Strasbourg, 15.12.2015

COM(2015) 669 final

2015/0308(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Faoi láthair tá breis is 300 údarás sibhialta agus míleata sna Ballstáit a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh i raon leathan réimsí, amhail an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, rialú ag teorainneacha, rialú ar iascach, forfheidhmiú dlí agus cosaint an chomhshaoil. Cuireann roinnt gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, cuireann siad tacaíocht ar fáil do na húdaráis náisiúnta chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh.

In 2014 thug an Coimisiún chun críche staidéar féidearthachta inar scrúdaíodh an gá atá le feabhas a chur ar an gcomhar agus an comhordú idir comhlachtaí náisiúnta agus gníomhaireachtaí náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh. Aithnítear sa staidéar seo raon saincheisteanna i dtaca le comhar níos dlúithe a dhéanamh, go sonrach mar a bhaineann sin le faireachas oibríochtúil agus comhroinnt sonraí, ar dhá réimse iad is bonn leis na feidhmeanna réamhráite uile.

An gá atá le feabhas a chur ar an gcomhar agus an comhordú a dhéantar idir údaráis a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh, tugadh aitheantas ina dhiaidh sin dó i reachtaíocht iompair mhuirí an Aontais, i Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh maille le Plean Gníomhaíochta a ghlac an Chomhairle in 2014 agus sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce a ghlac an Coimisiún in 2015.

Is é is cuspóir don togra reachtach seo lena dtreisítear an comhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta feabhas a chur ar an gcomhar agus an comhordú a dhéantar idir gníomhaíochtaí ábhartha an Aontais Eorpaigh chun sineirgí idir na seirbhísí ar leith a fheabhsú, ionas gur féidir leo seirbhísí ilchuspóireacha atá níos éifeachtúla agus níos costéifeachtaí a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta sin a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh.

Is cuid de shraith beart a mhol an Coimisiún chun an chosaint atáthar a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha na hEorpa a threisiú, lena náirítear an comhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta, atá sa togra seo, sraith a chuimsíonn freisin togra le haghaidh leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ón gComhairle lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) agus togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta. Maidir leis na leasuithe substainteacha atá sa togra seo is ionann iad agus na leasuithe atá beartaithe ar an Rialachán lena mbunaítear EMSA agus na forálacha atá beartaithe i ndáil leis an gcomhar Eorpach i measc gardaí cósta atá sa togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais seo

Tá an togra seo comhsheasmhach leis an mbeartas um rialú ar iascach arb é is aidhm dó cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh a chothú trí dhlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), agus córas éifeachtach rialaithe iascaigh de chuid an Aontais a chothú. Tá sé comhsheasmhach freisin le forbairt agus cur chun feidhme Bheartas Muirí Comhtháite an Aontais ar bhealach atá comhlántach leis an gComhbheartas Iascaigh. Ar deireadh, tá sé comhsheasmhach le hinniúlachtaí na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach, lena náirítear cur chun feidhme Bheartas Muirí Comhtháite an Aontais agus an comhrac in aghaidh iascaireacht NNN.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is é is cuspóir don tionscnamh seo an comhar agus an comhordú a fheabhsú idir údaráis ábhartha na mBallstát, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh agus comhlachtaí eile a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh, d'fhonn céim a thabhairt i dtreo córais Eorpaigh don gharda cósta agus d'fhonn treisiú ar a bhfuil d'acmhainní sa réimse seo. Is é bunúdar na faidhbe atá ann go bhfuil breis is 300 údarás sna Ballstáit a bhíonn i mbun feidhmeanna garda cósta, amhail rialú ag teorainneacha, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, rialú ar iascach, rialú ar thruailliú, etc, san am i láthair agus is minic nach ndéantar comhordú mar is ceart orthu ar an leibhéal náisiúnta fiú. Trí chomhar agus comhordú a chur chun cinn idir na húdaráis sin a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh, tá an togra seo ag teacht go hiomlán le beartais an Aontais maidir le himirce, agus le beartais maidir le hiompar agus soghluaisteacht chomh maith.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 43(2) CFAE lena mbunaítear forálacha maidir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Pléitear sa togra le tacaíocht a chur ar fáil d'údaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus más iomchuí, ar an leibhéal idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, tá sé mar chuid den bheartas rialaithe arb é is aidhm dó córas éifeachtach rialaithe a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcomhlíontar rialacha uile an Chomhbheartais Iascaigh, ar inniúlacht eisiach de chuid an Aontais é. Mar sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa chomhthéacs seo.

