Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) /* COM/2013/0535 final - 2013/0256 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Bunaíodh Eurojust
le Cinneadh 2002/187/CGB[1]
ón gComhairle chun an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe tromchúisí san
Aontas Eorpach a neartú. Ó shin i leith, tá Eurojust ag
éascú comhordú agus comhair idir na húdaráis náisiúnta imscrúdaithe agus
ionchúisimh agus iad ag láimhseáil cásanna a imríonn tionchar ar Bhallstáit
éagsúla. Chuidigh sé muinín fhrithpháirteach a mhéadú agus
droichid a thógáil idir chórais agus traidisiúin dlí an‑éagsúil an AE. Trí fhadhbanna dlí a réiteach go tapa, agus trí na húdaráis inniúla i
dtíortha eile a shainaithint, tá Eurojust tar éis comhlíonadh iarrataí ar
ionstraimí comhair agus ionstraimí aitheantais fhrithpháirtigh a éascú. Lean an eagraíocht de bheith ag fás le linn na mblianta
sin, agus is gníomhaí lárnach í anois i gcomhar breithiúnach in ábhair
choiriúla. Is dúshlán laethúil fós an comhrac i gcoinne
coireachta eagraithe agus an cur isteach ar eagraíochtaí coiriúla. Ar an
drochuair, tháinig an‑bhorradh faoin gcoireacht trasteorann le deich
mbliana anuas. Ar na coireanna sin tá, mar shampla, gáinneáil ar dhrugaí,
gáinneáil ar dhaoine, sceimhlitheoireacht agus cibearchoireacht, lena n‑áirítear
pornagrafaíocht leanaí. Tréith atá coiteann sna réimsí coireachta sin uile is ea
go ndéanann grúpaí rí‑shoghluaiste agus rí‑sholúbtha na coireanna
thar teorainneacha agus iad ag feidhmiú san iliomad dlínsí agus earnálacha
coiriúla. Dá bhrí sin, is gá freagra comhordaithe ar fud na hEorpa chun iad a
chomhrac go héifeachtach. Is deacra do Bhallstáit áirithe coireacht
trasteorann a bhrath agus a chomhrac, coireacht eagraithe go háirithe, de
dheasca an mhéadaithe atá tagtha ar ghné thrasteorann na coireachta agus ar na
cineálacha coireanna a dhéantar go dtí gur gníomhaíochtaí ilchoireanna atá i
gceist. Sa chomhthéacs sin, tá ról ríthábhachtach fós ag
Eurojust i bhfeabhsú an chomhair agus an chomhordaithe bhreithiúnaigh idir
údaráis inniúla bhreithiúnacha na mBallstát agus i gcúnamh a thabhairt
d'imscrúduithe a bhfuil tríú tíortha rannpháirteach iontu.
Faoi Chonradh Liospóin, tugadh isteach
deiseanna nua maidir le comhrac Eurojust i gcoinne na bhfoirmeacha sin den
choireacht a fheabhsú. In Airteagal 85 den Chonradh
ar Fheidhmiú an AE (CFAE), tá aitheantas tugtha go sainráite don chúram atá
ar Eurojust tacú agus treisiú leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na
húdaráis náisiúnta imscrúdúcháin agus ionchúisimh i ndáil le coireacht
thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó nó a éilíonn
ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbainfear an úsáid is
fearr is féidir a bhaint as Eurojust agus go gcuirfear deireadh leis na
bacainní ar a fheidhmiú éifeachtach.[2] Cuireadh athchóiriú leathan ar Chinneadh
Eurojust ar bun chun Eurojust a threisiú in 2008. Ba é an spriocdháta den
aistriú an 4 Meitheamh 2011. Tá sé
tábhachtach an leagan leasaithe den Chinneadh a chur chun feidhme mar is ceart,
ach níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin
nua ná ar feidhmiú Eurojust a fheabhsú, agus na gnéithe sin lenar treisíodh a
éifeachtacht fheidhmiúil á gcoinneáil ar bun. Déantar foráil in Airteagal 85 den CFAE
freisin maidir le struchtúr, feidhmiú, raon feidhme agus cúraimí Eurojust atá
le cinneadh le rialacháin arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta
reachtach. Ceanglaítear ann freisin go gcinntear leo socruithe maidir le baint
a bheith ag Parlaimint na hEorpa agus ag na parlaimintí náisiúnta leis an
meastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust. Ina theannta sin, tar éis na Teachtaireachta
ón gCoimisiún dar teideal 'Gníomhaireachtaí Eorpacha: an
bealach ar aghaidh', thoiligh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an
Coimisiún idirphlé idirinstitiúideach a sheoladh chun comhtháthú, éifeachtacht
agus obair gníomhaireachtaí díláraithe a fheabhsú, agus mar thoradh air sin
cruthaíodh Meitheal Idirinstitiúideach (MI) i Márta 2009. Tugadh aghaidh ann ar
roinnt príomhcheisteanna, lena n‑áirítear ceisteanna maidir le ról agus
suíomh na ngníomhaireachtaí i dtírdhreach institiúideach an AE, a gcruthú, a
struchtúr agus ceisteanna oibríochta, maoinithe, buiséadacha, maoirseachta agus
bainistíochta. As an obair sin tháinig an Cur Chuige
Comhchoiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an AE, lenar thacaigh
Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún in Iúil 2012, atá le cur
san áireamh i gcomhthéacs na gcinntí uile uathu amach anseo maidir le
gníomhaireachtaí díláraithe an AE, tar éis anailíse de réir an cháis. Tá na nithe sin uile curtha san áireamh sa
togra seo le haghaidh Rialacháin agus soláthraítear leis creat dlíthiúil
athnuaite aonair i gcomhair Gníomhaireachta nua um Chomhar Ceartais Choiriúil
(Eurojust), ar comharba dlíthiúil Eurojust, mar a bunaíodh le Cinneadh 2002/187/CGB
ón gComhairle, í. Agus na heilimintí sin a bhfuil sé léirithe go
bhfuil siad éifeachtúil maidir le Eurojust a bhainistiú agus a oibriú á
gcoinneáil, leis an Rialachán déantar creat dlíthiúil Eurojust a nuachóiriú
agus a fheidhmiú agus a struchtúr a chuíchóiriú i gcomhréir le Conradh Liospóin
agus ceanglais an Chur Chuige Chomhchoitinn, a mhéid is féidir de réir a
chineáil. Ós rud é go nglactar an togra le haghaidh
Rialacháin san am céanna leis an togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, tá forálacha curtha san áireamh chun
a áirithiú go mbunófar an Oifig sin ó Eurojust mar a cheanglaítear faoi Airteagal 86
den CFAE agus gur féidir le Eurojust tacú léi. 2. TORTHAÍ ÓN gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA Chun an Rialachán seo a ullmhú, chuaigh an
Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara ar saineolaithe iad sa réimse seo
roinnt uaireanta. Is é an cuspóir atá leis an
togra, go príomha, an deis atá curtha ar fáil i gConradh Liospóin a thapú chun
Eurojust a nuachóiriú trí struchtúr bainistíochta feabhsaithe a chur air lena
laghdófar an t‑ualach riaracháin atá ar an gColáiste faoi láthair agus
lenar féidir leis díriú ar a bhunchúram. Ar an 18 Deireadh Fómhair 2012
d'eagraigh an Coimisiún cruinniú comhairleach le saineolaithe ó na Ballstáit
agus ionadaithe ó Rúnaíocht na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó
Eurojust chun ceisteanna a bhaineann le hathchóiriú a d'fhéadfadh tarlú faoi Airteagal 85
den CFAE a phlé. I measc na gceisteanna a pléadh
bhí treisiú ar rialachas, rannpháirtíocht pharlaiminte ar an leibhéal Eorpach
agus náisiúnta agus cumhachtaí breise a d'fhéadfaí a thabhairt, chomh maith le
naisc le forbairt Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Bhí comhaontú ginearálta sa chruinniú gur
mhaith an rud é struchtúr rialachais agus éifeachtúlacht Eurojust a fheabhsú. Bhí Eurojust rannpháirteach go díreach sa
phróiseas comhairliúcháin freisin agus sholáthair a ionchur trí mholtaí agus
cruinnithe leis an gCoimisiún. Ina theannta sin,
pléadh an t‑athchóiriú faoi chuimsiú seimineár éagsúil amhail an
Seimineár Straitéiseach "Eurojust and the Lisbon Treaty. Towards more effective action" (Eurojust
agus Conradh Liospóin. I dtreo beart níos éifeachtaí) (a tionóladh in Brugge an
20 go dtí an 22 Meán Fómhair 2010) agus Comhdháil Eurojust‑ERA
“10 Years of Eurojust: Operational Achievements and Future Challenges”
(Eurojust tar éis 10 mbliana: Gnóthachtálacha Oibríochta agus Dúshláin Amach
Anseo), a tionóladh sa Háig an 12 agus 13 Samhain 2012. Ina theannta sin, pléadh todhchaí Eurojust ag cruinniú speisialta
neamhfhoirmiúil de chuid na Comhairle tráth comórtha deich mbliana Eurojust, i
mí Feabhra 2012. Bailíodh tuairimí
na bpáirtithe leasmhara le "Study on the strengthening of Eurojust"
(Staidéar ar conas Eurojust a threisiú)[3],
a d'ordaigh an Coimisiún, ina bhfuil léargas maith ar fáil ar na ceisteanna atá
ann cheana agus ina bhfuil roinnt roghanna beartais malartacha i leith aghaidh
a thabhairt orthu. 3. TOGRA 3.1. An bunús dlí Is é Airteagal 85 den CFAE an bunús dlí
atá leis an togra. Forordaítear ann Rialachán a úsáid. 3.2. Coimhdeacht agus
comhréireacht Tá gá le bearta ón AE mar is dual do na bearta
atá beartaithe gné Eorpach a bheith leo, mar is intuigthe astu go gcruthófar
eintiteas a mbeidh de chúram air tacú agus treisiú leis an gcomhordú agus leis
an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha i ndáil le coireacht
thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó nó a éilíonn
ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna. Ní féidir an cuspóir sin a bhaint amach ach ar leibhéal an Aontais, i
gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta,
ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis d'fhonn an cuspóir sin a
bhaint amach. 3.3. Míniú ar
an togra de réir caibidlí Is iad seo a leanas príomhchuspóirí na
dtograí: ·
éifeachtúlacht Eurojust a mhéadú trí struchtúr nua
rialachais a chur air; ·
éifeachtacht oibríochta Eurojust a fheabhsú trí
shainmhínithe atá ar aon dul lena chéile a thabhairt ar stádas agus cumhachtaí
na gComhaltaí Náisiúnta; ·
foráil a dhéanamh maidir le ról do Pharlaimint na
hEorpa agus do na parlaimintí náisiúnta sa mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí
Eurojust i gcomhréir le Conradh Liospóin; ·
creat dlíthiúil Eurojust a thabhairt i gcomhréir
leis an gCur Chuige Comhchoiteann, agus i gcomhréir lena a ról speisialta i
ndáil le comhordú imscrúduithe coireachta leanúnacha; ·
a áirithiú gur féidir le Eurojust oibriú i
ndlúthchomhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, tar éis a
bunaithe. 3.3.1. Caibidil I:
Cuspóirí agus cúraimí Rialáiltear leis an gcaibidil seo
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) a
bhunú, mar chomharba dlíthiúil Eurojust, arna bhunú le
Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle. Sainítear ann freisin cúraimí agus inniúlacht na Gníomhaireachta. Tá an inniúlacht sin sainithe go huathrialach sa
dréacht‑Rialachán trí bhíthin Iarscríbhinne. 3.3.2. Caibidil II: Struchtúr Eurojust agus é a riar Tá cuid de phríomheilimintí an athchóirithe le
fáil sa chaibidil seo. Tá Roinn II dírithe ar chomhaltaí
náisiúnta Eurojust. San athchóiriú
coinnítear nasc na gcomhaltaí sin lena mBallstát tionscnaimh ach san am céanna
liostaítear go sainráite na cumhachtaí oibríochta a bheidh acu uile. Leis sin beidh siad in ann oibriú i gcomhar lena
chéile agus leis na húdaráis náisiúnta ar bhealach níos éifeachtaí. Le Ranna III, IV agus V bunaítear
struchtúr nua Eurojust tríd an gColáiste, an Bord Feidhmiúcháin agus an
Stiúrthóir Riaracháin a rialú faoi seach. Feabhsaítear rialachas Eurojust trí idirdhealú soiléir a dhéanamh idir
dhá chomhdhéanamh an Choláiste, de réir cé acu a fheidhmíonn sé feidhmeanna
oibríochta nó bainistíochta nó nach bhfeidhmíonn. Tagraíonn na feidhmeanna oibríochta do phríomhghnó Eurojust i ndáil le
tacú le himscrúduithe náisiúnta agus iad a chomhordú. Baineann na feidhmeanna bainistíochta le clár oibre, buiséad bliantúil
nó tuarascáil bhliantúil na gníomhaireachta a ghlacadh. Bunaítear orgán nua, an
Bord Feidhmiúcháin, chun cinntí bainistíochta an Choláiste a ullmhú agus chun
roinnt cúraimí riaracháin a ghlacadh chuige féin go díreach. Bíonn ionadaíocht ag an gCoimisiún sa Choláiste
nuair a fheidhmíonn sé a fheidhmeanna bainistíochta agus sa Bhord
Feidhmiúcháin. Ar deireadh, tá nós
imeachta coinní, freagrachtaí agus cúraimí an Stiúrthóra Riaracháin leagtha
amach go soiléir. Leis sin tugtar isteach céim dhúbailte
rialachais mar atá beartaithe sa Chur Chuige Comhchoiteann agus coinnítear
cineál speisialta Eurojust leis agus cosnaítear a neamhspleáchas san am céanna. Tá sé cost‑éifeachtach freisin, agus
cuireann sé le héifeachtúlacht Eurojust, mar tabharfar cúnamh do chomhaltaí
náisiúnta i gcúrsaí buiséadacha agus riaracháin, ionas gur féidir leo díriú ar
a gcúraimí oibríochta. 3.3.3. Caibidil III: Cúrsaí oibríochta Sa chaibidil sin coinnítear sásraí atá ann
cheana le haghaidh éifeachtacht oibríochta Eurojust, lena n‑áirítear an
Comhordú ar Ghlao‑dhualgas, Córas Eurojust um Chomhordú Náisiúnta,
malartuithe faisnéise agus an fhreagairt ar iarrataí Eurojust. Níl aon athrú ar ailtireacht Chóras Bainistithe
Cásanna Eurojust. 3.3.4. Caibidil IV: Faisnéis a phróiseáil Tá tagairt sa chaibidil seo do
Rialachán 45/2001[4]
mar an córas is infheidhme do phróiseáil na soraí pearsanta ar fad ag Eurojust. Ina theannta sin, déantar Rialachán 45/2001
a shonrú agus a chomhlánú sa Rialachán a mhéid a bhaineann sé le sonraí
pearsanta oibríochta, agus maidir le sainiúlacht gníomhaíochtaí comhair
bhreithiúnaigh agus maidir leis an ngá atá le comhsheasmhacht agus
comhoiriúnacht leis na prionsabail cosanta sonraí ábhartha san áireamh. Is féidir srianta a chur le próiseáil sonraí
pearsanta fós. Sa chaibidil seo freisin déantar na forálacha
maidir le cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a ailíniú le
Rialachán 45/2001 agus cuirtear san áireamh inti caighdeáin na cosanta dá
bhforáiltear sa phacáiste maidir le hathchóiriú na cosanta sonraí, a ghlac an
Coimisiún in Eanáir 2012. Anuas
air sin, déantar foráil maidir le hathrú tábhachtach ar an sásra maoirseachta
sa chaibidil. Bunaítear leis
freagrachtaí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS) i ndáil leis an
bhfaireachán ar an bpróiseáil sonraí pearsanta uile a dhéanfar ag Eurojust. Glacfaidh an MECS cúraimí an Chomhchomhlachta
Maoirseachta arna bhunú faoin gCinneadh ón gComhairle maidir le Eurojust chuige
féin. 3.3.5. Caibidil V: Caidreamh le comhpháirtithe Léirítear sa chaibidil sin an tábhacht a
bhaineann le comhpháirtíocht agus comhar idir Eurojust agus institiúidí,
comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile an AE sa chomhrac i gcoinne na
coireachta. Áirítear ann ar an gcéad
dul síos an caidreamh le Rúnaíochtaí an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh,
Líonra Saineolaithe na gComhfhoirne Imscrúdaithe agus an Líonra um
Chinedhíothú, atá faoi choimirce Eurojust. Áirítear ann freisin foráil shonrach maidir leis an gcaidreamh le hOifig
an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Ar an dara dul síos, tá tábhacht ar leith ag
baint leis an gcomhar le Europol, go háirithe maidir lena ról i ndáil le
faisnéis a thabhairt do Eurojust i gcomhréir le hAirteagal 85 den CFAE. Tugadh foráil shonrach isteach chun an caidreamh
pribhléideach idir dhá ghníomhaireacht a leagan síos chun a n‑éifeachtacht
a mhéadú maidir le foirmeacha tromchúiseacha den choireacht idirnáisiúnta a
chomhrac faoi réim a n‑inniúlachta. Áirítear inti sásra chun a gcórais faisnéise faoi seach agus an malartú
sonraí dá éis sin a chros‑seiceáil. Socrófar mionsonraí praiticiúla trí bhíthin comhaontú. Braitear naisc le tríú tíortha go mion minic i
gcásanna coireachta tromchúisí agus eagraithe, agus mar gheall air sin tá
dlúthchomhar leis na tíortha sin ríthábhachtach. Mar gheall ar Chonradh Liospóin tá athrú ar an gcaoi a láimhseálann an
tAontas Eorpach a chaidreamh seachtrach, agus tá tionchar ag an athrú sin ar na
gníomhaireachtaí. Dá bharr sin, ní
bheidh gníomhaireachtaí in ann comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú iad
féin a thuilleadh – ní mór comhaontuithe mar sin a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 218
den CFAE. Beidh Eurojust in ann
socruithe oibre a thabhairt chun críche, áfach, chun comhar leis na húdaráis
inniúla i dtríú tíortha a fheabhsú, lena n‑áirítear faisnéis a mhalartú. Beidh na comhaontuithe idirnáisiúnta atá ann
cheana bailí fós. 3.3.6. Caibidil
VI: Forálacha airgeadais Tá sé mar aidhm ag na forálacha sin buiséad
Eurojust, bunú agus cur chun feidhme an bhuiséid sin, tíolacadh cuntas agus
forálacha maidir le hurscaoileadh a nuachóiriú. 3.3.7. Caibidil
VII: Forálacha maidir leis an bhfoireann Is léiriú iad na forálacha sin ar phrionsabail
an Chur Chuige Chomhchoitinn agus urramaítear leo sainiúlachtaí Eurojust san am
céanna. Ós rud é go bhfuil Eurojust hibrideach agus go
mbaineann tábhacht leis an nasc oibríochta idir dheasca
náisiúnta agus a mBallstáit tionscnaimh is iad na Ballstáit a iompróidh na
costais a bhaineann le tuarastail agus luach saothair na foirne sin. Ceapfaidh Coláiste Eurojust Stiúrthóir Riaracháin
Eurojust fós ach déanfaidh sé sin ar bhonn gearrliosta arna chur le chéile ag
an gCoimisiún, tar éis próisis roghnúcháin a bheidh oscailte agus trédhearcach. Ar an gcaoi sin urramófar neamhspleáchas na
gníomhaireachta agus áiritheofar go ndéanfar meastóireacht dhian ar na
hiarrthóirí. Tá próiseas den chineál
céanna beartaithe do dhífhostú an Stiúrthóra Riaracháin. 3.3.8. Caibidil VIII:
Meastóireacht agus Tuairisciú Sa chaibidil seo déantar creat dlíthiúil
Eurojust a ailíniú le dlisteanacht dhaonlathach mhéadaithe Eurojust a
cheanglaítear faoi Chonradh Liospóin. Leagtar amach inti rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa agus na
bparlaimintí náisiúnta sa mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust. Déanfar é sin ar bhealach cost‑éifeachtach,
ar bhonn Thuarascáil Bhliantúil Eurojust, agus caomhnófar neamhspleáchas
oibríochta Eurojust san am céanna. Cuirfear
meastóireacht fhoriomlán thréimhsiúil ar Eurojust atá i gcomhréir leis an gCur
Chuige Comhchoiteann ar fáil freisin. 3.3.9. Caibidil
IX: Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha Tá forálacha sa chaibidil seo le haghaidh an
Rialachán maidir le Eurojust a ailíniú leis an gCur Chuige Comhchoiteann, chomh
maith leis na forálacha a bhaineann le teacht i bhfeidhm an Rialacháin. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Níl aon impleachtaí costais ag baint leis an
athchóiriú rialachais ('bord bainistíochta' taobh leis an gColáiste) agus níl
aon chúraimí nua beartaithe do Eurojust sa togra seo, seachas tacú le hOifig an
Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, rud a dhéanfar ar bhonn saor ó chostas. 2013/0256 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh
um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 85 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Bunaíodh
Eurojust le Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle[5] mar chomhlacht de chuid an
Aontais Eorpaigh a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige chun comhordú agus
comhar idir údaráis inniúla bhreithiúnacha na mBallstát a spreagadh agus a
fheabhsú, go háirithe maidir le coireacht eagraithe thromchúiseach. Le Cinneadh 2003/659/CGB ón gComhairle[6] agus Cinneadh 2009/426/CGB
ón gComhairle[7]
maidir le Eurojust a neartú leasaíodh creat dlíthiúil Eurojust. (2) Déantar
foráil in Airteagal 85 den Chonradh go ndéanfar Eurojust a rialáil le
rialachán, arna ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Ceanglaítear ann freisin socruithe a chinneadh
maidir le baint a bheith ag Parlaimint na hEorpa agus ag na parlaimintí
náisiúnta leis an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust. (3) Déantar
foráil in Airteagal 85 den Chonradh freisin go mbeidh sé de chúram ar
Eurojust tacú agus treisiú leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na
húdaráis náisiúnta imscrúdúcháin agus ionchúisimh i ndáil le coireacht
thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó nó a éilíonn
ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna, ar bhonn na n‑oibríochtaí arna
seoladh agus ar bhonn na faisnéise arna tabhairt ag údaráis na mBallstát agus
ag Europol. (4) Ós rud é
gur cheart Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bhunú ó Eurojust, tá na
forálacha is gá sa Rialachán seo chun an caidreamh idir Eurojust agus Oifig an
Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a rialáil. (5) Cé gur
cheart inniúlacht eisiach a bheith ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
chun coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú
agus a ionchúiseamh, ba cheart Eurojust a bheith in ann tacú leis na húdaráis
náisiúnta agus iad ag imscrúdú agus ag ionchúiseamh na bhfoirmeacha coireachta
sin i gcomhréir leis an Rialachán lena mbunaítear Oifig an Ionchúisitheora
Phoiblí Eorpaigh. (6) Ionas
gur féidir le Eurojust a chúram a chomhlíonadh agus a acmhainn ar fad a
fhorbairt sa chomhrac i gcoinne coireachta tromchúisí trasteorann, ba cheart a
fheidhmeanna oibríochta a threisiú trí ualach oibre riaracháin na gcomhaltaí
náisiúnta a laghdú, agus a ghné Eorpach a fheabhsú tríd an gCoimisiún a bheith
rannpháirteach i mbainstíocht na gníomhaireachta agus tríd an mbaint atá ag
Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta leis an meastóireacht ar a
ghníomhaíochtaí a mhéadú. (7) Dá bhrí
sin, ba cheart Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle a aisghairm agus an
Rialachán seo lena ndéantar socruithe do rannpháirtíocht pharlaiminteach a
chinneadh, struchtúr Eurojust a nuachóiriú agus an creat dlíthiúil atá aige
faoi láthair a shimpliú a chur ina ionad, agus na heilimintí sin a bhfuil a n‑éifeachtúlacht
maidir le hoibríocht Eurojust cruthaithe a choinneáil san am céanna. (8) Urramaíonn
an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go
háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. (9) Ba
cheart na foirmeacha de choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá
Bhallstát nó níos mó ar a bhfuil Eurojust inniúil a leagan síos. Ina theannta sin, ba cheart cásanna nach
mbaineann le dhá Bhallstát nó níos mó, ach a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn
chomhchoiteanna, a shainiú. Ba cheart
imscrúduithe agus ionchúisimh nach ndéanann difear ach do Bhallstát amháin agus
do thríú Stát a áireamh ar na cásanna sin, chomh maith leis na cásanna nach
ndéanann difear ach do Bhallstát amháin agus don Aontas. (10) Agus é ag
feidhmiú a fheidhmeanna oibríochta i ndáil le cásanna coireachta nithiúla, arna
iarraidh sin d'údaráis inniúla na mBallstát nó ar a thionscnamh féin, ba cheart
