An Bhruiséil,30.11.2016

COM(2016) 778 final

2016/0384(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena dtabharfar cúnamh breise do Bhallstáit dá dteagmhaíonn tubaistí nádúrtha


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Cúiseanna agus cuspóirí an togra

Is díobhálach go deo an iarmhairt a d’fhág an talamhchrith a tharla le deireanas san Iodáil orthu siúd atá ina gcónaí sna réigiúin a buaileadh. Beidh obair mhór atógála le déanamh, go háirithe le caoi a chur ar oidhreacht chultúrtha na limistéar sin atá i gceist. Is den riachtanas go mbeadh an tAontas Eorpach in ann tacaíocht bhreise agus éifeachtach a sholáthar as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) do Bhallstát dá chuid agus do réigiún ar bith dá dteagmhaíonn mórthubaiste nádúrtha nó tubaiste réigiúnach, de bhreis ar a bhfuil ar fáil as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

D’fhonn an cúnamh breise sin a chur ar fáil do Bhallstáit dá dteagmhaíonn tubaistí nádúrtha, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an fhéidearthacht a thabhairt isteach ais ar leithligh tosaíochta a bheith ann i dtaca le hoibríochtaí atógála arna maoiniú ag an gCFRE mar chuid de chlár oibríochta. I bhfianaise chomh mór is a thig le hiarmhairt tubaiste nádúrtha a bheith, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an fhéidearthacht a thabhairt isteach oibríochtaí den chineál sin a mhaoiniú go hiomlán as an gCFRE agus gan aon ghá a bheith le cómhaoiniú náisiúnta. Is iad na hoibríochtaí is féidir a mhaoiniú faoi chuimsiú na haise tosaíochta ar leithligh seo cinn a bhaineann leis an atógáil a dhéantar de fhreagairt ar mhórthubaiste nádúrtha nó tubaiste nádúrtha réigiúnach mar a shainmhínítear sin i Rialachán (CE) 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

Ina theannta sin, tá forálacha sonracha beartaithe maidir le dáta tosaigh le haghaidh incháilitheachta caiteachais chun a áirithiú go mbeidh an caiteachas incháilithe le haghaidh aisíocaíochta ó dháta na tubaiste i leith.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann anois sa limistéar beartais

Tá an togra i gcomhréir leis an gcreat foriomlán dlíthiúil a bunaíodh le haghaidh chistí Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) agus níl de raon ag an togra ach leasú spriocdhírithe ar Rialachán (CE) 1303/2013. Is comhlánú é an togra ar an gcineál tacaíochta atá ar fáil de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Níl de raon ag an togra ach leasú spriocdhírithe ar Rialachán (CE) 1303/2013, agus tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá sé beartaithe mír bhreise a chur le hAirteagal 120 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ionas gur féidir ais ar leithligh tosaíochta a chruthú dar ráta cómhaoiniúcháin suas le 100% chun tacaíocht a thabhairt, faoi thosaíochtaí infheistíochta an CFRE, d’oibríochtaí arna roghnú ag údaráis bhainistíochta de fhreagairt ar mhórthubaiste nádúrtha nó tubaiste nádúrtha réigiúnach mar a shainmhínítear sin i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Ní mór Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú ionas gur féidir cúnamh breise a thabhairt do Bhallstáit dá dteagmhaíonn tubaistí nádúrtha, trí dheis maoiniúcháin ón CFRE dar ráta cómhaoiniúcháin suas le 100% a chur ar fáil d’oibríochtaí atógála as buiséad an Aontais Eorpaigh. Ní féidir an méid céanna sin a bhaint amach le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta.

Comhréireacht

Níl i gceist sa togra ach athrú teoranta agus spriocdhírithe nach faide raon dó ná a dteastaíonn chun cúnamh breise a chur ar fáil do Bhallstáit dá dteagmhaíonn tubaistí nádúrtha.

3.TORTHAÍ MEASTÓIREACHTA EX POST, COMHCHOMHAIRLE PHÁIRTÍ LEASMHARA AGUS MEASÚNACHTAÍ TIONCHAIR

••Seiceálacha meastóireachta/ oiriúnachta ex post na reachtaíochta reatha

N/B

••Comhairliúcháin geallsealbhóirí

N/B

••Bailiú agus úsáid saineolais

N/B

••Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair a chur i gcrích mar chuid den ullmhúchán do Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Ní theastaíonn measúnú tionchair ar leithligh i gcás an athraithe theoranta agus spriocdhírithe seo anseo.

