An Bhruiséil,25.5.2016

COM(2016) 289 final

2016/0152(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le haghaidh a thabhairt ar an ngeobhlocáil agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2016) 173 final}
{SWD(2016) 174 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Foras agus cuspóirí an togra

Leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach 1 , a glacadh i mí Bealtaine 2015, agus leis an Straitéis maidir leis an Margadh Aonair 2 , a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2015, fógraíodh beart reachtach chun aghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus chun idirdhealú bunaithe ar náisiúntacht nó ar áit chónaithe nó áit bhunaithe (a ngairtear "áit chónaithe" díobh go léir sa mheabhrán míniúcháin seo, ar mhaithe le héascaíocht tagartha) a chomhrac go huileghabhálach.

Is é is cuspóir ginearálta don togra seo rochtain níos fearr ar earraí agus ar sheirbhísí sa mhargadh aonair a thabhairt do chustaiméirí trí chosc a chur ar an idirdhealú, díreach agus indíreach, ag trádálaithe a dhéanann deighilt shaorga ar an margadh bunaithe ar áit chónaithe na gcustaiméirí. Cuirtear cóir éagsúil ar chustaiméirí agus iad ag ceannach ar líne, ach freisin agus iad ag taisteal chuig Ballstáit eile chun earraí nó seirbhísí a cheannach.

In ainneoin chur chun feidhme phrionsabal an neamh-idirdhealaithe atá in Airteagal 20(2) de Threoir 2006/123/CE 3 (an "Treoir maidir le Seirbhísí"), diúltaítear fós díol le custaiméirí agus cuirtear coinníollacha éagsula i bhfeidhm fós ina leith, nuair a bhíonn earraí nó seirbhísí á gceannach thar theorainneacha acu. Déantar é sin, den chuid is mó, mar gheall ar éiginnteacht faoi cad is critéir oibiachtúla arb ionann iad agus údar leis na héagsúlachtaí sa chóir a chuireann trádálaithe ar chustaiméirí. D'fhonn an fhadhb sin a réiteach, ba cheart a shoiléiriú tuilleadh do thrádálaithe agus do chustaiméirí na cásanna nach féidir a rá go bhfuil údar le héagsúlachtaí a bhíonn sa chóir a chuirtear, bunaithe ar áit chónaithe.

Leis an togra seo, toirmisctear rochtain ar shuímh ghréasáin agus ar chomhéadain eile ar líne a bhlocáil, mar aon le custaiméirí a athródú ó leagan de shuíomh nó de chomhéadan a bheadh ann do thír amháin chuig an leagan a bheadh ann do thír eile. Ina theannta sin, cuirtear toirmeasc leis an togra ar idirdhealú a dhéanamh i gceithre cinn de chásanna sonracha maidir le hearraí agus seirbhísí a dhíol agus ní cheadaítear leis dul timpeall ar an gcosc ar idirdhealú sin i gcomhaontuithe maidir le díolacháin éighníomhacha. Bíonn tionchar ag na cleachtais sin ar chustaiméirí agus ar ghnólachtaí araon mar úsáideoirí deiridh earraí agus seirbhísí agus, dá bhrí sin, ba cheart go rachadh na rialacha a leagtar amach sa togra seo chun sochair dóibh. Mar sin féin, ba cheart idirbhearta i gcásanna ina gceannaíonn gnólacht earraí nó seirbhísí ar mhaithe lena n-athdhíol a eisiamh d'fhonn a chur ar chumas trádálaithe a gcórais dháileacháin a chur ar bun i gcomhréir le dlí Eorpach na hiomaíochta.

Ní thugtar aghaidh leis an togra seo ar phraghsáil, go díreach, agus tá sé de shaoirse ag trádálaithe i gcónaí, dá réir sin, a bpraghsanna a shocrú ar bhealach neamhidirdhealaitheach. Ní thugtar aghaidh leis ach an oiread ar phraghsáil dhinimiciúil, áit a ndéanann trádálaithe a dtairiscintí a oiriúnú, le himeacht ama, ag brath ar roinnt tosca nach bhfuil baint acu le háit chónaithe na gcustaiméirí.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Le prionsabal na tíre tionscnaimh faoi Threoir 2000/31/CE 4 ("an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil"), cuireadh ar chumas na dtrádálaithe sin a chuireann seirbhísí na sochaí faisnéise ar fáil oibriú thar theorainneacha agus a gcuid seirbhísí a chur ar fáil ar bhonn rialacha is infheidhme sa tír ina bhfuil siad bunaithe. Ina theannta sin, leis an Treoir maidir le Seirbhísí, áirítear cearta d'fhaighteoirí seirbhísí agus féachann sí lena áirithiú, faoi Airteagal 20, nach gcuireann soláthraithe seirbhísí atá bunaithe san Aontas cóir éagsúil ar a gcustaiméirí bunaithe ar a náisiúntacht nó ar a n-áit chónaithe, go díreach ná go hindíreach. Mar sin féin, le hAirteagal 20, ní thugtar aghaidh go leordhóthanach ar an idirdhealú a dhéantar ar chustaiméirí ná níor laghdaíodh an éiginnteacht dhlíthiúil leis. Mar thoradh air sin, is deacair riail an neamh-idirdhealaithe a fhorfheidhmiú i bpraitic. Leis an togra seo áirithítear, ar mhaithe le haon amhras a sheachaint, go mbeidh tosaíocht ag forálacha an Rialacháin seo i gcás coinbhleacht le hAirteagal 20(2) den Treoir maidir le Seirbhísí.

Tá forálacha eile ann chomh maith lena gcoisctear idirdhealú, lena n-áirítear trí rochtain ar shuímh ghréasáin nó ar athródú a dhiúltú, ar chúiseanna a bhaineann le háit chónaithe, e.g. in earnáil an iompair. 5

Maidir leis an neamh-idirdhealú i ndáil le modhanna íocaíochta a úsáid, cuireadh cosc ar thrádálaithe cheana féin, le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, a éileamh gur ó Bhallstát áirithe a thagann cuntais bhainc d'fhonn íocaíocht a dhéanamh. Ní ann don phrionsabal sin i gcás modhanna eile íocaíochta. Le Rialachán (AE) 2015/751, éascaíodh úsáid cártaí creidmheasa trí uasteorainn a chur le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe. Le Treoir (AE) 2015/2366 6 , réitíodh an bealach freisin do mhargadh atá go hiomlán comhtháite le haghaidh íocaíochtaí miondíola in AE. Téann an Rialachán seo céim níos faide ná sin trí chosc a chur ar thrádálaithe coinníollacha éagsúla íocaíochta a chur i bhfeidhm bunaithe ar áit chónaithe an chustaiméara. Ní mór a mheabhrú, mar sin féin, go bhfuil sé de shaoirse ag trádálaithe a roghnú cé acu modhanna íocaíochta lena nglacann siad i dtaca le custaiméirí áitiúla agus custaiméirí eachtracha.

Tá an togra seo comhoiriúnach do dhlí an Aontais atá ann cheana maidir leis an dlí is infheidhme agus dlínse. 7

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is comhlánú é an togra seo ar thionscnaimh eile faoin Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach agus faoin Straitéis maidir le Margadh Aonair, agus is é is aidhm dó na dálaí cearta a chruthú le go mbeidh rochtain níos fearr ar sheirbhísí ag custaiméirí agus ag gnólachtaí ar fud an Aontais.

Ar na tionscnaimh sin, áirítear an togra le haghaidh "Treoir maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach a sholáthar" 8 agus an togra le haghaidh "Treoir maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí ar líne agus ciandíolacháin eile earraí" 9 . Is é is aidhm do na tograí sin comhchuibhiú iomlán a bhaint amach sna réimsí a chumhdaítear. Ach a nglacfar iad, laghdóidh siad tuilleadh an éagsúlacht atá i reachtaíocht na mBallstát maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe i ndáil leis na réitigh atá tomhaltóirí i dteideal a fháil i gcás earraí lochtacha nó ábhar digiteach.

