An Bhruiséil,4.5.2016

COM(2016) 279 final

2016/0141(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

(An Tuirc)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 16 Nollaig 2013 chuir an tAontas Eorpach agus an Tuirc tús leis an Idirphlé maidir le Léirscaoileadh Víosaí, san am céanna a síníodh an Comhaontú um Athligean isteach idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc. Is ar an Treochlár ionsar chóras gan víosa leis an Tuirc ("an treochlár") atá an tIdirphlé sin bunaithe, doiciméad ina bhfuil na ceanglais leagtha amach is gá don Tuirc a chomhlíonadh chun é a chur ar chumas Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle leasú a mholadh ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 1 , leasú lena gceadófaí do shaoránaigh den Tuirc ag a bhfuil pas bithmhéadrach a chloíonn le caighdeáin an Aontais dul isteach sna Ballstáit gan víosa le haghaidh gearrfhanachta (i.e. suas le 90 lá in aon tréimhse 180 lá). An 72 cheanglas atá liostaithe sa treochlár, tá siad roinnte ina gcúig ghrúpa théamacha (nó "bloic"): slándáil doiciméad; bainistiú imirce; an tord poiblí agus an tslándáil; cearta bunúsacha; athligean isteach imirceach neamhrialta.

An 20 Deireadh Fómhair 2014 ghlac an Coimisiún An chéad tuarascáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an Tuirc ó thaobh ceanglais an treochláir um léirscaoileadh víosaí a chomhlíonadh 2 ("an Chéad Tuarascáil"). Thug an Coimisiún a mheas ar chomhlíonadh gach ceanglais agus d'eisigh sé moltaí faoin dóigh a bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh i ngach ceann acu.

An 29 Samhain 2015, ag an gCruinniú Mullaigh idir an Tuirc agus an tAontas Eorpach, chuir toscaireacht na Tuirce in iúl go raibh an Tuirc tiomanta dlús a chur le comhlíonadh cheanglais an treochláir. Ar cheann de na dóigheanna a ndéanfaí sin bheadh forálacha uile an Comhaontaithe um Athligean isteach a chur i bhfeidhm roimh am, féachaint léirscaoileadh víosaí a bhaint amach faoi mhí Dheireadh Fómhair 2016 3 . Bhí fáilte ag an Aontas Eorpach roimh an méid sin.

An 4 Márta 2016, ghlac an Coimisiún An dara tuarascáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an Tuirc ó thaobh ceanglais an treochláir um léirscaoileadh víosaí a chomhlíonadh 4 ("an Dara Tuarascáil"), inar thug an Coimisiún a mheas ar an dul chun cinn a bhí déanta ag an Tuirc ó thaobh ceanglais an treochláir a chomhlíonadh. Thángthas ar an gconclúid go raibh dlús curtha lena gcuid iarrachtaí ag údaráis na Tuirce chuige sin, ón uair a bhí an cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc ann ar an 29 Samhain 2015. Liostaíodh sa tuarascáil moltaí sonracha i dtaobh na mbeart ba cheart don Tuirc a dhéanamh féachaint tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i dtreo lánchomhlíonadh na gceanglas ar fad. Ina theannta sin, spreagadh údaráis na Tuirce tuilleadh dlúis a chur leis an bpróiseas athchóirithe trí aghaidh a thabhairt go práinneach ar na ceisteanna gan réiteach a luadh sa tuarascáil. Dearbhaíodh sa tuarascáil na réimsí ina raibh na tagarmharcanna bainte amach ag an Tuirc agus luadh na bearta is gá don Tuirc a dhéanamh chun tagarmharcanna uile an treochláir a bhaint amach.

