Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh /* COM/2014/0187 final - 2014/0107 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Comhthéacs ginearálta, cúiseanna agus
cuspóirí an togra seo Glacadh Treoir 2000/9/CE maidir le
suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun daoine a iompar [1] an 20 Márta 2000
agus tháinig sé i bhfeidhm an 3 Bealtaine 2002. Áirithítear le Treoir 2000/9/CE
ardleibhéal sábháilteachta le haghaidh suiteálacha cábla‑bhealaigh
d’úsáideoirí, d’oibrithe agus do thríú páirtithe. Leagtar amach ann na
ceanglais riachtanacha nach mór do shuiteálacha cábla-bhealaigh, a mbonneagar,
a bhfochórais agus a gcomhpháirteanna sábháilteachta iad a chomhlíonadh d’fhonn
a bheith sábháilte. Sampla is ea Treoir 2000/9/CE freisin de
reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena n‑áirithítear
saorghluaiseacht i margadh aonair an AE, mar atá saorghluaiseacht fochóras agus
comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh suiteálacha cábla-bhealaigh.
Comhchuibhítear leis an Treoir na dálaí maidir le cur ar an margadh agus cur i
seirbhís fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta a bhfuil sé beartaithe
iad a ionchorprú i suiteálacha cábla‑bhealaigh. Ní mór do mhonaróirí a
léiriú go bhfuil a bhfochórais nó a gcomhpháirteanna sábháilteachta deartha
agus monaraithe i gcomhlíonadh na gceanglas riachtanach, ní mór dóibh an
comhartha CE a ghreamú dóibh agus treoracha a sholáthar maidir lena n‑ionchorprú
ar shuiteáil chábla-bhealaigh. Tá Treoir 2000/9/CE bunaithe ar Airteagal 114
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“an Conradh” anseo feasta). Treoir um chomhchuibhiú iomlán is ea é atá bunaithe ar na
prionsabail faoin gCur Chuige Nua ina gceanglaítear ar mhonaróirí a áirithiú go
gcomhlíonann a dtáirgí na ceanglais éigeantacha feidhmíochta agus
sábháilteachta dá bhforáiltear san ionstraim reachtach ach gan réitigh
theicniúla ná sonraíochtaí teicniúla sonracha a fhorchur mar sin féin. Tá feidhm ag Treoir 2000/9/CE maidir le
suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun daoine a iompar. Is iad tarraingt le cábla agus an fheidhm
iompair phaisinéirí na príomhchritéir lena gcinntear raon feidhme Threoir 2000/9/CE. Is iad cáblaigh, gondalaí, cathaoireacha cábla
inscortha, cathaoireacha cábla daingnithe, trambhealaí aerga, funitel,
suiteálacha comhcheangailte (ina bhfuil roinnt cineálacha éagsúla
cábla-bhealach, amhail gondalaí agus cathaoireacha cábla) agus ardaitheoirí
tarraingeora na príomhchineálacha suiteálacha cábla-bhealaigh atá cuimsithe i dTreoir 2000/9/CE. Sainmhínítear suiteálacha cábla-bhealaigh mar
an córas iomlán ar an láithreán, lena gcuimsítear an bonneagar, na fochórais
agus na comhpháirteanna sábháilteachta. Bíonn tionchar díreach ar shuiteálacha
cábla-bhealaigh agus ar a mbonneagar ag saintréithe an réigiúin ina bhfuil siad
lonnaithe, ag an gcineál tír-raoin ina bhfuil siad suiteáilte agus na gnéithe
fisiciúla a bhaineann leis, ag a dtimpeallacht agus ag toisí atmaisféaracha
agus meitéareolaíocha, chomh maith le struchtúir agus bacainní a d’fhéadfadh a
bheith gar dóibh ar an talamh nó san aer. Sa chreat seo, tá tógáil agus cur i seirbhís
suiteálacha cábla-bhealaigh faoi réir nósanna imeachta údarúcháin náisiúnta. I dTreoir 2000/9/CE, leagtar amach
ceanglais riachtanacha chomhchuibhithe nach mór do shuiteálacha cábla-bhealaigh
iad a chomhlíonadh, ach beidh an inniúlacht ag na Ballstáit i gcónaí gnéithe
eile amhail talamhúsáid, pleanáil réigiúnach agus cosaint an chomhshaoil a
rialáil. Tá comhpháirteanna sábháilteachta agus
fochórais faoi réir phrionsabal na saorghluaiseachta earraí. Tá an comhartha CE
ar chomhpháirteanna sábháilteachta lena léirítear comhréireacht le ceanglais Threoir 2000/9/CE,
lena n‑áirítear na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta. Tá sé beartaithe sa togra Rialachán a chur in
ionad Threoir 2000/9/CE, i gcomhréir le cuspóirí an Choimisiúin maidir le
simpliú. Tá sé beartaithe sa togra Treoir 2000/9/CE
a ailíniú leis an “bpacáiste um earraí” a glacadh in 2008 agus go háirithe le
Cinneadh CE Uimh. 768/2008 faoin gcreat reachtaíochta nua. Leagtar amach creat coiteann le haghaidh
reachtaíocht AE ar chomhchuibhiú táirgí sa Chinneadh faoin gcreat reachtaíochta
nua. Is éard atá sa chreat sin forálacha a úsáidtear go coitianta i
reachtaíocht AE maidir le táirgí (e.g. sainmhínithe, oibleagáidí oibreoirí
eacnamaíocha, comhlachtaí dá dtugtar fógra, sásraí coimirce, etc.). Rinneadh na
forálacha coiteanna sin a athneartú lena áirithiú go bhféadfar na treoracha a
chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú sa chleachtas. Tá gnéithe nua tugtha
isteach, amhail oibleagáidí ar allmhaireoirí, agus tá na gnéithe sin
ríthábhachtach chun sábháilteacht táirgí ar an margadh a fheabhsú. Tá ailíniú naoi dTreoir eile leis an gCinneadh
faoin gcreat reachtaíochta nua laistigh de “phacáiste ailínithe” a glacadh an
21 Samhain 2011 beartaithe cheana féin ag an gCoimisiún. Tá ailíniú Threoir 97/23/CE
maidir le brú-threalamh[2]
leis an gCinneadh faoin gcreat reachtaíochta nua beartaithe ag an gCoimisiún
freisin. D’fhonn comhchuibheas a áirithiú i
reachtaíocht an AE um chomhchuibhiú maidir le táirgí tionsclaíocha, i gcomhréir
leis an tiomantas polaitiúil a d'eascair ó ghlacadh an Chinnidh faoin gcreat
reachtaíochta nua agus leis an oibleagáid dhlíthiúil a ndéantar foráil di in Airteagal 2
den Chinneadh faoi gcreat reachtaíochta nua, ní mór don togra seo a bheith i
gcomhréir le forálacha an Chinnidh faoin gcreat reachtaíochta nua. Tá sé beartaithe leis an togra freisin dul i
ngleic le roinnt deacrachtaí a chonacthas le linn chur chun feidhme Threoir 2000/9/CE.
Go háirithe, tá tuairimí éagsúla ag na húdaráis, ag comhlachtaí dá dtugtar
fógra agus ag monaróirí faoi cibé acu an dtagann cineálacha áirithe suiteálacha
faoi raon feidhme Threoir 2000/9/CE nó nach dtagann agus, dá bhrí sin, an
gá iad a mhonarú agus a dheimhniú i gcomhréir le ceanglais agus le nósanna
imeachta na treorach. Bhí tuairimí éagsúla ann freisin ar cheart trealamh
áirithe a mheas mar fhochóras, mar bhonneagar nó mar chomhpháirt
sábháilteachta. Ina theannta sin, ní shonraítear sa Treoir an cineál nós
imeachta um measúnú comhréireachta atá le cur i bhfeidhm i ndáil le fochórais. Tharla saobhadh ar an margadh agus caitheadh le
hoibreoirí eacnamaíocha ar bhealaí éagsúla mar thoradh ar na cineálacha cur
chuige éagsúla sin. B’éigean do mhonaróirí agus d’oibreoirí na suiteálacha lena
mbaineann an trealamh a mhionathrú nó dul faoi dheimhniú breise agus bhí
costais bhreise agus moilleanna maidir le húdarú agus oibriú na suiteálacha sin
dá bharr. Dá bhrí sin, tá sé i gceist leis an Rialachán
atá beartaithe feabhas a chur ar an tsoiléireacht dhlíthiúil maidir le raon
feidhme Threoir 2000/9/CE agus cur chun feidhme na bhforálacha dlíthiúla
ábhartha a fheabhsú. Ina theannta sin, tá forálacha i dTreoir 2000/9/CE
i dtaca leis an measúnú comhréireachta le haghaidh fochóras. Mar sin féin, ní
chinntear ann an nós imeachta nithiúil atá le leanúint ag an monaróir agus ag
an gcomhlacht dá dtugtar fógra. Ina theannta sin, ní sholáthraítear do
mhonaróirí ann an réimse nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá ar fáil
le haghaidh comhpháirteanna sábháilteachta. Ar an gcaoi sin, déantar na nósanna
imeachta um measúnú comhréireachta atá ar fáil le haghaidh fochóras a ailíniú
leo siúd atá in úsáid cheana féin le haghaidh comhpháirteanna sábháilteachta sa
Rialachán atá beartaithe, bunaithe ar na modúil um measúnú comhréireachta atá
leagtha amach i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE lena mbunaítear creat coiteann
maidir le táirgí a mhargú (Cinneadh faoin gcreat reachtaíochta nua). Sa
chomhthéacs sin, déantar foráil ann freisin maidir leis an gcomhartha CE a
ghreamú d’fhonn comhlíonadh a fhorálacha a léiriú, i gcomhréir leis an gcóras
reatha le haghaidh comhpháirteanna sábháilteachta. Cuirtear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh
Fómhair 2012 maidir le Caighdeánú Eorpach[3]
san áireamh sa togra. Cuirtear san áireamh sa togra freisin an togra
ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2013 le haghaidh Rialacháin maidir le faireachas
margaidh ar tháirgí[4],
ina bhfuil sé beartaithe ionstraim dlí amháin a leagan amach maidir le
gníomhaíochtaí faireachais mhargaidh i réimse earraí neamhbhia, táirgí
tomhaltais nó táirgí neamhthomhaltais, agus táirgí atá cuimsithe nó nach bhfuil
faoi reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Sa togra seo, déantar na
rialacha maidir le faireachas margaidh i dTreoir 2001/95/CE maidir le
sábháilteacht ghinearálta táirgí[5],
Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas
margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú[6]
agus reachtaíocht um chomhchuibhiú a bhaineann le hearnálacha sainiúla a
chumasc d’fhonn feabhas a chur ar a éifeachtaí atá gníomhaíochtaí faireachais
mhargaidh san Aontas. Tá na forálacha ábhartha maidir le faireachas margaidh
agus clásail choimirce le fáil sa Rialachán atá beartaithe maidir le faireachas
margaidh ar tháirgí freisin. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha maidir le faireachas
margaidh agus clásail choimirce sa reachtaíocht reatha um chomhchuibhiú a
bhaineann go sainiúil leis an earnáil a bhaint ón reachtaíocht sin um
chomhchuibhiú. Is é is cuspóir uileghabhálach don Rialachán beartaithe maidir
le faireachas margaidh ar tháirgí creat faireachais mhargaidh an Aontais a
shimpliú ó bhonn le go mbeidh sé níos éasca dá phríomhúsáideoirí é a úsáid, mar
atá údaráis um fhaireachas margaidh agus oibreoirí eacnamaíocha. Tá foráil i dTreoir 2000/9/CE
maidir le nós imeachta um chlásal coimirce le haghaidh fochóras agus
comhpháirteanna sábháilteachta. I gcomhréir leis an gcreat a bhfuil sé i gceist
é a bhunú leis an Rialachán beartaithe maidir le faireachas margaidh ar
tháirgí, ní áirítear leis an togra seo na forálacha maidir le faireachas
margaidh agus le nósanna imeachta um chlásal coimirce le haghaidh fochóras agus
comhpháirteanna sábháilteachta dá bhforáiltear sa Chinneadh faoin gcreat
reachtaíochta nua. Mar sin féin, d’fhonn soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú, tá
tagairt ann don Rialachán atá beartaithe maidir le faireachas margaidh ar
tháirgí. Comhsheasmhacht
le beartais agus cuspóirí eile an Aontais Tá an tionscnamh seo i
gcomhréir leis an nGníomh um an Margadh Aonair[7], inar cuireadh béim ar a riachtanaí atá sé muinín
tomhaltóirí i gcáilíocht na dtáirgí ar an margadh a athbhunú agus ar a
thábhachtaí atá sé faireachas margaidh a neartú. Ina theannta sin,
tacaítear le beartas an Choimisiúin maidir le Rialáil níos Fearr agus le
simpliú na timpeallachta rialaithí. 2. COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AN MEASÚNÚ TIONCHAIR Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara Tá plé fada fairsing déanta ar athbhreithniú
Threoir 2000/9/CE ó 2010 i leith. Go háirithe, rinneadh plé air laistigh
de Mheitheal na mBallstát um Shuiteálacha Cábla-bhealaigh, le saineolaithe
náisiúnta atá freagrach as cur chun feidhme na Treorach, laistigh den
Bhuanchoiste dá bhforáiltear le Treoir 2000/9/CE, den Ghrúpa Comhoibrithe
Riaracháin um Fhaireachas Margaidh ar Shuiteálacha Cábla-bhealaigh (AdCo) agus
den Ghrúpa Earnála um Shuiteálacha Cábla-bhealaigh (CSG) de chuid Chomhordú
Eorpach na gComhlachtaí dá dtugtar fógra, mar aon le comhlachais ón tionscal
agus le comhlachais úsáideoirí. Bhí baint ag na Ballstáit agus ag páirtithe
leasmhara, lena n‑áirítear eagraíochtaí monaróirí, comhlachtaí dá dtugtar
fógra agus ionadaithe comhlachtaí um chaighdeánú i bpróiseas an mheasúnaithe tionchair
ón tús. Faoi chuimsiú an Bhuanchoiste dá bhforáiltear le Treoir 2000/9/CE,
rinneadh plé rialta ar fheidhmiú na Treorach agus ar na saincheisteanna a
d’fhéadfadh teacht chun cinn lena n‑éileofaí feabhsuithe, bíodh sin trí
bhíthin modhanna reachtacha nó modhanna neamhreachtacha. Ina theannta sin, rinneadh trí chomhairliúchán
shainiúla. Rinneadh an chéad chomhairliúchán sa chéad leath
de 2010 faoi chuimsiú ullmhú na Tuarascála maidir le cur chun feidhme Threoir 2000/9/CE
dá bhforáiltear in Airteagal 21(4) na treorach sin. Sa chéad Tuarascáil uaidh maidir le cur chun
feidhme Threoir 2000/9/CE[8],
thug an Coimisiún ar aird go raibh rath ar an Treoirmaidir le margadh
inmheánach a bhunú le haghaidh fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta,
agus leibhéal ard aonfhoirmeach sábháilteachta á ráthú. Aithníodh ann freisin
roinnt saincheisteanna le scrúdú. Is iad seo a leanas na saincheisteanna sin a
bhí le scrúdú: –
Fairsinge raon feidhme Threoir 2000/9/CE, go
háirithe maidir le cineálacha nua suiteálacha cábla-bhealaigh; –
Easpa raoin iomchuí nósanna imeachta um measúnú
comhréireachta le haghaidh fochóras, as ar eascair léirmhínithe éagsúla agus
cineálacha cur chun feidhme éagsúla ar mheasúnú comhréireachta fochóras; –
An gá atá le Treoir 2000/9/CE a ailíniú leis
an gcinneadh faoi gcreat reachtaíochta nua. Rinneadh an dara agus an tríú comhairliúchán
in 2012 mar chuid den staidéar measúnaithe tionchair. Bhain an chéad
chomhairliúchán díobh leis an gcás reatha agus bhain an ceann eile leis na
roghanna beartais. Rinneadh an Tuarascáil Deiridh den Staidéar Measúnaithe Tionchair
a chur i láthair go foirmiúil agus a phlé ag na cruinnithe den Bhuanchoiste a
reáchtáladh an 25 Meán Fómhair 2012 agus an 8 Aibreán 2013 ina raibh
deis ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara san earnáil roinnt tuairimí,
ábhar agus páipéar seasaimh a léiriú ar na roghanna beartais atá ar áireamh sa
staidéar. Chabhraigh na páirtithe leasmhara ar bhealach
gníomhach chun na fadhbanna a bhí le réiteach a aithint d’fhonn cur le feidhmiú
Threoir 2000/9/CE. Tá tromlach na bpáirtithe leasmhara ar aon intinn
maidir leis na fadhbanna atá aitheanta. I gcás líon mór d'fhreagróirí an chomhairliúcháin
a rinneadh i gcomhthéacs an Staidéir Mheasúnaithe Tionchair, bhí fadhbanna acu
maidir leis an sainmhíniú ar shuiteálacha cábla-bhealaigh agus ar an teorainn
le raon feidhme Threoir 95/16/CE a bhaineann le hardaitheoirí[9]. I bhfianaise an mhéid faisnéise a bailíodh
agus na saincheisteanna a bhí teicniúil go leor, níor seoladh comhairliúchán
poiblí oscailte ar bith toisc gur measadh go raibh comhairliúcháin saindírithe
ar shaineolaithe níos iomchuí don tionscnamh seo atá teicniúil go maith. Saineolas a bhailiú agus a úsáid - Measúnú tionchair Rinneadh measúnú tionchair ar athbhreithniú Threoir 2000/9/CE. Bunaithe ar an bhfaisnéis a bailíodh, rinneadh
trí rogha a scrúdú agus a chur i gcomparáid sa mheasúnú tionchair a rinne an
Coimisiún: Rogha 1 – “Gan aon ní a dhéanamh” – Gan
athrú ar bith a dhéanamh ar an gcás reatha Sa rogha seo, moltar gan athrú ar bith a
dhéanamh ar Threoir 2000/9/CE. Rogha 2 – Idirghabháil trí bhíthin beart
neamhreachtach I rogha 2, meastar an fhéidearthacht treoir níos
fairsinge ar chur chun feidhme Threoir 2000/9/CE a sholáthar maidir lena
raon feidhme agus cur i bhfeidhm nósanna imeachta sonracha um measúnú
comhréireachta a mholadh chun fochórais a mheasúnú, den chuid is mó trí bhíthin
an Treoir maidir le Cur i bhFeidhm Threoir 2000/9/CE
a athdhréachtú. Rogha 3 – Idirghabháil trí bhíthin beart
reachtach Is é atá i gceist leis an rogha seo Treoir 2000/9/CE
a leasú. Measadh gur
teaglaim de roghanna 2 agus 3 an réiteach ab fhearr, ar na cúiseanna seo a
leanas: –
meastar gurb é is mó a rachaidh i ngleic leis an
bhfadhb toisc go soláthrófar leis soiléiriú sna sainmhínithe faoin raon feidhme
agus comhsheasmhacht agus solúbthacht na nósanna imeachta um measúnú
comhréireachta le haghaidh fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta; –
níl costais shuntasacha i gceist leis an rogha seo
d’oibreoirí eacnamaíocha ná do chomhlachtaí dá dtugtar fógra; ina gcás siúd atá
ag gníomhú ar bhonn freagrach cheana féin, níor aithníodh tionchar suntasach
eacnamaíoch ná sóisialta ar bith; –
feabhsófar feidhmiú mhargadh inmheánach na
bhfochóras agus na gcomhpháirteanna sábháilteachta trína áirithiú go gcaitear
go cothrom le gach oibreoir eacnamaíoch, go háirithe allmhaireoirí agus
dáileoirí, chomh maith le gach comhlacht dá dtugtar fógra; –
ní fhreagraíonn rogha 1 fadhb na héiginnte
dlíthiúla atá ann i ngeall ar roinnt de na forálacha i dTreoir 2000/9/CE
agus, dá bhrí sin, ní dhéanfar an Treoir sin a chur chun feidhme níos fearr de bharr na rogha sin. Sa togra tá: ·
Soiléiriú ar an raon feidhme maidir le suiteálacha
cábla-bhealaigh atá ceaptha chun críocha iompair agus áineasa araon; ·
Raon nósanna imeachta um measúnú comhréireachta le
haghaidh fochóras a thabhairt isteach bunaithe ar na modúil um measúnú
comhréireachta reatha le haghaidh comhpháirteanna sábháilteachta, arna ailíniú
leis an gCinneadh faoin gcreat reachtaíochta nua. ·
Ailíniú leis an gCinneadh faoin gcreat
reachtaíochta nua. Mar iarmhairt ar an togra, áiritheofar go
mbeidh cothrom iomaíochta ann do na hoibreoirí eacnamaíocha agus feabhsófar
cosaint na sábháilteachta do phaisinéirí agus d’úsáideoirí, d’oibrithe agus do
thríú páirtithe eile. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Raon feidhme agus sainmhínithe Freagraíonn raon feidhme an Rialacháin atá
beartaithe do raon feidhme Threoir 2000/9/CE agus cuimsítear ann suiteálacha
cábla-bhealaigh, lena n‑áirítear a mbonneagar, chomh maith le fochórais
agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh suiteálacha cábla-bhealaigh. Déanann an togra an raon feidhme reatha a
shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta. Go háirithe, i bhfianaise na forbartha atá
tagtha ar chineálacha nua suiteálacha cábla‑bhealaigh, soiléirítear nach
bhfuil feidhm ag eisiamh suiteálacha cábla-bhealaigh arna n‑úsáid chun
críocha áineasa in aontaí nó i bpáirceanna siamsaíochta maidir le suiteálacha
cábla-bhealaigh a bhfuil dhá fheidhm beartaithe dóibh, mar atá daoine a iompar
agus gníomhaíochtaí áineasa. Faoin togra seo, coimeádtar eisiamh
suiteálacha cábla-bhealaigh áirithe atá beartaithe chun críocha talmhaíochta nó
tionsclaíocha, ach soiléirítear ann go gcuimsítear suiteálacha cábla‑bhealaigh
freisin atá beartaithe chun seirbhísiú a dhéanamh ar fhoscadáin sléibhe nó ar
bhotháin agus nach bhfuil beartaithe chun daoine a iompar. Déantar an t‑eisiamh reatha maidir le báid
farantóireachta cábla-oibrithe a thabhairt chun dáta freisin chun gach suiteáil
cábla-oibrithe a chuimsiú ina n‑iompraítear na húsáideoirí nó na
hiompróirí ar uisce, amhail suiteálacha uisce-sciála cábla-oibrithe. Ní dhéantar na heisiaimh dá bhforáiltear i dTreoir 2000/9/CE
a bhaineann le hiarnróid raca agus pinniúin agus le suiteálacha arna dtiomáint
le slabhra a thabhairt isteach in athuair toisc nach bhfreagraíonn na
suiteálacha sin don sainmhíniú ar shuiteálacha cábla-bhealaigh. Cuireadh isteach na sainmhínithe ginearálta a
d'eascair ón ailíniú leis an gCinneadh faoin gcreat reachtaíochta nua. 3.2. Oibleagáidí oibreoirí
eacnamaíocha Áirítear leis an togra, maidir le fochórais
agus le comhpháirteanna sábháilteachta, na gnáthfhorálacha le haghaidh
reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú maidir le táirgí agus leagtar amach
ann oibleagáidí na n‑oibreoirí eacnamaíocha iomchuí (monaróirí,
ionadaithe údaraithe, allmhaireoirí agus dáileoirí), i gcomhréir leis an gCinneadh
faoin gcreat reachtaíochta nua. 3.3. Caighdeáin chomhchuibhithe Déantar foráil maidir le toimhde
comhréireachta leis na ceanglais riachtanacha má tá na caighdeáin chomhchuibhithe
á gcomhlíonadh. Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 creat
cothrománach dlí le haghaidh caighdeánú Eorpach. Áirítear leis an Rialachán inter
alia forálacha maidir le hiarrataí um chaighdeánú ón gCoimisiún chuig an
gComhlacht Eorpach um Chaighdeánú, maidir leis an nós imeachta le haghaidh
agóidí i gcoinne caighdeán comhchuibhithe agus maidir le rannpháirtíocht
páirtithe leasmhara sa phróiseas um chaighdeánú. Dá dheasca sin, ní dhearnadh
forálacha Threoir 2000/9/CE ina gcuimsítear na gnéithe céanna a thabhairt
isteach in athuair sa togra seo ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla. 3.4. Measúnú comhréireachta Coimeádtar na nósanna imeachta um measúnú
comhréireachta le haghaidh comhpháirteanna sábháilteachta dá bhforáiltear faoi
Threoir 2000/9/CE sa togra seo. Mar sin féin, déantar na modúil
chomhfhreagracha a thabhairt chun dáta i gcomhréir leis an gCinneadh faoin
gcreat reachtaíochta nua. Go háirithe, coimeádtar an ceanglas maidir le
hidirghabháil ó chomhlacht dá dtugtar fógra i gcéim an deartha agus an táirgthe
le haghaidh na bhfochóras agus na gcomhpháirteanna sábháilteachta ar fad. Tugtar isteach leis an togra raon nósanna
imeachta um measúnú comhréireachta le haghaidh fochóras bunaithe ar na modúil
um measúnú comhréireachta den Chinneadh faoin gcreat reachtaíochta nua. Sa
chreat seo, tugtar isteach leis freisin an comhartha CE le haghaidh fochóras,
toisc nach bhfuil cúis ann nach gcaithfí leo ar an gcaoi chéanna leis na
comhpháirteanna sábháilteachta, a ndéantar foráil ina leith cheana féin i dTreoir 2000/9/CE
maidir leis an gcomhartha CE a ghreamú díobh chun a gcomhréireacht leis na
ceanglais ann a léiriú. 3.5. Comhlachtaí dá dtugtar fógra Tá feidhmiú ceart comhlachtaí dá dtugtar fógra
ríthábhachtach chun leibhéal ard cosanta sláinte agus sábháilteachta a áirithiú
agus ar mhaithe le muinín gach páirtí leasmhair sa chóras faoin gCur Chuige
Nua. Dá bhrí sin, i gcomhréir leis an gCinneadh
faoin gcreat reachtaíochta nua, déantar na critéir maidir le fógra a thabhairt
le haghaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra a atreisiú sa togra seo agus tugtar
isteach ceanglais shonracha le haghaidh na n‑údarás a thugann fógra. 3.6. Gníomhartha cur chun feidhme Tugtar cumhacht leis an togra don Choimisiún
gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, nuair is iomchuí, chun cur i bhfeidhm
aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú maidir le comhlachtaí dá dtugtar
fógra nach gcomhlíonann na ceanglais chun fógra a thabhairt dóibh nó
comhlachtaí nach bhfuil ag comhlíonadh na gceanglas sin a thuilleadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis na forálacha maidir le gníomhartha cur chun feidhme atá leagtha
síos i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 16 Feabhra 2011 ina leagtar síos na rialacha agus na
prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na
Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún. 3.7. Forálacha críochnaitheacha Beidh an Rialachán beartaithe inchurtha i
bhfeidhm dhá bhliain tar éis dó teacht i bhfeidhm chun a ndóthain ama a
thabhairt do mhonaróirí, do chomhlachtaí dá dtugtar fógra agus do Bhallstáit
dul in oiriúint do na ceanglais nua. Mar sin féin, ní mór tús a chur le hainmniú na
gcomhlachtaí dá dtugtar fógra de bhun na gceanglas agus de bhun an phróisis nua
go luath tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Áiritheofar leis sin go
mbeidh líon dóthanach comhlachtaí dá dtugtar fógra ainmnithe i gcomhréir leis
na rialacha nua faoi dháta an churtha i bhfeidhm d’fhonn fadhbanna a sheachaint
maidir le leanúnachas an táirgthe agus le soláthar an mhargaidh. Tá foráil idirthréimhseach beartaithe maidir
leis na deimhnithe arna n‑eisiúint ag comhlachtaí dá dtugtar fógra faoi
Threoir 2000/9/CE maidir le fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta
ionas gur féidir na stoic a ídiú agus chun aistriú rianúil chuig na ceanglais
nua a áirithiú. Tá foráil idirthréimhseach beartaithe maidir
le cur i seirbhís suiteálacha cábla-bhealaigh arna dtógáil faoi Threoir 2000/9/CE
chun aistriú rianúil chuig na ceanglais nua a áirithiú. Déanfar aisghairm ar Threoir 2000/9/CE
agus cuirfear an Rialachán atá beartaithe ina ionad. 3.8. Inniúlacht an Aontais, bunús
dlí, prionsabal na coimhdeachta agus foirm dhlíthiúil Bunús dlí Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den
Chonradh. Prionsabal na coimhdeachta Tagann prionsabal na coimhdeachta chun cinn go
háirithe maidir leis na forálacha nua atá curtha isteach a bhfuil sé mar sprioc
acu forghníomhú éifeachtach Threoir 2000/9/CE a fheabhsú, mar atá
oibleagáidí na n‑oibreoirí eacnamaíocha, na forálacha maidir le
hinrianaitheacht, na forálacha maidir leis an measúnú ar na comhlachtaí um
measúnú comhréireachta agus maidir le fógra a thabhairt dóibh. Tá sé léirithe sa taithí maidir le
forfheidhmiú na reachtaíochta go mbíonn cineálacha éagsúla cur chuige ann agus
go ndéileáiltear le hoibreoirí eacnamaíocha san Aontas ar bhealaí éagsúla mar
thoradh ar bhearta a ghlactar ar an leibhéal náisiúnta, rud a bhaineann an bonn
de chuspóir Threoir 2000/9/CE. Má ghlactar bearta ar an leibhéal náisiúnta
chun dul i ngleic leis na fadhbanna, tá an baol ann go gcruthófaí bacainní ar
an tsaorghluaiseacht earraí. Thairis sin, tá beart ar an leibhéal náisiúnta
teoranta d’inniúlacht chríochach Bhallstáit. Is fearr is féidir na cuspóirí atá
leagtha amach a chur i gcrích trí bhíthin birt chomhordaithe ar leibhéal an
Aontais, agus is éifeachtaí a bheidh an faireachas margaidh go háirithe dá
bharr. Dá bhrí sin, tá sé níos iomchuí beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. Comhréireacht I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta,
ní théann na modhnuithe beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí
atá leagtha síos a bhaint amach. Ní fhorchuirtear leis na hoibleagáidí nua nó
modhnaithe ualaí ná costais nach bhfuil gá leo ar an tionscal – go háirithe ar
fhiontair bheaga agus mheánmhéide – ná ar rialtais. I gcás ina bhfuil
modhnuithe aitheanta a bhfuil iarmhairtí diúltacha acu, úsáidfear an anailís ar
iarmhairtí na rogha chun an fhreagairt is comhréirí ar na fadhbanna arna n‑aithint
a sholáthar. Baineann roinnt modhnuithe le soiléireacht na Treorach reatha a
fheabhsú gan ceanglais nua a thabhairt isteach a mbeadh costas breise leo. An nós reachtach
a úsáidtear Tá an togra i bhfoirm Rialacháin. Cuirtear san áireamh leis an athrú atá
beartaithe ó Threoir go Rialachán
cuspóir ginearálta an Choimisiúin an timpeallacht rialaitheach a shimpliú agus
an gá atá le cur chun feidhme aonfhoirmeach na reachtaíochta atá beartaithe ar
fud an Aontais a áirithiú. Tá an Rialachán atá beartaithe bunaithe ar Airteagal 114
den Chonradh agus tá sé mar aidhm leis feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh
a áirithiú le haghaidh fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta a bhfuil sé
beartaithe iad a úsáid i suiteálacha cábla-bhealaigh, agus an ról reatha do na
Ballstáit maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh a choimeád ag an am céanna.
