal na feirme aonair agus foráil a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis struchtúrach a chomhtháthú le faisnéis eile, amhail modhanna táirgthe, bearta forbartha tuaithe, gnéithe agra-chomhshaoil agus mar sin de. Tugtar tuairisc ar na príomhshainmhínithe in Airteagal 2. Tá tuairisc ar an raon feidhme agus ar an gcumhdach in Airteagal 3. Leis an togra, ceadaítear agus cuirtear chun cinn úsáid a bhaint as cineálacha nua bailithe sonraí agus as foinsí malartacha sonraí, lena náirítear sonraí riaracháin agus foinsí eile (Airteagal 4).
In Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7, déantar tagairt don staidreamh a chumhdaítear leis an Rialachán maidir le blianta agus tréimhsí tagartha ar leith (Airteagal 10). Tá sé beartaithe go dtabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na príomhairíonna a liostaítear in Iarscríbhinn III (Airteagal 5) a leasú, gníomhartha tarmligthe a bheidh srianta do chomhréireacht le cláir riaracháin, agus chun na topaicí mionsonraithe i gcomhair na modúl a liostaítear in Iarscríbhinn IV (Airteagal 8) a leasú d’fhonn na sonraí a bhailítear a chur in oiriúint do riachtanais na núsáideoirí amach anseo; agus freastal ar cheanglais shonracha úsáideoirí i suirbhéanna ad hoc (Airteagal 9).
Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh maidir le sonraíochtaí teicniúla a bhfuil gá leo i gcomhair na dtacar sonraí (Airteagal 8), agus na tuairiscithe ardcháilíochta (Airteagal 11). Tá na ceanglais a bhaineann le tuairisciú ardcháilíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 lena gcuirtear creat tagartha ar fáil agus lena gceanglaítear ar na Ballstáit na prionsabail staidrimh agus na critéir cháilíochta a shonraítear sa Rialachán sin a chomhlíonadh.
Ní mór na sonraí a tharchur faoi spriocdhátaí réamhshainithe (Airteagal 12).
Cuimsítear sa dréacht-rialachán na forálacha i gcomhair tacaíocht airgeadais do na Ballstáit (Airteagal 13 agus Airteagal 14) maidir le:
ceanglais sonraí a chomhlíonadh agus modheolaíochtaí a fhorbairt arb é is aidhm dóibh cáilíocht níos fearr nó costais níos ísle, nó iad araon, a áirithiú agus an tualach riaracháin i dtaca le bailiú agus táirgeadh staidrimh chomhtháite feirme a laghdú;
costas bailiúchán na sonraí;
bailiú na sonraí ad hoc.
Lena chois sin, sa Rialachán tá na forálacha is gá maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint (Airteagal 15) agus feidhmiú an tarmligin cumhachta (Airteagal 16).
Sna hAirteagail dheireanacha tagraítear don nós imeachta Coiste (Airteagal 17) agus d’aisghairm dhá Rialachán atá ann cheana a gcuirfear an Rialachán ina náit go hiomláin (Airteagal 18).
Sna cúig Iarscríbhinn leagtar amach an fhaisnéis mhionsonraithe maidir le comhéifeachtaí na naonad beostoic, liosta na dtairseacha fisiceacha, an liosta airíonna le haghaidh na bpríomhshonraí struchtúracha, na hairíonna le cumhdach sna modúil, agus na ceanglais a bhaineann le cruinneas.
2016/0389 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le staidreamh comhtháite feirme
agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 1337/2011
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle creat don staidreamh Eorpach maidir le struchtúr gabháltas talmhaíochta go dtí 2016. Ba cheart mar sin Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 a aisghairm.
(2)Clár na suirbhéanna Eorpacha ar struchtúr gabháltas talmhaíochta, atá á chur i gcrích san Aontas ó 1966 i leith, ba cheart leanúint de chun scrúdú a dhéanamh ar na treochtaí atá ann maidir le struchtúr gabháltas talmhaíochta ar leibhéal an Aontais agus chun an bonn eolais staidrimh is gá a sholáthar le haghaidh dearadh, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na beartais ghaolmhara, go háirithe an Comhbheartas Talmhaíochta agus na beartais maidir leis an gcomhshaol, le hoiriúnú don athrú aeráide agus le maolú ar an athrú aeráide.
(3)Tháinig de mheastóireacht idirnáisiúnta a rinneadh ar an staidreamh talmhaíochta gur cuireadh straitéis dhomhanda na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (EBT) ar bun chun an Staidreamh Talmhaíochta agus Tuaithe a fheabhsú, ar straitéis í a d'fhormhuinigh Coiste Staidrimh na Náisiún Aontaithe in 2010. Ba cheart don staidreamh talmhaíochta Eorpach, nuair is iomchuí, a bheith i gcomhréir le moltaí na Straitéise Domhanda chun an Staidreamh Talmhaíochta agus Tuaithe a fheabhsú agus i gcomhréir le moltaí Chlár Domhanda EBT maidir le Móráireamh Talmhaíochta 2020.
(4)Ba cheart clár suirbhéanna ilchuspóireach ar ghabháltais talmhaíochta a chur ar bun le haghaidh na ndeich mbliana atá amach romhainn ionas go mbeidh creat ann do staidreamh atá comhchuibhithe, inchomparáide agus comhleanúnach.
(5)An Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin, a bhunaigh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach i Samhain 2015, beartaítear inti dhá Chreat-Rialachán a ghlacadh lena gcumhdaítear gach gné den staidreamh talmhaíochta, cé is moite de na Cuntais Eacnamaíocha Talmhaíochta. An Rialachán seo maidir le staidreamh comhtháite feirme, tá sé ar cheann de na Creat-Rialacháin sin.
(6)Chun críocha chomhchuibhiú agus inchomparáideacht na faisnéise faoi struchtúr gabháltas talmhaíochta agus chun freastal ar na riachtanais reatha a leanann Comheagrú Aonair na Margaí agus go háirithe earnáil na dtorthaí agus an fhíona, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhtháthú leis an bhfaisnéis struchtúrach ar leibhéal na ngabháltas talmhaíochta ó 2023 amach. Ba cheart mar sin Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 a aisghairm.
(7)Tá tábhacht le staitisticí inchomparáide ó na Ballstáit go léir maidir le struchtúr gabháltas talmhaíochta agus forbairt an Chomhbheartais Talmhaíochta á cinneadh. Ba cheart, dá bhrí sin, aicmithe caighdeánacha agus sainmhínithe comhchoiteanna a úsáid a mhéid is féidir le haghaidh airíonna suirbhéireachta.