Comhréireacht

Is é is aidhm don togra an cumas atá ag gardaí cósta an Aontais Eorpaigh aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus rioscaí sa réimse muirí a threisiú trí chomhar a fheabhsú inter alia idir na gníomhaithe ábhartha sibhialta agus míleata uile. Leanfaidh de sin nach mbeidh aon dúbailt oibre ann agus áiritheofar dá bharr go bhfeidhmeoidh na príomhghníomhaithe ar shlí chomhleanúnach éifeachtúil agus go gcuirfidh siad sineirgí ar bun eatarthu féin. Cuirtear san áireamh sa togra an gá atá le tuilleadh smachta sa limistéar muirí ach gan méadú mór a chur ar an ualach oibre atá ar an lucht riaracháin náisiúnta agus ar lucht riaracháin an Aontais Eorpaigh.

An rogha ionstraime

Ós é is cuspóir don togra an Rialachán a leasú lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach, is gá Rialachán a mholadh.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach (is é is aidhm don tionscnamh seo oibleagáidí a chur chun feidhme atá leagtha síos sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce agus is infheidhme do ghníomhaíochtaí garda cósta).

Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

Neamhbhainteach

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Neamhbhainteach

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach: Ní dhearnadh sainghníomhaíocht ar bith ar leibhéal an Aontais Eorpaigh roimhe seo i dtaca le hacmhainní garda cósta. Dá réir sin, níl aon bheartas ann le measúnú.

Mar sin féin, choimisiúnaigh Ard-Stiúrthóireacht MOVE staidéar féidearthachta 1 a rinneadh in 2014. Sainaithníodh sa staidéar sin 316 údarás shibhialta agus mhíleata de chuid na mBallstát a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh agus is trí bhíthin 70 struchtúr éagsúil a oibríonn siad le chéile. Leagadh béim ann ar na heasnaimh is mó dá bhfuil le sonrú ar an gcomhar atá ann faoi láthair, mar shampla, easpa faisnéise maidir le raon feidhme, cumhachtaí agus cumas na núdarás eile; líon teoranta na sócmhainní oibríochtúla; easpa idir-inoibritheachta i dtaca le córais, próisis agus sócmhainní; comhphleanáil theoranta agus comhoibríochtaí teoranta.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní cuid de chlár oibre REFIT an tionscnamh seo ach ba cheart príomhphrionsabail an chláir sin a chur i bhfeidhm air.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beidh de thoradh ar an tionscnamh seo go dtiocfaidh méadú is comhionann le tuairim is 7,5 milliún in aghaidh na bliana (is é sin 30,148 milliún le haghaidh na tréimhse idir 2017 agus 2020) ar ranníocaíocht an Aontais Eorpaigh le EFCA agus go nearcófar 13 bhall foirne TA (féach an ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis seo).

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ós rud é gurb é EFCA a chuirfidh an beart seo chun feidhme, cuimseofar meastóireacht an bhirt sin mar chuid de mheastóireacht 5 bliana na gníomhaireachta, agus cuirfear torthaí na meastóireachta mar aon leis na moltaí a eascróidh aisti ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus cuirfear ar fáil don phobal iad.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Faoi láthair is é EFCA atá i gceannas ar na hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar iascaireacht NNN. An taithí atá ag EFAC ar iascaireacht NNN a chomhrac ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá tábhacht thar na bearta léi maidir le hacmhainní Eorpacha garda cósta agus rialú ag teorainneacha ar an ábhar gur minic baint ag iascaireacht NNN le gníomhaíochtaí coiriúla muirí eile. Tá EFCA tar éis saineolas dá chuid féin a fhorbairt sna réimsí seo leanas: straitéisí bainistithe riosca, leasanna féideartha i ndáil le hiascaireacht NNN a shainaithint trí anailís a dhéanamh ar na mílte dearbhuithe maidir le gabháil a chur i dtír, agus comhordú oibríochtúil agus cigireacht oibríochtúil a dhéanamh lena náirítear iad a dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta. I ndáil leis sin, cuidíonn an Ghníomhaireacht go gníomhach le tríú tíortha trí oiliúint agus gníomhaíochtaí forbartha acmhainní a chur ar fáil dóibh. A bhuí lena shainordú idirnáisiúnta, tá taithí mhaith láidir faighte ag EFCA go nuige seo ar ardáin chomhchoiteanna cigireachta a chur chun feidhme agus tá gréasán speisialta coinnithe ar bun aige leis an Aontas Eorpach agus le tríú tíortha. Le déanaí mhalartaigh EFCA cigirí leis an Tuirc sa Mheánmhuir agus is minic a chuireann sé ar fáil seimineáir oiliúna ina dtionóltar cigirí de chuid an Aontais Eorpaigh agus cigirí de chuid na hAlbáine, na Tuirce, na Liobáine, Iosrael, na Túinéise, na hAilgéire agus Mharacó.