Ina theannta sin, leis an togra le haghaidh "Rialachán maidir le seirbhísí beartseachadta thrasteorann", dírítear ar fheabhas a chur ar thrédhearcacht praghsanna agus ar fhormhaoirseacht rialála ar phraghsanna sa réimse sin. Tá sé tugtha le fios ag tomhaltóirí agus ag gnólachtaí beaga go gcuireann fadhbanna maidir le seirbhísí beartseachadta, go háirithe praghsanna arda, cosc orthu tuilleadh a dhíol le Ballstáit eile nó tuilleadh a cheannach uathu. Leis an togra le haghaidh "Rialachán athbhreithnithe maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí", dírítear ar fheabhas a chur ar an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta cosanta tomhaltóirí agus ar shásra maidir le forfheidhmiú trasteorann a bheadh níos láidre a chur ar fáil le haghaidh éilimh tomhaltóirí. Tá sé beartaítear an dá thionscnamh sin freisin a fhoilsiú ar an 25 Bealtaine 2016. Leis an tionscnamh maidir leis an sásra aonair leictreonach chun CBL a chlárú, féachtar leis an trádáil thrasteorann a shimpliú tuilleadh trí laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhíonn ar thrádálaithe maidir le CBL a chlárú agus a íoc.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 CFAE. Leis an Airteagal sin, tugtar an chumhacht do AE bearta a ghlacadh arb e is cuspóir dóibh deireadh a chur leis na bacainní atá ar shaorghluaiseacht, inter alia, earraí agus seirbhísí. Na hiarrachtaí a rinneadh deireadh a chur leis na bacainní sin, d'fhéadfaí an mhaitheas a bhaint astu le constaicí arna gcur sa bhealach ag páirtithe príobháideacha agus a dhéanann deighilt ar an margadh inmheánach ar feadh teorainneacha náisiúnta. Is mó i gcónaí iad na fadhbanna a bhaineann leis sin i gcomhthéacs an mhargaidh inmheánaigh, i gcás nach bhfuil dlíthe ábhartha na mBallstát soiléir, aonfhoirmeach agus éifeachtach go leor chun na constaicí sin a chomhrac. Tugtar aghaidh leis an togra, mar sin, ar chleachtais a chuireann bac ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Go bunúsach, is saincheist thrasteorann í rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí ar bhonn neamhidirdhealaitheach laistigh den mhargadh inmheánach. Is gá idirghabháil AE a bheith ann le go gcoiscfear an t-idirdhealú bunaithe ar áit chónaithe in idirbhearta tráchtála trasteorann. Ní leor go ndéanfadh na Ballstáit idirghabháil reachtach chun go n-áiritheofaí an neamh-idirdhealú i gcásanna trasteorann. I dtéarmaí éifeachtachta, is le hidirghabháil AE amháin a fhéadfar a áirithiú nach mbeidh éagsúlacht ar fud an Aontais idir na coinníollacha a bhaineann le rochtain na dtomhaltóirí ar earraí agus ar sheirbhísí. Le beart AE, áiritheofar deimhneacht dhlíthiúil níos fearr trí shoiléiriú a dhéanamh ar na cásanna ina meastar gur cóir idirdhealaitheach í an chóir atá éagsúil ar bhonn áit chónaithe agus dá bhrí sin go bhfuil toirmeasc uirthi.

Comhréireacht

Is é is aidhm don togra rochtain níos fearr ar earraí agus ar sheirbhísí a éascú ar fud an Aontais agus cruthaítear leis oibleagáidí spriocdhírithe do thrádálaithe gan idirdhealú a dhéanamh, in imthosca sonracha, idir custaiméirí bunaithe ar áit chónaithe. Ní théann na hoibleagáidí sin thar a bhfuil riachtanach chun réiteach a fháil ar na fadhbanna a sainaithníodh agus tá siad teoranta do na cásanna a leagtar amach sa togra. Leis an togra, cuirtear freisin leis an deimhneacht dhlíthiúil do thrádálaithe trí shoiléiriú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ann faoi láthair agus trína shonrú cathain ba cheart cóir chomhionann a chur ar chustaiméirí i gcás ceannacháin thrasteorann. Ina theannta sin, ní fhorchuirtear aon chostais dhíréireacha ar thrádálaithe leis an togra. Costais aon uaire oiriúnúcháin is mó atá sna costais a thuismíonn an togra.

An rogha ionstraime

Cé go bhféadfadh ionstraim neamhcheangailteach amhail moladh nó treoirlínte tacú le forbairtí margaidh sa réimse sin, meastar gur beag go deo an éifeachtacht a bheadh in ionstraim den sórt sin. Leis na treoirlínte ón gCoimisiún 10 maidir le cur chun feidhme Airteagal 20(2) den Treoir maidir le Seirbhísí an 8 Meitheamh 2012, déantar soiléiriú chomh maith ar imthosca sonracha, amhail na tosca a chumhdaítear leis an togra seo. Mar sin féin, níor ghlac na Ballstáit dlíthe náisiúnta chun cearta níos nithiúla a chur ar fáil do chustaiméirí ná níor chuir siad dlús le forfheidhmiú, ná níor chuir na trádálaithe aon athrú ar a gcleachtas ach oiread.

Ar an gcúis sin, ní fhéadfaidh ach uirlis reachtach dul i ngleic go héifeachtach leis na fadhbanna a sainaithníodh. Is fearr Rialachán, toisc go bhfuil sé infheidhme go díreach sna Ballstáit, go mbunaítear leis an leibhéal céanna oibleagáidí do pháirtithe príobháideacha agus gur féidir leis na rialacha maidir le neamh-idirdhealú bunaithe ar áit chónaithe a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud na mBallstát go léir.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh comhairliúchán poiblí forleathan ón 24 Meán Fómhair go dtí an 28 Nollaig 2015. Lorgaíodh tuairimí ó thomhaltóirí, ó ghnólachtaí, ó chomhlachais agus ó Bhallstáit. 433 freagra a fuarthas. Foilsíodh torthaí an chomhairliúcháin phoiblí agus tá siad le fáil freisin sa mheasúnú tionchair. Ina theannta sin, i dtús na bliana 2015, bhí plé fairsing ag an gCoimisiún leis na páirtithe leasmhara (tomhaltóirí, gnólachtaí, comhlachais tomhaltóirí agus gnó agus údaráis náisiúnta), lena n-áirítear trí cheardlanna do na páirtithe leasmhara, chun measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí éagsúla atá ann maidir le hidirghabháil AE agus an tionchar a bheadh acu. Ar an 18 Feabhra 2016, thionóil an Coimisiún ceardlann in Amstardam chun plé a dhéanamh ar ar tháinig as an gcomhairliúchán poiblí agus ar na deiseanna atá ann le dul chun cinn a dhéanamh.

Rinneadh geobhlocáil ar fhormhór mór na dtomhaltóirí nó cuireadh srianta eile bunaithe ar gheografaíocht orthu agus iad ag siopadóireacht i dtír eile AE. Is iad na hearraí agus na seirbhísí is mó a bhíonn thíos le geobhlocáil éadaí, coisbheart agus gabhálais, meáin fhisiciúla (leabhair), crua-earraí ríomhaire agus leictreonaic, ticéid eitleán, carrchíos, ábhar digiteach amhail seirbhísí maidir le sruthú, cluichí ríomhaire agus bogearraí, ríomhleabhair agus MP3anna. Síleann formhór na dtomhaltóirí agus na ngnólachtaí gur cheart do thrádálaithe custaiméirí a chur ar an eolas faoi na srianta atá ar dhíolacháin. Léirigh na tomhaltóirí go dtacaíonn siad le rogha beartais lena gceanglófaí ar thrádálaithe glacadh le hidirbhearta tráchtála trasteorann, ach gan oibleagáid a bheith orthu, mar sin féin, maidir le seachadadh. Tá tromlach na ngnólachtaí i gcoinne oibleagáid díol agus seachadadh ar fud an Aontais agus cuireann siad i dtreis a thábhachtaí atá sé praghsanna a chur in oiriúint do na margaí náisiúnta éagsúla, agus béim á leagan acu ar an ngá atá leis an tsaoirse eacnamaíoch agus chonarthach atá acu a urramú. Tá formhór mór na ngrúpaí a thug freagra ar aon tuairim, gur cheart forfheidhmiú rialacha agus ceanglais faisnéise a fheabhsú. 11

Bailiú agus úsáid saineolais

Sheol an Coimisiún rúnsuirbhé mór ar an tsiopadóireacht, ina ndearnadh tuairim is 10 500 suíomh gréasáin in AE a anailísiú agus samhail de chásanna tipiciúla den tsiopadóireacht thrasteorann a leagan amach. I suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh in 2016 agus inar díríodh ar an gcaidreamh idir gnólachtaí, nochtadh go mbíonn srianta ar chuideachtaí, mar úsáideoirí deiridh, atá cosúil leis na srianta a bhíonn ar thomhaltóirí. Tá anailís déanta ag an gCoimisiún ar líon mór gearán a bhaineann leis an tsiopadóireacht thrasteorann agus meastóireacht déanta aige ar Airteagal 20 den Treoir maidir le Seirbhísí. I mí Bealtaine 2015, chuir an Coimisiún tús le fiosrúchán faoi iomaíocht in earnáil na ríomhthráchtála, agus i mí Márta 2016, thíolaic sé tuarascáil maidir leis na torthaí tosaigh a fuarthas maidir le geobhlocáil 12 . Phléigh an Coimisiún an tionscnamh sin leis na Ballstáit chomh maith i sainghrúpaí i ndáil leis an Treoir maidir le Seirbhísí agus leis an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil.

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair le haghaidh an togra seo 13 . Ar an 21 Aibreán 2016, d'eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) tuairim dhearfach faoin measúnú tionchair a atíolacadh. Cuireadh tuairimí RSB san áireamh sa mheasúnú tionchair deiridh.

