DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR A ghabhann leis an doiciméad togra maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 /* SWD/2013/0236 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN
CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ
TIONCHAIR A ghabhann leis an doiciméad togra maidir le Rialachán ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus
fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar agus lena
leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 1. SAINIÚ NA FAIDHBE Tá an AE tiomanta
go láidir cuspóir na haeráide a bhaint amach is é sin teorainn a chur leis an
méadú ar an meánteocht domhanda go dtí níos lú ná 2 chéim Celsius os cionn na leibhéil
a bhí ann sa ré réamhthionsclaíoch. Chuige sin, ar cheann de na
príomhspriocanna sa Straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste,
inbhuanaithe agus uileghabhálach[1] tá laghdú 20 % ar a
laghad a bhaint amach ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa i gcomparáid le
leibhéil 1990 nó iad a laghdú 30 %, faoi na dálaí cearta[2].
De réir reachtaíocht an AE maidir le haeráid agus fuinneamh[3],
ba cheart do gach earnáil den gheilleagar, lena n‑áirítear
loingseoireacht mhuirí idirnáisiúnta, cuidiú chun na laghduithe astaíochtaí sin
a bhaint amach. Tá an loingseoireacht idirnáisiúnta ar an t‑aon earnáil
agus modh iompair nach bhfuil cumhdaithe go dtí seo ar leibhéal an AE ag an
sprioc maidir le hastaíochtaí a laghdú. In ainneoin an fheabhais atá déanta ar
éifeachtúlacht fuinnimh long, lena n‑áirítear feabhas ar éifeachtúlacht
fuinnimh a tugadh isteach le cur chun feidhme an Innéacs Dearaidh um
Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEDI)[4], meastar go dtiocfaidh
méadú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa an AE ó mhuiriompar amach anseo. Meastar
go sroichfidh na hastaíochtaí CO2 a bhaineann le gníomhaíochtaí muiriompair
san Eoraip (lena n‑áirítear bealaí intíre san AE, turais isteach san AE
agus turais amach as an AE) 210 Mt CO2 in 2020 (+8 % i
gcomparáid le 2005), 223 Mt CO2 in 2030 (+15 % i gcomparáid le
2005) agus 271 Mt CO2 in 2050 (+39 % i gcomparáid le 2005)[5]. Tá baint dhíreach ag astaíochtaí gáis cheaptha
teasa ó mhuiriompar le hídiú breosla agus meastar gurb é an breosla suas le 33
% go 63 % de chostais oibriúcháin loinge[6]. Dá réir sin, mar
gheall ar an méadú leanúnach atá tagtha ar phraghsanna breosla le blianta beaga
anuas ba cheart go mbeadh glactha le modhanna teicneolaíochta chun
éifeachtúlacht fuinnimh long a mhéadú agus chun laghdú a dhéanamh, dá bhrí sin,
ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa seachas a bhfuil déanta i bhfírinne, is é
sin rudaí a fhágáil mar atá. Mar sin féin, sainaithníodh i dtaighde a
rinneadh le gairid[7] bearta chun CO2
a laghdú in earnáil an mhuiriompair nach bhfuil á gcur chun feidhme. Tá an
costas iomlán a bhaineann le cuid mhaith de na bearta sin diúltach – i.e. sábháiltear
níos mó airgid ar bhreosla ná na costais infheistíochta atá de dhith chun iad a
chur i bhfeidhm. Cúis amháin nach gcuirtear chun feidhme iad is ea mar gheall ar
bhacainní margaidh. Is iad na príomhbhacainní a aithnítear ná (i) easpa
faisnéise, (ii) dreasachtaí scoilte agus (iii) rochtain ar mhaoiniú. Dá
bharr sin, fiú amháin más príomh-thiománaí é praghas breosla chun laghduithe
