An Bhruiséil,24.4.2015

COM(2015) 180 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009


IARSCRÍBHINN I

Coinníollacha sonracha is infheidhme maidir leis na hiascaigh dá dtagraítear in Airteagal 13(2)

1.    De bhreis ar na forálacha atá leagtha amach in Airteagal 8(3), is é an líon soithí gabhála de chuid an Aontais a bhí páirteach in iascach sonrach ar an tuinnín gorm in 2006 an tuaslíon bád baoite agus trollála a bheidh údaraithe an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir faoi réir na gcoinníollacha sonracha is infheidhme maidir leis an maolú dá dtagraítear in Airteagal 13(2) (a).

2    De bhreis ar na forálacha atá leagtha amach in Airteagal 8(3), is é an líon soithí gabhála de chuid an Aontais a bhí páirteach in iascach sonrach ar an tuinnín gorm in 2008 an tuaslíon soithí gabhála a bheidh údaraithe an tuinnín gorm a iascach sa Mhuir Aidriad chun críocha feirmeoireachta faoi réir na gcoinníollacha sonracha is infheidhme maidir leis an maolú dá dtagraítear in Airteagal 13(2)(b).

3.    De bhreis ar na forálacha atá leagtha amach in Airteagal 8(3), is é an líon soithí gabhála de chuid an Aontais a bhí páirteach in iascach sonrach ar an tuinnín gorm in 2008 an tuaslíon bád baoite, báid spiléar agus báid lámhdhorú a bheidh údaraithe an tuinnín gorm a iascach sa Mheánmhuir faoi réir na gcoinníollacha sonracha is infheidhme maidir leis an maolú dá dtagraítear in Airteagal 13(2)(c).

4.    Déanfar an tuaslíon soithí gabhála arna shocrú i gcomhréir le pointí 1, 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo a leithroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh agus i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh 1380/2013.

5.    Ní leithroinnfear níos mó ná 7% de chuóta an Aontais i dtaca leis an tuinnín gorm idir 8 kg nó 75 cm agus 30 kg nó 115cm ar na soithí gabhála údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 13(2)(a) agus i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo. Déanfar an 7 % de chuóta an Aontais a leithroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh agus i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

6.    De mhaolú ar Airteagal 13(2)(a), féadfar suas le 100 tona den 7 % dá dtagraítear i bpointe 5 den Iarscríbhinn seo a leithroinnt ar bháid bhaoite is lú ná 17 m chun tuinníní gorma 6,4 kg nó 70 cm a ghabháil.

7.    An uasleithroinnt de chuóta an Aontais ar Bhallstáit le haghaidh iascaireacht faoi réir na gcoinníollacha sonracha is infheidhme faoin maolú dá dtagraítear in Airteagal 13(2)(b) agus i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo, déanfar í a shocrú i gcomhréir leis an gConradh agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh 1380/2013.

 

8.    Ní leithroinnfear níos mó ná 2% de chuóta an Aontais i dtaca le tuinníní gorma idir 8 kg nó 75 cm agus 30 kg nó 115cm ar na soithí gabhála údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 13(2)(c) agus i bpointe 3 den Iarscríbhinn seo. Déanfar an cuóta sin a leithroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh agus i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

9.    Gach Ballstát a bhfuil a bháid baoite, a bháid spiléar, a bháid lámhdhorú agus a bháid trollála údaraithe an tuinnín gorm a iascach i gcomhréir le hAirteagal 13(2) agus i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, leagfaidh siad amach na ceanglais seo a leanas maidir le clibeanna eireabaill:

(a)déanfar clib eireabaill a ghreamú de gach tuinnín gorm a luaithe a dhíluchtófar é;

(b)baineann uimhir aitheantais uathúil le gach clib eireabaill agus beidh an uimhir sin ar gach doiciméad staidrimh maidir leis an tuinnín gorm agus déanfar í a scríobh lasmuigh d'aon phacáiste ina bhfuil tuinnín.



IARSCRÍBHINN II

Ceanglais maidir le logleabhair

A – SOITHÍ GABHÁLA

Íos-sonraíochtaí maidir le logleabhair iascaireachta:

1.beidh an logleabhar uimhrithe de réir na bileoige;

2.déanfar an logleabhar a chomhlánú gach lá (meán oíche) nó sula mbainfear an calafort amach;

3.déanfar an logleabhar a chomhlánú i gcás cigireachtaí ar muir;

4.coinneofar cóip amháin de na bileoga i gceangal leis an logleabhar;

5.coinneofar logleabhair ar bord ar feadh bliain amháin d'oibríochtaí.

An tíosmhéid faisnéise caighdeánaí le bheith i logleabhair iascaireachta:

1.ainm agus seoladh an mháistir;

2.dátaí agus ainmneacha na gcalafort ar imigh an bád astu, dátaí agus ainmneacha na gcalafort ar tháinig an bád i dtír iontu;

3.ainm an tsoithigh, an cláruimhir, uimhir ICCAT, an glao-chomhartha raidió idirnáisiúnta agus uimhir IMO (Eagraíocht Muirí Idirnáisiúnta) (má tá sí ar fáil).

4.trealamh iascaireachta:

(a)cód EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) le cur isteach;

(b)toisí (e.g. fad, méid mogaill, líon duán);

5.oibríochtaí ar muir le haon líne amháin (ar a laghad) in aghaidh gach lá den turas, lena sonrófar:

(a)an cineál gníomhaíochta (e.g. iascaireacht, gluaiseacht);

(b)an suíomh: déanfar suíomh beacht a thaifeadadh gach lá (i gcéimeanna agus nóiméid) in aghaidh gach oibríocht iascaireachta nó um nóin i gcás nach ndearnadh aon iascaireacht an lá sin;

(c)taifead ar ghabhálacha lena náirítear:

(1)Cód EBT

(2)an meáchan slánaithe i gcileagraim in aghaidh an lae;

(3)an líon píosaí in aghaidh an lae

   I gcás báid peas-saighne ba cheart an fhaisnéis sin a thaifeadadh i gcomhair gach oibríocht iascaireachta lena náirítear i gcás nárbh ann d'aon ghabháil

6.síniú an mháistir;

7.an modh chun meáchan a thomhas: meastúchán, meá ar bord;

8.beomheáchan coibhéiseach na niasc a choinnítear sa logleabhar agus luaitear ann na fachtóirí coinbhéartachta a úsáideadh sa mheastóireacht.

An tíosmhéid faisnéise le bheith i logleabhair iascaireachta i gcás tabhairt i dtír nó athlastála:

1.dátaí agus ainm an chalafoirt inar tugadh an ghabháil éisc i dtír nó inar athlastáladh í;

2.táirgí:

(a)an speiceas agus cur i láthair de réir chód EBT;

(b)líon na niasc nó na mboscaí agus an chainníocht i gcileagraim;

3.síniú an mháistir nó ghníomhaire an tsoithigh;

4.i gcás athlastála: ainm an tsoithigh glactha, a bhratach agus uimhir ICCAT.

An tíosmhéid faisnéise le bheith i logleabhair iascaireachta i gcás aistriú i gcaighean:

1.Dáta, am agus suíomh (domhanleithead / domhanfhad) aistrithe

2.Táirgí:

(a)Sainaithint speicis de réir chód EBT    

(b)Líon na niasc agus an chainníocht i gcileagraim a aistríodh i gcaighean,

3.Ainm an tsoithigh tarraingthe, a bhratach agus a uimhir ICCAT

4.Ainm na feirme cinn scríbe agus a huimhir ICCAT

5.I gcás comhoibríocht iascaireachta, de breis ar an bhfaisnéis atá leagtha síos i bpointí 1 go dtí 4, déanfaidh an máistir an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh ina logleabhar:

(a)    maidir leis an soitheach gabhála atá i mbun na héisc a aistriú i gcaighean:

an líon gabhálacha a tugadh ar bord

an líon gabhálacha arna chomhaireamh in aghaidh a chuóta indibhidiúil,

ainmneacha na soithí eile a bhí páirteach sa chomhoibríocht iascaireachta;

(b)maidir leis na soithí gabhála eile a bhí páirteach sa chomhoibríocht iascaireachta chéanna ach nach raibh baint acu le haistriú na niasc:

ainmneacha na soithí sin, a nglao-chomharthaí raidió idirnáisiúnta agus a nuimhreacha ICCAT,

nár tugadh aon ghabhálacha ar bord nó nár aistríodh iad i gcaighean,

an líon gabhálacha arna chomhaireamh in aghaidh a gcuótaí indibhidiúla,

ainm agus uimhir ICCAT an tsoithigh gabhála dá dtagraítear in (a).

B – Soithí Tarraingthe

1.Déanfaidh máistir soithigh tarraingthe an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh ina logleabhar laethúil: an dáta, an tam agus an suíomh aistrithe, na cainníochtaí a aistríodh (líon na niasc agus an chainníocht i gcileagraim), uimhir an chaighin, chomh maith le hainm, bratach agus uimhir ICCAT an tsoithigh gabhála, ainm agus uimhir ICCAT aon soithigh/aon soithí eile a bhí páirteach, ainm agus uimhir ICCAT na feirme cinn scríbe, agus uimhir dearbhúcháin aistrithe ICCAT.

2.Déanfar aistrithe eile chuig soithí coimhdeachta nó chuig soitheach tarraingthe eile a thuairisciú agus tabharfar an fhaisnéis chéanna agus atá i bpointe 1 chomh maith le hainm, bratach agus uimhir ICCAT an tsoithigh coimhdeachta nó tarraingthe.

3.Beidh mionsonraí na naistrithe ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil ar bord agus beidh sé le fáil tráth ar bith chun críocha rialaithe.

C – Soithí Coimhdeachta

1.Déanfaidh an máistir ar shoitheach coimhdeachta na gníomhaíochtaí a thaifeadadh go laethúil ina logleabhar lena náirítear an dáta, an tam agus an suíomh, na cainníochtaí den tuinnín gorm a tugadh ar bord, agus ainm an tsoithigh iascaireachta, na feirme nó an ghaiste lena bhfuil sé ag oibriú.

2.Beidh mionsonraí na ngníomhaíochtaí ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil ar bord agus beidh sé le fáil tráth ar bith chun críocha rialaithe.

D – Soithí Próiseála

1.Déanfaidh an máistir ar shoitheach próiseála an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh ina logleabhar laethúil: dáta, am agus suíomh na ngníomhaíochtaí agus na cainníochtaí a athlastáladh agus an líon agus an meáchan den tuinnín gorm a fuarthas ó fheirmeacha, gaistí nó ó shoitheach gabhála más infheidhme. Ba cheart dó ainmneacha agus uimhreacha ICCAT na bhfeirmeacha, na ngaistí nó an tsoithigh gabhála sin a thuairisciú chomh maith.

2.Coinneoidh máistir soithigh próiseála logleabhar próiseála laethúil ina sonrófar meáchan slánaithe agus líon na niasc a aistríodh nó a athlastáladh, an fachtóir coinbhéartachta a úsáideadh, na meáchain agus na cainníochtaí de réir chur i láthair an táirge.

3.Coinneoidh máistir soithigh próiseála plean stuála ina sonrófar ionad agus cainníochtaí gach speicis agus gach cur i láthair.

4.Beidh mionsonraí na nathlastálacha ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil, an logleabhar próiseála, an plean stuála agus leaganacha bunaidh dearbhuithe athlastála ICCAT ar bord agus beidh siad le fáil tráth ar bith chun críocha rialaithe.

IARSCRÍBHINN III

Doiciméad Uimh. Dearbhú Athlastála ICCAT

Soitheach iompair

Ainm an tsoithigh agus glao-chomhartha raidió:

Bratach:

Uimh. údarúcháin an Stáit brataí:

Cláruimhir Náisiúnta

Cláruimhir ICCAT

Uimh. IMO

Soitheach iascaireachta

Ainm an tsoithigh agus a ghlao-chomhartha raidió:

Bratach:

Uimh. údarúcháin an Stáit brataí:

Cláruimhir Náisiúnta

Cláruimhir ICCAT

Sainaithint sheachtrach:

Uimh. bileoige an logleabhair iascaireachta:

Ceann scríbe:

Calafort:

Tír:

Stát:

               Am Bliain    2_0_____     Ainm Mháistir an tsoithigh iascaireachta: Ainm Mháistir an tsoithigh iompair:    

Imeacht    ____    ____    ____ Ó:    __________

Filleadh        ____    ____    ____    Go dtí:    __________     Síniú:         Síniú:                

Athlastáil ____    ____    ____        __________

I gcás athlastála, tabhair le fios an meáchan i gcileagraim nó san aonad a úsáideadh (e.g. bosca, ciseán) agus an meáchan a tugadh i dtír san aonad sin i gcileagraim: ∣___∣ cileagram.  

SUÍOMH AN ATHLASTÁLA 

Calafort

Ar muir

Leith. Fad.

Speiceas

Líon aonad

'iasc

Cineál

Táirge
beo

Cineál

táirge
iomlán

Cineál

táirge
glanta

Cineál

táirge
gan cheann

Cineál

táirge
filléadaithe

Cineál

táirge

Athlastálacha breise

Dáta: Áit/Suíomh:

Uimh. údaraithe PC:

Síniú Mháistir an shoithigh aistrithe:

Ainm an tsoithigh glactha:

Bratach:

Cláruimhir ICCAT

Uimh. IMO

Síniú an mháistir:

Dáta: Áit/Suíomh:

Uimh. údaraithe PC:

Síniú mháistir shoitheach an aistrithe:

Ainm an tsoithigh glactha:

Bratach:

Cláruimhir ICCAT

Uimh. IMO

Síniú an mháistir:

Oibleagáidí i gcás athlastála:

   1.    Soláthrófar leagan bunaidh an dearbhaithe athlastála don soitheach glactha (próiseála/iompair).

   2.    Coimeádfar cóip den dearbhú athlastála ar an soitheach gabhála nó an gaiste comhfhreagrach.

   3.    Déanfaidh an CPC iomchuí a thug údarú don soitheach dul i mbun oibríochta aon oibríochtaí breise athlastála a údarú.

   4.    Ní mór don soitheach is faighteoir a bhfuil na héisc ina sheilbh aige leagan bunaidh an dearbhaithe athlastála a choimeád go dtí an áit ina dtugtar an ghabháil éisc i dtír.

5.    Coimeádfar taifead ar an oibríocht athlastála i logleabhar aon soithigh atá páirteach san oibríocht.


IARSCRÍBHINN IV

Uimh. doiciméid

    Dearbhú ICCAT um Aistriú

1 - AISTRIÚ TUINNÍN GHOIRM CHUN CRÍOCHA FEIRMEOIREACHTA

Ainm an tsoithigh iascaireachta:
 

Glao-chomhartha:

Bratach:

Uimh. údarúcháin aistrithe an Stáit brataí:

Cláruimhir ICCAT:

Sainaithint sheachtrach:

Uimh. an logleabhair iascaireachta:

Uimh. comhoib. iascaireachta:

Ainm an ghaiste:

Cláruimhir ICCAT:

Ainm an tsoithigh tuga:

Glao-chomhartha:

Bratach:

Cláruimhir ICCAT:

Sainaithint sheachtrach:

Ainm na feirme cinn scríbe:

Cláruimhir ICCAT:

Uimhir an chaighin:

2 - FAISNÉIS FAOI AISTRIÚ

Dáta:_ _ / _ _ / _ _ _ _

Áit nó suíomh:    Calafort:                Domhanleithead:                Domhanfhad:

Líon iasc:

Speiceas:

Cineál táirge:    Beo Iomlán Glanta Cineál eile (Sonraigh):

Ainm agus síniú mháistir an tsoithigh iascaireachta / oibreoir an ghaiste / oibreoir na feirme:

Ainm agus síniú mháistir an tsoithigh glactha (tarraingthe, próiseála, iompair):

Ainmneacha na mbreathnóirí, Uimh. ICCAT agus síniú:

3 - AISTRITHE EILE

Dáta:_ _ / _ _ / _ _ _ _

Áit nó suíomh:    Calafort:                Domhanleithead:                Domhanfhad:

Ainm an tsoithigh tuga:

Glao-chomhartha:

Bratach:

Cláruimhir ICCAT:

Uimh. údarúcháin aistrithe stát na feirme:

Sainaithint sheachtrach:

Ainm agus síniú mháistir an tsoithigh glactha:

Dáta:_ _ / _ _ / _ _ _ _

Áit nó suíomh:    Calafort:                Domhanleithead:                Domhanfhad:

Ainm an tsoithigh tuga:

Glao-chomhartha:

Bratach:

Cláruimhir ICCAT:

Uimh. údarúcháin aistrithe stát na feirme:

Sainaithint sheachtrach:

Ainm agus síniú mháistir an tsoithigh glactha:

Dáta:_ _ / _ _ / _ _ _ _

Áit nó suíomh:    Calafort:                Domhanleithead:                Domhanfhad:

Ainm an tsoithigh tuga:

Glao-chomhartha:

Bratach:

Cláruimhir ICCAT:

Uimh. údarúcháin aistrithe stát na feirme:

Sainaithint sheachtrach:

Ainm agus síniú mháistir an tsoithigh glactha:

4 – CAIGHIN SCOILTE

Uimhir an chaighin deontóra

Kg:

An líon iasc:

Ainm an tsoithigh tuga deontóra:

Glao-chomhartha:

Bratach:

Cláruimhir ICCAT:

Uimhir an chaighin glactha

Kg:

An líon iasc:

Ainm an tsoithigh tuga glactha:

Glao-chomhartha:

Bratach:

Cláruimhir ICCAT:

Uimhir an chaighin glactha

Kg:

An líon iasc:

Ainm an tsoithigh tuga glactha:

Glao-chomhartha:

Bratach:

Cláruimhir ICCAT:

Uimhir an chaighin glactha

Kg:

An líon iasc:

Ainm an tsoithigh tuga glactha:

Glao-chomhartha:

Bratach:

Cláruimhir ICCAT:

IARSCRÍBHINN V

Foirm maidir le tuairisciú gabhála

Bratach:

Uimhir ICCAT

Ainm an tsoithigh

Dáta tosaigh na tuarascála

Dáta deiridh na tuarascála

Fad ama na tuarascála (d)

Dáta gabhála

Suíomh na gabhála

An méid a gabhadh

Meáchan luaite i gcás comhoibríocht iascaireachta (kg)

Domhanleithead

Domhanfhad

Meáchan (kg)

Líon píosaí

Meánmheáchan (kg)

IARSCRÍBHINN VI

Comhoibríocht iascaireachta

An Stát brataí

Ainm an tsoithigh

Uimhir ICCAT

Fad ama na hoibríochta

Aitheantas na noibreoirí

Cuóta indibhidiúil an tsoithigh

Scála leithroinnte in aghaidh an tsoithigh

Feirm feirmeoireachta agus ramhraithe cinn scríbe

CPC

Uimhir ICCAT

Dáta …

Bailíochtú an Stáit brataí ...

IARSCRÍBHINN VII

Clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT

BREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT A SHANNADH

1.Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag gach breathnóir réigiúnach ICCAT ionas go mbeidh sé in ann a thascanna a chur i gcrích:

(a)taithí leordhóthanach le go mbeidh siad in ann speiceas agus trealamh iascaireachta a shainaithint;

(b)eolas sásúil ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT a mheasúnaítear le teastas arna sholáthar ag na Ballstáit ar bhonn threoirlínte traenála ICCAT;

(c)cumas maidir le breathnóireacht agus taifead beacht a dhéanamh;

(d)eolas sásúil ar theanga bhratach an tsoithigh nó na feirme ar a bhfuil siad i mbun breathnóireachta.

OIBLEAGÁIDÍ BHREATHNÓIR RÉIGIÚNACH ICCAT

2.Maidir le breathnóirí réigiúnacha ICCAT:

(a)beidh an traenáil theicniúil mar a cheanglaítear faoi na treoirlínte atá bunaithe ag ICCAT déanta acu;

(b)beidh náisiúntacht ceann de na Ballstáit acu, agus, a mhéid is féidir, ní náisiúntacht stát na feirme nó an ghaiste nó stát brataí an bháid peas-saighne a bheidh acu. Más as an gcaighean a shaothraítear an tuinnín gorm agus má thrádáiltear é mar tháirgí úra, áfach, féadfaidh náisiúntacht an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm a bheith ag breathnóir réigiúnach ICCAT atá ag déanamh breathnóireachta ar an saothrú sin.