Oiriúnacht Rialála agus simpliú

N/B

••    Cearta bunúsacha

N/B

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil d'oibleagáidí agus íocaíochtaí de réir mar atá siad leagtha síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013.

Tá sé laistigh de theorainneacha leithdháileadh foriomlán na tréimhse 2014-2020, rud a fhágann neodrach ó thaobh buiséid é. Tiocfaidh den ráta méadaithe cómhaoiniúcháin 100% go ndéanfar túsualú i bpáirt ar íocaíochtaí, mar aon le híocaíochtaí is ísle ná sin tráth is faide anonn, ó tharla an timchlúdach foriomlán gan athrú.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme an bhirt faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe ginearálta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

N/B

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Chun cúnamh breise a thabhairt do Bhallstáit dá dteagmhaíonn tubaistí nádúrtha, tá sé beartaithe i gcás an CFRE féidearthacht maidir le hais ar leithligh tosaíochta dar ráta cómhaoiniúcháin suas le 100% a thabhairt isteach arna cuimsiú faoi chlár oibríochta. Is iad na hoibríochtaí is féidir a chómhaoiniú faoi chuimsiú na haise ar leithligh tosaíochta seo cinn a bhaineann leis an atógáil a dhéantar de fhreagairt ar mhórthubaiste nádúrtha nó tubaiste nádúrtha réigiúnach mar a shainmhínítear sin i Rialachán 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

I dtaca le hoibríochtaí a dhéantar faoin ais tosaíochta ar leithligh seo, tá sé beartaithe an riail maidir le dáta tosaigh le haghaidh incháilitheachta caiteachais de thoradh leasaithe cláir a mhaolú. D’áiritheofaí leis sin gurbh fhéidir, ach an clár a leasú, aon chaiteachas a thabhófaí ó dháta na tubaiste i leith a dhearbhú le haghaidh aisíocaíochta.

Tá foráil sa togra freisin maidir le cás ina ndearbhaítear caiteachas i dtaca le bearta arna nglacadh ag Ballstát i ndiaidh na tubaiste, agus sula leasaítear an clár oibríochta, agus a aisíoctar de réir an ráta cómhaoiniúcháin a bhí i bhfeidhm ag an am. Cuirfear an ráta cómhaoiniúcháin is airde i bhfeidhm ansin trí pé leasú is gá a chur ar an gcéad iarratas eile ar íocaíocht, agus más iomchuí, ar na chéad chuntais eile, a luaithe a leasaítear an clár chun an ais tosaíochta ar leithligh a thabhairt san áireamh.

2016/0384 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena dtabharfar cúnamh breise do Bhallstáit dá dteagmhaíonn tubaistí nádúrtha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún 2 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Chun cúnamh breise a thabhairt do Bhallstáit dá dteagmhaíonn tubaistí nádúrtha, is ceart foráil a dhéanamh ionas gur féidir an fhéidearthacht a thabhairt isteach, faoi chuimsiú clár oibríochta, ais ar leithligh tosaíochta, ag a mbeidh ráta cómhaoiniúcháin suas le 100%, faoi thosaíochtaí infheistíochta Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh.1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 .

(2)Is iad na hoibríochtaí is féidir a chómhaoiniú faoi chuimsiú na haise ar leithligh tosaíochta seo cinn a bhaineann leis an atógáil a dhéantar de fhreagairt ar mhórthubaiste nádúrtha nó tubaiste nádúrtha réigiúnach mar a shainmhínítear sin i Rialachán 2012/2002 4 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

(3)I dtaca le hoibríochtaí faoi chuimsiú na haise ar leithligh tosaíochta do thubaistí nádúrtha, is ceart maolú a thabhairt isteach ar na rialacha ginearálta maidir leis an dáta tosaigh incháilitheachta do chaiteachas is incháilithe de bharr leasú ar chlár, d’fhonn a áirithiú go mbeidh ann an fhéidearthacht cómhaoiniú a dhéanamh ar bhearta arna nglacadh ag Ballstát i ndiaidh na tubaiste, agus sula leasaítear an clár oibríochta.