Forchuirtear leis rialacha soiléire mionsonraithe a bheidh infheidhme ar
bhealach aonfhoirmeach ag an tráth céanna ar fud an Aontais. I gcomhréir leis na
prionsabail um chomhchuibhiú iomlán, níl cead ag na Ballstáit ceanglais níos
déine ná ceanglais bhreise a fhorchur sa reachtaíocht náisiúnta maidir le
fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta a chur ar an margadh. Go
háirithe, ní mór go mbeadh na ceanglais riachtanacha éigeantacha agus na
nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá le leanúint ag monaróirí
comhionann i ngach Ballstát. Tá feidhm leis sin freisin
maidir leis na forálacha atá tugtha isteach mar thoradh ar an ailíniú leis an gCinneadh
faoin gcreat reachtaíochta nua. Tá na forálacha seo soiléir agus beacht go
leordhóthanach chun go ndéanfadh na gníomhaithe lena mbaineann iad a chur i
bhfeidhm go díreach. Maidir leis na
hoibleagáidí dá bhforáiltear le haghaidh na mBallstát, amhail an oibleagáid
maidir leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a cheapadh
agus fógra a thabhairt dóibh, ní dhéantar iad, i gcás ar bith, a thrasuí mar sin
sa dlí náisiúnta ach déanann na Ballstáit iad a chur chun feidhme trí bhíthin
na socruithe riachtanacha rialála agus riaracháin. Ní thiocfaidh athrú air sin
nuair a dhéanfar na hoibleagáidí lena mbaineann a leagan amach i Rialachán. Dá bhrí sin, is ar éigean
atá solúbthacht ag na Ballstáit agus Treoir á trasuí sa dlí
náisiúnta acu. Trí bhíthin Rialachán a roghnú áfach, cuirfear ar a gcumas na
costais a bhaineann le trasuí Treorach a sheachaint. Anuas air sin, seachnaítear le Rialachán an
baol féideartha go ndéanfadh na Ballstáit Treoir a thrasuí ar bhealaí éagsúla,
rud a d’fhéadfadh leibhéil éagsúla chosanta sábháilteachta teacht as agus a
d’fhéadfadh bacainní ar an margadh inmheánach a chruthú lena mbainfí an bonn dá
cur chun feidhme éifeachtach. Ní thiocfaidh athrú ar
bith ar an gcur chuige rialála de bharr an athraithe ó Threoir go
Rialachán. Caomhnófar saintréithe an
Chur Chuige Nua ina n‑iomláine, go háirithe an tsolúbthacht a bhíonn ag
monaróirí maidir lena rogha bealach a úsáid chun na ceanglais riachtanacha a
chomhlíonadh agus maidir leis an rogha faoin nós imeachta a úsáidfear, i measc
na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá ar fáil, d’fhonn comhlíonadh
na bhfochóras agus na gcomhpháirteanna sábháilteachta a léiriú. Ní chuirfidh
cineál na hionstraime dlí isteach ar na sásraí reatha lena dtacaítear le cur
chun feidhme na reachtaíochta (an próiseas um chaighdeánú, meithleacha, comhar
riaracháin, forbairt doiciméad treorach etc.). Thairis sin, ní gá go mbeidh an próiseas
cinnteoireachta láraithe má roghnaítear Rialachán. Coimeádann na Ballstáit a n‑inniúlacht
maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh agus cur chun feidhme na bhforálacha
comhchuibhithe, e.g. ainmniú agus creidiúnú na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra,
faireachas margaidh agus gníomhaíocht fhorfheidhmithe a dhéanamh (e.g. pionóis). Ar deireadh, trí
Rialacháin a úsáid i réimse reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh, is féidir
baol na rórialála a sheachaint i gcomhréir leis an rogha arna léiriú ag na
páirtithe leasmhara. Ina theannta sin, cuirtear ar chumas monaróirí oibriú go
díreach le téacs an Rialacháin in ionad ceangal a bheith orthu 28 dlí trasuite
a shainaithint agus a scrúdú. Ar an mbonn sin, meastar
gurb é Rialachán a roghnú an réiteach is iomchuí agus is lú costas le haghaidh
na bpáirtithe ar fad lena mbaineann mar féadfar an reachtaíocht atá beartaithe
a chur i bhfeidhm go mear agus go comhtháite leis agus bunófar leis
timpeallacht rialaitheach níos soiléire le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus
seachnófar na costais a bhaineann le trasuíomh do na Ballstáit. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Ní chuirfidh an togra seo isteach ar bhuiséad
an AE. 5. FAISNÉIS BHREISE Aisghairm na reachtaíochta atá ann cheana Déanfar Treoir 2000/9/CE a aisghairm de
thoradh an togra a ghlacadh. An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Tá baint ag
an togra le LEE agus ba cheart go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach
Eacnamaíoch dá réir. 2014/0107 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE
AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[10], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) I dTreoir 2000/9/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[11]
maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh, leagtar síos rialacha le haghaidh
suiteálacha cábla‑bhealaigh arna gceapadh, arna dtógáil agus arna n‑oibriú
d’fhonn daoine a iompar. (2) Tá Treoir 2000/9/CE
bunaithe ar na prionsabail faoin gCur Chuige Nua, mar atá leagtha amach sa Rún ón
gComhairle an 5 Bealtaine 1985 maidir le cur chuige nua i leith an
chomhchuibhithe theicniúil agus i leith caighdeán[12]. Ar an gcaoi sin, ní
leagtar amach ann ach na ceanglais riachtanacha atá infheidhme maidir le
suiteálacha cábla‑bhealaigh, cé go ndéanann an Coiste Eorpach um
Chaighdeánú (CEN) agus an Coiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil
(Cenelec) sonraí teicniúla a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[13]
maidir le Caighdeánú Eorpach. Agus comhréireacht leis na caighdeáin
chomhchuibhithe á socrú amhlaidh, ar foilsíodh an uimhir thagartha in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déantar foráil do thoimhde comhréireachta le
ceanglais Threoir 2000/9/CE. Tá sé léirithe sa taithí gur fheidhmigh na
bunphrionsabail sin go maith sa réimse seo agus ba cheart iad a choimeád agus
fiú cur chun cinn breise a dhéanamh orthu. (3) Léiríodh sa taithí ó chur
chun feidhme Threoir 2000/9/CE go raibh gá roinnt dá forálacha a mhodhnú
d’fhonn iad a shoiléiriú agus a thabhairt chun dáta agus ar an gcaoi sin
deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú go príomha maidir le raon feidhme agus le
measúnú comhréireachta fochóras. (4) I gCinneadh Uimh. 768/2008/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14]
i ndáil le creat coiteann maidir le táirgí a mhargú, leagtar síos creat
coiteann prionsabal ginearálta agus forálacha tagartha a bhfuil sé beartaithe
feidhm a bheith acu ar fud na reachtaíochta lena gcomhchuibhítear na dálaí
maidir le táirgí a mhargú d’fhonn bonn comhtháite a chur ar fáil chun an
reachtaíocht sin a leasú nó a athmhúnlú. Ba cheart Treoir 2000/9/CE a
oiriúnú don Chinneadh sin dá bhrí sin. (5) Ós rud é go bhfuil roinnt
athruithe le déanamh ar Threoir 2000/9/CE, ba cheart an Treoir sin a aisghairm agus a ionadú ar mhaithe leis an
tsoiléireacht. Ós rud é nach mór don raon feidhme, do na ceanglais riachtanacha
agus do na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a bheith comhionann i
ngach aon Bhallstát, is ar éigean atá solúbthacht ann agus Treoir bunaithe ar phrionsabail an Chur Chuige Nua á
trasuí sa dlí náisiúnta. D’fhonn an creat rialúcháin a shimpliú, ba cheart
Rialachán a chur in ionad Threoir 2000/9/CE mar is é Rialachán an
ionstraim dlí iomchuí toisc go bhforchuirtear leis rialacha soiléire
mionsonraithe nach féidir leis na Ballstáit trasuí ar bhealach éagsúil a
dhéanamh fúthu agus dá bhrí sin áirithítear cur chun feidhme aonfhoirmeach ar
fud an Aontais. (6) I Rialachán (CE) Uimh. 765/2008
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15]
lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas
margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, leagtar síos forálacha cothrománacha
maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta [maidir le faireachas
margaidh ar tháirgí agus rialuithe ar tháirgí ó thríú tíortha] agus maidir leis
an gcomhartha CE. (7) I Rialachán (AE) Uimh. […/…]
[maidir le faireachas margaidh ar tháirgí][16],
soláthraítear rialacha mionsonraithe maidir le faireachas margaidh agus maidir
le rialuithe ar tháirgí ag teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha, lena n‑áirítear
fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta. Leagtar amach nós imeachta um chlásail
choimirce ann freisin. Is iad na Ballstáit a eagróidh agus a dhéanfaidh an
faireachas margaidh, a údaróidh na húdaráis um fhaireachas margaidh agus a
shonróidh a gcumhachtaí agus a ndualgais. Ina theannta sin, cuirfidh siad ar
bun cláir faireachais mhargaidh ghinearálta agus a bhaineann le hearnálacha
sainiúla. (8) Ba cheart raon feidhme Threoir 2000/9/CE
a choinneáil. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le
suiteálacha cábla-bhealaigh atá deartha chun daoine a iompar agus a bhíonn in
úsáid in ionaid turasóireachta ar airde mhór nó i saoráidí iompair uirbeacha.
Is córais ardaitheora, amhail iarnróid cháblacha, téadbhealaí aerga, cairr
chábla, gondalaí, cathaoireacha cábla agus ardaitheoirí tarraingeora, a bhíonn
i gceist le suiteálacha cábla-bhealaigh go príomha. Is iad tarraingt le cábla
agus an fheidhm iompair phaisinéirí na critéir riachtanacha lena gcinntear na
suiteálacha cábla‑bhealaigh a chuimsítear leis an Rialachán seo. (9) Tá forbairt déanta ar
chineálacha nua suiteálacha cábla‑bhealaigh atá beartaithe le haghaidh
cúrsaí iompair agus gníomhaíochtaí áineasa araon. Ba cheart suiteálacha dá
leithéid a chuimsiú leis an Rialachán seo. (10) Is iomchuí suiteálacha áirithe
cábla‑bhealaigh a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, toisc iad a
bheith faoi réir reachtaíocht shonrach eile an Aontais um chomhchuibhiú nó
toisc go bhféadfar iad a rialáil go leormhaith ar an leibhéal náisiúnta. (11) Tá ardaitheoirí
cábla-oibrithe, idir ardaitheoirí ingearacha agus claonta, a bhíonn ag freastal
go buan ar leibhéil shonracha foirgneamh agus tógálacha seachas na stáisiúin,
faoi réir ag reachtaíocht shonrach an Aontais agus ba cheart iad a eisiamh ó
raon feidhme an Rialacháin seo dá bhrí sin. (12) D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil
a áirithiú, ba cheart gach suiteáil cábla-oibrithe ina n‑iompraítear na
húsáideoirí nó na hiompróirí ar uisce, amhail suiteálacha uisce-sciála
cábla-oibrithe, a bheith cuimsithe faoi eisiamh na mbád farantóireachta
cábla-oibrithe. (13) D'fhonn a áirithiú go
ndeimhníonn suiteálacha cábla‑bhealaigh agus a mbonneagar, a bhfochórais
agus a gcomhpháirteanna sábháilteachta leibhéal ard cosanta ar shláinte agus ar
shábháilteacht daoine, ní mór rialacha a leagan síos maidir le dearadh agus le
tógáil suiteálacha cábla‑bhealaigh. (14) Ba cheart do Bhallstáit
sábháilteacht suiteálacha cábla‑bhealaigh a áirithiú i rith a dtógála,
tráth a gcur i seirbhís agus i rith a n‑oibrithe. (15) Ní dhéantar difear leis an
Rialachán seo do cheart na mBallstát na ceanglais a shonrú a mheasann siad a
bheith riachtanach maidir le talamhúsáid, pleanáil réigiúnach agus d’fhonn
cosaint an chomhshaoil agus shláinte agus shábháilteacht na ndaoine agus
oibrithe go háirithe a áirithiú agus suiteálacha cábla‑bhealaigh in
úsáid. (16) Ní dhéantar difear leis an
Rialachán seo do cheart na mBallstát nósanna imeachta leormhaithe a shonrú chun
suiteálacha cábla‑bhealaigh beartaithe a údarú, chun cigireacht a
dhéanamh ar shuiteálacha cábla‑bhealaigh roimh a gcur i seirbhís, agus
chun faireachán a dhéanamh orthu agus iad á n‑oibriú. (17) Ba cheart a chur san áireamh
leis an Rialachán seo go mbíonn sábháilteacht suiteálacha cábla-bhealaigh ag
brath ar bhonn cothrom ar na dálaí mórthimpeall, ar chaighdeán na n‑earraí
tionsclaíocha arna soláthar agus ar an gcaoi a ndéantar iad a chóimeáil agus a
shuiteáil ar an láithreán agus ar an gcaoi a ndéantar faireachán orthu i rith
an oibrithe. D’fhéadfaí go mbeadh baint idir cúiseanna tionóiscí tromchúiseacha
agus rogha an láithreáin, an córas iompair é féin, na struchtúir, nó an gcaoi
ina ndéantar an córas a oibriú agus a chothabháil. (18) Cé nach gcuimseofar oibriú
iarbhír suiteálacha cábla-bhealaigh faoin Rialachán seo, ba cheart creat
ginearálta a sholáthar leis atá beartaithe lena áirithiú go ndéantar
suiteálacha dá leithéid atá suite ar chríoch na mBallstát a oibriú ar bhealach
ina soláthrófar leibhéal ard cosanta d’úsáideoirí, don phearsanra oibrithe agus
do thríú páirtithe. (19) I gcás suiteálacha
cábla-bhealaigh, ní féidir nuálaíochtaí teicneolaíochta a fhíorú agus
tástálacha lánscála a dhéanamh orthu ach amháin nuair a dhéantar suiteáil
chábla‑bhealaigh nua a thógáil. Sna cúinsí sin, ba cheart nós imeachta a
sholáthar trínar féidir a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha
agus trínar féidir dálaí sainiúla suiteála cábla-bhealaigh ar leith a chur san
áireamh ag an am céanna. (20) Ba cheart do na Ballstáit na
bearta is gá a ghlacadh lena áirithiú nach ndéantar suiteálacha cábla-bhealaigh
a chur i seirbhís ach amháin sa chás ina gcomhlíonann siad an Rialachán seo
agus nach dócha go gcuirfear sláinte agus sábháilteacht daoine nó maoine i
gcontúirt leo agus iad á suiteáil, á gcothabháil agus á n‑oibriú i gceart
i gcomhréir lena gcuspóir beartaithe. (21) Ba cheart do na Ballstáit
nósanna imeachta a leagan síos chun tógáil suiteálacha cábla‑bhealaigh
atá beartaithe agus modhnú suiteálacha dá leithéid a údarú agus chun iad a chur
i seirbhís d’fhonn a áirithiú go ndéantar an tsuiteáil chábla-bhealaigh a
thógáil agus a chóimeáil go sábháilte ar an láithreán, i gcomhréir leis an
anailís sábháilteachta agus leis an tuarascáil sábháilteachta agus le gach
ceanglas rialála ábhartha. (22) Ba cheart a shainaithint san
anailís sábháilteachta le haghaidh suiteálacha cábla‑bhealaigh atá
beartaithe na comhpháirteanna ar a mbraitheann sábháilteacht na suiteála
cábla-bhealaigh. (23) Ba cheart a chur san áireamh
san anailís sábháilteachta le haghaidh suiteálacha cábla‑bhealaigh atá
beartaithe na sriantachtaí a bhaineann le hoibriú suiteálacha cábla‑bhealaigh,
cé nár cheart é sin a dhéanamh ar bhealach ina ndéanfaí prionsabal na
saorghluaiseachta earraí le haghaidh fochóras agus comhpháirteanna ná
sábháilteacht na suiteálacha cábla-bhealaigh féin a chur i gcontúirt. (24) Ba cheart don Rialachán seo
féachaint le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh d’fhochórais suiteálacha
cábla-bhealaigh agus de chomhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh suiteálacha
cábla-bhealaigh a áirithiú. Ba cheart go mbeadh fochórais agus comhpháirteanna
sábháilteachta a chomhlíonann forálacha an Rialacháin seo in ann leas a bhaint
as prionsabal na saorghluaiseachta earraí. (25) Ba cheart go bhféadfaí
fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta a úsáid i suiteáil
chábla-bhealaigh ar an gcoinníoll go bhféadfaí suiteálacha cábla-bhealaigh a
thógáil leo a chomhlíonfaidh an Rialachán seo agus nach dócha go gcuirfear
sláinte agus sábháilteacht daoine nó maoine i gcontúirt leis na suiteálacha sin
agus iad á suiteáil, á gcothabháil agus á n‑oibriú i gceart i gcomhréir
lena gcuspóir beartaithe. (26) Ba cheart na cheanglais
riachtanacha a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach ina mbainfí leas
as teicneolaíocht úrscothach tráth an deartha agus an mhonaraithe mar aon le
comaoineacha teicniúla agus eacnamaíocha atá i gcomhréir le leibhéal ard
cosanta don tsláinte agus don tsábháilteacht. (27) Ba cheart d’oibreoirí
eacnamaíocha a bheith freagrach as comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ó
thaobh fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta de, i ndáil lena róil faoi
seach sa slabhra soláthair, d’fhonn cosaint ardleibhéil leasanna an phobail a
áirithiú, amhail sláinte agus sábháilteacht úsáideoirí agus daoine eile agus
cosaint maoine agus chun iomaíocht chothrom a ráthú i margadh an Aontais. (28) Na hoibreoirí eacnamaíocha a
mbíonn ról acu sa slabhra soláthair agus dáilte, ba cheart dóibh gach beart is
iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach
fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta atá i gcomhréir leis an Rialachán
seo. Is gá foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach
oibleagáidí a bheidh in oiriúint do ról gach oibreora eacnamaíoch sa slabhra
soláthair agus dáilte. (29) Is é an monaróir fochóras agus
comhpháirteanna sábháilteachta is fearr atá ábalta an nós imeachta um measúnú
comhréireachta iomlán a dhéanamh mar tá eolas mionsonraithe aige sin ar an
bpróiseas deartha agus táirgthe. Dá bhrí sin, ba cheart gur ar mhonaróir an
fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta amháin a bheadh an oibleagáid an
measúnú comhréireachta a dhéanamh. (30) D’fhonn cumarsáid idir
oibreoirí eacnamaíocha agus na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh a
éascú, ba cheart do na Ballstáit oibreoirí eacnamaíocha a spreagadh chun seoladh
suímh Gréasáin a thabhairt, chomh maith leis an seoladh poist. (31) Is gá a áirithiú go
gcomhlíonann fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta ó thríú tíortha a
thagann isteach i margadh an Aontais ceanglais an Rialacháin seo, agus go
háirithe go bhfuil nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta déanta ag
na monaróirí maidir leis na fochórais agus leis na comhpháirteanna
sábháilteachta sin. Ba cheart foráil a dhéanamh dá bhrí sin chun go n‑áiritheoidh
allmhaireoirí go gcomhlíonfaidh an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a
chuirfidh siad ar an margadh ceanglais an Rialacháin seo, agus nach ndéanfaidh
na hallmhaireoirí sin fochórais ná comhpháirteanna sábháilteachta a chur ar an
margadh nach gcomhlíonfaidh na ceanglais sin nó a mbeidh baol ag baint leo. Ba
cheart foráil a dhéanamh freisin go n‑áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil
na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta déanta agus bhfuil comharthaí
agus doiciméadacht an fhochórais agus na comhpháirte sábháilteachta arna
ndréachtú ag monaróirí ar fáil lena scrúdú ag na húdaráis mhaoirseachta
inniúla. (32) Cuireann an dáileoir fochóras
nó comhpháirt sábháilteachta ar fáil ar an margadh tar éis don mhonaróir nó don
allmhaireoir é a chur ar an margadh
agus ba cheart don dáileoir gníomhú leis an gcúram cuí lena áirithiú nach
ndéanfar difear díobhálach do chomhlíonadh an fhochórais ná na comhpháirte
sábháilteachta trína láimhseáil. (33) Agus fochóras nó comhpháirt
sábháilteachta á chur ar an margadh, ba cheart do gach allmhaireoir a ainm, a thrádainm cláraithe nó a thrádmharc
cláraithe agus an seoladh poist trínar féidir teagmháil a dhéanamh leis a
léiriú ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta. Ba cheart foráil a
dhéanamh maidir le heisceachtaí i gcásanna nach féidir é sin a dhéanamh mar
gheall ar mhéid nó ar chineál na comhpháirte sábháilteachta. Áirítear leo sin
cásanna ina mbeadh ar an allmhaireoir an phacáistíocht a oscailt chun a ainm agus a sheoladh a chur ar an
gcomhpháirt sábháilteachta. (34) Oibreoir eacnamaíoch ar bith a chuirfidh fochóras nó comhpháirt sábháilteachta
ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc féin nó a mhodhnóidh fochóras nó
comhpháirt sábháilteachta sa tslí go bhféadfaí difear a dhéanamh do
chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo, ba cheart é a mheas mar an monaróir
agus ba cheart dó oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh. (35) Ba cheart do dháileoirí agus
d’allmhaireoirí a bheith rannpháirteach sna cúraimí um fhaireachas margaidh
arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla náisiúnta toisc iad a bheith gar don
mhargadh, agus ba cheart dóibh a bheith sásta a bheith rannpháirteach go
gníomhach, agus an fhaisnéis ar fad is gá maidir leis na fochórais nó na
comhpháirteanna sábháilteachta lena mbaineann a chur ar fáil do na húdaráis
sin. (36) Bíonn an faireachas margaidh
níos simplí agus níos éifeachtúla má áirithítear inrianaitheacht fochórais nó
comhpháirte sábháilteachta ar fud shlabhra an tsoláthair ar fad. Trí bhíthin
córas éifeachtúil inrianaitheachta, éascaítear cúram na n‑údarás um
fhaireachas margaidh na hoibreoirí eacnamaíocha a chuir fochórais nó
comhpháirteanna sábháilteachta neamhchomhlíontacha ar fáil ar an margadh a
rianú. (37) Ba cheart an Rialachán seo a
bheith teoranta do na ceanglais riachtanacha a léiriú. D’fhonn measúnú
comhréireachta leis na ceanglais sin a éascú, ní mór foráil a dhéanamh maidir
le toimhde comhréireachta le haghaidh suiteálacha cábla-bhealaigh atá i
gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán
(AE) Uimh. 1025/2012, d’fhonn sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe na
gceanglas sin a léiriú, go háirithe maidir le dearadh, tógáil agus oibriú
suiteálacha cábla-bhealaigh. (38) Déantar foráil i Rialachán
(AE) Uimh. 1025/2012 maidir le nós imeachta chun agóidí a dhéanamh i
gcoinne caighdeán comhchuibhithe i gcás nach gcomhlíonann na caighdeáin sin
ceanglais an Rialacháin seo ina n‑iomláine. (39) Is gá foráil a dhéanamh maidir
le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta d’fhonn cur ar chumas oibreoirí
eacnamaíocha a léiriú go gcomhlíonann na fochórais agus na comhpháirteanna
sábháilteachta arna gcur ar fáil ar an margadh na ceanglais riachtanacha agus
d’fhonn cur ar chumas na n‑údarás inniúil é sin a áirithiú. I gCinneadh Uimh. 768/2008/CE,
bunaítear modúil maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena n‑áirítear
nósanna imeachta ón gceann is lú déine go dtí an ceann is mó déine, i gcomhréir
leis an leibhéal riosca lena mbaineann agus leis an leibhéal sábháilteachta is
gá. D’fhonn comhleanúnachas idir earnálacha a áirithiú agus d’fhonn leaganacha
malartacha ad hoc a sheachaint, ba cheart nósanna imeachta um measúnú
comhréireachta a roghnú ó na modúil sin. (40) Ba cheart do mhonaróirí
fochórais nó comhpháirteanna sábháilteachta dearbhú comhréireachta AE a
dhréachtú chun an fhaisnéis is gá faoin Rialachán seo a sholáthar maidir le
comhréireacht an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta le ceanglais an
Rialacháin seo agus le ceanglais reachtaíocht ábhartha eile an Aontais um
chomhchuibhiú. Ba cheart an dearbhú comhréireachta AE a bheith ag gabháil leis
an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta. (41) D’fhonn rochtain éifeachtach
ar fhaisnéis chun críocha faireachais mhargaidh a áirithiú, ba cheart an
fhaisnéis is gá chun gach gníomh infheidhme de chuid an Aontais a shainaithint
le haghaidh fochórais nó comhpháirte sábháilteachta a bheith ar fáil in aon
dearbhú comhréireachta AE amháin. (42) Is é an comhartha CE, lena
léirítear comhréireacht fochórais nó comhpháirte sábháilteachta, an iarmhairt
infheicthe ar phróiseas iomlán lena gcuimsítear measúnú comhréireachta sa
chiall is leithne. Tá na prionsabail ghinearálta lena rialaítear an comhartha
CE agus an gaol idir é agus comharthaí eile leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
Ba cheart rialacha lena rialófaí greamú an chomhartha CE a leagan síos sa
Rialachán seo. (43) Is gá seiceáil a dhéanamh ar
chomhlíonadh na gceanglas riachtanach dá bhforáiltear sa Rialachán seo ó thaobh
fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta de d’fhonn cosaint éifeachtach a
sholáthar d’úsáideoirí agus do thríú páirtithe. (44) D’fhonn comhlíonadh na
gceanglas riachtanach ó thaobh fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta de
a áirithiú, is gá nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta atá le
leanúint ag an monaróir a leagan síos. Ba cheart na nósanna imeachta sin a
shocrú ar bhonn na modúl um measúnú comhréireachta atá leagtha síos i gCinneadh
Uimh. 768/2008/CE. (45) Tá idirghabháil comhlachtaí um
