52013PC0316

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas Glao éigeandála laistigh den fheithicil a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE /* COM/2013/0316 final - 2013/0165 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Is é cuspóir an togra seo ceanglas a thabhairt isteach sa chóras cineálcheadaithe CE mótarfheithiclí maidir le córas Glao éigeandála ('eCall') laistigh den fheithicil a fheistiú. Is cuid den tsraith ionstraimí dlíthiúla an AE é seo lena áirithiú go gcuirfear an tseirbhís Glao éigeandála bunaithe ar 112 in úsáid faoin 1 Deireadh Fómhair 2015. Is iad seo a leanas na príomhionstraimí reachtacha eile a bhfuil baint acu leis an tionscnamh Glao éigeandála seo:

· Moladh 2011/750/AE ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2011 maidir le tacaíocht do sheirbhís Glao éigeandála ar fud an AE i líonraí cumarsáide leictreonaí chun glaonna éigeandála laistigh den fheithicil bunaithe ar 112 ('Glaonna éigeandála') a tharchur[1]

· Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 305/2013 ón gCoimisiún an 26.11.2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar comhchuibhithe do Ghlao éigeandála idir-inoibritheach ar fud an AE[2]

· Togra le haghaidh Cinnidh (AE) Uimh. …/.. an xx.xx.20xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGlao éigeandála idir-inoibritheach ar fud an AE a chur in úsáid[3]

Is téacsanna comhlántacha iad na téacsanna difriúla agus le chéile cuirfidh siad ar chumas an tseirbhís Ghlao éigeandála 112 a bheith ag feidhmiú go hiomlán faoin 1 Deireadh Fómhair 2015.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

2.1.        Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Is toradh ar chomhairliúcháin fhorleathana le mórpháirtithe leasmhara é an togra seo.

Chuathas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, agus go háirithe an Grúpa Ardleibhéil CARS21, i rith an phróisis ar glacadh "CARS 2020: plean gnímh le haghaidh tionscail gluaisteán Eorpach iomaíoch, inbhuanaithe" mar thoradh air. Go beacht, is éard atá sa togra seo an ghníomhaíocht seo a leanas a chur i gcrích: "cur chun cinn breise a dhéanamh ar chur in úsáid na gCóras Cliste Iompair (CCI), lena n-áirítear córais chomhoibríocha, go háirithe an córas Glao éigeandála feithicle ar fud an AE".

Cuirtear na comhairliúcháin uile a rinneadh sa Mheasúnú Tionchair ar Ghlao éigeandála san áireamh sa togra seo freisin. I measc na gcomhairliúchán sin, bhí rannpháirtíocht fhorleathan ó pháirtithe leasmhara a bhfuil baint acu i roinnt fóram amhail Ardán Cur Chun Feidhme Glao éigeandála Eorpach, Grúpa saineolaithe na bPointí Freagartha Seirbhíse Poiblí ("PFSP") Glao éigeandála agus an Grúpa Stiúrtha Glao éigeandála laistigh den Fhóram eSafety/i-Mobility go háirithe, agus comhairliúchán poiblí maidir le cur chun feidhme an Ghlao éigeandála a bhí oscailte ón 19 Iúil go dtí an 19 Meán Fómhair 2010.

Ar deireadh, cuireann an togra tuairim an Ghrúpa Comhairligh Eorpaigh CCI san áireamh, grúpa atá comhdhéanta de 25 ionadaí ardleibhéil ó sholáthraithe seirbhíse CCI, comhlachais úsáideoirí, oibreoirí iompair agus saoráidí, an tionscail monaróireachta, comhpháirtithe sóisialta, comhlachais ghairmiúla, údaráis áitiúla agus fóraim ábhartha eile.

2.2.        Measúnú tionchair agus anailís chostais/sochair

Rinneadh anailís leathan chostais/sochair mar chuid den Mheasúnú Tionchair Glao éigeandála don trí rogha atá beartaithe, lena n-áirítear an rogha tosaíochta maidir le bearta rialúcháin.