(8)Chun críocha na cláir bhunúsacha de ghabháltais talmhaíochta agus an fhaisnéis eile is gá le haghaidh srathú suirbhéanna samplacha a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart móráireamh gabháltas talmhaíochta a dhéanamh san Aontas gach deich mbliana ar a laghad. Rinneadh an móráireamh deireanach in 2009/2010.
(9)Ionas nach gcuirfear ualach gan ghá ar ghabháltais talmhaíochta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta, ba cheart tairseacha a leagan síos lena ndéanfar aonaid suirbhéireachta neamhábhartha a fhágáil ar lár ó na buneintitis a bhfuil staitisticí le bailiú i ndáil leo.
(10)Ba cheart na limistéir a úsáidtear le haghaidh táirgeadh talmhaíochta a chumhdach ina niomláine leis an staidreamh talmhaíochta, lena náirítear an talamh a mbaineann roinnt gabháltas talmhaíochta úsáid as ar an ábhar go bhfuil feidhm ag cearta coimín maidir leis.
(11)Chun an tualach ar fhreagróirí a laghdú, ba cheart rochtain a bheith ag na hInstitiúidí Staidrimh Náisiúnta agus ag údaráis náisiúnta eile ar shonraí riaracháin, a mhéid a bheidh gá leis na sonraí sin chun staitisticí Eorpacha a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.
(12)Chun críocha sholúbthacht an Chórais Eorpaigh um Staidreamh Talmhaíochta agus chun críocha simpliú agus nuachóiriú an staidrimh talmhaíochta, ba cheart na hathróga atá le bailiú a leithdháileadh ar ghrúpaí bailithe éagsúla (croí-shonraí agus modúil) arb éagsúil a minicíocht nó a nionadaíochas, nó an dá rud.
(13)Ba cheart bailiú faisnéise faoi chothaithigh agus uisce a úsáid agus faoi mhodhanna táirgthe talmhaíochta a fheabhsú chun staidreamh breise a sholáthar d’fhonn beartas agra-comhshaoil a fhorbairt agus chun cáilíocht na dtáscairí agra-comhshaoil a fheabhsú.
(14)Maidir le geoshuíomh gabháltas, is é an córas greille geografach Eorpach caighdeánach ba cheart a úsáid mar chomhchreat tagartha i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(15)Urramóidh an Coimisiún rúndacht na sonraí a tharchuirtear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart an chosaint rúndachta sonraí atá riachtanach a áirithiú trí úsáid na bparaiméadar suímh a theorannú do spásanailís faisnéise agus trí chomhiomlánú iomchuí a dhéanamh nuair a fhoilsítear staitisticí agus trí mhodhanna eile. Ar an ábhar sin, ba cheart forbairt a dhéanamh ar chur chuige comhchuibhithe i dtaca le cosaint na rúndachta agus le gnéithe cáilíochta le haghaidh scaipeadh sonraí.
(16)Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo, tá sí faoi réir Threoir 95/46/CE agus a forálacha náisiúnta cur chun feidhme, agus/nó faoi réir Rialachán 45/2001, de réir mar a bheidh.
(17)Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle aicmiú staidrimh na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach dá dtagraítear sa Rialachán seo chun críche an pobal ábhartha de ghabháltais talmhaíochta a shainiú.
(18)I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart aonaid chríche a shainiú i gcomhréir le haicmiú Ainmníocht na nAonad Críche um Staidreamh (NUTS).
(19)Ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit agus ar an Aontas araon cistiú a thabhairt in imeacht roinnt blianta chun an suirbhé a dhéanamh. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh do dheontas ón Aontas chun tacú leis an gclár suirbhéanna sin tríd an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(20)Bunaítear leis an Rialachán seo clúdach airgeadais ar feadh ré iomlán an chreata airgeadais ilbhliantúil lena mbaineann, arb ionann é agus príomhthagairt don údarás buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais. Déantar foráil sa Rialachán maidir leis an mbuiséad do shuirbhéanna eile a bhunú i gcomhthéacs an chreata airgeadais ina dhiaidh sin.
(21)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an staidreamh Eorpach ar ghabháltais talmhaíochta a tháirgeadh go córasach, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur féidir, de bharr na comhsheasmhachta agus na hinchomparáideachta, é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Aontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(22)Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cuirtear creat tagartha ar fáil don staidreamh Eorpach agus ceanglaítear ar na Ballstáit na prionsabail staidrimh agus na critéir cháilíochta a shonraítear sa Rialachán sin a chomhlíonadh. Tá tuarascálacha cáilíochta fíor-riachtanach chun cáilíocht an staidrimh Eorpaigh a mheasúnú, a fheabhsú agus cumarsáid a dhéanamh fúithi. Tá an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach tar éis caighdeán CSE (Córas Staidrimh Eorpach) do Struchtúr na dTuarascálacha Cáilíochta a fhormhuiniú i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Ba cheart go rannchuideodh an caighdeán sin leis an tuairisciú cáilíochta a dhéantar faoin Rialachán seo a chomhchuibhiú.
(23)Rinneadh measúnú tionchair i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais chun an clár suirbhéanna a bhunaítear leis an Rialachán seo a dhíriú ar an ngá atá le héifeachtacht maidir leis na cuspóirí a bhaint amach agus le srianta buiséid a chomhtháthú ó chéim deartha an chláir suirbhéanna ar aghaidh.
(24)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le tuairiscí ar na hairíonna a liostaítear in Iarscríbhinn III agus gnéithe teicniúla na sonraí atá le cur ar fáil a shonrú, maidir leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil ar bhonn ad hoc a shainiú agus maidir le modúlachtaí agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta a leagan amach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011.