(c)ní mór iad a bheith in ann na tascanna atá leagtha amach i bpointe 3 a dhéanamh.

(d)ní mór iad a bheith ar an liosta de bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT a choimeádann ICCAT;

(e)ní mór gan aon leas airgeadais ná tairbhiúil reatha a bheith acu in iascach an tuinnín ghoirm.

TASCANNA BHREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT

3.Déanfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT na tascanna seo a leanas go háirithe:

(a)i gcás breathnóirí ar shoithí peas-saighne, déanfaidh siad faireachán ar a mhéad a chomhlíonann an soitheach peas-saighne na bearta caomhnaithe agus bainistithe arna nglacadh ag ICCAT. Déanfaidh an breathnóir na bearta sonracha seo:

(1)I gcásanna ina mbraitheann breathnóir réigiúnach ICCAT neamhchomhlíonadh féideartha le moladh ICCAT déanfaidh sé an fhaisnéis sin a thíolacadh gan mhoill chuig comhlacht chur chun feidhme bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT a chuirfidh an fhaisnéis faoi bhráid údaráis stát brataí an tsoithigh gabhála gan mhoill. 

(2)taifeadadh agus tuairisciú maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta a rinneadh;

(3)breathnóireacht agus meastachán ar ghabhálacha agus fíorú iontrálacha a chuirtear sa logleabhar;

(4)tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí aistrithe an tsoithí peas-saighne;

(5)soithí a aimsiú a d'fhéadfadh bheith i mbun iascaireachta in aghaidh bearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT agus taifead a choinneáil ar na soithí sin;

(6)taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí aistrithe a rinneadh;

(7)suíomh an tsoithí agus é i mbun aistrithe a fhíorú;

(8)breathnóireacht agus meastachán ar tháirgí arna naistriú, lena náirítear trí thaifid físe a athbhreithniú;

(9)fíorú agus taifeadadh ar ainm agus uimhir ICCAT an tsoithí iascaireachta lena mbaineann;

(10)obair eolaíochta amhail sonraí maidir le Tasc II a bhailiú, ar éileamh ón gCoimisiún, ar bhonn na dtreoracha ó SCRS;

(11)clárú agus deimhniú má tá aon chineál clibe ann, marcanna nádúrtha san áireamh, agus fógra a thabhairt má tá aon chomhartha ann gur baineadh clibeanna ar shiúl le déanaí.

(b)i gcás breathnóirí réigiúnacha ICCAT ar fheirmeacha agus gaistí, faireachán ar a mhéad a chomhlíontar na bearta caomhnaithe agus bainistithe a ghlac ICCAT. Déanfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT na rudaí sonracha seo:

(1)na sonraí ar an dearbhú aistrithe agus ar an dearbhú cur i gcaighean agus ar an doiciméad um ghabháil an tuinnín ghoirm a fhíorú, lena náirítear trí fhístaifid a athbhreithniú;

(2)na sonraí ar an dearbhú aistrithe agus ar an dearbhú cur i gcaighean agus ar na doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm a fhíorú;

(3)tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí aistrithe na bhfeirmeacha agus na ngaistí;

(4)an dearbhú aistrithe agus an dearbhú cur i gcaighean agus na doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm a chomhshíniú ach amháin i gcás ina naontaíonn sé go bhfuil an fhaisnéis ar na doiciméid sin i gcomhréir leis an mbreathnóireacht a rinne sé agus fístaifead comhlíontach ann freisin de réir na gceanglas in Airteagal 33(1) agus in Airteagal 42(1);

(5)obair eolaíochta, amhail samplaí a bhailiú, de réir mar a éilíonn an Coimisiún, ar bhonn na dtreoracha ó SCRS.

(c)tuarascála ginearálta a chur i dtoll a chéile ina dtiomseofar an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir leis an bpointe seo agus deis a thabhairt don mháistir agus don oibreoir feirme aon fhaisnéis iomchuí a chur sna tuarascálacha sin;

(d)an tuarasacáil ghinearálta thuasluaite a chur faoi bhráid na Rúnaíochta laistigh de 20 lá ó dheireadh na tréimhse breathnóireachta;

(e)déanfaidh siad aon fheidhm eile arna sainiú ag Coimisiún ICCAT a fheidhmiú.

4.Déileálfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT leis an bhfaisnéis go léir maidir le hoibríochtaí iascaireachta agus aistrithe na soithí peas-saighne agus na bhfeirmeacha mar fhaisnéis rúnda agus glacfaidh sé leis an gceanglas seo i scríbhinn mar choinníoll lena cheapachán mar bhreathnóir réigiúnach.

5.Comhlíonfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT ceanglais arna mbunú i ndlíthe agus rialacháin an Stáit brataí nó an Stáit feirme a bhfuil dlínse aige ar an soitheach nó ar an bhfeirm a bhfuil an breathnóir réigiúnach sannta dó nó di.

6.Urramóidh breathnóir réigiúnach ICCAT an grádlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta atá i bhfeidhm ar gach pearsanra soithigh agus feirme, ar choinníoll nach gcuireann na rialacha sin isteach ar dhualgais bhreathnóir réigiúnach ICCAT faoin gclár seo, ná ar na hoibleagáidí ar fhoireann soithigh agus feirme atá leagtha amach i bpointe 7 agus in Airteagal 49(6).

OIBLEAGÁIDÍ NA mBALLSTÁT BRATAÍ I LEITH BHREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT

7.Maidir le breathnóirí réigiúnacha ICCAT áiritheoidh na Ballstáit a bhfuil an soitheach peas-saigne, an fheirm nó an gaiste faoin gcúram, an méid a leanas:

(a)go bhfuil rochtain acu ar fhoireann an tsoithigh agus na feirme agus ar threalamh, caighin agus fearas

(b)go bhfuil rochtain acu, ar iarraidh, ar an trealamh seo a leanas, má tá sé ar bord na soithí dá bhfuil siad sannta, d'fhonn comhlíonadh a ndualgais mar atá leagtha amach i bpointe 3 d'Iarscríbhinn VI a éascú:

(1)trealamh longseoireachta satailíte;

(2)scáileáin féachana taispeána radair nuair a bhítear á núsáid;

(3)modhanna leictreonacha cumarsáide;

(c)go gcuirtear cóiríocht, lena náirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, ar fáil dóibh, atá ar chomhchaighdeán lena bhfuil ar fáil d'oifigigh;

(d)go gcuirtear spás leordhóthanach ar an droichead nó ar an teach píolóta ar fáil dóibh le haghaidh obair chléireachais, chomh maith le spás ar an deic atá leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh.

COSTAIS A THAGANN AS CLÁR BREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT

8.Seasfaidh gach oibreoir feirme nó úinéir soithigh peas-saighne na costais go léir a thagann as clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT a chur i bhfeidhm.


IARSCRÍBHINN VIII

Scéim ICCAT maidir le comhchigireacht idirnáisiúnta

D'aontaigh ICCAT an méid seo a leanas ag a Cheathrú Gnáthchruinniú (Maidrid, Samhain 1975) agus ag a Chruinniú Bliantúil in 2008 in Marrakech:

De bhun mhír 3 d'Airteagal IX den Choinbhinsiún, molann Coimisiún ICCAT go ndéanfar na socruithe seo a leanas a bhunú maidir le rialú idirnáisiúnta lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta chun críche chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin agus na bearta i bhfeidhm faoin gCoinbhinsiún a áirithiú:

I. SÁRUITHE TROMCHÚISEACHA

1.Chun críocha na nósanna imeachta seo, ciallaíonn sarú tromchúiseach ceann de na sáruithe seo a leanas ar fhorálacha bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT arna nglacadh ag Coimisiún ICCAT:

(a)iascaireacht gan cheadúnas, cead nó údarú eisithe ag an CPC brataí;

(b)gan taifid leordhóthanacha a bheith coimeádta ar ghabháil agus sonraí a bhaineann le gabhálacha i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe Choimisiún ICCAT nó míthuairisciú shuntasach ar ghabháil agus/nó sonraí a bhaineann le gabhálacha den chineál sin

(c)iascaireacht i limistéar dúnta;

(d)iascaireacht le linn séasúr dúnta;

(e)tógáil nó coinneáil d'aon turas speiceas a sháraíonn aon bheart caomhnaithe agus bainistithe is infheidhme arna ghlacadh ag ICCAT;

(f)sárú suntasach ar theoireannacha nó cuótaí gabhála atá i bhfeidhm de bhun rialacha ICCAT;

(g)trealamh iascaireachta toirmiscthe a úsáid;

(h)marcanna, aitheantas nó clárú aon soithigh iascaireachta a fhalsú nó a cheilt d'aonghnó;

(i)fianaise maidir le himscrúdú ar shárú a cheilt, an fhianaise sin a chur as a riocht nó a scriosadh;

(j)iliomad sáruithe ar neamhaird tromchúiseach iad ar bhearta i bhfheidhm de bhun ICCAT nuair a chuirtear le chéile;

(k)cur in aghaidh cigire údaraithe nó breathnóir nó cur isteach air nó é a ionsaí, a imeaglú, a ghnéaschiapadh, nó cosc nó moill mhíchuí a chur air;

(l)cur isteach ar VMS d'aonghnó nó é a dhíchumasú;

(m)sáruithe eile de réir mar a fhéadfaidh ICCAT a chinneadh, tar éis iad a bheith curtha san áireamh agus i gcúrsaíocht ar leagan athbhreithnithe de na nósanna imeachta seo;

(n)iascaireacht a dhéanamh le cúnamh ó eitleáin bhreathnóireachta;

(o)cur isteach ar an gcóras faireacháin satailíte agus/nó soitheach a úsáid gan córas VMS;

(p)gníomhaíocht aistrithe gan dearbhú aistrithe;

(q)athlastáil ar muir.

2.I gcás ina dtéitear ar bord agus ina ndéantar cigireacht ar shoitheach iascaireachta agus má aimsíonn na cigirí údaraithe gníomhaíocht nó imthoisc a bheadh ina sárú tromchúiseach, mar atá sainithe i bpointe 1, lena linn, tabharfaidh údaráis Stát brataí na soithí cigireachta fógra láithreach do Stát brataí an tsoithigh iascaireachta, go díreach agus trí Rúnaíocht ICCAT chomh maith. Sna cásanna sin, cuirfidh an cigire aon long chigireachta de chuid Stát brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol í a bheith sa chomharsanacht ar an eolas faoi sin.

3.Cláróidh an cigire de chuid ICCAT na cigireachtaí a dhéanfar agus aon sáruithe a thabharfar faoi deara i logleabhar an tsoithigh iascaireachta.

4.Tar éis na cigireachta dá dtagraítear i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo, áiritheoidh an Ballstát brataí go gcuirfidh an soitheach iascaireachta ábhartha stop le gach gníomhaíocht iascaireachta. Ceanglóidh an Ballstát brataí ar an soitheach iascaireachta dul chuig calafort arna ainmniú aige laistigh de 72 uair, áit a gcuirfear tús le himscrúdú.

5.I gcás nach gceanglaítear ar an soitheach dul chuig calafort; soláthróidh an Ballstát brataí údar iomchuí go tráthúil don Choimisiún Eorpach a chuirfidh an fhaisnéis ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT, a chuirfidh í ar fáil do Pháirtithe Conarthacha eile ar iarraidh.

II. CIGIREACHTAÍ A SHEOLADH

6.Cigirí arna nainmniú ag na Páirtithe Conarthacha a dhéanfaidh na cigireachtaí. Tabharfar ainmneacha na ngníomhaireachtaí rialtais údaraithe agus ainm gach cigire arna ainmniú chun na críche sin ag a rialtas féin chuig Coimisiún ICCAT.

7.Beidh bratach nó bratainn speisialta arna formheas ag Coimisiún ICCAT agus arna eisiúint ag Rúnaíocht ICCAT ar foluain ar longa atá i mbun dualgais dul ar bord agus cigireachta idirnáisiúnta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo. Cuirfear ainmneacha na long a úsáidtear chuige sin chuig Rúnaíocht ICCAT chomh luath agus is féidir sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí cigireachta. Soláthróidh Rúnaíocht ICCAT faisnéis maidir le soithí cigireachta ainmnithe do gach CPC, lena náirítear tríd an bhfaisnéis a chur suas ar a shuíomh gréasáin faoi chosaint pasfhocail;

8.Beidh doiciméad aitheantais iomchuí arna eisiúint ag údaráis an Stáit brataí ina sheilbh ag gach cigire, agus bheidh an doiciméad aitheantais sin san fhoirm atá léirithe i bpointe 21 den Iarscríbhinn seo;

9.Faoi réir na socruithe a comhaontaíodh faoi phointe 16 den Iarscríbhinn seo, stopfaidh soitheach atá faoi bhrat CPC agus atá ag iascach an tuinnín nó éisc atá cosúil leis an tuinnín i limistéar an Choinbhinsiúin lasmuigh de na huiscí dá dhlínse náisiúnta má thugann long a bhfuil bratainn ICCAT dá ndéantar cur síos uirthi i bpointe 7 ar foluain aici agus ar a bhfuil cigire comhartha iomchuí sa Chód Idirnáisiúnta Comharthaí, ach amháin má tá an soitheach i mbun oibríochtaí iascaireachta, agus sa chás sin stopfaidh sé a luaithe a bheidh na hoibríochtaí sin curtha i gcrích aige. Tabharfaidh máistir an tsoithigh cead don bhuíon chigireachta mar atá sonraithe i bpointe 10 den Iarscríbhinn seo dul ar bord agus cuirfidh sé dréimire bordála ar fáil. Cuirfidh an máistir ar chumas na buíne cigireachta scrúdú a dhéanamh ar threalamh, gabháil nó ar aon doiciméid ábhartha a mheasann an cigire a bhfuil gá leo chun comhlíonadh mholtaí Choimisiún ICCAT atá i bhfeidhm a fhíorú maidir le Stát brataí an tsoithigh atá faoi réir cigireachta. Fairis sin, féadfaidh cigire aon mhínithe a mheasann sé a bhfuil gá leo a iarraidh.

10.Déanfaidh oifigeach ceannais an tsoithigh cigireachta méid na buíne cigireachta a shocrú agus cúinsí ábhartha á gcur san áireamh aige. Beidh an páirtí cigireachta chomh beag agus is féidir chun na dualgais atá leagtha amach san Iarscríbhinn seo a dhéanamh go slán sábháilte.

11.Agus é ag dul ar bord an tsoithigh, taispeánfaidh an cigire an doiciméadacht aitheantais a ndéantar cur síos uirthi i bpointe 8 den Iarscríbhinn seo. Urramóidh an cigire rialacháin, nósanna imeachta agus cleachtais idirnáisiúnta a nglactar leo go ginearálta agus a bhaineann le sábháilteacht an tsoithigh agus a chriú a bhfuiltear ag déanamh cigireachta air, agus cuirfidhidh sé isteach a laghad is féidir ar ghníomhaíochtaí iascaireachta nó stuáil an táirge, agus a mhéid is féidir, seachnóidh sé aon ghníomhaíocht a mbeadh drochthionchar aici ar cháilíocht na gabhála ar bord; 

Ní dhéanfaidh aon cigire níos mó ná a dhéanamh amach an bhfuil na moltaí sin ó Choimisiún ICCAT atá i bhfeidhm maidir le Stát brataí an tsoithigh lena mbaineann á gcomhlíonadh. Agus é i mbun cigireachta féadfaidh cigire aon chúnamh a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil a iarraidh ar mháistir an tsoithigh iascaireachta. Déanfaidh sé tuarascáil a tharraingt suas ar an gcigireacht i bhfoirm arna fhormheas ag Coimisiún ICCAT. Síneoidh sé an tuarascáil i láthair mháistir an tsoithigh agus beidh an máistir sin i dteideal aon bharúlacha a chur leis an tuarascáil é féin nó a chinntiú go gcuirtear leis an tuarascáil iad, a mheasann sé a bheith oiriúnach agus síneoidh sé na barúlacha sin.

12.Tabharfar cóipeanna den tuarascáil do mháistir an tsoithigh agus do rialtas na buíne cigireachta, agus seolfaidh siad cóipeanna chuig údaráis inniúla Stát brataí an tsoithigh ar a ndearnadh cigireacht agus chuig Coimisiún ICCAT. I gcás ina aimsítear aon shárú ar mholtaí ICCAT, cuirfidh an cigire aon long chigireachta de chuid Stát brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol í a bheith sa chomharsanacht ar an eolas faoi sin chomh maith, más féidir.

13.Mura nglacfar le cigire nó mura leanfar treoracha an chigire déileálfaidh Stát brataí an tsoithigh a ndearnadh cigireacht air leis sin ar an gcaoi chéanna a ndéileáiltear le hiompar mar sin in aghaidh cigire náisiúnta.

14.Déanfaidh an cigire a dhulagais faoi réir na socruithe sin i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach sa Rialachán seo, ach fanfaidh sé faoi rialú oibríochtúil a núdarás náisiúnta agus freagróidh sé dóibh.

15.Déanfaidh Páirtithe Conarthacha tuarascálacha cigireachta, bileoga faisnéis aimsithe de réir moladh 94-09 agus ráitis a eascraíonn as cigireachtaí ar dhoiciméadacht arna ndéanamh ag cigirí eachtrannacha faoi na socruithe seo a mheas agus gníomhaíodh siad dá réir mar a ghníomhódh siad i gcás tuarascálacha a gcigirí náisiúnta i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta. Ní fhorchuirfidh forálacha an phointe seo aon oibleagáid ar Pháirtí Conarthach luach fianaise níos airde a bhronnadh ar thuarascáil ó chigire eachtrannach ná mar a bheadh uirthi i dtír an chigire féin. Comhoibreoidh Páirtithe Conarthacha chun nósanna imeachta breithiúnacha nó de chineál eile a eascraíonn as tuarascáil ó chigire faoi réir na socruithe seo a éascú.

16.(a) Cuirfidh Páirtithe Conarthacha Coimisiún ICCAT ar an eolas faoin 15 Feabhra gach bliain maidir lena bpleananna sealadacha maidir le gníomhaíochtaí cigireachta a dhéanamh faoi réir an Rialacháin seo le linn na bliana féilire sin agus féadfaidh Coimisiún ICCAT moltaí a thabhairt do Pháirtithe Conarthacha maidir le hoibríochtaí náisiúnta a chomhordú sa réimse seo, lena náirítear líon na gcigirí agus na soithí a mbeidh cigirí ar bord orthu.

(b) Beidh feidhm ag na socruithe atá leagtha amach sa Rialachán seo agus ag na pleananna maidir le rannpháirtíocht idir Páirtithe Conarthacha mura gcomhaontóidh siad a mhalairt, agus tabharfar fógra do Choimisiún ICCAT faoin gcomhaontú sin. Ar choinníoll, áfach, go gcuirfear cur chun feidhme na scéime ar fionraí idir aon dá Pháirtí Chonarthacha má tá fógra tugtha ag ceachtar acu do Choimisiún ICCAT chuige sin, go dtí go dtabharfar an comhaontú sin i gcrích.

17.(a) Déanfar cigireacht ar an trealamh iascaireachta i gcomhréir leis na rialacháin i bhfeidhm sa bhfolimistéar ina ndéanfar an cigireacht. Luafaidh an cigire an folimistéar ina ndearnadh an cigireacht, agus déanfar cur síos ar aon sáruithe ar thángthas orthu sa tuarascáil cigireachta.

(b) Beidh an cigire i dteideal cigireacht a dhéanamh ar an trealamh iascaireachta go léir atá in úsáid nó atá ar bord.

18.Cuirfidh an cigire marc aitheantais arna fhormheas ag Coimisiún ICCAT ar aon trealamh iascaireachta a ndearnadh cigireacht air agus ar dealraitheach é a bheith ag sárú na moltaí de chuid Choimisiún ICCAT is infheidhme maidir le Stát brataí an tsoithigh lena mbaineann agus déanfar taifeadadh ar an bhfíric sin sa tuarascáil chigireachta.

19.Féadfaidh an cigire grianghraif a thógáil de na fearas, den trealaimh, den doiciméadacht agus d'aon ní eile a cheapann sé is gá a thógáil ar chaoi a dtaispeánfaidh na gnéithe sin nach bhfuil i gcomhréir leis an rialachán i bhfeidhm, dar leis, agus sa chás sin déanfar na nithe ar tógadh grianghraf dóibh a liostáil sa tuarascáil agus déanfar cóipeanna de na grianghraif a chur i gceangal leis an gcóip den tuarascáil a thabharfar chuig an mBallstát brataí.