A fhad agus go mbaineann sé leis an anailís chostais/sochair ar an rogha tosaíochta (rogha 3), ní féidir aon cheann den trí bheart rialúcháin Glao éigeandála atá beartaithe (laistigh den fheithicil, teileachumarsáid, PFSP) a dheighilt ón dá cheann eile.

2.2.1.     Anailís ar na príomhshocair

I measc na sochar a aithníodh leis an measúnú tionchair agus roinnt staidéar, lena n-áirítear staidéir náisiúnta, tá:

–            Laghdú ar líon na mbásanna (má fheistítear gach feithicil don Ghlao éigeandála, idir 1 % agus 10 % ag brath ar dhlús daonra, bonneagar bóithre agus bonneagar freagartha éigeandála na tíre);

–            Laghdú ar chomh thromchúiseach agus a bheadh na gortuithe (idir 2 % agus 15 %);

–            Laghdú ar chostais an bhrú tráchta de dheasca tionóiscí ar bhóithre. Seo mar thoradh ar an bhfeabhsú ar bhainistiú timpistí, toisc go dtugtar fógra do na PFSPanna láithreach agus dá bhrí sin is féidir é a aistriú chun an Rialú Bainistíochta Tráchta oiriúnach, atá in ann úsáideoirí eile bóithre a chur ar an eolas faoi láithreach agus cabhrú chun timpistí tánaisteacha a laghdú;

–            Seirbhísí tarrthála a éascú agus slándáil na foirne tarrthála (e.g. an fhoireann dóiteáin) a mhéadú agus áititheoirí atá sáinnithe á dtógáil amach, mar gheall go mbeidh faisnéis faoin gcineál breosla, i measc nithe eile, sa Tacar Íosta Sonraí ("TÍS") sa teachtaireacht Ghlao éigeandála;

–            Laghdú ar bhonneagar SOS ar thaobh an bhóthair, toisc go mbeadh gach úsáideoir bóthair in ann glao éigeandála a thruicéarú óna bhfeithicil.

2.2.2.     Cóimheas costais-sochair

Rinneadh na sochair a cháinníochtú i luachanna airgeadaíochta freisin agus cuireadh anailís chostais-shochair i dtoll a chéile do na roghanna difriúla, agus do chineálacha na gcatagóirí a ndéanfaí difear dóibh.  Déantar na meastacháin a ríomh suas chomh fada leis an mbliain 2033 toisc gurb í sin an bhliain a mheastar go mbeidh cumhdach iomlán ag an tseirbhís Ghlao éigeandála i gcás na rogha beartais tosaíochta.

|| Rogha beartais 1 Gan aon ghníomh ón AE || Rogha beartais 2 Cur chuige deonach || Rogha beartais 3 Bearta rialúcháin

Cóimheas Costais-Sochair || 0.29 || 0.68 || 1.74

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1.        Bunús Dlí

Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra.

3.2.        Coimhdeacht agus comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta (Airteagal 5.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach), ní féidir gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ach sa chás agus sa mhéid nach féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach go leormhaith as a stuaim féin agus gur fearr, i ngeall ar scála nó ar éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

Is saincheist í sábháilteacht ar bhóithre atá ina hábhar mór imní ar fud an Aontais Eorpaigh agus dá shaoránaigh ar fad. Is é an cuspóir atá leis an tionscnamh idir-inoibritheach Glao éigeandála ar fud an AE ar deireadh na feidhmiúlachtaí íosta a thabhairt isteach i ngach feithicil san AE atá de dhíth lena áirithiú go ndéanfaidh na seirbhísí um fhreagairt ar éigeandálaí láimhseáil leordhóthanach ar na glaonna éigeandála. Faoi láthair, déantar níos mó ná 100 milliún aistear ar bhóithre in aghaidh na bliana ar fud na mBallstát éagsúla agus tá méadú ag teacht orthu i ngeall ar chomhdhlúthú breise ar an Aontas Eorpach (trí shaorghluaiseacht earraí, daoine agus seirbhísí). Tá gníomhaíocht de dhíth ar leibhéal an AE d’fhonn idir-inoibritheacht agus leanúnachas na seirbhíse a áirithiú ar fud na hEorpa, rud nach féidir leis na Ballstáit aonair a bhaint amach as a stuaim féin.  Ina theannta sin, trí ghníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an AE ag baint úsáid as caighdeáin chomhchoiteanna Eorpacha don Ghlao éigeandála arna bhformheas ag na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú (CEN agus ETSI), áiritheofar go gcuirfear an tseirbhís um fhreagairt ar éigeandála ar fáil go héifeachtach ar fud na hEorpa, i gcás feithiclí atá ag taisteal thar lear, mar shampla, agus cabhróidh sé freisin chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint.

