An Bhruiséil,13.7.2016

COM(2016) 467 final

2016/0224(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n
x001e
aisghairtear Treoir 2013/32/AE


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

An comhthéacs agus na cúiseanna atá leis an togra

Tá an tAontas Eorpach ag obair i dtreo beartais imirce AE atá comhtháite, inbhuanaithe agus iomlánaíoch agus atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus ar chomhroinnt chothrom freagrachtaí agus atá ábalta feidhmiú go héifeachtach in amanna suaimhnis agus in amanna géarcheime araon. Ó glacadh leis an gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 1 , tá an Coimisiún Eorpach ag obair chun bearta a chur i bhfeidhm d'fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin láithreacha agus fadtéarma araon a bhaineann le sreabha imirce a bhainistiú go héifeachtach agus go cuimsitheach.

Tá an Comhchóras Eorpach Tearmainn bunaithe ar rialacha a chinneann cén Ballstát atá freagrach as iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (lena náirítear bunachar sonraí méarlorg tearmainn), caighdeáin choitinne do nósanna imeachta tearmainn, coinníollacha glactha, aitheantas agus cosaint do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta. Ina theannta sin, tacaíonn Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn le Ballstáit chun an Comhchóras Eorpach Tearmainn a chur i bhfeidhm.

D'ainneoin an dul chun cinn shuntasaigh a rinneadh san fhorbairt ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn, tá difríochtaí suntasacha fós idir na Ballstáit i dtaca leis na cineálacha nósanna imeachta a úsáidtear, na coinníollacha glactha a thugtar d'iarratasóirí, na rátaí aitheantais agus cineál na cosanta a bhronntar ar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta. Cuireann na héagothromaíochtaí seo le gluaiseachtaí tánaisteacha agus le siopadóireacht tearmainn, cruthaíonn siad tosca tarraingthe agus, ar deireadh, is é an toradh a bhíonn leo leithdháileadh míchothrom i measc na mBallstát ar an bhfreagracht as cosaint a thairiscint dóibh siúd atá i ngátar.

Tá sé léirithe le líon mór na ndaoine a tháinig isteach le déanaí go bhfuil gá ag an Eoraip le córas tearmainn éifeachtach agus éifeachtúil atá ábalta a áirithiú go mbeidh comhroinnt chothrom agus inbhuanaithe ann den fhreagracht idir na Ballstáit, as coinníollacha glactha leordhóthanacha agus cuibhiúla a sholáthar ar fud AE, éilimh ar thearmann a thaisctear in AE a phróiseáil go tapa agus go héifeachtach, agus cáilíocht na gcinntí a dhéantar a áirithiú sa chaoi is go bhfaigheann na daoine sin a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu an chosaint sin go héifeachtach. Ag an am céanna, ní mór d'AE aghaidh a thabhairt ar ghluaiseachtaí neamhrialta agus contúirteacha agus deireadh a chur le samhail ghnó smuigléirí. Chuige sin, ní mór, ar thaobh amháin, déileáil go tapa le hiarratais ar thearmann ó na daoine sin nach bhfuil i dteideal cosaint idirnáisiúnta a fháil, agus ní mór ansin na himircigh sin a chur ar ais go tapa. Ar an taobh eile, ní mór bealaí sábháilte agus dleathacha chuig AE a oscailt dóibh siúd ó thríú tíortha a bhfuil cosaint de dhíth orthu. Is cuid é freisin de chomhpháirtíocht níos forleithne leis na tíortha tosaíochta tionscnaimh agus idirthurais.

An 6 Aibreán 2016, leag an Coimisiún amach a thosaíochtaí d'athchóiriú struchtúrach ar chreat tearmainn agus imirce na hEorpa ina Theachtaireacht 'I dtreo athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn agus bealaí dlíthiúla chuig an Eoraip a fheabhsú' 2 , ina leagtar amach na bearta éagsúla le déanamh i dtreo beartas tearmainn Eorpach a bheadh níos daonnúla, níos cothroime agus níos éifeachtúla chomh maith le beartas imirce dleathaí ar a ndéanfaí bainistíocht níos fearr.

An 4 Bealtaine 2016, chuir an Coimisiún an chéad tsraith de thograí i láthair chun athchóiriú a dhéanamh ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn lena chomhlíontar na trí thosaíocht a ainmníodh ina Theachtaireacht: córas Bhaile Átha Cliath inbhuanaithe agus cothrom a bhunú chun a Chinneadh cén Ballstát atá freagrach as iarratais ar thearmainn a scrúdú 3 , córas Eurodac a threisiú chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar ghluaiseachtaí tánaisteacha agus chun cuidiú leis an troid i gcoinne na himirce neamhrialta 4 agus fíorGhníomhaireacht Eorpach um Thearmann a bhunú chun dea-fheidhmiú chóras tearmainn na hEorpa a áirithiú 5 . B'iad na tograí seo na bloic thógála tosaigh chun an Comhchóras Eorpach Tearmainn athchóiriú.

Leis an dara pacáiste, tá an Coimisiún ag cur athchóiriú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn i gcrích trí cheithre thogra breise a ghlacadh: togra a ghabhann ionad na Treorach maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn le Rialachán 6 , lena gcomhchuibhítear na socruithe nós imeachta éagsúla atá ann faoi láthair sna Ballstáit uile agus lena gcruthaítear nós imeachta fíorchoiteann; togra lena ngabhtar ionad na Treorach maidir le Cáilitheacht 7 le Rialachán 8 agus lena leagtar amach caighdeáin aonfhoirmeacha d'aitheantas ar dhaoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu agus na cearta a bhronntar ar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta chomh maith le togra lena leasaítear an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha 9 chun tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh ar choinníollacha glactha in AE, ionchais imeasctha iarratasóirí a mhéadú agus gluaiseachtaí tánaisteacha a laghdú. Mar chríoch, ag leanúint ar an tiomantas do bhealaí dleathacha chuig AE a fheabhsú, mar a fógraíodh an 6 Aibreán 2016, tá an Coimisiún ag moladh freisin go mbeadh creat athlonnaithe struchtúrtha de chuid an Aontais ann, ag gluaiseacht i dtreo cur chuige níos bainistithe i leith na cosanta idirnáisiúnta laistigh d'AE, ag áirithiú go mbíonn bealaí ordúla agus sábhailte chuig AE ann do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, agus é mar aidhm aige na dreasachtaí do dhaoine ag teacht isteach go neamhrialta 10 .

Tá na tograí seo ina gcuid fhíorriachtanach den athchóiriú cuimsitheach ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn agus tá dlúthnasc eatarthu. Leis an dara céim seo de thograí reachtúla a dhéanann athchóiriú ar acquis an tearmainn, tá na gnéithe uile de Chomhchóras Eorpach Tearmainn daingean, soiléir agus comhtháite, bunaithe ar rialacha coiteanna, comhchuibhithe atá éifeachtach agus cosantach freisin, agus iad ag teacht go hiomlán le Coinbhinsiún na Ginéive, ar an tábla anois.

Tá an Comhchóras Eorpach Tearmainn atá á fhorbairt níos mó againn éifeachtach agus cosantach freisin agus tá sé ceaptha le háirithiú go mbíonn coinbhéirseacht iomlán ann idir na córais tearmainn náisiúnta, leis na dreasachtaí do ghluaiseachtaí tánaisteacha a laghdú, le muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a threisiú agus cuidiú ar an iomlán le córas Bhaile Átha Cliath atá ag feidhmiú go maith.

Ráthaítear leis, cibé áit a bhfuil siad in AE, go gcaitear le hiarrthóirí tearmainn ar bhealach cothrom agus iomchuí. Tá foráil ann do na huirlisí atá de dhíth chun a áirithiú go mbíonn sainaithint thapa ar dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu le fírinne agus go gcuirtear ar ais na daoine sin nach bhfuil riachtanais cosanta acu. Tá flaithiúlacht ann do na daoine is leochailí agus tá déine ann i dtaca le míúsáid ionchasach, agus meas i gcónaí ar chearta bhunúsacha. Ar deireadh, tá an comhchóras costéifeachtach agus solúbtha a dhóthain le cur in oiriúint do na dúshláin chasta atá ag na Ballstáit sa limistéar seo.

Cuspóirí an togra seo

Is éard is aidhm leis an togra seo nós imeachta atá coiteann i bhfírinne a bhunú le haghaidh cosaint idirnáisiúnta atá éifeachtúil, cóir agus cothrom. Trí fhoirm Rialacháin a roghnú, atá infheidhme go díreach sna Ballstáit uile, agus trí ghnéithe rogha a bhaint, agus trí socruithe nós imeachta a shimpliú, a athchóiriú agus a chomhdhlúthú, féachtar leis an togra le leibhéal níos airde comhchuibhithe agus aonfhoirme níos mó a bhaint amach i dtorthaí nósanna imeachta tearmainn ar fud na mBallstát uile, agus ar an gcaoi sin dreasachtaí a bhaint ó shiopadóireacht tearmainn agus gluaiseachtaí tánaisteacha idir na Ballstáit.

Leis an togra, cuirtear an cuspóir chun cinn go mbeidh cinnteoireacht thapa ach ardchaighdeáin ann ag céimeanna uile an nós imeachta. Cuirtear de cheangal ar na Ballstáit leis infheistiú a dhéanamh ina gcórais tearmainn amhail ó chéimeanna riaracháin an nós imeachta, ag soláthar na nacmhainní is gá d'údaráis inniúla chun cinntí tapa ach daingne a dhéanamh, sa chaoi is go bhfaigheann daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu aitheantas ar a stádas go tapa agus go gcuirtear ar ais go tapa na daoine sin nach bhfuil cosaint de dhíth orthu. Is chun leasa na niarratasóirí é próiseas cinnteoireachta tapa agus éifeachtach, a chuireann ar a gcumas soiléire a fháil i dtaca lena stádas dlíthiúil, agus is chun leasa na mBallstáit freisin é, toisc go mbíonn sábháil sna costais glactha agus riaracháin dá bharr.

Ciallaíonn nós imeachta cóir agus éifeachtúil atá coiteann ar fud an Aontais na nithe seo a leanas:

Nósanna imeachta níos simplí, níos soiléire agus níos giorra a thagann san ionad ar na socruithe éagsúla nós imeachta atá ann faoi láthair sna Ballstáit. Tá foráil sa togra seo do theorainneacha ama gearra ach réasúnacha d'iarratasóir chun aontú don nós imeachta agus chun scrúdú iarratas a chur i gcrích ag na céimeanna riaracháin agus achomhairc. Coinnítear an tagarmharc sé mhí do chéad chinneadh, agus samhlaítear teorainneacha ama atá níos giorra go mór do dhéileáil le héilimh atá gan bhunús agus neamhinghlactha go follasach. Tá an deis ag na Ballstáit freisin tús áite a thabhairt d'aon iarratas agus é a scrúdú go tapa. Tá teorainneacha ama d'iarratais a chlárú, a chur isteach agus a scrúdú bunaithe ach is féidir iad a shíneadh i gcásanna eisceachtúla nuair a fhaigheann Ballstáit líon díréireach d'iarratais chomhuaineacha. Chun pleanáil a dhéanamh do theagmhais den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit, rialta go maith, athbhreithniú agus réamhmheastachán a dhéanamh ar a riachtanais chun a áirithiú go bhfuil dóthain acmhainní ar bun acu chun a gcóras tearmainn a bhainistiú go héifeachtúil. I gcás inar gá, féadfaidh Ballstáit freisin brath ar chúnamh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. Ina theannta sin, beidh úsáid an nós imeachta inghlacthachta agus úsáid an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe riachtanach agus soiléirítear na forálacha ar iarratais a dhéantar ina dhiaidh sin, rud a cheadóidh eisceachtaí ón gceart chun fanacht ag deireadh an nós imeachta riaracháin nó lena linn.

Ráthaíochtaí nós imeachta lena gcosnaítear cearta na niarratasóirí chun a áirithiú go ndéantar éilimh ar thearmann a mheas go himleor faoi chuimsiú nós imeachta níos cuíchóirithe agus níos giorra. Déantar é seo trí na hiarratasóirí uile a chur ar an eolas, ag tús an nós imeachta, faoina gcearta, faoina noibleagáidí agus faoi na torthaí a bheidh ann mura gcloíonn siad lena noibleagáidí. Ní mór deis éifeachtach a thabhairt do na hiarratasóirí comhoibriú agus cumarsáid cheart a dhéanamh leis na húdaráis fhreagracha chun na fíorais uile atá ar fáil acu a thíolacadh chun bunús a thabhairt lena néileamh. Leis an togra seo tugtar ráthaíochtaí nós imeachta leordhóthaineach d'iarratasóirí coinneáil dá gcás trí chéimeanna uile an nós imeachta, go háirithe go háirithe an ceart chun éisteacht a fháil in agallamh pearsanta, ateangaireacht chomh maith le cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce. Ina theannta sin, de ghnáth, tá ceart chun fanacht acu go dtí go mbeidh toradh ar an nós imeachta. Tá an ceart ag na hiarratasóirí chun fógra iomchuí ar cinneadh, na cúiseanna leis an gCinneadh sin le gníomh agus sa dlí agus, maidir le Cinneadh diúltach, tá an ceart acu chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse. Samhlaítear cosaintí treisithe d'iarratasóirí a bhfuil riachtanais nós imeachta speisialta acu agus do mhionaoisigh neamhthionlactha, amhail rialacha níos mionsonraithe maidir le measúnú, doiciméadú agus déileáil le riachtanais nós imeachta speisialta an iarratasóra.

Rialacha níos déine chun míúsáid an chórais a chosc, chun pionós a ghearradh as éilimh mhíúsáideacha fhollasacha agus chun dreasachtaí do ghluaiseachtaí tánaisteacha a bhaint trí oibleagáidí shoiléire a leagan amach d'iarratasóirí comhoibriú leis na húdaráis le linn an nós imeachta agus trí iarmhairtí déine a cheangal le neamhchomhlíonadh na noibleagáidí. Maidir leis sin, déantar an scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta coinníollach ar iarratas a chur isteach, méarlorgaireacht, na sonraí riachtanacha a sholáthar do scrúdú an iarratais chomh maith le láithreacht agus fanacht sa Bhallstát atá freagrach. Má loictear ceann ar bith de na hoibleagáidí seo a chomhlíonadh féadfar diúltú d'iarratas toisc é a bheith tréigthe i gcomhréir leis an nós imeachta do tharraingt siar intuigthe.

Déantar éigeantach, agus treisítear a thuilleadh, na hionstraimí roghnacha reatha chun pionós a ghearradh i dtaca le hiompraíocht mhaslach iarratasóirí, gluaiseachtaí tánaisteacha agus éilimh atá follasach gan bhunús. Go háirithe, tá foráil sa togra do liostaí soiléire, uileghabhálacha agus éigeantacha de na forais lenar gá scrúdú a bhrostú agus lenár gá iarratais a dhiúltú toisc go bhfuil siad go follasach gan bhunús nó toisc gur iarratais thréigthe iad. Fairis sin, tá an acmhainn le freagairt d'iarratais a dhéantar ina dhiaidh sin ag míúsáid an nós imeachta tearmainn treisithe, go háirithe trí bhaint iarratasóirí den sórt sin ó chríocha na mBallstát a chumasú sula ndéantar Cinneadh riaracháin ar a niarratais agus ina dhiaidh. Ag an am céanna, tá na ráthaíochtaí ar fad ar bun, lena náirítear an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, chun a áirithiú go ráthaítear cearta iarratasóirí i gcónaí.

Rialacha comhchuibhithe maidir le tíortha sábháilte. Is gné criticiúil iad seo de nós imeachta coiteann éifeachtúil agus tá foráil sa togra seo do chomhchuibhiú na niarmhairtí nósanna imeachta atá le coincheapa na dtíortha sábháilte a chur i bhfeidhm. Nuair is léir nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth ar iarratasóirí toisc go dtagann siad ó thír shábháilte thionscnaimh, ní mór diúltú dá niarratais go tapa agus cur ar ais tapa a eagrú. Má tá an chéad tír tearmainn aimsithe ag iarratasóirí cheana féin ina bhfuil cosaint orthu nó inar féidir a niarratais a scrúdú ag tríú tír shábháilte, ní mór iarratais a dhearbhú a bheith neamhinghlactha. Molann an Coimisiún gluaiseacht de réir a chéile i dtreo comhchuibhithe iomlán sa réimse seo, agus liostaí Eorpacha nó ainmnithe ag leibhéal an Aontais a chur in ionad liostaí náisiúnta de thíortha sábháilte laistigh de chúig bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo i gcomhréir go hiomlán leis na chéad mholtaí le hathchóiriú a dhéanamh ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn a tíolacadh an 4 Bealtaine 2016 maidir le Rialachán Bhaile Átha Cliath, an córas Eurodac agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, agus i gcomhréir le tograí chun athchóiriú a dhéanamh ar Rialachán Cáilitheachta agus Treoracha athmhúnlaithe maidir le coinníollacha glactha agus togra do chóras struchtúrtha athlonnaithe de chuid an Aontais.

Maidir leis an togra d'athmhúnlú ar Rialachán Bhaile Átha Cliath, tá feidhm leis an togra seo maidir le hiarratasóirí atá ag dul faoi nós imeachta Bhaile Átha Cliath. Go háirithe, tá an togra seo comhleanúnach leis rialacha atá leagtha amach sa togra d'athmhúnlú ar Rialachán Bhaile Átha Cliath, agus sonraíonn sé a thuilleadh iad, amhail scrúdú inghlacthachta ar iarratas, an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe, iarratais a dhéantar ina dhiaidh sin, agus ráthaiochtaí do mhionaoisigh agus ráthaíochtaí speisialta do mhionaoisigh neamhthionlactha. Tá an togra seo ailínithe le hathmhunlú Rialachán Eurodac i dtaca le méarloirg agus íomhánna d'aghaidheanna iarratasóirí a ghlacadh agus a nábharthacht d'iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.

Maidir leis an togra maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, meabhraítear leis an togra seo an tábhacht atá leis an tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil is féidir leis an nGníomhaireacht a thairiscint do na Ballstáit chun a áirithiú go mbíonn bainistiú éifeachtúil ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, chomh maith le forbairt acmhainne a sholáthar ag an nGníomhaireacht i gcomhréir leis an sainordú nua atá beartaithe don Ghníomhaireacht.

Maidir leis an togra maidir leis an Rialachán Cáilitheachta, tá an dá thogra comhlántach dá chéile sa mhéid is go mbunaíonn an Rialachán Cáilitheachta na caighdeáin do cháiliú na náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta agus go mbunaítear leis an togra seo rialacha nós imeachta coiteanna le haghaidh cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar.

Tá an togra nasctha go dlúth freisin leis an togra maidir le hathmhúnlú ar an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha. D'fhonn measúnú tráthúil agus éifeachtach ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a áirithiú, ní mór d'iarratasóirí a noibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh mar atá leagtha amach sa togra i dtaca le hathmhúnlu ar an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha agus leis an togra seo leagtar amach na hiarmhairtí nós imeachta do na hiarratasóirí sin nach gcomhlíonann na hoibleagáidí tuairiscithe sin. 

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo i gcomhréir leis an mbeartas cuimsitheach fadtéarma i dtaca le bainistiú imirce níos fearr mar atá leagtha amach ag an gCoimisiún sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 11 , a d'fhorbair Treoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin Juncker ina sraith de thionscnaimh chomhleanúnacha agus chomhthreisithe atá bunaithe ar cheithre cholún. Is éard atá i gceist leis na colúin seo laghdú ar an dreasacht d'imirce neamhrialta, teorainneacha seachtracha a dhaingniú agus beathaí a shábháil, beartas láidir tearmainn agus beartas nua i dtaca le himirce dlíthiúil. Ba cheart féachaint ar an togra seo, a chuireann an Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce i bhfeidhm a thuilleadh maidir leis an gcuspóir chun beartas tearmainn an Aontais a threisiú, mar chuid den bheartas níos leithne ag leibhéal AE chun córas daingean agus éifeachtach a thógail do bhainistiú imirce inbhuanaithe don todhchaí atá cothrom do na sochaithe aíochta agus saoránaigh AE chomh maith leis na náisiúnaigh tríú tíre lena mbaineann agus na tíortha tionscnaimh agus idirthurais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 78(2)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a shamhlaíonn bearta a ghlacadh i dtaca le nósanna imeachta coiteanna chun stádas aonfhoirmeach maidir le tearmann nó cosaint choimhdeach a thabhairt agus a tharraingt siar, bunús dlí an togra seo.

Coimhdeacht

Is éard is cuspóir leis an togra seo nós imeachta coiteann a bhunú i dtaca le cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, a thagann san ionad ar na nósanna imeachta tearmainn éagsúla sna Ballstáit, lena náirithítear tráthúlacht agus éifeachtacht an nós imeachta. Ba cheart iarratais a dhéanann na náisiúnaigh tríú tíre agus daoine gan stát ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú i nós imeachta atá á rialú ag na rialacha céanna, beag beann ar an mBallstát ina thaisctear an tiarratas chun cothromas a áirithiú sa chaoi ina ndéileálfar le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta, agus soiléire agus deimhneacht dhlíthiúil don iarratasóir aonair. Ina theannta sin, ní féidir le Ballstáit ina naonair rialacha coiteanna a bhunú a laghdóidh dreasachtaí do shiopadóireacht tearmainn agus gluaiseachtaí tánaisteacha idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, tá beart de chuid an Aontais riachtanach.

Ní féidir an cuspóir seo a bhaint amach a dhóthain ag na Ballstáit agus dá bhrí sin, mar thoradh ar scála agus tionchair an Rialacháin seo, is fearr is féidir iad a bhaint amach ag leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun a chuspóirí a ghnóthú.

Maidir le nós imeachta coiteann i dtaca le cosaint idirnáisiúnta a thabhairt agus a tharraingt siar, tá gnéithe uile an togra teoranta don méid atá riachtanach chun nós imeachta coiteann den sórt sin a bhunú agus a chumasú, chun é a chuíchóiriú agus a shimpliú, chun cóir chomhionann in a áirithiú i dtéarmaí cearta agus ráthaíochtaí d'iarratasóirí agus chun neamhréitigh i nósanna imeachta náisiúnta a sheachaint, a bhfuil sé mar thionchar michuibhiuil orthu gluaiseachtaí tánaisteacha a spreagadh.

Maidir le tabhairt isteach na dteorainneacha ama ag céimeanna uile an nós imeachta, an chéim achomhairc san áireamh, agus teannú na teorann ama do chéim riaracháin an nós imeachta, is athruithe riachtanacha iad chun na nósanna imeachta a chuíchóiriú agus a néifeachtacht a fheabhsú. Leis na teorainneacha ama atá beartaithe don chéim achomhairc, ceadaítear urramú do na cosaintí nós imeachta ábhartha uile, lena náirítear an ceart chun éisteacht ó bhéal a fháil agus urraim do chomhionannas arm. Agus na teorainneacha ama nua á moladh aige, d'fhéach an Coimisiún le cothromaíocht a bhunú idir ceart na niarratasóirí breithiúnas a fháil ar a gcás laistigh d'am réasúnach agus a gceart chun leigheas éifeachtach agus cosaint a fháil, lena náirítear trí chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a sholáthar.

An rogha ionstraime

Togra is ea é seo i dtaca le rialachán atá ceaptha le Treoir a aisghairm agus teacht ina hionad. Níl méid an chomhchuibhithe ar nósanna imeachta náisiúnta i dtaca le cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, a baineadh amach trí Threoir 2013/32/AE, leordhóthaineach chun aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí i gcineálacha na nósanna imeachta a úsáidtear, na teorainneacha ama do na nósanna imeachta, na cearta agus ráthaíochtaí nós imeachta don iarratasóir, na rátaí aitheantais agus an cineál cosanta a bhronntar. Ní féidir ach le Rialachán lena mbunaítear nós imeachta coiteann tearmainn san Aontas, agus a mbeidh a fhorálacha infheidhme go díreach, an méid aonfhoirme agus éifeachtachta atá riachtanach a sholáthar i gcur i bhfeidhm rialacha nós imeachta i ndlí an Aontais maidir le tearmann.

3.COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

Agus an dara pacáiste seo de thograí a ullmhú aige, bhí comhairliúcháin spriocdhírithe ag an gCoimisiún leis na Ballstáit, le hArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus leis an tsochaí shibhialta a bhí á dtreorú ag na cuspóirí don athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn a leagadh amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2016. Rinne an Coimisiún na hargóintí a tugadh chun cinn a mheas go cúramach agus d'fhéach sé leis na cinn sin is mó a chomhroinntear ag na páirtithe uile lena mbaineann a léiriú sa togra seo. I mí an Mheithimh 2016, bhí malartú neamhfhoirmiúil tuairimí ann le Parlaimint na hEorpa maidir leis an dara pacáiste de thograí.

Chuir formhór na mBallstát fáilte roimh rogha ionstraime na Coimisiún chun Rialachán a chur in ionad na Treorach atá ann faoi láthair, ach amháin roinnt díobh a luaigh imní maidir le comhoiriúnacht lena gcóras dlí riaracháin náisiúnta. Tá dearcadh comhsheasmhach ag cuid díobh, ó bhi an díospóireacht ann faoin togra i dtaca leis an Treoir maidir le Nósanna ImeachTá Tearmainn, gurb é Rialachán ina leagtar amach forálacha atá infheidhme go díreach an ionstraim dlí is éifeachtaí chun cearta iarratasóirí agus cóir chomhionann a dhaingniú ar fud na mBallstát. Mar sin féin, thug roinnt geallsealbhóirí foláireamh maidir leis an riosca de chaighdeáin um chosaint a ísliú chun comhainmneoir is lú a shroicheadh, go háirithe ó tharla gur príomhshamhail é an tAontas le meas a bheith air sa réimse seo den dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe.

D'aithin formhór na mBallstát go raibh gá le simpliú agus le soiléiriú ar na rialacha nós imeachta reatha, agus léirigh siad tacaíocht do chomhchuibhiú breise ar nósanna imeachta tearmainn ar fud an Aontais. D'admhaigh na Ballstáit an gá le soiléiriú agus simpliú ar na forais inghlacthachta, ar úsáid nósanna imeachta teorann agus nósanna imeachta brostaithe, agus ar an déileáil le hiarratais a dhéantar ina dhiaidh sin.

Bhí tacaíocht ghinearálta i measc na mBallstát do thabhairt isteach uasteorainneacha ama ag na céimeanna éagsúla den nós imeachta, lena náirítear ag an gcéim achomhairc. Bhí formhór na mBallstát sásta leis an amlíne reatha don ghnáthnós imeachta riaracháin, ach d'admhaigh siad go raibh gá le spriocamanna níos teinne a bhunú agus nósanna imeachta a chuíchóiriú. Mar sin féin, luaigh roinnt Ballstát go raibh gá le roinnt solúbthachta le bheith ábalta déileáil le staideanna de phlódú mór d'imircigh agus líon díréireach d'iarratais chomhuaineacha. I gcoitinne, thacaigh na Ballstáit le tabhairt isteach teorainneacha ama éigeantacha don chéim achomhairc ach d'iarr siad go mbeadh teorainneacha ama idirdhealaithe ann ag brath ar cé acu an ndéantar achomhairc i gcoinne cinntí a déantar i ngnáthnósanna imeachta nó i nósanna imeachta brostaithe.

D'iarr formhór na ngeallsealbhóirí ón tsochaí shibhialta go mbeadh simpliú ar na rialacha nós imeachta reatha. Bhi amhras níos mó orthu, áfach, faoi éifeachtacht na dteorainneacha ama éigeantacha do chéimeanna éagsula an nós imeachta. Luadh tuilleadh imní faoin gcaoi ina bhféadfaí a áirithiú go bhfuil na teorainneacha ama atá molta comhoiriúnach le feidhmiú éifeachtach na ráthaíochtaí nós imeachta.

Measann formhór na mBallstát gur uirlisí riachtanacha iad an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe, an nós imeachta teorainn agus an nós imeachta inghlacthachta chun déileáil níos éifeachtúla le scrúdú iarratas atá calaoiseach go soiléir, go follasach gan bhunús nó neamhinghlactha. Luadh tuairimí éagsúla maidir le húsáid na gcoincheap de chéad tír tearmainn agus tríú tír shábháilte chun diúltú d'iarratais mar iarratais neamhinghlactha a dhéanamh éigeantach, agus maidir le húsáid an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe agus nós imeachta teorainn a dhéanamh éigeantach. Feictear d'fhormhór na mBallstát go bhfuil gá le bearta a fhéachann leis an gcóras a dhéanamh níos éifeachtaí, agus tá siad i bhfábhar liostaí coiteanna AE a bhunú de thíortha sábháilte tionscnaimh agus de thríú tíortha sábháilte, ach luaigh siad freisin go mb'fhearr leo an deis a choinneáil le liostaí náisiúnta a bheith acu.

Luaigh roinnt geallsealbhóirí go mb'fhéidir nach mbeidh an déanamh éigeantach d'fheidhmiú na gcoincheap de chéad tír tearmainn agus tríú tír shábháilte chun Cinneadh cé acu an bhfuil iarratais inghlactha, in éineacht le tabhairt isteach liostaí coiteanna AE de thríú tíortha sábháilte, dóthanach chun an comhchuibhiú atá de dhíth a thabhairt i gcrích fad a bheadh spás fós don rogha i gcur i bhfeidhm na gcoincheap i gcásanna aonair. Luaigh roinnt geallsealbhóirí imní faoi chomhaireachtáil fhéideartha liostaí AE agus liostaí náisiúnta de thíortha sábháilte tionscnaimh, agus nótáil siad nach mbeadh bhféadfaí cuimsiú nó eisiamh tíre ó liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh inathbhreithnithe ach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Thug formhór na nionadaithe ón tsochaí shibhialta rabhadh i gcoinne úsáid éigeantach de choincheapa na céad tíre tearmainn agus na tríú tíre sábháilte, agus as nósanna imeachta speisialta i gcoitinne. Measann roinnt nár ba cheart ach iarratais atá prima facie go follasach gan bhunús nó míúsáideach go follasach a bheith faoi réir nósanna imeachta brostaithe.

Sa chomhthéacs seo, d'áitigh roinnt geallsealbhóirí gur cheart iarratasóirí soghonta, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha, a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm nósanna imeachta speisialta. D'impigh roinnt de na páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo go mbeadh ráthaíochtaí níos láidre ann do mhionaoisigh neamhthionlactha, go háirithe i dtaca le ceapachán tapa de chaomhnóirí cáilithe.

Mheas na Ballstáit go raibh sé riachtanach bearta a áireamh sa nós imeachta a fhéachann le gluaiseachtaí gan údar agus gluaiseachtaí tánaisteacha a dhíspreagadh. Measann formhór na mBallstáit gur cheart don togra freisin freagrachtaí soiléire a bhunú do na hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, agus go háirithe an oibleagáid le comhoibriú leis na húdaráis ag céimeanna uile an nós imeachta agus an fhaisnéis a sholáthar atá riachtanach chun na hiarratais a scrúdú. Ba cheart do na hiarratasóirí freisin urraim a bheith acu don oibleagáid gan críoch an Bhallstáit atá ag scrúdú an iarratais a fhágáil, i gcomhréir le forálacha an athchóirithe atá molta ar Rialachán Bhaile Átha Cliath. Thacaigh formhór na mBallstát leis an togra i dtaca le scrúdú a dhéanamh ar iarratais na ndaoine a éalaíonn gan cosaint sa nós imeachta brostaithe, agus ag an am céanna a áirithiú go mbíonn urraim iomlán ar na ráthaíochtaí nós imeachta ábhartha.

Ag an am céanna, d'aibhsigh cuid de na priomhgheallsealbhóirí ón tsochaí shibhialta nár ba cheart nósanna imeachta a chur i bhfeidhm mar phionóis, agus ní mheasann siad go bhfuil sé cóir úsáid an nós imeachta brostaithe a cheangal le héalú.

Bailiú agus úsáid saineolais

Tá sonraí maidir le cur i bhfeidhm na Treorach maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn bailithe i bpáirt ag an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, mar chuid de phróiseas a fhéachann le reachtaíocht agus cleachtaí na mBallstát a mhapáil i dtaca le cur i bhfeidhm ionstraimí an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn.

Ina theannta sin, ó glacadh an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn in 2013, d'eagraigh an Coimisiún sraith de chruinnithe den Choiste Teagmhála i dtaca leis an Treoir sin, inar rinneadh plé idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir leis na saincheisteanna atá os comhair na mBallstát i bhfianaise chur i bhfeidhm na Treorach. Tá torthaí an dá phróiseas seo mar bhonn eolais don togra reatha.

Cearta bunúsacha

Urramaítear sa togra seo na cearta bunúsacha agus cloítear ann leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis na hoibleagáidí a eascraíonn ón dlí idirnáisiúnta, go háirithe ón gCoinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe, ón gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, ón gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, ó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Céasadh, agus ó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

Déanfar an nós imeachta coiteann i dtaca le cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar a chur i bhfeidhm in urraim iomlán do chearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt iad, lena náirítear an ceart chun dínit an duine (Airteagal 1), toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde atá mídhaonna nó táireach nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach (Airteagal 4), an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun tearmainn (Airteagal 18), an chosaint ó refoulement (Airteagal 19), neamhidirdhealú (Airteagal 21), comhionannas cearta idir fir agus mná (Airteagal 23), cearta an linbh (Airteagal 24) agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil (Airteagal 47). Cuirtear san áireamh go hiomlán sa togra cearta an linbh agus riachtanais speisialta daoine soghonta.

Ráthaítear sa togra go ndéileáltar i gceart le riachtanais speisialta mionaoiseach, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha, trí áirithiú go dtugtar Treoir agus tacaíocht dóibh trí chéimeanna uile an nós imeachta. Tógtar san áireamh sa togra freisin oibleagaidí na mBallstáit oibleagáidí faoi Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl). I bhfianaise mholtaí an Choimisiúin i dtaca le síniú agus tabhairt chun críche Choinbhinsiún Iostanbúl, agus i bhfianaise leibhéal cuí cosanta a ráthú do mhná a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a rinneadh foréigean inscne orthu, ba cheart cur chuige íogair ó thaobh inscne a ghlacadh nuair atá an Rialachán seo á léirthuiscint agus á chur i bhfeidhm.

Ceadaítear leis an togra an stóráil de shonraí a bhailítear nuair a chláraítear agus nuair a chuirtear isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, lena náirítear sonraí pearsanta agus eilimintí a bhaineann leis an iarratas, agus le linn an agallaimh phearsanta, lena náirítear taifeadadh nó tras-scríbhinn an agallaimh. D’fhonn a áirithiú nach storáiltear sonraí pearsanta iarratasóirí ach chomh fada agus atá riachtanach, ráthaítear leis an togra an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint trí thréimhse uasta stórála a leagan síos do na sonraí sin. Ag féachaint dó go bhfuil na sonraí sin ina gcuid dhílis de chomhad an iarratasóra, is í an tréimhse stórála uasta a mheastar a bheith riachtanach deich mbliana ó Chinneadh críochnaitheach. Meastar go bhfuil an tréimhse stórála sin riachtanach sa chás nach ndeontar cosaint idirnáisiúnta toisc go mb’fhéidir go ndéanfaidh náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát iarracht cosaint idirnáisiúnta a lorg i mBallstát eile nó tuilleadh iarratas a chur isteach ina dhiaidh sin sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile sna blianta atá le teacht. Tá an tréimhse stórála chéanna sin riachtanach i dtaca leis na daoine sin a ndeontar cosaint idirnáisiúnta dóibh le bheith ábalta athbhreithniú a dhéanamh ar a stádas, go háirithe faoi chuimsiú an athbhreithnithe rialta ar stádas atá leagtha amach sa togra i dtaca leis an Rialachán Cáilitheachta, agus tá sé riachtanach freisin i bhfianaise na noibleagáidí tógála ar ais atá leagtha amach sa togra i dtaca le Rialachán athmhúnlaithe Bhaile Átha Cliath i dtaca le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta. I ndiaidh na tréimhse sin, maidir le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a d’fhan san Aontas le roinnt blianta, beidh stádas lonnaithe nó fiú saoránacht de Bhallstát bainte amach acu. Ba cheart sonraí maidir le duine a fuair saoránacht de Bhallstát ar bith roimh éag na tréimhse deich mbliana a scrios láithreach. In Eurodac, déanfar na sonraí sin a scrios ón Lárchóras a luaithe agus a thagann an Ballstát tionscnaimh ar an eolas go bhfuil saoránacht den sórt sin faighte ag an duine lena mbaineann toisc nach bhfuil an duine aonair sin laistigh de scóip Eurodac a thuilleadh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Leis an togra seo ní leagtar aon ualach airgeadais nó riaracháin ar an Aontas. Mar sin, níl aon tionchar aige ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de dhá bhliain óna theacht i bhfeidhm agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin. Beidh sé de cheangal ar na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha chun an tuairisc sin a dhréachtadh a chur chuig an gCoimisiún agus chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. Beidh faireachán á dheanamh ag an nGníomhaireacht freisin ar chomhlíon na Ballstáit an Rialacháin seo tríd an sásra faireacháin a mhol an Coimisiún a bhunú ina athbhreithniú ar shainordú na Gníomhaireachta 12 .