do Eurojust gníomhú trí chomhalta náisiúnta amháin nó níos mó nó mar Choláiste. (11) Chun a
áirithiú gur féidir le Eurojust tacú le himscrúduithe trasteorann agus iad a
chomhordú mar is iomchuí, ní mór na cumhachtaí oibríochta céanna a bheith ag na
comhaltaí náisiúnta ar fad ionas gur féidir leo comhoibriú eatarthu féin agus
leis na húdaráis náisiúnta ar bhealach níos éifeachtaí. Ba cheart na cumhachtaí sin lenar féidir le Eurojust a mhisean a
thabhairt i gcrích go hiomchuí a thabhairt do na comhaltaí náisiúnta. Ba cheart na rudaí seo a leanas a áireamh ar na
cumhachtaí sin, faisnéis ábhartha i gcláir phoiblí náisiúnta a rochtain,
iarrataí ar chúnamh frithpháirteach agus ar aitheantas a eisiúint agus a
chomhlíonadh, dul i dteagmháil go díreach leis na húdaráis inniúla agus
faisnéis a mhalartú leo, a bheith rannpháirteach i gcomhfhoirne imscrúdaithe
agus, ar aon dul leis an údarás náisiúnta inniúil nó i gcás práinne, bearta
imscrúdaithe agus seachadtaí rialaithe a ordú. (12) Is gá
struchtúr riaracháin agus bainistíocht a thabhairt do Eurojust inar féidir leis
a chuid cúraimí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla agus lena n‑urramaítear
na prionsabail is infheidhme maidir le gníomhaireachtaí an Aontais agus lena
gcoinnítear saintréithe speisialta Eurojust agus a gcosnaítear a neamhspleáchas
i ndáil lena fheidhmeanna oibríochta a fheidhmiú. Chuige sin, ba cheart feidhmeanna na gcomhaltaí náisiúnta, an Choláiste
agus an Stiúrthóra Riaracháin a shoiléiriú agus Bord Feidhmiúcháin a bhunú. (13) Ba cheart
forálacha a leagan síos chun idirdhealú soiléir a dhéanamh idir feidhmeanna
oibríochta agus bainistíochta an Choláiste, lena n‑íoslaghdófaí an t‑ualach
riaracháin ar chomhaltaí náisiúnta sa chaoi go gcuirfí an bhéim ar obair
oibríochta Eurojust. Ba cheart cláir
oibre, buiséad, tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil agus rialacha airgeadais
iomchuí Eurojust, agus a shocruithe oibre le comhpháirtithe a áireamh i
gcúraimí bainistíochta an Choláiste go háirithe. Ba cheart dó cumhacht údaráis ceapacháin a fheidhmiú maidir le baill
foirne na gníomhaireachta lena n‑áirítear an Stiúrthóir Riaracháin. (14) Chun
rialachas agus nósanna imeachta cuíchóirithe Eurojust a fheabhsú, ba cheart
Bord Feidhmiúcháin a bhunú chun cúnamh a thabhairt don Choláiste i dtaca lena
fheidhmeanna bainistíochta agus sa chaoi gur féidir cinnteoireacht chuíchóirithe
maidir le ceisteanna neamhoibríochta agus straitéiseacha a bheith ann. (15) Ba cheart
ionadaíocht a bheith ag an gCoimisiún sa Choláiste nuair a fheidhmíonn sé a
fheidhmeanna bainistíochta agus sa Bhord Feidhmiúcháin, chun a áirithiú go
ndéanfar Eurojust a mhaoirsiú go neamhoibríochtúil agus a threorú go
straitéiseach. (16) Chun riar
éifeachtúil Eurojust ó lá go lá a áirithiú, ba cheart an Stiúrthóir Riaracháin
a bheith ina ionadaí dlíthiúil agus ina bhainisteoir aige, atá freagrach don
Choláiste agus don Bhord Feidhmiúcháin. Ba cheart don Stiúrthóir Riaracháin cinntí an Choláiste agus an Bhoird
Feidhmiúcháin a ullmhú agus a chur chun feidhme. (17) Is gá
Comhordú ar Ghlao‑dhualgas a bhunú laistigh de Eurojust ionas go mbeidh
Eurojust ar fáil de ló is d'oíche agus go mbeidh sé in ann idiragairt i
gcásanna práinne. Ba cheart an
fhreagracht a bheith ar gach Ballstát a áirithiú go bhfuil a ionadaithe sa
Chomhordú ar Ghlao‑dhualgas in ann gníomhú ar bhonn 24 uair an chloig
seacht lá na seachtaine. (18) Ba cheart
córais Eurojust um chomhordú náisiúnta a bhunú sna Ballstáit chun an obair a
dhéanann na comhfhreagraithe náisiúnta do Eurojust, comhfhreagraí náisiúnta
Eurojust le haghaidh cúrsaí sceimhlitheoireachta, comhfhreagraí náisiúnta an
Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh agus suas le trí phointe teagmhála eile a
chomhordú, chomh maith le hionadaithe sa Líonra um Chomhfhoirne Imscrúdaithe
agus na líonraí a bunaíodh le Cinneadh 2002/494/CGB ón gComhairle an
13 Meitheamh 2002 lena mbunaítear líonra Eorpach pointí teagmhála i
ndáil le daoine atá ciontach as cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine
dhaonna agus coireanna cogaidh[8],
Cinneadh 2007/845/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2007 maidir le
comhar idir Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní na mBallstát sa réimse a bhaineann
le fáltais ó choireacht, nó maoin eile a bhaineann le coireacht, a lorg agus a
shainaithint[9]
agus le Cinneadh 2008/852/CGB ón gComhairle an
24 Deireadh Fómhair 2008 maidir le líonra pointí teagmhála in
aghaidh an éillithe[10]. (19) Chun
comhordú agus comhar idir na húdaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh a
spreagadh agus a threisiú tá sé ríthábhachtach go bhfaighidh Eurojust an
fhaisnéis ábhartha is gá ó na húdaráis náisiúnta chun a chuid cúraimí a
dhéanamh. Chuige sin, ba cheart do na
húdaráis náisiúnta inniúla a gcomhaltaí náisiúnta a chur ar an eolas maidir le
bunú agus torthaí na gcomhfhoirne imscrúdaithe, cásanna atá faoi inniúlacht
Eurojust lena mbaineann go díreach trí Bhallstát ar a laghad agus ar cuireadh
iarrataí nó cinntí maidir le comhar breithiúnach chuig dhá Bhallstát ar a
laghad ina leith, agus chomh maith leis sin, i gcásanna áirithe, faisnéis faoi
easaontais i ndáil le dlínse, seachadtaí rialaithe agus deacrachtaí leanúnacha
le comhar breithiúnach. (20) Cé go
dtagann próiseáil sonraí pearsanta ag Eurojust faoi raon feidhme
Rialachán (CE) 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil
sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus
saorghluaiseacht na sonraí sin[11],
tá próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis na mBallstát agus aistriú na sonraí
sin chuig Eurojust faoi chumhdach Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 108
[an Treoir ábhartha atá i bhfeidhm tráth an ghlactha le cur ina ionad]. (21) Nuair a
aistríonn Eurojust sonraí pearsanta chuig údarás tríú tír nó chuig eagraíocht
idirnáisiúnta nó Interpol de bhua comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i
gcrích de bhun Airteagal 218 den Chonradh, ba cheart dó a áirithiú go
gcomhlíonfar forálacha cosanta sonraí an Rialacháin seo i gcomhréir leis na
coimircí leordhóthanacha maidir le cearta príobháideachais agus bunúsacha agus
saoirse daoine aonair a chosaint. (22) Ba cheart
údarás a thabhairt do Eurojust sonraí pearsanta áirithe a phróiseáil maidir le
daoine a a bhfuil amhras ann fúthu, faoi reachtaíocht náisiúnta na mBallstát
lena mbaineann, go ndearna siad cion coiriúil ar a bhfuil Eurojust inniúil, gur
ghlac siad páirt ann, nó maidir le daoine a ciontaíodh as an gcion sin. Níl sé beartaithe go ndéanfadh Eurojust comparáid
uathoibrithe ar phróifílí DNA ná méarloirg. (23) Ba cheart
an deis a thabhairt do Eurojust síneadh a chur leis na sprioc‑amanna atá
le sonraí pearsanta a stóráil, faoi réir chomhlíonadh phrionsabal an
teorannaithe de réir cuspóra is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta
i gcomhthéacs gníomhaíochtaí ar fad Eurojust, chun a chuspóirí a bhaint amach. Ba cheart cinntí mar sin a dhéanamh tar éis na
leasanna ar fad atá i gceist a mheas, lena n‑áirítear leasanna na ndaoine
lena mbaineann. Níor cheart cinneadh
a dhéanamh maidir le haon síneadh a chur leis na sprioc‑amanna atá le
sonraí pearsanta a phróiseáil, i gcás ina bhfuil an t‑ionchúiseamh faoi
urchosc reachta sna Ballstáit ar fad lena mbaineann, ach amháin i gcás ina
bhfuil gá sonrach faoin Rialachán seo le cúnamh a thabhairt. (24) Ba cheart
do Eurojust caidreamh pribhléideach a choinneáil leis an nGréasán Breithiúnach
Eorpach bunaithe ar chomhairliúchán agus comhlántacht. Ba cheart an Rialachán seo a bheith ina chúnamh ag róil Eurojust agus
an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh faoi seach agus a gcaidreamh
frithpháirteach a shoiléiriú, agus sainiúlacht an Ghréasáin Bhreithiúnaigh
Eorpaigh a choinneáil san am céanna. (25) Ba cheart
do Eurojust caidreamh comhair a choinneáil ar bun le comhlactaí agus
gníomhaireachtaí eile an Aontais, le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí
Eorpaigh, le húdaráis inniúla tríú tíortha chomh maith le heagraíochtaí
idirnáisiúnta, a mhéad is gá chun a chuid cúraimí a chur i gcrích. (26) Chun
comhar oibríochta idir Eurojust agus Europol a fheabhsú, agus go háirithe chun
naisc a bhunú idir shonraí atá i seilbh ceachtar den dá chomhlacht cheana féin,
ba cheart do Eurojust a chur ar chumas Europol rochtain a bheith aige ar
shonraí atá ar fáil ag Eurojust agus comparáidí a dhéanamh leo. (27) Ba cheart
Eurojust a bheith in ann sonraí pearsanta a mhalartú le comhlachtaí eile an
Aontais a mhéad is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh. (28) Ba cheart
foráil a dhéanamh maidir le Eurojust chun giúistísí idirchaidrimh a phostú i
dtríú tíortha chun cuspóirí a bhaint amach atá ar aon dul leis na cuspóirí sin
a shainítear do ghiúistísí idirchaidrimh ar iasacht ó na Ballstáit ar bhonn
Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 96/277/CGB ón gComhairle an 22 Aibreán 1996
maidir le creat i ndáil le giúistísí idirchaidrimh a mhalartú chun comhar
breithiúnach a fheabhsú idir Bhallstáit an Aontais Eorpaigh[12]. (29) Ba cheart
foráil a dhéanamh go gcomhordóidh Eurojust comhlíonadh iarrataí i ndáil le
comhar breithiúnach arna eisiúint ag tríú tír nuair a bhaineann siad le
himscrúdú aonair agus nuair is gá iad a chomhlíonadh in dhá Bhallstát ar a
laghad. (30) Chun
uathriail agus neamhspleáchas iomlán Eurojust a áirithiú, ba cheart buiséad
uathrialach a thabhairt dó, agus an t‑ioncam a theacht go bunúsach ó
ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais, seachas i gcás tuarastal agus luacha
saothair na gcomhaltaí náisiúnta agus cúnaimh do dhaoine, costais atá ar na
Ballstáit tionscnaimh. Ba cheart nós
imeachta buiséadach an Aontais a bheith infheidhmithe fad is atá ranníocaíocht
an Aontais agus fhórdheontais eile is inmhuirir i leith bhuiséad ginearálta an
Aontais i gceist. Ba cheart don
Chúirt Iniúchóirí an t‑iniúchadh ar na cuntais a dhéanamh. (31) Chun
trédhearcacht agus maoirseacht dhaonlathach Eurojust a mhéadú is gá sásraí a
chur ar fáil maidir le Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta páirt
a ghlacadh sa mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust. Níor cheart dó sin sin bac a chur ar phrionsabail an neamhspleáchais i
ndáil le gníomhaíocht a dhéantar i gcásanna sonracha oibríochta nó ar chuspóirí
na discréide agus na rúndachta. (32) Tá sé
oiriúnach meastóireacht rialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. (33) Ba cheart
feidhm maidir le Eurojust a bheith ag Rialachán (AE, EURATOM)
Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le
buiséad ginearálta an Aontais agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE,
Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle[13]. (34) Ba cheart
feidhm maidir le Eurojust a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir
le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith‑chalaoise (OLAF)[14]. (35) Ba cheart
na forálacha is gá agus na rialacha sonracha is infheidhme maidir le baill foirne
uile Europol agus baill dá dteaghlaigh a leagan síos i gcomhaontú
ceanncheathrún maidir le cóiríocht do Eurojust sa Bhallstát ina bhfuil a
cheanncheathrú aige, is é sin an Ísiltír. Anuas air sin, ba cheart don Bhallstát aíochta na dálaí is fearr is féidir
a chur ar fáil chun a áirithiú go mbeidh Eurojust ag feidhmiú i gceart, lena n‑áirítear
scoileanna do leanaí agus modhanna iompair, chun acmhainní daonna
ardchaighdeáin a mhealladh ó cheantar geografach chomh leathan is féidir. (36) Ós rud é
go dtagann Eurojust, mar a bhunaítear leis an Rialachán seo, in ionad Eurojust
agus i gcomharba air mar a bunaíodh ar bhonn Chinneadh 2002/187/CGB, ba
cheart é a bheith ina chomharba dlíthiúil ar Eurojust i ndáil lena oibleagáidí
conarthacha, lena n‑áirítear conarthaí fostaíochta, dliteanais agus maoin
arna fáil. Ba cheart comhaontuithe
idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag Eurojust mar a bunaíodh ar bhonn an
Chinnidh sin a bheith fós i bhfeidhm. (37) Ós rud é
nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon eintiteas a
bhunú a bheidh freagrach as tacú agus treisiú leis an gcomhordú agus leis an
gcomhar idir údaráis bhreithiúnacha na mBallstát i ndáil le coireacht
thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó nó a éilíonn
ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna, a bhaint amach go leordhóthanach agus,
dá bhrí sin, gur féidir é a bhaint amach ar bhealach níos fearr, de bharr scála
agus éifeachtaí na gníomhaíochta, ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas
bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar atá leagtha
amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta,
mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo
thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. (38) [I
gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh
na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i leith an Limistéir Saoirse, Slándála
agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis
an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá sé curtha in iúl ag na
Ballstáit sin gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i
bhfeidhm an Rialacháin seo.] NÓ [Gan
dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na
Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i leith an Limistéir Saoirse, Slándála agus
Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an
gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Ríocht Aontaithe agus Éire
rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl siad faoi cheangal ná faoi
réir chur i bhfeidhm an Rialacháin.] (39) I
gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal
(Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an
gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais
Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl
sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: CAIBIDIL I
CUSPÓIR AGUS CÚRAIMÍ Airteagal 1
Gníomhaireacht an Aontais
Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil 1. Bunaítear leis
seo Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil
(Eurojust). 2. Beidh Eurojust,
mar a bhunaítear leis an Rialachán seo, ina chomharba dlíthiúil ar Eurojust mar
a bhunaítear le Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle. 3. I ngach ceann
de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar
do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe na mBallstát sin ag Eurojust. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe
agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith
ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla. Airteagal 2
Cúraimí 1. Tacóidh agus
treiseoidh Eurojust leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na húdaráis
náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh i ndáil le coireacht
thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, nó a éilíonn
ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna, ar bhonn na n‑oibríochtaí arna
seoladh agus ar bhonn na faisnéise arna tabhairt ag údaráis na mBallstát agus
ag Europol. 2. Agus é ag cur a
chuid cúraimí chun feidhme, déanfaidh Eurojust an méid seo a leanas: a) cuirfidh sé san áireamh aon iarraidh a thagann ó údarás inniúil
Ballstáit nó aon fhaisnéis a thugann aon chomhlacht atá inniúil de bhua
forálacha arna nglacadh laistigh de chreat na gConarthaí nó arna mbailiú ag
Eurojust féin; b) éascóidh sé iarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí maidir leis,
a chomhlíonadh, lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe ar ionstraimí a
thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. 3. Déanfaidh
Eurojust a chuid cúraimí arna iarraidh sin d'údaráis inniúla na mBallstát nó ar
a thionscnamh féin. Airteagal 3
Inniúlacht Eurojust 1. Cumhdófar faoi
inniúlacht Eurojust na foirmeacha coireachta atá liostaithe in
Iarscríbhinn 1. Ní áireofar ina
inniúlacht, áfach, na coireanna a bhfuil Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí
Eorpaigh inniúil orthu. 2. Cumhdófar faoi
inniúlacht Eurojust cionta coiriúla lena mbaineann. Measfar na cionta seo a leanas a bheith ina gcionta coiriúla: a) cionta coiriúla arna ndéanamh chun caoi a fháil gníomhartha atá
liostaithe in Iarscríbhinn 1 a dhéanamh; b) cionta coiriúla arna ndéanamh chun na gníomhartha atá liostaithe in
Iarscríbhinn 1 a éascú nó a dhéanamh; c) cionta coiriúla arna ndéanamh chun a áirithiú nach mbeidh baol pionóis
leis na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn 1. 3. Arna iarraidh
sin ag údarás inniúil Ballstáit, féadfaidh Eurojust cúnamh a thabhairt i ndáil
le himscrúduithe agus ionchúisimh freisin nach ndéanann difear ach don
Bhallstát sin agus do thríú tír i gcás ina bhfuil comhaontú nó socrú comhair
lena mbunaítear comhar de bhun Airteagal 43 tugtha i gcrích leis an tríú
tír sin nó i gcás sonrach ina bhfuil leas bunúsach maidir le cúnamh den chineál
sin a chur ar fáil. 4. Arna iarraidh
sin ag údarás inniúil Ballstáit nó ag an gCoimisiún, féadfaidh Eurojust cúnamh
a thabhairt i ndáil le himscrúduithe agus ionchúisimh nach ndéanann difear ach
don Bhallstát sin agus don Aontas. Airteagal 4
Feidhmeanna oibríochta Eurojust 1. Déanfaidh
Eurojust an méid seo a leanas: a) údaráis inniúla na mBallstát a chur ar an eolas faoi imscrúduithe agus
ionchúisimh ar cuireadh ar an eolas é fúthu agus a bhfuil iarmhairtí acu ar
leibhéal an Aontais nó a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do Bhallstáit seachas na
Ballstáit sin lena mbaineann go díreach; b) cúnamh a thabhairt d'údaráis inniúla na mBallstát an comhordú is fearr
is féidir ar imscrúduithe agus ionchúisimh a áirithiú; c) cúnamh a thabhairt chun an comhar a fheabhsú idir údaráis inniúla na
mBallstát, go háirithe ar bhonn anailísí Europol; d) oibriú i gcomhar
agus dul i gcomhairle leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair
choiriúla, lena n‑áirítear úsáid a bhaint as bunachar sonraí an Ghréasáin
Bhreithiúnaigh Eorpaigh sin agus cur lena fheabhsú; e) tacaíocht oibríochta, theicniúil agus airgeadais a chur ar fáil
d’oibríochtaí agus d’imscrúduithe trasteorann na mBallstát, lena n‑áirítear
comhfhoirne imscrúdaithe. 2. Agus é i mbun a
chuid cúraimí, féadfaidh Eurojust na nithe seo a leanas a iarraidh ar údaráis
inniúla na mBallstát lena mbaineann, agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá aige
sa chás sin: a) imscrúdú nó
ionchúiseamh a dhéanamh ar ghníomhartha sonracha; b) glacadh leis go bhféadfadh ceann amháin acu a bheith i riocht níos fearr
tabhairt faoi imscrúdú nó gníomhartha sonracha a ionchúiseamh; c) comhordú idir údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann; d) comhfhoireann imscrúdaithe a bhunú i gcomhréir leis na hionstraimí
comhair ábhartha; e) aon fhaisnéis is gá chun a chuid cúraimí a dhéanamh a thabhairt dó; f) bearta speisialta imscrúdaithe a dhéanamh; g) aon bheart eile a dhéanamh a bhfuil bonn cirt faoi i ndáil leis an
imscrúdú nó ionchúiseamh. 3. Ina theannta
sin, féadfaidh Eurojust: a) tuairimí a thabhairt do Europol atá bunaithe ar anailísí arna ndéanamh
ag Europol; b) tacaíocht lóistíochta a sholáthar, lena n‑áirítear cúnamh
cruinnithe comhordaithe a eagrú agus aistriúchán agus ateangaireacht a dhéanamh
orthu. 4. I gcás nach
féidir le dhá Bhallstát nó níos mó teacht ar chomhaontú maidir le cé acu ba
cheart imscrúdú nó ionchúiseamh a dhéanamh tar éis iarraidh a fháil arna
déanamh faoi phointe (b) de mhír 2, eiseoidh Eurojust tuairim scríofa
faoin gcás. Cuirfear an tuairim ar
aghaidh go pras chuig na Ballstáit lena mbaineann. 5. Arna iarraidh
sin ag údarás inniúil eiseoidh Eurojust tuairim scríofa faoi dhiúltuithe nó
deacrachtaí leanúnacha maidir le hiarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí
maidir leis, a chomhlíonadh, lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe ar
ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ar
choinníoll nárbh fhéidir é a réiteach trí chomhaontú frithpháirteach idir na
húdaráis náisiúnta inniúla nó trí rannpháirtíocht na gcomhaltaí náisiúnta lena
mbaineann. Cuirfear an tuairim ar
aghaidh go pras chuig na Ballstáit lena mbaineann. Airteagal 5
Feidhmeanna oibríochta a
fheidhmiú 1. Gníomhóidh
Eurojust trí cheann amháin nó níos mó de na comhaltaí náisiúnta lena mbaineann
agus é i mbun aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 4(1)
nó (2). 2. Gníomhóidh
Eurojust mar Choláiste: a) agus é i mbun aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 4(1)
nó (2): (i) arna iarraidh sin ag ceann amháin nó níos mó de na comhaltaí náisiúnta
a bhaineann le cás a bhfuil Eurojust ina bhun; (ii) nuair a bhaineann an cás le himscrúduithe nó ionchúisimh a bhfuil
iarmhairtí acu ar leibhéal an Aontais nó a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do
Bhallstáit seachas na Ballstáit sin lena mbaineann go díreach; b) agus é i mbun aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 4(3),
(4) nó (5); c) nuair is ceist ghinearálta a bhaineann lena chuspóirí oibríochta a
bhaint amach atá i gceist; d) i gcás ina bhfuil foráil eile maidir leis sa Rialachán seo. 3. Agus é ag
déanamh a chuid cúraimí, cuirfidh Eurojust in iúl an bhfuil sé ag gníomhú trí
cheann amháin nó níos mó de na comhaltaí náisiúnta nó mar Choláiste. CAIBIDIL II
STRUCHTÚR EUROJUST AGUS É A RIAR Roinn I
Struchtúr Airteagal 6
Struchtúr Eurojust Is éard a bheidh i struchtúr Eurojust: a) na comhaltaí náisiúnta; b) an Coláiste; c) an Bord Feidhmiúcháin; d) an Stiúrthóir Riaracháin. Roinn II
Comhaltaí Náisiúnta Airteagal 7
Stádas na gcomhaltaí
náisiúnta 1. Beidh comhalta
náisiúnta amháin ar iasacht ó gach Ballstát ag Eurojust i gcomhréir lena chóras
dlí, a mbeidh a ghnátháit oibre aige ag suíomh Eurojust. 2. Beidh ionadaí
amháin agus cúntóir de chúnamh ag gach comhalta náisiúnta.