Tá an Glao éigeandála ar fud an AE deartha sa chaoi agus go ndéanfar an tionchar ar gach geallsealbhóir sa slabhra luacha (tionscal na ngluaisteán, oibreoirí líonraí móibíleacha, Ballstáit - PFSPanna) a íoslaghdú, agus go ndéanfar an tionchar seo a dháileadh go cothrom.

3.3.        Míniú mionsonraithe ar an togra

Airteagal 2, Airteagal 4 agus Airteagal 5:

Leis an togra seo, ceanglaítear go dtógfar cineálacha nua gluaisteáin phaisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma lena áirithiú go gcuirfear glao éigeandála ('eCall') ar 112 go huathoibríoch i gcás timpiste thromchúisí.  Is gá a bheith in ann glaonna éigeandála a chur ar 112 de láimh freisin.

Airteagal 6:

I ngeall ar an gcineál faisnéise atá á soláthar ag an tseirbhís seo, tá foráil maidir rialacha a bhaineann le príobháideacht agus cosaint sonraí.

Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 8:

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a bhaineann leis an méid seo a leanas:

· Ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus tástálacha don chineálcheadú ar na córais Ghlao éigeandála laistigh den fheithicil, a bheidh bunaithe ar na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 5;

· príobháideacht agus cosaint sonraí;

· díolúintí le haghaidh feithiclí sainchuspóireacha agus i gcásanna eile a bhfuil bonn cirt leo. Beidh líon na ndíolúintí teoranta.

Airteagal 12:

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Deireadh Fómhair 2015.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon impleacht bhuiséadach ar bhuiséad an AE.

5.           EILIMINTÍ ROGHNACHA

Baineann an gníomh beartaithe le hábhar LEE agus dá bhrí sin ba cheart go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

2013/0165 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas Glao éigeandála laistigh den fheithicil a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[4],

Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Bunaíodh córas cuimsitheach cineálcheadaithe an Aontais le haghaidh mótarfheithiclí le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 maidir le creat a bhunú chun mótarfheithiclí agus a leantóirí a cheadú, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla scartha a ceapadh le haghaidh feithiclí dá leithéidí ("Treoir Réime")[5].

(2)       Rinneadh comhchuibhiú ar na ceanglais theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí ó thaobh roinnt eilimintí sábháilteachta agus comhshaol de ar leibhéal an Aontais d'fhonn ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre a áirithiú ar fud an Aontais.

(3)       D'fhonn feabhsú breise a bhaint amach sa tsábháilteacht ar bhóithre, tá bearta nua beartaithe sa Teachtaireacht "Glao éigeandála: Am don Chur in Úsáid"[6] chun borradh a chur faoi chur in úsáid sheirbhís ghlao éigeandála laistigh den fheithicil san Aontas. Is é ceann de na bearta atá molta feistiú chóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil a bheith éigeantach i ngach feithicil nua, ag tosú leis na catagóirí feithicle M1 agus N1 arna sainiú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

(4)       Ar an 3 Iúil 2012, rinne Parlaimint na hEorpa an Tuarascáil maidir le Glao éigeandála: seirbhís nua 112 do shaoránaigh[7] a fhormheas, a ghríosaigh an Coimisiún chun togra a chur isteach laistigh de chreat Threoir 2007/46/CE d'fhonn a áirithiú go gcuirfí córas Glao éigeandála poiblí bunaithe ar 112 in úsáid go héigeantach faoi 2015.