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is é aidhm an togra seo a áirithiú go gcaitear go tapa agus go héifeachtúil le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta trí nós imeachta coiteann a bhunú i dtaca le cosaint idirnáisiúnta a thabhairt agus a tharraingt siar, a thagann san ionad ar na nósanna imeachta éagsúla sna Ballstáit, agus atá infheidhme ar na hiarratais uile ar chosaint idirnáisiúnta a dhéantar i mBallstáit.

Leis an togra seo déantar soiléiriú agus cuíchóiriú ar rialacha nós imeachta agus tugtar na huirlisí riachtanacha d’údaráis náisiúnta le scrúdú a dhéanamh ar iarratais agus Cinneadh a dhéanamh ina leith ar bhealach éifeachtúil, agus comhrac i gcoinne míúsáidí agus gluaiseachtaí tánaisteacha laistigh d’AE, agus ag an am céanna cuirtear feabhas ar na ráthaíochtaí nós imeachta riachtanacha don iarratasóir aonair, agus ar an gcaoi sin déantar an nós imeachta níos tapúla agus níos éifeachtaí.

An nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta a chuíba cheartiú agus a shimpliú

Leis an togra déantar an nós imeacht a chuíchóiriú agus a shimpliú trí shoiléiriú ar na céimeanna éagsúla i dtaca le rochtain ar an nós imeachta. Meastar go bhfuil iarratas déanta a luaithe agus a chuireann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát mian in iúl cosaint idirnáisiúnta a fháil ó Bhallstát (Airteagal 25(1)). Ní mór an tiarratas sin a chlárú go pras, nó ar a dhéanaí laistigh de thrí lá oibre ón tráth a fhaigheann na húdaráis náisiúnta é (Airteagal 27(1)). Níl aon athrú ar an teorainn ama sin i gcomparáid leis an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn. Ní mór ansin deis éifeachtach a thabhairt don iarratasóir aonair a iarratas nó a hiarratas a thaisceadh agus ba cheart é seo a dhéanamh laistigh de dheich lá oibre ón tráth a chláraítear an tiarratas (Airteagal 28(1)). Maidir le mionaoisigh neamhthionlactha, ní thosóidh an teorainn ama sin ach amháin nuair a cheaptar caomhnóir agus nuair a bhuaileann sé/sí leis an leanbh (Airteagal 32(2)). Gné nua is ea an teorainn ama chun iarratas a chur isteach, i gcomparáid leis an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn.

Ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú agus réamhmheastachán a dhéanamh go rialta ar a riachtanais d’fhonn a áirithiú go bhfuil dóthain acmhainní ar bun acu chun a gcóras tearmainn a bhainistiú go héifeachtúil, lena náirítear pleananna teagmhasacha a ullmhú más gá. Tá an Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann ábalta an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil riachtanach a sholáthar do Bhallstáit le cur ar a gcumas cloí leis na teorainneacha ama atá socraithe. Má fheictear do Bhallstáit nach mbeidís ábalta cloí leis na teorainneacha ama sin, ba cheart dóibh cúnamh a lorg ar an nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann bunaithe ar forálacha an tsainordaithe nua atá molta don Ghníomhaireacht. Más rud é nach ndéantar iarratas den sórt sin, agus mar thoradh ar bhrú díréireach go néiríonn an córas tearmainn i mBallstát neamhéifeachtach an oiread sin go gcuirtear feidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn i mbaol, féadfaidh an Ghníomhaireacht, bunaithe ar Chinneadh cur chun feidhme de chuid an Choimisiúin, bearta a dhéanamh chun tacú leis an mBallstát sin.

Tá foráil sa togra chun theorainneacha ama a chuíba cheartiú don nós imeachta riaracháin. Go dtí seo, cé gur leagadh síos iad leis an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, tá éagsúlacht shuntasach sna teorainneacha ama i measc na mBallstát agus idir Aibreán 2015 agus Aibreán 2016, bhí 50% ar an meán de chásanna san Aontas Eorpach ar feitheamh ar feadh breis agus sé mhí. Is í sé mhí an teorainn ama a bhfuil foráil di sa togra chun iarratais a scrúdú faoi nós imeachta rialta, agus féadfar an tréimhse a fhadú aon uair amháin faoi thréimhse bhreise trí mhí i gcásanna de bhrú díréireach nó mar thoradh ar chastacht cáis (Airteagal 34(2) agus (3)). Mar atá sa Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, fanann an deis leis an scrúdú ar iarratas a chur ar fionraí go sealadach mar thoradh ar athrú i gcúinsí sa tír thionscnaimh. Sa chás seo freisin, áfach, níor cheart don teorainn ama chun iarratas a scrúdú bheith níos faide ná 15 mhí (Airteagal 34(5)).

Socraítear teorainneacha ama nua don nós imeachta scrúdúcháin brostaithe (Airteagal 40(2)) agus don déileáil le hiarratais neamhinghlactha (Airteagal 34(1)). Faoi láthair níl aon fhoráil do theorainneacha ama do na nósanna imeachta seo sa Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn agus, dá bhrí sin, tá anéagsulacht sna teorainneacha ama sna Ballstáit agus tá siad sa raon idir roinnt laethanta agus roinnt míonna. Ba cheart do na nósanna imeachta seo a bheith caoithiúil agus ar an gcúis seo is é dhá mhí an teorainn ama a mholtar don nós imeachta scrúdúcháin brostaithe ach is mí amháin atá molta do chásanna neamhinghlacthachta. I gcásanna in arb é an foras neamhinghlacthachta an fíoras do dtagann iarratasóir ó chéad tír tearmainn nó a tríú tír shábháilte, tá the teorainn ama don tseiceáil inghlacthachta socraithe ag deich lá oibre chun a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm go héifeachtúil na rialacha atá leagtha amach in athchóiriú molta Bhaile Átha Cliath a chuireann de cheangal ar an gcéad Bhallstát ina thaisctear iarratas an inghlacthacht a scrúdú sula gcuirfear i bhfeidhm na critéir le Cinneadh cén Ballstát atá freagrach (an dara mír d’Airteagal 34(1)). Fanann an teorainn ama don nós imeachta teorann socraithe ag ceithre seachtaine mar atá sa Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn (Airteagal 41(2)).

Leis an togra tugtar aghaidh ar an nós imeachta foriomlán le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, agus ar an gcúis seo leagtar amach ann teorainneacha ama freisin chun achomhairc a chur isteach agus do chinntí ag an gcéad chéim achomhairc. Tá sé seo riachtanach chun cothromas agus éifeachtacht sa nós imeachta a áirithiú agus chun an cuspóir foriomlán de chomhchuibhiú níos mó sa nós imeachta a bhaint amach (Airteagal 55).

Aithníonn an Coimisiún go bhféadfadh sé a bheith deacair do Bhallstáit uaireanta cloí leis na teorainneacha ama atá leagtha amach sa togra seo. Mar sin féin, is é an rud is mó a bhfuiltear ag díriú air an gá d’iarratasóir aonair deimhneacht dhlíthiúil a bheith aige nó aici i dtaca lena staid. Agus an togra á dhéanamh aige, chuir an Coimisiún san áireamh freisin a thogra i dtacar le neartú suntasach a dhéanamh ar shainordú Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus ar an deis do Bhallstáit brath ar chúnamh oibríochtúil agus teicniúil ón nGníomhaireacht, ó Bhallstáit eile nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Cearta agus Oibleagáidí Iarratasóirí

Tá forálacha soiléire sa togra i dtaca le cearta agus oibleagáidí na niarratasóirí chun críocha an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta. Tá foráil ann do na ráthaíochtaí riachtanacha don iarratasóir aonair a chearta nó a cearta a fháil go éifeachtach agus ag an am céanna tá foráil ann do líon oibleagáidí don iarratasóir in iarracht chun freagracht a leagan ar an iarratasóir ar fud an nós imeachta (Airteagal 7).

I gcomhréir le togra an Choimisiúin athchóiriú a dhéanamh ar Rialachán Bhaile Átha Cliath, ní mór d’iarratasóirí a niarratas a dhéanamh i mBallstát na chéad iontrála nó san áit ina bhfuil sé i láthair go dlíthiúil i mBallstát (Airteagal 7(1)). Ní mór d’iarratasóirí comhoibriú leis na údaráis fhreagracha le go bhféadfaidh siad a gcéannacht a dheimhniú, lena náirítear trína méarloirg agus íomhá den aghaidh a sholáthar. Ní mór d’iarratasóirí freisin na heilimintí uile atá ar acmhainn acu a thabhairt chun tosaigh atá riachtanach do scrúdú an iarratais (Airteagal 7(2)). Ní mór don iarratasóir a uimhir theileafóin agus a áit chónaithe nó a huimhir theileafóin agus a háit chónaithe a chur in iúl do na húdaráis fhreagracha sa chaoi is gur féidir teacht air nó uirthi chun críocha an nós imeachta (Airteagal 7(4)).

Ní mór iarratasóirí a chur ar an eolas faoin nós imeachta le leanúint, a gcearta agus a noibleagáidí le linn an nós imeachta, na hiarmhairtí a bheidh ann mura gcomhlíonfaidh siad a noibleagáidí, toradh an scrúdaithe agus an deis leis an dúshlán a thabhairt do Chinneadh diúltach (Airteagal 8(2)). Éiríonn an oibleagáid atá ar na Ballstáit an fhaisnéis riachtanach uile a sholáthar don iarratasóir níos tábhachtaí fós mar thoradh ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don iarratasóir mar thoradh ar neamhchomhlíonadh. Mar shampla, más rud é go ndiúltaíonn iarratasóir comhoibriú más rud é nach gcuireann sé nó sí na sonraí riachtanacha ar fáil do scrúdú an iarratais agus más rud é nach soláthraíonn sé nó sí a mhéarloirg nó a méarloirg agus íomhá den aghaidh, is féidir go ndiúltófar don iarratas toisc é a bheith tréigthe faoi réir an nós imeachta do tharraingt siar intuigthe iarratais (Airteagal 7(3) agus Airteagal 39(1)(c)). Faoi láthair, má dhiúltaítear an oibleagáid le méarloirg a sholáthar a chomhlíonadh, is foras é sin le scrúdú brostaithe ar an nós imeachta. Mar sin féin, de bhrí gur gné thábhachtach í seo lena mheas go bhfuil an tiarratas iomlán, tá iarmhairtí níos tromchúisí greamaithe le neamhchomhlíonadh ag an iarratasóir.

Ní mór d’iarratasóirí fanacht sna Ballstáit inar gá dóibh a bheith i láthair i gcomhréir le Rialachán Bhaile Átha Cliath (Airteagal 7(5)) agus ní mór dóibh aon oibleagáidí tuairiscithe a d’fhéadfadh a bheith acu ag eascairt as an Treoir maidir le coinníollacha glactha a urramú (Airteagal 7(6)). Féadfar diúltú d’iarratas toisc é a bheith tréigthe mar thoradh ar neamhchomhlíonadh le hoibleagáidí tuairiscithe freisin (Airteagal 39(1)(f)), agus más rud é nach bhfanann iarratasóir sa Bhallstát a bhfuil sé de cheangal air nó uirthi a bheith i láthair ann, déileáiltear lena iarratas nó lena hiarratas faoin nós imeachta scrúdúcháin brostaithe (Airteagal 40(1)(g)).

Laistigh de thrí lá oibre ó iarratas a chur isteach, ní mór doiciméad a sholáthar don iarratasóir a dheimhníonn gur iarratasóir an duine aonair, ag rá go bhfuil an ceart aige nó aici chun fanacht ar chríoch an Bhallstáit agus ag rá nach doiciméad taistil bailí é (Airteagal 29). Tógadh na príomhfhorálacha ar dhoiciméid ón Treoir maidir le Coinníollacha Glactha agus ionchorpraíodh sa togra seo iad mar iarracht ar an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta a chuíba cheartiú. Leagtar amach leis an togra seo an cineál faisnéise ba cheart a áireamh sa doiciméad sin agus samhlaítear leis go bhféadfaí formáid aonfhoirmeach a bheith ann do na doiciméid seo atá le leagan síos trí ghníomh cur chun feidhme sa chaoi is go náirithítear go bhfaigheann na hiarratasóirí uile an doiciméad céanna ar fud na mBallstát uile (Airteagal 29(5)).

Tá an ceart ag an iarratasóir chun fanacht ar chríoch Ballstáit chun críocha agus ar feadh tréimhse an nós imeachta riaracháin. Ní hionann an ceart seo agus teidlíocht cónaithe agus ní thugann sé an ceart don iarratasóir taisteal chuig Ballstát eile gan údarú. Mar atá sa Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, tá na heisceachtaí ar an gceart chun fanacht le linn an nós imeachta riaracháin teoranta, sainítear go soiléir iad sa togra agus baineann siad le hiarratais a dhéantar ina dhiaidh sin agus cásanna de thabhairt suas nó eiseachadadh chuig Ballstát eile i gcomhair le Barántas Gabhála Eorpach, chuig tríú tír nó chuig cúirt nó binse coiriúil idirnáisiúnta (Airteagal 9).

Ráthaíochtaí nós imeachta

Tá sé riachtanach an nós imeachta a chuíba cheartiú chun éifeachtúlacht an nós imeachta thar na Ballstáit a áirithiú agus an am céanna a ráthú go dtugtar Cinneadh don iarratasóir aonair, bíodh sé dearfach nó diúltach, san am is giorra agus is féidir. níor cheart, áfach, go mbeadh sé mar thoradh gan iarraidh air seo go mbeadh tionchar tionchar diúltach ar cheart an duine aonair a iarratas nó a hiarratas a bheith scrúdaithe ar bhealach imleor agus cuimsitheach a cheadaíonn don iarratasóir na heilimintí uile a chur i láthair atá ábhartha chun a chás nó a cás a chosaint le linn a scrúdaithe. Is chuige sin atá ráthaíochtaí tábhachtacha sa togra don iarratasóir lena áirithiú, faoi réir eisceachtaí teoranta agus ag céimeanna uile an nós imeachta, go bhfuil an ceart ag an iarratasóir chun éisteacht a fháil trí agallamh pearsanta, go gcuidítear leis an iarrthóir leis an ateangaireacht riachtanach agus go dtugtar cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce dó nó di.

Ráthaítear leis an togra ceart iarratasóirí éisteacht a fháil trí agallamh pearsanta ar inghlacthacht nó ar fhiúntais a niarratas, beag beann ar chineál an nós imeachta riaracháin a chuirtear i bhfeidhm ina gcás (Airteagal 12(1)). Le go mbeadh an ceart chun agallamh pearsanta a fháil éifeachtach, ní mór don iarratasóir cúnamh a fháil ó ateangaire (Airteagal 12(8)) agus deis a fháil a mhínithe nó a mínithe a thabhairt maidir leis na forais dá iarratas nó dá hiarratas ar bhealach cuimsitheach. Tá sé tábhachtach go dtabharfaí dóthain ama don iarratasóir ullmhú agus dul i gcomhairle lena chomhairleoir dlí nó comhairleoir nó lena comhairleoir dlí nó comhairleoir, agus is féidir leis nó léi cuidiú a fháil ón gcomhairleoir dlí nó ón gcomhairleoir le linn an agallaimh. In agallaimh substainteacha a dhéantar i dtaca le scrúdú an iarratais ar a fhiúntas, tugtar an deis don iarratasóir na heilimintí uile a chur i láthair atá de dhíth chun bunús a thabhairt lena éileamh nó lena héileamh, agus chun eilimintí ar bith in easnamh nó neamhréireacht ar bith a mhíniú (Airteagal 11(2)). I gcomhthéacs an nós imeachta inghlacthachta, tá an ceart ag an iarratasóir d’agallamh inghlacthachta lena dtugtar an deis dó nó di cúiseanna imleora a sholáthar cén fáth nach féidir diúltú dá iarratas nó dá hiarratas toisc é a bheith neamhinghlactha (Airteagal 10(2)).

Ba cheart an tagallamh pearsanta a dhéanamh faoi choinníollacha a áirithíonn rúndacht iomchuí (Airteagal 12(2)) agus a dhéanamh ag foireann daoine atá oilte agus cumasach mar is cuí, lena náirítear más gá, foireann daoine ó údaráis ó Bhallstáit eile nó saineolaithe úsáidte ag an nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (Airteagal 12(3) agus (7)). Ní fhéadfar an tagallamh pearsanta a fhágáil ar lár ach amháin má tá an túdarás cinntitheach le Cinneadh dearfach a dhéanamh i dtaca leis an iarratas nó má cheapann sé nach bhfuil an tiarratasóir inniúil nó ábalta le cur faoi agallamh de bharr imthosca nach bhfuil neart aige nó aici orthu (Airteagal 12(5)). I bhfianaise gur chuid riachtanach é an tagallamh pearsanta den scrúdú ar an iarratas, ba cheart an tagallamh a thaifeadadh agus ba cheart go dtabharfaí rochtain ar an taifeadadh do na hiarratasóirí agus a gcomhairleoirí dlí, chomh maith le tuairisc nó tras-scríbhinn an agallaimh sula ndéanann an túdarás cinntitheach cinneadh, nó i gcás nós imeachta scrúdúcháin brostaithe, ag an am céanna a dhéantar an Cinneadh (Airteagal 13).

Faoin Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, tá iarratasóirí i dteideal faisnéis dlí agus nós imeachta saor in aisce a fháil le linn an nós imeachta riaracháin, agus ba cheart dóibh cúnamh dlí saor in aisce a fháil ag céim an chéad leibhéil d’achomharc más rud é nach bhfuil d’acmhainn acu íoc as cúnamh den sórt sin iad féin. Sa togra seo, meastar go bhfuil sé riachtanach rochtain a bheith ar chúnamh agus ionadaíocht dlí chun cur ar chumas iarratasóirí a gcearta iomlána a úsáid i bhfianaise na teorainneacha ama níos teinne don nós imeachta. Tá foráil ann, dá bhrí sin, do cheart iarratasóirí cúnamh agus ionadaíocht dlí saor in aisce a lorg ag céimeanna uile an nós imeachta (Airteagal 15(1)), faoi réir eisceachtaí teoranta mar a shainítear sa togra. Dá réir sin, féadfaidh Ballstáit Cinneadh gan cúnamh agus ionadaíocht dlí a sholáthar saor in aisce má tá dóthain acmhainní ag an iarratasóir agus más rud é go meastar nach bhfuil aon ionchas inláimhsithe ann go mbeidh rath ar an iarratas nó achomharc (Airteagal 15(3)(a) agus (b) agus (5)(a)(b)). Sa nós imeachta riaracháin, féadfaidh Ballstáit freisin Cinneadh a dhéanamh cúnamh agus ionadaíocht dlí saor in aisce a eisiamh i gcás iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin (Airteagal 15(3)(c)), agus ag an gcéim achomhairc, féadfaidh siad déanamh amhlaidh i dtaca le dara leibhéal achomhairc nó níos airde (Airteagal 15(5)(c)).

Measann an Coimisiún go bhfuil sé riachtanach agus iomchuí an ceart seo a leathnú chuig an nós imeachta riaracháin, mar aitheantas ar chleachtas atá ar bun cheana in dhá cheann is fiche de na Ballstáit. Éilítear leis sin go gcuirtear dóthain acmhainní ar fáil do cháilíocht na cinnteoireachta le linn an nós imeachta riaracháin. Mar sin féin, léiríonn cleachtas na mBallstát atá ag déanamh soláthair cheana féin don bhféidearthacht seo go bhfuil sé úsáideach cúnamh agus ionadaíocht dlí a sholáthar saor in aisce chun cúnamh ardchaighdeáin a áirithiú, as a dtagann cinntí riaracháin de chaighdeán níos fearr, le níos lú achomharc, b’fhéidir.

Mionaoisigh neamhthionlactha agus iarratasóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu

Leis an togra seastar le leibhéal ard de sainráthaíochtaí nós imeachta do chatagóirí soghonta d’iarratasóirí (Airteagal 19), agus go háirithe do mhionaoisigh neamhthionlactha (Airteagal 21 agus Airteagal 22) Chun nós imeachta cothrom a áirithiú do na hiarratasóirí sin, tá sé riachtanach a riachtanais a aithint a luaithe agus is féidir sa nós imeachta agus dóthain tacaíochta agus treorach a sholáthar dóibh ar feadh céimeanna uile an nós imeachta (Airteagal 20(1)). Más rud é nach bhfuil sé indéanta dóthain tacaíochta den sórt sin a sholáthar faoi chuimsiú nós imeachta scrúdúcháin brostaithe nó nós imeachta teorann, ansin níor cheart na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm (Airteagal 19(3)).

Maidir le leanaí i gcoitinne, is é leas an linbh mar thús áite an gnáthphrionsabal nuair a chuirtear an nós imeachta coiteann i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh an ceart ag leanaí uile agallamh pearsanta a fháil, beag beann ar a naois agus ar cé acu an bhfuil siad tionlactha nó nach bhfuil, ach amháin más léir nach é leas an linbh é (Airteagal 21(1) agus (2)).

Maidir le mionaoisigh neamhthionlactha, ba cheart caomhnóir a shannadh dóibh a luaithe agus is féidir agus tráth déanaí ná cúig lá oibre ón nóiméad a dhéanann mionaoiseach neamhthionlactha iarratas (Airteagal 22(1)). Mar thoradh ar éagothromaíochtaí i measc na gcóras caomhnóireachta éagsúla do mhionaoisigh neamhthionlactha sna Ballstáit, b’fhéidir nach gcloífear le cosaintí nós imeachta, b’fhéidir nach bhfaighidh mionaoisigh cúram imleor nó b’fhéidir go nochtófar iad do riosca nó staideanna contúirteacha agus b’fhéidir go n’éalóidh siad dá bharr. Leis an togra seo, ag cur san áireamh staidéar ar chaomhnóireacht leanaí a rinne an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha 13 , féachtar le cleachtais caomhnóireachta a chaighdeánú chun a áirithiú go mbíonn caomhnóireacht pras agus éifeachtach ar fud an Aontais.

Is é ról an chaomhnóra cúnamh a thabhairt agus ionadaíocht a thabhairt do mhionaoiseach neamhthionlactha d'fhonn leas an linbh agus a fholláine nó a folláine i gcoitinne a chosaint sa nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta. Más gá, agus más féidir faoin dlí náisiúnta, féadfaidh an caomhnóir inniúlacht dhlíthiúil a chur i bhfeidhm don mhionaoiseach (Airteagal 4(2)(f)). D’fhonn a áirithiú go bhfaigheann mionaoisigh neamhthionlactha tacaíocht imleor, foráiltear sa togra nár ba cheart caomhnóir a dhéanamh freagrach as líon díréireach de mhionaoisigh (an chéad mhír d'Airteagal 22(4)). I bhfianaise chúraimí agus fhreagrachtaí an chaomhnóra, lena náirítear na teorainneacha ama do na céimeanna éagsúla nós imeachta faoin Rialachán seo, tá sé riachtanach go mbeidh an líon cásanna a shanntar le gach caomhnóir a bheith réasúnach agus go bhforáiltear sa togra freisin do chóras iomchuí a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht gach caomhnóra (an dara mír d’Airteagal 22(4)).

Úsáid an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe agus nós imeachta teorann

Úsáid an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe agus an nós imeachta teorann Leis an togra seo, déantar an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe éigeantach ar fhorais theoranta áirithe a bhaineann prima facie le héilimh atá gan bhunús go follasach, amhail nuair a dhéanann an tiarratasóir uiríll ar léir go bhfuil siad neamhréireach nó bréagach, má chuireann sé nó sí na húdaráis ar míThreoir le faisnéis bhréagach nó nuair a thagann iarratasóir ó thír shábháilte thionscnaimh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart iarratas a scrúdú faoin nós imeachta scrúdúcháin brostaithe nuair is léir go bhfuil sé míúsáideach, ar nós nuair a fhéachann an tiarratasóir le moill nó bac a chur ar chur i bhfeidhm cinnidh um fhilleadh nó más rud é nach ndearna sé nó sí iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát na chéad iontrála neamhrialta nó sa Bhallstát ina bhfuil sé nó sí i láthair go dlíthiúil nó sa chás ina ndéantar iarratasóir, a bhfuil a iarratas nó a hiarratas á scrúdú agus a rinne iarratas i mBallstát eile nó atá ar chríoch Ballstáit eile gan doiciméad cónaithe, a thógáil ar ais i gcomhréir leis na rialacha nua a mholann an Coimisiún faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath gan a léiriú gur tharla a mhainneachtain nó a mainneachtain de bharr imthosca nach raibh neart aige nó aici orthu (Airteagal 40(1)).

Tá nósanna imeachta teorann, a thugann le tuiscint de ghnáth go mbainfear úsáid as coinneáil le linn an nós imeachta, roghnach fós agus féadfar iad a chur i bhfeidhm chun scrúdú a dhéanamh ar inghlacthacht nó ar fhiúntais iarratas ar na forais chéanna mar atá faoi nós imeachta scrúdúcháin brostaithe. Mura ndéantar Cinneadh laistigh de cheithre sheachtaine, faigheann an tiarratasóir an ceart iontráil agus fanacht ar an gcríoch (Airteagal 41).

Ag féachaint don fhíoras go ndéantar an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe éigeantach anois, go mbíonn coinneáil i gceist i bhformhór na gcásanna nuair atá an nós imeachta teorann á chur i bhfeidhm, go bhfuil an fad don dá nósanna imeachta gearr agus nach bhfuil aon éifeacht fionraíochta uathoibríoch i ndiaidh cinnidh a dhéanamh in aon cheann de na nósanna imeachta sin, tá sé riachtanach go mbeadh na ráthaíochtaí nós imeachta i bhfeidhm ar an iarratasóir aonair, go háirithe an ceart chun ceart éisteacht a fháil in agallamh pearsanta, ateangaireacht agus cúnamh agus ionadaíocht dlí saor in aisce (Airteagal 40(1) agus (Airteagal 41(1)). Tá cur i bhfeidhm na nósanna imeachta seo teoranta i dtaca le mionaoisigh neamhthionlactha (Airteagal 40(5) agus Airteagal 41(5)) agus ní féidir iad a chur i bhfeidhm ar iarratasóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu ach amháin más féidir tacaíocht imleor a sholáthar do na hiarratasóirí sin faoi chuimsiú na nósanna imeachta sin (Airteagal 19(3)).

Inghlacthacht iarratas

Is í an riail i gcoitinne nach mór iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú ar a fhiúntas lena Chinneadh an bhfuil iarratasóir incháilithe ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta) 14 . Ní gá scrúdú ar an bhfiúntas sa chás inar cheart dhearbhú go bhfuil iarratas neamhinghlactha i gcomhréir leis an togra seo.

Tá foráil sa togra seo, más rud é go bhfuil aon cheann de na forais inghlacthachta atá leagtha amach sa togra infheidhme, gur cheart ansin diúltú don iarratas toisc é a bheith neamhinghlactha (Airteagal 36(1)), agus nár cheart go dtógfadh scrúdú níos mó ná mí amháin (Airteagal 34(1)). Sula gcinntear cén Ballstát atá freagrach i gcomhréir leis na rialacha nua a mholann an Coimisiún faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath, ba cheart don chéad Bhallstát ina dtaisctear iarratas scrúdú a dhéanamh ar inghlacthacht an iarratais sin sa chás ina meastar go bhfuil tír nach Ballstát í ina céad tír tearmainn nó ina tríú tír shábháilte don iarratasóir. D’fhonn a áirithiú go mbíonn feidhmiú éifeachtúil ann ar chóras Bhaile Átha Cliath, samhlaítear leis an togra nár cheart go mbeadh fad an scrúdaithe ar na forais a bhaineann leis an gcéad tír tearmainn nó leis an tríú tír shábháilte níos faide ná deich lá oibre (an dara mír d’Airteagal 34(1)).

Ba cheart a mheas go bhfuil iarratas neamhinghlactha más iarratas é a dhéantar ina dhiaidh sin gan eilimintí nó tátail ábhartha nua nó má mheastar nach bhfuil bonn cirt le hiarratas ar leith a dhéantar ag céile, páirtí, nó mionaoiseach tionlactha (Airteagal 36(1)(c) agus (d)).

níor cheart na forais a bhaineann leis an gcéad tír tearmainn agus tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm ar thairbhithe cosanta coimhdí a athlonnaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (An Rialachán maidir le hAthlonnú) 15 ar eagla go gcinnfidh siad iarratas a dhéanamh ar stádas dídeanaí nuair atá siad ar chríoch na mBallstát.

Maidir leis na cásanna sin a thagann faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath, lena náirítear cásanna ina bhfuil cosaint idirnáisiúnta deonaithe ag Ballstát eile mar a fhoráiltear di san athchóiriú Bhaile Átha Cliath atá molta, ba cheart déileáil leo faoi chóras Bhaile Átha Cliath (Airteagal 36(2)).

Más léir ó mheasúnú prima facie gur féidir diúltú d’iarratas toisc go bhfuil sé gan bhunús go follasach, féadfar diúltú don iarratas ar an bhforas sin, gan a inghlacthacht a scrúdú.

Ag féachaint don fhíoras go bhfuil fad an nós imeachta inghlacthachta anghearr, agus nach bhfuil éifeacht fionraíochta uathoibríoch ag Cinneadh i gcásanna áirithe, amhail Cinneadh a dhéantar ar an bhforas a bhaineann leis an gcéad tír tearmainn, tá sé riachtanach a áirithiú go bhfuil na ráthaíochtaí nós imeachta uile ag an iarratasóir aonair, go háirithe an ceart chun éisteacht a fháil in agallamh pearsanta, ateangaireacht agus cúnamh dlí saor in aisce (Airteagal 36(1)). Bíonn eisceachtaí ar na ráthaíochtaí seo, áfach, i gcás iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin.

Láimhseáil iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin

Leis an togra seo déantar soiléiriú agus simpliú ar an nós imeachta i dtaca le láimhseáil iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin, agus cuirtear na huirlisí riachtanacha ar fáil chun míúsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an deis a sholáthraíonn iarratais a dhéantar ina dhiaidh sin. Is éard is iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin ceann a dhéanann an tiarratasóir céanna i mBallstát ar bith i ndiaidh diúltaithe d’iarratas roimhe sin trí Chinneadh críochnaitheach (Airteagal 42(1)). Tá iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin faoi réir réamhscrúdaithe a chinnfidh cé acu an gcuireann nó nach gcuireann an tiarratasóir i láthair eilimintí nó tátail ábhartha nua a d’fhéadfadh ardú suntasach a thabhairt don dóchúlacht go bhféadfadh sé nó sí cáiliú mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta (Airteagal 42(2)). Más rud é nach amhlaidh an cás, ansin tá an tiarratas a dhéantar ina dhiaidh sin le diúltú toisc é a bheith neamhinghlactha nó toisc é a bheith gan bhunús go follasach sa chás go bhfuil sé chomh soiléir sin go bhfuil an tiarratas gan bhunús nó míúsáideach nach bhfuil aon ionchas inláimhsithe ann go mbeidh rath air (Airteagal 42(5)).

Foráiltear sa togra seo gur cheart an réamhscrúdú a dhéanamh ar bhonn aighneachtaí i scríbhinn agus agallaimh phearsanta. Is féidir an tagallamh pearsanta a ligean thar ceal, áfach, sna cásanna sin inar léir, ó na haighneachtaí i scríbhinn, nach gcuireann an tiarratas aon eilimintí nó tátail ábhartha nua i láthair nó gur léir go bhfuil sé gan bhunús agus nach bhfuil aon ionchas inláimhsithe ann go mbeidh rath air (Airteagal 42(3)). Ina theannta sin, ní bheidh cúnamh dlí saor in aisce ag iarratasóir le linn na céime réamhscrúdúcháin (Airteagal 15(3)(c)).

I gcás iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin, níl aon éifeacht fionraíochta uathoibríoch ann agus féadfar eisceachtaí a dhéanamh le ceart an duine aonair chun fanacht ar chríoch Ballstáit má dhiúltaítear d’iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin toisc é a bheith neamhinghlactha nó go follasach gan bhunús, nó i gcás dara iarratais nó iarratas breise a dhéantar ina dhiaidh sin, a luaithe agus a déantar iarratas i mBallstáit ar bith i ndiaidh cinnidh críochnaithaigh a dhiúltaigh d’iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin roimhe toisc é a bheith neamhinghlactha, gan bhunús nó go follasach gan bhunús (Airteagal 43). Measann an Coimisiún go bhfuil bunús leis an gcur chuige seo ó tharla go mbeadh iarratas an iarratasóra aonair scrúdaithe faoin nós imeachta riaracháin agus ag cúirt nó binse freisin agus go mbeadh ráthaíochtaí nós imeachta faighte ag an iarratasóir lena náirítear agallamh pearsanta, ateangaireacht agus cúnamh agus ionadaíocht dlí saor in aisce.

Coincheapa Tíre Sábháilte

Ina Theachtaireacht an 6 Aibreán 2016, mheas an Coimisiún go mbaineann gné chriticiúil de chur chuige coiteann le húsáid sásraí na 'tíre sábháilte'. Go háirithe, d’fhógair an Coimisiún go ndéanfadh sé comhchuibhiú ar iarmhairtí nós imeachta an choincheapa agus go mbainfeadh sé an rogha chun é a úsáid nó gan é a úsáid.

Má úsáidtear coincheapa na chéad tíre tearmainn agus na tríú tíre sábháilte féadfar a dhearbhú go bhfuil iarratais neamhinghlactha sa chás go bhféadfaí tairbhe a bhaint as cosaint i dtríú tír (Airteagal 36(1)(a) agus (b)). Féadfar an dá choincheap a chur i bhfeidhm i dtaca le hiarratasóir i ndiaidh scrúdaithe aonair a áiríonn agallamh inghlacthachta.

Leis an togra seo soiléirítear an dá choincheap. Tá an dá cheann bunaithe ar chosaint imleor a bheith ann mar a shainítear sa togra (Airteagal 44 agus Airteagal 45). Baineann an phríomhdhifríocht idir an dá choincheap leis an iarratasóir aonair. Cé gurb amhlaidh, faoi choincheap na chéad tíre tearmainn, go raibh cosaint ag an iarratasóir i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive nó cosaint imleor sa tríú tír sin, agus gur féidir leis nó léi fós tairbhe a bhaint as an gcosaint sin, faoi choincheap na tríú tíre sábháilte tá an fhéidearthacht ann don iarratasóir cosaint a fháil i gcomhréir le caighdeáin shubstainteacha Choinbhinsiún na Ginéive nó cosaint imleor i gcomhréir leis an togra seo. Is í an difríocht seo an fáth go bhforáiltear leis an togra seo, mar atá faoi chuimsiú na reachtaíochta reatha, d’éifeacht fionraíochta uathoibríoch achomhairc i dtaca le Cinneadh a déantar bunaithe ar fhoras na tríú tíre sábháilte ach ní ar fhoras na chéad tíre tearmainn (Airteagal 53(2)(b)). Meastar go bhfuil contúirt níos mó ann go sárófar Airteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (CECD) nuair a chuirtear coincheap na tríú tíre sábháilte i bhfeidhm agus dá bhrí sin tá éifeacht fionraíochta an achomhairc riachtanach fós chun leigheas éifeachtach a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 13 den CECD.