Scrúdaítear cúig cinn de chásanna sa mheasúnú tionchair deiridh agus baintear an méid seo a leanas de thátal as: Rinneadh an rogha maidir leis an trédhearcacht a mhéadú (rogha 1) a mheas, ach ní bhainfí an cuspóir amach léi aisti féin. Rinneadh an trédhearcacht mhéadaithe móide cosc ar rochtain ar shuímh ghréasáin a bhlocáil (rogha 2) a mheas, in éineacht leis an réiteach a bhí bunaithe ar thoiliú, lena gcoisctear athródú uathoibríoch, ach ní thabharfadh an rogha sin aghaidh ach ar chuid bheag den fhadhb. Is é rogha na tosaíochta (rogha 3) an dá eilimint sin a chomhcheangal leis an sainiú a dhéantar ar chásanna sonracha áirithe nach féidir geo-idirdhealú a chosaint ina leith (i gcás earraí, mura ndéanann an trádálaí seachadadh trasteorann; i gcás seirbhísí a chuirtear ar fáil go leictreonach; agus i gcás seirbhísí a fhaightear lasmuigh de Bhallstát an chustaiméara). Bhí rogha eile ann arb é a bhí i gceist léi liosta breise d'údair a bhunú d'fhonn prionsabail Airteagal 20(2) den Treoir maidir le Seirbhísí a mhionsaothrú (rogha 4), ach caitheadh i dtraipisí í mar gheall ar a chasta a bhí sí. Maidir leis an rogha dheireanach (rogha 5), lena gceanglófaí ar thrádálaithe earraí inláimhsithe a sheoladh thar theorainneacha, caitheadh i dtraipisí í sin toisc go bhforchuirfí costais dhíréireacha léi ar ghnólachtaí.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tá feidhm ag an togra maidir le trádálaithe agus custaiméirí araon, i.e. tomhaltóirí agus gnólachtaí mar úsáideoirí deiridh. Áirítear sna catagóirí sin fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus micrifhiontair. Dá ndéanfaí na cuideachtaí sin a dhíolmhú ó na rialacha, bheadh an baol ann go mbainfí an bonn ó éifeachtacht an bhirt, óir is iad FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair san Aontas, a dhéanann an chuid is mó den trádáil ar líne san Aontas.

Beidh tionchar dearfach ag an togra ar an iomaíochas tríd an rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach a fheabhsú do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí. Maidir le trádáil idirnáisiúnta, ní bheidh trádálaithe atá bunaithe i dtríú tíortha faoi raon feidhme an Rialacháin ach a mhéid a dhíolann siad earraí nó seirbhísí le custaiméirí san Aontas (nó a mhéid atá rún acu earraí nó seirbhísí a dhíol le custaiméirí san Aontas).

Baineann an togra seo leis an timpeallacht as líne agus ar líne, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí teicneolaíocha nua, i gcás inarb ábhartha, agus tá sé "réidh go digiteach agus ar an idirlíon".

Cearta bunúsacha

Urramaítear leis an togra, go háirithe, Airteagal 16 ("saoirse chun gnó a sheoladh") agus Airteagal 17 ("an ceart chun maoine") den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tá trádálaithe faoi réir forálacha atá ann cheana féin maidir leis an neamh-idirdhealú faoi dhlí an Aontais. Féadfaidh trádálaithe leanúint de chinneadh a dhéanamh maidir le cá háit a gcuireann agus cathain a chuireann siad a n-earraí agus a seirbhísí ar fáil do chustaiméirí. Níl teorainn leis an tsaoirse atá acu diúltú d'iarraidh ar dhíolachán ná coinníollacha éagsúla a chur i bhfeidhm, ach i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo maidir leis an neamh-idirdhealú. Maidir leis na cúiseanna eile go léir gan díol, nó coinníollacha éagsúla a chur i bhfeidhm, e.g. mura bhfuil an táirge i stoc a thuilleadh, leanfaidh siad de bheith ar fáil ag trádálaithe.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Foráiltear leis an Rialachán go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar an tionchar atá ag an togra.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an gcaoi a gcuireann rannpháirtithe margaidh an Rialachán i bhfeidhm ar fud an Aontais d'fhonn cur chuige comhsheasmhach a áirithiú. Díreoidh sé freisin ar an tionchar atá ag na rialacha.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

In Airteagal 1 sonraítear ábhar agus raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe. Déantar raon feidhme ábhartha an togra a ailíniú, a mhéid is féidir, le raon feidhme ábhartha Threoir 2006/123/CE d'fhonn comhsheasmhacht agus an deimhneacht dhlíthiúil is mó is féidir a áirithiú do thrádálaithe agus do chustaiméirí. Ciallaíonn sé sin go n-eisiatar ó raon feidhme an Rialacháin seo, inter alia, seirbhísí leasa ghinearálta nach seirbhísí eacnamaíocha iad, seirbhísí iompair, seirbhísí closamhairc, gníomhaíochtaí cearrbhachais, seirbhísí cúraim sláinte agus seirbhísí sóisialta áirithe. Is é is aidhm don raon feidhme críochach go gcuirfí san áireamh ar bhealach cothrom na trádálaithe atá bunaithe in AE agus na trádálaithe atá bunaithe i dtríú tíortha ach a dhíolann earraí agus seirbhísí le custaiméirí san Aontas, nó a fhéachann le hearraí agus le seirbhísí a dhíol le custaiméirí san Aontas. Le hAirteagal 1, tugtar deimhneacht freisin do thrádálaithe nach gciallaíonn comhlíonadh an Rialacháin seo, i ndáiríre, go ndéanann an trádálaí a ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí a dhíriú ar Bhallstát ar leith chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 14 agus Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 15 , lena ndéantar rialáil ar ábhair a bhaineann leis an dlí agus leis an dlínse is infheidhme.

Tá na sainmhínithe in Airteagal 2.

Le hAirteagal 3, bunaítear an oibleagáid ar thrádálaithe gan rochtain ar a gcomhéadain ar líne a chosc ar bhonn áit chónaithe na gcustaiméirí. Éilítear toiliú ón gcustaiméir leis freisin maidir le hathródú agus cuirtear de cheangal ar thrádálaithe rochtain éasca a choinneáil ar leagan na gcomhéadan ar líne ar lorg an custaiméir rochtain air sula ndearnadh athródú. Díolmhaítear an trádálaí ó na hoibleagáidí sin i gcás ina n-éilítear srianta ar rochtain nó athródú de réir an dlí. Sna cásanna eisceachtúla sin, caithfidh an trádálaí údar soiléir a thabhairt.

Le hAirteagal 4, leagtar amach trí cinn de chásanna sonracha faoina gcoisctear idirdhealú ar chustaiméirí bunaithe ar áit chónaithe. Baineann an chéad chás le hearraí fisiciúla a dhíol i gcás nach bhfuil baint ag an trádálaí leis an táirge a sheachadadh chuig Ballstát an chustaiméara. Baineann an dara cás le cur ar fáil seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, seachas seirbhísí arb é is príomhthréith dóibh, go háirithe, rochtain a thabhairt ar shaothar atá cosanta ó thaobh an chóipchirt de nó ar aon ábhar cosanta eile nó ar a n-úsáid. Tá feidhm ag an triú cás maidir le seirbhísí a chuireann an trádálaí ar fáil i mBallstát nach é Ballstát cónaithe an chustaiméara é.

Le hAirteagal 5, leagtar síos rialacha maidir leis an neamh-idirdhealú, go sonrach i gcomhthéacs na níocaíochtaí. Leis an riail sin, déantar foráil nach bhféadfaidh trádálaithe, i gcásanna áirithe, diúltú ná idirdhealú a dhéanamh ar aon bhealach eile maidir le hionstraimí íocaíochta (amhail cártaí creidmheasa nó cártaí dochair).

Foráiltear le hAirteagal 6 go gcuirfear ar neamhní go huathoibríoch aon chomhaontuithe le trádálaithe ina bhfuil srianta éighníomhacha díolacháin a dtiocfadh sáruithe ar na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo mar thoradh orthu. Déantar sin le nach ngabhfar timpeall ar na rialacha sin trí mheáin chonarthacha.

Baineann Airteagal 7 leis an bhforfheidhmiú a dhéanann údaráis na mBallstát.

Le hAirteagal 8, ceanglaítear ar na Ballstáit comhlacht amháin nó níos mó a ainmniú ar comhlachtaí iad a chuireann cúnamh praiticiúil ar fáil do thomhaltóirí i dtaca le díospóidí a eascraíonn as an Rialachán seo.

Baineann Airteagal 9 leis na hathbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanfar ar an gcaoi a gcuireann an Coimisiún an Rialachán seo i bhfeidhm. Sonraítear leis seo go ndéanfar a mheas leis an gcéad mheastóireacht, go háirithe, ar cheart an toirmeasc ar idirdhealú mar a leagtar amach in Airteagal 4(1)(b) a shíneadh chuig seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, seachas seirbhísí arb é is príomhthréith dóibh go háirithe, rochtain a thabhairt ar shaothar atá cosanta ó thaobh an chóipchirt de nó ar aon ábhar cosanta eile nó ar a n-úsáid, ar choinníoll go bhfuil na cearta atá riachtanach ag an trádálaí do na críocha lena mbaineann.

