52014PC0382

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ó mhionaoiseach neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall teaghlaigh, siblín ná gaol aige i láthair go dleathach i mBallstát /* COM/2014/0382 final - 2014/0202 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

· An foras leis an togra

Leasú is ea an togra seo ar mhír 4 d'Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát[1] (dá ngairfear 'Rialachán Bhaile Átha Cliath III' anseo feasta).

Le linn na caibidlíochta maidir le Rialachán Bhaile Átha Cliath III, d'aontaigh na comhreachtóirí go bhfágfaí ar oscailt ceist na mionaoiseach neamhthionlactha ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta san Aontas Eorpach iad agus nach bhfuil aon bhall teaghlaigh, siblín ná gaol acu ar chríoch na mBallstát, agus go bhfágfaí an fhoráil ghaolmhar - Airteagal 8(4) - go bunúsach gan athrú (i.e. an tAirteagal ina léirítear téacs an dara mír d'Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003/CE an 18 Feabhra 2003 maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír) (dá ngairfear Rialachán Bhaile Átha Cliath anseo feasta)[2] agus Dearbhú a dhéanamh, a bheidh ag gabháil leis an Rialachán, ina mbeidh an t‑ábhar seo a leanas:

"Iarrann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún smaoineamh ar Airteagal 8(4) den Athmhúnlú ar Rialachán Bhaile Átha Cliath a athbhreithniú, gan dochar dá cheart tionscnaimh, nuair a rialóidh an Chúirt Bhreithiúnais ar chás C‑648/ 11, MA agus Grúpaí Eile vs. Státrúnaí na Roinne Baile agus ar a dhéanaí faoi na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 46 de Rialachán Bhaile Átha Cliath. Feidhmeoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon a n‑inniúlachtaí reachtacha ansin, agus leas an linbh á chur san áireamh acu."

D'aontaigh an Coimisiún, tríd an Dearbhú céanna, leis an gcur chuige atá á mholadh:

"Toilíonn an Coimisiún, de mheon an chomhréitigh, agus lena áirithiú go nglacfar an togra láithreach, smaoineamh ar an iarraidh sin, agus tuigeann sé go bhfuil sé sin teoranta do na cúinsí sonracha sin agus nach gcruthaítear fasach leis an méid sin."

An 6 Meitheamh 2013, thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a breithiúnas i gcás C‑648/11 agus rialaigh sí an méid seo a leanas:

"Ní mór an dara mír d'Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn go n‑ainmneofar, in imthosca amhail imthosca na bpríomhimeachtaí inar thaisc mionaoiseach neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall teaghlaigh aige i láthair go dleathach ar chríoch Ballstáit ,iarratais ar thearmann i mbreis is Ballstát amháin, go n‑ainmneofar an Ballstát ina bhfuil an mionaoiseach sin i láthair tar éis dó iarratas ar thearmann a thaisceadh ann mar an 'Ballstát atá freagrach."

· Cuspóirí an togra

Cuireann an togra seo rialú na Cúirte Breithiúnais i gcás C‑648/11 san áireamh go hiomlán. Tá sé dírithe ar aghaidh a thabhairt ar éiginnteacht na forála atá ann faoi láthair maidir le mionaoisigh neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall teaghlaigh, siblín ná gaol acu ar chríoch na mBallstát, trí dheimhneacht dhlíthiúil i ndáil le freagracht as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcásanna den sórt sin a sholáthar.

2.           TORADH NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Níor ghá comhairliúcháin shonracha ná measúnuithe tionchair sonracha chun an togra seo a ullmhú toisc nach bhfuil sa togra cúngdhírithe seo ach obair leantach ar an gcomhairliúchán cuimsitheach agus na measúnuithe tionchair cuimsitheacha a rinne an Coimisiún cheana féin agus a thogra COM(2008)820 final á ullmhú aige chun Rialachán (CE) Uimh. 343/2003/CE ón gComhairle a athmhúnlú. Dá bhrí sin, na comhairliúcháin a rinne an Coimisiún chun an togra sin a ullmhú, baineann siad leis an togra seo.

