12.2.2016   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C 56/48


Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 1/2016 ón gComhairle ar an gcéad léamh i ndáil le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh a ghlacadh lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004

(2016/C 56/02)

I.   RÉAMHRÁ

Ar an 31 Eanáir 2013 thíolaic an Coimisiún a thogra chuig an gComhairle le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004.

Ar an 26 Feabhra 2014, vótáil Parlaimint na hEorpa a tuairim ar an gcéad léamh.

Ar an 5 Meitheamh 2014, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil i ndáil leis an dréacht-Rialachán. Tar éis athbhreithnithe dlí agus teanga, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh ar an 10 Nollaig 2015, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a leagtar síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tar éis na vótála i bParlaimint na hEorpa agus tar éis Comhaontú Déthaobhach na Comhairle a ghlacadh, chuaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i mbun caibidlíochta le chéile d'fhonn teacht ar chomhaontú faoin togra. Ar an 17 Meitheamh 2015, thángthas ar chomhréiteach deiridh, a d'fhormhuinigh Coiste na mBuanionadaithe ina dhiaidh sin ar an 30 Meitheamh 2015. Dhearbhaigh Coiste Pharlaimint na hEorpa um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN), an comhaontú ar an 10 Samhain 2015 agus sheol sé litir i ndáil leis sin chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe an 10 Samhain 2015.

Agus í i mbun a cuid oibre, chuir an Chomhairle tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún san áireamh.

II.   ANAILÍS AR AN SEASAMH AR AN gCÉAD LÉAMH

1.   Go ginearálta

Is cuid den Cheathrú Pacáiste Iarnróid é an togra thuasluaite, a bhfuil sé cinn de thograí reachtacha ann, arb é is aidhm leo fáil réidh leis na bacainní ar chomhlánú an Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid.

Is í sprioc ghinearálta an nuaphacáiste reachtaigh sin caighdeán agus éifeachtúlacht na seirbhísí iarnróid a fheabhsú trína bhfuil de bhacainní fágtha a dhíchur agus trí chomhchuibhiú na gceanglas idir-inoibritheachta agus sábháilteachta a threisiú chun caighdeán comhchuibhithe níos airde i ngréasán iarnróid an Aontais a áirithiú.

Ina fhianaise sin, tá sé mar aidhm leis an Rialachán nua don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid (dá ngairtear feasta “an Ghníomhaireacht”), a mhol an Coimisiún, an creat rialála mar atá a leasú chun go saineofar na cúraimí nua a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht i réimse na hidir-inoibritheachta agus na sábháilteachta. Eascraíonn na cúraimí nua sin as deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle a bheith á n-eisiúint ag an nGníomhaireacht, mar a mhol an Coimisiún sna Treoracha i ndáil le hidir-inoibritheacht agus Sábháilteacht.

Fairis sin, beartaítear go ndéanfar na forálacha atá ann cheana a shoiléiriú, mar aon leis na forálacha i leith gnéithe rialachais na Gníomhaireachta a uasdátú agus a neartú, i gcomhréir leis na prionsabail atá i “Cur Chuige Coiteann Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le gníomhaireachtaí díláraithe”, a comhaontaíodh ar an 12 Meitheamh 2012.

In é an cur chuige a bhí ag an gComhairle roinnt leasuithe a chur i bhfeidhm ar an togra bunaidh. Táthar tar éis leasú suntasach a dhéanamh ar phríomhfhorálacha an Rialacháin cheana. Le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, dá bhrí sin, leasaítear an togra bunaidh ón gCoimisiún trína athdhréachtú agus trí roinnt forálacha den téacs a scriosadh agus roinnt eile a chur leis. Ciallaíonn sé sin nach féidir leis an gComhairle glacadh leis na leasuithe a cuireadh isteach in éineacht le tuairim Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh i ndáil leis na forálacha sin.