astaíochtaí a spreagadh, ní féidir leis an acmhainneacht iomlán atá san earnáil
loingseoireachta maidir le laghduithe astaíochtaí a bhaint amach. Ag an am
céanna, aon bheartas a spreagann laghduithe ar astaíochtaí CO2
spreagann sé coigiltis thábhachtacha ar bhreosla. Fiú má fhaightear réidh le bacainní margaidh, meastar
go dtiocfaidh fás ar astaíochtaí CO2 ón AE i gcúrsaí muiriompair. Go
deimhin, is é an príomh cúis atá leis an méadú ar astaíochtaí CO2 ná
an fás ar thrádáil dhomhanda. 2. Cuspóirí Táthar ag súil go gcuideoidh
earnáil an mhuiriompar idirnáisiúnta leis an gcuspóir atá leagtha amach sa Straitéis
Eoraip 2020 agus ina tionscnaimh shuaitheanta. Níos beaichte ná sin, ba cheart don
mhuiriompar idirnáisiúnta an sprioc shonrach atá sa Pháipéar Bán ar Iompar ón gCoimisiúin
a chomhlíonadh, is é sin laghdú 40 % (50 % más féidir) ar astaíochtaí
CO2 an AE ó bhreoslaí umair muirí a bhaint amach faoin mbliain 2050
i gcomparáid le leibhéil 2005. Ina theannta sin, faoi chuspóirí na Straitéise
Eoraip 2020 d’aithin an Chomhairle Eorpach[8] go dtiocfaidh
deiseanna fáis agus fostaíochta le bearta i gcoinne athraithe aeráide trí
shaineolas a fhorbairt i leith teicneolaíochtaí éicea-éifeachtúla. Dá bhrí sin,
cuirtear forbairt theicneolaíoch chun cinn sna cuspóirí beartais, ag tacú le
nuálaíocht leanúnach i dtionscail an AE a bhaineann le cúrsaí muirí. Ina theannta sin, i ngeall ar an ngné dhomhanda
a bhaineann leis an earnáil mhuirí, bíonn rialáil idirnáisiúnta i gcónaí ar an
rogha is fearr. Dá bhrí sin, cuspóir sonrach eile don AE is ea beartais
réigiúnacha a fhorbairt atá in ann tacú le próiseas na hEagraíochta Muirí
Idirnáisiúnta nó/agus atá in ann bearta a chur chun cinn chun astaíochtaí muirí
a laghdú laistigh den AE agus ar bhonn domhanda. 3. Anailís na coimhdeachta D’fhéadfadh beart ar leibhéal an AE
astaíochtaí CO2 ó mhuiriompar domhanda a laghdú go suntasach. B'ionann
astaíochtaí CO2 ó thurais go dtí calafoirt an AE agus uathu agus180 Mt
CO2 in 2010, i.e. thart ar 1/5 cuid de na hastaíochtaí muirí domhanda[9].
Áirítear leis sin turais laistigh den AE, turais ó chalafoirt san AE chuig an
gcéad chalafort cuarda eile lasmuigh den AE agus turais ón gcalafort cuarda
deireanach lasmuigh den AE chuig an gcéad chalafort san AE. Beidh sé níos éifeachtúla gníomhú ar leibhéal
an AE seachas gníomhú ar leibhéal na mBallstát mar gheall ar ghné Eorpach na loingseoireachta
agus i bhfianaise gurb ionann longa atá ag teacht ó chalafort atá lonnaithe i
mBallstát eile nó atá ag dul chuig Ballstát eile agus 90 % de na longa a
thagann isteach i gcalafoirt i mBallstáit an AE. Ina theannta sin, trí ghníomhú
ar leibhéal an AE d’fhéadfaí saobhadh iomaíochta a sheachaint sa mhargadh
inmheánach trína áirithiú go mbeidh na bacainní comhshaoil chéanna ar longa a
thiocfaidh isteach i gcalafoirt an AE. Trí ghníomhú ar leibhéal an AE, áiritheofar freisin
go mbeidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha
teasa comhchuibhithe ar leibhéal an AE, rud a chuideoidh chun fáil réidh leis
an mbacainn atá ar an margadh maidir le heaspa faisnéise. 4. Roghanna beartas 4.1. Rogha roghanna beartas Toisc go bhfuil sé mar aidhm ag togra ón AE a
bheith mar réamhtheachtaí ag rialachán idirnáisiúnta, tá sé tábhachtach cur le