Eurojust a bheidh ina ghnátháit oibre ag an ionadaí agus
ag an gcúntóir. Féadfaidh níos mó
ionadaithe nó cúntóirí a bheith de chúnamh ag an ionadaí náisiúnta agus, más gá
agus le comhaontú ón gColáiste, féadfaidh Eurojust a bheith mar ghnátháit oibre
acu. 3. Beidh stádas
ionchúisitheora, breithimh nó póilín ag comhaltaí náisiúnta agus ionadaithe
agus beidh inniúlacht is cóibhéiseach acu. Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla na cumhachtaí dá dtagraítear
sa Rialachán seo dóibh ionas gur féidir leo a gcuid cúraimí a dhéanamh. 4. Beidh an t‑ionadaí
in ann gníomhú thar ceann an chomhalta náisiúnta nó ina ionad. Féadfaidh cúntóir gníomhú thar ceann an chomhalta
náisiúnta nó ina ionad freisin má tá stádas dá dtagraítear i mír 3 aige. 5. Díreofar an
fhaisnéis oibríochta a mhalartaítear idir Eurojust agus na Ballstáit tríd na
comhaltaí náisiúnta. 6. Rachaidh na comhaltaí
náisiúnta i dteagmháil le húdaráis inniúla a mBallstáit go díreach. 7. Is é an Ballstát tionscnaimh a íocfaidh tuarastail agus luach saothar na gcomhaltaí náisiúnta, na n‑ionadaithe agus na gcúntóirí. 8. I gcás ina
ngníomhaíonn na comhaltaí náisiúnta, na hionadaithe agus na cúntóirí faoi
chreat chúraimí Eurojust, measfar ar an gcaiteachas ábhartha a bhaineann leis
an gníomhaíochtaí sin a bheith ina chaiteachas oibríochta. Airteagal 8
Cumhachtaí na gcomhaltaí
náisiúnta 1. Beidh sé de
chumhacht ag na comhaltaí náisiúnta: a) éascaíocht a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt i ndáil le haon
chúnamh dlíthiúil frithpháirteach nó iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a
eisiúint agus a chomhlíonadh nó iad a eisiúint agus a chomhlíonadh iad féin; b) dul i dteagmháil go díreach le haon údarás náisiúnta inniúil ón
mBallstát agus faisnéis a mhalartú leis; c) dul i dteagmháil go díreach le haon údarás idirnáisiúnta inniúil agus
faisnéis a mhalartú leis, i gcomhréir le ceangaltais idirnáisiúnta a
mBallstáit; d) bheith rannpháirteach i gcomhfhoirne imscrúdaithe lena n‑áirítear
ina mbunú. 2. Le comhaontú ón
údarás náisiúnta inniúil déanfaidh na comhaltaí náisiúnta: a) bearta imscrúdaithe a ordú; b) seachadtaí rialaithe sna Ballstáit a údarú agus a chomhordú i gcomhréir
leis an reachtaíocht náisiúnta. 3. I gcásanna
práinne nuair nach féidir comhaontú a thabhairt i gcrích go tráthúil, beidh na
comhaltaí náisiúnta inniúil chun na bearta dá dtagraítear i mír 2 a
dhéanamh, agus cuirfidh siad an t‑údarás náisiúnta inniúil ar an eolas a
luaithe is féidir. Airteagal 9
Rochtain ar chláir náisiúnta Beidh rochtain ag na comhaltaí náisiúnta ar na
cineálacha seo a leanas de chláir óna mBallstáit, nó beidh siad in ann an
fhaisnéis atá iontu a fháil ar a laghad, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta: a) taifid choiriúla; b) cláir na ndaoine gafa; c) cláir imscrúdaithe; d) cláir DNA; e) cláir eile ó údaráis phoiblí a mBallstáit i gcás inar gá faisnéis den
chineál sin chun a gcuid cúraimí a dhéanamh. Roinn III
An Coláiste Airteagal 10
Comhdhéanamh an Choláiste 1. Beidh an
Coláiste comhdhéanta de: a) na comhaltaí náisiúnta ar fad nuair a fheidhmíonn an Coláiste a
fheidhmeanna oibríochta faoi Airteagal 4; b) na comhaltaí náisiúnta ar fad agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún nuair
a fheidhmíonn an Coláiste a fheidhmeanna bainistíochta faoi Airteagal 14. 2. Mairfidh téarma
oifige na gcomhaltaí agus a n‑ionadaithe ceithre bliana ar a laghad, agus
is féidir é a athnuachan uair amháin. Ar dhul in éag dá dtéarma oifige nó i gcás ina n‑éireoidh siad as
a bpost, fanfaidh na comhaltaí in oifig go dtí go ndéanfar a dtéarma a
athnuachan nó go dtí go gcuirfear daoine ina n‑ionad. 3. Freastalóidh an
Stiúrthóir Riaracháin ar chruinnithe bainistíochta an Choláiste, ach ní bheidh
cead vótála aige. 4. Féadfaidh an
Coláiste cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh tuairimí ábhartha a
bheith aige freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnóir. 5. Féadfaidh
comhaltaí an Choláiste, faoi réir fhorálacha a Rialacha Nós Imeachta, cúnamh a
fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Airteagal 11
Uachtarán agus Leas‑Uachtarán
Eurojust 1. Toghfaidh an
Coláiste Uachtarán agus beirt Leas‑Uachtarán as na comhaltaí náisiúnta
trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí. 2. Rachaidh na Leas‑Uachtaráin
in ionad an Uachtaráin má choimeádtar é óna chuid dualgas a chomhlíonadh. 3. Mairfidh
tréimhsí oifige an Uachtaráin agus na Leas‑Uachtarán ceithre bliana Féadfar iad a atoghadh uair amháin. Nuair a thoghfar comhalta náisiúnta ina Uachtarán
nó Leas‑Uachtarán ar Eurojust, cuirfear síneadh lena théarma oifige mar
chomhalta náisiúnta chun a áirithiú gur féidir leis a fheidhm mar Uachtarán nó
Leas‑Uachtarán a chomhlíonadh. Airteagal 12
Cruinnithe an Choláiste 1. Tionólfaidh an
tUachtarán cruinnithe an Choláiste. 2. Reáchtálfaidh
an Coláiste cruinniú oibríochta amháin ar a laghad in aghaidh na míosa. Chun a fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú,
reáchtálfaidh an Coláiste dhá ghnáthchruinniú ar a laghad in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar
thionscnamh an Uachtaráin, arna iarraidh sin don Choimisiún, nó do thrian dá
chomhaltaí ar a laghad. 3. Gheobhaidh an
tIonchúisitheoir Poiblí Eorpach na cláir oibre ó chruinnithe uile an Choláiste
agus beidh sé i dteideal bheith rannpháirteach sna cruinnithe sin, gan cead vótála
aige, nuair a phléifear ceisteanna a mheasann sé a bheith ábhartha maidir le
feidhmiú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Airteagal 13
Rialacha vótála an Choláiste 1. Mura luaitear a
mhalairt, is trí thromlach a chomhaltaí a dhéanfaidh an Coláiste a chinntí. 2. Beidh aon vóta
amháin ag gach comhalta. In éagmais
comhalta ag a bhfuil vóta, beidh an t‑ionadaí i dteideal a cheart vótála
a fheidhmiú. 3. Beidh cearta vótála ag an Uachtarán agus ag na Leas‑Uachtaráin. Airteagal 14
Feidhmeanna bainistíochta an
Choláiste 1. Agus a fheidhmeanna bainistíochta á bhfeidhmiú ag
an gColáiste, déanfaidh sé an méid seo a leanas: a) doiciméad cláreagraithe Eurojust a ghlacadh gach bliain
trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí agus i gcomhréir le hAirteagal 15; b) buiséad bliantúil Eurojust a ghlacadh ag tromlach de
dhá thrian dá chuid comhaltaí agus feidhmeanna eile a chomhlíonadh i dtaobh
bhuiséad Eurojust de bhun Chaibidil VI; c) tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite ar
ghníomhaíochtaí Eurojust a ghlacadh agus í a sheoladh, faoin [dáta dá
bhforáiltear sa Rialachán Réime Airgeadais] den bhliain dar gcionn, chuig
Parlaimint na hEorpa, chuig na parlaimintí náisiúnta, chuig an gComhairle,
chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus an tuarascáil
ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite a chur ar fáil go poiblí; d) cláreagrú acmhainní foirne a ghlacadh mar chuid den
doiciméad cláreagraithe; e) na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Eurojust
a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52; f) rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc
agus a bhainistiú i ndáil lena chuid comhaltaí; g) i gcomhréir le mhír 2, i dtaobh bhaill foirne na
Gníomhaireachta, na cumhachtaí a fheidhmiú arna ndeonú ag an Rialacháin Foirne[15] ar an
Údarás Ceapacháin agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile[16] ar an
Údarás atá Cumhachtaithe chun Conarthaí Fostaíochta a thabhairt chun críche
("cumhachtaí an údaráis cheapacháin"); h) an Stiúrthóir Riaracháin a cheapadh agus nuair is
iomchuí a thréimhse oifige a shíneadh nó é a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 17; i) Oifigeach Cuntasaíochta agus Oifigeach Cosanta Sonraí
a cheapadh a bheidh neamhspleách go feidhmiúil i gcomhlíonadh a gcuid dualgas; j) socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le
hAirteagal 43 a ghlacadh; k) an tUachtarán agus na Leas‑Uachtaráin a thoghadh
i gcomhréir le hAirteagal 11; l) a rialacha nós imeachta a ghlacadh. 2. Glacfaidh an Coláiste, i gcomhréir le hAirteagal 110
de na Rialacháin Foirne, cinneadh atá bunaithe ar Airteagal 2(1) de na
Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta
Seirbhíseach Eile chun cumhachtaí an údaráis cheapacháin ábhartha a tharmligean
chuig an Stiúrthóir Riaracháin agus chun na coinníollacha a shainiú faoinar
féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an
Stiúrthóir Riaracháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean. 3. Más gá mar gheall ar chúinsí eisceachtúla,
féadfaidh an Coláiste cinneadh sealadach a dhéanamh tarmligean chumhachtaí an
údaráis cheapacháin chuig an Stiúrthóir Riaracháin chomh maith leo siúd arna
dtarmligean aige a chur ar fionraí agus iad a chleachtadh é féin nó iad a
tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an
Stiúrthóir Riaracháin. 4. Tiocfaidh an Coláiste ar chinneadh faoi
cheapachán, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra
Riaracháin ar bhonn thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí. Airteagal 15
Cláreagrú bliantúil agus
ilbhliantúil 1. Faoin [30 Samhain gach bliain], glacfaidh an
Coláiste doiciméad cláreagraithe ina mbeidh an cláreagrú bliantúil agus
ilbhliantúil, ar bhonn dréachta arna chur ar aghaidh ag an Stiúrthóir
Riaracháin, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh. Cuirfidh sé ar
aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an
gCoimisiún é. Beidh an doiciméad ina dhoiciméad cláreagraithe críochnaitheach
tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid ghinearálta agus más gá
coigeartófar é dá réir. 2. Cuimseofar sa chlár oibre bliantúil cuspóirí sonracha
agus torthaí ionchais lena n‑áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh cur
síos ann freisin ar na gníomhartha atá le maoiniú chomh maith le léiriú ar na
hacmhainní airgeadais agus daonna arna leithdháileadh ar gach gníomh, i
gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus na bainistíochta bunaithe ar
ghníomhaíocht. Beidh an clár oibre bliantúil ar aon dul leis an gclár oibre
ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 4. Sonrófar
ann go soiléir cad iad na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i
gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe. 3. Leasóidh an Coláiste an clár oibre bliantúil a
glacadh nuair a thabharfar cúram nua don Ghníomhaireacht. Glacfar le haon leasú
substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil tríd an nós imeachta céanna lenar
glacadh an clár oibre bliantúil tosaigh. Féadfaidh an Coláiste an chumhacht
chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a
tharmligean chuig an Stiúrthóir Riaracháin. 4. Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil amach an
cláreagrú straitéiseach foriomlán lena n‑áirítear cuspóirí, torthaí
ionchais agus táscairí feidhmíochta. Leagfar amach cláreagrú acmhainní freisin,
lena n‑áirítear an buiséad agus an fhoireann. Tabharfar an cláreagrú
acmhainní cothrom le dáta gach bliain. Tabharfar an cláreagrú straitéiseach
cothrom le dáta nuair is iomchuí, agus go háirithe chun dul i ngleic le toradh
na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 56. Roinn IV
An Bord Feidhmiúcháin Airteagal 16
Feidhmiú an Bhoird
Feidhmiúcháin 1. Beidh Bord Feidhmiúcháin de chúnamh ag an
gColáiste. Ní bheidh an Bord Feidhmiúcháin bainteach le feidhmeanna
oibríochtúla Eurojust dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5. 2. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an méid seo a
leanas freisin: a) cinntí a ullmhú atá le glacadh ag an gColáiste i
gcomhréir le hAirteagal 14; b) straitéis frithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach
leis na rioscaí calaoise ag féachaint do chostas‑sochar na mbeart atá le
cur chun feidhme; c) rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh do
Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i
gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne; d) a áirithiú go ndéantar obair leantach ar na torthaí
agus na moltaí ag eascairt ó thuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí nó
seachtraí, ó mheastóireachtaí agus ó imscrúduithe, lena n‑áirítear iad
siúd de chuid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS) agus na hOifige
Frithchalaoise Eorpaí (OLAF); e) gach cinneadh a ghlacadh faoi bhunú struchtúir
inmheánacha Eurojust agus, nuair is gá, faoi leasú orthu; f) gan dochar d'fhreagrachtaí an Stiúrthóra Riaracháin,
mar atá leagtha amach in Airteagal 18, beidh sé de chúnamh aige agus
tabharfaidh sé comhairle dó maidir le cur chun feidhme chinntí an Choláiste,
d’fhonn maoirseacht ar bhainistiú riaracháin agus buiséadach a threisiú. g) aon chinneadh eile a dhéanamh nach luaitear go
sainráite leis an gColáiste in Airteagal 5 ná in Airteagal 14 nó atá
faoi fhreagracht an Stiúrthóra Riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 18; h) a rialacha nós imeachta a ghlacadh. 3. Nuair is gá, ar chúiseanna práinne, féadfaidh an
Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh thar ceann an Choláiste
maidir le cúrsaí riaracháin agus buiséadacha, cinntí a bheidh faoi réir a
ndaingnithe ag an gColáiste. 4. Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta
d'Uachtarán agus de Leas Uachtaráin an Choláiste, ionadaí amháin ón gCoimisiúin
agus comhalta amháin eile ón gColáiste. Beidh Uachtarán an Choláiste mar
Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin a
chinntí trí thromlach dá chomhaltaí, agus beidh vóta amháin ag gach comhalta.
