An Bhruiséil,9.9.2015

COM(2015) 450 final

2015/0208(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear práinnsásra athshuímh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Sa Chlár Oibre Eorpach maidir le hImirce a ghlac an Coimisiún Eorpach an 13 Bealtaine 2015 1 tugtar cuntas ar na bearta atá de dhíth láithreach chun freagairt a thabhairt ar na dúshláin phráinneacha chasta atá ann faoi láthair i réimse na himirce, chomh maith le tionscnaimh mheántéarmacha agus fhadtéarmacha is gá a dhéanamh chun réitigh struchtúracha a sholáthar le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar gach gné den imirce.

Mar chuid de na bearta láithreacha, an 27 Bealtaine 2015, ghlac an Coimisiún Eorpach, togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear bearta sealadacha i réimse na cosanta idirnáisiúnta ar mhaithe leis an Iodáil agus an nGréig 2 , lenar baineadh leas as an gcóras práinnfhreagartha a bhí beartaithe faoi Airteagal 78(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). An 20 Iúil 2015, d'aontaigh an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir leis an gCinneadh sin 3 faoina mbunófar sásra sealadach eisceachtúil athshuímh do dhaoine ar léir go dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu, ar feadh dhá bhliain ón Iodáil agus ón nGréig chuig Ballstáit eile. Ba cheart go nglacfadh an Chomhairle an Cinneadh a luaithe agus a thabharfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairim uaithi, tuairim a bhfuiltear ag súil léi i Meán Fómhair 2015.

I ngeall ar shreabhadh imirceach ar scála nach bhfacthas riamh roimhe agus atá fós ag dul i méid san Iodáil agus sa Ghréig, agus an tathrú ar an sreabhadh imirce ón tslí Láir chuig slí Oirthear na Meánmhara agus Iarthar na mBalcán i dtreo na hUngáire, ghlac an Coimisiún [an 9 Meán Fómhair 2015] togra eile atá bunaithe ar Airteagal 78(3) CFAE ina bhfuil bearta sealadacha breise chun an brú ó lucht iarrtha tearmainn san Iodáil agus sa Ghréig a mhaolú, chomh maith le beart nua ar mhaithe leis an Ungáir.

D'fhógair an Coimisiún Eorpach freisin gur beart réamhtheachtach a bheidh sa bheart sin chun leas a bhaint as an gcóras práinnfhreagartha faoi Airteagal 78(3) CFAE, go dtí go dtiocfar ar réiteach buan. Ar an ábhar sin, d'fhógair sé go ndéanfadh sé togra reachtach a thíolacadh roimh dheireadh 2015 le haghaidh buanchóras athshuímh ar ceart leas a bhaint as i gcásanna géarchéime.

Is é cuspóir foriomlán an togra reachtaigh sin a áirithiú go mbeidh práinnsásra athshuímh láidir ar fáil ag an Aontas chun déileáil go struchtúrach le cásanna géarchéime i réimse an tearmainn ar bhealach éifeachtach. Ba cheart leas a bhaint as an sásra sin go luath i gcás aon Bhallstát ina mbeidh cásanna géarchéime chomh mór sin go gcuirfidh siad brú suntasach fiú ar chórais tearmainn a bhí ullmhaithe go maith agus atá ag feidhmiú go maith, agus méid an Bhallstáit lena mbaineann á chur san áireamh freisin. Tá sé mar aidhm leis an sásra athshuímh atá beartaithe, ar lámh amháin, a áirithiú, i gcásanna géarchéime, go ndéanfar na freagrachtaí a chomhroinnt go cóir idir na Ballstáit i gcás líon mór iarratasóirí ar léir go dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu, agus, ar an lámh eile, go gcuirfear córas Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm i gceart, lena náirítear cearta na niarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a chosaint go hiomlán. De bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis an togra práinnsásra athshuímh a thabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 mar chreat buan chun bearta athshuímh a chur chun feidhme, beidh na bearta sin a chuirfear i bhfeidhm i ndáil le cásanna géarchéime ar leith i mBallstát ar leith, as a nádúr féin, ina mbearta sealadacha fós.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

Cur chuige cuimsitheach maidir le himirce

An togra seo, is cuid é de chur chuige cuimsitheach córasach i leith imirce a d'iarr gach institiúid de chuid an Aontais agus ar thosaigh an Coimisiún ar a chur chun feidhme díreach tar éis an Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce a ghlacadh. Chun a ráthú go mbeidh cur chuige cuimsitheach den sórt sin éifeachtach tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear beartais i bhfeidhm ar an talamh ar bhealach comhsheasmhach comhlántach. Dá bhrí sin, má bhíonn gá leis i bhfianaise cás ar leith i mBallstát, ba cheart an práinnsásra athshuímh a chomhlánú le bearta breise ar an talamh a bheidh le déanamh ag an mBallstát sin, ón uair go dtiocfaidh náisiúnaigh tríú tír isteach ina chríoch go dtí go mbeidh gach nós imeachta is infheidhme curtha i gcrích. Faoin nós imeachta 'Láthair achrainn' atá beartaithe ag an gCoimisiún, tabharfaidh Gníomhaireachtaí an Aontais tacaíocht chuimsitheach spriocdhírithe do na Ballstát atá ag tabhairt aghaidh ar bhrú díréireach ó thaobh imirce de ag na teorainneacha seachtracha. Ar an tacaíocht oibríochtúil is féidir a thabhairt faoin gcur chuige seo tá clárú agus scagadh ar imircigh neamhrialta, faisnéis a bhailiú ó imircigh neamhrialta, tacaíocht tearmainn trí iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a dhíriú chuig an nós imeachta iomchuí um thearmann agus cabhrú le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú chomh maith le comhaid na gcás a ullmhú, méadú a dhéanamh ar mhalartú faisnéise agus imscrúduithe a dhéanamh i gcomhar le chéile ar líonraí coiriúla a éascaíonn imirce neamhrialta isteach san Aontas Eorpach chomh maith le gluaiseacht thánaisteach laistigh den Aontas, agus comhordú ar oibríochtaí chun daoine a chur ar ais.

Ach iarracht dhírithe den sórt sin a dhéanamh beidh Ballstáit in ann dul i ngleic le brú na himirce ar bhealach níos tapa agus níos éifeachtaí, i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha, agus a gcumas a neartú freisin chun aghaidh a thabhairt ar imirce agus tearmann, agus ar dhúshláin inmheánacha slándála chomh maith.

Idirghníomhú le scéimeanna um athshuíomh éigeandála atá bunaithe ar Airteagal 78(3) CFAE

Ní mór an togra lena mbunaítear práinnsásra athshuímh a idirdhealú ó na tograí atá glactha ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 78(3) CFAE ar mhaithe le Ballstáit áirithe atá ag dul i ngleic le rabharta tobann náisiúnach tríú tír as tír isteach ar a gcríocha.

Cé gur bearta sealadacha iad na bearta atá molta ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 78(3) CFAE, sa togra lena mbunaítear práinnsásra athshuímh tugtar isteach modh chun cinneadh a dhéanamh ar feadh tréimhse shealadach i gcásanna géarchéime cén Ballstát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a dhéantar i mBallstát atá ag dul i ngleic le cás géarchéime, d'fhonn dáileadh níos cothroime iarratasóirí a áirithiú i gcásanna den sórt sin agus feidhmiú chóras Bhaile Átha Cliath a éascú, fiú i dtréimhsí géarchéime.

Socraítear coinníollacha dochta sa togra seo maidir le leas a bhaint as an bpráinnsásra athshuímh i ndáil le Ballstát ar leith, go háirithe cás géarchéime a bheith ann sa Bhallstát sin a fhágann go bhfuil baol ann nach gcuirfear Rialachán Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm i ngeall ar an mbrú ollmhór, a mbaineann rabharta mór díréireach náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát as tír isteach leis, ar a chóras tearmainn.

Tá bunú práinnsásra athshuímh gan dochar don rogha atá ag an gComhairle bearta sealadacha a ghlacadh, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún, ar mhaithe le Ballstát atá i staid éigeandála mar a dhéantar tuairisc air in Airteagal 78(3) CFAE. Beidh glacadh beart éigeandála ar bhonn Airteagal 78(3) CFAE ábhartha fós i gcásanna eisceachtúla nuair a bheidh freagairt éigeandála, a d'fhéadfadh tacaíocht imirce níos leithne a bheith i gceist léi, de dhíth, mura gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis an bpráinnsásra athshuímh a úsáid.

Leasuithe féideartha amach anseo ar Rialachán AE) Uimh. 604/2013

Mar a fógraíodh sa Chlár Oibre Eorpach maidir le hImirce agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí a eascraíonn ó Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, tá 'seiceáil oiriúnachta' chuimsitheach idir lámha ag an gCoimisiún ar chóras Bhaile Átha Cliath i láthair na huaire, trí athbhreithniú bunaithe ar fhianaise a dhéanamh a chumhdaíonn tionchar dlíthiúil, eacnamaíochta agus sóisialta an chórais, lena náirítear a thionchar ar chearta bunúsacha. Beidh an obair sin ina bonn ag leasú féideartha amach anseo ar chóras Bhaile Átha Cliath, go háirithe d'fhonn leithdháileadh níos cothroime iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta san Eoraip a bhaint amach sna cásanna go léir, agus ní i gcásanna géarchéime amháin.