roghanna beartas a cuireadh i láthair cheana féin i bhfóraim idirnáisiúnta. Tá
na roghanna beartas arna measúnú bunaithe, dá bhrí sin, ar thogra atá cheana
féin ag an IMO. I bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta agus cé
go bhféachtar ar raon beart san anailís seo lena n‑áirítear MBManna,
d’fhógair an Leas-Uachtarán Kallas agus Coimisinéir Hedegaard an
1 Deireadh Fómhair 2012 cur chuige céimnithe maidir le bearta an AE a chur
chun feidhme. Sa chéad chéim déanfar faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí
CO2 ó mhuiriompar idirnáisiúnta. Dá réir sin, measadh tionchar an fhaireacháin
agus an tuairiscithe ar astaíochtaí CO2 mar bheart beartais
neamhspleách, in ainneoin gur réamhriachtanas é scéim den sórt sin maidir le
haon rogha beartas. 4.2. Cur síos ar na roghanna
beartais a bhfuil measúnú déanta orthu 4.2.1. Rogha 1: An cás bunlíne Ní dhéanann an rogha seo ach beartais agus
ionstraimí dlí atá ann cheana a mheas. Dá bharr sin, níltear ag súil go
bhfaighfear réidh le haon bhacainní margaidh leis an rogha seo. Ní chuirtear san
áireamh leis an rogha seo an fhéidearthacht atá ann faoi láthair do na Ballstáit
gníomhaíochtaí nó suiteálacha (i.e. longa nó calafoirt) a áireamh san EU-ETS, i
gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir 2003/87/CE. Níor bhain aon cheann de na
Ballstáit leas as an rogha sin go dtí seo. 4.2.2. Rogha 2: Faireachán,
tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí bunaithe ar ídiú breosla Áiritheofar le faireachán, tuairisciú agus
fíorú (MRV) a dhéanamh ar astaíochtaí bunaithe ar ídiú breosla go mbeidh
faisnéis bheacht ann maidir le feidhmíocht astaíochtaí CO2 loinge.
Dá bhrí sin, rachaidh sé i ngleic leis an mbacainn margaidh a bhaineann le
heaspa faisnéise. Mar sin féin, ní rachaidh sé i ngleic leis na teipeanna sa
mhargadh a bhaineann le dreasachtaí scoilte agus an rochtain ar mhaoiniú. Faoin
rogha seo, déanann longa an faireachán, tuairisciú agus fíorú, bunaithe ar a n‑ídiú
breosla. Cuirtear an t-eolas faoi na hastaíochtaí CO2 ar fáil go
poiblí d’fhonn feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh. 4.2.3. Rogha 3: Tobhach ar
astaíochtaí 4.2.3.1. Fo-rogha 3a: Tobhach ar
dhíolachán breosla umair Tá an rogha seo bunaithe ar an bhfaireachán,
tuairisciú agus fíorú a dhéantar cheana féin ar astaíochtaí bunaithe ar
dhíolacháin breosla[10]. Leagtar síos an bac
carbóin trí ranníocaíocht a dhéanamh le ciste (in €/tCO2). Bheadh aon
athchúrsáil ar fháltais faoi chúram na mBallstát a bheadh ag bailiú an
tobhaigh. Más amhlaidh atá, d’fhéadfaí na fáltais sin a úsáid go teoiriciúil
chun fáil réidh leis an mbacainn margaidh a bhaineann le rochtain ar mhaoiniú. 4.2.3.2. Fo-rogha 3b: Cáin ar
astaíochtaí ó bhreosla ídithe Rachadh an rogha seo i ngleic le dhá bhacainn margaidh:
easpa faisnéise agus dreasachtaí scoilte. I bprionsabal, téann na fáltais a
ghintear isteach sa bhuiséad náisiúnta. Mar sin féin, d’fhéadfadh na Ballstáit
ionstraimí/idirghabhálacha eile a leagan amach go teoiriciúil d’fhonn fáil
réidh leis na bacainní margaidh chomh fada is a bhaineann sé le rochtain ar
mhaoiniú. Sa chás sin amháin, d’fhéadfadh an rogha seo dul i ngleic leis na
bacainní margadh go léir. Déanann longa an faireachán, tuairisciú agus fíorú ar
astaíochtaí, bunaithe ar a n‑ídiú breosla (mar atá i gcás rogha 2).