Glacfaidh an Stiúrthóir Riaracháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin,
ach ní bheidh ceart vótála aige. 5. Mairfidh tréimhse oifige chomhaltaí an Bhoird
Feidhmiúcháin ar feadh ceithre bliana, ach amháin comhalta an Choláiste, a
cheapfar de réir córais uainíochta dhá bhliain. Tiocfaidh deireadh le tréimhse
oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin nuair a thiocfaidh deireadh lena
dtéarma mar chomhaltaí náisiúnta. 6. Reáchtálfaidh an Bord Feidhmiúcháin gnáthchruinniú
amháin ar a laghad gach trí mhí. Ina theannta sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe
ar thionscnamh a Chathaoirligh nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó do bheirt
dá chomhaltaí eile ar a laghad. 7. Gheobhaidh an tIonchúisitheoir Poiblí Eorpach na
cláir oibre ó chruinnithe uile an Bhoird Feidhmiúcháin agus beidh saoirse aige
a bheith rannpháirteach sna cruinnithe sin, gan cead vótála aige, nuair a
phléitear ceisteanna a mheasann sé a bheith ábhartha maidir le feidhmiú Oifig
an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. 8. Féadfaidh feidhmiú Oifig an Ionchúisitheora
Phoiblí Eorpaigh tuairimí i scríbhinn a chur faoi bhráid an Bhoird
Feidhmiúcháin, agus freagróidh an Bord Feidhmiúcháin i scríbhinn iad gan mhoill
mhíchuí. Roinn V
An Stiúrthóir Riaracháin Airteagal 17
Stádas an Stiúrthóra
Riaracháin 1. Ceapfar an Stiúrthóir Riaracháin mar ghníomhaire
sealadach de chuid Eurojust faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha
Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh. 2. Ceapfaidh an Coláiste an Stiúrthóir Riaracháin, as
liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis nós imeachta
roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Chun críche chonradh an Stiúrthóra
Riaracháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Uachtarán an Choláiste ionadaíocht
thar ceann Eurojust. 3. Mairfidh tréimhse oifige an Stiúrthóra Riaracháin
ar feadh cúig bliana. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún
measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra
Riaracháin. 4. Féadfaidh an Coláiste, ag gníomhú ar thogra ón
gCoimisiún ina gcuirtear san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 3,
tréimhse oifige an Stiúrthóra Riaracháin a shíneadh uair amháin, ar feadh cúig
bliana ar a mhéid. 5. Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Riaracháin a ndearnadh a
thréimhse oifige a shíneadh a bheith rannpháirteach i nós imeachta roghnúcháin
eile le haghaidh an phoist chéanna ag deireadh na tréimhse foriomláine. 6. Beidh an Stiúrthóir Riaracháin freagrach don
Choláiste agus don Bhord Feidhmiúcháin. 7. Ní fhéadfar an Stiúrthóir Riaracháin a chur as
oifig ach amháin ar chinneadh ón gColáiste ag gníomhú dó ar thogra ón
gCoimisiún. Airteagal 18
Freagrachtaí an Stiúrthóra
Riaracháin 1. Chun críocha riaracháin, déanfaidh a Stiúrthóir
Riaracháin bainistíocht ar Eurojust. 2. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an
Choláiste ná an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Riaracháin go hiomlán
neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas agus ní iarrfaidh sé ná ní thógfaidh
sé treoracha ó aon rialtas ná aon chomhlacht eile. 3. Beidh an Stiúrthóir Riaracháin mar ionadaí dlí do
Eurojust. 4. Beidh an Stiúrthóir Riaracháin freagrach as na
cúraimí arna sannadh do Eurojust a chur chun feidhme. Beidh an Stiúrthóir
Riaracháin freagrach as an méid seo a leanas, go háirithe: a) riarachán laethúil Eurojust; b) na cinntí arna nglacadh ag an gColáiste agus ag an
mBord Feidhmiúcháin a chur chun feidhme; c) an doiciméad cláreagraithe a ullmhú agus é a chur faoi
bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún; d) an doiciméad cláreagraithe a chur chun feidhme agus
tuairisc a thabhairt don Bhord Feidhmiúcháin agus don Choláiste ar a chur chun
feidhme; e) an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Eurojust a
ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena críochnú agus
faoi bhráid an Choláiste lena faomhadh; f) plean gníomhaíochta a ullmhú ag leanúint as conclúidí
na dtuarascálacha, na meastóireachtaí agus na n‑imscrúduithe inmheánacha
nó seachtracha, lena n‑áirítear iad siúd ón Maoirseoir Eorpach ar
Chosaint Sonraí agus ó OLAF, agus tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn dhá
uair sa bhliain don Bhord Feidhmiúcháin, don Choimisiún agus don Mhaoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí; g) leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha
in aghaidh calaoise, éilithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a
chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, más rud é go
mbraitear neamhrialtachtaí, tríd na méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil
agus, más iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach,
comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur; h) straitéis frithchalaoise le haghaidh Eurojust a ullmhú
agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena faomhadh; i) na dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le
Eurojust a ullmhú; j) dréachtráiteas Eurojust faoi mheastacháin ioncaim agus
caiteachais a ullmhú agus a bhuiséad a chur chun feidhme. CAIBIDIL III
CÚRSAÍ OIBRÍOCHTÚLA Airteagal 19
Comhordú ar Ghlaodhualgas 1. D'fhonn a chuid cúraimí a chomhlíonadh i gcásanna
práinne, feidhmeoidh Eurojust Comhordú ar Ghlaodhualgas a bheidh in ann
iarrataí arna gcur chuige a fháil agus a phróiseáil tráth ar bith. Beifear in
ann dul i dteagmháil leis an gComhordú ar Ghlaodhualgas trí phointe teagmhála
aonair don Chomhardú ar Ghlaodhualgas ag Eurojust ar bhonn 24 uair an chloig in
aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine. 2. Rachaidh an Comhordú ar Ghlaodhualgas ar iontaoibh
ionadaí amháin (an t‑ionadaí don Chomhardú ar Ghlaodhualgas) i ngach
Ballstát. Is é an comhalta náisiúnta, a ionadaí, nó Cúntóir atá i dteideal
ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an chomhalta náisiúnta a bheidh ina ionadaí.
Beidh an t‑ionadaí don Chomhardú ar Ghlaodhualgas in ann gníomhú ar bhonn
24 uair an chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine. 3. Gníomhóidh na hionadaithe don Chomhardú ar
Ghlaodhualgas gan mhoill, maidir leis an iarraidh ina mBallstát a chomhlíonadh. Airteagal 20
Córas Eurojust um Chomhordú
Náisiúnta 1. Ainmneoidh gach Ballstát comhfhreagraí náisiúnta
Eurojust amháin nó níos mó. 2. Bunóidh gach Ballstát córas Eurojust um chomhordú
náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar comhordú ar an obair arna déanamh acu seo a
leanas: a) comhfhreagraithe náisiúnta Eurojust; b) comhfhreagraí náisiúnta Eurojust le haghaidh cúrsaí
sceimhlitheoireachta; c) comhfhreagraí náisiúnta an Ghréasáin Bhreithiúnaigh
Eorpaigh i gcúrsaí coiriúla agus suas le trí phointe teagmhála eile den
Ghréasán Breithiúnach Eorpach sin; d) ionadaithe náisiúnta nó pointí teagmhála an Líonra um
Chomhfhoirne Imscrúdaithe agus na ngréasán a bunaíodh le
Cinneadh 2002/494/CGB, Cinneadh 2002/845/CGB agus le Cinneadh
2008/852/CGB. 3. Coinneoidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i
mír 2 a bpost agus a stádas faoin dlí náisiúnta. 4. Beidh comhfhreagraithe náisiúnta Eurojust
freagrach as feidhmiú chóras Eurojust um chomhordú náisiúnta. I gcás na
ndéantar go leor de chomhfhreagraithe Eurojust a ainmniú, beidh duine acu
freagrach as feidhmiú chóras Eurojust um chomhordú náisiúnta. 5. Laistigh den Bhallstát, éascóidh córas Eurojust um
chomhordú náisiúnta cúraimí Eurojust a dhéanamh, go háirithe tríd an méid seo a
leanas a dhéanamh: a) a áirithiú go bhfaighidh an Córas Bainistithe Cásanna
dá dtagraítear in Airteagal 24 faisnéis atá bainteach leis an mBallstát
lena mbaineann ar bhealach éifeachtach agus iontaofa; b) cúnamh a thabhairt maidir le cinneadh a dhéanamh ar
cheart déileáil le cás le cúnamh ó Eurojust nó ón nGréasán Breithiúnach
Eorpach; c) cúnamh a thabhairt don chomhalta náisiúnta na húdaráis
ábhartha a aithint i ndáil le hiarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí
maidir leis, a chomhlíonadh, lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe ar
ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh; d) dlúthchomhar a choinneáil le hAonad Náisiúnta Europol. 6. D'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír 5 a
bhaint amach, nascfar na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i bpointí (a), (b)
agus (c) de mhír 2, agus féadfar go nascfar na daoine dá dtagraítear i bpointe
(d) de mhír 2, leis an gCóras Bainistithe Cásanna i gcomhréir leis an Airteagal
seo agus le hAirteagail 24, 25, 26 agus 30. Bainfear costas an naisc leis an
gCóras Bainistithe Cásanna as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. 7. Ní choiscfidh bunú chóras Eurojust um chomhordú
náisiúnta ná ainmniú na gcomhfhreagraithe náisiúnta teagmhálacha díreacha idir
an comhalta náisiúnta agus na húdaráis inniúla ina Bhallstát. Airteagal 21
Malartuithe faisnéise leis na
Ballstáit agus idir chomhaltaí náisiúnta 1. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát aon
fhaisnéis atá riachtanach do Eurojust chun a chúraimí a dhéanamh a mhalartú
leis i gcomhréir le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4 chomh maith
leis na rialacha um chosaint sonraí atá leagtha amach sa Rialachán seo. Beidh
an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 ar a laghad san áireamh
ann. 2. Ní thuigfear gurb ionann faisnéis a tharchur chuig
Eurojust agus cúnamh Eurojust a iarraidh sa chás lena mbaineann ach amháin má
shonraíonn údarás inniúil gurb amhlaidh go bhfuil cúnamh á iarraidh. 3. Déanfaidh na comhaltaí náisiúnta aon fhaisnéis is
gá chun cúraimí Eurojust a dhéanamh a mhalartú, gan údarú roimh ré, ina measc
féin nó le húdaráis inniúla a mBallstáit. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta
inniúla a gcomhaltaí náisiúnta ar an eolas go pras maidir le cás a bhaineann
leo, go háirithe. 4. Cuirfidh na húdaráis inniúla naisiúnta a
gcomhaltaí náisiúnta ar an eolas maidir le comhfhoirne imscrúdaithe a bhunófar
agus maidir le torthaí ar obair na bhfoirne sin. 5. Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta a
gcomhaltaí náisiúnta ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon chás a
bhaineann le coireanna a thagann faoi inniúlacht Eurojust agus a dhéanann
difear do trí Bhallstát ar a laghad a bhfuil iarrataí ar chomhar breithiúnach,
nó cinntí maidir leo, lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe ar ionstraimí
a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, tarchurtha
chuig dhá Bhallstát ar a laghad lena aghaidh. 6. Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta a
gcomhaltaí náisiúnta ar an eolas maidir leis na nithe seo a leanas: a) cásanna inar tháinig coinbhleachtaí dlínse chun cinn nó
inar dócha go dtiocfaidh siad chun cinn; b) seachadtaí rialaithe a dhéanann difear do thrí thír ar
a laghad, ar Ballstáit iad péire acu ar a laghad; c) deacrachtaí nó diúltuithe leanúnacha maidir le
hiarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí maidir leis, a chomhlíonadh,
lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do
phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. 7. Ní bheidh sé d'oibleagáid ar údaráis náisiúnta
faisnéis a sholáthar i gcás sonrach más rud é go mbeadh sé de thoradh ar
sholáthar na faisnéise sin: a) go ndéanfaí dochar do leasanna bunúsacha slándála
náisiúnta; nó b) go gcuirfí sábháilteacht daoine aonair i mbaol. 8. Beidh an Airteagal seo gan dochar do na
coinníollacha arna socrú i gcomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha nó i
socruithe idir na Ballstáit agus tríú tíortha, lena n‑áirítear aon
choinníollacha arna socrú ag tríú tíortha maidir le húsáid na faisnéise tar éis
í a sholáthar. 9. Déanfar faisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo
a sholáthar ar bhealach struchtúrtha arna bhunú ag Eurojust. Airteagal 22
Faisnéis arna tabhairt ag
Eurojust do na húdaráis náisiúnta inniúla 1. Tabharfaidh Eurojust faisnéis do na húdaráis
náisiúnta inniúla maidir leis na torthaí ar phróiseáil na faisnéise, lena n‑áirítear
naisc a bheith ann le cásanna atá stóráilte cheana féin sa Chóras Bainistithe
Cásanna. Féadfar sonraí pearsanta a bheith san áireamh san fhaisnéis sin. 2. I gcás ina n‑iarrfaidh údarás náisiúnta
inniúil ar Eurojust faisnéis a thabhairt dó, déanfaidh Eurojust í a tharchur
laistigh den thréimhse ama a d'iarr an t‑údarás sin. Airteagal 23
Iarrataí agus tuairimí
Eurojust a leanúint Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla freagra gan moill
mhíchuí ar iarrataí agus tuairimí Eurojust arna ndéanamh faoi Airteagal 4.
I gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann cinneadh gan
iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a chomhlíonadh nó cinneadh gan
tuairim i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 4(4) nó (5) a leanúint,
cuirfidh siad Eurojust ar an eolas faon gcinneadh agus faoi na cúiseanna atá
leis gan moill mhíchuí. I gcás nach féidir na cúiseanna lenar diúltaíodh
iarraidh a chomhlíonadh a thabhairt toisc go ndéanfaí dochar do leasanna
bunúsacha slándála náisiúnta nó go gcuirfí sábháilteacht daoine aonair i mbaol
dá ndéanfaí sin, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát cúiseanna oibríochtúla
a lua. Airteagal 24
An Córas Bainistithe Cásanna,
an t‑innéacs agus comhaid oibre shealadacha 1. Bunóidh Eurojust Córas Bainistithe Cásanna a
bheidh comhdhéanta de chomhaid oibre shealadacha agus innéacs ina mbeidh sonraí
pearsanta mar a thagraítear dóibh in Iarscríbhinn 2 agus sonraí nach sonraí
pearsanta iad. 2. Is é cuspóir an Chórais Bainistithe Cásanna: a) tacú le bainistíocht agus comhordú ar imscrúduithe agus
ar ionchúisimh a bhfuil Eurojust ag tabhairt cúnaimh ina leith, go háirithe trí
an fhaisnéis a thrasthagartú; b) rochtain ar fhaisnéis maidir le himscrúduithe agus
ionchúisimh leanúnacha a éascú; c) faireachán ar an dlíthiúlacht maidir le próiseáil
sonraí pearsanta agus ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo ina leith a
éascú; 3. Féadfar an Córas Bainistithe Cásanna a nascadh
leis an nasc slán teileachumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 9 de
Chinneadh 2008/976/CGB. 4. Beidh tagairtí san innéacs do chomhaid oibre
shealadacha arna bpróiseáil faoi chuimsiú Eurojust agus ní fhéadfar aon sonraí
pearsanta a bheith ann seachas na sonraí sin dá dtagraítear i bpointe (1)(a) go
(i), (k) agus (m) agus i bpointe (2) d'Iarscríbhinn 2. 5. Agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu, féadfaidh
na comhaltaí náisiúnta sonraí a phróiseáil faoi na cásanna aonair ar a bhfuil
siad ag obair i gcomhad oibre sealadach. Déanfaidh siad rochtain ar an gcomhad
oibre sealadach a cheadú don Oifigeach Cosanta Sonraí. Cuirfidh an comhalta
náisiúnta lena mbaineann an tOifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas maidir le
gach comhad oibre sealadach nua a osclófar ina bhfuil sonraí pearsanta. 6. Ní fhéadfaidh Eurojust aon chomhad sonraí
uathoibrithe a bhunú seachas an Córas Bainistithe Cásanna nó comhad oibre
sealadach chun sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil. 7. Cuirfear an Córas Bainistithe Cásanna agus na
comhaid oibre shealadacha a ghabhann leis ar fáil le go mbainfidh Oifig an
Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh úsáid astu. 8. Beidh feidhm ag na forálacha maidir le rochtain ar
an gCóras Bainistithe Cásanna agus ar na comhaid oibre shealadacha, mutatis
mutandis, i leith Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Ní bheidh an
fhaisnéis a iontrálfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh sa Chóras
Bainistithe Cásanna, sna comhaid oibre shealadacha ná san innéacs ar fáil chun
rochtain a fháil orthu ar an leibhéal náisiúnta, áfach. Airteagal 25
Feidhmiú na gcomhad oibre
sealadach agus an innéacs 1. Osclóidh an comhalta náisiúnta lena mbaineann
comhad oibre sealadach do gach cás a ndéanfar faisnéis a tharchur chuige ina
leith a mhéad agus a bheidh an tarchur sin i gcomhréir leis an Rialachán seo nó
le hionstraimí dlíthiúla eile is infheidhme. Beidh an comhalta náisiúnta
freagrach as na comhaid oibre shealadacha arna n‑oscailt ag an gcomhalta
naisiúnta sin a bhainistiú. 2. Cinnfidh an comhalta náisiúnta a d'oscail comhad
oibre sealadach, de réir an cháis, an gcoinneofar srian ar an gcomhad oibre
sealadach nó an dtabharfar rochtain air nó ar chodanna de, nuair is gá le go
mbeidh Eurojust in ann a chuid cúraimí a dhéanamh, do chomhaltaí náisiúnta eile
nó do bhaill foirne Eurojust atá údaraithe ag an Stiúrthóir Riaracháin. 3. Cinnfidh an comhalta náisiúnta a d'oscail comhad
oibre sealadach cén fhaisnéis a bhaineann leis an gcomhad oibre sealadach sin a
iontrálfar san innéacs. Airteagal 26
Rochtain ar an gCóras
Bainistithe Cásanna ar an leibhéal náisiúnta 1. Ní fhéadfaidh daoine dá dtagraítear dóibh in Airteagal 20(2),
sa mhéid go bhfuil siad nasctha leis an gCóras Bainistithe Cásanna, rochtain a
fháil ach ar an méid seo a leanas: a) an t‑innéacs, ach amháin má dhiúltaigh an
comhalta náisiúnta a rinne an cinneadh na sonraí a iontráil san innéacs do
rochtain den sórt sin go sainráite; b) comhaid oibre shealadacha a d'oscail comhalta náisiúnta
a mBhallstáit; c) comhaid oibre shealadacha a d'oscail comhaltaí
náisiúnta ó Bhallstáit eile agus a bhfuair comhalta náisiúnta óna mBallstáit
rochtain orthu, ach amháin má dhiúltaigh an comhalta náisiúnta a d'oscail an
comhad oibre sealadach do rochtain den sórt sin go sainráite. 2. Déanfaidh an comhalta náisiúnta cinneadh, laistigh
de na teorainneacha dá bhforáiltear i mír 1, maidir leis an méid rochtana ar na
comhaid oibre shealadacha arna thabhairt ina Bhallstát do na daoine dá
dtagraítear in Airteagal 20(2) sa mhéid go bhfuil siad nasctha leis an
gCóras Bainistithe Cásanna. 3. Déanfaidh gach Ballstát cinneadh, tar éis dul i
gcomhairle lena chomhalta náisiúnta, maidir leis an méid rochtana ar an innéacs
arna thabhairt sa Bhallstát sin do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20(2)
sa mhéid go bhfuil siad nasctha leis an gCóras Bainistithe Cásanna. Tabharfaidh
na Ballstáit fógra do Eurojust agus don Choimisiún maidir lena gcinneadh i
ndáil le cur chun feidhme na míre seo. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile
ar an eolas faoin méid sin. 4. Beidh rochtain ar a laghad ag daoine ar tugadh
rochtain dóibh i gcomhréir le mír 2 ar an innéacs sa mhéid is gá chun rochtain
a fháil ar na comhaid oibre shealadacha ar tugadh rochtain orthu dóibh. CAIBIDIL IV
PRÓISEÁIL FAISNÉISE Airteagal 27
Sonraí pearsanta a phróiseáil 1. A mhéid is gá chun a chúram sainráite a bhaint
