52013PC0260

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sláinte ainmhithe /* COM/2013/0260 final - 2013/0136 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           BONN CIRT AGUS CUSPÓIR

Ábhar imní do gach saoránach Eorpach is ea sláinte ainmhithe. Eascraíonn an imní sin as gnéithe amhail an tsláinte phoiblí, sábháilteacht bia, agus slándáil bia, a bhfuil baint acu le sláinte ainmhithe. Eascraíonn sí freisin as na costais eacnamaíocha a mbíonn ráigeanna galair ainmhithe ina gcúis leo uaireanta agus as cúrsaí leasa ainmhithe, lena n‑áirítear an tionchar a bhíonn ag bearta rialaithe galar ar leas ainmhithe.

Ag an am céanna, is léiriú é an togra seo ar thosaíochtaí na Rialála Cliste[1] mar go ndéanann sé iarracht an creat dlí reatha a shimpliú agus tugann sé aird freisin ar ionchais na bpáirtithe leasmhara go laghdófaí na hualaí riaracháin.

 Ina theannta sin, léiríonn sé tosaíochtaí an Choimisiúin, amhail cuspóir an fháis chliste atá sa straitéis Eoraip 2020[2] mar go dtugann sé tacaíocht don earnáil an teacht aniar atá inti a neartú trí bhearta gníomhacha coisctheacha agus trí bhainistíocht riosca níos solúbtha.

Anailís ar an bhFadhb

I gcreat reatha reachtaíochta sláinte ainmhithe an AE tá beagnach 50 treoir agus rialachán den reachtaíocht phríomha agus thart ar 400 píosa den reachtaíocht thánaisteach. Glacadh cuid acu sin chomh luath le 1964.

Sheol an Coimisiún meastóireacht sheachtrach in 2004 le hathbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar thorthaí ghníomhaíocht an AE i leith sláinte ainmhithe, rud a thug Straitéis nua um Shláinte Ainmhithe in 2007. Meascán de imthosca a d’fhág go raibh sé riachtanach ár mbeartas a athmheas:

Ÿ        Rinneadh príomheilimintí an bheartais atá ann a dhréachtú, den chuid Is mó, idir 1988 agus 1995 nuair ba Chomhphobal de dhá Bhallstát déag fós sinn;

Ÿ        Tá dúshláin nua tagtha chun cinn. Tá galair a bhí anaithnid deich mbliana ó shin tagtha ar an saol, agus galair eile, amhail an galar crúibe is béil, gormtheanga agus an fliú éanúil, thug siad dúshláin nua le déanaí, agus chuir siad i gcuimhne dúinn gur rioscaí an‑tromchúiseach fós iad.

Ÿ        Tháinig athrú ó bhonn ar dhálaí trádála freisin, agus méadú mór ar thrádáil in ainmhithe agus i dtáirgí ainmhithe, laistigh den AE agus le tríú tíortha araon; agus

Ÿ        Tháinig forás suntasach ar an eolaíocht, an teicneolaíocht agus ar ár gcreat institiúideach.

Aimsíodh roinnt fadhbanna i ndáil leis an reachtaíocht atá ann. Baineann roinnt acu leis an gcur chuige ginearálta beartais, .i.:

– Ardchastacht Bheartas reatha an Chomhphobail i leith Sláinte Ainmhithe (CAHP)

– Straitéis fhoriomlán a bheith in easnamh

– Ní leor an fócas ar chosc galar, agus go háirithe an fócas ar an ngá le breis bithshlándála.

Bhain fadhbanna eile le feidhmiú na reachtaíochta atá ann cheana, go háirithe:

– Saincheisteanna a bhaineann le trádáil laistigh den Aontas in ainmhithe beo.

Ceartaítear na fadhbanna ginearálta agus sonracha sa dlí seo, sin nó ceartófar iad sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme.

Cuspóirí an togra

Is é an Dlí i ndáil le Sláinte Ainmhithe an creat dlí a thacaíonn leis an Straitéis um Shláinte Ainmhithe don AE, a foilsíodh in 2007. Is iad seo a leanas na cuspóirí ginearálta mar atá siad leagtha amach sa Straitéis:

Ÿ        leibhéal ard sláinte poiblí agus sábháilteachta bia a áirithiú trí mhinicíocht na rioscaí bitheolaíochta agus ceimiceacha don duine a íoslaghdú;

Ÿ        sláinte ainmhithe a chur chun cinn trí mhinicíocht na ngalar ainmhithe a chosc / a laghdú, agus tacú le feirmeoireacht agus le geilleagar na tuaithe;

Ÿ        feabhas a chur ar fhás eacnamaíoch/comhtháthú/iomaíochas trí shaorchúrsaíocht earraí agus gluaiseachtaí comhréireacha ainmhithe a áirithiú;

Ÿ        cleachtais feirmeoireachta agus leas ainmhithe a chur chun cinn lena gcoisctear bagairtí a bhaineann le sláinte ainmhithe agus lena laghdaítear an tionchar ar an gcomhshaol, rud a thacaíonn le Straitéis an AE um Fhorbairt Inbhuanaithe.

Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an dlí seo i ndáil le Sláinte Ainmhithe:

Ÿ        creat rialála aonair, simplithe, trédhearcach, soiléir a bhunú a leagfaidh amach cuspóirí, raon feidhme agus prionsabail na hidirghabhála rialála go córasach; bunaithe ar dhea-rialachas agus i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta (e.g. OIE); a dhíreoidh ar bhearta coisctheacha fadtéarmacha agus i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile;

Ÿ        prionsabail ghinearálta uileghabhálacha a thabhairt isteach a cheadóidh creat simplithe dlí d'fhonn a bheith ullamh le haghaidh dúshlán nua, .i.e. chun freagairt mhear a chumasú i gcás galar atá ag teacht chun cinn; agus an caighdeán céanna freagartha a chinntiú freisin mar a fhoráiltear i reachtaíocht reatha;

Ÿ        comhsheasmhacht a chinntiú idir na prionsabail chothrománacha sa reachtaíocht i réimse na sláinte ainmhithe, an leasa ainmhithe agus na sábháilteachta bia, chomh maith le beartais AE níos ginearálta maidir le hathrú aeráide, an comhbheartas talmhaíochta agus inbhuanaitheacht;

Ÿ        an tionchar a bhíonn ag galair ainmhithe ar shláinte an phobail agus sláinte ainmhithe, leas ainmhithe, an geilleagar agus an tsochaí a laghdú a mhéid is féidir trí chur leis an bhfeasacht faoi ghalair, le hullmhacht, le faireachas agus le córais um fhreagairt éigeandála ar an leibhéal náisiúnta agus AE;

Ÿ        feidhmiú rianúil mhargadh inmheánach na n‑ainmhithe agus táirgí ainmhithe a áirithiú, maille le leibhéal ard cosanta sláinte ainmhithe agus shláinte an phobail agus tacú le cuspóirí Eoraip 2020.

Is iad seo a leanas cuspóirí oibríocha an dlí seo i ndáil le Sláinte Ainmhithe:

Ÿ        an cur chuige nua coscthiomáinte, atá dírithe ar dhreasachtaí, a chomhtháthú i gcroílár an bheartais sláinte ainmhithe;

Ÿ  foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir agus cothrom na ról agus na bhfreagrachtaí idir údaráis inniúla, institiúidí an AE, an earnáil feirmeoireachta, úinéirí ainmhithe agus daoine eile;

Ÿ  catagóiriú galar a thabhairt isteach mar bhonn d'idirghabháil an AE;

Ÿ  foráil a dhéanamh maidir le sásraí éifeachtacha le freagairt go tapa do theagmhais galair, lena n‑áirítear dúshláin nua, amhail galair atá ag teacht chun cinn;

Ÿ  ullmhacht éifeachtach éigeandála agus luathfhreagairt éifeachtach ar ghalair ainmhithe agus zónóisí a áirithiú, lena n‑áirítear úsáid vacsaíní mar is cuí;

Ÿ  nósanna imeachta simplithe a thabhairt isteach aon uair is féidir ar chúiseanna teicniúla agus eile, ag cur sainiúlacht na bhfeirmeoirí beaga agus micreaghnólachtaí san áireamh agus scaoileadh le hualaí riaracháin agus costais nach bhfuil gá leo, aon uair is féidir;

Ÿ  a áirithiú go mbeidh go leor solúbthachta sa chreat nua dlí chun é a chur in oiriúint go réidh d'fhorbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha feasta;

Ÿ  an baol go gcuirfí isteach ar thrádáil a laghdú trí leibhéal cuí cóineasaithe a lorg le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, agus tiomantas daingean do chaighdeáin arda sláinte ainmhithe a áirithiú.

2.           COMHTHÉACS DLÍ

Bunús dlí

Is iad Airteagail 43, 114 agus 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí le bearta reachtacha an AE i ndáil le sláinte ainmhithe ar fáil, mar is cuid riachtanach de na beartais talmhaíochta, sláinte poiblí agus cosanta tomhaltóirí, trádála agus an mhargaidh aonair iad.

– Is é Airteagal 43 an bunús dlí le bearta reachtacha an AE maidir leis an gComhbheartas Talmaíochta. An t‑Airteagal sin freisin atá mar bhonn leis an reachtaíocht tréidliachta mar go meastar, ó thaobh dlí de, go bhfuil an CAHP ina chuid den Chomhbheartas Talmhaíochta, agus is iad na nósanna imeachta céanna reachtaíochta agus riaracháin atá i bhfeidhm ina leith.

– Is é Airteagal 114 an bunús dlí le haghaidh bhunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus le haghaidh chomhfhogasú na bhforálacha atá leagtha síos de réir dlí, nó i mbearta rialacháin nó riaracháin i ndáil leis sin.

– Airteagal 168 maidir le cosaint sláinte, tagraíonn sé do chosaint shláinte an duine ar gach cúis a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh di, lena n‑áirítear gach cúis a bhaineann le sláinte ainmhithe. Fairis sin, rinneadh bearta tréidliachta a bhí dírithe ar an tsláinte phoiblí a chosaint a ghlacadh freisin faoin nós imeachta comhchinnteoireachta mar thoradh ar an Airteagal seo."

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá ceangal gníomhach ag an reachtaíocht seo i ndáil le sláinte ainmhithe leis an gcreat dlíthiúil maidir le leas ainmhithe, sábháilteacht bia, sláinte phoiblí, cothú ainmhithe, táirgí íocshláinte tréidliachta, cosaint an chomhshaoil, rialuithe oifigiúla, an Comhbheartas Iascaigh (CBI) agus an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT).

Gaol le tograí eile sa phacáiste

Tá an togra seo ina chuid de phacáiste de cheithre athbhreithniú a bhaineann le sláinte ainmhithe, sláinte plandaí, cáilíocht ábhar plandaí atáirgthe agus rialuithe oifigiúla plandaí, ainmhithe, bia agus beatha.

Fágann an t‑athbhreithniú ar an rialachán maidir le rialuithe oifigiúla gur comhsheasmhaí is féidir na rialuithe oifigiúla sin a chur i bhfeidhm, chun sláinte ainmhithe a chosaint agus nasc níos comhleanúnaí a dhéanamh le rialáil sláinte ainmhithe.

3.           COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Coimhdeacht

Ní hamháin go dtugann sláinte mhaith ainmhithe sochair phríobháideacha d’úinéirí ainmhithe ach tá leas an phobail agus sochair níos ginearálta i gceist freisin. Ciallaíonn tógálacht a lán galar ainmhithe gur mó an tairbhe a bhaineann le cur chuige coiteann, seachas sraith gníomhaíochtaí aonair.

Tá glacadh forleathan leis gur luachmhaire cur chuige comhchuibhithe ón AE, agus chabhraigh sé sin ualach riaracháin ar oibreoirí, trádálaithe, tréidlianna agus tionscail a bhaineann le tréidliacht a laghdú. Bhí ról lárnach aige i mbunú an mhargaidh aonair, le trádáil laistigh den AE in ainmhithe agus i dtáirgí ainmhithe (feoil, bainne, etc.) a éascú trí dhálaí comhchuibhithe sláinte ainmhithe a bhunú agus rath an CBT a chur chun cinn.

Buntáistí na rialacha comhchuibhithe le galair ainmhithe ar leibhéal an AE a chosc, a rialú, a fhógairt, agus a dhíothú, léiríodh iad le linn ráigeanna galair ainmhithe le blianta beaga anuas. Thaispeáin an fhreagairt ar na géarchéimeanna sin cumas an AE freagairt thapa a thabhairt, le leathadh na ngalar a theorannú agus a dtionchar a íoslaghdú. Tharla sé sin den chuid Is mó a bhuí leis an gcur chuige comhchuibhithe i leith rialú galar, lena n‑áirítear cúiteamh airgeadais a thabhairt i leith na gcaillteanas ar fheirmeacha de dheasca beart le galair a dhíothú. Chomh maith leis sin, agus gné an mhargaidh aonair á chur san áireamh, d'fhéadfadh teip galar a rialú i mBallstát amháin, difear mór a dhéanamh do stádas sláinte an Aontais agus a acmhainn onnmhairithe a chur i mbaol. I bhfianaise na n‑eilimintí éagsúla sin, tá bonn cirt le gníomhaíocht an AE, mar gur léir nach féidir le Ballstáit é seo a bhaint amach go sásúil ag gníomhú ina n‑aonar dóibh agus gurb éifeachtaí agus gurb éifeachtúla a bhainfeadh an AE cur chuige comhsheasmhach amach.

Comhréireacht

Bunaíonn an Dlí i ndáil le Sláinte Ainmhithe creat ginearálta le haghaidh galair ainmhithe a rialú, a chosc agus a dhíothú. Tá an creat fothaithe ar rialacha atá bunaithe ar thorthaí, seachnaíonn sé saintreoracha iomarcacha, agus fágann sé spás le haghaidh Ballstát le rialáil a dhéanamh nó le reachtaíocht níos mionsonraithe a leagan amach nuair is gá, rud a thugann an tsolúbthacht le rialacha a oiriúnú do chúinsí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla. Os a choinne sin, ní mór leibhéal áirithe mionsonrachta agus cruinnis a áirithiú i rialacha maidir le trádáil le go laghdófar ar an mbaol go mbeadh cleachtais dhifriúla i bhfeidhm ag oibreoirí agus ag údaráis inniúla agus go dtarlódh saobhadh ina dhiaidh sin ar an iomaíocht nó, b'fhéidir, an baol go laghdófaí comhchuibheas an chur chuige chun dul i ngleic le galair. Dá bhrí sin, féachann an Dlí i ndáil le Sláinte Ainmhithe le cothromaíocht a bhaint amach idir ghníomhaíocht chomhréireach agus gníomhaíocht riachtanach.

4.           COMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Nós imeachta comhairliúcháin.

Toradh is ea an Dlí seo i ndáil le Sláinte Ainmhithe ar shraith fhada anailísí.

In 2004, sheol an Coimisiún meastóireacht neamhspleách chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht Bheartas Sláinte Ainmhithe an Chomhphobail (CAHP)[3] le deich mbliana roimhe sin agus a chomhsheasmhacht le hidirghabhálacha beartais eile an AE. Ba é an aidhm gnéithe den CAHP a aithint, sin gnéithe a d'fhéadfaí a fheabhsú a thuilleadh agus roghanna a mholadh leis na feabhsuithe sin a bhaint amach.

I measc nithe eile, moladh sa mheastóireacht ar CAHP go bhforbrófaí straitéis amháin do shláinte ainmhithe chun cosc a chur ar fhorbairt beartais atá róscaipthe nó a thagann as géarchéimeanna. Straitéis an AE um Shláinte Ainmhithe 2007‑2013 (AHS) "Is fearr cosc ná leigheas" an toradh a bhí ar an meastóireacht sin[4].

Sa Straitéis sin foráiltear go nglacfar "creat rialála aonair do shláinte ainmhithe agus go ndíreofar níos mó ar dhreasachtaí ná ar phionóis, i gcomhréir le beartais eile an AE agus le caighdeáin idirnáisiúnta" agus a "shaineoidh agus a chomhtháthóidh prionsabail agus ceanglais chomhchoiteanna atá sa reachtaíocht cheana". Ina bhfreagairt ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Straitéis nua, d'fháiltigh Parlaimint na hEorpa[5], an Chomhairle[6] agus an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta[7] roimh an tionscnamh seo. Ina dhiaidh sin, dhearbhaigh an Plean Gníomhaíochta do chur chun feidhme na Straitéise[8] gurb é "an príomhchuspóir atá ag an Straitéis Dlí AE i ndáil le Sláinte Ainmhithe a fhorbairt".

Ó thús an phróisis, bhí dlúthpháirt agus ról ríthábhachtach ag na príomhpháirtithe leasmhara, Údaráis Inniúla, na Ballstáit, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhpháirtithe trádála sa phlé. Ina theannta sin, i gcomhréir le caighdeáin an Choimisiúin le haghaidh comhairliúcháin, chuathas i gcomhairle roinnt uaireanta le páirtithe leasmhara eacnamaíocha agus sóisialta, mar shampla cumainn Eorpacha a bhfuil suim acu i sláinte agus leas ainmhithe, agus leis an bpobal.

5.           EILIMINTÍ AN TOGRA

CUID I Rialacha ginearálta

Leagann an Dlí i ndáil le Sláinte Ainmhithe amach na prionsabail ghinearálta le haghaidh dea-shláinte ainmhithe i reachtaíocht an AE. Tugann sé le chéile bearta sláinte ainmhithe d'ainmhithe talún agus uisceacha.

Forálann Cuid I freisin go dtabharfar tosaíocht do na galair ar dócha go mbeadh tionchar suntasach acu, agus iad a liostú. Den chéad uair, beifear in ann acmhainní an Aontais a chur in ord tosaíochta go córasach ar bhonn eolaíoch agus fianaise.

Leagtar síos go sainráite den chéad uair freagrachtaí na ngníomhaithe éagsúla uile a bhfuil ról lárnach acu le sláinte ainmhithe a chosaint, mar shampla oibreoirí, tréidlianna, agus coimeádaithe peataí. Go háirithe, ní mór d'oibreoirí agus gairmithe ainmhithe eolas bunúsach a chur ar shláinte ainmhithe agus nithe gaolmhara.

Cuid II: Fógra, Faireachas, Cláir um Dhíothú, Saoirse ó Ghalair

I gCuid II soiléirítear na freagrachtaí maidir le fógra a thabhairt agus faireachas a dhéanamh, lena n‑áirítear cuairteanna sláinte ainmhithe. Soiléiríonn sé róil na n‑oibreoirí, na n‑údarás inniúil agus daoine eile maidir le faireachas a dhéananmh ar staid sláinte na n‑ainmhithe san Aontas. Ceadaíonn an córas nua úsáid níos fearr a bhaint as na sineirgí idir an faireachas a dhéanann gníomhaithe éagsúla sa réimse chun a chinntiú go mbainfear amach an úsáid is éifeachtaí agus is costéifeachtúla as na hacmhainní faireachais.

Príomhathrú eile anseo is ea gur forleithne anois is féidir deighleoga a úsáid, nach gceadaítear faoi láthair ach amháin maidir le bearta a bhaineann le Fliú Éanúil agus le dobharshaothrú. Tugann sé sin níos mó solúbthachta isteach i mbearta rialaithe galar, lena n‑áirítear go bhféadfar leanúint le gluaiseachtaí agus trádáil i gcúinsí áirithe, arna meas ó thaobh rioscaí.

Cuid III: Ullmhacht do Ghalair, Feasacht faoi Ghalair agus Rialú Galar

Faoi Chuid III, leantar den cheangal atá ar na Ballstáit pleananna teagmhasacha a tharraingt suas chun déileáil le galair áirithe, agus a gcur chun feidhme a chleachtadh.

Tá an creat rialála le haghaidh vacsaínithe ar fáil anois go sainráite agus go comhleanúnach.

Leagadh síos na rialacha maidir le húsáid banc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe.

Leagtar síos rialacha maidir le bearta rialaithe a bheidh le glacadh i gcás amhrais nó ráigeanna deimhnithe de ghalair áirithe, agus is beag athrú atá ar an gcóras atá ann cheana féin, a mheastar a bheith ag obair go maith.

Cuid IV: Ceanglais maidir le Clárú, Faomhadh, Inrianaitheacht agus Gluiseachtaí

Roinntear Cuid IV faoi thrí theideal, agus tá rialacha ar leith le haghaidh ainmhithe talún, ainmhithe uisceacha, agus ainmhithe eile. Is gá iad a bhreithniú ar leithligh i ngeall ar a modhanna táirgthe éagsúla agus a n‑eipidéimeolaíocht. Na teidil atá ag déileáil le hainmhithe uisceacha agus talún, leagann siad síos bearta a chabhróidh le hainmhithe agus a mbunaíochtaí a aithint agus a rianú. Tá an‑tábhacht le hinrianaitheacht ainmhithe le linn ráige galair ionas go dtuigfear eipidéimeolaíocht an ghalair agus gur fearr is féidir é a rialú. De réir na dteideal sin, féadfar níos mó ainmhithe a chlárú agus a rianú go leictreonach, rud a thacóidh le simplíocht agus rialáil níos fearr, agus a laghdóidh an t‑ualach riaracháin trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht. Ní thugtar isteach tríú teideal maidir le hainmhithe eile ach amháin maidir le foráil amach anseo, má thagann ann do bhagairtí nua i ndáil leis na hainmhithe sin.

CUID V Teacht isteach san Aontas agus Onnmhairiú

Leagann Cuid V síos na caighdeáin agus na ceanglais le haghaidh tríú tíortha le linn dóibh ainmhithe, táirgí geirmeacha, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus ábhar eile a d'fhéadfadh galair ainmhithe a tharchur a sheoladh isteach san Aontas, d'fhonn cosc a chur ar ghalair a bheith á dtabhairt isteach. Leagann sé amach freisin na ceanglais le haghaidh onnmhairiú. Níl aon athruithe praiticiúla beartaithe ar an reachtaíocht atá ann cheana, a mheastar a bheith ag feidhmiú go maith.

Cuid VI: Bearta éigeandála

Tá bearta éigeandála ina gcuid ríthábhachtach de bhainistíocht galar. I gCuid VI, leagtar síos na nósanna imeachta atá le leanúint i gcás éigeandála, chun freagairt thapa, chomhsheasmhach ón Aontas a áirithiú. Níl ach beagán athruithe praiticiúla beartaithe ar an reachtaíocht atá ann cheana, a mheastar a bheith ag feidhmiú go han‑mhaith.

Cuid VII: Forálacha Críochnaitheacha agus Idirthréimhseacha

Leagann na forálacha deiridh agus idirthréimhseacha amach na forálacha náisiúnta, na coinníollacha le gníomhartha tarmligthe, gníomhartha aisghairthe, agus forálacha riachtanacha eile dlí a ghlacadh.

6.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht ag an togra seo a chruthódh caiteachas breise nach bhfuil san áireamh cheana féin i ráiteas airgeadais an chreata choitinn airgeadais maidir leis an slabhra bia, sláinte agus leas ainmhithe, agus maidir le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí.

2013/0136 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le sláinte ainmhithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) Airteagal 114(3) agus Airteagal 168(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[9],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[10],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Féadfaidh tionchar millteach a bheith ag galair in‑tarchurtha ainmhithe agus ag na bearta is gá leis na galair sin a rialú d'ainmhithe aonair, ar dhaonraí ainmhithe, ar choimeádaithe ainmhithe agus ar an ngeilleagar.

(2)       Mar is léir ón taithí a fuarthas le déanaí, féadfaidh galair in‑tarchurtha ainmhithe tionchar suntasach a imirt ar shláinte phoiblí, mar a tharla i gcás an fhliú éanúil agus salmonella.

(3)       Sa bhreis air sin, is féidir éifeachtaí idirghníomhacha díobhálacha a bhreathnú i ndáil le bithéagsúlacht, athrú aeráide agus gnéithe comhshaoil eile. Féadfaidh athrú aeráide tionchar a imirt ar theacht chun cinn galar nua, leitheadúlacht galar atá ann cheana agus dáileadh geografach oibreán agus veicteoirí galar, lena n‑áirítear na cinn a dhéanann difear don fhiadhúlra.

(4)       Le hardchaighdeáin sláinte ainmhithe agus sláinte poiblí a áirithiú san Aontas, forbairt réasúnta na n‑earnálacha talmhaíochta agus dobharshaothraithe agus chun táirgiúlacht a mhéadú, ba cheart rialacha i dáil le sláinte ainmhithe a leagan síos ar leibhéal an Aontais. Tá gá leis na rialacha sin, inter alia, le rannchuidiú le comhlánú an mhargaidh inmheánaigh, agus le leathadh galar infhabhtaíoch a sheachaint.

(5)       Is éard atá i reachtaíocht reatha an Aontais maidir le sláinte ainmhithe sraith bunghníomhartha nasctha idirghaolmhara ina leagtar síos rialacha maidir le sláinte ainmhithe a bhfuil feidhm acu maidir le trádáil laistigh den Aontas, teacht isteach ainmhithe agus táirgí san Aontas, díothú galar, rialuithe tréidliachta, fógra a thabhairt i leith galar agus tacaíocht airgeadais i ndáil le speicis éagsúla ainmhithe, ach tá creat dlíthiúil uileghabhálach lena dtabharfaí prionsabail chomhchuibhithe ar fud na hearnála de dhíth.

(6)       I Straitéis an Aontais um Shláinte Ainmhithe (2007-2013) moltar 'gur fearr cosc ná leigheas’ agus ghlac an Coimisiún é dTeachtaireacht uaidh an 19 Meán Fómhair 2007 chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún[11]. Is é is aidhm leis díriú níos mó ar bhearta coisctheacha, faireachas ar ghalair, rialú galar agus taighde orthu, le ráta tarlaithe galar ainmhithe a laghdú agus le tionchar na ráigeanna a íoslaghdú nuair a tharlaíonn siad. Moltar leis ‘creat rialúcháin aonair simplithe do shláinte ainmhithe’ a ghlacadh lena n‑iarrtar comhfhogasú le caighdeáin idirnáisiúnta a bhaint amach agus tiomantas docht i ndáil le hardchaighdeáin sláinte ainmhithe á áirithiú ag an am céanna.

(7)       Is é aidhm an Rialacháin seo na gealltanais agus na físeanna dá bhforáiltear sa Straitéis sin um Shláinte Ainmhithe, lena n‑áirítear prionsabal ‘na Sláinte aonair’ a chur chun feidhme, agus an creat dlíthiúil le haghaidh comhbheartais sláinte ainmhithe don AE a chomhdhlúthú, trí bhíthin creat rialúcháin solúbtha simplithe aonair do shláinte ainmhithe.

(8)       Féadfar raon leathan galar ionfhabhtaíoch nó neamh‑ionfhabhtaíoch a bheith ar ainmhithe. Is féidir roinnt mhaith galar a chóireáil, agus ní bheidh tionchar acu ach ar an ainmhí aonair lena mbaineann ná ní leathfaidh siad go hainmhithe nó daoine eile. Ar an taobh eile, féadfaidh galair in‑tarchurtha tionchar níos leithne a bheith acu ar shláinte ainmhithe nó ar shláinte phoiblí agus braithfear na héifeachtaí i measc an phobail. Ba cheart na rialacha maidir le sláinte ainmhithe atá leagtha síos sa Rialachán seo a theorannú do na galair sin is deireanaí a luaitear.

(9)       Agus na rialacha sin maidir le sláinte ainmhithe á leagan síos tá sé fíor‑riachtanach go gcuirfear an nasc idir sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí, an comhshaol, sábháilteacht bia agus beatha, leas ainmhithe, slándáil bia agus gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha san áireamh.

(10)     Rinne Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, i dtaca le hábhair laistigh dá inniúlacht, na gcomhaontuithe ar thángthas orthu i mBabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhach (1986-1994)[12], an Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) a fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh mar a bhí, i ndáil leis an gcion sin de na hábhair a thagann faoina inniúlacht, mar aon leis na Comhaontuithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn 1, Iarscríbhinn 2 agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú sin lena n‑áirítear an Comhaontú maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta a chur i bhfeidhm (Comhaontú SPS). Leis an gComhaontú SPS rialáiltear úsáid na mbeart is gá chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint ionas ach ndéanfar idirdhealú go treallach nó gan bonn údair idir comhaltaí an EDT. Má tá caighdeáin ann, ceanglaítear iad a úsáid mar bhonn. Mar sin féin, tá sé de cheart ag na comhaltaí a gcaighdeáin ábhartha féin a leagan amach ar an gcoinníoll go mbeidh na caighdeáin sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch.

(11)     Maidir le sláinte ainmhithe tagraíonn Comhaontú SPS do chaighdeáin na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) i ndáil le coinníollacha do shláinte ainmhithe do thrádáil idirnáisiúnta. Leis an riosca go gcuirfí isteach ar thrádáil a laghdú, ba cheart díriú ar leibhéal iomchuí cóineasaithe le caighdeáin an OIE i mbearta an AE maidir le sláinte ainmhithe.

(12)     In imthosca ar leith i gcás ina bhfuil riosca suntasach do shláinte ainmhithe nó do shláinte phoiblí ach go bhfuil éiginnteacht eolaíoch ann i gcónaí, le hAirteagal 5(7) de Chomhaontú SPS a ndearnadh forléiriú air sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2000 maidir leis an bprionsabal réamhchúramach[13], ceadaítear do chomhalta an chomhaontaithe sin bearta sealadacha a ghlacadh ar bhonn na fáisnéis ábhartha atá ar fáil. Sna himthosca sin, ceanglaítear ar chomhalta an EDT an fhaisnéis bhreise a fháil le haghaidh measúnú níos oibiachtúla ar an riosca agus an beart a athbhreithniú dá réir laistigh de thréimhse réasúnta.

(13)     Ba cheart an measúnú riosca, a nglactar na bearta faoin Rialachán seo ar a bhonn, a bheith bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil agus ba cheart tabhairt faoi ar bhealach neamhspleách, oibiachtúil agus trédhearcach. Ba cheart a chur san áireamh go cuí freisin tuairimí an Udaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bhia a bunaíodh le hAirteagal 22(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia[14].

(14)     I Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe)[15] leagtar síos rialacha maidir le sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí araon do sheachtháirgí agus táirgí díorthaithe áirithe ainmhithe chun rioscaí do shláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí a thagann as na táirgí sin a íoslaghdú, agus go háirithe chun sábháilteacht an bhiashlabhra agus an bheathashlabhra a chosaint. Le haon fhorluí le reachtaíocht an Aontais a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seachtháirgí agus táirgí díorthaithe ainmhithe agus iadsan amháin i gcás nach bhfuil rialacha sonracha leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, agus i gcás lena mbaineann riosca do shláinte ainmhithe. Mar shampla, i Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ní rialáiltear conas seachtháirgí ná táirgí díorthaithe ainmhithe a láimhseáil i gcomhthéacs beart rialaithe galar, agus mar sin tá na saincheisteanna sin cumhdaithe go cuí sa Rialachán seo.

(15)     Sa bhreis air sin, tá rialacha sonracha maidir le galair in‑tarchurtha ainmhithe lena n‑áirítear galair is in‑tarchurtha chuig daoine (‘zónóisí’) leagtha síos cheana i Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha[16] in‑tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú, Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faireachán ar zónóisí agus ar oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 92/117/CEE[17] agus Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le rialú salmonella agus oibreáin zónóiseacha bia‑iompartha sonraithe eile[18], agus rialacha mionsonraithe maidir le galair theagmhálacha sa duine i gCinneadh Uimh. 2119/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear líonra d’fhaireachas eipidéimeolaíoch agus rialú galar teagmhálach sa Chomhphobal[19] ; ba cheart go bhfanfadh na gníomhartha sin i bhfeidhm tar éis an Rialachán seo a ghlacadh. Dá réir sin, chun aon fhorluí le reachtaíocht an Aontais a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le zónóisí ach amháin sa mhéid is nach bhfuil rialacha sonracha leagtha síos cheana sna gníomhartha Aontais eile.

(16)     Féadfaidh galair atá ar dhaonraí ainmhithe fiáine tionchar díobhálach a imirt ar earnálacha na talmhaíochta agus an dobharshaothraithe, ar shláinte phoiblí, ar an gcomhshaol agus ar bhithéagsúlacht. Is iomchuí, dá bhrí sin, go gcumhdófar le raon feidhme an Rialacháin seo, sna cásanna sin, ainmhithe fiáine, mar íospartaigh ionchasacha na ngalar sin agus mar veicteoirí na ngalar sin chomh maith.

(17)     Ní tharchuirtear galair ainmhithe trí theagmháil dhíreach amháin idir ainmhithe nó idir ainmhithe agus daoine Iompraítear iad níos faide ó bhaile freisin trí chórais uisce agus aeir, veicteoirí amhail feithidí, nó seamhan, ubháin agus suthanna a úsáidtear in inseamhnú saorga, deonú ubháin nó aistriú sutha. Féadfar oibreáin ghalair a bheith i mbia agus i dtáirgí eile de bhunadh ainmhíoch freisin amhail leathar, fionnadh, cleití, adharc agus aon ábhar eile arna ndíorthú ó chorp ainmhí. De bhreis air sin féadfar oibreáin ghalair a scaipeadh trí rudaí eile amhail feithiclí iompair, trealamh, farae agus féar tirim agus tuí. Dá bhrí sin, ní mór gach conair ionfhabhtaithe agus an t‑ábhar lena mbaineann a chumhdach i rialacha éifeachtacha maidir le sláinte ainmhithe.

(18)     Féadfaidh galair ainmhithe éifeachtaí díobhálacha a bheith acu ar dháileadh speiceas ainmhithe san fhiántas, agus difear a dhéanamh don bhithéagsúlacht ar an gcaoi sin. Is féidir le miocrorgánaigh is cúis le galair ainmhithe teacht faoin sainmhíniú ar speiceas coimhthíoch ionrach de chuid Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch. Leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ba cheart bithéagsúlacht a chur san áireamh freisin agus ar an gcaoi sin ba cheart don Rialachán speicis ainmhithe agus oibreáin ghalair a chumhdach, lena n‑áirítear iad siúd a shainmhínítear mar speicis ainmhithe choimhthíoch ionracha, a imríonn ról i dtarchur galar arna gcumhdach sa Rialachán seo nó a ndéanann na galair sin difear dóibh.

(19)     I reachtaíocht an Aontais a glacadh roimh an Rialachán seo tá rialacha ar leith maidir le sláinte ainmhithe leagtha síos d'ainmhithe talún agus uisceacha. I dTreoir 2006/88/CE ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 i dtaca le ceanglais maidir le sláinte ainmhithe d’ainmhithe uisceacha agus táirgí uathu, agus maidir le cosc agus rialú galar áirithe in ainmhithe uisceacha[20], leagtar síos rialacha sonracha maidir le hainmhithe uisceacha. Mar sin féin, i bhformhór na gcásanna tá na príomhphrionsabail do rialáil mhaith sláinte ainmhithe infheidhme maidir leis an dá ghrúpa speiceas ainmhithe. Dá réir sin, cumhdaíonn raon feidhme an Rialacháin seo ainmhithe talún agus uisceacha araon agus déantar ailíniú ar na rialacha sláinte ainmhithe sin ann nuair is infheidhme. Mar sin féin, i gcás gnéithe ar leith, go háirithe clárú agus formheas bunaíochtaí agus inrianaitheacht agus gluaiseachtaí ainmhithe laistigh den Aontas, cloíonn an Rialachán seo leis an gcur chuige a glacadh san am atá thart, eadhon sraitheanna difriúla rialacha a leagan síos maidir le hainmhithe talún agus uisceacha i ngeall ar a dtimpeallachtaí difriúla agus dá réir sin a riachtanais dhifriúla maidir le cosaint sláinte.

(20)     I reachtaíocht an Aontais a glacadh roimh an Rialachán seo agus go háirithe i dTreoir 92/65/CEE ón gComhairle an 13 Iúil 1992 lena leagtar síos ceanglais maidir le sláinte ainmhithe lena rialaítear trádáil agus allmhairithe isteach sa Chomhphobal d'ainmhithe, seamhan, ubháin agus suthanna nach bhfuil faoi réir na gceanglas maidir le sláinte ainmhithe atá leagtha síos i rialacha sonracha Comhphobail dá dtagraítear in Iarscríbhinn A (I) a ghabhann le Treoir 90/425/CEE[21], leagtar síos freisin rialacha bunúsacha maidir le sláinte ainmhithe do speicis eile ainmhithe nach rialáiltear i ngníomhartha eile de chuid an Aontais, amhail reiptílí, amfaibiaigh, mamaigh farraigh, agus ainmhithe eile nach ainmhithe uisceacha ná talún iad mar atá sainmhínithe sa Rialachán seo. De ghnáth, ní bhaineann riosca suntasach leis na speicis seo do shláinte an duine nó d’ainmhithe eile agus dá bhrí sin níl feidhm ach ag roinnt bheag rialacha, nó riail ar bith, maidir le sláinte ainmhithe. Chun aon ualaí riaracháin agus costais nach gá a sheachaint, ba cheart don Rialachán seo cloí leis an gcur chuige a glacadh san am atá thart, eadhon an creat dlíthiúil a sholáthar le haghaidh rialacha mionsonraithe maidir le sláinte ainmhithe i ndáil le gluaiseachtaí na n‑ainmhithe sin agus a dtáirgí, má cheanglaítear amhlaidh leis na rioscaí lena mbaineann.