measúnú comhréireachta, a dtugann na Ballstáit fógra ina leith don Choimisiún,
de dhíth faoi na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá leagtha amach
sa Rialachán seo. (46) Maidir leis na critéir atá
leagtha amach i dTreoir 2000/9/CE, nach mór do chomhlachtaí um measúnú
comhréireachta a chomhlíonadh ionas go dtabharfaí fógra ina leith don
Choimisiún, tá sé léirithe sa taithí nach leor iad chun ardleibhéal
aonfhoirmeach feidhmíochta na gcomhlachtaí sin a áirithiú ar fud an Aontais. Tá
sé bunriachtanach, mar sin féin, go ndéanfadh na comhlachtaí um measúnú
comhréireachta a bhfeidhmeanna ar an leibhéal céanna agus faoi dhálaí
iomaíochta cothroma. Chuige sin, is gá ceanglais éigeantacha a leagan amach le
haghaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mian leo go dtabharfaí fógra dóibh
chun seirbhísí um measúnú comhréireachta a sholáthar. (47) D’fhonn leibhéal
comhsheasmhach caighdeáin um measúnú comhréireachta a áirithiú, is gá freisin
ceanglais a leagan amach le haghaidh na n‑údarás a thugann fógra agus
comhlachtaí eile a bhfuil baint acu le comhlachtaí dá dtugtar fógra a mheasúnú,
fógra a thabhairt dóibh, agus faireachán a dhéanamh orthu. (48) Más rud é go léiríonn
comhlacht um measúnú comhréireachta comhréireacht leis na critéir atá leagtha
síos i gcaighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart a mheas go gcomhlíonann an
comhlacht sin na ceanglais chomhfhreagracha atá leagtha amach sa Rialachán seo. (49) Ba cheart an córas atá leagtha
amach sa Rialachán seo a chomhlánú leis an gcóras creidiúnúcháin a ndéantar
foráil dó i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ós rud é gur modh
bunriachtanach é creidiúnú chun inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú
comhréireachta a fhíorú, ba cheart é a úsáid freisin i dtaca le fógra a
thabhairt. (50) Ba cheart do na húdaráis
phoiblí náisiúnta ar fud an Aontais creidiúnú trédhearcach mar a dhéantar
foráil dó i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, lena n‑áirithítear an
leibhéal muiníne is gá i ndeimhnithe comhréireachta, a mheas mar an rogha modha
chun inniúlacht theicniúil comhlachtaí um measúnú comhréireachta a léiriú.
Féadfaidh na húdaráis náisiúnta, áfach, a mheas go bhfuil modhanna cuí acu chun
an mheastóireacht sin a dhéanamh iad féin. Sna cásanna sin, chun a áirithiú go
mbeidh an leibhéal cuí creidiúnachta ag meastóireachtaí a dhéanfaidh údaráis
náisiúnta eile, ba cheart dóibh an fhianaise dhoiciméadach is gá a léiríonn go
gcomhlíonann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais rialála
iomchuí a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. (51) Is minic a dhéanann
comhlachtaí um measúnú comhréireachta codanna dá gcuid oibre a bhaineann le
measúnú comhréireachta a ligeann ar fochonradh nó is minic a théann siad in
iontaoibh fochuideachta. D’fhonn an leibhéal cosanta atá riachtanach chun
fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta a chur ar mhargadh an Aontais a
chosaint, tá sé riachtanach go gcomhlíonfadh fochonraitheoirí agus
fochuideachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais chéanna is a chomhlíonann
comhlachtaí dá dtugtar fógra maidir le feidhmiú cúraimí um measúnú
comhréireachta. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go gcuimseofaí gníomhaíochtaí
arna ndéanamh ag fochonraitheoirí agus fochuideachtaí leis an measúnú ar
inniúlacht agus ar fheidhmíocht comhlachtaí a dtabharfar fógra dóibh agus leis
an bhfaireachán ar chomhlachtaí ar tugadh fógra dóibh cheana. (52) Is gá éifeachtúlacht agus
trédhearcacht an nós imeachta um fhógra a thabhairt a mhéadú agus, go háirithe,
é a chur in oiriúint do theicneolaíochtaí nua chun go mbeifear in ann fógra a
thabhairt ar líne. (53) Ós rud é go bhféadfaidh
comhlachtaí um measúnú comhréireachta a seirbhísí a thairiscint ar fud an
Aontais, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don
Choimisiún agóidí a dhéanamh maidir le comhlacht dá dtugtar fógra. Tá sé
tábhachtach, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le tréimhse inar féidir
amhras nó ábhar imní ar bith maidir le hinniúlacht comhlachtaí um measúnú
comhréireachta a shoiléiriú sula dtosóidís ag feidhmiú mar chomhlachtaí dá
dtugtar fógra. (54) Ar mhaithe leis an iomaíochas,
tá sé ríthábhachtach go gcuirfeadh comhlachtaí um measúnú comhréireachta na
nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm gan ualaí nach bhfuil gá
leo a chruthú d’oibreoirí eacnamaíocha. Ar an gcúis chéanna, agus d’fhonn a
áirithiú go gcaithfear go cothrom le gach oibreoir eacnamaíoch, ní mór comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm teicniúil na
nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a áirithiú. Is fearr is féidir é sin
a bhaint amach trí bhíthin comhordaithe agus comhair iomchuí idir comhlachtaí
um measúnú comhréireachta. (55) Chun dálaí aonfhoirmeacha a
áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur
chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a
fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle[17]. (56) Ba cheart an nós imeachta
comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina n‑iarrtar
ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh
maidir le comhlachtaí dá dtugtar fógra nach gcomhlíonann na ceanglais chun
fógra a thabhairt dóibh nó comhlachtaí nach bhfuil ag comhlíonadh na gceanglas
sin a thuilleadh. (57) Is gá foráil a dhéanamh maidir
le socruithe idirthréimhseacha trína bhféadfar fochórais agus comhpháirteanna
sábháilteachta, ar cuireadh iad ar an margadh cheana i gcomhréir le Treoir 2000/9/CE,
a chur ar fáil ar an margadh agus a chur i seirbhís. (58) Is gá foráil a dhéanamh maidir
le socruithe idirthréimhseacha trína bhféadfar suiteálacha cábla-bhealaigh, ar
tógadh iad cheana féin i gcomhréir le Treoir 2000/9/CE, a chur i seirbhís. (59) Ba cheart do na Ballstáit rialacha
a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ar an
Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear
chun feidhme iad. Ní mór na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach
agus athchomhairleach. (60) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon a áirithiú go gcomhlíonann
suiteálacha cábla-bhealaigh ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar
fáil d’úsáideoirí agus dá sábháilteacht agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh
le haghaidh fochóras agus comhpháirteanna á ráthú, a bhaint amach go
leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí
an Rialacháin, is féidir an cuspóir sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais,
féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha
amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach
chun an cuspóir sin a bhaint amach. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 1 Ábhar Sa Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir
le dearadh agus tógáil suiteálacha cábla‑bhealaigh atá ceaptha chun
daoine a iompar agus maidir le cur ar fáil ar an margadh agus saorghluaiseacht
fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh suiteálacha dá
leithéid. Airteagal 2 Raon
feidhme (1)
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le
suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun daoine a iompar agus maidir le
fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh suiteálacha dá
leithéid. (2)
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na
nithe seo a leanas: (a)
ardaitheoirí de réir bhrí Threoir 95/16/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18]
maidir le hardaitheoirí; (b)
trambhealaí cábla-oibrithe atá tógtha go
traidisiúnta; (c)
suiteálacha atá beartaithe chun críocha
talmhaíochta agus chun seirbhísiú a dhéanamh ar fhoscadáin sléibhe nó ar
bhotháin agus nach bhfuil beartaithe chun daoine a iompar; (d)
trealamh ar an láithreán nó trealamh soghluaiste a
bhíonn in úsáid in aontaí agus/nó i bpáirceanna siamsaíochta atá ceaptha go
heisiach chun críocha áineasa seachas mar mhodh chun daoine a iompar; (e)
suiteálacha mianadóireachta nó suiteálacha eile ar
an láithreán a úsáidtear i ngníomhaíochtaí tionsclaíocha; (f)
suiteálacha ina n‑iompraítear na húsáideoirí
nó a n‑iompróirí ar an uisce. Airteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an
Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (1)
ciallaíonn “suiteáil chábla-bhealaigh” an córas
iomlán ar an láithreán, lena gcuimsítear bonneagar agus fochórais atá
beartaithe le haghaidh suiteálacha atá comhdhéanta de roinnt comhpháirteanna,
arna dhearadh, arna thógáil, arna chóimeáil agus arna chur i seirbhís chun
daoine a iompar, agus ina gcuirtear an tarraingt ar fáil trí bhíthin cáblaí atá
suite feadh na líne taistil; (2)
ciallaíonn “fochóras” na córais atá liostaithe in Iarscríbhinn I
mar atá nó teaglaim díobh; (3)
ciallaíonn “bonneagar” an leagan amach, sonraí an
chórais, struchtúir na stáisiún agus struchtúir feadh na líne arna ndearadh go
sainiúil le haghaidh gach suiteála agus arna dtógáil ar an láithreán agus a
bhfuil gá leo chun an tsuiteáil, lena n‑áirítear na bunsraitheanna, a
thógáil agus a oibriú; (4)
ciallaíonn “comhpháirt sábháilteachta” comhpháirt
bhunúsach, sraith comhpháirteanna bunúsacha, fochóimeáil nó cóimeáil iomlán
trealaimh ar bith agus gléas ar bith atá beartaithe lena úsáid i bhfochóras nó
i suiteáil chábla-bhealaigh d’fhonn feidhm sábháilteachta a áirithiú, a
chuirfeadh teip na comhpháirte sin sábháilteacht nó sláinte daoine, úsáideoirí,
pearsanra oibrithe nó tríú páirtithe i gcontúirt; (5)
ciallaíonn “inoibritheacht” na forálacha teicniúla
agus na bearta teicniúla a bhfuil tionchar acu ar dhearadh agus ar thógáil agus
atá riachtanach le haghaidh oibriú sábháilte na suiteála cábla-bhealaigh; (6)
ciallaíonn “cumas cothabhála” na forálacha
teicniúla agus na bearta teicniúla a bhfuil tionchar acu ar dhearadh agus ar
thógáil agus atá riachtanach le haghaidh cothabhála, arna ndearadh le hoibriú
sábháilte na suiteála cábla-bhealaigh a áirithiú; (7)
ciallaíonn “carr cábla” suiteáil chábla-bhealaigh
ina bhfuil na hiompróirí ar crochadh ó aon chábla amháin nó níos mó; (8)
ciallaíonn “ardaitheoir tarraingeora” suiteáil
chábla-bhealaigh ina ndéantar úsáideoirí leis an trealamh cuí a tharraingt ar
rian ullmhaithe; (9)
ciallaíonn “iarnród cáblach” suiteáil
chábla-bhealaigh ina ndéantar na hiompróirí a tharlú ar ráillí atá ar an talamh
nó atá tacaithe ag struchtúir sheasta; (10)
ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” aon soláthar
fochórais nó comhpháirte sábháilteachta lena dháileadh nó lena úsáid ar
mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó
saor in aisce; (11)
ciallaíonn “cur ar an margadh” an chéad uair a
chuirtear fochóras nó comhpháirt sábháilteachta ar fáil ar mhargadh an Aontais; (12)
ciallaíonn “cur i seirbhís” an chéad uair a
dhéantar suiteáil chábla-bhealaigh a oibriú; (13)
ciallaíonn “monaróir” aon duine nádúrtha nó
dlítheanach a mhonaraíonn fochóras nó comhpháirt sábháilteachta nó a
monaraítear fochóras nó comhpháirt sábháilteachta den sórt sin dó, agus a
chuireann an fochóras sin nó an chomhpháirt sábháilteachta sin ar an margadh
faoina ainm nó faoina thrádmharc; (14)
ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha
nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn
faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí
sonraithe; (15)
ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó
dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann fochóras nó comhpháirt
sábháilteachta ar mhargadh an Aontais ó thríú tír; (16)
ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó
dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t‑allmhaireoir,
ar duine é a chuireann fochóras nó comhpháirt sábháilteachta ar fáil ar an
margadh; (17)
ciallaíonn “oibreoirí eacnamaíocha” monaróir,
ionadaí údaraithe, allmhaireoir agus dáileoir fochórais nó comhpháirte
sábháilteachta; (18)
ciallaíonn “sonraíocht theicniúil” doiciméad lena
bhforordaítear na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag suiteáil,
bonneagar, fochóras nó comhpháirt sábháilteachta; (19)
ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán
comhchuibhithe mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1)(c) de Rialachán (AE)
Uimh. 1025/2012; (20)
ciallaíonn “creidiúnú” creidiúnú mar atá
sainmhínithe in Airteagal 2(10) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008; (21)
ciallaíonn “comhlacht creidiúnúcháin náisiúnta”
comhlacht creidiúnúcháin náisiúnta mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(11)
de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008; (22)
ciallaíonn “measúnú comhréireachta” an próiseas ina
léirítear cibé acu an bhfuil ceanglais riachtanacha an Rialacháin seo maidir le
fochóras nó comhpháirt sábháilteachta comhlíonta nó nach bhfuil; (23)
ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta”
comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a bhaineann le
fochóras nó le comhpháirt sábháilteachta, lena n‑áirítear calabrú,
tástáil, deimhniúchán agus cigireacht; (24)
ciallaíonn “aisghairm” aon bheart a bhfuil sé
d’aidhm leis fochóras nó comhpháirt sábháilteachta a úsáideadh cheana féin i
suiteáil chábla-bhealaigh a fháil ar ais; (25)
ciallaíonn “tarraingt siar” aon bheart a bhfuil sé
d'aidhm leis cosc a chur le fochóras nó le comhpháirt sábháilteachta sa slabhra
soláthair a chur ar fáil ar an margadh; (26)
ciallaíonn “an comhartha CE” comhartha lena léiríonn
an monaróir go bhfuil an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta
i gcomhréir leis na ceanglais atá infheidhme agus atá leagtha síos
i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena bhforáiltear an comhartha
sin a ghreamú; (27)
ciallaíonn “reachtaíocht an Aontais um
chomhchuibhiú” aon reachtaíocht de chuid an Aontais a dhéanann comhchuibhiú ar
na dálaí chun táirgí a mhargú. Airteagal 4 Fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta a chur ar fáil ar an
margadh (1)
Glacfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí lena áirithiú
nach ndéantar fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta a chur ar fáil ar
an margadh ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo. (2)
Glacfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí, i
gcomhréir le hAirteagal 9, chun socrú ar na nósanna imeachta lena n‑áiritheofar
nach n‑úsáidfear fochórais ná comhpháirteanna sábháilteachta i
suiteálacha cábla-bhealaigh ach amháin más féidir suiteálacha cábla-bhealaigh a
thógáil leo a chomhlíonfaidh ceanglais an Rialacháin seo agus nach dócha go
gcuirfear sláinte agus sábháilteacht daoine nó maoine i gcontúirt leis na
suiteálacha sin agus iad á n‑úsáid, á gcothabháil agus á n‑oibriú i
gceart i gcomhréir lena gcuspóir beartaithe. Airteagal 5 Cur i seirbhís suiteálacha cábla-bhealaigh (1)
Glacfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí, i
gcomhréir le hAirteagal 9, chun socrú ar na nósanna imeachta lena n‑áiritheofar
nach ndéanfar suiteálacha cábla-bhealaigh a chur i seirbhís ach amháin má
chomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo agus nach dócha go gcuirfear
sláinte agus sábháilteacht daoine nó maoine i gcontúirt leis na suiteálacha sin
agus iad á suiteáil, á gcothabháil agus á n‑oibriú i gceart i gcomhréir
lena gcuspóir beartaithe. (2)
Suiteálacha cábla-bhealaigh, nó comhpháirteanna
díobh, atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh agus
ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar
go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha atá faoi chumhdach na
gcaighdeán sin nó codanna díobh, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II. (3)
Ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar
theidlíocht na mBallstát ceanglais den sórt sin a leagan síos a mheasfaidh siad
a bheith riachtanach d’fhonn a áirithiú go bhfuil daoine agus, go háirithe,
oibrithe á gcosaint agus na suiteálacha cábla-bhealaigh i dtrácht in úsáid acu,
ar an gcoinníoll nach gciallódh sin go modhnófaí na suiteálacha cábla-bhealaigh
ar bhealach nach bhfuil sonraithe sa Rialachán seo. Airteagal 6 Ceanglais riachtanacha Comhlíonfaidh na suiteálacha cábla-bhealaigh
agus a mbonneagar, a bhfochórais agus a gcomhpháirteanna sábháilteachta na
ceanglais riachtanacha is infheidhme maidir leo atá leagtha amach in Iarscríbhinn II. Airteagal 7 Saorghluaiseacht fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian ná
bac ar fhochórais agus ar chomhpháirteanna sábháilteachta a chomhlíonann an
Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh. Airteagal 8 Anailís sábháilteachta agus tuarascáil sábháilteachta le haghaidh
suiteálacha cábla-bhealaigh beartaithe (1)
Beidh gach suiteáil bheartaithe faoi réir anailíse
sábháilteachta mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn III ina gcuimseofar
gach gné shábháilteachta den tsuiteáil chábla-bhealaigh agus dá timpeallacht i
gcomhthéacs an deartha, na tógála agus an chur i seirbhís, agus a fhágfaidh go
bhféadfar a shainaithint ón taithí roimhe seo rioscaí a d’fhéadfadh tarlú le
linn oibriú na suiteála cábla-bhealaigh. (2)
Áireofar an anailís sábháilteachta i dtuarascáil
sábháilteachta. Sa tuarascáil sin, molfar na bearta atá beartaithe chun dul i
ngleic le rioscaí dá leithéid agus áireofar ann liosta de na fochórais agus na
comhpháirteanna sábháilteachta a úsáidfear sa tsuiteáil chábla-bhealaigh. Airteagal 9 Údarú suiteálacha cábla-bhealaigh (1)
Déanfaidh na Ballstáit nósanna imeachta a leagan
síos chun tógáil agus cur i seirbhís suiteálacha cábla-bhealaigh atá lonnaithe
ar a gcríoch a údarú. (2)
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an anailís
sábháilteachta, an tuarascáil sábháilteachta, an dearbhú comhréireachta AE agus
na doiciméid eile a bhaineann le comhréireacht fochóras agus comhpháirteanna
sábháilteachta mar aon leis an doiciméadacht a bhaineann le saintréithe na
suiteála cábla-bhealaigh a chur faoi bhráid an údaráis atá freagrach as an
tsuiteáil chábla-bhealaigh a fhaomhadh. Áireofar freisin leis an doiciméadacht
a bhaineann leis an tsuiteáil chábla-bhealaigh na dálaí is gá, lena n‑áirítear
na srianta ar oibriú, agus sonraí iomlána maidir le maoirseacht, oiriúnú agus
cothabháil na suiteála cábla-bhealaigh. Coimeádfar cóip de na doiciméid sin ag
an tsuiteáil chábla-bhealaigh. (3)
Sa chás ina ndéantar modhnuithe ar shaintréithe
tábhachtacha, ar fhochórais nó ar chomhpháirteanna sábháilteachta de
shuiteálacha cábla-bhealaigh reatha rud a d'fhágfadh go mbeidh údarú nua de
dhíth ar an mBallstát lena mbaineann lena gcur i seirbhís, comhlíonfaidh
modhnuithe dá leithéid agus a n‑éifeachtaí ar an tsuiteáil
chábla-bhealaigh ina hiomláine na ceanglais riachtanacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn II. (4)
Ní úsáidfidh na Ballstáit na forálacha dá
dtagraítear i mír 1 chun toirmeasc, srian ná bac a chur, ar fhorais a
bhaineann leis na gnéithe atá cuimsithe ag an Rialachán seo, ar thógáil agus ar
chur i seirbhís suiteálacha cábla-bhealaigh a chomhlíonann an Rialachán seo
agus nach bhfuil riosca ag baint leo do shláinte agus do shábháilteacht daoine
ná maoine agus iad suiteáilte i gceart i gcomhréir lena gcuspóir beartaithe. (5)
Ní úsáidfidh na Ballstáit na forálacha dá
dtagraítear i mír 1 chun toirmeasc, srian ná bac a chur ar shaorghluaiseacht
fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta a chomhlíonann an Rialachán seo. Airteagal 10 Oibriú suiteálacha cábla-bhealaigh (1)
Áiritheoidh na Ballstáit nach leanfar d’oibriú
suiteála cábla-bhealaigh ach amháin má chomhlíonann an tsuiteáil na
coinníollacha atá leagtha amach sa tuarascáil sábháilteachta. (2)
I gcás ina bhfionnfaidh Ballstát gur dócha go
ndéanfaidh suiteáil chábla-bhealaigh fhaofa atá á hoibriú i gcomhréir lena
cuspóir beartaithe sláinte agus sábháilteacht daoine agus, nuair is iomchuí,
maoine, a chur i gcontúirt, glacfaidh sé gach beart iomchuí chun srian a chur
ar choinníollacha oibrithe na suiteála cábla-bhealaigh nó chun toirmeasc a chur
ar oibriú na suiteála sin. CAIBIDIL II OIBLEAGÁIDÍ
OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA FOCHÓRAS AGUS COMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA Airteagal 11 [Airteagal R2 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Oibleagáidí na
monaróirí (1)
Agus a bhfochórais nó a gcomhpháirteanna
sábháilteachta á gcur ar an margadh, áiritheoidh monaróirí go mbeidh siad
deartha agus monaraithe i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha atá leagtha amach
in Iarscríbhinn II. (2)
Déanfaidh monaróirí fochóras nó comhpháirteanna
sábháilteachta an doiciméadacht theicniúil atá leagtha amach in Iarscríbhinn V
a dhréachtú agus déanfaidh siad nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta
a ndéantar tagairt di in Airteagal 18 nó socróidh siad go ndéanfar é. I gcás ina bhfuil sé léirithe tríd an nós imeachta
a bhfuil tagairt déanta dó sa chéad fhomhír go gcomhlíonann fochóras nó
comhpháirt sábháilteachta na ceanglais infheidhme, dréachtóidh monaróirí
dearbhú comhréireachta AE agus greamóidh siad an comhartha CE den táirge. (3)
Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil
agus an dearbhú comhréireachta AE ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an
chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh. (4)
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta
ann le go bhfanfaidh an táirgeadh sraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Cuirfear san áireamh go leormhaith athruithe ar dhearadh nó ar shaintréithe
fochórais nó comhpháirte sábháilteachta agus athruithe sna caighdeáin chomhchuibhithe
nó i sonraíochtaí teicniúla eile a ndéantar comhréireacht an fhochórais nó na
comhpháirte sábháilteachta a dhearbhú trí thagairt a dhéanamh dóibh. I gcás ina measfar gurb iomchuí sin maidir leis na
rioscaí atá i gceist le fochóras nó le comhpháirt sábháilteachta, déanfaidh
monaróirí, d’fhonn sláinte agus sábháilteacht úsáideoirí a chosaint, tástáil
shamplach ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta atá curtha ar
fáil ar an margadh, déanfaidh siad imscrúdú agus, más gá, coimeádfaidh siad
clár gearán maidir le fochórais nó comhpháirteanna sábháilteachta
neamhchomhlíontacha agus maidir le haisghairmeacha fochóras nó comhpháirteanna
sábháilteachta den sórt sin, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas
maidir le haon fhaireachán den sórt sin. (5)
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh dearbhú
comhréireachta AE ag gabháil lena bhfochórais nó lena gcomhpháirteanna
sábháilteachta agus go mbeidh cineál, baiscuimhir nó sraithuimhir nó gné eile
trínar féidir iad a shainaithint marcáilte orthu. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar
mhéid nó ar chineál na comhpháirte sábháilteachta, áiritheoidh monaróirí go
soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar an bpacáistíocht nó sna treoracha atá
ag gabháil leis an gcomhpháirt sábháilteachta. (6)
Déanfaidh monaróirí a n‑ainm, a dtrádainm
cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh ag a bhféadfar dul i
dteagmháil leo a chur ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta, nó,
i gcás nach bhféadfar sin a dhéanamh, cuirfidh siad na sonraí sin ar an bpacáistíocht
nó sna treoracha a bheidh ag gabháil leis an gcomhpháirt sábháilteachta. Ní mór
aon phointe teagmhála amháin don mhonaróir a bheith luaite sa seoladh. Beidh na