Le hAirteagal 10 foráiltear do dhá leasú ar ionstraimí atá ann cheana agus a bhaineann go sonrach le tomhaltóirí a chosaint, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE. D'fhágfadh sé sin go gcuirfí an Rialachán seo leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis na gníomhartha dlíthiúla sin ionas gur féidir é a fhorfheidhmiú trí mheán na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le Comhar i gCosaint na dTomhaltóirí chomh maith leis an Treoir um Urghairí. 

Baineann Airteagal 11 le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm.

2016/0152 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le haghaidh a thabhairt ar an ngeobhlocáil agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 16

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, mar limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áiritheofar saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, inter alia, ní leor deireadh a chur le bacainní Stáit amháin, idir na Ballstáit. Mura ndéanfaí ach deireadh a chur leis na bacainní sin, d'fhéadfadh páirtithe príobháideacha an bonn a bhaint den obair trí bhacainní eile a chur ann nach mbeadh ag teacht le saoirsí an mhargaidh inmheánaigh. Tarlaíonn sé sin i gcásanna ina ndéanann trádálaithe atá ag oibriú i mBallstát amháin an rochtain ar chomhéadain ar líne, amhail suímh ghréasáin agus aipeanna, a bhlocáil nó a theorannú (cleachtas a dtugtar geobhlocáil air) do chustaiméirí ó Bhallstáit eile ar mian leo páirt a ghlacadh in idirbhearta tráchtála trasteorann. Tarlaíonn sé freisin trí bhearta eile a dhéanann trádálaithe áirithe ina mbaintear feidhm as coinníollacha ginearálta éagsúla ó thaobh rochtain ar a gcuid earraí agus seirbhísí do na custaiméirí sin ó Bhallstáit eile, idir rochtain ar líne agus as líne. Cé go bhféadfadh sé uaireanta go mbeadh údar oibiachtúil ann leis an gcóir dhifreálach sin, i gcásanna eile bíonn trádálaithe ag diúltú rochtain a thabhairt do thomhaltóirí ar mian leo páirt a ghlacadh in idirbhearta tráchtála trasteorann, ar earraí nó ar sheirbhísí, nó bíonn siad ag cur coinníollacha éagsúla i bhfeidhm i dtaca leis an rochtain sin, ar chúiseanna tráchtála amháin.

(2)Ar an dóigh sin, tá deighilt shaorga á déanamh ar an margadh inmheánach ag trádálaithe áirithe ar feadh na dteorainneacha inmheánacha, bac á chur acu ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, srian á chur, dá réir sin, ar na cearta atá ag custaiméirí agus iad ag teacht idir custaiméirí agus an sochar a d'fhéadfaidís a bhaint as rogha níos leithne agus as na coinníollacha is fearr is féidir. Is fachtóir tábhachtach iad cleachtais idirdhealaitheacha den sórt sin agus is cuid den chúis iad go bhfuil leibhéal réasúnta íseal d'idirbhearta tráchtála trasteorann ann laistigh den Aontas, lena n-áirítear in earnáil na tráchtála leictreonaí, rud a fhágann nach bhfuil acmhainneacht iomlán fáis an mhargaidh inmheánaigh á baint amach. Dá ndéanfaí a shoiléiriú cé na cásanna nach bhfuil údar le cóir dhifreálach den sórt sin iontu, ba cheart gurbh fhearrde an tsoiléire agus an deimhneacht dhlíthiúil a bheadh ag na rannpháirtithe uile in idirbhearta trasteorann agus ba cheart go n-áiritheofaí go bhféadfaí rialacha maidir le neamh-idirdhealú a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhealach éifeachtach ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

(3)De bhun Airteagal 20 de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 , áiritheoidh na Ballstáit nach gcaithfidh na soláthraithe seirbhíse atá bunaithe san Aontas le lucht faighte seirbhísí ar bhealaí éagsúla bunaithe ar a náisiúntacht nó ar a n-áit chónaithe. Mar sin féin, ní raibh an fhoráil sin iomlán éifeachtach go dtí seo ó thaobh cur i gcoinne an idirdhealaithe agus níor éirigh léi an éiginnteacht dhlíthiúil a laghdú ar bhealach leordhóthanach, go háirithe mar go bhforáiltear léi go bhféadfaí údar a fháil do na difríochtaí sa chóir agus gur deacair dá réir sin an fhoráil sin a fhorfheidhmiú go praiticiúil. Ina theannta sin, is féidir le geobhlocáil agus cineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe tarlú de bharr bearta eile a dhéanann trádálaithe atá bunaithe i dtríú tíortha agus nach dtagann, dá réir sin, faoi raon feidhme na Treorach sin.

(4)D'fhonn dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, teastaíonn na bearta spriocdhírithe a leagtar amach sa Rialachán seo, lena bhforáiltear do thacar soiléir, aonfhoirmeach, éifeachtach rialacha i ndáil le roinnt saincheisteanna ar leith.

(5)Leis an Rialachán seo, féachtar le cosc a chur ar idirdhealú atá bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe na gcustaiméirí, lena n-áirítear geobhlocáil, in idirbhearta tráchtála trasteorann idir trádálaithe agus custaiméirí i ndáil le díolachán earraí agus soláthar seirbhísí laistigh den Aontas. Is é is aidhm leis, aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú, idir dhíreach agus indíreach, agus ar an mbealach sin déileáil freisin le héagsúlachtaí nach bhfuil údar leo sa chóir a chuirtear ar chustaiméirí ar bhonn critéir shainiúla eile, agus arb é an toradh céanna a eascraíonn astu agus a bheadh ann dá mbeadh critéir á n-úsáid a bheadh bunaithe go díreach ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe na gcustaiméirí. Is féidir critéir eile den sórt sin a úsáid, go háirithe, ar bhonn faisnéis a léiríonn an áit fhisiceach ina bhfuil na custaiméirí, amhail an seoladh IP a úsáidtear chun teacht ar chomhéadan ar líne, an seoladh a chuirtear isteach le go seachadfar earraí chuig an gcustaiméir, an rogha teanga a rinneadh nó an Ballstát inar eisíodh ionstraim íocaíochta an chustaiméara.

(6)Ós rud é go bhfuarthas réidh le roinnt bacainní rialála agus riaracháin ar thrádálaithe ar fud an Aontais in earnálacha áirithe seirbhísí cheana féin le cur chun feidhme Threoir 2006/123/CE, ba cheart comhleanúnachas a áirithiú, i dtéarmaí raon feidhme ábhartha, idir an Rialachán seo agus Treoir 2006/123/CE. Dá thoradh sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán inter alia a sholáthraítear ar bhealach neamh-chlosamhairc arb é is príomhthréith dóibh rochtain a thabhairt ar shaothar atá cosanta ó thaobh an chóipchirt de nó ar aon ábhar cosanta eile nó ar a n-úsáid, faoi réir an eisiaimh shonraigh dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus na meastóireachta a dhéanfar níos déanaí dá bhforáiltear in Airteagal 9. Eisiafar seirbhísí closamhairc, lena n-áirítear seirbhísí arb é is dóibh rochtain a chur ar fáil ar chraoltaí d'imeachtaí spóirt agus a chuirtear ar fáil ar bhonn ceadúnais chríche eisiacha ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart freisin, dá bhrí sin, rochtain ar sheirbhísí airgeadais miondíola, lena n-áirítear seirbhísí íocaíochta a eisiamh, d'ainneoin fhorálacha an Rialacháin seo maidir le neamh-idirdhealú in íocaíochtaí.

(7)Is féidir le hidirdhealú tarlú freisin i ndáil le seirbhísí i réimse an iompair, go háirithe i ndáil le díolachán ticéad d'iompar paisinéirí. Mar sin féin, tá toirmeasc ginearálta ar an idirdhealú, lena gcumhdaítear gach cleachtas idirdhealaitheach a bhféachann an Rialachán seo le haghaidh a thabhairt air, le fáil cheana féin i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 , i Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 agus i Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 Ina theannta sin, tá sé beartaithe Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 a leasú chun na gcríoch sin go luath amach anseo. Dá bhrí sin, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú le raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir 2006/123/CE, ba cheart do sheirbhísí i réimse an iompair leanúint de bheith lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin.

(8)Ba cheart nár dhochar an Rialachán seo do na rialacha is infheidhme i réimse an chánachais, ós rud é go bhforáiltear, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do bhunús sonrach birt ar leibhéal an Aontais maidir le cúrsaí cánachais.

(9)De bhun Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 , an dlí a roghnaítear mar an dlí is infheidhme maidir le conradh idir tomhaltóir agus gairmí a shaothraíonn a ghníomhaíochtaí tráchtála nó gairmiúla sa tír ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir nó a stiúrann, trí mhodh ar bith, na gníomhaíochtaí sin chuig an tír sin, nó chuig líon tíortha lena n-áirítear an tír sin, ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh air go bhfágfaí an tomhaltóir gan an chosaint a thugtar dó nó di le forálacha nach féidir maolú a dhéanamh orthu trí chomhaontú de bhua dhlí na tíre a bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir ann. De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , in ábhair a bhaineann le conradh idir tomhaltóir agus gairmí agus a shaothraíonn a ghníomhaíochtaí tráchtála nó gairmiúla i mBallstát shainchónaí an tomhaltóra nó a stiúrann, trí mhodh ar bith, na gníomhaíochtaí sin chuig an mBallstát sin, nó chuig líon Stát lena n-áirítear an Ballstát sin, féadfaidh tomhaltóir imeachtaí a thabhairt i gcoinne an pháirtí eile i gcúirteanna an Bhallstáit a bhfuil sainchónaí aige ann agus ní fhéadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an tomhaltóra ach sna cúirteanna sin.