2.   Príomh-shaincheisteanna beartais

i)   Deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle a eisiúint: ról na Gníomhaireachta agus na n-údarás náisiúnta sábháilteachta faoi seach (Airteagal 12, 14, 20 agus 21)

Ar mhaithe le feabhas a chur ar éifeachtúlacht na bpróiseas i ndáil le heisiúint na ndeimhnithe sábháilteachta agus na n-údaruithe feithicle, bheartaigh an Coimisiún ina thogra bunaidh go mbeadh aistriú suntasach inniúlachtaí i gceist ó na húdaráis náisiúnta chuig an nGníomhaireacht ó thaobh eisiúint deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle.

Tagann an Chomhairle le cur chuige an Choimisiúin, tríd is tríd, ach meastar di nach mór an togra ón gCoimisiún a mhodhnú ina leith sin d'fhonn tuilleadh solúbthachta a fhí isteach i bhfreagrachtaí éagsúla na n-údarás náisiúnta sábháilteachta agus na Gníomhaireachta maidir le próisis na ndeimhnithe sábháilteachta agus na n-údaruithe feithicle.

Dá bhrí sin, déanann an Chomhairle an chothromaíocht i gcomhroinnt na n-inniúlachtaí idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta, a mhol an Coimisiún ar dtús, a mhodhnú, agus breis cosaintí á ndeonú do na húdaráis náisiúnta sábháilteachta i gcásanna áirithe.

Bunófar, de réir sheasamh na Comhairle, córas déach maidir le húdarú feithicle agus deimhniúchán sábháilteachta, arb í an Ghníomhaireacht an t-ionad ilfhreastail lena ndéanfar feithiclí a údarú a bhfuil oibríochtaí trasteorann ceaptha dhóibh, agus lena n-eisítear deimhnithe sábháilteachta do ghnóthais iarnróid a mbíonn trácht trasteorann ar bun acu, ach ról tábhachtach á choinneáil i gcónaí ag na húdaráis náisiúnta sábháilteachta maidir leis na measúnúcháin is gá a dhéanamh. I ndáil le feithiclí agus gnóthais iarnróid a bhíonn ag gabháil d'iompar náisiúnta amháin, féadfaidh siad iarratas a thíolacadh i gcónaí, do Ghníomhaireacht nó don Údarás Náisiúnta Sábháilteachta, le haghaidh údarú nó deimhniúcháin. Fanann an nós imeachta agus na critéir mar an gcéanna sa dá chás sin, áfach.

Ina theannta sin, foráiltear le seasamh na Comhairle go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht córas faisnéise agus cumarsáide a bhunú agus a bhainistiú a mbeidh feidhmeanna “ionaid ilfhreastail” faoina chuimsiú (Airteagal 12).

Tacaíonn Parlaimint na hEorpa, tríd is tríd, leis an gcur chuige a choinnigh an Chomhairle. Mar sin féin, cuireann sí chun feidhme ar shlí eile é, trí mhaolú a thabhairt isteach le haghaidh “gréasáin iargúlta iarnróid”, lena gcumhdaítear gréasáin iarnróid na mBallstát, nó cuid díobh, a bhfuil leithead rianta de 1 520 mm acu.

Le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, déantar an t-ábhar imní a luaigh Parlaimint na hEorpa a chumhdach tríd an gcoincheap “gréasáin iargúlta” a chuimsiú sna forálacha i ndáil leis na comhaontuithe comhair.

Ina fhianaise sin, d'fhéadfadh an Chomhairle leasuithe 4, 49 agus 62 a chur san áireamh go páirteach nó ina n-éirim.

ii)   Ról na Gníomhaireachta i ndáil leis an gCóras Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) a údarú lena chur i mbun seirbhíse (Airteagal 22)

Sa togra bunaidh uaidh, bheartaigh an Coimisiún go ndéanfaí an fhreagracht maidir le fochórais rialaithe-ordaithe agus comharthaíochta taobh riain a chur i mbun seirbhíse, a aistriú chuig an nGníomhaireacht, lena n-áirítear an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS).