2.AN BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT, COMHRÉIREACHT, CEARTA BUNÚSACHA

Bunús dlí

Leasaítear leis an togra seo Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 agus dá bhrí sin ba cheart é a ghlacadh faoin mbunús dlí céanna, mar atá pointe (e) den dara mír d'Airteagal 78 CFAE, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

Tá maoluithe buana i gceist leis an bpráinnsásra athshuímh atá sa togra seo, a chuirfear i ngníomh i gcásanna géarchéime ar leith ar mhaithe le Bhallstáit shonracha, go háirithe maolú ón bprionsabal atá leagtha síos in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 faoina ndéanfar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú ag an mBallstát a chuirtear in iúl gurb é an Ballstát atá freagrach é faoi na critéir atá leagtha amach i gCaibidil III. In ionad an phrionsabail sin, bunaítear faoin togra, i gcomhar cásanna géarchéime dea-shainithe, eochair dáileacháin éigeantaigh chun cinneadh a dhéanamh cé acu Ballstát a bheidh freagracht as iarratais a scrúdú.

Geoiméadracht athraitheach

I gcomhréir leis an bPrótacal maidir le Seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire cinneadh a dhéanamh gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh an togra seo. Beidh an rogha sin acu freisin tar éis an togra a ghlacadh.

Tá an Ríocht Aontaithe agus Éire faoi cheangal Rialachán 604/2013 tar éis an fógra a thabhairt gur mian leo bheith páirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin sin, bunaithe ar an bPrótacal thuasluaite. Níl éifeacht ag seasamh na mBallstát sin maidir le Rialachán 604/2013 ar a seasamh i ndáil lena rannpháirtíocht fhéideartha sa Rialachán seo 4 .

Faoin bPrótacal ar sheasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart de bhun Theideal V de CFAE a dhéanann an gComhairle (seachas "bearta ag cinneadh na dtríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu agus teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu, ná ar bhearta maidir le formáid chomhionann do víosaí"). Mar sin féin, ós rud é go gcuireann an Danmhairg Rialachán reatha Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm, ar bhonn comhaontaithe idirnáisiúnta a chuir sí i gcrích leis an gCoimisiún Eorpach in 2006 5 , tabharfaidh sí, i gcomhréir le hAirteagal 3 den chomhaontú sin, fógra don Choimisiún faoina cinneadh cé acu a chuirfidh sí ábhar an Rialacháin leasaithe i bhfeidhm nó nach gcuirfidh.

Tionchar an togra ar Bhallstáit nach bhfuil san Aontas ach a bhfuil ceangal acu le córas Bhaile Átha Cliath

I gcomhthráth le comhlachas roinnt Ballstát nach bhfuil san Aontas le acquis Schengen, thug an Comhphobal roinnt comhaontuithe i gcrích, comhaontuithe lena ndéantar na tíortha sin a chomhlachú freisin le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac:

an comhaontú lena ndearnadh an Íoslainn agus an Iorua a chomhlachú, a tugadh i gcrích in 2001 6 ;

an comhaontú lena ndearnadh an Eilvéis a chomhlachú, a tugadh i gcrích an 28 Feabhra 2008 7 ;

an prótacal lena ndearnadh Lichtinstéin a chomhlachú, a tugadh i gcrích an 7 Márta 2011 8 .

D'fhonn cearta agus oibleagáidí a chruthú idir an Danmhairg – atá comhlachaithe le acquis Bhaile Átha Cliath/EURODAC trí chomhaontú idirnáisiúnta, mar a míníodh thuas – agus na tíortha comhlachaithe atá luaite thuas, tugadh dhá ionstraim eile i gcrích idir an tAontas agus na tíortha comhlachaithe 9 .

I gcomhréir leis na trí chomhaontú a luaitear thuas, glacfaidh na tíortha comhlachaithe le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac agus le forbairt an acquis gan eisceacht. Níl siad páirteach i nglacadh aon ghníomhartha a leasaíonn ná a chuireann le acquis Bhaile Átha Cliath (lena náirítear, mar sin, an togra seo) ach caithfidh siad fógra a thabhairt don Choimisiún laistigh de thréimhse shonrach maidir lena gcinneadh ábhar an ghnímh sin a ghlacadh nó gan é a ghlacadh, a luaithe a fhormheasfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa é. Sa chás nach nglacfaidh an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis nó Lichtinstéin le gníomh lena leasaítear nó lena bhforbraítear acquis Baile Átha Cliath/Eurodac, cuirfear deireadh leis na comhaontuithe faoi seach, mura gcinnfidh an Comhchoiste/Coiste Measctha arna bhunú ag na comhaontuithe a mhalairt d'aontoil.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tugann Teideal V de CFAE maidir leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais cumhachtaí áirithe don Aontas Eorpach i dtaobh na gcúrsaí seo. Ní mór na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i.e. murar féidir, agus sa mhéid nach féidir, leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach agus dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, is féidir leis an Aontas Eorpach iad a bhaint amach.

Tugtar sásra athshuímh isteach faoin togra d'fhonn déileáil go struchtúrach le cásanna éigeandála in aon Bhallstát, cásanna arb é rabharta mór díréireach daoine as tír isteach is cúis leis, agus comhroinnt chothrom freagrachtaí idir na Ballstáit a bhaint amach le linn géarchéime, a chuimsíonn maolú ar na critéir chun freagracht a shannadh atá i Rialachán Bhaile Átha Cliath. De réir a shainmhínithe, tiocfaidh gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh i gceist i gcás nach féidir le Ballstát déileáil leis an gcás leis féin. Chomh maith leis sin, tá sé mar aidhm leis an togra a áirithiú go gcuirfear córas Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm i gceart le linn géarchéime agus dul i ngleic leis an gceist maidir le gluaiseachtaí tánaisteacha náisiúnach tríú tír idir Ballstáit, fadhb atá trasnáisiúnta inti féin. Is léir nach féidir le Ballstáit aonair bearta a dhéanamh a thabharfadh freagairt shásúil ar na dúshláin atá roimh na Ballstáit i gcoitinne sa réimse seo. Fágann prionsabail na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta comhroinnte go bhfuil beart ón Aontas Eorpach riachtanach sa réimse seo.

Comhréireacht

Ní chuireann Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, mar atá sé anois, uirlisí ar fáil lenar féidir freagairtí leordhóthanacha a thabhairt ar chásanna ina gcuirtear ollbhrú ar chórais tearmainn na mBallstát. Léiríodh gur neamhleor na bearta éagsúla airgeadais agus oibríochtúla atá ar fáil don Choimisiún Eorpach agus do EASO chun tacú le córais tearmainn roinnt Ballstát leo féin chun dul i ngleic le cásanna géarchéime. Chun creat leordhóthanach a sholáthar i gcásanna práinneacha tromchúiseacha i réimse an tearmainn, má roghnaítear go ndéanfaidh an tAontas beart breise an ábhar seo ní théann sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach, mar atá dul i ngleic leis an gcás go héifeachtach.

Cearta bunúsacha

Mar thoradh ar an bpráinnsásra athshuímh a thabhairt isteach, cosnófar cearta bunúsacha na niarratasóirí ar léir go dteastóinn cosaint idirnáisiúnta uathu, mar a fhoráiltear i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha ("an Chairt").

Go háirithe, trína áirithiú go mbeidh rochtain luath ag na daoine lena mbaineann ar phróiseas leordhóthanach chun cosaint idirnáisiúnta a thabhairt, tá sé mar aidhm leis an togra seo an ceart chun tearmainn a chosaint agus cosaint ar nonrefoulement a áirithiú, mar a fhoráiltear in Airteagal 18 agus Airteagal 19 den Chairt. Chomh maith leis sin, trína áirithiú go ndéanfar na daoine lena mbaineann a aistriú chuig Ballstát a bheidh in ann dálaí leordhóthanacha chun a nglactha agus timpeallacht imleor ó thaobh na lánpháirtíochta de a chur ar fáil, tá sé mar aidhm leis an togra seo a áirithiú go ndéanfar lánurramú ar an gceart chun dínite agus ar an gceart chun cosanta ar chéasadh agus íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach, dá bhforáiltear in Airteagal 1 agus Airteagal 4 den Chairt. Tá sé mar aidhm leis an gCinneadh seo cearta an linbh a chosaint freisin, i gcomhréir le hAirteagal 24 den Chairt agus an ceart fanacht le chéile mar theaghlach, i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chairt.