(25)Chun na riachtanais le sonraí atá ag teacht chun cinn a chur san áireamh, ar riachtanais iad a eascraíonn go príomha as forbairtí nua sa talmhaíocht, as reachtaíocht athbhreithnithe agus as tosaíochtaí athraitheacha beartais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar na topaicí mionsonraithe a liostaítear in Iarscríbhinn IV. Chun foráil a dhéanamh maidir leis an gcomhoiriúnacht agus chun úsáid foinsí sonraí eile a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar na topaicí mionsonraithe a liostaítear in Iarscríbhinn III. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(26)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
(27)Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo creat maidir le staidreamh Eorpach ar leibhéal na ngabháltas talmhaíochta agus déantar foráil ann maidir le faisnéis faoin struchtúr a chomhtháthú le faisnéis faoi mhodhanna táirgthe, bearta forbartha tuaithe, gnéithe agra-chomhshaoil agus le faisnéis ghaolmhar eile.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)ciallaíonn “gabháltas talmhaíochta” (“feirm”) aonad, ar aonad aonair é ó thaobh na teicniúlachta agus na heacnamaíochta araon, ag a bhfuil aon lucht bainistíochta amháin agus a ghabhann gníomhaíochtaí eacnamaíocha i réimse na talmhaíochta air féin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 a bhaineann le grúpaí A.01.1, A.01.2, A.01.3, A.01.4, A.01.5 nó le “talamh talmhaíochta a chothabháil ar chaoi a fhágann dea-bhail air ó thaobh na talmhaíochta agus an chomhshaoil” de ghrúpa A.01.6 laistigh de chríoch eacnamaíochta an Aontais Eorpaigh, mar ghníomhaíocht phríomhúil nó mar ghníomhaíocht thánaisteach. Maidir le gníomhaíochtaí ghrúpa A.01.49, ní áirítear díobh sin ach na gníomhaíochtaí “Tógáil agus pórú ainmhithe leathcheansaithe nó ainmhithe beo eile” (cé is moite de thógáil feithidí) agus “Beachaireacht agus táirgeadh meala agus céire beach”;
(b)ciallaíonn “aonad talmhaíochta de thalamh coimín” eintiteas talún a bhfuil feidhm ag cearta coimín maidir leis agus a mbaineann roinnt gabháltas talmhaíochta úsáid as ar mhaithe le táirgeadh talmhaíochta ach nach bhfuil leithdháilte eatarthu;
(c)
ciallaíonn “réigiún” aonad críche d’Ainmníocht na nAonad Críche um Staidreamh (NUTS), a shainítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;
(d)
ciallaíonn “aonad beostoic” aonad caighdeánach tomhais lenar féidir na catagóirí éagsúla beostoic a chomhiomlánú chun gur féidir iad a chur i gcomparáid le chéile; liostaítear in Iarscríbhinn I na comhéifeachtaí lena socraítear na haonaid bheostoic i gcomhair catagóirí leithleacha beostoic.
(e)
ciallaíonn “bliain tagartha suirbhé” bliain féilire dá dtagraíonn na tréimhsí tagartha.
(f)
ciallaíonn “gairdín cistine” limistéir a úsáidtear le bia a tháirgeadh chun críche tomhaltas dílis.
Airteagal 3
Cumhdach
1.Cumhdóidh na sonraí a cheanglaítear a thabhairt leis an Rialachán seo 98 % den limistéar talmhaíochta iomlán a úsáidtear (LTU) (cé is moite de ghairdíní cistine) agus 98 % d’aonaid bheostoic an Bhallstáit.
2.Chun na ceanglais sin a chomhlíonadh, cuirfidh na Ballstáit ar fáil sonraí atá ionadaíoch ar na gabháltais talmhaíochta agus na haonaid talmhaíochta de thalamh coimín a shroicheann ceann amháin ar a laghad de na tairseacha fisiceacha a liostaítear in Iarscríbhinn II maidir le méid na talún talmhaíochta nó líon na nainmhithe.
3.Mar eisceacht, i gcás inarb ionann an príomhchreat suirbhéireachta a shonraítear faoi mhír 2 agus níos mó ná 98 % den táirgeadh náisiúnta talmhaíochta, arna tomhas sin de réir an aschuir chaighdeánaigh i gcomhréir le Rialachán tarmligthe (AE) Uimh. 1198/2014 ón gCoimisiún, féadfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh formheas roimh ré a fháil ón gCoimisiún, tairseacha fisiceacha atá níos airde, nó tairseacha eacnamaíocha comhfhreagracha, a leagan síos chun an creat suirbhéireachta a laghdú, ar choinníoll go gcumhdófar 98 % den limistéar talmhaíochta iomlán a úsáidtear (cé is moite de ghairdíní cistine) agus 98 % d’aonaid bheostoic an Bhallstáit.
4.I gcás nach ionann an príomhchreat suirbhéireachta a shonraítear faoi mhír 2 agus 98 % den limistéar talmhaíochta a úsáidtear agus 98 % de na haonaid bheostoic, leathnóidh na Ballstáit an creat trí thairseacha a leagan síos a bheidh níos ísle ná na tairseacha sin dá dtagraítear i mír 2, nó trí thairseacha breise a leagan síos, nó déanfaidh siad an dá rud sin.
Airteagal 4
Foinsí sonraí
1.Chun críche na sonraí dá dtagraítear sa Rialachán seo a fháil, déanfaidh na Ballstáit suirbhéanna staidrimh.
2.Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as faisnéis ón gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe (CCRR) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ón gcóras chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[] agus ón gcóras chun ainmhithe caorach agus gabhair a shainaithint agus a chlárú a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle, ón gclár fíonghort a cuireadh chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 145 de Rialachán (CE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ó chláir na feirmeoireachta orgánaí a bunaíodh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin ar aon cháilíocht, ar a laghad, leis an bhfaisnéis arna fáil ó shuirbhéanna staidrimh. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint freisin as foinsí riaracháin a bhaineann le bearta sonracha maidir le forbairt na tuaithe.
3.Beidh sé de cheart ag na Ballstáit úsáid a bhaint as foinsí faisnéise eile seachas iad sin a luaitear i mír 2 ar mhaithe le sonraí a chur ar fáil ar choinníoll gurb ionann cáilíocht dóibh, ar a laghad, agus don fhaisnéis a fhaightear ó shuirbhéanna staidrimh. Na Ballstáit sin a chinnfidh úsáid a bhaint as foinsí eile, cuirfidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas ina thaobh le linn na bliana roimh bhliain tagartha an tsuirbhé agus cuirfidh siad eolas ar fáil i ndáil le cáilíocht na sonraí arna bhfáil ón bhfoinse sin agus leis na modhanna bailithe sonraí atá le húsáid.
4.Na húdaráis náisiúnta atá freagrach as ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, beidh sé de cheart acu rochtain a fháil ar shonraí agus iad a úsáid, go pras agus saor in aisce, lena náirítear sonraí aonair ar ghabháltais talmhaíochta agus sonraí pearsanta ar a sealbhóirí atá le fáil i gcomhaid riaracháin a tiomsaíodh ina gcríocha náisiúnta de bhun Airteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta agus úinéirí na dtaifead riaracháin na sásraí comhair is gá a bhunú.
Airteagal 5
Croí-shonraí struchtúracha
1.Déanfaidh na Ballstáit na croí-shonraí struchtúracha (“croí-shonraí”) a bhaineann leis na gabháltais talmhaíochta dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 d’Airteagal 3 a bhailiú agus a chur ar fáil le haghaidh na mblianta tagartha suirbhé 2020, 2023 agus 2026, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III. Déanfar croí-shonraí na bliana tagartha suirbhé 2020 a bhailiú i bhfoirm móráirimh.