(5)       Táthar ag súil leis go laghdóidh córas Glao éigeandála an Aontais líon na mbásanna san Aontas chomh maith le chomh dona agus atá gortuithe de dheasca timpistí bóthair. Agus an córas Glao éigeandála á thabhairt isteach go héigeantach, chuirfí an tseirbhís ar fáil do gach saoránach agus dá bhrí sin rannchuideodh sé le fulaingt daonna a laghdú agus costais chúram sláinte agus costais eile a laghdú chomh maith.

(6)       Is gné riachtanach é faisnéis suite chruinn iontaofa a sholáthar le go bhfeidhmeoidh an córas Glao éigeandála laistigh den fheithicil go héifeachtach. Dá bhrí sin, is iomchuí ceangal a leagan síos go mbeidh sé comhoiriúnach leis na seirbhísí arna soláthar ag cláir loingseoireacht satailíte, lena n-áirítear na córais a bunaíodh faoi na cláir Galileo agus EGNOS atá leagtha amach i Rialachán (CÉ) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo) a chur chun feidhme tuilleadh[8].

(7)       Ba cheart go mbeadh feidhm ag feistiú éigeantach feithiclí leis an gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil i leith gluaisteáin phaisinéirí nua agus feithiclí tráchtála éadroma nua (catagóirí M1 agus N1) amháin ar dtús, feithiclí lena bhfuil sásra truicéaraithe iomchuí ann dóibh cheana féin.

(8)       Ba cheart go mbeadh feistiú éigeantach feithiclí leis an gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil gan dochar don cheart atá ag gach geallsealbhóir, amhail monaróirí gluaisteán agus oibreoirí neamhspleácha, seirbhísí breise éigeandála agus/nó seirbhís bhreisluacha a thairiscint, taobh leis an gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil bunaithe ar 112 nó ag tógáil air. Ba cheart na seirbhísí breise seo a dhearadh chun nach méadóidh siad seachrán airde an tiománaí áfach.

(9)       D'fhonn rogha oscailte do chustaiméirí agus iomaíocht chothrom a áirithiú, chomh maith le nuálaíocht a spreagadh agus borradh a chur faoi iomaíochas thionscal teicneolaíochta faisnéise an Aontais ar an margadh domhanda, ba cheart go mbeadh rochtain saor in aisce ag gach oibreoir neamhspleách ar an gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil agus ba cheart go mbunófaí é ar ardán idir-inoibritheach agus rochtana oscailte i gcomhair feidhmchláir nó seirbhísí féideartha laistigh den fheithicil amach anseo.

(10)     D'fhonn iontaoibhe an chórais chineálcheadaithe a choinneáil, níor cheart go nglacfaí ach leis na córais Ghlao éigeandála laistigh den fheithicil is féidir a thástáil go hiomlán chun críche an Rialacháin seo.

(11)     Faoi Threoir 2007/46/CÉ, déantar feithiclí a tháirgtear i sraitheanna teoranta a eisiamh ó na ceanglais maidir le háititheoirí a chosaint i gcás tuairte tosaigh agus i gcás tuairte cliathánaí. Dá bhrí sin, ba cheart na feithiclí sin a tháirgtear i sraitheanna teoranta a eisiamh ón oibleagáid maidir leis na ceanglais Ghlao éigeandála a chomhlíonadh.

(12)     Ba cheart feithiclí sainchuspóireacha a bheith faoi réir comhlíonta leis na ceanglais Ghlao éigeandála atá leagtha amach sa Rialachán seo, ach amháin má mheasann údaráis chineálcheadaithe, ar bhonn cás ar chás, nach féidir leis an bhfeithicil na ceanglais sin a chomhlíonadh i ngeall ar a sainchuspóir.