Maidir le coincheap na tríú tír shábháilte, ina Theachtaireacht an 10 Feabhra 2016 16 , spreag an Coimisiún na Ballstáit uile chun a úsáid a thuar agus a éileamh ina reachtaíocht náisiúnta. Sa togra seo, molann an Coimisiún cur chuige comhchuibhithe AE i leith a úsáide, in urramú iomlán do na hoibleagáidí idirnáisiúnta a chumhdaítear sa Chairt, sa CECD agus i gCoinbhinsiún na Ginéive sa chaoi is go ráthaítear go gcuirtear i bhfeidhm é ar an dóigh chéanna sna Ballstáit uile, agus molann sé go ndéanfaí tríú tíortha sábháilte a ainmniú ag leibhéal an Aontais trí leasú ar an Rialachán seo amach anseo bunaithe ar na coinníollacha atá leagtha amach sa Rialachán seo agus i ndiaidh measúnú mionsonraithe, bunaithe ar fhianaise a dhéanamh ina bhfuil taighde substainteach agus comhairliúchán forleathan leis na Ballstáit agus geallsealbhóirí ábhartha (Airteagal 46). Féadfar coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm freisin, áfach, i gcásanna aonair ar bhonn na gcoinníollacha atá leagtha amach sa rialachán.

Le húsáid choincheap na tíre sábháilte tionscnaimh cuirtear ar chumas Ballstáit iarratas a scrúdú ar bhonn toimhde infhrisnéise go bhfuil a thír thionscnaimh nó a tír thionscnaimh sábháilte. Le húsáid an choincheapa féadfar déileáil le hiarratais faoin nós imeachta scrúdúcháin brostaithe (Airteagal 40(1)(e)) agus má dhiúltaítear d’iarratas toisc go bhfuil sé go follasach gan bhunús ar an bhforas seo, níl aon éifeacht fionraíochta uathoibríoch ar an achomharc (Airteagal 53(2)(a)).

I mí Mheán Fómhair 2015, mhol an Coimisiún go nglacfaí Rialachán lena mbunaítear liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh 17 chun cuidiú le próiseáil thapa na niarratas ó dhaoine ó na tíortha sin 18 . Measann an Coimisiún gur cheart go mbeadh liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh ina chuid lárnach den dréachtRialachán seo. Is chuige seo a ionchorpraítear sa togra seo togra an Choimisiúin do Rialachán lena mbunaítear liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh lena náirítear an liosta céanna de thíortha bunaithe ar na cúiseanna céanna agus atá sa togra seo, le mionleasuithe ar an téacs ag cur plé leanúnach leis na comhreachtóirí san áireamh (Airteagal 48). Chomh luath agus a bhíonn comhaontú ann idir na comhreachtóirí faoi thogra an Choimisiúin lena mbunaítear liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, ba cheart an togra sin a ghlacadh. Bheadh gá ansin téacs críochnaithe an Rialacháin nua a ionchorprú sa Rialachán Nós Imeachta Tearmainn sula nglacfar an Rialachán deireanach sin agus ba cheart an Rialachán lena mbunaítear liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh a aisghairm.

Is é an cuspóir gluaiseacht i dtreo sannúchán iomlán comhchuibhithe de thíortha sábháilte tionscnaimh agus tríú tíortha sábháilte ag leibhéal an Aontais, bunaithe ar thograí de chuid an Choimisiúin, arna chuidiú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. Is chuige sin a áirítear sa togra seo clásal 'éagtha' trínar ba cheart do na Ballstáit gan leanúint de shonrúcháin náisiúnta de thíortha sábháilte tionscnaimh nó tríú tíortha sábháilte ach ar feadh tréimhse suas le cúig bliana ó theacht i bhfeidhm an dréachtRialacháin seo (Airteagal 50(1)).

Ceart chun leigheas éifeachtach a fháil

Mar riail i gcoitinne, má tá iarratasóir le bheith ábalta úsáid a bhaint as a cheart nó a ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, tá an ceart aige nó aici chun fanacht go dtí go dtéann an teorainn ama chun an chéad leibhéal d’achomharc a thaisceadh in éag agus má bhaineann an tiarratasóir úsáid as ceart dá leithéid, ar feitheamh ar thoradh an leighis (Airteagal 54(1)). Is i gcásanna teoranta amháin nach mbeadh éifeacht fionraíochta achomhairc uathoibríoch agus bheadh ar an iarratasóir aonair iarraidh ar an gcúirt nó binse bac a chur ar chur i bhfeidhm cinnidh um fhilleadh nó dhéanfadh an chúirt gníomh uaithi féin chun na críche sin. I gcásanna ina ndiúltaíonn Cinneadh diúltach d’iarratas toisc go bhfuil sé go follasach gan bhunús nó gan bhunús i gcásanna atá faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe nó an nós imeachta teorann, toisc é a bheith neamhinghlactha toisc go dtagann an tiarratasóir ó chéad tír tearmainn nó toisc gur iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin é an tiarratas, má dhiúltaítear d’iarratas toisc gur léir go bhfuil sé tarraingthe siar nó tréigthe, féadfaidh cúirt nó binse ligean don iarratasóir fanacht faoi réir iarratais ón iarratasóir nó ag gníomhú ex officio chun bac a chur ar chur i bhfeidhm cinnidh um fhilleadh (Airteagal 54(2)). Má thaisceann iarratasóir achomharc breise i gcoinne Chinneadh an chéad achomhairc nó achomhairc ina dhiaidh, ní bheidh, i bprionsabal, ceart aige nó aici chun fanacht ar chríoch Ballstát (Airteagal 54(5)).

Má dhéantar eisceacht don cheart chun leigheas le héifeacht fionraíochta uathoibríoch a fháil, ba cheart ráthaíocht imleor a thabhairt do chearta an iarratasóra trí chúnamh ateangaireachta agus dlí riachtanach a thabhairt dó nó di, chomh maith le ham imleor a thabhairt don iarratasóir a iarratas nó a hiarratas don chúirt nó binse a ullmhú agus a chur isteach. Ina theannta sin, mar a fuair an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECtHR) in M.S.S. v an Bheilg agus an Ghréig 19 , i gcreat den sórt sin, ba cheart don chúirt nó binse a bheith ábalta scrúdú a dhéanamh ar Chinneadh diúltach an údaráis chinntithigh i dtéarmaí fíorais agus dlí. Sna cásanna sin, ag cur san áireamh rialú ECtHR in I.M. v. an Fhrainc 20 agus rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Dörr 21 , agus i bhfianaise na dteorainneacha ama diana chun achomharc a thaisceadh, molann an Coimisiún go leathnófaí na ráthaíochtaí nach raibh, sa Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, infheidhme ach amháin ar an nós imeachta teorann, chuig na cásanna uile ina gceanglaítear ar iarratasóir iarratas ar leith a dhéanamh as cosaint eatramhach (Airteagal 54(3)). Ba cheart ceadú don iarratasóir fanacht ar chríoch ar feitheamh ar thoradh an nós imeachta le rialú cé acu an féidir nó nach féidir leis nó léi fanacht. Ba cheart an Cinneadh sin a ghlacadh, áfach, laistigh de mhí amháin ó thaisceadh an achomhairc (Airteagal 54(4)).

Cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar

Ina thogra i dtaca le Rialachán Cáilitheachta, tá an Coimisiún ag moladh go neartófar rialacha maidir le hathbhreithniú ar stádas chun seiceáil cé acu an leantar de na critéir incháilitheachta a shásamh trí athbhreithnithe córasacha agus rialta a thabhairt isteach. Tá athbhreithnithe den sórt sin le déanamh nuair atá athrú ábhartha suntasach as tír thionscnaimh a léirítear san fhaisnéis agus anailís choiteann ar leibhéal an Aontais i dtaca le tíortha tionscnaimh a ullmhaíonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus nuair a dhéantar ceadanna cónaithe a athnuachan don chéad uair do dhídeanaithe agus don chéad uair agus don dara huair do thairbhithe cosanta coimhdí. Déanfaidh na húdaráis chinntitheacha an stádas a aisghairm, a stádas a chríochnú nó diúltóidh siad an stádas a athnuachan nuair a chríochnaíonn riachtanais cosanta nó nuair a tharlaíonn forais eisiaimh i ndiaidh dheonadh na cosanta. Fanann an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar sa togra seo gan athrú, ar an bhformhór, i gcomparáid leis an gcreat reachtaíochta reatha. I bhfianaise an athbhreithnithe stádais rialta atá molta, áfach, measadh go raibh sé riachtanach feabhas a chur ar ráthaíochtaí nós imeachta an duine aonair trí dheis a thabhairt dó nó di a chás nó a cás a chur in agallamh pearsanta agus ní amháin trí bhíthin aighneachtaí i scríbhinn mar atá an cás faoi láthair, agus tríd an ateangaireacht riachtanach a sholáthar (Airteagal 52(1)(b) agus Airteagal 52(4)). Leanfaidh an duine aonair den cheart a bheith aige nó aici cúnamh agus ionadaíocht dlí saor in aisce a fháil (Airteagal 52(4)).

2016/0224 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena naisghairtear Treoir 2013/32/AE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2)(d) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is é cuspóir an Rialacháin seo socruithe nós imeachta na mBallstát a chuíchóiriú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú trí nós imeachta coiteann a bhunú le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, déantar líon áirithe athruithe substainteacha ar Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 agus ba cheart an Treoir a aisghairm agus Rialachán a chur ina hionad. Ba cheart tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

(2)Tá comhbheartas ar thearmann, lena náirítear Comhchóras Eorpach Tearmainn, atá bunaithe ar Choinbhinsiún na Ginéive Maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna leasú ag Prótacal Nua-Eabhraic an 31 Eanáir 1967 (Coinbhinsiún na Ginéive), a chur i bhfeidhm ina iomláine agus go cuimsitheach, ina chuid dhílis de chuspóir an Aontais Eorpaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú de réir a chéile atá oscailte dóibh siúd a bhfuil orthu, mar gheall ar chúinsí, cosaint a lorg go dlisteanach san Aontas. Ba cheart go mbeadh beartas den chineál seo rialaithe ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, lena náirítear a impleachtaí airgeadais, idir na Ballstáit.

(3)Tá an Comhchóras Eorpach Tearmainn bunaithe ar chaighdeáin choiteanna le haghaidh nósanna imeachta tearmainn, aitheantas agus cosaint atá tugtha ar leibhéal an Aontais, coinníollacha glactha agus córas lena gcinntítear an Ballstát atá freagrach as iarrthóirí tearmainn. D'ainneoin an dul chun cinn atá déanta go dtí seo leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a fhorbairt de réir a chéile, tá difríochtaí suntasacha ann idir na Ballstáit maidir leis na cineálacha nósanna imeachta a mbaintear úsáid astu, na rátaí aitheantais, an cineál cosanta a thugtar, an leibhéal ar a bhfuil na dálaí glactha ábharacha agus na sochair a thugtar d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus do thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta. Cúis mhór le gluaiseachtaí tánaisteacha is ea na héagsúlachtaí seo agus baineann siad an bonn den chuspóir a áirithiú go gcaitear i gComhchóras Eorpach Tearmainn le hiarratasóirí go cothrom cibé áit a ndéanann siad iarratas san Aontas.

(4)Ina Theachtaireacht an 6 Aibreán 2016 23 , leag an Coimisiún amach a roghanna maidir leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a fheabhsú, eadhon chun córas inmharthana agus cothrom a bhunú leis an mBallstát atá freagrach as iarrthóirí tearmainn a chinntiú, chun córas Eurodac a threisiú, chun teacht le chéile níos fearr a bhaint amach i gcóras tearmainn AE, chun gluaiseachtaí tánaisteacha a sheachaint san Aontas agus chun sainordú úr a thabhairt do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. Tá an Teachtaireacht sin i gcomhréir le héileamh na Comhairle Eorpaí an 18-19 Feabhra 2016 24 dul chun cinn a dhéanamh maidir le creatlach reatha AE a athchóiriú agus le beartas daonna agus éifeachtach tearmainn a áirithiú. Moltar ann freisin bealach chun cinn atá i gcomhréir leis an gcur chuige iomlánaíoch maidir leis an imirce atá leagtha amach ag Parlaimint na hEorpa ina tuarascáil thionscnaimh féin an 12 Aibreán 2016.

(5)Chun Comhchóras Eorpach Tearmainn atá ag feidhmiú go maith a bheith ann, ba cheart dul chun cinn substaintiúil a dhéanamh maidir le cóineasú na gcóras tearmainn náisiúnta. Ba cheart nós imeachta coiteann chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar b'infheidhme i ngach Ballstáit de bhun Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán Cáilitheachta) 25 a chur in ionad na nósanna imeachta tearmainn éagsúla atá ag gach Ballstát faoi láthair, chun tráthúlacht agus éifeachtacht an nós imeachta a áirithiú. Ba cheart iarratais a dhéanann na náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú i nós imeachta, a bheidh rialaithe ag na rialacha céanna, is cuma an Ballstát ina dtaiscfear an tiarratas chun cothromas sa chaoi a ndéileáiltear le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta, soiléire agus deimhneacht dhlíthiúil don iarratasóir aonair a áirithiú.

(6)Le nós imeachta coiteann chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar ba cheart teorainn a chur le gluaiseachtaí tánaisteacha iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta idir na Ballstáit, i gcás inar dhifríochtaí idir creata dlíthiúla ba chúis leis na gluaiseachtaí sin, trí rialacha comhchuibhithe a chur in ionad na bhforálacha lánroghnacha atá ann faoi láthair agus trí shoiléiriú a dhéanamh ar chearta agus oibleagáidí na niarratasóirí agus ar na hiarmhairtí a leanann neamhchomhlíonadh na noibleagáidí sin, agus coinníollacha coibhéiseacha a chruthú chun Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta) a chur i bhfeidhm sna Ballstáit.

(7)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na hiarratais uile ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanfar i gcríoch na mBallstát, lena náirítear na hiarratais sin a dhéanfar ag an teorainn sheachtrach, ar an bhfarraige theorann nó i gcriosanna idirthurais na mBallstát, agus maidir le cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar. Daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu agus atá i láthair ar fharraige theorann Ballstáit, ba cheart iad a thabhairt i dtír agus scrúdú a dhéanamh ar a niarratais i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(8)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta i nós imeachta ina scrúdófar an gcáilíonn na hiarratasóirí mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta). I dteannta na cosanta idirnáisiúnta, féadfaidh na Ballstáit freisin faoina ndlí náisiúnta stádais dhaonnúla náisiúnta eile a dheonú dóibh siúd nach gcáilíonn do stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí. Chun cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta i mBallstáit, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm freisin ar iarratais ar aon chineál eile cosanta den sórt sin.

(9)Maidir leis an dóigh a gcaitear le daoine a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tá na Ballstáit faoi cheangal ag na hionstraimí dlí idirnáisiúnta ar páirtithe iontu iad.

(10)Ba cheart úsáid a bhaint as acmhainní an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíochta chun tacaíocht iomchuí a thabhairt d’iarrachtaí na mBallstát an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, go háirithe do na Ballstáit sin a bhfuil brú díréireach sonrach ar a gcórais tearmainn agus glactha.

(11)Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil atá riachtanach a sholáthar do na Ballstáit agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, go háirithe trí shaineolaithe a sholáthar chun cúnamh a thabhairt d’údaráis náisiúnta iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh, a chlárú agus a scrúdú, agus trí fhaisnéis atá cothrom le dáta a chur ar fáil maidir le tríú tíortha, lena náirítear faisnéis faoi thíortha tionscnaimh agus Treoir faoin staid i dtíortha tionscnaimh sonracha. Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu, ba cheart do na Ballstáit caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte agus dea-chleachtais atá forbartha ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a chur san áireamh.

(12)Ar mhaithe leis na daoine sin a shainaithint i gceart a bhfuil cosaint de dhíth orthu mar dhídeanaithe de réir bhrí Airteagal 1 de Choinbhinsiún na Ginéive nó mar dhaoine atá incháilithe do chosaint choimhdeach, ba cheart a bheith ag gach iarratasóir rochtain éifeachtach ar an nós imeachta, an deis comhoibriú agus cumarsáid chuí a dhéanamh leis na húdaráis fhreagracha chun fíorais ábhartha a cháis a chur i láthair agus ráthaíochtaí nós imeachta ar leor iad chun leanúint dá chás trí chéimeanna uile an nós imeachta.

(13)Ba cheart deis éifeachtach a thabhairt don iarratasóir na heilimintí ábhartha uile atá ar fáil dó a chur faoi bhráid an údaráis chinntithigh. Ar an ábhar sin, ba cheart an ceart a bheith ag an iarratasóir, faoi réir eisceachtaí teoranta, éisteacht a fháil trí agallamh pearsanta maidir le hinghlacthacht nó fiúntas a iarratais, de réir mar is cuí. Chun ceart éifeachtach a bheith sa cheart chun agallamh pearsanta, ba cheart cúnamh ateangaire a bheith ag an iarratasóir agus ba cheart an deis a thabhairt dó míniú a thabhairt ar fhorais a iarratais ar bhealach cuimsitheach. Ba cheart a dhóthain ama a thabhairt don iarratasóir ullmhú agus dul i gcomhairle lena chomhairleoir dlí, agus is féidir leis cúnamh a fháil ón gcomhairleoir dlí nó ón gcomhairleoir le linn an agallaimh. Ba cheart an tagallamh pearsanta a dhéanamh faoi choinníollacha a áiritheoidh rúndacht iomchuí agus ba cheart pearsanra atá oilte agus inniúil go hiomchuí é a dhéanamh, lena náirítear más gá, pearsanra ó údaráis Ballstát eile nó saineolaithe arna núsáid ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. Ní fhéadfar an tagallamh pearsanta a fhágáil ar lár ach amháin má tá an túdarás cinntitheach chun Cinneadh dearfach a dhéanamh i dtaca leis an iarratas nó má cheapann an túdarás cinntitheach nach bhfuil an tiarratasóir inniúil nó ábalta agallamh a dhéanamh de dheasca imthosca seasmhacha nach bhfuil neart aige orthu. Ós rud é gur chuid riachtanach den scrúdú ar an iarratas é an tagallamh pearsanta, ba cheart an tagallamh a thaifeadadh agus ba cheart rochtain ar an taifeadadh a thabhairt do na hiarratasóirí agus dá gcomhairleoirí dlí, chomh maith le tuairisc nó tras-scríbhinn an agallaimh sula ndéanfaidh an túdarás cinntitheach cinneadh, nó i gcás nós imeachta scrúdúcháin brostaithe, ag an am céanna a dhéanfar an cinneadh.

(14)Is chun leasa na mBallstát agus na niarratasóirí freisin a áirithiú go sainaithneofar i gceart riachtanais cosanta idirnáisiúnta ag céim an nós imeachta riaracháin féin trí fhaisnéis agus tacaíocht dlí de dhea-cháilíocht a sholáthar sa dóigh gur éifeachtúla an chinnteoireacht agus gur fearr cáilíocht na cinnteoireachta. Chun na críche sin, ba cheart rochtain ar chúnamh agus ionadaíocht dlí a bheith ina gcuid dhílis den nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta. Chun cosaint éifeachtach ar chearta an iarratasóra a áirithiú, go háirithe an ceart chun cosanta agus prionsabal na cothroime, agus chun barainneacht an nós imeachta a áirithiú, ba cheart, arna iarraidh dóibh agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, cúnamh agus ionadaíocht dlí saor in aisce a thabhairt d'iarratasóirí le linn an nós imeachta riaracháin agus an achomhairc nós imeachta. Is daoine atá inniúil ar a soláthar de réir an dlí náisiúnta ba cheart an cúnamh agus ionadaíocht dlí saor in aisce a sholáthar.

(15)B’fhéidir go mbeidh sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth ar iarratasóirí áirithe mar thoradh ar, inter alia, a naois, a ninscne, a ngnéaschlaonadh, a bhféiniúlacht inscne, a míchumas, a mbreoiteacht thromchúiseach, a neamhoird mheabhrach nó mar thoradh ar chéasadh, éigniú nó cineálacha tromchúiseacha eile d’fhoréigean síceolaíoch, fisiceach, gnéasach nó bunaithe ar inscne. Tá sé riachtanach measúnú córasach a dhéanamh an bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth ar iarratasóir aonair agus na hiarratasóirí sin a shainaithint a luaithe agus is féidir ón tráth a dhéanfar iarratas agus sula ndéanfar cinneadh.

(16)Chun a áirithiú go ndéanfar na hiarratasóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu a shainaithint a luaithe agus is féidir, ba cheart pearsanra na núdarás atá freagrach as glacadh agus clárú iarratas a bheith oilte go hiomchuí ar chomharthaí leochaileachta a bhrath agus ba cheart treoracha iomchuí a thabhairt dóibh chun na críche sin. Ba cheart bearta breise a bhaineann le sainaithint agus doiciméadú ar airíonna agus comharthaí céasta nó gníomhartha tromchúiseacha eile d’fhoréigean fisiceach nó síceolaíoch, lena náirítear gníomhartha d’fhoréigean gnéasach, i nósanna imeachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bheith, inter alia, bunaithe ar an Lámhleabhar maidir le Céasadh agus Íde eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach a Imscrúdú agus a Dhoiciméadú go hÉifeachtach (Prótacal Iostanbúl).

(17)Maidir le hiarratasóirí a shainaithneofar iad mar iarratasóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu, ba cheart tacaíocht iomchuí a thabhairt dóibh, lena náirítear a ndóthain ama, ionas go mbeidh rochtain éifeachtach acu ar nósanna imeachta agus chun na heilimintí a phróiseáil atá de dhíth chun a léiriú go bhfuil bunús lena niarratas ar chosaint idirnáisiúnta. I gcás nach féidir tacaíocht iomchuí a sholáthar faoi chuimsiú nós imeachta scrúdúcháin brostaithe nó nós imeachta teorann, ba cheart iarratasóir a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth air a dhíolmhú ó na nósanna imeachta sin. I gcás inar gá sainráthaíochtaí nós imeachta de chineál a d’fhéadfadh cosc a chur ar chur i bhfeidhm nósanna imeachta brostaithe nó teorann, ba cheart dá réir sin ráthaíochtaí breise a thabhairt don iarratasóir más rud é nach bhfuil éifeacht fionraíochta uathoibríoch ag a achomharc, d'fhonn an leigheas a bheith éifeachtach maidir le cúinsí an iarratasóra sin.

(18)D'fhonn comhionannas substainteach idir iarratasóirí baineanna agus fireanna a áirithiú, ba cheart nósanna imeachta scrúdaithe a bheith íogair ó thaobh inscne. Go háirithe, ba cheart agallaimh phearsanta a eagrú ar bhealach a chuireann ar chumas iarratasóirí baineanna agus fireanna labhairt faoina neispéiris san am atá thart i gcásanna a bhaineann le géarleanúint bunaithe ar inscne. Chun na críche sin, ba cheart deis éifeachtach a thabhairt do mhná agallamh a dhéanamh ar leithligh óna nuachar, páirtí nó baill teaghlaigh eile. Más féidir, ba cheart ateangairí agus agallóirí baineanna a chur ar fáil do mhná agus cailíní. Ba cheart liachleachtóirí baineanna na scrúduithe leighis ar mhná agus ar chailíní a dhéanamh, go háirithe ag féachaint dó go mb’fhéidir go raibh an tiarratasóir ina híospartach foréigin bunaithe ar inscne. Ba cheart a chastacht atá maíomh bunaithe ar inscne a chur san áireamh go cuí le linn nósanna imeachta atá bunaithe ar choincheap thír an chéad tearmainn, coincheap an tríú tír shábháilte, coincheap na tíre tionscnaimh sábháilte agus i nóisean na niarratas ina dhiaidh sin.

(19)I gcás ina ndéanfar cuardach ar iarratasóir faoi chuimsiú na próiseála ar iarratas, is duine den ghnéas céanna ba cheart an cuardach sin a dhéanamh. Ba cheart é sin a bheith gan dochar do chuardach a dhéanfaí, ar chúiseanna slándála, ar bhonn an dlí náisiúnta.

(20)Ba cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt do leas an linbh mar thús áite agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu, i gcomhréir le hAirteagal 24 den Chairt agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989. Agus leas an linbh á mheas, ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, folláine agus forbairt shóisialta an mhionaoisigh, lena náirítear a chúlra, a chur san áireamh. I bhfianaise Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh i dtaca le ceart an linbh éisteacht a fháil, tabharfaidh an túdarás cinntitheach deis do mhionaoiseach agallamh pearsanta a dhéanamh ach amháin más léir nach bhfuil sé sin chun leasa an mhionaoisigh.

(21)Leis an nós imeachta coiteann déantar cuíchóiriú ar na teorainneacha ama don duine aonair aontú don nós imeachta, do scrúdú an iarratais ag an údarás cinntitheach agus don scrúdú ar achomhairc den chéad leibhéil ag údaráis bhreithiúnacha. De bhrí go bhfuil an chontúirt ann go gcuirfeadh líon díréireach iarratas comhuaineach moill ar rochtain ar an nós imeachta agus ar scrúdú na niarratas, d'fhéadfadh sé gur mbeadh gá le beart solúbthachta chun na hamlínte sin a shíneadh go heisceachtúil. Chun próiseas éifeachtach a áirithiú, áfach, ba cheart síneadh na dteorainneacha ama sin a bheith ina rogha dheiridh de bhrí gur cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar an riachtanas córas tearmainn éifeachtúil a choimeád ar bun, lena náirítear trí phleananna teagmhasacha a ullmhú más gá, agus de bhrí gur cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil atá riachtanach a sholáthar do na Ballstáit. I gcás ina mbeidh na Ballstáit ag tuar nach mbeidh siad ábalta na teorainneacha ama atá socraithe a chomhlíonadh, ba cheart dóibh cúnamh a lorg ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. I gcás na ndéanfar iarratas den sórt sin, agus mar thoradh ar an mbrú díréireach go néiríonn an córas tearmainn i mBallstát chomh neamhéifeachtach go gcuirtear feidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn i mbaol, féadfaidh an Ghníomhaireacht, bunaithe ar Chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún, bearta a dhéanamh chun tacú leis an mBallstát sin.

(22)Ba cheart rochtain ar an nós imeachta coiteann a bheith bunaithe ar chur chuige trí chéim mar atá iarratas a dhéanamh, a chlárú agus a thaisceadh. Is é an tiarratas a dhéanamh an chéad chéim agus is leis sin a chuirtear cur i bhfeidhm an Rialacháin i ngníomh. Measfar go bhfuil iarratas déanta ag náisiúnach tríú tír nó duine gan stát má tá mian curtha in iúl acu cosaint idirnáisiúnta a fháil ó Bhallstát. Féadfar an mhian sin a chur in iúl i bhfoirm ar bith agus ní gá don iarratasóir aonair focail shonracha a úsáid, amhail cosaint idirnáisiúnta, tearmann nó cosaint choimhdeach. Is í an phríomhghné ba cheart a bheith ann go gcuireann an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát eagla in iúl go ndéanfaí géarleanúint air nó díobháil thromchúiseach dó ar fhilleadh ar a thír thionscnaimh dó, nó i gcás duine gan stát, ar fhilleadh ar an tír ina mbíodh gnáthchónaí air roimhe sin. I gcás ina bhfuil amhras ann an féidir dearbhú áirithe a fhorléiriú mar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart fiafraí go sainráite den náisiúnach tríú tír nó den duine gan stát an mian leis cosaint idirnáisiúnta a fháil. Ba cheart don iarratasóir tairbhe a fháil as cearta faoin Rialachán seo agus Treoir XXX/XXX/EU (An Treoir maidir le Coinníollacha Glactha) 26 a luaithe agus a dhéanann sé iarratas.

(23)Ba cheart iarratas a chlárú a luaithe a dhéanfar é. Ag an gcéim sin, ba cheart do na húdaráis atá freagrach as iarratais a ghlacadh agus a chlárú, lena náirítear gardaí teorann, póilíní, údaráis inimirce agus údaráis atá freagrach as saoráidí coinneála an tiarratas a chlárú mar aon le sonraí pearsanta an iarratasóra aonair. Ba cheart do na húdaráis sin an tiarratasóir a chur ar an eolas maidir lena chearta agus oibleagáidí, chomh maith leis na hiarmhairtí don iarratasóir i gcás nach gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin. Ba cheart doiciméad a thabhairt don iarratasóir a dheimhníonn go bhfuil iarratas déanta. Is ag an uair a chláraítear iarratas a chuirtear tús leis an tréimhse ama ina gcaitear an tiarratas a thaisceadh.

(24)Is é taisceadh an iarratais an gníomh a chuireann an tiarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar bhonn foirmiúil. Ba cheart an fhaisnéis is gá a thabhairt don iarratasóir maidir le conas agus cén áit a iarratas a thaisceadh agus ba cheart deis éifeachtach a thabhairt dó é sin a dhéanamh. Ag an gcéim seo tá air na heilimintí uile a chur isteach atá ar fáil dó agus atá de dhíth chun a léiriú go bhfuil bunús leis an iarratas agus chun é a chomhlánú. Is ag an uair a thaisctear iarratas a chuirtear tús leis an tréimhse ama ina gcaitear an nós imeachta riaracháin a dhéanamh. Ag an am sin, ba cheart doiciméad a thabhairt don iarratasóir a dheimhníonn a stádas mar iarratasóir, agus ba cheart an doiciméad a bheith bailí ar feadh an ama a bhfuil sé de cheart aige fanacht ar chríoch an Bhallstáit atá freagrach as an iarratas a scrúdú.

(25)Ba cheart an tiarratasóir a chur ar an eolas go cuí faoina chearta agus oibleagáidí ar bhealach tráthúil agus i dteanga a thuigeann sé nó ar féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go dtuigfidh sé. De bhrí go bhféadfaí i gcás, mar shampla, ina ndiúltódh an tiarratasóir comhoibriú leis na húdaráis náisiúnta agus gan na heilimintí is gá a sholáthar chun an tiarratas a scrúdú agus gan a mhéarloirg nó íomhá dá aghaidh a sholáthar, nó ina dteipfeadh air a iarratas a thaisceadh laistigh den teorainn ama a bheadh socraithe, de bhrí go bhféadfaí sa chás sin an tiarratas a dhiúltú toisc gur iarratas é a éiríodh as, is gá an tiarratasóir a chur ar an eolas faoi na hiarmhairtí a leanfadh gan na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.

(26)Chun a bheith ábalta a noibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart eolas iomchuí a bheith ag pearsanra na núdarás atá freagrach as iarratais a ghlacadh agus a chlárú, agus ba cheart an oiliúint is gá a chur orthu i réimse na cosanta idirnáisiúnta, lena náirítear le tacaíocht ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. Ina theannta sin, ba cheart na bealaí agus treoracha iomchuí a thabhairt dóibh chun a gcúraimí a chur i gcrích go héifeachtach.

(27)Chun rochtain a éascú ar an nós imeachta ag pointí trasnaithe teorann agus in saoráidí coinneála, ba cheart faisnéis a chur ar fáil maidir leis an deis iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta. An bhunchumarsáid is gá le gur féidir leis na húdaráis inniúla é a thuiscint má dhearbhaíonn daoine gur mian leo cosaint idirnáisiúnta a fháil, ba cheart í a áirithiú trí shocruithe ateangaireachta.

(28)Ba cheart go mbeadh foráil sa Rialachán seo maidir leis an bhféidearthacht go dtaiscfidh iarratasóirí iarratas thar ceann a nuachar, a bpáirtí i gcaidreamh socair agus marthanach, a ndaoine fásta cleithiúnacha agus a mionaoiseach. Leis an rogha seo ceadaítear comhscrúdú ar na hiarratais sin. Ráthaítear ceart gach duine aonair cosaint idirnáisiúnta a lorg óir más rud é nach ndéanfaidh an tiarratasóir iarratas thar ceann an nuachair, an pháirtí, an duine fásta chleithiúnaigh nó an mhionaoisigh laistigh den teorainn ama atá socraithe chun iarratas a thaisceadh, féadfaidh an nuachar nó an páirtí déanamh amhlaidh ina ainm féin agus gheobhaidh an duine fásta cleithiúnach nó an mionaoiseach cúnamh ón údarás cinntitheach. Más rud é nach bhfuil bunús le hiarratas ar leithligh, áfach, ba cheart a mheas go bhfuil sé neamhinghlactha.

(29)Chun a áirithiú go bhfuil rochtain éifeachtach ag mionaoisigh neamhthionlactha ar an nós imeachta, ba cheart caomhnóir a cheapadh dóibh i gcónaí. Ba cheart don chaomhnóir a bheith ina dhuine nó ina ionadaí de chuid eagraíochta arna ceapadh chun cúnamh agus chun Treoir a thabhairt don mhionaoiseach tríd an nós imeachta d'fhonn leas an linbh a chosaint, chomh maith lena fholláinne i gcoitinne. Más gá, ba cheart don chaomhnóir inniúlacht dhlíthiúil a fheidhmiú ar son an mhionaoisigh. Chun tacaíocht éifeachtach a sholáthar do na mionaoisigh neamhthionlactha, níor cheart caomhnóirí a chur i bhfeighil ar líon díréireach mionaoiseach neamhthionlactha ag an am céanna. Ba cheart do na Ballstáit eintitis nó daoine a cheapadh atá freagrach as tacaíocht, maoirsiú agus faireachán ar na caomhnóirí agus a gcúraimí á bhfeidhmiú acu. Ba cheart do mhionaoiseach neamhthionlactha iarratas a thaisceadh ina ainm féin nó tríd an gcaomhnóir. D’fhonn cearta agus ráthaíochtaí nós imeachta mionaoiseach neamhthionlactha a chosaint, ba cheart gur tráth a cheaptar a chaomhnóir agus go gcuireann siad aithne ar a chéile a chuirtear tús leis an tréimhse ama ina gcaithfidh sé iarratas a thaisceadh. I gcás nach dtaiscfidh an caomhnóir an tiarratas laistigh den teorainn ama atá socraithe, ba cheart deis a thabhairt don mhionaoiseach neamhthionlactha an tiarratas a thaisceadh ina ainm féin le cúnamh ón údarás cinntitheach. Más rud é go roghnaíonn mionaoiseach neamhthionlactha iarratas a thaisceadh ina ainm féin, níor cheart, dá bharr sin, sannadh caomhnóra dó a chosc.

(30)Chun cearta na niarratasóirí a ráthú, ba cheart na cinntí a dhéanamh i dtaca leis na hiarratais uile ar chosaint idirnáisiúnta ar bhonn na bhfíoras, go hoibiachtúil, go neamhchlaonta agus ar bhonn an duine aonair i ndiaidh scrúdú críochnúil a chuireann san áireamh na heilimintí uile a sholáthraíonn an tiarratasóir agus cúinsí an iarratasóra féin. Chun dianscrúdú ar iarratas a áirithiú, ba cheart don údarás cinntitheach faisnéis ábhartha, chruinn agus chothrom le dáta a chur san áireamh a bhaineann leis an staid i dtír thionscnaimh an iarratasóra, ar faisnéis í a fhaightear ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus ó fhoinsí eile amhail ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe. Ba cheart don údarás cinntitheach aon anailís choiteann ábhartha a chur san áireamh freisin, ar anailís í ar fhaisnéis i dtaca le tíortha tionscnaimh atá forbartha ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. I gcás ina gcuirfear siar críochnú an nós imeachta, ba cheart cloí go hiomlán le hoibleagáidí na mBallstát faoi Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta) agus leis an gceart chun dea-riaracháin, gan dochar d’éifeachtúlacht agus cothroime an nós imeachta faoin Rialachán seo.