sonraí teagmhála i dteanga is féidir le húsáideoirí agus leis na húdaráis um
fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca de réir mar a chinnfidh an Ballstát
lena mbainfidh. (7)
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh dearbhú
comhréireachta AE agus treoracha agus faisnéis sábháilteachta, i dteanga is
féidir le húsáideoirí a thuiscint go héasca de réir mar a chinnfidh an Ballstát
lena mbainfidh, ag gabháil leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt
sábháilteachta. Beidh na treoracha agus an fhaisnéis sábháilteachta sin
soiléir, intuigthe agus intuisceana. (8)
I gcás monaróirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu a
chreidiúint maidir le fochóras nó le comhpháirt sábháilteachta a chuir siad ar
an margadh nach bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad na
bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh láithreach chun an fochóras nó an
chomhpháirt sábháilteachta sin a chur i gcomhréir, chun é a tharraingt siar nó
é a aisghairm, más iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis
an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta, cuirfidh monaróirí údaráis
inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an fochóras nó an chomhpháirt
sábháilteachta ar fáil ar an margadh ar an eolas gan mhoill ina thaobh seo,
agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus
faoi aon bhearta ceartaitheacha a glacadh. (9)
Déanfaidh monaróirí, de thoradh iarrata réasúnaithe
ó údarás inniúil náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá
chun comhlíonadh an Rialacháin seo a léiriú ó thaobh an fhochórais nó na
comhpháirte sábháilteachta de a sholáthar don údarás sin i dteanga atá sothuigthe
dó. Féadfar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a sholáthar i bhfoirm
páipéir nó go leictreonach. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna
iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a
bhaineann leis na fochórais nó leis na comhpháirteanna sábháilteachta atá
curtha ar an margadh acu a dhíothú. Airteagal 12 [Airteagal R3 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Ionadaithe
údaraithe (1)
Féadfaidh monaróir, trí bhíthin sainordú i
scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh. Ní bheidh na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 11(1)
agus an oibleagáid maidir le doiciméadacht theicniúil ina gcuid de shainordú an
ionadaithe údaraithe. (2)
Déanfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar
sa sainordú a gheofar ón monaróir. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí
údaraithe an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh: (a)
dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht
theicniúil a choimeád ar fáil d’údaráis faireacháin náisiúnta ar feadh 30
bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an
margadh; (b)
de thoradh iarrata réasúnaithe ó údarás inniúil
náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhlíonadh an
fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta a léiriú a sholáthar don údarás
sin; (c)
oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla
náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart arna ghlacadh chun na
rioscaí a bhaineann le fochórais nó le comhpháirteanna sábháilteachta atá
cumhdaithe ag sainordú an ionadaí údaraithe a dhíothú. Airteagal 13 [Airteagal R4 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Oibleagáidí
allmhaireoirí (1)
Ní dhéanfaidh allmhaireoirí ach fochórais
chomhlíontacha nó comhpháirteanna sábháilteachta comhlíontacha a chur ar an
margadh. (2)
Roimh dóibh fochóras nó comhpháirt sábháilteachta a
chur ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh an nós imeachta iomchuí
um measúnú comhréireachta déanta ag an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 18.
Áiritheoidh siad go mbeidh an doiciméadacht theicniúil dréachtaithe ag an
monaróir, go mbeidh dearbhú comhréireachta AE ag gabháil leis an bhfochóras nó
leis an gcomhpháirt sábháilteachta, go mbeidh an comhartha CE air, agus go
mbeidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis agus gur
chomhlíon an monaróir na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 11(5)
agus (6) faoi seach. I gcás ina measann allmhaireoir nó ina bhfuil cúis
aige a chreidiúint nach bhfuil fochóras nó comhpháirt sábháilteachta i
gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn II,
ní chuirfidh sé an fochóras ná an chomhpháirt sábháilteachta ar an margadh go
dtí go mbeidh an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta sin i gcomhréir.
Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an bhfochóras nó leis an
gcomhpháirt sábháilteachta, cuirfidh an t‑allmhaireoir an monaróir agus
na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin. (3)
Déanfaidh allmhaireoirí a n‑ainm, a dtrádainm
cláraithe nó trádmharc cláraithe agus an seoladh ag a bhféadfar dul i
dteagmháil leo a chur ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta, nó,
i gcás nach bhféadfar sin a dhéanamh, cuirfidh siad na sonraí sin ar an
bpacáistíocht nó sna treoracha a bheidh ag gabháil leis an gcomhpháirt
sábháilteachta. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is féidir le húsáideoirí
agus le húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca de réir mar a
chinnfidh an Ballstát lena mbainfidh. (4)
Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh treoracha agus
faisnéis sábháilteachta, i dteanga is féidir le húsáideoirí a thuiscint go
héasca de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbainfidh, ag gabháil leis an
bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta. (5)
Áiritheoidh allmhaireoirí, fad a bheidh fochóras nó
comhpháirt sábháilteachta faoina bhfreagracht, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná
iompair an fhochórais nó na comhpháirte comhlíonadh na gceanglas atá leagtha
amach in Iarscríbhinn II a chur i gcontúirt. (6)
I gcás ina measfar gurb iomchuí sin maidir leis na
rioscaí atá i gceist le fochóras nó le comhpháirt sábháilteachta, déanfaidh
allmhaireoirí, d’fhonn sláinte agus sábháilteacht úsáideoirí a chosaint, ar
iarraidh na n‑údarás inniúil a bhfuil údar cuí léi, tástáil shamplach ar
na fochórais nó ar na comhpháirteanna sábháilteachta atá curtha ar fáil ar an
margadh, déanfaidh siad imscrúdú agus, más gá, coimeádfaidh siad clár gearán
maidir le fochórais nó comhpháirteanna sábháilteachta neamhchomhlíontacha agus
maidir le haisghairmeacha fochóras nó comhpháirteanna sábháilteachta den sórt
sin, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas maidir le aon fhaireachán den
sórt sin. (7)
I gcás allmhaireoirí a mheasann nó a bhfuil cúis
acu a chreidiúint nach bhfuil fochóras nó comhpháirt sábháilteachta a chuir
siad ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta
ceartaitheacha is gá a ghlacadh láithreach chun an fochóras nó an chomhpháirt
sábháilteachta sin a chur i gcomhréir, a tharraingt siar nó a aisghairm, más
iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an bhfochóras nó
leis an gcomhpháirt sábháilteachta, cuirfidh allmhaireoirí údaráis inniúla
náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an fochóras nó an chomhpháirt
sábháilteachta ar fáil ar an margadh ar an eolas gan mhoill ina thaobh seo,
agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus
faoi aon bhearta ceartaitheacha a glacadh. (8)
Déanfaidh allmhaireoirí, ar feadh 30 bliain tar éis
an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh, cóip den
dearbhú comhréireachta AE agus den doiciméadacht theicniúil a choimeád ar fáil
do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad go bhféadfar an
doiciméadacht theicniúil sin a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh
sin dóibh. (9)
Déanfaidh allmhaireoirí, de thoradh iarrata
réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar
fad is gá chun comhlíonadh fochórais nó comhpháirte sábháilteachta a léiriú a
sholáthar don údarás sin i dteanga atá sothuigthe dó. Féadfar an fhaisnéis agus
an doiciméadacht sin a sholáthar i bhfoirm páipéir nó go leictreonach.
Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le
gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a bhaineann le fochórais nó le
comhpháirteanna sábháilteachta atá curtha ar an margadh acu a dhíothú. Airteagal 14 [Airteagal R5 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Oibleagáidí
dáileoirí (1)
Agus fochóras nó comhpháirt sábháilteachta á chur
ar fáil ar an margadh acu, gníomhóidh dáileoirí leis an gcúram is cuí i ndáil
le ceanglais an Rialacháin seo. (2)
Roimh dóibh fochóras nó comhpháirt sábháilteachta a
chur ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí go mbeidh an comhartha CE ar an
bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta, agus go mbeidh dearbhú
comhréireachta AE agus treoracha agus faisnéis sábháilteachta, i dteanga is
féidir le húsáideoirí a thuiscint go héasca de réir mar a chinnfidh an Ballstát
lena mbainfidh, ag gabháil leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt
sábháilteachta, agus gur chomhlíon an monaróir agus an t‑allmhaireoir na
ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 11(5) agus (6) agus in Airteagal 13(3). I gcás ina measann dáileoir nó ina bhfuil cúis
aige a chreidiúint nach bhfuil fochóras nó comhpháirt sábháilteachta i
gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn II,
ní chuirfidh sé an fochóras ná an chomhpháirt sábháilteachta ar fáil ar an
margadh go dtí go mbeidh an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta sin i
gcomhréir. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an bhfochóras nó
leis an gcomhpháirt sábháilteachta, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t‑allmhaireoir
ar an eolas faoi sin mar aon leis na húdaráis um fhaireachas margaidh. (3)
Áiritheoidh dáileoirí, fad a bheidh fochóras nó
comhpháirt sábháilteachta faoina bhfreagracht, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná
iompair an fhochórais nó na comhpháirte comhlíonadh na gceanglas riachtanach
atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a chur i gcontúirt. (4)
I gcás dáileoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu a
chreidiúint nach bhfuil fochóras nó comhpháirt sábháilteachta a chuir siad ar
fáil ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, áiritheoidh siad go
ndéanfar na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh chun an fochóras nó an
chomhpháirt sábháilteachta sin a chur i gcomhréir, a tharraingt siar nó a
aisghairm, más iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca i gceist leis an
bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta, cuirfidh dáileoirí údaráis
inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an fochóras nó an chomhpháirt
sábháilteachta ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh seo, agus tabharfaidh
siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta
ceartaitheacha a glacadh. (5)
Soláthróidh dáileoirí, de thoradh iarrata
réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar
fad is gá chun comhlíonadh fochórais nó comhpháirte sábháilteachta a léiriú don
údarás sin. Féadfar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a sholáthar i
bhfoirm páipéir nó go leictreonach. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás
sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na
rioscaí a bhaineann leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta
atá curtha ar fáil ar an margadh acu a dhíothú. Airteagal 15 [Airteagal R6 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Cásanna ina
mbaineann oibleagáidí monaróirí le hallmhaireoirí agus le dáileoirí Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina
mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo, agus beidh sé faoi réir oibleagáidí
an mhonaróra faoi Airteagal 11, i gcás ina gcuirfidh sé fochóras nó
comhpháirt sábháilteachta ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó i
gcás ina modhnóidh sé fochóras nó comhpháirt sábháilteachta a cuireadh ar an
margadh cheana sa tslí go bhféadfaí difear a dhéanamh do cheanglais an
Rialacháin seo. Airteagal 16 [Airteagal R7 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Sainaithint
oibreoirí eacnamaíocha Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna
iarraidh sin, an méid seo a leanas a shainaithint do na húdaráis um fhaireachas
margaidh: (a)
oibreoir eacnamaíoch ar bith a sholáthair fochóras
nó comhpháirt sábháilteachta dóibh; (b)
oibreoir eacnamaíoch ar bith ar sholáthair siad
fochóras nó comhpháirt sábháilteachta dó. Beidh ar chumas oibreoirí eacnamaíocha an
fhaisnéis a ndéantar tagairt di sa chéad mhír a chur ar fáil ar feadh tréimhse
30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a sholáthar
dóibh agus ar feadh tréimhse 30 bliain tar éis dóibh an fochóras nó an
chomhpháirt sábháilteachta a sholáthar. CAIBIDIL III COMHRÉIREACHT FOCHÓRAS AGUS
COMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA Airteagal 17 [Airteagal R8 de
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Toimhde na comhréireachta Fochórais
agus comhpháirteanna sábháilteachta, nó comhpháirteanna díobh, atá i gcomhréir
le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh agus ar foilsíodh a dtagairtí
in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil siad i gcomhréir
leis na ceanglais riachtanacha atá faoi chumhdach na gcaighdeán sin nó codanna
díobh, atá leagtha amach in Iarscríbhinn II. Airteagal 18 Measúnú comhréireachta (1)
Roimh fhochóras nó chomhpháirt sábháilteachta a
chur ar an margadh, cuirfidh an monaróir an fochóras nó an chomhpháirt
sábháilteachta faoi nós imeachta um measúnú comhréireachta i gcomhréir le mír 2. (2)
Úsáidfear ceann de na nósanna imeachta um measúnú
comhréireachta seo a leanas, ar rogha an mhonaróra, chun comhlíonadh fochóras
agus comhpháirteanna sábháilteachta a dhearbhú: (a)
Scrúdú cineáil an AE (Modúl B – cineál táirgthe)
atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV i dteannta ceann amháin díobh seo a
leanas: (i) cineál-chomhréireacht arna bunú ar
dhearbhú cáilíochta phróiseas an táirgthe (Modúl D), atá leagtha amach in Iarscríbhinn V; (ii) cineál-chomhréireacht arna bunú ar
dhearbhú fochóras nó comhpháirteanna sábháilteachta (Modúl F), atá leagtha
amach in Iarscríbhinn VI. (b)
comhréireacht arna bunú ar fhíorú aonaid (Modúl G),
atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII. (c)
comhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta
iomlán (Modúl H), atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII. (3)
Tar éis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2
a chur i gcrích, déanfaidh an monaróir, i gcomhréir le hAirteagal 21, an
comhartha CE a ghreamú den fhochóras nó don chomhpháirt sábháilteachta a
chomhlíonann an Rialachán seo. (4)
Beidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3
freisin i leith fochóras agus comhpháirteanna sábháilteachta atá beartaithe
chun críocha an mhonaróra féin. (5)
Déanfar taifid agus comhfhreagras a bhaineann le
measúnú comhréireachta a dhréachtú i dteanga oifigiúil (i dteangacha oifigiúla)
an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht atá i mbun na nósanna imeachta dá
dtagraítear i mír 2 bunaithe nó i dteanga lena nglacann an comhlacht sin. Airteagal 19 Dearbhú Comhréireachta AE (1)
Sonrófar i ndearbhú comhréireachta AE le haghaidh
fochórais nó comhpháirte sábháilteachta go bhfuil comhlíonadh na gceanglas
riachtanach atá leagtha amach in Iarscríbhinn II léirithe. (2)
Leanfaidh dearbhú comhréireachta AE an struchtúr
samplach atá leagtha amach in Iarscríbhinn X agus áireofar leis na gnéithe atá
sonraithe sna nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta atá leagtha
amach in Iarscríbhinn IV go hIarscríbhinn VIII agus déanfar é a
thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach. Beidh sé ag gabháil leis an
bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta agus déanfar é a aistriú go
dtí an teanga nó go dtí na teangacha a éileoidh an Ballstát ina gcuirfear an
fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta ar an margadh nó ina gcuirfear ar
fáil ar an margadh é. (3)
I gcás ina bhfuil fochóras nó comhpháirt
sábháilteachta faoi réir níos mó ná aon ghníomh amháin de chuid an Aontais ina
éilítear dearbhú comhréireachta AE, déanfar aon dearbhú comhréireachta AE
amháin a dhréachtú i leith na ngníomhartha ar fad den sórt sin de chuid an
Aontais. Sainaithneofar sa dearbhú sin na gníomhartha Aontais lena mbaineann
lena n‑áirítear a dtagairtí foilsithe. (4)
Trí dhearbhú comhréireachta AE a dhréachtú,
gabhfaidh an monaróir freagracht air féin as comhlíonadh na gceanglas atá
leagtha síos sa Rialachán seo ó thaobh an fhochórais nó na comhpháirte
sábháilteachta de. Airteagal 20 [Airteagal R11 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Prionsabail ghinearálta an chomhartha CE Beidh an comhartha CE faoi réir na bprionsabal
ginearálta atá leagtha amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Airteagal 21 [Airteagal R12 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Rialacha
agus coinníollacha maidir leis an gcomhartha CE a ghreamú (1)
Déanfar an comhartha CE a ghreamú ar bhealach
feiceálach, soléite agus doscriosta don fhochóras nó don chomhpháirt
sábháilteachta nó don phláta sonraí. (2)
Déanfar an comhartha CE a ghreamú sula gcuirfear an
fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta ar an margadh. (3)
Tabharfar uimhir aitheantais an chomhlachta dá
dtugtar fógra a bhí páirteach i gcéim rialála an táirgthe tar éis an chomhartha
CE. (4)
Féadfar comhartha ar bith eile lena dtaispeántar
riosca nó úsáid ar leith a chur i ndiaidh an chomhartha CE agus na huimhreach
aitheantais dá dtagraítear i mír 3. CAIBIDIL IV FÓGRA A THABHAIRT MAIDIR LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA Airteagal 22 [Airteagal R13 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Fógra a thabhairt Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún
agus do na Ballstáit eile maidir le comhlachtaí a bhfuil údarás acu cúraimí
tríú páirtí um measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 18. Airteagal 23 [Airteagal R14 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Na húdaráis a thugann fógra (1)
Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra,
údarás a bheidh freagrach as bunú na nósanna imeachta agus cur i gcrích na
nósanna imeachta is gá d’fhonn measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú
comhréireachta agus d’fhonn fógra a thabhairt dóibh, agus as faireachán a
dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, lena n‑áirítear comhlíonadh Airteagal 26. (2)
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh
comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008
agus i gcomhréir leis, an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear
i mír 1. (3)
I gcás ina ndéanfaidh an t‑údarás a thugann
fógra an measúnú, tabhairt an fhógra, nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1
a tharmligean chun comhlachta nach eintiteas rialtais é, is eintiteas dlíthiúil
a bheidh sa chomhlacht sin agus comhlíonfaidh sé mutatis mutandis na
ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 26(1) go (6). Lena chois sin,
déanfar socruithe ionas go gclúdóidh an comhlacht sin dliteanais a bheidh ann
de thoradh a ghníomhaíochtaí. (4)
Glacfaidh an t‑údarás a thugann fógra
freagracht iomlán as na cúraimí arna gcur i gcrích ag an gcomhlacht dá
dtagraítear i mír 3. Airteagal 24 [Airteagal R15 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Na ceanglais a bhaineann leis na húdaráis a thugann fógra (1)
Bunófar údarás a thugann fógra sa chaoi is nach
mbeidh aon choinbhleacht leasa ann leis na comhlachtaí um measúnú
comhréireachta. (2)
Déanfar údarás a thugann fógra a eagrú agus a
oibriú sa chaoi go gcoimirceofar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid
gníomhaíochtaí. (3)
Eagrófar údarás a thugann fógra sa chaoi go
ndéanfaidh daoine inniúla nach iad na daoine a rinne an measúnú gach aon
chinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhlacht um measúnú
comhréireachta. (4)
Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh údarás a thugann
fógra aon ghníomhaíochtaí a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta, ná
aon seirbhísí sainchomhairle ar bhonn tráchtála ná ar bhonn iomaíoch. (5)
Coimirceoidh údarás a thugann fógra rúndacht na
faisnéise arna fáil. (6)
Beidh fáil leordhóthain de phearsanra inniúil ag
údarás a thugann fógra d'fhonn a chuid cúraimí a dhéanamh mar is cuí. Airteagal 25 [Airteagal R16 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Oibleagáid faisnéise na n‑údarás a thugann fógra Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas
faoina nósanna imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú
comhréireachta, maidir le fógra a thabhairt do na comhlachtaí sin agus maidir
le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, agus faoi aon
athruithe ar na nithe sin. Cuirfidh an
Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí. Airteagal 26 [Airteagal R17 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Ceanglais a bhaineann le comhlachtaí dá dtugtar fógra (1)
Chun críche fógra a thabhairt, comhlíonfaidh
comhlacht dá dtugtar fógra na ceanglais atá leagtha síos i mír 2 go mír 11. (2)
Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoi
dlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige. (3)
Comhlacht tríú páirtí a bheidh sa chomhlacht um
measúnú comhréireachta agus beidh sé neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an
bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta ar a ndéanann sé measúnú. Maidir le comhlacht ar cuid de chomhlachas gnó nó
de chónaidhm ghairmiúil é a dhéanann ionadaíocht ar ghnólachtaí a bhfuil baint
acu le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil fochóras nó
comhpháirteanna sábháilteachta ar a ndéanann sé measúnú, féadfar, ar choinníoll
go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa
ann, é a ainmniú mar chomhlacht den sórt sin. (4)
Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta agus
lucht a ardbhainistíochta, agus maidir leis an bpearsanra atá freagrach as na
cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh siad ina
ndearthóirí, ina monaróirí, ina soláthróirí, ina suiteálaithe, ina
gceannaitheoirí, ina n‑úinéirí, ina n‑úsáideoirí ná ina
gcothabhálaithe ar na fochórais nó ar na comhpháirteanna sábháilteachta ar a
ndéanann siad measúnú, ná ní bheidh siad ina n‑ionadaithe de chuid aon
cheann de na páirtithe sin. Ní choiscfidh sin úsáid a bhaint as fochórais
mheasúnaithe nó comhpháirteanna sábháilteachta measúnaithe atá riachtanach le
haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná úsáid a bhaint
as fochórais nó as comhpháirteanna sábháilteachta den sórt sin chun críocha
pearsanta. Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta agus
lucht a ardbhainistíochta, agus maidir leis an bpearsanra atá freagrach as an
measúnú comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh baint dhíreach acu le
dearadh, monarú nó tógáil, le margaíocht, le suiteáil, le húsáid nó le
cothabháil na bhfochóras nó na gcomhpháirteanna sábháilteachta sin, ná ní
dhéanfaidh siad ionadaíocht ar pháirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin.
Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d'fhéadfadh teacht salach ar
neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n‑ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí
um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra ina leith. Beidh feidhm aige seo go
háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin. Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta
nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí
difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí
um measúnú comhréireachta. (5)
Déanfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta
agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích
de réir an leibhéil is airde ionracais ghairmiúil agus de réir na hinniúlachta
teicniúla is gá sa réimse sonrach lena mbaineann, agus beidh siad saor ó gach
cineál brú agus aslaigh, go háirithe brú agus aslach de chineál airgeadais, a
bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a
ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le
daoine nó grúpaí a mbeadh leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin. (6)
Beidh sé ar chumas comhlachta um measúnú
comhréireachta na cúraimí ar fad um measúnú comhréireachta a shanntar dó le hIarscríbhinn IV
go go hIarscríbhinn VIII agus a dtugtar fógra dó ina leith a chur i gcrích,
bíodh na cúraimí á ndéanamh ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta féin nó á
ndéanamh thar a cheann agus faoina fhreagracht. I dtaca le gach nós imeachta um measúnú
comhréireachta agus le gach cineál nó gach catagóir fochórais nó comhpháirte
sábháilteachta a bhfuil fógra tugtha dó ina leith, beidh fáil i gcónaí ag an
gcomhlacht um measúnú comhréireachta ar na nithe riachtanacha seo a leanas: (a)
pearsanra ag a bhfuil an t‑eolas teicniúil is
gá agus taithí leordhóthanach iomchuí chun na cúraimí um measúnú comhréireachta
a chur i gcrích; (b)
tuairiscí ar na nósanna imeachta a ndéantar an
measúnú comhréireachta i gcomhréir leo, lena n‑áirithítear trédhearcacht
agus in‑atáirgtheacht na nósanna imeachta sin. Beidh beartais agus
nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéanfar idirdhealú idir na
cúraimí a dhéantar mar chomhlacht dá dtugtar fógra agus aon ghníomhaíochtaí
eile; (c)
nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí a
fheidhmiú ina dtugtar aird chuí ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina bhfuil
sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar a chasta atá teicneolaíocht an fhochórais nó
na comhpháirte sábháilteachta i dtrácht agus ar chineál an phróisis táirgthe,
is é sin, an olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe atá ann. Beidh na hacmhainní is gá ag comhlacht um measúnú
comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus na cúraimí riaracháin a bhaineann
leis na cúraimí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú ar shlí iomchuí agus beidh
rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí go léir is gá. (7)
Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra atá
freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh: (a) oiliúint fhónta theicniúil agus
ghairmiúil inar cuimsíodh na gníomhaíochtaí ar fad um measúnú comhréireachta a
bhfuil fógra tugtha don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith; (b) eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe
a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh; (c) eolas agus tuiscint iomchuí ar na
ceanglais riachtanacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, ar na
caighdeáin chomhchuibhithe infheidhme agus ar na forálacha ábhartha de
reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus
den reachtaíocht náisiúnta; (d) an cumas chun deimhnithe, taifid agus
tuarascálacha a tharraingt suas lena dtaispeánfar gur cuireadh measúnuithe i
gcrích. (8)
Ráthófar neamhchlaontacht na gcomhlachtaí um
measúnú comhréireachta, lucht a n‑ardbhainistíochta, agus an phearsanra
atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh. Ní bheidh luach saothair na hardbhainistíochta ná
an phearsanra atá freagrach as cúraimí um measúnú comhréireachta de chuid
comhlachta um measúnú comhréireachta ag brath ar an líon measúnuithe arna
ndéanamh ná ar thorthaí na measúnuithe sin. (9)
Rachaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi
árachas dliteanais ach amháin má ghabhann an Ballstát dliteanas air féin i
gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó má tá an Ballstát féin freagrach go díreach
as an measúnú comhréireachta. (10)
Urramóidh pearsanra comhlachta um measúnú
comhréireachta rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile arna fáil
agus a gcuid gcúraimí á gcomhlíonadh acu faoi Iarscríbhinn IV go hIarscríbhinn VIII
nó faoi aon fhoráil de chuid an dlí náisiúnta lena dtugtar éifeacht dóibh, ach
amháin maidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí.
Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint. (11)
Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta
rannpháirteach i ngníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus i ngníomhaíochtaí
an ghrúpa um chomhordú na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra arna bhunú faoin
Rialachán seo, nó áiritheoidh siad go gcoinneofar ar an eolas faoi na
gníomhaíochtaí sin an pearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú
comhréireachta a dhéanamh, agus cuirfidh siad i bhfeidhm, mar threoir ghinearálta, na cinntí riaracháin agus na
doiciméid a thiocfaidh as obair an ghrúpa sin. Airteagal 27 [Airteagal R18 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Toimhde na comhréireachta Más féidir le comhlacht um measúnú comhréireachta
a léiriú go gcomhlíonann sé na critéir atá leagtha síos sna caighdeáin
chomhchuibhithe ábhartha, nó i gcodanna díobh, nithe a bhfuil a gcuid tagairtí
foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go mbeidh na
ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 26 á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdófar
na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme. Airteagal 28 [Airteagal R20 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Fochuideachtaí comhlachtaí dá dtugtar fógra agus obair a ligean ar fochonradh
acu (1)
I gcás ina ligeann comhlacht dá dtugtar fógra
cúraimí sonracha a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó i gcás
ina dtéann sé ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an
fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 26
agus cuirfidh sé an t‑údarás a thugann fógra ar an eolas dá réir sin. (2)
Glacfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra freagracht
iomlán as na cúraimí arna ndéanamh ag fochonraitheoir nó fochuideachta cibé áit
ina mbeidh siad bunaithe. (3)
Ní féidir gníomhaíochtaí a ligean ar fochonradh ná
ní féidir le fochuideachta dul ina mbun gan toiliú an chliaint. (4)
Na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar
cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus na doiciméid a
bhaineann leis an obair a dhéanfaidh an fochonraitheoir nó an fhochuideachta
faoi Iarscríbhinní IV go VIII, áiritheoidh comhlachtaí dá dtugtar fógra go
mbeidh siad ar fáil i gcónaí don údarás a thugann fógra. Airteagal 29 [Airteagal R22 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Iarratas ar fhógra (1)
Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta
iarratas ar fhógra a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra sa Bhallstát
ina bhfuil sé bunaithe. (2)
In éineacht leis an iarratas ar fhógra, beidh
tuairisc ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar an modúl nó ar na
modúil um measúnú comhréireachta agus ar an bhfochóras/ar an gcomhpháirt
sábháilteachta nó ar na fochórais/ar na comhpháirteanna sábháilteachta a bhfuil
an comhlacht sin inniúil ina leith dar leo, chomh maith le deimhniú
creidiúnúcháin, más ann dó, arna eisiúint ag comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin
lena ndearbhaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na
ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 26. (3)
I gcás nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú
comhréireachta i dtrácht deimhniú creidiúnúcháin a chur ar fáil, soláthróidh sé
don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá d'fhonn
comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Airteagal 26 a fhíorú, a
aithint agus faireachán rialta a dhéanamh air. Airteagal 30 [Airteagal R23 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] An nós imeachta um fhógra a thabhairt (1)
Ní thabharfaidh údaráis a thugann fógra aon fhógra
do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta nach mbeidh na ceanglais atá leagtha
síos in Airteagal 26 á gcomhlíonadh acu. (2)
Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na
Ballstáit eile trí bhíthin na huirlise leictreonaí lena dtugtar fógra, arna
forbairt agus arna riar ag an gCoimisiún. (3)
Áireofar leis an bhfógra sonraí iomlána ar na
gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar an modúl nó ar na modúil um
measúnú comhréireachta agus ar an bhfochóras/ar an gcomhpháirt sábháilteachta
nó ar na fochórais/ar na comhpháirteanna sábháilteachta lena mbaineann agus an
dearbhú inniúlachta ábhartha. (4)
I gcás nach mbeidh fógra bunaithe ar dheimhniú
creidiúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2), déanfaidh an t‑údarás
a thugann fógra an méid seo a leanas a sholáthar don Choimisiún agus do na
Ballstáit eile: an fhianaise dhoiciméadach lena ndearbhaítear inniúlacht an chomhlachta
um measúnú comhréireachta agus lena ndearbhaítear na socruithe a bheidh i
bhfeidhm lena áirithiú go ndéanfar faireachán rialta ar an gcomhlacht sin agus
go leanfaidh sé air ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Airteagal 26. (5)
I gcás ina n‑úsáidfear deimhniú
creidiúnúcháin, féadfaidh an comhlacht i dtrácht na gníomhaíochtaí a dhéanann
comhlacht dá dtugtar fógra a chur i gcrích mura ndéanann an Coimisiún nó na
Ballstáit eile agóid laistigh de choicís ón uair a thabharfar fógra, agus
i gcás nach n‑úsáidtear creidiúnúchán, laistigh de dhá mhí ón uair a
thabharfar fógra. Ní mheasfar gur comhlacht dá dtugtar fógra chun
críocha an Rialacháin seo aon chomhlacht nach comhlacht den sórt sin é. (6)
Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an
eolas faoi aon athruithe ábhartha a dhéantar ar an bhfógra ina dhiaidh sin. Airteagal 31 [Airteagal R24 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra (1)
Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do gach
comhlacht dá dtugtar fógra. Ní shannfaidh sé ach uimhir amháin den sórt sin
fiú más rud é go dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha Aontais. (2)
Déanfaidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí dá
dtugtar fógra faoin Rialachán seo, lena n‑áireofar na huimhreacha
aitheantais arna sannadh dóibh agus na gníomhaíochtaí ar tugadh fógra dóibh ina
dtaobh, agus cuirfear ar fáil don phobal é. Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádfar an liosta
sin cothrom le dáta. Airteagal 32 [Airteagal R25 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Athruithe ar na fógraí (1)
I gcás ina bhfionnfaidh údarás a thugann fógra, nó
go i gcás ina gcuirfear in iúl dó, nach bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag
comhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach in Airteagal 26 a thuilleadh,
nó go bhfuil sé ag mainneachtain a chuid oibleagáidí a chomhall, déanfaidh an t‑údarás
a thugann fógra an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí, nó a tharraingt siar,
de réir mar is iomchuí, agus é sin ag brath ar a thromchúisí atá an
mhainneachtain maidir leis na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí
sin a chomhall. Cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don Choimisiún agus
do na Ballstáit eile. (2)
I gcás ina ndéanfar an fógra a shrianadh, a chur ar
fionraí nó a tharraingt siar, nó i gcás ina scoirfidh an comhlacht dá dtugtar
fógra dá ghníomhaíochtaí, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra bearta iomchuí
chun a áirithiú go ndéanfaidh comhlacht eile dá dtugtar fógra comhaid an
chomhlachta chéadluaite a phróiseáil nó go gcoinneofar ar fáil iad do na
húdaráis atá freagrach as fógra a thabhairt agus do na húdaráis atá freagrach
as faireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh. Airteagal 33 [Airteagal R26 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Cur i gcoinne inniúlacht na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra (1)
Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar gach uile chás
ina mbeidh sé in amhras, nó ina dtabharfar le fios dó go bhfuiltear in amhras,
faoi inniúlacht comhlacht dá dtugtar fógra nó faoin gcaoi ina bhfuil comhlacht dá
dtugtar fógra ag leanúint de na ceanglais agus freagrachtaí a bhfuil sé faoina
réir a chomhall. (2)
Maidir leis an mBallstát a thugann fógra, déanfaidh
sé an fhaisnéis uile a bhainfidh leis an mbonn atá le fógra a thabhairt nó a bhainfidh
le hinniúlacht a fhágáil ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra lena mbaineann, arna
iarraidh sin, a sholáthar don Choimisiún. (3)
Áiritheoidh an Coimisiún go ndéileálfar le gach
faisnéis íogair arna fáil le linn a chuid imscrúduithe mar fhaisnéis rúnda. (4)
I gcás ina bhfionnfaidh an Coimisiún nach
gcomhlíonann comhlacht dá dtugtar fógra na ceanglais maidir lena fhógra, nó
nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme
lena n‑iarrfar ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha
is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear an fógra a tharraingt siar, más gá sin. Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear
sa chéad fhomhír i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear
in Airteagal 39(2). Airteagal 34 [Airteagal R27 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra (1)
Déanfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra measúnuithe
comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta
dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV go hIarscríbhinn VIII. (2)
Déanfar measúnuithe comhréireachta ar bhealach
comhréireach agus seachnófar ualaí nach bhfuil gá leo ar oibreoirí
eacnamaíocha. Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta a
gcuid gníomhaíochtaí a chomhlíonadh agus aird chuí á tabhairt ar mhéid an
ghnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar a chasta atá
teicneolaíocht an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta i dtrácht agus ar
chineál an phróisis táirgthe, is é sin, an olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe
atá ann. Agus an méid sin á dhéanamh, urramóidh siad mar
sin féin a oiread déine agus an leibhéal cosanta is gá le go gcomhlíonfaidh an
fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta forálacha an Rialacháin seo. (3)
I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht dá dtugtar fógra
nach bhfuil na ceanglais riachtanacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn II
nó i gcaighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha nó i sonraíochtaí teicniúla
eile á gcomhlíonadh ag monaróir, ceanglóidh sé ar an monaróir sin bearta
ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú comhréireachta. (4)
I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht dá dtugtar fógra,
le linn an fhaireacháin ar chomhréireacht tar éis deimhniú a eisiúint, nach
bhfuil caighdeáin á gcomhlíonadh ag fochóras ná ag comhpháirt sábháilteachta a
thuilleadh, ceanglóidh sé ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a
dhéanamh agus déanfaidh sé an deimhniú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar
más gá. (5)
I gcás nach ndéanfar bearta ceartaitheacha nó i
gcás nach mbeidh an éifeacht is gá leo, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra
aon deimhnithe a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar
is iomchuí. Airteagal 35 Achomharc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar nós
imeachta achomhairc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra. Airteagal 36 [Airteagal R28 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Oibleagáid faisnéise na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra (1)
Cuirfidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra an méid
seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra: (a) aon diúltú, srianadh, fionraí nó
tarraingt siar a dhéantar i ndáil le deimhniú; (b) aon imthosca a dhéanann difear do raon
feidhme an fhógra nó do na coinníollacha a bhaineann le fógra; (c) aon iarratas ar fhaisnéis a gheobhaidh
siad ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir lena ngníomhaíochtaí um measúnú
comhréireachta; (d) má iarrtar air é, gníomhaíochtaí um
measúnú comhréireachta arna ndéanamh laistigh de raon feidhme a bhfógra agus
aon ghníomhaíocht eile arna déanamh, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí
trasteorann agus fochonraitheoireacht. (2)
Déanfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra faisnéis
ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, má
iarrtar sin, le torthaí deimhneacha ón measúnú comhréireachta a chur ar fáil do
chomhlachtaí eile dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo atá i mbun
gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcuimsítear na
fochórais chéanna nó na comhpháirteanna sábháilteachta céanna. Airteagal 37 [Airteagal R29 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Malartú taithí Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le
malartú taithí a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát arb iad na húdaráis
iad atá freagrach as an mbeartas maidir le fógraí a thabhairt. Airteagal 38 [Airteagal R30 de Chinneadh Uimh. 768/2008/CE] Comhordú na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú
iomchuí agus comhar iomchuí ar bun idir na comhlachtaí dá dtugtar fógra faoin
Rialachán seo agus go n‑oibreofar an comhordú agus an comhar sin go cuí,
eadhon, i bhfoirm grúpa earnála nó grúpa comhlachtaí dá dtugtar fógra. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na
comhlachtaí a dtugann siad fógra dóibh páirteach in obair an ghrúpa nó na
ngrúpaí sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe. CAIBIDIL V AN
NÓS IMEACHTA COISTE, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA
CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 39 An nós imeachta coiste (1)
Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um
shuiteálacha cábla-bhealaigh. Is éard a bheidh sa choiste sin coiste de réir
bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (2)
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh
feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 40 Pionóis Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a
bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe a dhéanfaidh
oibreoirí eacnamaíocha ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach
beart is gá lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Féadfar pionóis
choiriúla a áireamh leis na rialacha sin i gcás sáruithe tromchúiseacha. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach,
comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún
maidir leis na forálacha sin faoin [3 mhí roimh an dáta a ndéantar tagairt
dó in Airteagal 43(2)] agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill má
dhéantar aon leasú ar na forálacha sin ina dhiaidh sin a mbeadh tionchar aige
orthu. Airteagal 41 Forálacha idirthréimhseacha Ní chuirfidh na Ballstáit bac ar fhochórais ná
ar chomhpháirteanna sábháilteachta atá cumhdaithe ag Treoir 2000/9/CE a
chur ar fáil ar an margadh má tá siad i gcomhréir leis an Treoir sin agus má cuireadh ar an margadh roimh an [an
dáta dá dtagraítear in Airteagal 43(2)] iad. Ní chuirfidh na Ballstáit bac ar chur i
seirbhís suiteálacha cábla-bhealaigh atá cumhdaithe ag Treoir 2000/9/CE má
tá siad i gcomhréir leis an Treoir sin
agus má tógadh iad roimh an [an dáta dá dtagraítear in Airteagal 43(2)]. Airteagal 42 Aisghairm Déantar aisghairm ar Threoir 2000/9/CE ón
[an dáta dá dtagraítear in Airteagal 43(2)]. Déanfar tagairtí don Treoir arna haisghairm a
fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an
tábla comhghaoil atá leagtha síos in Iarscríbhinn X. Airteagal 43 Teacht i bhfeidhm agus dáta an churtha i bhfeidhm (1)
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh. (2)
Beidh feidhm aige ó [dhá bhliain tar éis dó teacht
i bhfeidhm]. (3)
De mhaolú ar mhír 2,
beidh feidhm ag Airteagail 22 go 38 ó [sé mhí tar éis
dó teacht i bhfeidhm]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach
Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] IOAE L 106, 3.5.2000, lch.21. [2] COM(2013) 471 críochnaitheach. [3] IOAE L 316, 14.11.2012. [4] Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle maidir le faireachas margaidh ar tháirgí lena leasaítear
Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha
94/9/EC, 94/25/EC, 95/16/EC, 97/23/EC, 1999/5/EC, 2000/9/EC, 2000/14/EC,
2001/95/EC, 2004/108/EC, 2006/42/EC, 2006/95/EC, 2007/23/EC, 2008/57/EC,
2009/48/EC, 2009/105/EC, 2009/142/EC, 2011/65/EU, Rialachán (AE)
Uimh. 305/2011, Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 agus Rialachán (CE)
Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. COM(2013) 75
críochnaitheach. [5] IO L11, 15.1.2002, lch. 4. [6] IO L218, 13.8.2008, lch. 30. [7] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa,
chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig
Coiste na Réigiún, COM(2011) 206 críochnaitheach. [8] Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus
chuig an gComhairle, COM(2011) 123 críochnaitheach, 16.3.2011. [9] IO L213, 7.9.1995, lch. 1. [10] IO C […], […], lch. […]. [11] Treoir 2000/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 20 Márta 2000 a bhaineann le suiteálacha cábla-bhealaigh atá