20.Déanfaidh an cigire cigireacht ar gach gabháil ar bord, de réir mar is gá, chun comhlíonadh mholtaí ICCAT a mheas.

21.Seo a leanas léirshamhail den Chártas Aitheantais do chigirí:

IARSCRÍBHINN IX

Íoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta

Oibríochtaí aistrithe

(1)Cuirfear an gléas ríomhstórála ar a bhfuil an fístaifead bunaidh ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT a luaithe is féidir i ndiaidh dheireadh na hoibríochta aistrithe agus déanfaidh sé é a thúsú láithreach d'fhonn aon ionramháil ina dhiaidh sin a sheacaint.

(2)Coinneofar an taifead bunaidh ar bord an tsoithigh gabhála nó, nuair is iomchuí, coinneoidh oibreoir an ghaiste nó na feirme é feadh na tréimhse iomlán údaraithe.

(3)Cuirfear dhá chóip chomhionanna den fhístaifead ar fáil. Seolfar cóip amháin chuig an mbreathnóir réigiúnach de chuid ICCAT atá i láthair agus cóip eile chuig an mbreathnóir náisiúnta ar bord an tsoithigh tarraingthe, agus beidh an dearbhú aistrithe agus na gabhálacha gaolmhara lena mbaineann sí ag gabháil leis an dara cóip a luadh. Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta seo ach maidir le breathnóirí náisiúnta i gcás aistrithe idir soithí tarraingthe.

(4)Ní mór uimhir ICCAT maidir le húdarú aistrithe a thaispeáint ag tús agus/nó ag deireadh gach físeáin.

(5)Beidh am agus dáta an fhíseáin ar taispeáint i gcónaí feadh gach taifid físe.

(6)Roimh thús an aistrithe, beidh oscailt agus dúnadh an lín/dorais le feiceáil ar an bhfíseán chomh maith le píosa scannáin ag taispeáint an bhfuil nó nach bhfuil an tuinnín gorm sna caighin ghlactha agus deontóra cheana féin.

(7)Beidh an fístaifead leanúnach gan aon stopadh ná gearrthacha agus beidh an oibríocht aistrithe ar fad cumhdaithe aige.

(8)Beidh an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú.

(9)Mura bhfuil an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú, déanfaidh na húdaráis rialála aistriú nua a iarraidh. Maidir leis an aistriú nua, déanfar na tuinníní gorma go léir atá sa chaighean glactha a aistriú go caighean eile agus ní mór an dara caighean a bheith folamh.

Oibríochtaí cur i gcaighean

(1)Cuirfear an gléas ríomhstórála ina bhfuil an fístaifead bunaidh ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT a luaithe agus is féidir i ndiaidh dheireadh na hoibríochta cur i gcaighean agus déanfaidh sé é a thúsú láithreach d'fhonn aon ionramháil ina dhiaidh sin a sheacaint.

(2)Coinneoidh an fheirm an taifead bunaidh nuair is infheidhme, feadh na tréimhse iomlán údaraithe.

(3)Cuirfear dhá chóip chomhionanna den fhístaifeadadh ar fáil. Seolfar cóip amháin chuig breathnóir réigiúnach ICCAT atá ar an bhfeirm.

(4)Beidh uimhir ICCAT maidir le húdarú cur i gcaighean á taispeáint ag tús agus/nó ag deireadh gach físeáin.

(5)Beidh am agus dáta an fhíseáin ar taispeáint i gcónaí feadh gach taifid físe.

(6)Roimh thús an chur i gcaighean, beidh oscailt agus dúnadh an lín/dorais le feiceáil ar an bhfíseán agus beidh sé soiléir an bhfuil nó nach bhfuil tuinnín gorm sna caighin fhaighte agus deontóra cheana féin.

(7) Beidh an fístaifead leanúnach gan aon stopadh ná gearrthacha agus beidh an oibríocht cur i gcaighean ar fad cumhdaithe aige.

(8)Beidh an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú.

(9)Mura bhfuil an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú, déanfaidh na húdaráis rialála oibríocht nua cur i gcaighean a iarraidh. Maidir leis an oibríocht nua cur i gcaighean déanfar na tuinníní gorma go léir atá i gcaighean na feirme glactha a aistriú go caighean eile agus beidh an dara caighean folamh.



IARSCRÍBHINN X

Caighdeáin agus nósanna imeachta maidir leis na cláir agus na hoibleagáidí tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 44(2)-(7) agus in Airteagal 45(1)

A. Córais cheamaraí steiréascópacha a úsáid

Déanfar córais cheamaraí steiréascópacha a úsáid i gcomhthéacs oibríochtaí cur i gcaighean, faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 44 den Rialachán seo, i gcomhréir leis an méid a leanas:

1.    Ní lú ná 20 % de líon na niasc atá á gcur i gcaighean déine samplála na niasc beo. Nuair is féidir sin ó thaobh na ngnéithe teicniúla de, déanfar sampláil na niasc beo ar bhealach seicheamhach, trí cheann as gach cúig eiseamal a thomhas; is eard a bheidh sa sampla sin éisc a thomhaistear idir 2 mhéadar agus 8 méadar ón gceamara.

2.    Socrófar toisí an gheata aistrithe idir an caighean deontóra agus an caighean glactha ar uasleithead 10 méadar agus uasairde 10 méadar.

3.    Nuair a bheidh dáileadh ilmhódach i gceist le tomhais faid na néisc (dhá cheann nó níos mó de cohóirt ar mhéideanna difriúla), beifear in ann níos mó ná algartam coinbhéartachta amháin a úsáid don taon oibríocht amháin cur i gcaighean; úsáidfear na halgartaim is déanaí atá bunaithe ag SCRS chun fad go gabhal an eireabaill a choinbhéartú i meáchan iomlán, de réir chatagóir méide na néisc a tomhaiseadh le linn na hoibríochta cur i gcaighean.

4.    Déanfar tomhais steiréascópacha an fhaid a bhailíochtú roimh gach oibríocht cur i gcaighean trí bharra scála a úsáid ag fad idir 2 m agus 8 m,

5.    Nuair a chuirfear torthaí an chláir steiréascópaigh in iúl, sonrófar leis an bhfaisnéis an lamháil earráide a ghabhann le sonraíochtaí teicniúla an chórais cheamaraí steiréascópaigh, lamháil nach mbeidh raon níos mó ná +/- 5 faoin gcéad aici.

6.    Beidh sonraí maidir leis na sonraíochtaí teicniúla thuasluaite go léir sa tuarascáil faoi thorthaí an chláir steiréascópaigh, an déine samplála, an mhodheolaíocht samplála a leanadh, an fad ón gceamara, toisí an gheata aistrithe, agus na halgartaim (gaol idir fad agus meáchan) san áireamh. Déanfaidh SCRS athbhreithniú ar na sonraíochtaí seo, agus déanfaidh sé moltaí maidir lena modnú más gá.

7.    I gcásanna nach bhfuil an píosa scannáin ón gceamara steiréascópach ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar mheáchan an tuinnín ghoirm atá á chur i gcaighean, déanfaidh údaráis an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála, an ghaiste nó an bhfeirm oibríocht nua cur i gcaighean a ordú.

B. Torthaí na gclár a úsáid agus a chur i láthair

1.    Déanfar cinntí maidir le difríochtaí idir an tuarascáil ghabhála agus na torthaí ó chlár an chórais steiréascópaigh ar leibhéal na Comhoibríochta Iascaireachta nó gabhálacha gaiste iomlána, i gcás Comhoibríochtaí Iascaireachta agus gabhálacha gaiste dírithe chuig saoráid feirme a bhaineann le CPC amháin agus/nó Ballstát. Déanfar an cinneadh maidir le difríochtaí idir an tuarascáil ghabhála agus na torthaí ó chlár an chórais steiréascópaigh ar leibhéal na noibríochtaí cur i gcaighean i gcás Comhoibríochtaí Iascaireachta a bhfuil níos mó ná CPC amháin agus/nó Ballstát páirteach iontu, ach amháin i gcás go naontaíonn údaráis na CPCanna/Ballstát brataí go léir de chuid na soithí gabhála atá páirteach sa Chomhoibríocht Iascaireachta a mhalairt.

2.    Cuirfidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil ar fáil don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó an ngaiste agus don Choimisiún, agus beidh na doiciméid seo a leanas inti:

(a)    Tuarascáil theicniúil faoin gcóras steiréascópach lena náirítear:

faisnéis ghinearálta: speiceas, suíomh, caighean, dáta, algartam;

faisnéis staitistiúil faoi mhéid: an meánmheáchan agus an meánfhad, an tíosmheáchan agus an tíosfhad, an tuasmheáchan agus an tuasfhad, an líon iasc a sampláladh, dáileadh meáchain, dáileadh faid.

(b)    Torthaí mionsonraithe an chláir, agus méid agus meáchan gach éisc a sampláladh.

(c)    Tuarascáil maidir le cur i gcaighean lena náirítear:

faisnéis ghinearálta faoin oibríocht: uimhir na hoibríochta cur i gcaighean, ainm na feirme, uimhir an chaighin, uimhir BCD, uimhir ITD, ainm agus bratach an tsoithigh gabhála nó an ghaiste, ainm agus bratach an tsoithigh tarraingthe, dáta oibríocht an chórais steiréascópaigh agus ainm comhaid an phíosa scannáin;

an talgartam a úsáideadh chun an fad a choinbhéartú i meáchan;

comparáid idir na méideanna a dearbhaíodh sa BCD agus na méideanna a fuarthas faoin gcóras steiréascópach, de réir líon na niasc, an mheánmheáchain agus an mheáchain iomláin (seo a leanas an fhoirmle a úsáidfear chun an difríocht a ríomh: (Córas SteiréascópachBCD) / Córas Steiréascópach * 100);

lamháil earráide an chórais;

i gcás na dtuarascálacha cur i gcaighean a bhaineann le Comhoibríochtaí Iascaireachta/gaistí, beidh achoimre chomh maith sa tuarascáil dheireanach maidir le cur i gcaighean ar an bhfaisnéis go léir sna tuarascálacha maidir le cur i gcaighean roimhe sin.

3.    Agus an tuarascáil ghabhála á fáil acu, déanfaidh údaráis Bhallstát an tsoithigh gabhála nó an ghaiste na bearta go léir is gá de réir na gcásanna seo a leanas.

(a)    Tá an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste sa BCD laistigh de raon thorthaí an chórais steiréascópaigh:

ní dhéanfar aon scaoileadh a ordú;

déanfar an BCD a mhodhnú de réir an lín (trí líon na niasc a fuarthas ó úsáid na gceamaraí rialaithe nó ó theicnící eile a úsáid) agus an mheánmheáchain, ach ní dhéanfar an meáchan iomlán a mhodhnú.

(b)    Tá an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste sa BCD níos ísle ná raon thorthaí an chórais steiréascópaigh:

déanfar scaoileadh a ordú tríd an bhfigiúir is ísle de raon thorthaí an chórais steiréascópaigh a úsáid;

déanfar na hoibríochtaí scaoilte i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 32(2) agus in Iarscríbhinn XI;

i ndiaidh na noibríochtaí scaoilte, déanfar an BCD a mhodhnú de réir an lín (trí líon na niasc a fuarthas ó úsáid na gceamaraí rialaithe lúide líon na niasc a scaoileadh a úsáid) agus an mheánmheáchain, ach ní dhéanfar an meáchan iomlán a mhodhnú.

(c)    Tá an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste sa BCD níos airde ná an figiúr is airde de raon thorthaí an chórais steiréascópaigh:

ní dhéanfar aon scaoileadh a ordú;

déanfar an BCD a mhodhnú don mheáchan iomlán (tríd an bhfigiúir is airde de raon thorthaí an chórais steiréascópaigh), do líon na niasc (ag úsáid na tórthaí ó na ceamaraí rialaithe) agus don mheánmheáchan dá réir.

4.    Maidir le haon mhodhnú iomchuí ar an BCD, beidh na luachanna (líon agus meáchan) a chuirtear i Roinn 2 i gcomhréir leo siúd atá i Roinn 6, agus ní bheidh na luachanna i Roinn 3, Roinn 4 agus Roinn 6 níos airde ná iad siúd atá i Roinn 2.

5.    I gcás cúiteamh i leith difríochtaí a fuarthas idir tuarascálacha maidir le cur i gcaighean indibhidiúla thar gach cur i gcaighean de chuid Comhoibríocht Iascaireachta/gaiste, cibé acu atá gá le hoibríocht scaoilte nó nach bhfuil, déanfar gach BCD iomchuí a mhodhnú ar bhonn an raoin is ísle de thorthaí an chórais steiréascópaigh. Déanfar BCD a bhaineann leis na cainníochtaí den tuinnín gorm a scaoileadh a mhodhnú freisin d'fhonn an meáchan/an líon a scaoileadh a léiriú. Na BCDanna a bhaineann leis an tuinnín gorm nár scaoileadh ach a bhfuil na torthaí ó na córais steiréascópacha nó teicnící eile difriúil leis na torthaí a tuaraiscíodh a gabhadh agus a aistríodh, déanfar iad a leasú chun na difríochtaí sin a léiriú.

Na BCDanna a bhaineann leis na gabhálacha ón suíomh a rinneadh an oibríocht scaoilte, déanfar iad a mhodhnú freisin d'fhonn an meáchan/an líon a scaoileadh a léiriú.



IARSCRÍBHINN XI

Prótacal Scaoilte

1.    Déanfar an tuinnín gorm a scaoiltear isteach san fharraige ó chaighin iompair/feirmeoireachta a thaifeadadh le físcheamara agus déanfaidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT an scaoileadh a bhreathnú agus dréachtóidh sé tuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil in éineacht leis na fístaifid chuig Rúnaíocht ICCAT.

2.    I gcás inar eisíodh ordú scaoilte, iarrfaidh an toibreoir feirme breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a bheith i láthair.

3.    Déanfaidh Breathnóir Náisiúnta scaoileadh an tuinnín ghoirm ó ghaistí isteach san fharraige a bhreathnú, agus dréachtóidh sé tuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil chuig údaráis rialaithe an Bhallstát atá freagrach.

4.    Sula dtabharfar faoi oibríocht scaoilte, d'fhéadfadh údaráis rialaithe Bhallstát aistriú rialaithe a ordú le gnáthcheamaraí agus/nó ceamaraí steiréascópacha chun meastachán a dhéanamh ar líon agus meáchan na niasc nach mór a scaoileadh.

5.    Féadfaidh údaráis Ballstáit aon bhearta breise a cheapann sé is gá a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar oibríochtaí scaoilte ag an am agus an suíomh is feiliúnaí d'fhonn an dóchúlacht go rachaidh na héisc ar ais chuig an stoc a mhéadú. Beidh an toibreoir freagrach as na héisc a choinneáil beo go dtí go mbeidh an oibríocht scaoilte déanta. Déanfar na hoibríochtaí scaoilte seo laistigh de thrí seachtaine ó dheireadh na noibríochtaí cur i gcaighean.

6.    Tar éis dheireadh na noibríochtaí saothraithe, déanfar éisc atá fós ar fheirm agus nach bhfuil cumhdaithe faoi dhoiciméad um ghabháil an tuinnín ghoirm de chuid ICCAT a scaoileadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(2) agus san Iarscríbhinn seo.



IARSCRÍBHINN XII

Ag déileáil le héisc marbha

Le linn oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí peas-saighne, déanfar na cainníochtaí d'éisc mharbha a aimsítear sa saighean a thaifeadadh i logleabhar an tsoithigh iascaireachta agus déanfar iad a bhaint de chuóta an Bhallstáit dá réir.

Ag déileáil/ag taifeadadh éisc marbha le linn an chéad aistrithe

1)    Cuirfear an BCD ar fáil d'oibreoir an tsoithigh tarraingthe agus Roinn 2 (Gabháil Iomlán), Roinn 3 (Trádáil in éisc beo) agus Roinn 4 (Aistriú– éisc 'mharbha' san áireamh) comhlánaithe.

Beidh na cainníochtaí iomlána a thuairisceofar i Roinn 3 agus i Roinn 4 cothrom leis na cainníochtaí a thuairisceofar i Roinn 2. Beidh Dearbhú Aistrithe bunaidh ICCAT ag gabháil leis an BCD i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo. Beidh na cainníochtaí a thuairisceofar i nDearbhú Aistrithe bunaidh ICCAT (beo-aistriú), cothrom leis na cainníochtaí a thuairisceofar i Roinn 3 den BCD lena mbaineann.

2)    Déanfar macasamhail den BCD agus Roinn 8 (Faisnéis trádála) a chomhlánú agus a thabhairt d'oibreoir an tsoithigh coimhdeachta a thugann an tuinnín gorm marbh i dtír (nó coinneofar í ar an soitheach gabhála má tugadh go díreach i dtír é). Beidh cóip de Dheabhrú Aistrithe ICCAT ag gabháil leis na héisc marbha seo agus leis an macasamhail den BCD.

3)    Beidh na cainníochtaí d'éisc mharbha taifeadta i BCD an tsoithigh gabhála a ghabh iad nó, i gcás Comhoibríochtaí Iacaireachta, i BCD na soithí gabhála nó soithigh eile a bhfuil bratach eile ar foluain aige atá ag glacadh páirte sa chomhoibríocht iascaireachta.



IARSCRÍBHINN XIII

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 302/2009

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1 agus Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 6(1)(a)

Airteagal 4(3) agus (5)

Airteagal 7

Airteagal 4(4), an dara fomhír

Airteagal 6(1)(a) agus Airteagal 6(2)

Airteagal 4(6)(a) agus (b) agus an dara

fomhír

Airteagal 52

Airteagal 4(6), an tríú fomhír

Airteagal 20(2)

Airteagal 4(7), (8), (9), (10), (11) agus (12)

-

Airteagal 4(13)

Airteagal 5(3)

Airteagal 4(15)

Airteagal 17

Airteagal 5(1)

Airteagal 6(1)(b)

Airteagal 5(2), (3), (4), (5) agus (6)

Airteagal 8(1)(2)(3)(4)(5)(6)

Airteagal 5(7),(8),(9), an chéad fhomhír

-

Airteagal 5(9), an dara fomhír

Airteagal 6(2)

Airteagal 6

Airteagal 9

Airteagal 7

Airteagal 10 agus Airteagal 11

Airteagal 8

Airteagal 16

Airteagal 9(1) agus (2)

Airteagal 13(1) agus (2)

Airteagal 9(3), (4), (5), (7), (8), (9) agus (10)

Iarscríbhinn I

Airteagal 9(6)

-

Airteagal 9(11)

Airteagal 13(3)

Airteagal 9(12),(13),(14),(15)

Airteagal 14

Airteagal 10

-

Airteagal 11

Airteagal 15(2), (3) agus (5)

Airteagal 12 (1), (2), (3) agus (4)

Airteagal 18

Airteagal 12(5)

-

Airteagal 13(1), (2) agus (3)

Airteagal 18

Airteagal 13(4)

-

Airteagal 14 (1), (2), (3) agus (5)

Airteagal 19

Airteagal 14(4)

Airteagal 20(1)

Airteagal 15

Airteagal 21

Airteagal 16

Airteagal 27(1)(3)(4)

Airteagal 17

Airteagal 28

Airteagal 18(1)

Airteagal 23

Airteagal 18(2)

Iarscríbhinn II

Airteagal 19

Airteagal 22(1)(2)(3)

Airteagal 20(1) agus (2)

Airteagal 24(1)(2)(3)

Airteagal 20(3) agus (4)

Airteagal 25

Airteagal 21

Airteagal 29(1)(2)(3)(4)(6)(7)

Airteagal 22(1) agus (2) an chéad

fhomhír

Airteagal 31(1), (3) agus (5)

Airteagal 22(2), an dara fomhír

Airteagal 32(1)

Airteagal 22(3)

Airteagal 32(2)

Airteagal 22(4)

Airteagal 36(1)(2)(3)

Airteagal 22(5)

Iarscríbhinn II

Airteagal 22(6)

Airteagal 31(6)

Airteagal 22(7)

Airteagal 33(1) agus Iarscríbhinn IX

Airteagal 22(8) agus (9) an chéad fhomhír

Airteagal 34

Airteagal 22(9), an dara fomhír

-

Airteagal 22(10)

Airteagal 37

Airteagal 23

Airteagal 30

Airteagal 24(1)

Airteagal 45(1)

Airteagal 24(2), (4) agus (6)

Airteagal 38 (2), (3), (4) agus (5),

Airteagal 24(3)

Airteagal 39(1) agus (2)

Airteagal 24(5)

Airteagal 40

Airteagal 24(7)

Airteagal 42(1) agus Iarscríbhinn IX

Airteagal 24(8), an chéad fhomhír

Airteagal 43(1) agus (2)

Airteagal 24(9)

-

Airteagal 24(10)

Airteagal 46

Airteagal 24 a

Iarscríbhinn X

Airteagal 25

Airteagal 47

Airteagal 26(1)

Airteagal 24(4)

Airteagal 26(2)

Airteagal 25(1)

Airteagal 26(3)

Airteagal 24(5)

Airteagal 27(1)

Airteagal 29(5)

Airteagal 27(2)

Airteagal 41

Airteagal 27(3)

Airteagal 3(24)

Airteagal 28

Airteagal 53

Airteagal 29

Airteagal 50

Airteagal 30

Airteagal 48

Airteagal 31(1) agus (2) (a), (b), (c) agus (h)

Airteagal 51(2), (3), (4), (5) agus (6)

Airteagal 31(2)(d),(e),(f),(g)

Iarscríbhinn VII

Airteagal 31(3) agus (4)

Iarscríbhinn VII

Airteagal 32

Airteagal 33(2), (3) agus (4)

Airteagal 42(2), (3) agus (4)

Airteagal 33

-

Airteagal 33 a

Airteagal 51

Airteagal 34

Airteagal 54

Airteagal 35

-

Airteagal 36

-

Airteagal 37

Airteagal 55

Airteagal 38

Airteagal 56

Airteagal 38a

Airteagal 59(1)(2)

Airteagal 39

Airteagal 61

Airteagal 40

-

Airteagal 41

Airteagal 62


An Bhruiséil,24.4.2015

COM(2015) 180 final

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir lena n
aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Tá sé mar aidhm ag an togra bearta as an bplean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha (ICCAT) 1 ag a chruinnithe bliantúla idir 2012 agus 2014 a thrasuí isteach i ndlí an Aontais Is é ICCAT an Eagraíocht Réigiúnach Bainistíochta Iascaigh a bhfuil sé de chúram uirthi an tuinnín nó speicis atá cosúil leis a bhainistiú san Aigéan Atlantach agus sna farraigí máguaird a bhfuil an tAontas ina Pháirtí Conarthach inti. Bunaíodh an plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm in 2006 2 agus tháinig sé i bhfeidhm in 2007. 