2.Féadfar croí-shonraí na mblianta tagartha suirbhé 2023 agus 2026 a bhailiú i bhfoirm suirbhéanna samplacha. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil torthaí ualaithe na suirbhéanna ionadaíoch ó thaobh staidrimh de i dtaca le gabháltais talmhaíochta laistigh de gach réigiún agus gur ceapadh iad d'fhonn na ceanglais bheachtais a leagtar amach in Iarscríbhinn V a chomhlíonadh.
3.I gcás ina bhfuil leitheadúlacht íseal nó leitheadúlacht nialasach i mBallstát ag airí a liostaítear in Iarscríbhinn III, féadfar an tairí sin a fhágáil ar lár ón mbailiú sonraí faoi réir an Ballstát faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún (Eurostat) i rith na bliana féilire roimh bhliain tagartha an tsuirbhé, ar faisnéis í a léireoidh údar cuí leis an airí a fhágáil ar lár.
4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun críche tuairiscí ar na hairíonna a liostaítear in Iarscríbhinn III a shonrú.
5.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2) tráth nach déanaí ná [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta cruinn theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo+6 mhí, nó an 31 Nollaig 2018, cibé acu is déanaí] le haghaidh na bliana tagartha suirbhé 2020, tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2021 le haghaidh na bliana tagartha suirbhé 2023, agus tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2024 le haghaidh na bliana tagartha suirbhé 2026.
6.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 a bhaineann le leasuithe ar an bhfaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn III i gcás go mbeadh gá léi chun comhchuibhiú a dhéanamh leis na foinsí sonraí a shonraítear in Airteagal 4(2) le haghaidh na mblianta 2023 agus 2026. Agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear gníomhartha tarmligthe den sórt sin in ionad na nairíonna sin a liostaítear in Iarscríbhinn III nach féidir a dhíorthú go díreach a thuilleadh ó na foinsí sonraí a shonraítear, agus ina nionad sin amháin. Ar a bharr sin, áiritheoidh sé nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach nó costas breise suntasach ar na Ballstáit ná ar na freagróirí, agus go n-athrófar uasmhéid 10 %, arna shlánú suas go dtí an tslánuimhir is gaire, de na hairíonna a liostaítear in Iarscríbhinn III.
7.Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin 30 Meán Fómhair 2021 le haghaidh na bliana tagartha suirbhé 2023 agus faoin 30 Meán Fómhair 2024 le haghaidh na bliana tagartha suirbhé 2026.
Airteagal 6
Leathnú an chreata
1.Na Ballstáit sin a leathnóidh an creat suirbhéireachta i gcomhréir le hAirteagal 3(4), cuirfidh siad croí-shonraí ar fáil ar na gabháltais talmhaíochta a áirítear mar chuid den leathnú creata le haghaidh na bliana tagartha suirbhé 2020, agus an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III á cumhdach acu.
2.Na sonraí ar na gabháltais talmhaíochta atá áirithe i leathnú an chreata, féadfar iad a bhailiú trí shuirbhéanna samplacha a dhéanamh. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil torthaí ualaithe na suirbhéanna ionadaíoch ó thaobh staidrimh de i dtaca le gabháltais talmhaíochta laistigh de gach réigiún agus gur ceapadh iad d'fhonn na ceanglais bheachtais a leagtar amach in Iarscríbhinn V a chomhlíonadh.
Airteagal 7
Sonraí modúlacha
1.Déanfaidh na Ballstáit na sonraí modúlacha (“modúil”) a bhailiú agus a chur ar fáil ar na topaicí agus na topaicí mionsonraithe a liostaítear in Iarscríbhinn IV le haghaidh na mblianta tagartha suirbhé seo a leanas:
(a) an modúl “Lucht saothair agus gníomhaíochtaí sochracha eile” le haghaidh 2020, 2023 agus 2026;
(b) an modúl “Forbairt tuaithe” le haghaidh 2020, 2023 agus 2026;
(c) an modúl “Tithíocht ainmhithe agus bainistiú ar aoileach” le haghaidh 2020 agus 2026;
(d) an modúl “Uisciú” le haghaidh 2023;
(e) an modúl “Cleachtais bainistithe ithreach” le haghaidh 2023;
(f) an modúl “Innealra agus trealamh ” le haghaidh 2023;
(g) an modúl “Úllord” le haghaidh 2023;
(h) an modúl “Fíonghort” le haghaidh 2026.
2.Áireofar i raon feidhme na mbailithe sonraí sin na gabháltais talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 3(3).
3.Féadfar na modúil sin a bhailiú trí shuirbhéanna samplacha a dhéanamh. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil torthaí ualaithe na suirbhéanna ionadaíoch ó thaobh staidrimh de i dtaca le gabháltais talmhaíochta laistigh de gach réigiún agus gur ceapadh iad d'fhonn na ceanglais bheachtais a leagtar amach in Iarscríbhinn V a chomhlíonadh.
4.Baileofar na modúil sin ó na foshamplaí de na gabháltais talmhaíochta ar a ndearnadh suirbhé i gcomhair na gcroí-shonraí le haghaidh na bliana tagartha céanna. Ar aon chaoi, beidh na croí-shonraí a liostaítear in Iarscríbhinn III ag gabháil le gach taifead ina dtugtar faisnéis faoi na modúil.
5.Na Ballstáit sin ar lú ná 1000 heicteár an limistéar iontu ina saothraítear aon cheann de na barra ar leith dá dtagraítear faoi thopaicí mionsonraithe an mhodúil “Úllord” in Iarscríbhinn IV, ar barra iad a shaothraítear go hiomlán nó go príomha don mhargadh, díolmhófar iad ón modúl “Úllord” a chur i bhfeidhm i gcás an bhairr áirithe sin.
6.Na Ballstáit sin ar lú ná 1000 heicteár iontu na fíonghoirt atá faoi fhíniúnacha fíonchaor, a shaothraítear go hiomlán nó go príomha don mhargadh, díolmhófar iad ón modúl “Fíonghort” a chur i bhfeidhm.
7.Na Ballstáit sin ar lú ná 2 % den LTU an limistéar inuiscithe iontu agus gan aon réigiún ar leibhéal NUTS 2 iontu inarb ionann agus 5 % den LTU, ar a laghad, an limistéar inuiscithe atá iontu siúd, díolmhófar iad ón modúl “Uisciú” a chur i bhfeidhm.
8.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas mar gheall ar chásanna a mbaineann mír 5, mír 6 nó mír 7 thuas leo faoi dheireadh mhí an Mheithimh den bhliain roimh bhliain tagartha an tsuirbhé lena mbaineann.
9.I gcás ina bhfuil leitheadúlacht íseal nó leitheadúlacht nialasach i mBallstát ag airí, féadfar an tairí sin a fhágáil ar lár ón mbailiú sonraí faoi réir an Ballstát faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún (Eurostat) i rith na bliana féilire roimh bhliain tagartha an tsuirbhé, ar faisnéis í a léireoidh údar cuí leis an airí a fhágáil ar lár.
