52014PC0318

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta a fhéadfaidh an tAontas a dhéanamh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais agus beart cosanta (códú) /* COM/2014/0318 final - 2014/0164 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an‑bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe do na saoránaigh agus, dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans chun úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar orthu .

              Ní féidir an aidhm sin a bhaint amach fad is atá líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shainaithint.

              Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir agus trédhearcach.

2.           Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, ar an 1 Aibreán 1987[1], treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe.

3.           Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992) [2] agus cuireadh i bhfios an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith.

              Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán le linn an códú á dhéanamh.

              Ós rud é nach ceadmhach athruithe a dhéanamh ar shubstaint na n‑ionstraimí lena mbaineann an códúchán, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, trí chomhaontú idirinstitiúideach dar dáta an 20 Nollaig 1994, go bhféadfar nós imeachta luathaithe a úsáid chun ionstraimí códaithe a ghlacadh go mear.

4.           Is é cuspóir an togra seo códú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 452/2003 ón gComhairle an 6 Márta 2003 maidir le bearta a fhéadfaidh an Comhphobal a ghlacadh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith‑fhóirdheontais agus beart cosanta[3]. Glacfaidh an Rialachán nua ionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann[4]; caomhnaítear go huile agus go hiomlán inneachar na ngníomhartha atá á gcódú agus, dá bhrí sin, ní dhéantar ach iad a thabhairt le chéile agus na leasuithe foirmiúla sin amháin a bhfuil gá leo don phróiseas códaithe féin a dhéanamh.

5.           Rinneadh an togra códaithe a tharraingt suas ar bhonn réamh‑chomhdhlúthú, in 22 teanga, ar Rialachán (CE) Uimh. 452/2003 agus ar na hionstraimí lena leasaítear é. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán códaithe.

ê 452/2003 (oiriúnaithe)

2014/0164 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta a fhéadfaidh an Ö tAontas Õ a dhéanamh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith‑fhóirdheontais agus beart cosanta (códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh Ö ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Õ, agus go háirithe Airteagal Ö 207(2) Õ de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa[5],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

ê

(1)       Tá Rialachán (CE) Uimh. 452/2003[6] ón gComhairle leasaithe go substaintiúil[7]. Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

ê 452/2003 aithris 1 (oiriúnaithe)

(2)       Le Rialachán (CE) Uimh. 1225/2005[8] ón gComhairle, Ö leagadh Õ rialacha comhchoiteanna Ö síos Õ chun cosaint a thabhairt ar allmhairí dumpáilte ó thíortha nach Ballstáit den Ö Aontas Õ iad.

ê 452/2003 aithris 2 (oiriúnaithe)

(3)       Le Rialachán (CE) Uimh. 597/2009[9] ón gComhairle, Ö leagadh Õ rialacha comhchoiteanna Ö síos Õ chun cosaint a thabhairt ar allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach Ballstáit den Ö Aontas Õ iad.

ê 452/2003 aithris 3 (oiriúnaithe)

(4)       Le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009[10] ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 625/2009[11] ón gComhairle, Ö leagadh Õ rialacha comhchoiteanna Ö síos Õ chun bearta cosanta i gcoinne allmhairí ó thíortha áirithe nach Ballstáit den Ö Aontas Õ iad a ghlacadh. Féadfaidh bearta cosanta a bheith i bhfoirm beart taraife is infheidhme maidir le gach allmhaire nó na hallmhairí sin ar mó ná cainníocht réamhchinntithe iad. Cuireann na bearta cosanta sin in iúl go bhfuil na hearraí i dteideal dul isteach i margadh an Ö Aontais Õ tar éis na dleachtanna ábhartha a bheith íoctha.

ê 452/2003 aithris 4

(5)       Féadfaidh allmhairiú earraí áirithe a bheith faoi réir beart frithdhumpála nó frith‑fhóirdheontais ar thaobh amháin agus faoi réir beart cosanta taraife ar an taobh eile. Is é is aidhm do na bearta frithdhumpála nó frith‑fhóirdheontais an saobhadh margaidh a tháinig as cleachtais trádála mhíchothroma a réiteach, agus is é is aidhm do na bearta cosanta taraife cosaint a thabhairt ar allmhairí atá dulta i méid go mór.

ê 452/2003 aithris 5 (oiriúnaithe)

(6)       Mar sin féin, d'fhéadfadh éifeacht níos mó ná mar a bhí beartaithe nó ba inmhianaithe ó thaobh bheartas cosanta trádála agus chuspóirí an Ö Aontais Õ a bheith mar thoradh ar na bearta frithdhumpála nó frith‑fhóirdheontais agus na bearta cosanta taraife a bheith i bhfeidhm i dteannta a chéile ar an aon táirge amháin. Go háirithe, d'fhéadfadh na bearta sin i dteannta a chéile ualach dochraideach neamh‑inmhianaithe a chur ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe atá ag iarraidh earraí a onnmhairiú chuig an Ö Aontas Õ agus, dá bhrí sin, d'fhéadfadh sé nach mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar mhargadh an Ö Aontais Õ .

ê 452/2003 aithris 6 (oiriúnaithe)

(7)       Mar thoradh air sin, níor cheart táirgeoirí onnmhairiúcháin atá ag iarraidh earraí a onnmhairiú chuig an Ö Aontas Õ a bheith faoi réir ualaí dochraideacha neamh‑inmhianaithe agus ba cheart rochtain a bheith acu fós ar mhargadh an Ö Aontais Õ.

ê 452/2003 aithris 7 (oiriúnaithe)

(8)       Is inmhianaithe a áirithiú, dá bhrí sin, gur féidir cuspóirí na mbeart cosanta taraife agus na mbeart frithdhumpála agus/nó frith‑fhóirdheontais a chomhlíonadh gan bac a chur ar rochtain na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sin ar mhargadh an Ö Aontais Õ.