An 7 agus an 18 Márta 2016 bhí cruinniú ann idir Cinn Stáit nó Cinn Rialtais an Aontais Eorpaigh agus an Tuirc. Tháinig as an gcruinniú sin an ráiteas seo ón Aontas agus ón Tuirc: "Cuirfear dlús le comhlíonadh an treochláir um léirscaoileadh víosaí, i ndáil leis na Ballstáit rannpháirteacha ar fad, féachaint le deireadh a chur leis na ceanglais víosaí do shaoránaigh na Tuirce faoi dheireadh mhí Mheithimh 2016 ar a dhéanaí, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na tagarmharcanna go léir. Chuige sin, déanfaidh an Tuirc an méid is gá chun na ceanglais atá fágtha a chomhlíonadh le go mbeidh sé ar chumas an Choimisiúin, ach a ndéanfar an measúnú a cheanglaítear a dhéanamh ar chomhlíonadh na dtagarmharc, togra iomchuí a thíolacadh faoi dheireadh mhí Aibreáin, a mbeadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cinneadh críochnaitheach a dhéanamh ar a bhonn" 5 .

Sa Tríú Tuarascáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an Tuirc ó thaobh ceanglais an treochláir um léirscaoileadh víosaí a chomhlíonadh 6 , tuarascáil atá á heisiúint san am céanna leis an togra seo, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil tuilleadh dlúis curtha ag údaráis na Tuirce le roinnt míonna anuas lena gcuid iarrachtaí an coinníoll sin a chomhlíonadh, agus go bhfuil sin ag teacht as an bhflosc agus an tiomantas breise atá léirithe ag an Tuirc ón uair a bhí an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc ann ar an 29 Samhain 2015. Aithníonn an Coimisiún an dul chun cinn nach beag atá déanta ag údaráis na Tuirce go nuige seo, agus misníonn sí iad géarú go práinneach ar a gcuid iarrachtaí féachaint na ceanglais uile a chomhlíonadh, ionas go bhféadfar léirscaoileadh víosaí a thabhairt isteach faoi dheireadh mhí an Mheithimh.

Faoi mar atá ráite sa Tuarascáil, áfach, níor éirigh go fóill le húdaráis na Tuirce an sprioc uaillmhianach sin a bhaint amach, arae tá 7 gceanglas den 72 cheanglas ann nár comhlíonadh go fóill. Roinnt de na ceanglais sin, is ceanglais thábhachtacha iad.

Dhá cheann den 7 gceanglas sin, teastaíonn tréimhse níos faide lena gcur chun feidhme, ar chúiseanna praiticiúla agus nóis imeachta, agus dá dheasca sin níorbh fhéidir iad a chur chun feidhme ina niomláine sular tíolacadh an togra seo. Siod iad an dá thagarmharc atá i gceist:

pasanna bithmhéadrachta atá ann cheana a uasghrádú chun gnéithe slándála a chloíonn le caighdeáin an Aontais Eorpaigh a ionchorprú iontu;

forálacha an Chomhaontaithe um Athligean isteach idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc a chur chun feidhme ina niomláine, go háirithe iad sin a bhaineann le hathligean isteach náisiúnaigh tríú tír.

Faoi mar atá ráite sa Tuarascáil, tá socrú déanta ag an gCoimisiún agus údaráis na Tuirce le chéile faoi na dóigheanna praiticiúla leis na tagarmharcanna sin a chur chun feidhme sula mbeidh siad comhlíonta ina niomláine.

Iarrann an Coimisiún ar údaráis na Tuirce na bearta a dhéanamh a bhfuil gá leo chun tagarmharcanna eile an treochláir nach bhfuil comhlíonta a bhaint amach, agus sin go práinneach. Ag seo na tagarmharcanna eile sin:

na bearta frithéillithe atá leagtha síos sa treochlár a ghlacadh, is é sin gníomhú go héifeacht chun na moltaí a d'eisigh Grúpa Stát na Comhairle Eorpaí i gcoinne an Éillithe a chur sa chuntas (GRECO);