(21)     Tá riosca níos ísle don tsláinte ag baint le coinneáil peataí, lena n‑áirítear ainmhithe uisceacha ornáideacha i dteaghlaigh agus in uisceadáin ornáideacha neamhthráchtála, laistigh agus lasmuigh faoin aer, i gcomparáid le bealaí eile le hainmhithe a choimeád nó a aistriú ar scála níos leithne, amhail na bealaí coimeádta nó aistrithe sin a úsáidtear sa talmhaíocht. Dá bhrí sin, ní iomchuí go mbeidh feidhm ag na ceanglais ghinearálta i dtaca le clárú, coimeád taifead agus gluaiseachtaí laistigh den Aontas maidir leis na hainmhithe sin, mar gurbh ionann sin agus ualach riaracháin agus costais nach bhfuil údar maith leo. Níor cheart, dá bhrí sin, go mbeidh feidhm ag ceanglais i dtaca le clárú agus coimeád taifead maidir le daoine a choimeádann peata. Sa bhreis air sin, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí laistigh den Aontas.

(22)     Ní foláir roinnt grúpaí sainmhínithe ainmhithe, a bhfuil rialacha speisialta sláinte ainmhithe ann ina leith sa Rialachán seo, a liostú mar speicis in Iarscríbhinn, i ngeall ar scóip leathan an ghrúpa. Is amhlaidh atá i gcás an ghrúpa mamach a bhfuil crúba acu, a aicmítear mar artadachtalaigh. Féadfar go mbeidh gá an liosta seo a athrú sa todhchaí i ngeall ar chúiseanna tacsanomaíochta, forbartha eolaíche nó uasdátú teicniúil a dtugann an eolaíocht bonn cirt dóibh. Ar an gcuma chéanna, féadfar go mbeidh gá liosta speiceas peataí a choigeartú i ngeall ar fhorbairtí sa tsochaí, nó nósanna athraithe coimeádta peataí, go háirithe i gcás ina dtarchuireann na hainmhithe sin galair. Dá bhrí sin, leis na hathruithe sin a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na liostaí peataí agus crúbach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis Rialachán seo.

(23)     Ní féidir ná níor cheart gach galar in‑tarchurtha ainmhithe a chosc nó a rialú trí bhearta rialúcháin, mar shampla, má tá an galar rófhorleathan, mura bhfuil uirlisí diagnóiseacha ar fáil, nó más féidir leis an earnáil phríobháideach, leis féin, bearta a dhéanamh chun an galar a rialú. Féadfar go mbeidh tionchar tábhachtacha d’earnálacha ábhartha agus go gcuirfear isteach ar thrádáil le bearta rialúcháin chun galair in‑tarchurtha ainmhithe a chosc agus a rialú. Tá sé ríthábhachtach mar sin nach gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm ach amháin nuair is comhréireach agus is gá, amhail nuair atá galar i láthair nó go bhfuiltear in amhras go bhfuil riosca suntasach ann do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí.

(24)     Ina theannta sin, ba cheart na bearta coisctheacha agus rialaithe do gach galar in‑tarchurtha ainmhithe a bheith ‘saincheaptha’ chun díriú ar a phróifíl eipidéimeolaíoch uathúil agus a tionchair. Ba cheart na rialacha coisctheacha agus rialaithe a bhfuil feidhm acu maidir le gach ceann acu a bheith sonrach ó thaobh galair de.

(25)     I gcás galar in‑tarchurtha ainmhithe, baineann coinníoll galair de ghnáth le comharthaí cliniciúla nó paiteolaíocha den ionfhabhtú. Mar sin féin, chun críocha an Rialacháin seo, a bhfuil sé d'aidhm aige leathadh galar in‑tarchurtha áirithe ainmhithe a rialú agus iad a dhíothú, ba cheart an sainmhíniú ar ghalar a bheith níos leithne agus iompróirí eile an oibreáin ghalair a áireamh.

(26)     Ní leathann roinnt galar in‑tarchurtha ainmhithe go héasca go hainmhithe ná go daoine eile agus ar an gcaoi sin ní dhéanann siad dochar eacnamaíoch ná bithéagsúlach ar scála leathan. Mar sin, ní hionann iad agus riosca tromchúiseach do shláinte ainmhithe nó do shláinte phoiblí san Aontas agus is féidir ar an ábhar sin, más inmhianaithe, díriú orthu leis na rialacha náisiúnta.

(27)     I gcás galar in‑tarchurtha ainmhithe nach bhfuil faoi réir beart arna leagan síos ar leibhéal an Aontais, ach a bhfuil tábhacht eacnamaíoch éigin ag baint leo don earnáil phríobháideach ar leibhéal áitiúil, ba cheart don earnáil phríobháideach, le cúnamh ó údaráis inniúla na mBallstát, beart a dhéanamh chun na galair sin a chosc nó a rialú, mar shampla trí bhíthin beart féinrialála nó trí chóid cleachtais a fhorbairt.

(28)     I gcodarsnacht leis na galair in‑tarchurtha ainmhithe atá tuairiscithe in Aithris 26 agus Aithris 27, féadfaidh galair ainmhithe atá iontach in‑tarchurtha leathadh thar teorainneacha agus, más zónóis iad sa bhreis air sin, féadfar tionchar a bheith acu freisin ar shláinte phoiblí agus ar shábháilteacht bia. Ar an ábhar sin ba cheart galair ainmhithe agus zónóisí atá iontach in‑tarchurtha a chumhdach sa Rialachán seo.

(29)     I ngníomhaíocht Uimh. 5 den Teachtaireacht ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle – Plean gníomhaíochta i gcoinne bagairtí ag teacht chun cinn ó Fhrithsheasamh in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh[22] - cuirtear béim ar ról coisctheach an Rialacháin seo agus an laghdú iarmhartach in úsáid frithbheathach in ainmhithe a bhfuiltear ag súil leis. Tá méadú ag teacht ar fhrithsheasamh miocrorgánach do fhrithmhiocróbaigh a raibh siad freagrúil dóibh roimhe seo. I ngeall ar an bhfrithsheasamh sin tá cóireáil galar ionfhabhtaíoch i ndaoine agus in ainmhithe ag éirí casta. Dá thoradh sin, ba cheart déileáil le miocrorgánaigh a bhfuil frithsheasamh in aghaidh frithmhiocróbach forbartha acu amhail is gur galair in‑tarchurtha iad, agus ar an gcaoi sin iad a bheith cumhdaithe faoin Rialachán seo.

(30)     Féadfaidh guaiseanna nua a bhaineann le galair nó speicis áirithe forbairt go háirithe i ngeall ar athruithe ar an gcomhshaol, an aeráid, feirmeoireacht ainmhithe, traidisiúin feirmeoireachta agus de bharr athruithe sóisialta chomh maith. Féadfar eolas nua a fháil agus feasacht a mhéadú i dtaobh galar atá ann cheana mar thoradh ar ascnamh eolaíoch. Ina theannta sin, féadfar go ndéanfar galair agus speicis atá tábhachtach san lá atá inniu ann a imeallú sa todhchaí. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a bheith leathan agus na rialacha arna leagan síos a bheith dírithe ar ghalair a bhfuil ábharthacht phoiblí ard acu. Le tacaíocht an Choimisiúin Eorpaigh, tá córas beartaithe tosaíochta agus catagóirithe galar forbartha ag an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe, tríd an staidéar ‘Liostú agus catagóiriú galar tosaíochta ainmhithe, lena n‑áirítear na galair is in‑tarchurtha go daoine’[23] a sholáthar chomh maith le huirlis don chleachtas sin. Ba cheart an cur chuige sin i leith reachtaíocht an Aontais a thabhairt isteach leis an Rialachán seo.

(31)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo i ndáil le galair in‑tarchurtha ainmhithe ar leibhéal an Aontais, is gá liosta comhchuibhithe galar in‑tarchurtha ainmhithe (‘galair liostaithe’) a bhunú. Ba cheart ar an ábhar sin, cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún leis an liosta sin a leagan síos.

(32)     Féadfaidh galair teacht chun cinn sa todhchaí a d'fhéadfadh a bheith ina rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe agus tionchar acu ar shláinte, ar an ngeilleagar nó ar an gcomhshaol. Tar éis measúnú a dhéanamh ar na galair sin agus tar éis bearta éigeandála sealadacha a ghlacadh, nuair is ábhartha, féadfar go mbeidh gá le freagairt thapa agus na galair sin a chur leis an liosta galar liostaithe. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta práinne a tharmligean chuig an gCoimisiún sna cásanna sin a bhfuil bonn cirt cuí leo de rioscaí do shláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe.

(33)     Beidh gá le cur chuige bainistíochta difriúil i gcás galar liostaithe. I gcás galar an‑tógálach áirithe nach bhfuil san Aontas faoi láthair éilítear bearta diana chun iad a dhíothú a luaithe is a tharlaíonn siad. I gcás galar eile a d’fhéadfadh a bheith ann cheana in áiteanna san Aontas, tá díothú éigeantach nó deonach de dhíth. Sa dá chás, is iomchuí srianta ar ghluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí a chur ar bun, amhail toirmeasc ar ghluaiseachtaí isteach i limistéir atá buailte agus amach astu, nó díreach tástáil a dhéanamh sula seoltar iad. I gcásanna eile d’fhéadfadh sé gurbh iomchuí gan ach faireachas ar dháileadh an ghalair a chur chun feidhme, gan aon bhearta breise a dhéanamh. Is amhlaidh a bheadh, go háirithe, i gcás galair a thagann chun cinn nach bhfuil ach eolas teoranta ar fáil faoi.

(34)     Ba cheart critéir a leagan síos lena áirithiú go gcuirfear gach gné ábhartha san áireamh agus na galair in‑tarchurtha ainmhithe ar cheart iad a liostú chun críocha an Rialacháin seo á gcinneadh agus le hinfheidhmeacht rialacha an Rialacháin seo maidir le cosc agus rialú i leith na ngalar liostaithe éagsúil a chinneadh le leanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú. Chun a áirithiú go gcuirfear ascnamh teicniúil agus eolaíoch agus forbairtí caighdeán idirnáisiúnta ábhartha san áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na leasuithe féideartha ar na critéir sin.

(35)     Maidir le rialacha coisctheacha agus rialaithe an Rialacháin seo i dtaca le galar sonrach in‑tarchurtha ainmhithe, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le speicis ainmhithe ar féidir leo an galar lena mbaineann a tharchur, trí bheith so-ghabhálach ar an ngalar nó trí ghníomhú mar a veicteoir. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, is gá liosta comhchuibhithe speiceas a bhunú ar ceart na bearta sonracha do ghalair shonracha a chur i bhfeidhm ina leith ar leibhéal an Aontais ('speicis liostaithe') agus ar an gcaoi sin ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil leis an liosta sin a leagan síos a thabhairt don Choimisiún.

(36)     Bunaithe ar thábhacht agus ar leibhéal tionchair galair liostaithe, a dháileadh, a leitheadúlacht, a ráta tarlaithe san Aontas agus infhaighteacht beart coisctheach agus rialaithe galar i ndáil leis an ngalar liostaithe sin, ba cheart catagóir dhifriúil rialacha sonracha coisctheacha agus rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go comhleanúnach agus go comhsheasmhach maidir le gach galar liostaithe.

(37)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo i ndáil le bearta coisctheacha agus rialaithe galar is infheidhme maidir le galair liostaithe, is gá cur i bhfeidhm na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chinneadh i ndáil le galair liostaithe ar leibhéal an Aontais Ar an gcaoi sin, ba cheart cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún na galair liostaithe sin atá le bheith faoi réir rialacha áirithe a leagan síos.

(38)     Is iad oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí a bhíonn ag obair le hainmhithe is fearr atá in ann sláinte ainmhithe agus táirgí faoina gcúram a bhreithniú agus a áirithiú. Dá bhrí sin, is orthusan is ceart an príomhchúram a chur maidir le bearta a chur i gcrích le leathadh galar i measc ainmhithe agus táirgí atá faoina gcúram a chosc agus a rialú.

(39)     Tá an bhithshlándáil ar ceann de na príomhuirlisí coisctheacha atá ar fáil d’oibreoirí, agus do dhaoine eile atá ag obair le hainmhithe chun tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar in‑tarchurtha ainmhithe go dtí an daonra ainmhithe a chosc mar aon lena leathadh ar aghaidh ón daonra sin agus laistigh de. Aithnítear ról na bithshlándála sa Mheasúnú Tionchair freisin le haghaidh glacadh dhlí an bhia de chuid an AE agus déantar measúnú sonrach ar an tionchar a d'fhéadfadh bheith aici. Chun a áirithiú go mbeidh bearta bithshlándála arna gcur i bhfeidhm ag oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí solúbtha go leor, go gcoigeartófar iad chun oiriúnú don chineál táirgthe agus do na speicis nó na catagóirí ainmhithe lena mbaineann agus go gcuirfidh siad san áireamh na himthosca áitiúla agus na forbairtí teicniúla, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le ceanglais bhithshlándála fhorlíontacha atá níos mionsonraithe.

(40)     Tá ról tábhachtach ag táirgí bithicíde, amhail díghalráin, do shláinteachas tréidliachta nó réimsí bia agus beatha, dífheithidí, éarthaigh nó creimircídí i straitéisí bithshlándála, ar leibhéal feirme agus le linn iompair ainmhithe araon. Ba cheart breathnú orthu mar chuid den bhithshlándáil, dá bhrí sin.

(41)     Tá eolas faoi shláinte ainmhithe, lena n‑áirítear comharthaí sóirt galar, iarmhairtí galar agus modhanna féideartha lena gcosc, lena n‑áirítear bithshlándáil, cóireáil agus rialú, ina réamhriachtanais le sláinte ainmhithe a bhainistiú go héifeachtúil agus tá sé fíor‑riachtanach chun galair ainmhithe a bhrath go luath. Ba cheart d’oibreoirí agus gairmithe eile ainmhithe, dá bhrí sin, an t‑eolas sin a fháil de réir mar is iomchuí. Féadfar an t‑eolas sin a fháil trí mhodhanna éagsúla, mar shampla oideachas foirmiúil, ach tríd an gCóras Comhairleach Feirme fosta atá ann in earnáil na talmhaíochta nó trí oiliúint neamhfhoirmiúil ar féidir le heagraíochtaí feirmeoirí náisiúnta agus Eorpacha rannchuidiú go suntasach leo. Ba cheart aitheantas a thabhairt sa Rialachán seo do na modhanna malartacha sin le heolas a fháil.

(42)     Tá ról fíor-riachtanach ag tréidlianna agus ag gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha i ngach gné de bhainistíocht sláinte ainmhithe, agus ba cheart rialacha ginearálta maidir lena róil agus a gcúraimí a leagan síos sa Rialachán seo.

(43)     Tá an t‑oideachas agus na cáilíochtaí gairmiúla ag tréidlianna lena n‑áirithiú go bhfuil an t‑eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá acu, inter alia, le galair a dhiagnóisiú agus le cóireáil a chur ar ainmhithe. Sa bhreis air sin, i mBallstáit áirithe, ar chúiseanna stairiúla nó de dheasca easnaimh tréidlianna a dhéileálann le galair uisceacha, tá gairm speisialaithe ann dá ngairtear ‘gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha’. Ní tréidlianna iad na gairmithe seo go traidisiúnta ach cleachtann siad leigheas ainmhithe uisceacha. Ba cheart a urramú sa Rialachán seo, cinneadh na mBallstát sin a aithníonn an ghairm sin agus ba cheart na cúraimí agus na hoibleagáidí céanna agus atá ar thréidlianna, a bheith ar ghairmithe sláinte ainmhithe uisceacha, maidir lena réimse sonrach oibre. Tá an cur chuige seo ag luí le Cód um Shláinte Ainmhithe Uisceacha na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe.

(44)     Chun a áirithiú go mbeidh tréidlianna agus gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha a thugann faoi ghníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo cáilithe go leor agus go bhfaighidh siad oiliúint iomchuí, ba ceart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil lena gcáiliú agus a n‑oiliúint.

(45)     Is iad na Ballstáit agus go háirithe a gcuid údarás inniúil atá freagrach as sláinte ainmhithe na príomhghníomhaithe i gcosc agus rialú galar in‑tarchurtha ainmhithe. Tá ról tábhachtach ag an údarás inniúil um shláinte ainmhithe i ndáil le faireachas, díothú, bearta rialaithe galar, pleanáil theagmhasach, múscailt feasachta i dtaobh galar, agus in éascú gluaiseachtaí ainmhithe agus sa trádáil idirnáisiúnta trí dheimhnithe sláinte ainmhithe a eisiúint. Le bheith ábalta a gcuid dualgas a fheidhmiú faoin Rialachán seo, beidh na Ballstáit ag brath ar rochtain a bheith acu ar acmhainní leordhóthanacha airgeadais, bonneagair agus pearsanta ar fud a gcríoch, lena n‑áirítear toilleadh saotharlainne agus saineolas eolaíoch agus eile ábhartha.

(46)     I ngeall ar na hacmhainní teoranta, ní féidir leis an údarás inniúil na gníomhaíochtaí uile a cheanglaítear air a dhéanamh faoin Rialachán seo a fheidhmiú i gcónaí. Ar an ábhar sin, ní mór bunús dlí a sholáthar le feidhmiú na ngníomhaíochtaí sin a tharmligean chuig tréidlianna. Chun a áirithiú go leagfar síos na coinníollacha is gá do chur i bhfeidhm ginearálta beart coisctheacha agus rialaithe galar ar fud an Aontais, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le tarmligean fheidhmiú na ngníomhaíochtaí sin chuig tréidlianna agus a n‑oiliúint iomchuí.

(47)     Ní féidir bainistíocht sláinte ainmhithe barrfheabhsaithe a bhaint amach ach amháin i gcomhar le coimeádaithe ainmhithe, oibreoirí, páirtithe leasmhara eile agus comhpháirtithe trádála. Lena dtacaíocht a áirithiú is gá nósanna imeachta cinnteoireachta agus cur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo a eagrú ar bhealach soiléir agus trédhearcach. Dá bhrí sin, ba cheart don údarás inniúil na bearta iomchuí a dhéanamh leis an bpobal a choimeád ar an eolas, go háirithe nuair atá foras réasúnach ann le bheith in amhras faoi riosca a bheith ag baint le hainmhithe nó táirgí do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí agus nuair is chun leas an phobail cás ar leith.

(48)     Le scaoileadh oibreán galar ó shaotharlanna, institiúidí agus saoráidí eile a láimhseálann oibreáin ghalar a sheachaint, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaidh siad bearta iomchuí bithshlándála, bithshábháilteachta agus bithshrianta. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le bearta sábháilteachta atá le comhlíonadh agus na hoibreáin ghalar sin, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile á láimhseáil nó á n‑iompar. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le haon duine dlítheanach nó nádúrtha atá bainteach leis an ngníomhaíocht sin. Chun a áirithiú go n‑urramófar caighdeáin sábháilteachta agus oibreáin ghalar atá an‑tógálach, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile á láimhseáil, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le bearta sábháilteachta sna saotharlanna, institiúidí agus saoráidí sin agus gluaiseachtaí oibreán galar.

(49)     Tá sé fíor‑riachtanach luathbhrath agus slabhra soiléir um fhógra a thabhairt agus um thuairisciú a bheith ar bun le rialú éifeachtach a dhéanamh ar ghalair. Chun freagairt éifeachtúil agus thapa a bhaint amach ba cheart aon amhras nó dearbhú i leith ráige de ghalair áirithe liostaithe a fhógairt láithreach don údarás inniúil. Ba cheart na hoibleagáidí sin i ndáil le fógra a thabhairt a bheith infheidhme maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach lena n‑áirithiú nach dtarlóidh aon ráig galair gan é a thabhairt faoi deara.

(50)     Is príomhghníomhaithe iad tréidlianna in imscrúdú galar agus is príomhnasc iad idir oibreoirí agus an t‑údarás inniúil. Dá bhrí sin, ba cheart don oibreoir fógra a thabhairt dóibh i gcásanna mortlaíochtaí neamhghnácha, fadhbanna tromchúiseacha galar eile nó rátaí táirgthe atá laghdaithe go suntasach a bhfuil cúis neamhchinntithe leo.

(51)     Chun a áirithiú go dtabharfar fógra éifeachtach agus éifeachtúil agus chun imthosca éagsúla a bhaineann le mortlaíochtaí neamhghnácha agus airíonna eile galar tromchúiseach a shoiléiriú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le critéir lena chinneadh cad iad na himthosca atá ábhartha chun an fógra a thabhairt agus na rialacha maidir le himscrúdú breise, nuair atá an méid sin ábhartha.

(52)     I gcás galar liostaithe áirithe tá sé fíor-riachtanach go dtabharfar fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na galair. Leis an bhfógra sin a thabhairt don Aontas beidh na Ballstáit chomharsanachta nó Ballstáit eile a ndéantar difear dóibh, in ann bearta réamhchúramacha a dhéanamh nuair a dhlítear amhlaidh. Le coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an fhógra sin don Aontas a áirithiú, tabharfar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún.

(53)     Ar an taobh eile, ní gá fógra agus gníomhaíocht láithreach i gcás galar áirithe. Sna cásanna sin tá bailiú faisnéise agus tuairisciú i ndáil le teagmhais na ngalar sin fíor‑riachtanach le staid an ghalair a rialú agus le bearta coisctheacha agus rialaithe galar a dhéanamh. Féadfar go mbeidh feidhm ag an gceanglas tuairiscithe seo maidir le galair atá faoi réir fógra a thabhairt don Aontas ach go mbeidh gá le faisnéis bhreise le haghaidh cur chun feidhme beart éifeachtach coisctheach agus rialaithe galar. Chun a áirithiú go mbaileofar an fhaisnéis cheart agus na sonraí cearta, a bhfuil gá leo chun leathadh gach galair ar leith a rialú nó a chosc, sa chreat ama ceart, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na hábhair atá le tuairisciú.

(54)     Ar na príomhchuspóirí a bhaineann le fógra a thabhairt i leith galair agus tuairisciú air, tá giniúint sonraí eipidéimeolaíocha atá iontaofa, trédhearcach agus inrochtana. Ba cheart córas faisnéise ríomhairithe do bhailiú agus bainistiú éifeachtach sonraí faireachais a bhunú ar leibhéal an Aontais do ghalair liostaithe agus, nuair is ábhartha, do ghalair atá ag teacht chun cinn nó pataiginí atá frithsheasmhach in aghaidh frithmhiocróbach. Ba cheart infhaighteacht sonraí barrmhaithe a chur chun cinn leis an gcóras sin, éascú malartaithe sonraí, agus laghdú an ualaigh riaracháin d’údaráis inniúla na mBallstát trí fhógra i leith galair a thabhairt agus tuairisciú orthu laistigh den Aontas agus ar leibhéal idirnáisiúnta a chumasc in aon phróiseas amháin (is ionann sin agus bunachar sonraí WAHIS/WAHID de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe). Ba cheart comhsheasmhacht leis an malartú faisnéise i gcomhréir le Treoir 2003/99/CE[24] a áirithiú.

(55)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na rialacha maidir le fógra a thabhairt i leith galar san Aontas agus na rialacha maidir le tuairisciú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún liosta galar a bhunú atá faoi réir rialacha maidir le fógra a thabhairt don Aontas agus maidir le tuairisciú don Aontas dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus leis na nósanna imeachta, formáidí, sonraí agus malartuithe faisnéise is gá a bhunú i dtaca le fógra a thabhairt i leith galar agus i dtaca le tuairisciú.

(56)     Is príomhghné de chuid beartais rialaithe galar é an faireachas. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le luathbhrath galar in‑tarchurtha ainmhithe agus fógra éifeachtúil a thabhairt ina leith, ar an gcaoi sin ag cur ar chumas na hearnála agus an údaráis inniúil, le bearta coisctheacha agus rialaithe galar tráthúla a chur chun feidhme, nuair is indéanta, agus le galar a dhíothú. Ina theannta sin, ba cheart dó faisnéis faoi stádas sláinte ainmhithe gach Ballstáit agus an Aontais a sholáthar, ar an gcaoi sin ag cur le saoirse ó ghalair agus ag éascú trádála le tríú tíortha.

(57)     Breathnaíonn oibreoirí a gcuid ainmhithe ar bhonn rialta agus is iad is fearr is féidir mortlaíochtaí neamhghnácha nó comharthaí sóirt tromchúiseacha galair a bhrath Is iad na hoibreoirí cloch coirnéil aon fhaireachais a dhéantar agus tá siad fíor‑riachtanach don fhaireachas arna ghabháil ar láimh ag an údarás inniúil.

(58)     Le dlúthchomhar agus malartú faisnéise idir oibreoirí agus tréidlianna nó gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha a áirithiú agus leis an bhfaireachas arna ghabháil ar láimh ag oibreoirí a fhorlíonadh, ba cheart do bhunaíochtaí, de réir mar is iomchuí don chineál táirgthe agus fachtóirí ábhartha eile, bheith faoi réir cuairteanna maidir le sláinte ainmhithe. Chun a áirithiú go mbeidh leibhéal faireachais comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis i gcineálacha éagsúla bunaíochtaí, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le critéir agus ábhar na gcuairteanna sin i dtaca le sláinte ainmhithe i gcineálacha éagsúla bunaíochtaí.

(59)     Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh córas faireachais curtha ar bun ag an údarás inniúil i gcás na ngalar liostaithe atá faoi réir faireachais. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin maidir le galair atá ag teacht chun cinn freisin, i gcás inar cheart rioscaí féideartha an ghalair sin a mheasúnú agus sonraí eipidéimeolaíocha a bhailiú le haghaidh an mheasúnaithe sin. Leis an úsáid is fearr acmhainní a áirithiú ba cheart faisnéis a bhailiú, a chomhroinnt agus a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla is féidir.

(60)     Ba cheart modheolaíocht, minicíocht agus déine an fhaireachais a oiriúnú do gach galar ar leith agus aidhm shonrach an fhaireachais, stádas sláinte ainmhithe sa réigiún lena mbaineann agus aon fhaireachas breise arna dhéanamh ag oibreoirí a chur san áireamh.

(61)     I gcásanna áirithe, agus ag brath ar phróifíl eipidéimeolaíoch galair agus fachtóirí riosca ábhartha, féadfar gur gá clár struchtúrtha faireachais a chur ar bun. Sa chás sin is iomchuí do na Ballstáit cláir a bhfuil bunús eipidéimeolaíoch leo a fhorbairt. Ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le struchtúr faireachais, na critéir do dhearbhú oifigiúil ráigeanna agus sainmhínithe na ngalar sin agus na ceanglais le haghaidh clár faireachais i ndáil lena n‑ábhair, faisnéis atá le háireamh iontu agus an tréimhse ina gcuirfear i bhfeidhm iad.

(62)     Le comhordú idir na Ballstáit a chur chun cinn agus lena áirithiú go mbeidh na cláir faireachais sin comhsheasmhach le cuspóirí an Aontais, ba cheart iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus Ballstát eile chun iad a chur ar an eolas. Ina theannta sin, ba cheart don Bhallstát atá ag cur an chláir faireachais chun feidhme tuarascálacha rialta ar thorthaí an chláir faireachais sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na gclár faireachais, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún liosta galar atá faoi réir clár faireachais a bhunú agus nósanna imeachta, formáidí, malartú sonraí agus faisnéise comhchuibhithe a chur ar bun.

(63)     Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit nach bhfuil saor nó nach aitheanta iad a bheith saor ó ghalair liostaithe atá faoi réir beart díothaithe éigeantaigh dá bhforáiltear sa Rialachán seo, cláir éigeantacha díothaithe a bhunú leis na galair sin a dhíothú i gcás ina bhfuil díothú éigeantach san Aontas nó ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit sin cláir dheonacha díothaithe a bhunú leis na galair sin a dhíothú i gcás ina bhfuil an díothú beartaithe ag an Aontas ach nach bhfuil sé éigeantach. Le coinníollacha aonfhoirmeacha do chur i bhfeidhm ginearálta ar fud an Aontais a áirithiú, is gá ceanglais chomhchuibhithe a leagan síos do na cláir dhíothaithe éigeantacha nó deonacha sin. Chun díothú éifeachtach galar a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le cuspóirí na straitéisí rialaithe galar, bearta rialaithe galar faoi na cláir dhíothaithe éigeantacha nó dheonacha agus faoi cheanglais na gclár sin.

(64)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme na gclár díothaithe galar a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún nósanna imeachta a leagan síos maidir le tíolacadh na gclár, na dtáscairí feidhmíochta agus an tuairiscithe sin.

(65)     Ina theannta sin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit a gcríocha iomlána, criosanna nó deighleoga díobh a dhearbhú bheith saor ó cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe atá faoi réir rialacha maidir le cláir díothaithe éigeantacha nó dheonacha, chun cosaint a thabhairt i gcoinne na ngalar sin teacht isteach ó áiteanna eile san Aontas nó ó thríú tíortha nó tríú críocha. Ba cheart nós imeachta comhchuibhithe soiléir, lena n‑áirítear na critéir is gá do stádas saor ó ghalar, a bhunú chun na críche sin. Le coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an aitheantais ar stádas saor ó ghalair laistigh den Aontas, is gá an stádas saor ó ghalair sin a fhormheas go hoifigiúil agus ar an gcaoi sin ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún lena leithéid de stádas a fhormheas.

(66)     Rinne an OIE coincheap na roinnte i ndeighleoga a thabhairt isteach i gcreat na gCód um Shláinte Ainmhithe Talún agus Uisceacha (Cóid an OIE). I reachtaíocht an Aontais roimh an Rialachán seo, ní aithnítear an coincheap sin ach amháin do speicis agus galair áirithe ainmhithe, atá sonraithe sa reachtaíocht shonrach de chuid an Aontais sin, eadhon i gcás fliú éanúil agus galar ainmhithe uisceacha. Ba cheart a bhunú sa Rialachán seo go bhféadfaí an córas roinnte i ndeighleoga a úsáid do speicis agus galair eile ainmhithe. Chun na coinníollacha mionsonraithe a leagan síos maidir le haithint rialacha maidir le formheas agus na ceanglais a bhaineann le deighleoga, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún.

(67)     Ba cheart do na Ballstáit a gcríocha, criosanna agus deighleoga atá saor ó ghalair a phoibliú chun críche comhpháirtithe trádála a chur ar an eolas agus trádáil a éascú.

(68)     Chun na coinníollacha mionsonraithe a leagan síos maidir le haitheantas a thabhairt do stádas saor ó ghalair, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na critéir maidir leis an stádas sin a fháil, an fhianaise is gá chun bunús a thabhairt le saoirse ó ghalair, bearta coisctheacha agus rialaithe galar ar leith srianta, faisnéis atá le soláthar, maoluithe agus coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a chothabháil, a fhionraí, a aistarraingt nó a thabhairt ar ais.

(69)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na nósanna imeachta chun stádas saor ó ghalair a fháil, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún na galair liostaithe a shuíomh a d’fhéadfadh bheith faoi réir roinnte ina ndeighleoga agus rialacha mionsonraithe a leagan síos i dtaca le formáidí d'iarratais a chur isteach, agus i dtaca le malartú faisnéise.

(70)     I ngeall ar dhaonra ainmhithe atá go hiomlán neamh‑imdhíonach a bheith ann, iad so‑ghabhálach ar ghalair liostaithe áirithe, ní foláir bheith feasach ar ghalair agus bheith ullamh dóibh i gcónaí. Tá teist mhaith ar phleananna teagmhais mar uirlis rí-thábhachtach le haghaidh rialú rathúil éigeandálaí galair san am atá thart. Chun an uirlis éifeachtach agus éifeachtúil seo do rialú staideanna éigeandála a áirithiú, ar uirlis sholúbtha í chun oiriúnú do na staideanna éigeandála, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le ceanglais agus coinníollacha mionsonraithe do phleananna teagmhais.

(71)     Is léir ó éigeandálaí sláinte ainmhithe san am atá thart na tairbhí a bhaineann le nósanna imeachta bainistíochta atá sonrach, mionsonraithe agus tapa le haghaidh éigeandálaí galair. Ba cheart a áirithiú leis na nósanna imeachta eagraíochtúla sin go mbeidh freagairt thapa agus éifeachtach agus feabhas ar comhordú iarrachtaí na bpáirtithe uile a bhfuil baint acu leo, agus go háirithe na húdaráis inniúla agus na páirtithe leasmhara.

(72)     Le hinfheidhmeacht na bpleananna teagmhais i staideanna éigeandála réadacha a áirithiú, tá sé fíor‑riachtanach na córais a thástáil agus a chleachtadh féachaint an bhfuil siad ag obair. Chun na críche sin, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát freachnaimh ionsamhlúcháin a dhéanamh, i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát comharsanachta agus tríú tíortha agus tríú críocha, nuair is indéanta agus is ábhartha.

(73)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun na pleananna teagmhais agus na freachnaimh ionsamhlúcháin a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme praiticiúil na bpleananna agus na bhfreachnamh sin.

(74)     Tá ról tábhachtach ag táirgí íocshláinte tréidliachta amhail vacsaíní, séirim hipir‑imdhíonacha agus frithmhiocróbaigh i gcosc agus rialú galar in‑tarchurtha ainmhithe. Sa mheasúnú tionchair le haghaidh glacadh Dhlí an AE i ndáil le Sláinte Ainmhithe leagtar béim go háirithe ar thábhacht vacsaíní mar uirlis chun galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú.

(75)     Mar sin féin, le straitéisí rialaithe do ghalair in‑tarchurtha áirithe ainmhithe, ceanglaítear toirmeasc nó srianadh ar úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe, toisc go gcuirfeadh a n‑úsáid bac ar éifeachtacht na straitéisí sin. Mar shampla, a bhuí do shéirim hipir-imdhíonacha nó oibreáin fhrithmhiocróbacha féadfar léiriú airíonna galair a cheilt, féadfar nach féidir oibreán galair a bhrath nó gur deacair diagnóis thapa agus dhifreálach a dhéanamh agus ar an gcaoi sin brath ceart galair a chur i mbaol.

(76)     Mar sin féin, féadfaidh éagsúlachtaí substainteacha a bheith idir na straitéisí rialaithe idir galair liostaithe éagsúla. Ar an gcaoi sin ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le rialacha i dtaca le táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid chun galair liostaithe a chosc agus a rialú agus le haghaidh critéar comhchuibhithe le cur san áireamh nuair atáthar ag cinneadh cibé acu vacsaíní, séirim hipir‑imdhíonacha agus frithmhiocróbaigh a úsáid nó gan iad a úsáid agus conas iad a úsáid. Chun cur chuige solúbtha a áirithiú agus chun díriú ar shainiúlachtaí na ngalar liostaithe éagsúil agus infhaighteacht na gcóireálacha éifeachtacha, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le srianta, toirmisc nó oibleagáidí táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid faoi chuimsiú galar áirithe ainmhithe a rialú. I gcás práinne agus chun díriú ar rioscaí atá ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh impleachtaí millteacha bheith acu do shláinte phoiblí nó sláinte an duine, an geilleagar, an tsochaí nó an comhshaol, ba cheart go bhféadfaí na bearta sin a ghlacadh tríd an nós imeachta práinne.

(77)     Ag éirí as na gconclúidí sa tuairim shaineolach ar vacsaíní agus/nó bancanna diagnóiseacha do phríomhghalair ainmhithe[25] ba cheart go bhféadfadh an tAontas agus na Ballstáit cúlchistí antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha a bhunú le haghaidh galar liostaithe ar bagairt thromchúiseach iad do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí. Le bunú bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha chuirfí chun cinn cuspóirí an Aontais i dtaca le sláinte ainmhithe trí freagairt thapa agus éifeachtach a chumasú nuair atá gá lena acmhainní agus is úsáid éifeachtúil acmhainní teoranta é.

(78)     Chun an fhreagairt thapa agus éifeachtúil sin a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na bainc sin a bhunú agus a bhainistiú, agus le caighdeáin agus ceanglais shábháilteachta d’oibriú na mbanc sin. Mar sin féin, níor cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le rialacha i dtaca le maoiniú na mbeart chun galair a chosc agus a rialú, lena n‑áirítear vacsaíniú.

(79)     Ba cheart na critéir maidir le rochtain tosaíochta ar acmhainní bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhunú lena ndáileadh éifeachtach in éigeandálaí a áirithiú.

(80)     Ar chúiseanna slándála i ndáil le bithsceimhlitheoireacht agus agraisceimhlitheoireacht, ba cheart déileáil le fáisnéis mhionsonraithe áirithe a bhaineann le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais mar fhaisnéis rúnaicmithe agus ba cheart toirmeasc a chur ar a foilsiú.

(81)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do bhainistíocht bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na táirgí bitheolaíocha atá le háireamh sna bainc sin agus faoi choinne cén ghalair, agus rialacha mionsonraithe i dtaca le soláthar, cainníochtaí, stóráil, seachadadh, ceanglais theicniúla agus nós imeachta vacsaíní, antaiginí agus imoibrithe diagnóiseacha agus minicíocht agus ábhar na faisnéise arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin.

(82)     I gcás ráige de ghalar liostaithe a mheastar mar ardriosca do shláinte ainmhithe nó do shláinte phoiblí san Aontas, is gá bearta rialaithe galar a dhéanamh láithreach chun an galar liostaithe sin a dhíothú chun sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí agus na hearnálacha ábhartha a chosaint.

(83)     Ba cheart an príomhchúram i dtaca le leathadh galar in‑tarchurtha ainmhithe a rialú agus a chosc a bheith ar oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí. Ba cheart dóibh dul i mbun birt láithreach i gcás ina bhfuil amhras nó dearbhú ann i dtaobh galair an‑tógálach a bheith ann.