ê 452/2003 aithris 8 (oiriúnaithe)

(9)       Dá bhrí sin, ba cheart forálacha sonracha a Ö leagan síos Õ ionas gur féidir leis an gCoimisiún bearta a dhéanamh, i gcás ina Ö measann sé Õ gurb iomchuí sin a dhéanamh, d'fhonn a áirithiú nach mbeidh éifeacht den sórt sin ag baint le bearta frithdhumpála nó frith‑fhóirdheontais a bheith i bhfeidhm i dteannta beart cosanta taraife ar an aon táirge amháin.

ê 452/2003 aithris 9 (oiriúnaithe)

(10)     Cé gur féidir foráil a dhéanamh go mb'fhéidir go mbeidh na bearta cosanta taraife agus na bearta frithdhumpála nó frith‑fhóirdheontais infheidhme go comhuaineach maidir leis an táirge céanna, ní féidir a dhearbhú roimhe ré i gcónaí cén uair go díreach a d'fhéadfadh sé sin tarlú. Dá bhrí sin, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le cás den sórt sin ar bhealach lena n‑áiritheofar go mbeidh intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil ag gach oibreoir lena mbaineann.

ê 452/2003 aithris 10 (oiriúnaithe)

(11)     Féadfaidh an Coimisiún a mheas gurb iomchuí bearta frithdhumpála agus/nó frith‑fhóirdheontais a leasú, a chur ar fionraí nó a aisghairm nó foráil a dhéanamh maidir le díolúintí go hiomlán nó go páirteach ó aon dleacht frithdhumpála nó frithchúitimh a bheadh iníoctha seachas sin, nó aon bheart speisialta eile a ghlacadh. Níor cheart na bearta frithdhumpála ná frith‑fhóirdheontais a chur ar fionraí, a leasú, ná eisceacht a dhéanamh díobh ach go ceann tréimhse teoranta.

ê 452/2003 aithris 11

(12)     Ba cheart aon bheart a dhéantar faoin Rialachán seo a bheith infheidhme ó dháta theacht i bhfeidhm na mbeart sin, seachas má shonraítear a mhalairt iontu, agus níor cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh iontu maidir le bonn a chur le haisíoc na ndleachtanna arna mbailiú roimh an dáta sin.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 10 (oiriúnaithe)

(13)     Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú chun Ö an Rialachán seo Õ a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [12],

ê 452/2003

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 10(1)

1. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhféadfadh éifeachtaí níos mó ná mar is inmhianaithe ó thaobh bheartas cosanta trádála agus chuspóirí an Aontais a bheith mar thoradh ar na bearta frithdhumpála nó frith‑fhóirdheontais agus na bearta cosanta taraife a bheith i bhfeidhm i dteannta a chéile ar na hallmhairí céanna, féadfaidh sé pé beart de na bearta seo a leanas a ghlacadh de réir mar is iomchuí leis i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2):

ê 452/2003

(a)          bearta chun bearta frithdhumpála agus/nó frith‑fhóirdheontais atá ann cheana a leasú, a chur ar fionraí nó a aisghairm;

(b)          bearta chun allmhairí a dhíolmhú go hiomlán nó go páirteach ó dhleachtanna frithdhumpála nó frithchúitimh a bheadh iníoctha seachas sin;

(c)          aon bhearta speisialta eile a mheastar gurb iomchuí iad sa chás lena mbaineann.

2. Beidh aon leasú, fionraí nó díolúine de bhun mhír 1 teoranta ó thaobh ama de agus ní bheidh feidhm aige nó aici ach amháin nuair a bheidh na bearta cosanta ábhartha i bhfeidhm.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag aon bheart a ghlactar de bhun an Rialacháin seo óna dháta theacht i bhfeidhm. Ní bheidh sé mar bhonn le haisíoc na ndleachtanna arna mbailiú roimh an dáta sin seachas má dhéantar foráil maidir lena mhalairt sa bheart sin.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 10(2)

Airteagal 3

1. Beidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

ê

Airteagal 4

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 452/2003.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

ê 452/2003 (oiriúnaithe)

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an Ö fichiú Õ lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh [...],

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               COM(87) 868 miontuairiscí.

[2]               Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na Conclúidí.

[3]               Códú a cuireadh ar chlár reachtaíochta 2014.

[4]               Féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an togra seo.

[5]               IO C […], […]., lch. […].

[6]               Rialachán (CE) Uimh. 452/2003 ón gComhairle an 6 Márta 2003 maidir le bearta a fhéadfaidh an Comhphobal a dhéanamh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith‑fhóirdheontais agus beart cosanta (IO L 69, 13.3.2003, lch. 8).

[7]               Féach Iarscríbhinn I.

[8]               Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint a thabhairt ar allmhairí dumpáilte ó thíortha nach Ballstáit den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

[9]               Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint a thabhairt ar allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach Ballstáit den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

[10]             Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na rialacha comhchoiteanna le haghaidh allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).

[11]             Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna i ndáil le hallmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 185, 17.7.2009, lch. 1).

[12]             Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

é

IARSCRÍBHINN I

Rialachán Aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 452/2003 ón gComhairle (IO L 69, 13.3.2003, lch. 8) || ||

|| Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint  na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 18, 21.1.2014, lch. 1) || Pointe 10 den Iarscríbhinn, agus an Pointe sin amháin

_____________

IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 452/2003 || An Rialachán seo

Airteagal 1 || Airteagal 1

Airteagal 2 || Airteagal 2

Airteagal 2 a || Airteagal 3

‑ || Airteagal 4

Airteagal 3 || Airteagal 5

‑ || Iarscríbhinn I

‑ || Iarscríbhinn II

_____________