an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí pearsanta a chur i gcomhréir le caighdeáin an Aontais Eorpaigh, go háirithe chun deimhin a dhéanamh de go bhféadfaidh an túdarás cosanta sonraí feidhmiú go neamhspleách agus go mbeidh gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí laistigh de raon feidhme an dlí;

comhaontú maidir comhar oibríochtúil a dhéanamh le Europol. Tá sin ag brath ar na hathruithe thuasluaite a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí;

comhar breithiúnach éifeachtach in ábhair choiriúla a thairiscint do Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh;

athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir leis an sceimhlitheoireacht agus ar an dóigh a ndéileáiltear leis an sceimhlitheoireacht, go háirithe trí shainmhíniú na sceimhlitheoireachta a thabhairt i gcomhréir níos dlúithe leis an sainmhíniú atá i gCinneadh Réim 2002/475/JHA arna leasú chun raon feidhme an tsainmhínithe a chúngú agus trí critéar comhréireachta a thabhairt isteach.

Ar chuntar go mbainfidh údaráis na Tuirce amach tagarmharcanna an treochláir nach bhfuil comhlíonta go fóill, rud a gheall siad an 18 Márta 2016 a dhéanfaidís go práinneach, tá cinneadh déanta ag an gCoimisiún an togra a thíolacadh maidir le leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 chun deireadh a chur leis an gceanglas víosa atá ar shaoránaigh den Tuirc ar sealbhóirí iad de phas bithmhéadrach a chloíonn le caighdeáin an Aontais Eorpaigh.

Chun cuidiú leis na comhreachtóirí a meas thabhairt air seo, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag déanamh faireachán ar na bearta a dhéanfaidh údaráis na Tuirce chun ceanglais an treochláir nach bhfuil bainte amach go fóill a chomhlíonadh.

Tríd an togra seo a thíolacadh i dtús mhí na Bealtaine, gabhfaidh beidh tréimhse ocht seachtaine ann idir an tráth a chuirfear an dréacht ar fáil do na parlaimintí náisiúnta agus glacadh an togra faoi dheireadh mhí an Mheithimh, faoi mar atá ráite sa Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc an 18 Márta 2016, agus i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 a ghabhann leis na Conarthaí maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach. Dá bharr sin, déanfar deimhin de leis an togra go mbainfear amach cuid thábhachtach den Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc, a chomhaontaigh Cinn Stáit nó Cinn Rialtais an 18 Márta 2016.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

I Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu agus liostaítear ann, leis, na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin. Na Ballstáit ar fad – diomaite d'Éirinn agus den Ríocht Aontaithe – mar aon leis an Eilvéis, an Iorua, an Íoslann agus Lichtinstéin, cuireann siad Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 i bhfeidhm. Is cuid é an Rialachán seo de chomhbheartas víosaí an Aontais Eorpaigh maidir le gearrfhanacht 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

Faoi láthair, is in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 atá an Tuirc liostaithe, i.e. tá sí ar cheann de na tíortha sin a bhfuil ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu chun dul isteach i gcríoch Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. 259/2014 7 tráth a aistríodh an Mholdóiv go liosta na dtíortha atá díolmhaithe ón cheanglas víosa ar an ábhar gur éirigh léi a plean gníomhaíochta maidir le léirscaoileadh víosaí a chur chun feidhme. Leasaíodh é le Rialachán (AE) Uimh. 509/2014 8 freisin, tráth a díolmhaíodh cúig thír i Muir Chairib 9 , agus aon tír déag san Aigéan Ciúin 10 , chomh maith leis an gColóim, an Pheiriú agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ó cheanglas víosaí – faoi réir comhaontuithe tarscaoilte víosaí a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus na tríú tíortha lena mbaineann – tar éis athbhreithniú tréimhsiúil a bheith déanta ar na liostaí víosa. An 9 Márta 2016 agus an 20 Aibreán 2016, thíolaic an Coimisiún tograí arb é aidhm dóibh Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 a leasú agus an tSeoirsia 11 agus an Úcráin 12 faoi seach a aistriú chuig an liosta tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, i ndiaidh do na tíortha sin a bplean gníomhaíochta maidir le léirscaoileadh víosaí a chur chun feidhme.