3.COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

Cuirtear an togra lena mbunaítear sásra chun déileáil go struchtúrach le cásanna géarchéime i réimse an tearmainn i láthair mar thoradh ar ghéarchéim atá ann a bhaineann le tearmann i roinnt Ballstát a léiríonn an géarghá atá le córas níos struchtúraí le haghaidh bearta luatha ón Aontas. Leanann an togra ón gClár Oibre Eorpach maidir le hImirce, clár a ndeachthas i mbun comhairliúcháin leathan le gach páirtí leasmhar ina leith.

Chuir institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus príomhghníomhairí eile a dtuairimí ginearálta ar an ábhar seo in iúl cheana féin. Sa ráiteas uaithi an 23 Aibreán 2015, gheall an Chomhairle Eorpach go ndéanfadh sí na roghanna atá ann maidir le hathshuíomh éigeandála a eagrú i measc gach Ballstáit ar bhonn deonach a mheas. Mar chuid den phlé ar an gClár Oibre maidir le hImirce, rinne Parlaimint na hEorpa (seisiún iomlánach an 19 Bealtaine 2015) agus an Chomhairle (15 Aibreán 2015) tuairimí a mhalartú le cheile faoin sásra athshuímh freisin. I dtuarascáil ó Choiste LIBE Pharlaimint na hEorpa, iarradh ar an gCoimisiún togra a dhéanamh maidir le scéim bhuan athshuímh, a ghlacfaí i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 10 .

D'éiligh Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus an tsochaí shibhialta ar an Aontas Eorpach iarrachtaí a dhéanamh tuilleadh uirlisí le haghaidh dlúthpháirtíocht laistigh den Aontas a sholáthar agus córas dáileacháin níos cothroime a áirithiú d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleacht maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh i gceist le creat buan a bhunú le haghaidh práinnsásra athshuímh. Beidh sé riachtanach na himpleachtaí buiséadacha a bheidh ann ag gníomhachtú an chreata a mheas bunaithe ar na dálaí sonracha i mBallstáit ar leith.

5.Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 leis an togra seo trí phráinnsásra athshuímh a thabhairt isteach agus an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil le tosú ar leas a bhaint as an sásra chomh maith lena chur ar fionraí i ndáil le Ballstát áirithe, faoi choinníollacha atá sainithe go soiléir.

Déantar foráil maidir leis na gnéithe riachtanacha seo a leanas:

Coinníollacha maidir leis an bpráinnsásra athshuímh a chur i bhfeidhm i ndáil le Ballstát

Chun an práinnsásra athshuímh a chur ag obair, ní mór don Choimisiún a dheimhniú, ar bhonn faisnéis chruthaithe, go háirithe faisnéis a bhailigh EASO agus Frontex, go bhfuil Ballstát i láthair géarchéime a chuireann cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 i mbaol de dheasca ollbhrú a mbaineann rabharta mór díréireach náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát leis, a chuireann brú mór ar chóras tearmainn an Bhallstáit sin. Ba cheart an cás géarchéime a bheith chomh mór sin go gcuirfeadh sé anbhrú fiú ar chóras tearmainn atá ullmhaithe go maith agus ag feidhmiú go maith, agus méid an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh freisin.

Tá foráil sa togra maidir le táscairí soiléire ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh, inter alia, agus an measúnú sin á dhéanamh: Líon iomlán na niarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus líon na náisiúnach tríú tír agus na ndaoine gan stát a tháinig isteach go neamhrialta sa sna sé mhí roimh ghlacadh an ghnímh tharmligthe, an méadú a tháinig ar an líon sin i gcomparáid leis an tréimhse chéanna an bhliain roimhe sin chomh maith le líon na niarratas in aghaidh an duine sa Bhallstát óna ndéanfar an tathshuíomh le 18 mí anuas i gcomparáid leis an meán san Aontas.

Catagóirí na niarratasóirí atá le hathshuíomh

Tá sé beartaithe nach gcuirfear ar obair ar an bpráinnsásra athshuímh a úsáid ach i gcás iarratasóirí ar léir, ar bhonn prima facie, go dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu agus a mbeadh an Ballstát ina bhfuil dálaí géarchéime freagrach astu, faoi na critéir atá leagtha amach i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, murach na géarchéime sin. Sa togra is é an sainmhíniú ar na hiarratasóirí sin ná náisiúnaigh tíre ar 75 % nó os a chionn an ráta aitheantais go dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu, bunaithe ar an meánráta i dtaca leis an Aontas ar fad sna sonraí ráithiúla nuashonraithe is déanaí atá ar fáil ó Eurostat.

Tuairisc ar an bpráinnsásra athshuímh

Faoin bpráinnsásra athshuímh, scrúdóidh Ballstát eile (Ballstát an athshuímh) iarratais na ndaoine sin. Sa chás sin, beidh feidhm leis an nós imeachta athshuímh atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV, de mhaolú ar Airteagal 21, Airteagal 22 agus Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013.

Tá nós imeachta simplí athshuímh leagtha amach sa togra, chun aistriú luath na ndaoine lena mbaineann chuig Ballstát an athshuímh a áirithiú. Ceapfaidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta agus cuirfidh sé na Ballstáit eile agus an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (EASO) ar an eolas faoi.

Cuirfidh na Ballstáit an líon iarratasóirí is féidir a athshuíomh go luath chuig a gcríoch agus aon fhaisnéis ábhartha eile in iúl go tráthrialta, agus gach trí mhí ar a laghad. Sainaithneoidh an Ballstát óna ndéanfar an tathshuíomh, le cúnamh ó EASO agus, nuair is infheidhme, ó oifigigh idirchaidrimh na mBallstát eile, sainaithneoidh siad na hiarratasóirí a d'fhéadfaí a athshuíomh chuig Ballstáit eile agus molfaidh siad do na Ballstáit eile go ndéanfar na hiarratasóirí a athshuíomh chuig a gcríoch. Agus é sin á dhéanamh, ba cheart tús áite a thabhairt d'iarratasóirí leochaileacha. Tar éis do Bhallstát an athshuímh formheas a thabhairt, is gá don Bhallstát óna ndéanfar an tathshuíomh cinneadh foirmiúil a dhéanamh an tiarratasóir a athshuíomh, agus an tiarratasóir a chur ar an eolas faoin gcinneadh sin. Sonraítear sa togra nach féidir iarratasóirí a gceanglaítear a méarloirg a thógáil de bhun na gceanglas atá leagtha amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 a athshuíomh ach amháin má tógadh a méarloirg. Sonraítear sa togra freisin go gcoimeádfaidh na Ballstáit an ceart diúltú iarratasóir a athshuíomh i ndáil le hábhar imní a bhaineann le slándáil náisiúnta nó don ord poiblí nó forálacha eisiaimh atá leagtha amach in Airteagal 12 agus Airteagal 17 de Threoir 2011/95/AE, agus i ndáil leo sin amháin. Foráiltear sa togra nach mór gach céim den nós imeachta a thabhairt a luaithe is féidir agus dhá mhí ar a dhéanaí ón uair a bheidh líon na niarratasóirí a d'fhéadfaí a athshuíomh go luath curtha in iúl ag Ballstáit an athshuímh. I gcásanna ina mbeidh constaicí praiticiúla a bhfuil údar leo, tá foráil maidir le maoluithe teoranta freisin.

Tá ráthaíochtaí sonracha sa togra do na hiarratasóirí atáthar le hathshuíomh chuig Ballstát eile. Tá an ceart faisnéis a fháil maidir leis an nós imeachta athshuímh, an ceart fógra a fháil faoin gcinneadh faoin athshuíomh, cinneadh inar gá Ballstát sonrach an athshuímh a thabhairt le fios, agus an ceart bheith athshuite le baill teaghlaigh sa Bhallstát athshuímh céanna. Beidh feidhm fós leis an oibleagáid tús áite a thabhairt do leas an linbh mar atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 agus cinneadh á dhéanamh maidir le Ballstát an athshuímh. Tá sé intuigthe leis sin inter alia go bhfuil oibleagáid ar an mBallstát óna ndéanfar an tathshuíomh a chur in iúl do na Ballstáit eile nuair is mionaoiseach neamhthionlactha é an tiarratasóir atá le hathshuíomh gurb amhlaidh atá agus, in éineacht leis an mBallstát a léirigh go raibh rún acu an mionaoiseach sin a athshuíomh, go ndéanfar measúnú ar leas an linbh, i gcomhréir le Barúil Ghinearálta Uimh. 14 (2013) ó Choiste na Náisiún Aontaithe maidir leis na cearta atá ag leanbh go dtabharfar tús áite dá leas 11 .