(31)Chun cearta an iarratasóra a áirithiú, ba cheart Cinneadh i dtaca lena iarratas a thabhairt i scríbhinn. I gcás nach ndeonfar cosaint idirnáisiúnta sa chinneadh, ba cheart na fáthanna leis an gCinneadh a thabhairt don iarratasóir agus faisnéis ar iarmhairtí an chinnidh chomh maith leis an mbealach inar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin. Gan dochar do cheart an iarratasóra fanacht ná do phrionsabal an nonrefoulement, féadfar Cinneadh den sórt sin Cinneadh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chuimsiú, nó féadfar é a eisiúint in éineacht le Cinneadh den sórt sin.  27  

(32)Is gá gur údaráis a bhfuil an teolas iomchuí ag a bpearsanra agus a bhfuil an oiliúint is gá curtha orthu i réimse na cosanta idirnáisiúnta a dhéanfaidh cinntí i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta, agus go ndéanfaidh siad a ngníomhaíochtaí le hurramú iomchuí ar na prionsabail eitice is infheidhme. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin maidir leis an bpearsanra ó údaráis Ballstát eile agus maidir le saineolaithe arna núsáid ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a úsáidtear chun cúnamh a thabhairt do'údarás cinntitheach Ballstáit agus iarratais ar chosaint idirnáisiúnta á scrúdú.

(33)Gan dochar do scrúdú iomchuí agus iomlán a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, is chun leasa na mBallstát agus na niarratasóirí Cinneadh a dhéanamh a luaithe agus is féidir. Ba cheart teorainneacha ama uasta d’fhad an nós imeachta riaracháin chomh maith leis an gcéad leibhéal achomhairc a leagan síos chun an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta a chuíchóiriú. Ar an dóigh sin, ba cheart go mbeadh iarratasóirí ábalta Cinneadh a fháil i dtaca lena niarratas laistigh den mhéid ama is lú agus is féidir sna Ballstáit uile agus leis sin go náireofaí nós imeachta tapa agus éifeachtúil.

(34)Chun fad foriomlán an nós imeachta a ghiorrú i gcásanna áirithe, ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag na Ballstáit, i gcomhréir lena riachtanais náisiúnta, tosaíocht a thabhairt don scrúdú ar aon iarratas trína scrúdú roimh iarratais eile a rinneadh roimhe, gan maolú ó na teorainneacha ama, na prionsabail agus na ráthaíochtaí nós imeachta is infheidhme de ghnáth.

(35)Sula gcinntear cén Ballstát atá freagrach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán Bhaile Átha Cliath) 28 , ba cheart don chéad Bhallstát ina dtaiscfear iarratas scrúdú a dhéanamh ar inghlacthacht an iarratais sin nuair a mheasfar go bhfuil tír nach Ballstát í ina tír an chéad tearmainn nó tríú tír shábháilte don iarratasóir. Ina theannta sin, ba cheart a mheas go bhfuil iarratas neamhinghlactha más rud é gur iarratas é a dhéanfar ina dhiaidh sin gan aon eilimintí nó tátail ábhartha nua agus más rud é go measfar go bhfuil iarratas ar leithligh ó nuachar, páirtí, duine fásta cleithiúnach nó mionaoiseach gan bhunús.

(36)Ba cheart coincheap thír an chéad tearmainn a chur i bhfeidhm mar fhoras ar neamhinghlacthacht más féidir glacadh leis go réasúnta go ndeonfadh tír eile cosaint i gcomhréir le caighdeáin shubstainteacha Choinbhinsiún na Ginéive nó go dtabharfaí cosaint imleor don iarratasóir sa tír sin. Go háirithe, níor cheart scrúdú a dhéanamh ar fhiúntas iarratais i gcás ina bhfuil stádas dídeanaí nó cosaint atá imleor ar bhealach eile deonta don iarratasóir ag tír an chéad tearmainn. Níor cheart do Bhallstáit dul ar aghaidh ar an mbunús sin ach amháin i gcás ina siad sásta, lena náirítear, más gá nó iomchuí, bunaithe ar dhearbhuithe ón tríú tír lena mbaineann, go raibh cosaint ag an iarratasóir sa tír sin agus go leanfar de chosaint a bheith aige i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive nó go raibh cosaint imleor aige ar bhealach eile agus go leanfaidh sé de chosaint imleor a bheith aige, go háirithe mar a bhaineann le ceart cónaithe dlíthiúil, rochtain iomchuí ar mhargadh an tsaothair, saoráidí glactha, cúram sláinte agus oideachas, agus an ceart chun athaontú teaghlaigh i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine.

(37)Ba cheart coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm mar fhoras neamhinghlacthachta i gcás inar féidir a bheith ag súil leis go réasúnta, de thoradh nasc leis an tríú tír lena náirítear tír trína bhfuil idirthuras déanta aige, go lorgóidh an tiarratasóir cosaint sa tír sin, agus go bhfuil foras lena cheapadh go dtabharfar cead dul isteach nó cead dul isteach arís sa tír sin don iarratasóir. Níor cheart do na Ballstáit dul ar aghaidh ar an mbunús sin ach amháin i gcás ina bhfuil siad sásta, lena náirítear, más gá nó iomchuí, bunaithe ar dhearbhuithe a fhaightear ón tríú tír lena mbaineann, go mbeidh deis ag an iarratasóir cosaint a fháil i gcomhréir le caighdeáin shubstainteacha Choinbhinsiún na Ginéive nó go mbeidh cosaint imleor aige, go háirithe mar a bhaineann le ceart cónaithe dlíthiúil, rochtain iomchuí ar mhargadh an tsaothair, saoráidí glactha, cúram sláinte agus oideachas, agus an ceart chun athaontú teaghlaigh i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine.

(38)Ba cheart iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú ar a fhiúntas chun a Chinneadh an gcáilíonn iarratasóir do chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta). Ní gá scrúdú ar an bhfiúntas i gcás inar cheart a dhearbhú go bhfuil iarratas neamhinghlactha i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ach más léir ó mheasúnú prima facie, áfach, gur féidir diúltú d’iarratas toisc go bhfuil sé go follasach gan bhunús, féadfar diúltú don iarratas ar an bhforas sin gan a inghlacthacht a scrúdú.

(39)Ba cheart an scrúdú ar iarratas a bhrostú agus a chur i gcrích laistigh de dhá mhí ar a mhéid sna cásanna sin ina bhfuil iarratas go follasach gan bhunús toisc gur éileamh míúsáideach é, lena náirítear i gcás ina dtiocfaidh iarratasóir ó thír shábháilte thionscnaimh nó nach bhfuil iarratas á dhéanamh ag iarratasóir ach chun moill nó bac a chur ar fhorfheidhmiú Cinneadh é a chur amach, nó i gcás ina bhfuil imní thromchúiseach slándála náisiúnta nó phoiblí, i gcás nach ndéanfaidh an tiarratasóir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát a dtéitear isteach ann den chéad uair nó i mBallstát an chónaithe dhlíthiúil nó i gcás ina ndéanfar iarratasóir a bhfuil a iarratas faoi scrúdú agus a rinne iarratas i mBallstát eile nó atá ar chríoch Ballstáit eile gan doiciméad cónaithe a thógáil ar ais faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath. Sa chás deiridh sin, níor cheart an scrúdú ar an iarratas a bhrostú más rud é go bhfuil an tiarratasóir ábalta cosaintí a bhfuil bunús leo a thabhairt ar a imeacht chuig Ballstát eile gan údarú, ar iarratas a dhéanamh i mBallstát eile nó ar gan a bheith ar fáil do na húdaráis inniúla ar bhealach eile, amhail, mar shampla, nár cuireadh ar an eolas é go hiomchuí agus in am trátha faoina oibleagáidí. Ina theannta sin, ní fhéadfar an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe a chur i bhfeidhm ar mhionaoisigh neamhthionlactha ach amháin laistigh de na cúinsí teoranta atá leagtha amach sa Rialachán seo.

(40)Déantar mórán iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag an teorainn nó i gcrios idirthurais de Bhallstát roimh Chinneadh maidir le dul isteach an iarratasóra. Ba cheart na Ballstáit a bheith ábalta foráil maidir le scrúdú ar inghlacthacht nó scrúdú ar fhiúntas a chumasódh Cinneadh a dhéanamh i dtaca le hiarratais den sórt sin ag na suíomhanna sin i gcúinsí atá sainithe go maith. Níor cheart go mairfeadh an nós imeachta teorann níos faide ná ceithre seachtaine agus i ndiaidh na tréimhse sin ba cheart a cheadú d'iarratasóirí dul isteach ar chríoch an Bhallstáit. Ní fhéadfar an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm ag suíomh i ngaireacht don teorainn nó don chrios idirthurais ach amháin nuair a thaisceann líon díréireach d’iarratasóirí a niarratais ag na teorainneacha nó i gcrios idirthurais. Ní fhéadfar nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm ar mhionaoisigh neamhthionlactha ach amháin laistigh de na cúinsí teoranta atá leagtha amach sa Rialachán seo.

(41)Féadfaidh coincheap an oird phoiblí, inter alia, ciontú i gcoir thromchúiseach a chuimsiú.

(42)Fad is féidir le hiarratasóir cúis mhaith a léiriú, ní bheidh easpa doiciméad ar dhul isteach dó ná úsáid doiciméad brionnaithe ina cúis per se le nós imeachta scrúdúcháin brostaithe nó nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm go huathfheidhmeach.

(43)I gcás ina ndéanfaidh iarratasóir a iarratas a tharraingt siar uaidh féin, nó nach gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí ag eascairt as an Rialachán seo, Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath) nó Treoir XXX/XXX/EU (An Treoir maidir le Coinníollacha Glactha) tá sé intuigthe dá thoradh sin go dtarraingíonn sé a iarratas siar, níor cheart an tiarratas a scrúdú a thuilleadh agus ba cheart é a dhiúltú toisc gur léir go bhfuil sé tarraingthe siar nó gur éiríodh as agus ba cheart aon iarratas ina dhiaidh sin a dhéanfaidh an tiarratasóir céanna sna Ballstáit a mheas mar iarratas ina dhiaidh sin. Níor cheart an tarraingt siar intuigthe a bheith uathfheidhmeach áfach, ach ba cheart deis a thabhairt don iarratasóir tuairisciú don údarás cinntitheach agus léiriú gur tharla an mhainneachtain na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh de bharr imthosca nach raibh neart aige orthu.

(44)I gcás ina ndéanfaidh iarratasóir iarratas ina dhiaidh sin gan fianaise nó torthaí nua a thabhairt ar aird a mhéadaíonn go suntasach an dóchúlacht go gcáileoidh sé mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta nó a bhaineann leis na fáthanna ar diúltaíodh an tiarratas roimhe sin mar iarratas neamhinghlactha, níor cheart nós imeachta scrúdúcháin iomlán eile a dhéanamh ar an iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin. Sna cásanna sin, i ndiaidh réamhscrúdaithe, ba cheart na hiarratais sin a dhiúltú toisc iad a bheith neamhinghlactha nó toisc gur léir go bhfuil siad gan bhunús i gcás ina bhfuil sé chomh soiléir sin go bhfuil an tiarratas gan bhunús nó míúsáideach nach léir aon ionchas go mbeidh rath air, i gcomhréir leis an bprionsabal res judicata. Ba cheart an réamhscrúdú a chur i gcrích ar bhonn aighneachtaí i scríbhinn agus agallaimh phearsanta ach féadfar an tagallamh pearsanta a ligean thar ceal, áfach, sna cásanna sin inar léir, ó na haighneachtaí i scríbhinn, nach bhfuil aon eilimintí nó tátail ábhartha nua ann mar thoradh ar an iarratas nó gur léir go bhfuil sé gan bhunús agus nach léir aon ionchas go mbeidh rath air. I gcás iarratas a dhéanfar i ndiaidh iarratas eile, féadfar eisceachtaí a dhéanamh ar chearta an duine aonair fanacht ar chríoch Bhallstáit tar éis an tiarratas nua a bheith diúltaithe toisc é a bheith neamhinghlactha nó gan bhunús, nó i gcás ina ndéanfar an dara hiarratas nó iarratais eile ina dhiaidh sin arís, a luaithe a dhéanfar iarratas aon Bhallstát i ndiaidh Cinneadh críochnaitheach lenar diúltaíodh iarratas a rinneadh roimhe sin, arbh iarratas ina dhiaidh sin é, toisc é a bheith neamhinghlactha, gan bhunús nó gur léir go raibh sé gan bhunús.

(45)Tugtar aird ar leith ar shábháilteacht an iarratasóra ina thír thionscnaimh nuair atáthar á mheas an bhfuil bunús maith le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Óir is é is aidhm ag Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta) leibhéal ard cóineasaithe a fháil maidir le cáilitheacht náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, leagtar síos leis an Rialachán seo critéir choiteanna chun tríú tíortha a ainmniú mar thíortha sábháilte tionscnaimh agus, i bhfianaise an ghá neartú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm choincheap na tíre sábháilte tionscnaimh mar uirlis riachtanach chun tacú le próiseáil thapa iarratas ar dócha nach mbeidh bunús leo, leagtar amach sa Rialachán seo liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh. 

(46)Ní ráthaíocht iomlán sábháilteacha é do náisiúnaigh tríú tír an tríú tír sin a bheith ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, agus dá bhrí sin ní ligtear thar ceal an gá scrúdú iomchuí sainiúil a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Mar gheall ar a chineál, ní féidir a chur san áireamh sa mheasúnú sin is bonn leis an ainmniú ach cúinsí sibhialta, dlíthiúla agus polaitiúla na tíre sin i gcoitinne agus an gcuirtear pionós, go praiticiúil, ar ghníomhaithe géarleanúna, céasta nó íde nó pionóis atá mídhaonna nó táireach nuair a fhaightear freagrach iad sa tír sin. Ar an ábhar sin, i gcás ina léiríonn iarratasóir go bhfuil cúiseanna tromchúiseacha le meas nach bhfuil an tír sábháilte ina chúinsí ar leith, ní féidir a mheas a thuilleadh gur ábhartha ina leithsean ainmniú na tíre mar thír shábháilte.

(47)Maidir leis an ainmniú de thríú tíortha sábháilte ag leibhéal an Aontais, tá foráil sa Rialachán seo maidir le hainmniú den sórt sin a bheith ann. Ba cheart tríú tíortha a ainmniú mar thríú tíortha sábháilte ag leibhéal an Aontais trí leasú ar an Rialachán seo bunaithe ar na coinníollacha atá leagtha amach sa Rialachán seo agus i ndiaidh measúnú mionsonraithe agus bunaithe ar fhianaise a mbeidh taighde substainteach agus comhairliúchán forleathan leis na Ballstáit agus geallsealbhóirí ábhartha mar chuid de.

(48)Le bunú liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh agus liosta coiteann AE do thríú tíortha sábháilte, ba cheart aghaidh a thabhairt ar chuid de na héagothromaíochtaí atá ann cheana idir liostaí náisiúnta na mBallstát de thíortha sábháilte. Cé gur cheart do na Ballstáit an ceart a choimeád reachtaíocht a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach lena gceadófar ainmniú náisiúnta de thríú tíortha seachas na cinn sin atá ainmnithe mar thríú tíortha sábháilte ag leibhéal an Aontais nó a thaispeántar ar liosta coiteann AE mar thíortha sábháilte tionscnaimh, ba cheart a áirithiú agus ainmniú nó liosta coitinn den sórt sin á leagan síos go gcuirfidh na Ballstáit uile an coincheap i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach i dtaca le hiarratasóirí a bhfuil a dtíortha tionscnaimh ar an liosta coiteann nó a bhfuil nasc acu le tríú tír shábháilte. Ba cheart dó sin bheith ina chuidiú le cóineasú maidir le cur i bhfeidhm nósanna imeachta agus ar an gcaoi sin go gcuirfí bac ar ghluaiseachtaí tánaisteacha iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. Ar an ábhar sin, ba cheart deireadh a chur leis an bhféidearthacht liostaí nó ainmnithe náisiúnta a úsáid cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(49)Ba cheart don Choimisiún, le cuidiú ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar an staid i dtríú tíortha atá ainmnithe mar thríú tíortha sábháilte ag leibhéal an Aontais nó atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh. I gcás ina mbeidh athrú tobann chun donais ar staid tríú tír den sórt sin, ba cheart go mbeadh an Coimisiún ábalta ainmniú an tríú tír sin mar thríú tír shábháilte ag leibhéal an Aontais nó láithreacht an tríú tír sin ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh a chur ar fionraí do thréimhse theoranta ama trí bhíthin gnímh tharmligthe i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, sa chás sin, ba cheart don Choimisiún leasú a thíolacadh nach ndéanfaí an tríú tír a ainmniú mar thríú tír shábháilte ag leibhéal an Aontais a thuilleadh nó an tríú tír sin a bhaint de liosta coiteann AE de thíortha sábháilte tionscnaimh laistigh de 3 mhí ó ghlacadh an ghnímh tharmligthe lena gcuirtear an tríú tír ar fionraí.

(50)Chun críche an mheasúnaithe seo a mbeidh bunús tugtha leis, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh raon d’fhoinsí faisnéise atá ar fáil dó lena náirítear go háirithe, a Thuarascálacha Bliantúla ar Dhul Chun Cinn do thríú tíortha ainmnithe mar thíortha is iarrthóirí ag an gComhairle Eorpach, tuarascálacha rialta ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus an fhaisnéis ó na Ballstáit, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, ó ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe, ó Chomhairle na hEorpa agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile. Ba cheart an Coimisiún a bheith ábalta síneadh ar feadh tréimhse sé mhí a chur le fionraí ar ainmniú tríú tír mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais nó ar láithreacht tríú tír ar liosta coiteann AE de thíortha sábháilte tionscnaimh, agus ba cheart an deis a bheith ann an síneadh sin a athnuachan uair amháin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(51)Nuair a rachaidh tréimhse bailíochta an ghnímh tharmligthe agus a shíntí in éag, gan gníomh tarmligthe nua a bheith glactha, níor cheart fionraí a chur a thuilleadh ar ainmniú an tríú tír mar thríú tír shábháilte ag leibhéal an Aontais ná ar láithreacht an tríú tír ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh. Beidh sé seo gan dochar d’aon leasú a bheidh beartaithe chun an tríú tír a bhaint de na liostaí.

(52)Ba cheart don Choimisiún, le cúnamh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar an staid i dtríú tíortha a baineadh de liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh nó tríú tíortha sábháilte, lena náirítear i gcás ina dtabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún go measann sé, bunaithe ar mheasúnú a bhfuil bunús tugtha leis, i ndiaidh athruithe i staid an tríú tír sin, go gcomhlíonann sí arís na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo le bheith ainmnithe mar thír shábháilte. I gcás den sórt sin, ní fhéadfadh na Ballstáit an tríú tír sin a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh nó tríú tír shábháilte ar an leibhéal náisiúnta fad is nach ndéanann an Coimisiún agóidí in aghaidh an ainmnithe sin. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha seo comhlíonta, féadfaidh sé leasú a mholadh ar ainmniú tríú tíortha sábháilte ar leibhéal an Aontais nó ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh chun an tríú tír a chur leo.

(53)Maidir le tíortha sábháilte tionscnaimh, de bharr chonclúidí na Comhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile an 20 Iúil 2015, mar ar chomhaontaigh na Ballstáit gur cheart tosaíocht a thabhairt do mheasúnú ag na Ballstáit uile ar shábháilteacht na mBalcán Thiar, d’eagraigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann cruinniú ar leibhéal na saineolaithe leis na Ballstáit an 2 Meán Fómhair 2015, mar ar sroicheadh comhaontú fairsing gur cheart a mheas gur tíortha sábháilte tionscnaimh de réir bhrí an Rialacháin seo iad an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv* 29 , IarPhoblacht Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró agus an tSeirbia.

(54)Ar bhonn réimse foinsí faisnéise, lena náirítear go háirithe tuairisciú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí agus an fhaisnéis ó na Ballstáit, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, ó ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, ó Chomhairle na hEorpa agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile, meastar go gcáilíonn roinnt tríú tíortha mar thíortha sábhailte tionscnaimh.

(55)Maidir leis an Albáin, is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrithidirdhealaithe, lena náirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás ceithre iarratas as 150 iarratas. Ní thugann aon ní le fios go raibh aon eachtra ann inar rinneadh aon duine dá shaoránaigh féin a dhíbirt, a chur amach nó a eiseachadadh chuig tríú tíortha ina bhfuil, inter alia, baol tromchúiseach go gcuirfí pionós an bháis, céasadh, géarleanúint nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach orthu nó ina gcuirfí a mbeatha nó a saoirse i mbaol mar gheall ar a gcine, a reiligiún, a náisiúntacht, a ngnéaschlaonadh, a mballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó a dtuairimí polaitiúla, nó óna mbeadh baol mór díbeartha, cuir amach nó eiseachadta chuig tríú tír. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 7.8 % (1040) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den Albáin. Tá an Albáin ainmnithe mar thír shábháilte tionscnaimh ag ocht mBallstát ar a laghad. Tá an Albáin ainmnithe mar thír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach. Ag am an ainmnithe, measadh gur chomhlíon an Albáin na critéir a leagadh síos ag Comhairle Eorpach Chóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993 maidir le cobhsaíocht institiúidí lena ráthaítear daonlathas, smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint mionlach agus beidh ar an Albáin leanúint de na critéir ballraíochta sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis na moltaí dá bhforáiltear sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn.

(56)Maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, is é an Bunreacht an bunús le haghaidh comhroinnt cumhachtaí idir na pobail a chomhdhéanann an tír sin. Is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrithidirdhealaithe, lena náirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás cúig iarratas as 1196 iarratas. Ní thugann aon ní le fios go raibh aon eachtra ann inar rinneadh aon duine dá shaoránaigh féin a dhíbirt, a bhaint nó a eiseachadadh chuig tríú tíortha ina bhfuil, inter alia, baol tromchúiseach go gcuirfí pionós an bháis, íde, géarleanúint nó cóir nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach orthu nó ina gcuirfí a saolta nó a saoirse i mbaol mar gheall ar a gcine, a reiligiún, a náisiúntacht, a gclaonadh inscne, a mballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó a dtuairimí polaitiúla, nó óna mbeadh baol mór díbeartha, bainte nó eiseachadta chuig tríú tír. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 4.6 % (330) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den Bhoisnia agus den Heirseagaivéin. Tá an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ainmnithe mar thír shábháilte tionscnaimh ag naoi mBallstát ar a laghad.

(57)Maidir le Poblacht IarIúgslavach na Macadóine, is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrithidirdhealaithe, lena náirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás sé iarratas as 502 iarratas. Ní thugann aon ní le fios go raibh aon eachtra ann inar rinneadh aon duine dá shaoránaigh féin a dhíbirt, a bhaint nó a eiseachadadh chuig tríú tíortha ina bhfuil, inter alia, baol tromchúiseach go gcuirfí pionós an bháis, íde, géarleanúint nó cóir nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach orthu nó ina gcuirfí a saolta nó a saoirse i mbaol mar gheall ar a gcine, a reiligiún, a náisiúntacht, a gclaonadh inscne, a mballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó a dtuairimí polaitiúla, nó óna mbeadh baol mór díbeartha, bainte nó eiseachadta chuig tríú tír. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 0.9 % (70) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh d'Phoblacht IarIúgslavach na Macadóine. Tá Poblacht IarIúgslavach na Macadóine ainmnithe mar thír shábháilte tionscnaimh ag seacht mBallstát ar a laghad. Tá Poblacht IarIúgslavach na Macadóine ainmnithe mar thír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach. Measadh ag am an ainmnithe gur chomhlíon Poblacht IarIúgslavach na Macadóine na critéir a leagadh síos ag Comhairle Eorpach Chóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993 maidir le cobhsaíocht institiúidí lena ráthaítear daonlathas, smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint mionlach. Beidh ar Phoblacht IarIúgslavach na Macadóine leanúint de na critéir ballraíochta sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis na moltaí dá bhforáiltear sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn.

(58)Maidir leis an gCosaiv* is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrithidirdhealaithe. Níl glactha ag an gCosaiv* leis na hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha maidir le cearta an duine amhail an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine toisc nach bhfuil comhaontú idirnáisiúnta ann maidir lena stádas mar Stát ceannasach. Ní thugann aon ní le fios go raibh aon eachtra ann inar rinneadh aon duine dá shaoránaigh féin a dhíbirt, a bhaint nó a eiseachadadh chuig tríú tíortha ina bhfuil, inter alia, baol tromchúiseach go gcuirfí pionós an bháis, íde, géarleanúint nó cóir nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach orthu nó ina gcuirfí a saolta nó a saoirse i mbaol mar gheall ar a gcine, a reiligiún, a náisiúntacht, a gclaonadh inscne, a mballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó a dtuairimí polaitiúla, nó óna mbeadh baol mór díbeartha, bainte nó eiseachadta chuig tríú tír. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 6.3 % (830) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den Chosaiv*. Tá an Chosaiv* ainmnithe mar thír shábháilte tionscnaimh ag sé Bhallstát ar a laghad.

(59)Tá an Rialachán seo gan dochar do sheasamh na mBallstát maidir le stádas na Cosaive, a chinnfear i gcomhréir lena gcleachtas náisiúnta agus leis an dlí idirnáisiúnta. Ina theannta sin, ní hionann téarma, foclaíocht nó sainmhíniú ar bith a úsáidtear sa Rialachán seo agus aitheantas ar an gCosaiv ag an Aontas mar Stát neamhspleách ná ní hionann iad agus aitheantas ag Ballstáit aonair ar an gCosaiv sa cháil sin más rud nach bhfuil beart den sórt sin déanta acu. Go háirithe, ní hionann úsáid an téarma "tíortha" agus aitheantas ar státacht.

(60)Maidir le Montainéagró, is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrithidirdhealaithe, lena náirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás iarratas amháin as 447 niarratas. Ní thugann aon ní le fios go raibh aon eachtra ann inar rinneadh aon duine dá shaoránaigh féin a dhíbirt, a bhaint nó a eiseachadadh chuig tríú tíortha ina bhfuil, inter alia, baol tromchúiseach go gcuirfí pionós an bháis, íde, géarleanúint nó cóir nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach orthu nó ina gcuirfí a saolta nó a saoirse i mbaol mar gheall ar a gcine, a reiligiún, a náisiúntacht, a gclaonadh inscne, a mballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó a dtuairimí polaitiúla, nó óna mbeadh baol mór díbeartha, bainte nó eiseachadta chuig tríú tír. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 3.0 % (40) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh de Mhontainéagró. Tá Montainéagró ainmnithe ina thír shábháilte tionscnaimh ag naoi mBallstát ar a laghad. Tá Montainéagró ainmnithe ina thír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach agus tá tús curtha leis an idirbheartaíocht. Ag am an ainmnithe, measadh gur chomhlíon Montainéagró na critéir a leagadh síos ag Comhairle Eorpach Chóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993 maidir le cobhsaíocht institiúidí lena ráthaítear daonlathas, smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint mionlach. Beidh ar Mhontainéagró leanúint de na critéir ballraíochta sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis na moltaí dá bhforáiltear sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn

(61)Maidir leis an tSeirbia, is é an Bunreacht an bunús le haghaidh féinrialachas grúpaí mionlaigh i réimsí an oideachais, na húsáide teanga, na faisnéise agus an chultúir. Is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrithidirdhealaithe, lena náirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás 16 iarratas as 11 490 iarratas. Ní thugann aon ní le fios go raibh aon eachtra ann inar rinneadh aon duine dá shaoránaigh féin a dhíbirt, a bhaint nó a eiseachadadh chuig tríú tíortha ina bhfuil, inter alia, baol tromchúiseach go gcuirfí pionós an bháis, íde, géarleanúint nó cóir nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach orthu nó ina gcuirfí a saolta nó a saoirse i mbaol mar gheall ar a gcine, a reiligiún, a náisiúntacht, a gclaonadh inscne, a mballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó a dtuairimí polaitiúla, nó óna mbeadh baol mór díbeartha, bainte nó eiseachadta chuig tríú tír. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 1.8 % (400) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den tSeirbia. Tá an tSeirbia ainmnithe mar thír shábháilte tionscnaimh ag naoi mBallstát ar a laghad. Tá an tSeirbia ainmnithe mar thír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach agus tá tús curtha leis an idirbheartaíocht. Ag am an ainmnithe, measadh gur chomhlíon an tSeirbia na critéir a leagadh síos ag Comhairle Eorpach Chóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993 maidir le cobhsaíocht institiúidí lena ráthaítear daonlathas, smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint mionlach. Beidh ar an tSeirbia leanúint de na critéir ballraíochta sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis na moltaí dá bhforáiltear sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn.

(62)Maidir leis an Tuirc, is leor an bunús dlí le haghaidh cosaint i gcoinne géarleanúint agus drochíde atá i reachtaíocht shubstainteach agus i reachtaíocht nós imeachta na tíre sin i réimse chearta an duine agus an fhrithidirdhealaithe, lena náirítear rannpháirtíocht sna príomhchonarthaí idirnáisiúnta ar fad ar chearta an duine. In 2014, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go raibh sárú ann i gcás 94 iarratas as 2 899 iarratas. Ní thugann aon ní le fios go raibh aon eachtra ann inar rinneadh aon duine dá shaoránaigh féin a dhíbirt, a bhaint nó a eiseachadadh chuig tríú tíortha ina bhfuil, inter alia, baol tromchúiseach go gcuirfí pionós an bháis, íde, géarleanúint nó cóir nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach orthu nó ina gcuirfí a saolta nó a saoirse i mbaol mar gheall ar a gcine, a reiligiún, a náisiúntacht, a gclaonadh inscne, a mballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó a dtuairimí polaitiúla, nó óna mbeadh baol mór díbeartha, bainte nó eiseachadta chuig tríú tír. In 2014, mheas na Ballstáit go raibh bunús le 23.1 % (310) de na hiarratais ar thearmann a tháinig ó shaoránaigh den Tuirc. Tá an Tuirc ainmnithe mar thír shábháilte tionscnaimh ag Ballstát amháin ar a laghad. Tá an Tuirc ainmnithe mar thír is iarrthóir ag an gComhairle Eorpach agus tá tús curtha leis an idirbheartaíocht. Measadh an uair sin go gcomhlíonann an Tuirc go sásúil na critéir pholaitiúla a leagadh síos ag Comhairle Eorpach Chóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993 maidir le cobhsaíocht institiúidí lena ráthaítear daonlathas, smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint mionlach, agus beidh ar an Tuirc leanúint de na critéir ballraíochta sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis na moltaí dá bhforáiltear sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn.

(63)Maidir le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí a tharraingt siar, agus go háirithe i bhfianaise an athbhreithnithe rialta ar stádas atá le déanamh ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta), ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar fógra iomchuí do dhaoine atá ag baint tairbhe as cosaint idirnáisiúnta i dtaca le hathbhreithniú féideartha ar a stádas agus go dtugtar an deis dóibh a dtuairim a thabhairt ar aird, laistigh d’am réasúnach, trí bhíthin ráiteas i scríbhinn agus in agallamh pearsanta, sular féidir leis na húdaráis Cinneadh réasúnaithe a dhéanamh a stádas a tharraingt siar.

(64)Ba cheart cinntí a dhéantar i dtaca le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta, lena náirítear na cinntí i dtaca le tarraingt siar fhollasach nó intuigthe d’iarratas, agus na cinntí i dtaca le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí a tharraingt siar, a bheith faoi réir leighis éifeachtaigh os comhair cúirte nó binse i gcomhréir leis na ceanglais agus coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt. Chun éifeachtacht an nós imeachta a áirithiú, ba cheart don iarratasóir a achomharc a thaisceadh laistigh de theorainn ama shocraithe. Má tá an tiarratasóir le bheith ábalta cloí leis na teorainneacha ama sin agus d'fhonn rochtain éifeachtach ar athbhreithniú breithiúnach a áirithiú, ba cheart é a bheith ábalta cúnamh a fháil ó ateangaire chomh maith le bheith i dteideal cúnamh agus ionadaíocht dlí a fháil saor in aisce.

(65)Má tá iarratasóir le bheith ábalta a cheart chun leigheas éifeachtach a fheidhmiú, ba cheart cead a thabhairt dó fanacht ar chríoch Ballstáit go dtí go rachaidh an teorainn ama chun an chéad leibhéal d’achomharc a thaisceadh in éag, agus nuair a fheidhmeofar ceart den sórt sin laistigh den teorainn ama atá socraithe, go dtí go mbeidh toradh an leighis ar fáil. Is i gcásanna teoranta amháin atá leagtha amach sa Rialachán seo nach bhfuil éifeacht fionraíochta achomhairc uathoibríoch agus ina mbeadh ar an iarratasóir iarraidh ar an gcúirt nó binse bac a chur ar chur i bhfeidhm cinnidh um fhilleadh nó dhéanfadh an chúirt gníomh uaithi féin chun na críche sin. Má dhéantar eisceacht ar an gceart chun leigheas le héifeacht fionraíochta uathoibríoch, ba cheart ráthaíocht iomchuí a thabhairt do chearta an iarratasóra trí chúnamh ateangaireachta agus dlí riachtanach a thabhairt dó, chomh maith le ham imleor a thabhairt don iarratasóir a iarratas don chúirt nó binse a ullmhú agus a chur isteach. Ina theannta sin, sa chreat seo, ba cheart don chúirt nó binse a bheith ábalta scrúdú a dhéanamh ar an gCinneadh le cosaint idirnáisiúnta a dheonú i dtéarmaí fíorais agus dlí. Ba cheart ceadú don iarratasóir fanacht ar an gcríoch go mbeidh toradh ar an nós imeachta lena rialófar an féidir leis fanacht. Ba cheart an Cinneadh sin a ghlacadh, áfach, laistigh de mhí amháin.

(66)Ag féachaint don ghá le cothromas sa bhainistiú ar iarratais agus éifeachtacht sa nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, ba cheart teorainneacha ama a shocrú, ní amháin don nós imeachta riaracháin ach freisin ba cheart iad a leagan síos don chéim achomhairc, ar a laghad sa mhéid agus a bhaineann leis an gcéad leibhéal d’achomharc. Ba cheart go mbeadh sé seo gan dochar do scrúdú iomchuí iomlán ar achomharc, agus dá bhrí sin ba cheart méid áirithe solúbthachta a choimeád fós i gcásanna a bhaineann le saincheisteanna casta fíorais nó dlí.

(67)I gcomhréir le hAirteagal 72 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní dhéanann an Rialachán seo difear d’fheidhmiú na bhfreagrachtaí is dlite do na Ballstáit i dtaca le dlí agus ord a choinneáil agus le slándáil inmheánach a chosaint.

(68)Tá feidhm le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) 30 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit a dhéantar i bhfeidhmiú an Rialacháin seo.

(69)Ba cheart próiseáil ar bith ar shonraí pearsanta ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann faoi chuimsiú an Rialacháin seo a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 , chomh maith le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (An Rialachán i dtaca le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann) 32 agus ba cheart do, go háirithe, prionsabail na riachtanachta agus na comhréireachta a urramú.

(70)Ba cheart a mheas go bhfuil aon sonraí pearsanta a bhailítear nuair a chláraítear agus nuair a chuirtear isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, agus le linn an agallaimh phearsanta, ina gcuid de chomhad an iarratasóra agus ba cheart iad a choinneáil ar feadh líon blianta toisc go mb’fhéidir go ndéanfaidh náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a lorgaíonn cosaint idirnáisiúnta i mBallstát amháin iarracht cosaint idirnáisiúnta a lorg i mBallstát eile nó tuilleadh iarratas a chur isteach ina dhiaidh sin sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile sna blianta atá le teacht. Ós rud é go mbeidh stádas lonnaithe nó fiú amháin saoránacht Ballstáit bainte amach ag formhór na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát a d'fhan san Aontas ar feadh roinnt blianta i ndiaidh tréimhse deich mbliana ón uair a dheontar cosaint idirnáisiúnta dóibh, ba cheart go ndéanfaí an tréimhse sin a mheas mar thréimhse riachtanach chun sonraí pearsanta, lena náirítear méarloirg agus íomhánna d’aghaidheanna, a stóráil.