Tá an túdarás ag ICCAT cinntí ("moltaí") a ghlacadh ina réimse inniúlachta maidir le caomhnú agus bainistiú iascaigh; tá na gníomhartha seo ina gceangal agus den chuid is mó is ar Pháirtithe Conarthacha ICCAT atá siad dírithe ach tá oibleagáidí ar oibreoirí (máistir soithigh mar shampla) iontu chomh maith. Tagann moltaí ICCAT i bhfeidhm sé mhí tar éis a nglactha agus, i gcás an Aontais Eorpaigh, ní mór iad a achtú i ndlí an Aontais sa mhéid nach dtagann siad faoi réir reachtaíocht an Aontais cheana féin. 

Rinneadh bearta áirithe ICCAT maidir leis an tuinnín gorm a thrasuí le Rialachán (AE) Uimh. 544/2014 3 an 15 Bealtaine 2014 lena leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 4 . Bhí sé mar aidhm ag an leasú sin na bearta a ghlac ICCAT in 2012 agus in 2013 maidir le séasúir iascaireachta a thrasuí. D'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus éifeachtach maidir leis na bearta go léir sa phlean Téarnaimh a glacadh idir 2012 agus 2014 a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh, leis an togra seo déanfar iad a ionchorprú i Rialachán maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir. Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle leis an Rialachán seo.

2.TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Ní raibh gá le comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ná le measúnú tionchair.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Téann an tionscnamh reachtach i ngleic leis an imní chur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus éifeachtach na mbeart is nuashonraithe i bplean téarnaimh ilbhliantúil ICCAT don tuinnín gorm a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh. Níl na bearta caomhnaithe agus bainistíochta ábhartha a bunaíodh le Moltaí ICCAT i bhfeidhm go díreach maidir le soithigh aonair ná náisiúnaigh an Aontais. Dá bhrí sin is gá bearta ICCAT maidir leis an tuinnín gorm a glacadh in 2012, 2013 agus in 2014 a thrasuí isteach i ndlí an Aontais. Tá bearta teicniúla sa togra amhail na bearta maidir leis an tuinnín gorm beo a aistriú agus a chur i gcaighean, lena náirítear bearta maidir le ceamaraí steiréascópacha a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí den tuinnín gorm agus na cainníochtaí a scaoileadh, ceanglais tuairiscithe gabhála agus cur i bhfeidhm Chlár Breathnóirí Réigiúnacha ICCAT.

Tugadh isteach oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , a mbeidh feidhm aici maidir leis an tuinnín gorm ón 1 Eanáir 2015 ar aghaidh. I gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán sin, áfach, beidh an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír gan dochar d'oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, amhail oibleagáidí ar thoradh iad ar mholtaí ICCAT. Faoin bhforáil sin cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, chun críche oibleagáidí idirnáisiúnta den chineál sin a chur i bhfeidhm i ndlí an Aontais lena náirítear, go háirithe, maolú ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá réir sin, tabharfar cead an tuinnín gorm a chaitheamh ar ais san fharraige i roinnt cásanna atá leagtha síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/98 ón gCoimisiún an 18 Samhain 6 agus nach dtagann faoi réir an togra seo.

Bunús dlí

Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Prionsabal na coimhdeachta

Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais (Airteagal 3 (1)(d) CFAE). Níl feidhm le prionsabal na coimhdeachta dá bhrí sin.

Prionsabal na comhréireachta

Leis an togra déanfar trasuí bhearta ábhartha ICCAT isteach i ndlí an Aontais a áirithiú gan níos mó ná is gá a dhéanamh chun an cuspóir a bhaint amach.

Rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean téarnaimh dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

I bhfianaise líon na neilimintí nua agus na nathruithe, ar mhaithe le soiléireacht, simpliú agus deimhneacht dhlíthiúil, aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 leis an Rialachán seo.

4.IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon chaiteachas breise ón Aontas i gceist leis an mbeart seo.

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 7 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh, mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 8 a áirithiú go ndéanfar acmhainní uisceacha beo a shaothrú ar bhealach a chruthóidh dálaí inbhuanaithe geilleagair, comhshaoil agus sóisialta.

(2)Is Páirtí é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha ('an Coinbhinsiún') 9 .

(3)Ag a 15ú Cruinniú Speisialta in 2006, ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha ('ICCAT'), arna bhunú ag an gCoinbhinsiún, Moladh 0605 10 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bhunú, plean a mbeidh deireadh leis in 2022 (an 'Plean téarnaimh'). Tháinig an Moladh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2007.

(4)Trasuíodh Moladh 0605 ICCAT isteach i ndlí an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1559/2007 11 ón gComhairle lena mbunaítear plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

(5)Ag a 16ú Cruinniú Speisialta in 2008, ghlac ICCAT Moladh 0805 12 lena leasaíodh Moladh 0605.

   Chun an stoc a athbhunú, leis an bPlean téarnaimh a bunaíodh in 2006 agus a leasaíodh in 2008 cuireadh ar bun laghdú de réir a chéile ar an leibhéal gabhála iomláine is incheadaithe ó 2007 go 2011, srianta ar iascaireacht laistigh de limistéir agus tréimhsí ama áirithe, íosmhéid nua maidir leis an tuinnín gorm, bearta maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar mar spórt nó mar chaitheamh aimsire, bearta maidir le hacmhainn feirmeoireachta éisc agus iascaireachta agus treisíodh Scéim ICCAT maidir le comhchigireacht idirnáisiúnta.

(6)Trasuíodh Moladh 0805 ICCAT isteach i ndlí an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 302/2009  13 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1559/2007.

(7)Ag a 17ú Cruinniú Speisialta in 2010, ghlac ICCAT Moladh 1004 14 lena leasaíodh Moladh 0805. Chun an stoc a athbhunú, leagadh síos le Moladh 1004 laghdú breise ar an ngabháil iomlán is incheadaithe, agus ar an acmhainn iascaireachta agus treisíodh na bearta rialaithe, go háirithe na bearta maidir le hoibríochtaí aistrithe agus cur i gcaighean. Rinneadh foráil freisin maidir le comhairle bhreise ón mBuanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh (SCRS) in 2012 i ndáil le láithreacha sceite a aithint agus tearmainn a chruthú.

(8)D'fhonn bearta idirnáisiúnta caomhnaithe leasaithe Mholadh 1004 a thrasuí isteách i ndlí an Aontais, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 le Rialachán (AE) Uimh. 500/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 .

(9)Ag a 18ú Cruinniú Speisialta in 2012, ghlac ICCAT Moladh 1203 16 lena leasaíodh Moladh 1004. D'fhonn éifeachtacht an phlean téarnaimh a neartú leag sé síos bearta teicniúla maidir leis an tuinnín gorm beo a aistriú agus a chur i gcaighean, ceanglais nua maidir le tuairisciú gabhála, cur i bhfeidhm Chlár Breathnóirí Réigiúnacha ICCAT agus athruithe ar na séasúir iascaireachta. Thairis sin, treisíodh ról SCRS maidir le measúnú a dhéanamh ar stoic an tuinnín ghoirm.

(10)Ag a 23ú Gnáthchruinniú in 2013, ghlac ICCAT Moladh 1307 17 lena leasaíodh Moladh 1203 trí mhionathruithe ar shéasúir iascaireachta a thabhairt isteach nach gcuireann isteach ar chabhlach an Aontais. Thairis sin, glacadh Moladh 1308 18 a chomhlánaíonn an plean téarnaimh. Leag sé síos nós imeachta comhchoiteann maidir le córais cheamaraí steiréascópacha a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí den tuinnín gorm ag an bpointe ag a gcuirtear na héisc i gcaighean agus tugadh isteach dáta tosaigh solúbtha do shéasúr iascaireachta na mbád baoite agus na mbád trollála san Atlantach Thoir.

(11)D'fhonn bearta riachtanacha amhail na bearta maidir leis na séasúir iascaireachta i Moladh 1203 agus i Moladh 1308 a thrasuí isteach i ndlí an Aontais, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 tuilleadh le Rialachán (AE) Uimh. 544/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 .

(12)Ag a 19ú Cruinniú Speisialta in 2014, ghlac ICCAT Moladh 1404 20 lena leasaíodh Moladh 1307 agus lena naisghaireadh Moladh 1308. Cé go ndearnadh roinnt de na forálacha rialaithe a bhí ann an tráth sin a chuíchóiriú, rinneadh tuilleadh sonraithe ar na nósanna imeachta maidir le ceamara steiréascópach a úsáid ag an bpointe ag a gcuirtear na héisc i gcaighean agus tugadh bearta isteach sa phlean Téarnaimh atá dírithe ar oibríochtaí scaoilte agus ar conas dhéileáil le héisc atá marbh.

(13)Tá Moladh 1404 ina cheangal ar an Aontas.

(14)Ba cheart na leasuithe go léir ar an bplean Téarnaimh a ghlac ICCAT in 2012, 2013 agus 2014, agus nár trasuíodh go fóill, a chomhtháthú i ndlí an Aontais. Ós rud é go mbaineann an trasuí seo le plean arb é ICCAT a shainigh a chuspóirí agus bearta, ní chumhdaítear leis an Rialachán seo an tábhar go léir atá i bpleananna ilbhliantúla mar atá leagtha amach in Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 .

(15)Is gá leasuithe ceangailteacha ar an bplean téarnaimh a dhéanfar amach anseo a thrasuí isteach i ndlí an Aontais. D'fhonn leasuithe den chineál sin a thrasuí go pras isteach i ndlí an Aontais, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún Eorpach ('an Coimisiún'). Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á nullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(16)D'fhonn dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha de chuid an Rialacháin seo i ndáil le hoibríochtaí aistrithe, oibríochtaí cur i gcaighean agus gníomhaíochtaí gaiste agus soithigh a thaifeadadh agus a thuairisciú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir le sásraí rialaithe do na Ballstáit maidir le feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin.

(17)Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach a ghlacadh i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le hoibríochtaí aistrithe, oibríochtaí cur i gcaighean agus gníomhaíochtaí gaiste agus soithigh a thaifeadadh agus a thuairisciú, más rud é go bhfuil gá leo ar mhórfhorais práinne.

(18)Ar mhaithe le soiléireacht, simpliú agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 a aisghairm leis an Rialachán seo.

(19)Tá forálacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 imithe i léig, go háirithe ós rud é go bhfuil siad cumhdaithe anois faoi ghníomhartha eile an Aontais, agus ba cheart iad a scriosadh. Ba cheart forálacha eile a thabhairt cothrom le dáta ionas go mbeidh siad ag teacht le hathruithe sa reachtaíocht, go háirithe iad siúd a rinneadh mar thoradh ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a ghlacadh.

(20)Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 23 bunaítear córas Aontais um rialú, cigireacht agus forfheidhmiú ag a bhfuil cur chuige domhanda agus comhtháite chun comhlíonadh rialacha go léir an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún 24 leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 25 ón gComhairle bunaítear córas Comhphobail le haghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Tá cuid de na hábhair ó Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 cumhdaithe faoi na gníomhartha sin anois, go háirithe Airteagal 33 maidir le bearta forfheidhmithe agus Iarscríbhinn VIII maidir le tarchur sonraí ó chórais faireacháin soithí (VMS). Ní gá, mar sin, na forálacha sin a áireamh sa Rialachán seo.

(21)I gcomhréir le hAirteagal 49(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011, beidh feidhm ag na fachtóirí coinbhéartachta a ghlac SCRS maidir le meáchan slánaithe coibhéiseach an tuinnín ghoirm phróiseáilte a ríomh, críoch an Rialacháin seo san áireamh.

(22)Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle glacadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/156/AE ón gCoimisiún 26 . Chomh maith le nithe eile, leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin bunaítear sprioc-thagarmharcanna agus cuspóirí le haghaidh iascaireacht an tuinnín goirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a rialú.

(23)Faoi mhír 2c de Mholadh 0607 ICCAT 27 bunaítear clár samplála chun meastúchán a dhéanamh ar an líon lánfhásta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí feirmeoireachta i réimse an tuinnín ghoirm. Trasuíodh an fhoráil sin le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 302/2009. Ní gá foráil sonrach a chur sa Rialachán sin maidir le clár samplála, ós rud é go bhfuil riachtanais an chláir samplála sin cumhdaithe go hiomlán faoi na cláir a bunaíodh faoi mhír 83 de Mholadh 1404, atá le trasuí leis an Rialachán seo. Foráiltear leis an mír sin go núsáidfear córais cheamaraí steiréascópacha nó teicnící eile atá chomh beacht leo le linn gach oibríocht cur i gcaighean chun líon agus meáchan na niasc a bhraith níos beaichte.

(24)Tugadh isteach oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis an tuinnín gorm ón 1 Eanáir 2015 ar aghaidh. I gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán sin, áfach, beidh an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír gan dochar d'oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, amhail oibleagáidí ar thoradh iad ar Mholtaí ICCAT. Faoin bhforáil sin cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, chun críche oibleagáidí idirnáisiúnta den chineál sin a chur i bhfeidhm i ndlí an Aontais lena náirítear, go háirithe, maolú ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá réir sin, tabharfar cead an tuinnín gorm a chaitheamh ar ais san fharraige i roinnt cásanna a leagadh síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/98 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 28 . Dá bhrí sin, ní gá oibleagáidí aischuir den chineál sin a bheith sa Rialachán seo.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Leis an Rialachán seo leagtar síos na rialacha ginearálta maidir le cur chun feidhme an phlean téarnaimh a shainmhínítear in Airteagal 3(1) ag an Aontas.

2.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

Airteagal 2

Cuspóir

Is é is cuspóir don Rialachán seo, i gcomhréir leis an bplean téarnaimh a shainmhínítear in Airteagal 3(1) bithmhais a ghnóthú a fhreagraíonn don uastáirgeacht inbhuanaithe faoi 2022 agus go mbeidh dóchúlacht 60 % ar a laghad ann leis sin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)    Ciallaíonn 'plean téarnaimh' an plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm (Thunnus thynnus), a bhfuil feidhm aige ó 2007 go 2022 agus a mhol an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha ('ICCAT');

(2)    ciallaíonn 'soitheach iascaireachta' aon soitheach cumhachtaithe a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun críocha acmhainní an tuinnín ghoirm a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena náirítear soithí gabhála, soithí próiseála éisc, soithí tacaíochta, soithí tarraingthe, soithí a ghabhann don athlastáil agus soithí iompair atá feistithe le táirgí an tuinnín a iompar agus soithí coimhdeachta, seachas soithí coimeádán;

(3)    ciallaíonn 'soitheach gabhála' soitheach a úsáidtear chun críocha acmhainní an tuinnín gorm a ghabháil ar bhonn tráchtála;

(4)    ciallaíonn 'soitheach próiseála' soitheach a ndéantar ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí seo a leanas ar thairgí iascaigh ar bord an tsoithigh sin, sula ndéantar iad a phacáil: filléadú nó slisniú, reo agus/nó próiseáil;

(5)    ciallaíonn 'soitheach coimhdeachta' aon soitheach a úsáidtear chun an tuinnín gorm marbh (gan phróiseáil) a iompar ó chaighean iompair/feirmeoireachta, eangach peassaighne nó ó ghaiste chuig calafort ainmnithe agus/nó chuig soitheach próiseála;

(6)    ciallaíonn 'soitheach tarraingthe' aon soitheach a úsáidtear chun caighin a tharraingt;

(7)    ciallaíonn 'soitheach tacaíochta' aon soitheach eile dá dtagraítear faoi (2);

(8)    ciallaíonn 'iascaireacht ghníomhach', i gcás aon soitheach gabhála nó gaiste, go ndíríonn sé ar an tuinnín gorm le linn séasúr iascaireachta ar leith;

(9)    ciallaíonn 'comhoibríocht iascaireachta' aon oibríocht ina bhfuil dhá soitheach peas-saighne nó níos mó páirteach agus ina ndéantar gabháil de chuid soitheach peas-saighne amháin a shannadh do shoitheach peas-saighne eile nó níos mó i gcomhréir le scála cionroinnte;

10.    ciallaíonn 'oibríochtaí aistrithe' aon oibríocht ina ndéantar:

(i)an tuinnín gorm beo a aistriú ó eangach an tsoithigh gabhála go dtí an caighean iompair;

(ii)an tuinnín gorm beo a aistriú ón gcaighean iompair go dtí caighean iompair eile;

(iii)an caighean ina bhfuil an tuinnín gorm a aistriú ó shoitheach tarraingthe amháin go dtí soiteach tarraingthe eile;

(iv)an tuinnín gorm beo a aistriú ó fheirm iascaireachta amháin go dtí feirm iascaireachta eile;

(v)an tuinnín gorm beo a aistriú ón ngaiste go dtí an caighean iompair.

(11)    ciallaíonn 'aistriú rialaithe' aon aistriú breise a dhéantar ar iarratas ó na hoibreoirí iascaireachta/feirme nó ó na húdaráis rialaithe chun líon na niasc atá á naistriú a fhíoradh.

(12)    ciallaíonn 'gaiste' trealamh feistithe atá ar ancaire ar an ngrinneall a mbíonn treoireangach ina cuid de de ghnáth agus lena dtreoraítear an tuinnín gorm istigh in imhfhálú nó i sraith imfháluithe, áit a gcoinnítear é sula ndéantar é a shaothrú.