(4)Ionas gurb incháilithe do gach caiteachas a thabhófar agus a íocfar ó dháta na tubaiste nádúrtha i leith, fiú más roimh theacht i bhfeidhm don Rialachán seo don dáta sin, ba cheart éifeacht chúlghabhálach a thabhairt don fhoráil chomhfhreagrach maidir leis an dáta tosaigh incháilitheachta do chaiteachas na dtairbhithe.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear isteach an mhír seo a leanas in Airteagal 120  de Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013:

'8. Féadfar ais ar leithligh tosaíochta lena mbaineann ráta cómhaoinithe suas le 100 % a bhunú faoi chuimsiú cláir oibríochtúil chun tacú le hoibríochtaí a shásaíonn na coinníollacha seo a leanas:

a) tá na hoibríochtaí roghnaithe ag na húdaráis bhainistíochta de fhreagairt ar mhórthubaiste nádúrtha nó tubaiste nádúrtha réigiúnach mar a shainmhínítear sin i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle;

b) is í an atógáil de fhreagairt ar an tubaiste nádúrtha is aidhm do na hoibríochtaí; agus

c) tá tacaíocht á fáil ag na hoibríochtaí faoi cheann de thosaíochtaí infheistíochta an CFRE.

De mhaolú ar Airteagal 65(9), beidh gach caiteachas dá mbaineann le hoibríochtaí de chuid na haise tosaíochta seo incháilithe ón dáta ar tharla an tubaiste nádúrtha.

Maidir le caiteachas a bhaineann leis na hoibríochtaí dá dtagraítear sa chéad fho-mhír, i gcás ina náirítear sin in iarratas ar íocaíocht arna cur chuig an gCoimisiún roimh bhunú na haise ar leithligh tosaíochta, déanfaidh an Ballstát pé leasú is gá ar an gcéad iarratas eile ar íocaíocht, agus más iomchuí, ar na chéad chuntais eile a thíolacfar tar éis leasú an chláir.’

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2014 amach.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta áirithe chun cúnamh breise a thabhairt do Bhallstáit dá dteagmhaíonn tubaistí nádúrtha.

2.CREAT ABM/ABB

Réimse/réimsí beartais lena mbaineann agus aon Ghníomhaíocht ghaolmhar/Ghníomhaíochtaí ghaolmhara:

Beartas Réigiúnach; Gníomhaíocht ABB 13.03

3.LÍNTE BUISÉID

3.1.Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B.A.)):

Cuirfear an ghníomhaíocht nua atá beartaithe chun feidhme de réir na línte buiséid seo a leanas:

13.036000 Réigiúin bheagfhorbartha (CFRE)

13.036100 Réigiúin trasdula (CFRE)

13.036200 Réigiúin níos forbartha (CFRE)

13.036300 Leithdháileadh breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí agus is lú daonra (CFRE)

13.036401 An Comhar Críochach Eorpach (CFRE)

3.2.Fad thréimhse an ghnímh agus an tionchair airgeadais:

Ní sháraíonn sé teorainneacha leithdháileadh foriomlán na tréimhse 2014-2020, rud a fhágann neodrach ó thaobh buiséid é. Tiocfaidh den ráta méadaithe cómhaoiniúcháin 100% go ndéanfar túsualú i bpáirt ar íocaíochtaí, mar aon le híocaíochtaí is ísle ná sin tráth is faide anonn, ó tharla an timchlúdach foriomlán gan athrú. Glactar leis gur ar feadh trí bliana a mhairfeadh tionchar an túsualaithe seo (2017-2019).


3.3.    Saintréithe buiséadacha:

Líne buiséid

An saghas caiteachais

Nua

Ranníocaíocht CSTE

Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí

Ceannteideal sa pheirspictíocht airgeadais

13.036000

Neamhéigeantach

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

Níl 1b

13.036100

Neamhéigeantach

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

Níl 1b

13.036200

Neamhéigeantach

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

Níl 1b

13.036300

Neamhéigeantach

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

Níl 1b

13.036401

Neamhéigeantach

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

Níl 1b

4.ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ

4.1.Acmhainní Airgeadais

4.1.1.Achoimre ar na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

Léirítear sna táblaí seo a leanas an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta atá beartaithe sna blianta 2017–2019. Ós rud é nach bhfuil aon acmhainní nua airgeadais beartaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí, níor cuireadh aon fhigiúirí isteach sna táblaí; na litreacha N/B (neamhbhainteach) a cuireadh isteach. Fágann sin go luíonn an togra leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2014-2020.

Maidir le híocaíochtaí, thiocfadh den togra go ndéanfaí aisíocaíocht níos airde leis na Ballstáit lena mbaineann. Bunaithe ar chostas iomlán an damáiste a tharla de bharr tubaistí nádúrtha dár tugadh cúnamh as an gCiste Dlúthpháirtíochta ó 2014 i leith, agus arna ghlacadh leis gur ráta breise cómhaoiniúcháin meánach 25% atá i gceist, d’fhéadfaí a mheas gur thart ar 1.6bn, don tréimhse 2017-2019, a bheidh sna híocaíochtaí breise.