1.Cumhdaítear leis an Rialachán comhroinnt faisnéise ar faisnéis í atá bunaithe ar chomhtháthú agus anailísiú a dhéanamh ar shonraí atá le fáil i gcórais tuairiscithe long agus i gcórais faisnéise eile arna nóstáil ag na gníomhaireachtaí nó atá ar fáil dóibh. Cothófar comhroinnt faisnéise i measc na nGníomhaireachtaí dá réir. Leis sin, féadfaidh EFCA córais a chur chun feidhme maidir le malartuithe idirghníomhaireachta, na staidéir féideartha ábhartha uile a thionscnamh agus buanseirbhís sonraí, chomh maith le nód le haghaidh sonraí de chuid an Aontais Eorpaigh, a bhunú. Trí mhachnamh a dhéanamh ar an taithí atá aige ar na bearta faireacháin, rialaithe agus faireachais a bhaineann le hiascach, mar atá trí bhíthin Comhphleananna Imlonnaithe agus cigirí de chuid an Aontais, trí mhéadú a dhéanamh ar raon feidhme na gcigirí sin a bhfuil cumhachtaí tugtha dóibh maidir le beartais éagsúla (gáinneáil ar dhaoine, smuigleáil imirceach, iascach, gardaí teorann, an comhshaol, gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar airm, sábháilteacht soithí, etc.) agus trí chomhoibríochtaí a eagrú i bpáirt leo, beidh ar chumas EFCA tacú ar bhealach níos fearr le malartú na faisnéise sin arna bailiú le linn a ghníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta, lena náirítear, inter alia, Córais um Fhaireachán Soithí agus Córais Leictreonacha Tuairiscithe. Is ó chórais faireacháin satailíte a fhaightear na sonraí ó Chórais um Fhaireachán Soithí. A bhuí leosan, is féidir eolas a fháil ar shuíomh fíor-ama gach soithigh mar aon le heolas a fháil ar stair a gluaiseachtaí ar muir tráth ar bith. Tá na sonraí sin fíorúsáideach maidir le rialú imirce toisc gur féidir teorainneacha a rialú dá mbarr agus oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a dhéanamh. Fágann siad go bhféadfaí soitheach iascaigh a bhrath agus é ag baint calafoirt amach d'fhonn imircigh a thabhairt ar bord. Ós rud é go náirítear luas an tsoithigh ar na sonraí sin, is féidir, cuir i gcás, soitheach a bhrath a bheadh ag seoladh leis go mall toisc é a bheith luchtaithe le himircigh nó toisc soitheach taobh thiar de a bheith á rianú aige. Baineann iascairí feidhm as Córais Leictreonacha Tuairiscithe d'fhonn sonraí a bhaineann lena ngníomhaíochtaí iascaireachta a thaifeadadh agus a thuairisciú go leictreonach. Is féidir dá réir sin gníomhaíochtaí neamhghnácha nó mídhleathacha a bhrath ar bhonn comparáide le sonraí comhchosúla a bhaineann le gníomhaíochtaí comhchosúla i réimse ar leith. Ós rud é go náirítear ar na sonraí sin freisin dearbhuithe maidir le gabháil a thabhairt i dtír, is féidir eolas a fháil ar an áit inar tháinig soitheach i dtír agus ar an áit inar tugadh na himircigh mídhleathacha ar bord ar deireadh.