(13)    ciallaíonn 'cur i gcaighean' an tuinnín beo a aistriú ón gcaighean nó gaiste iompair go dtí na caighin feirmeoireachta;

(14)    ciallaíonn 'feirmeoireacht' an tuinnín gorm a chur i gcaighean ar fheirmeacha agus iad a bheathú ina dhiaidh sin arb é is aidhm dó iad a ramhrú agus a mbhithmhais iomlan a mhéadú;

(15)    ciallaíonn 'feirm' suiteáil a úsáidtear le haghaidh feirmeoireacht an tuinnín ghoirm a gabhadh le gaistí agus/nó le báid peassaighne;

(16)    ciallaíonn 'acmhainn feirmeoireachta' an acmhainn i dtonnaí atá ag feirm maidir le héisc a choinneáil chun críocha ramhraithe agus feirmeoireachta;

(17)    ciallaíonn 'saothrú' an tuinnín ghoirm a mharú ar fheirmeacha nó i ngaistí;

(18)    ciallaíonn 'athlastáil' na héisc go léir nó aon chuid díobh atá ar bord soitheach iascaireachta a dhíluchtú chuig soitheach iascaireachta eile. Ní mheasfar díluchtú tuinníní ghorma marbha ón eangach peas-saighne nó ón soitheach tarraingthe chuig soitheach coimhdeachta a bheith ina athlastáil.

(19)    ciallaíonn 'iascach spóirt' iascach neamhthráchtála a bhfuil baint ag a baill le heagraíocht náisiúnta spóirt nó ar eisíodh ceadúnas náisiúnta spóirt dóibh;

(20)    ciallaíonn 'iascach áineasa' iascach neamhthráchtála nach bhfuil baint ag a baill le heagraíocht náisiúnta spóirt nó nár eisíodh ceadúnas náisiúnta spóirt dóibh;

(21)    ciallaíonn 'ceamara steiréascópach' ceamara ar a bhfuil dhá lionsa nó níos mó, ina bhfuil braiteoir íomhánna nó fráma scannáin ar leith le haghaidh gach lionsa lenar féidir íomhánna tríthoiseacha a fháil;

(22)    ciallaíonn 'ceamaraí rialaithe' ceamaraí steiréascópacha agus/nó gnáthfhíscheamaraí chun críche an rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(23)    Is doiciméad um ghabháil an tuinnín ghoirm maidir leis an tuinnín gorm iad 'BCD (Bluefin Catch Document)' nó 'ríomhBCD'. De réir mar is iomchuí, cuirfear tagairt don ríomhBCD in ionad an tagartha do BCD.

(24)    ciallaíonn 'an Ballstát freagrach' agus 'an Ballstát atá freagrach' an Ballstát brataí nó an Ballstát a bhfuil an gaiste nó an fheirm suite faoina dhlínse nó, má tá an fheirm nó an gaiste suite ar an mórmhuir, an Ballstát ina bhfuil oibreoir an ghaiste nó na feirme bunaithe;

(25)    Ciallaíonn 'Tasc II' Tasc II mar atá sainmhínithe ag ICAAT sa "Field manual for statistics and sampling Atlantic tunas and tuna-like fish" 29 (An Lámhleabhar maidir le staitisticí agus sampláil tuinníní Atlantacha agus éisc atá cosúil leo);

(26)    Ciallaíonn 'CPC' Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún agus Páirtithe Comhoibritheacha Neamhchonarthacha, Eintitis Comhoibritheacha Neamhchonarthacha nó Eintitis Comhoibritheacha Neamhchonarthacha Iascaireachta;

(27)    Ciallaíonn 'SCRS' Buanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh ICCAT (the Standing Committee on Research and Statistics);

(28)    Ciallaíonn 'Limistéar an Choinbhinsiúin' an limistéar geografach atá cumhdaithe faoi bhearta ICCAT de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 1 den Choinbhinsiún.

Airteagal 4

Fad soithí

Tuigtear gur fad iomlán atá i gceist le gach fad soithigh dá dtagraítear sa Rialachán seo.

CAIBIDIL II

Bearta Bainistíochta

Airteagal 5

Coinníollacha a bhaineann le bearta bainistíochta

1.Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta a shoithí gabhála agus a ghaistí i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh an tuinnín ghoirm atá ar fáil don Bhallstát sin san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

2.I gcás nach bhfuil aon saothrú iomlán ann ní dhéanfar aon thabhairt anonn faoin bplean téarnaimh.

3.Cuirfear toirmeasc ar shoithí iascaireachta an Aontais a chairtfhostú le haghaidh an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

Airteagal 6

Pleananna bainistíochta maidir le hacmhainn iascaireachta, pleananna iascaireachta agus pleananna bainistíochta feirmeoireachta a chur isteach

1.Faoin 31 Eanáir gach bliain, cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis seo a leanas ar aghaidh chuig an gCoimisiún:

(a)plean iascaireachta le haghaidh na soithí gabhála agus na ngaistí atá i mbun an tuinnín gorm a ghabháil san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir;

(b)plean bainistíochta maidir le hacmhainn iascaireachta lena náireofar go bhfuil acmhainn iascaireachta an Bhallstáit i gcomhréir leis an gcuóta a leithroinneadh ar an mBallstát sin;

2.Cuirfidh an Coimisiún na pleananna dá dtagraítear i mír 1 le chéile agus déanfaidh sé iad a chomhthathú i bplean bainistíochta an Aontais maidir le hiascaireacht agus acmhainn, plean a chuirfear ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Feabhra gach bliain chun é a phlé agus a fhormheas.

3.    Faoin 15 Aibreán gach bliain, ní mór do gach Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige modhnú a dhéanamh ar phlean ICCAT maidir le hacmhainn feirmeoireachta atá i bfheidhm plean bainsitithe feirmeoireachta a sheoladh chuig an gCoimisiún, a chuirfidh ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT é.

Airteagal 7

Pleananna iascaireachta

1.Sa phlean iascaireachta bliantúil a thíolacfaidh gach Ballstát déanfar na cuótaí a leithroinneadh ar gach grúpa trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 10 agus Airteagal 11 a shainaithint agus sonrófar na nithe seo a leanas go háirithe sa phlean:

(a) na soithí gabhála is faide ná 24 mhéadar ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 19(1)(a), an cuóta arna leithroinneadh ar gach ceann acu agus na bearta a chuirfear ar bun chun a áirithiú go ndéanfar na cuótaí indibhidiúla agus na lamháltais seachghabhála a urramú;

(b) i gcás na soithí gabhála atá níos giorra ná 24 mhéadar ar fad agus i gcás gaistí, an cuóta a leithroinneadh ar eagraíochtaí táirgeoirí nó ar ghúpra de shoithí iascaireachta atá i mbun iascaireachta le trealamh den chineál céanna ar a laghad.

2.Déanfaidh an Ballstát ábhartha aon mhodhnú ina dhiaidh sin ar an bplean iascaireachta bliantúil nó ar na cuótaí indibhidiúla arna leithroinneadh ar shoithí gabhála is faide ná 24 mhéadar agus atá ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 19(1)(a) a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún trí lá ar a laghad sula ndéanfar an ghníomhaíocht is cúis leis an modhnú sin. Cuirfidh an Coimisiún aon mhodhnú den chineál sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 48 nuaire ar a laghad sula ndéanfar an ghníomhaíocht is cúis leis an modhnú sin.

Airteagal 8

Pleananna bainistíochta maidir le hacmhainn iascaireachta

1.Léis an bplean bainistíochta bliantúil maidir le hacmhainn iascaireachta a thíolacfaidh gach Ballstát comhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.Maidir leis an líon uasta gaistí is féidir a chlárú i mBallstát agus soithí iascaireachta a mbeidh bratach Ballstáit ar foluain acu agus a fhéadfaidh an tuinnín gorm a iascach, a choinneáil ar bord, a athlastáil, a iompar nó a thabhairt i dtír, déanfar é a shocrú i gcomhréir leis an gConradh agus i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

3.Líon na soithí iascaireachta a mbeidh bratach Ballstáit ar foluain acu agus a bheidh i mbun an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, beidh sé teoranta go dtí an líon agus an olltonáiste comhfhreagrach de shoithí iascaireachta a raibh bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu a bhí ag iascach tuinnín gorm, a choinnigh ar bord é, a d'athlastáil é, a d'iompair é nó a thug i dtír é le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 1 Iúil 2008. Beidh feidhm ag an teorainn sin maidir le soithí gabhála de réir cineál trealaimh.

4.I gcás soithí atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach faoin maolú dá dtagraítear in Airteagal 13(2), leagtar amach coinníollacha breise in Iarscríbhinn I maidir leis an líon uasta soithí iascaireachta a shocrú.

5.An líon uasta gaistí arna núdarú ag an mBallstát faoin 1 Iúil 2008 an teorainn a bheidh leis an líon uasta gaistí ag Ballstát i mbun an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

6.    De mhaolú ar na forálacha i mír 3 agus mír 5 i leith na mblianta 2015, 2016 agus 2017, i gcás inar féidir le Ballstát a thaispeáint go bhfuil an fhéidearthacht ann nach núsáidfear a chuóta iomlán de bharr a acmhainne iascaireachta, féadfaidh an Ballstát sin cinneadh a dhéanamh líon níos airde gaistí agus soithí a áireamh ina phleananna iascaireachta bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 7.

7    De mhaolú ar na forálacha i mír 3 agus mír 6 i leith na mblianta 2015, 2016 agus 2017, déanfaidh gach Ballstát líon na mbád peas-saighne nach bhfuil údaraithe an tuinnín gorm a iascach faoin maolú dá dtagraítear in Airteagal 13(2)b a theorannú go líon na mbád peas-saighne a d'údaraigh sé in 2013 nó 2014.

8.    Agus pleananna bainistíochta maidir le hacmhainn iascaireachta á leagan síos, déanfar acmhainn iascaireachta gach Ballstáit a bhunú ar an meastachán a rinne SCRS 30 in 2009 ar na rátaí gabhála is fearr in aghaidh an tsoithigh agus an trealaimh, meastachán lenar aontaigh ICCAT le linn cruinniú idirsheisiúnach Choiste um Chomhlíonadh 31 ICCAT in 2010. I gcás ina ndéanfaidh SCRS aon leasú ar na rátaí gabhála sin, is iad na rátaí gabhála is déanaí lenar aontaigh ICCAT a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm.

Airteagal 9

Pleananna bainistíochta feirmeoireachta

1.Léis an bplean bainistíochta feirmeoireachta a thíolacfaidh gach Ballstát comhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.Maidir leis an uas-acmhainn a bheidh ag gach Ballstát i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú an tuinnín ghoirm agus an uas-ionchur tuinnín ghoirm fhiáin is féidir le gach Ballstát a leithroinnt, déanfar iad a shocrú i gcomhréir leis an gConradh agus i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

3.Acmhainn fheirmeacha an Bhallstáit sin i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú an tuinnín ghoirm a bhí cláraithe i dtaifead ICCAT maidir le saoráidí feirmeoireachta nó a bhí údaraithe agus dearbhaithe chuig ICCAT ar an 1 Iúil 2008 an teorainn a bheith le huas-acmhainn Ballstáit i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú an tuinnín ghoirm.

4.Leibhéil na gcainníochtaí incurtha a chláraigh feirmeacha an Bhallstáit sin le ICCAT sna blianta 2005, 2006, 2007 nó 2008 a bheith mar uas-ionchur an tuinnín ghoirm fhiáin is féidir le feirmeacha an Bhallstáit sin a thabhairt isteach.

5.Déanfaidh gach Ballstát uas-ionchur bliantúil a leithroinnt ar a gcuid feirmeacha a bheidh ina chuid den uaschainníocht tuinníní gorma fiáine ionchurtha dá dtagraítear i mír 4.

CAIBIDIL III

BEARTA TEICNIÚLA

ROINN 1

SÉASÚIR IASCAIREACHTA

Airteagal 10

Báid spiléar, báid peas-saighne, trálaeir pheiligeacha, gaistí agus iascaigh spóirt agus áineasa

1.Ceadófar do shoithí mórscála peiligeacha gabhála spiléar is faide ná 24 mhéadar an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Bealtaine, cé is moite den limistéar siar ó 10◦I agus ó thuaidh ó 42◦T agus de Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na hIorua, áiteanna ina gceadófar iascaireacht den sórt sin ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Eanáir.

2.Ceadófar peas-saighneoireacht an tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 26 Bealtaine go dtí an 24 Meitheamh cé is moite de Limistéar Eacnamaíocht Eisiach na hIorua, áit ina gceadófar iascaireacht den sórt sin ón 25 Meitheamh go dtí an 31 Deireadh Fómhair.

3.Ceadófar do thrálaeir pheiligeacha an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir le linn na tréimhse ón 16 Meitheamh go dtí an 14 Deireadh Fómhair.

4.Ceadófar an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir mar chaitheamh aimsire nó mar spórt ón 16 Meitheamh go dtí an 14 Deireadh Fómhair.

5.Ceadófar an tuinnín gorm a iascach le trealaimh, seachas na trealaimh dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 agus in Airteagal 11, lena náirítear gaistí ó cheann ceann na bliana.

Airteagal 11

Báid bhaoite agus báid trollála

1.Ceadófar do bháid bhaoite agus do bháid trollála an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Deireadh Fómhair.

2.Ar choinníoll nach ndéanfar aon difear do chosaint na láithreacha sceite agus nach mbeidh fad an tséasúir iascaireachta i gcás na niascach sin níos faide ná ceithre mhí, féadfaidh gach Ballstát dáta tosaigh difriúil a shocrú maidir le báid bhaoite agus báid trollála a bhfuil a mbratach ar foluain acu atá i mbun oibríochta san Atlantach Thoir.

3.Sa phlean iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 7, sonróidh gach Ballstát cé acu a rinneadh dáta tosaigh na niascach sin a mhodhnú nó nach ndearnadh, agus luafaidh siad comhordanáidí na limistéar lena mbaineann.

ROINN 2

ÍOSMHÉID, GABHÁIL DE THAISME, SEACHGHABHÁIL

Airteagal 12

An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír

Tá forálacha na Roinne seo gan dochar d'Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena náirítear aon mhaolú i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán sin.

Airteagal 13

Íosmhéid

1.30 kg nó 115 cm (fad go gabhal an eireabaill) a bheidh már íosmhéid tunnín ghoirm a ghabhfar san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

2.De mhaolú ar mhír 1, 8 kg nó 75 cm (fad go gabhal an eireabaill) a bheidh mar íosmhéid tuinnín ghoirm i gcás na niascach seo a leanas:

(a)Tuinníní gorma arna ngabháil san Atlantach Thoir ag báid bhaoite agus ag báid trollála;

(b)Tuinníní gorma arna ngabháil i Muir Aidriad chun críocha feirmeoireachta;

(c)Tuinníní gorma arna ngabháil sa Mheánmhuir ag an iascach cósta agus ceardaithe le haghaidh éisc úra, ag báid bhaoite, báid spiléar agus báid lámhdhorú.

3.Déantar na coinníollacha sonracha a bhaineann leis an maolú dá dtagraítear i mír 2 a leagan amach in Iarscríbhinn I.

4.Eiseoidh na Ballstáit lena mbaineann údaruithe sonracha chuig na soithí le dul i mbun iascaireachta faoin maolú dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na soithí lena mbaineann a léiriú ar liosta na soithí gabhála dá dtagraítear in Airteagal 19(1)a. Chun na críche sin beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 19 agus in Airteagal 20.

Airteagal 14

Gabhálacha de thaisme

1.I gcás gach soitheach gabhála agus gaiste i mbun iascaireacht ghníomhach ar an tuinnín gorm ceadófar gabhálacha de thaisme d'uasmhéid 5% den tuinnín gorm idir 8 agus 30 kg meáchan nó a bhfuil an fad go gabhal a eireabaill idir 75 agus 115 cm

2.Déanfar an céatadán 5 % dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ar bhonn na ngabhálacha go léir den tuinnín gorm de réir líon iasc arna gcoinneáil ar bord nó laistigh den ghaiste tráth ar bith i ndiaidh gach oibríocht iascaireachta.

3.Déanfar gabhálacha de thaisme a bhaint de chuóta an Bhallstáit atá freagrach as na soithí gabhála nó an gaiste.

4.Beidh gabhálacha de thaisme den tuinnín gorm faoi réir Airteagail 23, 28, 29 agus 30.

Airteagal 15

Seachghabháil

1.Déanfaidh gach Ballstát cuóta sonrach a leithroinnt chun críche sheachghabáil an tuinnín ghoirm agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir leis sin agus a phlean iascaireachta á chur ar aghaidh acu.

2.Déanfaidh soithí an Aontais nach bhfuil i mbun iascaireacht ghníomhach ar an tuinnín gorm seachghabhálacha den tuinnín gorm a sheachaint atá níos mó ná 5 % den ghabháil iomláin ar bord tar éis oibríocht iascaireachta, de réir meáchain nó an lín píosaí. Ní bheidh feidhm ag ríomh an chéatadáin sin de réir líon píosaí ach ar an tuinnín agus ar speicis cosúil leis an tuinnín atá bainistithe ag ICCAT.

3.Déanfaidh gach Ballstát gach iasc marbh atá laistigh de na seachghabhálacha dá chuóta dá dtagraítear i mír 2a asbhaint. I gcás Ballstáit nach bhfuil cuóta de thuinnín gorm acu, déanfar na seachghabhálacha ábhartha a bhaint de chuóta sonrach an Aontais maidir leis an tuinnín gorm seachghafa arna bhunú i gcomhréir leis an gConradh agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

4.Má tá an cuóta a leithroinneadh ar Bhallstát an tsoithí iascaireachta nó an ghaiste lena mbaineann ídithe cheana féin, déanfar aon ghabhálacha den tuinnín gorm a sheachaint. Ní mór an tuinnín gorm marbh a thabhairt i dtír agus beidh sé faoi réir coigistiú agus bearta leantacha is iomchuí. I gcomhréir le hAirteagal 27, tuairisceoidh gach Ballstát faisnéis ar bhonn bliantúil maidir le cainníochtaí den chineál sin chuig an gCoimisiún a chuirfidh an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

5.Beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 25, 28, 29, 30 agus 54 maidir le seachghabháil.

ROINN 3

AERÁRTHAÍ A ÚSÁID

Airteagal 16

Aermhodhanna a úsáid

Cuirfear toirmeasc ar aon aermhodhanna a úsáid chun an tuinnín gorm a chuardach, lena náirítear aerárthaí, héileacaptair nó aon chineál aerárthaí gan foireann.

CAIBIDIL IV

IASCAIGH ÁINEASA AGUS IASCAIGH SPÓIRT

Airteagal 17

Cuóta sonrach le haghaidh iascaigh áineasa agus iascaigh spóirt

Déanfaidh gach Ballstát iascaigh áineasa agus iascaigh spóirt a rialáil trí chuóta sonrach a leithroinnt chun críche na niascach sin agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin agus a phlean iascaireachta á chur ar aghaidh chuige.

Airteagal 18

Iascaireacht áineasa agus spóirt

1.Déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta den tuinnín gorm iascaigh áineasa agus spóirt a rialáil trí údaruithe iascaireachta a eisiúint do shoithí chun críche iascaireachta áineasa agus spóirt.

2.I gcás iascaigh áineasa agus spóirt, ní cheadófar dóibh níos mó ná aon tuinnín gorm amháin a ghabháil in aghaidh an tsoithigh in aghaidh an lae.

3.Aon tuinnín gorm a thugtar i dtír, beidh sé iomlán nó geolbhaithe agus/nó glanta.

4.Cuirfear toirmeasc ar thuinnín gorm a gabhadh le linn iascaireacht áineasa agus spóirt a chur ar an margadh.

5.Déanfaidh gach Ballstát taifead ar shonraí gabhála, lena náirítear meáchan agus fad gach tuinnín ghoirm, ó iascaigh áineasa agus spóirt agus cuirfidh sé na sonraí a bhaineann leis an mbliain roimhe sin in iúl don Choimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig SCRS.

6.Déanfaidh gach Ballstát gabhálacha marbha ó iascaigh áineasa agus spóirt a chomhaireamh in aghaidh an chuóta a leithroinn sé i gcomhréir le hAirteagal 7(1) agus Airteagal 17.

CAIBIDIL V

BEARTA RIALAITHE

ROINN 1

TAIFID AR SHOITHÍ AGUS GAISTÍ

Airteagal 19

Taifid ar shoithí

1.Gach bliain, cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis a leanas go leictreonach faoi bhráid an Choimisiúin aon mhí amháin roimh thús an tséasúir iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 10 agus Airteagal 11 nuair is infheidhme nó aon mhí amháin roimh thús na tréimhse údaraithe i gcásanna eile.