Ní thagann an Chomhairle le cur chuige an Choimisiúin faoin tsaincheist sin agus meastar di gur cheart do na húdaráis náisiúnta leanúint d'údarú a thabhairt i dtaca le córais ERTMS a chur i mbun seirbhíse.

Mar sin féin, chun comhaontú leis an bParlaimint a éascú, ós í a dhearbhaíonn nach foláir an fhreagracht a dheonú don Ghníomhaireacht maidir le húdarú a thabhairt i dtaca le córais ERTMS a chur i mbun seirbhíse, tugtar isteach i dtéacs na Comhairle gur gá fíorú éigeantach a dhéanamh sula dtugtar údarú. Go háirithe, tá faoin gComhairle rialacha soiléire le haghaidh comhair a bhunú idir na páirtithe lena mbaineann i gcás dhá chúinse éagsúla a bheith ann i dtaca le ERTMS, mar atá, i gcás ina mbíonn gá le hathruithe sula n-eisíonn an t-údarás náisiúnta sábháilteachta an t-údarú nó i gcás ina bhfionnann an Ghníomhaireacht, tar éis don údarás náisiúnta sábháilteachta an t-údarú a eisiúint, go bhfuil comhoiriúnacht theicniúil agus oibríochtúil neamhleor idir na gréasáin agus na feithiclí a fheistítear le trealamh ERTMS.

Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an Chomhairle leasuithe 3,11, 29 agus 65 a chur san áireamh ach i bpáirt.

iii)   Táillí agus muirir a shocrú i gcás deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle (Airteagal 80)

Bíodh is go molann an Coimisiún go mbainfí leas as gníomhartha tarmligthe chun táillí agus muirir a shocrú i gcás deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle, is é is aidhm do sheasamh na Comhairle go ndéanfar na prionsabail lena rialaítear ríomh na dtáillí agus na muirear a chuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm ar iarratasóirí maidir le húdarú agus deimhniúcháin a eisiúint a lua sa Rialachán seo.

Le seasamh na Comhairle, leagtar síos sa ghníomh dlíthiúil gur cheart na costais iarbhír a thabhaigh na húdaráis náisiúnta sábháilteachta a chur san áireamh sna táillí agus sna muirir sin, ar costais iad a thabhaigh siad agus iad i mbun a gcúraimí ábhartha maidir le deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle a eisiúint. Chuige sin, áirítear forálacha mionsonraithe i gcorp an Rialacháin maidir le rialacha mionsonraithe chun táillí agus muirir a shuíomh lena shoiléiriú go socrófar na táillí agus na muirir sin ar bhonn trédhearcach, cothrom agus aonfhoirmeach i gcomhar leis na Ballstáit, nach gcuirfear cumas iomaíochta earnáil iarnróid an Aontais i mbaol agus nach gcuirfear ualach neamhriachtanach airgeadais ar na hiarratasóirí. Ina theannta sin, chun Parlaimint na hEorpa a shásamh maidir le hábhar áirithe imní, soiléirítear i dtéacs na Comhairle go ngearrfar táillí agus muirir freisin ar chinntí formheasa a eisiúint i dtaca le ERTMS.

Ar deireadh, foráiltear le seasamh na Comhairle gur trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a bhunófar bearta maidir le táillí agus muirir a ríomh.

Is mian le Parlaimint na hEorpa go leagfaí síos gníomhartha tarmligthe maidir le táillí agus muirir a shocrú i gcás deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle.

Mar gheall ar an méid sin, ní raibh ar chumas na Comhairle leasú a 14 ná leasú a 135 a chur san áireamh.

iv)   Dliteanas na Gníomhaireachta agus an comhar le húdaráis náisiúnta breithiúnacha (Airteagal 72 agus Airteagal 73)