Airteagal 8
Sonraíocht theicniúil maidir leis na sonraí modúlacha
1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun críche sonrú a dhéanamh ar ghnéithe teicniúla na sonraí a leanas atá le cur ar fáil le haghaidh gach modúil agus le haghaidh na topaice comhfhreagraí agus na topaice mionsonraithe comhfhreagraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV:
(a) liosta na nairíonna agus na haonaid tomhais chomhfhreagracha;
(b) tuairiscí ar na hairíonna.
2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2) tráth nach déanaí ná [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta cruinn theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo+6 mhí, nó an 31 Nollaig 2018, cibé acu is déanaí] le haghaidh na bliana tagartha suirbhé 2020, tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2021 le haghaidh na bliana tagartha suirbhé 2023, agus tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2024 le haghaidh na bliana tagartha suirbhé 2026.
3.I gcás na mblianta 2023 agus 2026, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun leasuithe a dhéanamh ar na topaicí mionsonraithe a liostaítear in Iarscríbhinn IV. Agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach nó costas breise suntasach ar na Ballstáit ná ar na freagróirí, agus go n-athrófar uasmhéid 25 %, arna shlánú suas go dtí an tslánuimhir is gaire, de na topaicí mionsonraithe a liostaítear in Iarscríbhinn IV i gcás gach modúil trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.
4.Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin 30 Meán Fómhair 2021 le haghaidh na bliana tagartha suirbhé 2023 agus faoin 30 Meán Fómhair 2024 le haghaidh na bliana tagartha suirbhé 2026.
Airteagal 9
Sonraí ad hoc
1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun críche sonrú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil ar bhonn ad hoc trí na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
(a) liosta airíonna nach bhfuil níos mó ná 40 athróg ann a bheidh le tarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) mar aon leis na haonaid tomhais chomhfhreagracha;
(b) tuairiscí ar na hairíonna;
(c) na ceanglais bheachtais;
(d) bliain tagartha an tsuirbhé;
(e) na tréimhsí tagartha;
(f) na foinsí féideartha sonraí agus gnéithe modheolaíochta eile;
(g) na dátaí tarchuir.
2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2) tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh thosach bhliain tagartha an tsuirbhé.
Airteagal 10
Tréimhsí tagartha
Bainfidh an fhaisnéis a bhaileofar le bliain tagartha amháin ar bliain choiteann í ag na Ballstáit uile trí thagairt a dhéanamh don staid le linn achar ama sonraithe mar leanas:
(a) Maidir le hairíonna a ghabhann le talamh feirmeoireachta: (i) bainfidh príomhúsáid na talún le bliain tagartha an tsuirbhé; (ii) socróidh gach Ballstát lá tagartha laistigh de bhliain tagartha an tsuirbhé chun dáileachtaí talún a shainaithint.
(b) Maidir le hairíonna a ghabhann le cleachtais uisciúcháin agus cleachtais bainistithe ithreach, is éard a bheidh sa tréimhse thagartha tréimhse 12 mhí a dtiocfaidh críoch léi laistigh de bhliain tagartha an tsuirbhé agus a shocróidh gach Ballstát ar chaoi a chumhdóidh na timthriallta táirgthe lena mbaineann.
(c) Maidir le hairíonna a ghabhann le beostoc, tithíocht ainmhithe agus bainistiú ar aoileach, socróidh gach Ballstát lá tagartha comónta laistigh de bhliain tagartha an tsuirbhé. Na hairíonna a ghabhann le bainistiú ar aoileach, bainfidh siad le tréimhse 12 mhí dar críoch an dáta sin.
(d) Maidir le hairíonna a ghabhann le lucht saothair, socróidh gach Ballstát tréimhse thagartha 12 mhí a dtiocfaidh críoch léi laistigh de bhliain tagartha an tsuirbhé.
(e) Maidir le hairíonna a ghabhann le bearta forbartha tuaithe a cuireadh chun feidhme ar na gabháltais talmhaíochta aonair, is éard a bheidh sa tréimhse thagartha tréimhse trí bliana dar críoch an 31 Nollaig de bhliain tagartha an tsuirbhé.
(f) Maidir leis na hairíonna eile ar fad, socróidh gach Ballstát lá tagartha comhchoiteann laistigh de bhliain tagartha an tsuirbhé.
Airteagal 11
Cáilíocht
1.Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí a tharchuirfear a áirithiú.
2.Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a shainítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
3.Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí a tharchuirfear a mheasúnú.
4.Chun na críche sin, tarchuirfidh na Ballstáit i gcás gach bliana tagartha suirbhé a chumhdaítear leis an Rialachán seo, tarchuirfidh siad tuarascáil cáilíochta ina mbeidh tuairisc ar an bpróiseas staitistiúil, lena náirítear go háirithe:
(a) na critéir cháilíochta dá dtagraítear i mír 2;
(b) na critéir iniaimh agus eisiaimh a cuireadh i bhfeidhm chun na ceanglais chumhdaigh a shonraítear sa Rialachán seo a chomhlíonadh;
(c) an teagar agus an mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm;
(d) creat samplála na suirbhéanna;
(e) na leibhéil bheachtais a baineadh amach i gcás na suirbhéanna samplacha;
(f) na tréimhsí tagartha i gcomhréir le hAirteagal 10;
(g) faisnéis faoi cháilíocht na bhfoinsí sonraí a úsáideadh cé is moite de shuirbhéanna staidrimh;
(h) faisnéis faoi bhailíochtú na sonraí a rinne an Ballstát sular chuir sé an tacar sonraí faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat).
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach rialacha mionsonraithe agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).
5.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas, a luaithe is féidir, faoi aon fhaisnéis ábhartha nó aon athrú ábhartha i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar cháilíocht na sonraí a tarchuireadh.
6.Arna iarraidh sin don Choimisiún (Eurostat), cuirfidh na Ballstáit faisnéis bhreise ar fáil dó atá riachtanach chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh.
Airteagal 12
Tarchur na sonraí agus na meiteashonraí
1.I gcás na bliana tagartha suirbhé 2020, déanfaidh na Ballstáit croí-shonraí bailíochtaithe agus sonraí modúlacha bailíochtaithe a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de 15 mhí roimh dheireadh bhliain tagartha an tsuirbhé.
2.I gcás na mblianta tagartha suirbhé 2023 agus 2026, déanfaidh na Ballstáit croí-shonraí bailíochtaithe, sonraí bailíochtaithe a bhaineann leis an modúl “lucht saothair agus gníomhaíochtaí sochracha eile” agus tuarascáil cáilíochta, déanfaidh siad iad a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de 9 mí roimh dheireadh bhliain tagartha an tsuirbhé. Déanfar sonraí a bhaineann le modúil eile agus meiteashonraí gaolmhara a tharchur laistigh de 12 mhí roimh dheireadh bhliain tagartha an tsuirbhé.