(a)liosta de na soithí gabhála go léir a bhfuil a bhratach ar foluain acu atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach go gníomhach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir mar gur eisíodh údarú iascaireachta speisialta dóibh;

(b)liosta de gach soitheach iascaireachta eile, seachas soithí gabhála, a bhfuil a bhratach ar foluain acu atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

2.Déanfar an dá liosta a leagan amach i gcomhréir leis an bhformáid sna Treoirlínte ó ICCAT maidir le sonraí a thíolacadh agus maidir leis an bhfaisnéis is gá.

3.Le linn bliain féilire, d'fhéadfadh soitheach iascaireachta a áireamh ar an dá liosta dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll nach bhfuil sé ar an dá liosta ag an am céanna.

4.Áireofar ar na liostaí dá dtagraítear i mír 1 ainm an tsoithigh agus uimhir Chlár Chabhlaigh an Aontais mar a shainmhínítear í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún 32 .

5.Ní ghlacfar le haon iarratas cúlghabhálach. Ní ghlacfar le hathruithe ina dhiaidh sin ar na liostaí dá dtagraítear i mír 1 le linn bliain féilire ach amháin mura féidir leis an soitheach iascaireachta ar tugadh fógra ina leith páirt a ghlacadh de bharr cúiseanna oibríochtúla nó de bharr force majeure. Sa chás sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach faoi sin agus cuirfidh sé an méid seo a leanas ar fáil:

(a)sonraí iomlána maidir leis an soitheach iascaireachta nó na soithí iascaireachta a bhfuil sé beartaithe é nó iad a chur in ionad soitheach atá ar na liostaí dá dtagraítear i mír 1; agus

(b)cuntas cuimsitheach ar na cúiseanna atá leis an ionadú agus aon fhianaise tacaíochta nó tagairtí iomchuí.

6.Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 chuig Rúnaíocht ICCAT ionas gur féidir na soithí a thaifeadadh ar thaifead ICCAT maidir le soithí gabhála atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach go gníomhach nó ar thaifead ICCAT maidir le gach soitheach iascaireachta eile (seachas soithí gabhála) atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach.

7.    Beidh feidhm ag Airteagal 8a(2), (6), (7) agus (8) de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 33 ón gComhairle agus na modhnuithe riachtanacha déanta air.

Airteagal 20

Údaruithe iascaireachta do shoithigh

1.    Gan dochar d'Airteagal 15, ní bheidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil ar thaifid ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 19(1) údaraithe an tuinnín gorm a iascach, a choinneáil ar bord, a athlastáil, a iompar, a aistriú, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

2.    Má mheastar go bhfuil an cuóta indibhidiúil ídithe tarraingeoidh an Ballstát brataí an túdarú iascaireachta siar agus ceanglóidh sé ar an soitheach dul láithreach bonn chuig calafort arna ainmniú aige.

Airteagal 21

Taifid ar ghaistí atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach

1.    Faoin 15 Feabhra gach bliain, tíolacfaidh gach Ballstát liosta go leictreonach don Choimisiún de na gaistí atá údaraithe aige, trí údarú iascaireachta speisialta a éisiúint, an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir. Beidh ainm na ngaistí agus an uimhir chláir ar an liosta agus déanfar é a leagan amach i gcomhréir leis an bhformáid sna Treoirlínte ó ICCAT maidir le sonraí a thíolacadh agus maidir leis an bhfaisnéis is gá.

2.    Seolfaidh an Coimisiún an liosta chuig Rúnaíocht ICCAT ionas gur féidir na gaistí sin a thaifeadadh ar thaifead ICCAT maidir le gaistí atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach.

3.    Ní bheidh gaistí an Aontais nár iontráladh ar thaifead ICCAT údaraithe an tuinnín gorm a iascach, a choinneáil, a aistriú, a chur i gcaighean nó a thabhairt i dtír san Atlantach Thoir nó sa Mheánmhuir.

4.    Beidh feidhm ag Airteagal 8a(2), (4), (6), (7) agus (8) de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus na modhnuithe riachtanacha déanta air.

Airteagal 22

Comhoibríochtaí iascaireachta

1.    Ní dhéanfar aon chomhoibríocht iascaireachta le haghaidh an tuinnín ghoirm a údarú ach le toiliú ón mBallstát brataí nó ó na Ballstáit bhrataí lena mbaineann. Le húdarú a fháil, ní mór gach soitheach peas-saighne a bheith feistithe le haghaidh an tuinnín gorm a iascach agus cuóta indibhidiúil a bheith aige. Ní cheadófar comhoibríochtaí iascaireachta a dhéanfar i gcomhar le CPCanna eile.

2.    Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun an fhaisnéis a leanas a fháil ón a soithí iascaireachta atá ag cur isteach ar údarú chun páirt a ghlacadh i gcomhoibríocht iascaireachta:

(a)an fad ama;

(b) aitheantas na noibreoirí a bheidh páirteach;

(c) an cuóta atá ag gach soitheach;

(d)an scála leithroinnte idir na soithí iascaireachta maidir leis na gabhálacha ábhartha; agus

(e) faisnéis maidir leis na feirmeacha cinn scríbe.

3.    15 lá ar a laghad roimh thús na hoibríochta, seolfaidh gach Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 chuig an gCoimisiún san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT agus chuig Stát brataí na soithí iascaireachta eile atá ag glacadh páirt sa chomhoibríocht iascaireachta 10 lá ar a laghad roimh thús na hoibríochta.

4.    I gcás force majeure, ní bheidh feidhm ag an sprioc ama atá leagtha amach i mír 3 maidir leis an bhfaisnéis a iarrtar faoi mhí 2(e). Sa chás sin, féadfaidh Ballstáit nuashonrú ar an bhfaisnéis sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin a luaithe is féidir, maille le tuairisc ar na heachtraí is cúis leis an force majeure. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT. 

Roinn 2
gabhálacha

Airteagal 23

Ceanglais tuairiscithe

1.    Chomh maith le hAirteagail 14, 15, 23 agus 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chomhlíonadh, déanfaidh máistir ar shoitheach gabhála an Aontais, más infheidhme, an fhaisnéis a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn II a iontráil sa logleabhar.

2.    Déanfaidh máistrí soithí tarraingthe, soithí coimhdeachta agus soithí próiseála a ngníomhaíochtaí a thaifeadadh i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach i gCuid B, Cuid C agus Cuid D d'Iarscríbhinn II.

Airteagal 24

Tuarascálacha maidir le gabhálacha le seoladh ag máistrí agus oibreoirí gaistí

1.    Seolfaidh máistrí soithí iascaireachta atá i mbun iascaireacht ghníomhach le haghaidh an tuinnín ghoirm faisnéis laethúil ó logleabhair chuig údaráis an Bhallstáit brataí, a mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ina cuid de: cláruimhir ICCAT, ainm an tsoithigh, tús agus deireadh na tréimhse údaraithe, dáta, am, suíomh (domhanfhad agus domhanleithead), meáchan agus an líon den tuinnín gorm a gabhadh i limistéar an Choinbhinsiúin. Seolfaidh siad an fhaisnéis sin go leictreonach san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn V le linn na tréimhse iomláin a núdaraítear don soitheach an tuinnín gorm a iascach lena linn.

2.    Cuirfidh máistrí báid peas-saighne na tuarascálacha laethúla dá dtagraítear i mír 1 le chéile le haghaidh gach oibríocht iascaireachta, fiú i gcás nárbh ann d'aon ghabháil.

3.    Cuirfidh an toibritheoir na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 ar aghaidh chuig údaráis a Bhallstáit brataí ar bhonn laethúil i gcás báid peas-saighne agus soithí is faide ná 24 mhéadar faoi 9.00 GMT ar a dhéanaí don lá roimhe sin agus i gcás soithí gabhála eile faoi mheán oíche ar an Luan an tseachtain roimhe sin dar críoch meán oíche GMT ar an Domhnach.

4.    Seolfaidh oibreoirí gaistí atá i mbun iascaireacht ghníomach le haghaidh an tuinnín ghoirm tuarascáil laethúil maidir le gabhálacha a mbeidh an fhaisnéis a leanas ina cuid de: cláruimhir ICCAT, dáta, am, gabhálacha (meáchan agus líon na niasc), fiú i gcás nárbh ann d'aon ghabháil. Seolfaidh siad an fhaisnéis sin go leictreonach laistigh de 48 nuaire san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn V chuig údaráis a mBallstáit le linn na tréimhse ar fad a bhfuil siad údaraithe dóibh an tuinnín gorm a iascach lena linn.

5.    Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann le gníomhaíochtaí soithí agus gaistí a thaifeadadh agus a thuairisciú de bhun mhíreanna 1 go dtí 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(2).

I gcás mórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

Airteagal 25

Tuarascálacha seachtainiúla agus míosúla maidir le gabhálacha le seoladh ag na Ballstáit

1.    Tar éis do gach Ballstát na tuarascálacha maidir le gabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 24 a fháil déanfaidh siad iad a chur ar aghaidh go leictreonach agus go pras chuig an gCoimisiún agus soláthróidh siad tuarascálacha seachtainiúla maidir le gabhálacha go pras don Choimisiún maidir le gach soitheach gabhála agus gach gaiste i gcomhréir leis an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn V. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh ar bhonn seachtainiúil chuig Rúnaíocht ICCAT i gcomhréir leis an bhformáid sna Treoirlínte maidir le sonraí agus faisnéis a éilíonn ICCAT a thíolacadh.

2.    Roimh an 15ú lá gach mí cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi na cainníochtaí den tuinnín gorm a gabhadh san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a d'athlastáil soithí iascaireachta nó gaistí a raibh bratach an Bhallstáit lena mbaineann ar foluain acu nó a bhí cláraithe sa Bhallstát sin, nó a thug siad i dtír, a ghabh siad i ngaistí nó a chuir siad i gcaighean le linn na míosa roimhe sin. Déanfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil a leagan amach de réir an chineáil trealaimh lena náirítear faisnéis a bhaineann le seachghabháil, gabhálacha in iascaigh spóirt agus áineasa agus cásanna nárbh ann d'aon ghabháil. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT.

Airteagal 26

Faisnéis maidir le hídiú cuótaí

1.De bhreis ar na forálacha d'Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas nuair a mheastar gur baineadh amach 80 % den cuóta a leithroinneadh ar ghrúpa trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 10 agus Airteagal 11 den Rialachán seo.

2.De bhreis ar na forálacha in Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas nuair a mheasfar go bhfuil an cuóta a leithroinneadh ar ghrúpa trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 10 agus Airteagal 11 den Rialachán seo nó ar chomhoibríocht iascaireachta nó ar bhád peas-saighne ídithe.

3.Beidh doiciméadacht oifigiúil in éineacht leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, doiciméadacht lena gcruthaítear an cosc ar iascaireacht nó an glao ar ais chuig calafort a d'eisigh an Ballstát don chabhlach, grúpa trealaimh, comhoibríocht iascaireachta nó do na soithí ag a bhfuil cuóta indibhidiúil agus beidh dáta agus am an dúnta curtha in iúl go soiléir.

Airteagal 27

Tuairisciú bliantiúil ar ghabhálacha ag na Ballstáit

1.Faoin 15 Márta gach bliain, cuirfidh gach Ballstát faisnéis mhionsonraithe chuig an gCoimisiún maidir le gabhálacha den tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le haghaidh na blaina iascaireachta roimhe sin. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:

(a)ainm agus uimhir ICCAT gach soithigh gabhála;

(b)tréimhse nó tréimhsí udaraithe gach soithigh gabhála;

(c)gabhálacha iomlána gach soithigh gabhála fiú i gcás nárbh ann d'aon ghabháil le linn na tréimhse/na dtréimhsí údaraithe;

(d)an líon iomlán laethanta a bhí gach soitheach gabhála ag iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse/na dtréimhsí údaraithe; agus

(e)an ghabháil iomlán lasmuigh dá dtréimhse údaraithe (seachghabháil) fiú i gcás nárbh ann d'aon ghabháil

2.I gcás soithí nach bhfuil údaraithe dul i mbun iascaireacht ghníomhach le haghaidh an tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir ach a ghabh an tuinnín gorm mar sheachghabháil, áireofar an fhaisnéis a leanas mar chuid den fhaisnéis a bheidh le cur chuig an gCoimisiún ar an dáta céanna agus atá luaite i mír 1:

(a)ainm agus uimhir ICCAT nó cláruimhir náisiúnta an tsoithigh, mura bhfuil sé cláraithe le ICCAT; agus

(b)na gabhálacha iomlána den tuinnín gorm.

3.Cuirfidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún aon fhaisnéis faoi shoithí nach bhfuil cumhdaithe faoi mhír 1 agus mír 2 is eol nó a mheastar a bheith i mbun iascaireachta le haghaidh an tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

4.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a gheofar faoi mhíreanna 1, 2 agus 3 ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

Roinn 3
tabhairt i dtír agus athlastálacha

Airteagal 28

Calafoirt ainmnithe

1.Ainmneoidh gach Ballstát calafoirt nó ionaid gar don chósta (calafoirt ainmnithe) ina gceadófar an tuinnín gorm a thabhairt i dtír nó a athlastáil.

2.Chun go mbeidh calafort ina chalafort ainmnithe, sonróidh Ballstát an chalafoirt amanna agus ionaid ina gceadófar gabhálacha a thabhairt i dtír nó a athlastáil.

3.Faoin 15 Feabhra gach bliain, seolfaidh gach Ballstát liosta de na calafoirt ainmnithe chuig an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

4.Beidh toirmeasc ar aon chainníocht den thuinnín gorm a gabhadh san Atlantach Thoir nó sa Mheánmhuir a thabhairt i dtír nó a athlastáil ó aon soithí iascaireachta in aon ionad seachas calafoirt nó ionaid gar don chósta arna nainmniú ag CPCanna agus ag Ballstáit i gcomhréir le mír 1 agus mír 2.

Airteagal 29

Tabhairt i dtír

1.Beidh feidhm ag Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le máistrí shoithí iascaireachta an Aontais is faide ná 12 mhéadar ar fad a áirítear i liosta ICCAT de shoithí dá dtagraítear in Airteagal 19. Seolfar an fógra réamhtheachta faoi Airteagal 17 den Rialachán sin chuig údarás inniúil an Bhallstáit (lena náirítear an Bhallstát brataí) nó an CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó a shaoráidí tabhairt i dtír.

2.De bhreis air sin, máistrí shoithí iascaireachta de chuid an Aontais is lú ná 12 mhéadar ar fad san iomlán atá ar liosta ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 19, tabharfaidh siad fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit (lena náirítear an Ballstát brataí) nó don CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó a shaoráidí tabhairt i dtír 4 huaire ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, fógra ina sonrófar ar a laghad an méid seo a leanas:

(a) an tam a mheastar a bhainfear an calafort amach;

(b) meastachán ar an gcainníocht den thuinnín gorm atá ar bord; agus

(c)faisnéis maidir leis an limistéar geografach inar gabhadh na gabhálacha.

3.I gcás ina gcuireann Ballstáit Airteagal 80(3) de Rialachán (AE) Uimh. 404/2011 i bhfeidhm maidir leis an bhfógra faoi mhír 1 agus mír 2, féadfar na meastúcháin ar na cainníochtaí den tuinnín gorm a choinnítear ar bord a chur in iúl ag an am atá aontaithe maidir leis an bhfógra a thabhairt sula mbainfear an calafort amach.

4.Coinneoidh údaráis Bhallstáit an chalafoirt taifead ar gach réamhfhógra a tugadh sa bhliain reatha.

5.Déanfaidh údaráis rialaithe iomchuí an Bhallstáit calafoirt gach gabháil a thabharfar i dtír a rialú agus déanfar cigireacht ar chéatadán díobh bunaithe ar chóras measúnaithe riosca a mbeidh cuóta, méid an chabhlaigh agus iarracht iascaireachta ina gcuid de. Beidh na sonraí go léir maidir leis an gcóras rialaithe arna nglacadh ag gach Ballstát sonraithe sa phlean cigireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 51. Beidh feidhm ag an gcóras rialaithe seo maidir le hoibríochtaí saothraithe chomh maith.

6.Seolfaidh údaráis Bhallstát an chalafoirt taifead ar an ngabháil arna tabhairt i dtír chuig údaráis Bhallstát bhrataí an tsoithigh iascaireachta, laistigh de 48 nuaire ó cuireadh críoch leis an ngabháil a thabhairt i dtír.

7.De bhreis ar Airteagal 23(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, tar éis gach turais, déanfaidh maistrí de shoitheach gabhála an Aontais dearbhú maidir le gabháil a thabhairt i dtír a thíolacadh, beag beann ar fhad an tsoithigh sin:

(a)chuig údaráis inniúla an Bhallstáit brataí

(b)agus, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit calafoirt nó an CPC lena mbaineann, i gcás ina ndearnadh an tabhairt i dtír i gcalafort de chuid Ballstáit nó CPC eile

8.Déanfar na gabhálacha go léir a thugtar i dtír a mheá.

Airteagal 30

Athlastáil

1.De mhaolú ar Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, beidh toirmeasc ar an tuinnín gorm san Athlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a athlastáil ar muir i gcás ar bith.

2.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta gabhálacha den tuinnín gorm a athlastáil ach sna calafoirt ainmnithe faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 28.

3.    Áiritheoidh Ballstát an chalafoirt go mbeidh cigireacht iomlán ar siúl gach uair agus i ngach ionad ina mbíonn gabhálacha á nathlastáil.

4.Sula dtiocfaidh siad isteach in aon chalafort, agus 48 nuaire ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, cuirfidh máistrí nó ionadaithe na soithí iascaireachta glactha an méid seo a leanas ar fáil d'údaráis inniúla an Bhallstáit nó an CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafort:

(a)dáta, am agus an calafort a mheastar a bhainfear amach;

(b)meastachán ar an gcainníocht den thuinnín gorm atá ar bord, agus faisnéis maidir leis an limistéar geografach inar gabhadh é;

(c)ainm an tsoithigh iascaireachta athlastála agus uimhir an tsoithigh sin ar thaifead ICCAT maidir le soithí gabhála atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach go gníomhach nó ar thaifead ICCAT ar gach soitheach iascaireachta eile atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir;

(d)ainm an tsoithigh iascaireachta glactha agus uimhir an tsoithigh sin ar thaifead ICCAT maidir le soithí gabhála atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach go gníomhach nó ar thaifead ICCAT ar gach soitheach iascaireachta eile atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir; agus

(e)tonnáiste agus an limistéar geografach inar gabhadh an tuinnín gorm atá le hathlastáil.

5.Ní cheadófar do shoithí iascaireachta athlastáil a dhéanamh mura mbíonn údarú faighte acu roimh ré ón a mBallstát brataí.

6.Sula gcuirfear tús leis an athlastáil, cuirfidh máistrí soithí iascaireachta athlastála a mBallstát brataí ar an eolas maidir leis an méid a leanas:

(a)na cainníochtaí den thuinnín gorm atá le hathlastáil

(b)dáta agus calafort an athlastála

(c)ainm, cláruimhir agus bratach an tsoithigh iascaireachta glactha agus uimhir an tsoithigh sin ar thaifead ICCAT maidir le soithí gabhála atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach go gníomhach nó ar thaifead ICCAT maidir le gach soitheach iascaireachta eile atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach agus

(d) an limistéar geografach inar gabhadh an tuinnín gorm.

7.Déanfaidh údaráis an Bhallstáit cigireacht ar gach athlastáil ag an gcalafort ainmnithe. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit an méid seo a leanas:

(a)cigireacht ar an soitheach iascaireachta glactha ar theacht isteach dó agus seiceáil ar an lasta agus na doiciméid a bhaineann leis an oibríocht athlastála;

(b)seolfaidh sé taifead ar an athlastáil chuig údarás Ballstáit brataí an tsoithigh iascaireachta athlastála, laistigh de 5 lá tar éis deireadh a chur leis an athlastáil.

8.De mhaolú ar Airteagal 21 agus Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 déanfaidh máistrí soithí iascaireachta an Aontais, beag beann ar fhad an tsoithigh, dearbhú athlastála ICCAT a líonadh agus seolfaidh siad é chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain ar an soitheach iascaireachta. Cuirfear an dearbhú ar aghaidh tráth nach déanaí ná 48 nuaire tar éis dháta an athlastála sa chalafort i gcomhréir leis an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.