Leagtar síos an bac carbón trí cháin a íoc atá dlite ar gach tona CO2
a astaítear d’fhonn laghduithe ar astaíochtaí a spreagadh. 4.2.3.3. Fo-rogha 3c: Ciste cúitimh
bunaithe ar ranníocaíochtaí Rachadh an rogha seo i ngleic leis na bacainní
margaidh go léir. Déanann longa an faireachán, tuairisciú agus fíorú, bunaithe
ar a n‑ídiú breosla (mar atá i gcás rogha 2). Leagtar síos an bac carbóin
trí ranníocaíocht dheonach sheasta a íoc (in €/tCO2) d’fhonn
laghduithe ar astaíochtaí a spreagadh. Is gnáthchleachtas é san earnáil mhuirí
cistí a bhunú chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil. D’fhéadfaí ciste
uile-AE a bhunú agus é a bheith de chúram air ranníocaíocht a bhailiú agus fáltas
a athchúrsáil. Is réamhriachtanas é ionstraim chomhlántach (e.g. teorainneacha
luais, etc.) a bhunú d’fhonn a áirithiú go mbeifear rannpháirteach sa chiste
cúitimh bunaithe ar ranníocaíochtaí mar an ionstraim is fearr le haghaidh long[11]. 4.2.4. Rogha 4: An Scéim i ndáil le
Trádáil Astaíochtaí Muirí (ETS) Rachadh na fo-roghanna go léir a mheastar faoin
ETS i ngleic le bacainní margaidh a bhaineann le hinfhaighteacht faisnéise agus
dreasachtaí scoilte. Ina theannta sin, d’fhéadfadh ETS le ceantáil dul i ngleic
freisin leis an mbacainn margaidh a bhaineann le rochtain ar mhaoiniú, má
bhunaítear ionstraimí/idirghabhálacha leordhóthanacha chun fáil réidh leis na
bacainní margaidh sin. Déanann longa an faireachán, tuairisciú agus fíorú ar
astaíochtaí, bunaithe ar a n‑ídiú breosla (mar atá i gcás rogha 2).
Leagtar síos an bac carbóin trí sprioc laghdaithe astaíochtaí CO2 a
leagan síos. Nuair is liúntais nua amháin iad na liúntais
atá údaraithe le tabhairt suas a chruthaítear don earnáil mhuirí, tugtar córas
iata ar an gcóras. Murach sin, meastar gur córas oscailte é. Is féidir liúntais
a thabhairt freisin in aisce nó ar ceant. Meastar na fo-roghanna difriúla seo
chun críocha an mheasúnaithe tionchair seo. 4.2.5. Rogha 5: Ciste cúitimh
spriocbhunaithe Rachadh an rogha seo i ngleic leis na bacainní
margaidh go léir. Déanann longa an faireachán, tuairisciú agus fíorú ar
astaíochtaí, bunaithe ar a n‑ídiú breosla (mar atá i gcás rogha 2). Ní
mór don chabhlach iomlán cloí leis an sprioc laghdaithe astaíochtaí. Ar mhaithe
leis an measúnú tionchair seo, glactar leis go leagtar síos an sprioc ar an
leibhéal céanna le córas trádála astaíochtaí muirí (rogha 4). Áirithítear go
mbeidh comhlíontacht ann le hoibleagáid maidir le "ciste cúitimh" a
bhunú, a bhaineann leis an gcabhlach iomlán, d'fhonn fritháirimh a thabhairt
suas d'údarás inniúil de réir astaíochtaí na hearnála muiriompair a
tuairiscíodh don bhliain roimhe sin. Tá an "ciste cúitimh" sin
freagrach as astaíochtaí na long ar fad a théann isteach i gcalafoirt an AE. Ní
mór do gach long a théann isteach i gcalafort de chuid an AE a bheith mar bhall
den chiste seo. 5. Measúnú tionchair Fiú má shocraítear an sprioc suas go dtí 2050,