(84)     Ba cheart é bheith de chúram ar an údarás inniúil tús a chur leis na chéad imscrúduithe chun ráig de ghalar liostaithe an‑tógálach a dhearbhú nó a chur as an áireamh, galar a mheastar mar ardriosca do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí san Aontas.

(85)     Ba cheart don údarás inniúil bearta réamhbhearta rialaithe galair a chur ar bun le leathadh féideartha an ghalair liostaithe a chosc agus ba cheart dóibh tabhairt faoi fhiosrúchán eipidéimeolaíoch.

(86)     A luaithe is a dhearbhófar galar liostaithe ba cheart don údarás inniúil na bearta rialaithe galair is gá a dhéanamh lena n‑áirítear, más gá, bunú criosanna srianta, leis an ngalar sin a dhíothú agus a leathadh a chosc.

(87)     Féadfaidh teagmhas galair liostaithe in ainmhithe fiáine sláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe ar coimeád a chur i mbaol. Ba cheart rialacha ar leith a leagan síos dá bhrí sin, maidir le bearta rialaithe agus díothaithe galar a chur chun feidhme i measc ainmhithe fiáine nuair is gá.

(88)     I gcás galar liostaithe nach bhfuil an‑tógálach agus atá faoi réir díothú éigeantach, ba cheart bearta rialaithe galar a chur chun feidhme le leathadh na ngalar sin a chosc, go háirithe go limistéir nach bhfuil ionfhabhtú i láthair iontu. Mar sin féin, féadfaidh na bearta sin bheith níos teoranta nó éagsúil ó na bearta is infheidhme maidir leis na galair liostaithe is contúirtí. Dá bhrí sin ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le rialacha speisialta do na galair sin. Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil clár díothaithe deonach ar bun acu, na bearta rialaithe galar sin a chur chun feidhme chomh maith. Mar sin féin, ba cheart leibhéal agus déine beart rialaithe galar a bheith comhréireach agus saintréithe an ghalair liostaithe i gceist, a dháileadh agus a thábhacht don Bhallstát lena mbaineann agus don Aontas ina iomláine a chur san áireamh.

(89)     Chun cur i bhfeidhm éifeachtach na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear sa Rialachán seo ag oibreoirí, coimeádaithe peataí agus ag na húdaráis inniúla a áirithiú, agus ag cur san áireamh sainiúlachtaí na mbeart rialaithe galar do ghalair liostaithe áirithe agus na fachtóirí riosca a bhaineann leo, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, i ndáil leis na bearta mionsonraithe rialaithe galar i gcás amhrais nó dearbhú i dtaobh galair liostaithe i mbunaíochtaí, i láithreacha eile agus i gcriosanna srianta.

(90)     Chun foráil a dhéanamh le go bhféadfar bearta speisialta a ghlacadh ar bhonn sealadach i gcás nach leor nó nach iomchuí na bearta rialaithe galar chun díriú ar an riosca, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta speisialta rialaithe galar a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta.

(91)     Tá gá le clárú iompróirí áirithe agus bunaíochtaí áirithe a choimeádann ainmhithe talún nó a láimhseálann nó a iompraíonn táirgí geirmeacha chun gur féidir leis na húdaráis inniúla faireachas leormhaith a dhéanamh agus chun galair in‑tarchurtha ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú.

(92)     I gcás ina gcuireann cineál áirithe bunaíochta, ina gcoimeádtar ainmhithe talún nó ina láimhseáiltear nó ina stóráiltear táirgí geirmeacha, sláinte ainmhithe i mbaol mór, ba cheart é a bheith faoi réir formheasa ag an údarás inniúil.

(93)     Le hualach riaracháin agus costais nach bhfuil bonn cirt leo a sheachaint, go háirithe i gcás fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) ba cheart solúbthacht a thabhairt do na Ballstáit chun an córas riaracháin agus formheasa a oiriúnú do choinníollacha agus do phatrúin táirgthe áitiúla agus réigiúnacha.

(94)     D'fhonn ualaí riaracháin a laghdú, ba cheart, nuair is féidir, clárú agus formheas a bheith chomhtháite isteach i gcóras clárúcháin nó formheasa atá bunaithe cheana ag na Ballstáit chun críoch eile.

(95)     Tá eolas bunaithe ar thaithí ar an láthair ag oibreoirí faoi na hainmhithe atá faoina gcúram. Ba cheart dóibh, dá bhrí sin, taifid faisnéise atá cothrom le dáta a choimeád, taifid atá ábhartha chun stádas sláinte ainmhithe a mheasúnú, le haghaidh inrianaitheachta agus fiosrú eipidéimeolach i gcás galar liostaithe a bheith ann. Ba cheart don údarás inniúil bheith in ann rochtain a fháil ar na taifid sin go héasca.

(96)     Chun a áirithiú go mbeidh faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil don phobal faoi na bunaíochtaí agus na hiompróirí atá cláraithe agus faoi bhunaíochtaí formheasta, ba cheart don údarás inniúil clár a bhunú agus a choimeád de na bunaíochtaí agus na hiompróirí sin. Ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, i ndáil leis an bhfaisnéis atá le bheith i gclár na mbunaíochtaí agus na n‑iompróirí agus na ceanglais maidir le taifid a choimeád, maidir leis an bhfaisnéis atá le taifeadadh, maoluithe ar na ceanglais maidir le taifid a choimeád agus na ceanglais bhreise shonracha maidir le táirgí geirmeacha.

(97)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na gceanglas atá leagtha síos sa Rialachán seo maidir le clárú agus formheas na mbunaíochtaí agus maidir le coimeád na dtaifead agus leis na cláir, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir leis na hoibleagáidí faisnéise, díolúintí agus modúlachtaí eile, formáidí agus sainiúlachtaí oibríochtúla na gclár agus na dtaifead.

(98)     Is príomhghné de chuid beartais rialaithe galar é an inrianaitheacht éifeachtúil. Ba cheart na ceanglais maidir le sainaithint agus clárú is sonrach do na speicis éagsúla ainmhithe talún arna gcoimeád agus maidir le táirgí geirmeacha a bheith curtha ar bun chun cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar dá bhforáiltear sa Rialachán seo a éascú. Sa bhreis air sin, tá sé tábhachtach a fhoráil go bhféadfaí córas sainaitheanta agus clárúcháin a bhunú do na speicis nach bhfuil na socruithe sin ann dóibh faoi láthair, nuair a dhlíonn imthosca atá ag athrú agus rioscaí amhlaidh.

(99)     Chun oibriú rianúil an chórais sainaitheanta agus chlárúcháin a áirithiú agus chun inrianaitheacht a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 290 a tharmligean chuig an gCoimisiún, i ndáil leis na hoibleagáidí maidir le bunachair sonraí, ainmniú an údaráis inniúil, ceanglais mhionsonraithe i dtaca le sainaithint agus clárú speiceas éagsúil ainmhithe agus doiciméad.

(100)   Is iomchuí na hualaí riaracháin agus na costais a laghdú agus foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht an chórais in imthosca inar féidir na ceanglais inrianaitheachta a bhaint amach trí mhodh eile seachas na modhanna atá leagtha amach sa Rialachán seo. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis na maoluithe ar na ceanglais sainaitheanta agus chlárúcháin.

(101)   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an chórais sainaitheanta agus chlárúcháin agus chun inrianaitheacht a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le sainiúlachtaí teicniúla do bhunachair sonraí, modhanna sainaitheanta, doiciméid agus formáidí, na spriocdhátaí, agus critéir do dhíolúintí ar na córais sin.

(102)   Is uirlis thábhachtach chun teacht isteach agus leathadh galair in‑tarchurtha ainmhithe a chosc é srianta a chur i bhfeidhm ar ghluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí a d’fhéadfadh an galar sin a tharchur. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar eacnamaíoch dian mar thoradh ar shrianadh gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí agus go gcuirfí isteach ar an margadh inmheánach. Níor cheart na srianta sin a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás inar gá agus ar bhealach comhréireach leis na rioscaí atá i gceist. Tá an cur chuige seo ag luí leis na prionsabail atá leagtha síos i gComhaontú SPS agus i gcaighdeáin idirnáisiúnta an OIE.

(103)   Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ghinearálta atá leagtha síos sa Rialachán seo maidir le gluaiseachtaí uile ainmhithe, amhail toirmeasc ar ghluaiseacht ainmhithe ó bhunaíocht ina bhfuil mortlaíochtaí neamhghnácha nó comharthaí sóirt eile galair a bhfuil cúis neamhchinntithe leo, nó ceanglais maidir le galar a chosc le linn iompair ainmhithe.

(104)   Sa chreat dlíthiúil, atá leagtha síos faoi láthair i reachtaíocht an Aontais maidir le gluaiseacht ainmhithe talún, leagtar síos rialacha comhchuibhithe le haghaidh gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí talún idir Ballstáit go príomha, agus fágtar faoi na Ballstáit é na ceanglais is gá maidir le gluaiseachtaí laistigh dá gcríoch a chinneadh. Sa mheasúnú tionchar ar Dhlí an AE um Shláinte Ainmhithe leagadh amach go mionsonraithe comparáid idir an staid reatha agus rogha lena gcomhchuibheofaí rialacha maidir le gluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit, ar leibhéal an Aontais. Baineadh de thátal as an méid sin gur cheart an cur chuige reatha a choimeád, toisc go mbeadh comhchuibhiú na ngluaiseachtaí uile an‑chasta agus nach mó na tairbhí i dtéarmaí gluaiseachtaí idir na Ballstáit a éascú ná an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh cumais rialaithe galar.

(105)   I gcás ainmhithe a aistrítear idir na Ballstáit tá feidhm ag sraith buncheanglas maidir le sláinte ainmhithe ina leith. Go háirithe, ní fhéadfar ainmhithe a aistriú ó bhunaíochtaí a bhfuil mortlaíochtaí neamhghnácha nó airíonna galair nach fios céard is cúis leo iontu. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh mortlaíochtaí, fiú más neamhghnách iad, atá nasctha le nósanna imeachta taighde arna n‑údarú faoi Threoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch[26], agus nach de bhunadh ionfhabhtaíoch iad ó thaobh galar liostaithe de, ina gcúis le gluaiseachtaí ainmhithe, atá beartaithe lena n‑úsáid chun críoch eolaíoch, a chosc.

(106)   Mar sin féin, ba cheart sa Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht chun gluaiseachtaí speiceas agus catagóirí ainmhithe talún a éascú, nach mbaineann ach riosca íseal leo ó thaobh galar liostaithe a leathadh idir na Ballstáit. Sa bhreis air sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tuilleadh maoluithe i gcásanna ina n‑éiríonn leis na Ballstáit nó le hoibreoirí bearta malartacha maolaithe riosca a chur ar bun, amhail ardleibhéil bhithshlándála agus córais faireachais éifeachtacha.

(107)   Is grúpaí speiceas ainmhithe a bhfuil an‑tábhacht eacnamaíoch ag baint leo iad crúbaigh agus éanlaith chlóis agus tá siad faoi réir ceanglas sonrach maidir le gluaiseacht faoi reachtaíocht an Aontais a glacadh roimh an Rialachán seo, eadhon, Treoir 64/432/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1964 maidir le fadhbanna sláinte ainmhithe a dhéanann difear do thrádáil laistigh den Chomhphobal i mbó ainmhithe agus i mucra[27], Treoir 91/68/CEE ón gComhairle an 28 Eanáir 1991 maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil in ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair laistigh den Chomhphobal[28], Treoir 2009/156/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe a rialaíonn gluaiseacht agus allmhairiú eachainmhithe ó thríú tíortha[29] , Treoir 2009/158/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil in éanlaith chlóis agus uibheacha goir laistigh den Chomhphobal agus allmhairí díobh ó thríú tíortha[30] , agus i bpáirt Treoir 92/65/CEE ón gComhairle an 13 Iúil 1992 lena leagtar síos ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil isteach sa Chomhphobal d’ainmhithe, de sheamhan, d’uibheoga agus de shuthanna nach bhfuil faoi réir na gceanglas do shláinte ainmhithe atá leagtha síos sna rialacha sonracha chomhphobail dá dtagraítear in Iarscríbhinn A (I) a ghabhann le Treoir 90/425/CEE[31]. Ba cheart na príomhrialacha maidir le gluaiseacht na speiceas sin a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart na ceanglais mhionsonraithe a bhraitheann go príomha ar na galair a fhéadtar a tharchur trí speicis nó catagóirí éagsúla ainmhithe a rialáil i ngníomhartha dlíthiúla iardain ón gCoimisiún, ag cur san áireamh sainiúlachtaí na ngalar, na speiceas agus na gcatagóirí ainmhithe atá i gceist.

(108)   Toisc go bhfuil riosca galair thar a bheith ard ag baint le hoibríochtaí tionóla do chrúbaigh agus d' éanlaith chlóis, is iomchuí rialacha sonracha a leagan síos sa Rialachán seo le sláinte ainmhithe lena mbaineann a chosaint agus le leathadh galar in‑tarchurtha a chosc.

(109)   Ag brath ar na galair liostaithe agus ar na speicis liostaithe, is gá ceanglais shonracha maidir le sláinte ainmhithe a leagan síos i gcás speiceas áirithe ainmhithe seachas crúbaigh ar coimeád agus éanlaith chlóis. Leagadh síos rialacha maidir leis na speicis sin freisin sa chreat dlíthiúil ab infheidhme roimh an Rialachán seo agus go háirithe i dTreoir 92/65/CEE. Sa Treoir sin tá rialacha sonracha maidir le gluaiseacht speiceas ainmhithe lena n‑áirítear beacha, bumbóga, ápaí, madraí agus cait etc. agus ba cheart , dá bhrí sin, foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le bunús dlí do ghlacadh gníomhartha tarmligthe agus cur cun feidhme lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le gluaiseacht na speiceas ainmhithe sin.

(110)   Maidir le bunaíochtaí comhdhúnta, a úsáidtear de ghnáth le hainmhithe saotharlainne nó ainmhithe zú a choimeád, is iondúil go mbaineann ardleibhéal bithshlándála, stádas sláinte fabhrach agus dea-rialaithe leo agus tarlaíonn níos lú gluaiseachtaí iontu nó gluaiseachtaí laistigh de chiorcaid iata na mbunaíochtaí sin amháin. Tugadh isteach stádas na mbunaíochtaí comhdhúnta, ar féidir le hoibreoirí cur isteach orthu ar bhonn deonach, den chéad uair le Treoir 92/65/CEE, ina bhfuil rialacha agus ceanglais leagtha síos maidir le ceanglais formheasa agus gluaiseachta do chomhlachtaí, institiúidí agus lárionaid formheasta. Tríd an gcóras sin cumasaítear na bunaíochtaí sin ainmhithe a mhalartú eatarthu féin le níos lú riachtanas gluaiseachta agus ag an am céanna ráthaíochtaí arda sláinte á soláthar laistigh de chiorcad na mbunaíochtaí comhdhúnta. Dá bhrí sin, tá glactha ag na hoibreoirí leis go forleathan, agus tá sé in úsáid mar rogha dheonach. Is iomchuí, dá bhrí sin, coincheap na mbunaíochtaí comhdhúnta a chaomhnú agus rialacha a leagan síos freisin maidir le gluaiseacht idir na bunaíochtaí sin sa Rialachán seo.

(111)   Chun críoch eolaíoch, amhail taighde nó chun críoch diagnóiseach, agus go háirithe chun na críocha sin atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2010/63/AE, d’fhéadfaí gur gá ainmhithe a aistriú nach gcomhlíonann na ceanglais ghinearálta sláinte ainmhithe atá leagtha síos sa Rialachán seo agus a bhfuil riosca níos airde sláinte ag baint leo. Níor cheart na cineálacha sin gluaiseachtaí a thoirmeasc ná a shrianadh go míchuí le forálacha an Rialacháin seo, mar go bhféadfadh sé sin bac a chur ar ghníomhaíochtaí taighde atá údaraithe ar shlí eile agus moill a chur ar ascnamh eolaíoch. Mar sin féin, tá sé fíor-riachtanach go leagfar síos rialacha sa Rialachán seo lena áirithiú go dtarlaíonn gluaiseachtaí na n‑ainmhithe sin ar bhealach sábháilte.

(112)   Is minic nach mbíonn patrúin ghluaiseachta ainmhithe sorcais, ainmhithe a choimeádtar i zúnna, ainmhithe atá beartaithe a thaispeáint agus ainmhithe áirithe eile ar aon dul le patrúin ghluaiseachta speiceas eile a choimeádtar. Ba cheart breithnithe sonracha a dhéanamh agus rialacha an Aontais maidir le gluaiseacht a oiriúnú do na hainmhithe sin, ag cur san áireamh rioscaí sonracha agus beart malartach maolaithe riosca.

(113)   Chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí Aithrisí 102 go 112 den Rialachán seo, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le bearta coisctheacha galar i gcúrsaí iompair, rialacha sonracha maidir le gluaiseacht speicis áirithe ainmhithe, agus imthosca ar leith, amhail oibríochtaí tionóla nó coinsíneachtaí diúltaithe, agus ceanglais nó maoluithe speisialta maidir le cineálacha eile gluaiseachtaí, amhail gluaiseacht chun críoch eolaíoch.

(114)   Chun a áirithiú go bhféadfar rialacha speisialta a bheith ann maidir le gluaiseachtaí, i gcás nach leor nó nach iomchuí na rialacha gluaiseachta chun leathadh galair áirithe a theorannú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha speisialta maidir le gluaiseacht a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta.

(115)   Ba cheart d'ainmhithe talún ar coimeád a aistrítear idir na Ballstáit ceanglais maidir leis na gluaiseachtaí sin a chomhlíonadh. I gcás speiceas a bhfuil riosca don tsláinte agus tábhacht eacnamaíoch níos mó ag baint leo, ba cheart deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint ag an údarás inniúil a bheith ag gabháil leo.

(116)   A mhéid is indéanta go teicniúil, go praiticiúil agus ó thaobh airgeadais de, ba cheart úsáid a bhaint as forbairt theicneolaíoch leis na hualaí riaracháin ar oibreoirí agus ar an údarás inniúil a laghdú i ndáil le deimhniú agus fógra a thabhairt trí theicneolaíocht faisnéise a úsáid in ionad doiciméadachta páipéir agus nósanna imeachta fógra a éascú agus iad a úsáid a mhéid is féidir le haghaidh iliomad cuspóirí.

(117)   I gcásanna nach n‑éilítear deimhniúchán sláinte ainmhithe arna eisiúint ag an údarás inniúil, ba cheart d’oibreoir a aistríonn ainmhithe go Ballstát eile doimicéad féindearbhúcháin a eisiúint lena ndearbhaítear go gcomhlíonann na hainmhithe na ceanglais maidir le gluaiseacht atá leagtha síos sa Rialachán seo.

(118)   Leis na cuspóirí dá dtagraítear in Aithris 115, Aithris 116 agus Aithris 117 a áirithiú, ba cheart na cumhachtaí gníomhartha a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le rialacha maidir leis an ábhar, an oibleagáid faisnéise, agus maoluithe ó na ceanglais deimhniúcháin do shláinte ainmhithe, rialacha sonracha deimhniúcháin agus oibleagáidí na dtréidlianna oifigiúla seiceálacha iomchuí a dhéanamh sula síníonn siad an deimhniú sláinte ainmhithe.

(119)   Tá sé fíor-riachtanach fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí geirmeacha idir na Ballstáit agus i gcásanna áirithe laistigh de chríocha náisiúnta na mBallstát le hinrianaitheacht ainmhithe agus na dtáirgí geirmeacha sin a áirithiú, i gcás ina bhféadfadh na gluaiseachtaí sin a bheith bainteach le riosca leata galar in‑tarchurtha ainmhithe. Dá bhrí sin, ba cheart fógra a thabhairt i leith na ngluaiseachtaí sin agus iad a chlárú. Ba cheart córas IMSOC dá bhforáiltear in Airteagal 130(1) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, táirgí cosanta plandaí agus lotnaidicídí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, Rialachán (CE) Uimh. [....]/2013 agus Treoir 98/58/CE, Treoir 1999/74/CE, Treoir 2007/43/CE, Treoir 2008/119/CE, Treoir 2008/120/CE, Treoir 2009/128/CE (Rialachán na rialuithe oifigiúla)[32] [Oifig na bhFoilseachán] a úsáid chun na críche sin.

(120)   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán seo maidir le deimhniúchán sláinte ainmhithe agus leis an bhfógra i leith gluaiseachtaí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le samhail na ndeimhnithe sláinte ainmhithe, doiciméad féindearbhúcháin, formáidí agus spriocdhátaí maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí d’ainmhithe talún agus ainmhithe uisceacha araon, do tháirgí geirmeacha agus nuair is ábhartha, do tháirgí de bhunadh ainmhíoch.

(121)   Tá riosca do shláinte ainmhithe a chlaonann go suntasach ón riosca ó ainmhithe ar coimeád eile ag baint le nádúr sonrach gluaiseachtaí peataí . Ba cheart rialacha sonracha maidir leis na gluaiseachtaí sin a leagan síos, dá bhrí sin, sa Rialachán seo. Chun a áirithiú nach mbeidh riosca suntasach ó thaobh leata galar in‑tarchurtha ainmhithe de ag baint le peataí ainmhithe, ba cheart na cumhachtaí gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na rialacha mionsonraithe do ghluaiseachtaí na n‑ainmhithe sin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na gceanglas maidir le sláinte ainmhithe atá leagtha síos sa Rialachán seo i dtaca le gluaiseachtaí peataí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le bearta coisctheacha agus rialaithe galar atá le déanamh le haghaidh na ngluaiseachtaí sin.

(122)   Féadfar go mbeidh riosca do shláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí ag baint le hainmhithe fiáine ar chúiseanna éagsúla, mar shampla, má aistrítear iad go bunaíocht nó ó thimpeallacht amháin go timpeallacht eile. D’fhéadfaí gur gá bearta coisctheacha iomchuí a dhéanamh i dtaca le gluaiseacht na n‑ainmhithe sin le leathadh galar in‑tarchurtha ainmhithe a sheachaint. Lena áirithiú nach mbeidh riosca suntasach ó thaobh leathadh galar in‑tarchurtha ainmhithe de ag baint le hainmhithe fiáine, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le ceanglais bhreise i ndáil le gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine.

(123)   Is féidir go mbeidh riosca cosúil ó thaobh galair in‑tarchurtha ainmhithe a leathadh i measc ainmhithe beo de ag baint le táirgí geirmeacha. Sa bhreis air sin, tá sainiúlachtaí ina dtáirgeadh, a bhaineann le riachtanais arda sláinte d'ainmhithe pórúcháin, rud a éilíonn ceanglais sláinte níos déine nó níos sonraí maidir leis na hainmhithe ar deontóirí iad. Chun gluaiseachtaí sábháilte táirgí geirmeacha agus a n‑ardchaighdeán sláinte a bhfuil súil leis a áirithiú, agus chun roinnt úsáidí sonracha a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir leis na ceanglais mhionsonraithe i dtaca le gluaiseacht táirgí geirmeacha de speicis áirithe ainmhithe, ceanglais speisialta amhail, mar shampla, a ngluaiseacht chun críoch eolaíoch, agus maoluithe ón oibleagáid i dtaca le deimhniúchán sláinte ainmhithe.

(124)   Is féidir riosca leata galar in‑tarchurtha ainmhithe a bheith ag baint le táirgí de bhunadh ainmhíoch. Le ceanglais maidir le sábháilteacht bia do tháirgí de bhunadh ainmhíoch arna leagan síos i reachtaíocht an Aontais, áirithítear cleachtais mhaithe sláinteachais agus laghdaítear ar na rioscaí do shláinte ainmhithe ó na táirgí sin. Mar sin féin, i gcásanna áirithe ba cheart bearta sláinte ainmhithe, amhail bearta rialaithe galar agus bearta éigeandála, a leagan síos sa Rialachán seo lena áirithiú nach leathfar galair ainmhithe trí bhíthin táirgí de bhunadh ainmhíoch. Chun gluaiseachtaí sábháilte táirgí de bhunadh ainmhíoch a áirithiú sna cásanna áirithe sin, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca le gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch i ndáil le bearta rialaithe galar arna ndéanamh, na hoibleagáidí maidir le deimhniúchán sláinte ainmhithe agus na maoluithe ó na rialacha sin, i gcás inar féidir i bhfianaise an riosca a bhaineann leis na gluaiseachtaí sin agus na mbeart maolaithe riosca.

(125)   Nuair a dhéanann na Ballstáit bearta náisiúnta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí geirmeacha nó nuair a chinneann siad bearta náisiúnta a dhéanamh le tionchar galar in‑tarchurtha ainmhithe seachas galair liostaithe a theorannú laistigh dá gcríoch, níor cheart do na bearta náisiúnta sin cur isteach ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh, arna leagan síos i reachtaíocht an Aontais. Dá bhrí sin, is iomchuí an creat a leagan síos do na bearta náisiúnta sin agus a áirithiú go bhfanfaidh siad laistigh de na teorainneacha arna gceadú faoi dhlí an Aontais.

(126)   Is gá bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú agus a fhormheas le go bhféadfaidh na húdaráis inniúla faireachas leormhaith a dhéanamh agus le galair in‑tarchurtha ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú. I dTreoir 2006/88/CE ceanglaítear ar gach bunaíocht a aistríonn ainmhithe uisceacha bheith údaraithe. Ba cheart an córas údaraithe sin a choimeád faoin Rialachán seo in ainneoin go n‑úsáidtear, i roinnt teangacha oifigiúla an AE, téarmaí difriúla don chóras údaraithe seo sa Rialachán seo i gcomórtas le Treoir 2006/88/CE.

(127)   Féadfar galar in‑tarchurtha ainmhithe a leathadh trí ainmhithe uisceacha atá faoi réir beart rialaithe galar a mharú agus a phróiseáil, mar shampla de thoradh eisilteach ina bhfuil pataiginí a scaoileadh ó bhunaíochtaí phróiseála. Is gá, dá bhrí sin, bunaíochtaí próiseála a chomhlíonann na bearta maolaithe riosca le tabhairt faoin marú agus faoin bpróiseáil sin, a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach a fhormheas.

(128)   Chun a áirithiú go mbeidh faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil don phobal faoi na bunaíochtaí atá cláraithe agus formheasta, ba cheart don údarás inniúil clár na mbunaíochtaí sin a bhunú agus a choimeád. Ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, i ndáil le faisnéis atá le háireamh i gclár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe agus na ceanglais ar bhunaíochtaí agus iompróirí dobharshaothraithe maidir le taifid a choimeád.

(129)   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán seo maidir le clárú agus formheas na mbunaíochtaí dobharshaothraithe agus bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach, coimeád taifead agus clár na mbunaíochtaí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le hoibleagáidí faisnéise, maoluithe agus rialacha cur chun feidhme eile, agus formáid agus sainiúlachtaí oibríochtúla na gclár agus na dtaifead.

(130)   Toisc nach bhfuil sé indéanta ainmhithe uisceacha a shainaithint go haonarach, i bhformhór na gcásanna, is uirlis fhíor-riachtanach é coimeád na dtaifead i mbunaíochtaí dobharshaothraithe, i mbunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach agus ag iompróirí le hinrianaitheacht ainmhithe uisceacha a áirithiú. Tá taifid luachmhar freisin le haghaidh faireachais ar staid sláinte na mbunaíochtaí.

(131)   Amhail i gcás ainmhithe talún, is gá rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le gluaiseacht ainmhithe uisceacha, lena n‑áirítear rialacha maidir le deimhniúchán sláinte ainmhithe agus fógra a thabhairt i dtaobh gluaiseachta.

(132)   I dTreoir 2006/88/CE leagtar síos rialacha maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha, a bhfuil feidhm acu go comhionann maidir le gluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu. Is é an príomhfhachtóir lena gcinntear rialacha maidir le gluaiseacht ainmhithe uisceacha an stádas sláinte i dtaca le galair liostaithe na mBallstát, criosanna agus deighleog cinn scríbe.

(133)   Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an gcóras céanna sa Rialachán seo. Mar sin féin, le spreagadh a thabhairt do na Ballstáit cur le stádas sláinte a ndaonraí uisceacha, ba cheart roinnt coigeartuithe agus solúbthacht bhreise a thabhairt isteach.

(134)   Chun rialú ar ghluaiseachtaí ainmhithe uisceacha a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le bearta coisctheacha galar is infheidhme i ndáil le cúrsaí iompair, rialacha sonracha maidir le catagóirí áirithe ainmhithe uisceacha chun críoch éagsúil, ceanglais nó maoluithe sonracha i gcás cineálacha áirithe gluaiseachtaí, amhail gluaiseacht chun críoch eolaíoch, agus ceanglais bhreise maidir le gluaiseacht ainmhithe uisceacha fiáine.

(135)   Chun a áirithiú go bhféadfadh maoluithe sealadacha agus ceanglais shonracha bheith ann maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha, i gcás nach leor nó nach iomchuí na rialacha gluaiseachta atá leagtha síos sa Rialachán seo le leathadh galair liostaithe áirithe a theorannú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha nó maoluithe maidir le gluaiseachtaí speisialta a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta ama.

(136)   Tá táirgeadh dobharshaothraithe an Aontais an‑ilghnéitheach ar fad maidir le speicis agus córais táirgthe agus tá an t‑éagsúlú sin ag méadú go mear. Féadfar leis an méid sin go ndlífear bearta náisiúnta maidir le galair seachas na galair a mheastar mar ghalair liostaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo a dhéanamh ar leibhéal na mBallstát. Mar sin féin, ba cheart bonn cirt a bheith leis na bearta náisiúnta sin, agus iad a bheith riachtanach agus comhréireach leis na cuspóirí atá le baint amach. Ina theannta sin, níor cheart dóibh difear a dhéanamh do ghluaiseachtaí idir na Ballstáit murar gá é le tabhairt isteach galar a sheachaint nó le leathadh galar a rialú. Ba cheart bearta náisiúnta a dhéanann difear do thrádáil idir na Ballstáit a fhormheas agus a athbhreithniú ar leibhéal an Aontais.

(137)   Faoi láthair, ní bhaineann galair liostaithe le speicis ainmhithe seachas na hainmhithe atá sainmhínithe mar ainmhithe talún agus uisceacha ag an Rialachán seo, amhail reiptílí, amfaibiaigh, feithidí agus eile ach amháin go pointe an‑teoranta. Ní iomchuí, dá bhrí sin, a cheangal go mbeidh feidhm ag forálacha uile an Rialacháin seo maidir leis na hainmhithe sin. Mar sin féin, má chuirtear galar a bhaineann le speiceas seachas speiceas talún agus uisceach ar an liosta, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ábhartha maidir le sláinte ainmhithe sa Rialachán seo i ndáil leis na speicis sin lena áirithiú go bhféadfar bearta leordhóthanacha agus comhréireacha coisctheacha agus rialaithe galar a dhéanamh.

(138)   Chun a áirithiú go bhféadfaí rialacha gluaiseachta a leagan síos do na hainmhithe sin, nach sainítear iad mar ainmhithe talún ná uisceacha sa Rialachán seo, agus do tháirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann uathusan, nuair a dhlíonn riosca amhlaidh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le clárú agus formheas bunaíochtaí, coimeád taifead agus clár, sainaithint agus clárú agus inrianaitheacht, ceanglais maidir le gluaiseacht, deimhniúchán sláinte ainmhithe agus féindearbhúchán agus oibleagáidí i dtaobh fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí i gcás ainmhithe agus táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch de na speicis sin.

(139)   Nuair is gá coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a chur chun feidhme do na speicis eile ainmhithe agus táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch sin a thagann uathusan, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na ceanglais sin.

(140)   Ionas go seachnófar teacht isteach san Aontas galar liostaithe agus galar atá ag teacht chun cinn, is gá rialacha éifeachtúla a bheith curtha ar bun maidir le teacht isteach san Aontas ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a fhéadfaidh na galair sin a tharchur.

(141)   Ba cheart na ceanglais maidir le teacht isteach san Aontas ainmhithe agus táirgí a bheith ar aon dul leis na ceanglais maidir le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí den chatagóir chéanna agus den speiceas céanna agus atá beartaithe lena n‑úsáid laistigh den Aontas.

(142)   Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó tríú críocha na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe, lena dtugtar ráthaíochtaí atá coibhéiseach leis na ráthaíochtaí arna dtabhairt le reachtaíocht an Aontais, tá sé fíor-riachtanach iad a bheith faoi réir rialuithe iomchuí ag údarás inniúil na dtríú tíortha nó na dtríú críocha a onnmhairíonn chuig an Aontas. Nuair is ábhartha, ba cheart stádas sláinte tríú tír nó tríú críoch tionscnaimh a fhíorú roimh ghlacadh le teacht isteach san Aontas na n‑ainmhithe, na dtáirgí geirmeacha nó na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch sin. Dá thoradh sin, níor cheart ach tríú tíortha agus tríú críocha ar féidir leo a thaispeáint go gcomhlíonann siad na caighdeáin sláinte ainmhithe i dtaca le teacht isteach ainmhithe agus táirgí san Aontas a bheith incháilithe chun na ainmhithe agus táirgí sin a onnmhairiú go dtí an Aontas agus a bheith liostaithe chun na críche sin.

(143)   I gcás roinnt speiceas agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, níor bunaíodh liostaí an Aontais de thríú tíortha agus tríú críocha a gceadaítear teacht isteach san Aontas uathu i ngníomhartha Aontais a glacadh roimh an dáta ar glacadh an Rialacháin seo. Sna cásanna sin, agus ar feitheamh ghlacadh na rialacha de bhun an Rialacháin seo, ba cheart a cheadú do na Ballstáit a chinneadh cad iad na tíortha agus críocha as a gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach ina gcuid críoch. Agus an méid sin á chinneadh, ba cheart do na Ballstáit na critéir atá leagtha síos sa Rialachán seo a chur san áireamh do na liostaí Aontais de thríú tíortha agus tríú críocha.

(144)   Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe do theacht isteach san Aontas dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus go mbeidh siad ag luí le prionsabail Chóid Sláinte Ainmhithe an OIE, ba cheart deimhniú sláinte ainmhithe, arna éisiúint ag údarás inniúil an tríú tír nó tríú críoch tionscnaimh, lena ndearbhaítear gur comhlíonadh na ceanglais uile sláinte ainmhithe le haghaidh teacht isteach san Aontas, a bheith ag gabháil leis na hainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch uile. Mar sin féin, ba cheart claonadh ón riail seo i gcás tráchtearraí nach bhfuil iontu ach riosca íseal do shláinte ainmhithe.

(145)   Féadfaidh deimhnithe sláinte ainmhithe seasamh leo féin, ach is minic a éilítear deimhniúchán i reachtaíocht an Aontais chun críoch eile, mar shampla lena dheimhniú go bhfuil na ceanglais sláinte phoiblí nó leasa ainmhithe d’ainmhithe nó do tháirgí comhlíonta. Ní foláir an méid sin a chur san áireamh. Le hualaí riaracháin agus costais a íoslaghdú ba cheart a cheadú faisnéis arna ceangal faoin reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le sábháilteacht bia agus beatha a áireamh sna deimhnithe sláinte ainmhithe sin freisin.

(146)   Féadfar galair a leathadh trí mheáin seachas ainmhithe, táirgí geirmeacha, táirgí de bhunadh ainmhíoch, agus seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe. Mar shampla, féadfaidh feithiclí, coimeádáin iompair, féar tirim, tuí, táirgí plandaí, ábhair a d’fhéadadh bheith i dtadhall le hainmhithe ionfhabhtaithe agus trealamh galar a leathadh chomh maith. Nuair is gá, ba cheart bearta a dhéanamh leis na bealaí tarchurtha galar sin trí na meáin úd a sheachaint.

(147)   Chun an leibhéal iomchuí mionsonraithe do cheanglais maidir le teacht isteach san Aontas a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, chun an méid seo a leanas a fhorlíonadh agus leasú: na critéir do liostú tríú tíortha agus tríú críocha, agus na critéir maidir le fionraí nó aistarraingt ón liosta, rialacha maidir le formheas bunaíochtaí i dtríú tíortha agus tríú críocha agus maoluithe a fhorlíonadh, ceanglais sláinte ainmhithe do theacht isteach san Aontas coinsíneachtaí ó thríú tíortha agus tríú críocha, ábhar i ndeimhnithe sláinte ainmhithe, agus na ceanglais sláinte ainmhithe d’oibreáin ghalair, ábhair eile, modhanna iompair agus trealamh eile a d'fhéadfadh galair ainmhithe a tharchur.

(148)   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme ceanglas maidir le sláinte ainmhithe le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le, inter alia, liosta de thríú tíortha agus tríú críocha óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus samhlacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe.

(149)   Is léir ón taithí a bhfuarthas san am atá thart, gur gá bearta coisctheacha agus rialaithe galar a dhéanamh láithreach, nuair a tharlaíonn ráig galair thromchúisigh amach sna Ballstáit nó i dtríú tíortha nó tríú críocha óna dtagann ainmhithe nó táirgí isteach san Aontas, lena theacht isteach agus a leathadh a theorannú. D’fhéadfaí go mbeidh galair liostaithe, galair atá ag teacht chun cinn nó guaiseanna eile do shláinte ainmhithe i gceist san éigeandáil sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a shoiléiriú cé na sraitheanna beart coisctheacha agus rialaithe galar atá leagtha síos sa Rialachán seo a d'fhéadfaí a úsáid i gcás galair nó guaise liostaithe a bheith ann nó a bheith ag teacht chun cinn. Sna cásanna sin go léir tá sé fíor-riachtanach gur féidir bearta a dhéanamh faoi ghearr‑ fhógra agus gan aon mhoill. Toisc go gcuirfeadh na bearta sin srian ar ghluaiseacht laistigh den Aontas nó isteach ann, ba cheart iad a chur chun feidhme ar leibhéal ar Aontais aon uair is féidir.