Roinn 4
Oibríochtaí aistrithe

Airteagal 31

Údarú aistrithe

1.Sula ndéanfar aon oibríocht aistrithe, déanfaidh máistir soithigh gabhála nó oibreoir na feirme nó an ghaiste as a dtionscnaíonn an taistriú i dtrácht, réamhfhógra um aistriú a sheoladh chuig údaráis inniúla a mBallstáit agus tabharfar an méid seo a leanas le fios sa réamhfhógra sin:

(a)ainm an tsoithigh gabhála, an tsoithigh tarraingthe, na feirme nó an ghaiste agus cláruimhir ICCAT;

(b)an tam a mheastar a dhéanfar an taistriú;

(c)meastachán ar an méid den tuinnín gorm atá le haistriú;

(d)faisnéis faoin suíomh (domhanleithead/domhanfhad) ina ndéanfar an taistriú mar aon le huimhreacha so-aitheanta na gcaighean;

(e)ainm an tsoithigh tarraingthe glactha, líon na gcaighean a tarraingíodh agus an chláruimhir ICCAT más iomchuí;

(f)an calafort, an fheirm nó an caighean a bheidh ina cheann scríbe ag an tuinnín gorm.

2.Chun na críche sin, déanfar uimhir aitheantais uathúil a shainiú le haghaidh gach caighin. Déanfar uimhreacha a eisiúint i gcomhréir le córas uimhrithe uathúil ina mbeidh trí uimhir ag leanúint na 3 litir alfa-chóid a fhreagraíonn do bhratach na soithí tarraingthe.

3.Ní cheadófar do shoithí iascaireachta, feirmeacha nó gaistí aistriú a dhéanamh mura mbeidh údarú faighte acu roimh ré óna mBallstát. I gcás gach oibríocht aistrithe, is iad údaráis an Bhallstáit fhreagraigh a chinnfidh cibé an ndeonóidh siad údarú nó nach ndeonóidh. Chun na críche sin, déanfar uimhir aitheantais uathúil a shainiú i gcomhair gach oibríocht aistrithe agus déanfar an uimhir sin a chur in iúl do mháistir an tsoithigh iascaireachta, don oibreoir gaiste nó don oibreoir feirme, de réir mar is iomchuí. I gcás ina ndeonófar údarú, beidh san uimhir sin cód trí litir an Bhallstáit, na ceithre uimhir a léireoidh an bhliain agus na trí litir 'AUT', (údarú), agus uimhreacha seicheamhacha ina ndiaidh. I gcás ina ndiúltófar údarú, beidh san uimhir sin na trí litir de chód an Bhallstáit, na ceithre uimhir a léireoidh an bhliain agus na trí litir 'NEG', (gan údarú), agus uimhreacha seicheamhacha ina ndiaidh.

4.    I gcás ina bhfaighidh éisc bás le linn na hoibríochta aistrithe, leanfaidh na Ballstáit freagracha agus na hoibreoirí a bhí páirteach san aistriú ar aghaidh i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn XII.

5.Faoi cheann 48 uair an chloig tar éis an réamhfhógra maidir leis an aistriú a bheith curtha isteach, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála, an soitheach tarraingthe, an fheirm nó an gaiste, an túdarú aistrithe a dheonú nó a dhiúltú, de réir mar is iomchuí.

6.Ní dhéanfaidh an túdarú aistrithe a thabharfaidh an Ballstát freagrach réamhbhreith ar an údarú an tuinnín gorm a chur i gcaighean.

Airteagal 32

Oibríocht aistrithe a dhiúltú

1.An Ballstát atá freagrach as an soitheach, an gaiste nó an fheirm, ní údaróidh sé an taistriú má mheasann sé, tar éis an réamhfhógra aistrithe a fháil:

(a)nach bhfuil a dhóthain de chuóta ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc;

(b)nach bhfuil an méid iasc tuairiscithe go cuí ag an soitheach gabhála nó ag oibreoir an ghaiste nó nár údaraíodh an méid sin iasc a chur i gcaighean, nó nár cuireadh an méid sin iasc san áireamh maidir le hídiú an chuóta a fhéadfaidh a bheith infheidhme;

(c)nach bhfuil an soitheach gabhála nó an gaiste a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc údaraithe an tuinnín gorm a iascach; nó

(d)nach bhfuil an soitheach tarraingthe a dearbhaíodh gurbh é atá chun an taistriú iasc a ghlacadh cláraithe i dtaifead ICCAT ar na soithí iascaireachta eile ar fad (seachas soithí gabhála) atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach agus dá dtagraítear in Airteagal 19(1)(b), nó nach bhfuil Córas um Fhaireachán Soithí (VMS) feistithe air.

2.I gcás nach núdaraítear an taistriú:

(a)déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó an gaiste ordú scaoilte a eisiúint chuig máistir an tsoithigh gabhála nó oibreoir an ghaiste nó oibreoir na feirme de réir mar is iomchuí agus cuirfidh an Ballstát ar an eolas iad nach bhfuil an taistriú údaraithe agus nach mór na héisc a scaoileadh ar ais san fharraige;

(b)scaoilfidh máistir an tsoithigh gabhála, oibreoir na feirme nó oibreoir an ghaiste, de réir mar is iomchuí, na héisc ar ais san fharraige;

(c)scaoilfear an tuinnín gorm i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Iarscríbhinn XI.

Airteagal 33

Faireachán le físcheamara

1.I gcás oibríochtaí aistrithe, áiritheoidh máistir an tsoithigh gabhála, an tsoithigh tarraingthe, oibreoir na feirme nó oibreoir an ghaiste a aistríonn an tuinnín gorm, go ndéanfar faireachán ar na hoibríochtaí aistrithe le físcheamara san uisce, d'fhonn líon na niasc atá á naistriú a fhíorú. Beidh íoschaighdeáin agus nósanna imeachta an fhístaifeadta i gcomhréir le hIarscríbhinn IX.

2.Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as an soitheach, an gaiste nó an fheirm go gcuirfear na fístaifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do chigirí agus breathnóirí ICCAT.

3.Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as feirm go gcuirfear na fístaifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do chigirí an Aontais agus breathnóirí náisiúnta.

4.Déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as an soitheach, an gaiste nó an fheirm na bearta is iomchuí le go ndéanfar aon athsholáthar, eagarthóireacht nó ionramháil ar an bhfístaifead bunaidh a sheachaint.

Airteagal 34 

An fíorú a a dhéanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT agus imscrúdú a thionscnamh agus a dhéanamh

1.    Breathnóirí réigiúnacha de chuid ICCAT a bheidh ar bord an tsoithigh gabhála nó i láthair ag gaiste, dá dtagraítear i gClár Breathnóirí Réigiúnacha ICCAT atá leagtha amach in Airteagal 49 agus in Iarscríbhinn VII, déanfaidh siad na hoibríochtaí aistrithe a rinneadh a thaifeadadh agus a thuairisciú, breathnóidh siad ar na gabhálacha a aistríodh agus déanfaidh siad meastúchán orthu agus déanfaidh siad iontrálacha a fhíorú sa réamhúdarú aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 31 agus i ndearbhú aistrithe ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 36.

2.I gcás ina bhfuil an difríocht níos mó ná 10 % idir na meastúcháin gabhála ar líon na niasc atá déanta ag breathnóir réigiúnach ICCAT, na húdaráis rialaithe iomchuí agus/nó maistrí an tsoithigh gabhála nó ionadaí an ghaiste, nó i gcás nach leor caighdeán nó soiléireacht an taifeadta físe chun na meastacháin sin a dhéanamh, tionscnóidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála, an fheirm nó an gaiste imscrúdú a chuirfear i gcrích sula gcuirfear na héisc i gcaighean ar an bhfeirm nó i gcás ar bith laistigh de 96 huaire tar éis an timscrúdú a thionscnamh. Ní údarófar an cur i gcaighean go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe sin agus ní dhéanfar an roinn a bhaineann le gabháil ar an BCD a bhailíochtú.

3.I gcás nach bhfuil caighdeán nó soiléireacht an fhístaifid ard go leor chun meastachán a dhéanamh ar an líon, áfach, féadfaidh an toibreoir iarraidh ar udaráis stát brataí an tsoithigh, gaiste nó na feirme oibríocht aistrithe nua a dhéanamh agus an fístaifeadadh comhfhreagrach a sholáthar do bhreathnóir réigiúnach ICCAT.

4.Gan dochar do na fíoruithe a dhéanann cigire, ní shíneoidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT dearbhú aistrithe ICCAT ach i gcás ina bhfuil a thuairimí i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT agus ina bhfuil an fhaisnéis ar an dearbhú aistrithe i gcomhréir leis an mbreathnóireacht a rinne sé agus fístaifead comhlíontach ann freisin de réir mar atá ceangailte in Airteagal 33(1). Síneoidh siad an dearbhú sin le hainm agus uimhir ICCAT a bheidh scríofa amach go soiléir.

5.Fíoróidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT chomh maith go ndéanfar dearbhú aistrithe ICCAT a chur ar aghaidh chuig máistir an tsoithigh tarraingthe nó ionadaí na feirme nó an ghaiste.

Airteagal 35

Bearta chun meastachán a dhéanamh ar líon agus meáchan an tuinnín ghoirm atá le cur i gcaighean

Déanfaidh Ballstáit na bearta agus gníomhaíochtaí is gá chun níos mó staidéir a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí lenar féidir meastachán níos fearr a dhéanamh ar líon agus meáchan an tuinnín ghoirm ag an bpointe gabhála agus ag an bpointe ag a gcuirtear i gcaighean é. Faoin 22 Lúnasa gach bliain, déanfaidh gach Ballstát na bearta sin a rinneadh a thuairisciú don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar aghaidh chuig SCRS.

Airteagal 36

Dearbhú aistrithe

1.Faoi dheireadh na hoibríochta aistrithe, déanfaidh máistrí soithí gabhála nó soithí tarraingthe, oibreoirí gaiste nó oibreoirí feirme dearbhú aistrithe ICCAT a chomhlánú agus a chur chuig údaráis inniúla a mBallstáit, i gcomhréir leis an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.

2.Déanfaidh údaráis an Bhallstáit atá freagrach as na soithí, na feirmeacha nó na gaistí as a dtionscnaíonn na haistrithe sin, foirmeacha maidir le dearbhú aistrithe a uimhriú. Áireofar sa chóras uimhrithe sin cód trí litir an Bhallstáit, agus ina dhiaidh sin ceithre uimhir a thabharfaidh an bhliain le fios agus trí uimhir sheicheamhacha, a mbeidh na trí litir 'ITD' ina ndiaidh (MS-20**/xxx/ITD).

3.Beidh an dearbhú aistrithe bunaidh ag gabháil leis an aistriú éisc. Coimeádfaidh máistir an tsoithigh gabhála, oibreoir an ghaiste, máistir an tsoithigh tarraingthe nó oibreoir na feirme cóip den dearbhú.

4.Déanfaidh máistrí soithigh i mbun oibríochtaí aistrithe (lena náirítear soithí tarraingthe) a ngníomhaíochtaí a thaifeadadh i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 37

Gníomhartha cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le hoibríochtaí aistrithe faoi Airteagail 31 go dtí 36. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(2).

I gcás mórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

Roinn 5
Oibríochtaí cur i gcaighean

Airteagal 38

Údarú maidir le cur i gcaighean

1.    Sula gcuirfear tús le haon oibríocht cur i gcaighean beidh toirmeasc ar chaighin iompair a chur ar ancaire laistigh de 0.5 míle farraige de shaoráidí feirmeoireachta.

2.Sula gcuirfear tús le haon oibríocht cur i gcaighean, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm a chur in iúl don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó an gaiste cé na cainníochtaí a ghabh an soitheach nó an gaiste sin agus iarrfaidh sé údárú maidir le cur i gcaighean.

3.Ní chuirfear tús leis an oibríocht cur i gcaighean gan údarú a fháil roimh ré

(a) ón CPC nó ón mBallstát atá freagrach as an soitheach gabála nó an gaiste, nó

(b)ón CPC nó ón mBallstát atá freagrach as an bhfeirm má tá comhaontú déanta maidir leis sin idir na Ballstáit nó leis an CPC brataí lena mbaineann.

4.Déanfaidh an Ballstát nó an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála, an gaiste nó an fheirm, más infheidhme, an túdarú maidir le cur i gcaighean a dheonú nó a dhiúltiú laistigh d'aon lá oibre tar éis na hiarrata agus thíolacadh na faisnéise dá dtagraítear i mír 2. I gcás nach dtagann aon fhreagairt laistigh d'aon lá oibre, féadfaidh an CPC nó an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm an cur i gcaighean a údarú.

5.Cuirfear an tuinnín gorm i gcaighean roimh an 15 Lúnasa ach amháin má thugann an Ballstát nó an CPC atá freagrach as an bhfeirm a fhaigheann na héisc cúiseanna a bhfuil údar cuí leo. Beidh na cúiseanna sin ag gabháil leis an tuarascáil ar an oibríocht cur i gcaighean.

Airteagal 39

Oibríocht aistrithe a dhiúltú

1.Diúltóidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála, an gaiste nó an fheirm más infheidhme an túdarú maidir le cur i gcaighean, má mheasann sé, tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 38(2) a fháil:

(a)nach raibh a dhóthain de chuóta i gcomhair an líon den tuinnín gorm a cuireadh i gcaighean ag an soitheach gabhála nó an gaiste ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc sin;

(b)nach ndearna an soitheach gabhála nó an gaiste an méid iasc a gabhadh a thuairisciú go hiomchuí nó nár cuireadh an méid sin san áireamh agus an cuóta is infheidhme á ríomh;

(c)nach bhfuil an soitheach gabhála nó an gaiste a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc údaraithe an tuinnín gorm a iascach;

2.Mura bhfuil an cur i gcaighean údaraithe, iarrfaidh an Ballstát nó an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála ar an mBallstát nó ar an CPC atá freagrach as an bhfeirm na gabhálacha a urghabháil agus na héisc a scaoileadh trí ordú scaoilte a eisiúint.

3.    Tar éis dó an tordú scaoilte a fháil, rachaidh an toibreoir feirme ar aghaidh leis an scaoileadh i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn XI.

Airteagal 40

Doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm

Cuirfidh Ballstáit atá freagrach as feirmeacha toirmeasc ar aon tuinnín gorm a chur i gcaighean chun críocha feirmeoireachta mura mbeidh an doiciméadacht a éilíonn ICCAT ag dul leis i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 . Ní mór na doiciméid sin a bheith beacht, comhlánaithe agus dearbhaithe agus bailíochtaithe ag an CPC nó údaráis Bhallstáit na soithí gabhála nó na ngaistí.

Airteagal 41

Cigireachtaí

Déanfaidh Ballstáit atá freagrach as feirmeacha na bearta is gá maidir le cigireacht a dhéanamh ar gach oibríocht cur i gcaighean ar na feirmeacha.

Airteagal 42

Faireachán le físcheamara

1.Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as na feirmeacha go ndéanfar faireachán ar oibríochtaí cur i gcaighean le físcheamara san uisce. Déanfar fístaifead i gcomhair gach oibríocht cur i gcaighean i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn IX.

2.Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm go gcuirfear na fístaifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do chigirí agus breathnóirí réigiúnacha ICCAT.

3.Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm go gcuirfear na fístaifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do chigirí an Aontais agus do bhreathnóirí náisiúnta.

4. Déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm na bearta is iomchuí le go ndéanfar aon athsholáthar, eagarthóireacht nó ionramháil ar an bhfístaifead bunaidh a sheachaint.

Airteagal 43

Imscrúduithe a thionscnamh agus a dhéanamh

1.I gcás ina bhfuil an difríocht níos mó ná 10 % idir meastúcháin bhreathnóir réigiúnach ICCAT ar líon an tuinnín ghoirm, meastúcháin údaráis rialaithe iomchuí an Bhallstáit agus meastacháin an oibritheora feirme, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm, i gcomhair leis an mBallstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó an gaiste, imscrúdú a thionscnamh.

2.Ní dhéanfar aon shaothrú agus ní dhéanfar an chuid a bhaineann le feirmeoireacht ar an BCD a bhailíochtú go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe sin.

3.Féadfaidh na Ballstáit atá freagrach as an bhfeirm agus as an soitheach gabhála nó an gaiste a théann i mbun na nimscrúduithe úsáid a bhaint as faisnéis eile atá ar fáil acu lena náirítear torthaí na gclár dá dtagraítear in Airteagal 44 chun an timscrúdú a thabhairt chun críche.

Airteagal 44

Bearta agus cláir chun meastachán a dhéanamh ar líon agus meáchan an tuinnín ghoirm le cur i gcaighean

1.Déanfaidh Ballstáit na bearta agus na gníomhaíochtaí is gá, dá dtagraítear in Airteagal 35, a ghlacadh .

2.Cuirfear clár a bhaineann úsáid as córais cheamaraí steiréascópacha nó teicnící eile atá chomh beacht leo i bhfeidhm ar 100 % de na hoibríochtaí cur i gcaighean d'fhonn líon agus meáchan na niasc atá á gcur i gcaighean le linn gach oibríocht cur i gcaighean a bhraith níos beaichte.

3.Cuirfear an clár sin i bhfeidhm i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Iarscríbhinn X.

4.Cuirfidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm torthaí an chláir sin in iúl don Bhallstát atá freagrach as an soitheach nó as an ngaiste agus don Choimisiún i gcomhréir le hIarscríbhinn X.B. Seolfaidh an Coimisiún ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT iad, chun go seolfaidh an rúnaíocht ar aghaidh iad chuig breathnóir réigiúnach ICCAT.

5.I gcás ina léiríonn torthaí an chláir nach ionann líon an tuinnín ghoirm atá á chur i gcaighean agus na cainníochtaí a tuairiscíodh a gabhadh agus a aistríodh, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm, i gcomhair leis an mBallstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó an gaiste, imscrúdú a thionscnamh. Mura gcuirfear críoch leis an imscrúdú faoi cheann 10 lá oibre ó cuireadh na torthaí dá dtagraítear i mír 4 in iúl nó má léiríonn toradh an imscrúdaithe go bhfuil líon nó meánmheáchan an tuinnín ghoirm níos airde ná an líon nó an meánmheáchan gafa agus aistrithe a tuairiscíodh, déanfaidh an CPC brataí nó údaráis Bhallstát an tsoithigh gabhála nó an ghaiste ordú scaoilte a eisiúint maidir leis an líon agus/nó an meáchan atá iomarcach nach mór a scaoileadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Iarscríbhinn XI.

6.I gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Iarscríbhinn X.B.3 agus tar éis an scaoilte, más infheidhme, déanfar na cainníochtaí a tuairiscíodh faoin gclár a úsáid chun:

a) na figiúirí gabhála deireanacha a bheidh le baint as an gcuóta náisiúnta a chinneadh

b) na figiúirí sin a chur sna dearbhuithe maidir le cur i gcaighean agus sna rannáin ábhartha den BCD.

7.Faoin 30 Lúnasa gach bliain, déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm torthaí na gclár sin a thuairisciú don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar aghaidh chuig SCRS.

8.    Ní dhéanfar tuinnín gorm beo a aistriú ó chaighean feirmeoireachta amháin go dtí caighean feirmeoireachta eile mura mbeidh sé údaraithe agus mura mbeidh údaráis rialaithe Bhallstát na feirme i láthair.

9.    I gcás difríocht 10% nó níos mó idir na cainníochtaí den tuinnín gorm a tuairiscíodh a ghabh an soitheach/gaiste agus na cainníochtaí de réir na gceamaraí rialaithe, dá dtagraítear i mír 5 agus in Airteagal 43, beidh neamhchomhlíonadh féideartha an tsoithigh/gaiste lena mbaineann i gceist, agus déanfaidh an Ballstát na bearta is gá chun an ghníomhaíocht leantach is iomchuí a áirithiú.

Airteagal 45

Tuarascáil ar an oibríocht cur i gcaighean

1.    Laistigh de sheachtain amháin ó dheireadh na hoibríochta cur i gcaighean, seolfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil maidir leis an gcur i gcaighean chuig an mBallstát nó an CPC ar ghabh a shoithí nó a ghaistí an tuinnín gorm agus beidh na heilimintí atá leagtha síos in Iarscríbhinn X.B. sa tuarascáil sin, agus seolfaidh sé an tuarascáil sin chuig an gCoimisiún freisin. Áireofar sa tuarascáil sin chomh maith an fhaisnéis a tugadh sa dearbhú cur i gcaighean mar atá leagtha amach in Airteagal 4b de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle, agus in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán sin. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

2.    Chun chríoch mhír 1 ní mheasfar deireadh a bheith le haon oibríocht cur i gcaighean go dtí go mbeidh deireadh le haon imscrúdú agus, más infheidhme, le haon ordú scaoilte.