Na critéir ba cheart a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh, cás ar chás, cé na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa nó díolmhaithe ón gceanglas sin, tá siad leagtha síos in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 (arna thabhairt isteach le Rialachán (AE) Uimh. 509/2014). Ar na critéir sin tá "inimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádála coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena náirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach” 13 . Ní mór aird ar leith a thabhairt ar shlándáil na ndoiciméad taistil a eisíonn na tríú tíortha lena mbaineann.

Maidir le cómhalartacht, an 2 Bealtaine 2016, thug Rialtas na Tuirce reacht isteach lena dtabharfar cead do shaoránaigh uile na mBallstát dul isteach sa Tuirc gan aon víosa, ón dáta a gcuirfear deireadh leis an gceanglas víosa atá ar shaoránaigh den Tuirc.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

An 6 Aibreán 2016, mhol an Coimisiún Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) a bhunú chun teorainneacha seachtracha limistéar Schengen a neartú 14 . Is iad príomhaidhmeanna an togra sin feabhas a chur ar cháilíocht na seiceálacha teorann a dhéantar ar náisiúnaigh tríú tír agus deimhin a dhéanamh de go sainaithneofar rófhantóirí ar dhóigh chórasach iontaofa. Dá bhrí sin, nuair a bheidh EES bunaithe beidh sé ina uirlis thábhachtach le deimhin a dhéanamh de go mbeidh fanachtaí ag náisiúnaigh ó thríú tíortha atá díolmhaithe ón cheanglas víosa, go mbeidh siad dleathach, agus beidh sé ina chuidiú cosc a chur ar imirce neamhrialta ag náisiúnaigh de thríú tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa.

Ina theannta sin, i dTeachtaireacht ón gCoimisiún 15 , fógraíodh go measfadh an Coimisiún a riachtanaí, a indéanta agus a chomhréire atá sé córas Eorpach um fhaisnéis agus údarú taistil (ETIAS) a bhunú. Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún go scrúdóidh sé in 2016 an bhfuil sé indéanta agus comhréireach leibhéal eile rialuithe dá shórt sin a chur i bhfeidhm ar náisiúnaigh ó thíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus, chomh maith leis sin, an mbeadh a leithéid ina chuidiú le fírinne le slándáil limistéar Schengen a chaomhnú agus a neartú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Ós rud é go ndéanfaidh an togra seo leasú ar chomhbheartas víosaí an Aontais Eorpaigh, is é pointe (a) d'Airteagal 77(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhunús dlí. Forbairt ar acquis Schengen a bheidh sa rialachán atá beartaithe.

Coimhdeacht, comhréireacht agus rogha na hionstraime

Ós rud é gur gníomh dlí de chuid an Aontais Eorpaigh Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, is le gníomh dlí atá coibhéiseach leis, agus leis sin amháin, is féidir é a leasú. Ní féidir leis na Ballstáit gníomhú leo féin chun an cuspóir beartais a bhaint amach. Ní ann d'aon rogha bheartais eile (nach rogha bheartais reachtach é) lena bhféadfaí an cuspóir beartais a bhaint amach.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh plé go minic leis na Ballstáit ag an gComhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, ag COREPER, ag Meitheal na Comhairle um Méadú (COELA), ag cruinnithe le comhairleoirí ceartais agus gnóthaí baile de chuid na mBallstát, agus ag roinnt cur i láthair faoi staid an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí a tugadh do Pharlaimint na hEorpa (ag seisiúin iomlánacha agus ag cruinnithe den choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE)).