(10)Níor cheart aon tionchar a bheith ag an Rialachán seo ar ghníomhartha de chuid dhlí an Aontais maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta, go háirithe na forálacha maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha agus maidir le dlínse a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 agus Rialachán (AE) 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 , lena n-áirítear na gníomhartha agus na forálacha sin a chur i bhfeidhm i gcásanna aonair. Go háirithe, níor cheart a thuiscint ós rud é go bhfuil an trádálaí ag gníomhú i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo go bhfuil a chuid gníomhaíochtaí á stiúradh aige nó aici chuig Ballstát an tomhaltóra chun críocha an chur i bhfeidhm sin.

(11)Na cleachtais idirdhealaitheacha a bhféachtar le haghaidh a thabhairt orthu sa Rialachán seo, tarlaíonn siad de ghnáth trí mheán téarmaí agus coinníollacha ginearálta agus trí fhaisnéis eile a shocraíonn an trádálaí, nó a shocraítear thar ceann, an trádálaí mar réamhchoinníoll chun rochtain a fháil ar na hearraí nó na seirbhísí, agus a chuirtear ar fáil don phobal i gcoitinne. Áirítear, leis na coinníollacha ginearálta rochtana sin, inter alia, praghsanna, coinníollacha íocaíochta agus coinníollacha seachadta. D'fhéadfadh sé go gcuirfeadh an trádálaí ar fáil don phobal i gcoitinne iad nó go ndéanfaí iad a chur ar fáil thar ceann an trádálaí, trí mhodhanna éagsúla, amhail faisnéis a fhoilsiú i bhfógráin, ar shuímh ghréasáin nó i ndoiciméid chonarthacha nó réamhchonarthacha. Bíonn feidhm ag na coinníollacha sin i gcás nach mbíonn aon chomhaontú dá mhalairt ann arna chaibidliú ar leithligh go díreach idir an trádálaí agus an custaiméir. Téarmaí agus coinníollacha a chaibidlítear ar leithligh idir an trádálaí agus na custaiméirí, níor cheart a mheas gur coinníollacha ginearálta rochtana iad chun críocha an Rialacháin seo.

(12)Ba cheart tomhaltóirí agus gnólachtaí araon a chosaint ó idirdhealú ar chúiseanna a bhaineann lena náisiúntacht, a n-áit chónaithe nó a n-áit bhunaithe agus iad ag gníomhú mar chustaiméirí chun críocha an Rialacháin seo. Níor cheart, áfach, don chosaint sin baint le custaiméirí a cheannaíonn earra nó seirbhís lena n-athdhíol, toisc go mbeadh tionchar aige sin ar scéimeanna dáiliúcháin a úsáidtear go forleathan idir gnóthais i gcomhthéacs teagmháil dhíreach idir gnó amháin agus gnó eile, amhail dáileadh roghnaitheach, eisiach, lena gceadaítear go hiondúil do mhonaróirí a gcuid miondíoltóirí a roghnú ach faoi réir a bheith i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann le hiomaíocht.

(13)Is ionann na héifeachtaí a bhíonn ag an gcóir idirdhealaitheach i ndáil le hidirbhearta tráchtála a bhaineann le díolachán earraí nó soláthar seirbhísí laistigh den Aontas ar chustaiméirí agus ar an margadh inmheánach, is cuma cé acu an bunaithe i mBallstát nó i dtríú tír atá trádálaí. Dá bhrí sin, agus d'fhonn a áirithiú go mbeidh trádálaithe faoi réir na gceanglas céanna i ndáil leis an méid sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo maidir leis na trádálaithe uile atá ag feidhmiú laistigh den Aontas.

(14)D'fhonn cur leis an deis a bhíonn ag custaiméirí rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann le díolachán earraí agus soláthar seirbhísí ar an margadh inmheánach agus chun an trédhearcacht a mhéadú, lena n-áirítear i ndáil le praghsanna, níor cheart do thrádálaithe bac a chur, trí bhearta teicneolaíochta nó eile, ar chustaiméirí, bunaithe ar a náisiúntacht, a n-áit chónaithe nó a n-áit bhunaithe, ó rochtain iomlán, chomhionann a bheith acu ar chomhéadain ar líne. Is éard a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis na bearta teicneolaíochta sin aon teicneolaíochtaí a úsáidtear chun suíomh fisiceach an chustaiméara a chinneadh, lena n-áirítear an suíomh sin a rianú trí bhíthin an tseolta IP, comhordanáidí a fhaightear trí chóras domhanda loingseoireachta satailíte nó trí shonraí a bhaineann le hidirbheart íocaíochta. Mar sin féin, níor cheart a thuiscint de bharr toirmeasc a bheith á chur ar idirdhealú i dtaobh rochtain ar chomhéadain ar líne, go gcuirtear oibleagáid ar an trádálaí páirt a ghlacadh in idirbhearta tráchtála le custaiméirí.

(15)Déanann trádálaithe áirithe leaganacha éagsúla dá gcomhéadain ar líne a oibriú, chun díriú ar chustaiméirí ó Bhallstáit éagsúla. Cé gur cheart go bhféadfaí leanúint leis sin, ba cheart toirmeasc a chur ar chustaiméir a atreorú ó leagan amháin den chomhéadan go leagan eile de gan toiliú follasach a fháil ón gcustaiméir. Ba cheart gach leagan den chomhéadan ar líne a bheith ar fáil go héasca don chustaiméir i gcónaí.

(16)I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé gur ghá custaiméir a bhlocáil, a theorannú nó a atreorú chuig leagan eile de chomhéadan ar líne, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara, gan toiliú a fháil ón gcustaiméir, chun a áirithiú go bhfuil ceanglas dlí i ndlí an Aontais nó i ndlíthe na mBallstát á chomhlíonadh, i gcomhréir le dlí an Aontais. D'fhéadfadh na dlíthe sin rochtain custaiméirí ar earraí nó seirbhísí áirithe a theorannú, mar shampla trí chosc a chur ar ábhar sonrach a thaispeáint i mBallstáit áirithe. Níor cheart cosc a chur ar thrádálaithe ó bheith ag comhlíonadh na gceanglas sin agus ba cheart, dá réir, go mbeadh siad in ann rochtain a bhlocáil, a theorannú nó custaiméirí áirithe i gcríocha áirithe a atreorú chuig comhéadan ar líne, a mhéid is gá sin chun na críocha sin.

(17)I roinnt cásanna sonracha, ní féidir údar oibiachtúil a thabhairt do dhifríochtaí sa chóir a chuirtear ar chustaiméirí trí choinníollacha ginearálta rochtana a úsáid, lena n-áirítear diúltú glan earraí a dhíol nó seirbhísí a sholáthar, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe na gcustaiméirí. Sna cásanna sin, ba cheart gach cineál idirdhealaithe a chosc agus ba cheart, dá réir sin, do chustaiméirí a bheith i dteideal, faoi na coinníollacha sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo, páirt a ghlacadh in idirbhearta tráchtála faoi na coinníollacha céanna a bhainfeadh le custaiméir áitiúil agus rochtain iomlán, chomhionann a bheith acu ar aon cheann de na hearraí nó na seirbhísí atá á dtairiscint, beag beann ar a náisiúntacht, a n-áit chónaithe nó a n-áit bhunaithe. Dá bhrí sin, i gcás inar gá, ba cheart do thrádálaithe bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an toirmeasc sin ar idirdhealú más rud é, i éagmais na mbeart sin, go mbeadh bac ar na custaiméirí sin rochtain iomlán, chomhionann a bheith acu. Mar sin féin, níor cheart a thuiscint leis an toirmeasc atá infheidhme sna cásanna sin go gcuirtear cosc ar thrádálaithe a gcuid gníomhaíochtaí a dhíriú ar Bhallstáit éagsúla nó ar ghrúpaí áirithe custaiméirí trí mheán tairiscintí spriocdhírithe agus téarmaí agus coinníollacha éagsúla, lena náirítear trí chomhéadain shonracha ar líne a bhunú do thíortha ar leith.

(18)Is é an chéad cheann de na cásanna sin an cás ina ndíolann an trádálaí earraí agus nach ndéanann an trádálaí na hearraí sin a sheachadadh tras teorann ná nach ndéantar iad a sheachadadh tras teorann thar ceann an trádálaí chuig an mBallstát ina bhfuil cónaí ar an gcustaiméir. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh an custaiméir in ann earraí a cheannach faoi na coinníollacha ceannanna céanna, lena n-áirítear na praghsanna agus na coinníollacha seachadta, atá ag a macasamhail de chustaiméirí a bhfuil cónaí orthu i mBallstát an trádálaí. D'fhéadfadh sé dá bharr sin go mbeadh ar chustaiméir eachtrach an t-earra a bhailiú sa Bhallstát sin, nó i mBallstát eile a ndéanann an trádálaí earraí a sheachadadh chuige. Sa chás sin, níor ghá clárú do cháin bhreisluacha ("CBL") i mBallstát an chustaiméara ná socrú a dhéanamh do sheachadadh trasteorann na n-earraí.