ceaptha chun daoine a iompar (IO L 106, 3.5.2000, lch. 21). [12] IO C 136, 4.6.1985, lch. 1. [13] Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú
Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón
gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE,
2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón
gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12). [14] Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 i ndáil le creat coiteann maidir le táirgí a
mhargú agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L
218, 13.8.2008, lch. 82). [15] Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le
creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú,
agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93(IO L 218,
13.8, lch. 30). [16] IO L […...]. [17] Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra
2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann
leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun
feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13). [18] Treoir 95/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 29 Meitheamh 1995 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a
bhaineann le hardaitheoirí (IO L 213, 7.9.1995, lch. 1). IARSCRÍBHINN I FOCHÓRAIS Roinntear suiteáil chábla-bhealaigh i
mbonneagar agus na fochórais atá liostaithe thíos, agus ní mór cumas
saothraithe agus cothabhála na suiteála a chur san áireamh i ngach cás: 1. Cáblaí agus
naisc chábla. 2. Tiomántáin agus
coscáin. 3. Trealamh
meicniúil: 3.1. Giar tochráin
cábla. 3.2. Innealra
stáisiúin. 3.3. Innealtóireacht
líne. 4. Feithiclí: 4.1. Cábáin,
suíocháin nó feistí cúltarraingthe. 4.2. Giar crochta. 4.3. Giar tiomána. 4.4. Naisc leis an
gcábla. 5. Feistí
leictriteicniúla: 5.1. Feistí
faireacháin, rialaithe agus sábháilteachta. 5.2. Trealamh
cumarsáide agus faisnéise. 5.3 Trealamh cosanta
ó thintreach. 6. Trealamh
tarrthála: 6.1. Trealamh
tarrthála fosaithe. 6.2. Trealamh
tarrthála soghluaiste. IARSCRÍBHINN II CEANGLAIS RIACHTANACHA 1. Aidhm Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na ceanglais
riachtanacha, lena n‑áirítear cumas cothabhála agus inoibritheacht, is
infheidhme maidir le dearadh, tógáil agus cur i seirbhís suiteálacha
cábla-bhealaigh. 2. Ceanglais ghinearálta 2.1. Sábháilteacht daoine Tá sábháilteacht úsáideoirí, oibreoirí
agus tríú páirtithe mar bhuncheanglas maidir le dearadh, tógáil agus oibriú
suiteálacha cábla-bhealaigh. 2.2. Prionsabal na sábháilteachta Déanfar gach suiteáil chábla-bhealaigh
a dhearadh, a oibriú agus a sheirbhísiú de réir na bprionsabal seo a leanas, a
chuirfear i bhfeidhm san ord atá tugtha: –
rioscaí a dhíchur nó, mura féidir é sin a dhéanamh,
rioscaí a laghdú trí ghnéithe deartha agus tógála, –
gach beart is gá a shainiú agus a chur chun feidhme
chun cosaint a thabhairt i gcoinne rioscaí nach féidir a dhíchur leis na
gnéithe deartha agus tógála, –
na réamhchúraimí ba cheart a ghlacadh chun na
rioscaí a sheachaint a shainiú agus a lua nuair nach raibh sé indéanta iad a
dhíchur go hiomlán trí na forálacha agus na bearta dá dtagraítear sa chéad agus
sa dara fleasc. 2.3. Breithniú tosca seachtracha Ní mór suiteálacha cábla-bhealaigh a
dhearadh agus a thógáil ar bhealach a fhágfaidh go mbeifear in ann iad a oibriú
go sábháilte, ag cur san áireamh an cineál suiteála cábla‑bhealaigh,
cineál agus gnéithe fisiciúla an tír-raoin ar a bhfuil sé suiteáilte, a
timpeallacht, agus tosca atmaisféir agus meitéareolaíochta, chomh maith le
struchtúir agus bacainní a d’fhéadfadh a bheith gar dóibh ar an talamh nó san
aer. 2.4. Toisí Déanfar an tsuiteáil chábla-bhealaigh,
na fochórais agus a cuid comhpháirteanna sábháilteachta go léir a thoisiú, a
dhearadh agus a thógáil le bheith in ann gach brú a thagann orthu faoi gach
dáil intuartha a sheasamh, chomh sábháilte agus is féidir, lena n‑áirítear
brúnna a tharlaíonn nuair nach mbíonn siad ag obair, agus tionchair
sheachtracha go háirithe, éifeachtaí dinimiciúla agus feiniméin tuirse á gcur
san áireamh, agus rialacha aitheanta na ceirde á gcomhlíonadh, ag tabhairt aird
go háirithe ar an rogha ábhar. 2.5. Cóimeáil 2.5.1. Déanfar an tsuiteáil
chábla-bhealaigh, a fochórais agus na comhpháirteanna sábháilteachta go léir a
dhearadh agus a thógáil ar bhealach a áiritheoidh gur féidir iad a chóimeáil
agus a chur ag obair go sábháilte. 2.5.2. Déanfar na comhpháirteanna
sábháilteachta a dhearadh ionas nach mbeifear in ann botúin a dhéanamh leis an
gcóimeáil, mar thoradh ar thógáil nó trí mharcálacha iomchuí ar na
comhpháirteanna iad féin. 2.6. Sláine na suiteála cábla-bhealaigh 2.6.1. Déanfar na comhpháirteanna
sábháilteachta a dhearadh agus a thógáil agus beidh siad inúsáidte ar bhealach
a áiritheoidh, i ngach cás, a sláine oibríochta féin agus/nó sábháilteacht na
suiteála cábla-bhealaigh, mar atá sainmhínithe san anailís sábháilteachta in
Iarscríbhinn III, ionas gur beag baol atá ann go dteipfidh orthu agus go mbeidh
corrlach sábháilteachta leormhaith ag gabháil leo. 2.6.2. Déanfar an tsuiteáil
chábla-bhealaigh a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a áiritheoidh, lena linn
a hoibriú, i gcás go dteipfidh ar chomhpháirt a bhféadfadh tionchar a bheith
aici ar shábháilteacht, fiú amháin go hindíreach, go nglacfar beart iomchuí in
am cuí. 2.6.3. Beidh feidhm ag na cosaintí dá
dtagraítear i bpointe 2.6.1 agus i bpointe 2.6.2 ar feadh na tréimhse
idir dhá iniúchadh sceidealaithe ar an gcomhpháirt lena mbaineann. Tabharfar an
tréimhse ama d’iniúchadh sceidealaithe na gcomhpháirteanna sábháilteachta le
fios go soiléir i lámhleabhar na dtreoracha. 2.6.4. Comhlíonfaidh comhpháirteanna
sábháilteachta atá corpraithe i suiteálacha cábla‑bhealaigh mar
pháirteanna spártha ceanglais riachtanacha an Rialacháin seo agus na
coinníollacha a bhaineann le hidirghníomhú réidh na gcomhpháirteanna sin leis
na páirteanna eile de na suiteálacha cábla-bhealaigh. 2.6.5. Glacfar bearta lena áirithiú
nach gcuirfidh éifeachtaí dóiteáin sa tsuiteáil chábla‑bhealaigh
sábháilteacht na ndaoine atá á n‑iompar ná oibrithe i gcontúirt. 2.6.6. Glacfar bearta speisialta chun
suiteálacha cábla-bhealaigh agus daoine a chosaint ó éifeachtaí tintrí. 2.7. Feistí sábháilteachta 2.7.1. Déanfar aon fhabht sa tsuiteáil
chábla-bhealaigh a d’fhágfadh go bhféadfadh teipeadh air agus sábháilteacht a
chur i mbaol, a aimsiú, a thuairisciú agus a phróiseáil, nuair is féidir, trí
fheiste sábháilteachta. Baineann an rud céanna le haon teagmhas seachtrach a
bheadh intuartha de ghnáth agus a d’fhéadfadh an tsábháilteacht a chur i mbaol. 2.7.2. Beifear in ann an tsuiteáil
chábla-bhealaigh a mhúchadh de láimh ag aon tráth. 2.7.3. Tar éis an tsuiteáil
chábla-bhealaigh a mhúchadh trí fheiste sábháilteachta, ní bheifear in ann é a
atosú mura nglacfar beart iomchuí. 2.8. Cumas cothabhála Déanfar an tsuiteáil chábla-bhealaigh a
dhearadh agus a thógáil ionas go mbeifear in ann gnáth‑chothabháil nó
cothabháil speisialta agus oibríochtaí agus nósanna imeachta deisiúcháin a
dhéanamh go sábháilte air. 2.9. Núis Déanfar an tsuiteáil chábla-bhealaigh a
dhearadh agus a thógáil ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh aon núis inmheánach
nó sheachtrach a tharlóidh mar gheall ar gháis dhíobhálacha, astaíochtaí
torainn nó creathanna laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos. 3. Ceanglais maidir le bonneagar 3.1. Leagan amach, luas, achar idir feithiclí 3.1.1. Dearfar an tsuiteáil
chábla-bhealaigh chun oibriú go sábháilte ag cur san áireamh saintréithe an
tír-raoin agus a timpeallacht, na dálaí atmaisféir agus meitéareolaíocha, aon
struchtúir nó bacainní a d’fhéadfadh a bheith gar dóibh ar an talamh nó san aer
ar bhealach a chiallóidh nach dtarlóidh aon núis ná aon chontúirt faoi aon
dhálaí oibríochta nó seirbhísithe ná i gcás oibríochta chun daoine a
tharrtháil. 3.1.2. Coinneofar dóthain achair go
cliathánach agus go hingearach idir feithiclí, fearais tarraingthe, rianta,
cáblaí, etc. agus struchtúir agus bacainní a d’fhéadfadh a bheith gar dóibh ar
an talamh nó san aer, ag cur san áireamh gluaiseacht ingearach, chomhréireach
agus chliathánach na gcáblaí agus na bhfeithiclí nó na bhfearas tarraingthe
faoi na dálaí oibríochta intuartha is díobhálaí. 3.1.3. Cuirfidh an t‑achar uasta
idir feithiclí agus an talamh, an cineál suiteála cábla‑bhealaigh, na
cineálacha feithiclí agus na nósanna imeachta tarrthála san áireamh. I gcás
carranna oscailte cuirfear san áireamh freisin an riosca go dtitfidh duine
chomh maith leis na gnéithe síceolaíocha a bhaineann leis an achar idir
feithiclí agus an talamh. 3.1.4. Déanfar luas uasta na
bhfeithiclí nó na bhfearas tarraingthe, an t‑achar íosta eatarthu agus a
bhfeidhmiú luasghéaraithe agus coscánaithe a roghnú d’fhonn sábháilteacht daoine
agus oibriú sábháilte na suiteála cábla-bhealaigh a áirithiú. 3.2. Stáisiúin agus struchtúir feadh na líne 3.2.1. Déanfar stáisiúin agus
struchtúir feadh na líne a dhearadh, a shuiteáil agus a fheistiú d’fhonn
cobhsaíocht na suiteála a áirithiú. Ceadófar leo treorú sábháilte na gcáblaí,
na bhfeithiclí agus na bhfearas tarraingthe, agus beifear in ann cothabháil a
dhéanamh go sábháilte, faoi gach dáil oibriúcháin. 3.2.2. Déanfar na limistéir isteach
agus amach as an tsuiteáil chábla-bhealaigh a dhearadh d’fhonn sábháilteacht
thrácht na bhfeithiclí, na bhfearas tarraingthe agus daoine a ráthú. Beifear in
ann na feithiclí agus na fearais tarraingthe a bhogadh thart sna stáisiúin gan
daoine a chur i mbaol, ag cur san áireamh aon chomhoibriú a d’fhéadfaidís a thabhairt
chun iad a bhogadh. 4. Ceanglais a bhaineann le cáblaí, tiomántáin agus
coscáin agus le suiteálacha meicniúla agus leictreacha 4.1. Cáblaí agus a gcuid tacaíochtaí 4.1.1. Déanfar gach beart a ghlacadh ar
aon dul leis na forbairtí teicneolaíocha is déanaí: –
ionas nach mbrisfidh cáblaí ná a gcuid ceangaltán, –
chun a luachanna struis íosta agus uasta a
chumhdach, –
lena áirithiú go gcrochtar go sábháilte iad ar a
dtacaíochtaí agus nach ndéantar díráilliú orthu, –
ionas gur féidir faireachán a dhéanamh orthu. 4.1.2. Ní féidir an baol go léir a bhaineann le díráilliú
cáblaí a chosc, glacfar bearta lena áirithiú gur féidir cáblaí a aisghabháil
agus na suiteálacha cábla-bhealaigh a mhúchadh gan daoine a chur i mbaol i gcás
díráillithe. 4.2. Suiteálacha meicniúla 4.2.1. Tiomántáin Beidh an córas tiomántáin i suiteáil
chábla-bhealaigh in ann oibriú agus feidhmiú mar is ceart, agus cuirfear in
oiriúint é do na córais agus modhanna oibríochta éagsúla. 4.2.2. Tiomántán cúltaca Beidh tiomántán cúltaca sa tsuiteáil
chábla-bhealaigh ina mbeidh soláthar fuinnimh atá neamhspleách uaidh sin atá sa
phríomhchóras tiomántáin. Ní bheidh tiomántán cúltaca riachtanach, áfach, má
thaispeántar san anailís sábháilteachta gur féidir le daoine na feithiclí agus,
go háirithe, fearais tarraingthe a fhágáil go héasca, go tapa agus go sábháilte
fiú amháin nuair nach mbíonn tiomántán cúltaca ar fáil. 4.2.3. Coscánú 4.2.3.1. I gcás éigeandála, beifear in
ann an tsuiteáil chábla-bhealaigh agus/nó na feithiclí a mhúchadh ag aon tráth,
faoi na dálaí is neamhfhabhraí i dtéarmaí ualaigh údaraithe agus greamú ulóige
le linn oibríochta. Beidh an t‑achar stoptha chomh gearr agus a bheidh de
dhíth ar mhaithe le slándáil na suiteála cábla-bhealaigh. 4.2.3.2. Beidh luachanna luasmhoillithe
laistigh de theorainneacha leordhóthanacha, socraithe ar shlí a áiritheoidh
sábháilteacht daoine agus iompar sásúil feithiclí, cáblaí agus páirteanna eile
den tsuiteáil chábla-bhealaigh. 4.2.3.3. I ngach suiteáil
chábla-bhealaigh beidh dhá chóras coscánaithe nó níos mó, agus gach ceann acu
in ann an tsuiteáil chábla-bhealaigh a stopadh, agus beidh siad comhordaithe ar
shlí a chiallóidh go ndéanfaidh siad ionadú go huathoibríoch ar an gcóras
gníomhach nuair nach leor a éifeachtúlacht. Gníomhóidh córas coscánaithe deiridh
an chábla tarraingthe go díreach ar an ulóg thiomána. Ní bheidh feidhm ag na
forálacha sin i gcás arduithe trína dtarraingt. 4.2.3.4. Feisteofar an tsuiteáil
chábla-bhealaigh le clampa éifeachtach agus le fearas glasála chun cosaint a
thabhairt in aghaidh atosuithe róluath. 4.3. Feistí rialaithe Déanfar na feistí rialaithe a dhearadh
agus a thógáil ionas go mbeidh siad sábháilte agus iontaofa, in ann ag gnáth‑bhrúnna
oibriúcháin agus cúinsí seachtracha cosúil le taise, teocht an‑mhór nó
trasnaíocht leictreamaighnéadach agus ionas nach mbeidh cásanna contúirteacha
ann, fiú amháin i gcás earráid oibríochta. 4.4. Feistí cumarsáide Cuirfear áiseanna oiriúnacha ar fáil
chun cur ar chumas na foirne oibríochta cumarsáid a dhéanamh lena chéile ag
gach tráth agus úsáideoirí a chur ar an eolas i gcás éigeandála. 5. Feithiclí agus fearais tarraingthe 5.1. Déanfar feithiclí agus/nó fearais
tarraingthe a dhearadh agus a fheistiú ar bhealach a chiallóidh faoi dhálaí
oibriúcháin intuartha nach féidir le haon duine titim amach agus nach mbeidh
siad in aon chontúirt eile. 5.2. Déanfar feistiú feithiclí agus
fearais tarraingthe a thoisiú agus a thógáil ionas: –
nach ndéanfar díobháil don chábla, nó –
nach sciorrfaidh sé, ach amháin nuair nach mbíonn
aon tionchar suntasach ag sciorradh ar shábháilteacht na feithicle, an fhearais
tarraingthe nó na suiteála faoi na dálaí is neamhfhabhraí. 5.3. Déanfar doirse feithiclí (ar charranna, cábáin) a
dhearadh agus a thógáil ar bhealach a fhágfaidh go mbeifear in ann iad a
dhúnadh agus a chur faoi ghlas. Déanfar urlár agus ballaí na feithicle a
dhearadh agus a thógáil ionas go mbeidh siad in ann brú agus ualaí a chuirfidh
úsáideoirí orthu a sheasamh in aon chúinse ar bith. 5.4. Más rud é ar chúiseanna sábháilteachta oibríochta gur
gá d’oibreoir a bheith ar bord na feithicle, feisteofar an fheithicil leis an
trealamh is gá dó chun a chúraimí a chur i gcrích. 5.5. Déanfar feithiclí agus/nó fearais
tarraingthe agus, go háirithe, a gcuid meicníochtaí crochta a dhearadh agus a
fheistiú d’fhonn sábháilteacht oibrithe a bhíonn á seirbhísiú a áirithiú de
réir rialacha agus treoracha iomchuí. 5.6. I gcás feithiclí a bhfuil feistí
orthu is féidir a dhínascadh, glacfar gach beart, gan úsáideoirí a chur i
mbaol, tráth imeachta na bhfeithiclí, chun aon fheithicil a bhfuil a feiste
nasctha go contráilte leis an gcábla a stopadh agus, tráth bainte amach an
ceann scríbe, stopfar aon fheithicil nár dínascadh a feiste, ionas nach
dtitfidh an fheithicil. 5.7. Beidh feithiclí cáblacha agus,
chomh fada is a cheadaíonn cumrú na suiteála cábla‑bhealaigh, beidh
feiste teannta coscáin uathoibríoch ar ráille carranna cábla dé-chábla, nuair
nach féidir talamh slán a dhéanamh de nach mbrisfidh an cábla iompróra. 5.8. Nuair nach féidir an baol go léir
a bhaineann le díráilliú na feithicle a dhíchur le bearta eile, feisteofar an
fheithicil le feiste frithdhíráillithe a fhágfaidh go mbeifear in ann an
fheithicil a stopadh gan daoine a chur i mbaol. 6. Trealamh d’úsáideoirí Déanfar an rochtain ar limistéir
bhordála agus amach as limistéir díbhordála agus bordáil agus díbhordáil
úsáideoirí a eagrú ag féachaint do ghluaiseacht agus do stopadh feithiclí ar
bhealach a áiritheoidh sábháilteacht daoine, go háirithe i limistéir ina bhfuil
baol ann go dtitfidh daoine. Ní mór go mbeadh leanaí agus daoine a
bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe in ann an tsuiteáil chábla-bhealaigh a
úsáid go sábháilte má tá an tsuiteáil chábla-bhealaigh deartha chun daoine mar
sin a iompar. 7. Inoibritheacht 7.1. Sábháilteacht 7.1.1. Glacfar gach foráil agus beart
teicniúil lena áirithiú go n‑úsáidtear an tsuiteáil chábla‑bhealaigh
le haghaidh na críche dár ceapadh í de réir a sonraíochta teicniúil agus na
gcoinníollacha oibríochta atá sonraithe agus gur féidir na treoracha maidir le
hoibriú agus cothabháil shábháilte a chomhlíonadh. Déanfar an lámhleabhar
treoracha agus na nótaí comhfhreagracha a dhréachtú i dteanga a bheidh
úsáideoirí in ann a thuiscint go héasca, arna chinneadh ag an mBallstát sa
chríoch ina bhfuil an tsuiteáil chábla-bhealaigh tógtha. 7.1.2. Tabharfar na hacmhainní ábhartha
iomchuí do na daoine a bheidh freagrach as an tsuiteáil chábla-bhealaigh a
oibriú agus beidh siad cáilithe chun an cúram sin a chur i gcrích. 7.2. Sábháilteacht i gcás bac gluaiseachta ar an tsuiteáil
chábla-bhealaigh Glacfar gach foráil agus beart
teicniúil lena áirithiú go mbeifear in ann úsáideoirí a thabhairt chuig áit
shábháilte taobh istigh d’am socraithe a bheidh oiriúnach don chineál suiteála
cábla-bhealaigh agus a timpeallacht nuair a bhíonn bac gluaiseachta ar an tsuiteáil
chábla-bhealaigh agus nach féidir é a atosú go tapa. 7.3. Forálacha speisialta eile maidir le sábháilteacht 7.3.1. Seastáin agus áiteanna oibre
oibreoirí Déanfar páirteanna sochorraithe a
bhíonn inrochtana de ghnáth sna stáisiúin a dhearadh, a thógáil agus a
shuiteáil ar bhealach a chuirfidh cosc ar aon rioscaí nó, i gcás ina bhfuil
rioscaí den sórt sin ann, feisteofar iad le feistí cosanta ionas nach mbeidh
aon teagmháil le páirteanna den tsuiteáil chábla-bhealaigh a d’fhéadfadh a
bheith ina gcúis le timpistí. Is cineál feistí a bheidh iontu seo nach féidir a
bhaint ná a chur ó mhaith go héasca. 7.3.2. Baol titime Déanfar áiteanna oibre agus limistéir
oibre, lena n‑áirítear iad sin nach n‑úsáidtear ach go hannamh,
agus an rochtain orthu, a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a choiscfidh
daoine a chaithfidh oibriú iontu nó bogadh thart iontu ó thitim. I gcás nach
mbeidh an tógáil sách maith, tabharfar pointí ancaireachta dóibh freisin chun
trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh chun titim a chosc. IARSCRÍBHINN III ANAILÍS SÁBHÁILTEACHTA San anailís sábháilteachta atá riachtanach de réir
Airteagal 8 maidir le gach suiteáil chábla‑bhealaigh cuirfear san áireamh
gach modh oibríochta a shamhlaítear. Leanfar modh
aitheanta nó bunaithe san anailís agus cuirfear san áireamh staid reatha na
teicníochta agus a chasta atá an tsuiteáil chábla-bhealaigh atá i gceist. Is é
an aidhm freisin a áirithiú gur chóir i ndearadh agus i gcumraíocht na suiteála
cábla-bhealaigh an timpeallacht áitiúil agus na staideanna is díobhálaí a chur
san áireamh d’fhonn dálaí sábháilteachta sásúla a áirithiú. Cumhdófar san anailís sábháilteachta
freisin na feistí sábháilteachta agus a dtionchar ar an tsuiteáil
chábla-bhealaigh agus ar fhochórais ghaolmhara a chuirtear ag obair leo ionas: –
go mbeidh siad in ann freagra a thabhairt ar
chliseadh tosaigh nó ar theipeadh a aimsítear ionas go bhfanfaidh siad i staid
lena ráthaítear sábháilteacht, i modh oibríochta níos ísle nó i staid lena
gcuirtear cosc ar theipeadh, –
go mbeidh siad díomhaoin agus go ndéanfar
faireachán orthu, nó –
go mbeidh siad ar dhóigh go mbeifear in ann an
dóchúlacht maidir lena dteipeadh a mheas agus go mbeidh siad ar chaighdeán
comhionann leis sin arna bhaint amach ag feistí sábháilteachta a chomhlíonann
na critéir sa chéad agus sa dara fleasc. Ní mór anailís sábháilteachta a úsáid chun an fardal
rioscaí agus cásanna contúirteacha a dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 8(1)
agus chun liosta na gcomhpháirteanna sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal
8(2) iontu a chinneadh. Déanfar achoimre i
dtuarascáil sábháilteachta ar thoradh na hanailíse sábháilteachta IARSCRÍBHINN IV NÓSANNA
IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA D’FHOCHÓRAIS AGUS DO CHOMHPHÁIRTEANNA
SÁBHÁILTEACHTA: MODÚL B: SCRÚDÚ CINEÁIL AN AE – CINEÁL TÁIRGTHE 1. Is cuid de nós imeachta um measúnú
comhréireachta é scrúdú cineáil an AE ina ndéanann comhlacht dá dtugtar fógra
scrúdú ar dhearadh teicniúil fochórais nó comhpháirt sábháilteachta agus ina
ndeimhníonn sé agus ina ndearbhaíonn sé go gcomhlíonann sé ceanglais an Rialacháin
seo. 2. Déantar scrúdú cineáil an AE trí mheasúnú a
dhéanamh ar leordhóthanacht dhearadh teicniúil an fhochórais nó na comhpháirte
sábháilteachta tríd iniúchadh ar an doiciméadacht theicniúil agus an fhianaise
tacaíochta dá dtagraítear i bpointe 3, chomh maith le hiniúchadh ar
shampla atá ionadaíoch don táirgeadh atá beartaithe, ar an bhfochóras iomlán nó
ar an gcomhpháirt sábháilteachta (cineál táirgthe). 3. Cuirfidh an monaróir iarratas isteach ar
iniúchadh cineáil an AE chuig comhlacht amháin dá dtugtar fógra a roghnóidh sé
féin. Beidh na nithe seo a leanas go léir san
iarratas: (a)
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t‑ionadaí
údaraithe a chuireann an t‑iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh
freisin, (b)
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t‑iarratas
céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra, (c)
an doiciméadacht theicniúil don
fhochóras agus/nó don chomhpháirt sábháilteachta i gcomhréir le hIarscríbhinn
IX. (d)
sampla ionadaíoch den fhochóras
nó den chomhpháirt sábháilteachta atá beartaithe nó sonraí maidir leis an
áitreabh inar féidir é a scrúdú. Féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra
samplaí breise a iarraidh más gá sin chun an clár tástála a chur i gcrích; 4. Déanfaidh an
comhlacht dá dtugtar fógra an méid seo a leanas: 4.1. an doiciméadacht
theicniúil agus an fhianaise tacaíochta a scrúdú chun fóntacht dhearadh
teicniúil an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta a mheasúnú; 4.2
a fhíorú gur monaraíodh an sampla/na samplaí i gcomhréir leis an doiciméadacht
theicniúil, agus na gnéithe a aithint a dearadh i gcomhréir leis na forálacha
is infheidhme ar na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus na sonraíochtaí
teicniúla, mar aon leis na heilimintí a dearadh gan forálacha ábhartha na
gcaighdeán sin a chur i bhfeidhm; 4.3.