3.Is ar leibhéal na ngabháltas talmhaíochta aonair a bheidh na sonraí a tharchuirfear chuig an gCoimisiún. Déanfar na sonraí modúlacha agus na sonraí ad hoc a nascadh ar leibhéal na ngabháltas talmhaíochta aonair le haghaidh na bliana tagartha céanna leis na croí-shonraí a liostaítear in Iarscríbhinn III. Beidh na fachtóirí eachtarshuímh ar áireamh sna taifid a chuirfear ar fáil.
4.Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí a tharchur trí bhíthin formáid theicniúil arna sonrú ag an gCoimisiún (Eurostat). Cuirfear na sonraí agus na meiteashonraí ar fáil don Choimisiún (Eurostat) trí sheirbhísí an phointe iontrála aonair a úsáid.
Airteagal 13
Ranníocaíocht an Aontais
1.Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, féadfaidh an tAontas deontais a chur ar fáil do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus d'údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 223/2009 ar mhaithe leis na nithe seo a leanas:
(a)
ceanglais maidir le sonraí a fhorbairt nó a chur chun feidhme, nó an dá rud;
(b)
modheolaíochtaí a fhorbairt arb é is aidhm dóibh cáilíocht níos fearr a bhaint amach nó costais níos ísle agus ualach riaracháin níos lú i dtaca le bailiú agus táirgeadh staidrimh chomhtháite feirme a bhaint amach, nó an dá rud.
2.Féadfaidh na Ballstáit deontais a fháil ón Aontas chun na costais a chumhdach i gcás na mbailithe sonraí a shonraítear in Airteagal 5, in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 faoi raon feidhme an chlúdaigh airgeadais a shonraítear in Airteagal 14.
3.Ní sháróidh ranníocaíocht an Aontais 75 % de na costais atá incháilithe, faoi réir na nuasmhéideanna a shonraítear i mír 4 agus i mír 5.
4.I gcás costas na croí-shonraí agus na sonraí modúlacha araon a bhailiú do 2020, beidh ranníocaíocht an Aontais teoranta do na huasmhéideanna a shonraítear thíos:
(a) EUR 50 000 an ceann do Lucsamburg agus do Mhálta;
(b) EUR 1 000 000 an ceann don Ostair, don Chróit, d'Éirinn agus don Liotuáin;
(c) EUR 2 000 000 an ceann don Bhulgáir, don Ghearmáin, don Ungáir, don Phortaingéil agus don Ríocht Aontaithe;
(d) EUR 3 000 000 an ceann don Ghréig, don Spáinn agus don Fhrainc;
(e) EUR 4 000 000 an ceann don Iodáil, don Pholainn agus don Rómáin;
(f) EUR 300 000 an ceann do gach Ballstát eile.
5.I gcás bhailiú na croí-shonraí agus na sonraí modúlacha in 2023 agus 2026, déanfar an tuasmhéid a shonraítear i mír 4 a laghdú 50 %, faoi réir fhorálacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse i ndiaidh 2020.
6.I gcás bhailiú na sonraí ad hoc a shonraítear in Airteagal 9, féadfaidh an tAontas deontais a chur ar fáil do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus d'údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 223/2009 ar mhaithe leis an gcostas a chumhdach a ghabhann le bailiú sonraí ad hoc a chur chun feidhme. Ní rachaidh an ranníocaíocht airgeadais sin ón Aontas thar 90 % de na costais incháilithe.
7.Tá ranníocaíocht airgeadais an Aontais á cur ar fáil ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta faoi Airteagal 4(2), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.
Airteagal 14
Clúdach airgeadais
1.EUR 40 000 000 a bheidh i gclúdach airgeadais an Aontais don tréimhse 20182020, atá faoi chumhdach an chreata airgeadais ilbhliantúil 20142020, chun clár na mbailithe sonraí le haghaidh na bliana tagartha suirbhé 2020 a chur chun feidhme, lena náirítear na leithreasuithe is gá chun na córais bhunachar sonraí a bhainistiú, a chothabháil agus a fhorbairt a úsáidfear laistigh den Choimisiún chun sonraí a sholáthróidh na Ballstáit faoi fhorálacha an Rialacháin seo a phróiseáil.
2.Tar éis theacht i bhfeidhm an chreata airgeadais ilbhliantúil ó 2020 amach, socróidh an túdarás buiséadach agus reachtach, ar thogra ón gCoimisiún, an méid le haghaidh na tréimhse i ndiaidh 2020.
Airteagal 15
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
1.Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha comhsheasmhacha éifeachtacha agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2.Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir agus tríú páirtithe a fuair cistí Aontais, go díreach nó go hindíreach, faoin gClár.
3.Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann cistiú den sórt sin go díreach nó go hindíreach leo, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh arna chistiú, go díreach nó go hindíreach, faoi chuimsiú an Rialacháin seo.
4.Maidir le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe deontais agus le cinntí deontais a thiocfaidh as cur chun feidhme an Rialacháin seo, tabharfar an chumhacht go sainráite iontu don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair den sórt sin a dhéanamh.
5.I gcás ina ndéanfar cur chun feidhme gníomhaíochta ar leith a sheachfhoinsiú nó a fho-tharmligean, ina iomláine nó i bpáirt, nó gur gá conradh soláthair a dhámhachtain nó tacaíocht airgeadais a thabhairt do thríú páirtí ina leith, luafar sa chonradh, sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh deontais an oibleagáid atá ar an gconraitheoir nó ar an tairbhí ceangal a chur ar aon tríú páirtí lena mbaineann glacadh go follasach leis na cumhachtaí sin de chuid an Choimisiúin, na Cúirte Iniúchóirí agus OLAF.
6.Beidh feidhm ag mír 4 agus ag mír 5 gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3.
Airteagal 16
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(6) agus in Airteagal 8(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta cruinn theacht i bhfeidhm an Rialacháin].
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(6) agus in Airteagal 8(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(6) nó Airteagal 8(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 17
Nós imeachta coiste
1.Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 18
Aisghairm
1.Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1337/2011, le héifeacht ón 1 Eanáir 2022.
2.Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008, le héifeacht ón 1 Eanáir 2019.