Leas a bhaint as an bpráinnsásra athshuímh

Nuair a fhaigheann an Coimisiún amach go cinnte go bhfuil na coinníollacha um athshuíomh comhlíonta i ndáil le Ballstát ar leith, glacfaidh sé gníomh tarmligthe chun an sásra athshuímh a chur ag obair. Sa ghníomh tarmligthe sin déanfar na nithe seo a leanas: (a) a dheimhniú go bhfuil géarchéim de réir bhrí mhír 1 sa Bhallstát óna ndéanfar an tathshuíomh; (b) a shocrú cá mhéad duine atá le hathshuíomh ón mBallstát sin; (c) dáileadh na ndaoine sin idir na Ballstáit trí bhíthin na foirmle le haghaidh eochair dáileacháin; agus (d) tréimhse chur chun feidhme an phráinnsásra athshuímh a leagan síos. Ní thiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse aon mhí amháin tar éis don Choimisiún fógra faoin ngníomh sin a thabhairt dóibh. Is féidir an gníomh tarmligthe a bheith i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain ar a mhéad.

An modh chun líon na ndaoine atá le hathshuíomh a shocrú

Tá foráil sa togra maidir le táscairí oibiachtúla infhíoraithe a bheidh le cur san áireamh ag an gComisiún agus cinneadh á dhéanamh, i gcomhthéacs gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an práinnsásra athshuímh a chur ag obair i ndáil le Ballstát ar leith, líon na ndaoine a bheidh le hathshuíomh ón mBallstát sin agus go háirithe: líon na niarratasóirí in aghaidh an duine sa Bhallstát óna ndéanfar an tathshuíomh le linn na 18 mí, agus na sé mhí go háirithe, roimh ghlacadh an ghnímh tharmligthe i gcomparáid leis an meán san Aontas; acmhainn an chórais tearmainn sa Bhallstát sin; agus an méid a bhí an Ballstát páirteach i dtionscnaimh dlúthpháirtíochta a bhí ann roimhe sin chomh maith leis an méid tairbhe a bhain an Ballstát as bearta dlúthpháirtíochta a rinne an tAontas Eorpach roimhe sin.

Lena chois sin, bunaítear tairseach uasta i gcomhair líon na ndaoine a bheidh le hathshuíomh, sé sin 40 % de líon na niarratas a taisceadh sa Bhallstát sin le linn na sé mhí roimh ghlacadh an ghnímh tharmligthe.

Rialacha sonracha sa chás nach bhfuil ar chumas Ballstáit páirt a ghlacadh in athshuíomh na niarratasóirí ar bhonn sealadach

Toisc nach féidir cásanna eisceachtúla a chur as an áireamh, tá foráil sa togra go bhféadfaidh Ballstát, laistigh d'aon mhí amháin ó theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe lena gcuirtear an bpráinnsásra athshuímh ag obair, fógra a thabhairt don Choimisiún nach féidir leis, páirt a ghlacadh, go hiomlán nó go páirteach, in athshuíomh iarratasóirí ón mBallstát óna ndéanfar an tathshuíomh, agus cúiseanna a bhfuil údar iomchuí leo a thabhairt atá ag teacht le bunluachanna an Aontais atá cumhdaithe in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar feadh bliana. Ina ionad sin, ba cheart don Bhallstát ranníocaíocht 0,002 % den olltáirgeacht intíre a chur isteach i mBuiséad an Aontais chun an cúnamh a chumhdach lena dtacaítear leis na hiarrachtaí atá gach Ballstát eile a dhéanamh chun an ghéarchéim a láimhseáil agus na hiarmhairtí atá leis an mBallstát sin gan páirt a ghlacadh san athshuíomh. I gcás rannpháirtíocht i bpáirt, laghdófar an méid sin de réir mhéid na rannpáirtíochta. Ba cheart an tsuim sin a leithdháileadh ar an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht mar ioncam sannta.

Ní mór a áirithiú nach ndéanfar difear do leibhéal na dlúthpháirtíochta leis an mBallstát ina bhfuil an ghéarchéim, de réir líon na ndaoine atá le hathshuíomh. Dá bhrí sin, ba cheart na leithdháiltí faoin eochair dáileacháin dá bhforáladh i gcás aon Bhallstát a thug fógra a ghlac an Coimisiún, ba cheart iad a athleithdháileadh ar na Ballstáit atá fágtha.

Tá foráil sa togra maidir le leasú a dhéanamh ar an ngníomh tarmligthe faoina gcuirfear an práinnsásra athshuíomh ag obair sna cásanna sin.

Bearta comhlántacha atá le déanamh ag an mBallstát óna ndéanfar an tathshuíomh

Mar léiriú ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus ar phrionsabal na freagrachta, leagtar amach sa togra go mbeidh oibleagáid ar an mBallstát óna ndéanfar an tathshuíomh, ar dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 33a(3), go mbeidh oibleagáid air treochlár a thíolacadh don Choimisiún ina mbeidh bearta lena áirithiú go cuirfear an práinnsásra athshuímh chun feidhme go hiomchuí. I gcás inar iarr an Coimisiún ar Bhallstát plean gníomhaíochta bainistithe géarchéime a tharraingt suas de bhun Airteagal 33(3) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, cuirfear na bearta a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go gcuirfear an sásra athshuímh chun feidhme go hiomchuí i láthair mar chuid den plean gníomhaíochta sin, agus ba cheart bearta níos leithne a bhaineann le tearmann agus é mar aidhm leo, inter alia, acmhainneacht a chórais tearmainn a neartú a bheith ina gcuid den phlean sin. Lena chois sin, sonraítear sa togra na dálaí faoinar féidir leis an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh cur i bhfeidhm an tsásra athshuímh ar mhaithe le Ballstát a chur ar fionraí mura gcomhlíonfaidh sé a chuid oibleagáidí.

Ar deireadh, faoin togra aisghairtear na rialacha is infheidhme chun cásanna ina ndéanfaidh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, agus tairbhithe na cosanta sin, gluaiseachtaí tánaisteacha a chosc agus chun déileáil leo, agus déantar foráil maidir le rialacha nua i gcás tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a chuaigh isteach agus a d'fhan i gcríoch Ballstáit eile go neamhrialta, tar éis a nathshuite. Go háirithe, foráiltear go dtógfaidh Ballstát an athshuímh ar ais tairbhí cosanta náisiúnta a rinne, tar éis a athshuite, iarratas i mBallstát seachas Ballstát an athshuímh nó atá i gcríoch Ballstáit seachas Ballstát an athshuímh gan doiciméad cónaithe.

An eochair dáileacháin a ríomh

1.Eochair dáileacháin

a) An daonra – ualú 40 %    

b) Olltáirgeacht intíre iomlán (OTI) – ualú 40 %    

c) meánlíon na niarratas ar thearmann in aghaidh an mhilliúin duine atá ina gcónaí sa tír sna 5 bliana roimhe le huasteorainn 30 % d'éifeacht an daonra agus an OTI – ualú 10 %

d) An ráta dífhostaíochta le huasteorainn 30 % d'éifeacht an daonra agus an OTI – ualú 10 %

2.An fhoirmle

3.Ríomh

Tá sé mar aidhm leis an léiriú samplach thíos an chaoi a ndéanfar leithdháileadh 120,000 iarratasóir chuig tír X a ríomh má ghlacann gach Ballstát agus gach Stát Comhlachaithe (AE+) páirt.

(a)An Daonra

Chun éifeacht chritéar an daonra ar an eochair dáileacháin a ríomh, roinntear líon na ndaoine atá ina gcónaí i dtír X ar líon na ndaoine atá ina gcónaí i ngach ceann den 28 mBallstát agus sna 4 Stát Chomhlachaithe (AE+ = 32).

Sampla:

An daonra i dtír X: 4.625.885; Suim an daonra in AE+: 521.959.960

Éifeacht an daonra x = = 0,89 %

Is é 0,89 % éifeacht chritéar an daonra ar an eochair dáileacháin i gcás tír X.

(b)OTI iomlán

Chun éifeacht chritéar an OTI iomlán ar an eochair dáileacháin a ríomh, roinntear OTI iomlán thír X ar shuim an OTI iomlán don 28 mBallstát den Aontas agus den 4 Stát Comhlachaithe (AE+ = 32).

Sampla:

OTI iomlán thír X (i milliúin EUR): 185.411; Suim OTI iomlán an AE+ (i milliúin EUR): 14.854.924

Éifeacht an OTI x = = 1,25 %

Is é 1,25 % éifeacht chritéar an OTI ar an eochair dáileacháin i gcás tír X.

(c)Meánlíon na niarratas ar thearmann in aghaidh an mhilliúin cónaitheoir sna 5 bliana roimhe le huasteorainn 30 % d'éifeacht an daonra agus an OTI – ualú 10 %

(Éifeacht inbhéartach)

Tá comhréir inbhéartach ag éifeacht na niarratas ar thearmann ar an eochair dáileacháin, i.e. dá airde líon na niarratas ar thearmann, is é is ísle an fachtóir.

Chun nach mbeidh tionchar díréireach ag an gcritéar seo ar an eochair iomlán, cuirtear uasteorainn i bhfeidhm, a chiallaíonn nach féidir le luach éifeacht na niarratas ar thearmann a bheith os cionn 30 % de shuim éifeacht an daonra agus éifeacht an OTI.

Sampla:

Meánlíon na niarratas ar thearmann sna 5 bliana roimhe sin in aghaidh an mhilliúin duine atá ina gcónaí i dtír X: 287 tír X: 287, Luach inbhéartaithe: = 0,00348.