(150)   Chun freagairt éifeachtach agus thapa a áirithiú ar rioscaí atá ag teacht chun cinn, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún bearta éigeandála a leagan síos.

(151)   Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme ar infheidhme láithreach iad a ghlacadh i gcásanna a bhfuil bonn ceart cuí leo a bhaineann, inter alia, le galair agus speicis a liostú, leis na galair liostaithe atá le bheith faoi réir sraitheanna rialacha coisctheacha agus rialaithe galar, nósanna imeachta na mbanc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais maidir le stocáil, soláthar, stóráil, seachadadh agus eile, leagan síos beart rialaithe galar agus maoluithe go ceann tréimhse teoranta, na rialacha speisialta gluaiseachta d’ainmhithe uisceacha agus talún go ceann tréimhse teoranta, na bearta éigeandála agus liostú tríú tíortha agus tríú críocha faoi choinne teacht isteach san Aontas.

(152)   Sa Rialachán seo leagtar síos rialacha ginearálta agus sonracha maidir le cosc agus rialú galar in‑tarchurtha ainmhithe agus áirithítear leis go mbeidh cur chuige comhchuibhithe maidir le sláinte ainmhithe ar fud an Aontais. I réimsí áirithe, amhail cúraimí ginearálta maidir le sláinte ainmhithe, fógra, faireachas, clárú agus formheas nó inrianaitheacht, ba cheart a cheadú do na Ballstáit nó iad a spreagadh le bearta náisiúnta breise nó níos déine a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, níor cheart na bearta náisiúnta sin a cheadú ach amháin mura gcuireann siad isteach ar chuspóirí sláinte ainmhithe an Rialacháin seo, agus mura bhfuil siad ag teacht salach ar na rialacha atá leagtha síos ann agus ar an gcoinníoll nach gcuireann siad bac ar ghluaiseachtaí ainmhithe idir na Ballstáit, mura bhfuil gá leis chun teacht isteach an ghalair a chosc nó le leathadh an ghalair a rialú.

(153)   Ba cheart na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Aithris 152 a bheith faoi réir nós imeachta simplithe um fhógra a thabhairt leis an ualach riaracháin a laghdú. Is léir ón taithí a fuarthas go bhfuil an nós imeachta ginearálta um fhógra, atá leagtha síos i dTreoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse caighdeán teicniúil agus rialachán agus rialacha maidir le seirbhísí sochaí faisnéise[33], ina uirlis tábhachtach le cáilíocht na rialachán teicniúil náisiúnta a threorú agus a fheabhsú – i dtéarmaí trédhearcachta, inléiteachta agus éifeachtachta méadaithe, i réimsí nach bhfuil comhchuibhithe nó atá comhchuibhithe i bpáirt. Is iomchuí, dá bhrí sin, go mbeidh feidhm ag an nós imeachta ginearálta seo um fhógra, atá leagtha síos i dTreoir 98/34/CE.

(154)   Faoi láthair, tá rialacha an Aontais maidir le sláinte ainmhithe leagtha síos i ngníomhartha seo a leanas Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus i ngníomhartha iardain de chuid an Choimisiúin arna nglacadh dá mbun.

– Treoir 64/432/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1964 maidir le fadhbanna sláinte ainmhithe a dhéanann difear do thrádáil laistigh den Chomhphobal i mbó-ainmhithe agus i mucra[34].

– Treoir 77/391/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977 lena dtugtar isteach bearta Comhphobail le haghaidh díothú brúsallóise, eitinne agus leocóise in eallach[35],

– Treoir 78/52/CEE ón gComhairle an 13 Nollag 1977 lena dtugtar isteach bearta Comhphobail le haghaidh díothú brúsallóise, eitinne agus leocóise in eallach[36],

– Treoir 88/407/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1988 lena leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le trádáil laistigh den Chomhphobal de sheamhan ainmhithe clóis den speiceas buaibheach agus allmhairí díobh [37],

– Treoir 80/1095/CEE ón gComhairle an 11 Samhain 1980 lena leagtar síos coinníollacha arna gceapadh le críoch an Chomhphobail shaoradh agus a choimeád saor ó fhiabhras clasaiceach na muc[38],

– Treoir 82/894/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1982 maidir le fógra a thabhairt i leith galar ainmhithe laistigh den Chomhphobal[39],

– Treoir 89/556/CEE ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 1989 maidir le coinníollacha do shláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil laistigh den Chomhphobal agus allmhairí díobh ó thríú tíortha de shuthanna ainmhithe clóis den speiceas buaibheach[40],

– Treoir 90/429/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 lena leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le trádáil laistigh den Chomhphobal de sheamhan ainmhithe clóis den speiceas mucach agus allmhairí díobh [41],

– Treoir 91/68/CEE ón gComhairle an 28 Eanáir 1991 maidir le coinníollacha do shláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil laistigh den Chomhphobal in ainmhithe de chineál caorach agus in ainmhithe de chineál gabhair[42],

– Treoir 91/666/CEE ón gComhairle an 11 Nollaig 1991 lena mbunaítear cúlchistí vacsaíní in aghaidh galair crúb is béil[43],

– Treoir 92/35/CEE ón gComhairle an 29 Aibreáin 1992 lena leagtar síos rialacha agus bearta rialaithe le tinneas Afracach na gcapall a chomhrac[44],

– Treoir 92/65/CEE ón gComhairle an 13 Iúil 1992 lena leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil in ainmhithe, seamhan, uibheoga agus suthanna laistigh den Chomhphobal agus allmhairí díobh nach bhfuil faoi réir ceanglas sláinte ainmhithe atá leagtha síos i rialacha sonracha Comhphobail dá dtagraítear in Iarscríbhinn A (I) a ghabhann le Treoir 90/425/CEE[45],

– Treoir 92/66/CEE ón gComhairle an 14 Iúil 1992 lena dtugtar isteach bearta Comhphobail maidir le rialú ghalar Newcastle[46],

– Treoir 92/118/CEE ón gComhairle an 17 Nollaig 1992 lena leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe agus sláinte poiblí a rialaíonn trádáil i dtáirgí laistigh den Chomhphobal agus allmhairí díobh nach bhfuil faoi réir na gceanglas sin atá leagtha síos i rialacha sonracha Comhphobail dá dtagraítear in Iarscríbhinn A (I) a ghabhann le Treoir 89/662/CEE agus, a ghabhann le Treoir 90/425/CEE, maidir le pataiginí[47],

– Treoir 92/119/CEE ón gComhairle an 17 Nollaig 1992 lena dtugtar isteach bearta ginearálta Comhphobail chun galair áirithe ainmhithe a rialú agus bearta sonracha i ndáil le galar saicíneach na muc[48],

– Cinneadh 95/410/CE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha maidir le tástáil trí shampláil i mbunaíocht tionscnaimh éanlaithe clóis lena marú a bheartaítear don Fhionlainn agus don tSualainn[49],

– Treoir 2000/75/CEE ón gComhairle an 20 Samhain 2000 lena leagtar síos forálacha sonracha maidir le galar gormtheanga a rialú agus a dhíothú[50],

– Cinneadh 2000/258/CE ón gComhairle an 20 Márta 2000 lena n‑ainmnítear institiúid shonrach ar a mbeadh an cúram na critéir is gá a bhunú maidir le caighdeánú na dtástálacha séireolaíocha chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtach na vacsaíní frithchonfaidh[51],

– Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun bó ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le lipéadú mairteola agus táirgí mairteola agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle[52],

– Treoir 2001/89/CE ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le bearta Comhphobail maidir le rialú fhiabhras clasaiceach na muc[53],

– Treoir 2002/60/CE ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena leagtar síos forálacha sonracha chun fiabhras Afracach na muc a rialú agus lena leasaítear Treoir 92/119/CEE maidir le galar Teschen agus fiabhras Afracach na muc[54],

– Treoir 2002/99/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena leagtar síos na rialacha sláinte ainmhithe a rialaíonn táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine[55],

– Treoir 2003/85/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 maidir le bearta Comhphobail chun galar crúb agus béil a rialú lena n‑aisghairtear Treoir 85/511/CEE agus Cinneadh 89/531/CEE agus Cinneadh 91/665/CEE agus lena n‑aisghairtear Treoir 92/46/CEE[56],

– Rialachán (CE) Uimh. XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 [Oifig na bhFoilseachán][57],

– Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 an 17 Nollaig 2003 lena mbunaítear córas chun ainmhithe caorach agus gabhair a shainaithint agus a chlárú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus Treoir 92/102/CEE agus Treoir 64/432/CEE[58],

– Treoir 2004/68/CEE ón gComhairle an 26 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sláinte ainmhithe chun crúbaigh beo áirithe a allmhairiú isteach sa Chomhphobal agus a bheith faoi bhealach tríd, lena leasaítear Treoir 90/426/CEE agus Treoir 92/65/CEE agus lena n‑aisghairtear Treoir 72/462/CEE[59],

– Treoir 2009/156/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe a rialaíonn gluaiseacht agus allmhairiú eachainmhithe ó thriú tíortha[60],

– Treoir 2005/94/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le bearta Comhphobail maidir le rialú an fhliú éanúil agus lena n‑aisghairtear Treoir 92/40/CEE[61],

– I dTreoir 2006/88/CE ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe uisceacha agus táirgí uathu, agus maidir le cosc agus rialú galar áirithe in ainmhithe uisceacha[62],

– Treoir 2008/71/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le muca a shainaithint agus a chlárú (lena gcódaítear Treoir 92/102/CEE)[63],

– Treoir 2009/158/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil in éanlaithe agus uibheacha goir laistigh den Chomhphobal agus allmhairiú díobh ó thriú tíortha[64],

(155)   Tá an Rialachán seo agus gníomhartha iardain atá le glacadh de bhun an Rialacháin seo le cur in ionad na rialacha atá leagtha síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Aithris 154. Ba cheart na gníomhartha reachtacha sin a aisghairm dá réir. Mar sin féin, le soiléire dhlíthiúil a áirithiú agus le folús dlíthiúil a sheachaint, ní cheart don aisghairm teacht i bhfeidhm ach amháin nuair a bheidh na gníomhartha ábhartha tarmligthe agus cur chun feidhme glactha de bhun an Rialacháin seo. Is gá, dá bhrí sin, an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na dátaí ar ar cheart aisghairm na ngníomhartha reachtacha sin teacht i bhfeidhm, a chinneadh.

(156)   Tá na gníomhartha seo a leanas ón gComhairle i réimse na sláinte ainmhithe imithe i léig agus ba cheart iad a aisghairm go sainráite ar mhaithe le soiléire reachtaíocht an Aontais: Cinneadh 78/642/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 maidir le bearta cosanta ainmhithe i ndáil le Poblacht na Botsuáine[65], Treoir 79/110/CEE ón gComhairle an 24 Eanáir 1979 lena n‑údaraítear do Phoblacht na hIodáile fógra um a cuid pleananna náisiúnta agus a gcur chun feidhme chun díothú luathaithe brúsallóise agus eitinne in eallach a fhionraí,[66] Treoir 81/6/CEE ón gComhairle an 1 Eanáir 1981 lena n‑údaraítear don Phoblacht Heilléanach a cuid pleananna náisiúnta a chur in iúl agus a chur chun feidhme chun díothú brúsallóise agus eitinne in eallach a luathú,[67] Cinneadh 89/455/CEE ón gComhairle an 24 Iúil 1989 lena dtugtar isteach bearta Comhphobail le treoirthionscadail a bhunú chun confadh a rialú d’fhonn é a dhíothú nó a chosc[68], Treoir 90/423/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 lena leasaítear Treoir 85/511/CEE lena dtugtar isteach bearta Comhphobail chun galar Newcastle a rialú[69], Cinneadh 90/678/CEE ón gComhairle an 13 Nollaig 1990 lena n‑aithnítear codanna áirithe de chríoch an Chomhphobail a bheith saor go hoifigiúil ó fhiabhras na muc nó a bheith saor ó fhiabhras na muc[70].

(157)   Níor cheart feidhm a bheith ag ceanglais an Rialacháin seo go dtí go bhfuil na gníomhartha tarmlighte agus cur chun feidhme atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo curtha i bhfeidhm. Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le 36 mí ar a laghad a bheith caite idir dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus dáta chur i bhfeidhm na rialacha nua, chun dóthain ama a thabhairt do na hoibreoirí dul in oiriúint dóibh.

(158)   Le cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm rialacha maidir le sainaithint agus clárú ainmhithe, bearta rialaithe galar do zónóisí áirithe agus gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí, ba cheart an chumhacht gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an dáta nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000, Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX[Iar 998/2003] agus Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 agus Treoir 92/66/CEE, Treoir 2000/75/CE, Treoir 2001/89/CE, Treoir 2002/60/CE, Treoir 2003/85/CE, Treoir 2005/94/CE agus Treoir 2008/71/CE. .

(159)   Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú na mBallstát ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin[71].

(160)   Is den tábhacht é go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid ullmhúchán, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, agus é ag ullmhú agus ag tarraingt suas gníomhartha tarmligthe, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(161)   Níor cheart don Rialachán seo ualach riaracháin díréireach nó tionchar eacnamaíoch d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide a chruthú. Faoin Rialachán seo, bunaithe ar chomhairliúchán le páirtithe leasmhara, tugadh staid ar leith na bhfiontar beag agus meánmhéide san áireamh. Ní dhearnadh maolú uilechoiteann ó cheanglais an Rialacháin seo i gcás na bhfiontar sin a mheas, i bhfianaise chuspóirí an bheartais phoiblí sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí a chosaint. Mar sin féin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le roinnt maoluithe do na fiontair sin i ndáil le ceanglais éagsúla an Rialacháin seo, agus na rioscaí a bhaineann leo á gcur san áireamh.

(162)   Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha sláinte d’ainmhithe, do tháirgí geirmeacha, táirgí de bhunadh ainmhíoch, seachtháirgí agus táirgí díorthaithe a leagan síos a fhad is nach bhfuil siad cumhdaithe le rialacha sonracha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus ábhar eile is féidir bheith ina ábhar leata galar in‑tarchurtha ainmhithe, a bhaint amach go leordhóthanach agus is féidir iad a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais trí chreat dlí coiteann agus comhordaithe do shláinte ainmhithe. Tá an Rialachán, dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5(3) den Chonradh an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID I RIALACHA GINEARÁLTA

Caibidil 1 Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1 Ábhar

1.           Sa Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe, ar in‑tarchurtha iad go hainmhithe nó go daoine.

Sna rialacha sin déantar foráil maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     beartú tosaíochta agus catagóiriú galar is ábhar imní don Aontas agus bainistiú freagrachtaí i dtaca le sláinte ainmhithe i gCuid I.

(b)     luathbhrath galar, fógra agus tuairisc a thabhairt ina leith, faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i gCuid II;

(c)     feasacht ar ghalair, ullmhacht agus rialú i gCuid III;

(d)     clárú agus formheas bunaíochtaí agus iompróirí, gluaiseachtaí agus inrianaitheacht coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch laistigh den Aontas i gCuid IV;

(e)     teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha, agus táirgí de bhunadh ainmhíoch san Aontas agus onnmhairiú na gcoinsíneachtaí sin ón Aontas i gCuid V;

(f)      na bearta éigeandála atá le glacadh i gcás éigeandála galair i gCuid VI.

2.           Leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1:

(a)     áirithítear

(i)      táirgeadh talmhaíochta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san Aontas;

(ii)      feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh;

(iii)     laghdú ar éifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol i dtaca leis an méid seo a leanas:

– galair áirithe;

– na bearta arna nglacadh le galair ainmhithe a chosc agus a rialú;

(b)     cuirtear san áireamh

(i)      an caidreamh idir sláinte ainmhithe agus:

– sláinte phoiblí;

– an comhshaol chomh maith le tionchar an athraithe aeráide;

– sábháilteacht bia agus beatha;

– leas ainmhithe;

– slándáil bia;

(ii)      na tionchair eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil a thagann as cur i bhfeidhm beart le galair a chosc agus a rialú.

Airteagal 2 Raon feidhme an Rialacháin seo

1.           Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a) ainmhithe ar coimeád agus ainmhithe fiáine;

(b) táirgí geirmeacha;

(c) táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(d) seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe, gan dochar do na rialacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009;

(e) saoráidí, modhanna iompair, trealamh agus gach conair ionfhabhtaithe eile agus gach ábhar eile a bhfuil baint aige nó a d’fhéadfadh baint a bheith aige le leathadh galar.

2.           Beidh feidhm ag an Rialachán maidir le galair in‑tarchurtha, lena n‑áirítear zónóisí, gan dochar do na rialacha atá leagtha síos sna doiciméid seo a leanas:

(a)     Cinneadh Uimh. 2119/98/CE;

(b)     Rialachán (CE) Uimh. 999/2001;

(c)     Treoir 2003/99/CE;

(d)     Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003.

Airteagal 3 Raon feidhme Chuid IV maidir le clárú, formheas, inrianaitheacht agus gluaiseachtaí

1.           Beidh feidhm ag Teideal I de Chuid IV maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     ainmhithe talún, agus ainmhithe nach ainmhithe talún iad ach a d’fhéadfadh galair a dhéanfadh difear d’ainmhithe talún a tharchur;

(b)     táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún;

(c)     táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe talún.

2.           Beidh feidhm ag Teideal II de Chuid IV maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     ainmhithe uisceacha, agus ainmhithe nach ainmhithe uisceacha iad ach a d’fhéadfadh galair a dhéanfadh difear d’ainmhithe uisceacha a tharchur;

(b)     táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha.

3.           Beidh feidhm ag Teideal III de Chuid IV maidir leis na méid seo a leanas:

(a)     ainmhithe seachas na hainmhithe a shainítear mar ainmhithe talún agus ainmhithe uisceacha in Airteagal 4(1)(4);

(b)     táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na hainmhithe eile dá dtagraítear i bpointe (a).

4.           Ní bheidh feidhm ag Caibidil 1 agus Caibidil 3 de Theideal I ná ag Caibidil 1 agus 2 de Theideal II de Chuid IV maidir le peataí.

Airteagal 4 Sainmhínithe

1.           Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn ‘ainmhithe’ ainmhithe veirteabracha agus inveirteabracha;

(2) ciallaíonn ‘ainmhithe talún’ éin, mamaigh talún, beacha agus bumbóga;

(3) ciallaíonn ‘ainmhithe uisceacha’ ainmhithe de na speicis seo a leanas, ag gach céim beatha, lena n‑áirítear uibheacha, seamhan agus gaiméití:

(i)      iasc a bhaineann leis an bhforaicme Agnatha agus leis na haicmí Chondrichthyes, Sarcopterygii agus Actinopterygii;

(ii)      moilisc uisceacha a bhaineann leis an bhfíleam Mollusca;

(iii)     crústaigh uisceacha a bhaineann leis an bhfofhíleam Crustacea;

(4) ciallaíonn ‘ainmhithe eile’ ainmhithe de speicis eile seachas na speicis atá sainmhínithe mar ainmhithe talún agus uisceacha;

(5) ciallaíonn ‘ainmhithe ar coimeád’ ainmhithe arna gcoimeád ag daoine; i gcás ainmhithe uisceacha, ainmhithe dobharshaothraithe;

(6) ciallaíonn ‘dobharshaothrú’ tógáil ainmhithe uisceacha agus úsáid á baint as teicnící arna gceapadh le táirgeadh na n‑ainmhithe sin a mhéadú thar an méid is féidir faoi choinníollacha nádúrtha an chomhshaoil agus i gcás ina bhfanann na hainmhithe i seilbh duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó trí chéimeanna uile na tógála nó an tsaothrúcháin, suas go dtí an bhuaint agus lena n‑áirítear an bhuaint, seachas buaint nó gabháil ainmhithe uisceacha fiáine lena gcaitheamh ag an duine a choimeádtar go sealadach ina dhiaidh gan iad a chothú ag fanacht lena marú;

(7) ciallaíonn ‘ainmhithe dobharshaothraithe’ ainmhithe uisceacha faoi réir dobharshaothrú;

(8) ciallaíonn ‘ainmhithe fiáine’ ainmhithe nach bhfuil ar coimeád;

(9) ciallaíonn ‘éanlaith chlóis’ éin arna dtógáil nó arna gcoimeád i mbraighdeanas faoi choinne:

(a)     táirgeadh an méid seo a leanas:

(i)      feoil;

(ii)      uibheacha chun a dtomhailte;

(iii)     táirgí eile;

(b)     soláthairtí éan géime a athstocáil;

(c)     chun críocha pórúcháin éan arna n‑úsáid do na cineálacha táirgthe dá dtagraítear i bpointe (a);

(10) ciallaíonn ‘éin i mbraighdeanas' éin ar bith seachas éanlaith chlóis arna gcoimeád i mbraighdeanas ar chúis ar bith seachas na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (9) lena n‑áirítear na héin a choimeádtar faoi choinne seónna, rásaí, taispeántas, comórtas, pórúcháin nó díola;

(11) ciallaíonn ‘peata’ ainmhí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I, lena ndéantar an méid seo a leanas:

(a)     coimeádtar é i dteaghlach, nó i gcás ainmhithe uisceacha, coimeádtar é in uisceadán ornáideach neamhthráchtála;

(b)     nuair a aistrítear an t‑ainmhí, bíonn sé in éineacht leis an gcoimeádaí chun críocha gluaiseachta neamhthráchtála, nó duine nádúrtha ag gníomhú thar ceann an choimeádaí peata agus i gcomhaontú leis, agus a fhanann faoi chúram an choimeádaí peata nó an duine sin le linn na gluaiseachta neamhthráchtála sin;

(12) ciallaíonn ‘coimeádaí peataí’ duine nádúrtha a choimeádann peata;

(13) ciallaíonn ‘gluaiseacht neamhthráchtála’ aon ghluaiseacht peataí nach bhfuil baint aici, go díreach ná go hindíreach, le gnóthachan airgeadais nó aistriú úinéireachta nó nach bhfuil a leithéid d’aidhm aici.

(14) ciallaíonn ‘galar' ionfhabhtuithe nó inmhíolaithe a bheith i láthair in ainmhithe, bíodh comharthaí cliniciúla nó paiteolaíocha ag gabháil leo nó ná bíodh, arb é oibreán amháin galair is in‑tarchurtha go hainmhithe nó go daoine nó níos mó is cúis leis;

(15) ciallaíonn ‘galair liostaithe’ galair atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 5(2);

(16) ciallaíonn ‘galar atá ag teacht chun cinn’ galar seachas galar liostaithe a d’fhéadfadh na critéir maidir le galair liostaithe a shásamh, galair dá bhforáiltear in Airteagal 6(1)(a):

(a)     galar nua a thagann as éabhlóid nó athrú ar oibreán galair atá ann cheana;

(b)     galar ar aithnid é cheana a leathann go ceantar geografach nua nó daonra nua; nó

(c)     oibreán galair nár aithníodh roimhe seo nó galar a ndéantar a dhiagnóisiú den chéad uair riamh;

(17) ciallaíonn ‘próifíl galair’ critéir galair dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a);

(18) ciallaíonn ‘speicis liostaithe’ speiceas ainmhithe nó grúpa speiceas atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 7(2), nó, i gcás galar atá ag teacht chun cinn, speiceas ainmhithe nó grúpaí speiceas ainmhithe a chomhlíonann na critéir do speiceas liostaithe atá leagtha síos in Airteagal 7(2);

(19) ciallaíonn ‘guais’ oibreán galair in ainmhí nó i dtáirge, nó riocht ina bhfuil sé a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith aige ar shláinte an duine nó ainmhithe;

(20) ciallaíonn ‘riosca’ an dóchúlacht go dtarlódh an éifeacht dhíobhálach agus a mhéid is dócha a rachaidh an éifeacht dhíobhálach i bhfeidhm ar shláinte ainmhithe nó phoiblí ó thaobh bitheolaíochta agus eacnamaíochta de;

(21) ciallaíonn ‘bithshlándáil’ iomlán na mbeart bainistíochta agus fisiciúil arna gceapadh le tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar go dtí, ó, agus laistigh den mhéid seo a leanas:

(a)     daonra ainmhithe nó

(b)     bunaíocht, crios, deighleog, modh iompair nó aon saoráidí, áitreabh nó láthair eile;

(22) ciallaíonn ‘oibreoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach, a bhfuil ainmhithe nó táirgí faoina chúram aige, lena n‑áirítear coimeádaithe ainmhithe agus iompróirí, cé is moite de choimeádaithe peataí agus tréidlianna;

(23) ciallaíonn ‘gairmí ainmhithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach, a bhfuil caidreamh gairmiúil aige le hainmhithe nó táirgí, cé is moite d'oibreoirí nó tréidlianna;

(24) ciallaíonn ‘bunaíocht’ aon áitreabh, struchtúr, nó aon timpeallacht, ina gcoimeádtar ainmhithe nó táirgí geirmeacha, cé is moite den mhéid seo a leanas:

(a)     teaghlaigh ina gcoimeádtar peataí;

(b)     uisceadáin neamhthráchtála ina gcoimeádtar ainmhithe uisceacha;

(c)     cleachtais tréidliachta nó clinicí;

(25) ciallaíonn ‘táirgí geirmeacha’:

(a)     speirm, seamhan, úicítí agus suthanna a bheartaítear d’atáirgeadh saorga;

(b)     uibheacha goir;

(26) ciallaíonn ‘táirgí de bhunadh ainmhíoch’:

(a)     bia de bhunadh ainmhíoch, lena n‑áirítear mil agus fuil;

(b)     moilisc dhébhlaoscacha bheo, eicínideirmigh, túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo lena gcaitheamh ag an duine; agus

(c)     ainmhithe seachas na hainmhithe dá dtagraítear i (b) a bheartaítear a ullmhú d’fhonn iad a sholáthar beo don tomhaltóir deiridh;

(27) ciallaíonn ‘seachtháirgí ainmhithe’ coirp iomlána nó codanna d’ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch nó táirgí eile a fuarthas ó ainmhithe nach bhfuil beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, cé is moite de tháirgí geirmeacha;

(28) ciallaíonn 'táirgí díorthaithe’ táirgí a fhaightear ó chóireáil, claochlú nó céim amháin nó níos mó den phróiseáil ar sheachtháirgí ainmhithe;

(29) ciallaíonn 'táirgí':

(a) táirgí geirmeacha;

(b) táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(c) seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe;

(30) ciallaíonn 'rialú oifigiúil’ rialú oifigiúil mar atá sainmhínithe i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Oifig na bhFoilseachán – Uimhir le cur isteach: maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile].

(31) ciallaíonn ‘stádas sláinte’ stádas galair i dtaca leis na galair liostaithe uile do speiceas liostaithe áirithe i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)     ainmhí;

(b)     na hainmhithe laistigh d'aon cheann díobh seo a leanas:

(i)      bunaíocht;

(ii)      deighleog;

(iii)     crios;

(iv)     Ballstát;

(v)     tríú tír nó tríú críoch;

(32) ciallaíonn ‘crios’:

(a)     i gcás ainmhithe talún, cuid de Bhallstát tríú tír nó tríú críoch atá sainithe go soiléir ina bhfuil fodhaonra ainmhithe a bhfuil stádas sláinte ar leith aige i ndáil le galar ar leith nó galair ar leith faoi réir faireachais iomchuí, rialú galar agus beart bithshlándála;

(b)     i gcás ainmhithe uisceacha, córas hidreolaíoch comhtheagmhálach a bhfuil stádas sláinte ar leith aige i ndáil le galar sonrach nó galair shonracha arb ionann is ceantar é dá dtagraítear i gceann díobh seo a leanas:

(i)      dobharcheantar iomlán ó fhoinse uiscebhealaigh go dtí an t‑inbhear nó an loch;

(ii)      níos mó ná dobharcheantar amháin;

(iii)     cuid de dhobharcheantar ó fhoinse an uiscebhealaigh go dtí bacainn a choisceann tabhairt isteach galair shonraigh nó galar sonrach;

(iv)     cuid de limistéar cósta a bhfuil teorannú geografach beacht leis;

(v)     inbhear a bhfuil teorannú geografach beacht leis;

(33) ciallaíonn ‘dobharcheantar’ limistéar nó imchuach talún arb iad gnéithe aiceanta amhail cnoic nó sléibhte a theorainneacha, áit a ritheann na huiscí ar fad chun srutha;

(34) ciallaíonn ‘deighleog’ fodhaonra ainmhithe atá i mbunaíocht amháin nó níos nó agus i gcás ainmhithe uisceacha, i mbunaíocht uisceach amháin nó níos mó, faoi chóras comhchoiteann bainistithe bithshlándála a bhfuil stádas sláinte ar leith aige i ndáil le galar sonrach nó galair shonracha faoi réir faireachais iomchuí, bearta rialaithe galar agus bithshlándála;

(35) ciallaíonn 'coraintín’ ainmhithe a choimeád ar leithlis faoi rialú an údaráis inniúil gan aon teagmháil dhíreach nó indíreach le hainmhithe eile, lena áirithiú nach leathfaidh aon ghalair nuair atá na hainmhithe faoi bhreathnadóireacht ar feadh tréimhse sonraithe agus, más iomchuí, á dtástáil agus cóireáil á cur orthu;

(36) ciallaíonn ‘aonad eipidéimeolaíoch’ grúpa ainmhithe a bhfuil an dealraitheacht chéanna ann iad a bheith neamhchosanta ar oibreán galair;

(37) ciallaíonn ‘ráig’ cás amháin nó níos mó i mbunaíocht, teaghlach nó aon áit eile ina gcoimeádtar ainmnithe nó ina bhfuil siad lonnaithe;

(38) ciallaíonn ‘cás’ dearbhú oifigiúil ar ghalar liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn a bheith ann in ainmhí beo nó marbh;

(39) ciallaíonn ‘crios srianta’ crios ina gcuirtear i bhfeidhm srianta ar ghluaiseachtaí ainmhithe nó táirgí áirithe agus bearta rialaithe galar eile, d’fhonn leathadh an ghalair áirithe isteach i limistéir nach bhfuil aon srianta i bhfeidhm iontu, a chosc; féadfar criosanna cosanta agus faireachais a áireamh le crios srianta, nuair is ábhartha;

(40) ciallaíonn ‘crios cosanta’ crios ina bhfuil cás amháin galair nó níos mó, rud a shuitear tar éis dearbhú oifigiúil ar ráig, áit ina gcuirtear bearta rialaithe galar i bhfeidhm le leathadh an ghalair ón gcrios sin a sheachaint;

(41) ciallaíonn ‘crios faireachais’ crios arna shuíomh tar éis dearbhú oifigiúil ar ráig, agus atá lonnaithe thart timpeall ar an gcrios cosanta, áit ina gcuirtear bearta rialaithe galar i bhfeidhm le leathadh an ghalair ón gcrios sin agus ón gcrios cosanta a chosc;

(42) ciallaíonn ‘uibheacha goir’ uibheacha arna mbreith ag éanlaith chlóis, a bheartaítear lena ngor;

(43) ciallaíonn ‘crúbaigh’ ainmhithe atá liostaithe in Iarscríbhinn II;

(44) ciallaíonn ‘bunaíocht táirgí geirmeacha’:

(a)     bunaíocht le táirgí geirmeacha a bhailiú, a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil;

(b)     gorlann;

(45) ciallaíonn ‘gorlann’ bunaíocht ina ndéantar uibheacha a bhailiú, a stóráil, a ghor agus a ghoradh chun áil leis an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)     uibheacha le haghaidh goraidh;

(b)     sicíní lae nó goróga de speicis eile;

(46) ciallaíonn ‘iompróir’ oibreoir a iompraíonn ainmhithe ar a chuntas féin, nó thar ceann tríú páirtí:

(47) ciallaíonn ‘bunaíocht theoranta’ aon bhunaíocht bhuan, atá teoranta go geografach, arna cruthú ar bhonn deonach, agus arna formheas chun críche gluaiseachtaí, áit a mbaineann an méid seo a leanas leis na hainmhithe:

(a) coimeádtar nó póraítear iad chun críocha taispeántas, oideachais, caomhnaithe speiceas nó taighde;

(b) tá siad iata agus scartha amach ón timpeallacht thart timpeall orthu;

(c) tá siad faoi réir dianfhaireachais sláinte ainmhithe agus dianbheart bithshlándála;

(48) ciallaíonn ‘oibríocht tionóla’ ainmhithe talún ar coimeád a thionól ó níos mó ná bunaíocht amháin nó ar feadh tréimhse níos giorra ná an tréimhse chónaithe a cheanglaítear don speiceas sin ainmhithe;

(49) ciallaíonn ‘tréimhse chónaithe’ an tréimhse íosta a cheanglaítear go bhfanfaidh ainmhí ag bunaíocht sula n‑aistreofar é ón mbunaíocht sin;

(50) ciallaíonn ‘IMSOC’ an córas bainistíochta faisnéise ríomhairithe dá bhforáiltear le hAirteagal 130(1) de Rialachán (EU) Uimh. XXX/XXX [Oifig na bhFoilseachán: Uimhir le cur isteach - maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile];

(51) ciallaíonn ‘bunaíocht rialaithe galar do bhia uisceach’ bunaíocht bia atá formheasta i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

(a)     Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, maidir le próiseáil ainmhithe dobharshaothraithe chun críocha bia ;

(b)     Airteagal 177 den Rialachán seo maidir le marú ainmhithe uisceacha chun críocha rialaithe galar i gcomhréir le Teideal II de Chuid III;

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le leasuithe ar liosta na n‑ainmhithe seo a leanas :

(a)     peataí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I;

(b)     crúbaigh atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

Caibidil 2 Galair liostaithe agus galair atá ag teacht chun cinn agus speicis liostaithe

Airteagal 5  Galair a liostú

1.           Na rialacha sonracha ó thaobh galair de le haghaidh coisc agus rialú galar dá bhforáiltear sa Rialachán seo, beidh feidhm acu maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     galair liostaithe;

(b)     galair atá ag teacht chun cinn.

2.           Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta galar liostaithe, dá dtagraítear i mír 1(a).

Is éard a bheidh sa liosta galair a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo, ag cur san áireamh na gcritéar atá leagtha síos in Airteagal 6 maidir le galair a liostú:

(a)     galair ar dealraitheach tionchar suntasach a bheith acu ar cheann amháin díobh seo ar a laghad:

(i)      sláinte phoiblí;

(ii)      táirgeadh talmhaíochta nó dobharshaothraithe nó earnálacha gaolmhara den gheilleagar;

(iii)     an tsochaí sna Ballstáit agus, nuair is iomchuí, i dtríú tíortha;

(iv)     an comhshaol;

(b)     galair a bhfuil bearta maolaithe riosca ar fáil ina leith, nó ar féidir iad a fhorbairt agus atá comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis an ngalar sin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar ar riosca atá ag teacht chun cinn é a bhfuil tionchar an‑suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3).

Airteagal 6 Critéir maidir le galair a liostú

1.           Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na critéir seo a leanas agus iad ag cinneadh an gcomhlíonann galar na coinníollacha atá le liostú i gcomhréir le hAirteagal 5(2)

(a)     próifíl an ghalair, ina mbeidh an méid seo a leanas:

(i)      na speicis ainmhithe lena mbaineann an galar;

(ii)      rátaí galrachta agus mortlaíochta an ghalair i ndaonraí ainmhithe;

(iii)     nádúr zónóiseach an ghalair;

(iv)     an acmhainn maidir le frithsheasamh a fhorbairt i gcoinne cóireálacha;

(v)     dianseasmhacht an ghalair i ndaonraí ainmhithe nó sa chomhshaol;

(vi)     róid agus luas tharchur na ngalar idir ainmhithe agus nuair is ábhartha idir ainmhithe agus daoine;

(vii)    láithreacht nó neamhláithreacht an ghalair agus a dháileadh san Aontas, agus, i gcás nach bhfuil an galar i láthair san Aontas, an riosca maidir lena thabhairt isteach san Aontas;

(viii)   uirlisí diagnóiseacha agus uirlisí rialaithe gala a bheith ann;

(b)     tionchar an ghalair ar an méid seo a leanas:

(i)      táirgeadh talmhaíochta agus dobharshaothraithe agus codanna eile den gheilleagar;

– leibhéal láithreachta an ghalair san Aontas;

– caillteanas táirgthe de dheasca galair;

– caillteanais eile;

(ii)      sláinte an duine:

– in‑tarchurthacht idir ainmhithe agus daoine;

– in‑tarchurthacht idir daoine;

– déine foirmeacha daonna an ghalair;

– cosc nó cóireáil leighis éifeachtach a bheith ar fáil do dhaoine;

(iii)     leas ainmhithe;

(iv)     bithéagsúlacht agus truailliú an chomhshaoil;

(c)     a acmhainneacht éigeandáil a chruthú agus a úsáid fhéideartha sa bhithsceimhlitheoireacht;

(d)     indéantacht, infhaighteacht agus éifeachtacht na mbeart coisctheach agus rialaithe galar seo a leanas:

(i)      uirlisí agus acmhainní diagnóiseacha;

(ii)      vacsaíniú;

(iii)     cóireálacha leighis;

(iv)     bearta bithshlándála;

(v)     srianta ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí;

(vi)     dealú agus diúscairt ainmhithe;

(e)     tionchar beart coisctheach agus rialaithe galar maidir leis an méid seo a leanas:

(i)      na costais dhíreacha agus indíreacha do na hearnálacha buailte agus don gheilleagar ina iomláine;

(ii)      a n‑inghlacthacht sa tsochaí;

(iii)     leas na bhfodhaonraí ainmhithe ar coimeád agus fiáine atá buailte;

(iv)     an comhshaol agus bithéagsúlacht.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le leasuithe ar na critéir dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo le hascnamh teicniúil agus eolaíoch agus na forbairtí ar chaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a chur san áireamh.