3.Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
1.4.Cuspóirí
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhtháite Feirme lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta agus Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le Staidreamh Eorpach ar bharra buana
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB
3403 – Táirgeadh staitisticí Eorpacha
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
◻ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana
X Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Fónfaidh sonraí staidrimh atá comhchuibhithe agus inchomparáide maidir le struchtúr gabháltas talmhaíochta do thosaíocht 4 ("Margadh Inmheánach Níos Doimhne agus Níos Cothroime a bhfuil Bonn Tionsclaíoch Níos Láidre Aige") de dheich dtosaíocht an Choimisiúin, agus do na tosaíochtaí eile seo freisin, ar a laghad: 1 ("Borradh nua faoi Phoist, Fás agus Infheistíocht"), 3 ("Aontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach um an Athrú Aeráide") agus 9 ("Gníomhaí Domhanda Níos Láidre").
1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
Cuspóir sonrach Uimh.
Clár Oibre an Choimisiúin 2016 Tionscnamh REFIT Uimh. 26 – An Pacáiste Staidrimh
Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
3403 – Táirgeadh staitisticí Eorpacha
1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Is é aidhm an togra tuilleadh tacaíochta airgeadais a áirithiú le haghaidh na mBallstát ionas gur féidir leo sonraí a bhailiú maidir le struchtúr na ngabháltas talmhaíochta, tríd an gclúdach airgeadais don tréimhse 20192020 a shocrú, maille leis an deis é a shíneadh go 2028 ag brath ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua.
Leis na hathruithe atá ag teacht ar chúrsaí talmhaíochta ar fud an domhain – de thoradh cúinsí amhail an domhandú agus an tathrú aeráide – agus na hathruithe nach mór a dhéanamh dá réir sin ar an gComhbheartas Talmhaíochta agus ar bheartais eile de chuid an Aontais a bhaineann leis an talmhaíocht, tá riachtanais nua le sonraí, agus ina theannta sin, chun laghdú a dhéanamh ar neamhleanúnachas sonraí staidrimh talmhaíochta agus ar dhua an bhailithe sonraí, tá sé d'aidhm ag an tionscnamh reachtaíocht athnuaite a cheapadh maidir le staitisticí struchtúracha a bhailiú ar leibhéal na feirme. Teastaíonn sonraí ardcháilíochta inchomparáide le haghaidh na mBallstát uile chun gur féidir tosaíochtaí de chuid an Aontais amhail an Comhbheartas Talmhaíochta agus beartais ghaolmhara, dá leithdháiltear beagnach 40 % de bhuiséad iomlán an Aontais, a dhearadh agus a chur chun feidhme agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu.
Reachtaíocht riaracháin go príomha is ea an reachtaíocht staidrimh agus is ar úsáideoirí na sonraí (seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin), lucht táirgthe na sonraí (na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta), agus na freagróirí sonraí (na feirmeoirí) is mó a bhíonn tionchar aici, agus is beag tionchar díreach a bhíonn aici ar an ngeilleagar, ar an tsochaí ná ar an gcomhshaol. Is leis an oiriúnú do chórais nua staidrimh, eagrúcháin agus theicniúla a bhaineann na costais dhíreacha is mó i gcás na ngeallsealbhóirí, ach táthar ag súil leis go gcúiteofar na costais agus na hualaí sin idir an meántéarma agus an fadtéarma toisc gur lú an dua a bheidh ag baint le bailiú sonraí, go méadófar an éifeachtúlacht agus go sábhálfar airgead.
Táthar ag súil, faoin gcóras nua, go mbeidh an ranníocaíocht a dhéanfaidh an tAontas Eorpach ar son na mbailithe sonraí don staidreamh talmhaíochta náisiúnta, go mbeidh sí ar leibhéal atá inchurtha leis an gcaoi a bhfuil sí faoi láthair agus go mbeidh sciar inchurtha i gceist léi, agus ba cheart go mbeadh na caiteachais náisiúnta ar leibhéal a bheadh inchurtha leis an leibhéal atá ann faoi láthair. Tráth a bheidh siad curtha i gcrích, is féidir go bhfágfaidh gníomhaíochtaí laghdaithe ualaigh agus costais, mar aon leis an laghdú a bhfuiltear ag súil leis ar líon na ngabháltas talmhaíochta (de réir na dtreochtaí a fheictear), is féidir go bhfágfaidh siad go dtiocfaidh laghdú ar an riachtanas buiséid le haghaidh bailiú sonraí.
|
1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar
Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
Déanfar athbhreithniú ar an mbeartas trí mheasúnuithe bliantúla ar chomhlíonadh, trí mhalartuithe leanúnacha leis na geallsealbhóirí chun feabhas a chur ar an gCóras Eorpach um Staidreamh Talmhaíochta (CEST) agus trí thuarascálacha faireacháin tríbhliantúla a bhunófar ar roinnt príomhtháscairí agus spriocanna feidhmíochta.
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma
Cumhdófar na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha (móráireamh talmhaíochta 2020 agus suirbhéanna samplacha 2023 agus 2026) faoin Rialachán atá beartaithe, agus maoineofar i bpáirt iad faoin Rialachán céanna.
1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais Eorpaigh
Teastaíonn ipso facto sonraí ardcháilíochta atá inchomparáide i gcás na mBallstát uile i gcomhair beartais chomhchuibhithe an Aontais Eorpaigh ionas gur féidir na gníomhuithe beartais a spriocdhíriú ar bhealach éifeachtúil éifeachtach cothrom. Ní féidir é sin a áirithiú ach trí ghníomhaíocht chomhordaithe chomhpháirteach sa Chóras Staidrimh Eorpach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcás an bheartais seo dá dtugtar an leithdháileadh is mó ar fad ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh – beagnach 40 % d'iomlán an bhuiséid.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Tá na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha á ndéanamh ar fud an Aontais Eorpaigh ó bhí 1966/1967 ann agus is bunchloch de staidreamh talmhaíochta na hEorpa i gcónaí iad. Ach ní mór an bunús dlí leo a thabhairt cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thuasluaite agus chun leigheas a chur ar na fadhbanna ba mhó a sainaithníodh i meastóireacht ex post a rinneadh ar CEST mar atá sé faoi láthair. Sin iad:
1. An reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le staidreamh talmhaíochta, ní fhónann sí mar is ceart do na riachtanais le sonraí atá nua nó ag teacht chun cinn
2. Níl CEST sách solúbtha ná sách tapa ag fónamh do na riachtanais a thagann chun cinn
3. Ní sásúil a chomhchuibhithe agus a chomhleanúnaí atá na bailithe sonraí
4. D'fhéadfaí na staitisticí a tháirgeadh ar bhealach ní b'éifeachtúla
5. Táthar den tuairim go mbaineann dua mór le staitisticí a sholáthar
1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann
Cuid de straitéis Eurostat don staidreamh talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin is ea an Rialachán atá beartaithe. Tá sé beartaithe go mbeidh dhá chreatrialachán ag an straitéis sin: Staidreamh Comhtháite Feirme agus Staidreamh maidir le hIonchuir ag Aschuir Talmhaíochta. Bheadh raon feidhme coiteann comhtháite sa dá rialachán agus roinnfidís an doiciméadacht theicniúil agus mhodheolaíoch. Chumhdóidís in éineacht gach gné den straitéis maidir le staidreamh talmhaíochta.