(19)Is é an dara cás an cás ina soláthraíonn an trádálaí seirbhísí trí mheáin leictreonacha, seachas seirbhísí arb é is príomhthreith dóibh, go háirithe, rochtain a thabhairt ar shaothar atá cosanta ó thaobh an chóipchirt de nó ar aon ábhar cosanta eile nó ar a n-úsáid, amhail seirbhísí néalríomhaireachta, seirbhísí stórála sonraí, seirbhísí óstála suímh ghréasáin agus seirbhísí ballaí dóiteáin a chur ar fáil. Sa chás sin, ní gá aon seachadadh fisiceach, ós rud é go gcuirtear na seirbhísí ar fáil go leictreonach. Is féidir leis an trádálaí CBL a dhearbhú agus a íoc ar bhealach simplithe i gcomhréir leis na rialacha maidir le mionionaid ilfhreastail CBL (MOSS) a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle. 26

(20)Ar deireadh, i gcás go soláthraíonn an trádálaí seirbhísí agus go bhfaigheann an custaiméir na seirbhísí sin in áitreabh an trádálaí nó in áit arna roghnú ag an trádálaí agus nach bhfuil sa Ballstát ar náisiúnach dá chuid é an custaiméir nó ina bhfuil áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara, níor cheart údar a bheith ann do choinníollacha ginearálta rochtana atá éagsúil a chur i bhfeidhm, ar chúiseanna a bhaineann le critéir mar sin ach oiread. Baineann na cásanna sin, de réir mar a bheidh, le soláthar seirbhísí amhail cóiríocht óstáin, imeachtaí spóirt, carrchíos, agus ticéid iontrála d'fhéilte ceoil nó do pháirceanna áineasa. Sna cásanna sin, ní gá don trádálaí clárú do CBL i mBallstát eile ná ní gá socrú a dhéanamh do sheachadadh trasteorann earraí.

(21)I ngach ceann de na cásanna sin, de bhua na bhforálacha maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus maidir le dlínse a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimhir 593/2008 agus Rialachán (AE) 1215/2012, i gcás nach saothraíonn trádálaí a chuid gníomhaíochtaí nó a chuid gníomhaíochtaí i mBallstát an tomhaltóra nó nach stiúrann an trádálaí a chuid gníomhaíochtaí nó a chuid gníomhaíochtaí chuig an mBallstát, nó i gcás nach tomhaltóir an custaiméir, ní bheidh aon chostas breise ann don trádálaí i ndáil le dlínse nó le difríochtaí sa dlí is infheidhme. Ach, i gcás ina saothraíonn trádálaí a ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí i mBallstát an tomhaltóra nó gur chuig an mBallstát sin a stiúrann an trádálaí an céanna, is ionann sin is a léiriú go raibh rún ag an trádálaí caidreamh tráchtála a bhunú le tomhaltóirí ón mBallstát sin agus go raibh an trádálaí in ann aon chostais den sórt sin a chur san áireamh.

(22)Trádálaithe a chúmhdaítear faoin scéim speisialta dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal XII de Threoir 2006/112/CE 27 , ní bheidh de cheangal orthu CBL a íoc. Maidir leis na trádálaithe sin, agus seirbhísí á soláthar go leoctreonach acu, chiallódh an toirmeasc ar coinníollacha ginearálta difriúla rochtana ar bhonn náisiúntacht, áit chónaithe, nó áit bhunaithe an chustaiméara achur i bhfeidhm go mbeadh ceanglas air clárú chun CBL i mBallstáit eile a chur san áireamh agus go mbainfeadh costais bhreise leis sin, rud a bheadh ina ualach míréireach i bhfianaise mhéid agus tréithe na dtrádálaithe lena mbaineann.

(23)D'fhéadfadh sé gur ghá uaireanta, i gcásanna mar sin, coinníollacha ginearálta éagsúla rochtana a chur i bhfeidhm, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara, chun toirmeasc nó ceanglas sonrach a chomhlíonadh a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i ndlí na mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais, lena gcuirtear cosc ar thrádálaí na hearraí sin a dhíol nó na seirbhísí a sholáthar le custaiméirí áirithe nó le custaiméirí i gcríocha áirithe, nó lena gcuirtear oibleagáid orthu coinníollacha éagsúla rochtana a chur i bhfeidhm maidir leis na custaiméirí sin. Ina theannta sin d'fhéadfadh go gcuirfeadh dlí an Aontais de cheangal ar thrádálaithe rialacha áirithe maidir le praghsáil leabhar a urramú. Níor cheart trádálaithe a chosc dlíthe den sórt sin a chomhlíonadh, a mhéid is gá.

(24)Faoi dhlí an Aontais, tá saoirse, i bprionsabal, ag trádálaithe na modhanna íocaíochta is mian leo glacadh leo a chinneadh, agus brandaí íocaíochta san áireamh. Agus an rogha sin déanta, áfach, i bhfianaise an chreata dlí atá ann cheana maidir le seirbhísí íocaíochta, níl aon chúiseanna ann go ndéanfadh trádálaithe idirdhealú ar chustaiméirí laistigh den Aontas trí dhiúltú d'idirbhearta áirithe tráchtála nó trí choinníollacha éagsúla íocaíochta a fheidhmiú i ndáil leis na hidirbhearta sin, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara. Sa chomhthéacs áirithe sin, ba cheart freisin cóir neamhionann den sórt sin nach bhfuil údar léi ar chúiseanna a bhaineann leis an suíomh ina bhfuil an cuntas íocaíochta, áit bhunaithe sholáthraí na seirbhíse íocaíochta nó an áit ina n-eisítear an ionstraim íocaíochta laistigh den Aontas a thoirmeasc go sainráite. Chomh maith leis sin, ba cheart a mheabhrú go gcuirtear toirmeasc, le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ar gach íocaí, lena n-áirítear trádálaithe, a cheangal go mbeadh cuntais bhainc suite i mBallstát áirithe le go nglacfaí le híocaíocht in euro.

(25)Le Treoir 2015/2366/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 tugadh isteach diancheanglais slándála i dtaca le tionscnamh agus próiseáil íocaíochtaí leictreonacha, rud a laghdaigh an riosca calaoise i dtaca leis na modhanna íocaíochta nua agus traidisiúnta uile, íocaíochtaí ar líne go háirithe. Tá sé de cheangal ar sholáthróirí seirbhíse íocaíochta fíordheimhniú custaiméara láidir, mar a thugtar air, a chur i bhfeidhm, próiseas fíordheimhnithe lena mbailíochtaítear céannacht úsáideora seirbhíse íocaíochta nó idirbheart íocaíochta. Maidir le cian-idirbhearta, amhail íocaíochtaí ar líne, is déine fós na ceanglais slándála, lena n-éilítear nasc dinimiciúil chuig méid an idirbhearta agus cuntas an íocaí, chun an t-úsáideoir a chosaint a thuilleadh chun na rioscaí i gcás botúin nó ionsaithe calaoiseacha a íosmhéadú. De thoradh na bhforálacha sin, is ionann an riosca go ndéanfar calaois íocaíochta i gcás íocaíochtaí náisíunta agus i gcás íocaíochtaí trasteorann agus níor cheart é a bheith ina chúis le hidirbhearta a dhiúltú nó idirdhealú a dhéanamh eatarthu laistigh den Aontas.

(26)Níor cheart don Rialachán seo aon tionchar a bheith aige ar chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta, agus go háirithe Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE. Comhaontuithe lena bhforchuirtear oibleagáidí ar thrádálaithe gan dul i mbun díolacháin éighníomhacha de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún 29 le custaiméirí áirithe nó le custaiméirí i gcríocha áirithe, meastar go ginearálta iad a bheith sriantach ar an iomaíocht agus i bprionsabal ní féidir iad a dhíolmhú ón toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 101(1) CFAE. Fiú nuair nach gceaptar le hAirteagal 101 CFAE iad, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuireann siad isteach ar dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus d'fhéadfaí iad a úsáid chun dul timpeall ar fhorálacha an Rialacháin seo. Mar sin, ba cheart forálacha na gcomhaontuithe sin agus forálacha comhaontuithe eile i ndáil le díolacháin éighníomhacha lena gceanglaítear ar an trádálaí gníomhú de shárú ar an Rialachán seo, a chur ar neamhní go huathoibríoch. Mar sin féin, níor cheart tionchar a bheith ag an Rialachán seo, agus go háirithe na forálacha atá ann maidir le rochtain ar earraí nó ar sheirbhísí, ar chomhaontuithe lena sriantar díolacháin ghníomhacha de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 330/2010.