Suim mhéanlíon na niarratas ar thearmann sna 5 bliana roimhe sin in aghaidh an mhilliúin duine atá ina gcónaí san AE+ ar fad (luach inbhéartaithe): 0,14831

Éifeacht an tearmainn x == = 2,35 %

Uasteorainnx = 30 % (0,89 % (éifeacht an daonra) + 1,25 % (éifeacht an OTI)) = 0,64 %

Is é 2,35 % an éifeacht iarbhír atá ag critéar na niarratas ar thearmann i gcás thír X, ach úsáidtear luach an uasteorainn (0,64 %) chun an eochair a ríomh.

(d)An ráta dífhostaíochta le huasteorainn 30 % d'éifeacht an daonra agus an OTI – ualú 10 %

Mar is amhlaidh do chritéar na niarratas ar thearmann, tá comhréir inbhéartach ag éifeacht an ráta dífhostaíochta ar an eochair dáileacháin, i.e. dá airde an ráta, is é is ísle an fachtóir. Chun nach mbeidh tionchar díréireach ag an gcritéar seo ar an eochair iomlán, cuirtear uasteorainn i bhfeidhm, sa chaoi nach féidir le luach éifeacht an ráta dífhostaíochta a bheith os cionn 30 % den suim d'éifeacht an daonra agus éifeacht an OTI.

Sampla:

An ráta dífhostaíochta i dtír X: 11,3 %, luach inbhéartaithe: = 0,0884955

Suim na rátaí dífhostaíochta go léir in AE+ (luach inbhéartaithe): 4,345698

Éifeacht an ráta dífhostaíochta: x == 2,04 %

Uasteorainn 30 %x = 0,64 %

Is é 2,04 % an éifeacht iarbhír atá ag critéar an ráta dífhostaíochta i gcás thír X, ach úsáidtear luach an uasteorainn (0,64 %) chun an eochair a ríomh.

(e)Leithdháileadh uasteoranta 120,000 iarratasóir chuig tír X

Sampla:

Leithdháileadhx = 120,000 * (40 % éifeacht an daonra (0,89 %) + 40 % éifeacht OTI (1,25 %) + 10 % éifeacht na niarratas ar thearmann (uasteoranta) – 0,64 % + 10 % éifeacht an ráta dífhostaíochta (uasteoranta) – 0,64 %) = 1,178

Leithdháileadh uasteoranta i gcás thír X: 1178

(f)Leithdháileadh na náiteanna atá fágtha

Mar gheall ar an uasteorainn, beidh líon áirithe áiteanna fágtha a mbeidh gá iad a leithdháileadh. Beidh dáileadh na náiteanna sin bunaithe ar éifeacht an daonra agus éifeacht OTI (50 %-50 %) i gcás tír ar leith. Cuirtear líon na náiteanna atá fágtha leis an leithdháileadh uasteoranta ansin.

Sampla:

Leithdháileadh uasteoranta i gcás thír X: 1.178;

Suim na leithdháiltí uasteoranta d'AE+ ar fad: 102.801;

Líon na náiteanna atá fós le leithdháileadh: 17.199

Áiteanna atá fágthax = 17.199 * (50 % éifeacht an daonra + 50 % éifeacht an OTI) = 17.199* 1,07 % = 184

Is é 1362 leithdháileadh deiridh na niarratasóirí i gcás thír X, agus is é 1,13 % an eochair 



2015/0208 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear práinnsásra athshuímh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2)(e) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaítear sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, ar bhonn na gcritéar oibiachtúil atá leagtha amach i gCaibidil III de.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 80 den Chonradh, ba cheart beartais an Aontais i réimse na seiceálacha teorann, an tearmainn agus na hinimirce agus cur chun feidhme na beartas sin a bheith faoi réir phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus comhroinnte córa freagrachta idir na Ballstáit agus ní mór bearta iomchuí a bheith i ngníomhartha a ghlacfaidh an tAontas sa réimse sin chun go mbeidh éifeacht ag na prionsabail sin.

(3)Má bhíonn anbhrú á chur ar chóras tearmainn Ballstáit, beidh an baol ann nach gcuirfear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 i bhfeidhm. Cé go bhfuil foráil sa Rialachán sin maidir le próiseas réamhrabhaidh, ullmhachta agus bainistithe géarchéime tearmainn, faoin Rialachán sin ní féidir maolú ar na critéir freagrachta atá socraithe ann fiú i gcásanna den sórt sin. Chun cothromaíocht a chur chun cinn ó thaobh iarrachtaí na mBallstát agus na géarchéimeanna sin á láimhseáil acu agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain luath ar na próisis lena ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta, ba cheart práinnsásra a chur ar bun chun iarratasóirí ar léir go dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu a athshuíomh. Ba cheart cur i bhfeidhm beart athshuímh i ndáil le Ballstát áirithe a bheith gan dochar don rogha Airteagal 33(3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm go comhthreomhar ar na Ballstáit chéanna. Ní réamhchoinníoll é Airteagal 33(3) maidir le bearta athshuímh a chur i bhfeidhm.

(4)Ba cheart cur i bhfeidhm beart athshuímh i ndáil le Ballstát áirithe a bheith gan dochar don rogha atá ag an gComhairle bearta sealadacha a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 78(3) i gcás éigeandáil i mBallstát a mbaineann rabharta tobann náisiúnach tríú tír as tír isteach léi.

(5)Ba cheart dearcadh ar an bpráinnsásra athshuímh i gcomhthéacs tacair níos leithne beart is féidir a bheidh ar Bhallstáit a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh a gcuid beartas imirce éifeachtach, lena náirítear bearta maidir le céadghlacadh agus cur ar ais náisiúnach tríú tír nach bhfuil an ceart acu fanacht i gcríoch na mBallstát i gcomhréir le forálacha Threoir 2008/115/CE ('láithreacha práinne').

(6)Tá an Coimisiún i mbun measúnú cuimsitheach ar Rialachán Bhaile Átha Cliath faoi láthair agus is féidir go dtiocfaidh athbhreithniú níos leithne ar chóras Bhaile Átha Cliath as sin.

(7)Tá sé beartaithe go mbeidh córas soiléir inoibrithe ann a bheidh bunaithe ar thairseach ar an meánráta ar leibhéal an Aontais de na cinntí lena dtugtar cosaint idirnáisiúnta sna nósanna imeachta ag an gcéadchéim mar atá sainithe ag Eurostat as líon iomlán na gcinntí ar leibhéal an Aontais maidir le hiarratais tearmainn ar chosaint idirnáisiúnta a glacadh ag an gcéadchéim, ar bhonn na sonraí is déanaí atá ar fáil. Ar thaobh amháin, níor mhór a áirithiú leis an tairseach sin, a mhéid is féidir, go mbeidh na hiarratasóirí uile ar léir go dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu in ann a gcearta cosanta a theachtadh go hiomlán agus go luath i mBallstát an athshuímh. Ar an taobh eile, choiscfí leis an tairseach sin, a mhéid is féidir, athshuíomh go Ballstát eile na niarratasóirí ar dócha go ndéanfaí cinneadh diúltach maidir lena niarratas, rud a chuirfeadh fadú míchuí ar a dtréimhse fanachta san Aontas. Ba cheart tairseach 75 % a úsáid, tairseach atá bunaithe ar na sonraí ráithiúla nuashonraithe is déanaí atá le fáil ó Eurostat i ndáil le cinntí ag an gcéadchéim.

(8)Ba cheart athshuíomh iarratasóirí ar léir go dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu a dhéanamh ar bhonn na foirmle le haghaidh eochair dáileacháin atá leagtha amach in Iarscríbhinn III. Ba cheart an eochair dáileacháin atá beartaithe a bhunú ar na nithe seo a leanas: (a) méid an phobail (ualú 40 %); (b) iomlán na holltáirgeachta intíre (ualú 40 %); (c) meánlíon na niarratas tearmainn in aghaidh an mhilliúin áitritheoir le linn 2010-2014 (ualú 10 %, agus uasteorainn 30 % d'éifeacht an daonra agus éifeacht na holltáirgeachta intíre ar an eochair chun éifeachtaí díréireacha an chritéir sin ar an dáileadh foriomlán a sheachaint); agus (d) an ráta dífhostaíochta (ualú 10 %, agus uasteorainn 30 % d'éifeacht an daonra agus éifeacht na holltáirgeachta intíre ar an eochair chun éifeachtaí díréireacha an chritéir sin ar an dáileadh foriomlán a sheachaint).