Measann an Coimisiún gur cheart an togra chun Airteagal 8(4) a leasú a chur ar aghaidh a luaithe is féidir, d'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir leis na forálacha faoi mhionaoisigh neamhthionlactha i 'nós imeachta Bhaile Átha Cliath'. Thairis sin, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh leagan deiridh den Airteagal seo ann roimh dhul ar aghaidh chun rialacha forlíontacha maidir le mionaoisigh neamhthionlactha a chur ar fáil ar bhonn Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3.           GNÉITHE DLÍ AN TOGRA

· Achoimre ar an mbeart atá beartaithe.

Dírítear sa togra seo ar cheist na freagrachta as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann ó mhionaoiseach neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall teaghlaigh, siblín ná gaol aige ar chríoch an AE. Cumhdaíonn an fhoráil atá beartaithe dhá chás fhéideartha na mionaoiseach neamhthionlactha a bhíonn le fáil i gcás den sórt sin:

Cumhdaíonn mír 4a cás atá cosúil leis an gcás a bhfuil cur síos air i gcás C‑648/11, i.e. mionaoiseach neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall teaghlaigh, siblín nó gaol aige ar chríoch an AE agus arbh iomaí iarratas ar thearmann a thaisc sé, lena n‑áirítear sa Bhallstát ina bhfuil sé faoi láthair. Sa chás sin, cinntear an Ballstát atá freagrach de réir bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais, i.e. baineann freagracht leis an mBallstát inar thaisc an mionaoiseach iarratas agus ina bhfuil sé faoi láthair. Is é is aidhm don riail seo a áirithiú nach gcuirfear fad gan ghá leis an nós imeachta lena gcinntear cé an Ballstát atá freagrach, agus go mbeidh rochtain phras ag mionaoisigh neamhthionlactha ar na nósanna imeachta chun stádas cosanta idirnáisiúnta a chinneadh. Tugtar isteach an tagairt do leas an mhionaoisigh chun eisceachtaí ón riail sin a cheadú i gcásanna ina bhféadfaía léiriú go mbeadh baol ann do leas an mhionaoisigh dá bhfanfadh sé i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil sé

Tugann mír 4b aghaidh ar an gcás ina bhfuil mionaoiseach is iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i láthair ar chríoch Ballstáit gan iarratas a thaisceadh ann. Moltar gur cheart don Bhallstát deis a thabhairt don mhionaoiseach iarratas a thaisceadh ann, tar éis dó é a chur ar an eolas faoina cheart an méid sin a dhéanamh agus na himpleachtaí a bhaineann leis. Dhá rogha atá ag an mionaoiseach dá bhrí sin: iarratas a chur isteach ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát sin nó gan cur isteach uirthi. I gcás ina dtaisctear iarratas le húdaráis an Bhallstáit sin, beidh feidhm le himthosca de mhír 4a, i.e. is é an Ballstát sin a bheidh freagrach as an iarratas sin a scrúdú. Dá bhrí sin, fanfaidh an mionaoiseach sa Bhallstát ina bhfuil sé faoi láthair agus scrúdófar a iarratas ann, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh an méid sin. Is í an rogha eile gur cheart an mionaoiseach a aistriú chuig an mBallstát a meastar gurb é an Ballstát is oiriúnaí chun leasa an mhionaoisigh (ina bhféadfar a chur san áireamh, cé nach féidir é a bheith teoranta dó sin, go bhféadfadh nós imeachta chun scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheith ar siúl go leanúnach nó dúnta agus cinneadh críochnaitheach air, etc).