tá an measúnú eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta déanta suas go dtí 2030 i
ngeall ar éiginnte an gheilleagair dhomhanda go fadtéarmach. 5.1. Tionchair chomhshaoil Soláthróidh na roghanna uile a bhfuil anailís
déanta orthu, seachas an rogha bunlíne, laghduithe ar astaíochtaí (Tábla 1
thíos). Tábla 1: Laghdú
ar astaíochtaí faoi 2030 || Astaíochtaí faoi 2030 (Mt CO2) || I gcomparáid leis an mbunlíne || Laghduithe astaíochtaí carntha suas go 2030 (Mt CO2) Rogha 1 – Bunlíne || 223.0 || - || - Rogha 2 – Faireachán bunaithe ar ídiú breosla || 218.5 || -2 % || 55.9 Rogha 3 – Tobhach ar astaíochtaí || || || 3a - Tobhach ar dhíolachán breosla umair || 217.0 || -3 % || 40.1 3b - Cáin ar astaíochtaí ó bhreosla ídithe || 186.8 || -16 % || 335.4 3c - Ciste cúitimh bunaithe ar ranníocaíochtaí || 186.8 || -16 % || 335.4 Rogha 4 – ETS Muirí || || || ETS iata || 175.7 || -21 % || 377.1 ETS oscailte le leithdháileadh saor || 186.7 || -16 % || 333.8 ETS oscailte le ceantáil iomlán || 186.8 || -16 % || 336.3 Rogha 5 – Ciste cúitimh spriocbhunaithe || 186.8 || -16 % || 336.3 Foinse: AEA Technology agus eile, 2012 Tá an laghdú ar astaíochtaí a bhainfí amach
leis an ETS iata (rogha 4a) comhsheasmhach le sprioc an Choimisiúin sa Pháipéar
Bán ar Iompar. D'fhéadfadh an laghdú ar astaíochtaí a bhainfí amach le roghanna
oscailte ETS (4b agus 4c) agus an ciste cúitimh spriocbhunaithe (rogha 5) a
bheith comhsheasmhach freisin le sprioc an Choimisiúin sa Pháipéar Bán ar Iompar,
má tá úinéirí long agus oibreoirí long ag ceannach laghduithe ar astaíochtaí
lasmuigh den earnáil a sholáthraítear ó chóras trádála astaíochtaí ina bhfuil
caidhp ar na hastaíochtaí. Níl aon rogha eile in ann laghduithe ar astaíochtaí
a bhaint amach atá comhsheasmhach le sprioc an Choimisiúin sa Pháipéar Bán ar Iompar. 5.2. Tionchair eacnamaíocha Cuirfear coigiltí breosla tábhachtacha ar fáil
le gach ceann de na roghanna beartas a ndearnadh anailís orthu seachas an rogha
bunlíne. Ar leataobh ón bhfaireachán bunaithe ar an mbreosla a ídítear, bheadh
costais bheaga chaipitil agus oibriúcháin bhreise mar thoradh ar na roghanna
beartais. Cé is moite den tobhach ar dhíolachán breosla umair, cúitítear na
costais bhreise sin trí chostais níos ísle ar bhreosla rud a bhféadfadh
glanchoigilteas iomlán suntasach de suas le EUR 52 billiún a bheith mar
thoradh air don earnáil go dtí 2030[12]. Tábla 2: Costais
bhreise na roghanna beartais i gcomparáid leis an mbunlíne, go dtí 2030, ráta
lascaine príobháideach (10 %), figiúir dhiúltacha a léiríonn coigiltis