(9)I gcásanna eisceachtúla, nuair a thugann Ballstát fógra don Choimisiún, maille le cúiseanna a bhfuil údar iomchuí leo agus atá ag teacht le bunluachanna an Aontais atá cumhdaithe in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nach féidir leis, ar feadh tamaill, páirt a ghlacadh, go hiomlán nó go páirteach, in athshuíomh iarratasóirí, ba cheart dó ina ionad sin, ar feadh bliain amháin, ranníocaíocht 0,002 % dá olltáirgeacht intíre a chur isteach i mBuiséad an Aontais chun an cúnamh a chumhdach lena dtacaítear leis na hiarrachtaí atá gach Ballstát eile a dhéanamh chun an ghéarchéim a láimhseáil agus chomh maith leis sin na hiarmhairtí a chumhdach atá leis an mBallstát sin gan páirt a ghlacadh san athshuíomh. I gcás ina nglactar páirt go páirteach, ba cheart an tsuim sin a laghdú dá réir. Ba cheart an tsuim sin a leithdháileadh ar an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht mar ioncam sannta.

(10)Ní mór a áirithiú nach ndéanfar difear do leibhéal na dlúthpháirtíochta leis an mBallstát atá i láthair géarchéime, maidir le líon na ndaoine atá le hathshuíomh. Dá bhrí sin, i gcás ina dtugann Ballstát fógra a nglacann an Coimisiún leis ba cheart na leithdháiltí a bhí le bheith ag an mBallstát sin faoin eochair dáileacháin a athleithdháileadh ar na Ballstáit atá fágtha.

(11)Is gá a áirithiú go gcuirfear nós imeachta um athshuíomh luath i bhfeidhm, agus go mbeidh dlúthchomhar riaracháin idir na Ballstáit agus an tacaíocht oibríochtúil a sholáthróidh an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) ag gabháil le cur chun feidhme na nósanna imeachta athshuímh.

(12)Ba cheart an tslándáil náisiúnta agus an tord poiblí a chur san áireamh ó thús go deireadh an phróisis athshuímh, go dtí go mbeidh aistriú an iarratasóra curtha chun feidhme. Le hurraim iomlán do chearta bunúsacha an iarratasóra, lena náirítear na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí, má tá foras réasúnta ag Ballstát lena mheas gur baol dá shlándáil náisiúnta nó don ord poiblí iarratasóir áirithe, ba cheart dó sin a chur in iúl do na Ballstáit eile.

(13)Agus cinneadh á dhéanamh cé na hiarratasóirí ar léir go dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu ba cheart a athshuíomh ón mBallstát óna ndéanfar an tathshuíomh, ba cheart tús áite a thabhairt d'iarratasóirí leochaileacha de réir bhrí Airteagal 21 agus Airteagal 22 de Threoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 . Ar an ábhar sin, ba cheart tús áite a thabhairt do riachtanais speisialta iarratasóirí, sláinte san áireamh. Ba cheart leas an linbh a bheith ina phríomhchritéar i gcónaí.

(14)Is é lánpháirtiú na niarratasóirí ar léir go dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu san aoi-shochaí an chloch choirneáil a bheadh ag Comhchóras Eorpach Tearmainn a bheadh ag feidhmiú go maith. Dá bhrí sin, chun a chinneadh cén Ballstát sonrach ba cheart athshuíomh a dhéanamh ann, ba cheart cáilíochtaí sonracha agus tréithe sonracha na niarratasóirí lena mbaineann a chur san áireamh go sonrach, cáilíochtaí agus tréithe amhail a scileanna teanga agus comharthaí aonair eile atá bunaithe ar naisc ghaoil, chultúrtha nó shóisialta a d'fhéadfadh an lánpháirtiú a dhéanamh níos fusa. I gcás iarratasóirí atá thar bheith leochaileach, ba cheart dearcadh ar an gcumas atá ag Ballstát an athshuímh tacaíocht leordhóthanach a thabhairt do na hiarratasóirí sin agus ar an ngá atá ann a áirithiú go ndáilfear na hiarratasóirí sin go cothrom ar na Ballstáit. Agus an aird iomchuí á tabhairt do phrionsabal an neamhidirdhealaithe, féadfaidh na Ballstáit ina ndéanfar an tathshuíomh a gcuid céadroghanna maidir le hiarratasóirí a chur in iúl ar bhonn na faisnéise thuas agus féadfaidh an Ballstát óna ndéanfar an tathshuíomh liostaí a thiomsú ar bhonn na faisnéise sin d'iarratasóirí féideartha a sainaithníodh le haghaidh athshuíomh chuig an mBallstát sin, i gcomhairle le EASO agus, más infheidhme, le hoifigigh idirchaidrimh.

(15)Nuair a cheapfaidh Ballstáit oifigigh idirchaidrimh sa Bhallstát óna ndéanfar an tathshuíomh, ba cheart go ndéanfadh sé níos fusa é an nós imeachta athshuímh a chur chun feidhme, lena náirítear na hiarratasóirí atá le hathshuíomh a shainaithint go hiomchuí, agus a leochaileacht agus a gcáilíochtaí, go háirithe, a chur san áireamh. Maidir le ceapadh oifigeach idirchaidrimh sa Bhallstát óna ndéanfar an tathshuíomh agus déanamh a gcúraimí araon, ba cheart do Bhallstát an athshuímh agus don Bhallstát óna ndéanfar an tathshuíomh an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú le chéile agus leanúint den dlúthchomhar ó thús go deireadh na hoibríochta.

(16)Ba cheart bearta a dhéanamh sa chaoi go seachnófar gluaiseachtaí tánaisteacha daoine athshuite ó Bhallstát an athshuímh chuig Ballstáit eile. Go háirithe, ba cheart iarratasóirí a chur ar an eolas faoi na hiarmhairtí a bhaineann le gluaiseacht ar aghaidh laistigh de na Ballstáit agus a chur in iúl dóibh, má dheonaíonn an Ballstát atá freagrach cosaint idirnáisiúnta dóibh, i bprionsabal, nach bhfuil siad i dteideal na gceart sin a eascraíonn ón gcosaint idirnáisiúnta ach sa Bhallstát sin amháin.

(17)Chun gluaiseachtaí tánaisteacha tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit na tairbhithe a chur ar an eolas chomh maith faoi na coinníollacha faoina bhféadfaidh siad dul isteach i mBallstát eile go dleathach agus fanacht ann agus d'fhéadfaidís oibleagáidí a chur ar na tairbhithe sin fógra a thabhairt. Lena chois sin, chun a áirithiú go nglacfaidh Ballstát an athshuímh ar ais na tairbhithe cosanta idirnáisiúnta sin a chuaigh isteach i gcríoch Ballstáit seachas Ballstát an athshuímh gan na coinníollacha fanachta sa Bhallstát eile sin a chomhlíonadh, is gá tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a athshuíodh a chumhdach faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(18)Sa bhreis air sin, i gcomhréir leis na spriocanna atá leagtha amach i dTreoir 2013/33/AE, ba cheart go gcuideodh an comhchuibhiú a dhéanfar ar dhálaí glactha idir na Ballstáit teorainn a chur le gluaiseachtaí tánaisteacha iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, iarratasóirí ar a raibh tionchar ag an difear atá idir na dálaí glactha ó Bhallstát go Ballstát. Chun go mbainfear amach an sprioc sin, ba cheart do na Ballstáit smaoineamh faoi oibleagáidí a chur ar dhaoine fógra a thabhairt agus dálaí glactha ábharacha lena náirítear tithíocht, bia agus éadaí, a chur ar fáil d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ar bhonn comhchineáil amháin, agus, más iomchuí, a áirithiú go naistreofar iarratasóirí go díreach chuig Ballstát an athshuímh. Mar an gcéanna, nuair a bheifear ag scrúdú na niarratas ar chosaint idirnáisiúnta, mar a fhoráiltear in acquis Schengen, ach amháin má bhíonn tromchúiseanna daonnúla ann, níor cheart do na Ballstáit doiciméid náisiúnta taistil a thabhairt do na hiarratasóirí, ná spreagadh eile a thabhairt dóibh, amhail dreasachtaí airgeadais, a d'éascódh a ngluaiseachtaí neamhrialta chuig Ballstáit eile. Má dhéantar gluaiseachtaí neamhrialta chuig Ballstáit eile, ba cheart iarratasóirí a chur ar ais chuig Ballstát an athshuímh.

(19)Chun géarchéimeanna a thagann as ollbhrú imirce ar chóras tearmainn Ballstát sonrach a láimhseáil go luath, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún freisin maidir le cur i bhfeidhm beart athshuímh a bhunú i ndáil le Ballstát sonrach agus maidir le cur i bhfeidhm na mbeart sin a chur ar fionraí freisin.

(20)Agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ní rachaidh an Coimisiún níos faide ná a dheimhniú gur comhlíonadh na coinníollacha athshuímh chomh maith leis na nithe eile dá bhforáiltear faoi Airteagal 33(a)4 agus Airteagal 33(d)2 den Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(21)[I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an dá Bhallstát sin gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo]

(21)[I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl na Ballstáit sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán ina cheangal orthu ná níl siad faoi réir a chur i bhfeidhm.]

(21)[I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(22)I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn (, le litir an ...,) gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.]

(21)[I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe (, le litir an ...,) gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(22)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.]