D'fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú ar an úsáid a bhainfear as leithreasuithe íocaíochta i dtaca leis na cláir atá i gceist, rud a chúiteofaí trí dheireadh a chur leis an gclár ionas go bhfágfaí an togra neodrach ó thaobh buiséid de. Tá iomlán na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí don tréimhse cláraithe iomlán gan athrú.

Bunaithe ar na meastacháin reatha arna dtíolacadh ag na Ballstáit i dtaca le híocaíochtaí don bhliain 2017 faoi Cheannteideal 1b, meastar go bhféadfaí a thionchar sin a chuimsiú faoi bhuiséad formheasta foriomlán na bliana 2017. Caithfear sin a thabhairt san áireamh agus buiséid na bliana 2018 agus na bliana 2019 á ndréachtú laistigh de theorainneacha na bhforálacha atá sna creataí airgeadais ilbhliantúla (CAI).

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

An saghas caiteachais

Uimh. na coda

Bliain n

n + 1

n + 2

n + 3

n + 4

n + 5 agus níos déanaí

Iomlán

Caiteachas oibríochtúil 5  

Leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí (LO)

8.1

a

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

b

N/B

+548

+548

+548

N/B

-1644

0.

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha 6

Cúnamh teicniúil agus riaracháin (LN)

8.2.4.

c

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí

a+c

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

b+c

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

0,000

Caiteachas riaracháin nach náirítear sa mhéid tagartha 7

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN)

8.2.5.

d

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Costais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach náirítear sa mhéid tagartha (LN)

8.2.6.

e

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Costas táscach iomlán ar an idirghabháil i dtéarmaí airgeadais

IOMLÁN LO agus costas na nacmhainní daonna san áireamh

a+c+d+e

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

IOMLÁN LÍ agus costas na nacmhainní daonna san áireamh

b+c+d+e

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Sonraí an Chómhaoinithe

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

An comhlacht cómhaoinithe

Bliain n

n + 1

n + 2

n + 3

n + 4

n + 5 agus níos déanaí

Iomlán

……………………

f

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

IOMLÁN LO lena náirítear cómhaoiniú

a+c+d+e+f

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

4.1.2.Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

Tá an togra comhoiriúnach don chlárú airgeadais atá ann cheana.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa pheirspictíocht airgeadais ag gabháil leis an togra seo.

   Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh 8 a chur i bhfeidhm (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3.Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

   Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

   Tá tionchar airgeadais ag an togra seo – is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

Roimh
ghníomhaíocht

[Bliain n1]

Staid tar éis na gníomhaíochta

Líne buiséid

Ioncam

[Bliain n]

[n+1]

[n+2]

[n+3]

[n+4]

[n+5] 9

a) Ioncam mar ghlanfhigiúr

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

b) Athrú ar ioncam

Δ

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

(Sonraigh gach líne buiséid ioncaim atá i gceist, ag cur na sraitheanna breise is gá leis an tábla má tá tionchar ar níos mó ná líne buiséid amháin.)

4.2.Acmhainní daonna FTE (lena náirítear oifigigh, foireann shealadach agus foireann sheachtrach) – féach na sonraí faoi phointe 8.2.1.

Riachtanais bhliantúla

Bliain n

n + 1

n + 2

n + 3

n + 4

n + 5 agus níos déanaí

Líon iomlán na nacmhainní daonna

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

5.SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1.An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is díobhálach go deo an iarmhairt a d’fhág an talamhchrith a tharla le deireanas san Iodáil orthu siúd atá ina gcónaí sna réigiúin a buaileadh. Beidh mórobair atógála le déanamh, go háirithe le caoi a chur ar an oidhreacht chultúrtha. Is den riachtanas go mbeadh an tAontas Eorpach in ann tacaíocht bhreise agus éifeachtach a sholáthar as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) do Bhallstát dá cuid dá dteagmhaíonn mórthubaiste nádúrtha nó tubaiste réigiúnach, de bhreis ar a bhfuil ar fáil as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

5.2.An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Leis an togra seo, beifear in ann leanúint de chur i ngníomh na gclár, airgead a chur sa gheilleagar, agus an tualach a thiteann ar an gcaiteachas poiblí sna Ballstáit sin dá dteagmhaíonn tubaistí nádúrtha a laghdú.