2.Cumhdaítear leis an Rialachán seirbhísí faireachais agus seirbhísí cumarsáide a chur ar fáil arna mbunú sin ar theicneolaíocht úrscothach, lena náirítear bonneagar spás-bhunaithe agus bonneagar ar an talamh chomh maith le braiteoirí atá suite ar ardán de chineál ar bith. Leis sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht comhar a thionscnamh idir comhpháirtithe náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta. Mar sin, beidh ar chumas na Gníomhaireachta creat riosca ardleibhéil a fhorbairt le haghaidh an fhaireacháin, an rialaithe agus an fhaireachais lena ndíreofaí aird ar na creata náisiúnta agus réigiúnacha atá ann i láthair na huaire. Leis sin, féadfar go sonrach gníomhaíochtaí a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh gníomhaíochtaí neamhghnácha a bhrath i gcomhar leis na Gníomhaireachtaí eile. Le blianta beaga anuas, tá taithí shuntasach faighte ag EFCA i dtaca le faisnéis mhuirí a chomhghaolú, a anailísiú agus a léirmhíniú, taithí a fuair sé trína bheith páirteach i dtionscadail ábhartha CC7 agus trí chomhar a dhéanamh le EMSA le haghaidh fhorbairt na huirlise, EFCA MARSURV IMDatE. Tá cáil san am i láthair ar chumas EFCA chun faireachán mionchruinn iompraíochta a dhéanamh, rud a fhágann gur féidir a bhfuil ar fáil d'acmhainní patróil a imlonnú ar bhealach níos éifeachtúla. Ós rud é go bhfuil sé liostaithe le bheith ina úsáideoir deiridh Sheirbhísí Slándála Copernicus amach anseo, tá rún ag EFCA tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an acmhainn sin agus ar na haschuir a leanfaidh de, agus iad araon a chomhroinnt leis na Gníomhaireachtaí eile.

3.Cumhdaítear leis an Rialachán forbairt acmhainní ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais trí threoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais a chur i dtoll a chéile agus trí thacú le hoiliúint foirne agus malartú foirne, d'fhonn feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus ar chomhar maidir le feidhmeanna garda cósta. Leis sin, féadfaidh EFCA feasacht a mhúscailt maidir leis an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, rialú ag teorainneacha agus rialú ar iascach. Ligfidh sé don Ghníomhaireacht saineolas a mhéadú trí ábhair oiliúna agus lámhleabhair a chur i dtoll a chéile agus a scaipeadh. Is féidir le EFCA moltaí ó shaineolaithe a chur ar fáil freisin faoi mhodhanna éifeachtúla forfheidhmiúcháin a bhaineann le rialacháin rialaithe, faireachais agus faireacháin.

4.Cumhdaítear leis an Rialachán comhroinnt acmhainní, lena náirítear oibríochtaí ilchuspóireacha a phleanáil agus a chur chun feidhme chomh maith le sócmhainní agus inniúlachtaí a chomhroinnt ó earnáil go chéile agus ar bhonn trasteorann. Ligfidh sé do EFCA a ghníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta a mhéadú agus cineál nua oibríochta a dhéanamh arb é is aidhm di gníomhaíochtaí coiriúla a bhrath agus cur isteach ar bhealaí gáinneála, chomh maith le forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais Eorpaigh agus forfheidhmiú na reachtaíochta náisiúnta a áirithiú. Trí shoitheach patróil a chairtfhostú, beifear in ann cur chuige ilchuspóireach atá éifeachtach a shaothrú chun gníomhaíochtaí mídhleathacha iascaireachta agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile a bhrath agus chun tacú le teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a bhainistiú i gcoitinne ar shlí níos éifeachtaí.

2015/0308 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Na húdaráis náisiúnta sin a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh, tá freagracht orthu i leith raon leathan cúraimí, lena náirítear an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, rialú ag teorainneacha, rialú ar iascach, forfheidhmiú dlí agus cosaint an chomhshaoil inter alia.

(2)An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán XX/XX 2 , agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí arna mbunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , tacaíonn siad leis na húdaráis náisiúnta an chuid is mó de na feidhmeanna sin a chomhlíonadh.

(3)Ba cheart dóibh, dá bhrí sin, an comhar a neartú le chéile agus leis na húdaráis náisiúnta sin a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh chun feasacht ar dhálaí éagsúla muirí a mhéadú agus chun tacú le gníomhaíocht chomhleanúnach chost-éifeachtúil.