(71)D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú d’fheidhmiú an Rialacháin seo, go háirithe maidir le faisnéis agus doiciméid a sholáthar do na hiarratasóirí agus bearta i dtaca le hiarratasóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu lena náirítear mionaoisigh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

(72)Chun aghaidh a thabhairt ar athruithe tobanna chun donais i dtríú tír atá ainmnithe mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais nó atá san áireamh i liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún i dtaca le fionraí ar ainmniú an tríú tír sin mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais nó ar láithreacht an tríú tír sin ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh ar feadh tréimhse sé mhí i gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn measúnú a bhfuil bunús tugtha leis, nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh a thuilleadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann a áirithiú in ullmhú gníomhartha tarmligthe, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus tá rochtain ag a saineolaithe go córasach ar chruinnithe de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe.

(73)Ní dhéileálann an Rialachán seo le nósanna imeachta idir Bhallstáit atá á rialú ag Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath).

(74)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hiarratasóirí a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath) maidir leo, chomh maith le forálacha an Rialacháin sin agus gan dochar dóibh.

(75)Ba cheart measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo go tráthrialta.

(76)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon nós imeachta coiteann a bhunú chun cosaint idirnáisiúnta a thabhairt agus a tharraingt siar, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(77)[I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an dá Bhallstát sin gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo]

[I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an dá Bhallstát sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.]

[(XX) I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(XX) I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn (, le litir an ...,) gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.]

[(XX) I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe (, le litir an ...,) gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(XX) I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.]

(78)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(79)Urramaíonn an Rialachán seo cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear go sainráite le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann an Rialachán seo le lánurraim a áirithiú do dhínit an duine agus le cur i bhfeidhm Airteagail 1, 4, 8, 18, 19, 21, 23, 24, agus 47 den Chairt a chur chun cinn.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar dá dtagraítear in Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta).

Airteagal 2

Raon feidhme

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hiarratais uile ar chosaint idirnáisiúnta a dhéantar i gcríoch na mBallstát, lena náirítear na cinn sin a dhéantar ag an teorainn sheachtrach, ar an bhfarraige theorann nó i gcriosanna idirthurais na mBallstát, agus maidir le cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar.

2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus le hiarratais ar thearmann taidhleoireach nó críochach a dhéantar le hionadaíochtaí na mBallstát.

Airteagal 3

Síneadh le scóip an fheidhmithe

Féadfaidh Ballstáit Cinneadh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le hiarratais ar chosaint nach mbaineann Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta) leo.

Airteagal 4

Sainmhínithe

1.Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm leis na sainmhínithe seo a leanas dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta):

(a)'Coinbhinsiún na Ginéive';

(b)'dídeanaí';

(c)'tairbhí de chosaint coimhdí';

(d)'cosaint idirnáisiúnta';

(e)'stádas dídeanaí';

(f)'stádas cosanta coimhdí';

(g)'mionaoiseach';

(h)'mionaoiseach neamhthionlactha'.

2.Chomh maith le mír 1, tá feidhm leis na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn 'iarratas ar chosaint idirnáisiúnta' nó 'iarratas' iarraidh a dhéanann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát ar chosaint ó Bhallstát, ar féidir a thuiscint uaidh go bhfuil stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí á lorg;

(b)ciallaíonn "iarratasóir" náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta aige, nach bhfuil Cinneadh críochnaitheach déanta ina leith fós;

(c)ciallaíonn 'iarratasóir a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth air' iarratasóir a bhfuil a chumas tairbhe a bhaint as na cearta, agus na hoibleagáidí a chomhlíonadh, dá bhforáiltear sa Rialachán seo teoranta mar thoradh ar shainchúinsí;

(d)ciallaíonn 'Cinneadh críochnaitheach' Cinneadh maidir le cé acu a dheonófar nó nach ndeonófar stádas dídeanaí nó stádas cosanta do náisiúnach tríú tír nó duine gan stát de bhua Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta), lena náirítear Cinneadh a dhiúltaíonn an tiarratas toisc é a bheith neamhinghlactha nó Cinneadh a dhiúltaíonn an tiarratas toisc gur tarraingíodh siar go sainráite é nó toisc gur éiríodh as agus nach féidir a bheith faoi réir an nós imeachta achomhairc a thuilleadh sa Bhallstát lena mbaineann;

(e)ciallaíonn 'údarás cinntitheach' aon chomhlacht garbhreithiúnach nó riaracháin i mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta atá inniúil chun cinntí a dhéanamh ag an gcéad chéim;

(f)ciallaíonn 'caomhnóir' duine nó eagraíocht a cheaptar chun cúnamh a thabhairt agus ionadaíocht a dhéanamh do mhionaoiseach neamhthionlactha d’fhonn leas an linbh agus a fholláine i gcoitinne a chosaint i nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus inniúlacht dhlíthiúil a fheidhmiú don mhionaoiseach más gá;

(g)ciallaíonn 'cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar' an Cinneadh ag údarás cinntitheach stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí duine a chúlghairm, deireadh a chur leis an stádas nó diúltú don stádas a athnuachan;

(h)ciallaíonn 'fanacht sa Bhallstát' fanacht i gcríoch an Bhallstáit, lena náirítear ag an teorainn nó i gcriosanna idirthurais, ina ndearnadh an tiarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó ina bhfuil sé á scrúdú;

(i)ciallaíonn 'iarratas ina dhiaidh sin' iarratas eile ar chosaint idirnáisiúnta a dhéantar in aon Bhallstáttar éis Cinneadh críochnaitheach a bheith déanta i dtaobh iarratas roimhe sin lena náirítear cásanna inar diúltaíodh d’iarratas toisc gur tarraingíodh siar go sainráite é nó toisc gur éiríodh as nuair a rinneadh é a tharraingt siar go hintuigthe;

(j)Ciallaíonn 'an Ballstát atá freagrach' an Ballstát atá freagrach as iarratas a scrúdú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath).

Airteagal 5

Údaráis fhreagracha

1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás cinntitheach. Beidh na cúraimí seo a leanas ar an údarás cinntitheach:

(a)iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh, a chlárú agus a scrúdú;

(b)cinntí a dhéanamh maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta;

(c)cinntí a dhéanamh maidir le stádas dídeanaí nó stádas coimhdeach duine a aisghairm, maidir le deireadh a chur leis nó maidir le diúltú é a athnuachan dá dtagraítear Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta).

2.Soláthróidh gach Ballstát acmhainní cuí don údarás cinntitheach, lena náirítear foireann daoine atá inniúil a dhóthain chun a chúraimí a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo. Chun na críche sin, ba cheart do gach Ballstát measúnú a dhéanamh go rialta ar riachtanais an údaráis chinntithigh lena áirithiú go bhfuil sé ar acmhainn aige i gcónaí déileáil le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar bhealach éifeachtach, go háirithe nuair atá líon díréireach d'iarratais chomhuaineacha á fháil.

3.Beidh sé mar chúram ar na húdaráis seo a leanas iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh agus a chlárú chomh maith le hiarratasóirí a chur ar an eolas maidir le cén áit agus conas iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh:

(a)gardaí teorann;

(b)póilíní;

(c)údaráis inimirce;

(d)údaráis atá freagrach as saoráidí coinneála.

Féadfaidh Ballstáit freisin na cúraimí seo a chur ar iontaoibh údarás eile.

4.Féadfaidh údarás cinntitheach an Bhallstáit atá freagrach cuidiú a fháil chun críche iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh, a chlárú agus a scrúdú uathu seo a leanas:

(a)údaráis Bhallstáit eile a bhfuil an cúram curtha ar iontaoibh dóibh ag an mBallstát sin chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh, a chlárú nó a scrúdú;

(b)saineolaithe úsáidte ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (An Rialachán i dtaca le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann).

5. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis an bpearsanra de chuid an údaráis chinntithigh, nó de chuid údaráis ar bith eile atá freagrach as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh agus a chlárú i gcomhréir le mír 3, go bhfuil an teolas iomchuí acu agus go dtugtar an oiliúint agus na treoracha riachtanacha dóibh chun a noibleagáidí a chomhlíonadh nuair atá an Rialachán seo á fheidhmiú.

Airteagal 6

Prionsabal na rúndachta

1.Cosnóidh na húdaráis a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm rúndacht faisnéise ar bith a fhaigheann siad le linn a gcuid oibre.

2.Ar feadh an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta agus i ndiaidh cinnidh chríochnaithigh i dtaca leis an iarratas, ní dhéanfaidh na húdaráis na nithe seo a leanas:

(a)faisnéis a nochtadh chuig na daoine a bhfuil sé líomhnaithe gur gníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí iad maidir leis an iarratas aonair ar chosaint idirnáisiúnta nó an fíoras go bhfuil iarratas déanta;

(b)aon fhaisnéis a fháil ó na daoine a bhfuil sé líomhnaithe gur gníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí iad ar bhealach a mbeadh sé mar thoradh air go gcuirfí in iúl go díreach do na gníomhaithe sin go bhfuil iarratas déanta ag an iarratasóir atá i gceist, agus go gcuirfí iomláine coirp an iarratasóra nó a chleithiúnaithe, nó saoirse agus slándáil a bhall teaghlaigh atá fós ina gcónaí sa tír thionscnaimh, i mbaol.

CAIBIDIL II

PRIONSABAIL AGUS RÁTHAÍOCHTAÍ BUNÚSACHA

Roinn i

Cearta agus Oibleagáidí Iarratasóirí

Airteagal 7

Oibleagáidí iarratasóirí

1. Déanfaidh an tiarratasóir a iarratas sa Bhallstát a dtéitear isteach ann den chéad uair nó, más rud é go bhfuil sé i láthair go dlíthiúil i mBallstát, déanfaidh sé an tiarratas sa Bhallstát sin mar a fhoráiltear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath).

2. Comhoibreoidh an tiarratasóir leis na húdaráis fhreagracha le go mbeidh siad ábalta a chéannacht a dheimhniú chomh maith leis an iarratas a chlárú, taisceadh an iarratais a chumasú agus an tiarratas a scrúdú trí:

(a)na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den dara mír d'Airteagal 27(1) a sholáthar;

(b)méarloirg agus íomhá den aghaidh a sholáthar mar a dtagraítear dóibh i Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Eurodac).  34

(c)a iarratas a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 28 laistigh den teorainn ama atá socraithe agus na heilimintí uile atá ar fáil dó a chur isteach mar bhunús lena iarratas;

(d)doiciméid atá ina sheilbh atá ábhartha don scrúdú ar an iarratas a thabhairt ar láimh.

3.I gcás ina ndiúltóidh iarratasóir comhoibriú agus gan na sonraí a sholáthar atá riachtanach chun an tiarratas a scrúdú agus gan a mhéarloirg agus íomhá dá aghaidh a sholáthar, agus más rud é go bhfuil na húdaráis fhreagracha i ndiaidh an duine sin a chur ar an eolas maidir lena oibleagáidí agus má tá sé áirithithe acu go raibh deis éifeachtach ag an duine na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, diúltófar dá iarratas toisc gur éiríodh as i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39.

4.Cuirfidh an tiarratasóir údarás cinntitheach an Bhallstáit ina bhfuil air a bheith i láthair ar an eolas faoina áit chónaithe nó seoladh nó uimhir theileafóin lenar féidir an túdarás cinntitheach nó údaráis fhreagracha eile teagmháil a dhéanamh leis. Tabharfaidh sé fógra don údarás cinntitheach sin faoi aon athruithe. Glacfaidh an tiarratasóir le haon teachtaireacht ag an áit chónaithe nó seoladh is deireanaí a chuir sé in iúl dá réir, go háirithe nuair a thaiscfidh sé iarratas i gcomhréir le hAirteagal 28.

5.Fanfaidh an tiarratasóir ar chríoch an Bhallstáit ina bhfuil air a bheith i láthair i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath).

6.Comhlíonfaidh an tiarratasóir oibleagáidí maidir le tuairisciú go rialta chuig na húdaráis inniúla nó teacht os a gcomhair é féin gan mhoill nó ag am sonraithe nó fanacht i limistéar ainmnithe ar a chríoch i gcomhréir le Treoir XXX/XXX/EU (An Treoir maidir le Coinníollacha Glactha), de réir mar a fhorchuirfidh an Ballstát ina bhfuil air a bheith i láthair i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath).

7.I gcás ina bhfuil sé riachtanach chun iarratas a scrúdú, b’fhéidir go néileoidh na húdaráis fhreagracha ar an iarratasóir go ndéanfaí é a chuardach nó go ndéanfaí a ghiuirléidí a chuardach. Gan dochar d’aon chuardach a dhéantar ar chúiseanna slándála, féadfar cuardach ar phearsa an iarratasóra a dhéanamh ag duine den ghnéas céanna le hurramú ina iomláine do phrionsabail dhínit an duine agus sláine fhisiciúla agus síceolaíche.

Airteagal 8

Ráthaíochtaí ginearálta d'iarratasóirí

1. Le linn an nós imeachta riaracháin dá dtagraítear i gCaibidil III beidh na ráthaíochtaí céanna ag iarratasóirí atá leagtha amach i míreanna 2 go 8 den Airteagal seo.

2. Cuirfidh an túdarás cinntitheach iarratasóirí ar an eolas, i dteanga a thuigeann sé nó ar féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go dtuigfidh sé, faoi na nithe seo a leanas:

(a)an ceart chun iarratas aonair a thaisceadh;

(b)an nós imeachta atá le leanúint;

(c)a gcearta agus oibleagáidí le linn an nós imeachta, lena náirítear an oibleagáid le fanacht ar chríoch an Bhallstáit inar gá dóibh a bheith i láthair i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath);

(d)na hiarmhairtí féideartha mura gcomhlíonann siad a noibleagáidí agus mura gcomhoibríonn siad leis na húdaráis;

(e)fráma ama an nós imeachta;

(f)na hacmhainní atá ar fáil dóibh chun an oibleagáid a chomhlíonadh na heilimintí a chur isteach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (An Rialachán Cáilitheachta);

(g)na hiarmhairtí a bheadh ann mar thoradh ar tharraingt siar fhollasach nó intuigthe an iarratais;

(h)toradh Chinneadh an údaráis chinntithigh, na cúiseanna leis an gCinneadh sin, chomh maith leis an iarmhairt ar Chinneadh a dhiúltaíonn cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus an bealach inar féidir agóid a dhéanamh faoi Chinneadh den sórt sin.

Ba cheart an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír a thabhairt in am trátha chun cur ar chumas na niarratasóirí na cearta a ráthaítear sa Rialachán seo a fheidhmiú agus chun gur féidir leo na hoibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 7 a chomhlíonadh go hiomchuí.

3. Soláthróidh an túdarás cinntitheach seirbhísí ateangaire d’iarratasóirí chun a gcás a chur faoi bhráid an údaráis chinntithigh chomh maith le cúirteanna nó binsí murar féidir cumarsáid iomchuí a áirithiú gan seirbhísí den sórt sin. Íocfar as na seirbhísí ateangaireachta ó chistí poiblí.

4. Tabharfaidh an túdarás cinntitheach an deis d’iarratasóirí cumarsáid a dhéanamh le hArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe nó le haon eagraíocht eile a chuireann comhairle dlí nó comhairle eile ar fáil d’iarratasóirí i gcomhréir le dlí náisiúnta.

5. Áiritheoidh an túdarás cinntitheach go bhfuil rochtain ag iarratasóirí agus, más infheidhme, a gcaomhnóirí, a gcomhairleoirí dlí nó comhairleoirí eile ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 33(2)(e) atá de dhíth chun iarratais a scrúdú agus ar an bhfaisnéis a thugann na saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 33(3), i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin curtha san áireamh ag an údarás cinntitheach chun críche Cinneadh a dhéanamh i dtaca lena niarratas.

6. Tabharfaidh an túdarás cinntitheach fógra d’iarratasóirí laistigh d’am réasúnach den Chinneadh atá déanta i dtaca lena niarratas. I gcás ina bhfuil caomhnóir, comhairleoir dlí nó comhairleoir eile mar ionadaí dlí ag an iarratasóir, féadfaidh an túdarás cinntitheach fógra i dtaca leis an gCinneadh a thabhairt dó in áit an iarratasóra.

Airteagal 9

Ceart chun fanacht go scrúdófar an tiarratas

1.Beidh an ceart ag iarratasóirí chun fanacht sa Bhallstát atá freagrach, chun críocha an nós imeachta, agus chun na críocha sin amháin, go dtí go bhfuil Cinneadh déanta ag an údarás cinntitheach i gcomhréir leis an nós imeachta riaracháin a fhoráiltear dó i gCaibidil III.

2. Ní hionann an ceart chun fanacht agus teidlíocht ar chead cónaithe agus ní thabharfaidh sé don iarratasóir an ceart taisteal chuig críoch Ballstát eile gan údarú dá dtagraítear in Airteagal 6 de Threoir XXX/XXX/EU (An Treoir maidir le Coinníollacha Glactha).

3. Féadfaidh údaráis fhreagracha na mBallstát aisghairm a dhéanamh ar cheart an iarratasóra chun fanacht ar a gcríoch le linn nós imeachta riaracháin:

(a)i gcás ina ndéanann duine iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 42 agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43;

(b)i gcás ina ndéantar duine a thabhairt suas nó a eiseachadadh, mar is iomchuí, chuig Ballstát eile de bhun barántais gabhála Eorpaigh 35 nó chuig tríú tír nó chuig cúirteanna nó binsí coiriúla idirnáisiúnta.

4. Ní fhéadfaidh Ballstát iarratasóir a eiseachadadh chuig tríú tír de bhun mhír 3(b) ach amháin nuair a bhíonn an túdarás cinntitheach sásta nach mbeidh refoulement díreach nó indíreach refoulement a sháraíonn oibleagáidí idirnáisiúnta agus Aontais an Bhallstáit sin mar thoradh ar Chinneadh eiseachadta.

Roinn ii

Agallaimh Phearsanta

Airteagal 10

Agallamh inghlacthachta

1.Sula ndéanann an túdarás cinntitheach Cinneadh i dtaca le hinghlacthacht iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, tabharfar an deis don iarratasóir dul faoi agallamh i dtaca le hinghlacthacht a iarratais.

2.San agallamh inghlacthachta, ba cheart an deis a thabhairt don iarratasóir cúiseanna iomchuí a sholáthar i dtaca leis an bhfáth nach mbeadh na forais inghlacthachta dá bhforáiltear in Airteagal 36(1) infheidhme ina chúinsí ar leith.

Airteagal 11

Agallamh substainteach

1. Sula ndéanann an túdarás cinntitheach Cinneadh i dtaca le fiúntas an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, tabharfar an deis don iarratasóir dul faoi agallamh substainteach i dtaca lena iarratas.

2.San agallamh substainteach, tabharfar deis iomchuí don iarratasóir na heilimintí a thabhairt ar aird atá de dhíth chun a léiriú go bhfuil bunús lena iarratas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta), agus déanfaidh sé na heilimintí uile atá ar fáil dó a sholáthar a iomláine agus is féidir. Tabharfar an deis don iarratasóir míniú a thabhairt maidir le heilimintí a d’fhéadfadh a bheith ar iarraidh nó neamhréireachtaí nó bréagnuithe i ráitis an iarratasóra.

3. Ní chaithfidh duine a dhéanann an tagallamh substainteach i dtaca le hiarratas éide mhíleata ná éide phóilíní.

Airteagal 12

Riachtanais i dtaca le hagallaimh phearsanta

1. Tabharfar an deis don iarratasóir dul faoi agallamh pearsanta i dtaca lena iarratas i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear sa Rialachán seo.

2. Déanfar na hagallaimh phearsanta i ndálaí a áiritheoidh rúndacht iomchuí agus a cheadóidh d’iarratasóirí na forais dá niarratais a thabhairt ar aird ar bhealach cuimsitheach.

3.Déanfar agallaimh phearsanta ag foireann daoine an údaráis chinntithaigh, a fhéadfaidh cúnamh a fháil ó fhoireann daoine ó údaráis Ballstát eile dá dtagraítear in Airteagal 5(4)(a) nó ó shaineolaithe úsáidte ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann dá dtagraítear in Airteagal 5(4)(b).

4.Sa chás, mar thoradh ar iarratais chomhuaineacha ar chosaint idirnáisiúnta ag líon díréireach de náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát, go bhfuil sé deacair don údarás cinntitheach le fírinne agallaimh phearsanta thráthúla a chur ar gach iarratasóir, féadfaidh an túdarás cinntitheach cúnamh a fháil ó fhoireann daoine ó údaráis Ballstát eile dá dtagraítear in Airteagal 5(4)(a) agus ó shaineolaithe úsáidte ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann dá dtagraítear in Airteagal 5(4)(b), chun agallaimh den sórt sin a dhéanamh.

5.Féadfar an tagallamh pearsanta a fhágáil ar lear sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina bhfuil an túdarás cinntitheach ábalta Cinneadh dearfach a dhéanamh i dtaca le stádas dídeanaí nó Cinneadh a dhearbhaíonn go bhfuil an tiarratas inghlactha ar bhonn na fianaise atá ar fáil; nó

(b)i gcás ina bhfuil an túdarás cinntitheach den tuairim nach bhfuil an tiarratasóir inniúil nó ábalta le cur faoi agallamh de bharr imthosca marthanacha nach bhfuil neart aige orthu.

Mura ndéantar agallamh pearsanta de bhun phointe (b) ní dhéanfar difear diúltach do Chinneadh an údaráis chinntithigh. Tabharfaidh an túdarás sin deis éifeachtach don iarratasóir faisnéis bhreise a thíolacadh. I gcás ina bhfuil amhras air faoi riocht an iarratasóra, rachaidh an túdarás cinntitheach i gcomhairle le gairmí leighis chun a dheimhniú an bhfuil an riocht a fhágann nach bhfuil an tiarratasóir inniúil nó ábalta agallamh a dhéanamh de chineál sealadach nó de chineál marthanach.

6.Beidh an duine atá ag déanamh an agallaimh inniúil ar na cúinsí pearsanta agus ginearálta a bhaineann leis an iarratas a chur san áireamh, lena náirítear bunadh cultúrtha, aois, inscne, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne agus leochaileacht an iarratasóra. Beidh eolas ginearálta faighte ag an bpearsanra a chuireann iarratasóirí faoi agallamh faoi fhadhbanna a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh do chumas an iarratasóra dul faoi agallamh, amhail comharthaí go bhféadfaí an duine a bheith céasta san am atá thart.

7.Maidir leis an bpearsanra a chuireann iarratasóirí faoi agallamh, lena náirítear saineolaithe úsáidte ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, beidh oiliúint ábhartha faighte acu roimh ré a áireoidh na heilimintí atá liostáilte in Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (An Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann), lena náirítear i dtaca leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, dlí an Aontais maidir le tearmann, agus rialacha maidir le rochtain ar an nós imeachta cosanta idirnáisiúnta, lena náirítear do dhaoine a d’fhéadfadh sainráthaíochtaí nós imeachta a bheith de dhíth orthu.

8.Cuirfear ateangaire don agallamh pearsanta atá ábalta cumarsáid iomchuí a áirithiú idir an tiarratasóir agus an duine a dhéanann an tagallamh. Déanfar an chumarsáid sa teanga is rogha leis an iarratasóir ach amháin ma tá teanga eile a thuigeann sé agus ina bhfuil sé ábalta cumarsáid a dhéanamh go soiléir.

I gcás ina niarrfaidh an tiarratasóir é, áiritheoidh an túdarás cinntitheach go bhfuil na hagallóirí agus na hateangairí den ghnéas céanna leis an iarratasóir ar choinníoll go bhfuil sé seo indéanta agus nach bhfuil cúiseanna ag an údarás cinntitheach chun a chreidiúint go bhfuil an iarraidh sin bunaithe ar fhorais nach mbaineann le deacrachtaí de chuid an iarratasóra forais a iarratais a thabhairt ar aird ar bhealach cuimsitheach.

9. Mura mbíonn agallamh pearsanta ann, ní chuirfear cosc ar an údarás cinntitheach Cinneadh a dhéanamh i dtaca le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Airteagal 13

Tuairisciú agus taifeadadh ar agallaimh phearsanta

1. Déanfaidh an túdarás cinntitheach nó aon údarás eile nó saineolaithe atá ag cuidiú leis nó atá ag déanamh an agallaimh phearsanta tuarascáil chríochnúil agus fhíorasach ina bhfuil na heilimintí substainteacha uile nó tras-scríbhinn de gach agallamh pearsanta.

2. Déanfar an tagallamh pearsanta a thaifeadadh ag baint úsáide as modhanna taifeadta fuaime nó closamhairc. Tabharfar fógra roimh ré chuig an iarratasóir i dtaca le taifeadadh den sórt sin.

3. Tabharfar an deis don iarratasóir tráchtanna a dhéanamh nó soiléiriú a sholáthar ó bhéil nó i scríbhinn i dtaca le haistriúcháin mhíchearta nó míthuiscintí ar bith a thaispeántar sa tuarascáil nó sa tras-scríbhinn, ag críoch an agallaimh phearsanta nó laistigh de theorainn ama shonraithe sula ndéanann an túdarás cinntitheach cinneadh. Chun na críche sin, ba cheart an tiarratasóir a chur ar an eolas faoi inneachar iomlán na tuarascála nó faoi eilimintí substainteacha na tras-scríbhinne, le cúnamh ó ateangaire, más gá. Iarrfar ar an iarratasóir ansin a dhearbhú gur léiriú ceart ar an agallamh pearsanta é inneachar na tuarascála nó na tras-scríbhinne.

4. I gcás ina ndiúltaíonn iarratasóir a dhearbhú gur léiriú ceart ar an agallamh pearsanta é inneachar na tuarascála nó na tras-scríbhinne, cuirfear na cúiseanna lena dhiúltú ar chomhad an iarratasóra. Ní chuirfidh an diúltú sin cosc ar an údarás cinntitheach Cinneadh a dhéanamh i dtaca leis an iarratas.

5. Beidh rochtain ag iarratasóirí agus a gcomhairleoirí dlí nó comhairleoirí eile ar an tuarascáil nó tras-scríbhinn agus an taifeadadh sula ndéanann an túdarás cinntitheach cinneadh.

6. I gcás ina scrúdaítear an tiarratas i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe, féadfaidh an túdarás cinntitheach rochtain a dheonú ar an tuarascáil nó ar thras-scríbhinn an taifeadta ag an am céanna agus a dhéantar an cinneadh.

7.Déanfaidh na húdaráis fhreagracha an taifeadadh nó an tras-scríbhinn a stóráil ar feadh deich mbliana ó dháta cinnidh chríochnaithigh. Déanfar an taifeadadh a scrios ar éag na tréimhse sin nó nuair a bhaineann sé le duine a bhfuil saoránacht de Bhallstát ar bith faighte aige roimh éag na tréimhse sin a luaithe agus a chuirtear in iúl don Bhallstát go bhfuil saoránacht den sórt sin faighte ag an duine lena mbaineann.

Roinn iii

Cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a sholáthar

Airteagal 14

An ceart chun cúnaimh dlí agus ionadaíochta dlíthiúla

1. Beidh an ceart ag iarratasóirí dul i gcomhairle, ar bhealach éifeachtach, le comhairleoir dlí nó comhairleoir eile, atá glactha nó ceadaithe sa cháil sin faoin dlí náisiúnta, i dtaca le cúrsaí a bhaineann lena niarratais ag céimeanna uile an nós imeachta.

2.Gan dochar do cheart an iarratasóra a chomhairleoir dlí nó comhairleoir eile a roghnú ar a chostas féin, féadfaidh iarratasóir cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a iarraidh ag céimeanna uile an nós imeachta i gcomhréir le hAirteagail 15 go 17. Cuirfear an tiarratasóir ar an eolas i dtaca lena cheart chun cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a iarraidh ag céimeanna uile an nós imeachta.

Airteagal 15 

Cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce

1. Ar iarratas ón iarratasóir, soláthróidh na Ballstáit cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce sa nós imeachta riaracháin a dá bhforáiltear i gCaibidil III agus san achomharc nós imeachta dá bhforáiltear i gCaibidil V.

2.Chun críche an nós imeachta riaracháin, áireoidh an cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce, ar a laghad:

(a)soláthar faisnéise i dtaca leis an nós imeachta i bhfianaise chúinsí aonair an iarratasóra;

(b)cúnamh le hullmhú an iarratais agus an agallaimh phearsanta, lena náirítear páirt a ghlacadh san agallamh pearsanta de réir mar is gá;

(c)míniú ar na cúiseanna le cinneadh, agus ar a iarmhairtí, lena ndiúltaítear cosaint idirnáisiúnta a dheonú chomh maith le faisnéis ar an gcaoi le hagóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin.

3. Féadfar soláthar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a eisiamh:

(a)i gcás ina bhfuil dóthain acmhainní ag an iarratasóir;

(b)i gcás ina measfar nach léir aon ionchas go mbeidh rath ar an iarratas;

(c)i gcás inar iarratas i ndiaidh iarratas eile an tiarratas.

4.Chun críocha an nós imeachta achomhairc, áireoidh an cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce, ar a laghad, na doiciméid nós imeachta riachtanacha a ullmhú, an tachomharc a ullmhú agus páirt a ghlacadh san éisteacht os comhair cúirte nó binse ar son an iarratasóra.

5. Féadfar soláthar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce sa nós imeacht achomhairc a eisiamh:

(a)i gcás ina bhfuil dóthain acmhainní ag an iarratasóir;

(b)i gcás ina measfar nach léir aon ionchas go mbeidh rath ar an athchomharc;

(c)i gcás ina bhfuil an tachomharc nó an tathbhreithniú as dara leibhéal d’achomharc nó níos airde mar a fhoráiltear dó faoin dlí náisiúnta, lena náirítear athéisteachtaí nó athbhreithnithe ar achomharc.

I gcás ina ndéanfaidh údarás nach cúirt ná binse Cinneadh gan cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a dheonú ar an mbonn go meastar nach léir aon ionchas go mbeidh rath ar an achomharc, beidh an ceart ag an iarratasóir leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse i gcoinne an chinnidh sin, agus chun na críche sin beidh sé i dteideal cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a iarraidh.

Airteagal 16

Scóip an chúnaimh dlí agus na hionadaíocht dlíthiúla

1. Maidir le comhairleoir dlí nó comhairleoir eile a ghlactar nó a cheadaítear sa cháil sin faoin dlí náisiúnta, a thugann cuidiú nó ionadaíocht d’iarratasóir faoi théarmaí an dlí náisiúnta, tabharfar rochtain dó ar an bhfaisnéis ar chomhad an iarratasóra a rinneadh nó a bhfuil Cinneadh le déanamh ar a bhonn.

2.Féadfaidh an túdarás cinntitheach diúltú rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis ar chomhad an iarratasóra i gcás ina ndéanfadh nochtadh faisnéise nó foinsí contúirt do shlándáil náisiúnta, do shlándáil na neagraíochtaí nó na ndaoine a sholáthraíonn an fhaisnéis nó do shlándáil na ndaoine lena mbaineann an fhaisnéis nó i gcás ina gcuirfí na leasa imscrúdaithe maidir le scrúdú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ag na údaráis inniúla na mBallstát nó caidreamh idirnáisiúnta na mBallstát i mbaol. Sna cásanna sin, déanfaidh an túdarás cinntitheach:

(a)rochtain ar fhaisnéis nó foinsí den sórt sin a chur ar fáil do na cúirteanna nó binsí sa nós imeachta achomhairc; agus

(b)a áirithiú go nurramaítear do cheart cosanta an iarratasóra.

Maidir le pointe (b), déanfaidh an túdarás cinntitheach, go háirithe, rochtain ar faisnéis nó foinsí a dheonú ar chomhairleoir dlí nó comhairleoir eile a chuaigh faoi sheiceáil slándála, sa mhéid go bhfuil an fhaisnéis ábhartha chun an tiarratas a scrúdú nó chun Cinneadh a dhéanamh cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar.

3. Beidh rochtain ag an gcomhairleoir dlí nó comhairleoir eile a thugann cuidiú nó ionadaíocht d’iarratasóir as limistéir choiscthe, amhail as saoráidí coinneála agus criosanna idirthurais, chun críche dul i gcomhairle leis an iarratasóir sin, i gcomhréir le Treoir XXX/XXX/EU (An Treoir maidir le Coinníollacha Glactha).

4. Ceadófar d’iarratasóir comhairleoir dlí nó comhairleoir eile glactha nó ceadaithe sa cháil sin faoin dlí náisiúnta a thabhairt chuig agallamh pearsanta in éineacht leis nó léi. Beidh údarás ag an gcomhairleoir dlí nó comhairleoir eile idiragairt a dhéanamh le linn an agallaimh phearsanta.

5. Féadfaidh an túdarás cinntitheach a éileamh go mbeidh an tiarratasóir i láthair ag an agallamh pearsanta, fiú más rud é go bhfuil ionadaíocht aige faoi théarmaí an dlí náisiúnta ó chomhairleoir dlí nó comhairleoir, agus féadfaidh sé a éileamh gurb é an tiarratasóir féin a fhreagróidh na ceisteanna a chuirfear.

6. Gan dochar do Airteagal 22(5), más rud é nach mbíonn comhairleoir dlí nó comhairleoir eile i láthair, ní chuirfidh sé sin cosc ar an údarás cinntitheach agallamh pearsanta a dhéanamh leis an iarratasóir.

Airteagal 17

Coinníollacha chun cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce a sholáthar

1. Soláthrófar cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce ag comhairleoirí dlí nó comhairleoirí eile atá ceadaithe faoin dlí náisiúnta cúnamh nó ionadaíocht a thabhairt do na iarratasóirí nó ag eagraíochtaí neamhrialtasacha atá creidiúnaithe faoin dlí náisiúnta chun seirbhísí comhairle nó ionadaíocht a sholáthar.

2. Leagfaidh na Ballstáit síos sainrialacha nós imeachta i dtaca leis na modúlachtaí i dtaca leis an gcomhadú agus leis an bpróiseáil ar iarratais ar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta nó cuirfidh siad i bhfeidhm na rialacha atá ann cheana d’éilimh intíre dá samhail, ar choinníoll nach mbíonn rochtain ar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce dodhéanta nó ródheacair de bharr na rialacha sin.

3. Féadfaidh Ballstáit freisin teorainneacha airgeadaíochta nó teorainneacha ama a leagan ar sholáthar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce, ar choinníoll nach gcuireann teorainneacha den sórt sin bac aondeonach ar an rochtain ar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce. Maidir le táillí agus costais eile, ní bheidh an íde d’iarratasóirí níos mífhabhartha ná an íde a thugtar i gcoitinne dá náisiúnaigh i gcúrsaí a bhaineann le cúnamh dlí.

4. Féadfaidh na Ballstáit aisíocaíocht iomlán nó páirtaisíocaíocht ar chostais ar bith a iarraidh má thagann agus nuair a thagann feabhas suntasach ar staid airgeadais an iarratasóra nó i gcás inar rinneadh an Cinneadh le costais den sórt sin a íoc ar bhonn faisnéise bréige a sholáthraigh an tiarratasóir.

Airteagal 18

Ról ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe

1. Ceadóidh na Ballstáit d’ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe:

(a)rochtain a bheith aige ar iarratasóirí, lena náirítear iad siúd in ionaid glactha, faoi choinneáil, ag an teorainn agus i gcriosanna idirthurais;

(b)rochtain a bheith aige ar fhaisnéis i dtaca le hiarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta, ar chúrsa an nós imeachta agus ar na cinntí a rinneadh, faoi réir thoiliú an iarratasóra;

(c)a thuairimí a chur in iúl, i bhfeidhmiú a fhreagrachtaí maoirseachta faoi Airteagal 35 de Choinbhinsiún na Ginéive, do údaráis inniúil ar bith maidir le hiarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta ag céim ar bith den nós imeachta.

2. Beidh feidhm le mír 1 freisin le heagraíocht atá ag obair ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann ar son ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe de bhun comhaontaithe leis an mBallstát sin.

Roinn iv

Ráthaíochtaí Speisialta

Airteagal 19

Iarratasóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu

1. Measfaidh an túdarás cinntitheach go córasach an bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth ar iarratasóir aonair. Féadfar an measúnú sin a chomhtháthú le nósanna imeachta náisiúnta atá ann cheana nó leis an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 21 de Threoir XXX/XXX/EU (An Treoir maidir le Coinníollacha Glactha) agus ní gá go mbeadh sé i bhfoirm nós imeachta riaracháin.