Bailiú agus úsáid saineolais

Tá sonraí cuimsitheacha bailithe ag an gCoimisiún faoin méid atá ceanglais uile an treochláir curtha chun feidhme ag an Tuirc. Ó thús deireadh an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí leis an Tuirc, agus go háirithe a fhad a bhaineann le hullmhú a cuid tuarascálacha, bhí saineolaithe ó sheirbhísí an Choimisiúin, ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (EEAS), ó na Ballstáit agus ó ghníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais (e.g. Frontex, EASO, Europol, Eurojust), bhí siad sin páirteach sa reachtaíocht a d'ullmhaigh an Tuirc sna réimsí a bhaineann leis an idirphlé agus i gcur chun feidhme na reachtaíochta sin, agus rinne siad anailís ar na nithe sin freisin. Tugadh roinnt cainteanna faoi ghnóthaí teicniúla agus tugadh cuairt roinnt uaireanta ar an láthair, agus bailíodh mórchuid doiciméad le cúnamh údaráis agus saineolaithe de chuid na Tuirce.

An measúnú tionchair

Tá ag gabháil leis an Dara Tuarascáil, a d'eisigh an Coimisiún an 4 Márta 2016, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin 16 , ina bhfuil measúnú ar an tionchar a d'fhéadfadh léirscaoileadh víosaí don Tuirc a imirt ar an imirce san Aontas. Ar staitisticí ó Eurostat, ar eolas ó na gníomhaireachtaí ábhartha agus ó threochtaí breathnaithe a bunaíodh an measúnú.

Tá ag gabháil leis an Tríú Tuarascáil, a eisíodh san am céanna leis an togra seo, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin 17 , ina bhfuil faisnéis faoin méid atá gach ceanglas comhlíonta. Ina cheann sin, tá measúnú sa doiciméad sin ar an tionchar a d'fhéadfadh léirscaoileadh víosaí don Tuirc a imirt ar an tslándáil san Aontas.

Ní gá aon mheasúnú tionchair eile a dhéanamh.

Cearta bunúsacha

Ní bheidh aon tionchar diúltach ag an togra ar chosaint na gceart bunúsach san Aontas Eorpach. Cuirfidh comhlíonadh thagarmharcanna an treochláir feabhas ar chosaint chearta an duine.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

neamhbhainteach

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, measúnaithe agus tuairiscithe

Beidh feidhm dhíreach ag an Rialachán leasaithe ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm agus cuirfidh na Ballstáit chun feidhme é láithreach. Níl aon ghá le plean cur chun feidhme.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag déanamh faireacháin ar an dul chun cinn atá an Tuirc a dhéanamh i dtaobh na dtagarmharcanna ar fad atá i gcúig bhloc an treochláir a chur chun feidhme, agus déanfaidh sé sin trí na struchtúir comhlachais atá ann cheana agus tríd an idirphlé agus, más gá, le sásraí faireacháin ad hoc.

Go háirithe, fiú i ndiaidh córas gan víosa a bheith tugtha isteach don Tuirc, leanfaidh an Coimisiún, trí chruinnithe de Choiste Comhpháirteach an Aontais Eorpaigh agus na Tuirce um Athligean isteach a thionól go rialta, leanfaidh sé de bheith ag déanamh faireacháin ar an méid atá an Tuirc ag cur chun feidhme fhorálacha an Chomhaontaithe um Athligean isteach idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc. Tá comhlíonadh na bhforálacha sin, i dtaca le Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh, ar cheann de na rudaí nach féidir córas gan víosa a thabhairt isteach ina éagmais.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leasófar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, agus aistreofar an Tuirc ó Iarscríbhinn I (liosta na dtíortha atá faoi réir ceanglas víosa) go dtí Iarscríbhinn II (liosta na dtíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa). I gcomhréir leis an treochlár, cuirfear fonóta isteach á rá go bhfuil feidhm ag an díolúine le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna neisiúint i gcomhréir le caighdeáin Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle, go háirithe criptiú méarlorg trí bhíthin Breisrialú Rochtana (SAC – Supplementary Access Control).