costais Costais bhreise i gcomparáid leis an mbunlíne suas go dtí 2030 || Costais chaipitil || Costais oibriúcháin (cé is moite de chostais bhreosla) || Costais bhreosla || Costais charbóin || Costais iomlána Faireachán bunaithe ar ídiú breosla || Luach (€bn) || - || +0.6 || -9.4 || - || -8.8 Céatadán || - || +0.3 % || -2.0 % || - || -0.6 % Tobhach ar dhíolachán breosla umair || Luach (€bn) || +2.5 || +1.6 || -4.8 || +66.7 || +66.0 Céatadán || +0.4 % || +0.5 % || -0.8 % || - || +4.5 % Cáin ar astaíochtaí || Luach (€bn) || +2.9 || +0.03 || -55.9 || +26.1 || -26.9 Céatadán || +0.5 % || +0.01 % || -9.6 % || - || -1.8 % Ciste cúitimh bunaithe ar ranníocaíochtaí || Luach (€bn) || +2.9 || +0.03 || -55.9 || +26.1 || -26.9 Céatadán || +0.5 % || +0.01 % || -9.6 % || - || -1.8 % ETS iata || Luach (€bn) || +8.4 || +0.07 || -55.8 || - || -47.3 Céatadán || +1.4 % || +0.02 % || -9.6 % || - || -3.3 % ETS oscailte le leithdháiltí saora || Luach (€bn) || +2.8 || +0.12 || -55.6 || +0.7 || -52.0 Céatadán || +0.4 % || +0.04 % || -9.5 % || - || -3.6 % ETS oscailte le ceantáil iomlán || Luach (€bn) || +3.0 || +0.01 || -56.0 || +30.4 || -22.6 Céatadán || +0.5 % || +0.003 % || -9.6 % || - || -1.5 % Ciste cúitimh spriocbhunaithe || Luach (€bn) || +3.0 || +0.01 || -56.0 || +30.4 || -22.6 Céatadán || +0.5 % || +0.003 % || -9.6 % || - || -1.5 % Foinse: AEA
Technology agus dreamanna eile 2012 Tá an t‑ualach riaracháin ar oibreoirí
long agus ar úinéirí long an‑íseal (níos lú ná 1 % de na costais
oibriúcháin bhliantúla) agus é neamhspleách ar an rogha a ndearnadh anailís
uirthi. Ní dóigh go mbeidh aon tionchar aige ar
saorghluaiseacht earraí. Taispeántar leis an samhaltú nach mbeadh laghdú ar
mhéid na n‑earraí a thrádáiltear laistigh agus lasmuigh den AE mar thoradh
ar aon rogha beartas. Ní dóigh go dtiocfadh méadú ar rátaí lasta, ach
d'fhéadfadh sé tarlú ar bhealaí áirithe. Mar sin féin, taispeántar i measúnú a
rinneadh ar aon tráchtearra ionadaíocha dhéag (arb ionann agus 58 %
d'allmhairí an AE 2010 i bhfoirm luacha) nach mbíonn tionchar ag an méadú a
d'fhéadfadh teacht ar rátaí lasta ar a gcuid praghsanna. Dá bhrí sin, níltear
ag súil go mbeidh aon tionchar suntasach aige ar gheilleagar an AE. Táthar ag súil go mbeidh na costais riaracháin
ar údaráis phoiblí sách íseal (faoi bhun EUR 8 milliún in aghaidh na
bliana i gcás an 27 Ballstát). D'fhéadfaí na costais sin a laghdú má bhíonn
údarás inniúil lárnach as an AE i gceannas agus mura gcumhdaítear sa rialachán
ach longa os cionn 5000 GT. 5.3. Tionchair shóisialta Níltear ag súil leis an bhfaireachán bunaithe
ar bhreosla a ídítear (rogha 2) go mbeidh tionchair shóisialta bhreise ar chás
an bhunlíne, ach d'fhéadfadh roinnt soláthraithe breosla umair san AE a dhúnadh
mar gheall ar an tobhach ar dhíolachán breosla umair (rogha 3a), toisc go
bhféadfaí na díolacháin a laghdú suas le 90 %. Ní chaillfí aon phoist mar
gheall ar na roghanna eile go léir, ach thiocfadh méadú nó laghdú beag ar
fhostaíocht i gcoibhneas leis an mbunlíne. Toisc go mbeadh laghduithe ar thomhaltas breosla
umair agus dá bharr sin laghduithe ar OX, SOX agus PM i
gceist le gach rogha, beifear ag súil go mbeidh tionchar an‑dearfach ar
chúrsaí sláinte. 6. Comparáid idir na roghanna Ag glacadh le treoirlínte an mheasúnaithe
tionchair agus 9 bprionsabal an IMO chun bearta atá margadhbhunaithe a cheapadh,