amach, ní fhéadfaidh Eurojust ach na sonraí pearsanta atá liostaithe i bpointe
1 d'Iarscríbhinn 2 a phróiseáil ar mhodhanna uathoibrithe nó i gcomhaid
struchtúrtha de láimh i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoi chuimsiú a
inniúlachta agus d'fhonn a fheidhmeanna oibríochtúla a dhéanamh, maidir le
daoine a bhfuil amhras ann fúthu, faoi reachtaíocht náisiúnta na mBallstát lena
mbaineann, go ndearna siad cion coiriúil ar a bhfuil Eurojust inniúil, gur
ghlac siad páirt ann, nó a ciontaíodh as cion den sórt sin. 2. Ní fhéadfaidh Eurojust na sonraí pearsanta atá
liostaithe i bpointe 2 d'Iarscríbhinn 2 a phróiseáil ach maidir le daoine a
mheastar a bheith ina bhfinnéithe nó ina n‑íospartach in imscrúdú nó in
ionchúiseamh coiriúil, faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit lena
mbaineann, i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na cineálacha coireachta agus
na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3, nó daoine atá faoi bhun 18
mbliana d'aois. Ní fhéadfar próiseáil ar shonraí pearsanta den sórt sin a
dhéanamh ach amháin má tá dearbhghá leis chun cúram sainráite Eurojust a bhaint
amach, faoi chuimsiú a inniúlachta agus d'fhonn a fheidhmeanna oibríochtúla a
dhéanamh. 3. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Eurojust sonraí
pearsanta seachas na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a
phróiseáil a bhaineann le cúinsí cion, ar feadh tréimhse theoranta nach mbeidh
níos faide ná an méid ama is gá chun an cás lena mbaineann na sonraí arna
bpróiseáil a thabhairt i gcrích, má tá dlúthbhaint acu le himscrúduithe
leanúnacha a bhfuil Eurojust ag déanamh comhordú orthu nó ag cabhrú le comhordú
a dhéanamh orthu agus san áireamh sna himscrúduithe sin agus má tá dearbhghá
lena bpróiseáil chun na críocha atá sonraithe i mír 1. Cuirfear an tOifigeach
Cosanta Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 31 ar an eolas láithreach má
théitear ar iontaoibh na míre seo agus maidir leis na cúinsí sonracha lena
bhfuil bonn cirt maidir leis an ngá atá le sonraí pearsanta den sórt sin a
phróiseáil. I gcás ina dtagraítear d'fhinnéithe nó d'íospartaigh laistigh de
bhrí mhír 2 i sonraí eile den sórt sin, is beirt chomhaltaí náisiúnta ar a
laghad a dhéanfaidh an cinneadh iad a phróiseáil i gcomhpháirtíocht. 4. Ní fhéadfaidh Eurojust sonraí pearsanta, arna
bpróiseáil le modhanna uathoibrithe nó le modhanna eile, lena nochtar bunadh ciníoch
nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnacha,
ballraíocht ar cheardchumann agus sonraí a bhaineann le sláinte nó saol gnéis,
a phróiseáil ach amháin má tá dearbhghá le sonraí don sórt sin don imscrúdú
náisiúnta lena mbaineann agus don chomhordú laistigh de Eurojust chomh maith
agus má dhéanann siad sonraí pearsanta eile a próiseáladh cheana féin a
fhorlíonadh. Cuirfear an tOifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas láithreach má
théitear ar iontaoibh na míre seo. Ní dhéanfar sonraí den sórt sin a phróiseáil
san Innéacs dá dtagraítear in Airteagal 24(4). I gcás ina dtagraítear
d'fhinnéithe nó d'íospartaigh laistigh de bhrí mhír 3 i sonraí eile den sórt
sin, is é an Coláiste a dhéanfaidh an cinneadh iad a phróiseáil. 5. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001
maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Eurojust i gcomhthéacs a chuid
gníomhaíochtaí. Déantar Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a shonrú agus a
chomhlánú sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann sé le próiseáil sonraí pearsanta
ag Eurojust dá chúraimí oibríochtúla. Airteagal 28
Teorainneacha ama maidir le
sonraí pearsanta a stóráil 1. Ní fhéadfar sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag
Eurojust a stóráil níos faide ná an chéad dáta is infheidhme i measc na ndátaí
seo a leanas: a) an dáta a mbeidh urchosc ar an ionchúiseamh faoi reacht
na dtréimhsí i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann an t‑imscrúdú
nó na hionchúisimh; b) an dáta a n‑éigiontófar an duine agus a mbeidh an
cinneadh breithiúnach ina chinneadh críochnaitheach; c) trí bliana tar éis an dáta a raibh an cinneadh
breithiúnach sa Bhallstát deireanach lena mbaineann an t‑imscrúdú nó na
hionchúisimh ina chinneadh críochnaitheach; d) an dáta ar bhunaigh nó ar chomhaontaigh Eurojust agus
na Ballstáit lena mbaineann go frithpháirteach nach raibh gá ann a thuilleadh
go ndéanfadh Eurojust comhordú ar an imscrúdú agus ar na hionchúisimh, ach
amháin dá mbeadh oibleagáid ann an fhaisnéis seo a thabhairt do Eurojust i
gcomhréir le hAirteagal 21(5) nó (6). e) trí bliana tar éis an dáta a ndearnadh na sonraí a
tharchur i gcomhréir le hAirteagal 21(6) nó (7). 2. Déanfar athbhreithniú leanúnach go bhfuiltear ag
cloí leis na sprioc amanna stórála dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus
(d) de mhír 1 le próiseáil oiriúnach uathoibrithe. Dá ainneoin sin, deanfar
athbhreithniú ar an ngá atá leis na sonraí a stóráil gach trí bliana tar éis
iad a iontráil. Má stóráiltear sonraí a bhaineann le daoine a bhfuil tagairt
déanta dóibh in Airteagal 27(4) ar feadh tréimhse a sháraíonn cúig bliana,
cuirfear an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar a eolas dá réir. 3. I gás ina bhfuil ceann amháin de na sprioc amanna
stórála dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) nó (d) de mhír 1 imithe in
éag, déanfaidh Eurojust athbhreithniú ar an ngá atá leis na sonraí a stóráil
níos faide ionas go mbeidh sé in ann a chuid cúraimí a dhéanamh agus féadfaidh
sé cinneadh a dhéanamh ar bhonn maolaithe na sonraí a stóráil go dtí an chéad
athbhreithniú eile ina dhiaidh sin. Ní mór bonn cirt a bheith leis na cúiseanna
atá leis an stóráil leantach agus iad a thaifeadadh. Mura ndéantar aon
chinneadh faoi stóráil leantach sonraí pearsanta, scriosfar na sonraí sin go
huathoibríoch tar éis trí bliana. A luaithe a bheidh ionchúiseamh faoi urchosc
reachta sna Ballstáit ar fad lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe (a) de
mhír 1, áfach, ní fhéadfar sonraí a stóráil ach amháin má tá gá leo ionas gur
féidir le Eurojust cúnamh a chur ar fáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. 4. I gcás ina ndearnadh sonraí a stóráil, i gcomhréir
le mír 3, tar éis na dátaí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí athbhreithniú ar an ngá atá leis na sonraí sin a
stóráil gach trí bliana. 5. I gcás ina bhfuil sonraí nach bhfuil uathoibrithe
ná struchtúrtha i gcomhad, a luaithe a bheidh an sprioc am maidir leis an mír
deiridh de na sonraí uathoibrithe ón gcomhad a stóráil caite, tabharfar gach
doiciméad sa chomhad ar ais don údarás a thug iad agus scriosfar aon chóip
díobh atá ann. 6. I gcás ina ndearna Eurojust imscrúdú nó ionchúisimh
a chomhordú, cuirfidh na comhaltaí náisiúnta lena mbaineann Eurojust agus na
Ballstáit eile lena mbaineann ar an eolas maidir le gach cinneadh breithiúnach
a bhaineann leis an gcás atá ina gcinntí críochnaitheacha ionas gur féidir, inter
alia, pointe (b) de mhír 1 a chur i bhfeidhm. Airteagal 29
Logáil agus doiciméadacht 1. Chun críocha dlíthiúlacht na próiseála sonraí a
fhíorú, féinfhaireacháin agus sláine agus slándáil cheart sonraí a áirithiú,
coimeádfaidh Eurojust taifid ar aon bhailiú, athrú, rochtain, nochtadh,
meascadh ná scriosadh i leith sonraí pearsanta arna n‑úsáid chun críocha
oibríochtúla. Scriosfar logaí nó doiciméadacht den sórt sin tar éis 18 mí, ach
amháin má theastaíonn na sonraí le haghaidh rialaithe leanúnaigh. 2. Cuirfear logaí nó doiciméadacht arna n‑ullmhú
faoi mhír 1 in iúl don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna iarraidh
sin. Ní úsáidfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an fhaisnéis sin ach
chun cosaint sonraí a rialú, próiseáil cheart sonraí a áirithiú agus chun
críocha sláine agus slándála sonraí. Airteagal 30
Rochtain údaraithe ar shonraí
pearsanta Ní fhéadfaidh ach comhaltaí
náisiúnta, a n‑ionadaithe agus a gcúntóirí, daoine dá dtagraítear dóibh
in Airteagal 20(2) sa mhéid go bhfuil siad nasctha leis an gCóras
Bainistithe Cásanna agus baill foirne údaraithe Eurojust rochtain a bheith acu,
chun críche cúraimí Eurojust a bhaint amach agus laistigh de na teorainneacha
dá bhforáiltear in Airteagail 24, 25 agus 26, ar shonraí pearsanta arna
bpróiseáil ag Eurojust dá chuid cúraimí oibríochtúla. Airteagal 31
Oifigeach Cosanta Sonraí a
cheapadh 1. Ceapfaidh an Bord Feidhmiúcháin Oifigeach Cosanta
Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. 2. Agus na hoibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 24
de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 á gcomhlíonadh aige, déanfaidh an
tOifigeach Cosanta Sonraí an méid seo a leanas: a) a áirithiú go gcoinneofar taifead i scríbhinn d'aistriú
na sonraí pearsanta; b) comhoibriú le baill foirne Eurojust atá freagrach as
nósanna imeachta, oiliúint agus comhairle faoi phróiseáil sonraí; c) tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus an tuarascáil sin a
chur chuig an gColáiste agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. 3. Agus é i mbun a chuid cúraimí, beidh rochtain ag
an Oifigeach Cosanta Sonraí ar na sonraí uile arna bpróiseáil ag Eurojust agus
ar áitribh uile Eurojust. 4. Beidh rochtain ag baill foirne Eurojust a thugann
cúnamh don Oifigeach Cosanta Sonraí agus é i mbun a chuid dualgas ar na sonraí
pearsanta arna bpróiseáil ag Eurojust agus ar áitribh Eurojust a mhéid is gá
chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh. 5. Má mheasann an tOifigeach Cosanta Sonraí nár
comhlíonadh forálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 nó forálacha an
Rialacháin seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta, cuirfidh sé an Stiúrthóir
Riaracháin ar an eolas faoi, ag éileamh air an neamhchomhlíonadh a chur i
gceart laistigh de thréimhse shonraithe. Mura gcuireann an Stiúrthóir
Riaracháin neamhchomhlíonadh na próiseála i gceart laistigh den thréimhse shonraithe,
cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an Coláiste ar an eolas faoi agus
tiocfaidh sé ar chomhaontú leis an gColáiste maidir le tréimhse shonraithe chun
freagra a thabhairt. Mura gcuireann an Coláiste neamhchomhlíonadh na próiseála
i gceart laistigh den tréimhse shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta
Sonraí an t‑ábhar faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. 6. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na rialacha cur
chun feidhme dá dtagraítear dóibh in Airteagal 24(8) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.
Airteagal 32
Modheolaíochtaí maidir leis
an gceart rochtana a chleachtadh 1. Féadfaidh aon duine is ábhar do na sonraí ar mian
leis an ceart chun rochtana ar shonraí pearsanta a fheidhmiú iarratas a
dhéanamh chuige sin saor in aisce don údarás a ceapadh don chuspóir sin i
mBallstát dá rogha féin. Déanfaidh an t‑údarás sin an t‑iarratas
sin a chur faoi bhráid Eurojust laistigh d’aon mhí amháin óna fháil. 2. Tabharfaidh Eurojust freagra gan moill mhíchuí ar
an iarratas agus in aon chás laistigh de thrí mhí ón uair a gheobhaidh Eurojust
é. 3. Rachadh Eurojust i gcomhairle le húdaráis inniúla
na mBallstát lena mbaineann maidir le cinneadh atá le déanamh. Beidh cinneadh
faoi rochtain ar shonraí ag brath ar dhlúthchomhar idir Eurojust agus na Ballstáit
a bhfuil baint dhíreach acu maidir leis na sonraí sin a chur in iúl. In aon
chás ina gcuireann Ballstát i gcoinne fhreagra beartaithe Eurojust, tabharfaidh
sé fógra do Eurojust faoi na cúiseanna lena chur i gcoinne. 4. Nuair atá an ceart rochtana srianta i gcomhréir le
hAirteagal 20(1) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, cuirfidh Eurojust
an té is ábhar do na sonraí ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 20(3)
den Rialachán sin i scríbhinn. Féadfar an fhaisnéis maidir leis na
príomhchúiseanna a fhágáil ar lár i gcás ina mbainfeadh soláthar faisnéise den
sórt sin an éifeacht den srian. Cuirfear an té is ábhar do na sonraí ar an
eolas ar a laghad go ndearna an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gach
fíorú is gá. 5. Déanfaidh Eurojust doiciméadú ar na forais nár
cuireadh na príomhchúiseanna ar a bhfuil an srian dá dtagraítear i mír 4
bunaithe in iúl. 6. Déileálfaidh na comhaltaí náisiúnta lena mbaineann
an iarraidh léi agus tiocfaidh siad ar chinneadh thar ceann Eurojust.
Déileálfar leis an iarraidh ina hiomláine laistigh de trí mhí tar éis í a
fháil. I gcás nach bhfuil na comhaltaí ar aon tuairim, cuirfidh siad an t‑ábhar
faoi bhráid an Choláiste, a dhéanfaidh a chinneadh ar an iarraidh le tromlach
dhá thrian. 7. Má dhéanann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint
Sonraí dlíthiúlacht na próiseála a dhéanann Eurojust a sheiceáil, agus Airteagal 46
agus Airteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 á gcur i bhfeidhm,
cuirfidh sé an té is ábhar do na sonraí ar an eolas ar a laghad go ndearna an
Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gach fíorú is gá. Airteagal 33
An ceart chun ceartúcháin,
léirscriosta agus srianta ar phróiseáil 1. Más amhlaidh gur chuir tríú tíortha, eagraíochtaí
idirnáisiúnta, páirtithe príobháideacha nó daoine príobháideacha na sonraí
pearsanta is gá a cheartú nó a léirscrios nó srian a chur lena bpróiseáil i
gcomhréir le hAirteagail 14, 15 nó 16 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001
ar fáil do Eurojust, nó más de thoradh anailísí Eurojust féin iad, is é
Eurojust a cheartóidh nó a léirscriosfaidh na sonraí sin, nó a chuirfidh srian
le próiseáil na sonraí sin. 2. Más amhlaidh gur chuir na Ballstáit na sonraí
pearsanta is gá a cheartú nó a léirscrios nó srian a chur lena bpróiseáil i
gcomhréir le hAirteagail 14, 15 nó 16 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001
ar fáil do Eurojust go díreach, is é Eurojust a cheartóidh nó a léirscriosfaidh
na sonraí sin, nó a chuirfidh srian le próiseáil na sonraí sin, i gcomhar leis
na Ballstáit. 3. Más rud é gur tarchuireadh sonraí míchearta trí
mheán modha oiriúnaigh eile nó gur tharla na hearráidí sna sonraí arna soláthar
ag na Ballstáit mar thoradh ar tharchur lochtach nó gur tarchuireadh iad de
shárú ar an Rialachán seo nó má tá siad ann toisc gur iontráil Eurojust iad, go
ndeachaidh Eurojust i gceannas orthu nó gur stóráil Eurojust iad ar bhealach
mícheart nó de shárú ar an Rialachán seo, ceartóidh nó léirscriosfaidh Eurojust
na sonraí i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann. 4. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 14, 15 nó
16 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, tabharfar fógra láithreach dóibh siúd
go léir a bhfuil na sonraí dírithe orthu i gcomhréir le hAirteagal 17 de
Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. I gcomhréir leis na rialacha is infheidhme
maidir leo, ceartóidh, léirscriosfaidh nó srianfaidh siad siúd a bhfuil na
sonraí dírithe orthu na sonraí sin ina gcuid córas féin. 5. Cuirfidh Eurojust an té is ábhar do na sonraí ar
an eolas i scríbhinn gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de thrí mhí
tar éis an iarraidh a fháil go ndéanfaí na sonraí a bhaineann leis an té sin a
cheartú, a léirscrios nó go gcuirfí srian lena bpróiseáil. 6. Cuirfidh Eurojust an té is ábhar do na sonraí ar
an eolas i scríbhinn faoi aon diúltú do cheartúchán, léirscrios nó srianta leis
an bpróiseáil, agus gur féidir gearán a chur faoi bhráid an Mhaoirseora
Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus leigheas breithiúnach a lorg. Airteagal 34
Freagracht maidir le hábhair
cosanta sonraí 1. Déanfaidh Eurojust sonraí pearsanta a phróiseáil
ar bhealach lena mbeifear in ann an t‑údarás a sholáthraigh na sonraí nó
an áit ónar bhfuarthas na sonraí pearsanta a bhunú. 2. Is é an Ballstát a chuir na sonraí pearsanta ar
fáil do Eurojust a bheidh freagrach as cáilíocht sonraí pearsanta agus is é
Eurojust a bheidh freagrach as sonraí pearsanta arna gcur ar fáil ag comhlachtaí
an AE, tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus as sonraí pearsanta
arna bhfáil ag Eurojust ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí. 3. Is é Eurojust a bheidh freagrach as comhlíonadh
Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus comhlíonadh an Rialacháin seo. Is é an
Ballstát a chuireann na sonraí pearsanta ar fáil a bheidh freagrach as
dlíthiúlacht aistriú na sonraí pearsanta arna gcur ar fáil ag na Ballstáit do
Eurojust, agus is é Eurojust a bheidh freagrach as sin maidir leis na sonraí
pearsanta arna gcur ar fáil ag Eurojust do na Ballstáit, do chomhlachtaí an AE,
agus do thríú tíortha nó eagraíochtaí. 4. Faoi réir ag forálacha eile sa Rialachán seo,
beidh Eurojust freagrach as na sonraí uile arna bpróiseáil aige. Airteagal 35
Comhar idir an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí 1. Gníomhóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint
Sonraí i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta atá inniúil ar mhaoirseacht
ar chosaint sonraí i ndáil le saincheisteanna sonracha a bhfuil rannpháirtíocht
náisiúnta de dhíth orthu, go háirithe má fhaigheann an Maoirseoir Eorpach ar
Chosaint Sonraí nó údarás náisiúnta atá inniúil ar mhaoirseacht ar chosaint
sonraí neamhréitigh mhóra idir chleachtais na mBallstát nó aistrithe a
d'fhéadfadh a bheith neamhdhleathach ina mbaintear úsáid as cainéil chumarsáide
Eurojust, nó i bhfianaise ceisteanna arna gcur ag údarás náisiúnta maoirseachta
amháin nó níos mó maidir le cur chun feidhme agus léirmhíniú an Rialacháin seo. 2. I gcásanna dá dtagraítear faoi mhír 1, féadfaidh
an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis náisiúnta atá inniúil
ar mhaoirseacht ar chosaint sonraí, agus iad ag gníomhú laistigh de raon
feidhme a gcuid inniúlachtaí faoi seach, faisnéis ábhartha a mhalartú, cabhrú
lena chéile chun iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, scrúdú a dhéanamh ar
dheacrachtaí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, staidéar
a dhéanamh ar fhadhbanna a bhaineann le maoirseacht neamhspleách a fheidhmiú nó
cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a fheidhmiú, tograí comhchuibhithe a
cheapadh le haghaidh comhréiteach ar aon fhadhb agus feasacht a chur chun cinn
faoi chearta um chosaint sonraí, de réir mar is gá. 3. Tiocfaidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Náisiúnta agus
an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile chun na críocha atá leagtha
amach san Airteagal seo, de réir mar is gá. Is ar chuntas an Mhaoirseora
Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh costais agus reáchtáil na gcruinnithe sin.
Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar modhanna oibre
eile a fhorbairt i gcomhpháirtíocht, de réir mar is gá. Airteagal 36
An ceart chun gearán a chur
faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí 1. I gcás ina mbaineann gearán arna dhéanamh ag duine
is ábhar do shonraí de bhun Airteagal 32(2) de Rialachán (CE)
Uimh. 45/2001 le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 32 nó Airteagal 33,
rachaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhairle leis na
comhlachtaí náisiúnta maoirseachta nó leis an gcomhlacht breithiúnach inniúil
sa Bhallstát arbh é foinse na sonraí é nó leis an mBallstát lena mbaineann go
díreach. Déanfar cinneadh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí i
ndlúthchomhar leis an gcomhlacht náisiúnta maoirseachta nó leis an gcomhlacht
breithiúnach inniúil agus féadfar a bheith dá thoradh go ndiúltófar faisnéis ar
bith a chur in iúl. 2. I gcás ina mbaineann gearán le próiseáil sonraí
arna gcur ar fáil ag Ballstát do Eurojust, áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar
Chosaint Sonraí go bhfuil na seiceálacha is gá déanta i gceart agus i
ndlúthchomhar le comhlacht náisiúnta maoirseachta an Bhallstáit a bhfuil na
sonraí curtha ar fáil aige. 3. I gcás ina mbaineann gearán le próiseáil sonraí
arna gcur ar fáil ag comhlachtaí an AE, ag tríú tíortha, ag eagraíochtaí nó ag
páirtithe príobháideacha do Eurojust, áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar
Chosaint Sonraí go mbeidh na seiceálacha is gá déanta ag Eurojust. Airteagal 37
Dliteanas i leith próiseála
neamhúdaraithe nó mhíchirte sonraí 1. Beidh Eurojust faoi dhliteanas, i gcomhréir le hAirteagal 340
den Chonradh, i leith aon damáiste arna dhéanamh do dhuine aonair a eascraíonn
as próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí arna déanamh aige. 2. Éistfidh an Chúirt Bhreithiúnais gearáin i gcoinne
Eurojust de bhun an dliteanais dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le hAirteagal 268
den Chonradh. 3. Beidh gach Ballstát faoi dhliteanas, i gcomhréir
lena dhlí náisiúnta, i leith aon damáiste arna dhéanamh do dhuine aonair a
eascraíonn as próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart atá déanta aige ar shonraí
a chuir sé ar fáil do Eurojust. CAIBIDIL V
CAIDREAMH LE PÁIRTITHE ROINN I
FORÁLACHA COITEANNA Airteagal 38
Forálacha coiteanna 1. Féadfaidh Eurojust, a mhéid is gá chun a chuid
chúraimí a dhéanamh, caidreamh comhair a bhunú agus a choinneáil le comhlachtaí
agus gníomhaireachtaí an Aontais i gcomhréir le cuspóirí na gcomhlachtaí nó na
ngníomhaireachtaí sin, le húdaráis inniúla tríú tíortha, le heagraíochtaí
idirnáisiúnta agus le hEagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol). 2. A mhéid atá ábhartha maidir lena chuid cúraimí a
dhéanamh agus faoi réir aon sriain arna shonrú de bhun Airteagal 21(8),
féadfaidh Eurojust aon fhaisnéis, seachas sonraí pearsanta, a mhalartú go
díreach leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1. 3. Féadfaidh Eurojust, i gcomhréir le hAirteagal 4
de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, sonraí pearsanta ó na heintitis dá
dtagraítear i mír 1 a fháil agus a phróiseáil a mhéid is gá ionas gur féidir
leis sé a chuid cúraimí a dhéanamh agus faoi réir fhorálacha Roinn IV. 4. Ní dhéanfaidh Eurojust sonraí pearsanta a aistriú
chuig tríú tíortha, chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ná chuig Interpol ach
amháin más gá sin a dhéanamh chun coireacht a thagann faoi inniúlacht Eurojust
a chosc agus a chomhrac, agus déanfar é i gcomhréir leis an Rialachán seo. Má
tá na sonraí atá le haistriú curtha ar fáil ag Ballstát, iarrfaidh Eurojust
toiliú an Bhallstáit, ach amháin más amhlaidh: a) gur féidir talamh slán a dhéanamh den údarú toisc nár
chuir an Ballstát sin teorainn shoiléir leis an deis sonraí a aistriú ar
aghaidh; nó b) má tá údarú roimh ré tugtha ag an mBallstát d’aistriú
ar aghaidh den sórt sin, i dtéarmaí ginearálta nó faoi réir coinníollacha
sonracha. Féadfar toiliú den sórt sin a tharraingt siar uair ar bith. 5. Sonraí pearsanta atá faighte ag Eurojust ó na
Ballstáit, ó chomhlachtaí nó gníomhaireachtaí an Aontais, ó thríú tíortha, ó
eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ó Interpol, beidh toirmeasc ar a n‑aistriú
ar aghaidh chuig tríú páirtithe ach amháin má thoilíonn Eurojust go sainráite é
sin a dhéanamh tar éis cúinsí an cháis atá idir lámha a mheas, chun críche
cuspóra shonraigh nach bhfuil ar neamhréir leis an gcuspóir lenar tarchuireadh
na sonraí. ROINN II
CAIDREAMH LE COMHPHÁIRTITHE Airteagal 39
Comhar leis an nGréasán
Breithiúnach Eorpach agus le líonraí eile de chuid an Aontais Eorpaigh atá
rannpháirteach i gcomhar maidir le hábhair choiriúla 1. Beidh caidreamh pribhléideach idir
Eurojust agus an Gréasán Breithiúnach Eorpach maidir le hábhair choiriúla, ar
bhonn comhairliúcháin agus comhlántachta, go háirithe idir an comhalta
náisiúnta, pointí teagmhála an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh sa Bhallstát
céanna agus na comhfhreagraithe náisiúnta do Eurojust agus don Ghréasán
Breithiúnach Eorpach. Chun a áirithiú go mbeidh comhar éifeachtúil ann, déanfar
na bearta seo a leanas: a) cuirfidh na
comhaltaí náisiúnta, de réir an cháis, pointí teagmhála an Ghréasáin
Bhreithiúnaigh Eorpaigh ar an eolas faoi na cásanna uile a measann siad ina
leith gurb é an Gréasán is fearr a bheadh in ann iad a láimhseáil; b) beidh rúnaíocht an Ghréasáin
Bhreithiúnaigh Eorpaigh ina cuid d’fhoireann Eurojust. Feidhmeoidh sí mar aonad
ar leithligh. Féadfaidh sí úsáid a bhaint as acmhainní riaracháin Eurojust ar
gá iad chun cúraimí an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh a dhéanamh, lena n‑áirítear
costais chruinnithe iomlánacha an Ghréasáin a chumhdach. c) Féadfar cuireadh a thabhairt do phointí
teagmhála de chuid an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh de réir an cháis
freastal ar chruinnithe Eurojust. 2. Beidh Rúnaíocht an Líonra um
Chomhfhoirne Imscrúdaithe agus an líonra arna bhunú ag Cinneadh 2002/494/CGB
ina gcuid d’fhoireann Eurojust. Feidhmeoidh na rúnaíochtaí sin mar aonaid ar
leithligh. Féadfaidh siad úsáid a bhaint as acmhainní riaracháin Eurojust ar gá
iad chun a gcúraimí a dhéanamh. Is é Eurojust a áiritheoidh an comhordú idir na
rúnaíochtaí. Beidh feidhm ag an mír seo ar rúnaíocht aon líonra nua a bhunófar
le cinneadh ón gComhairle i gcás ina bhforáiltear sa chinneadh sin gurb é
Eurojust a sholáthróidh an rúnaíocht sin. 3. Féadfaidh an líonra a bhunófar le
Cinneadh 2008/852/CGB a iarraidh go soláthróidh Eurojust rúnaíocht don líonra
sin. Má iarrtar sin, beidh feidhm ag mír 2. Airteagal 40
Caidreamh le Europol 1. Déanfaidh Eurojust na bearta
uile is cuí chun a chur ar chumas Europol, laistigh dá shainordú, rochtain
indíreach a bheith aige, ar bhonn córais braite/neamhbhraite, ar fhaisnéis arna
soláthar ag Eurojust, gan dochar d’aon srianta arna sonrú ag na Ballstáit, ag
comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta
nó ag Interpol I gcás braite, tionscnóidh Eurojust an nós imeachta lenar féidir
an fhaisnéis as ar eascair an bhraith a roinnt, i gcomhréir le cinneadh an
Bhallstáit, an chomhlachta de chuid an Aontais, an tríú tír, na heagraíochta
idirnáisiúnta nó Interpol a sholáthair an fhaisnéis do Eurojust. 2. Ní dhéanfar cuardaigh
faisnéise i gcomhréir le mír 1 ach chun a fhionnadh an bhfuil meaits idir an
fhaisnéis atá ar fáil ag Eurojust, agus an fhaisnéis arna próiseáil ag Europol. 3. Ní cheadóidh Eurojust
cuardaigh i gcomhréir le mír 1 ach tar éis faisnéis a fháil ó Europol ar
cé na baill foirne a ainmníodh ina mbaill a bhfuil sé d’údarás acu na cuardaigh
sin a dhéanamh. 4. Más rud é, le linn
ghníomhaíochtaí próiseála faisnéise Eurojust i dtaobh imscrúdaithe aonair, go n‑aithníonn
Eurojust nó Ballstát go bhfuil gá le comhordú, le comhar nó le tacaíocht i
gcomhréir le sainordú Europol, tabharfaidh Eurojust fógra ina leith sin dóibh
agus tionscnóidh sé an nós imeachta le haghaidh an fhaisnéis a roinnt, i
gcomhréir le cinneadh an Bhallstáit atá ag soláthar na faisnéise. Sa chás sin
rachaidh Eurojust i gcomhairle le Europol. 5. Urramóidh Europol aon srian
le rochtain nó le húsáid, i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, arna shonrú ag na
Ballstáit, ag na comhaltaí nó ag na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ag na
tríú tíortha, ag na heagraíochtaí idirnáisiúnta nó ag Interpol. Airteagal 41
Caidreamh le hOifig an
Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh 1. Cuirfidh agus coinneoidh Eurojust
caidreamh speisialta ar bun le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a
bheidh bunaithe ar dhlúthchomhar agus ar naisc fheidhmiúla, naisc riaracháin
agus naisc bhainistíochta a fhorbairt eatarthu mar atá sainithe thíos. Chun na
críche sin, tiocfaidh an tIonchúiseoir Poiblí Eorpach agus Uachtarán Eurojust
le chéile ar bhonn rialta chun saincheisteanna ar ábhar leasa choitinn iad a
phlé. 2. Próiseálfaidh Eurojust aon iarraidh
ar thacaíocht a thiocfaidh ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh gan
moill mhíchuí, agus láimhseálfaidh sé na hiarrataí sin, más iomchuí, amhail is
dá bhfaighfí ó údarás náisiúnta is inniúil i leith comhair bhreithiúnaigh iad. 3. Nuair is gá, bainfidh Eurojust úsáid
as Córais Eurojust um Chomhordú Náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 20,
chomh maith leis an gcaidreamh atá curtha ar bhun aige le tríú tíortha, lena n‑áirítear
a chuid giúistísí idirchaidrimh, chun tacú leis an gcomhar arna bhunú i
gcomhréir le mír 1. 4. Beidh malartú faisnéise, lena n‑áirítear
faisnéis phearsanta, ina chuid den chomhar arna bhunú i gcomhréir le
mír 1. Ní úsáidfear aon sonraí a malartaíodh ar an dóigh sin ach chun na
gcríoch ar soláthraíodh iad ar a son. Ní cheadófar aon úsáid eile a bhaint as
na sonraí ach a mhéad is a bhfuil an úsáid sin laistigh de shainordú an
chomhlachta atá ag fáil na sonraí, agus faoi réir réamhúdarú an chomhlachta a
sholáthair na sonraí. 5. Chun a aithint an meaitseálann
faisnéis atá ar fáil ag Eurojust faisnéis arna próiseáil ag Oifig an
Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, cuirfidh Eurojust sásra ar bun le haghaidh
cros‑seiceála uathoibríche sonraí arna n‑iontráil ina Chóras
Bainistithe Cásanna. Cibé uair a gheofar meaits idir sonraí arna n‑iontráil
sa Chóras Bainistithe Cásanna ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus
sonraí arna n‑iontráil ag Eurojust, cuirfear in iúl do Eurojust agus
d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, agus don Bhallstát a sholáthair an
fhaisnéis do Eurojust, go bhfuil meaits ann. I gcásanna inar sholáthair tríú
páirtí an fhaisnéis, ní chuirfidh Eurojust an tríú páirtí sin ar an eolas faoin
meaits a fuarthas ach i gcás ina dtoilíonn Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí
Eorpaigh leis sin. 6. Ainmneoidh Eurojust na baill foirne
a bheidh údaraithe rochtain a bheith acu ar thorthaí an tsásra cros‑seiceála,
agus tabharfaidh sé na hainmneacha sin d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí
Eorpaigh. 7. Tacóidh Eurojust le feidhmiú Oifig
an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh le seirbhísí atá le soláthar ag a
fhoireann. Beidh an méid seo a leanas ina chuid den tacaíocht sin ar aon chuma: a) tacaíocht theicniúil maidir leis an mbuiséad bliantúil, an doiciméad
clárúcháin ina mbeidh an clárú bliantúil agus an clárú ilbhliantúil agus an
plean bainistíochta a ullmhú; b) tacaíocht theicniúil maidir le foireann a earcú agus gairmréimeanna a
bhainistiú; c) seirbhísí slándála; d) Seirbhísí Teicneolaíochta Faisnéise; e) bainistíocht airgeadais, seirbhísí cuntasaíochta agus iniúchóireachta; f) aon seirbhísí eile a bhfuil an leas
coiteann ag baint leo. Leagfar síos sonraí na seirbhísí atá le soláthar i
gcomhaontú idir Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. 8. Féadfaidh an tIonchúisitheoir Poiblí
Eorpach tuairimí i scríbhinn a chur faoi bhráid an Choláiste, agus freagróidh
an Coláiste i scríbhinn iad gan moill mhíchuí. Déanfar na tuairimí i scríbhinn
sin a thiolacadh nuair a ghlacfaidh an Coláiste an buiséad agus an clár oibre
bliantúil. Airteagal 42
Caidreamh le comhlachtaí agus
le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais 1. Cuirfidh agus coinneoidh Eurojust
caidreamh comhair ar bun leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Breithiúnach. 2. Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise
cuidiú le hobair comhordúcháin Eurojust maidir le leas airgeadais an Aontais a
chosaint, i gcomhréir lena shainordú faoi Rialachán (AE, Eurotom)
Uimh. .../2103 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus
lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón
gComhairle. 3. Chun críocha fála agus traschuir
faisnéise idir Eurojust agus OLAF, agus gan dochar d’Airteagal 8,
áiritheoidh na Ballstáit go measfar comhaltaí náisiúnta Eurojust a bheith ina n‑údaráis
inniúla de chuid na mBallstát, chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 1073/1999
agus Rialachán (Eurotom) Uimh. 1074/1999[17]
amháin. Beidh an malartú faisnéise idir OLAF agus comhaltaí náisiúnta gan
dochar don fhaisnéis nach mór a thabhairt do na húdaráis inniúla eile faoi na
Rialacháin sin. ROINN III
COMHAR IDIRNÁISIÚNTA Airteagal 43
Caidreamh le húdaráis tríú
tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta 1. Féadfaidh Eurojust socruithe oibre a
chur ar bun leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 38(1). 2. Féadfaidh Eurojust pointí teagmhála
a ainmniú, le comhaontú na n‑údarás inniúil, i dtríú tíortha chun an
comhar a éascú. ROINN IV
SONRAÍ PEARSANTA A THRASCHUR Airteagal 44
Sonraí pearsanta a aistriú
chuig comhlachtaí nó chuig gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Faoi réir aon srianta is féidir a bheith ann
de bhun Airteagal 21(8) féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta a aistriú go
díreach chuig comhlachtaí de chuid an Aontais a mhéad is gá chun a chuid
cúraimí nó cúraimí an chomhlachta nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais a
fhaigheann na sonraí a dhéanamh. Airteagal 45
Sonraí pearsanta a aistriú
chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta 1. Féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta
a aistriú chuig údarás tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta nó chuig Interpol,
a mhéad is gá chun a chúraimí a dhéanamh, ar na boinn seo a leanas amháin: a) cinneadh ón gCoimisiún arna ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 25 agus le hAirteagal 31 de
Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18] go bhfuil an tír sin nó an
eagraíocht idirnáisiúnta sin, nó earnáil phróiseála laistigh den tríú tír sin
nó den eagraíocht idirnáisiúnta sin ag áirithiú leibhéal leordhóthanach cosanta
(cinneadh leordhóthanachta); nó b) comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i
gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin
de bhun Airteagal 218 den Chonradh lena dtugtar cosaintí leordhóthanacha i
dtaobh príobháideacht agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine a chosaint; nó c) comhaontú comhair arna thabhairt i gcrích
idir Eurojust agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin i
gcomhréir le hAirteagal 27 de Chinneadh 2002/187/CGB. Ní theastaíonn tuilleadh údaraithe ó na haistrithe
sin. Féadfaidh Eurojust socruithe oibre a thabhairt chun críche chun na
comhaontuithe sin nó na cinntí leordhóthanachta sin a chur chun feidhme. 2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh
Eurojust aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí a
údarú de réir an cháis más rud é: a) go bhfuil dearbhghá le haistriú na sonraí
chun leas bunúsach an Bhallstáit nó na mBallstát laistigh de raon cuspóirí
Eurojust a chosaint b) go bhfuil dearbhghá le haistriú na sonraí
chun garchontúirt a bhaineann le coireacht nó le cionta sceimhlitheoireachta a
chosc; c) go bhfuil gá leis an aistriú ar
chúiseanna eile nó go gceanglaítear go dlíthiúil é a dhéanamh ar fhorais
thábhachtacha de chuid an Aontais nó Bhallstáit an Aontais, i gcomhréir le dlí
an Aontais nó dlí náisiúnta, nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó
a chosaint; nó d) go bhfuil gá leis an aistriú chun leas
bunúsach an duine is ábhar do na sonraí nó duine eile a chosaint. 3. Sa bhreis air sin, féadfaidh an
Coláiste, i gcomhaontú leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, sraith
aistrithe a údarú i gcomhréir le pointí (a) go (d) thuas, agus é á chur san
áireamh aige go bhfuil cosaintí ann maidir le cosaint príobháideachta agus
ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha, le linn tréimhse nach mó ná aon bhliain
amháin ar féidir í a athnuachan. 4. Cuirfear an Maoirseoir Eorpach ar
Chosaint Sonraí ar an eolas faoi chásanna inar cuireadh mír 3 i bhfeidhm. 5. Féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta
riaracháin a thraschur i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE)
Uimh. 45/2001. Airteagal 46
Giúistísí idirchaidrimh a
phostú go tríú tíortha 1. Chun comhar breithiúnach le tríú
tíortha a éascú i gcásanna ina bhfuil Eurojust ag tabhairt cúnaimh i gcomhréir
leis an Rialachán seo, féadfaidh an Coláiste breithiúna caidrimh a phostú chuig
tríú tír faoi réir socraithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 43 leis an
tríú tír sin. 2. Ní mór don ghiúistís caidreamh dá
dtagraítear i mír 1 taithí a bheith aige ar bheith ag obair le Eurojust
agus eolas leordhóthanach ar chomhar breithiúnach agus ar an dóigh a n‑oibríonn
Eurojust. Beidh postú giúistísí caidrimh thar cheann Eurojust faoi réir
réamhthoilithe an ghiúistís agus a Bhallstáit. 3. I gcás ina roghnófar an giúistís
caidrimh a phostóidh Eurojust as measc comhaltaí, ionadaithe nó cúntóirí
naisiúnta: a) ionadóidh an Ballstát é ina fheidhm mar
chomhalta, mar ionadaí nó mar chúntóir náisiúnta b) ní bheidh sé i dteideal na cumhachtaí a
tugadh dó i gcomhréir le hAirteagal 8 a fheidhmiú a thuilleadh. 4. Gan dochar d’Airteagal 110 de
na Rialacháin Foirne, tarraingeoidh an Coláiste suas rialacha maidir le
giúistís caidrimh a phostú agus glacfaidh sé na socruithe cur chun feidhme is
gá ina leith sin i gcomhairle leis an gCoimisiún. 5. Beidh gníomhaíochtaí giúistísí
caidrimh arna bpostú ag Eurojust faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar
Chosaint Sonraí. Tuairisceoidh na giúistísí caidrimh don Choláiste, agus
cuirfidh an Coláiste Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoina
ngníomhaíochtaí go cuí sa tuarascáil bhliantúil. Cuirfidh na giúistísí caidrimh
na comhaltaí náisiúnta agus na húdaráis inniúla náisiúnta ar an eolas faoi na
cásanna uile a bhaineann lena mBallstát. 6. Féadfaidh údaráis inniúla na
mBallstát agus giúistísí caidrimh dá dtagraítear i mír 1 teagmháil a
dhéanamh le chéile go díreach. Sna cásanna sin, cuirfidh an giúistísí caidrimh
an comhalta náisiúnta ar an eolas faoi na teagmhálacha sin. 7. Beidh nasc idir na giúistísí
caidrimh dá dtagraítear i mír 1 agus an Córas Bainistithe Cásanna. Airteagal 47
Iarrataí ar chomhar dlíthiúil
ó thríú tíortha agus orthu 1. Comhordóidh Eurojust feidhmiú
iarrataí ar chomhar dlíthiúil arna n‑eisiúint ag tríú tír i gcás ina
mbeidh na hiarrataí sin ina gcuid den aon imscrúdú amháin agus inar gá iad a
fheidhmiú in dhá Bhallstát ar a laghad. Féadfaidh údarás inniúil náisiúnta na
hiarrataí sin a thraschur chuig Eurojust freisin. 2. I gcás práinne agus i gcomhréir le hAirteagal 19,
féadfaidh an Comhordú ar Ghlao‑dhualgas iarrataí dá dtagraítear i
mír 1 den Airteagal seo arna eisiúint ag tríú tír a thug socrú oibre i
gcrích le Eurojust a fháil agus a phróiseáil. 3. Gan dochar d’Airteagal 3(3), i
gcás ina gcuirtear isteach iarrataí ar chomhar breithiúnach a bhaineann leis an
aon imscrúdú amháin agus ar gá iad a fheidhmiú i dtríú tír, éascóidh Eurojust
comhar dlíthiúil leis an tríú tír sin. CAIBIDIL VI
FORÁLACHA AIRGEADAIS Airteagal 48
Buiséad 1. Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus
ar chaiteachas iomlán Eurojust do gach bliain airgeadais, a fhreagraíonn don
bhliain féilire, agus iontrálfar i mbuiséad Eurojust iad. 2. Beidh buiséad Eurojust comhordaithe
i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais araon. 3. Gan dochar d’acmhainní eile, beidh
ar áireamh in ioncam na hOifige: a) ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear
isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh; b) aon ranníocaíocht dheonach ó na
Ballstáit. c) táillí ar fhoilseacháin agus ar aon
seirbhísí eile a sholáthraíonn Eurojust. d) deontais ad‑hoc 4. Áireofar le caiteachas na hOifige
luach saothair na foirne ag costais riaracháin, bhonneagair, agus oibriúcháin. Airteagal 49
An buiséad a bhunú 1. Tarraingeoidh an Stiúrthóir
Riaracháin dréachtráiteas suas uair sa bhliain ar mheastacháin ar ioncam agus
ar chaiteachas Eurojust le chéile don bhliain airgeadais tar éis sin, lena n‑áirítear
an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an gColáiste é. 2. Ar bhonn an dréachta sin, ullmhóidh
an Coláiste dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas Eurojust
don bhliain airgeadais tar éis sin. 3. Cuirfear an dréachtmheastachán
sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas Eurojust chuig an gCoimisiún Eorpach tráth
nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain. Cuirfidh an Coláiste an leagan
críochnaitheach den mheastachán sin, lena n‑áireofar dréachtphlean
bunaíochta, chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta. 4. Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar
mheastacháin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (an t‑údarás
buiséadach) mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. 5. Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin,
cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na
meastacháin sin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus
do mhéid na ranníocaíochta a bhainfear as an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh
sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 313
agus le hAirteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 6. Údaróidh an t‑údarás
buiséadach na leithreasuithe do ranníocaíocht Eurojust. 7. Glacfaidh an t‑údarás
buiséadach plean bunaíochta Eurojust. 8. Glacfaidh an Coláiste buiséad
Eurojust. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad
ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir. 9. I gcás aon tionscadail tógála ar
dócha go mbeidh impleachtaí suntasacha aige ar an mbuiséad, cuirfidh Eurojust
Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi sin a luaithe is
féidir i gcomhréir le forálacha Airteagal 203 de Rialachán (AE, EURATOM)
Uimh. 966/2012. 10. Mura cás force majeure dá
dtagraítear in Airteagal 203 de Rialachán (AE, EURATOM)
Uimh. 966/2012 atá i gceist, pléifidh Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle an tionscadal tógála faoi cheann ceithre seachtaine tar éis dó a
bheith curtha faoi bhráid an dá institiúid. Measfar an tionscadal tógála a bheith formheasta
ar dhul in éag don tréimhse ceithre seachtaine sin, mura rud é gur ghlac Parlaimint
na hEorpa nó an Chomhairle cinneadh i gcoinne an togra laistigh den tréimhse
sin. Má ardaíonn Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
cúiseanna imní cuí-réasúnaithe laistigh den tréimhse ceithre seachtaine sin,
cuirfear síneadh dhá sheachtain leis an tréimhse sin aon uair amháin. Má ghlacann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
cinneadh i gcoinne an tionscadail tógála, tarraingeoidh Eurojust an togra siar
agus féadfaidh sé togra nua a thíolacadh. 11. Féadfaidh Eurojust tionscadal fála
buiséid a mhaoiniú le hiasacht faoi réir réamhthoiliú an údaráis bhuiséadaigh i
gcomhréir le hAirteagal 203 de Rialachán (AE, Eurotom)
Uimh. 966/2012. Airteagal 50
An buiséad a chur chun
feidhme Beidh an Stiúrthóir Riaracháin ina oifigeach
údarúcháin ag Eurojust agus cuirfidh sé buiséad Eurojust chun feidhme ar a
fhreagracht féin agus laistigh de na teorainneacha atá údaraithe sa bhuiséad. Airteagal 51
Na cuntais a thíolacadh agus
a urscaoileadh 1. Faoin 1 Márta tar éis gach bliana
airgeadais, cuirfidh Oifigeach Cuntasaíochta Eurojust na cuntais shealadacha in
iúl d’Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus don Chúirt Iniúchóirí. 2. Cuirfidh Eurojust tuarascáil ar an
mbainistíocht bhuiséadach agus ar an mbainistíocht airgeadais chuig Parlaimint
na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta
an bhliain tar éis sin. 3. Faoin 31 Márta tar éis gach bliana
airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha
Eurojust arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin chuig an gCúirt
Iniúchóirí. 4. I gcomhréir le hAirteagal 148(1)
de Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012, tabharfaidh an Chúirt
Iniúchóirí, faoin 1 Meitheamh an bhliain tar éis sin ar a dhéanaí, a tuairimí
uaithi ar chuntais shealadach Eurojust. 5. Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin tuairimí na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha
Eurojust de bhun Airteagal 148 de Rialachán (AE, EURATOM)
Uimh. 966/2012, tarraingeoidh sé suas cuntais chríochnaitheacha Eurojust
ar a fhreagracht féin agus cuirfidh sé chuig an gColáiste iad chun a bharúil
sin a fháil orthu. 6. Tabharfaidh an Coláiste barúil uaidh
ar chuntais chríochnaitheacha Eurojust. 7. Faoin 1 Iúil tar éis gach bliana
airgeadais, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha,
mar aon le barúil an Choláiste, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an
gComhairle, chuig an gCoimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. 8. Foilseofar cuntais chríochnaitheacha
Eurojust in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an
bhliain tar éis sin. 9. Cuirfidh an Stiúrthóir Riaracháin
freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena bharúlacha faoin 30 Meán
Fómhair an bhliain tar éis sin ar a dhéanaí. Cuirfidh an Stiúrthóir Riaracháin
an freagra sin chuig an gColáiste agus chuig an gCoimisiún freisin. 10. Tuairisceoidh an Stiúrthóir
Riaracháin do Pharlaimint na hEorpa ar an dóigh a ndearna sé a dhualgais nuair
a iarrfar air sin a dhéanamh. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir
Riaracháin tuairisciú ar an dóigh a ndearna sé a dhualgais. 11. Cuirfidh an Stiúrthóir Riaracháin aon
fhaisnéis is gá chun go bhfeidhmeoidh an nós imeachta um urscaoileadh don
bhliain airgeadais i gceist go réidh i gcomhréir le hAirteagal 165(3)
de Rialachán (CE, EURATOM) Uimh. 966/2012 faoi bhráid Pharlaimint
na hEorpa arna iarraidh sin di. 12. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa, ar
a mholadh sin don Chomhairle agus í ag gníomhú trí thromlach cáilithe,
urscaoileadh don Stiúrthóir Riaracháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain
N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N. Airteagal 52
Rialacha Airgeadais Glacfaidh an Coláiste na rialacha airgeadais
is infheidhme maidir le Eurojust i gcomhréir le [Rialachán 2343/2002 an
23 Nollaig 2002 maidir leis an gCreat‑Rialachán Airgeadais do na
comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialacháin (EC, Euratom)
Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is
infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach] agus tar éis
dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó [Rialachán Uimh. 2343/2002]
mura mbeidh gá sonrach leis an imeacht sin chun go bhfeidhmeoidh Eurojust agus
murar thoiligh an Coimisiún leis sin roimh ré. CAIBIDIL VII
FORÁLACHA FOIRNE Airteagal 53
Forálacha ginearálta Beidh feidhm maidir le foireann Eurojust ag
Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh agus ag Coinníollacha Fostaíochta
Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh agus ag na rialacha arna nglacadh trí
chomhaontú idir institiúidí an Aontais Eorpaigh chun éifeacht a thabhairt do na
Rialacháin Foirne sin agus do Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an
Aontais Eorpaigh. Airteagal 54
Saineolaithe náisiúnta ar
iasacht agus baill foirne eile 1. Féadfaidh Eurojust úsáid a bhaint as
saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach fostaithe de
chuid Eurojust iad. 2. Glacfaidh an Coláiste cinneadh lena
leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht
chuig Eurojust. CAIBIDIL VIII
MEASTÓIREACHT AGUS TUAIRISCIÚ Airteagal 55
Parlaimint na hEorpa agus na
Parlaimintí náisiúnta a bheith rannpháirteach: 1. Tarchuirfidh Eurojust a Thuarascáil
Bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa, agus féadfar tuairimí agus conclúidí a
léiriú inti. 2. Tiocfaidh Uachtarán an Choláiste os
comhair Pharlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin di, chun ábhair a bhaineann le
Eurojust a phlé, agus go háirithe chun Tuarascálacha Bliantúla Eurojust a
thíolacadh, agus oibleagáidí discréide agus rúndachta á gcur san áireamh aige.