Chun críche an mheasúnaithe sin, urramóidh an túdarás cinntitheach na prionsabail ghinearálta don mheasúnú ar sainriachtanais nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 20.

2. I gcás ina bhfuil iarratasóirí sainaitheanta mar iarratasóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu, tabharfar tacaíocht iomchuí dóibh a chuirfidh ar a gcumas tairbhe a bhaint as na cearta agus na hoibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo ar feadh an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta.

3. Sa chás nach féidir an tacaíocht iomchuí sin a sholáthar faoi chuimsiú an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe dá dtagraítear in Airteagal 40 nó an nós imeachta teorann dá dtagraítear in Airteagal 41, go háirithe i gcás ina measfaidh an túdarás cinntitheach go bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth ar an iarratasóir mar thoradh ar chéasadh, éigniú nó cineálacha tromchúiseacha eile d’fhoréigean síceolaíoch, fisiceach, gnéasach nó d’fhoréigean bunaithe ar inscne, ní chuirfidh an túdarás cinntitheach na nósanna imeachta sin i bhfeidhm maidir leis an iarratasóir, nó stopfaidh siad de na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm maidir leis an iarratasóir.

4. Féadfaidh an Coimisiún na mionsonraí agus na bearta sonracha a shonrú i dtaca le measúnú a dhéanamh, agus aghaidh a thabhairt, ar shainriachtanais nós imeachta iarratasóirí, lena náirítear mionaoisigh neamhthionlactha, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58.

Airteagal 20

Prionsabail ghinearálta chun sainriachtanais nós imeachta a mheas

1.Cuirfidh údaráis atá freagrach as iarratais a ghlacadh agus a chlárú tús leis an bpróiseas chun iarratasóirí a bhfuil sainriachtanais nós imeachta de dhíth orthu a shainaithint a luaithe agus a dhéantar iarratas agus leanfaidh an túdarás cinntitheach de nuair a thaiscfear an tiarratas.

2. Agus an tiarratas á chlárú acu, tabharfaidh pearsanra na núdarás atá freagrach as iarratais a ghlacadh agus a chlárú le fios cé acu a léiríonn nó nach léiríonn iarratasóir céadchomharthaí na leochaileachta a d’fhéadfadh sainráthaíochtaí nós imeachta a bheith de dhíth mar gheall orthu agus is féidir a thuiscint ó chomharthaí fisiciúla nó ó ráitis nó iompraíocht an iarratasóra.

Déanfar an fhaisnéis go léiríonn iarratasóir céadchomharthaí na leochaileachta a áireamh i gcomhad an iarratasóra chomh maith le tuairisc ar na comharthaí leochaileachta a léiríonn an tiarratasóir a d’fhéadfadh sainráthaíochtaí nós imeachtaa bheith de dhíth mar gheall orthu.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil pearsanra na núdarás dá dtagraítear in Airteagal 5 oilte ar chéadchomharthaí na leochaileachta a aithint i gcás iarratasóirí a bhféadfadh sainráthaíochtaí nós imeachta a bheith de dhíth orthu agus go bhfaighidh an pearsanra sin treoracha chuige sin.

3. I gcás ina bhfuil comharthaí ann go bhféadfadh sé gur fhulaing iarratasóirí céasadh, éigniú nó cineálacha tromchúiseacha eile d’fhoréigean síceolaíoch, fisiceach, gnéasach nó d’fhoréigean bunaithe ar inscne agus go bhféadfadh sé seo dochar a dhéanamh dá gcumas páirt a ghlacadh go héifeachtach sa nós imeachta, cuirfidh an túdarás cinntitheach na hiarratasóirí ar aghaidh chuig dochtúir nó síceolaí chun measúnú breise a dhéanamh ar a riocht síceolaíoch agus fisiciúil.

Cuirfidh an túdarás cinntitheach toradh an scrúdaithe sin san áireamh agus Cinneadh á dhéanamh maidir leis an gcineál saintacaíochta nós imeachta a fhéadfar a sholáthar don iarratasóir.

Beidh an scrúdú sin gan dochar don scrúdú leighis dá dtagraítear in Airteagal 23 agus Airteagal 24.

4.Tabharfaidh na húdaráis atá freagrach aghaidh ar an ngá le sainráthaíochtaí nós imeachta mar a leagtar amach san Airteagal seo é fiú i gcás nach léir an riachtanas sin go dtí céim níos déanaí den nós imeachta, agus ní gá an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta a thosú arís.

Airteagal 21

Ráthaíochtaí do mhionaoisigh

1. Tabharfaidh na Ballstáit tús áite do leas an linbh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu.

2. Tabharfaidh an túdarás cinntitheach deis do mhionaoiseach agallamh pearsanta a dhéanamh, lena náirítear cás ina ndéanfar iarratas thar ceann an mhionaoisigh i gcomhréir le hAirteagal 31(6) agus Airteagal 32(1), ach amháin más léir nach bhfuil sé seo chun leasa an linbh. Sa chás sin, tabharfaidh an túdarás cinntitheach cúiseanna leis an gCinneadh gan deis a thabhairt do mhionaoiseach agallamh pearsanta a dhéanamh.

Aon agallamh pearsanta den sórt sin, is duine a bhfuil an teolas riachtanach aige i dtaca le cearta agus riachtanais speisialta mionaoiseach a dhéanfaidh é agus is ar bhealach atá tuisceanach don leanbh agus oiriúnach don chomhthéacs a dhéanfar é.

3. Is pearsanra de chuid an údaráis chinntithigh a bhfuil an teolas riachtanach acu i dtaca le cearta agus riachtanais speisialta mionaoiseach a ullmhóidh an Cinneadh i dtaca le hiarratas mionaoisigh.

Airteagal 22

Ráthaíochtaí speisialta do mhionaoisigh neamhthionlactha

1. Déanfaidh na húdaráis fhreagracha, a luaithe agus is féidir agus tráth nach déanaí ná cúig lá oibre ón nóiméad a dhéanann mionaoiseach neamhthionlactha iarratas, duine nó eagraíocht a cheapadh mar chaomhnóir.

I gcás ina gceapfar eagraíocht mar ionadaí, ainmneoidh sí duine le bheith freagrach as cúraimí caomhnóra a chur i gcrích.

Cuirfidh an túdarás cinntitheach an mionaoiseach neamhthionlactha ar an eolas láithreach faoi cheapachán a chaomhnóra.

2.Cuirfidh an túdarás cinntitheach an caomhnóir ar an eolas i dtaca leis na fíorais ábhartha, céimeanna nós imeachta agus teorainneacha ama uile a bhaineann le mionaoiseach neamhthionlactha.

3. D'fhonn leas an linbh agus folláine ghinearálta an mhionaoisigh neamhthionlactha a chosaint, déanfaidh an caomhnóir:

(a)ionadaíocht agus cúnamh a thabhairt don mhionaoiseach neamhthionlactha le linn na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus

(b)an mionaoiseach neamhthionlactha a chumasú chun tairbhe a bhaint as na cearta agus na hoibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

4. Déanfaidh an caomhnóir a dhualgais i gcomhréir le prionsabal leas an linbh, beidh an saintaithí riachtanach aige, agus ní bheidh taifead dearbhaithe aige de choireanna nó cionta a bhaineann le leanaí.

Ní athrófar an duine atá ag feidhmiú mar chaomhnóir ach amháin i gcás ina measfaidh na húdaráis fhreagracha nach bhfuil a chúraimí mar chaomhnóir curtha i gcrích go hiomchuí aige. Ní cheapfar eagraíochtaí nó daoine aonair a bhfuil a leasa i gcoinbhleacht nó a d’fhéadfadh a leasa a bheith i gcoinbhleacht le leasa mionaoisigh neamhthionlactha ina gcaomhnóir.

5. Ní chuirfidh na húdaráis fhreagracha caomhnóir i bhfeighil ar líon díréireach de mhionaoisigh neamhthionlactha ag an am céanna, a d’fhágfadh nach mbeadh sé ábalta a chúraimí a chur i gcrích go héifeachtach.

Ceapfaidh na Ballstáit eintitis nó daoine atá freagrach feidhmiú chúraimí na gcaomhnóirí agus as maoirsiú agus faireachán a dhéanamh ar bhonn rialta go ndéanann caomhnóirí a gcúraimí ar bhealach sásúil. Déanfaidh na heintitis nó na daoine sin athbhreithniú ar ghearáin a thaisceann mionaoisigh neamhthionlactha i gcoinne a gcaomhnóir.

6. Cuirfidh an caomhnóir an mionaoiseach neamhthionlactha ar an eolas i dtaca le brí an agallaimh phearsanta agus i dtaca leis na hiarmhairtí féideartha agus, más iomchuí, i dtaca leis an gcaoi chun é féin a ullmhú don agallamh pearsanta. Beidh an caomhnóir agus, más infheidhme, comhairleoir dlí nó comhairleoir eile atá glactha nó ceadaithe sa cháil sin faoin dlí náisiúnta, i láthair ag an agallamh sin agus beidh deis acu ceisteanna a chur nó trácht a dhéanamh, laistigh den chreat atá leagtha amach ag an duine a dhéanfaidh an tagallamh. Féadfaidh an túdarás cinntitheach a éileamh go mbeidh an mionaoiseach neamhthionlactha i láthair ag an agallamh pearsanta, fiú má tá an caomhnóir i láthair.

Roinn v

Scrúduithe leighis

Airteagal 23

Scrúdú leighis

1. I gcás ina measfaidh an túdarás cinntitheach go bhfuil sé ábhartha don mheasúnú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta), agus faoi réir thoiliú an iarratasóra, eagróidh sé scrúdú leighis ar an iarratasóir i dtaca le comharthaí agus airíonna a léireodh, b’fhéidir, go ndearnadh géarleanúint nó díobháil thromchúiseach san am a chuaigh thart.

2. Is iad gairmithe leighis cáilithe a dhéanfaidh an scrúdú leighis. Féadfaidh na Ballstáit na gairmithe leighis a ainmniú a fhéadfaidh scrúduithe leighis den sórt sin a dhéanamh. Íocfar as na scrúduithe leighis sin ó chistí poiblí.

3. I gcás nach ndéanfar scrúdú leighis i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an túdarás cinntitheach in iúl d’iarratasóirí go bhféadfaidh siad, ar a dtionscnamh féin agus ar a gcostas féin, scrúdú leighis a shocrú i dtaca le comharthaí agus airíonna a léireodh, b’fhéidir, go ndearnadh géarleanúint nó díobháil thromchúiseach san am a chuaigh thart.

4. Déanfar torthaí an scrúdaithe leighis a chur faoi bhráid an údaráis chinntithigh a luaithe agus is féidir agus déanfaidh an túdarás cinntitheach iad a mheasúnú in éineacht le heilimintí eile an iarratais.

5. I gcás ina ndiúltóidh iarratasóir dul faoi scrúdú leighis ní chuirfear cosc ar an údarás cinntitheach Cinneadh a ghlacadh i dtaca leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Airteagal 24 

Scrúdú leighis ar mhionaoisigh neamhthionlactha

1. Féadfar scrúduithe leighis a úsáid chun aois mionaoiseach neamhthionlactha a Chinneadh faoi chuimsiú an scrúdaithe ar iarratas más rud é, i ndiaidh ráitis ón iarratasóir nó léirithe ábhartha eile lena náirítear measúnú síceasóisialta, go bhfuil amhras ann cé acu atá an tiarratasóir faoi bhun 18 mbliana d'aois nó nach bhfuil. I gcás nach toradh dochloíte atá i dtoradh an scrúdaithe leighis, nó go gcuimsíonn sé raon aoise faoi bhun 18 mbliana, glacfaidh na Ballstáit leis gur mionaoiseach é an tiarratasóir.

2.Ní dhéanfar an scrúdú leighis chun aois mionaoiseach neamhthionlactha a Chinneadh gan a dtoiliú nó toiliú a gcaomhnóirí.

3.Déanfar aon scrúdú leighis le hurramú iomlán do dhínit an duine aonair, is é an scrúdú is lú ionrachta a bheidh ann agus is gairmithe leighis cáilithe a gheobhadh an toradh is iontaofa is féidir a dhéanfaidh é.

4.I gcás ina núsáidfear scrúduithe leighis chun aois mionaoiseach neamhthionlactha a chinneadh, áiritheoidh an túdarás cinntitheach go gcuirfear mionaoisigh neamhthionlactha ar an eolas, roimh an scrúdú ar a niarratas ar chosaint idirnáisiúnta, agus i dteanga a thuigeann siad nó ar féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go dtuigfidh siad, maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí a naois a Chinneadh le scrúdú leighis. Áireofar leis sin faisnéis i dtaca leis an modh scrúdaithe agus iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag toradh an scrúdaithe leighis do scrúdú an iarratais, agus maidir leis an bhféidearthacht ag an mionaoiseach neamhthionlactha, nó ag a chaomhnóir, diúltú dul faoin scrúdú leighis, agus maidir leis na hiarmhairtí a leanfadh sin.

5. I gcás ina ndiúltóidh na mionaoisigh neamhthionlactha nó a gcaomhnóirí an scrúdú leighis a dhéanamh, ní fhéadfar a mheas ach gur toimhde infhrisnéise í nach mionaoiseach an tiarratasóir agus níor cheart go gcuirfeadh sé cosc ar an údarás cinntitheach Cinneadh a dhéanamh i dtaca leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

6. Aithneoidh Ballstát na cinntí measúnaithe aoise a dhéanann na Ballstáit eile ar bhonn scrúdaithe leighis arna dhéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus bunaithe ar na modhanna a aithnítear faoina dhlí náisiúnta.

CAIBIDIL III

NÓS IMEACHTA RIARACHÁIN

Roinn i

Rochtain ar an Nós Imeachta

Airteagal 25

An tiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh

1. Déanfar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nuair a léireoidh náisiúnach tríú tír nó duine gan stát mian cosaint idirnáisiúnta a fháil d'oifigigh ón údarás cinntitheach nó ó údarás eile dá dtagraítear in Airteagal 5(3) nó (4).

I gcás ina bhfuil amhras ar na hoifigigh seo maidir le cé acu atá dearbhú áirithe le forléiriú mar iarratas nó nach bhfuil, fiafróidh siad go sainráite den duine an mian leis cosaint idirnáisiúnta a fháil.

2. I gcás ina ndéanann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart a mheas gur iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta é go dtí go ndéanfar Cinneadh críochnaitheach i dtaca leis an iarratas sin.

Airteagal 26

Cúraimí na núdarás freagrach nuair a dhéantar iarratas

1. Déanfaidh na húdaráis atá freagrach as iarratais a fháil agus a chlárú:

(a)na hiarratasóirí a chur ar an eolas faoina gcearta agus a faoina noibleagáidí atá leagtha amach, go háirithe, in Airteagail 27, 28 agus 31 maidir le clárú agus taisceadh iarratas, Airteagal 7 maidir le hoibleagáidí iarratasóirí agus leis na hiarmhairtí mura gcomhlíonfar oibleagáidí den sórt sin, Airteagal 9 maidir le ceart iarratasóirí chun fanacht ar chríoch an Bhallstáit atá freagrach, agus Airteagal 8 maidir leis na ráthaíochtaí ginearálta d’iarratasóirí;

(b)an tiarratas a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 27;

(c)ar chlárú dó, an tiarratasóir a chur ar an eolas faoi cén áit a bhfuil agus conas atá iarratas ar chosaint idirnáisiúnta le taisceadh;

(d)na húdaráis atá freagrach as na coinníollacha glactha de bhun Threoir XXX/XXX/EU (An Treoir maidir le Coinníollacha Glactha) a chur an eolas faoin iarratas.

2. Féadfaidh an Coimisiún ábhar na faisnéise a shonrú atá le tabhairt d’iarratasóirí nuair a dhéanfar iarratas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58.

Airteagal 27

Iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú

1. Déanfaidh na húdaráis atá freagrach as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a fháil agus a chlárú iarratas a chlárú go pras, agus tráth nach déanaí ná trí lá oibre ón uair a dhéanfar é. Cláróidh siad freisin an fhaisnéis seo a leanas:

(a)ainm, dáta breithe, inscne, náisiúntacht agus sonraí pearsanta eile an iarratasóra;

(b)cineál agus uimhir aon doiciméid céannachta nó taistil de chuid an iarratasóra;

(c)dáta an iarratais, an áit ina ndéantar an tiarratas agus an túdarás lena ndéantar an tiarratas.

I gcás ina bhfuil na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) faighte ag na Ballstáit cheana féin sula ndéantar an tiarratas, ní lorgófar arís iad.

2.I gcás inarb é an túdarás cinntitheach nó údarás eile atá ag cuidiú leis chun críche an tiarratas a scrúdú a bhailíonn an fhaisnéis, féadfar sonraí riachtanacha breise a bhailiú do scrúdú an iarratais ag am an chláraithe.

3. I gcás ina mbaineann deacracht phraiticiúil le hiarratais a chlárú laistigh de thrí lá oibre ón uair a dhéantar an tiarratas, mar thoradh ar iarratais chomhuaineacha ar chosaint idirnáisiúnta ó líon díréireach de náisiúnaigh tríú tír nó de dhaoine gan stát, féadfaidh údaráis an Bhallstáit an teorainn ama sin a shíneadh go deich lá oibre.

4.Déanfaidh na húdaráis fhreagracha gach sraith sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus aon sonraí ábhartha eile a bhailítear faoi mhír 2, a stóráil ar feadh deich mbliana ó dháta cinnidh chríochnaithigh. Scriosfar na sonraí ar éag na tréimhse sin nó i gcás ina mbaineann siad le duine a bhfuil saoránacht de Bhallstát ar bith faighte aige roimh éag na tréimhse sin a luaithe a chuirfear in iúl don Bhallstát go bhfuil saoránacht den sórt sin faighte ag an duine lena mbaineann.

Airteagal 28

Iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh

1. Déanfaidh an tiarratasóir an tiarratas a thaisceadh laistigh de dheich lá oibre ón dáta ar a chlárófar an tiarratas ar choinníoll go dtabharfar fíordheis dó sin a dhéanamh laistigh den teorainn ama sin.

2.Tabharfaidh an túdarás atá freagrach as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta iarratais a fháil agus a chlárú fíordheis don iarratasóir iarratas a thaisceadh laistigh den teorainn ama atá leagtha síos i mír 1.

3.I gcás ina bhfuil líon díréireach de náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a dhéanann iarratas go comhuaineach ar chosaint idirnáisiúnta, agus gur deacair dá bharr an deis a thabhairt an tiarratas a thaisceadh laistigh den teorainn ama atá leagtha síos i mír 1, tabharfaidh an túdarás freagrach fíordheis don iarratasóir a iarrtas nó a thaisceadh tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta ar a chlárófear an tiarratas.

4. Agus iarratas á thaisceadh acu, ní mór d’iarratasóirí na heilimintí uile a thíolacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta) atá de dhíth chun bunús a thabhairt dá niarratas. I ndiaidh thaisceadh a niarratais, tabharfar údarófar iarratasóirí aon eilimintí breise ábhartha dá scrúdú a thíolacadh go dtí go ndéanfar Cinneadh faoin nós imeachta riaracháin i dtaca leis an iarratas.

Cuirfidh an túdarás atá freagrach as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a fháil agus a chlárú in iúl don iarratasóir gur féidir leis, tar éis don Chinneadh i dtaca le hiarratas a bheith déanta, nach bhféadfaidh sé a thíolacadh ach eilimintí nua atá ábhartha don scrúdú ar a iarratas nó agus nach bhféadfadh sé bheith ar an eolas fúthu ag céim níos luaithe nó a bhaineann le hathruithe ar a staid.

5. Déanfaidh an tiarratasóir féin na hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh in áit ainmnithe. Chun na críche sin, nuair a chlárófar an tiarratas, tabharfar coinne don iarratasóir leis na húdaráis atá inniúil i leith thaisceadh an iarratais.

6.Déanfaidh na húdaráis fhreagracha na sonraí dá dtagraítear i mír 4 a stóráil ar feadh deich mbliana ó dháta cinnidh chríochnaithigh. Scriosfar na sonraí ar éag na tréimhse sin nó i gcás ina mbaineann siad le duine a bhfuil saoránacht de Bhallstát ar bith faighte aige roimh éag na tréimhse sin a luaithe a chuirfear in iúl don Bhallstát go bhfuil saoránacht den sórt sin faighte ag an duine lena mbaineann.

Airteagal 29

Doiciméid don iarratasóir

1. Ar chlárú don iarratasóir, tabharfaidh údaráis an Bhallstáit ina ndéantar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta doiciméad dó a dheimhníonn, go háirithe, go bhfuil iarratas déanta agus a deir go bhféadfaidh an tiarratasóir fanacht ar chríoch an Bhallstáit sin chun críocha a iarratas a thaisceadh mar a fhoráiltear dó sa Rialachán seo.

2. Déanfaidh údaráis an Bhallstáit ina dtaiscfear an tiarratas, laistigh de thrí lá oibre ó thaisceadh an iarratais, doiciméad a sholáthar don iarratasóir ina ainm féin:

(a)a luann céannacht an iarratasóra trí bhíthin, ar a laghad, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 27(1)(a) agus (b), agus iad deimhnithe agus nuashonraithe más gá, chomh maith le híomhá aghaidhe den iarratasóir, síniú, áit chónaithe reatha agus dáta taiscthe an iarratais;

(b)a luann an túdarás eisiúna, dáta agus áit na heisiúna agus tréimhse bailíochta an doiciméid;

(c)a dheimhníonn stádas an duine aonair mar iarratasóir;

(d)a luann go bhfuil an ceart ag an iarratasóir fanacht ar chríoch an Bhallstáit sin agus a léiríonn cé acu atá nó nach bhfuil saoirse ag an iarratasóir gluaiseacht laistigh de chríoch uile nó de chuid de chríoch an Bhallstáit sin;

(e)a luann nach doiciméad taistil bailí é an doiciméad agus a thugann le fios nach bhfuil cead ag an iarratasóir taisteal gan údarú chuig críoch Ballstát eile go dtí go mbeidh an nós imeachta déanta chun a Chinneadh cén Ballstáit atá freagrach as iarratas a scrúdú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath);

(f)a luann cé acu atá nó nach bhfuil cead ag an iarratasóir fostaíocht shochrach a ghlacadh.

3.I gcás, i ndiaidh nós imeachta cinnidh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath), ina nainmnítear Ballstát eile mar Bhallstát atá freagrach as scrúdú an iarratais, tabharfaidh údaráis an Bhallstáit sin doiciméad dá dtagraítear in mír 2 don iarratasóir laistigh de thrí lá oibre ó aistriú an iarratasóra chuig an mBallstát sin.

4.Beidh an doiciméad dá dtagraítear i mír 2 bailí ar feadh tréimhse sé mhí a athnuafar dá réir chun a áirithiú go gcuimseoidh bailíocht an doiciméid sin an tréimhse ina bhfuil ceart ag an iarratasóir fanacht ar chríoch an Bhallstáit atá freagrach.

Ní hionann an tréimhse bailíochta a luaitear ar an doiciméad agus an ceart fanacht i gcás ina ndearnadh an ceart sin a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí.

5.Féadfaidh an Coimisiún foirm agus ábhar na ndoiciméad atá le tabhairt do na hiarratasóirí ag an gclárú agus ag an taisceadh a shonrú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58.

Airteagal 30

Rochtain ar an nós imeachta i saoráidí coinneála agus ag pointí trasnaithe teorann

1.I gcás ina bhfuil comharthaí ann gur féidir go mbeidh cosaint idirnáisiúnta de dhíth ar náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá á gcoimeád i saoráidí coinneála nó atá i láthair ag pointí trasnaithe teorann, lena náirítear criosanna idirthurais, ag teorainneacha seachtracha, cuirfidh na húdaráis fhreagracha ar an eolas iad faoin bhféidearthacht atá ann iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe, i gcás:

(a)inar dócha gur mionaoiseach neamhthionlactha é an duine;

(b)ina bhfuil comharthaí soiléire ann go bhfuil an duine ar a bhfuil neamhoird mheabhracha nó neamhoird eile a fhágann nach bhfuil de chumas aige gá do chosaint idirnáisiúnta a fháil amach;

(c)inar tháinig an duine ó tír thionscnaimh ar leith agus gur dócha go bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth air de bharr staid atá ar eolas go maith sa tríú tír sin.

2. Déanfaidh na húdaráis fhreagracha na socruithe riachtanacha do sheirbhísí ateangaireachta a bheith ar fáil chun cuidiú le rochtain ar an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta.

3.Beidh rochtain éifeachtach ag eagraíochtaí agus daoine a chuireann comhairle agus comhairliúchán ar fáil ar náisiúnaigh tríú tír a choinnítear i saoráidí coinneála nó atá i láthair ag pointí trasnaithe teorann, lena náirítear criosanna idirthurais, ag teorainneacha seachtracha.

Féadfaidh na Ballstáit teorainneacha a chur i bhfeidhm ar rochtain den sórt sin i gcás, de bhun dlí náisiúnta, ina bhfuil siad riachtanach don tslándáil, don ord poiblí nó don bhainistiú riaracháin ar phointe trasnaithe teorann nó ar shaoráid coinneála, ar choinníoll nach gcuirfear bac tromchúiseach ar an rochtain nó nach ndéanfar dodhéanta í.

Airteagal 31

Iarratais thar ceann céile, páirtí, mionaoiseach nó duine fásta cleithiúnach

1. Féadfaidh iarratasóir iarratas a thaisceadh thar ceann a chéile nó a pháirtí i gcaidreamh socair agus marthanach, thar ceann mionaoiseach nó daoine fásta cleithiúnacha nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil acu.

2. Cuirfear an céile nó an páirtí dá dtagraítear i mír 1 ar an eolas go príobháideach faoi na hiarmhairtí nós imeachta ábhartha a bheidh mar thoradh ar iarratas a bheith taiscthe ar a shon agus i dtaca lena cheart iarratas ar leithligh a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta. I gcás nach dtoilíonn an céile nó an páirtí le taisceadh iarratais ar a shon, tabharfar an deis dó iarratas a thaisceadh ina ainm féin.

3.I gcás nach dtaisceann iarratasóir iarratas thar ceann a chéile nó a pháirtí dá dtagraítear i mír 1 laistigh de na deich lá oibre dá dtagraítear in Airteagal 28(1), tabharfar an deis don chéile nó don pháirtí a iarratas a thaisceadh ina ainm féin laistigh de thréimhse deich lá oibre eile ag tosú ó éag na tréimhse tosaigh deich lá oibre. I gcás nach dtaisceann an céile nó an páirtí fós a iarratas laistigh de na deich lá oibre breise sin, diúltófar an tiarratas toisc gur éiríodh as i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 39.

4.I gcás nach dtaisceann iarratasóir iarratas thar ceann a dhuine fhásta chleithiúnaigh dá dtagraítear i mír 1 laistigh de na deich lá oibre dá dtagraítear in Airteagal 28(1), déanfaidh an túdarás cinntitheach iarratas a thaisceadh thar ceann an duine fhásta chleithiúnaigh más rud é, ar bhonn measúnú aonair ar a staid pearsanta, go measann sé gur féidir go mbeidh cosaint idirnáisiúnta de dhíth ar an duine fásta cleithiúnach.

5.I gcás ina bhfuil iarratas taiscthe ag duine thar ceann a chéile nó a pháirtí i gcaidreamh socair agus marthanach nó daoine fásta cleithiúnacha nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil acu, tabharfar an deis do gach duine díobh sin agallamh pearsanta a fháil.

6.Beidh an ceart ag mionaoiseach iarratas a thaisceadh ina ainm féin má tá an inniúlacht dhlíthiúil aige gníomhú i nósanna imeachta i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, nó trí dhuine fásta atá freagrach as, bíodh sin de réir dlí nó chleachtas an Bhallstáit lena mbaineann, lena náirítear a thuismitheoirí nó a chúramóir dlí nó a ghnáthchúramóir, nó baill fhásta teaghlaigh i gcás mionaoiseach tionlactha, nó trí chaomhnóir i gcás mionaoiseach neamhthionlactha.

7. I gcás mionaoiseach tionlactha, i dtaca le taisceadh iarratais a dhéanann an taosach atá freagrach as dá dtagraítear i mír 6, measfar gur taisceadh iarratais é freisin ar chosaint idirnáisiúnta thar ceann an mhionaoisigh.

8.I gcás nach ndéanann an taosach atá freagrach as an mionaoiseach tionlactha iarratas thar a cheann féin, cuirfear an mionaoiseach tionlactha ar an eolas go soiléir faoin bhféidearthacht atá ann iarratas a thaisceadh ina ainm féin ag an am a dhéanfar a iarratas agus faoin nós maidir leis sin.

9.I gcás nach dtaisceann an taosach atá freagrach as an mionaoiseach tionlactha iarratas thar ceann an mhionaoisigh laistigh de na deich lá oibre dá bhforáiltear in Airteagal 28(1), cuirfear an mionaoiseach ar an eolas faoin bhféidearthacht atá ann a iarratas a thaisceadh ina ainm agus tabharfar an deis dó sin a dhéanamh laistigh de thréimhse deich lá breise ag tosú ó éag na tréimhse tosaigh deich lá má tá an inniúlacht dhlíthiúil aige gníomhú i nósanna imeachta de réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás nach dtaisceann an mionaoiseach a iarratas ina ainm féin laistigh de na deich lá oibre breise sin, diúltófar an tiarratas toisc gur éiríodh as i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39.

10.Chun críche Cinneadh a ghlacadh i dtaca le hinghlacthacht iarratais i gcás iarratais ar leithligh a dhéanann céile, páirtí nó mionaoiseach de bhun Airteagal 36(1)(d), déanfar scrúdú tosaigh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i dtaca le cé acu atá nó nach bhfuil fíorais a bhaineann le staid an chéile, an pháirtí nó an mhionaoisigh a thugann bunús le hiarratas ar leithligh.

I gcás ina bhfuil fíorais i dtaca le staid an chéile, an pháirtí nó an mhionaoisigh a thugann bunús le hiarratas ar leithligh, ba cheart an tiarratas ar leithligh sin a scrúdú a thuilleadh chun Cinneadh a dhéanamh ar a fhiúntas. I gcás nach bhfuil, diúltófar an tiarratas ar leithligh sin toisc é a bheith neamhinghlactha, gan dochar don scrúdú ceart ar aon iarratas a thaisctear thar ceann an chéile, an pháirtí nó an mhionaoisigh.

Airteagal 32

Iarratais mionaoiseach neamhthionlactha

1. Déanfaidh mionaoiseach neamhthionlactha iarratas a thaisceadh ina ainm má tá an inniúlacht dhlíthiúil aige gníomhú i nósanna imeachta de réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, nó déanfaidh a chaomhnóir é a thaisceadh thar a cheann. Tabharfaidh an caomhnóir cuidiú agus cuirfidh sé an mionaoiseach neamhthionlactha ar an eolas i gceart faoi conas is ceart agus cén áit ar ceart iarratas a thaisceadh.

2.I gcás mionaoiseach neamhthionlactha, ní thosóidh an tréimhse deich lá oibre do thaisceadh an iarratais dá bhforáiltear in Airteagal 28(1) ag rith ach ón nóiméad a cheapfar caomhnóir an mhionaoisigh neamhthionlactha agus gur bhuail sé leis. I gcás nach dtaisceann a chaomhnóir iarratas thar ceann an mhionaoisigh neamhthionlactha laistigh de na deich lá oibre sin, taiscfidh an túdarás cinntitheach iarratas thar ceann an mhionaoisigh neamhthionlactha más rud é, ar bhonn measúnú aonair dá staid pearsanta, go measann sé go bhféadfadh cosaint idirnáisiúnta bheith de dhíth ar an mionaoiseach.

3.Beidh an ceart ag na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir 2008/115/EC iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh thar ceann mionaoiseach neamhthionlactha más rud é, ar bhonn measúnaithe aonair ar a staid pearsanta, go measann sé go bhféadfadh cosaint idirnáisiúnta bheith de dhíth ar an mionaoiseach.

Roinn ii

Nós Imeachta Scrúdúcháin

Airteagal 33

Iarratais a scrúdú

1. Scrúdóidh na Ballstáit iarratais ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus na ráthaíochtaí atá leagtha amach i gCaibidil II.

2. Déanfaidh an túdarás cinntitheach cinntí i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta i ndiaidh scrúdú iomchuí maidir le hinghlacthacht nó fiúntas iarratais. Scrúdóidh an túdarás cinntitheach iarratais go hoibiachtúil, go neamhchlaonta agus ar bhonn aonair. Chun críche scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, cuirfidh sé na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)na ráitis agus na doiciméid ábhartha a chuir an tiarratasóir isteach lena náirítear faisnéis maidir leis an gceist an ndearnadh géarleanúint nó díobháil thromchúiseach don iarrthóir nó an bhféadfadh go ndéanfaí;

(b)an fhaisnéis uile ábhartha, chruinn agus cothrom le dáta i dtaca leis an staid i dtír thionscnaimh an iarratasóra ag an am a dhéantar Cinneadh i dtaca leis an iarratas, lena náirítear dlíthe agus rialacháin na tíre tionscnaimh agus an bealach a gcuirtear i bhfeidhm iad, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile a gheofar ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, ó ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus ó eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta um chearta daonna, nó ó fhoinsí eile;

(c)an anailís choiteann ar an bhfaisnéis i dtaca le tíortha tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (An Rialachán i dtaca le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann);

(d)staid aonair agus cúinsí pearsanta an iarratasóra, lena náirítear tosca amhail cúlra, inscne, aois, gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne d’fhonn measúnú a dhéanamh maidir le cé acu, ar bhonn cúinsí pearsanta an iarratasóra, a d'fhéadfadh nó nach bhféadfadh gur géarleanúint nó díobháil thromchúiseach atá i gceist sna gníomhartha a rinneadh ar an iarratasóir nó a d'fhéadfaí a dheanamh air;

(e)maidir leis na gníomhaíochtaí a rinne an tiarratasóir ó d’fhág sé an tír thionscnaimh, an ndearna an tiarratasóir iad leis an aon aidhm amháin nó leis an bpríomhaidhm na coinníollacha riachtanacha a chruthú chun iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, d’fhonn a mheasúnú an ndéanfadh na gníomhaíochtaí sin an tiarratasóir a chur i mbaol géarleanúna nó díobháil thromchúiseach dá gcuirfí ar ais chuig an tír sin é;

(f)an bhféadfaí bheith ag súil leis go réasúnta go mbainfeadh an tiarratasóir tairbhe as cosaint tíre eile ina bhféadfadh sé saoránacht a dhearbhú.

3.Beidh eolas imleor i dtaca leis na caighdeáin infheidhme ábhartha i réimse an tearmainn agus an dlí dídeanaí ag an bpearsanra atá ag scrúdú iarratas agus ag déanamh cinntí. Beidh an deis acu comhairle a lorg, más gá, ó shaineolaithe ar shaincheisteanna ar leith, amhail saincheisteanna leighis, cultúrtha, reiligiúnacha agus saincheisteanna a bhaineann le leanaí nó inscne. Más gá, féadfaidh siad fiosruithe a chur faoi bhráid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann i gcomhréir le hAirteagal 9(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (An Rialachán i dtaca le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann).

4. Déanfar doiciméid atá ábhartha don scrúdú ar iarratais a dhéanfaidh an túdarás cinntitheach a aistriú, más gá, don scrúdú sin.

5. Féadfar tús áite a thabhairt do scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le bunphrionsabail agus ráthaíochtaí Chaibidil II, go háirithe:

(a)i gcás inar dócha go bhfuil bunús maith leis an iarratas;

(b)I gcás ina bhfuil sainriachtanais glactha ag an iarratasóir de réir bhrí Airteagal 20 de Threoir XXX/XXX/EU (An Treoir maidir le Coinníollacha Glactha), nó go bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth air, go háirithe i gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha é.

Airteagal 34

Fad an nós imeachta scrúdúcháin

1. Ní thógfaidh an scrúdú chun inghlacthacht iarratais a Chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 36(1) níos faide ná mí amháin ó thaisceadh iarratais.