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta
–X
Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm go dtí an 31/12/2028
–X
Tionchar airgeadais do na blianta 2019 agus 2020 (d'fhéadfadh an tionchar airgeadais síneadh amach go 2028 ag brath ar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile).
◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻ trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí poiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
Ní mór d'fhaighteoirí na ndeontas na sonraí a bailíodh agus na tuarascálacha cáilíochta a ghabhann leo a sholáthar.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.
Saincheisteanna a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le cáilíocht agus tráthúlacht sonraí.
2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.
An doiciméadacht theicniúil agus mhodheolaíoch agus na treoirlínte atá le cur chuig na Ballstáit roimh ré. Déanfar faireachán ar chomhlíonadh na spriocdhátaí. Grinnscrúdófar na tuarascálacha cáilíochta i gcás gach suirbhé.
2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.
Ní bheidh aon chostas breise ag baint leis na rialuithe ós oifigigh de chuid an Choimisiúin a chuirfidh i gcrích iad mar chuid dá ngnáthdhualgais. Is méadú ar cháilíocht agus ar inchomparáideacht sonraí an sochar a bhainfear as na rialuithe. Níltear ag súil ach le riosca beag earráide, óir tá bailiú sonraí don staidreamh talmhaíochta á dhéanamh i ndlúthchomhar leis na Ballstáit ó bhí na 1950í ann. D'fhéadfadh méadú beag a theacht sa ghearrthéarma ar an riosca earráide de thoradh córais theicniúla agus córais suirbhéireachta eile a bheith á gcur in oiriúint, ach táthar ag súil leis go dtitfidh an ráta riosca siar ar an meán idir an meántéarma agus an fadtéarma.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.
I dteannta na sásraí rialála uile a chur i bhfeidhm, déanfaidh Eurostat straitéis frithchalaoise a chur i bhfeidhm a bheidh i gcomhréir le gníomhaíochtaí frithchalaoise ginearálta an Choimisiúin. Áiritheofar ar an dóigh sin go mbeidh an cur chuige i leith bainistíocht riosca calaoise dírithe ar réimsí riosca calaoise agus ar fhreagairtí iomchuí a shainaithint. Cuirfear grúpaí líonraithe agus uirlisí sonracha TF atá tiomnaithe d'anailís ar chásanna calaoise ar bun nuair is gá.
Shainigh Eurostat straitéis rialaithe a ghabhann le cur chun feidhme an chaiteachais. Baineann na bearta agus na huirlisí sa straitéis sin go hiomlán leis an Rialachán atá beartaithe. Ach castacht a laghdú, nósanna imeachta faireacháin atá cost-éifeachtach a chur i bhfeidhm mar aon le rialuithe ex-ante agus ex-post a bheidh bunaithe ar riosca a sheoladh, laghdófar an dóchúlacht go dtarlóidh calaois agus cuideofar chun cosc a chur uirthi. Is cuid den straitéis rialaithe iad bearta sonracha múscailte feasachta agus oiliúint ábhartha maidir le calaois a chosc.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghascaiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir […]
[Ceannteideal………………………...……………]
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
2
|
05 08 02
"Suirbhéanna ar struchtúr gabháltas talmhaíochta"
|
LD
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
Línte nua buiséid atá á niarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir […]
[Ceannteideal………………………...……………]
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
Níl ceann ar bith
|
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
2
|
05 08 02 "Suirbhéanna ar struchtúr gabháltas talmhaíochta"
|
ArdStiúrthóireacht: AGRI
|
|
|
Bliain
2019
|
Bliain
2020
|
IOMLÁN
|
•Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid 05 08 02
|
Gealltanais
|
(1)
|
39,000
|
1,000
|
40,000
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
19,200
|
0,900
|
20,100
|
Uimhir na líne buiséid
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
AS AGRI
|
Gealltanais
|
=1+1a +3
|
39,000
|
1,000
|
40,000
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+2a
+3
|
19,200
|
0,900
|
20,100
|
•IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
39,000
|
1,000
|
40,000
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
19,200
|
0,900
|
20,100
|
•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 2
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
39,000
|
1,000
|
40,000
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
19,200
|
0,900
|
20,100
|
Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:
•IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
|
|
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:
|
5
|
"Caiteachas riaracháin"
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
ArdStiúrthóireacht: ESTAT 29 01
|
• Acmhainní daonna
|
0,549
|
0,549
|
1,098
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
0,045
|
0,030
|
0,075
|
IOMLÁN AS ESTAT
|
Leithreasuithe
|
0,594
|
0,579
|
1,173
|
IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
0,594
|
0,579
|
1,173
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
2019
|
2020
|
IOMLÁN
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
39,594
|
1,579
|
40,573
|
|
Íocaíochtaí
|
19,794
|
1,479
|
21,273
|
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–◻ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–X Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
2019
|
2020
|
|
|
ASCHUIR
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1...
|
|
– Aschur
|
Bunachar sonraí
|
|
|
0,600
|
|
1,000
|
|
1,600
|
– Aschur
|
Micreashonraí faoi ghabháltais talmhaíochta
|
|
|
38,400
|
|
0
|
|
38,400
|
Foiomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
39,000
|
|
1,000
|
|
40,000
|
COSTAS IOMLÁN
|
|
39,000
|
|
1,000
|
|
40,000
|
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.3.1.Achoimre
–◻ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–X
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0,549
|
0,549
|
1,098
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,045
|
0,030
|
0,075
|
Foiomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
0,594
|
0,579
|
1,173
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
|
|
|
Foiomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athimlonnaithe laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha
.
3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.
–X Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
2019
|
2020
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
29 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
4.1
|
4.1
|
XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)
|
|
|
XX 01 05 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
10 01 05 01 (Taighde díreach)
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)
|
|
|
XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)
|
|
|
XX 01 04 yy
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
- toscaireachtaí
|
|
|
XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)
|
|
|
10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
IOMLÁN
|
4.1
|
4.1
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a athimlonnófar laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
- bainistíocht ar dheontais a bhaineann leis an tionscnamh
- bailíochtú ar shonraí
- tacaíocht agus obair mhodheolaíoch
- anailís ar thuarascálacha
- sonraí a scaipeadh
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
–X
Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.
–◻ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.
Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
Níl gá le cineál ar bith
–◻ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
Níl gá le rud ar bith
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.
–Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–X Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
–◻ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻ ar acmhainní dílse
–◻ ar ioncam ilghnéitheach
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá "sannta", sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.
Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.