(4)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 leis seo mar a leanas:

(1) In Airteagal 3, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

(j) comhoibriú leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí chun tacú leis na húdaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh trí sheirbhísí, faisnéis, trealamh agus oiliúint a chur ar fáil agus trí oibríochtaí ilchuspóireacha a chomhordú.

(2) Cuirtear isteach Airteagal 7a mar seo a leanas:

Airteagal 7a

An comhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta

(1)Tacóidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, tacóidh sí le húdaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta, agus más iomchuí, ar an leibhéal idirnáisiúnta tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)faisnéis a chomhroinnt ar faisnéis í atá bunaithe ar chomhtháthú agus anailísiú a dhéanamh ar shonraí atá le fáil i gcórais tuairiscithe long agus i gcórais faisnéise eile arna nóstáil ag na Gníomhaireachtaí nó atá ar fáil dóibh, i gcomhréir le bunúis dlí na nGníomhaireachtaí féin agus gan dochar d'úinéireacht na mBallstát ar na sonraí sin;

(b)seirbhísí faireachais agus seirbhísí cumarsáide a chur ar fáil arna mbunú sin ar theicneolaíocht úrscothach, lena náirítear bonneagar spás-bhunaithe agus bonneagar ar an talamh chomh maith le braiteoirí atá suite ar ardán de chineál ar bith, amhail córais aerárthaí cianrialaithe;

(c)acmhainní a fhorbairt trí threoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais a chur i dtoll a chéile agus trí thacú le hoiliúint foirne agus malartú foirne, d'fhonn feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus ar chomhar maidir le feidhmeanna garda cósta;

(d)acmhainní a chomhroinnt, lena náirítear oibríochtaí ilchuspóireacha a phleanáil agus a chur chun feidhme chomh maith le sócmhainní agus inniúlachtaí a chomhroinnt ó earnáil go chéile agus ar bhonn trasteorann.

(2)    Rialacha mionsonraithe an chomhair maidir le feidhmeanna garda cósta a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, déanfar iad a chinneadh le linn socrú oibre, i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis na Gníomhaireachtaí.

(3)    Féadfaidh an Coimisiún lámhleabhar praiticiúil ar an gcomhar Eorpach maidir le feidhmeanna garda cósta a ghlacadh i bhfoirm molta, lámhleabhar ina mbeidh treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais i ndáil le malartú faisnéise agus i ndáil le comhar ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 4  

Gníomhaíocht ABB 06 de chuid Ard-Stiúrthóireacht MARE: Iascaigh inbhuanaithe agus soláthar cobhsaí bia mara a bhaint amach, an geilleagar muirí a fhorbairt agus pobail rathúla le cósta a áirithiú.

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 5  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Méadaíonn an Coimisiún ar chumas oibríochtúil an Aontais teorainneacha na hEorpa a chosaint chun comhrialacha Eorpacha nua in aghaidh gáinneálaithe ar dhaoine a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go láidir.

Cuireann an Coimisiún tús le cur chuige comhchoiteann ar an leibhéal Eorpach maidir le gníomhaíochtaí amach anseo chun comhar agus comhordú a fheabhsú idir údaráis ábhartha na mBallstát, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh agus comhlachtaí eile a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh, d'fhonn céim a thabhairt i dtreo córais Eorpaigh don gharda cósta agus treisiú ar a bhfuil d'acmhainní sa réimse seo.

Iarrtar ar an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, tacú le húdaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta, agus más iomchuí, ar an leibhéal idirnáisiúnta.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh.

Leas a bhaint as taithí agus scileanna na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach sa chomhordú oibríochtúil ar bheartais rialaithe agus maidir le forbairt cumais lena náirítear sa ghné idirnáisiúnta den Chomhbheartas Iascaigh chun tacú le húdaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta, agus más iomchuí, ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

11.06

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Feasacht ar dhálaí agus faisnéis éifeachtúil a bhaint amach trí fhorbairt a dhéanamh ar phictiúr dromchla oibríochtúil comhchoiteann atá aitheanta ar leibhéal an Aontais agus comhroinnte ag Gníomhaireachtaí an Aontais agus ag na Ballstáit;

Dóchúlacht ard a bhaint amach i dtaca le soithí agus báid a bhíonn ag dul i dtreo uiscí an Aontais, nó atá in uiscí an Aontais, agus gníomhaíochtaí na soithí agus na mbád sin, a bhrath, a aithint, a aicmiú agus a rianú;