Ní thugann cás C‑648/11 aghaidh ar chás an mhionaoisigh a chinneann gan iarratas nua a thaisceadh sa Bhallstát ina bhfuil séi láthair. Ní foláir an cás sin a chumhdach sa Rialachán, ámh, d'fhonn easnaimh sna critéir freagrachta a sheachaint. Is é an réiteach a mholtar gur cheart gurbh é an Ballstát atá freagrach an Ballstát inar thaisc an mionaoiseach an t‑iarratas is déanaí uaidh. Is é is aidhm don riail sin a áirithiú go bhfuil cinnteacht chun teacht ar an mBallstát atá freagrach, trí riail atá cinnte intuartha a thabhairt isteach. Cuirtear isteach na tagairtí do leas an mhionaoisigh d'fhonn a áirithiú, mar atá i mír 4a, go seachnófar aistrithe atá ag teacht salach ar a leas.

Is aidhm do mhír 4c a áirithiú go ndéanfar an measúnú ar leas an mhionaoisigh i gcomhar idir an Ballstát a dhéanann an t‑iarratas agus an Ballstát a fhaigheann an t‑iarratas, d'fhonn cé an Ballstát atá freagrach as an mionaoiseach a chinntiú i gcomhpháirt, agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

Na ráthaíochtaí le haghaidh mionaoiseach dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Rialachán 604/2013, tá siad i bhfeidhm ar gach mionaoiseach atá faoi réir nósanna imeachta an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, níor measadh gur ghá saintagairt d'fhorálacha Airteagal 6 i ndáil le mionaoisigh neamhthionlactha a fhaighter i gceann de na cásanna a shainítear in Airteagal 8(4).

I mír 4d níl critéar chun freagracht a áirithiú, ach cuirtear riail ar fáil a údaróidh do na Ballstáit a chéile a chur ar an eolas faoi fhreagracht nua a glacadh. Ceadaíonn sé sin don Bhallstát a bhí freagrach roimhe sin as 'nós imeachta Bhaile Átha Cliath' a chur i gcrích an cás a dhúnadh go hinmheánach. Tá sé seo ábhartha go háirithe d'fhonn mí-úsáid an chórais a sheachaint, i gcás ina mbogann an mionaoseach ar aghaidh go dtí Ballstát eile agus gan aon chúis eile aige seachas fad a chur lena fhanacht ar chríoch an AE. Tá an fhoráil sin cosúil leis an bhforáil atá in Airteagal 17(1)(2) de Rialachán 604/2013, ina dtugtar isteach an riail faisnéise chéanna a tugadh isteach i leith an chlásail cheannasachta.

· Geoiméadracht athraitheach

Leasaítear leis an togra seo Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 agus úsáidtear an bunús dlí céanna leis an ngníomh sin, mar atá pointe (e) den dara mír d'Airteagal 78 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Níl Teideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe ná maidir le hÉirinn, mura gcinneann an dá thír sin a mhalairt, i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach sa Phrótacal ar sheasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an CFAE.

Tá an Ríocht Aontaithe agus Éire faoi cheangal Rialachán 604/2013 tar éis dóibh fógra a thabhairt gur mhian leo bheith páirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin sin, bunaithe ar an bPrótacal thuasluaite. Níl éifeacht ag seasamh na mBallstát sin maidir le Rialachán 604/2013 ar a rannpháirtíocht fhéideartha i ndáil leis an Rialachán leasaithe.

Faoin bPrótacal ar sheasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart de bhun Theideal V den CFAE ag an gComhairle (cé is moite de "bearta ag cinneadh na dtríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu agus teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu, ná ar bhearta maidir le formáid chomhionann do víosaí"). Mar sin féin, ós rud é go gcuireann an Danmhairg Rialachán reatha Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm, ar bhonn comhaontaithe idirnáisiúnta a chuir sí i gcrích leis an CE in 2006[3], tabharfaidh sí, i gcomhréir le hAirteagal 3 den chomhaontú sin, fógra don Choimisiún faoina cinneadh cibé acu a chuirfidh sí ábhar an Rialacháin leasaithe i bhfeidhm nó nach gcuirfidh.