(27)Ba cheart do na Ballstáit comhlacht amháin nó níos mó a ainmniú a bheidh freagrach as beart éifeachtach a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo agus chun an comhlíonadh sin a dhaingniú. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhféadfar pionóis a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur ar thrádálaithe i gcás go ndéanfar aon sárú ar an Rialachán seo.

(28)Ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann cúnamh a fháil ó údaráis fhreagracha lena néascófar coinbhleachtaí le trádálaithe a réiteach a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí fhoirm aonfhoirmeach ghearáin a bheith ann.

(29)Ba cheart go ndéanfaí meastóireacht rialta ar an rialachán seo, d'fhonn leasuithe a mholadh i gcás inar gá. Ba cheart go ndíreofaí leis an gcéad mheastóireacht, go háirithe, ar shíneadh a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an toirmeasc atá in Airteagal 4(1)(b) chuig seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, seirbhísí arb é is príomhthréith dóibh, go háirithe, rochtain a thabhairt ar shaothar atá cosanta ó thaobh an de nó ar aon ábhar cosanta eile nó ar a n-úsáid, ar choinníoll go bhfuil na cearta atá riachtanach ag an trádálaí do na críocha lena mbaineann.

(30)D'fhonn forghníomhú éifeachtach na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a éascú, ba cheart na sásraí chun comhar trasteorann a áirithiú i measc na n-údarás inniúla, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 , a bheith ar fáil freisin i ndáil leis na rialacha sin. Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ach i leith dlíthe lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, níor cheart na bearta sin a bheith ar fáil ach nuair is tomhaltóir an custaiméir. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 a leasú dá réir sin.

(31)Chun go bhféadfaí caingne a thabhairt i leith urghairí a bhfuil sé mar aidhm leo comhleasanna tomhaltóirí a chosaint i leith gníomhartha atá contrártha leis an Rialachán seo i gcomhréir le Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 , ba cheart an Treoir sin a leasú, freisin, ionas go gcuirfí tagairt don Rialachán seo san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann léi.

(32)Ba cheart go leor ama a bheith ag trádálaithe, údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara eile chun oiriúnú d'fhorálacha an Rialacháin seo agus comhlíonadh an Rialacháin a áirithiú. I bhfianaise na saintréithe sonracha a bhaineann le seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, seachas na seirbhísí sin arb í an phríomhghné díobh rochtain a sholáthar ar shaothair atá cosanta ó thaobh cóipchirt nó ar ábhar eile atá cosanta agus an céanna a úsáid, ní hiomchuí toirmeasc Airteagal 4(1)(b) a chur i bhfeidhm ach ó dháta is déanaí i leith sholáthar na seirbhísí sin.

(33)D'fhonn an cuspóir a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an idirdhealú díreach agus indíreach a ghnóthú, ar idirdhealú é atá bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí, is iomchuí Rialachán a ghlacadh a mbeidh feidhm dhíreach aige sna Ballstáit go léir. Tá gá leis sin chun go ráthófar cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha neamh-idirdhealaithe ar fud an Aontais mar aon lena dteacht i bhfeidhm ag an am céanna. Is le Rialachán amháin is féidir a áirithiú go mbeidh an méid soiléireachta, aonfhoirmeachta agus deimhneachta dlíthiúla is gá ann lena chur ar chumas na dtomhaltóirí tairbhe iomlán a bhaint as na rialacha sin.

(34)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cosc a chur leis an idirdhealú díreach agus indíreach bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí, lena n-áirítear an gheobhlocáil, in idirbhearta tráchtála le trádálaithe laistigh den Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach, mar gheall ar chineál trasteorann na faidhbe agus mar nach bhfuil an creat dlíthiúil atá ann cheana soiléir go leor, ach, de bharr a fhairsinge agus an tionchair a d'fhéadfadh a bheith aige ar thrádáil sa mhargadh inmheánach, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(35)Urramaítear sa Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Féachtar sa Rialachán seo lena áirithiú go háirithe go n-urramófar go hiomlán Airteagal 16 agus Airteagal 17 de,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

1.Sa Rialachán seo, féachtar le cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí chosc a chur leis an idirdhealú atá bunaithe, go díreach nó go hindíreach, ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe na gcustaiméirí.

2.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás go ndíolann an trádálaí earraí, go soláthraíonn an trádálaí seirbhísí nó go bhféachann an trádálaí leis sin a dhéanamh, i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara;

(b)i gcás go ndíolann an trádálaí earraí, go soláthraíonn an trádálaí seirbhísí nó go bhféachann an trádálaí leis sin a dhéanamh, sa Bhallstát céanna leis an mBallstát ina bhfuil áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara, ach gur náisiúnach de chuid Ballstát eile an custaiméir;

(c)i gcás go ndíolann an trádálaí earraí, go soláthraíonn an trádálaí seirbhísí nó go bhféachann an trádálaí leis sin a dhéanamh, i mBallstát ina bhfuil an custaiméir lonnaithe go sealadach gan cónaí a bheith ar an gcustaiméir sa Bhallstát sin ná áit bhunaithe a bheith ag an gcustaiméir sa Bhallstát sin.

3.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2006/123/CE.

4.Ní dochar an Rialachán seo do na rialacha is infheidhme maidir le réimse an chánachais.

5.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do ghníomhartha dhlí an Aontais a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta. Ní fhorléireofar le comhlíonadh an Rialacháin seo go dtugtar le tuiscint go ndíríonn trádálaí a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí ar an mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí nó sainchónaí ar an tomhaltóir de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 agus phointe (c) d'Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) 1215/2012.

6.A mhéid a bheidh forálacha an Rialacháin seo ar neamhréir le forálacha Airteagal 20 (2) de Threoir 2006/123/CE, is ag forálacha an Rialacháin seo a bheidh forlámhas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011, in Airteagal 2(10), (20) agus (30) de Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 agus in Airteagal 4(8), (9), (11), (12), (14), (23), (24) agus (30) de Threoir (AE) 2015/2366.

Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a)ciallaíonn "tomhaltóir" aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(b)ciallaíonn "custaiméir" tomhaltóir, nó gnóthas, ar náisiúnach de Bhallstát é nó í nó a bhfuil a áit chónaithe nó a háit chónaithe nó a áit bhunaithe nó a háit bhunaithe i mBallstát aige nó aici, agus a bhfuil sé beartaithe aige nó aici earra nó seirbhís a cheannach laistigh den Aontas, nó a cheannaíonn earra nó seirbhís laistigh de, seachas lena athdhíol nó lena hathdhíol;

(c)ciallaíonn "coinníollacha ginearálta maidir le rochtain" gach téarma, coinníoll agus faisnéis eile, lena n-áirítear praghsanna díola, lena rialaítear rochtain custaiméirí ar earraí nó ar sheirbhísí a thairgeann trádálaí lena ndíol, a shocraíonn an trádálaí, a chuireann an trádálaí i bhfeidhm agus ar fáil don phobal i gcoitinne, nó a shocraítear, a chuirtear i bhfeidhm agus ar fáil thar ceann an trádálaí, agus a bhfuil feidhm acu d'uireasa comhaontú arna chaibidliú go leithleach idir an trádálaí agus an custaiméir;

(d)ciallaíonn "earraí" aon mhír shochorraithe inláimhsithe, cé is moite de mhíreanna a dhíoltar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí; measfar uisce, gás agus leictreachas mar earraí de réir bhrí an Rialacháin seo i gcás ina gcuirtear ar díol i méid teoranta nó i gcainníocht sheasta iad;

(e)ciallaíonn "comhéadan ar líne" aon bhogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin agus feidhmchláir, a oibríonn trádálaí nó a oibrítear thar ceann an trádálaí, a fhónann chun rochtain a thabhairt do chustaiméirí ar earraí nó ar sheirbhísí an trádálaí d'fhonn dul i mbun idirbheart tráchtála i leith na n-earraí nó na seirbhísí sin;

(f)ciallaíonn "seirbhís" aon ghníomhaíocht eacnamaíoch ar bhonn féinfhostaithe a thugtar de ghnáth ar luach saothair, dá dtagraítear in Airteagal 57 den Chonradh;

(g)ciallaíonn "trádálaí" aon duine nádúrtha nó dlítheanach, is cuma cibé acu faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí é, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm nó thar ceann an duine sin, chun críocha a bhfuil baint acu le trádáil, ghnó, ceird nó gairm an duine sin.

Airteagal 3

Rochtain ar chomhéadain ar líne

1.Ní chuirfidh trádálaithe cosc ná teorainn, trí bhearta teicneolaíocha a úsáid nó ar dhóigh eile, le rochtain custaiméirí ar a gcomhéadan ar líne ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara.

2.Ní dhéanfaidh trádálaithe, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara, custaiméirí a atreorú go dtí leagan dá gcomhéadan ar líne atá éagsúil leis an gcomhéadan ar líne ar lorg an custaiméir rochtain a fháil ar dtús air, de bhua a leagain amach, na teanga a úsáidtear nó saintréithe eile a fhágann go mbaineann sé go sonrach le custaiméirí a bhfuil náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe ar leith acu, mura dtabharfaidh an custaiméir toiliú sainráite sula ndéanfar an t-atreorú sin.