Ilchumas, freagra tapa, éifeachtúlacht agus éifeachtacht a bhaint amach i dtaca le cumas oibríochtúil a imlonnú, córais aerárthaí cianrialaithe san áireamh, mar chuid de chur chuige trasearnála;

Cothrom iomaíochta a bhaint amach maidir lena áirithiú go mbeidh an pearsanra oibríochtúil a bhfuil baint acu le feidhmeanna garda cósta na mBallstát, ghníomhaireachtaí an Aontais agus, más iomchuí, tríú tíortha, ag obair i dreo chuspóirí an bheartais, ag dul i mbun comhair, ag malartú pearsanra, eolais agus faisnéise agus ag comhlíonadh mhodheolaíochtaí comhchoiteanna trí fhorbairt a dhéanamh ar threoirlínte comhchoiteanna, oiliúint sa dea-chleachtas agus tionscnaimh eile a bhaineann le forbairt cumais.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Feasacht ar dhálaí atá éifeachtúil: % de Ghníomhaireachtaí an Aontais agus de chomhlachtaí na mBallstát a bhfuil baint acu le feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh a úsáideann an pictiúr dromchla oibríochtúil comhchoiteann atá aitheanta ar leibhéal an Aontais agus a chuireann sonraí ar fáil dó;

Dóchúlacht ard braite: % na rian arna mbrath a fhaightear ó chórais chomhoibritheacha i gcomparáid ar bhonn randamach le córais neamh-chomhoibritheacha;

Dóchúlacht ard i dtaca le brathadóireacht, sainaithint, aicmiú agus rianú: an % de gach ceann acu i gcomparáid le líon na rian arna mbrath;

Cumas oibríochtúil a imlonnú: an % den chumas oibríochtúil arna imlonnú i gcomparáid lena bhfuil pleanáilte;

Cothrom iomaíochta: an % den oiliúint thrasearnála ar phearsanra oibríochtúil a bhfuil baint acu le feidhmeanna garda cósta na mBallstát, Ghníomhaireachtaí an Aontais agus, más iomchuí, thríú tíortha

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Rialacha mionsonraithe an chomhair maidir le feidhmeanna garda cósta a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, déanfar iad a chinneadh le linn socrú oibre, i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis na Gníomhaireachtaí.

Féadfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhm a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 110 de Rialachán 1224/2009 ón gComhairle.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais Eorpaigh

Beidh tábhacht thar na bearta le rannpháirteachas an Aontais Eorpaigh toisc nach féidir cuspóirí an bheartais a bhaint amach le gníomhaíocht na mBallstát:

Tá an fhreagracht as Feidhmeanna Garda Cósta a chomhlíonadh dáilte ar 316 údarás shibhialta agus mhíleata sna Ballstáit den Aontas Eorpach a bhfuil cósta acu.

Cé go bhfuil comhar ar bun cheana féin, agus sineirgíochtaí á bhforbairt, tá rian den ghníomhaíocht neamh-chomhtháite fós ann i nGníomhaireachtaí an Aontais.

Rannchuideoidh feabhas ar chomhroinnt acmhainní i measc údarás garda cósta agus gníomhaireachtaí an Aontais le hilchumas, freagra tapa, éifeachtúlacht agus éifeachtacht a bhaint amach.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Léiríodh ábharthacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht chun inbhuanaitheacht a fheabhsú i dtaca le stoic áirithe iascaireachta, tuinnín gorm nó trosc, mar shampla, sa chomhordú ar na Ballstáit a bhfuil baint acu leis an réimeas rialaithe is infheidhmithe i dtaca leis an gComhbheartas Iascaigh, comhordú a rinneadh bunaithe ar phrionsabal na gComhphleananna Imlonnaithe.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Is féidir leis na Ballstáit leas a bhaint as leithreasuithe faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI).

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

◻Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

◻Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2016 go 2017,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 6  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

◻ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

◻ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

☑ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Leanfar rialacha faireacháin agus tuairiscithe EFCA faoin ngníomhaíocht seo (go háirithe trí bheith san áireamh i gClár Oibre EFCA agus ina thuarascáil bhliantúil, a mbíonn á bplé ag an mBord Riaracháin).