forbraíodh na critéir seo a leanas chun comparáid a dhéanamh idir na roghanna:
an cumas fáil réidh le bacainní margaidh, éifeachtacht chomhshaoil,
leochaileacht (neamhchosaint/baol imghabhála), infhorghníomhaitheacht,
iomaíochas loingseoireachta, iomaíochas an AE, gníomhaíochtaí á spreagadh ag
comhlachtaí eile, lena n‑áirítear an IMO, agus comhsheasmhacht le
beartais ghaolmhara an AE. Mar fhocal scoir agus i gcomhréir leis an gcur
chuige céimnithe arna bheartú ag an Leas‑Uachtarán Kallas agus ag
Coimisinéir Hedegaard, ba cheart faireachán ar bhreosla a ídítear (rogha 2) a
mheas mar an rogha a bheadh mar chéad chéim riachtanach le haghaidh roghanna
beartas eile a mbeadh buntáistí níos substaintiúla mar thoradh orthu i dtéarmaí
tionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta. I gcás na gcéad chéimeanna eile i ndiaidh chur
chun feidhme an fhaireacháin agus an tuairiscithe, is léir nach bhfuil tobhach
ar díolachán breosla umair (rogha 3a) oiriúnach mar bheart réigiúnach i ngeall
ar na costais mhóra a bhaineann leis, an tionchar sóisialta a bheadh aige agus
an baol imghabhála. Téann na roghanna beartas eile i ngleic le tiománaithe
fadhbanna[13] agus baintear amach an
cuspóir comhshaoil leo, cé go bhfuil sé difriúil. Ba cheart aon chinneadh a
dhéanfar sa deireadh thiar maidir le bearta bunaithe ar an margadh a ailíniú
leis an rogha a thiocfaidh chun cinn ó na breithniúcháin iomchuí a dhéanfar ag
an IMO. 7. Faireachán agus Meastóireacht Tá na príomhtháscairí chun faireachán agus
meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo astaíochtaí gáis
cheaptha teasa a laghdú ó mhuiriompar bainteach le hastaíochtaí CO2
ó mhuiriompar. Measfar táscairí eile freisin d'fhonn tionchar foriomlán na reachtaíochta
AE a mheas. [1] COM(2011) 21, féach:
http://ec.europa.eu/resource-efficient‑europe [2] COM(2010)2020, 3.3.2010 [3] Cinneadh maidir le comhroinnt díchill Uimh 406/2009/CE
aithris 2 agus Treoir ETS an AE 2009/29/CE aithris 3 [4] Leagann an EEDI arna nglacadh ag an IMO i mí Iúil 2011, na
caighdeáin theicniúla amach chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú i gcás
catagóirí áirithe long nua. [5] Ricardo-AEA Technology agus eile,
2013 [6] Ricardo-AEA Technology agus eile,
2013 [7] An Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta
(IMO) 2009, CE Delft 2009, Det Norske Veritas (DNV) 2010 [8] Conclúid na Comhairle Eorpaí (17
Meitheamh 2010), EUCO 13/10 [9] Bunaithe ar fhigiúirí 2007. [10] Is iad soláthraithe breosla umair a
thuairiscíonn díolachán breosla umair chun críocha cánachais. [11] Ba cheart an sásra seo a dhearadh ar
bhealach ar leith ionas go bhfanann an ciste bunaithe ar ranníocaíochtaí ar an
bpríomh-ionstraim i gcleachtas. [12] Ricardo-AEA agus eile, 2013 [13] Don cháin ar astaíochtaí (rogha 2), ní bhainfí na bacainní margaidh ach
amháin i gcás ina mbeadh na Ballstáit le hionstraimí a bhunú a bhainfeadh an
bacainn margaidh i ndáil le rochtain ar mhaoiniú.