(22)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(23)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 mar a leanas:

(1)Cuirtear na pointí seo a leanas le hAirteagal 2:

"(o) ciallaíonn "athshuíomh" iarratasóir a aistriú ó chríoch an Bhallstáit atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, de réir na gcritéar atá leagtha síos i gCaibidil III den Rialachán seo ('an Ballstát óna ndéanfar an tathshuíomh') chuig críoch Bhallstát an athshuímh;

(p) ciallaíonn "an Ballstát óna ndéanfar an tathshuíomh" an Ballstát a bheidh freagrach de bhun an Rialacháin seo as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ó iarratasóir tar éis athshuíomh an iarratasóra go críoch an Bhallstáit sin."

(2)Cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 4(1):            

"(g) más infheidhme, an nós imeachta athshuímh a leagtar amach i Roinn VII de Chaibidil VI."

(3)Cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 18(1):

"(e) faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 23, 24, 25 agus 29, tairbhí cosanta náisiúnta a ghlacadh ar ais, ar tairbhí cosanta náisiúnta é a rinne, tar éis a athshuite, iarratas i mBallstát seachas Ballstát an athshuímh nó atá i gcríoch Ballstáit seachas Ballstát an athshuímh gan doiciméad cónaithe."

(4)Cuirtear an Roinn VII seo a leanas i gCaibidil VI:

"ROINN VII

Práinnsásra athshuímh

Airteagal 33a

Práinnsásra athshuímh

1. Nuair a dheimhneoidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéis chruthaithe, go háirithe faisnéis a bhailigh EASO de bhun Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 agus a bhailigh an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag na Teorainneacha Seachtracha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004*, go bhfuil Ballstát i láthair géarchéim a chuireann cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i mbaol de dheasca ollbhrú a mbaineann rabharta mór díréireach náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát as tír isteach leis, a chuireann brú mór ar chóras tearmainn an Bhallstáit, cuirfear an práinnsásra athshuímh dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm ar mhaithe leis an mBallstát sin.

2. Faoin bpráinnsásra athshuímh, scrúdóidh Ballstát an athshuímh roinnt iarratas ar chosaint idirnáisiúnta de mhaolú ar an bprionsabal atá leagtha amach in Airteagal 3(1) gurb é an Ballstát a scrúdóidh iarratas an Ballstát atá freagrach as sin de réir na gcritéar atá leagtha amach i gCaibidil III. Ar a bharr sin, beidh feidhm ag na rialacha mionsonraithe nós imeachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV, de mhaolú ar Airteagal 21, Airteagal 22 agus Airteagal 29.

3. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 a bhaineann le cur i bhfeidhm an phráinnsásra athshuímh ar mhaithe leis an mBallstát.

4. Sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 déanfaidh an Coimisiún:

(a) a dheimhniú go bhfuil géarchéim de réir bhrí mhír 1 sa Bhallstát óna ndéanfar an tathshuíomh,

(b) a shocrú cá mhéad duine atá le hathshuíomh ón mBallstát sin,

(c) dáileadh na ndaoine sin idir na Ballstáit a shocrú trí bhíthin na foirmle le haghaidh eochair dáileacháin dá dtagraítear in Airteagal 33b agus

(d) tréimhse chur chun feidhme an phráinnsásra athshuímh a leagan síos.

5. Agus é á dheimhniú go bhfuil géarchéim ann de réir bhrí phointe (a) de mhír 4, seiceálfaidh an Coimisiún an bhfuil an ghéarchéim chomh mór sin go gcuirfeadh sé anbhrú fiú ar chóras a bhí ullmhaithe go maith agus atá ag feidhmiú i gcomhréir leis na gnéithe ábhartha uile d'acquis tearmainn an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh sé méid an Bhallstáit san áireamh freisin.

Agus an measúnú sin á dhéanamh aige cuirfidh an Ballstát san áireamh, inter alia, líon iomlán na niarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus líon na náisiúnach tríú tír agus na ndaoine gan stát a tháinig isteach go neamhrialta sa stát sna sé mhí roimh ghlacadh an ghnímh tharmligthe, an méadú a tháinig ar an líon sin i gcomparáid leis an tréimhse chéanna an bhliain roimhe sin chomh maith le líon na niarratas in aghaidh an duine sa Bhallstát óna ndéanfar an tathshuíomh le 18 mí anuas i gcomparáid leis an meán san Aontas.

6. Chun a chinneadh cad é líon na ndaoine atá le hathshuíomh, próiseas dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh, go háirithe:

(a)líon na niarratasóirí ar chosaint náisiúnta in aghaidh an duine sa Bhallstát óna ndéanfar an tathshuíomh le linn na 18 mí, agus na sé mhí go háirithe, roimh ghlacadh an ghnímh tharmligthe i gcomparáid leis an meán san Aontas,

(a)acmhainn an chórais tearmainn sa Bhallstát sin, agus

(b)a mhéid a bhí an Ballstát páirteach i dtionscnaimh dhlúthpháirtíochta a bhí ann roimhe sin chomh maith leis an méid tairbhe a bhain an Ballstát as bearta dlúthpháirtíochta a rinne an tAontas Eorpach roimhe sin.

Ní bheidh líon na ndaoine atá le hathshuíomh os cionn 40 % de líon na niarratas a taisceadh sa Bhallstát sin le linn na sé mhí roimh ghlacadh an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 33b

Eochair dáileacháin

1.Déanfar athshuíomh de réir na foirmle le haghaidh eochair dáileacháin mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.

2.Féadfaidh Ballstát, i gcásanna eisceachtúla, faoi cheann aon mhí amháin ó theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 33a(3), a chur in iúl don Choimisiún nach féidir leis, ar feadh tamaill, páirt a ghlacadh, go hiomlán nó go páirteach, in athshuíomh iarratasóirí ón mBallstát óna ndéanfar an tathshuíomh, agus cúiseanna a bhfuil údar iomchuí leo a thabhairt atá ag teacht le bunluachanna an Aontais atá cumhdaithe in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Measúnóidh an Coimisiún na cúiseanna sin agus cuirfidh sé cinneadh faoi bhráid an Bhallstáit. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil údar iomchuí leis an bhfógra bainfear an oibleagáid den Bhallstát páirt a ghlacadh in athshuíomh na niarratasóirí agus cuirfidh an Ballstát, ina ionad sin, ranníocaíocht 0,002 % dá olltáirgeacht intíre isteach i mBuiséad an Aontais; i gcás ina nglacfar páirt go páirteach, laghdófar an méid sin de réir mhéid na rannpháirtíochta. Leis an ranníocaíocht sin, maoineofar cúnamh airgeadais lena dtacófar leis na hiarrachtaí atá gach Ballstát eile a dhéanamh chun an ghéarchéim a láimhseáil agus lena gcumhdófar na hiarmhairtí atá leis an mBallstát sin gan páirt a ghlacadh san athshuíomh, de bhun fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle 13 . Beidh an ranníocaíocht sin ina hioncam sannta de réir bhrí Airteagal 21(4) de Rialachán (AE, Eurotom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle 14 .

Leasóidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 33a(3), i gcás ina dtugann Ballstát fógra a nglacann an Coimisiún leis de bhun chéad abairt na míre seo, chun na leithdháiltí a bhí le bheith ag an mBallstát sin a athdháileadh de réir na heochrach dáileacháin ar na Ballstáit atá fágtha, i gcomhréir leis an bhfoirmle le haghaidh eochair dáileacháin atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.

3.Cuirfear rannpháirtíocht Ballstáit in athshuíomh de réir na heochrach dáileacháin ar fionraí má tá athshuíomh á dhéanamh ón mBallstát sin.

Airteagal 33c

Raon feidhme an phráinnsásra athshuímh

1.Ní dhéanfar athshuíomh ach i gcás iarratasóirí a thaisc a niarratas ar chosaint náisiúnta sa Bhallstát atá i láthair géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 33a(1) agus i gcás ina mbeadh an Ballstát freagrach as sin murab é sin de réir na gcritéar lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as sin atá leagtha amach i gCaibidil III.

2.Ní chuirfear athshuíomh i bhfeidhm ach i gcás iarratasóirí de náisiúntacht arb é 75 % nó os a chionn sin cion na gcinntí a rinneadh i gcás daoine den náisiúntacht sin, cinntí lenar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta ag an gcéadchéim maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta mar a thagraítear dó i gCaibidil III de Threoir  2013/32/AE, de réir na sonraí ráithiúla nuashonraithe is déanaí atá le fáil ó Eurostat. I gcás daoine gan stát, cuirfear an tír ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe sin san áireamh. Ní chuirfear nuashonruithe ráithiúla san áireamh ach i gcás iarratasóirí a sainaithníodh cheana mar iarratasóirí ar féidir iad a athshuíomh i gcomhréir le pointe 3 d'Iarscríbhinn IV.