i gcás inar chuir an monaróir sonraíochtaí na gcaighdeán comhchuibhithe
ábhartha i bhfeidhm, na scrúduithe agus na tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó
socrú lena ndéanamh, d’fhonn seiceáil cibé ar cuireadh i bhfeidhm i gceart iad; 4.4 scrúduithe agus tástálacha iomchuí a
dhéanamh, nó socrú lena ndéanamh, lena sheiceáil cibé, i gcásanna inar
roghnaigh an monaróir na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha
agus/nó na sonraíochtaí teicniúla a chur i bhfeidhm, ar cuireadh i bhfeidhm i
gceart iad; 4.5. scrúduithe agus tástálacha iomchuí a
dhéanamh, nó socrú lena ndéanamh, lena sheiceáil cibé ar chomhlíon na réitigh a
ghlac an monaróir buncheanglais chomhfhreagracha an Rialacháin seo sa chás nár
cuireadh na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na
sonraíochtaí teicniúla i bhfeidhm; 4.6. a aontú leis an monaróir cén suíomh ar a
ndéanfar na scrúduithe agus tástálacha. 5. Ullmhóidh an
comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil mheasúnaithe ina gcláraítear na
gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhréir le pointe 1.4 agus a dtorthaí. Gan
dochar dá oibleagáidí i leith na n‑údarás a thugann fógra, ní scaoilfidh
an comhlacht dá dtugtar fógra ábhar na tuarascála sin, go hiomlán nó go
páirteach, ach amháin le comhaontú an mhonaróra. 6. I gcás ina
gcomhlíonann an cineál ceanglais an Rialacháin seo, eiseoidh an comhlacht dá
dtugtar fógra deimhniú ar scrúdú cineáil an AE chuig an monaróir. Beidh sa
deimhniú ainm agus seoladh an mhonaróra, conclúidí an scrúdaithe, aon
choinníollacha maidir lena bhailíocht, na sonraí is gá chun an cineál
formheasta a aithint (fochóras nó comhpháirt sábháilteachta) agus más ábhartha,
cur síos ar a fheidhmiú. Féadfaidh iarscríbhinn amháin nó níos mó a bheith
ceangailte leis an deimhniú. Beidh sa deimhniú agus ina iarscríbhinní gach
faisnéis ábhartha ar a bhféadfar comhréireacht na bhfochóras monaraithe agus na
gcomhpháirteanna sábháilteachta leis an gcineál a scrúdaíodh a mheas agus chun
gur féidir rialú inseirbhíse a dhéanamh. Beidh uastréimhse bailíochta deich mbliana
fichead ó dháta a eisiúna ag an deimhniú. I gcás nach gcomhlíonann an cineál ceanglais infheidhme an
Rialacháin seo, diúltóidh an comhlacht dá dtugtar fógra teastas scrúdaithe de
chineáil AE a eisiúint agus cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir, agus
tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú. 7.
Coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra é féin ar an eolas faoi aon athruithe
ar staid na teicníochta lena nglactar go ginearálta a léiríonn go bhféadfadh sé
nach gcomhlíonann an cineál formheasta a thuilleadh ceanglais infheidhme an
Rialacháin seo, agus cinnfidh sí cibé an gá imscrúdú breise a dhéanamh de bharr
athruithe den sórt sin. Más amhlaidh atá, cuirfidh an comhlacht dá dtugtar
fógra an monaróir ar an eolas dá réir sin. Cuirfidh an monaróir an comhlacht dá dtugtar
fógra agus a bhfuil an doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an deimhniú ar
scrúdú cineáil an AE aige ar an eolas faoi aon mhodhnuithe ar an gcineál
formheasta a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhréireacht an fhochórais nó
na comhpháirte sábháilteachta le buncheanglais an Rialacháin seo nó le
coinníollacha bailíochta an deimhnithe. Déanfaidh an
comhlacht dá dtugtar fógra imscrúdú ar an modhnú agus cuirfidh sé in iúl don
mhonaróir cibé an bhfuil an deimhniú ar scrúdú cineáil an AE fós bailí nó cibé
an bhfuil gá le tuilleadh scrúduithe, fíoruithe nó tástálacha. Mar is iomchuí,
eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra ábhar breise leis an deimhniú ar scrúdú
cineáil an AE nó iarrfaidh sé go gcuirfear iarratas nua ar scrúdú cineáil an AE
isteach. 8. Gach comhlacht
dá dtugtar fógra, cuirfidh sé a údaráis a thugann fógra agus na comhlachtaí
eile dá dtugtar fógra ar an eolas faoi na deimhnithe ar scrúdú cineáil an AE
agus/nó aon chinn bhreise d'eisigh sé. An comhlacht dá dtugtar fógra a dhiúltóidh
deimhniú ar scrúdú cineáil an AE a eisiúint nó a tharraingt siar, nó a
chuireann ar fionraí nó a shrianann ar shlí eile é, ní mór dó é sin a chur in
iúl do na húdaráis a thugann fógra agus do na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra
dá réir, agus tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh. Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na
comhlachtaí eile dá dtugtar fógra cóip a fháil, ar iarratas, de na deimhnithe
ar scrúdú cineáil an AE agus/nó na cinn bhreise a ghabhann leo. Arna iarraidh
sin, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cóip den doiciméadacht theicniúil
agus de thorthaí na scrúduithe a rinne an comhlacht dá dtugtar fógra a fháil.
An comhlacht dá dtugtar fógra, coinneoidh sé cóip den deimhniú ar scrúdú
cineáil an AE, dá iarscríbhinní agus ábhair bhreise, chomh maith leis an
gcomhad teicniúil lena n‑áirítear na doiciméid a chuir an monaróir
isteach, go dtí go dtéann bailíocht an deimhnithe as feidhm. 9. Coinneoidh an
monaróir cóip den deimhniú ar scrúdú cineáil an AE, dá iarscríbhinní agus
ábhair bhreise mar aon leis an doiciméadacht theicniúil agus beidh siad ar fáil
do na húdaráis náisiúnta ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an
chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh. 10.
Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra atá leagtha amach i bpointe 7
agus 9 a chomhlíonadh, ar choinníoll go sonraítear sa
sainordú iad. IARSCRÍBHINN V NÓSANNA
IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA D’FHOCHÓRAIS AGUS DO CHOMHPHÁIRTEANNA
SÁBHÁILTEACHTA: MODÚL D: CINEÁL‑CHOMHRÉIREACHT
ARNA BUNÚ AR DHEARBHÚ CÁILÍOCHTA PHRÓISEAS AN TÁIRGTHE 1. Is ionann
cineál-chomhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta phróiseas an táirgthe
agus an chuid sin de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an
monaróir na hoibleagáidí atá leagtha síos i bpointe 2.2 agus i bpointe 2.5,
agus ina n‑áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé faoin fhreagracht aonair
atá air go bhfuil na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta lena
mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú imar
scrúdú cineáil an AE agus go gcomhlíonann sé ceanglais an Rialacháin seo a
bhaineann leo. 2. Monarú Feidhmeoidh an
monaróir córas cáilíochta ceadaithe le haghaidh cúrsaí táirgthe, le himscrúdú a
dhéanamh ar an táirge deiridh agus le haghaidh tástáil na bhfochóras nó na
gcomhpháirteanna sábháilteachta lena mbaineann mar atá sonraithe i bpointe 2.3,
agus beidh sé faoi réir faireachais mar atá sonraithe i bpointe 2.4. 3. Córas
cáilíochta 3.1. Cuirfidh an
monaróir isteach iarratas ar mheasúnú ar a chóras cáilíochta chuig a rogha
comhlacht dá dtugtar fógra. Beidh
na nithe seo a leanas san iarratas: (a)
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t‑ionadaí
údaraithe a chuireann an t‑iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh
freisin; (b)
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t‑iarratas
céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra; (c)
an fhaisnéis iomchuí go léir maidir leis na
fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta a formheasadh faoi mhodúl B; (d)
na doiciméid a bhaineann leis an gcóras cáilíochta; (e)
an doiciméadacht theicniúil maidir leis an gcineál
formheasta agus cóip den deimhniú (deimhnithe) ar scrúdú cineáil an AE; (f)
sonraí maidir leis an áitreabh ina ndéantar an
fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a mhonarú. 3.2. Áiritheofar
sa chóras cáilíochta go bhfuil na fochórais nó na comhpháirteanna
sábháilteachta i gcomhréir leis an gcineál (na cineálacha) a bhfuil tuairisc
air/orthu sa deimhniú (sna deimhnithe) ar scrúdú cineáil an AE agus go
gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo a bhaineann leo. Déanfar
na heilimintí, na ceanglais agus forálacha uile arna nglacadh ag an monaróir a
dhoiciméadú ar bhealach córasach, ordúil i bhfoirm beartais, nósanna imeachta
agus treoracha scríofa. Ceadóidh doiciméadacht an chórais cháilíochta
léirmhíniú comhsheasmhach ar na cláir, pleananna, lámhleabhair agus taifid
cháilíochta. Beidh ann, go háirithe, cur síos leordhóthanach orthu seo a leanas: (a)
na cuspóirí cáilíochta agus an struchtúr
eagrúcháin, freagrachtaí agus cumhachtaí na bainistíochta maidir le cáilíocht
an táirge, (b)
na teicnící comhfhreagracha monaraithe, um rialú
cáilíochta agus dearbhú cáilíochta, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha
a úsáidfear, (c)
na scrúduithe agus na tástálacha a chuirfear i
gcrích roimh mhonarú, lena linn agus dá éis, agus a mhinice a chuirfear i
gcrích iad, (d)
na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha
cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha cáilíochta
ar an bpearsanra i dtrácht, etc., (e)
an tslí chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht
riachtanach an táirge agus ar oibriú éifeachtúil an chórais cháilíochta. 3.3. Déanfaidh an
comhlacht dá dtugtar fógra an córas cáilíochta a mheasúnú chun cinneadh a
dhéanamh cibé an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2. Toimhdeofar
comhréireacht leis na ceanglais sin maidir le gnéithe an chórais cháilíochta a
chomhlíonann sonraíochtaí comhfhreagracha an chaighdeáin náisiúnta lena
gcuirtear an caighdeán comhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí
teicniúla i bhfeidhm. Áireofar san
iniúchadh cuairt measúnaithe chuig an áitreabh ina ndéantar na fochórais nó na
comhpháirteanna sábháilteachta a mhonarú, a imscrúdú agus a thástáil. Chomh
maith le cleachtadh ar chórais bhainistíochta cáilíochta, beidh ar an
bhfoireann iniúchta ball amháin ar a laghad ag a bhfuil taithí ar
mheastóireacht sa réimse suiteálacha cábla-bhealaigh agus i dteicneolaíocht na
bhfochóras nó na gcomhpháirteanna sábháilteachta atá i gceist, agus eolas ar
cheanglais infheidhme an Rialacháin seo. Beidh cuairt measúnaithe chuig
áitreabh an mhonaróra san áireamh san iniúchadh. Athbhreithneoidh an fhoireann
iniúchóireachta an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1(e),
chun fíorú a dhéanamh ar chumas an mhonaróra chun ceanglais ábhartha an
Rialacháin seo a shainaithint, agus na scrúduithe is gá a chur i gcrích d'fhonn
a áirithiú go gcomhlíonfaidh na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta
na ceanglais sin. Tabharfar
fógra don mhonaróir maidir leis an gcinneadh. Beidh san fhógra conclúidí an
iniúchta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe. 3.4.
Geallfaidh an monaróir go gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a eascraíonn as an
gcóras cáilíochta mar atá formheasta agus é a chothabháil ionas go mbeidh sé
leormhaith agus éifeachtúil i gcónaí. 3.5. Coinneoidh an monaróir an comhlacht dá
dtugtar fógra agus a bhfuil an córas cáilíochta formheasta aige ar an eolas
maidir le haon athrú beartaithe ar an gcóras cáilíochta. Déanfaidh an
comhlacht dá dtugtar fógra meastóireacht ar aon athruithe beartaithe agus
cinnfidh sé cibé an leanfaidh an córas cáilíochta modhnaithe de na ceanglais dá
dtagraítear i bpointe 3.2 a chomhlíonadh nó cibé an bhfuil gá le
hathmheasúnú a dhéanamh. Cuirfidh sé an
monaróir ar an eolas faoi thoradh na meastóireachta. I gcás ina gcaithfear
athmheasúnacht a dhéanamh, cuirfidh sé an monaróir ar an eolas faoina chinneadh.
Beidh san fhógra conclúidí an imscrúdaithe agus an
cinneadh measúnaithe réasúnaithe. 4.
Faireachas faoi chúram an chomhlachta dá dtugtar fógra 4.1.
Is é is aidhm d'fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonann an monaróir na
hoibleagáidí a eascraíonn ón gcóras formheasta um táirgeadh cáilíochta. 4.2.
Tabharfaidh an monaróir, chun críocha measúnachta, cead don chomhlacht dá
dtugtar fógra, rochtain a fháil ar na láithreáin monaraithe, iniúchta, tástála
agus stórála agus tabharfaidh sé an fhaisnéis go léir is gá dó, go háirithe: (a)
na doiciméid a bhaineann leis an gcóras cáilíochta; (b)
na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha
cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha cáilíochta
ar an bpearsanra atá i gceist, etc. 4.3. Déanfaidh an
comhlacht dá dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla uair amháin gach dhá bhliain
ar a laghad lena áirithiú go ndéanann an monaróir cothabháil ar an gcóras
cáilíochta agus go gcuireann sé i bhfeidhm é agus tabharfaidh sé tuarascáil
iniúchta don mhonaróir. 4.4.
Ina theannta sin, féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra cuairteanna gan
choinne a thabhairt ar an monaróir. Le linn cuairteanna den sórt sin féadfaidh
an comhlacht dá dtugtar fógra, más gá, tástálacha a dhéanamh ar an táirge, nó
socrú lena ndéanamh, d’fhonn a dheimhniú go bhfuil an córas cáilíochta ag
feidhmiú mar is ceart. Cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil ar
fáil don mhonaróir maidir lena chuairt agus, má rinneadh tástálacha, gheobhaidh
sé tuairisc maidir leis an tástáil. 5. Comhartha CE agus dearbhú comhréireachta AE 5.1.
Greamóidh an monaróir an comhartha CE agus, faoi chúram an chomhlachta dá
dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3.1, uimhir aitheantais an
chomhlachta sin de gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta aonair atá i
gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú cineáil an AE
agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin. Má aontaíonn an
comhlacht dá dtugtar fógra agus faoina chúram siúd, féadfaidh an monaróir
uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a ghreamú de na fochórais nó
de na comhpháirteanna sábháilteachta le linn an phróisis monaraíochta. 5.2.
Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE maidir le gach fochóras nó
comhpháirt sábháilteachta a tharraingt suas agus beidh cóip ar fáil do na
húdaráis náisiúnta ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt
sábháilteachta a chur ar an margadh. Aithneoidh an dearbhú comhréireachta AE an
fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta dar tarraingíodh suas é. Déanfar
cóip den dearbhú comhréireachta AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna
iarraidh sin. 6. Coinneoidh an
monaróir, ar feadh tréimhse 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt
sábháilteachta deiridh a chur ar an margadh, iad seo a leanas ar fáil do na
húdaráis náisiúnta: (a)
na doiciméid dá dtagraítear i bpointe 3.1; (b)
an t‑athrú dá dtagraítear i bpointe 3.5,
arna fhormheas; (c)
cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta dá dtugtar
fógra dá dtagraítear i bpointí 3.5, 4.3 agus 4.4. 7. Cuirfidh gach
comhlacht dá dtugtar fógra a údaráis a thugann fógra ar an eolas maidir le
córais cháilíochta a dtarraingítear siar a gcuid gceadanna, agus cuirfidh sé ar
fáil, go tréimhsiúil nó arna iarraidh air, dá údaráis a thugann fógra faisnéis
a bhaineann le measúnachtaí ar chórais cháilíochta. Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra na
comhlachtaí eile dá dtugtar fógra ar an eolas maidir le ceadanna córas
cáilíochta a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí, a tarraingíodh siar nó ar
cuireadh srian orthu ar aon bhealach eile, ag tabhairt na gcúiseanna lena
chinneadh. 8. Ionadaí
údaraithe Féadfaidh a
ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra atá leagtha amach i bpointí 3.1,
3.5, 5 agus 6 a chomhlíonadh, thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar
choinníoll go sonraítear sa sainordú iad. IARSCRÍBHINN VI NÓSANNA
IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA D’FHOCHÓRAIS AGUS DO CHOMHPHÁIRTEANNA
SÁBHÁILTEACHTA: MODÚL F: CINEÁL‑CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR FHÍORÚ
FOCHÓRAS NÓ COMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA 1. Is ionann
cineál-chomhréireacht arna bunú ar fhíorú fochóras nó comhpháirteanna
sábháilteachta agus an chuid sin de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina
gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí atá leagtha síos i bpointí 3.2, 3.5.1
agus 3.6, agus ina n‑áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé faoin
fhreagracht aonair atá air go bhfuil na fochórais nó na comhpháirteanna
sábháilteachta lena mbaineann, a bhí faoi réir fhorálacha phointe 3.3, i
gcomhréir leis an gcineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú ar scrúdú cineáil
an AE agus go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo. 2.
Monarú Déanfaidh
an monaróir gach beart is gá ionas go n‑áiritheoidh an próiseas
monaraíochta agus faireachán an phróisis comhréireacht na bhfochóras monaraithe
nó na gcomhpháirteanna sábháilteachta leis an gcineál formheasta a thuairiscítear
sa deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus le ceanglais an Rialacháin seo. 3.
Fíorú 3.1.
Cuirfidh an monaróir isteach iarratas ar fhíorú fochóras nó comhpháirteanna
sábháilteachta chuig a rogha comhlachta dá dtugtar fógra. Beidh
na nithe seo a leanas san iarratas: (a)
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t‑ionadaí
údaraithe a chuireann an t‑iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh
freisin; (b)
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t‑iarratas
céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra; (c)
an fhaisnéis iomchuí go léir maidir leis na
fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta a formheasadh faoi mhodúl B; (d)
an doiciméadacht theicniúil maidir leis an gcineál
formheasta agus cóip den deimhniú (deimhnithe) ar scrúdú cineáil AE; (e)
sonraí an áitribh inar féidir (ina monaraítear) an
fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a scrúdú. 3.2 Déanfaidh
an comhlacht dá dtugtar fógra scrúduithe agus tástálacha iomchuí, nó socróidh sé lena ndéanamh, d’fhonn comhréireacht na bhfochóras nó na gcomhpháirteanna
sábháilteachta leis an gcineál formheasta a thuairiscítear sa deimhniú ar
scrúdú cineáil an AE agus le ceanglais iomchuí an Rialacháin seo a sheiceáil. Déanfar
na himscrúduithe agus na tástálacha chun comhréireacht na bhfochóras nó na
gcomhpháirteanna sábháilteachta leis na ceanglais iomchuí a sheiceáil, faoi
rogha an mhonaróra, trí scrúdú agus tástáil a dhéanamh ar gach fochóras nó
comhpháirt sábháilteachta mar atá sonraithe i bpointe 4 nó trí scrúdú agus
tástáil a dhéanamh ar na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta ar
bhonn staitistiúil mar atá sonraithe i bpointe 5. 4.
Fíorú comhréireachta trí scrúdú agus tástáil a dhéanamh ar gach fochóras nó
comhpháirt sábháilteachta 4.1.
Déanfar scrúdú aonair ar gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta agus déanfar
tástálacha iomchuí mar atá leagtha amach sa chaighdeán (sna caighdeáin)
comhchuibhithe ábhartha, nó tástálacha coibhéiseacha, d’fhonn comhréireacht a
fhíorú leis an gcineál formheasta a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú
cineáil an AE agus le ceanglais iomchuí an Rialacháin seo. In
éagmais caighdeán comhchuibhithe den sórt sin, cinnfidh an comhlacht sin dá
dtugtar fógra cé na tástálacha iomchuí a dhéanfar. 4.2.
Eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú comhréireachta maidir leis na
scrúduithe agus na tástálacha arna ndéanamh, agus greamóidh sé a uimhir
aitheantais de gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta fhormheasta nó socróidh sé go ngreamófar í faoina chúram. Coinneoidh
an monaróir na deimhnithe comhréireachta ionas go mbeidh siad ar fáil ag na
húdaráis náisiúntalena n‑imscrúdú ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras
nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh. 5.
Fíorú staitistiúil comhréireachta 5.1.
Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n‑áiritheofar sa
phróiseas monaraíochta agus i bhfaireachán an phróisis aonchineálacht gach
baisce a tháirgtear, agus go gcuirfidh sé a fhochóras nó a chomhpháirt
sábháilteachta i láthair i gcomhair fíoraithe i bhfoirm baisceanna
aonchineálacha. 5.2.
Tógfar sampla randamach ó gach baisc de réir cheanglais an Rialacháin seo.
Déanfar scrúdú aonair ar na fochórais nó ar na comhpháirteanna sábháilteachta
go léir sa sampla agus déanfar tástálacha iomchuí orthu mar atá leagtha amach
sa chaighdeán (sna caighdeáin) comhchuibhithe ábhartha nó sonraíochtaí
teicniúla, nó tástálacha coibhéiseacha, d’fhonn a gcomhréireacht a áirithiú
leis an gcineál formheasta a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú cineáil an AE
agus le ceanglais iomchuí an Rialacháin seo d’fhonn a chinneadh lena chinneadh
an nglacfar leis an mbaisc nó an ndiúltófar di. In éagmais caighdeán
comhchuibhithe den sórt sin, glacfaidh an comhlacht sin dá dtugtar fógra
cinneadh maidir leis na tástálacha iomchuí a dhéanfar. 5.3.
I gcás ina nglactar le baisc, measfar na fochórais nó na comhpháirteanna
sábháilteachta go léir sa bhaisc a bheith formheasta, ach amháin na fochórais
nó na comhpháirteanna sábháilteachta sin ón sampla nár chomhlíon na tástálacha. Eiseoidh
an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú comhréireachta maidir leis na scrúduithe
agus na tástálacha arna ndéanamh, agus greamóidh sé a uimhir aitheantais de
gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta fhormheasta nó socróidh
sé go ngreamófar í faoina chúram. Coinneoidh
an monaróir na deimhnithe comhréireachta ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar
feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar
an margadh. 5.4.
Má dhiúltaítear do bhaisc, glacfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra nó an t‑údarás
inniúil bearta iomchuí ionas nach gcuirfear an bhaisc sin ar an margadh. I gcás
ina ndiúltaítear do bhaisceanna go minic, féadfaidh an comhlacht dá dtugtar
fógra an fíorú staitistiúil a chur ar fionraí agus bearta iomchuí a ghlacadh. 6.
Comhartha CE agus dearbhú comhréireachta AE 6.1.