Ní thagrófar go díreach ná go hindíreach do bhearta nithiúla maidir le cásanna
oibríochtúla sonracha sa phlé sin. 3. Sa bhreis ar na hoibleagáidí eile
maidir le faisnéis agus comhairliúchán atá leagtha amach sa Rialachán seo,
tarchuirfidh Eurojust an méid seo a leanas chuig Parlaimint na hEorpa mar
fhaisnéis: a) torthaí staidéar agus tionscadal
straitéiseach a mhionsaothraigh nó a choimisiúnaigh Eurojust; b) socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích
le tríú páirtithe; c) tuarascáil bhliantúil an Mhaoirseora
Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. 4. Tarchuirfidh Eurojust a Thuarascáil
Bhliantúil chuig na Parlaimintí náisiúnta. Tarchuirfidh Eurojust na doiciméid
dá dtagraítear i mír 3 chuig na Parlaimintí náisiúnta freisin. Airteagal 56
Meastóireacht agus
athbhreithniú 1. Faoin [5 bliana tar éis theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, agus gach 5 bliana tar éis sin,
coimisiúnóidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme agus ar thionchar
an Rialacháin seo, mar aon le héifeachtach agus éifeachtúlacht Eurojust agus a
chleachtas oibre. Díreofar sa mheastóireacht go háirithe ar an ngá a
d’fhéadfadh a bheith le sainordú Eurojust a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí
airgeadais a bheadh ag an modhnú sin. 2. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil
mheastóireachta mar aon lena chonclúidí ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa
agus chuig na Parlaimintí náisiúnta, chuig an gComhairle agus chuig an
gColáiste. Cuirfear fionnachtana na meastóireachta sin ar fáil don phobal. 3. Tráth gach dara meastóireacht,
déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar na torthaí a bhain Eurojust amach i
leith a chuspóra, a shainordaithe agus a chúraimí. CAIBIDIL IX
FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 57
Pribhléidí agus Díolúintí Beidh feidhm maidir le Eurojust agus a bhaill
foirne ag an bPrótacal maidir le Pribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh. Airteagal 58 Socruithe teanga 1. Beidh feidhm ag
Rialachán Uimh. 1[19]
maidir le Eurojust. 2. Soláthróidh Ionad Aistriúcháin
Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go
bhfeidhmeoidh Eurojust. Airteagal 59
Rúndacht 1. Beidh oibleagáid rúndachta maidir le
haon fhaisnéis ar ar tháinig siad le linn dóibh a gcúraimí a dhéanamh ar na
comhaltaí náisiúnta, ar a n‑ionadaithe agus ar a gCúntóirí dá dtagraítear
in Airteagal 7, ar fhoireann Eurojust, ar chomhfhreagraithe náisiúnta agus
ar an Oifigeach Cosanta Sonraí. 2. Beidh feidhm ag an oibleagáid
rúndachta maidir leis na daoine uile agus na comhlachtaí uile a n‑iarrfar
orthu oibriú le Eurojust. 3. Beidh feidhm ag an oibleagáid
rúndachta freisin tar éis do na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i
mír 2 a bpost a fhágáil nó tar éis deireadh a theacht lena
ngníomhaíochtaí. 4. Beidh feidhm ag an oibleagáid
rúndachta ar an bhfaisnéis uile a gheobhaidh Eurojust, murar cuireadh an
fhaisnéis sin ar fáil don phobal roimhe sin nó mura bhfuil rochtain ag an
bpobal uirthi. 5. Beidh an oibleagáid rúndachta maidir
le haon fhaisnéis ar ar tháinig siad uirthi le linn dóibh a gcúraimí a dhéanamh
ar chomhaltaí agus ar fhoireann an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Airteagal 60
Trédhearcacht 1. Beidh feidhm ag Rialachán (CE)
Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid a bhaineann le cúraimí riaracháin
Eurojust. 2. Faoi cheann sé mhí tar éis dháta a
chéad chruinnithe, glacfaidh an Coláiste na rialacha mionsonraithe maidir le
Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm. 3. Féadfaidh cinntí a dhéanfaidh
Eurojust de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 bheith
ina gcúis le gearán chuig an Ombudsman nó ina gcúis le caingean os comhair
Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar
síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 den Chonradh faoi seach. Airteagal 61
OLAF agus Cúirt Iniúchóirí na
hEorpa 1. Chun gur
fusa calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chomhrac faoi
Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999, faoi cheann sé mhí ó theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo, aontóidh sé don Chomhaontú idirinstitiúideach an
25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe a bheith á ndéanamh ag an
Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF), agus glacfaidh sé na forálacha
iomchuí is infheidhme d’fhostaithe uile Eurojust agus an teimpléad atá leagtha
amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú á úsáid aici. 2. Beidh cumhacht iniúchóireachta ag
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach
tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair
cistí de chuid an Aontais ó Eurojust. 3. Féadfaidh OLAF imscrúduithe a
dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus imscrúduithe ar an láthair, i
gcomhreir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i
Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 agus Rialachán (Euratom, CE)
Uimh. 2185/96[20]
chun a shocrú an raibh aon mhírialtachtaí ann a rinne difear do leas airgeadais
an Aontais i ndáil le caiteachas arna chistiú ag Eurojust. 4. Gan
dochar do mhíreanna 1, 2 ná 3, beidh sna socruithe oibre le tríú
tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le Interpol, sna conarthaí, sna
comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais a dhéanfaidh Eurojust forálacha
a thugann an chumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF
na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh de réir a n‑inniúlachtaí
féin Airteagal 62
Rialacha slándála maidir le cosaint
faisnéise rúnaicmithe Cuirfidh Eurojust na prionsabail slándála i
bhfeidhm atá cuimsithe i rialacha slándála an Choimisiún chun Faisnéis
Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) a chosaint, mar atá leagtha amach san
aguisín a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE ón gCoimisiún, ECSC, Euratom[21]. Cuimseofar leis sin, inter
alia, forálacha maidir leis an bhfaisnéis sin a mhalartú, a phróiseáil agus
a stóráil. Airteagal 63
Imscrúduithe riaracháin Beidh gníomhaíochtaí riaracháin Eurojust faoi
réir imscrúduithe an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 den
Chonradh. Airteagal 64
Dliteanas nach dliteanas i leith
próiseála neamhúdaraithe ná próiseála míchirte sonraí é 1. Beidh dliteanas conarthach Eurojust
faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gceist. 2. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a
bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag Eurojust. 3. I gcás dliteanais neamhchonarthaigh,
déanfaidh Eurojust, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do
dhlíthe na mBallstát agus ar neamhcheist le haon dliteanas faoi Airteagal 37,
aon damáiste a shlánú arbh iad Coláiste nó baill foirne Eurojust ba chúis leis
agus iad i mbun a ndualgas. 4. Beidh feidhm ag mír 3 freisin maidir
le damáiste arbh é locht comhalta náisiúnta, ionadaí nó Cúntóra ba chúis leis
agus iad i mbun a ndualgas. Agus é nó í ag gníomhú ar bhonn na gcumhachtaí atá
deonaithe dó nó di de bhun Airteagal 8, aisíocfaidh a Bhallstát bunaidh nó
a Ballstát bunaidh na suimeanna do Eurojust a d'íoc Eurojust chun an damáiste
sin a shlánú. 5. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as damáiste a
dtagraítear dó i mír 3. 6. Na cúirteanna náisiúnta de chuid na
mBallstát atá inniúil déileáil le díospóidí a bhaineann le dliteanas Eurojust
dá dtagraítear san Airteagal seo, cinnfear trí thagairt do Rialachán (CE)
Uimh. 44/2001 ón gComhairle[22]
iad. 7. Beidh dliteanas pearsanta na mball
foirne i leith Eurojust faoi rialú ag na forálacha arna leagan síos sna
Rialacháin Foirne agus sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo. Airteagal 65
Comhaontú maidir le ceanncheathrú
agus maidir le coinníollacha feidhme na hOifige Beidh suíomh Eurojust sa Háig, san Ísiltír. Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht
atá le soláthar do Eurojust san Ísiltír agus na saoráidí atá le cur ar fáil ag
an Ísiltír maille leis na rialacha sonracha is infheidhme san Ísiltír ar an
Stiúrthóir Riaracháin, ar an gColáiste, ar bhaill foirne Eurojust agus ar
bhaill dá dteaghlaigh, leagfar síos i gComhaontú maidir le Ceanncheathrú idir
Eurojust agus an Ísiltír iad a thabharfar i gcrích nuair a gheofar formheas an
Choláiste. Cuirfidh an Ísiltír na dálaí is fearr is
féidir ar fáil lena áirithiú go bhfeidhmeoidh Eurojust mar is cuí, lena n‑áirítear
scolaíocht ilteangach atá dírithe ar an Eoraip agus naisc iompair iomchuí. Airteagal 66
Socruithe idirthréimhseacha 1. Beidh Eurojust ina chomharba
dlíthiúil ginearálta ar gach conradh arna thabhairt i gcrích ag Eurojust, ar
gach dliteanas is dlite de, agus ar mhaoin arna sealbhú aige, arna bhunú ag
Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle. 2. Na comhaltaí náisiúnta de Eurojust a
thug gach Ballstát ar iasacht faoi Chinneadh 2002/187/CGB, glacfaidh siad ról
na gcomhaltaí náisiúnta de Eurojust faoi Chaibidil II den Rialachán seo.
Féadfar tréimhse a n‑oifige a shíneadh uair amháin faoi Airteagal 10(2)
den Rialachán seo tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, gan beann ar
shíneadh roimhe sin. 3. Glacfaidh Uachtarán agus Leas‑Uachtarán
Eurojust tráth a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ról Uachtaráin agus Leas‑Uachtaráin
Eurojust faoi Airteagal 11, go dtí go rachaidh a dtréimhse oifige i
gcomhréir le Cinneadh 2002/187/CGB in éag. Féadfar iad a atoghadh uair amháin
tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi Airteagal 11(3) den
Rialacháin seo, gan beann ar a n‑atoghadh roimhe sin. 4. Glacfaidh an Stiúrthóir Riaracháin a
ceapadh go deireanach faoi Airteagal 29 de Chinneadh 2002/187/CGB ról an
Stiúrthóra Riaracháin faoi Airteagal 17 go dtí go rachaidh a thréimhse
oifige mar a cinneadh faoi Chinneadh 2002/187/CGB í in éag. Féadfaidh tréimhse
an Stiúrthóra Riaracháin a shíneadh aon uair amháin tar éis theacht i bhfeidhm
an Rialacháin seo. 5. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo
difear d'fheidhm dhlíthiúil comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag Eurojust
arna bhunú ag Cinneadh 2002/187/CGB. Go háirithe, leanfaidh gach comhaontú
idirnáisiúnta atá tugtha i gcrích ag Eurojust agus atá tagtha i bhfeidhm roimh
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo de bheith bailí de réir dlí. Airteagal 67
Aisghairm 1. Tiocfaidh an Rialachán seo in ionad
Chinntí 2002/187/CGB, 2003/659/CGB agus2009/426/CGB, agus déanfar iad a
aisghairm leis. 2. Déanfar tagairtí do na Cinntí
aisghairthe ón gComhairle dá dtagraítear i mír1 a fhorléiriú mar thagairtí don
Rialachán seo. Airteagal 68
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a
fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile
agus go hiomláin agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstáit i gcomhréir
leis na Conarthaí. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán AGUISÍN 1 Liosta d'fhoirmeacha coireachta tromchúisí a
bhfuil Eurojust inniúil déileáil leo i gcomhréir le hAirteagal 3(1): –
coireacht eagraithe; –
sceimhlitheoireacht; –
gáinneáil ar dhrugaí; –
sciúradh airgid; –
éilliú; –
coireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais; –
dúnmharú, mórdhíobháil choirp; –
fuadach, srianadh neamhdhleathach agus tógáil
giall; –
mí‑úsáid ghnéasach agus teacht i dtír
gnéasach ban agus leanaí, pornagrafaíocht leanaí agus sirtheoireacht leanaí
chun críocha gnéasacha; –
ciníochas agus seineafóibe; –
robáil eagraithe; –
coireacht a bhaineann le mótarfheithiclí; –
caimiléireacht agus calaois; –
cambheartaíocht agus sracadh; –
góchumadh agus píoráideacht táirgí; –
brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu; –
brionnú airgid agus modhanna íocaíochta; –
coireacht ríomhaire; –
déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaí
airgeadais; –
smuigleáil inimirceach neamhdhleathach; –
gáinneáil ar dhaoine; –
trádáil aindleathach in orgáin agus i bhfíochán an
duine; –
gáinneáil aindleathach substaintí hormónacha agus
fástionscnóirí eile; –
gáinneáil aindleathach earraí cultúrtha, lena n‑áirítear
seaniarsmaí agus saothair ealaíne; –
gáinneáil aindleathach arm, armlón agus pléascán; –
gáinneáil aindleathach speiceas ainmhithe i mbaol; –
gáinneáil aindleathach speiceas agus cineálacha
plandaí i mbaol; –
coireacht chomhshaoil; –
truailliú ó longa; –
coireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus
radaighníomhacha; –
cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna
agus coireanna cogaidh. AGUISÍN 2 Na catagóirí sonraí pearsanta dá
dtagraítear in Airteagal 27 1. a) sloinne, sloinne roimh
phósadh, ainmneacha baiste agus aon ailiasanna nó ainmneacha bréige; b) dáta agus ionad breithe; c) náisiúntacht; d) inscne; e) áit chónaithe, gairm agus an áit a bhfuil
an duine lena mbaineann; f) uimhreacha slándála sóisialaí, ceadúnais
tiomána, doiciméid aitheantais agus sonraí pas, uimhreacha custaim agus
aitheantais chánach; g) faisnéis maidir le daoine dlítheanacha má
áirítear ann faisnéis i ndáil le daoine aonair atá sainaitheanta nó in‑sainaitheanta
agus atá faoi réir imscrúdaithe bhreithiúnaigh nó ionchúisimh; h) cuntais bhainc agus cuntais le
hinstitiúidí airgeadais eile; i) tuairisc agus cineál na gcionta
líomhainte, an dáta a rinneadh iad, an catagóir coiriúil lena mbaineann na
cionta agus dul chun cinn an imscrúdaithe; j) na fíorais a léiríonn go bhféadfaí an
cás a shíneadh go hidirnáisiúnta; k) mionsonraí a bhaineann le ballraíocht
líomhainte in eagraíocht choiriúil; l) uimhreacha teileafóin, seoltaí
ríomhphoist, sonraí tráchta agus sonraí suímh, chomh maith leis na sonraí
gaolmhara is gá chun an rannpháirtí nó an t‑úsáideoir a shainaithint; m) sonraí clárúcháin feithicle; n) Próifílí DNA arna suí ón gcuid neamh‑chódaitheach
den DNA, grianghraif agus méarloirg. 2. a) sloinne, sloinne roimh
phósadh, ainmneacha baiste agus aon ailiasanna nó ainmneacha bréige; b) dáta agus ionad breithe; c) náisiúntacht; d) inscne; e) áit chónaithe, gairm agus an áit a bhfuil
an duine lena mbaineann; f) tuairisc agus cineál na gcionta lena
mbaineann, an dáta a rinneadh iad, an catagóir coiriúil lena mbaineann na
cionta agus dul chun cinn na n‑imscrúduithe; RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Foras
an togra/tionscnaimh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.2. An tionchar a
mheastar a bheidh ar leithreasuithe [an chomhlachta] 3.2.3. An tionchar a
mheastar a bheidh ar leithreasuithe [an chomhlachta] 3.2.4. Comhoiriúnacht don
chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó
thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais (EUROJUST) 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[23] Réimse
beartais: 33 - Ceartas Gníomhaíocht: 33.03 - Ceartas i gcúrsaí coiriúil agus
sibhialta (ó 2014: 33.03
– Ceartas) 1.3. An cineál togra/tionscnaimh ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[24] þ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar
bheart atá ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Bunaíodh Eurojust, i ndiaidh tionscnaimh ó
Bhallstáit agus trí Chinneadh 2002/187/CGB, mar chomhlacht de chuid an Aontais
le pearsantacht dhlítheanach d'fhonn an comhrac i gcoinne na coireachta
tromchúisí a neartú. Déantar foráil in Airteagal 85 den CFAE go ndéanfar
Eurojust a rialáil le Rialachán a ghlacfar i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach. Is é a mhisean an comhordú agus an comhar idir údaráis
náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh a neartú agus tacú leis i ndáil le
coireacht thromchúiseach a bhaineann le dhá Bhallstát nó níos mó den Aontas
Eorpach. Sa togra seo le haghaidh Rialacháin foráiltear maidir le creat
dlíthiúil athnuaite aonair i gcomhair Gníomhaireachta nua de chuid an Aontais
Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, ar comharba dlíthiúil Eurojust í. 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir sonrach Uimh.2: Feabhas a chur ar
chomhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúil agus dá thoradh sin cuidiú Limistéar
Eorpach Ceartais a chruthú i bhfírinne. Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann 33.03
- Ceartas i gcúrsaí coiriúla agus sibhialta 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Trí
ionchúisitheoirí agus breithiúna sinsearacha ó Bhallstáit uile an AE a
thabhairt le chéile, tá ról lárnach ag Eurojust maidir le limistéar Eorpach
ceartais a fhorbairt. Tá ról tábhachtach aige freisin maidir le coireacht
trasteorann a chomhrac san AE, mar éascaitheoir éifeachtach don chomhar
breithiúnach, agus sa cháil sin dó tá borradh faoin éileamh atá ar chúnamh
uaidh ó lucht dlí náisiúnta. Áirítear ar na héifeachtaí a bhfuil súil leo: 1.