I gcás go ndéanfar an t-atreorú sin le toiliú sainráite an chustaiméara, beidh rochtain éasca ag an gcustaiméir sin ar bhunleagan an chomhéadain ar líne go fóill féin.

3.Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 i gcás inar gá an cosc, an teorannú rochtana nó an t-atreorú a bheith ann i leith custaiméirí áirithe nó custaiméirí i gcríocha áirithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglas dlí i ndlí an Aontais nó i ndlíthe na mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais.

4.I gcás go gcuirfidh trádálaí cosc nó teorainn le rochtain custaiméirí ar chomhéadan ar líne nó go n-atreoróidh an trádálaí custaiméirí go dtí leagan éagsúil den chomhéadan ar líne i gcomhlíonadh mhír 4, tabharfaidh an trádálaí údar soiléir dó sin. Tabharfar an t-údar sin i dteanga an chomhéadain ar líne ar lorg an custaiméir rochtain a fháil ar dtús air.

Airteagal 4

Rochtain ar earraí nó ar sheirbhísí

1.Ní chuirfidh trádálaithe coinníollacha ginearálta éagsúla i bhfeidhm maidir lena nearraí nó lena seirbhísí, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara, sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás go ndíolann trádálaí earraí agus nach ndéanann an trádálaí na hearraí sin a sheachadadh tras teorann chuig Ballstát an chustaiméara nó nach ndéanfar amhlaidh thar ceann an trádálaí;

(b)i gcás go dtugann an trádálaí seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, seachas seirbhísí arb í an phríomhghné díobh rochtain a sholáthar ar shaothair atá cosanta ó thaobh cóipchirt nó ar ábhar eile atá cosanta agus an céanna a úsáid;

(c)i gcás go dtugann an trádálaí seirbhísí, seachas na seirbhísí a chumhdaítear le pointe (b) agus go soláthraítear na seirbhísí sin don chustaiméir ar áitreabh an trádálaí nó i suíomh fisiciúil ina n-oibríonn an trádálaí, i mBallstát seachas an Ballstát inar náisiúnach de an custaiméir nó ar ann atá áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara.

2.Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 1 maidir le trádálaithe a bhfuil díolúine ó CBL acu ar bhonn fhorálacha Chaibidil 1 de Theideal XII de Threoir 2006/112/CE.

3.Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 1 i gcás go gcoiscfear ar an trádálaí, le foráil shonrach a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i ndlíthe na mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais, na hearraí a dhíol nó na seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí áirithe nó do chustaiméirí i gcríocha áirithe.

Maidir le díolachán leabhar, ní fhágfaidh an toirmeasc arna leagan amach i mír 1 nach luafaidh trádálaithe praghsanna difriúla le custaiméirí i gcríocha áirithe sa mhéid is go bhfuil ceangal orthu é sin a dhéanamh de réir dhlíthe na mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais

Airteagal 5

Neamh-idirdhealú ar chúiseanna a bhaineann le híocaíocht

1.Ní dhéanfaidh trádálaithe, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe an chustaiméara, suíomh an chuntais íocaíochta, áit bhunaithe an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta nó áit eisiúna na hionstraime íocaíochta laistigh den Aontas, coinníollacha éagsúla íocaíochta a chur i bhfeidhm le haghaidh aon díolacháin earraí nó soláthar seirbhísí, i gcás:

(a)go ndéantar na híocaíochtaí sin trí idirbhearta leictreonacha, aistriú creidmheasa, dochar díreach nó ionstraim íocaíochta cártabhunaithe laistigh den bhranda íocaíochta céanna;

(b)go bhféadfaidh an t-íocaí fíordheimhniúchán láidir custaiméirí a iarraidh ar an íocóir de bhun Threoir (AE) 2015/2366; agus

(c)go bhfuil na híocaíochtaí in airgeadra a nglacann an t-íocaí leis.

2.Leis an toirmeasc a leagtar amach i mír 1, ní chuirfear bac ar fhéidearthacht na dtrádálaithe muirir a iarraidh chun ionstraim íocaíochta cártabhunaithe a úsáid nach rialaítear táillí idirmhalartaithe ina leith faoi Chaibidil II de Rialachán (AE) 2015/751 agus le haghaidh na seirbhísí íocaíochta sin nach bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 maidir leo. Ní rachaidh na muirir sin thar na costais a íocann an trádálaí chun an ionstraim íocaíochta a úsáid.

Airteagal 6

Comhaontuithe maidir le díolacháin éighníomhacha

Comhaontuithe lena bhforchuirtear oibleagáidí ar thrádálaithe, i leith díolacháin éighníomhacha, gníomhú ar bhealach lena sáraítear an Rialachán seo, beidh siad ar neamhní dá dhroim sin.

Airteagal 7

Forfheidhmiú ag údaráis na mBallstát

1.Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nó comhlachtaí a bheidh freagrach as an Rialachán seo a fhorfheidhmiú. Áireoidh na Ballstáit gurb ann do mhodhanna a bheidh leordhóthanach agus éifeachtach sa chomhlacht nó sna comhlachtaí a ainmneofar chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú.

2.Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 8

Cúnamh do thomhaltóirí

1.Déanfaidh gach Ballstát an fhreagracht as cúnamh praiticiúil a sholáthar do thomhaltóirí a thabhairt do chomhlacht nó do chomhlachtaí i gcás díospóid idir tomhaltóir agus trádálaí a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nó comhlachtaí a bheidh freagrach as an gcúram sin.

2.Tairgfidh na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 foirm shamplach aonfhoirmeach do thomhaltóirí chun gearáin a dhéanamh chuig na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal 7(1). Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na comhlachtaí sin chun an fhoirm shamplach sin a fhorbairt.

Airteagal 9

Clásal athbhreithnithe

1.Faoin [dáta: dhá bhliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoin meastóireacht ar an Rialachán seo chuig Parlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, más gás, i bhfianaise forbairtí dlíthiúla, teicniúla agus eacnamaíocha.

2.Déanfar an chéad mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, d'fhonn a mheas ar cheart go mbeadh feidhm ag an toirmeasc in Airteagal 4(1)(b) chomh maith maidir le seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, seirbhísí arb é is príomhthréith dóibh, go háirithe, rochtain a thabhairt ar shaothar atá cosanta ó thaobh an chóipchirt de nó ar aon ábhar cosanta eile nó ar a n-úsáid, ar choinníoll go bhfuil na cearta atá riachtanach ag an trádálaí do na críocha lena mbaineann.

Airteagal 10

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus ar Threoir 2009/22CE

1.San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, cuirtear isteach pointe [uimhir] seo a leanas: "[uimhir] [teideal iomlán an Rialacháin seo] (IO L XX, XX.XX. Bliain, lch. X), ach amháin nuair is tomhaltóir an custaiméir de réir bhrí Airteagal 2(3) de Rialachán Uimh. XXXX/Bliain."

2.Cuirtear isteach pointe [uimhir] seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/22/CE: "[uimhir] [teideal iomlán an Rialacháin seo] (IO L XX, XX.XX. Bliain, lch. X)."

Airteagal 11

Forálacha críochnaitheacha

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [dáta: 6 mhí tar éis lá a fhoilsithe].

Beidh feidhm ag pointe (b) d'Airteagal 4(1), áfach, ón 1 Iúil 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) COM (2015) 192 críochnaitheach.
(2) COM (2015) 550 críochnaitheach.
(3) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach.
(4) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an trádáil leictreonach, sa mhargadh inmheánach.
(5) Le hAirteagal 1(a) agus hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus le hAirteagal 1(a) agus le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre, déantar rialáil ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe. In Airteagal 23(2) agus in Airteagal 16(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal, déantar tagairt don neamh-idirdhealú in aeriompar.
(6) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE.
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála agus Rialachán (CE) Uimh. 593/2008ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh 1).
(8) COM(2015) 634 críochnaitheach, Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach a sholáthar.
(9) COM(2015) 635 críochnaitheach, Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin ar líne agus ciandíolacháin eile earraí.
(10) SWD(2012) 146 críochnaitheach, Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún a fhéachann le treoracha a bhunú i ndáil le cur chun feidhme Airteagal 20(2) de Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach ("an Treoir maidir le Seirbhísí")
(11) Tá tuarascáil achoimreach ar an gcomhairliúchán poiblí foilsithe anseo: https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/news/full-report-results-public-consultation-geoblocking.
(12) Tá na torthaí tosaigh foilsithe anseo: http://ec.europa.eu/competition/antitrust/sector_inquiries_e_commerce.html  
(13) SWD (2016)173 agus SWD (2016)174
(14) Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha.
(15) Rialachán (CE) Uimh. 1215/2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála.
(16) IO C […], […], p. […].
(17) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).
(18) Rialachán (CE) Uimh.1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).
(19) Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).
(20) Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).
(21) Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lch. 14).
(22) Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).
(23) Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).
(24) Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).
(25) Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).
(26) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1).
(27) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347/1, 1.11.12, 2006 lch. 1-118).
(28) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35-127).
(29) Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe (IO L 102, 23.4.2010, lch. 1).
(30) Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (IO L 364, 9.12.2004, lch. 1).
(31) Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30).
(32) Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 1).