Tá sé curtha in iúl ag an Tuirc don Choimisiún go ndéanfaidh sé na hathchóirithe uile is gá chun pasanna bithmhéadracha a chloíonn go hiomlán le caighdeáin an Aontais Eorpaigh a eisiúint faoi dheireadh 2016. San am céanna, féachfaidh an Tuirc chuige faoi thús mhí an Mheithimh go mbeidh i ngach pas a eiseofar grianghraf de shealbhóir an phas agus a mhéarloirg ar taifead i slis ann, agus go mbeidh na pasanna sin ag cloí go hiomlán le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). I bpasanna den saghas sin, beidh na méarloirg faoi chosaint ag an gcriptiú Rialú Rochtana Breisithe (EAC – Extended Access Control). Ar an ábhar sin beidh feidhm, ar bhonn eisceachtúil, ag an díolúine víosa maidir le sealbhóirí an tsaghas sin pas, ar chuntar gur eisíodh iad idir an 1 Meitheamh 2016 agus an 31 Nollaig 2016. Rachaidh an díolúine sin in éag an 31 Nollaig 2017. Sula dtiocfaidh an córas gan víosa i bhfeidhm, ba cheart don Tuirc na deimhnithe lenar féidir an fhaisnéis atá stóráilte sa tslis ar phasanna Turcacha a fhíordheimhniú agus a léamh.

2016/0141 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

(An Tuirc)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d'Airteagal 77(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)I Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle 18 liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu agus liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin. Comhdhéanamh na liostaí de thríú tíortha in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, ba cheart é a bheith ag teacht leis na critéir atá leagtha amach iontu, agus ba cheart go bhfanfadh sé amhlaidh. Tagairtí do thríú tíortha a bhfuil athrú tagtha ar an staid ina bhfuil siad i ndáil leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó iarscríbhinn amháin go dtí an iarscríbhinn eile, de réir mar is iomchuí.

(2)Na critéir ba cheart a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh, cás ar chás, cé na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa nó díolmhaithe ón gceanglas sin, tá siad leagtha síos in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Áirítear orthu sin "inimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádála coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena náirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach”.

(3)I ndiaidh na gCruinnithe Mullaigh idir an tAontas agus an Tuirc a bhí ann ar an 29 Samhain 2015 agus an 18 Márta 2016, comhaontaíodh go gcuirfí dlús le comhlíonadh an treochláir um léirscaoileadh víosaí a chuir an Coimisiún i láthair rialtas na Tuirce an 16 Nollaig 2013, i dtaca leis na Ballstáit rannpháirteacha ar fad, féachaint deireadh a chur leis an gceanglas víosa atá ar náisiúnaigh den Tuirc faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2016 ar a dhéanaí.

(4)Tá léirscaoileadh víosaí don Tuirc ina chuid ríthábhachtach den Ráiteas ón Aontas agus ón Tuirc a rinneadh an 18 Márta 2016. Sa Ráiteas sin, tá sé leagtha síos gur cheart deireadh a chur leis na ceanglais víosa atá ar shaoránaigh den Tuirc faoi Mheitheamh 2016 ar a dhéanaí. Tríd an togra maidir le léirscaoileadh víosaí a thíolacadh i dtús mhí na Bealtaine, beidh an tréimhse ocht seachtaine atá ag na parlaimintí náisiúnta de réir Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 a ghabhann leis na Conarthaí maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, beidh an tréimhse sin caite sula nglacfar an togra i ndeireadh mhí an Mheithimh.

(5)[Comhlíonann an Tuirc ceanglais a treochláir um léirscaoileadh víosaí. Ar bhonn an mheasúnaithe seo agus ag cur san áireamh na gcritéar uile a liostaítear in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, is iomchuí náisiúnaigh den Tuirc a dhíolmhú ón gceanglas víosa atá orthu le dul isteach i gcríoch na mBallstát.]