Meastar don Chomhairle go gcaithfear cuntasacht na Gníomhaireachta a shoiléiriú tuilleadh i gcomhthéacs údaruithe feithicle agus deimhnithe sábháilteachta a eisiúint. Dá bhrí sin, cuireadh isteach forálacha nua ina leith sin i dtéacs sheasamh na Comhairle; go mór mór Airteagal nua maidir leis an gcomhar le húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha. Soiléirítear, go sonrach, le cur chuige na Comhairle, go bhféadfaí díolúine an Stiúrthóra Feidhmiúcháin (agus bhaill foirne na Gníomhaireachta) a tharscaoileadh, dá mba ghá.

v)   Comhar idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta (Airteagal 76)

Foráiltear, i seasamh na Comhairle, go gcuirfidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta comhaontuithe comhair i gcrích maidir le húdaruithe feithicle agus deimhnithe sábháilteachta a eisiúint ionas gur féidir an córas nua deimhniúcháin agus údarúcháin a chur chun feidhme go praiticiúil. Faoin gcur chuige sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht cúraimí áirithe deimhniúcháin agus údarúcháin a ligean ar fochonradh leis na húdaráis náisiúnta sábháilteachta.

Tá sé mar aidhm leis an gcur chuige sin go mbeadh dóthain solúbthachta ann chun sainiúlachtaí na hearnála iarnróid a chur san áireamh, i gcás nach bhféadfaí na cúraimí a dheighilt go hiomlán agus gurb amhlaidh a chuirfeadh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta i gcrích iad i bpáirt le chéile. I gcás líonraí atá scoite amach ón gcuid eile de chóras iarnróid an Aontais, féadfar, go háirithe, socraithe comhair a chur ar bun le go bhféadfaí cúraimí a ligean ar fochonradh leis na húdaráis ábhartha náisiúnta sábháilteachta, nuair is gá, lena áirithiú go ndéanfar cúraimí deimhniúcháin agus údarúcháin a leithdháileadh ar bhealach éifeachtúil, comhréireach.

vi)   Nósanna imeachta achomhairc agus eadrána/rialacha maidir le coinbhleacht leasa (Airteagal 55-63, Airteagal 51)

Táthar ag iarraidh, le seasamh na Comhairle, na forálacha maidir le nósanna imeachta achomhairc agus eadrána a atreisiú sa Rialachán. Léirítear, dá bhrí sin, i dtéacs na Comhairle go mbeadh deis ag an iarratasóir an t-ábhar a chur faoi bhráid cúirt náisiúnta dá mbeadh easaontas ann maidir leis an mbeart a ghlac an t-údarás náisiúnta sábháilteachta. Ina theannta sin, thug an Chomhairle isteach forálacha nua maidir le nósanna imeachta eadrána lena áirithiú go mbeadh deis ag údarás náisiúnta sábháilteachta achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinne an Ghníomhaireacht dá mba rud é go raibh easaontas ann.

Dhearbhaigh Parlaimint na hEorpa go gcaithfear ceanglais bhreise a thabhairt isteach maidir le baill an Bhoird Achomhairc a cheapadh, maidir le hiarrataí ar eisiamh agus ar agóid agus maidir le hachomhairc a scrúdú agus cinntí a dhéanamh ina leith.

Sa chomhthéacs sin, d'fhonn comhaontú le Parlaimint na hEorpa a éascú, leagtar síos i dtéacs na Comhairle rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an Bhoird Achomhairc, lena n-áirítear rialacha maidir le neamhspleáchas bhaill an Bhoird ó na páirtithe atá bainteach le hachomharc nó le headráin, maidir le coinbhleachtaí leasa bhaill foirne na Gníomhaireachta ar gach leibhéal a chosc agus a bhainistiú, agus maidir le teorann ama 3 mhí a leagan síos i gcás nós imeachta achomhairc lena áirithiú nach mbeadh cásanna achomhairc ina gconstaic nó ina n-ábhar moille.

Sa chomhthéacs sin, bheadh glacadh ag an gComhairle, i bpáirt nó ina n-éirim, le leasuithe 114-117, 122-133, 138-140 agus 146.

vii)   Rialacha nua maidir le rialachas (Airteagal 47 agus Airteagal 68)

Áirítear i dtéacs na Comhairle modhnuithe tábhachtacha ar na rialacha a leagadh síos sa togra ón gCoimisiún agus a bheidh le leanúint ag an nGníomhaireacht i ndáil le rialachas. Baineann sin go mór mór le comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta agus leis na rialacha mionsonraithe i dtaca leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhriseadh as a phost.