· Tionchar an togra ar Bhallstáit nach bhfuil san AE ach a bhfuil ceangal acu le córas Bhaile Átha Cliath

I gcomhthreo le comhlachas roinnt Ballstát nach bhfuil san AE le acquis Schengen, thug an Comhphobal roinnt comhaontuithe i gcrích, comhaontuithe lena ndéantar na tíortha sin a chomhlachú freisin le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac:

– an comhaontú lena ndearnadh an Íoslainn agus an Iorua a chomhlachú agus a tugadh i gcrích in 2001[4];

– an comhaontú lena ndearnadh an Eilvéis a chomhlachú agus a tugadh i gcrích an 28 Feabhra 2008[5];

– an prótacal lena ndearnadh Lichtinstéin a chomhlachú agus a síníodh an 28 Feabhra 2008[6].

D'fhonn cearta agus oibleagáidí a chruthú idir an Danmhairg– atá comhlachaithe le acquis Bhaile Átha Cliath/EURODAC trí chomhaontú idirnáisiúnta–, mar a míníodh thuas, agus na tíortha comhlachaithe atá luaite thuas, tugadh dhá ionstraim eile chun críche idir an Comhphobal agus na tíortha comhlachaithe[7].

I gcomhréir leis na trí chomhaontú a luaitear thuas, glacfaidh na tíortha comhlachaithe le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac agus le forbairt an acquis gan eisceacht. Níl siad páirteach i nglacadh aon ghníomhartha a leasaíonn ná a chuireann le acquis Bhaile Átha Cliath (lena n‑áirítear, mar sin, an togra seo) ach caithfidh siad fógra a thabhairt don Choimisiún laistigh de thréimhse shonrach maidir lena gcinneadh ábhar an ghnímh sin a ghlacadh nó gan é a ghlacadh, a luaithe a fhormheasfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa é. Mura nglacann an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis ná Lichtinstéin le gníomh lena leasaítear nó lena gcuirtear le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac, cuirfear an clásal 'gilitín' i bhfeidhm agus cuirfear deireadh leis na comhaontuithe sin, ach amháin má chinneann an Comhchoiste nó an Coiste Measctha arna bhunú ag na comhaontuithe a mhalairt d'aontoil.

2014/0202 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ó mhionaoiseach neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall teaghlaigh, siblín ná gaol aige i láthair go dleathach i mBallstát

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2)(e) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[8],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[9],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Cinneann Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[10] gurb é an Ballstát inar thaisc mionaoiseach neamhthionlactha iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas sin.

(2)       Tar éis ghlacadh Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais i gcás C‑648/11, i gcás ina dtaisceann mionaoiseach neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall teaghlaigh aige i láthair go dleathach ar chríoch Ballstáit iarratais ar thearmann i mbreis is Ballstát amháin, gurb é an Ballstát ina bhfuil an mionaoiseach i láthair tar éis iarratas ar thearmann a thaisceadh ann atá le hainmniú mar an Ballstát atá freagrach.

(3)       Níor thug an breithiúnas aghaidh ar staid an mhionaoisigh neamhthionlactha nach bhfuil aon bhall teaghlaigh aige i láthair go dleathach ar chríoch Ballstáit, a thaisc iarratais ar thearmann i mBallstát amháin nó níos mó, agus atá i láthair ar chríoch Ballstáit gan iarratas a thaisceadh ann. D'fhonn foráil chomhtháite maidir le mionaoisigh neamhthionlactha a áirithiú sa Rialachán seo agus éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint, ba cheart foráil freisin don chritéar lena chinneadh cé an Ballstát atá freagrach i gcás den sórt sin.

(4)       De réir an bhreithiúnais, ba cheart don Bhallstát atá freagrach an Ballstát inar taisceadh an chéad iarratas a chur ar an eolas dá réir sin. Ós rud é nach gceanglaítear ach ar Bhallstát amháin an t‑iarratas ar thearmann a scrúdú, ba cheart don Bhallstát atá freagrach a chinneadh a chur in iúl don Bhallstáit a bhí freagrach roimhe sin, don Bhallstát a bhfuil nós imeachta á chur i bhfeidhm aige chun a chinneadh cé an Ballstát atá freagrach nó an Ballstát ar iarradh air an mionaoiseach a ghabháil ar láimh nó a thógáil ar ais, de réir mar a bheidh.