Greamóidh an monaróir an comhartha CE agus, faoi chúram an chomhlachta dá
dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3, uimhir aitheantais an
chomhlachta sin de gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta aonair atá i
gcomhréir leis an gcineál formheasta a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú
cineáil an AE agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. 6.2. Déanfaidh an
monaróir dearbhú comhréireachta AE maidir le gach fochóras nó comhpháirt
sábháilteachta a tharraingt suas agus beidh sé ar fáil do na húdaráis
náisiúnta, ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt
sábháilteachta a chur ar an margadh. Aithneoidh an dearbhú comhréireachta AE an
fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta dar tarraingíodh suas é. Déanfar cóip den
dearbhú comhréireachta AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh
sin. Déanfar cóip den dearbhú comhréireachta AE a chur ar fáil
arna iarraidh sin. Má aontaíonn an
comhlacht dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3 agus faoina chúram
siúd, féadfaidh an monaróir uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra
a ghreamú de na fochórais nó de na comhpháirteanna sábháilteachta. 7. Má aontaíonn an
comhlacht dá dtugtar fógra agus faoina chúram siúd, féadfaidh an monaróir
uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a ghreamú de na fochórais nó
de na comhpháirteanna sábháilteachta le linn an phróisis monaraithe. 8.
Ionadaí údaraithe Féadfaidh
a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra atá leagtha amach i bpointe 2
agus i bpointe 5.1 a chomhlíonadh, thar a cheann agus faoina fhreagracht,
ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú. IARSCRÍBHINN VII NÓSANNA
IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA D’FHOCHÓRAIS AGUS DO CHOMHPHÁIRTEANNA
SÁBHÁILTEACHTA: MODÚL G: COMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR FHÍORÚ AONAID 1. Is ionann comhréireacht arna bunú ar fhíorú
aonaid agus an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an
monaróir na hoibleagáidí atá leagtha síos i bpointí 4.2, 4.3 agus 4.5, agus ina
n‑áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé faoin fhreagracht aonair atá air go
bhfuil an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta lena mbaineann, a bhí faoi
réir fhorálacha phointe 4.4, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo. 2. Monarú Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas
go n‑áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus faireachán an phróisis
comhréireacht an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta monaraithe le
ceanglais an Rialacháin seo. 3. Fíorú 3.1. Cuirfidh an
monaróir isteach iarratas ar fhíorú aonaid fochórais nó comhpháirte
sábháilteachta chuig a rogha comhlachta dá dtugtar fógra. Beidh na nithe seo
a leanas san iarratas: (a)
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t‑ionadaí
údaraithe a chuireann an t‑iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh
freisin; (b)
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t‑iarratas
céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra; (c)
an doiciméadacht theicniúil don fhochóras agus/nó
don chomhpháirt sábháilteachta i gcomhréir le hIarscríbhinn IX; (d)
sonraí an áitribh inar féidir (ina monaraítear) an
fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a scrúdú. 3.2 Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar
fógra scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil don fhochóras nó don chomhpháirt
sábháilteachta agus déanfaidh sé na scrúduithe agus tástálacha iomchuí, mar atá
leagtha amach sna caighdeáin chomhchuibhithe agus sna sonraíochtaí teicniúla, nó
tástálacha coibhéiseacha, lena áirithiú go mbeidh siad i gcomhréir le ceanglais
infheidhme an Rialacháin seo, nó socróidh sé go ndéanfar iad. In éagmais
caighdeán comhchuibhithe agus sonraíocht theicniúil den sórt sin, glacfaidh an
comhlacht sin dá dtugtar fógra cinneadh maidir leis na tástálacha iomchuí a
dhéanfar. Eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra
deimhniú comhréireachta maidir leis na scrúduithe agus na tástálacha arna
ndéanamh agus greamóidh sé a uimhir aitheantais den fhochóras nó den
chomhpháirt sábháilteachta fhormheasta, nó socróidh sé go ngreamófar í faoina
chúram. Má dhiúltaíonn an comhlacht dá dtugtar fógra
deimhniú comhréireachta a eisiúint, luafaidh sé go mionchruinn na cúiseanna
leis an diúltú agus cuirfidh sé in iúl na bearta ceartaitheacha is gá a
ghlacadh. Nuair a dhéanann an monaróir iarratas in
athuair ar fhíorú aonaid an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta lena
mbaineann, déanfaidh sé iarratas chuig an gcomhlacht céanna dá dtugtar fógra. Arna iarraidh sin, tabharfaidh an comhlacht dá
dtugtar fógra cóip den deimhniú comhréireachta don Choimisiún agus do na
Ballstáit. Coinneoidh an monaróir an
doiciméadacht theicniúil agus cóip den deimhniú comhréireachta agus beidh siad
ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an
chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh. 4. Comhartha CE agus
dearbhú comhréireachta AE 4.1. Greamóidh an monaróir
an comhartha CE agus, faoi chúram an chomhlachta dá dtugtar fógra dá
dtagraítear i bpointe 4, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach
fochóras nó comhpháirt sábháilteachta aonair a chomhlíonann ceanglais
infheidhme an Rialacháin seo. 4.2. Déanfaidh an monaróir
dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas agus beidh sé ar fáil do na
húdaráis náisiúnta, ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt
sábháilteachta a chur ar an margadh. Aithneoidh an dearbhú comhréireachta AE an
fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta dar tarraingíodh suas é. Déanfar cóip den dearbhú
comhréireachta AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin. 5. Ionadaí údaraithe Féadfaidh a ionadaí
údaraithe oibleagáidí an mhonaróra atá leagtha amach i bpointe 3.1 agus i
bpointe 4 a chomhlíonadh, thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar
choinníoll go sonraítear sa sainordú iad. IARSCRÍBHINN VIII NÓSANNA
IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA D’FHOCHÓRAIS AGUS DO CHOMHPHÁIRTEANNA
SÁBHÁILTEACHTA: MODÚL H: COMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR DHEARBHÚ CÁILÍOCHTA IOMLÁN 1. Is ionann comhréireacht arna bunú
ar dhearbhú cáilíochta iomlán agus an nós imeachta um measúnú comhréireachta
ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí atá leagtha síos i bpointe 2
agus i bpointe 5, agus ina n‑áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé
faoin fhreagracht aonair atá air go gcomhlíonann na fochórais nó na comhpháirteanna
sábháilteachta lena mbaineann ceanglais an Rialacháin seo. 2. Monarú Feidhmeoidh an monaróir
córas cáilíochta formheasta maidir le dearadh, monarú agus scrúdú agus tástáil
deiridh na bhfochóras nó na gcomhpháirteanna sábháilteachta atá sonraithe i bpointe 3
agus beidh sé faoi réir faireachais mar atá sonraithe i bpointe 4. 3. Córas cáilíochta 3.1. Cuirfidh an monaróir isteach iarratas ar
mheasúnú ar a chóras cáilíochta chuig a rogha comhlachta dá dtugtar fógra,
maidir leis na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta lena mbaineann. Beidh na nithe seo a
leanas san iarratas: (a)
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t‑ionadaí
údaraithe a chuireann an t‑iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh
freisin; (b)
gach faisnéis is gá maidir leis na fochórais nó na
comhpháirteanna sábháilteachta atá le monarú; (c)
an doiciméadacht theicniúili gcomhréir le
hIarscríbhinn IX maidir le cineál ionadaíoch amháin de gach catagóir fochórais
nó comhpháirte sábháilteachta atá le monarú. (d)
na doiciméid a bhaineann leis an gcóras cáilíochta; (e)
sonraí an áitribh ina ndéantar na fochórais nó na
comhpháirteanna sábháilteachta a dhearadh, a mhonarú, a scrúdú agus a thástáil;
(f)
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t‑iarratas
céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra. 3.2. Áiritheoidh an córas cáilíochta go bhfuil
an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta ag comhlíonadh ceanglais an
Rialacháin seo a bhaineann leis. Déanfar na heilimintí, na
ceanglais agus forálacha uile arna nglacadh ag an monaróir a dhoiciméadú ar
bhealach córasach, ordúil i bhfoirm beartais, nósanna imeachta agus treoracha
scríofa. Ceadóidh doiciméadú an chórais cháilíochta léirmhíniú comhsheasmhach
ar na cláir, pleananna, lámhleabhair agus taifid cháilíochta. Beidh ann, go háirithe,
cur síos leordhóthanach orthu seo a leanas: (a)
na cuspóirí cáilíochta agus an struchtúr
eagrúcháin, freagrachtaí agus cumhachtaí na bainistíochta maidir le dearadh
agus cáilíocht na bhfochóras agus na gcomhpháirteanna sábháilteachta; (b)
na sonraíochtaí maidir leis an dearadh teicniúil,
lena n‑áirítear na caighdeáin, a chuirfear i bhfeidhm agus, i gcás nach
gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm go hiomlán, an modh
a úsáidfear lena áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais riachtanacha an Rialacháin
seo; (c)
na teicnící, na próisis agus
gníomhaíochtaí córasacha um rialú deartha agus um fhíorú deartha, a úsáidfear
nuair a bheidh na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta á ndearadh. (d)
na teicnící, na próisis agus na
gníomhaíochtaí córasacha comhfhreagracha monaraíochta, um rialú cáilíochta agus
um dhearbhú cáilíochta, a úsáidfear; (e)
na scrúduithe agus na
tástálacha a chuirfear i gcrích roimh mhonarú, lena linn agus dá éis, agus a
mhinice a chuirfear i gcrích iad; (f)
na taifid cháilíochta, amhail
tuairiscí cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuairiscí
cáilíochta maidir leis an bpearsanra atá i gceist, etc.; (g)
an tslí ina ndéanfar faireachán
ar cháilíocht riachtanach an deartha agus an táirge agus ar oibriú éifeachtúil
an chórais cháilíochta. 3.3. Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra
an córas cáilíochta a mheasúnú chun cinneadh a dhéanamh an gcomhlíonann sé na
ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2 nó nach gcomhlíonann. Toimhdeofar comhréireacht leis na ceanglais sin maidir le
gnéithe an chórais cháilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí comhfhreagracha an
chaighdeáin náisiúnta lena gcuirtear an caighdeán comhchuibhithe ábhartha
agus/nó an tsonraíocht theicniúil i bhfeidhm. Áireofar san iniúchadh
cuairt measúnaithe chuig an áitreabh ina ndéantar na fochórais nó na
comhpháirteanna sábháilteachta a dhearadh, a mhonarú, a scrúdú agus a thástáil. Chomh maith le cleachtadh
ar chórais bhainistíochta cáilíochta, beidh ar an bhfoireann iniúchta ball
amháin ar a laghad ag a bhfuil taithí mar mheasúnóir sa réimse suiteálacha
cábla‑bhealaigh agus i dteicneolaíocht na bhfochóras nó na
gcomhpháirteanna sábháilteachta atá i gceist, agus eolas ar cheanglais
infheidhme an Rialacháin seo. Athbhreithneoidh an fhoireann iniúchóireachta
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1 chun fíorú a
dhéanamh ar chumas an mhonaróra ceanglais infheidhme an Rialacháin seo a
shainaithint agus na scrúduithe is gá a chur i gcrích d'fhonn a áirithiú go
gcomhlíonfaidh na fochórais nó na comhpháirteanna sábháilteachta na ceanglais
sin. Cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra an
monaróir nó a ionadaí údaraithe ar an eolas maidir lena chinneadh. Beidh san
fhógra conclúidí an iniúchta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe. 3.4. Geallfaidh an monaróir go gcomhlíonfaidh
sé na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcóras cáilíochta mar atá formheasta agus
é a chothabháil ionas go mbeidh sé leormhaith agus éifeachtúil i gcónaí. 3.5 Coinneoidh
an monaróir an comhlacht dá dtugtar fógra agus a bhfuil an córas cáilíochta
formheasta aige ar an eolas maidir le haon athrú beartaithe ar an gcóras
cáilíochta. Déanfaidh an comhlacht dá
dtugtar fógra meastóireacht ar aon athruithe beartaithe agus cinnfidh sé an
leanfaidh an córas cáilíochta modhnaithe de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2
a chomhlíonadh nó an bhfuil gá le hathmheasúnú a dhéanamh. Cuirfidh sé an monaróir ar
an eolas faoi thoradh na meastóireachta. I gcás ina gcaithfear athmheasúnú a
dhéanamh, cuirfidh sé an monaróir ar an eolas faoina chinneadh. Beidh san
fhógra conclúidí an mheasúnaithe agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe. 4. Faireachas faoi chúram an chomhlachta dá
dtugtar fógra 4.1. Is é is aidhm d'fhaireachas a áirithiú go
gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a eascraíonn ón gcóras cáilíochta
formheasta. 4.2. Tabharfaidh an monaróir, chun críocha
measúnaithe, cead don chomhlacht dá dtugtar fógra, rochtain a fháil ar na
láithreáin dearaidh, monaraithe, iniúchta, tástála agus stórála agus
tabharfaidh sé an fhaisnéis go léir is gá dó, go háirithe: (a)
an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras
cáilíochta; (b)
na taifid cháilíochta dá
bhforáiltear i gcuid an deartha den chóras cáilíochta, amhail torthaí na n‑anailísí,
ríomhanna, tástálacha, etc.; (c)
na taifid cháilíochta dá
bhforáiltear i gcuid an mhonaraithe den chóras cáilíochta, amhail tuairiscí
cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuairiscí cáilíochta
maidir leis an bpearsanra lena mbaineann, etc. 4.3. Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra
iniúchtaí tréimhsiúla lena áirithiú go ndéanann an monaróir cothabháil ar an
gcóras cáilíochta agus go gcuireann sé i bhfeidhm é agus tabharfaidh sé
tuairisc iniúchta don mhonaróir. Beidh minicíocht na n‑iniúchtaí
tréimhsiúla leagtha amach ar bhealach a chiallóidh go ndéanfar athmheasúnú
iomlán gach trí bliana. 4.4. Ina theannta sin, féadfaidh
an comhlacht dá dtugtar fógra cuairteanna gan choinne a thabhairt ar an
monaróir. Le linn cuairteanna den
sórt sin, féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra, más gá, tástálacha a dhéanamh
ar an táirge, nó socrú lena ndéanamh, d’fhonn feidhmiú ceart an chórais
cháilíochta a sheiceáil. Tabharfaidh sé tuairisc don
mhonaróir maidir lena chuairt agus, má rinneadh tástálacha, gheobhaidh sé
tuairisc maidir leis an tástáil. 5. Comhartha CE
agus dearbhú comhréireachta AE 5.1 Greamóidh an
monaróir an comhartha CE agus, faoi chúram an chomhlachta dá dtugtar fógra dá
dtagraítear i bpointe 3.1, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach
fochóras nó comhpháirt sábháilteachta aonair atá i gcomhréir leis an gcineál a
thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus a chomhlíonann
ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. Má aontaíonn an comhlacht
dá dtugtar fógra agus faoina chúram siúd, féadfaidh an monaróir uimhir
aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a ghreamú de na fochórais nó de na
comhpháirteanna sábháilteachta le linn an phróisis monaraithe. 5.2 Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE
maidir le gach fochóras nó comhpháirt sábháilteachta a tharraingt suas agus
beidh cóip ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 30 bliain tar éis an fochóras
nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh. Aithneoidh an dearbhú
comhréireachta AE an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta dar tarraingíodh
suas é. Déanfar cóip den dearbhú
comhréireachta AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin. 6. Déanfaidh an monaróir,
ar feadh tréimhse 30 bliain tar éis an fochóras nó an chomhpháirt
sábháilteachta dheiridh a chur ar an margadh, iad seo a leanas a choimeád ar
fáil do na húdaráis náisiúnta: (a)
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1(c); (b)
an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras
cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 3.1; (c)
an doiciméadacht a bhaineann
leis an athrú dá dtagraítear i bpointe 3.5, arna fhormheas; (d)
cinntí agus tuairiscí an
chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointí 3.3, 3.5, 4.3 agus 4.4. 7. Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra a
údaráis a thugann fógra ar an eolas maidir le córais cháilíochta a n‑eisítear
nó a dtarraingítear siar a gcuid ceadanna, agus cuirfidh sé ar fáil, go
tréimhsiúil nó arna iarraidh air, dá údaráis a thugann fógra liosta de na
ceadanna córas cáilíochta a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh
srian orthu ar aon bhealach eile. Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra na
comhlachtaí eile dá dtugtar fógra ar an eolas maidir le ceadanna córas
cáilíochta a rinne sé a dhiúltú, a chur ar fionraí, nó a tharraingt siar, agus
de cheadanna a d’eisigh sé maidir le córas cáilíochta. 8. Ionadaí údaraithe Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an
mhonaróra atá leagtha amach i bpointí 3.1, 3.5, 5 agus 6 a chomhlíonadh, thar a
cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad. IARSCRÍBHINN IX DOICIMÉADACHT THEICNIÚIL D’FHOCHÓRAIS AGUS DO CHOMHPHÁIRTEANNA
SÁBHÁILTEACHTA: (1)
Fágfaidh an doiciméadacht theicniúil go bhféadfar
measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an fhochórais nó na comhpháirte
sábháilteachta le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo agus beidh ann anailís
agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí. Sonrófar
sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais infheidhme agus cumhdófar ann, chomh
fada agus is ábhartha don mheasúnú comhréireachta, dearadh, monarú agus oibriú
an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta. (2)
Beidh sa doiciméadacht
theicniúil, na gnéithe seo a leanas ar a laghad: (a)
tuairisc ghinearálta ar an bhfochóras nó ar an
gcomhpháirt sábháilteachta, (b)
líníochtaí agus léaráidí
deartha agus monaraithe na gcomhpháirteanna, na bhfochóimeálacha, na gciorcad
etc. agus na tuairiscí agus na mínithe is gá chun tuiscint a fháil ar na
líníochtaí agus na léaráidí sin agus ar oibriú an fhochórais nó na comhpháirte
sábháilteachta; (c)
liosta de na caighdeáin
chomhchuibhithe agus/nó na sonraíochtaí teicniúla eile ar foilsíodh a gcuid
tagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, atá i bhfeidhm go
hiomlán nó go páirteach, agus tuairisc ar na réitigh arna nglacadh chun
freastal ar cheanglais riachtanacha an Rialacháin seo i gcás nár cuireadh na
caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm. I gcás caighdeáin chomhchuibhithe a
bheith i bhfeidhm go páirteach, sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na codanna
a cuireadh i bhfeidhm; (d)
an fhianaise thacaíochta maidir
le leordhóthanacht an deartha, lena n‑áirítear torthaí aon ríomhanna,
scrúduithe nó tástálacha ar an dearadh arna ndéanamh ag an monaróir nó thar a
cheann agus na tuarascálacha gaolmhara; (e)
cóip de na treoracha don
fhochóras nó don chomhpháirt sábháilteachta; (f)
i gcás fochórais, cóip de na
Dearbhuithe comhréireachta AE maidir leis na comhpháirteanna sábháilteachta atá
mar chuid den fhochóras. IARSCRÍBHINN X DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA AE D’FHOCHÓRAIS AGUS DO CHOMHPHÁIRTEANNA
SÁBHÁILTEACHTA (1)
Beidh an dearbhú comhréireachta AE ag gabháil leis
an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta. Tarraingeofar suas é sa
teanga nó sna teangacha céanna leis an lámhleabhar dá dtagraítear i bpointe 7.1.1
d’Iarscríbhinn II. (2)
Beidh na gnéithe seo a leanas i
ndearbhú comhréireachta AE: (a)
Múnla an fhochórais/na comhpháirte sábháilteachta
(táirge, baisc, cineál nó sraithuimhir). (b)
Ainm agus seoladh an mhonaróra
agus, más infheidhme, ainm agus seoladh a ionadaí údaraithe. (c)
Is faoi fhreagracht an
mhonaróra amháin a eisítear an dearbhú comhréireachta seo. (d)
Cuspóir an dearbhaithe
(aitheantas an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta trína ndéantar
inrianaitheacht. Féadfaidh go mbeidh, más gá d’fhonn an fochóras nó an
chomhpháirt sábháilteachta a aithint, íomhá ag gabháil leis): –
tuairisc ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt
sábháilteachta (cineál, etc.); –
an nós imeachta um measúnú comhréireachta a
leanadh; –
ainm agus seoladh an chomhlachta dá dtugtar fógra a
rinne an measúnú comhréireachta; –
tagairt don deimhniú ar scrúdú cineáil an AE mar
aon le sonraí, lena n‑áirítear a dháta, agus nuair is iomchuí, faisnéis
maidir le fad agus coinníollacha a bhailíochta; –
gach foráil iomchuí nach mór don chomhpháirt a
chomhlíonadh agus, go háirithe, na coinníollacha úsáide. (e)
Tá cuspóir an dearbhaithe a bhfuil tuairisc air
thuas i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais: …………….
(tagairt d’Achtanna eile an Aontais a cuireadh i bhfeidhm): (f)
Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha
a úsáideadh nó tagairtí do na sonraíochtaí lena ndearbhaítear comhréireacht: (g)
Chomhlíon an comhlacht nó na comhlachtaí dá dtugtar
fógra ... (ainm, seoladh, uimhir) ... (tuairisc ar an idirghabháil) ... agus
d’eisigh sé an deimhniú (na deimhnithe): ... (h)
- aitheantas an duine a bhfuil sé de chumhacht aige
síniú thar ceann an mhonaróra nó a ionadaí údaraithe; (i)
Faisnéis bhreise: Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann: ……………………. (áit agus dáta eisiúna): (ainm, feidhm) (síniú): IARSCRÍBHINN XI TÁBLA COMHGHAOIL Treoir 2000/9/CE || An Rialachán seo ___ || Airteagal 1 Airteagal 1(1) || Airteagal 2(1) Airteagal 1(2) || Airteagal 3(1) Airteagal 1(3) || Airteagal 3(7) go 3(9) Airteagal 1(4) an chéad agus an dara fomhír || ___ Airteagal 1(4) an tríú fomhír || Airteagal 8(3) Airteagal 1(5) || Airteagal 3(1), (3) go (6) Airteagal 2 || ___ Airteagal 3 || Airteagal 6 ___ || Airteagail 3(10) go (27) Airteagal 4 || Airteagal 8 Airteagal 5(1) || Airteagal 4(1) agus (2) Airteagal 5(2) || Airteagal 3 Airteagal 6 || Airteagal 7 Airteagal 7 || Airteagal ___ Airteagal 8 || Airteagal 4(1) agus (2) Airteagal 9 || Airteagal 4(1) agus (2) Airteagal 10 || ___ Airteagal 11(1) || Airteagal 9(1) Airteagal 11(2) || Airteagal 4(2) Airteagal 11(3) || ___ Airteagal 11(4) || ___ Airteagal 11(5) || ___ Airteagal 11(6) || ___ Airteagal 11(7) || ___ ___ || Airteagal 11 ___ || Airteagal 12 ___ || Airteagal 13 ___ || Airteagal 14 ___ || Airteagal 15 ___ || Airteagal 16 Airteagal 12 || Airteagal 9(4) Airteagal 13 || Airteagal 10(1) Airteagal 14 || Airteagal ___ Airteagal 15 || Airteagal 10(2) Airteagal 16 || ___ ___ || Airteagal 17 ___ || Airteagal 18 ___ || Airteagal 19 ___ || Airteagal 20 ___ || Airteagal 21 ___ || Airteagal 22 ___ || Airteagal 23 ___ || Airteagal 24 ___ || Airteagal 25 ___ || Airteagal 26 ___ || Airteagal 27 ___ || Airteagal 28 ___ || Airteagal 29 ___ || Airteagal 30 ___ || Airteagal 31 ___ || Airteagal 32 ___ || Airteagal 33 ___ || Airteagal 34 ___ || Airteagal 35 ___ || Airteagal 36 ___ || Airteagal 37 ___ || Airteagal 38 Airteagal 17 || Airteagal 39 Airteagal 18 || ___ Airteagal 19 || ___ Airteagal 20 || ___ Airteagal 21 || ___ Airteagal 22 || ___ Airteagal 23 || ___ ___ || Airteagal 40 ___ || Airteagal 41 ___ || Airteagal 42 ___ || Airteagal 43 Iarscríbhinn I || Iarscríbhinn I Iarscríbhinn II || Iarscríbhinn II Iarscríbhinn III || Iarscríbhinn III Iarscríbhinn IV || Iarscríbhinn IX Iarscríbhinn V || Iarscríbhinní IV go VIII Iarscríbhinn VI || Iarscríbhinn IX Iarscríbhinn VII || Iarscríbhinní IV go VIII Iarscríbhinn VIII || __ Iarscríbhinn IX || __ __ || Iarscríbhinn X