5.3.Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí (ABM)

Is é an cuspóir atá ann cúnamh breise a thabhairt do Bhallstáit dá dteagmhaíonn tubaistí nádúrtha, de bhreis ar a bhfuil ar fáil ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

5.4.Modhanna cur chun feidhme (táscach)

Sonraigh thíos an modh/na modhanna a roghnaíodh chun an gníomh a chur chun feidhme.

Leis na Ballstáit

6.FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

6.1.Córas Faireacháin

Ní theastaíonn sé ós rud é go gcuimsítear é faoin gcóras faireacháin a bunaíodh do na Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

6.2.Meastóireacht

6.2.1.Meastóireacht ex ante

N/B

6.2.2.Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo)

N/B

6.2.3.Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

N/B

7.BEARTA FRITHCHALAOISE

N.B.

8.SONRAÍ NA nACMHAINNÍ

8.1.Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

(Ba cheart ceannteidil na gcuspóirí, na ngníomhaíochtaí agus na naschur a sholáthar)

An saghas aschuir

Meánchostas

Bliain n

Bliain n+1

Bliain n+2

Bliain n+3

Bliain n+4

Bliain n + 5 agus níos déanaí

IOMLÁN

Líon na naschur

Costas iomlán

Líon na naschur

Costas iomlán

Líon na naschur

Costas iomlán

Líon na naschur

Costas iomlán

Líon na naschur

Costas iomlán

Líon na naschur

Costas iomlán

Líon na naschur

Costas iomlán

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh. 1 Leanúint ar aghaidh ag cur na gclár oibríochtúil chun feidhme

0,000

0,000

0,000

COSTAS IOMLÁN

0,000

0,000

0,000

8.2.Caiteachas Riaracháin

8.2.1.Líon agus saghas na nacmhainní daonna

Saghsanna na bpost

Na baill foirne sin a mbeidh sé de chúram orthu an ghníomhaíocht a bhainistiú le hacmhainní ar ann dóibh cheana agus/nó le hacmhainní breise (an líon post/FTE)

Bliain n

Bliain n+1

Bliain n+2

Bliain n+3

Bliain n+4

Bliain n+5

Oifigigh nó foireann shealadach (XX 01 01)

A*/AD

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

B*, C*/AST

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Foireann eile arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 04/05

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

IOMLÁN

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

8.2.2.Tuairisc ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

N/B

8.2.3.Foinsí na nacmhainní daonna (reachtúla)

(Nuair a luaitear níos mó ná foinse amháin, sonraigh an líon post a thagann as gach foinse)

   Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistiú an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh

   Poist leithdháilte roimh ré laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

   Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

   Poist a athimlonnófar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís bhainistíochta (athimlonnú inmheánach)

   Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

8.2.4.Caiteachas eile Riaracháin a áirítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid

(uimhir agus ceannteideal)

Bliain n

Bliain n+1

Bliain n+2

Bliain n+3

Bliain n+4

Bliain n+5

agus níos déanaí

IOMLÁN

1    Cúnamh teicniúil agus riaracháin (lena náirítear costais a bhaineann le foireann)

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

- intra muros 

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

- extra muros

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

8.2.5.Costas airgeadais na nacmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach náirítear sa mhéid tagartha

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas na nacmhainní daonna

Bliain n

Bliain n+1

Bliain n+2

Bliain n+3

Bliain n+4

Bliain n+5

agus níos déanaí

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01)

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.)

(sonraigh an líne buiséid)

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH náirítear sa mhéid tagartha)

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Ríomh– Oifigigh agus gníomhairí sealadacha

8.2.6.Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach náirítear sa mhéid tagartha

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain n

Bliain n+1

Bliain n+2

Bliain n+3

Bliain n+4

Bliain n+5

agus níos déanaí

IOMLÁN

XX 01 02 11 01 – Misin

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

XX 01 02 11 03 – Coistí

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus comhairliúcháin

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

XX 01 02 11 05 – Córais faisnéise

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

2    Caiteachas iomlán eile bainistíochta (XX 01 02 11)

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

3    Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid)

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH náirítear sa mhéid tagartha)

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Ríomh - Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach náirítear sa mhéid thagartha

(1) IO C , , Lch. .
(2) IO C , , Lch. .
(3) Rialachán (AE) Uimh.1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha i ndáil le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, Lch. 289).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, Lch. 3).
(5) Caiteachas nach gcuimsítear faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann
(6) Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.
(7) Caiteachas laistigh de Chaibidil xx 01, seachas Airteagail xx 01 04 agus xx 01 05.
(8) Féach pointe 19 agus pointe 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.
(9) Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá i.e. má théann tréimhse an ghnímh thar 6 bliana