Airteagal 46

Gníomhartha cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le hoibríochtaí cur i gcaighean de bhun Airteagail 38 go dtí 45. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(2).

I gcás mórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

Roinn 6
Faireachán agus faireachas

Airteagal 47

Córas um Fhaireachán Soithí

1.Beidh feidhm ag na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a bhaineann leis an ngaireas faireacháin soithí maidir leis na tugaí agus na soithí tarraingthe go léir a áirítear ar thaifead ICCAT ar na soithí dá dtagraítear in Airteagal 19(6), beag beann ar a bhfad.

2.Soithí iascaireachta is mó ná 15 m ar fad atá ar thaifead ICCAT de shoithí gabhála dá dtagraítear in Airteagal 19(1)(a) nó i dtaifead ICCAT de shoithí eile dá dtagraítear in Airteagal 19(1)(b) den Rialachán seo, tosóidh siad ar shonraí VMS a tharchur chuig ICCAT 15 lá ar a laghad roimh oscailt an tséasúir iascaireachta agus leanfaidh siad leis na sonraí sin a tharchur go ceann 15 lá ar a laghad tar éis chríoch an tséasúir iascaireachta, mura gcuirfear iarraidh roimh ré chuig an gCoimisiún an soitheach a bhaint de thaifead soithí ICCAT.

3.Chun críocha rialaithe, ní chuirfear isteach ar tharchur sonraí VMS ó shoithí gabhála atá údaraithe an tuinnín ghoirm a iascach go gníomhach fad agus atá na soithí sin i gcalafort ach amháin má tá córas i bhfeidhm lena bhfógraítear na soithí atá ag teacht agus ag imeacht sa chalafort.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh a nIonad Faireacháin Iascaigh na teachtaireachtaí VMS a fuarthas ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig comhlacht a ainmneoidh sé i bhfíoram agus ag úsáid na formáide 'fotha sonraí https'. Cuirfidh an Coimisiún na teachtaireachtaí sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

5.Áiritheoidh na Ballstáit:

(a) go ndéanfar teachtaireachtaí VMS ó shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún gach dhá uair ar a laghad agus siad ag oibriú san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir;

(b) i gcás mífheidhm theicniúil ar an VMS, go ndéanfar teachtaireachtaí malartacha ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu a fuarthas faoi Airteagal 24(1) de (AE) Uimh. 404/2011 a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún laistigh de 24 huaire i ndiaidh dá nIonaid Faireacháin Iascaigh iad a fháil;

(c) go mbeidh uimhriú seicheamhach (le haitheantóir uathúil) ar gach teachtaireacht a sheolfar ar aghaidh chuig an gCoimisiún chun dúbláil a sheachaint;

(d) go mbeidh teachtaireachtaí a chuirtear ar aghaidh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachan (AE) Uimh. 404/2011.

6.Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéileálfar go rúnda leis na teachtaireachtaí go léir a chuirfear ar fáil dá shoithí cigireachta agus go mbeidh siad teoranta d'oibríochtaí cigireachta ar muir.

Airteagal 48

Clár Breathnóirí Náisiúnta

1.Maidir le soithí atá gníomhach in iascach an tuinnín ghoirm, déanfaidh na Ballstáit na céatadáin seo a leanas ar a laghad de chlúdach breathnóirí náisiúnta a áirithiú:

(a)20 % dá thrálaeir pheiligeacha (is faide ná 15 m),

(b)20 % dá shoithí spiléar (is faide ná 15 m);

(c)20 % dá bháid baoite (níos faide ná 15 m),

(d)100 % dá shoithí tarraingthe.

(e)100 % dá oibríochtaí saothraithe ó ghaistí.

2.Déanfaidh Ballstáit doiciméad aitheantais oifigiúil a eisiúint dá mbreathnóirí náisiúnta.

3.Déanfaidh breathnóirí náisiúnta na tascanna a leanas go háirithe:

(a)faireachán ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag soithí iascaireachta agus gaistí;

(b)taifead agus tuairisciú ar an ngníomhaíocht iascaireacht, lena náireofar an méid a leanas:

(i)an méid a gabhadh (seachghabháil san áireamh), lena náirítear diúscairt speicis, amhail an méid a coinníodh ar bord nó a caitheadh amach marbh nó beo;

(ii)an limistéar gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid;

(iii)tomhas iarrachta (amhail an líon tacar, an líon duán), mar atá sainithe i Lámhleabhar ICCAT maidir le trealaimh éagsúla;

(iv)dáta na gabhála.

(c)breathnóireacht agus meastachán ar ghabhálach agus fíoróidh siad iontrálacha a dhéantar sa logleabhar;

(d)soithí a d'fhéadfadh bheith i mbun iascaireachta in aghaidh bearta caomhnaithe ICCAT a aimsiú agus taifead a choinneáil orthu.

4.De bhreis air sin, déanfaidh breathnóirí náisiúnta obair eolaíochta, amhail sonraí Thasc II mar atá sainithe ag ICCAT a bhailiú, nuair a éilíonn ICCAT sin, bunaithe ar threoracha ó SCRS.

5.Maidir le cur i bhfeidhm mhíreanna 1 go dtí 4 déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas:

(a)a áirithiú go mbeidh breathnóirí náisiúnta ar a shoithí agus a ghaistí a dhéanfaidh ionadaíocht ama agus spásúil d'fhonn a áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún sonraí agus faisnéis leordhóthanach iomchuí maidir leis an ngabháil, an iarracht, agus maidir le gnéithe eolaíochta agus bainistíochta eile, agus gnéithe a bhaineann leis an gcabhlach agus leis na hiascaigh á gcur san áireamh;

(b)a áirithiú go mbeidh prótacail láidre ann maidir le bailiú sonraí;

(c)a áirithiú go mbeidh breathnóirí náisiúnta oilte agus faofa mar is ceart sula rachaidh siad i mbun oibre;

(d)a áirithiú, a mhéid is féidir, go ndéanfar an cur isteach is lú is féidir ar oibríochtaí soithí iascaireachta agus gaistí a bheidh i mbun iascaireachta i limistéar an Choinbhinsiúin.

6.Soláthrófar sonraí agus faisnéis arna mbailiú faoi chlár breathnóirí gach Ballstáit don Choimisiún faoin 15 Iúil gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún na sonraí agus an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig SCRS agus Rúnaíocht ICCAT, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 49

Clár Breathnóirí Réigiúnacha ICCAT

1.Beidh feidhm ag Clár Breathnóirí Réigiúnacha ICCAT san Aontas mar atá leagtha amach i míreanna 2 go dtí 6 den Airteagal seo agus mar atá sonraithe tuilleadh in Iarscríbhinn VII.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair:

(a)ar gach bád peas-saighne atá údairithe an tuinnín gorm a iascach;

(b)gach uair a dhéanfar an tuinnín gorm a aistriú ó bhád peas-saighne;

(c)gach uair a dhéanfar an tuinnín gorm a aistriú ó ghaistí go dtí caighin iompair;

(d)gach uair a dhéanfar an tuinnín gorm a chur i gcaighean ar fheirmeacha;

(e)gach uair a dhéanfar an tuinnín gorm a shaothrú ar fheirmeacha;

3.Ní údarófar do shoithí peas-saighne nach bhfuil breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair orthu bheith ag iascaireacht ná a bheith ag oibriú in iascach an tuinnín ghoirm.

4.Ballstáit atá freagrach as feirmeacha, áiritheoidh siad go mbeidh breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair gach uair a dhéanfar an tuinnín gorm a chur i gcaighean chomh maith le gach uair a dhéanfar an tuinnín gorm a shaothrú ar na feirmeacha sin.

5.Déanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT na tascanna seo a leanas go háirithe:

(a)breathnóireacht agus faireachán ar chomhlíonadh oibríochtaí iascaireachta agus feirmeoireachta le hAirteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus le forálacha an Rialacháin seo;

(b)dearbhuithe aistrithe ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo, tuarascálacha ar an oibríocht cur i gcaighean dá dtagraítear in Airteagal 45 den Rialachán seo agus BCDanna a shíniú i gcás ina naontaíonn siad go bhfuil an fhaisnéis sna doiciméid sin i gcomhréir leis an mbreathnóireacht a rinne siad,

(c)obair eolaíochta, amhail samplaí a bhailiú, de réir mar a éilíonn ICCAT, bunaithe ar threoracha ó SCRS.

6.Áiritheoidh an Ballstát brataí nach gcuirfidh máistrí, criúnna, úinéirí feirmeahca, úinéirí gaistí ná úinéirí soithí bac ná imeagla ar bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT atá i mbun a ndualgas ná nach gcuirfidh siad isteach orthu agus áiritheoidh an Ballstát brataí freisin nach nimreoidh siad tionchar orthu, nach dtabharfaidh siad breab dóibh ná nach ndéanfaidh siad iarracht breab a thabhairt dóibh.

Roinn 7
Cigireachtaí agus cros-seiceálacha

Airteagal 50

Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta

1.Beidh feidhm laistigh den Aontas ag Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta atá leagtha síos in Iarscríbhinn VIII.

2.Déanfaidh Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta údaraithe an tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a iascach cigirí a cheapadh agus cuirfear cigireachtaí ar muir ar bun faoi scéim ICCAT.

3.I gcás go bhfuil níos mó ná 15 shoitheach iascaireachta de chuid Ballstáit i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an tuinnín gorm i limistéar an Choinbhinsiúin ag aon tráth amháin, déanfaidh an Ballstát sin soitheach cigireachta a chur amach chun críocha cigireachta agus rialú ar muir i limistéar an Choinbhinsiúin feadh na tréimhse a mbeidh na soithí sin sa limistéar sin lena linn. Measfar go mbeidh an oibleagáid comhlíonta i gcás ina gcomhoibríonn Ballstáit le chéile chun soitheach cigireachta a chur amach nó i gcás ina ndéantar soitheach cigireachta de chuid an Aontais a chur amach i limistéar an Choinbhinsiúin.

4.Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé cigirí de chuid an Aontais a shannadh do scéim ICCAT.

5.Déanfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta a chomhordú don Aontas. Féadfaidh sé, in éineacht leis na Ballstáit ábhartha, cláir chomhchigireachta a leagan síos le cur ar chumas an Aontais a oibleagáid faoi scéim ICCAT a chomhlíonadh. Glacfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta i mbun iascaireachta an tuinnín ghoirm na bearta is gá chun cur i bhfeidhm na gclár sin a éascú go háirithe maidir leis na hacmhainní daonna agus ábhair is gá agus maidir leis na tréimhsí a úsáidfear na hacmhainní sin agus na limistéir gheografacha ina núsáidfear iad.

6.Faoin 1 Aibreán gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit don Choimisiún ainmneacha na gcigirí agus na soithí cigireachta a bhfuil sé beartaithe acu iad a shannadh do scéim ICCAT le linn na bliana. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis sin gach bliain chun plean maidir le rannpháirtíocht an Aontais i scéim ICCAT a leagan síos, i gcomhar leis na Ballstáit, plean a sheolfaidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT agus chuig na Ballstáit.

Airteagal 51

Pleananna cigireachta a tharchur

1.Faoin 31 Eanáir gach bliain, cuirfidh gach Ballstát a phleananna cigireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Leagfar na pleananna cigireachta amach i gcomhréir leis:

(a)na cuspóirí, tosaíochtaí, agus nósanna imeachta chomh maith le tagarmharcanna le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta atá leagtha amach sa Chlár um Rialú Sonrach agus Cigireacht maidir leis an tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bunaíodh faoi Airteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

(b)an gclár gníomhaíochta náisiúnta um an tuinnín gorm a rialú san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bunaíodh faoi Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.Cuirfidh an Coimisiún na pleananna cigireachta náisiúnta le chéile agus déanfaidh sé iad a chomhthathú i bplean cigireachta an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún an plean cigireachta ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT, le go bhformhuineoidh ICCAT é, maille leis na pleananna dá dtagraítear in Airteagal 6(1).

Airteagal 52

Oibleagáidí i gcás sáruithe

1.Déanfaidh an Ballstát brataí an beart atá leagtha amach i mír 2 i gcás a bhfuil na ráitis seo a leanas faoi shoitheach a bhfuil a bhratach ar foluain aige fíor:

(a)níor chomhlíon sé a cheanglas tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Airteagal 24 nó

(b)rinne sé sárú ar na forálacha atá leagtha amach sa Rialachán seo, in Airteagail 89 go dtí 93 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, i gCaibidil IX de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle.

2.Áiritheoidh an Ballstát brataí go ndéanfar cigireacht fhisiciúil faoina údarás ina gcalafoirt nó go ndéanfaidh duine eile a bheidh ainmnithe aige é i gcás nach bhfuil an soitheach i gceann dá chalafoirt.

Airteagal 53

Cros-seiceáil

1.Fíoróidh gach Ballstát tuarascálacha breathnóirí agus sonraí VMS, tarchur logleabhar agus faisnéise ábhartha atá taifeadta i logleabhair a shoithí iascaireachta sna doiciméid maidir le haistriú nó athlastáil agus sna doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm i gcomhréir le hAirteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus bainfidh siad úsáid as tuarascálacha cigireachta chomh maith le rudaí eile chuige sin.

2.    Déanfaidh gach Ballstát cros-seiceálacha ar gach tabhairt i dtír, athlastáil nó cur i gcaighean idir na cainníochtaí de réir an speicis a taifeadadh i logleabhar an tsoithigh iascaireachta nó idir na cainníochtaí de réir an speicis a taifeadadh ar an dearbhú aistrithe nó athlastála agus na cainníochtaí a taifeadadh ar an dearbhú maidir le gabháil a thabhairt i dtír nó ar an dearbhú maidir le cur i gcaighean, agus aon doiciméid ábhartha eile, amhail sonrasc agus/nó nótaí díolacháin i gcomhréir le hAirteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

Roinn 8
Cur ar an margadh

Airteagal 54

Bearta margaidh

1.Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 , cuirfear toirmeasc ar an tuinnín gorm ón Atlantach Thoir agus ón Meánmhuir a thrádáil san Aontas, a thabhairt i dtír, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur i gcaighean chun críocha ramhraithe nó feirmeoireachta, a athonnmhairiú nó a athlastáil mura mbeidh na doiciméid bheachta iomlána bhailíochtaithe a cuireadh ar bun leis an Rialachán seo, le Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 agus le hAirteagal 4b de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle ag gabháil leis.

2. Beidh toirmeasc ar an tuinnín gorm ón Atlantach Thoir agus ón Meánmhuir a thrádáil san Aontas, a allmhairiú, a thabhairt i dtír, a chur i gcaighean le haghaidh ramhraithe nó feirmeoireachta, a phróiseáil, a onnmhairiú, a athonnmhairiú agus a athlástáil sna cásanna a leanas:

(a)is soithí iascaireachta nó gaistí de chuid tíre nach bhfuil cuóta, teorainn ghabhála ná cionroinn iarrachta iascaireachta aici do thuinnín gorm an Atlantaigh Thoir agus na Meánmhara, faoi théarmaí bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT a ghabh an tuinnín gorm, nó

(b)ba é soitheach iascaireachta nó gaiste a raibh a chuóta indibhidiúil nó a raibh deiseanna iascaireachta de chuid a Bhallstáit ídithe tráth na gabhála a ghabh an tuinnín gorm.

3.Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, beidh toirmeasc ar thrádáil Aontais, allmhairí, tabhairt i dtír, próiseáil agus onnmhairí ó fheirmeacha ramhraithe nó feirmeoireachta nach gcomhlíonann na Rialacháin dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 55

Meastóireacht

Faoin 15 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid an Choimisiúin. Faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain, bunaithe ar an bhfaisnéis a gheobhfar ó na Ballstáit, cuirfidh an Coimisiúin tuarascáil mhionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Moladh 14-04 ICCAT faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT.

Airteagal 56

Maoiniú

Meastar gur plean ilbhliantúil de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bheidh sa phlean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

Airteagal 57

An nós imeachta le haghaidh leasuithe

1.    Sa mhéid is gá, d'fhonn leasuithe ar fhorálacha reatha an phlean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm a bheidh ina gceangal ar an Aontas a ionchorprú i ndlí an Aontais féadfaidh an Coimisiún forálacha neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 58

Airteagal 58

An tarmligean maidir le leasuithe a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 57 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 57 a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 57 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 59

Cur chun feidhme

1.Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 60

Aisghairm

1.Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 302/2009.

2.Déanfar na tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.

Airteagal 61

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) http://www.iccat.int/en/
(2) Moladh  06-05 ICCAT plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bhunú.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 544/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (IO L 163, 29.5.2012, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 43/2009 agus lena naisghairtear Rialachán Uimh. 1559/2007 (IO L 96, 15.4.2009, lch.1)
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354/22, 28.12.2013, lch. 1).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 an 18 Samhain 2014 maidir le cur i bhfeidhm oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha agus faoin gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 16/23, 23.01.2015, lch. 1).
(7) (tagairt le cur isteach)
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354/22, 28.12.2013, lch. 1).
(9) An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha ('an Coinbhinsiún') (IO L 162, 18/06/1986, lch.34).
(10) Moladh 06-05 ICCAT plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bhunú.
(11) Rialachán (CE) Uimh. 1559/2007 ón gComhairle an 17 Nollaig 2007 lena mbunaítear plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (IO L  340, 22.12.2007, lch. 1).
(12) Moladh 08-05 lena leasaítear an Moladh ó ICCAT plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bhunú.
(13) Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 43/2009 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1559/2007 (IO L 96, 15.4.2009, lch. 1).
(14) Moladh 10-04 lena leasaítear Moladh ICCAT plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bhunú.
(15) Rialachán (AE) Uimh. 500/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (IO L 157, 16.6.2012, lch. 1).
(16) Moladh 12-03 lena leasaítear Moladh ICCAT plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bhunú.
(17) Moladh 13-07 lena leasaítear Moladh 12-03 ICCAT plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bhunú.
(18) Moladh 13-08 ICCAT lena gcomhlánaítear Moladh 12-03 lenar bunaíodh Plean Téarnaimh Ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir .
(19) Rialachán (AE) Uimh. 544/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (IO L 163, 29.5.2012, lch. 1).
(20) Moladh 14-04 lena leasaítear Moladh 13-07 ICCAT plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bhunú.
(21) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354/22, 28.12.2013, lch. 1).
(22) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí rialaithe na mBallstát i ndáil le feidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiún(IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).
(23) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1. ).
(24) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú. (IO: L 112, 30.4.2011, lch. 1).
(25) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh 2847/93, Rialachán (CE) Uimh 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh 601/2004 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh 1447/1999 (OJ L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(26) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/156/AE ón gCoimisiún an 19 Márta 2014 lena mbunaítear clár sonrach rialaithe agus cigireachta maidir le hiascaigh atá ag saothrú stoc den tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, colgán sa Mheánmhuir agus iascaigh atá ag saothrú stoc den sairdín agus d'ainseabhaí i Muir Aidriad Thuaidh (IO L 85, 21.3.2014, lch. 1).
(27) Moladh 06-07 ICCAT maidir le feirmeoireacht an tuinnín ghoirm.
(28) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 an 18 Samhain 2014 maidir le cur i bhfeidhm oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha agus faoin gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 16/23, 23.01.2015).
(29) Tríú heagrán, ICCAT, 1990
(30) Tuarascáil SCRS 2009, leagan Béarla, lch. 128.
(31) An tuarascáil ó chruinniú idir-sheisiúnach an Choiste um Chomhlíonadh, Maidrid, an Spáinn – Feabhra 24 go 26, 2010, pointe 5 agus Iarscríbhinn 3 go hIarscríbhinn 4.2
(32) Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún an 30 Nollaig 2003 maidir leis an gclár de chabhlaigh iascaireachta an Chomhphobail (IO L 5, 9.1.2004, lch. 25).
(33) Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos bearta rialaithe maidir le stoic áirithe d'éisc animirceach a iascach (IO L 263, 3.10.2001, lch.1).
(34) Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena mbunaítear clár maidir le doiciméadú gabhála an tuinnín ghoirm Thunnus thynnus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle (IO L 194, 24.7.2010, lch.1).
(35) Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtaca le táirgí iascaireachta agus dobharshaothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1184/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).