(13)     De réir na moltaí a rinne Meitheal Oibre Airteagail 29 agus atá ar fáil sa "Doiciméad oibre maidir le cosaint sonraí agus impleachtaí príobháideachta sa tionscnamh Glao éigeandála", a glacadh an 26 Meán Fómhair 2006[9], ba cheart go gcomhlíonfadh aon phróiseáil ar shonraí pearsanta tríd an gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil na rialacha um chosaint sonraí pearsanta dá bhforáiltear i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[10] agus i dTreoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus cosaint príobháideachta san earnáil teileachumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideacht agus le cumarsáidí leictreonacha)[11], go háirithe an ráthaíocht nach mbeidh feithiclí arna bhfeistiú le córas Glao éigeandála laistigh den fheithicil inrianaithe, ina ngnáthstádas oibríochtúil a bhaineann leis an nGlao éigeandála 112, agus nach mbeidh siad faoi réir aon bhuan-rianaithe agus go mbeidh an íosfhaisnéis atá de dhíth chun na glaonna éigeandála a láimhseáil go hiomchuí san áireamh sa tacar íosta sonraí arna sheoladh ag an gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil.

(14)     Tá caighdeáin chomhchoiteanna forbartha ag na Comhlachtaí Eorpacha um Chaighdeánú, ETSI agus CEN, chun seirbhís Ghlao éigeandála phan-Eorpach a chur in úsáid agus ba cheart feidhm a bheith acu chun críche an Rialacháin seo, toisc go ndéanfaidh sé sin éabhlóid theicneolaíoch na seirbhíse Glao éigeandála laistigh den fheithicil a éascú, idir-inoibritheacht agus leanúnachas na seirbhíse a áirithiú ar fud an Aontais agus na costais chur chun feidhme a laghdú don Aontas ina iomláine.

(15)     D'fhonn a áirithiú go gcuirfear ceanglais chomhcoiteanna theicniúla i bhfeidhm i dtaca leis an gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil, ba cheart cumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil leis na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán ábhartha, maidir le tástáil, maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachta agus maidir le díolúintí d'fheithiclí áirithe nó d'aicmí feithiclí i gcatagóirí M1 agus N1. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(16)     Ba cheat a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí feithiclí le dul in oiriúint do cheanglais theicniúla an Rialacháin seo.

(17)     Is Rialachán nua ar leith an Rialachán seo i gcomhthéacs an nós imeachta cineálcheadaithe CE dá bhforáiltear i dTreoir 2007/46/CE, agus dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I, III, IV, VI, IX agus XI a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú dá réir.

(18)     Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an margadh inmheánach a bhaint amach trí comhcheanglais theicniúla a thabhairt isteach d'fheithiclí cineálcheadaithe nua arna bhfeistiú leis an gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir dá bhrí sin é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de Chonradh an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear na ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú CE feithiclí i ndáil leis an gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil.

Airteagal 2 Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo i leith feithiclí i gcatagóir M1 agus i gcatagóir N1, mar atá sainmhínithe i bpointe 1.1.1 agus 1.2.1 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

Airteagal 3 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo agus sa bhreis ar na sainmhínithe atá leagtha síos in Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE agus in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 305/2013 ón gCoimisiún[12], beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)          ciallaíonn 'córas Glao éigeandála laistigh den fheithicil' córas arna chur i ngníomh go huathoibríoch le braiteoirí laistigh den fheithicil nó de láimh, a iompraíonn, trí bhíthin líonraí cumarsáide móibílí gan sreang, tacar íosta sonraí caighdeánaithe agus a bhunaíonn cainéal fuaime bunaithe ar 112 idir áititheoirí na feithicle agus pointe freagartha sábháilteachta poiblí;

(2)          ciallaíonn 'córas laistigh den fheithicil' an trealamh laistigh den fheithicil chomh maith leis an modh chun tarchur an Ghlao éigeandála a thruicearú, a bhainistiú agus a dhéanamh le líonra cumarsáide móibílí gan sreang poiblí a sholáthraíonn nasc idir an fheithicil agus modh chun an tseirbhís Ghlao éigeandála a achtú le líonra cumarsáide móibílí gan sreang poiblí.