Airteagal 33d

Bearta comhlántacha atá le déanamh ag an mBallstát óna ndéanfar an tathshuíomh

1.Déanfaidh an Ballstát óna ndéanfar an tathshuíomh, ar dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 33a(3), treochlár a thíolacadh don Choimisiún ina mbeidh bearta lena áirithiú go gcuirfear an práinnsásra athshuímh chun feidhme go hiomchuí. Más infheidhme, tíolacfar na bearta sin mar chuid de phlean gníomhaíochta bainistithe géarchéime de bhun Airteagal 33(3). Cuirfidh an Ballstát óna ndéanfar an tathshuíomh na bearta sin chun feidhme go hiomlán.

2.Cumhachtófar don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun cur i bhfeidhm an phráinnsásra athshuímh ar mhaithe le Ballstát a chur ar fionraí mura mbeidh na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta ag an mBallstát óna ndéanfar an tathshuíomh. Sula ndéanfaidh sé sin, tabharfaidh an Coimisiún deis don Bhallstát lena mbaineann a thuairim a nochtadh. Ní dhéanfaidh an fhionraí sin difear d'athshuíomhanna atá ar feitheamh tar éis do Bhallstát an athshuímh a fhormheas a thabhairt de bhun pointe 4 d'Iarscríbhinn IV."

(5) Cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 45:

"6. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 33a agus Airteagal 33d a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón [an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm – OPOCE should replace with exact date]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

7. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 33a agus Airteagal 33b a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

8. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 33a agus Airteagal 33d i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá sheachtain tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá sheachtain ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Beidh an gníomh tarmligthe infheidhme ar feadh dhá bhliain ar a mhéad."

(6) Cuirtear isteach dhá Iarscríbhinn nua, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV, mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa                Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                An tUachtarán

(1) COM(2015) 240 final
(2) COM (2015) 286 críochnaitheach
(3) 11132/15, 24 Iúil 2015
(4) I gcás Ballstát den sórt sin, is cosúil go mbeadh cur i bhfeidhm Rialachán Bhaile Átha Cliath arna leasú, curtha ó mhaith de réir bhrí Airteagal 4a de Phrótacal 21, mura mbeadh sé rannpháirteach sa Rialachán lena leasaítear é.
(5)

   An comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cén stát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna thaisceadh sa Danmhairg nó i mBallstát ar bith eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus Eurodac chun méarloirg a chur i gcomparáid le chéile d'fhonn Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtach (IO L 66, 8.3.2006, lch 38).

(6)

   Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé an stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a scrúdú arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua, (IO L 93, 3.4.2001, lch 40).

(7)

   Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cén Stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a scrúdú arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis, (IO L 53, 27.2.2008, lch .5).

(8)

   Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le comhlachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cén stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i mBallstát nó san Eilvéis a scrúdú, (IO L 160 18.6.2011 p. 39).

(9)

   Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cén stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a scrúdú arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis (arna thabhairt i gcrích an 24.10.2008, IO L 161, 24.06.2009, lch. 8) agus Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal, Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a scrúdú arna taisceadh i mBallstát, san Íoslainn nó san Iorua (IO L 93, 3.4.2001).

(10)
(11)

    http://www2.ohchr.org/English/bodies/crc/docs/GC/CRC_C_GC_14_ENG.pdf .

(12) Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L 180, 29.6.2013, lch. 96).
(13) IO L 150, 20.5.2014, lch. 168.
(14) IO L 298, 26.10.2012, lch. 1.

An Bhruiséil,9.9.2015

COM(2015) 450 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear práinnsásra athshuímh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát


IARSCRÍBHINN III – Foirmle le haghaidh eochair dáileacháin

IARSCRÍBHINN IV

Rialacha mionsonraithe nós imeachta chun an práinnsásra athshuímh a chur i bhfeidhm

1. Ceapfaidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta agus cuirfidh sé seoladh an phointe teagmhála in iúl do na Ballstáit eile agus do EASO. Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar le EASO agus le gníomhaireachtaí ábhartha eile, na bearta iomchuí ar fad is gá chun comhar díreach agus malartú faisnéise a bhunú idir na húdaráis inniúla, lena n-áirítear faisnéis faoin bhforas dá dtagraítear i mír 8.

2.    Tabharfaidh na Ballstáit fógra go tráthrialta faoin líon iarratasóirí is féidir a athshuíomh go luath chuig a gcríoch agus faoi aon fhaisnéis ábhartha eile, gach ráithe ar a laghad.

3.Bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, sainaithneoidh an Ballstát óna ndéanfar an tathshuíomh, le cúnamh ó EASO agus, más infheidhme, ó oifigigh idirchaidrimh na mBallstát dá dtagraítear i mír 9, sainaithneoidh sé na hiarratasóirí a d'fhéadfaí a athshuíomh chuig Ballstáit eile agus, a luaithe is féidir, cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha ar fad faoi bhráid phointí teagmhála na mBallstát sin. Tabharfar tús áite, chun na críche sin, d'iarratasóirí leochaileacha de réir bhrí Airteagal 21 agus Airteagal 22 de Threoir 2013/33/AE.

4.Tar éis formheas a fháil ó Bhallstát an athshuímh, déanfaidh an Ballstát óna ndéanfar an t-athshuíomh, a luaithe is féidir, cinneadh gach duine de na hiarratasóirí a sainaithníodh a athshuíomh chuig Ballstát athshuímh sonrach, i gcomhairle le EASO, agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don iarratasóir faoin gcinneadh é a athshuíomh chuig Ballstát athshuímh sonrach.

5.Áiritheoidh na Ballstát go ndéanfar baill teaghlaigh atá le hathshuíomh a athshuíomh chuig críoch an Bhallstáit chéanna.

6.Maidir le hiarratasóirí a gceanglaítear a méarloirg a thógáil de bhun na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, ní fhéadfar iad a athshuíomh ach amháin má tógadh a méarloirg agus má tarchuireadh iad chuig Lárchóras Eurodac, de bhun an Rialacháin sin.

7.Déanfar an t-iarratasóir a athshuíomh chuig críoch Bhallstát an athshuímh a luaithe is féidir tar éis an dáta a cuireadh an duine lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh maidir le hathshuíomh dá dtagraítear in Airteagal 33d. Tabharfaidh an Ballstát óna ndéanfar an tathshuíomh sonraí faoi am agus áit an athshuímh, mar aon le haon fhaisnéis ábhartha eile atá ann, do Bhallstát an athshuímh.

8.Ní bheidh sé de cheart ag na Ballstáit diúltú iarratasóir a athshuíomh ach amháin má tá foras réasúnta ann lena mheas gur baol dá shlándáil náisiúnta nó don ord poiblí é, nó i gcás ina bhfuil fáthanna tromchúiseanna ann na forálacha eisiaimh a leagtar amach in Airteagal 12 agus in Airteagal 17 de Threoir 2011/95/AE a chur i bhfeidhm. 

9.Chun na gnéithe uile den nós imeachta um athshuíomh a bhfuil tuairisc orthu san Airteagal seo a chur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh oifigigh idirchaidrimh a cheapadh sa Bhallstát óna ndéanfar an t-athshuíomh tar éis an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú.

10.Déanfaidh an Ballstát óna ndéanfar an t-athshuíomh an t-iarratasóir a shainaithint, a chlárú agus a mhéarloirg a thógáil don nós imeachta um athshuíomh, agus beidh na saoráidí is gá aige chuige sin. Iarratasóirí a sheachnaíonn an nós imeachta um athshuíomh, ní dhéanfar iad a athshuíomh.

11.An nós imeachta um athshuíomh dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo, déanfar é a chur i gcrích a luath is féidir agus tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis do Bhallstát an athshuímh an fógra a luaitear i mír 2 a thabhairt, ach amháin má thagann an formheas ó Bhallstát an athshuímh, dá dtagraítear i mír 4, níos luaithe ná dhá sheachtain roimh dhul in éag na tréimhse dhá mhí sin. Sa chás sin, féadfar dhá sheachtain ar a mhéid a chur leis an teorainn ama chun an nós imeachta um athshuíomh a chur i gcrích. Ina theannta sin, féadfar fadú ceithre seachtaine a chur leis an teorainn ama sin, de réir mar is iomchuí, i gcás ina dtugann an Ballstát óna ndéanfar an tathshuíomh údar leis na constaicí praiticiúla oibiachtúla atá ag cur bac ar an aistriú a dhéanamh.

I gcás nach gcuirfear an nós imeachta um athshuíomh i gcrích laistigh den teorainn ama seo, agus mura gcomhaontóidh an Ballstát óna ndéanfar an t-athshuíomh le Ballstát an athshuíomh tréimhse réasúnta a chur leis an teorainn ama, is é an Ballstát óna ndéanfar an t-athshuíomh a bheith freagrach as an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú.

12.Tar éis dó iarratasóir a athshuíomh, déanfaidh Ballstát an athshuímh méarloirg an iarratasóra a thógáil agus a tharchur chuig Lárchóras Eurodac, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 agus nuashonróidh sé na tacair sonraí i gcomhréir le hAirteagal 10 agus, más infheidhme, Airteagal 18 den Rialachán sin.