Airteagal 7 Speicis a liostú

1.           Na rialacha sonracha do ghalair liostaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus na rialacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, beidh feidhm acu maidir le speicis liostaithe.

2.           Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta galar, dá dtagraítear i mír 1.

Is éard a bheidh ar an liosta na speicis ainmhithe sin nó na grúpaí speiceas ainmhithe, a bhfuil riosca suntasach ag baint leo ó thaobh leata galar liostaithe sonrach de, ag cur san áireamh na gcritéar seo a leanas:

(a)     leochaileacht an daonra ainmhithe atá i mbaol;

(b)     fad na tréimhse goir agus na tréimhse ionfhabhtaíche do na hainmhithe;

(c)     cumas na n‑ainmhithe sin na galair shonracha sin a iompar.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar ar riosca atá ag teacht chun cinn é a bhfuil tionchar an‑suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3).

Airteagal 8 Rialacha coisctheacha agus rialaithe a chur i bhfeidhm maidir le galair liostaithe

1.           Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cur i bhfeidhm rialacha coisctheacha agus rialaithe, dá dtagraítear sna pointí seo a leanas, maidir le galair liostaithe:

(a)     galair liostaithe faoi réir rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(i)      feasacht agus ullmhacht maidir le galair dá bhforáiltear i dTeideal I de Chuid III agus bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal II de Chuid III;

(ii)      roinnt i ndeighleoga dá bhforáiltear in Airteagal 37(1);

(b)     galair liostaithe atá faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar maidir le:

(i)      cláir dhíothaithe éigeantacha dá bhforáiltear in Airteagal 30(1);

(ii)      Ballstáit agus criosanna saor ó ghalair dá bhforáiltear in Airteagal 36;

(iii)     roinnt i ndeighleoga dá bhforáiltear in Airteagal 37(2);

(iv)     bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid III.

(c)     galair liostaithe faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar maidir le:

(i)      díothú éigeantach dá bhforáiltear in Airteagal 30(2);

(ii)      Ballstáit agus criosanna saor ó ghalair dá bhforáiltear in Airteagal 36;

(iii)     roinnt i ndeighleoga dá bhforáiltear in Airteagal 37(2);

(iv)     bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid III.

(d)     galair liostaithe faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar maidir leis an méid seo a leanas:

(i)      gluaiseacht laistigh den Aontas dá bhforáiltear i gCaibidlí 3 go 7 de Theideal I agus i gCaibidlí 2, 3 agus 4 de Theideal II de Chuid IV;

(ii)      teacht isteach san Aontas agus onnmhairiú ón Aontas dá bhforáiltear i gCuid V.

(e)     galair liostaithe atá faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar maidir leis an méid seo a leanas:

(i)      fógra agus tuairisc a thabhairt dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de chuid II;

(ii)      faireachas dá bhforáiltear i gCaibidil 2 de Chuid II.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar ar riosca atá ag teacht chun cinn é a bhfuil tionchar an‑suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3).

2.           Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na gcritéar seo a leanas agus gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 1 á nglacadh aige :

(a)     leibhéal tionchair an ghalair ar shláinte ainmhithe agus poiblí, leas ainmhithe agus an geilleagar;

(b)     leitheadúlacht, ráta tarlaithe agus dáileadh an ghalair san Aontas;

(c)     infhaighteacht, indéantacht agus éifeachtacht na sraitheanna éagsúla beart coisctheacha agus rialaithe galar dá bhforáiltear sa Rialachán seo i ndáil leis an ngalar.

Caibidil 3 Cúraimí maidir le sláinte ainmhithe

Roinn 1 oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí

Airteagal 9 Cúraimí maidir le bearta sláinte ainmhithe agus bithshlándála

1.           Déanfaidh oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí an méid a leanas:

(a)     beidh siad freagrach as sláinte ainmhithe ar coimeád agus táirgí atá faoina gcúram;

(b)     déanfaidh siad bearta iomchuí bithshlándála, ag cur san áireamh na rioscaí a bhaineann leo, chun sláinte na n‑ainmhithe ar coimeád agus na dtáirgí sin a áirithiú agus chun teacht isteach, forbairt agus iolrú galar a sheachaint i measc na n‑ainmhithe sin ar coimeád agus na dtáirgí sin atá faoina gcúram agus leathadh galar eatarthusan agus uathusan a sheachaint, ach amháin nuair a údaraítear amhlaidh go sonrach chun críoch eolaíoch, mar is iomchuí sna cásanna seo a leanas:

(i)      na catagóirí agus speicis ainmhithe ar coimeád agus táirgí;

(ii)      an cineál táirgthe.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le bearta bithshlándála lena bhforlíontar na rialacha atá leagtha síos i mír 1(b) den Airteagal seo.

Airteagal 10 Buneolas ar shláinte ainmhithe

1.           Gheobhaidh oibreoirí agus gairmithe ainmhithe eolas ar an méid seo a leanas:

(a)     galair ainmhithe, lena n‑áirítear na galair is in‑tarchurtha go daoine;

(b)     prionsabail bhithshlándála;

(c)     an idirghníomhaíocht idir sláinte ainmhithe, leas ainmhithe agus sláinte an duine.

2.           Beidh an cineál eolais agus an leibhéal eolais a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1 ag brath ar an méid seo a leanas:

(a)     na catagóirí agus speicis ainmhithe ar coimeád agus táirgí faoina gcúram;

(b)     an cineál táirgthe;

(c)     na cúraimí arna gcur i gcrích.

3.           Gheofar an t‑eolas dá bhforáiltear i mír 1 ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)     taithí nó oiliúint ghairmiúil;

(b)     cláir atá ann cheana in earnálacha na talamhaíochta nó an dobharshaothraithe is ábhartha do shláinte ainmhithe;

(c)     oideachas foirmiúil.

Roinn 2 tréidlianna agus gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha

Airteagal 11 Freagrachtaí tréidlianna agus gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha

1.           Déanfaidh tréidlianna an méid seo a leanas agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí a thagann laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)     déanfaidh siad na bearta uile is gá chun tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar a chosc;

(b)     áiritheoidh siad luathbhrath galar trí dhiagnóis cheart agus trí dhiagnóis dhifreálach a dhéanamh le galar a chur as an áireamh nó a dhearbhú, sula dtosaítear ar airíonna a chóireáil;

(c)     beidh ról gníomhach acu sa mhéid seo a leanas:

(i)      múscailt feasachta faoi shláinte ainmhithe;

(ii)      galair a chosc;

(iii)     luathbhrath galar agus freagairt thapa orthu.

(d)     comhoibriú leis an údarás inniúil, oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí i gcur i bhfeidhm na mbeart coisctheach agus rialaithe galar dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2.           Féadfaidh gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha tabhairt faoi ghníomhaíochtaí atá sannta do thréidlianna sa Rialachán seo i ndáil le hainmhithe uisceacha ar an gcoinníoll go bhfuil siad údaraithe faoin reachtaíocht náisiúnta an méid sin a dhéanamh. Sa chás sin, beidh feidhm ag mír 1 maidir leis na gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha sin.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le cáilíochtaí tréidlianna agus gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha a thugann faoi ghníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Roinn 3 Na Ballstáit

Airteagal 12 Freagrachtaí na mBallstát

1.           Chun a áirithiú go bhfuil sé de chumas ag an údarás inniúil do shláinte ainmhithe na bearta is gá agus is iomchuí a dhéanamh agus na gníomhaíochtaí a chur i gcrích mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an méid seo a leanas aige:

(a)     foireann cháilithe, saoráidí, trealamh, acmhainní airgeadais agus eagrúchán éifeachtach lena gcumhdaítear críoch iomlán an Bhallstáit;

(b)     rochtain ar shaotharlanna a bhfuil foireann cháilithe iontu, saoráidí, trealamh agus acmhainní airgeadais lena áirithiú go ndéanfar diagnóis agus diagnóis dhifreálach thapa agus chruinn ar ghalair liostaithe agus ar ghalair atá ag teacht chun cinn;

(c)     tréidlianna atá oilte go leordhóthanach agus atá gafa leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2.           Tacóidh na Ballstáit le hoibreoirí agus gairmithe ainmhithe an buneolas faoi shláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 10 a fháil, a chothabháil agus a fhorbairt, trí bhíthin clár ábhartha in earnálacha na talmhaíochta nó an dobharshaothraithe nó trí bhíthin oideachais fhoirmiúil.

Airteagal 13  Gníomhaíochtaí oifigiúla eile á dtarmligean ag údarás inniúil

1.           Féadfaidh an t‑údarás inniúil ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a tharmligean chuig tréidlianna:

(a)     gníomhaíochtaí a bhaineann le fógra agus tuairisc a thabhairt dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de chuid II agus faireachas dá bhforáiltear i gCaibidil 2 den chuid sin;

(b)     gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)      feasacht, ullmhacht agus rialú maidir le galair dá bhforáiltear i gCuid III;

(ii)      clárú, formheas, inrianaitheacht agus gluaiseachtaí dá bhforáiltear i gCuid IV;

(iii)     bearta éigeandála dá bhforáiltear i gCuid VI.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an méid seo a leanas :

(a)     na himthosca agus coinníollacha maidir le gníomhaíochtaí dá bhforáiltear i mír 1 a tharmligean;

(b)     na gníomhaíochtaí eile a fhéadfar a tharmligean chuig tréidlianna sa bhreis ar na cinn dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus na himthosca agus na coinníollacha faoinar féidir é a dhéanamh;

(c)     ceanglais íosta maidir le hoiliúint tréidlianna dá bhforáiltear in Airteagal 12(1)(c).

Cuirfidh an Coimisiún san áireamh nádúr na gcúraimí sin agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát, agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh.

Airteagal 14 Faisnéis phoiblí

I gcás ina bhfuil foras réasúnta le bheith in amhras go mbaineann riosca le hainmhithe nó táirgí, déanfaidh an t‑údarás inniúil na céimeanna is iomchuí chun an pobal a chur ar an eolas faoi nádúr an riosca agus faoi na bearta a rinneadh nó atá le déanamh leis an riosca sin a chosc nó a rialú, ag cur san áireamh nádúr, thromchúis agus fhairsinge an riosca sin agus gur chun leas an phobail atá sé bheith ar an eolas faoi.

Roinn 4 saotharlanna, saoráidí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a láimhseálann oibreáin ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile

Airteagal 15 Oibleagáidí ar shaotharlanna, saoráidí agus daoine eile a láimhseálann oibreáin ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile

1.           Déanfaidh saotharlanna, saoráidí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a láimhseálann oibreáin ghalar chun críocha taighde, oideachais, diagnóise nó táirgthe vacsaíní nó táirgí bitheolaíocha eile an méid seo a leanas, agus caighdeáin idirnáisiúnta á gcur san áireamh acu nuair atá siad ann:

(a)     bearta iomchuí bithshlándála, bithshábháilteachta agus bithimshrianta a dhéanamh le go seachnófar éalú oibreán galair agus a dteagmháil iardain le hainmhithe lasmuigh den tsaotharlann, nó saoráid eile a láimhseálann oibreáin ghalair chun críocha taighde;

(b)     a áirithiú nach n‑eascróidh riosca maidir le galar liostaithe agus galair atá ag teacht chun cinn as gluaiseacht oibreán galair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile idir saotharlanna, agus saoráidí eile.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le bearta sábháilteacha do shaotharlanna, saoráidí agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha a láimhseálann oibreáin ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíochta eile i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)     bearta bithshlándáil, bithshábháilteachta agus bithimshrianta;

(b)     ceanglais ghluaiseachta d’oibreáin ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile.

CUID II FÓGRA AGUS TUAIRISC A THABHAIRT I LEITH GALAR, FAIREACHAS, CLÁIR DHÍOTHAITHE, STÁDAS SAOR Ó GHALAIR

Caibidil 1 Fógra agus tuairisc a thabhairt i leith galar

Airteagal 16 Fógra a thabhairt laistigh de na Ballstáit

1.           Tabharfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha fógra láithreach do na daoine seo a leanas:

(a)     an t‑údarás inniúil má bhriseann galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e) amach nó má tá amhras faoina leithéid;

(b)     tréidlia a bhíonn ag gabháil do mhortlaíochtaí neamhghnácha nó airíonna galar thromchúiseach eile nó rátaí táirgthe atá laghdaithe go suntasach gan aon chúis chinntithe leo in ainmhithe le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe, lena n‑áirítear sampláil le haghaidh scrúdú saotharlainne nuair a dhlítear amhlaidh.

2.           Féadfaidh Ballstáit a chinneadh go gcuirfear na fógraí dá bhforáiltear i mír 1(b) faoi bhráid an údaráis inniúil.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     critéir lena chinneadh an ann do na himthosca a cheanglaítear fógra ina leith atá tuairiscithe i mír 1(b) den Airteagal seo:

(b)     rialacha mionsonraithe maidir le tuilleadh imscrúdaithe dá bhforáiltear i mír 1(b) den Airteagal seo.

Airteagal 17 Fógra a thabhairt don Aontas

1.           Tabharfaidh Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i leith aon ráigeanna galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e) a gceanglaítear fógra a thabhairt láithreach ina leith le cur chun feidhme tráthúil aon bheart bainistithe riosca a áirithiú, ag cur san áireamh phróifíl an ghalair.

2.           Beidh an fhaisnéis seo a leanas faoin ráig san fhógra dá bhforáiltear i mír 1:

(a)     an t‑oibreán galair agus, nuair is ábhartha, an fochineál;

(b)     na dátaí a raibh amhras ann faoin ráig agus ar ar dearbhaíodh an ráig;

(c)     láthair na ráige;

(d)     aon ráigeanna gaolmhara;

(e)     na hainmhithe atá buailte leis an ráig;

(f)      aon bhearta rialaithe galar arna ndéanamh i ndáil leis an ráig;

(g)     tionscnamh féideartha nó aitheanta an ghalair liostaithe;

(h)     na modhanna diagnóiseacha arna n‑úsáid.

3.           Suífidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe cé na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e) a bheidh faoi réir fógra láithreach ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Airteagal 18 Tuairisc a thabhairt don Aontas

1.           Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún agus do na Ballstáit eile an fhaisnéis faoi ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e) a mbaineann an méid seo a leanas leo:

(a)     ní cheanglaítear fógra a thabhairt láithreach faoi ráigeanna i gcomhréir le hAirteagal 17(1);

(b)     ceanglaítear fógra a thabhairt láithreach faoi ráigeanna i gcomhréir le hAirteagal 17(1), ach ceanglaítear faisnéis bhreise a thuairisciú don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i leith:

(i)      faireachas i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 29;

(ii)      clár díothaithe i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 35;

2.           Áireofar faisnéis ar an méid seo a leanas sna tuarascálacha dá bhforáiltear i mír 1:

(a)     brath na ngalar liostaithe dá dtagraítear i mír 1;

(b)     torthaí faireachais nuair a cheanglaítear iad i gcomhréir le rialacha a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 29(b)(ii);

(c)     torthaí clár faireachais nuair a cheanglaítear iad i gcomhréir le hAirteagal 27(3) agus rialacha a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 29(b)(ii);

(d)     cláir dhíothaithe nuair a cheanglaítear amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 33 agus rialacha atá leagtha síos i ngníomh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 35;

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le leasú agus forlíonadh na gceanglas i mír 2 den Airteagal seo agus tuairisciú faoi chúrsaí eile nuair is gá le cur i bhfeidhm éifeachtúil na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar sa Rialachán seo a áirithiú.

Airteagal 19 Rialacha comhchoiteanna maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas

1.           Tabharfar an fógra agus an tuairisc don Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) agus in Airteagal 18(1) ag tráthanna agus minicíochtaí a áiritheoidh cur i bhfeidhm trédhearcach agus tráthúil na mbeart bainistithe riosca is gá, ag cur san áireamh an méid seo a leanas:

(a)     próifíl an ghalair;

(b)     an cineál ráige.

2.           Bunóidh na Ballstáit réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus tuairiscithe chun críche fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) agus in Airteagal 18(1).

Airteagal 20 Córas faisnéise ríomhairithe le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair

Bunóidh agus bainisteoidh an Coimisiún córas faisnéise ríomhairithe chun sásraí agus uirlisí a oibriú do na ceanglais maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19.

Airteagal 21 Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme leagfaidh an Coimisiún síos rialacha maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagail 17 go 20 i leith:

(a)          an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit sa bhfógra agus sa tuairisc don Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) agus Airteagal 18(1);

(b)          nósanna imeachta do bhunú agus úsáid an chórais faisnéise ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 20 agus bearta idirthréimhseacha le haghaidh aistriú na sonraí agus na faisnéise ó na córais atá ann cheana go dtí an córas nua agus a inoibritheachta iomláine;

(c)          formáid agus struchtúr na sonraí atá le hiontráil ar an gcóras faisnéise ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 20;

(d)          spriocdhátaí agus minicíochtaí na bhfógraí agus na dtuairiscí don Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) agus Airteagal 18(1);

(e)          réigiún maidir le fógra a thabhairt don Aontas agus tuairisciú dá bhforáiltear in Airteagal 19(2).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Caibidil 2 Faireachas

Airteagal 22 Oibleagáid na n‑oibreoirí maidir le faireachas

Chun críche láithreacht galar liostaithe agus galar atá ag teacht chun cinn a bhrath, déanfaidh oibreoirí an méid seo a leanas:

(a)          sláinte agus iompraíocht ainmhithe atá faoina gcúram a fhorbhreithniú;

(b)          aon athruithe ar na gnáthpharaiméadair tháirgthe sna bunaíochtaí, ainmhithe nó táirgí geirmeacha faoina gcúram a bhreathnú, a bhféadfadh amhras a theacht astu gur galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn is cúis leo;

(c)          mortlaíochtaí neamhghnácha agus airíonna eile galar tromchúiseach a lorg in ainmhithe faoina gcúram.

Airteagal 23 Cuairteanna sláinte ainmhithe

1.           Áiritheoidh oibreoirí go bhfaighidh bunaíochtaí faoina gcúram cuairteanna sláinte ainmhithe ó thréidlia nuair is iomchuí, i ngeall ar rioscaí a bhaineann leis an mbunaíocht, ag cur an méid seo a leanas san áireamh:

(a)     an cineál bunaíochta;

(b)     catagóir agus speiceas na n‑ainmhithe ar coimeád sa bhunaíocht;

(c)     faireachas ábhartha, scéimeanna ráthaíochta cáilíochta nó rialuithe oifigiúla ar bith eile a mbíonn ainmhithe ar coimeád agus cineálacha bunaíochtaí faoina réir.

Tarlóidh na cuairteanna sláinte ainmhithe sin ag minicíochtaí atá comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis an mbunaíocht.

Féadfar iad a chomhcheangal le cuairteanna chun críocha eile.

2.           Beidh na cuairteanna sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1 chun críocha an méid seo a leanas:

(a)     comharthaí ar bith a léiríonn go bhfuil galair liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn a bhrath;

(b)     comhairle a thabhairt don oibreoir faoi bhithshlándáil agus ábhair eile sláinte ainmhithe, de réir mar is iomchuí don chineál bunaíochta agus do na catagóirí agus na speicis ainmhithe ar coimeád sa bhunaíocht.

Airteagal 24 Tarmligean cumhachtaí i dtaca le cuairteanna sláinte ainmhithe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)          lena bhforlíontar an méid seo a leanas:

(i)      na critéir atá leagtha síos in Airteagal 23(1) atá le cur san áireamh agus an méid seo a leanas á chinneadh:

– na cineálacha bunaíochta nach mór a bheith faoi réir cuairteanna sláinte ainmhithe;

– minicíocht na gcuairteanna sláinte ainmhithe sin;

(ii)     na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 23(2) maidir le hábhar agus minicíocht na gcuairteanna sláinte ainmhithe do na cineálacha éagsúla bunaíochtaí, lena áirithiú go mbaintear amach cuspóirí na gcuairteanna sláinte ainmhithe;

(b)          na cineálacha bunaíochta a chinneadh nach foláir a bheith faoi réir cuairteanna sláinte ainmhithe;

Airteagal 25 Oibleagáid an údaráis inniúil i dtaca le faireachas

1.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil faireachas do láithreacht na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e) agus na ngalar atá ag teacht chun cinn.

2.           Ceapfar an faireachas le brath tráthúil láithreacht na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e) agus na ngalar atá ag teacht chun cinn a áirithiú trí fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an staid ghalair a bhailiú, a thiomsú agus a anailísiú.

3.           Áiritheoidh an t‑údarás inniúil go mbaileofar agus go n‑úsáidfear an fhaisnéis faoi fhaireachas, dá bhforáiltear i mír 1, ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

Airteagal 26 Modheolaíocht, minicíocht agus déine an fhaireachais

Beidh ceapadh, meáin, modhanna diagnóiseacha, minicíocht, déine, daonra ainmhithe spriocdhírithe, agus patrúin samplála an fhaireachais dá bhforáiltear in Airteagal 25(1) iomchuí agus comhréireach le cuspóirí an fhaireachais, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh :

(a)          próifíl an ghalair;

(b)          na fachtóirí riosca lena mbaineann;

(c)          an stádas sláinte sna háiteanna seo a leanas:

(i)      sa Bhallstát, crios nó deighleog de atá faoi réir faireachais ;

(ii)     sna Ballstáit agus tríú tíortha nó tríú críocha, atá ina dteorann leis an mBallstát, crios nó deighleog sin nó óna dtagann ainmhithe agus táirgí isteach sa Bhallstát, crios nó deighleog sin;

(d)          faireachas arna dhéanamh ag oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 22, nó ag údaráis phoiblí eile.

Airteagal 27 Cláir faireachais

1.           Tabharfaidh an t‑údarás inniúil faoin bhfaireachas dá bhforáiltear in Airteagal 25(1) faoi chuimsiú cláir faireachais, nuair atá gá le faireachas struchtúrtha i ngeall ar an méid seo a leanas:

(a)     próifíl an ghalair;

(b)     na fachtóirí riosca lena mbaineann.

2.           Déanfaidh Ballstát a bhunaíonn clár faireachais i gcomhréir le mír 1 an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoin gclár sin.

3.           Déanfaidh Ballstát a thugann faoi chlár faireachais i gcomhréir le mír 1 tuairiscí rialta ar thorthaí an chláir fhaireachais sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Airteagal 28 Cumhachtaí a tharmligean

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)          ceapadh, meáin, modhanna diagnóiseacha, minicíocht, déine, daonra spriocdhírithe ainmhithe, agus patrúin shamplála faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 26;

(b)          na critéir maidir le dearbhú oifigiúil agus sainmhínithe cáis galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e) agus nuair is ábhartha galar atá ag teacht chun cinn;

(c)          ceanglais maidir le cláir faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) i dtaca leis an méid seo a leanas:

(i)      ábhair na gclár faireachais;

(ii)     an fhaisnéis atá le háireamh agus cláir faireachais á dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 27(2) agus i dtuarascálacha rialta i gcomhréir le hAirteagal 27(3);

(iii)     tréimhse chur i bhfeidhm na gclár faireachais.

Airteagal 29 Cumhachtaí cur chun feidhme

Déanfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais a leagan síos maidir le faireachas agus cláir faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 26 agus Airteagal 27 agus rialacha a glacadh de bhun Airteagal 28 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)          a shuíomh cé na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e) atá le bheith faoi réir clár faireachais;

(b)          formáid agus nós imeachta don mhéid seo a leanas:

(i)      cláir faireachais chun críocha faisnéise a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile;

(ii)     tuairisciú don Choimisiún ar thorthaí an fhaireachais.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Caibidil 3 Cláir dhíothaithe

Airteagal 30 Cláir dhíothaithe éigeantacha agus dheonacha

1.           Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil saor ó cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(e) ina gcríoch iomlán nó i gcriosanna nó deighleoga ábhartha díobh, nó nach eol go bhfuil siad saor uathu, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)     clár a bhunú le galar a dhíothú nó lena léiriú go bhfuiltear saor ón ngalar liostaithe sin, a chuirfear i gcrích sna daonraí ainmhithe lena mbaineann an galar sin agus a chuimsíonn codanna ábhartha dá gcríocha, criosanna nó deighleoga díobh (‘clár díothaithe éigeantach’);

(b)     an dréachtchlár díothaithe éigeantach a chur faoi bhráid an Choimisiúin, lena fhormheas;

2.           Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil saor ó cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(c), nó nach eol go bhfuil siad saor uathu, agus a chinneann clár díothaithe an ghalair liostaithe sin a bhunú atá le cur i gcrích sna daonraí ainmhithe lena mbaineann agus lena gcumhdaítear na codanna ábhartha dá gcríoch nó criosanna nó deighleoga ábhartha díobh (‘clár díothaithe deonach’) cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin é lena fhormheas.

3.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formheas ar an méid seo a leanas:

(a)     dréachtchláir dhíothaithe éigeantacha arna gcur faoina bhráid lena formheas i gcomhréir le mír 1;

(b)     dréachtchláir dhíothaithe dheonacha arna gcur faoina bhráid lena formheas i gcomhréir le mír 2;

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar liostaithe ar riosca atá ag teacht chun cinn é a bhfuil tionchar an‑suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach dá bhforáiltear i bpointe (a) den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 255(3).

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cláir dhíothaithe arna bhformheas i gcomhréir le pointí (a) agus (b) a leasú nó a fhoirceannadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     cuspóirí, straitéisí rialaithe galar agus spriocanna idirmheánacha na gclár díothaithe éigeantach agus deonach;

(b)     maoluithe ón gceanglas maidir le tíolacadh clár díothaithe éigeantach agus clár díothaithe deonach lena bhformheas, dá bhforáiltear i mír 1(b) agus i mír 2 den Airteagal seo, i gcás nach gá an formheas sin i ngeall ar rialacha a ghlacadh maidir leis na cláir sin i gcomhréir le hAirteagal 31(2), Airteagal 34(2) agus Airteagal 35.

(c)     an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le maoluithe ón gceanglas maidir le formheas clár díothaithe éigeantach agus formheas clár díothaithe deonach dá bhforáiltear i (b).

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 lena leasaítear nó lena bhfoirceanntar rialacha arna nglacadh de bhun phointe (b) den mhír seo.

Airteagal 31 Bearta faoi na cláir dhíothaithe éigeantacha agus dheonacha

1.           Beidh ar a laghad an méid seo a leanas sna cláir dhíothaithe éigeantacha agus sna cláir dhíothaithe dheonacha:

(a)     bearta rialaithe galar leis an oibreán galair a dhíothú ó bhunaíochtaí, deighleoga agus criosanna ina dtarlaíonn an galar agus le hath‑ionfhabhtú a sheachaint.

(b)     faireachas arna chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 26 go hAirteagal 29 leis an méid seo a leanas a thaispeáint:

(i)      éifeachtacht na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i bpointe (a);

(ii)      saoirse ón ngalar liostaithe;

(c)     bearta rialaithe galar atá le déanamh i gcás torthaí dearfacha faireachais.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1(a);

(b)     bearta rialaithe galar atá le déanamh le hath‑ionfhabhtú an daonra ainmhithe spriocdhírithe leis an ngalar i dtrácht a sheachaint, i mbunaíochtaí, criosanna agus deighleoga;

(c)     ceapadh, meáin, modhanna diagnóiseacha, minicíocht, déine, daonra ainmhithe spriocdhírithe agus patrúin samplála an fhaireachais dá bhforáiltear in Airteagal 26;

(d)     bearta rialaithe galar atá le déanamh i gcás torthaí dearfacha don ghalar liostaithe dá bhforáiltear i mír 1(c);

(e)     vacsaíniú.

Airteagal 32 Ábhar na gclár díothaithe éigeantach agus deonach a thíolactar

Áireoidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas sna hiarratais ar chláir dhíothaithe éigeantacha agus dheonacha arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 30(1) agus (2):

(a)          tuairisc ar staid eipidéimeolaíoch an ghalair liostaithe a chuimsítear faoin gclár díothaithe éigeantach nó deonach;

(b)          tuairisc agus críochú an limistéir gheografaigh agus riaracháin a chuimsítear faoin gclár díothaithe éigeantach nó deonach;

(c)          tuairisc ar bhearta rialaithe galar an chláir dhíothaithe éigeantaigh nó dheonaigh dá bhforáiltear in Airteagal 31(1) agus na rialacha a glacadh de bhun Airteagal 31(2)

(d)          fad measta thréimhse an chláir dhíothaithe éigeantaigh nó dheonaigh;

(e)          na spriocanna idirmheánacha agus na straitéisí rialaithe galar le tabhairt faoin gclár díothaithe éigeantach nó deonach;

(f)           anailís ar chostais mheasta agus sochair mheasta an chláir dhíothaithe éigeantaigh nó dheonaigh.

Airteagal 33 Tuairisciú

Déanfaidh an Ballstát a bhfuil an clár díothaithe éigeantach nó deonach á thabhairt ar láimh aige an méid seo a leanas a chur faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)          tuarascálacha idirmheánacha rialta le faireachán a dhéanamh ar spriocanna idirmheánacha, dá dtagraítear in Airteagal 32(e), na gclár éigeantach nó deonach leanúnach.

(b)          tuarascáil chríochnaitheach nuair atá sé tugtha chun críche.

Airteagal 34 An tréimhse ina gcuirtear na cláir dhíothaithe i bhfeidhm

1.           Beidh feidhm ag cláir dhíothaithe éigeantacha agus dheonacha:

(a)     go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le cur isteach ar stádas saor ó ghalair i gcríoch an Bhallstáit nó i gcrios dá bhforáiltear in Airteagal 36(1), nó i ndeighleog, dá bhforáiltear in Airteagal 37(1); nó

(b)     i gcás clár díothaithe deonach, go dtí nach féidir na coinníollacha maidir le cur isteach ar stádas saor ó ghalair a bhaint amach agus nach gcomhlíonann an clár sin a chuspóir a thuilleadh; sa chás sin, tarraingeoidh an t‑údarás inniúil nó an Coimisiún siar é i gcomhréir leis an nós imeachta faoinar bunaíodh é.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na ceanglais dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh agus a leasú i ndáil le tréimhse chur i bhfeidhm na gclár díothaithe éigeantach agus deonach.

Airteagal 35 Cumhachtaí cur chun feidhme

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leagfaidh an Coimisiún síos an fhaisnéis, an fhormáid agus na ceanglais nós imeachta maidir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 30 go hAirteagal 33 i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a)          dréachtchláir dhíothaithe éigeantacha agus dheonacha a thíolacadh lena bhformheas;

(b)          táscairí feidhmíochta;

(c)          an tuairisciú don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar thorthaí chur chun feidhme na gclár díothaithe éigeantach nó deonach.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Caibidil 4 Stádas saor ó ghalair

Airteagal 36 Ballstáit agus criosanna saor ó ghalair

1.           Féadfaidh Ballstát iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar stádas saor ó ghalair a fhormheas do cheann amháin nó níos mó de na galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c) dá chríoch iomlán, nó do chrios amháin nó níos mó de ar an gcoinníoll go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta acu:

(a)     nach bhfuil ceann ar bith de na speicis liostaithe don ghalar a chuimsítear san iarratas ar stádas saor ó ghalar i láthair i gcríoch iomlán an Bhallstáit nó sa chrios ábhartha nó sna criosanna ábhartha a chuimsítear san iarratas sin;

(b)     is eol nach féidir leis an oibreán galair fanacht beo i gcríoch iomlán an Bhallstáit, nó sa chrios ábhartha nó sna criosanna ábhartha a chuimsítear san iarratas;

(c)     i gcás galar liostaithe nach dtarchuirtear ach trí veicteoirí, nach bhfuil aon cheann de na veicteoirí i láthair, nó is eol nach féidir leo fanacht beo i gcríoch iomlán an Bhallstáit, nó sa chrios ábhartha nó sna criosanna ábhartha a chuimsítear san iarratas;

(d)     taispeánadh saoirse ón ngalar liostaithe tríd an méid seo a leanas:

(i)      clár díothaithe a chomhlíonann na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 31(1) agus na rialacha atá glactha de bhun mhír 2 den Airteagal sin; nó

(ii)      sonraí stairiúla agus faireachais.

2.           Sna hiarratais ar stádas saor ó ghalair áireoidh na Ballstáit fianaise chun bunús a thabhairt go bhfuil na coinníollacha do stádas saor ó ghalar atá leagtha síos i mír 1 comhlíonta acu.

3.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, faoi réir leasuithe nuair is gá, iarratais ó Bhallstáit ar stádas saor ó ghalair a fhormheas, nuair atá na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 1agus mír 2 comhlíonta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Airteagal 37 Deighleoga

1.           Féadfaidh Ballstát iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar aitheantas stádais saor ó ghalair i ndeighleoga i gcás galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a), agus ar chosaint an stádais saor ó ghalair sin sa deighleog sin i gcás ráige galair amháin nó níos mó de na galair liostaithe ina chríoch ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)     is féidir teacht isteach an ghalair liostaithe nó na ngalar liostaithe a chuimsítear faoin iarratas sin a chosc ar leibhéal deighleoige, ag cur san áireamh phróifíl an ghalair;

(b)     tá an deighleog a chumhdaítear san iarratas faoi réir córais bhainistithe bhithshlándála chomhchoiteann aonair le stádas saor ó ghalar na mbunaíochtaí uile atá ina gcodanna di a áirithiú;

(c)     tá an deighleog a chumhdaítear leis an iarratas formheasta ag an údarás chun críocha gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí na n‑ainmhithe sin i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(i)      Airteagal 94 agus Airteagal 95 i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus táirgí na n‑ainmhithe sin;

(ii)      Airteagal 181 agus Airteagal 182 i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí na n‑ainmhithe sin.

2.           Féadfaidh Ballstát iarratas a chur isteach chuig an gCoimisiún ar aitheantas stádais saor ó ghalair do dheighleoga i gcás galair liostaithe amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c), ar an gcoinníollacha seo a leanas:

(a)     is féidir teacht isteach an ghalair liostaithe nó na ngalar liostaithe a chuimsítear faoin iarratas sin a chosc ar leibhéal deighleoige, ag cur san áireamh phróifíl an ghalair;

(b)     go gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(i)      na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 36(1)(a) go (d):

(ii)      go dtosaíonn bunaíochtaí na deighleoige a ngníomhaíochtaí nó go dtosaíonn siad in athuair agus go bhfuil córas bainistithe bithshlándála comhchoiteann bunaithe acu le saoirse ó ghalar sa deighleog a áirithiú;

(c)     tá córas bainistithe bithshlándála comhchoiteann ar bun ag oibreoirí a rialaíonn bunaíochtaí na deighleoige lena áirithiú go ráthaítear stádas saor ó ghalair sa deighleog;

(d)     tá an deighleog a chumhdaítear leis an iarratas formheasta ag an údarás chun críocha gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí na n‑ainmhithe sin i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(i)      Airteagal 94 agus Airteagal 95 i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus táirgí na n‑ainmhithe sin;

(ii)      Airteagal 181 agus Airteagal 182 i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí na n‑ainmhithe sin.

3.           Sna hiarratais ó na Ballstáit ar aitheantas stádais saor ó ghalair i ndeighleoga i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 áireofar fianaise chun bunús a thabhairt go bhfuil na coinníollacha atá leagtha síos sna míreanna sin comhlíonta.

4.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, faoi réir leasuithe nuair is gá, iarratais ó Bhallstáit ar stádas saor ó ghalair sna deighleoga a aithint, nuair atá na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 1 nó mír 2 agus mír 3 comhlíonta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

5.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     na ceanglais maidir le stádas saor ó ghalair i ndeighleoga a aithint, dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, ag cur san áireamh phróifíl na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a), (b) agus (c), maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(i)      faireachas agus fianaise eile a bhfuil gá leis le bunús a thabhairt don tsaoirse ó ghalair;

(ii)      bearta bithshlándála.

(b)     na rialacha mionsonraithe le formheas ag an údarás inniúil maidir le stádas saor ó ghalair na ndeighleog dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo;

(c)     deighleoga, atá suite i gcríoch Ballstáit amháin nó níos mó.

Airteagal 38 Liostaí criosanna nó deighleog atá saor ó ghalair

Déanfaidh gach Ballstát liosta nuashonraithe a bhunú agus a chothabháil den mhéid seo a leanas:

(a)          críoch nó criosanna saor ó ghalair dá bhforáiltear in Airteagal 36(1);

(b)          stádas saor ó ghalar i ndeighleoga dá bhforáiltear in Airteagal 37(1) agus (2).

Déanfaidh na Ballstáit na liostaí sin a chur ar fáil don phobal.