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Drogall a bheith ar Bhallstáit nó ar Ghníomhaireachtaí eile an Aontais dul i mbun comhair agus sonraí a chomhroinnt

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

Déanfar faireachán ar an ngníomhaíocht seo faoi chóras rialaithe inmheánaigh EFCA

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

Is é €4500 tairseach na hábharthachta in EFCA agus tá an leibhéal measta riosca earráidí faoina bhun sin;

Is lú ná 1 % de bhuiséad reatha EFCA costais chur chun feidhme na rialuithe seachtracha ex post (mura gcuirtear san áireamh infheistíochtaí a bhaineann le leanúnachas gnó agus tuarastail na mball foirne lena mbaineann);

Tá leasanna anard ann, i dtéarmaí íomhá agus dearbhaithe de.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Beidh an ghníomhaíocht seo faoi réir ag bearta EFCA le cosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí a áirithiú. Tá EFCA faoi réir ag iniúchtaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ón tSeirbhís Iniúchóireachta Inmheánaigh.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal………………………...……………]

LD/LN 7

ó thíortha de chuid CSTE 8

ó thíortha is iarrthóirí 9

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

Airteagal 11 06 64 – An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

Línte nua buiséid atá á niarraidh: Neamhbhainteach

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

Uimhir 2

Airteagal 11 06 64 – An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach

An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN 

2017

2018

2019

2020

Teideal 1. Caiteachas foirne

Gealltanais

-1

1,800

1,550

1,450

1,464

6,264

Íocaíochtaí

-2

1,800

1,550

1,450

1,464

6,264

Teideal 2: Tógáil agus caiteachais eile riaracháin

Gealltanais

(1a)

0,166

0,166

0,166

0,166

0,664

Íocaíochtaí

(2a)

0,166

0,166

0,166

0,166

0,664

Teideal 3: Caiteachas Oibríochtúil

Gealltanais

(3a)

5,930

5,880

5,730

5,680

23,220

Íocaíochtaí

(3b)

5,930

5,880

5,730

5,680

23,220

IOMLÁN leithreasuithe le haghaidh EFCA

Gealltanais

=1+1a +3a

7,896

7,596

7,346

7,310

30,148

Íocaíochtaí

=2+2a

7,896

7,596

7,346

7,310

30,148

+3b








Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: MARE

•Acmhainní daonna

0

0

0

0

0

•Caiteachas riaracháin eile

0

0

0

0

0

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht MARE

Leithreasuithe

0

0

0

0

0

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0

0

0

0

0

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

7,896

7,596

7,346

7,310

30,148

Íocaíochtaí

7,896

7,596

7,346

7,310

30,148

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (TEIDEAL III)

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

 

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN

 

 

 

2017

2018

2019

2020

ASCHUIR

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Saghas[1]

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3
Cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh a chothú trí dhlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), trí chóras éifeachtach um rialú ar iascach san Aontas agus nós leordhóthanach comhroinnte sonraí

Seirbhísí faireachais agus seirbhísí cumarsáide a chur ar fáil (costais foirne agus riaracháin san áireamh)
*Staidéar féidearthachta
*An nód lárnach comhroinnte sonraí a bhunú

Córais chun faisnéis a mhalartú i measc gníomhaireachtaí (Líon na dtionscadal)

0,025

2

0,050

2

0,050

2

0,050

2

0,050

8

0,200

Staidéar Féidearthachta

0,100

1

0,100

 

 

 

 

 

 

1

0,100

Nód comhroinnte sonraí an Aontais (líon na dtionscadal)

0,040

1

0,050

3

0,200

3

0,100

3

0,050

10

0,400

Nód sonraí an Aontais Eorpaigh (costais foirne agus riaracháin san áireamh)
*Sonraí a fháil, a chomhroinnt agus a anailísiú (CISE, MARSURV,..)

Fáil ar Shonraí Fhaireachán na Cruinne agus Satailíte (Líon na dTacar Sonraí)

0,100

5

0,500

5

0,500

5

0,500

5

0,500

20

2,000

Buansheirbhís le haghaidh Malartú sonraí agus anailís ar shonraí a sholáthar do na geallsealbhóirí ábhartha

0,488

1

0,550

1

0,500

1

0,450

1

0,450

4

1,950

Comh-imlonnú sócmhainní agus acmhainní eile (costais foirne agus riaracháin san áireamh)
*Ardáin cigireachta a chairtfhostú
*Cumas eile a chomhroinnt
*Misin agus cruinnithe

Fáil ar shócmhainní breise cigireachta (laethanta ar cairtfhostú)

0,015

275

4,000

275

4,000

275

4,000

275

4,000

1100

16,000

Méadú ar an gcumas cigireachta (líon na misean)

0,008

15

0,120

15

0,120

15

0,120

15

0,120

60

0,480

Bunachair sonraí a chruthú (crua-earraí, bogearraí, cumas comhroinnte...)