Go sonrach, chinn an Chomhairle beirt ionadaithe ón gCoimisiún a cheapadh ar an mBord Bainistíochta (murab ionann agus an togra ón gCoimisiún inar socraíodh ceathrar ionadaithe a cheapadh), i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos cheana sa Chur Chuige Coiteann maidir le Gníomhaireachtaí díláraithe.

Áirítear freisin i dtéacs na Comhairle oibleagáid nua a bheidh ar an gCoimisiún .i.e. liosta a chur le chéile ina n-ainmneofaí ar a laghad triúr don phost mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Ar deireadh, leagtar síos i seasamh na Comhairle go mbeadh an chumhacht ag an tríú cuid de Bhaill an Bhoird Bainistíochta a mholadh go bhféadfaí an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhriseadh as a phost.

viii)   Teangacha (Airteagal 74)

Meastar don Chomhairle go bhfuil sé ríthábhachtach cosaintí breise a chur isteach maidir le ceist na dteangacha. An córas déach a leagadh síos maidir le deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe feithicle a eisiúint, ní fheidhmeoidh sé go rianúil mura mbeidh ar chumas na n-iarratasóirí agus na n-údarás náisiúnta sábháilteachta araon leanúint dá dteanga féin a úsáid, más gá. Leis an démheicníocht sin, tugtar le tuiscint go mbeidh dlúthchomhar idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta sábháilteachta agus go leagfaidh siad síos socruithe inoibrithe teanga, agus cúrsaí ar an láthair i ndáiríre á gcur san áireamh, agus go háirithe go mbeidh ról nach beag ag na húdaráis náisiúnta sábháilteachta maidir leis na measúnuithe is gá a dhéanamh chun na deimhnithe agus na húdaruithe thuasluaite a eisiúint. Foráiltear, dá bhrí sin, i seasamh na Comhairle, go nglacfar d'aontoil an cinneadh maidir le teangacha, arna iarraidh sin do bhall den Bhord Bainistíochta, i gcomhréir leis na cleachtais reatha a eascraíonn as Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 a chur i bhfeidhm.

ix)   Caighdeáin Eorpacha maidir le páirteanna spártha (Airteagal 19 agus Airteagal 45)

Foráiltear i seasamh na Comhairle go n-eiseoidh an Ghníomhaireacht treoir mhionsonraithe maidir le caighdeáin do na comhlachtaí Eorpacha ábhartha um chaighdeánú a bheidh mar chomhlánú ar an sainordú a thug an Coimisiún dóibh. Lena chois sin, cabhróidh an Ghníomhaireacht le páirteanna spártha inmhalartaithe a shainaithint lena gcaighdeánú, lena n-áirítear príomh-chomhéadain na bpáirteanna spártha sin agus cuirfidh sí moltaí iomchuí faoi bhráid an Choimisiúin.

Dá bhrí sin, bhí glactha ag an gComhairle, i bpáirt nó ina n-éirim, le leasuithe 52, 53, 110 agus 156.

III.   CONCLÚID

Léirítear le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach ar thángthas air sa chaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa agus ar réitigh an Coimisiún an chonair dá leith. Deimhnítear an comhréiteach sin leis an litir ó Chathaoirleach an Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN) de chuid Pharlaimint na hEorpa, ar litir í a seoladh chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe ar an 24 Samhain 2015.

Sa litir sin, chuir Cathaoirleach TRAN in iúl go molfadh sé do bhaill Choiste TRAN, agus dá éis sin don seisiún iomlánach, go ndéanfaí seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh a fhormheas gan é a leasú, agus an gnáthnós imeachta reachtach a thabhairt chun críche ar an dara léamh a dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 294 CFAE.