Is í an teorainn ama a bheidh ann do scrúdú den sórt sin deich lá oibre i gcás, i gcomhréir le hAirteagal 3(3)(a) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath), ina gcuireann Ballstát an chéad iarratais coincheap thír an chéad tearmainn nó an tríú tír shábháilte dá dtagraítear in Airteagal 36(1)(a) agus (b) i bhfeidhm.

2. Áiritheoidh an túdarás cinntitheach go gcuirfear nós imeachta scrúdúcháin i dtaca leis an bhfiúntas a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná sé mhí ó thaisceadh an iarratais, gan dochar do scrúdú iomchuí agus iomlán.

3. Féadfaidh an túdarás cinntitheach síneadh nach mó ná trí mhí a chur leis an teorainn ama:

(a)I gcás ina ndéanann líon díréireach de náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát iarratas ar chosaint idirnáisiúnta go comhuaineach, sa chaoi go bhfuil sé deacair sa chleachtas an nós imeachta a chur i gcrích laistigh den teorainn ama sé mhí;

(b)I gcás ina bhfuil saincheisteanna casta fíorais nó dlí i gceist.

4. I gcás ina bhfuil iarratas faoi réir an nós imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath), tosóidh na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 2 ag rith ón nóiméad a chinntear cén Ballstát atá freagrach i gcomhréir leis an Rialachán sin, tá an tiarratasóir ar chríoch an Bhallstáit sin agus tá sé glactha faoi chúram i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath).

5. Féadfaidh an túdarás cinntitheach cur i gcrích an nós imeachta scrúdúcháin a chur ar ceal i gcás nach féidir bheith ag súil leis go réasúnta go ndéanfaidh sé Cinneadh laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos i mír 2 agus in Airteagal 40(4) maidir leis an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe de bharr staid éiginnte sa tír thionscnaimh a mheastar a bheith sealadach. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an túdarás cinntitheach:

(a)athbhreithnithe ar an staid sa tír thionscnaimh ar a laghad gach dhá mhí;

(b)na hiarratasóirí lena mbaineann a chur ar an eolas laistigh d’am réasúnta faoi na cúiseanna leis an gcur ar ceal.

Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann ar an eolas laistigh d’am réasúnta faoi chur ar ceal nósanna imeachta don tír thionscnaimh sin. Ar chaoi ar bith, cuirfidh an túdarás cinntitheach an nós imeachta scrúdúcháin i gcrích laistigh de 15 mhí ó thaisceadh iarratais.

Roinn iii

Cinntí i dtaca le hIarratais

Airteagal 35

Cinntí a dhéanann údarás cinntitheach

1. Tabharfar Cinneadh i dtaca le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta i scríbhinn agus cuirfear in iúl é don iarratasóir gan mhoill mhíchuí i dteanga a thuigeann sé nó a bhfuil sé i gceist go réasúnta go dtuigfidh sé.

2. I gcás ina ndiúltaítear d’iarratas toisc é a bheith neamhinghlactha, toisc go bhfuil sé gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí, toisc gur léir go bhfuil sé tarraingthe siar nó toisc gur éiríodh as, déanfar na cúiseanna i bhfíoras agus sa dlí a lua sa chinneadh. Tabharfar faisnéis i scríbhinn ar an gcaoi le hagóid a dhéanamh i gcoinne Cinneadh lena ndiúltaítear cosaint idirnáisiúnta, ach amháin más rud é gur tugadh cheana chuig an iarratasóir í ar bhealach eile.

3. I gcás iarratais thar ceann céilí, páirtithe, mionaoisigh nó daoine fásta cleithiúnacha nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil acu, agus aon uair a bhunaítear an tiarratas ar na forais chéanna, féadfaidh an túdarás cinntitheach aon Chinneadh amháin a dhéanamh, a chuimsíonn na hiarratasóirí uile, ach amháin, dá ndéanfaí sin, go nochtfaí cúinsí áirithe iarratasóra a d’fhéadfadh a leas a chur i mbaol, go háirithe i gcásanna a bhaineann le hinscne, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne nó géarleanúint bunaithe ar aois. I gcásanna den sórt sin, eiseofar Cinneadh ar leithligh chuig an duine lena mbaineann.

Airteagal 36

Cinneadh i dtaca le hinghlacthacht an iarratais

1.Déanfaidh an túdarás cinntitheach measúnú ar inghlacthacht iarratais, i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i gCaibidil II, agus diúltóidh siad d’iarratas toisc é a bheith neamhinghlactha i gcás ina bhfuil ceann ar bith de na forais seo a leanas i bhfeidhm:

(a)meastar gur tír an chéad tearmainn don iarratasóir de bhun Airteagal 44 í tír nach Ballstát í, ach amháin más léir nach ndéanfar an tiarratasóir a ghlacadh nó a athghlacadh sa tír sin;

(b)meastar gur tríú tír shábháilte don iarratasóir de bhun Airteagal 45 í tír nach Ballstát í, ach amháin más léir nach ndéanfar an tiarratasóir a ghlacadh nó a athghlacadh sa tír sin;

(c)is iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin é an tiarratas, i gcás nár eascair nó nár thug an tiarratasóir ar aird eilimintí nó tátail ábhartha nua ar bith i dtaca leis an scrúdú ar cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn an tiarratasóir mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta) nó i dtaca leis an bhforas neamhinghlacthachta a cuireadh i bhfeidhm cheana;

(d)taisceann céile nó páirtí nó mionaoiseach tionlactha iarratas i ndiaidh dó toiliú d’iarratas taiscthe thar a cheann, agus nach bhfuil aon fhíorais ann a bhaineann le staid an chéile, an pháirtí nó an mhionaoisigh a thabharfadh bunús le hiarratas ar leithligh.

2.Ní scrúdófar iarratas ar a fhiúntas sna cásanna nach scrúdaítear iarratas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath), lena náirítear i gcás ina bhfuil cosaint idirnáisiúnta deonta ag Ballstát eile ar an iarratasóir, nó i gcás ina ndiúltaítear d’iarratas toisc é a bheith neamhinghlactha i gcomhréir le mír 1.

3.Ní bheidh feidhm ag mír 1(a) agus (b) maidir le tairbhí de chosaint choimhdeach a athlonnaíodh faoi nós imeachta brostaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (An Rialachán maidir le hAthlonnú). 36

4. I gcás, agus scrúdú déanta ar iarratas i gcomhréir le hAirteagal 3(3)(a) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath), ina measann an chéad Bhallstát ina dtaisctear an tiarratas go bhfuil sé inghlactha, ní gá don Bhallstát atá freagrach foráil mhír 1(a) agus (b) a chur i bhfeidhm arís.

5.I gcás ina measann an túdarás cinntitheach gur féidir, prima facie, diúltú d’iarratas toisc go bhfuil sé go follasach gan bhunús, ní bheidh air a thuairim a lua i dtaca le hinghlacthacht an iarratais.

Airteagal 37

Cinneadh i dtaca le fiúntas iarratais

1. Agus scrúdú á dhéanamh aige ar iarratas ar a fhiúntas, déanfaidh an túdarás cinntitheach Cinneadh maidir le cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn an tiarratasóir mar dhídeanaí agus, mura gcáilíonn, cinnfidh sé an bhfuil an tiarratasóir incháilithe le haghaidh cosaint coimhdeach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta).

2. Diúltóidh an túdarás cinntitheach iarratas toisc é a bheith gan bhunús i gcás ina bhfuil sé cinntithe aige nach gcáilíonn an tiarratasóir do chosaint idirnáisiúnta faoi bhun Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta).

3. Dearbhóidh an túdarás cinntitheach go bhfuil iarratas gan bhunús go follasach gan bhunús sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 40(1)(a), (b), (c), (d) agus (e).

Airteagal 38

Iarratais a tharraingt siar go follasach

1. Féadfaidh iarratasóir uaidh féin, agus ag am ar bith le linn an nós imeachta, a iarratas a tharraingt siar.

2. I gcás ina dtarraingíonn an tiarratasóir iarratas siar go follasach, déanfaidh an túdarás cinntitheach Cinneadh an tiarratas a dhiúltú toisc go bhfuil sé tarraingthe siar go follasach nó toisc go bhfuil sé gan bhunús i gcás, ag an gcéim ina dtarraingítear an tiarratas siar go follasach, ina bhfuil sé cinntithe ag an údarás cinntitheach cheana féin nach gcáilíonn an tiarratasóir do chosaint idirnáisiúnta de bhun Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta).

Airteagal 39

Iarratais a tharraingt siar go hintuigthe

1. Diúltóidh an túdarás cinntitheach iarratas toisc gur éiríodh as:

(a)I gcás nach bhfuil a iarratas taiscthe ag an iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 28, cé go raibh fíordheis aige é sin a dhéanamh;

(b)I gcás nach bhfuil a iarratas taiscthe ag céile, páirtí nó mionaoiseach tar éis nár thaisc iarratasóir an tiarratas thar a cheann féin sa chaoi dá dtagraítear in Airteagal 31(3) agus (8);

(c)I gcás ina ndiúltaíonn an tiarratasóir comhoibriú trí gan na sonraí riachtanacha a sholáthar do scrúdú ar an iarratas agus trí gan a mhéarloirg agus a íomhá aghaidhe a sholáthar de bhun Airteagal 7(3);

(d)i gcás nár tháinig an tiarratasóir i láthair d’agallamh pearsanta cé go raibh sé de cheangal air é sin a dhéanamh de bhun Airteagail 10 go 12;

(e)I gcás ina bhfuil a áit chónaithe tréigthe ag an iarratasóir, gan a chur in iúl do na húdaráis inniúla nó gan údarú mar a fhoráiltear dó in Airteagal 7(4);

(f)i gcás, arís agus arís eile, nár chomhlíon an tiarratasóir na dualgais tuairiscithe a leagadh air i gcomhréir le hAirteagal 7(5).

2. Sna cúinsí dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an túdarás cinntitheach deireadh leis an scrúdú ar an iarratas agus seolfaidh sé fógra i scríbhinn chuig an iarratasóir ag an áit chónaithe nó an seoladh dá dtagraítear in Airteagal 7(4), lena gcuirtear in iúl dó go bhfuil deireadh curtha leis an scrúdú ar a iarratas nó ar a hiarratas agus go ndiúltófar an tiarratas go cinnte toisc gur éiríodh as ach amháin má dhéanann an tiarratasóir teagmháil leis an údarás cinntitheach laistigh de thréimhse míosa amháin ón dáta ar a seoladh an fógra i scríbhinn.

3. I gcás ina ndéanann an tiarratasóir teagmháil leis an údarás cinntitheach laistigh den tréimhse míosa amháin sin agus go léiríonn sé gur tharla a mhainneachtain de bharr imthosca nach raibh neart aige orthu, leanfaidh an túdarás cinntitheach den scrúdú ar an iarratas.

4. I gcás nach ndéanann an tiarratasóir teagmháil leis an túdarás cinntitheach laistigh den tréimhse míosa amháin sin agus nach léiríonn sé gur tharla a mhainneachtain de bharr imthosca nach raibh neart aige orthu, measfaidh an túdarás cinntitheach go bhfuil an tiarratas tarraingthe siar go hintuigthe.

5. I gcás ina dtarraingítear iarratas siar go hintuigthe, déanfaidh an túdarás cinntitheach Cinneadh an tiarratas a dhiúltú toisc gur éiríodh as nó toisc go bhfuil sé gan bhunús i gcás, ag an gcéim ina dtarraingítear an tiarratas siar go hintuigthe, ina bhfuil sé cinntithe ag an údarás cinntitheach cheana féin nach gcáilíonn an tiarratasóir do chosaint idirnáisiúnta de bhun Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta).

Roinn iv

Nósanna Imeachta Speisialta

Airteagal 40

Nós imeachta scrúdúcháin brostaithe

1. Déanfaidh an túdarás cinntitheach, i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i gCaibidil II, an scrúdú ar fhiúntas iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a bhrostú, sna cásanna seo a leanas:

(a)agus a iarratas á chur isteach agus na fíorais á dtabhairt ar aird, ní raibh aon cheann de na saincheisteanna a d'ardaigh an tiarratasóir ábhartha don scrúdú ar cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn sé mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta);

(b)tá ráitis déanta ag an iarratasóir atá go follasach neamhréireach agus frithráiteach, bréagach go soiléir nó neamhdhóchúil agus a thagann salach ar fhaisnéis i dtaca le tíortha tionscnaimh atá deimhnithe go himleor, agus ar an gcaoi sin is léir go bhfuil a éileamh neamhdhiongbháilte i dtaca le cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn sé mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta de bhua Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta);

(c)chuir an tiarratasóir na húdaráis ar míThreoir trí fhaisnéis nó doiciméid bhréagacha a chur isteach nó trí fhaisnéis nó doiciméid ábhartha a choinneáil siar i dtaca lena chéannacht nó lena náisiúntacht nó lena céannacht nó náisiúntacht a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an gcinneadh;

(d)is chun moill nó bac a chur ar fheidhmiú cinnidh níos luaithe nó cinnidh atá ag teacht lena ndéanfar é a aistriú ó chríoch Ballstáit, agus chuige sin amháin atá iarratas á dhéanamh ag an iarratasóir;

(e)féadfar a mheas gur tír thionscnaimh shábháilte don iarratasóir í tríú tír don iarratasóir de réir bhrí an Rialacháin seo;

(f)féadfar a mheas, ar chúiseanna tromchúiseach, gur contúirt é an tiarratasóir do shlándáil náisiúnta nó ord poiblí na mBallstát;

(g)ní chomhlíonann an tiarratasóir na hoibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 4(1) agus Airteagal 20(3) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath), ach amháin má léiríonn sé gur tharla a mhainneachtain de bharr imthosca nach raibh neart aige orthu;

(h)is iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin é an tiarratas, i gcás ina bhfuil sé chomh soiléir sin go bhfuil an tiarratas go bhfuil sé gan bhunús nó míúsáideach nach léir aon ionchas go mbeidh rath air.

2. Cuirfidh an túdarás cinntitheach an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe i gcrích laistigh de dhá mhí ó thaisceadh an iarratais. Mar eisceacht, sna cásanna atá leagtha amach i mír (1)(d), cuirfidh an túdarás cinntitheach an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe i gcrích laistigh de ocht lá oibre.

3.I gcás ina bhfuil iarratas faoi réir an nós imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath), tosóidh na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 2 ag rith ón nóiméad a chinnfear cén Ballstát atá freagrach i gcomhréir leis an Rialachán sin, tá an tiarratasóir ar chríoch an Bhallstáit sin agus tá sé glactha faoi chúram i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath).

4.I gcás ina measann an túdarás cinntitheach go mbaineann an scrúdú ar an iarratas le saincheisteanna fíorais nó dlí atá róchasta le scrúdú faoi nós imeachta scrúdúcháin brostaithe, féadfaidh sé leanúint den scrúdú ar an bhfiúntas i gcomhréir le hAirteagal 34 agus Airteagal 37. Sa chás sin, nó i gcásanna eile nach féidir Cinneadh a dhéanamh laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 2, cuirfear an tiarratasóir lena mbaineann ar an eolas faoin athrú sa nós imeachta.

5.Ní fhéadfar an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe a chur i bhfeidhm ar mhionaoisigh neamhthionlactha ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)tagann an tiarratasóir ó thríú tír a meastar gur tír shábháilte thionscnaimh í i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 47;

(b)féadfar a mheas, ar chúiseanna tromchúiseacha, gur contúirt é an tiarratasóir do shlándáil náisiúnta nó ord poiblí an Bhallstáit, nó eiseachadadh an tiarratasóir le fórsa ar chúiseanna tromchúiseacha i dtaca le slándáil phoiblí nó ord poiblí faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 41

Nós imeachta teorann

1. Féadfaidh an túdarás cinntitheach, i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus ráthaíochtaí dá bhforáiltear i gCaibidil II, Cinneadh a dhéanamh i dtaca le hiarratas ag an teorainn nó i gcriosanna idirthurais an Bhallstáit i dtaca le:

(a)inghlacthacht iarratais a dhéantar ag suímh den sórt sin de bhun Airteagal 36(1); nó

(b)fiúntas iarratais sna cásanna atá faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe dá dtagraítear in Airteagal 40.

2. Déanfar Cinneadh dá dtagraítear i mír 1 a luaithe is féidir gan dochar do scrúdú iomchuí críochnaitheach ar an iarratas, agus tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine ón uair a thaiscfear an tiarratas.

3.I gcás nach ndéantar Cinneadh críochnaitheach laistigh de cheithre seachtaine dá dtagraítear i mír 2, ní choimeádfar an tiarratasóir a thuilleadh ag an teorainn nó criosanna idirthurais agus ligfear isteach i gcríoch an Bhallstáit é le go ndéanfar a iarratas a phróiseáil i gcomhréir le forálacha eile an Rialacháin seo.

4. I gcás ina bhfuil líon díréireach de náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá ag teacht isteach i dtír ag taisceadh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ag an teorainn nó i gcrios idirthurais, agus dá bharr sin go mbíonn sé deacair sa chleachtas forálacha mhír 1 a chur i bhfeidhm ag suíomhanna den sórt sin, féadfar an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm freisin ag suíomhanna i ngaireacht don teorainn nó don chrios idirthurais.

5.Ní fhéadfar an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm ar mhionaoisigh neamhthionlactha, i gcomhréir le hAirteagail 8 go 11 de Threoir (AE) Uimh. XXX/XXX (An Treoir maidir le Coinníollacha Glactha) ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)tagann an tiarratasóir ó thríú tír a meastar gur tír shábháilte thionscnaimh í i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 47;

(b)féadfar a mheas, ar chúiseanna tromchúiseacha, gur contúirt é an tiarratasóir do shlándáil náisiúnta nó ord poiblí an Bhallstáit, nó eiseachadadh an tiarratasóir le fórsa ar chúiseanna tromchúiseacha i dtaca le slándáil phoiblí nó ord poiblí faoin dlí náisiúnta;

(c)tá forais réasúnta chun a mheas gur tríú tír shábháilte í tríú tír don iarratasóir i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 45;

(d)chuir an tiarratasóir na húdaráis ar míThreoir trí fhaisnéis nó doiciméid bhréagacha a chur isteach nó trí fhaisnéis nó doiciméid ábhartha a choinneáil siar i dtaca lena chéannacht nó náisiúntacht a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an gcinneadh.

Níor cheart pointe (d) a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhfuil forais thromchúiseacha ann chun a mheas go bhfuil an tiarratasóir ag iarraidh eilimintí ábhartha a cheilt a bheadh, is dócha, ina gcúis le Cinneadh chun diúltú do chosaint idirnáisiúnta agus ar choinníoll go bhfuil fíordheis tugtha don iarratasóir cosaintí a bhfuil bunús leo a sholáthar dá bhearta.

Airteagal 42

Iarratais a dhéantar ina dhiaidh sin

1. I ndiaidh iarratas roimhe sin a bheith diúltaithe trí bhíthin Cinneadh críochnaitheach, measfaidh an Ballstát atá freagrach gur iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin aon iarratas breise a dhéanann an tiarratasóir céanna i mBallstát ar bith.

2. Beidh iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin faoi réir réamhscrúdú ina gcinnteoidh an túdarás cinntitheach an bhfuil eilimintí nó tátail ábhartha nua tagtha chun cinn nó tugtha ar aird ag an iarratasóir a mhéadaíonn go suntasach an dóchúlacht go gcáileoidh an tiarratasóir mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta de bhua Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta) nó a bhaineann leis na cúiseanna lenar diúltaíodh don iarratas roimhe sin toisc é a bheith neamhinghlactha.

3.Ba cheart an réamhscrúdú a dhéanamh ar bhonn aighneachtaí i scríbhinn agus agallamh pearsanta ach féadfar an tagallamh pearsanta a ligean ar ceal, áfach, sna cásanna sin inar léir, ó na haighneachtaí i scríbhinn, nach bhfuil aon eilimintí nó tátail ábhartha nua ann mar thoradh ar an iarratas nó go bhfuil sé go follasach go bhfuil sé gan bhunús agus nach léir aon ionchas go mbeidh rath air.

4.Cuirfear tús le nós imeachta nua don scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta:

(a)i gcás ina bhfuil eilimintí nó tátail ábhartha nua dá dtagraítear i mír 2(a) tagtha chun cinn nó tugtha ar aird ag an iarratasóir;

(b)i gcás nach raibh an tiarratasóir, gan aon locht dá chuid féin, ábalta na heilimintí nó na tátail sin a thabhairt ar aird le linn an nós imeachta i gcomhthéacs an iarratais a rinneadh roimhe sin, ach amháin má mheastar go bhfuil sé míréasúnta gan na heilimintí nó na tátail sin a chur san áireamh.

5.I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha chun tús a chur le nós imeachta nua mar atá leagtha amach i mír 4, diúltóidh an túdarás cinntitheach don iarratas toisc é a bheith neamhinghlactha, nó toisc go bhfuil sé chomh follasach sin go bhfuil sé gan bhunús nó míúsáideach nach léir aon ionchas go mbeidh rath air.

Airteagal 43

Eisceacht ón gceart fanacht in iarratais a dhéantar ina dhiaidh sin

Gan dochar do phrionsabal an nonrefoulement, féadfaidh Ballstáit eisceacht a dhéanamh maidir leis an gceart fanacht ina gcríoch agus maolú ar Airteagal 54(1), i gcás:

(a)inar dhiúltaigh an túdarás cinntitheach iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin toisc é a bheith neamhinghlactha nó gur follasach go bhfuil sé gan bhunús;

(b)ina ndéantar an dara hiarratas nó iarratas breise a dhéantar ina dhiaidh sin in aon Bhallstát i ndiaidh Cinneadh críochnaitheach lena ndiúltaítear iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin roimhe toisc é a bheith neamhinghlactha, gan bhunús nó gur follasach go bhfuil sé gan bhunús.

Roinn v

Coincheapa Tíre Sábháilte

Airteagal 44

Coincheap thír an chéad tearmainn

1. Measfar gurb í tír an chéad tearmainn d’iarratasóir í tríú tír ar leith ar choinníoll:

(a)go bhfuil cosaint faighte ag an iarratasóir i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive sa tír sin roimh thaisteal chuig an Aontas agus gur féidir leis fós tairbhe a bhaint as an gcosaint sin; nó

(b)ar bhealach eile, go bhfuair an tiarratasóir cosaint imleor sa tír sin roimh thaisteal chuig an Aontas agus gur féidir leis fós tairbhe a bhaint as an gcosaint sin.

2. Measfaidh an túdarás cinntitheach go bhfaigheann iarratasóir cosaint imleor de réir bhrí mhír 1(b) ar choinníoll go bhfuil sé sásta:

(a)nach bhfuil bagairt ar bheatha agus saoirse mar thoradh ar chine, reiligiún, náisiúntacht, ballraíocht i ngrúpa sóisialta ar leith nó tuairimí polaitiúla;

(b)nach bhfuil an chontúirt ann go ndéanfar díobháil thromchúiseach mar a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta);

(c)go nurramaítear prionsabal an nonrefoulement i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive;

(d)go nurramaítear an cosc ar aistriú, mar shárú ar an gceart chun saoirse ó chéasadh agus ó íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach mar atá leagtha síos sa dlí idirnáisiúnta;

(e)go bhfuil ceart cónaithe dlíthiúil ann;

(f)go bhfuil rochtain iomchuí ar an margadh saothair, ar shaoráidí glactha, ar chúram sláinte agus ar an oideachas; agus

(g)go bhfuil an ceart chun athaontú teaghlaigh ann i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine.

3. Sular féidir a iarratas a dhiúltú toisc é a bheith neamhinghlactha de bhun Airteagal 36(1)(a), tabharfar cead don iarratasóir agóid a dhéanamh i gcoinne chur i bhfeidhm choincheap thír an chéad tearmainn i bhfianaise a chúinsí ar leith agus an tiarratas á thaisceadh agus le linn an agallaimh inghlacthachta.

4. Maidir le mionaoisigh neamhthionlactha, ní fhéadfar coincheap thír an chéad tearmainn a chur i bhfeidhm ach amháin má tá dearbhú faighte ar dtús ag údaráis na mBallstát ó údaráis an tríú tír atá i gceist go nglactar an mionaoiseach neamhthionlactha i gcúram ag na húdaráis sin agus go mbainfidh sé tairbhe láithreach as ceann amháin de na foirmeacha cosanta dá dtagraítear i mír 1.

5. I gcás ina ndiúltaítear d’iarratas toisc é a bheith neamhinghlactha i gcur i bhfeidhm choincheap thír an chéad tearmainn, déanfaidh an túdarás cinntitheach:

(a)an tiarratasóir a chur ar an eolas dá réir;

(b)doiciméad a thabhairt dó a chuireann in iúl d’údaráis an tríú tír sin, i dteanga na tíre sin, nár scrúdaíodh an tiarratas ó thaobh substainte de mar thoradh ar chur i bhfeidhm choincheap thír an chéad tearmainn.

6. I gcás nach ndéanann an tríú tír atá i gceist an tiarratasóir a ligean isteach nó a athligean isteach ar a chríoch, déanfaidh an túdarás cinntitheach an Cinneadh lena ndiúltaítear an iarratas toisc é a bheith neamhinghlactha a aisghairm agus tabharfaidh sé rochtain ar an nós imeachta i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus ráthaíochtaí dá bhforáiltear i gCaibidil II agus Roinn I de Chaibidil III.

7. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann ar an eolas gach bliain faoi na tíortha dá gcuirtear coincheap thír an chéad tearmainn i bhfeidhm.

Airteagal 45

Coincheap an tríú tír shábháilte

1. Déanfar tríú tír a ainmniú mar thríú tír shábháilte ar choinníoll:

(a)nach bhfuil bagairt ar bheatha agus saoirse mar thoradh ar chine, reiligiún, náisiúntacht, ballraíocht i ngrúpa sóisialta ar leith nó tuairimí polaitiúla;

(b)nach bhfuil an chontúirt ann go ndéanfar díobháil thromchúiseach mar a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX;

(c)go nurramaítear prionsabal an nonrefoulement i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive;

(d)go nurramaítear an cosc ar aistriú, mar shárú ar an gceart chun saoirse ó chéasadh agus ó íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach mar atá leagtha síos sa dlí idirnáisiúnta;

(e)go bhfuil an deis ann cosaint a fháil i gcomhréir le caighdeáin shubstainteacha Choinbhinsiún na Ginéive nó cosaint imleor dá dtagraítear in Airteagal 44(2), mas iomchuí.

Bunófar an measúnú i dtaca le cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar tríú tír a ainmniú mar thríú tír shábháilte i gcomhréir leis an Rialachán seo ar raon d’fhoinsí faisnéise, lena náirítear go háirithe faisnéis ó na Ballstáit, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, ó ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, ó Chomhairle na hEorpa agus ó eagraíochtaí ábhartha eile.

2. Ba cheart coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm:

(a)I gcás ina bhfuil tríú tír ainmnithe mar thríú tír shábháilte i gcomhréir le hAirteagal 50;

(b)I gcás ina bhfuil tríú tír ainmnithe mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais; nó

(c)i gcásanna aonair i dtaca le hiarratasóir ar leith.

3. Ní mheasfaidh an túdarás cinntitheach gur tríú tír shábháilte í tríú tír d’iarratasóir ar leith, i ndiaidh scrúdú aonair ar an iarratas, ach amháin i gcás ina bhfuil sé sásta i dtaca le sábháilteacht an tríú tír d’iarratasóir ar leith i gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos mír 1 agus go bhfuil sé cinntithe aige:

(a)go bhfuil nasc idir an tiarratasóir agus an tríú tír atá i gceist agus, ar bhonn an naisc sin, go mbeadh sé réasúnta don duine sin dul chuig an tír sin, lena náirítear toisc go ndearna an tiarratasóir idirthuras tríd an tríú tír sin atá cóngarach go geografach do thír thionscnaimh an iarratasóra;

(b)nach bhfuil forais thromchúiseacha tíolactha ag an iarratasóir lena mheas nach tríú tír shábháilte í an tír ina chúinsí ar leith.

4. Sular féidir a iarratas a dhiúltú toisc é a bheith neamhinghlactha de bhun Airteagal 36(1)(b), ceadófar d’iarratasóir agóid a dhéanamh i gcoinne chur i bhfeidhm choincheap an tríú tír shábháilte i bhfianaise a chúinsí ar leith agus an tiarratas á thaisceadh agus le linn an agallaimh inghlacthachta.

5. Maidir le mionaoisigh neamhthionlactha, ní fhéadfar coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm ach amháin nuair a bheidh dearbhú faighte ar dtús ag údaráis na mBallstát ó údaráis an tríú tír atá i gceist go nglactar an mionaoiseach neamhthionlactha i gcúram ag na húdaráis sin agus go mbainfidh sé tairbhe láithreach as ceann amháin de na foirmeacha cosanta dá dtagraítear i mír 1(e).

6. I gcás ina ndiúltaítear d’iarratas toisc é a bheith neamhinghlactha i gcur i bhfeidhm choincheap an tríú tír shábháilte, déanfaidh an túdarás cinntitheach:

(a)an tiarratasóir a chur ar an eolas dá réir; agus

(b)doiciméad a thabhairt dó a chuireann in iúl d’údaráis an tríú tír, i dteanga na tíre sin, nár scrúdaíodh an tiarratas ó thaobh substainte de mar thoradh ar chur i bhfeidhm choincheap na tríú tír shábháilte.

7. I gcás nach ndéanann an tríú tír atá i gceist an tiarratasóir a ligean isteach nó a athligean isteach ar a críoch, déanfaidh an túdarás cinntitheach an Cinneadh lena ndiúltaítear an tiarratas toisc é a bheith neamhinghlactha a aisghairm agus tabharfaidh sé rochtain ar an nós imeachta i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus ráthaíochtaí dá bhforáiltear i gCaibidil II agus Roinn I de Chaibidil III.

Airteagal 46

Tríú tíortha sábháilte a ainmniú ar leibhéal an Aontais

1. Déanfar tíortha a ainmniú mar thríú tíortha sábháilte ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 45(1).

2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go rialta ar an staid i dtríú tíortha atá ainmnithe mar thríú tíortha sábháilte ar leibhéal an Aontais, le cúnamh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus bunaithe ar fhoinsí faisnéise eile dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 45(1).

3. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun ainmniú tríú tír mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais a chur ar fionraí faoi réir na gcoinníollacha mar atá leagtha amach in Airteagal 49.

Airteagal 47

Coincheap na tíre tionscnaimh sábháilte

1. Féadfar tríú tír a ainmniú mar thír thionscnaimh shábháilte i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcás, ar bhonn na staide dlí, chur i bhfeidhm an dlí laistigh de chóras daonlathach agus na gcúinsí polaitiúla i gcoitinne, inar féidir a léiriú nach bhfuil, i gcoitinne, géarleanúint á déanamh inti mar a shainítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta), nó céasadh, nó íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach, nó bagairt de bhonn foréigean neamhidirdhealaithach i gcásanna coinbhleachta armtha idirnáisiúnta nó inmheánaí.

2. Bunófar an measúnú i dtaca le cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar tríú tír a ainmniú mar thír thionscnaimh shábháilte i gcomhréir leis an Rialachán seo ar raon d’fhoinsí faisnéise, lena náirítear go háirithe faisnéis ó Bhallstáit, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, ó ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, ó Chomhairle na hEorpa agus ó eagraíochtaí ábhartha eile, agus cuirfidh sé san áireamh an anailís choiteann ar an bhfaisnéis um thíortha tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (An Rialachán i dtaca le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann).

3. Agus an measúnú seo á dhéanamh, cuirfear san áireamh, inter alia, a mhéid a thugtar cosaint i gcoinne géarleanúint nó drochíde leis na critéir seo a leanas:

(a)dlíthe agus rialacháin ábhartha na tíre agus an bealach a gcuirtear i bhfeidhm iad;

(b)urramú na gceart agus na saoirsí atá leagtha síos sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint nó i gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla nó Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne an Chéasta, go háirithe na cearta nach féidir maolú a dhéanamh orthu faoi Airteagal 15(2) den Choinbhinsiún Eorpach sin;

(c)gan díbirt, baint nó eiseachadadh a bheith i bhfeidhm dá saoránaigh féin chuig tríú tíortha i gcás, inter alia, ina bhfuil riosca tromchúiseach ann go mbeidís faoi réir phionós an bháis, céasadh, géarleanúint nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach, nó go mbeadh bagairt ar a mbeatha nó ar a saoirse mar thoradh ar a gcine, a reiligiún, a náisiúntacht, a ngnéaschlaonadh, a mballraíocht i ngrúpa sóisialta ar leith nó tuairimí polaitiúla, nó go bhfuil riosca tromchúiseach ann do ndéanfaí iad a dhíbirt, a bhaint nó a eiseachadadh chuig tríú tír eile;

(d)soláthar do chóras de leighis éifeachtacha i gcoinne sáruithe ar na cearta agus saoirsí sin.

4. Ní fhéadfar tríú tír atá ainmnithe mar thír thionscnaimh shábháilte i gcomhréir leis an Rialachán seo, i ndiaidh scrúdú aonair ar an iarratas, a mheas mar thír thionscnaimh shábháilte d’iarratasóir ar leith ach amháin i gcás:

(a)ina bhfuil náisiúntacht na tíre sin aige nó aici; nó

(b)inar duine gan stát é agus bhíodh gnáthchónaí air sa tír sin roimhe; agus

(c)nach bhfuil aon fhorais thromchúiseacha tíolactha aige le meas nach tír thionscnaimh shábháilte í an tír ina chúinsí ar leith.

Airteagal 48

Tíortha tionscnaimh sábháilte a ainmniú ar leibhéal an Aontais

1. Déantar tríú tíortha atá liostaithe Iarscríbhinn 1 leis an Rialachán a ainmniú mar thíortha tionscnaimh sábháilte ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 47.

2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go rialta ar an staid i dtríú tíortha atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha tionscnaimh sábháilte, le cúnamh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus bunaithe ar na foinsí faisnéise eile dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

3. I gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (An Rialachán i dtaca le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann), féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann faisnéis a thabhairt dó i dtaca le tríú tíortha ar leith a d’fhéadfaí a mheas maidir lena gcur sa áireamh ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha tionscnaimh sábháilte.

4. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun láithreacht tríú tír a chur ar fionraí i liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha tionscnaimh sábháilte faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 49.

Airteagal 49

Fionraí agus baint ainmniú tríú tír mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais nó as liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha tionscnaimh sábháilte

1. I gcás athruithe tobanna i staid tríú tír atá ainmnithe mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais nó atá ar liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha tionscnaimh sábháilte, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gceist a bhfuil bunús leis ar a mhéid a chomhlíonann an tír sin na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 45 nó Airteagal 47 agus, má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, glacfaidh sé gníomh tarmlighte lena gcuirfear ar fionraí ainmniú tríú tír mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais nó lena gcuirfear ar fionraí láithreacht tríú tír i liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha tionscnaimh sábháilte ar feadh tréimhse sé mhí.

2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú leanúnach ar an staid sa tríú tír sin agus é ag cur san áireamh inter alia faisnéis a sholáthróidh na Ballstáit maidir le hathruithe ina dhiaidh sin i staid na tíre sin.

3.I gcás ina bhfuil gníomh tarmligthe glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1 lena gcuirtear ar fionraí ainmniú tríú tír mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais nó lena gcuirtear ar fionraí láithreacht tríú tír i liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha tionscnaimh sábháilte, déanfaidh sé, laistigh de thrí mhí ó dháta glactha an ghnímh tharmligthe sin, togra a thíolacadh, i gcomhréir leis na ngnáthnós imeachta reachtaíochta, chun an Rialachán seo a leasú chun an tríú tír sin a bhaint d’ainmniú na dtríú tíortha sábháilte ar leibhéal an Aontais nó as liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha tionscnaimh sábháilte.

4. I gcás nach dtíolacann an Coimisiún togra den sórt sin laistigh de thrí mhí ó ghlacadh an ghnímh tharmligthe da dtagraítear i mír 2, beidh deireadh le feidhm an ghnímh tharmligthe lena gcuirtear ainmniú an tríú tír mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais ar fionraí nó lena gcuirtear ar fionraí láithreacht an tríú tír i liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha tionscnaimh sábháilte. I gcás ina dtíolacann an Coimisiún togra den sórt sin laistigh de thrí mhí, cumhachtófar an Coimisiún, ar bhonn measúnú a bhfuil bunús leis, síneadh sé mhí a chur le bailíocht an ghnímh tharmligthe si, agus an deis an síneadh sin a athnuachan uair amháin.