Airteagal 39 Tarmligean cumhachtaí maidir le stádas saor ó ghalair na mBallstát agus na gcriosanna

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)          rialacha mionsonraithe maidir le stádas saor ó ghalair Ballstát agus criosanna díobh ag cur san áireamh na bpróifílí éagsúla galair maidir leis an méid seo a leanas:

(i)      na critéir atá le húsáid chun bunús a thabhairt le héilimh ó na Ballstáit nach bhfuil aon speicis liostaithe i láthair nó ábalta fanacht beo agus an fhianaise a cheanglaítear le bunús a thabhairt leis na héilimh sin, dá bhforáiltear in Airteagal 36(1);

(ii)     na critéir atá le húsáid chun bunús a thabhairt nach bhfuil aon oibreán galair ná veicteoir ábalta fanacht beo agus an fhianaise a cheanglaítear le bunús a thabhairt leis na héilimh sin, dá bhforáiltear in Airteagal 36(1)(b) agus (c);

(iii)     na critéir atá le húsáid le saoirse ón ngalar a chinneadh, dá dtagraítear in Airteagal 36(1)(d) ;

(iv)    faireachas agus fianaise eile a bhfuil gá leis chun bunús a thabhairt le saoirse ó ghalair;

(v)     bearta bithshlándála;

(vi)    srianta agus coinníollacha maidir le vacsaíniú sna Ballstáit agus sna criosanna díobh atá saor ó ghalair ;

(vii)    bunú na gcriosanna lena ndeighltear na criosanna saor ó ghalair nó criosanna faoin gclár díothaithe ó na criosanna srianta (‘criosanna maolánacha’);

(viii)   criosanna a shíneann thar chríoch Ballstáit amháin nó níos mó.

(b)          maoluithe ón gceanglas maidir le formheas ón gCoimisiún ar stádas saor ó ghalair i gcás galar liostaithe amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c) dá bhforáiltear in Airteagal 36(1), i gcás nach bhfuil gá leis an bhformheas sin i ngeall ar rialacha mionsonraithe maidir le saoirse ó ghalair a bheith leagtha síos sna rialacha a glacadh de bhun phointe (a) den Airteagal seo;

(c)          an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit don Choimisiún agus do na Ballstáit eile chun bunús a thabhairt leis na dearbhuithe stádais saor ó ghalair, gan an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36(3), dá bhforáiltear i bpointe (b) den Airteagal seo.

Airteagal 40 Cumhachtaí cur chun feidhme

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais maidir le stádas saor ó ghalair críoch, criosanna agus deighleog a leagan síos maidir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 36, Airteagal 37 agus Airteagal 38, agus rialacha atá leagtha síos i ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 39 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)          a shuíomh cé na galair as na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a), (b) agus (c), a bhféadfar na deighleoga saor ó ghalair a bhunú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 37;

(b)          na ceanglais maidir leis an bhfaisnéis atá le tíolacadh, agus an fhormáid agus nósanna imeachta maidir leis an méid seo a leanas:

(i)      na hiarratais ar an stádas saor ó ghalair do chríoch iomlán an Bhallstáit, nó criosanna agus deighleoga di;

(ii)     an malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún faoi na Ballstáit, nó na criosanna agus deighleoga díobh, saor ó ghalair .

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Airteagal 41 Stádas saor ó ghalair a choinneáil

1.           Ní choinneoidh na Ballstáit stádas saor ó ghalair dá gcríocha, nó criosanna nó deighleoga díobh, ach a fhad is a dhéanfar an méid seo a leanas:

(a)     go leantar de na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar atá leagtha síos in Airteagal 36(1) agus 37(1) agus (2), agus na rialacha atá leagtha síos de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus Airteagal 39 a chomhlíonadh;

(b)     go dtugtar faoi fhaireachas, ag cur san áireamh na gceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 26, lena fhíorú go bhfanann an chríoch, crios nó deighleog saor ón ngalar liostaithe ar tugadh formheas ina leith nó a aithníodh le haghaidh stádais saor ó ghalair;

(c)     go gcuirtear srianta i bhfeidhm ar ghluaiseachtaí ainmhithe, agus nuair is ábhartha a dtáirgí, de speicis liostaithe don ghalar liostaithe ar tugadh stádas saor ó ghalair ina leith nó a aithníodh amhlaidh, isteach sa chríoch, crios nó deighleog, i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i gCuid IV nó Cuid V;

(d)     go gcuirtear bearta bithshlándála eile i bhfeidhm chun teacht isteach an ghalair liostaithe ar tugadh formheas ina leith nó a aithníodh le haghaidh stádais saor ó ghalair a chosc.

2.           Cuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an eolas láithreach mura bhfuil feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 maidir le stádas saor ó ghalar a choinneáil.

3.           Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 253, maidir leis na coinníollacha seo a leanas le stádas saor ó ghalair a choinneáil:

(a)     faireachas dá bhforáiltear i mír 1(b);

(b)     bearta faireachais dá bhforáiltear i mír 1(c).

Airteagal 42 Stádas saor ó ghalair a fhionraí, a aistarraingt agus a thabhairt ar ais

1.           I gcás ina bhfuil cúis ag Ballstát bheith in amhras gur sáraíodh aon cheann de na coinníollacha maidir lena stádas mar Bhallstát, crios nó deighleog atá saor ó ghalair a choinneáil, déanfaidh sé an méid seo a leanas láithreach:

(a)     gluaiseachtaí an speicis liostaithe a fhionraí, don ghalar liostaithe a bhfuarthas formheas nó aitheantas ina leith do stádas saor ó ghalair, isteach i mBallstáit, criosanna nó deighleoga eile a bhfuil stádas sláinte níos airde acu don ghalar liostaithe sin

(b)     nuair is ábhartha le leathadh galair liostaithe a bhfuarthas formheas nó aitheantas ina leith do stádas saor ó ghalar a chosc, na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i dTeideal II de Chuid III a chur i bhfeidhm.

2.           Cuirfear deireadh leis na bearta dá bhforáiltear i mír 1 i gcás ina ndearbhófar an méid seo a leanas trí tuilleadh imscrúdaithe:

(a)     níor tharla an sarú a rabhthas in amhras faoi; nó

(b)     ní raibh iarmhairt shuntasach ag an sarú a rabhthas in amhras faoi agus tá na Ballstáit in ann ráthaíochtaí a thabhairt go bhfuil na coinníollacha maidir lena stádas saor ó ghalar a choinneáil comhlíonta in athuair.

3.           I gcás ina ndearbhaítear trí thuilleadh imscrúdaithe arna dhéanamh ag an mBallstát go bhfuil dóchúlacht shuntasach ann go raibh ann don ghalar liostaithe a bhfuarthas stádas saor ó ghalair ina leith nó gur tharla sáruithe suntasacha eile ar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a choinneáil, cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas láithreach.

4.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, formheas an stádais saor ó ghalair arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 36(3) a aistarraingt ó Bhallstát nó ó chrios, nó aitheantas an stádais saor ó ghalair i ndeighleog arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 37(4) tar éis an fhaisnéis a fháil ón mBallstát dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a choinneáil a thuilleadh.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo, i gcás ina leathann an galar liostaithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar bhealach tapa agus riosca ann go mbeidh tionchar an‑suntasach ar shláinte ainmhithe agus phoiblí, ar an ngeilleagar nó ar an tsochaí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3).

5.           Tabharfadh de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na rialacha i dtaca le stádas saor ó ghalair a fhionraí, a aistarraingt nó a thabhairt ar ais dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.

CUID III FEASACHT FAOI GHALAIR, ULLMHACHT AGUS RIALÚ

TEIDEAL I Feasacht faoi ghalair agus ullmhacht

Caibidil 1 Pleananna teagmhais agus freachnaimh ionsamhlúcháin

Airteagal 43 Pleananna teagmhais

1.           Déanfaidh na Ballstáit pleananna teagmhais agus, nuair is gá, lámhleabhair treoracha ina leagtar síos na bearta atá le déanamh sa Bhallstát má tharlaíonn cás nó ráig de ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) nó de ghalar atá ag teacht chun cinn a tharraingt suas agus a choimeád cothrom le dáta chun ardleibhéal feasachta faoi ghalair, ullmhacht ina leith agus freagairt thapa orthu a áirithiú.

2.           Cumhdóidh na pleananna teagmhais agus, nuair is infheidhme, na lámhleabhair treoracha na hábhair seo a leanas ar a laghad:

(a) bunú slabhra ceannais laistigh den údarás inniúil agus le húdaráis phoiblí eile le próiseas cinnteoireachta tapa agus éifeachtach a áirithiú ar leibhéal na mBallstáit, agus ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil;

(b) an creat comhair idir an t‑údarás inniúil agus na húdaráis phoiblí eile atá gafa leis lena áirithiú go ndéanfar bearta ar bhealach comhleanúnach agus comhordaithe;

(c) rochtain ar an méid seo a leanas:

(i)      saoráidí;

(ii)      saotharlanna;

(iii)     trealamh;

(iv)     pearsanra;

(v)     cistí éigeandála;

(vi)     na hábhair agus na hacmhainní ábhartha eile go léir is gá leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) nó galair atá ag teacht chun cinn a dhíothú go tapa agus go héifeachtúil;

(d) infhaighteacht na n‑ionad agus na ngrúpaí seo a leanas a bhfuil an saineolas is gá acu le cuidiú leis an údarás inniúil:

(i)      ionad rialaithe galar lárnach feidhmiúil;

(ii)      ionaid réigiúnacha agus áitiúla rialaithe galar, de réir mar is iomchuí do staid riaracháin agus gheografach na mBallstát;

(iii)     sainghrúpaí oibríochtúla;

(e) cur chun feidhme na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal II do na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) agus do ghalair atá ag teacht chun cinn;

(f) forálacha maidir le vacsaíniú éigeandála nuair is iomchuí ;

(g) prionsabail maidir le críochú geografach na gcriosanna srianta arna mbunú ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 64(1);

(h) comhordú leis na Ballstáit chomharsanachta agus tríú tíortha comharsanachta agus tríú críocha comharsanachta, nuair is iomchuí.

Airteagal 44 Tarmligean cumhachtaí agus cumhachtaí cur chun feidhme do phleananna teagmhais

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le ceanglais agus coinníollacha mionsonraithe do phleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1) agus le ceanglais a leagtar síos in Airteagal 43(2) a fhorlíonadh ag chur san áireamh an méid seo a leanas:

(a)     cuspóirí na bpleananna teagmhais chun ardleibhéal feasachta faoi ghalair, ullmhacht ina leith agus freagairt thapa orthu a áirithiú;

(b)     próifíl galair na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a);

(c)     eolas nua faoi uirlisí rialaithe galar agus forbairtí orthu.

2.           Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais maidir le cur chun feidhme praiticiúil sna Ballstáit pleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1) maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     na hábhair dá bhforáiltear in Airteagal 43(2)(a) agus (c) go (h);

(b)     gnéithe oibríochtúla eile na bpleananna teagmhais sna Ballstáit;

(c)     ceanglais mhionsonraithe agus coinníollacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme praiticiúil na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Airteagal 45 Freachnaimh ionsamhlúcháin

1.           Áiritheoidh an t‑údarás inniúil go ndéanfar na freachnaimh ionsamhlúcháin a bhaineann le pleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1) a dhéanamh go rialta:

(a)     chun ardleibhéal feasachta faoi ghalair, ullmhacht ina leith agus freagairt thapa orthu a áirithiú sna Ballstáit;

(b)     chun feidhmiúlacht na bpleananna teagmhais sin a fhíorú.

2.           I gcás inar indéanta agus inar iomchuí é, déanfar freachnaimh ionsamhlúcháin i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla na mBallstát comharsanachta agus na dtríú tíortha agus tríú críocha comharsanachta.

3.           Arna iarraidh sin orthu cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar phríomhthorthaí na bhfreachnamh ionsamhlúcháin ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

4.           I gcás inar iomchuí agus is gá, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme praiticiúil freachnamh ionsamhlúcháin sna Ballstáit maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     minicíocht, ábhar agus formáid na bhfreachnamh ionsamhlúcháin;

(b)     freachnaimh ionsamhlúcháin a chumhdaíonn níos mó ná galar liostaithe amháin dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a);

(c)     comhoibriú idir Ballstáit chomharsanachta agus le tríú tíortha comharsanachta agus tríú críocha comharsanachta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Caibidil 2 Úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta le galair a chosc agus a rialú

Airteagal 46 Úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta le galair a chosc agus a rialú

1.           Féadfaidh na Ballstáit bearta a dhéanamh maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta do ghalair liostaithe, leis an gcosc nó rialú galar is éifeachtúla a áirithiú do na galair sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na bearta sin na rialacha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta arna leagan síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47.

Féadfar an méid seo a leanas a chumhdach sna bearta sin:

(a)     toirmisc agus srianta ar úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta;

(b)     úsáid éigeantach táirgí íocshláinte tréidliachta.

2.           Agus iad ag cinneadh cibé acu úsáid a bhaint as táirgí íocshláinte tréidliachta nó gan iad a úsáid agus conas táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid mar bhearta coisctheacha agus rialaithe galar i gcás galair liostaithe shonraigh, cuirfidh Ballstáit na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)     próifíl an ghalair;

(b)     dáileadh an ghalair liostaithe sna háiteanna seo a leanas:

(i)      sa Bhallstát;

(ii)      san Aontas;

(iii)     nuair is ábhartha, i dtríú tíortha comharsanachta agus tríú críocha comharsanachta;

(iv)     i dtríú tíortha agus tríú críocha óna dtugtar ainmhithe agus táirgí isteach san Aontas;

(c)     infhaighteacht, éifeachtacht agus rioscaí na dtáirgí íocshláinte tréidliachta;

(d)     infhaighteacht tástálacha diagnóiseacha chun ionfhabhtuithe in ainmhithe arna gcóireáil leis na táirgí íocshláinte tréidliachta a bhrath;

(e)     an tionchar eacnamaíoch, sóisialta, agus an tionchar ar leas ainmhithe agus ar an gcomhshaol ó úsáid na dtáirgí íocshláinte tréidliachta i gcomparáid le straitéisí eile coisctheacha agus rialaithe galar.

3.           Déanfaidh na Ballstáit bearta coisctheacha iomchuí maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta do staidéir eolaíocha nó chun críocha iad a fhorbairt agus a thástáil faoi choinníollacha rialaithe le sláinte ainmhithe agus phoiblí a chosaint.

Airteagal 47 Cumhachtaí maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta a tharmligean

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     toirmisc agus srianta ar úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta;

(b)     coinníollacha sonracha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta i gcás galair liostaithe shonraigh;

(c)     úsáid éigeantach táirgí íocshláinte tréidliachta;

(d)     bearta maolaithe riosca chun leathadh galar liostaithe trí ainmhithe arna gcóireáil le táirgí íocshláinte tréidliachta, nó trí tháirgí ó na hainmhithe sin, a chosc;

(e)     faireachas tar éis vacsaíní agus táirgí íocshláinte tréidliachta eile a úsáid i gcás galar liostaithe sonrach.

2.           Cuirfidh an Coimisiún na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 46(2) san áireamh agus na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo á leagan síos acu.

3.           I gcás rioscaí a bheith ag teacht chun cinn agus mórchúiseanna práinne a bheith ag éileamh amhlaidh, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 254 maidir le rialacha arna nglacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

Caibidil 3 Bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha

Airteagal 48 Bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhunú

1.           I gcás galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) nach dtoirmisctear vacsaíniú ina leith trí ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 47(1), féadfaidh an Coimisiún bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhunú agus bheith freagrach as iad a bhainistiú ó thaobh stórála agus athsholáthar stoc do cheann amháin nó níos mó de na táirgí bitheolaíochta seo a leanas:

(a)     antaiginí;

(b)     vacsaíní;

(c)     stoic máistir-shíolta do vacsaíní;

(d)     imoibrithe diagnóiseacha.

2.           Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfaidh bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais dá bhforáiltear i mír 1 an méid seo a leanas:

(a)     stoic leordhóthanacha de na cineálacha iomchuí antaiginí, vacsaíní, stoc máistir‑shíolta do vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha a stóráil do na galair liostaithe sonracha, ag cur san áireamh riachtanas na mBallstát arna meas i gcomhthéacs na bpleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1);

(b)     soláthairtí rialta a fháil agus athsholáthar tráthúil antaiginí, vacsaíní agus stoc máistir‑shíolta do vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha;

(c)     iad a chothabháil agus a aistriú de réir na gcaighdeán iomchuí bithshlándála, bithshábháilteachta agus bithimshrianta dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 15(2);

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     stoic bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhainistiú, a stóráil agus a athsholáthar dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2;

(b)     na ceanglais bithshlándála, bithshábháilteachta agus bithimshrianta lena n‑oibriú agus na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 15(2) á gcur san áireamh;

Airteagal 49 Rochtain ar bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais

1.           Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le seachadadh na dtáirgí bitheolaíocha dá dtagraítear in Airteagal 48(1) ó bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais arna iarraidh sin dó, ar an gcoinníoll go bhfuil na stoic ar fáil, chuig:

(a)     na Ballstáit;

(b)     triú tíortha nó tríú críocha, ar an gcoinníoll go mbeartaítear é go príomha le leathadh galar isteach san Aontas a chosc.

2.           Tabharfaidh an Coimisiún tús áite don rochtain dá bhforáiltear i mír 1 i gcás nach bhfuil ach infhaighteacht theoranta ar stoic ag cur san áireamh an méid seo a leanas:

(a)     imthosca an ghalair faoina ndearnadh an iarraidh;

(b)     banc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha a bheith sa Bhallstát nó tríú tír nó tríú críoch a dhéanann an iarraidh;

(c)     bearta Aontais maidir le vacsaíniú éigeantach arna leagan síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47(1) a bheith ann.

Airteagal 50 Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais lena sonraítear an méid seo a leanas i ndáil leis na táirgí bitheolaíocha dá dtagraítear in Airteagal 48(1):

(a)          cé na táirgí bitheolaíocha atá le háireamh i mbainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais agus faoi choinne cé na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a)

(b)          cineálacha na dtáirgí bitheolaíocha sin atá le háireamh i mbanc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais agus cé na cainníochtaí do gach galar liostaithe sonrach dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a), a bhfuil an banc ann dó;

(c)          na ceanglais maidir le soláthar, stóráil agus athsholáthar na dtáirgí bitheolaíocha sin;

(d)          seachadadh na dtáirgí bitheolaíocha sin ó bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais chuig na Ballstáit agus chuig tríú tíortha agus tríú críocha;

(e)          ceanglais nós imeachta agus theicniúla leis na táirgí bitheolaíocha sin a áireamh i mbainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais agus le rochtain a iarraidh orthu.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) ar riosca é a bhfuil tionchar an‑suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 255(3).

Airteagal 51 Rúndacht na faisnéise maidir le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais

Déileálfar le faisnéis faoi na cainníochtaí agus fochineálacha táirgí bitheolaíocha dá dtagraítear in Airteagal 48(1) arna stóráil i mbainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais mar fhaisnéis rúnaicmithe agus ní fhoilseofar í.

Airteagal 52 Bainc náisiúnta antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha

1.           Maidir le Ballstáit a bhfuil bainc náisiúnta antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) bunaithe acu do ghalair liostaithe a bhfuil bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais ann faoina gcoinne, áiritheoidh siad go gcomhlíonann a mbainc náisiúnta antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha na ceanglais bhithshlándála, bhithshábháilteachta agus bhithimshrianta dá bhforáiltear in Airteagal 15(1)(a) agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 15(2) agus Airteagal 48(3)(b).

2.           Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis atá cothrom le dáta don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     na bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha dá dtagraítear i mír 1 a bheith ann nó á mbunú;

(b)     na cineálacha antaiginí, vacsaíní, stoic máistir‑shíolta do vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha agus a gcainníochtaí sna bainc sin;

(c)     aon athruithe ar an gcaoi ina n‑oibrítear iad.

3.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos lena sonrófar ábhar, minicíocht, agus formáid na faisnéise arna cur isteach dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

TEIDEAL II Bearta rialaithe galar

Caibidil 1 Galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a)

Roinn 1 bearta rialaithe galar i gcás ina bhfuil amhras faoi ghalar a bheith ar ainmhithe ar coimeád

Airteagal 53 Oibleagáidí oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí

1.           I gcás amhras faoi ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, déanfaidh gairmithe ainmhithe, oibreoirí agus coimeádaithe peataí, sa bhreis ar fhógra a thabhairt i leith comharthaí nó amhrais don údarás inniúil agus do thréidlianna i gcomhréir le hAirteagal 16(1) agus ar feitheamh aon bheart rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 54(1) agus Airteagal 55(1), déanfaidh siad bearta iomchuí rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1)(c), (d) agus (e) le cosc a chur le leathadh an ghalair liostaithe sin ó na hainmhithe, bunaíochtaí agus láithreacha buailte atá faoina gcúram go hainmhithe eile nó go daoine.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 i dtaca leis na rialacha mionsonraithe maidir le forlíonadh beart rialaithe galar atá le déanamh ag oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí, dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 54 Imscrúdú arna dhéanamh ag an údarás inniúil i gcás amhras a bheith ann faoi ghalar liostaithe

1.           I gcás amhras faoi ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t‑údarás inniúil imscrúdú gan mhoill le láithreacht an ghalair liostaithe sin a dhearbhú nó a chur as an áireamh.

2.           Chun críocha an imscrúdaithe dá bhforáiltear i mír 1, áiritheoidh an t‑údarás inniúil, nuair is iomchuí, go ndéanfaidh tréidlianna oifigiúla an méid seo a leanas:

(a)     scrúdú cliniciúil ar shampla ionadaíoch de na hainmhithe ar coimeád ó na speicis liostaithe don ghalar liostaithe áirithe sin;

(b)     samplaí iomchuí a thógáil ó na hainmhithe ar coimeád sin de na speicis liostaithe agus samplaí eile le haghaidh scrúdú saotharlainne i saotharlanna arna n‑ainmniú chun na críche sin ag an údarás inniúil;

(c)     scrúdú saotharlainne a dhéanamh chun láithreacht an ghalair liostaithe sin a dhearbhú nó a chur as an áireamh.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na rialacha maidir leis an imscrúdú arna dhéanamh ag an údarás inniúil dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 55 Réamhbhearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil

1.           I gcás ina bhfuil amhras faoi ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t‑údarás inniúil na réamhbhearta rialaithe galar seo a leanas ar feitheamh thorthaí an imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 54(1) agus ar feitheamh dhéanamh na mbeart rialaithe galar i gcomhréir in Airteagal 61(1):

(a)     an bhunaíocht, teaghlach, gnólacht bia agus beatha nó bunaíocht seachtháirgí ainmhithe, nó aon láthair eile ina bhfuiltear in amhras faoi ghalar bheith ann, a chur faoi fhaireachas oifigiúil;

(b)     fardal a thiomsú den mhéid seo a leanas:

(i)      na hainmhithe ar coimeád sa bhunaíocht, teaghlach, gnólacht bia agus beatha nó bunaíocht bia agus beatha, nó aon láthair eile;

(ii)      na táirgí atá sa bhunaíocht, teaghlach, gnólacht bia agus beatha nó bunaíocht seachtháirgí ainmhithe, nó aon láthair eile inar ábhartha é ó thaobh leata an ghalair liostaithe sin de;

(c)     bearta bithshlándála iomchuí a chur i bhfeidhm le leathadh an oibreáin ghalair liostaithe sin go hainmhithe eile nó go daoine a chosc;

(d)     nuair is iomchuí chun leathadh breise an oibréain ghalair a chosc, na hainmhithe ar coimeád ó speicis liostaithe don ghalar liostaithe sin a choimeád leithlisithe, agus teagmháil le fiadhúlra a chosc;

(e)     gluaiseacht ainmhithe ar coimeád, táirgí agus, más iomchuí, daoine, feithiclí agus aon ábhair eile nó modha eile trína bhféadfadh an t‑oibreán galair leathadh go dtí mbunaíocht, teaghlaigh, bunaíochtaí gnólachta bia agus beatha, bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe nó ó aon láthair eile ina bhfuil amhras faoin ngalar liostaithe sin, nó uathu, a shrianadh a fhad agus is gá le leathadh an ghalair a chosc;

(f)      aon bhearta rialaithe galar eile is gá a dhéanamh, ag cur san áireamh na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i Roinn 4, maidir le:

(i)      cur i bhfeidhm an imscrúdaithe ag an údarás inniúil dá bhforáiltear in Airteagal 54(1) agus bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i bpointí (a) go (d) den mhír seo maidir le bunaíochtaí eile, aonaid eipidéimeolaíocha iontu, teaghlaigh, gnólachtaí bia agus beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe;

 (ii)     criosanna srianta sealadacha a bhunú, arb iomchuí iad ag cur san áireamh phróifíl an ghalair;

(g)     tús a chur leis an bhfiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1);

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na rialacha atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo maidir leis na bearta sonracha agus mionsonraithe rialaithe galar atá le déanamh ag brath ar an ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a), ag cur san áireamh na rioscaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)     an speiceas nó catagóir ainmhithe;

(b)     an cineál táirgthe.

Airteagal 56 Na réamhbhearta rialaithe galar a athbhreithniú agus a shíneadh

Maidir leis na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1) déanfar an méid seo a leanas:

(a)          athbhreithneoidh an t‑údarás inniúil iad, de réir mar is iomchuí, tar éis torthaí a fháil ón méid seo a leanas:

(i)      an t imscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 54(1);

(ii)     an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1);

(b)          iad a shíneadh tuilleadh go láithreacha eile dá dtagraítear in Airteagal 55(1)(e), nuair is gá.

Roinn 2 Fiosrúchán eipidéimeolaíoch

Airteagal 57 Fiosrúchán eipidéimeolaíoch

1.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil fiosrúchán eipidéimeolaíoch i gcás amhrais nó dearbhú faoi ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bheith ar ainmhithe

2.           Tá sé d’aidhm ag an bhfiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear i mír 1 an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)     foinse dóchúil an ghalair liostaithe agus an modh trínar leathadh é a shainaithint;

(b)     an tréimhse dhóchúil atá an galar liostaithe i láthair a ríomh;

(c)     bunaíochtaí teagmhála agus aonad eipidéimeolaíocha iontu, teaghlach, gnólacht bia agus beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe nó aon láithreacha eile a shainaithint ina bhféadfadh go ndearnadh ainmhithe de speicis liostaithe don ghalar liostaithe a bhfuiltear in amhras faoi a ionfhabhtú, a inmhíolú nó a éilliú.

(d)     faisnéis a fháil faoi ghluaiseachtaí ainmhithe ar coimeád, daoine, táirgí, feithiclí, aon ábhair nó aon mhodha eile trína bhféadtaí an galar a leathadh le linn na tréimhse ábhartha sular tugadh fógra faoin amhras nó dearbhú maidir leis an ngalar liostaithe;

(e)     faisnéis a fháil faoi leathadh dóchúil an ghalair liostaithe sa timpeallacht máguaird, lena n‑áirítear láithreacht agus dáileadh veicteoirí galair.

Roinn 3  galar ar ainmhithe ar coimeád a dhearbhú

Airteagal 58 Dearbhú oifigiúil ag an údarás inniúil ar ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a);

1.           Bunóidh an t‑údarás inniúil dearbhú oifigiúil ar ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)     torthaí na scrúduithe cliniciúla agus saotharlainne dá bhforáiltear in Airteagal 54(2);

(b)     an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1);

(c)     sonraí eipidéimeolaíocha eile atá ar fail.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na ceanglais atá le comhlíonadh don dearbhú oifigiúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 59 Na réamhbhearta rialaithe galar a chur i leataobh i gcás ina bhfuil láithreacht an ghalair liostaithe curtha as an áireamh

Leanfaidh an t‑údarás inniúil de na réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1) agus Airteagal 56 a chur i bhfeidhm, go dtí go gcuirfear láithreacht na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) as an áireamh bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 58(1) nó rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 58(2).

Roinn 4 bearta rialaithe galar i gcás ina bhfuil amhras faoi ghalar a bheith ar ainmhithe ar coimeád

Airteagal 60 Bearta rialaithe galar atá le déanamh láithreach ag an údarás inniúil

I gcás dearbhú oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 58(1) ar ráig galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) in ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t‑údarás inniúil an méid seo a leanas láithreach:

(a)          a dhearbhú go bhfuil an bhunaíocht, teaghlach, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí nó láthair eile atá buailte, ionfhabhtaithe go hoifigiúil leis an ngalar liostaithe sin;

(b)          crios srianta a bhunú, arb iomchuí é don ghalar liostaithe sin;

(c)          an plean teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1) a chur chun feidhme le comhordú iomlán na mbeart rialaithe galar a áirithiú.

Airteagal 61 Bunaíochtaí buailte agus láthair eile

1.           I gcás ráige galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) in ainmhithe ar coimeád i mbunaíocht, teaghlach, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí nó aon láthair eile, déanfaidh an t‑údarás inniúil ceann amháin níos mó de na bearta rialaithe galar seo a leanas láithreach le leathadh breise an ghalair liostaithe sin a chosc:

(a)     gluaiseachtaí a shrianadh do dhaoine, ainmhithe, táirgí, feithiclí nó aon ábhar nó substaint eile a d’fhéadfadh bheith éillithe agus a d'fhéadfadh cur le leathadh an ghalair liostaithe;

(b)     marú agus diúscairt ainmhithe nó marú ainmhithe a d'fhéadfadh a bheith éillithe agus a d'fhéadfadh cur le leathadh an ghalair liostaithe;

(c)     scrios, próiseáil, claochlú nó cóireáil táirgí, beatha nó aon substaintí eile, nó cóireáil trealaimh, modha iompair, plandaí nó táirgí plandaí, nó uisce a d’fhéadfadh a bheith éillithe, de réir mar is iomchuí lena áirithiú go scriostar aon oibreán galair nó aon veicteoir den oibreán galair;

(d)     vacsaíniú nó cóireáil ainmhithe ar coimeád le haon táirgí íocshláinte tréidliachta eile i gcomhréir le hAirteagal 46(1) agus aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47(1);

(e)     leithlisiú, cur i gcoraintín nó cóireáil ainmhithe agus táirgí ar dóchúil iad a bheith éillithe agus ag cur le leathadh an ghalair liostaithe;

(f)      glanadh, dífhabhtú, dímhíolú nó aon bhearta bithshlándála eile is gá a chur i bhfeidhm maidir leis an mbunaíocht, teaghlach, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí nó láithreacha eile atá buailte, d'fhonn an riosca go leathfadh an galar liostaithe a íoslaghdú;

(g)     líon leordhóthanach samplaí iomchuí a thógáil a bhfuil gá leo leis an bhfiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) a chomhlánú;

(h)     an scrúdú saotharlainne ar shamplaí.

2.           Agus cé na bearta is iomchuí a dhéanamh as na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 á gcinneadh, cuirfidh an t‑údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh:

(a)     próifíl an ghalair;

(b)     an cineál táirgthe agus na haonaid eipidéimeolaíocha laistigh den bhunaíocht, teaghlach, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí ainmhithe nó láthair eile atá buailte.

3.           Ní údaróidh an t‑údarás inniúil athdhaonrú na bunaíochta, teaghlaigh nó aon láithreach eile ach amháin nuair atá an méid seo a leanas curtha i gcrích:

(a)     na bearta iomchuí uile maidir le rialú galar agus na scrúduithe saotharlainne dá bhforáiltear i mír 1 a bheith curtha i gcrích go rathúil

(b)     tréimhse leordhóthanach a bheith gafa thart le cosc a chur le hath‑éilliú na bunaíochta, teaghlaigh, gnólacht bia nó beatha, bunaíochta seachtháirgí nó láithreach a bhí buailte leis an ngalar liostaithe a bhí ina chúis leis an ráig dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 62 Bunaíochtaí agus láithreacha a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu

1.           Leathnóidh an t‑údarás inniúil na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 61(1) go bunaíochtaí eile, aonaid eipidéimeolaíocha laistigh dóibh, teaghlaigh, gnólachtaí bia nó beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe, nó go haon láthair nó modh iompair eile i gcás ina dtugann an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) nó torthaí imscrúduithe cliniciúla nó saotharlainne nó sonraí eipidéimeolaíocha eile cúis le bheith in amhras faoi leathadh an ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a), a ndearnadh na bearta sin ina leith, chuig na haonaid sin, uathu nó tríothu.

2.           Má léirítear san fhiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) gurb é Ballstát eile áit tionscnaimh dhóchúil an ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) nó gur dóchúil gur leath an galar liostaithe sin go Ballstát eile, cuirfidh an t‑údarás inniúil an Ballstát ar an eolas faoin méid sin.

3.           Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát éagsúil i bhfiosrúchán eipidéimeolaíoch breise agus i gcur i bhfeidhm na mbeart rialaithe galar.

Airteagal 63 Cumhacht a tharmligean maidir le bearta rialaithe galar i mbunaíochtaí agus láithreacha atá buailte agus a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca le bearta rialaithe galar atá le déanamh ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 61 agus Airteagal 62 i mbunaíochtaí, gnólachtaí bia nó beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí agus láithreacha atá buailte agus a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu, i gcás aon ghalar dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a).

Cumhdóidh na rialacha mionsonraithe sin na hábhair seo a leanas:

(a)          na coinníollacha agus ceanglais do na bearta rialaithe galar, dá bhforáiltear in Airteagal 61(1)(a) go (e);

(b)          na nósanna imeachta do ghlanadh, dífhabhtú agus dímhíolú dá bhforáiltear in Airteagal 61(1)(f), lena sonraítear, nuair is iomchuí, úsáid táirgí bithicíde chun na gcríoch sin;

(c)          na coinníollacha agus ceanglais do shampláil agus scrúdú saotharlainne dá bhforáiltear in Airteagal 61(1)(g) go (h);

(d)          na coinníollacha mionsonraithe agus ceanglais maidir le hathdhaonrú dá bhforáiltear in Airteagal 61(3);

(e)          na bearta rialaithe galar is gá dá bhforáiltear in Airteagal 62 atá le cur i gcrích i mbunaíochtaí, láithreacha agus modhanna iompair a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu.

Airteagal 64 Criosanna srianta a bhunú ag na húdaráis inniúla

1.           Bunóidh an t‑údarás inniúil crios srianta timpeall ar an mbunaíocht, teaghlach, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí ainmhithe nó láthair eile atá buailte, inar tharla ráig an ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) in ainmhithe ar coimeád, nuair is iomchuí, ag cur san áireamh an méid seo a leanas:

(a)     próifíl an ghalair;

(b)     suíomh geografach na gcriosanna srianta;

(c)     fachtóirí éiceolaíocha agus hidreolaíocha na gcriosanna srianta;

(d)     na coinníollacha meitéareolaíocha;

(e)     láithreacht, dáileadh agus cineál veicteoirí sna criosanna srianta;

(f)      torthaí an fhiosrúcháin eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) agus staidéir eile arna ndéanamh agus sonraí eipidéimeolaíocha;

(g)     torthaí na dtástálacha saotharlainne;

(h)     na bearta rialaithe galar arna gcur i bhfeidhm.

Aireofar sa chrios srianta, nuair is iomchuí, crios cosanta agus faireachais de mhéid agus cumraíocht shainithe.

2.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú agus athbhreithniú ar bhonn leanúnach agus, nuair is iomchuí, chun leathadh an ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a chosc:

(a)     teorainneacha an chreasa shrianta a oiriúnú;

(b)     criosanna srianta breise a bhunú.

3.           I gcás ina bhfuil na criosanna srianta suite i gcríoch níos mó ná Ballstáit amháin, comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát sin leis na criosanna srianta dá bhforáiltear i mír 1 a bhunú.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le criosanna srianta a bhunú agus a leasú, lena n‑áirítear criosanna cosanta nó faireachais.

Airteagal 65 Bearta rialaithe galar i gcrios srianta

1.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil ceann amháin nó níos mó de na bearta rialaithe galar seo a leanas sa chrios srianta le leathadh breise an ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a chosc:

(a)     sainaithint bunaíochtaí, teaghlach, gnólachtaí bia agus beatha, bunaíochtaí seachtháirgí nó láithreacha eile ina bhfuil ainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe don ghalar liostaithe sin;

(b)     cuairteanna ar bhunaíochtaí, teaghlaigh, gnólachtaí bia agus beatha, bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe nó láithreacha eile ina bhfuil ainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe don ghalar liostaithe, agus, nuair is gá, scrúduithe, sampláil agus scrúdú saotharlainne ar shamplaí;

(c)     coinníollacha gluaiseachta maidir le gluaiseacht daoine, ainmhithe, táirgí, beatha, feithiclí agus aon ábhair nó substainte eile a d’fhéadfadh a bheith éillithe nó a d'fhéadfadh cur le leathadh an ghalair liostaithe sin laistigh de na criosanna srianta agus amach uathu agus maidir le hiompar trí na criosanna srianta;

(d)     ceanglais bhithshlándála maidir leis an méid seo a leanas:

(i)      táirgeadh, próiseáil agus dáileadh táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(ii)      bailiú agus diúscairt na seachtháirgí ainmhithe;

(iii)     inseamhnú saorga.

(e)     vacsaíniú agus cóireáil ainmhithe ar coimeád le haon táirgí íocshláinte tréidliachta eile i gcomhréir le hAirteagal 46(1) agus aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47(1);

(f)      glanadh, dífhabhtú agus dímhíolú;

(g)     ainmniú nó nuair is ábhartha, formheas bunaíochta gnólachta bia chun críocha ainmhithe a mharú nó táirgí de bhunadh ainmhíoch de thionscnamh criosanna srianta a chóireáil;

(h)     ceanglais maidir le sainaithint agus inrianaitheacht do ghluaiseacht ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(i)      bearta maolaithe riosca eile agus bearta bithshlándála eile chun rioscaí maidir le leathadh an ghalair liostaithe sin a íoslaghdú.

2.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil na bearta uile is gá leis na daoine sna criosanna srianta a chur go hiomlán ar an eolas faoi na srianta atá i bhfeidhm agus faoi chineál na mbeart rialaithe galar.