Obair oibriúcháin Eurojust Tacaíonn
Eurojust le comhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla, agus neartaíonn sé an
comhar sin. Idirghabhann comhaltaí náisiúnta, ag gníomhú dóibh ina n‑aonair
nó mar Choláiste, i gcásanna coiriúla nithiúla ina dteastaíonn comhar
feabhsaithe ó údaráis náisiúnta nó inar gá dóibh deacrachtaí a shárú maidir le
húsáid phraiticiúil comhair bhreithiúnaigh agus ionstraimí aitheantais
fhrithpháirtigh. Chuidigh Eurojust chun córais agus traidisiúin iléagsúla dlí
an AE a chomhfhogasú agus chun muinín frithpháirteach a chothú, agus is é sin
bunchloch aon ionstraimí aitheantais fhrithpháirtigh, trí fadhbanna teanga nó
dlí a réiteach go mear nó trí údaráis inniúla i dtíortha eile a shainaithint. 2.
Lárionad saineolais bhreithiúnaigh Eurojust um ghníomhaíocht éifeachtach i
gcoinne coireachta trasteorann Tá
ról tábhachtach ag Eurojust sa chomhrac i gcoinne coireachta trasteorann.
Eagraíonn Eurojust cruinnithe comhordaithe ina dtagann údaráis náisiúnta le
chéile chun cur chuige coiteann a chomhaontú maidir le himscrúduithe, chun
iarrataí cúnaimh a ullmhú, chun ceisteanna dlí a réiteach nó chun teacht rompu
nó chun cinneadh a dhéanamh maidir le hoibríochtaí comhuaineacha. Tá Eurojust
bainteach le bunú comhfhoirne imscrúdaithe agus rannpháirteach iontu, ag
tabhairt tacaíochta do Bhallstáit. 3.
Comhar Eurojust le páirtithe Oibríonn
Eurojust i gcomhar le gníomhaireachtaí eile, go háirithe le Europol, le OLAF
agus le tríú tíortha chomh maith agus tá sé ina óstach ag rúnaíochtaí an
Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh, Líonra Saineolaithe na gComhfhoirne
Imscrúdaithe agus an Líonra um Chinedhíothú, i gcomhréir leis an gCinneadh ón
gComhairle. 4.
Caidreamh Eurojust le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh I
gcomhréir le hAirteagal 86 den CFAE, ní mór Oifig an Ionchúisitheora
Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun "ó Eurojust". Tá sé mar aidhm ag an
togra seo dá bhrí sin an caidreamh idir Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora
Phoiblí Eorpaigh a rialáil. Tabharfar an tacaíocht riaracháin d'Oifig an
Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar bhonn costais nialasaigh. 1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí
lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. I
gcomhréir leis an bplean oibre maidir le cur chun feidhme an cur chuige
coiteann maidir le gníomhaireachtaí, tá an Coimisiún ag forbairt treoirlínte
chun príomhthascairí feidhmíochta a shainiú i gcomhair gníomhaireachtaí.
Meastar go dtabharfar é sin i gcrích in 2013. 1.5. Foras an togra/tionscnaimh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Sa
ghearrthéarma, meastar go leanfaidh Eurojust dá chroíghníomhaíochtaí a
dhéanamh, go háirithe na cinn sin a bhaineann le tacú le comhordú agus comhar,
agus le hiad a neartú, idir údaráis imscrúdaithe agus ionchúisimh i gcásanna
coireachta tromchúisí trasteorann. Is cinnte go neartófar an sreabhadh
faisnéise agus an nasc idir údaráis náisiúnta agus Eurojust. Sa
mheántéarma, neartófar struchtúr, oibríocht, cúraimí agus maoirseacht
pharlaiminteach Eurojust tríd an togra seo i gcomhréir le hAirteagal 85
den CFAE. Tá ceanglais ann freisin a bhaineann le hAirteagal 86 den CFAE
agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun ó Eurojust:
Beidh sé de cheangal ar Eurojust seirbhísí tacaíochta riaracháin a sholáthar
d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Luach
breise na gníomhaíochta atá forbartha ag Eurojust: comhar breithiúnach a éascú
idir údaráis náisiúnta na mBallstát agus feabhas a chur ar chomhordú chun
comhrac níos éifeachtaí a dhéanamh i gcoinne coireachta eagraithe, tá gné ag
roinnt leis na nithe sin a bhaineann go dlúth leis an AE agus ní fhéadfaí iad a
bhaint amach ach ar leibhéal an AE. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart Deimhníonn
tuarascálacha bliantúla Eurojust go bhfuil gá leantach le comhordú ar leibhéal
an AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta agus le tacaíocht i réimse na
coireachta tromchúisí trasteorann. Le deich mbliana anuas tá borradh as cuimse
tagtha faoi choireacht eagraithe, amhail gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar
dhaoine, sceimhlitheoireacht agus cibearchoireacht, lena n‑áirítear
pornagrafaíocht leanaí. Tá tírdhreach nua coireachta ag teacht chun cinn, arb
iad na saintréithe a bhaineann leis grúpaí rí‑shoghluaiste agus rí‑sholúbtha
a fheidhmíonn san iliomad dlínsí agus earnálacha coiriúla, agus a bhaineann
leas, go háirithe, as úsáid fhorleathan agus aindleathach an idirlín. Ní féidir
leis na Ballstáit comhrac éifeachtach a dhéanamh ina gcoinne ar an leibhéal
náisiúnta, mar sin de teastaíonn comhordú agus cúnamh go mór. Tá Eurojust ar an
aon ghníomhaireacht amháin de chuid an AE a thacaíonn le húdaráis náisiúnta
breithiúnacha imscrúdú agus ionchúiseamh iomchuí a dhéanamh sna cásanna sin. 1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Dlúthchuid
de limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú is ea comhar
breithiúnach a threisiú i gcúrsaí coiriúla. Forbraíodh misean Eurojust maidir
le comhordú agus comhar i gcomhthéacs ionstraimí dlíthiúla eile sa réimse
céanna, amhail an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach Dlí in 2000, an Cinneadh
Réime ón gComhairle maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach nó an Cinneadh
Réime ón gComhairle maidir le coinbhleachtaí dlínse. Tá aird á tabhairt ar
shineirgíochtaí leis na gníomhaireachtaí eile a bhaineann le ceartas agus
gnóthaí baile, go háirithe Europol, agus ar an ngá dúbailt cúraimí a sheachaint
agus comhar a fheabhsú. Beidh sineirgíochtaí follasacha ann freisin mar chuid
den chomhar idir Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse teoranta –
¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an
[LL/MM]BBBB –
¨ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB x Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse
neamhtheoranta –
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh
BBBB go BBBB –
cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[25] Bainistíocht dhíreach
ag an gCoimisiún –
ag a ranna, lena n‑áirítear an fhoireann atá
i dtoscaireachtaí an Aontais; –
¨ ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; ¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit X Bainistíocht indíreach trí na cúraimí cur
chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad; –
¨ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí); –
¨an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta; –
X comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208
agus in Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais; –
¨ comhlachtaí dlí poiblí; –
¨ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean
seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha
airgeadais ar fáil; –
¨ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de
chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus
a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais; –
¨ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme
sa CBES de bhun Theideal V den CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh
ábhartha. – I gcás ina sonraítear níos mó ná modh
bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil. Nótaí Is é is aidhm
don togra reachtach seo creat dlíthiúil Eurojust a nuachóiriú agus a fheidhmiú
a chuíchóiriú. Dréachtaíodh é
agus aird á tabhairt ar neodracht i gcúrsaí buiséid. Dá thoradh sin, is bailí
maidir leis an togra reachtach seo an clárú airgeadais i gcomhair Eurojust a
ullmhaíodh don tréimhse 2014-2020 agus a ghlac an Coimisiún in Iúil 2013. Tá eilimint
nua á tabhairt isteach leis an Rialachán seo, áfach, a bhaineann leis an
gcaidreamh le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh: mar atá sainithe sa
Rialachán seo chuirfeadh Eurojust struchtúir tacaíochta riaracháin ar fáil
d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, lena n‑áirítear airgeadas,
acmhainní daonna, slándáil agus TF. San am céanna,
ní oibreodh Eurojust a thuilleadh ar chionta a bhainfeadh le leasanna
airgeadais an AE, arb ionann iad agus idir 5 % agus 10 % den ualach
cásanna atá air faoi láthair. Dá thoradh sin, d'fhéadfaí poist a aistriú
laistigh den ghníomhaireacht leis an tacaíocht a thabharfaí d'fheidhmiú Oifig
an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chumhdach. Dá bhrí sin,
tá tionchar airgeadais an togra seo neodrach ó thaobh an bhuiséid de agus ní
athróidh sé líon na bpost atá luaite sa chlárú airgeadais don tréimhse
2014-2020. 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic, agus na coinníollacha. Gach
bliain, déanfaidh Uachtarán Eurojust, thar ceann an Choláiste, an tuarascáil
bhliantúil maidir leis an obair atá déanta ag Eurojust, chomh maith le faisnéis
faoi shocruithe oibre arna dtabhairt i gcrích le tríú páirtithe, agus
tuarascáil bhliantúil an Maoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, a chur ar
aghaidh chuig Pharlaimint na hEorpa. Déanfaidh
an Coimisiún meastóireacht sheachtrach neamhspleách a choimisiúnú ar chur chun
feidhme an Rialacháin agus ar ghníomhaíochtaí Eurojust laistigh de chúig bliana
tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, agus gach cúig bliana ina dhiaidh
sin. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh. Níor
sainaithníodh aon rioscaí sonracha maidir le córais bainistíochta agus
rialaithe ag an gcéim seo. 2.2.2. Modhanna rialaithe atá
beartaithe Tá
Eurojust faoi réir rialuithe riaracháin lena n‑áirítear rialú buiséadach,
iniúchóireacht inmheánach, tuarascálacha bliantúla ag Cúirt Iniúchóirí na
hEorpa agus an tarscaoileadh bliantúil chun buiséad an AE a fheidhmiú. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí
neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srianta ag forálacha
Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ar an nGníomhaireacht. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Ceannteideal…..................................….] || LD/LN[26] || ó thíortha CSTE[27] || ó thíortha is iarrthóirí[28] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 3 || 33.0304 Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (EUROJUST) || Difreáilte || Níl || TÁ Tar éis comhaontú || Níl || Níl · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Ceannteideal…...….] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais || || Difreáilte || Níl || Níl || Níl || Níl 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 3 || Slándáil agus saoránacht EUROJUST || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN Teideal 1 || Gealltanais || (1) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (2) || || || || || || || || Teideal 2 || Gealltanais || (1a) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 Íocaíochtaí || (2a) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 Teideal 3 || Gealltanais || (3a) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || Íocaíochtaí || (3b) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 IOMLÁN na leithreasuithe do EUROJUST || Gealltanais || =1+1a +3a || || || || || || || || Íocaíochtaí || =2+2a +3b || || || || || || || || An Clár um Cheartas || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN 33 03 02 – An comhar breithiúnach a fheabhsú in ábhair shibhialta agus choiriúla (...). || Gealltanais || (1) || || || || || || 0.400 || || 0.400 Íocaíochtaí || (2) || || || || || || 0.400 || || 0.400 IOMLÁN don Chlár um Cheartas[29] || Gealltanais || (1) || || || || || || 0.400 || || 0.400 Íocaíochtaí || (2) || || || || || || 0.400 || || 0.400 Tá an ríomh seo bunaithe ar an toimhde go
bhfuil na struchtúir tacaíochta riaracháin a thabharfaidh Eurojust d'Oifig an
Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, lena n‑áirítear airgeadas, acmhainní
daonna, slándáil agus TF, neodrach ó thaobh an bhuiséid de agus nach
dteastaíonn foireann bhreise ó phlean bunaíochta Eurojust, ós rud é go ndéanfar
ath‑imlonnú laistigh de Eurojust toisc go gcuirfear deireadh le roinnt
gníomhaíochtaí nuair a bhunófar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Go praiticiúil, chumhdódh struchtúr riaracháin
Eurojust riachtanais Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
araon. D'áiritheodh an struchtúr riaracháin sin go mbeadh pleanáil agus
feidhmiú an bhuiséid comhordaithe, mar aon le gnéithe éagsúla de bhainistíocht
foirne agus de sholáthar gach seirbhíse tacaíochta eile. Meastar go mbeidh cuntasóir Eurojust mar
chuntasóir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Ba cheart go gcumhdódh an Clár nua um Cheartas
na costais a bhaineann leis an meastóireacht, go háirithe, ar chur chun feidhme
agus ar thionchar an Rialacháin seo, chomh maith le héifeachtacht agus
éifeachtúlacht Eurojust. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || ‘Caiteachas riaracháin EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN DG: JUSTICE || Acmhainní daonna || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 Caiteachas riaracháin eile || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 IOMLÁN DG JUSTICE || Leithreasuithe || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || || || || || || 0.400 || || 0.400 Íocaíochtaí || || || || || || 0.400 || || 0.400 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ar leithreasuithe [an chomhlachta] –
X Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a thuairiscítear thíos: Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR
milliúin (go dtí an tríú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN ASCHUIR Saghas[30] || Meánchostas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Líon iomlán || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH UIMH. 1[31] || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 … || || || || || || || || || || || || || || || || Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3 || || || || || || || || || || || || || || || || Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || . || || || || || || 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar leithreasuithe [an chomhlachta] 3.2.3.1. Achoimre –
þ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de
chineál riaracháin –
o Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de
chineál riaracháin, mar a thuairiscítear thíos: i gcoibhéis
lánaimseartha: FTE Acmhainní daonna || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Iomlán Poist don phlean bunaíochta (de réir líon na ndaoine) || || || || || || || || - ar AD iad || || || || || || || || - ar AST iad || || || || || || || || Pearsanra seachtrach FTE || || || || || || || || - ar gníomhairí ar conradh iad || || || || || || || || - ar saineolaithe náisiúnta ar iasacht iad || || || || || || || || Foireann iomlán || || || || || || || || EUR milliúin
(go dtí an tríú deachúil) Caiteachas foirne || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Iomlán Poist don phlean bunaíochta || || || || || || || || - ar AD iad || || || || || || || || - ar AST iad || || || || || || || || Pearsanra seachtrach || || || || || || || || - ar gníomhairí ar conradh iad || || || || || || || || - ar saineolaithe náisiúnta ar iasacht iad || || || || || || || || Caiteachas foirne iomlán || || || || || || || || 3.2.3.2. Riachtanais acmhainní daonna
réamh‑mheasta don mháthair-Ard‑Stiúrthóireacht –
X Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
breis acmhainní daonna. –
Is gá acmhainní daonna a úsáid don togra/tionscnamh
mar a thuairiscítear thíos: Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána
(nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) || || XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || || || || || || || || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || || || || || || || || || || Baill foirne seachtracha (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE)[32] || || XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || || || XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí) || || || || || || || || XX 01 04 yy[33] || - sa Cheanncheathrú[34] || || || || || || || || - i dtoscaireachtaí || || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde díreach) || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || || IOMLÁN || || || || || || || Is é XX an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Soláthrófar na hacmhainní
daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht
an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh
den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí
a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi
chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na
srianta buiséadacha. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus pearsanra sealadach || Scáthú beartais agus comhairle don ghníomhaireacht, comhairle bhuiséadach agus airgeadais don ghníomhaireacht agus íocaíochtaí, urscaoileadh agus dréacht‑nósanna imeachta buiséid mar atá siad faoi láthair Pearsanra seachtrach || Ba cheart tuairisc ar ríomh an chostais i
gcomhair FTE (coibhéis lánaimseartha) a bheith ar áireamh i roinn 3 den
Iarscríbhinn. 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
X Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chéad
chreat airgeadais ilbhliantúil eile. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[35]. Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na
ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
X Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh do
chómhaoiniú ó thríú páirtithe. –
Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos: Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || || 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
X Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an
togra ar ioncam. –
¨ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[36] Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncaim
ilghnéithigh atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear
tionchar orthu. Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. [1] An Cinneadh ón gComhairle an
28 feabhra 2002 lena mbunaítear Eurojust d’fhonn an comhrac i gcoinne na
coireachta tromchúisí a neartú arna leasú le Cinneadh 2003/659/JHA ón
gComhairle agus le Cinneadh 2009/426/JHA ón gComhairle an 16 Nollaig 2008
maidir le Eurojust a neartú. IO L 063, 6.3.2002, lch. 1. [2] Tugtar
aghaidh ar chomhar agus cúnamh a fheabhsú i ndáil le coireacht thromchúiseach a
chosc agus a chomhrac sa dréácht‑togra le haghaidh Rialacháin nua maidir
le Europol. [3] "Study on the Strengthening of Eurojust" a rinne GHK. [4] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1. [5] IO L 63, 6.3.2002, lch. 1. [6] IO L 245, 29.9.2003, lch. 44. [7] IO L 138, 4.6.2009, lch. 14. [8] IO L 167, 26.6.2002, lch. 1. [9] IO L 332, 18.12.2007,
lch. 103. [10] IO L 301, 12.11.2008, lch.38. [11] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1. [12] IO L 105, 27.4.1996, lch. 1. [13] IO L 298, 26.10.2012, lch. 1. [14] IO L 136, 31.5.1999, lch. 1. [15] Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA) ón gComhairle an
18 Nollaig 1961 lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus
Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa
agus an Chomhphobail Eorpaigh d'Fhuinneamh Adamhach, IO P 045, 14.6.1962, lch.
1385, arna leasú, go háirithe, ag Rialachán Uimh. 259/68 ón gComhairle an
29 Feabhra 1968 (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú é féin ina dhiaidh sin. [16] Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA) ón gComhairle an
18 Nollaig 1961 lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus
Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa
agus an Chomhphobail Eorpaigh d'Fhuinneamh Adamhach, IO P 045, 14.6.1962, lch.
1385, arna leasú, go háirithe, ag Rialachán Uimh. 259/68 ón gComhairle an
29 Feabhra 1968 (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú é féin ina dhiaidh sin. [17] IO L 136, 31.5.99, lch. 8. [18] IO L 281, 23.11.95, lch. 31. [19] IO L 17, 6.10.1958, lch.385. [20] IO L 292, 15.11.96, lch. 2. [21] IO L 317, 3.12.2001, lch. 1. [22] IO L 12, 16.1.2001, lch. 1. Beidh Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 curtha
in ionad Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón 10 Eanáir 2015 [23] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí - ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [24] Mar a thagraítear dó in
Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais [25] Is féidir mionsonraí ar na modhanna
bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh
gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [26] LD = Leithreasuithe difreáilte / LN =
Leithreasuithe neamhdhifreáilte [27] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [28] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is
iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí
. [29] Foráiltear in Airteagal 56 den
dréacht‑Rialachán maidir le hoibleagáid ar an gCoimisiún tuarascáil a
thíolacadh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin. Beidh an tuarascáil sin bunaithe ar staidéar seachtracht. [30] Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar
(m.sh.: an líon malartuithe mac léinn arna maoiniú, an líon ciliméadar de
bhóithre a tógadh, etc.) [31] Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha…’ [32] CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne Áitiúil; SNE = Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT = Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí Sóisearach i dToscaireacht. [33] Fo-uasteorainn d'fhoireann
sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na
seanlínte "BA"). [34] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha,
an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Ciste
Eorpach Iascaigh (CEI) go príomha. [35] Féach pointe 19 agus pointe 24 den
Chomhaontú Idirinstitiúideach. [36] A fhad a bhaineann le hacmhainní
dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na
méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus
25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.