Airteagal 4 Oibleagáidí ginearálta na Monaróirí

Léireoidh monaróirí go bhfuil gach cineál nua feithicle dá dtagraítear in Airteagal 2 feistithe le córas Glao éigeandála laistigh den fheithicil, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 5 Oibleagáidí sonracha na Monaróirí

1.           Áiritheoidh monaróirí go ndéanfar a gcuid cineálacha nua feithiclí uile a mhonarú agus a fhormheas i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

2.           Léireoidh monaróirí go dtógtar a gcuid cineálacha nua feithiclí uile lena áirithiú go gcuirfear Glao éigeandála ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach 112 go huathoibríoch i gcás timpiste thromchúiseach a thiteann amach ar chríoch an Aontais.

              Léireoidh monaróirí go dtógtar feithiclí nua lena áirithiú gur féidir Glao éigeandála a chur ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach 112 de láimh freisin.

3.           Áiritheoidh monaróirí go mbeidh na faighteoirí sna córais laistigh den fheithicil comhoiriúnach leis na seirbhísí suite arna soláthar ag córais loingseoireacht satailíte, lena n-áirítear na córais Galileo agus EGNOS.

4.           Ní ghlacfar ach leis na córais Ghlao éigeandála laistigh den fheithicil sin is féidir a thástáil chun críche cineálcheadaithe.

5.           Comhlíonfaidh córais Ghlao éigeandála ceanglais Threoir 1999/5/CE[13] agus Rialachán Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) Uimh. 10[14].

6.           Beidh gach oibreoir neamhspleách in ann rochtain saor in aisce agus gan idirdhealú a fháil ar an gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil chun críche deisithe agus cothabhála ar a laghad.

7.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 lena mbunófar na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus tástálacha i gcomhair cineálcheadú na gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil agus lena leasófar Treoir 2007/46/CE dá réir.

Beidh na ceanglais theicniúla agus na tástálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar na ceanglais atá leagtha amach i mír 3, mír 4 agus mír 6 agus ar na caighdeáin seo a leanas, más infheidhme:

(a)     EN 16072 ‘Córais chliste iompair-Sábháilteacht éigeandála-Glao éigeandála Pan-Eorpach-Ceanglais oibriúcháin’;

(b)     EN 16062 ‘Córas chliste iompair-Sábháilteacht éigeandála-Ceanglais ardleibhéil cur i bhfeidhm (HLAP) Glao éigeandála’;

(c)     EN 16454 ‘Córais chliste iompair - Sábháilteacht éigeandála - tástáil chomhlíontachta Ghlao éigeandála ó phointe deiridh go pointe deiridh’, maidir le comhlíontacht an chórais Ghlao éigeandála laistigh den fheithicil leis an nGlao éigeandála pan-Eorpach;

(d)     aon chaighdeán Eorpach nó Rialachán UNECE eile a bhaineann le córais Ghlao éigeandála.

Airteagal 6 Rialacha maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí

1.           I gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus Treoir 2002/58/CE, áiritheoidh monaróirí nach mbeidh feithiclí atá feistithe le córas Glao éigeandála laistigh den fheithicil inrianaithe agus nach mbeidh siad faoi réir aon bhuanrianaithe ina ngnáthstádas oibriúcháin a bhaineann leis an nglao éigeandála.

Beidh teicneolaíochtaí um fheabhsú príobháideachta leabaithe sa chóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil d’fhonn an leibhéal inmhianaithe cosanta príobháideachta a sholáthar d’úsáideoirí Glao éigeandála, comh maith leis na cosaintí is gá chun faireachas agus mí-úsáid a chosc.

2.           Ní bheidh san áireamh sa tacar íosta sonraí arna sheoladh ag an gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil ach an íosfhaisnéis is gá chun glaonna éigeandála a láimhseáil go hoiriúnach.