3.           Agus cé na bearta a dhéanfar as measc na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 á gcinneadh, cuirfidh an t‑údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh:

(a)     próifíl an ghalair;

(b)     na cineálacha táirgthe;

(c)     indéantacht, infhaighteacht agus éifeachtacht na mbeart rialaithe galar sin.

Airteagal 66 Oibleagáid oibreoirí i gcriosanna srianta

1.           Tabharfaidh oibreoirí a choimeádann ainmhithe agus táirgí i gcrios srianta dá bhforáiltear in Airteagal 64(1) fógra don údarás inniúil i leith aon ghluaiseachta ainmhithe ar coimeád agus táirgthe arna beartú, laistigh nó lasmuigh den chrios srianta.

2.           Ní aistreoidh siad na hainmhithe ar coimeád agus na táirgí ach amháin i gcomhréir le treoracha an údaráis inniúil.

Airteagal 67 Tarmligean cumhachtaí maidir le bearta rialaithe galar i gcriosanna srianta

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253, maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca le bearta rialaithe galar atá le déanamh i gcrios srianta dá bhforáiltear in Airteagal 65(1) do gach galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a).

Cumhdóidh na rialacha mionsonraithe sin na hábhair seo a leanas:

(a)          na coinníollacha agus ceanglais do na bearta rialaithe galar, dá bhforáiltear in Airteagal 65)(1)(a), (c), (d), (e), (g), (h) agus (i);

(b)          na nósanna imeachta do ghlanadh, dífhabhtú agus dímhíolú dá bhforáiltear in Airteagal 65(1)(f), lena sonraítear, nuair is iomchuí, úsáid táirgí bithicíde chun na gcríoch sin;

(c)          an faireachas is gá atá le déanamh tar éis na bearta rialaithe galar a chur i bhfeidhm agus scrúduithe saotharlainne dá bhforáiltear in Airteagal 65(1)(b);

(d)          bearta sonracha eile rialaithe galar le leathadh galar liostaithe sonrach dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a theorannú.

Airteagal 68 Bearta rialaithe galar a chothabháil i gcriosanna srianta agus gníomhartha tarmligthe

1.           Leanfaidh an t‑údarás inniúil de na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear sa Roinn seo a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh an méid seo a leanas curtha i gcrích.

(a)     na bearta rialaithe galar is iomchuí don ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) ar cuireadh na srianta i bhfeidhm ina leith a bheith déanta;

(b)     an glanadh, dífhabhtú nó dímhíolú críochnaitheach a bheith déanta mar is iomchuí maidir leis an méid seo a leanas:

(i)      an galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bhfuil na bearta rialaithe galar curtha i bhfeidhm ina leith;

(ii)      speicis buailte na n‑ainmhithe ar coimeád;

(iii)     an cineál táirgthe;

(c)     faireachas leordhóthanach, mar is iomchuí don ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bhfuil na bearta rialaithe galar curtha i bhfeidhm ina leith, agus don chineál bunaíochta nó láithreach, a bheith déanta sa chrios srianta ag tacú le díothú an ghalair liostaithe sin.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na rialacha mionsonraithe i dtaca leis na bearta rialaithe galar atá le déanamh ag an údarás inniúil dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)     nósanna imeachta críochnaitheacha glantacháin, dífhabhtaithe nó dímhíolaithe agus, nuair is iomchuí, úsáid táirgí bithicídí chun na gcríoch sin;

(b)     ceapadh, meáin, modhanna, minicíocht, déine, daonraí ainmhithe spriocdhírithe agus patrúin samplála an fhaireachais le stádas saor ó ghalair a bhaint amach arís tar éis ráige;

(c)     athdhaonrú na gcriosanna srianta tar éis na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a chur i gcrích, ag cur san áireamh na gcoinníollacha maidir le hathdhaonrú dá bhforáiltear in Airteagal 61(3);

(d)     bearta eile rialaithe galar is gá leis an stádas saor ó ghalair a bhaint amach arís .

Airteagal 69 Vacsaíniú éigeandála

1.           Nuair is ábhartha do rialú éifeachtach an ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bhfuil feidhm ag na bearta rialaithe galar, de bharr na ráige, ina leith, féadfaidh an t‑údarás inniúil an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)     plean vacsaínithe a fhorbairt;

(b)     criosanna vacsaínithe a bhunú.

2.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil, agus an plean vacsaínithe agus bunú na gcriosanna vacsaínithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo á gcinneadh aige, an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)     na ceanglais maidir le vacsaíniú éigeandála dá bhforáiltear sna pleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1);

(b)     na ceanglais maidir le húsáid vacsaíní dá bhforáiltear in Airteagal 46(1) agus aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47(1).

3.           Comhlíonfaidh criosanna vacsaínithe dá bhforáiltear i mír 1(b) den Airteagal seo na ceanglais maidir le bearta maolaithe riosca le leathadh na ngalar liostaithe a chosc agus maidir le faireachas mar atá leagtha amach i ngníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 47(1)(d) agus (e).

Roinn 5 Ainmhithe fiáine

Airteagal 70 Ainmhithe fiáine

1.           I gcás aon amhrais faoi ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bheith in ainmhithe fiáine, nó dearbhú oifigiúil air, déanfaidh an Ballstát atá buailte an méid seo a leanas:

(a)     nuair is ábhartha i gcás an ghalair liostaithe áirithe sin, faireachas a dhéanamh ar dhaonra na n‑ainmhithe fiáine;

(b)     na bearta coisctheacha agus rialaithe galar is gá a dhéanamh le leathadh breise an ghalair liostaithe sin a chosc.

2.           Leis na bearta coisctheacha agus rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1(b) cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a)     próifíl an ghalair;

(b)     na hainmhithe fiáine atá buailte;

(c)     na bearta rialaithe galar atá le déanamh i gcás amhrais faoi ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a bheith i gcriosanna srianta i measc ainmhithe ar coimeád, nó dearbhú oifigiúil air sin, de bhun rialacha a leagtar síos i Ranna 1 go 4.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     faireachas de bhun mhír 1(a);

(b)     bearta coisctheacha agus rialaithe galar de bhun mhír 1(b).

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh próifíl an ghalair agus na speicis liostaithe don ghalar liostaithe dá dtagraítear i mír 1.

Roinn 6 bearta breise rialaithe galar ag na Ballstáit, Comhordú ag an gCoimisiún agus rialacha rialaithe galar sealadacha ar leith

Airteagal 71 Bearta breise rialaithe galar ag na Ballstáit, comhordú beart ag an gCoimisiún agus rialacha rialaithe galar sealadacha ar leith maidir le Ranna 1 go 5

1.           Féadfaidh na Ballstáit bearta rialaithe galar a dhéanamh sa bhreis ar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 61(1), Airteagal 62, Airteagal 65(1) agus (2) agus Airteagal 68(1) agus i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 67 agus Airteagal 68(2), ar an gcoinníoll go mbeidh na bearta sin ag luí leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus go bhfuil siad riachtanach agus comhréireach le leathadh an ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) a rialú, ag cur san áireamh an méid seo a leanas:

(a)     na himthosca eipidéimeolaíocha ar leith;

(b)     na cineálacha bunaíochtaí, láithreacha eile agus táirgeadh;

(c)     catagóirí agus speicis na n‑ainmhithe lena mbaineann;

(d)     dálaí eacnamaíocha nó sóisialta.

2.           Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin méid seo a leanas gan mhoill:

(a)     na bearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil dá bhforáiltear in Airteagail 58, 59, 61, 62, 64 agus 65, Airteagal 68(1), Airteagal 69 agus Airteagal 70(1) agus (2) agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 63, Airteagal 67 agus Airteagal 68(2) agus Airteagal 70(3);

(b)     aon bhearta breise rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 arna nglacadh aige.

3.           Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar staid an ghalair agus na bearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil agus ar aon bhearta breise rialaithe galar arna nglacadh ag an mBallstát, i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus féadfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta speisialta rialaithe galar a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta, faoi choinníollacha atá iomchuí don staid eipidéimeolaíoch, sna cásanna seo a leanas:

(a)     meastar nach bhfuil na bearta rialaithe galar sin oiriúnach don staid eipidéimeolaíoch;

(b)     is dealraitheach go bhfuil an galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) ag leathadh in ainneoin na mbeart rialaithe galar arna nglacadh i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

4.           Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar ar riosca atá ag teacht chun cinn é a bhfuil tionchar an‑suntasach aige glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3).

Caibidil 2 Galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b)agus (c)

Roinn 1 Bearta rialaithe galar i gcás ina bhfuil amhras faoi ghalar a bheith ar ainmhithe ar coimeád

Airteagal 72 Oibleagáidí oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí

1.           I gcás amhrais faoi ghalair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, déanfaidh oibreoirí, gairmithe ainmhithe, agus coimeádaithe peataí, sa bhreis ar fhógra a thabhairt i leith comharthaí nó amhrais don údarás inniúil agus do thréidlianna i gcomhréir le hAirteagal 16(1) agus ar feitheamh aon bheart rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 74(1), déanfaidh siad bearta iomchuí rialaithe galar dá dtagraítear in Airteagal (74)(1)(a) agus aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 74(3) le cosc a chur le leathadh an ghalair liostaithe sin ó na hainmhithe, bunaíochtaí agus láithreacha buailte atá faoina gcúram go hainmhithe eile nó go daoine.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 i dtaca leis na rialacha mionsonraithe maidir le forlíonadh beart rialaithe galar atá le déanamh ag oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí, dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 73 Imscrúdú arna dhéanamh ag an údarás inniúil i gcás amhras faoi ghalar liostaithe

1.           I gcás amhrais faoi ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c) a bheith in ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t‑údarás inniúil imscrúdú gan mhoill le láithreacht an ghalair liostaithe sin a dhearbhú nó a chur as an áireamh.

2.           Chun críche an imscrúdaithe dá bhforáiltear i mír 1, áiritheoidh an t‑údarás inniúil, nuair is iomchuí, go ndéanfaidh tréidlianna oifigiúla an méid seo a leanas:

(a)     scrúdú cliniciúil ar shampla ionadaíoch de na hainmhithe ar coimeád de na speicis liostaithe don ghalar áirithe sin;

(b)     samplaí iomchuí a thógáil ó na hainmhithe ar coimeád de na speicis liostaithe agus samplaí eile le haghaidh scrúdú saotharlainne i saotharlanna arna n‑ainmniú chun na críche sin ag an údarás inniúil;

(c)     scrúdú saotharlainne a dhéanamh chun láithreacht an ghalair liostaithe áirithe sin a dhearbhú nó a chur as an áireamh.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na rialacha maidir leis an imscrúdú dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 74 Réamhbhearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil

1.           I gcás amhrais faoi ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c) a bheith in ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t‑údarás inniúil na réamhbhearta rialaithe galar seo a leanas, ar feitheamh thorthaí an imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 73(1) agus ar feitheamh dhéanamh beart rialaithe galar i gcomhréir in Airteagal 78(1) agus (2):

(a)     bearta rialaithe galar a chur i bhfeidhm le leathadh an ghalair liostaithe sin a shrianadh ón gcríoch, bunaíocht, teaghlach, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí nó láthair eile atá buailte;

(b)     nuair is gá, tús a chur le fiosrúchán eipidéimeolaíoch, ag cur san áireamh na rialacha maidir leis an imscrúdú sin dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) agus aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 57(2).

2.           Beidh na réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 iomchuí agus comhréireach leis an riosca a bhaineann leis an ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) nó (c) ag cur san áireamh an méid seo a leanas:

(a)     próifíl an ghalair;

(b)     na hainmhithe ar coimeád atá buailte;

(c)     stádas sláinte an Bhallstáit, creasa, deighleoga nó bunaíochta ina bhfuil amhras faoin galar liostaithe sin a bheith ann;

(d)     na réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1), Airteagal 56 agus aon ghníomh tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2).

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le rialacha lena bhforlíontar na rialacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, agus na hábhair dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á gcur san áireamh, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     na réamhbhearta rialaithe galar atá le déanamh le leathadh an ghalair liostaithe dá bhforáiltear i mír 1(a) a chosc;

(b)     cur i bhfeidhm na réamhbheart rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1(a) maidir le bunaíochtaí eile, aonaid eipidéimeolaíocha iontu, teaghlaigh, gnólachtaí bia agus beatha agus bunaíochtaí seachtháirgí nó láithreacha eile;

(c)     criosanna srianta sealadacha a bhunú, arb iomchuí iad i ngeall ar phróifíl an ghalair.

Airteagal 75 Na réamhbhearta rialaithe galar a athbhreithniú agus a shíneadh

Maidir leis na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 74(1) déanfar an méid seo a leanas:

(a)          déanfaidh an t‑údarás inniúil athbhreithniú orthu mar is iomchuí i ndiaidh thorthaí an imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 73(1) agus, nuair is ábhartha, torthaí an fhiosrúcháin eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 74(1)(b);

(b)          iad a shíneadh tuilleadh go láithreacha eile dá dtagraítear in Airteagal 74(3)(b), nuair is gá.

Roinn 2  galar ar ainmhithe ar coimeád a dhearbhú

Airteagal 76 Dearbhú oifigiúil de ghalar arna dhéanamh ag an údarás inniúil

1.           Bunóidh an t‑údarás inniúil dearbhú oifigiúil de ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) nó (c) ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)     torthaí na scrúduithe cliniciúla agus saotharlainne dá bhforáiltear in Airteagal 73(2);

(b)     an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 74(1)(b), nuair is ábhartha;

(c)     sonraí eipidéimeolaíocha eile atá ar fail.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na ceanglais atá le comhlíonadh don dearbhú oifigiúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 77 Réamhbhearta rialaithe galar a chur i leataobh nuair a chuirtear láithreacht galair as an áireamh

Leanfaidh an t‑údarás inniúil de na réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 74(1) agus Airteagal 75 a chur i bhfeidhm, go dtí go gcuirfear láithreacht na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) nó (c) as an áireamh i gcomhréir le hAirteagal 76(1) nó rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 76(2).

Roinn 3 Bearta rialaithe galar i gcás ina ndearbhaítear go bhfuil galar ar ainmhithe ar coimeád

Airteagal 78 Bearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil

1.           I gcás dearbhú oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 76(1) de ráig galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) in ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t‑údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)     i gcás Ballstáit, creasa nó deighleoige atá faoi réir cláir díothaithe éigeantaigh dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) don ghalar liostaithe sin, na bearta rialaithe galar atá leagtha síos sa chlár díothaithe éigeantach sin a chur i bhfeidhm;

(b)     i gcás Ballstáit, creasa nó deighleoige nach bhfuil fós faoi réir cláir díothaithe éigeantaigh dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) don ghalar liostaithe sin, tús a chur leis an gclár díothaithe éigeantach sin na bearta rialaithe galar atá leagtha síos ann a chur i bhfeidhm;

2.           I gcás dearbhú oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 76(1) de ráig galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(c) in ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t‑údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)     i gcás Ballstáit, creasa nó deighleoige atá faoi réir cláir díothaithe dheonaigh dá bhforáiltear in Airteagal 30(2) don ghalar liostaithe sin, na bearta rialaithe galar atá leagtha síos sa chlár díothaithe deonach sin a chur i bhfeidhm;

(b)     i gcás Ballstáit, creasa nó deighleoige nach bhfuil faoi réir cláir díothaithe dheonaigh dá bhforáiltear in Airteagal 30(2) don ghalar liostaithe sin, bearta lena leathadh a rialú agus a chosc, a chur i bhfeidhm, nuair is iomchuí;

3.           Beidh na bearta dá bhforáiltear i mír 2(b) den Airteagal seo comhréireach leis an riosca a bhaineann leis an ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(c) ag cur san áireamh an méid seo a leanas:

(a)     próifíl an ghalair;

(b)     na hainmhithe ar coimeád atá buailte;

(c)     stádas sláinte an Bhallstáit, limistéir, creasa, deighleoige nó bunaíochta ina bhfuil an galar liostaithe dearbhaithe go hoifigiúil;

(d)     na bearta rialaithe galar atá le déanamh sna bunaíochtaí, láithreacha eile agus criosanna srianta dá bhforáiltear i Roinn 4 de Chaibidil 1 den Teideal seo.

Airteagal 79 Tarmligean cumhachtaí do na bearta rialaithe galar atá le déanamh láithreach ag an údarás inniúil

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le bearta rialaithe galar atá le déanamh i gcás ráigeanna galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) nó (c) in ainmhithe ar coimeád dá bhforáiltear in Airteagal 78(2)(b) ag cur san áireamh na gcritéar dá bhforáiltear in Airteagal 78(3).

Roinn 4 Ainmhithe fiáine

Airteagal 80 Ainmhithe fiáine

1.           I gcás amhrais faoi ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) a bheith in ainmhithe fiáine, nó dearbhú oifigiúil de, déanfaidh an Ballstát atá buailte an méid seo a leanas:

(a)     i gcríoch iomlán an Bhallstáit, nó limistéar nó crios atá faoi réir cláir díothaithe éigeantaigh dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) don ghalar liostaithe sin, na bearta rialaithe galar atá leagtha síos sa chlár díothaithe éigeantach sin a chur i bhfeidhm;

(b)     i gcríoch iomlán an Bhallstáit, nó limistéar nó crios nach bhfuil fós faoi réir cláir díothaithe éigeantaigh dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) don ghalar liostaithe sin, tús a chur leis an gclár díothaithe éigeantach sin agus na bearta rialaithe galar atá leagtha síos ann a chur i bhfeidhm, nuair is iomchuí, lena leathadh a rialú agus a chosc;

2.           I gcás ráige galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(c) in ainmhithe fiáine, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit atá buailte an méid seo a leanas:

(a)     i gcríoch iomlán an Bhallstáit, nó sa limistéar, crios nó deighleog atá faoi réir cláir díothaithe dheonaigh dá bhforáiltear in Airteagal 30(2) don ghalar liostaithe sin, na bearta rialaithe galar atá leagtha síos sa chlár díothaithe deonach sin a chur i bhfeidhm;

(b)     i gcríoch iomlán an Bhallstáit, sa limistéar, crios nó deighleog nach bhfuil faoi réir cláir díothaithe dheonaigh dá bhforáiltear in Airteagal 30(2) don ghalar liostaithe sin, bearta lena leathadh a rialú agus a chosc, a chur i bhfeidhm, nuair is iomchuí;

3.           Leis na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 2(b) cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a)     próifíl an ghalair;

(b)     na hainmhithe fiáine atá buailte;

(c)     na bearta rialaithe galar atá le déanamh i gcás amhrais faoi ghalar liostaithe a bheith i gcriosanna srianta i measc ainmhithe ar coimeád, nó dearbhú oifigiúil de sin, de bhun rialacha a leagtar síos in Ranna 1 go 4 de Chaibidil 1 den Teideal seo.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na bearta rialaithe galar atá le déanamh i gcás ráigeanna galair liostaithe, dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) nó (c), in ainmhithe fiáine dá bhforáiltear i mír 2(b) den Airteagal seo.

Roinn 5 Comhordú an Choimisiúin agus rialacha rialaithe galar sealadacha ar leith

Airteagal 81 Bearta a chomhordú ag an gCoimisiún agus rialacha speisialta sealadacha maidir le Ranna 1 go 4

1.           Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi bhearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil i ndáil le galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) nó (c), i gcomhréir le hAirteagal 76(1), Airteagal 77 agus Airteagal 78 agus Airteagal 80(1) agus (2) agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 76(2), Airteagal 79 agus Airteagal 80(4).

2.           Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar staid an ghalair agus ar na bearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus féadfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha ar leith maidir le bearta rialaithe galar a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta ama i leith galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c), faoi choinníollacha atá iomchuí don staid eipidéimeolaíoch, sna cásanna seo a leanas:

(a)     meastar nach bhfuil na bearta rialaithe galar sin arna ndéanamh ag an údarás inniúil oiriúnach don staid eipidéimeolaíoch;

(b)     is dealraitheach go bhfuil an galar liostaithe sin dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) nó (c) ag leathadh in ainneoin na mbeart rialaithe galar arna nglacadh i gcomhréir leis an gCaibidil seo, nuair is ábhartha.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

3.           Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) nó (c) ar riosca atá ag teacht chun cinn é a bhfuil tionchar an‑suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3).

CUID IV CLÁRÚ, FORMHEAS, INRIANAITHEACHT AGUS GLUAISEACHTAÍ

TEIDEAL I Ainmhithe talún, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe talún

Caibidil 1 Clárú, formheas, coimeád taifead agus cláir

Roinn 1 Bunaíochtaí agus iompróirí a chlárú

Airteagal 82 An oibleagáid ar iompróirí bunaíochtaí a chlárú

1.           Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí a choimeádann ainmhithe talún nó a bhailíonn, a tháirgeann nó a stórálann táirgí geirmeacha na gníomhartha seo a leanas, chun go mbeidh siad cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 88, sula dtosóidh siad ar na gníomhaíochtaí sin:

(a)     an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon bhunaíocht den chineál sin a bhfuil siad freagrach aisti;

(b)     faisnéis a thabhairt don údarás inniúil maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)      ainm agus seoladh an oibreora;

(ii)      suíomh na saoráidí agus tuairisc orthu;

(iii)     catagóirí, speicis agus líonta ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha sa bhunaíocht agus cainníocht na bunaíochta;

(iv)     cineál na bunaíochta;

(v)     gnéithe eile den bhunaíocht atá ábhartha maidir leis an riosca atá léi a chinneadh.

2.           Cuirfidh oibreoirí bunaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 an t‑údarás inniúil ar an eolas faoi aon:

(a)     athruithe suntasacha sna bunaíochtaí a bhaineann le cúrsaí dá dtagraítear i mír 1(b);

(b)     stad le gníomhaíocht sa bhunaíocht.

3.           Ní bheidh sé de cheanglas ar bhunaíochtaí atá faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 89(1) an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt.

Airteagal 83 Maoluithe ón oibleagáid ar iompróirí na bunaíochtaí a chlárú

De mhaolú ar Airteagal 82(1), féadfaidh na Ballstáit catagóirí áirithe bunaíochtaí a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin, agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh acu:

(a)          catagóirí, speicis agus líonta na n‑ainmhithe talún ar coimeád agus na dtáirgí geirmeacha sa bhunaíocht agus cainníocht na bunaíochta;

(b)          cineál na bunaíochta;

(c)          gluaiseachtaí ainmhithe ar coimeád nó táirgí geirmeacha isteach sa bhunaíocht agus amach aisti.

Airteagal 84 Cumhachtaí cur chun feidhme maidir leis an oibleagáid ar iompróirí na bunaíochtaí a chlárú

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)          an fhaisnéis nach mór d’oibreoirí a thabhairt chun na bunaíochtaí a chlárú dá bhforáiltear in Airteagal 82(1);

(b)          na cineálacha bunaíochtaí a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 83 ar choinníoll go bhfuil riosca suntasach leis na bunaíochtaí sin agus na critéir dá bhforáiltear san Airteagal sin á gcur san áireamh.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Airteagal 85 Na hoibleagáidí clárúcháin ar iompróirí crúbach agus gníomhartha tarmligthe

1.           Déanfaidh iompróirí crúbach, a iompraíonn na hainmhithe sin idir na Ballstáit, na gníomhartha seo a leanas chun go mbeidh siad cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 88, sula dtosóidh siad ar na gníomhaíochtaí sin:

(a)     an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas faoina ngníomhaíocht;

(b)     faisnéis a thabhairt don údarás inniúil maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)      ainm agus seoladh an iompróra;

(ii)      catagóirí, speicis agus líonta na n‑ainmhithe talún ar coimeád;

(iii)     cineál an iompair;

(iv)     an modh iompair;

2.           Cuirfidh iompróirí an t‑údarás inniúil ar an eolas faoi aon:

(a)     athruithe suntasacha a bhaineann le cúrsaí dá dtagraítear i mír 1(b);

(b)     stad le gníomhaíocht iompair.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na rialacha a leasú agus a fhorlíonadh dá bhforáiltear i mír 1 maidir leis an oibleagáid ar chineálacha eile iompróirí an fhaisnéis a thabhairt chun críocha cláraithe gníomhaíochta, agus na rioscaí atá leis na modhanna iompair sin á gcur san áireamh aige.

Airteagal 86 Maoluithe ón oibleagáid iompróirí crúbach a chlárú

De mhaolú ar Airteagal 85(1), féadfaidh na Ballstáit catagóirí áirithe iompróirí a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin, agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh acu:

(a)          na faid a iompraíonn siad na hainmhithe talún ar coimeád sin;

(b)          catagóirí, speicis agus líonta na n‑ainmhithe talún ar coimeád a iompraíonn siad;

Airteagal 87 Gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an oibleagáid iompróirí a chlárú

Tabharfar de chumhacht an Choimisiúin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)          an fhaisnéis nach mór d’iompróir a thabhairt chun a ghníomhaíocht a chlárú dá bhforáiltear in Airteagal 85(1);

(b)          na cineálacha iompróirí a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 86 ar choinníoll go bhfuil riosca suntasach le cineál an iompair agus na critéir dá bhforáiltear san Airteagal sin á gcur san áireamh aige.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Airteagal 88 Oibleagáid an údaráis inniúil maidir le bunaíochtaí agus iompróirí a chlárú

Déanfaidh an t‑údarás inniúil clárú ar:

(a)          bhunaíochtaí i gclár na mbunaíochtaí agus na n‑iompróirí dá bhforáiltear in Airteagal 96(1), má thug an t‑oibreoir an fhaisnéis is gá i gcomhréir le hAirteagal 82(1);

(b)          iompróirí i gclár na mbunaíochtaí agus na n‑iompróirí dá bhforáiltear in Airteagal 96(1), má thug an t‑iompróir an fhaisnéis is gá dá bhforáiltear in Airteagal 85(1).

Roinn 2 Cineálacha áirithe bunaíochtaí a fhormheas

Airteagal 89 Cineálacha áirithe bunaíochtaí a fhormheas agus gníomhartha tarmligthe

1.           Cuirfidh oibreoirí na gcineálacha bunaíochtaí seo a leanas iarratas chuig an údarás inniúil ar fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 91(1) agus ní chuirfidh siad tús lena ngníomhaíochtaí go dtí go mbeidh a mbunaíocht i gcomhréir le hAirteagal 92(1), agus ní roimhe sin:

(a)     bunaíochtaí ina ndéantar oibríochtaí bailiúcháin ar chrúbaigh agus ar éanlaith, óna n‑aistrítear na hainmhithe sin go Ballstát eile.

(b)     bunaíochtaí táirgí geirmeacha den speiceas buaibheach, den speiceas mucach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí, óna n‑aistrítear táirgí geirmeacha ó na hainmhithe go Ballstát eile;

(c)     gorlanna, óna n‑aistrítear uibheacha ar goradh nó éanlaith go Ballstát eile;

(d)     bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith, óna n‑aistrítear éanlaithe a bhfuil se beartaithe iad a úsáid chun críocha seachas marú nó uibheacha ar goradh go Ballstát eile;

(e)     aon chineál eile bunaíochta ina gcoimeádtar ainmhithe talún a bhfuil riosca suntasach léi, tá sé de cheanglas uirthi formheas a bheith aici i gcomhréir le rialacha arna leagan síos i ngníomh tarmligthe agus arna nglacadh i gcomhréir le mír 3(b) den Airteagal seo.

2.           Stadfaidh oibreoirí de ghníomhú ag bunaíocht dá dtagraítear i mír 1 más rud é:

(a)     go dtarraingíonn an t‑údarás inniúil siar nó go gcuireann sé ar fionraí a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 95(2); nó

(b)     i gcás formheasa ar choinníoll arna thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 94(3), nach gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais nach bhfuil comhlíonta fós dá dtagraítear in Airteagal 94(3) agus nach bhfaigheann sé formheas críochnaitheach i gcomhréir le hAirteagal 92(1).

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 a bhaineann le forlíonadh agus leasú a dhéanamh na rialacha maidir le formheas bunaíochtaí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)     maoluithe ón gceanglas ar oibreoirí na gcineálacha bunaíochtaí dá dtagraítear i mír 1(a) go dtí (d) iarratas a chur isteach chuig an údarás inniúil ar fhormheas ón údarás inniúil, má tá riosca suntasach leis na bunaíochtaí sin;

(b)     na cineálacha bunaíochtaí nach mór a fhormheas i gcomhréir le mír 1(e);

(c)     sainrialacha maidir leis na bunaíochtaí táirgí geirmeacha a stad dá ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1(b).

4.           Cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh agus é ag glacadh na ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 3:

(a)     catagóirí agus speicis ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha i mbunaíocht;

(b)     catagóirí agus speicis ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha i mbunaíocht;

(c)     an cineál bunaíochta agus an cineál táirgthe;

(d)     gluaiseachtaí ainmhithe ar coimeád nó táirgí geirmeacha isteach sna cineálacha sin bunaíochta agus amach astu.

Airteagal 90 Stádas bunaíochtaí comhdhúnta a fhormheas

Chun stádas bunaíochta comhdhúnta a fháil, ní mór d’oibreoirí bunaíochtaí:

(a)          iarratas a chur chuig an údarás inniúil ar fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 91(1);

(b)          gan ainmhithe ar coimeád a aistriú go bunaíocht chomhdhúnta i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 134(1) agus aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 134(2) go dtí go bhfaighidh a mbunaíocht formheas an stádais sin ón údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 92 agus Airteagal 94.

Airteagal 91 An oibleagáid ar oibreoirí faisnéis a thabhairt chun formheas agus gníomhartha cur chun feidhme a fháil

1.           Chun críocha a n‑iarratas ar fhormheas dá mbunaíocht dá dtagraítear in Airteagal 89(1) agus in Airteagal 90(a), tabharfaidh oibreoirí faisnéis don údarás inniúil maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     ainm agus seoladh an oibreora;

(b)     áit na bunaíochta agus tuairisc ar na saoráidí;

(c)     catagóirí, speicis agus líonta ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha ar láthair na bunaíochta;

(d)     cineál na bunaíochta;

(e)     gnéithe sainiúla eile den bhunaíocht, atá ábhartha maidir leis an riosca atá léi a chinneadh.

2.           Cuirfidh oibreoirí bunaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 an t‑údarás inniúil ar an eolas faoi aon:

(a)     athruithe suntasacha sna bunaíochtaí a bhaineann leis na cúrsaí dá dtagraítear i mír 1(a),(b) agus (c);

(b)     stad le gníomhaíocht sa bhunaíocht.

3.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le faisnéis a bheidh le tabhairt ag oibreoirí ina n‑iarratas ar fhormheas a mbunaíochta i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Airteagal 92 Formheas a thabhairt agus coinníollacha maidir le bunaíochtaí a fhormheas agus gníomhartha tarmligthe

1.           Ní thabharfaidh an t‑údarás inniúil an formheas do bhunaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 89(1) agus in Airteagal 90(a) ach sna cásanna seo a leanas:

(a)     go gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais, más cuí, maidir le:

(i)      coraintín, leithlisiú agus bearta bithshlándála eile agus na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 9(1)(b) agus rialacha arna glacadh de bhun Airteagal 9(2) á gcur san áireamh acu;

(ii)      ceanglais faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 22, agus más ábhartha don chineáil bunaíochta agus don riosca dá dtagraítear in Airteagal 23 do rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 24;

(iii)     coimeád taifead dá bhforáiltear in Airteagal 97 agus in Airteagal 98 agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 100 agus Airteagal 101;

(b)     go bhfuil saoráidí agus trealamh ag an mbunaíocht:

(i)      ar leor iad chun an riosca go dtabharfar isteach agus go leathnóidh galair a laghdú go leibhéal is inghlactha, agus cineál na bunaíochta á chur san áireamh;

(ii)      ina bhfuil toilleadh mór go leor i dtaca leis an líon ainmhithe talún ar coimeád nó an toirt táirgí geirmeacha;

(c)     nach bhfuil riosca nach inghlactha leis an mbunaíocht maidir le leathadh galar, agus na bearta maolaithe riosca atá ar bun á gcur san áireamh;

(d)     go bhfuil leorlíon ball foirne atá oilte go leor do ghníomhaíocht na bunaíochta;

(e)     go bhfuil córas ar bun ag an mbunaíocht a chuireann ar chumas an oibreora comhlíonadh phointí (a) go (d) a léiriú don údarás inniúil.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 i ndáil leis na ceanglais dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     bearta maidir le coraintín, leithlisiú agus bearta bithshlándála eile dá dtagraítear i mír 1(a)(i);

(b)     faireachas dá dtagraítear i mír 1(a)(ii);

(c)     saoráidí agus trealamh dá dtagraítear i mír 1(b);

(d)     freagrachtaí, inniúlacht agus oiliúint ball foirne agus tréidlianna dá bhforáiltear i mír 1(d);

(e)     an faireachas agus an rialú atá riachtanach a dhéanann an t‑údarás inniúil.

3.           Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh agus é ag bunú na rialacha atá le leagan síos sna gníomhartha tarmligthe atá le glacadh de bhun mhír 2;

(a)     na rioscaí le gach cineál bunaíochta;

(b)     catagóirí agus speicis ainmhithe talún ar coimeád;

(c)     cineál an táirgthe;

(d)     patrúin ghluaiseachta thipiciúla an chineáil bunaíochta agus speiceas agus catagóirí ainmhithe ar coimeád sna bunaíochtaí sin.

Airteagal 93 Raon formheasa bunaíochtaí

Sonróidh an t‑údarás inniúil go sainráite san fhormheas a thabharfar do bhunaíocht de bhun Airteagal 92(1) i ndiaidh iarratais a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 89(1) agus Airteagal 90(a):

(a)          cé na cineálacha bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 89(1), in Airteagal 90 agus i rialacha a glacadh de bhun 89(3)(b) a mbaineann an formheas leo;

(b)          cé na catagóirí agus na speicis ainmhithe talún ar coimeád nó na táirgí geirmeacha de thionscamh na speiceas sin a mbaineann a formheas leo.

Airteagal 94 Nósanna imeachta le haghaidh an t‑údarás inniúil an formheas a thabhairt

1.           Cuirfidh an t‑údarás inniúil nósanna imeachta ar bun a mbeidh ar oibreoirí iad a leanúint agus iad ag cur iarratais isteach ar fhormheas a mbunaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 89(1), Airteagal 90 agus Airteagal 91(1).

2.           I ndiaidh dóibh iarratas ar fhormheas a fháil ó oibreoir, tabharfaidh an t‑údarás inniúil cuairt ar an suíomh i gcomhréir le hAirteagal 89(1)(a) agus Airteagal 90(a).

3.           Féadfaidh an t‑údarás inniúil formheas ar choinníoll a thabhairt do bhunaíocht i gcás inar cosúil, ar bhonn iarratas an oibreora agus na cuairte a thug an t‑údarás ar shuíomh na bunaíochta ina dhiaidh sin dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, go gcomhlíonann sé na príomhcheanglais lena dtugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha nach bhfuil riosca suntasach leis an mbunaíocht sin, chun go n‑áiritheofar go gcomhlíonfar na ceanglais uile le haghaidh formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 92(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 92(2).

4.           I gcás inar thug an t‑údarás inniúil formheas ar choinníoll i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, ní thabharfaidh sé formheas iomlán ach más cosúil i ndiaidh cuairte eile ar láthair na bunaíochta arna tabhairt faoi cheann trí mhí ón dáta a tugadh an formheas ar choinníoll, go gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais uile maidir le formheas dá bhforáiltear in Airteagal 92(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 92(2).

I gcás inar léir ó chuairt ar shuíomh go ndearnadh dul chun cinn soiléir ach nach gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais sin uile fós, féadfaidh an t‑údarás inniúil síneadh a chur leis an bhformheas ar choinníoll. Ní bheidh tréimhse an fhormheasa ar choinníoll níos mó ná sé mhí, áfach.

Airteagal 95 Formheas a athbhreithniú, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar ag an údarás inniúil

1.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil athbhreithniú leantach ar gach formheas ar bhunaíocht arna tabhairt i gcomhréir le hAirteagal 92 agus Airteagal 94.

2.           I gcás ina sainaithníonn an t‑údarás inniúil easnaimh thromchúiseacha sa bhunaíocht maidir leis na ceanglais a chomhlíonadh atá leagtha amach in Airteagal 92(1) agus na rialacha a glacadh de bhun Airteagal 92(2) agus nach féidir leis an oibreoir ráthaíochtaí leordhóthanacha a thabhairt go réiteofar na heasnaimh sin, cuirfidh an t‑údarás inniúil sin nósanna imeachta ar bun chun formheas na bunaíochta sin a tharraingt siar.

Ar a shon sin, féadfaidh an t‑údarás inniúil formheas bunaíochta a chur ar fionraí más féidir leis an oibreoir a ráthú go réiteoidh sé na heasnaimh faoi cheann tréimhse réasúnta.

3.           Ní thabharfar formheas tar éis tarraingte siar nó fionraí i gcomhréir le mír 2 ach i gcás ina mbeidh an t‑údarás inniúil sásta go gcomhlíonann an bhunaíocht go hiomlán ceanglais uile an Rialúcháin seo atá oiriúnach don chineál sin bunaíochta.

Roinn 3 clár ag an údarás inniúil de na bunaíochtaí agus de na hiompróirí

Airteagal 96 Clár na mbunaíochtaí agus na n‑iompróirí

1.           Cuirfidh an t‑údarás inniúil ar bun agus coinneoidh cothrom le dáta clár de:

(a)     na bunaíochtaí agus na hiompróirí uile de bhun Airteagal 88;

(b)     na bunaíochtaí uile arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 92 agus Airteagal 94.