0,063

1

0,100

1

0,050

1

0,050

1

0,050

4

0,250

Gníomhaíochtaí Forbartha Acmhainní (costais foirne agus riaracháin san áireamh)
*Lámhleabhair agus ábhar oiliúna
*Malartú foirne le gníomhaireachtaí eile agus le tríú tíortha

Treoirlínte, Lámhleabhar agus moltaí a chur i dtoll a chéile le haghaidh geallsealbhóirí Garda Cósta

0,100

1

0,100

1

0,100

1

0,100

1

0,100

4

0,400

Malartú pearsanra EFCA, Ballstát agus tríú tíortha (líon na misean)

0,012

30

0,360

30

0,360

30

0,360

30

0,360

120

1,440

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

 

 

332

5,930

333

5,880

333

5,730

333

5,680

1.331

23,220

COSTAS IOMLÁN

 

 

332

5,930

333

5,880

333

5,730

333

5,680

1.331

23,220

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar acmhainní daonna EFCA

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN

2017

2018

2019

2020

Gníomhairí sealadacha (gráid AD)

1,260 

1,085 

1,015 

1,025 

4,385

Gníomhairí sealadacha (gráid AST)

0,540 

0,465 

0,435 

0,439 

1,879

Baill foirne ar conradh

 

 

 

 

0

Pearsanra sealadach

1,800

1,550

1,450

1,464

6,264

Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

 

 

 

 

-

IOMLÁN

1,800

1,550

1,450

1,464

6,264

Luaigh an dáta earcaíochta atá beartaithe agus déan oiriúnú ar an méid dá réir (má chuirtear tús leis an earcaíocht i mí Iúil, ní chuirtear ach 50 % den mheánchostas san áireamh) agus tabhair mínithe breise in Iarscríbhinn le do thoil.

Bunaithe ar na liostaí cúltaca earcaíochta atá ar fáil don ghníomhaireacht faoi láthair lena núsáid, agus ar mheastachán ar an méid ama a thógfadh sé chun nósanna imeachta nua earcaíochta a eagrú, seo a leanas na dátaí tosaigh a mheasann EFCA a bheidh ann:

   12 TA (9 AD agus 3 AST) a thosóidh in Eanáir 2017.

1 TA (AST) a thosóidh in Eanáir 2018.

Rinneadh coigeartú ar na costais foirne don bhliain 2017 chun na costais suiteála a mheastar a bheidh ann (aistriú troscáin, liúntas suiteála, srl.) a chur san áireamh

Déantar cur síos sa tábla thíos ar an tionchar a bheidh ag an togra reatha ar líon iomlán na bpost i bplean bunaíochta na Gníomhaireachta.

2016

2017

2018

2019

2020

Bonnlíne – COM(2013)519

51

49

48

48

48

Poist bhreise

-

12

13

13

13

Iomlán

51

61

61

61

61

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach don mháthair-Ard-Stiúrthóireacht

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

0

0

0

0

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 10

0

0

0

0

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy 11

- sa cheanncheathrú 12

- i dtoscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

0

0

0

0



Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

Ba cheart cur síos ar an gcaoi a ndearnadh costas na naonad FTE a ríomh a chur san áireamh in Iarscríbhinn V, roinn 3.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

X    Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 13 .

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe: Neamhbhainteach

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 14

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1) http://ec.europa.eu/transport/modes/maritime/studies/doc/2014-06-icf-coastguard.pdf
(2) Rialachán XX/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an XX etc
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).
(4) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(5) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(6) Tá mionsonraí na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(7) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(8) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(9) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(10) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(11) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(12) I dtaca leis na Cistí Struchtúracha, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Ciste Eorpach Iascaigh (CEI) den chuid is mó.
(13) Mar sin féin, méadófar clársceidealú airgeadais reatha Airteagal 11 06 64 – An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach thar an tréimhse 2017-2020 de EUR 30,148 milliún.
(14) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.