3.           Áiritheoidh monaróirí go gcuirfear faisnéis shoiléir chuimsitheach ar fáil d’úsáideoirí Glao éigeandála maidir le próiseáil na sonraí a dhéantar tríd an gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     tagairt don bhunús dlí don phróiseáil;

(b)     go bhfuil an córas Glao éigeandála laistigh den fheithicil curtha i ngníomh mar réamhshocrú;

(c)     rialacha mionsonraithe na próiseála sonraí arna déanamh ag an gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil;

(d)     cuspóir na próiseála Glao éigeandála;

(e)     na cineálacha sonraí a bhailítear agus a phróiseáiltear agus faighteoirí na sonraí sin;

(f)      an teorainn ama maidir le sonraí a choinneáil sa chóras laistigh den fheithicil;

(g)     nach ndéantar aon bhuanrianú ar an bhfeithicil;

(h)     na rialacha mionsonraithe maidir le cearta na n-ábhar sonraí a fheidhmiú;

(i)      aon fhaisnéis bhreise is gá maidir le próiseáil sonraí pearsanta i ndáil le seirbhís phríobháideach Ghlao éigeandála agus/nó seirbhísí eile breisluacha a sholáthar.

4.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 lena saineofar tuilleadh an ceanglas maidir le heaspa inrianaitheachta agus rianaithe agus na teicneolaíochtaí um fheabhsú príobháideachta dá dtagraítear i mír 1 chomh maith le rialacha mionsonraithe na próiseála sonraí príobháideacha agus na faisnéise úsáideoirí dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 7 Oibleagáidí na mBallstát

Le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2015, ní dheonóidh  údaráis náisiúnta cineálcheadú CE i ndáil leis an gcóras Glao éigeandála laistigh den fheithicil ach do chineálacha nua feithiclí a chomhlíonfaidh an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 8

Díolúintí

1.           Féadfaidh an Coimisiún feithiclí áirithe nó aicmí feithiclí áirithe i gcatagóir M1 agus i gcatagóir N1 a dhíolmhú ón oibleagáid córais Glao éigeandála laistigh den fheithicil a shuiteáil mar atá leagtha amach in Airteagal 4, más rud é, tar éis anailís chostais/shochair a dhéanamh, anailís a dhéanfaidh nó a shainordóidh an Coimisiún, agus ag cur gach gné ábhartha ó thaobh sábháilteachta de san áireamh, nach bhfuil sé oiriúnach córas den chineál sin a chur i bhfeidhm ar an bhfeithicil nó ar an aicme feithiclí lena mbaineann.

2.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 lena leagfar amach na díolúintí dá dtagraítear i mír 1. Cumhdóidh na díolúintí sin feithiclí amhail feithiclí sainchuspóireacha agus feithiclí gan málaí aeir agus beith siad teoranta ó thaobh líon na bhfeithiclí de.

Airteagal 9

An tarmligean a fheidhmiú

1.           Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.           Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5(7), Airteagal 6(4) agus Airteagal 8(2) a ghlacadh ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón […][Publications Office, please insert the exact date of entry into force].

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(7), in Airteagal 6(4) agus in Airteagal 8(2) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(7), Airteagal 6(4) agus Airteagal 8(2) i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón tráth a thabharfar fógra i dtaobh an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 10 Pionóis ar neamh-chomhlíonadh

1.           Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme más rud é nach gcomhlíonfaidh monaróirí forálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad gach beart lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach comhréireach athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha sin, agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.           I measc na gcineálacha neamh-chomhlíonta a bheidh faoi réir pionóis, beidh an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)     dearbhú bréige a dhéanamh le linn nós imeachta formheasa nó le linn nós imeachta a mbeidh aisghairm mar thoradh air;

(b)     torthaí tástála um chineálcheadú a fhalsú;

(c)     sonraí nó sonraíochtaí teicniúla a choinneáil siar lena bhféadfadh aisghairm nó cineálcheadú a tharraingt siar a bheith mar thoradh leis.

Airteagal 11 Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE

Leasaítear Iarscríbhinn I, III, IV, VI, IX agus XI a ghabhann le Treoir 2007/46/CE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 12 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE

Leasaítear Treoir 2007/46/CE mar seo a leanas:

(1)          In Iarscríbhinn I, cuirtear isteach pointe 12.8 agus pointe 12.8.1 seo a leanas:

“12.8 Córas Glao éigeandála

12.8.1 tuairisc nó líníochtaí”;

(2)          In Iarscríbhinn III, Cuid I, Roinn A, cuirtear isteach pointe 12.8 agus pointe 12.8.1 seo a leanas:

“12.8 Córas Glao éigeandála

12.8.1 Láithreacht: tá/níl (1)”;

(3)          Leasaítear Cuid 1 d'Iarscríbhinn IV mar seo a leanas:

(a)     Cuirtear mír 71 seo a leanas isteach sa tábla:

Mír || Ábhar || Gníomh rialúcháin || Infheidhmeacht

M1 || M2 || M3 || N1 || N2 || N3 || O1 || O2 || O3 || O4

71. || Córas Glao éigeandála || Rialachán (AE) Uimh. ….. || X || || || X || || || || || ||

(b)     Leasaítear Iarscríbhinn 1 mar seo a leanas:

(i)      cuirtear mír 71 seo a leanas isteach i dtábla 1:

Mír || Ábhar || Gníomh rialúcháin || Saincheisteanna sonracha || Infheidhmeacht agus ceanglais shonracha

71. ||  Córas Glao éigeandála || Rialachán (AE) Uimh. ….. || || N/B

(i)      cuirtear mír 71 seo a leanas isteach i dtábla 2:

Mír || Ábhar || Gníomh rialúcháin || Saincheisteanna sonracha || Infheidhmeacht agus ceanglais shonracha

71. ||  Córas Glao éigeandála || Rialachán (AE) Uimh. ….. || || N/B

(4)          San Aguisín a ghabhann le Samhail A in Iarscríbhinn VI, cuirtear mír 71 seo a leanas isteach sa tábla:

Mír || Ábhar || Tagairt don ghníomh rialúcháin(1) || Arna leasú ag || Infheidhmeacht i leith leaganacha

71. ||  Córas Glao éigeandála || Rialachán (AE) Uimh. ….. || ||

(5)          Leasaítear Iarscríbhinn IX mar seo a leanas:

(a)     I gCuid I, leasaítear Samhail B mar seo a leanas:

(i)      Leasaítear Taobh 2 “catagóir feithicle M1” mar seo a leanas:

- cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 52:

“52. Glao éigeandála i láthair tá/níl”,

- cuirtear isteach pointe 53 seo a leanas:

“53. Barúlacha (11): …………….”;

(ii)      Leasaítear taobh 2 “catagóir feithicle N1” mar seo a leanas:

- cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 52:

“52. Glao éigeandála i láthair tá/níl”,

- cuirtear isteach pointe 53 seo a leanas:

“53. Barúlacha (11): …………….”;

(b)     i gCuid II, leasaítear samhail C2 mar seo a leanas:

(i)      Leasaítear taobh 2 “catagóir feithicle M1” mar seo a leanas:

- cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 52:

“52. Glao éigeandála i láthair tá/níl”,

- cuirtear isteach pointe 53 seo a leanas:

“53. Barúlacha (11): …………….”;

(ii)      Leasaítear taobh 2 “catagóir feithicle N1” mar seo a leanas:

- cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 52:

“52. Glao éigeandála i láthair tá/níl”,

- cuirtear isteach pointe 53 seo a leanas:

“53. Barúlacha (11): …………….”;

(6)          In Aguisín 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear mír 71 seo a leanas isteach sa tábla:

Mír || Ábhar || Tagairt don ghníomh rialúcháin || M1 ≤ 2 500 (1) kg || M1 > 2 500 (1) kg || M2 || M3

71. ||  Córas Glao éigeandála || Rialachán (AE) Uimh. ….. || A || A || N/B || N/B

[1]               IO L303, 22.11.2011, lch. 46.

[2]               IO L 91, 3.4.2013, lch. 1.

[3]               IO L […], […], lch. […].

[4]               IO C […], […], lch. […].

[5]               IO L 263, 9.10.2007, lch. 33.

[6]               COM (2009) 434 final.

[7]               2012/2056(INI).

[8]               IO L 196, 24.7.2008, lch. 33.

[9]               1609/06/EN – WP 125.

[10]             IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[11]             IO L 201, 31.7.2002, lch. 37.

[12]             IO L 91, 03.04.2013, lch. 1.

[13]             IO L 91, 7.4.1999, lch. 10.

[14]             IO L 254, 20.9.2012, lch. 1.