(6)Dá réir sin, ba cheart an Tuirc a aistriú ó Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 go dtí Iarscríbhinn II de. 

(7)Tá an díolúine víosa sin ag brath ar chur chun feidhme leanúnach cheanglais an treochláir um léirscaoileadh víosaí agus an Ráitis ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc a rinneadh an 18 Márta 2016. Déanfaidh an Coimisiún faireachán gníomhach ar chur chun feidhme na gceanglas agus an Ráitis. Féadfaidh an tAontas Eorpach an díolúine víosa a fhionraí i gcomhréir leis an sásra fionraíochta a bunaíodh le hAirteagal 1a de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, arna leasú le Rialachán xxx, má chomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach san Airteagal sin.

(8)Ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine víosa sin maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna neisiúint i gcomhréir le caighdeáin Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle, agus maidir leo siúd amháin. 19 . Ar bhonn eisceachtúil, ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine freisin maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha ina bhfuil méarloirg an tsealbhóra, arna neisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), ar choinníoll gur pasanna iad a eisíodh idir an 1 Meitheamh 2016 agus an 31 Nollaig 2016. Rachaidh an díolúine sin in éag an 31 Nollaig 2017.

(9)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle 20 . Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(10)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 21 . Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(11)Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 22 .

(12)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh in gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 23 .

(13)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 24 ,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 mar a leanas:

(a)in Iarscríbhinn I, Cuid 1 ("NA STÁIT"), scriostar an tagairt don Tuirc.

(b)in Iarscríbhinn II, Cuid 1 ("NA STÁIT"), cuirtear isteach an tagairt seo a leanas:

"An Tuirc"*

______________

*    An díolúine ón gceanglas víosa, níl sé infheidhme ach maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna neisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna neisiúint ag na Ballstáit, IO L 385, 29.12.2004, lch. 1. Ar bhonn eisceachtúil, beidh feidhm freisin ag an díolúine maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha ina bhfuil méarloirg an tsealbhóra, arna neisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), ar choinníoll gur pasanna iad a eisíodh idir an 1 Meitheamh 2016 agus an 31 Nollaig 2016. Rachaidh an díolúine sin in éag an 31 Nollaig 2017.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin, IO L 81, 21.03.2001, lch. 1.
(2) COM(2014) 646 final.
(3) Cruinniú idir Cinn Stáit nó Cinn Rialtais an Aontais Eorpaigh agus an Tuirc: http://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2015/11/29-eu-turkey-meeting-statement/
(4) COM(2016) 140 final.
(5) Ráiteas a glacadh ag an gcruinniú idir Cinn Stáit nó Cinn Rialtais an Aontais Eorpaigh agus an Tuirc: http://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2016/03/18-eu-turkey-statement/
(6) COIM(2016) 278 final.
(7) Rialachán (AE) Uimh. 259/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin, IO L 105, 8.4.2014, lch. 9.
(8) Rialachán (AE) Uimh. 509/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin, IO L 149, 20.5.2014, lch. 67.
(9) Doiminice, Greanáda, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Saint Lucia, San Uinseann agus na Greanáidíní.
(10) Cireabaití, an Mhicrinéis, Nárú, Oileáin Marshall, Palau, Oileáin Sholomón, Samó, Tíomór Thoir, Tonga, Tuvalu, Vanuatú.
(11) COM(2016) 142 final.
(12) COM(2016) 236 final.
(13) Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.
(14) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí (COM(2016) 194 final).
(15) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, "Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil" (COM(2016) 205 final).
(16) SWD (2016) 97 final.
(17) SWD (2016) 161 final.
(18) Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin, IO L 81, 21.03.2001, lch. 1.
(19) Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag na Ballstáit, IO L 385, 29.12.2004, lch. 1.
(20) Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen, IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.
(21) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen, IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.
(22) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.
(23) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.
(24) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine, IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.