Airteagal 50 

Tríú tíortha a ainmniú mar thríú tíortha sábháilte nó mar thíortha tionscnaimh sábháilte ar an leibhéal náisiúnta

1. Ar feadh tréimhse cúig bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh na Ballstáit reachtaíocht a choimeád nó a thabhairt isteach a cheadaíonn ainmniú tríú tíortha sábháilte nó tíortha tionscnaimh sábháilte seachas iad siúd atá ainmnithe ar leibhéal an Aontais nó atá i liosta coiteann an Aontais Eorpaigh in Iarscríbhinn 1 chun críocha iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú.

2. I gcás ina gcuirtear ainmniú tríú tír mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais ar fionraí nó ina bhfuil láithreacht tríú tír curtha ar fionraí as liosta coiteann an Aontais Eorpaigh in Iarscríbhinn 1 leis an Rialachán seo de bhun Airteagal 49(1), ní dhéanfaidh na Ballstáit an tír a ainmniú mar thríú tír shábháilte nó tríú tír thionscnaimh shábháilte ar an leibhéal náisiúnta ná ní chuirfidh siad coincheap an tríú tír shábháilte i bhfeidhm ar bhonn ad hoc i dtaca le hiarratasóir ar leith.

3. I gcás nach bhfuil tríú tír ainmnithe a thuilleadh mar thríú tír shábháilte ar leibhéal an Aontais nó ina bhfuil tríú tír bainte as liosta coiteann an Aontais Eorpaigh in Iarscríbhinn I leis an Rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtúil, féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún go measann sé, i ndiaidh athruithe i staid na tíre sin, go gcomhlíonann sí arís na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 45(1) agus Airteagal 47.

Áireoidh an fógra measúnú a bhfuil bunús leis ar a mhéid a chomhlíonann an tír sin ar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 45(1) agus Airteagal 47 lena náirítear míniú ar na hathruithe sonracha i staid an tríú tír a fhágann go gcomhlíonann an tír na coinníollacha sin arís.

Ní féidir leis an mBallstát atá ag tabhairt an fhógra an tríú tír sin a ainmniú mar thríú tír shábháilte nó mar thír thionscnaimh shábháilte ar an leibhéal náisiúnta ach ar choinníoll nach ndéanann an Coimisiún agóid i gcoinne an ainmnithe sin.

4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann i dtaca leis na tríú tíortha atá ainmnithe mar thríú tíortha sábháilte nó tíortha tionscnaimh sábháilte ar an leibhéal náisiúnta láithreach i ndiaidh ainmniú den sórt sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas uair sa bhliain faoi na tríú tíortha sábháilte eile ar a gcuirtear an coincheap i bhfeidhm ar bhonn ad hoc i dtaca le hiarratasóirí ar leith.

CAIBIDIL IV

NÓSANNA IMEACHTA CHUN COSAINT IDIRNÁISIÚNTA A THARRAINGT SIAR

Airteagal 51

Cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar

Cuirfidh an túdarás cinntitheach tús leis an scrúdú chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar ó dhuine ar leith nuair a thiocfaidh eilimintí nó tátail nua chun cinn a léiríonn go bhfuil cúiseanna ann chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhailíocht a chosanta idirnáisiúnta , agus go háirithe sna cásanna sin dá dtagraítear in Airteagal 15 agus Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta).

Airteagal 52

Rialacha nós imeachta

1. I gcás ina bhfuil an túdarás inniúil ag smaoineamh ar chosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar ó náisiúnach tríú tír nó duine gan stát, lena náirítear i gcomhthéacs athbhreithnithe rialtas stádais dá dtagraítear in Airteagal 15 agus Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta), beidh na ráthaíochtaí seo a leanas ag an duine lena mbaineann, go háirithe:

(a)cuirfear in iúl dó i scríbhinn go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an údarás inniúil ar a cháiliú nó ar a cáiliú mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta agus na cúiseanna le hathbhreithniú den sórt sin; agus

(b)tabharfar an deis dó cúiseanna a thíolacadh, laistigh de thréimhse réasúnta, trí ráiteas i scríbhinn agus agallamh pearsanta, i dtaca le cén fáth nár cheart a chosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar.

2. Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)go bhfuil an túdarás inniúil ábalta faisnéis bheacht cothrom le dáta a fháil ó fhoinsí éagsúla, amhail, más iomchuí, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus ó ArdChoimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, i dtaca leis an staid ghinearálta atá ann i dtíortha tionscnaimh na ndaoine lena mbaineann; agus

(b)i gcás ina mbailítear faisnéis ar chás aonair chun críocha athbhreithnithe ar chosaint idirnáisiúnta, nach bhfaightear í ó ghníomhaithe géarleanúna nó díobhála tromchúisí ar bhealach a chuirfeadh gníomhaithe den sórt sin ar an eolas faoin bhfíoras go bhfuil an duine lena mbaineann ina thairbhí nó de chosaint idirnáisiúnta a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar a stádas, nó a chuirfeadh iomláine chorp an duine nó a chleithiúnaithe i mbaol, nó a chuirfeadh saoirse agus slándáil a bhall teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu fós sa tír thionscnaimh i mbaol.

3. Tabharfar Cinneadh an údaráis inniúil cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar i scríbhinn. Déanfar na cúiseanna sna fíorais agus sa dlí a lua sa Chinneadh agus tabharfar faisnéis i scríbhinn ar an mbealach chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.

4. I gcás ina bhfuil an Cinneadh déanta ag an údarás cinntitheach cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar, beidh feidhm le forálacha Airteagal 8(3) agus Airteagal 15 go hAirteagal 18.

5. De mhaolú ar mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo, rachaidh cosaint idirnáisiúnta na mBallstát in éag i gcás ina bhfuil an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta tar éis diúltú éirí gan éideimhne as a aitheantas sa cháil sin. Rachaidh cosaint idirnáisiúnta in éag freisin i gcás ina bhfuil an tairbhí de chosaint idirnáisiúnta tagtha chun bheith ina náisiúnach den Bhallstát a bhronn cosaint idirnáisiúnta.

CAIBIDIL V

NÓS IMEACHTA ACHOMHAIRC

Airteagal 53

An ceart leigheas éifeachtach a fháil

1. Tá an ceart ag iarratasóirí leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i gCaibidil II, i gcoinne na nithe seo a leanas:

(a)Cinneadh a dhéantar i dtaca lena niarratas ar chosaint idirnáisiúnta, lena náirítear cinneadh:

(i) lena ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith neamhinghlactha dá dtagraítear in Airteagal 36(1);

(ii) lena ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith gan bhunús nó gur follasach go bhfuil sé gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí dá dtagraítear in Airteagal 37(2) agus (3) nó Airteagal 42(4);

(iii) lena ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith tarraigthe siar go follasach nó toisc gur éiríodh as, cúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 38 agus Airteagal 39;

(iv) a rinneadh i ndiaidh cur i gcrích nós imeachta teorann dá dtagraítear in Airteagal 41.

(b)Cinneadh cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar de bhun Airteagal 52.

2. Tá se de cheart ag daoine a aithnítear a bheith incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach leigheas éifeachtach a fháil i gcoinne Cinneadh go bhfuil a niarratas gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí.

3. Le leigheas éifeachtach de réir bhrí mhír 1, déanfar foráil maidir le scrúdú iomlán ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí freisin, lena náirítear, más infheidhme, scrúdú ar riachtanais cosanta idirnáisiúnta de bhun Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (an Rialachán Cáilitheachta).

Is eilimintí nua agus ábhartha don scrúdú ar a iarratas nach bhféadfadh sé bheith ar an eolas faoi ag céim níos luaithe nó a bhaineann le hathruithe ar a staid a fhéadfaidh an tiarratasóir a thabhairt chun cinn agus na heilimintí sin amháin.

4. Beidh rochtain ag na cúirteanna nó na binsí, tríd an údarás cinntitheach, tríd an iarratasóir nó ar bhealach eile, ar an bhfaisnéis ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 33(2)(b) agus (c).

5. Déanfar doiciméid atá ábhartha don scrúdú ar iarratais a dhéanann cúirteanna nó binsí sa nós imeachta achomhairc a aistriú, más gá, i gcás nár aistríodh cheana iad i gcomhréir le hAirteagal 33(4).

6. Déanfaidh iarratasóirí achomhairc a thaisceadh i gcoinne Cinneadh ar bith dá dtagraítear i mír 1:

(a)laistigh de sheachtain amháin i gcás Cinneadh lena ndiúltaítear iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin toisc é a bheith neamhinghlactha nó gur follasach go bhfuil sé gan bhunús;

(b)laistigh de dhá sheachtain i gcás Cinneadh lena ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith neamhinghlactha nó i gcás Cinneadh lena ndiúltaítear iarratas toisc gur léir go bhfuil sé tarraingthe siar nó toisc gur éiríodh as, nó i gcás Cinneadh lena ndiúltaítear iarratas toisc go bhfuil sé gan bhunús nó gur follasach go bhfuil sé gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí i ndiaidh nós imeachta scrúdúcháin brostaithe nó nós imeachta teorann nó nuair atá an tiarratasóir faoi choinneáil;

(c)laistigh de mhí amháin i gcás Cinneadh lena ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí i gcás nach ndéantar an scrúdú a bhrostú nó i gcás Cinneadh lena dtarraingítear cosaint idirnáisiúnta siar.

Chun críocha phointe (b), féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le hathbreithniú ex officio ar chinntí a dhéantar de bhun nós imeachta teorann.

Tosóidh na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa mhír seo ag rith ón dáta ar a dtabharfar fógra faoi Chinneadh an údaráis chinntithigh don iarratasóir nó ón nóiméad a cheapfar an comhairleoir dlí nó an comhairleoir i gcás ina bhfuil iarratas déanta ag an iarratasóir ar chúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce.

Airteagal 54

Éifeacht fionraíochta achomhairc

1. Ligfidh an Ballstát atá freagrach d’iarratasóirí fanacht ar a chríoch go dtí go mbeidh an teorainn ama ar ceadaíodh dóibh a gceart ar leigheas éifeachtach a fháil a chleachtadh imithe in éag laistigh di agus, i gcás ina bhfuil ceart den sórt sin feidhmithe laistigh den teorainn ama, go dtí go dtiocfaidh toradh ar an leigheas.

2. Beidh sé de chumhacht ag cúirt nó binse a rialú cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an tiarratasóir fanacht ar chríoch an Bhallstáit atá freagrach, bíodh sé ar iarratas ón iarratasóir nó ag gníomhú ex officio, i gcás ina gcuirtear deireadh le ceart an iarratasóra fanacht sa Bhallstát mar thoradh ar cheann ar bith de na catagóirí seo a leanas de chinntí:

(a)Cinneadh lena meastar go bhfuil iarratas gur follasach go bhfuil sé gan bhunús nó lena ndiúltaítear an tiarratas toisc é a bheith gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí sna cásanna atá faoi réir nós imeachta scrúdúcháin nó nós imeachta teorann;

(b)Cinneadh lena ndiúltaítear iarratas toisc é a bheith neamhinghlactha de bhun Airteagal 36(1)(a) agus (c);

(c)Cinneadh lena ndiúltaítear iarratas toisc gur léir gur tarraingíodh siar nó gur éiríodh as i gcomhréir le hAirteagal 38 nó Airteagal 39, faoi seach.

3. Beidh an chumhacht ag cúirt nó binse a rialú cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an tiarratasóir fanacht ar chríoch an Bhallstáit atá freagrach ar choinníoll:

(a)go bhfuil an ateangaireacht, an cúnamh dlí agus an tam imleor atá riachtanach ag an iarratasóir chun an tiarratas a ullmhú agus chun na hargóintí a chur faoi bhráid na cúirte nó na binse i bhfabhar deonadh dó an ceart fanacht ar chríoch go dtí go dtiocfaidh toradh ar an leigheas; agus

(b)faoi chuimsiú an scrúdaithe ar iarratas fanacht ar chríoch an Bhallstáit atá freagrach, go scrúdaíonn an chúirt nó an bhinse an Cinneadh lena ndiúltaítear cosaint idirnáisiúnta a dheonadh i dtéarmaí fíoras agus dlí.

4. Ligfidh na Ballstáit don iarratasóir fanacht ar a chríoch go dtí go dtiocfaidh an toradh ar an nós imeachta lena rialú cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an tiarratasóir fanacht ar an gcríoch. Déanfar an Cinneadh sin laistigh de mhí amháin ó thaisceadh an achomhairc.

5.I gcás ina dtaisceann iarratasóir achomharc breise i gcoinne Cinneadh ó chéad achomharc nó ó achomharc ina dhiaidh sin, ní bheidh an ceart aige fanacht ar chríoch an Bhallstáit ach amháin má chinneann cúirt nó binse a mhalairt ar iarratas ón iarratasóir nó ag gníomhú ex officio. Déanfar an Cinneadh sin laistigh de mhí amháin ó thaisceadh an achomhairc bhreise sin.

Airteagal 55

Fad an chéad leibhéil d'achomharc

1.Gan dochar do scrúdú iomchuí agus iomlán ar achomharc, cinnfidh na cúirteanna nó na binsí ar an gcéad leibhéal d’achomharc laistigh de na teorainneacha ama seo a leanas ón uair a thaiscfear an tachomharc:

(a)laistigh de shé mhí i gcás Cinneadh lena ndiúltaítear don iarratas toisc é a bheith gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí i gcás nach mbrostaítear an scrúdú nó i gcás Cinneadh lena dtarraingítear cosaint idirnáisiúnta siar;

(b)laistigh de dhá mhí i gcás Cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas toisc é a bheith neamhinghlactha nó i gcás Cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas toisc gur léir go bhfuil sé tarraingthe siar nó toisc gur éiríodh as nó toisc é a bheith gan bhunús nó gur follasach go bhfuil sé gan bhunús i dtaca le stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí i ndiaidh an nós imeachta scrúdúcháin brostaithe nó nós imeachta teorann nó i gcás ina bhfuil an tiarratasóir faoi choinneáil;

(c)laistigh de mhí amháin i gcás Cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin toisc é a bheith neamhinghlactha nó go follasach gan bhunús.

2.I gcásanna ina bhfuil saincheisteanna casta fíoras nó dlí, féadfar tréimhse bhreise trí mhí a chur leis na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 56

Dúshlán ó údaráis phoiblí

Ní dhéanann an Rialachán seo difear don deis a bheith ag údaráis phoiblí agóid a dhéanamh i gcoinne na gcinntí riaracháin nó breithiúnacha dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta.

Airteagal 57

Comhar

1. Ceapfaidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta agus seolfaidh sé a sheoladh chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig na Ballstáit eile.

2. Déanfaidh na Ballstáit, i gcaidreamh leis an gCoimisiún, na bearta iomchuí uile chun comhar díreach agus malartú faisnéise a chur ar bun idir na húdaráis fhreagracha .

3. Má théann siad i muinín na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 27(3), Airteagal 28(3) agus Airteagal 34(3), cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann ar an eolas dá réir a luaithe a bheidh deireadh leis na cúiseanna chun na bearta eisceachtúla sin a chur i bhfeidhm agus ar bhonn bliantúil ar a laghad. Áireoidh an fhaisnéis sin, más féidir, sonraí ar chéatadán na niarratas ar rinneadh maoluithe ina leith as líon iomlán na niarratas a próiseáladh le linn na tréimhse sin.

Airteagal 58

Nós imeachta coiste

1. Tabharfaidh an coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 37

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 59

Gníomhartha tarmligthe

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear i mír 1 don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a shíneadh go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an tsínidh sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh Cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa Chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe den sórt sin, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe den sórt sin agus na síntí air i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse míosa tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle fógra faoin ngníomh sin a thabhairt nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfadh siad aon agóid.

Airteagal 60

Faireachán agus meastóireacht

Faoin [dhá bhliain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, más iomchuí, molfaidh sé aon leasuithe.

Ar iarratas ón gCoimisiún, seolfaidh na Ballstáit an fhaisnéis chuige atá riachtanach chun a thuarascáil a tharraingt suas tráth nach déanaí ná naoi mí sula rachaidh an teorainn ama in éag.

Airteagal 61

Aisghairm

Aisghairtear 2013/32/AE.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn 2.

Airteagal 62

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 

Tiocfaidh an Rialacháin i bhfeidhm an [sé mhí ónaq theacht i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa                    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                    An tUachtarán

(1) COM(2015) 240 final.
(2) COM(2016) 197 final.
(3) COM(2016) 270 final.
(4) COM(2016) 272 final.
(5) COM(2016) 271 final.
(6) IO L 180, 29.6.2013, lch. 60. IO L […], […], lch. […].
(7) IO L 337, 20.12.2011, lch. 9. IO L […], […], lch. […].
(8) IO L […], […], lch. […].
(9) IO L […], […], lch. […].
(10) IO L […], […], lch. […].
(11) COM(2015) 240.
(12) COM (2016) 271 final.
(13) Report of the Fundamental Rights Agency on Guardianship systems for children deprived of parental care in the European Union: with a particular focus on their role in responding to child trafficking (Deireadh Fómhair 2015);[http://ec.europa.eu/anti-trafficking/EU+Policy/guardianship_for_children_deprived_of_parental_care].
(14) IO L […], […], lch. […].
(15) IO L […], […], lch. […].
(16) COM(2016) 85 final.
(17) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh chun críocha Threoir Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, agus lena leasaítear Treoir 2013/32/AE (COM(2015) 452 final).
(18) I liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh atá molta áirítear an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht IarIúgslavach na Macadóine, an Chosaiv, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc.
(19) Breithiúnas an ECtHR (Dlísheomra Gragus) an 21 Eanáir 2011, M.S.S. v. an Bheilg agus an Ghréig (Iarratas Uimh. 30696/09).
(20) Breithiúnas an ECtHR (Cúigiú Dlísheomra) an 2 Feabhra 2012, I.M. v. an Fhrainc (Iarratas Uimh. 9152/09).
(21) Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Dörr, C-136/03.
(22) Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (athmhúnlaithe) (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).
(23) COM(2016) 197 final.
(24) EUCO 19.02.2016, SN 1/16.
(25) IO L […], […], lch. […].
(26) IO L […], […], lch. […].
(27) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(28) IO L […], […], lch. […].
(29) * Tá an tainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag luí le UNSCR 1244/99 agus tuairim CBI faoi Dhearbhú Neamhspleáchais na Cosaive. 
(30) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1. IO L […], […], lch. […].
(31) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus i dtaca le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(32) IO L […], […], lch. […].
(33) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(34) IO L […], […], lch. […].
(35) Cinneadh Réimse 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).
(36) IO L […], […], lch. […].
(37) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

An Bhruiséil,13.7.2016

COM(2016) 467 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/13/AE


IARSCRÍBHINN 1

Liosta coiteann an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 48

an Albáin,

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin,

IarPhoblacht Iúgslavach na Macadóine,

an Chosaiv* 1 ,

Montainéagró

an tSeirbia,

an Tuirc.

(1) * Tá an t-ainmniú seo gan dochar do staideanna ar stádas, agus tá sé de réir UNSCR 1244/99 agus Tuairim ICJ ar dhearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

An Bhruiséil,13.7.2016

COM(2016) 467 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/13/AE


IARSCRÍBHINN 2

Tábla Comhghaoil

Treoir 2013/32/AE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4

Airteagal 2(a)

Airteagal 4(1)(a)

Airteagal 2(b) go (f)

Airteagal 4(2)(a) go (e)

Airteagal 2(g) go (m)

Airteagal 4(1)(b) go (h)

Airteagal 2(n) go (q)

Airteagal 4(2)(f) go (i)

-

Airteagal 4(2)(j)

Airteagal 3(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 2(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3

Airteagal 4(1)

Airteagal 5(1) agus 5(2)

Airteagal 4(2)

-

-

Airteagal 5(4)

Airteagal 4(3)

Airteagal 5(5) agus 12(6)

Airteagal 4(4)

Airteagal 5(5)

Airteagal 4(5)

-

Airteagal 5

-

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 6(1), an chéad fhomhír

Airteagal 27(1)

Airteagal 6(1), an dara fomhír

-

Airteagal 6(1), an tríú fomhír

Airteagal 5(3) agus Airteagal 5(5)

-

Airteagal 27(2)

Airteagal 6(2)

Airteagal 28(2) agus 39(1)(a)

-

Airteagal 28(1)

-

Airteagal 28(3)

-

Airteagal 28(4)

Airteagal 6(3)

Airteagal 28(5)

Airteagal 6(4)

-

-

Airteagal 28(6)

Airteagal 6(5)

Airteagal 27(3)

-

Airteagal 27(4)

-

Airteagal 29

Airteagal 7(1)

-

Airteagal 7(2), an chéad fhomhír

Airteagal 31(1)

Airteagal 7(2), an dara fomhír

Airteagal 31(2)

-

Airteagal 31(3)

-

Airteagal 31(4)

Airteagal 7(3)

Airteagal 31(6)

-

Airteagal 31(7)

-

Airteagal 31(8)

-

Airteagal 31(9)

-

Airteagal 31(10)

Airteagal 7(4)

Airteagal 32(3)

-

Airteagal 32(1)

-

Airteagal 32(2)

Airteagal 7(5)

-

Airteagal 8(1)

Airteagal 30(1) agus 30(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 30(3)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(1) agus 9(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 9(4)

Airteagal 10(1)

-

Airteagal 10(2)

Airteagal 37(1)

Airteagal 10(3)

Airteagal 33(2)

Airteagal 10(3)(a)

Airteagal 33(2)

-

Airteagal 33(2)(a)

Airteagal 10(3)(b)

Airteagal 33(2)(b)

-

Airteagal 33(2)(c)

-

Airteagal 33(2)(d)

-

Airteagal 33(2)(e)

-

Airteagal 33(2)(f)

Airteagal 10(3)(c)

Airteagal 33(3)

Airteagal 10(3)(d)

Airteagal 33(3)

Airteagal 10(4)

Airteagal 53(4)

Airteagal 10(5)

Airteagal 33(4)

Airteagal 11(1)

Airteagal 35(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 35(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 35(3)

Airteagal 12(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 12(1)(a)

Airteagal 8(2)(b) go (g) agus an dara fomhír

-

Airteagal 8(2)(a)

Airteagal 12(1)(b)

Airteagal 8(3)

Airteagal 12(1)(c)

Airteagal 8(4)

Airteagal 12(1)(d)

Airteagal 8(5)

Airteagal 12(1)(e)

Airteagal 8(6)

Airteagal 12(1)(f)

Airteagal 8(2)(h)

Airteagal 12(2)

Airteagal 53(1)

-

Airteagal 7(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 7(2)

-

Airteagal 7(2)(a), (b) agus (c)

Airteagal 13(2)(a)

Airteagal 7(6)

Airteagal 13(2)(b)

Airteagal 7(2)(d)

Airteagal 13(2)(c)

Airteagal 7(4)

Airteagal 13(2)(d)

Airteagal 7(7)

Airteagal 13(2)(e)

-

Airteagal 13(2)(f)

-

-

Airteagal 7(3)

-

Airteagal 7(5)

Airteagal 14(1), an chéad fhomhír

Airteagail 10(1) agus 11(1)

-

Airteagal 10(2)

-

Airteagal 12(3)

Airteagal 14(1), an dara fomhír

Airteagal 12(4), 12(6) agus 12(7)

Airteagal 14(1), an tríú fomhír

Airteagal 31(5)

Airteagal 14(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 21(2), an chéad fhomhír

Airteagal 14(2), an chéad fhomhír

Airteagal 12(5)

Airteagal 14(2)(a)

Airteagal 12(5)(a)

Airteagal 14(2)(b)

Airteagal 12(5)(b)

Airteagal 14(2), an dara fomhír

Airteagal 12(5), an dara fomhír

Airteagal 14(3)

Airteagal 12(9)

Airteagal 14(4)

Airteagal 12(5), an dara fomhír

Airteagal 14(5)

Airteagal 39(1)(d)

Airteagal 15(1)

-

-

Airteagal 12(1)

Airteagal 15(2)

Airteagal 12(2)

Airteagal 15(3)

Airteagal 12(2)

Airteagal 15(3)(a)

Airteagal 12(6)

Airteagal 15(3)(b)

Airteagal 12(8), an dara fomhír

Airteagal 15(3)(c)

Airteagal 12(8)

Airteagal 15(3)(d)

Airteagal 11(3)

Airteagal 15(3)(e)

Airteagal 21(2), an dara fomhír

Airteagal 15(4)

-

Airteagal 16

Airteagal 11(2)

Airteagal 17(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 17(3), an chéad fhomhír

Airteagal 13(3)

Airteagal 17(3), an dara fomhír

-

Airteagal 17(4)

Airteagal 13(4)

Airteagal 17(5), an chéad fhomhír

Airteagal 13(5)

Airteagal 17(5), an dara fomhír

-

Airteagal 17(5), an tríú fomhír

Airteagal 13(6)

-

Airteagal 13(7)

Airteagal 18(1)

Airteagal 23(1), 23(2) agus 23(5)

Airteagal 18(2)

Airteagal 23(3)

Airteagal 18(3)

Airteagal 23(4)

Airteagal 19

-

Airteagal 20(1)

Airteagal 15(1) agus 15(4)

Airteagal 20(2)

Airteagal 15(1)

-

Airteagal 15(2)

-

Airteagal 15(3)

Airteagal 20(3), an chéad fhomhír

Airteagal 15(5)(b)

-

Airteagal 15(5)(a)

-

Airteagal 15(5)(c)

Airteagal 20(3), an dara fomhír

Airteagal 15(5), an dara fomhír

Airteagal 20(3), an tríú fomhír

-

Airteagal 20(4)

Airteagal 14(2)

Airteagal 21(1), an chéad fhomhír

-

Airteagal 21(1), an dara fomhír

Airteagal 17(1)

Airteagal 21(2)(a)

-

Airteagal 21(2)(b)

-

Airteagal 21(2), an dara fomhír

-

Airteagal 21(2), an tríú fomhír

-

Airteagal 21(3)

Airteagal 17(2)

Airteagal 21(4)

Airteagal 17(3)

Airteagal 21(5)

Airteagal 17(4)

Airteagal 22(1)

Airteagal 14(1)

-

Airteagal 14(2)

Airteagal 22(2)

Airteagal 17(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 16(1) agus 16(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 16(3)

Airteagal 23(3)

Airteagal 16(4)

Airteagal 23(4), an chéad fhomhír

-

Airteagal 23(4), an dara fomhír

Airteagal 16(5)

Airteagal 23(4), an tríú fomhír

Airteagal 16(6)

Airteagal 24(1)

Airteagal 19(1) agus 20(1)

Airteagal 24(2)

Airteagal 19(1)

Airteagal 24(3)

Airteagal 19(2) agus 19(3)

Airteagal 24(4)

Airteagal 20(4)

-

Airteagal 19(4)

-

Airteagal 20(2) agus 20(3)

-

Airteagal 21

Airteagal 25(1)(a)

Airteagal 22(1), 22(3) agus 22(4)

-

Airteagal 22(2)

Airteagal 25(1)(b) agus an dara fomhír

Airteagal 22(6)

-

Airteagal 22(5)

Airteagal 25(2)

-

Airteagal 25(3)(a)

Airteagal 21(2), an dara fomhír

Airteagal 25(3)(b)

Airteagal 21(3)

Airteagal 25(4)

-

Airteagal 25(5)

Airteagal 24

Airteagal 25(5), an chéad fhomhír

Airteagal 24(1)

Airteagal 25(5), an dara fomhír

Airteagal 24(3)

Airteagal 25(5), an tríú fomhír, pointe (a)

Airteagal 24(4)

Airteagal 25(5), an tríú fomhír, pointe (b)

Airteagal 24(2)

Airteagal 25(5), an tríú fomhír, pointe (c)

-

Airteagal 25(5), an ceathrú fomhír

Airteagal 24(5)

-

Airteagal 24(6)

Airteagal 25(6), an chéad fhomhír

Airteagal 21(1)

Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 40(5)

Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (a), fophointe (i)

Airteagal 40(5)(a)

Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (a), fophointe (ii)

-

Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (a), fophointe (iii)

Airteagal 40(5)(b)

Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 41(5)

Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b), fophointe (i)

Airteagal 41(5)(a)

Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b), fophointe (ii)

-

Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b), fophointe (iii)

Airteagal 41(5)(b)

Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b), fophointe (iv)

Airteagal 41(5)(c)

Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b), fophointe (v)

Airteagal 41(5)(d)

Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b), fophointe (vi)

-

Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (b), an dara fomhír

Airteagal 41(5)(d)

Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (c)

Airteagal 45(5)

Airteagal 25(6), an dara fomhír, pointe (d)

-

Airteagal 26

-

Airteagal 27(1)

Airteagal 38(2)

Airteagal 38(1)

Airteagal 27(2)

-

Airteagal 28(1), an chéad fhomhír

Airteagal 39(5)

Airteagal 28(1), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 39(1)(d)

Airteagal 28(1), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 39(1)(e) agus (f)

-

Airteagal 39(1)(b) agus (c)

Airteagal 28(1), an tríú fomhír

-

-

Airteagal 39(2), (3) agus (4)

Airteagal 28(2)

-

Airteagal 28(3)

-

Airteagal 29

Airteagal 18

Airteagal 30

Airteagal 6(2)

Airteagal 31(1)

Airteagal 33(1)

-

Airteagal 34(1)

Airteagal 31(2)

Airteagal 34(2)

Airteagal 31(3), an chéad fhomhír

Airteagal 34(2)

Airteagal 31(3), an dara fomhír

Airteagal 34(4)

Airteagal 31(3), an tríú fomhír, pointe (a)

Airteagal 34(3)(b)

Airteagal 31(3), an tríú fomhír, pointe (b)

Airteagal 34(3)(a)

Airteagal 31(3), an tríú fomhír, pointe (b)

-

Airteagal 31(3), an ceathrú fomhír

-

Airteagal 31(4)

Airteagal 34(5)

Airteagal 31(5)

Airteagal 34(5)

Airteagal 31(6)

-

Airteagal 31(7)

Airteagal 33(5)

Airteagal 31(8)

Airteagal 40(1)

Airteagal 31(8)(a)

Airteagal 40(1)(a)

Airteagal 31(8)(b)

Airteagal 40(1)(e)

Airteagal 31(8)(c)

Airteagal 40(1)(c)

Airteagal 31(8)(d)

-

Airteagal 31(8)(e)

Airteagal 40(1)(b)

Airteagal 31(8)(f)

-

-

Airteagal 40(1)(h)

Airteagal 31(8)(g)

Airteagal 40(1)(d)

Airteagal 31(8)(h)

Airteagal 40(1)(g)

Airteagal 31(8)(i)

-

Airteagal 31(8)(j)

Airteagal 40(1)(f)

Airteagal 31(9)

-

-

Airteagal 40(2)

-

Airteagal 40(3)

-

Airteagal 40(4)

Airteagal 32(1)

Airteagal 37(2)

Airteagal 32(2)

Airteagal 37(3)

Airteagal 33(1)

Airteagal 36(2)

Airteagal 33(2), an chéad fhomhír

Airteagal 36(1)

Airteagal 33(2)(a)

Airteagal 36(2)

Airteagal 33(2)(b)

Airteagal 36(1)(a)

Airteagal 33(2)(c)

Airteagal 36(1)(b)

Airteagal 33(2)(d)

Airteagal 36(1)(c)

Airteagal 33(2)(e)

Airteagal 36(1)(d)

-

Airteagal 36(3)

-

Airteagal 36(4)

-

Airteagal 36(5)

Airteagal 34(1)

Airteagail 10(1) agus 42(3)

Airteagal 10(2)

Airteagal 34(2)

Airteagal 12(3) agus 12(7)

Airteagal 35, an chéad fhomhír

Airteagal 44(1)

Airteagal 35, an dara fomhír

Airteagal 44(3)

-

Airteagal 44(2)

-

Airteagal 44(4)

-

Airteagal 44(5)

-

Airteagal 44(6)

-

Airteagal 44(7)

Airteagal 36(1)

Airteagal 47(4)

-

Airteagal 47(1)

-

Airteagal 47(2)

-

Airteagal 47(3)

Airteagal 36(2)

-

-

Airteagal 48

-

Airteagal 49

Airteagal 37(1)

Airteagal 50(1)

Airteagal 37(2)

-

Airteagal 37(3)

-

-

Airteagal 50(2)

-

Airteagal 50(3)

Airteagal 37(4)

Airteagal 50(4)

Airteagal 38(1)

Airteagal 45(1)

-

Airteagal 45(2)

-

Airteagal 45(3), an chéad fhomhír

Airteagal 38(2)(a)

Airteagal 45(3)(a)

-

Airteagal 45(3)(b)

Airteagal 38(2)(b)

-

Airteagal 38(2)(c)

Airteagal 45(3) agus 45(4)

Airteagal 38(3)

Airteagal 45(6)

Airteagal 38(4)

Airteagal 45(7)

Airteagal 38(5)

Airteagal 50(4)

-

Airteagal 46

Airteagal 39

-

Airteagal 40(1)

-

-

Airteagal 42(1)

Airteagal 40(2)

Airteagal 42(2)

Airteagal 40(3)

Airteagal 42(4)(a)

Airteagal 40(4)

Airteagal 42(4)(b)

Airteagal 40(5)

Airteagal 42(5)

Airteagal 40(6)

Airteagal 36(1)(d)

Airteagal 40(7)

-

Airteagal 41

Airteagal 43

Airteagal 41(1)(a)

-

-

Airteagal 43(a)

Airteagal 41(1)(b)

Airteagal 43(b)

Airteagal 41, an dara fomhír

Airteagal 43, an chéad fhomhír

Airteagal 41(2)

-

Airteagal 42(1)

Airteagal 42(3)

Airteagal 42(2)(a)

-

Airteagal 42(2)(b)

Airteagal 42(3)

Airteagal 42(2), an dara fomhír

-

Airteagal 42(3)

-

Airteagal 43

Airteagal 41(1), (2), (3) agus (4)

Airteagal 44

Airteagal 51

Airteagal 45

Airteagal 52

Airteagal 46(1)

Airteagal 53(1)

Airteagal 46(1)(a)(i)

Airteagal 53(1)(a)(ii)

Airteagal 46(1)(a)(ii)

Airteagal 53(1)(a)(i)

Airteagal 46(1)(a)(iii)

Airteagal 53(1)(a)(iv)

Airteagal 46(1)(a)(iv)

-

Airteagal 46(1)(b)

Airteagal 53(1)(a)(iii)

Airteagal 46(1)(c)

Airteagal 53(1)(b)

Airteagal 46(2), an chéad fhomhír

Airteagal 53(2)

Airteagal 46(2), an dara fomhír

-

Airteagal 46(3)

Airteagal 53(3)

-

Airteagal 53(5)

Airteagal 46(4), an chéad fhomhír

-

-

Airteagal 53(6), an chéad fhomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 46(4), an dara fomhír

Airteagal 53(6), an dara fomhír

Airteagal 46(5)

Airteagal 54(1)

Airteagal 46(6)

Airteagal 54(2)

Airteagal 46(6)(a)

Airteagal 54(2)(a)

Airteagal 46(6)(b)

Airteagal 54(2)(b)

Airteagal 46(6)(c)

Airteagal 54(2)(c)

Airteagal 46(6)(d)

-

Airteagal 46(7)

Airteagal 54(3)

Airteagal 46(8)

Airteagal 54(4)

-

Airteagal 54(5)

Airteagal 46(9)

-

Airteagal 46(10)

-

-

Airteagal 55(1)

-

Airteagal 55(2)

Airteagal 46(11)

-

Airteagal 47

Airteagal 56

Airteagal 48

Airteagal 6(1)

Airteagal 49

Airteagal 57

-

Airteagal 58

-

Airteagal 59

Airteagal 50

Airteagal 60

Airteagal 51

-

Airteagal 52

-

Airteagal 53

Airteagal 61

Airteagal 54

Airteagal 62