(5)       [I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh thug na Ballstáit sin fógra gur mian leo a bheith rannpháirteach agus an Rialachán seo á ghlacadh agus á chur i bhfeidhm.]

(6)       I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(7)       Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 d’Airteagal 8:

"4a.        I gcás nach mbeidh aon bhall teaghlaigh, gaol nó siblín ag mionaoiseach neamhthionlactha i láthair go dleathach i mBallstát, dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, is é an Ballstát lenar thaisc an mionaoiseach neamhthionlactha a iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh é sin.

4b.         I gcás ina bhfuil iarratasóir dá dtagraítear i mír 4a i láthair ar chríoch Ballstáit gan iarratas a thaisceadh ann, cuirfidh an Ballstát an mionaoiseach neamhthionlactha ar an eolas faoina cheart chun iarratas a dhéanamh agus tabharfaidh sé deis éifeachtach dó iarratas a thaisceadh sa Bhallstát sin.

I gcás ina dtaisceann an mionaoiseach neamhthionlactha dá dtagraítear sa chéad fhomhír iarratas sa Bhallstát ina bhfuil sé i láthair, is é an Ballstát sin a bheidh freagrach as an iarratas sin a scrúdú, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh é sin.

I gcás nach dtaisceann an mionaoiseach neamhthionlactha dá dtagraítear sa chéad fhomhír iarratas sa Bhallstát ina bhfuil sé i láthair, is é an Ballstát atá freagrach an Ballstát inar thaisc an mionaoiseach neamhthionlactha a iarratas is déanaí, ach amháin más rud é nach chun leasa an mhionaoisigh é sin.

4c.          An Ballstát a n‑iarrtar air mionaoiseach neamhthionlactha a thógáil ar ais, comhoibreoidh sé leis an mBallstát ina bhfuil an mionaoiseach neamhthionlactha i láthair d'fhonn leas an mhionaoisigh a mheasúnú.

4d.         An Ballstát atá freagrach, de bhun mhír 4a, cuirfidh sé na Ballstáit seo a leanas, de réir mar is gá, ar an eolas faoi:

(a) an Ballstát a bhí freagrach roimhe sin;

(b) an Ballstát atá i mbun an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach;

(c) an Ballstát ar iarradh air bheith i bhfeighil ar an mionaoiseach neamhthionlactha a ghabháil ar láimh;

(d) an Ballstát ar iarradh air an mionaoiseach neamhthionlactha a thógáil ar ais.

Seolfar an fhaisnéis sin tríd an ngréasán cumarsáide leictreonaí 'DubliNet' a cuireadh ar bun faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               IO L 180/31, 29.6.2013, lch. 31.

[2]               IO L 50, 25.2.2003, lch. 1

[3]              An comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé an stát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna thaisceadh sa Danmhairg nó i mBallstát ar bith eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus Eurodac chun méarloirg a chur i gcomparáid d'fhonn Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachteach, (IO L 66, 8.3.2006, lch 38).

[4]           Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé an stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a scrúdú arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua, (IO L 93, 3.4.2001, lch. 40).

[5]           Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé an Stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a scrúdú arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis, (IO L 53, 27.2.2008, lch .5).

[6]           Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le comhlachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé an stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i mBallstát nó san Eilvéis a scrúdú, (IO L 160 18.6.2011 p. 39)

[7]           Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé an stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a scrúdú arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis (arna thabhairt i gcrích an 24.10.2008, IO L 161, 24.06.2009, lch. 8) agus Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal, Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu an stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a scrúdú arna taisceadh i mBallstát, san Íoslainn nó san Iorua (IO L 93, 3.4.2001).

[8]               IO C , , lch. .

[9]               IO C , , lch. .

[10]             Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).