Cuirfidh sé an clár sin ar fáil do na Ballstáit eile agus don phobal.

2.           Más cuí agus más ábhartha, féadfaidh an t‑údarás inniúil an clárú dá dtagraítear i mír 1(a) agus an formheas dá dtagraítear i mír 1(b) a chur le chéile le clárú chun críoch eile.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     an fhaisnéis atá le cur ar an gclár dá bhforáiltear i mír 1;

(b)     ceanglais bhreise maidir le cláir bunaíochtaí táirgí geirmeacha, tar éis dóibh stad dá ngníomhaíochtaí;

(c)     rochtain phoiblí ar an gclár dá bhforáiltear i mír 1.

4.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le formáid nósanna imeachta maidir le clár na mbunaíochtaí agus na n‑iompróirí agus na mbunaíochtaí arna bhformheas dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Roinn 4 Taifid a Choinneáil

Airteagal 97 Na hoibleagáidí coinneála taifeadta ar oibreoirí bunaíochtaí seachas bunaíochtaí táirgí geirmeacha

1.           Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí atá faoi réir cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 88, nó formheasta i gcomhréir le hAirteagal 92(1) agus coinneoidh siad agus cothabhálfaidh siad taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)     speicis, catagóirí, líonta agus aitheantas ainmhithe talún ar coimeád ar a mbunaíocht;

(b)     gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád isteach ina mbunaíocht agus amach aisti, a shonrú mar is cuí:

(i)      a n‑áit tionscnaimh nó a gceann scríbe;

(ii)      dátaí na ngluaiseachtaí sin;

(c)     na doiciméid i bhfoirm páipéir nó leictreonach a cheanglaítear a ghabháil le hainmhithe talún ar agus iad ag sroicheadh a mbunaíochta nó á fágáil i gcomhréir le hAirteagail 106(b), 107(b), 109(c), 110(b), 113(b), Airteagal 140(1) agus (2), Airteagal 162(2) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114, Airteagal 117 agus Airteagal 141(1)(b) agus (c);

(d)     aon fhadhbanna sláinte ainmnithe a bhaineann le hainmhithe ar coimeád ar a mbunaíocht;

(e)     bearta bithshlándála, faireachas, cóireálacha, torthaí tástála agus faisnéis ábhartha eile atá oiriúnach do na nithe seo a leanas:

(i)      catagóir agus speiceas ainmhithe talún ar coimeád ar an mbunaíocht;

(ii)      cineál an táirgthe;

(iii)     cineál agus méid na bunaíochta;

(f)      torthaí aon chuairteanna sláinte ainmhithe a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 23(1) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 24.

2.           Féadfaidh an Ballstát bunaíochtaí atá díolmhaithe ón gceanglas clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 83 a dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil den fhaisnéis atá liostaithe i mír 1 den Airteagal seo.

3.           Coinneoidh oibreoirí bunaíochtaí na taifid dá bhforáiltear i mír 1 sa bhunaíocht agus:

(a)     iad a chur ar fáil don údarás inniúil má iarrtar sin;

(b)     iad a choinneáil ar feadh íostréimhse atá le cinneadh ag an údarás inniúil ach nach lú ná trí bliana.

Airteagal 98 Taifid a choinneáil ar bhunaíochtaí táirgí geirmeacha

1.           Coinneoidh agus cothabhálfaidh oibreoirí bunaíochta geirmeacha ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad:

(a)     pór, aois agus aitheantas ainmhithe bronntacha a úsáidtear chun táirgí geirmeacha a tháirgeadh;

(b)     am agus áit bailiúcháin, próiseála agus stórála táirgí geirmeacha a bhailítear, a tháirgtear nó a phróiseáiltear;

(c)     aitheantas na dtáirgí geirmeacha maille le sonraí i ndáil lena gceann scríbe, más eol;

(d)     na doiciméid i bhfoirm páipéir nó leictreonach a bhfuil sé ceangailte ina leith go ngabhfaidh siad le táirgí geirmeacha agus iad ag sroicheadh na bunaíochta nó á fágáil i gcomhréir le hAirteagal 159 agus Airteagal 162(2) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 160(3) agus (4);

(e)     teicnící saotharlainne a úsáidtear.

2.           Féadfaidh an Ballstát bunaíochtaí atá díolmhaithe ón gceanglas clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 84 a dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil den fhaisnéis atá liostaithe i mír 1 den Airteagal seo.

3.           Coinneoidh oibreoirí bunaíochtaí táirgí geirmeacha na taifid dá bhforáiltear i mír 1 ar an mbunaíocht agus:

(a)     cuirfidh siad ar fáil iad láithreach don údarás inniúil má iarrtar sin;

(b)     coinneoidh siad iad ar feadh íostréimhse atá le cinneadh ag an údarás inniúil ach nach lú ná trí bliana.

Airteagal 99 Na hiompróirí taifid a choinneáil

1.           Coinneoidh agus cothabhálfaidh iompróirí táirgí geirmeacha taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)     na bunaíochtaí ar thug siad cuairt orthu;

(b)     catagóirí, speicis agus líon na dtáirgí geirmeacha a d’iompair siad;

(c)     ní, dífhabhtú agus dímhíolú an mhodha iompair.

2.           Féadfaidh an Ballstát iompróirí atá díolmhaithe ón gceanglas clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 86 a dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil den fhaisnéis atá liostaithe i mír 1 den Airteagal seo.

3.           Coinneoidh iompróirí na taifid dá bhforáiltear i mír 1:

(a)     ar dhóigh lenar féidir iad a chur ar fáil láithreach don údarás inniúil má iarrtar sin;

(b)     ar feadh íostréimhse atá le cinneadh ag an údarás inniúil ach nach lú ná trí bliana.

Airteagal 100 Tarmligean cumhachtaí maidir le taifid a choinneáil

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le rialacha lena bhforlíontar na ceanglais choinneála taifid dá bhforáiltear in Airteagal 97, in Airteagal 98 agus in Airteagal 99 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     maolaithe ó na ceanglais maidir le taifid a choinneáil le haghaidh:

(i)      oibreoirí cineálacha áirithe bunaíochtaí agus cineálacha áirithe iompróirí;

(ii)      bunaíochtaí a choimeádann nó iompróirí a láimhseálann líon beag ainmhithe talún ar coimeád nó méid beag táirgí geirmeacha;

(iii)     catagóirí nó speiceas áirithe ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha;

(b)     faisnéis atá le taifeadadh sa bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 97(1), in Airteagal 98(1) agus in Airteagal 99(1);

(c)     ceanglais bhreise maidir le taifid a choinneáil ar tháirgí geirmeacha arna mbailiú, nó arna bpróiseáil i mbunaíocht táirgí geirmeacha, tar éis dóibh stad dá ngníomhaíochtaí.

2.           Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na nithe seo a leanas agus iad ag socrú na rialacha atá le leagan síos i ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1:

(a)     na rioscaí atá le gach cineál bunaíochta nó iompróra;

(b)     catagóir agus speicis ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha sa bhunaíocht nó atá á n‑iompar;

(c)     cineál an táirgthe sa bhunaíocht nó cineál an iompair;

(d)     patrúin ghluaiseachta thipiciúla an chineáil bunaíochta agus speiceas agus catagóir na n‑ainmhithe lena mbaineann;

(e)     líon na n‑ainmhithe talún ar coimeád nó toirt na dtáirgí geirmeacha a choinneáiltear sa bhunaíocht nó a iompraíonn an t‑iompróir.

Airteagal 101 Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le taifid a choinneáil

Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)          formáid na dtaifead dá bhforáiltear in Airteagal 97(1), in Airteagal 98(1) agus in Airteagal 99(1) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 100;

(b)          coinneáil leictreonach taifead dá bhforáiltear in Airteagal 97(1), in Airteagal 98(1) agus in Airteagal 99(1) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 100;

(c)          nósanna imeachta maidir le taifid a choinneáil dá bhforáiltear in Airteagal 97(1), in Airteagal 98(1) agus in Airteagal 99(1) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 100;

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Caibidil 2 Ceanglais inrianaitheachta i gcás ainmhithe talún agus táirgí geirmeacha

Roinn 1 ainmhithe talún ar coimeád

Airteagal 102 An fhreagracht atá ar na Ballstáit maidir le córas a chur ar bun chun ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a chlárú

1.           Beidh córas ar bun ag na Ballstáit le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a chlárú, agus, más cuí, le haghaidh a ngluaiseachtaí a thaifeadadh, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)     speiceas nó catagóir ainmhithe talún ar coimeád;

(b)     an riosca atá leis an speiceas sin nó leis an gcatagóir sin.

2.           Ar na heilimintí a bheidh sa chóras dá bhforáiltear i mír 1 beidh:

(a)     na modhanna lena sainaithneofar ainmhithe talún ar coimeád ina n‑aonar nó i ngrúpaí;

(b)     doiciméid aitheantais, doiciméid ghluaiseachta agus doiciméid eile le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a rianú dá dtagraítear in Airteagal 104;

(c)     taifid a bheidh cothrom le dáta dá bhforáiltear in Airteagal 97(1)(a) agus (b);

(d)     bunachar sonraí ríomhaireachta d’ainmhithe talún ar coimeád dá bhforáiltear in Airteagal 103(1).

3.           Beidh an córas dá bhforáiltear i mír 1 deartha ionas:

(a)     go n‑áiritheofar go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtúil cosc galar agus bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b)     go n‑éascófar inrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád agus a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus a dteacht isteach san Aontas;

(c)     go n‑áiritheofar go mbeidh idir‑inoibríocht, comhtháthú agus comhoiriúnacht eilimintí an chórais sin éifeachtúil;

(d)     go n‑áiritheofar go mbeidh an córas, a mhéid is cuí, oiriúnaithe do na nithe seo a leanas:

(i)      an córas faisnéise ríomhairithe le haghaidh fhógairt agus thuairisciú an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 20;

(ii)      IMSOC;

(e)     go n‑áiritheofar go mbeidh cur chuige comhleanúnach ann maidir leis na hainmhithe a chumhdóidh an córas.

4.           Féadfaidh na Ballstáit, más cuí:

(a)     an córas dá bhforáiltear i mír 1 a úsáid ina iomláine nó cuid de a úsáid chun críoch seachas na críocha dá dtagraítear i mír 3(a) agus (b);

(b)     na doiciméid aitheantais, na doiciméid ghluaiseachta agus doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 104 a chomhtháthú le deimhnithe sláinte ainmhithe nó le doiciméid féindearbhúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 140(1) agus (2) agus Airteagal 148(1) i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 141(b) agus (c) agus Airteagal 148(3) agus(4);

(c)     údarás eile a ainmniú nó comhalta eile nó duine nádúrtha a údarú an córas sainaitheanta agus clárúcháin dá bhforáiltear i mír 1 a chur i bhfeidhm i ngníomh.

Airteagal 103 An oibleagáid ar na Ballstáit bunachar sonraí ríomhaireachta ainmhithe talún ar coimeád a chur ar bun

1.           Cuirfidh na Ballstáit ar bun agus cothabhálfaidh siad bunachar sonraí ríomhaireachta chun na nithe seo a leanas a thaifeadadh:

(a)     an fhaisnéis seo a leanas maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair;

(i)      a n‑aitheantas aonair dá bhforáiltear in Airteagal 106(a) agus in Airteagal 107(a);

(ii)      na bunaíochtaí a choimeádann iad;

(iii)     a ngluaiseachtaí isteach sna bunaíochtaí agus amach astu;

(b)     faisnéis maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas mucach agus na bunaíochtaí a choimeádann iad;

(c)     an fhaisnéis seo a leanas maidir le hainmhithe ar coimeád de speicis eachaí:

(i)      a n‑uimhir beatha aonair dá bhforáiltear in Airteagal 109(1)(a);

(ii)      an modh sainaitheanta lena nasctar an t‑ainmní sin leis an doiciméad aitheantais dá dtagraítear in (iii), más ábhartha;

(iii)     an uimhir aitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 109(1)(c);

(iv)     na bunaíochtaí ina mbíonn na hainmhithe sin ar coimeád;

(d)     faisnéis maidir le hainmhithe talún ar coimeád de speicis seachas na speicis dá dtagraítear in (a), in (b) agus in (c) má fhoráiltear dó sin i rialacha arna nglacadh de bhun mhír 2.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le faisnéis a thaifeadadh i ndáil le speicis ainmhí seachas na speicis dá dtagraítear i mír 1(a), (b) agus (c) den Airteagal seo sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá bhforáiltear sa mhír sin más gá, agus na rioscaí atá leis na speicis sin á gcur san áireamh, chun:

(a)     a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtúil cosc galar agus bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b)     inrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád agus a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus a dteacht isteach san Aontas a éascú;

Airteagal 104 An oibleagáid ar an údarás inniúil maidir le doiciméid aitheantais, doiciméid ghluaiseachta agus doiciméid eile le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a rianú

Eiseoidh an t‑údarás inniúil:

(a)          doiciméid aitheantais d'ainmhithe talún ar coimeád má cheanglaítear sin le hAirteagail 106(b), 109(c), 112(1)(b) agus (2)(b), agus le hAirteagal 113(b) agus le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117;

(b)          doiciméid ghluaiseachta agus doiciméid eile le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a rianú, má cheanglaítear sin le hAirteagal 107(b), le hAirteagal 110(b) nó le hAirteagal 113(b) agus le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117.

Airteagal 105 Rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir le modhanna sainaitheanta

Tabharfaidh an t‑údarás inniúil faisnéis don Choimisiún agus cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil don phobal má bhaineann sí le:

(a)          pointí teagmhála do na bunachair sonraí ríomhaireachta arna gcur ar bun ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 103(1);

(b)          na húdaráis nó na comhaltaí a bheidh freagrach as doiciméid aitheantais, doiciméid gluaiseachta agus doiciméid eile a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 104, agus Airteagal 102(4)(c) á chur san áireamh;

(c)          na modhanna sainaitheanta atá le húsáid le haghaidh gach catagóire agus speicis d’ainmhithe talún ar coimeád i gcomhréir le hAirteagail 106(a), 107(a), 109(1), 110(a), Airteagal 112(1)(a) agus (2)(a) agus Airteagal 113(a) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117;

(d)          an fhormáid atá leagtha síos le haghaidh doiciméid aitheantais agus doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 104 a eisiúint.

Airteagal 106 Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach a shainaithint

Déanfaidh oibreoirí a choimeádann ainmhithe talún den speiceas buaibheach:

(a)          a áirithiú go sainaithneofar go haonarach na hainmhithe ar coimeád le modh fisiciúil sainaitheanta;

(b)          a áirithiú go n‑eiseofaidh an t‑údarás inniúil nó an t‑údarás ainmnithe nó an comhlacht údaraithe doiciméad aitheantais do na hainmhithe ar coimeád sin ar doiciméad saolré aonair é agus:

(i)      go gcoinneoidh an t‑oibreoir an doiciméad sin , go líonfaidh sé i gceart é agus go gcoinneoidh sé cothrom le dáta é;

ii)       go ngabhfaidh an doiciméad sin leis na hainmhithe talún ar coimeád tráth a ngluaiseachta;

(c)          faisnéis maidir le gluaiseachtaí na n‑ainmhithe ar coimeád sin a chur ón mbunaíocht sin agus isteach inti a chur isteach sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 103(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117.

Airteagal 107 Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas caorach agus den speiceas gabhair a shainaithint

Déanfaidh oibreoirí a choimeádann ainmhithe ar coimeád de na speicis chaorach agus ghabhair:

(a)          a áirithiú go sainaithneofar go haonarach na hainmhithe ar coimeád le modh fisiciúil sainaitheanta;

(b)          a áirithiú go ngabhfaidh doiciméad gluaiseachta arna líonadh go cruinn a d’eisigh an t‑údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 104 leis na hainmhithe ar coimeád tráth a ngluaiseachta ón mbunaíocht ina gcoimeádtar na hainmhithe sin:

(c)          faisnéis maidir le gluaiseachtaí na n‑ainmhithe ar coimeád sin a chur ón mbunaíocht sin agus isteach inti a chur isteach sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 103(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117.

Airteagal 108 Maoluithe maidir le doiciméid aitheantais agus doiciméid ghluaiseachta d’ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair

De mhaolú ar Airteagal 104, ar Airteagal 106(b) agus ar Airteagal 107(b), féadfaidh na Ballstáit oibreoirí a dhíolmhú ón gceanglas lena áirithiú go ngabhfaidh doiciméid aitheantais nó doiciméid ghluaiseachta le hainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair le linn gluaiseachtaí laistigh den Bhallstát, ar choinníoll:

(a)          go bhfuil an fhaisnéis atá sa doiciméad gluaiseachta nó sa doiciméad aitheantais istigh sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 103(1);

(b)          go dtugann an córas le haghaidh ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair leibhéal inrianaitheachta is comhionann leis an leibhéal a áirithítear leis na doiciméid aitheantais agus leis na doiciméid ghluaiseachta.

Airteagal 109 Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas eachaí a shainaithint

1.           Déanfaidh oibreoirí a choimeádann ainmhithe ar coimeád den speiceas eachaí a áirithiú go sainaithneofar iad go haonarach leis na nithe seo a leanas:

(a)     uimhir shaolré aonair arna taifeadadh sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 103(1);

(b)     modh a nascann go soiléir an t‑ainmhí ar coimeád agus an doiciméad aitheantais dá bhforáiltear i bpointe (c) den mhír seo arna eisiúint ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 104;

(c)     doiciméad aitheantais saolré aonair arna líonadh i gceart.

2.           Déanfaidh oibreoirí ainmhithe ar coimeád den speiceas eachaí faisnéis maidir le gluaiseachtaí na n‑ainmhithe talún ar coimeád sin a chur isteach sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 103(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117.

Airteagal 110 Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas mucach a shainaithint

Déanfaidh oibreoirí a choimeádann ainmhithe den speiceas mucach:

(a)          a áirithiú go sainaithneofar ainmhithe ar coimeád sin le modh fisiciúil sainaitheanta;

(b)          a áirithiú go ngabhfaidh doiciméad gluaiseachta arna líonadh i gceart arna eisiúint ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 104 leis na hainmhithe talún ar coimeád tráth a ngluaiseachta ón mbunaíocht ina gcoimeádtar na hainmhithe sin;

(c)          faisnéis faoin mbunaíocht ina gcoimeádtar na hainmhithe sin a chur isteach sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 103(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117.

Airteagal 111 Maoluithe a bhaineann le gluaiseachtaí ainmhithe ar coimeád den speiceas mucach

De mhaolú ó Airteagal 110(b), féadfaidh na Ballstáit oibreoirí a dhíolmhú ón gceanglas atá leagtha síos nach mór a áirithiú go ngabhfaidh doiciméid ghluaiseachta arna líonadh i gceart a d’eisigh an t‑údarás inniúil maidir le gluaiseachtaí laistigh den Bhallstát le hainmhithe ar coimeád den speiceas mucach, ar choinníoll:

(a)          go bhfuil an fhaisnéis sna doiciméid ghluaiseachta sin istigh sa bhunachar sonraí ríomhaireachta arna chur ar bun ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 103(1);

(b)          go dtugann an córas le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád den speiceas mucach a shainaithint agus a chlárú leibhéal inrianaitheachta is comhionann leis na doiciméid ghluaiseachta sin.

Airteagal 112 An oibleagáid ar choimeádaithe peataí a shainaithint agus a chlárú

1.           Áiritheoidh coimeádaithe peataí talún de na speicis atá liostaithe i Roinn A d’Iarscríbhinn I a aistrítear ó Bhallstát go Ballstát eile:

(a)     go sainaithneofar iad le modh sainaitheanta fisiciúil;

(b)     go ngabhann doiciméad aitheantais leo arna líonadh agus arna choinneáil cothrom le dáta a d’eisigh an t‑údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 104.

2.           Áiritheoidh coimeádaithe peataí i gcás peataí ar coimeád de na speicis atá liostaithe i Roinn B d’Iarscríbhinn I agus a aistrítear ó Ballstát go Ballstát eile, nuair a cheanglaítear sin le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117:

(a)     go sainaithneofar na hainmhithe talún ar coimeád, go haonarach nó i ngrúpaí;

(b)     go ngabhann doiciméad aitheantais, doiciméid ghluaiseachta nó doiciméid eile le haghaidh ainmhithe a shainaithint agus a rianú leo arna líonadh agus arna choinneáil cothrom le dáta, de réir mar is cuí i gcás an speicis ainmhithe lena mbaineann.

Airteagal 113 Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe talún ar coimeád seachas ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ainmhithe atá ina bpeataí a shainaithint

Áiritheoidh oibreoirí go gcomhlíonfaidh ainmhithe talún ar coimeád, seachas ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ainmhithe atá ina bpeataí, leis na ceanglais seo a leanas nuair a cheanglaítear sin leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117:

(a)          go sainaithneofar iad, go haonarach nó i ngrúpaí;

(b)          go ngabhann doiciméad aitheantais, doiciméid ghluaiseachta nó doiciméid eile le haghaidh ainmhithe a shainaithint agus a rianú leo arna líonadh agus arna choinneáil cothrom le dáta, de réir mar is cuí i gcás an speicis ainmhithe lena mbaineann.

Airteagal 114 Cumhachtaí a tharmligean maidir le sainaithint agus clárú

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)          údaráis eile a ainmniú, comhaltaí nó daoine nádúrtha a údarú dá bhforáiltear in Airteagal 102(4)(c);

(b)          mioncheanglais maidir leis:

(i)      an modh sainaitheanta d’ainmhithe talún ar coimeád dá dtagraítear in Airteagail 106(a), 107(a), 109(1), 110(a), 112(1)(a) agus (2)(a), agus 113(a);

(ii)     an modh sainaitheanta sin a chur i bhfeidhm agus a úsáid;

(c)          an fhaisnéis atá le bheith:

(i)      sna bunachair sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 103(1);

(ii)     sa doiciméad aitheantais d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach dá bhforáiltear in Airteagal 105(b);

(iii)     sa doiciméad gluaiseachta d'ainmhithe ar coimeád den speiceas gabhair agus den speiceas caorach dá bhforáiltear in Airteagal 107(b);

(iv)    sa doiciméad aitheantais d'ainmhithe ar coimeád den speiceas eachaí dá bhforáiltear in Airteagal 109(1);

(v)     sa doiciméad gluaiseachta d'ainmhithe ar coimeád den speiceas mucach dá bhforáiltear in Airteagal 110(b);

(vi)    sna doiciméid aitheantais do pheataí talún dá bhforáiltear in Airteagal 112(1)(b) nó doiciméid aitheantais, doiciméid ghluaiseachta nó doiciméid eile d'ainmhithe talún atá ina bpeataí dá bhforáiltear in Airteagal 112(2)(b);

(vii)    sna doiciméid aitheantais nó doiciméid ghluaiseachta d’ainmhithe talún ar coimeád seachas ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach, den speiceas eachaí agus ainmhithe atá ina bpeataí dá bhforáiltear in Airteagal 113(b);

(d)          mioncheanglais do speicis éagsúla agus do chatagóirí éagsúla ainmhithe talún ar coimeád lena áirithiú go n‑oibreoidh an córas sainaitheanta agus clárúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 102(1) go héifeachtúil;

(e)          mioncheanglais d’ainmhithe talún ar coimeád ar a mbealach isteach san Aontas ó thríú tíortha agus ó thríú críocha;

(f)           ceanglais sainaitheanta agus chlárúcháin d’ainmhithe talún ar coimeád atá ina bpeataí de na speicis atá liostaithe i Roinn B d’Iarscríbhinn I agus ainmhithe talún ar coimeád seachas an speiceas buaibheach, an speiceas caorach, an speiceas gabhair, an speiceas mucach agus an speiceas eachaí más gá, agus na rioscaí atá leis an speiceas sin á gcur san áireamh chun:

(i)      a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtúil na bearta cosanta galar agus rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(ii)     inrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád, a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus a dteacht isteach san Aontas a éascú.

Airteagal 115 Cumhachtaí a tharmligean a bhaineann le maoluithe ó na ceanglais inrianaitheachta

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le maoluithe d’oibreoirí ó na ceanglais sainaitheanta agus chlárúcháin dá bhforáiltear in Airteagail 106, 107 agus 109 agus 110:

(a)          i gcásanna nach gá ceann amháin nó níos mó de na heilimintí sin chun na ceanglais a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 102(3)(a) agus (b);

(b)          i gcás ina ráthaítear le bearta inrianaitheachta eile ar bun sna Ballstáit nach ndéanfar dochar do leibhéal inrianaitheachta na n‑ainmhithe lena mbaineann.

Airteagal 116 Nithe atá le cur san áireamh agus gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 114 agus in Airteagal 115 á nglacadh

Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh agus é ag socrú na rialacha atá le leagan síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 114 agus in Airteagal 115:

(a)          catagóirí agus speicis na n‑ainmhithe talún ar coimeád;

(b)          na rioscaí atá leis na hainmhithe talún ar coimeád sin;

(c)          líon na n‑ainmhithe sa bhunaíocht;

(d)          an cineál táirgthe sna bunaíochtaí sin ina gcoimeádtar na hainmhithe talún sin;

(e)          patrúin ghluaiseachta na speiceas agus na gcatagóirí ainmhithe talún ar coimeád;

(f)           gnéithe de chosaint agus de chaomhnú speiceas ainmhithe talún ar coimeád;

(g)          feidhmíocht eilimintí inrianaitheachta eile den chóras sainaitheanta agus cláraithe ainmhithe talún ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 102(2).

Airteagal 117 Cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme na gceanglas dá bhforáiltear in Airteagail 106, 107, 109, 110, 112 agus 113 agus na gceanglas arna leagan síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 103(2), Airteagal 114 agus Airteagal 115 a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)          sonraíochtaí teicniúla, formáidí agus rialacha oibríochtúla na nithe seo a leanas:

(i)      modhanna, dóigheanna agus úsáid sainaitheanta;

(ii)     an doiciméad gluaiseachta nó an doiciméad gluaiseachta d’ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair;

(iii)     an doiciméad aitheantais d'ainmhithe ar coimeád den speiceas eachaí;

(iv)    doiciméid aitheantais, ghluaiseachta agus eile d’ainmhithe talún ar coimeád den speicis seachas an speiceas buaibheach, an speiceas caorach, an speiceas gabhair agus an speiceas eachaí;

(v)     bunachair sonraí ríomhaireachta.

(b)          na spriocamanna maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)      na hoibreoirí faisnéis a chur isteach sa bhunachar sonraí ríomhaireachta;

(ii)     ainmhithe talún ar coimeád a chlárú;

(iii)     ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus marcanna aitheantais a athrú;

(c)          cur chun faidhme praiticiúil maoluithe ón tsainaithint agus ón gclárúchán dá bhforáiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 115.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin.

Roinn 2 Táirgí geirmeacha

Airteagal 118 Ceanglais inrianaitheachta maidir le táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas eachaí agus ó éanlaithe chlóis

1.           Oibreoirí a tháirgeann, a phróiseálann nó a stórálann táirgí geirmeacha, marcálfaidh siad táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas gabhair, den speiceas caorach, den speiceas eachaí agus den speiceas mucach ionas gur féidir iad a rianú go dtí:

(a)     na hainmhithe bronntacha;

(b)     an dáta bailiúcháin;

(c)     na bunaíochtaí táirgí inar bailíodh, táirgeadh, próiseáladh agus stóráladh iad.

2.           Déanfar an mharcáil dá bhforáiltear i mír 1 ionas go n‑áiritheofar:

(a)     go gcuirfear chun feidhme go héifeachtúil na bearta coiscthe galar agus rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b)     inrianaitheacht na dtáirgí geirmeacha agus a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus a dteacht isteach san Aontas.

Airteagal 119 Cumhacht tarmligthe a bhaineann le ceanglais inrianaitheachta do tháirgí geirmeacha

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     ceanglais inrianaitheachta do tháirgí geirmeacha ó ainmhithe talún den speiceas buaibheach, den speiceas gabhair, den speiceas caorach, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí lena leasaítear agus lena bhforlíontar na rialacha arna leagan síos in Airteagal 118;

(b)     ceanglais inrianaitheachta do tháirgí geirmeacha ó ainmhithe talún de speicis seachas den speiceas buaibheach, den speiceas gabhair, den speiceas caorach, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí, nuair is gá chun:

(i)      go gcuirfear chun feidhme go héifeachtúil na bearta cosanta galar agus rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(ii)      inrianaitheacht na dtáirgí geirmeacha sin, a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus a dteacht isteach san Aontas a éascú.

2.           Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh agus na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1 á nglacadh acu:

(a)     na speicis ainmhithe talún ar coimeád óna bhfuarthas na táirgí geirmeacha;

(b)     stádas sláinte na n‑ainmhithe bronntacha;

(c)     an riosca atá leis na táirgí geirmeacha sin;

(d)     cineál na dtáirgí geirmeacha;

(e)     cineál an bhailiúcháin, na próiseála nó na stórála;

(f)      patrúin ghluaiseachta na speiceas agus na gcatagóirí ainmhithe talún ar coimeád agus a dtáirgí geirmeacha;

(g)     gnéithe de chosaint agus de chaomhnú speiceas ainmhithe talún ar coimeád;

(h)     nithe eile ab fhéidir a d'fheabhsódh inrianaitheacht táirgí geirmeacha.

Airteagal 120 Cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le ceanglais inrianaitheachta do tháirgí geirmeacha

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le:

(a)          ceanglais theicniúla agus sonraíochtaí maidir le marcáil dá bhforáiltear in Airteagal 118(1);

(b)          ceanglais oibríochtúla maidir leis na ceanglais inrianaitheachta dá bhforáiltear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 119(1).

Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin.

Caibidil 3 Gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád seachas ainmhithe talún atá ina bpeataí laistigh den Aontas

Roinn 1 Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí

Airteagal 121 Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád

1.           Déanfaidh oibreoirí bearta coisctheacha cuí lena áirithiú nach gcuirfidh gluaiseacht ainmhithe talún ar coimeád an stádas sláinte ag an gceann scríbe maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d);

(b)     galair atá ag teacht chun cinn.

2.           Ní dhéanfaidh oibreoirí ainmhithe a aistriú ón mbunaíocht ná a ghlacadh isteach ach i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)     go dtagann siad ó bhunaíochtaí:

(i)      a chuir an t‑údarás inniúil isteach sa chlár bunaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 88(a) agus nár thug an Ballstát tionscnaimh aon mhaolú i gcomhréir le hAirteagal 83;

(ii)     a d’fhormheas an t‑údarás inniúil gcomhréir le hAirteagal 92(1) má cheanglaítear sin le hAirteagal 89(1) nó le hAirteagal 90;

(b)     go gcomhlíonann siad ceanglais sainaitheanta agus chlárúcháin 106, 107, 109, 110 agus 113 agus le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 (a) go dtí (d) agus le hAirteagal 117.

Airteagal 122 Bearta coiscthe galar maidir le hiompar

1.           Déanfaidh oibreoirí na bearta cosanta is cuí agus is gá lena áirithiú:

(a)     nach gcuirfear i gcontúirt stádas sláinte ainmhithe talún ar coimeád le linn a n‑iompair;

(b)     nach cúis iad oibríochtaí iompair ainmhithe talún ar coimeád le leathadh féideartha galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) go dtí daoine agus ainmhithe ag áiteanna cruinnithe, scíthe agus ag cinn scríbe;

(c)     go ndéanfar bearta maidir le glanadh, díghalrú, dímhíolú trealaimh agus modhanna iompair agus bearta eile bithshlándála leordhóthanacha, de réir mar a oireann do na rioscaí atá leis an iompar.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le:

(a)     glanadh, díghalrú agus dímhíolú trealaimh agus modhanna iompair agus úsáid táirgí bithicíde chun na gcríoch sin;

(b)     bearta bithshlándála eile dá bhforáiltear i mír 1(c).

Roinn 2 Gluaiseachtaí idir na Ballstáit

Airteagal 123 Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseacht ainmhithe talún ar coimeád

1.           Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe talún ar coimeád ar bun acu go Ballstát ach má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)     gur tháinig siad as bunaíocht:

(i)      nach raibh aon bhás mínormálta nó comharthaí sóirt galair inti nár fionnadh cad ba chúis leo;

(ii)      nach bhfuil faoi réir srianta gluaiseachta maidir leis an speiceas atá le haistriú i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Airteagail 55(1)(d), 61(1)(a), 62, 65(1)(c), 74(1), Airteagal 78(1) agus (2) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagail 55(2)(d), Airteagal 63, Airteagal 67, Airteagal 71(3), Airteagal 74(3), Airteagal 79 agus Airteagal 81(2) nó sna bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 246 agus in Airteagal 247 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248 murar tugadh maoluithe maidir le srianta gluaiseachta i gcomhréir leis na rialacha sin;

(iii)     nach bhfuil lonnaithe i gcrios srianta i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 55(1)(f)(ii), in Airteagal 64, in Airteagal 65, in Airteagal 74(1), in Airteagal 78 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagail 67, 71(3), 74(3), 79 agus in Airteagal 81(2) nó sna bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 246 agus in Airteagal 247 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248 murar tugadh maoluithe i gcomhréir leis na rialacha sin;

(b)     nach raibh siad i dteagmháil le hainmhithe talún ar coimeád faoi réir srianta gluaiseachta dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) agus i bpointe (iii) nó le hainmhithe talún ar coimeád de speiceas liostaithe de stádas sláinte níos ísle, le linn tréimhse ama leordhóthanaí, roimh dháta na gluaiseachta atá beartaithe go Ballstát eile, ionas gur íoslaghdaíodh an fhéidearthacht go leathfaí galar, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:

(i)      tréimhse goir agus bealaí tarchurtha na ngalar liostaithe agus na ngalar atá ag teacht chun cinn;

(ii)      cineál na bunaíochta;

(iii)     catagóirí speicis agus ainmhithe talún a aistríodh;

(iv)     sonraí eipidéimeolaíocha eile;

(c)     go gcomhlíonann na ceanglais ábhartha dá bhforáiltear i Roinn 3 agus i Roinn 8.

2.           Glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go seachadfar ainmhithe talún ar coimeád arna n_aistriú go Ballstát eile go díreach go dtí a gceann scríbe deiridh i mBallstát eile mura gá go stadfaidh siad ag láthair scíthe ar chúiseanna a bhaineann le leas ainmhithe.

Airteagal 124 Na hoibleagáidí ar oibreoirí ag an gceann scríbe

1.           Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí agus seamlas a ghlacann le hainmhithe talún ar coimeád ó Ballstát eile:

(a)     a sheiceáil:

(i)      go bhfuil an modh aitheantais dá bhforáiltear in Airteagail 106(a), 107(a), 109(1), 110(a), 113(a) agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117 le feiceáil ann;

(ii)      go bhfuil na doiciméid aitheantais dá bhforáiltear in Airteagail 106(b), 107(b), 109(1)(c), 113(b) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117 le feiceáil ann;

(b)     a sheiceáil go bhfuil na deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 140 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 141(b) agus (c) nó na doiciméid féindearbhúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 148 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 148(2) le feiceáil ann;

(c)     an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon mhírialtacht maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)      na hainmhithe talún ar coimeád a fuarthas;

(ii)      an modh aitheantais a bheith le feiceáil ann mar a dtagraítear dó i bpointe (a)(i);

(iii)     na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) agus (b).

2.           Má bhíonn aon mhírialtacht ann dá dtagraítear i mír 1(c), leithliseoidh an t‑oibreoir na hainmhithe a mbaineann an mhírialtacht sin leo go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an údarás inniúil ina leith.

Airteagal 125 Cosc ar ghluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád idir na Ballstáit

Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe talún ar coimeád go Ballstát eile, mura dtabharfaidh an Ballstát cinn scríbe údarú soiléir sula ndéanfar an ghluaiseacht i gcás ainmnithe a bhfuil sé beartaithe go marófar chun críocha díothaithe iad galair mar chuid de chlár díothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 30(1),(2) agus (3).

Airteagal 126 Ceanglais ginearálta ar oibreoirí maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád ar idirthuras trí Bhallstáit agus nach bhfuil beartaithe iad a onnmhairiú as an Aontas go tríú tíortha nó críocha

Áiritheoidh oibreoirí go gcomhlíonann ainmhithe talún ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú go tríú tír nó go tríú críoch agus atá ag dul trí chríoch Ballstáit eile na ceanglais atá leagtha síos in Airteagail 121, 122, 123 agus 125.

Roinn 3 Ceanglais shonracha maidir le gluaiseachtaí crúbach agus éanlaithe clóis go Ballstáit eile

Airteagal 127 Gluaiseacht crúbach agus éanlaithe clóis go Ballstáit eile

Ní aistreoidh oibreoirí crúbaigh agus éanlaith chlóis ó bhunaíocht i mBallstáit amháin go Ballstáit eile ach má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas maidir le galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d):

(a)          nach bhfuil comharthaí sóirt cliniciúla nó comharthaí de na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d), tráth a ngluaiseachta;

(b)          gur chomhlíon siad tréimhse chónaithe atá oiriúnach do ghalair liostaithe, agus speiceas nó catagóir crúbach nó éanlaithe clóis atá le gluaiseacht á gcur san áireamh;

(c)          le tréimhse ama atá oiriúnach do na galair liostaithe sin agus do speiceas agus do chatagóir na gcrúbach nó na héanlaithe clóis atá le gluaiseacht, nár tugadh isteach aon chrúbaigh nó aon éanlaith chlóis sa bhunaíocht tionscnaimh;

(d)          nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin go dtí ainmhithe ag an gceann scríbe.

Airteagal 128 Cumhachtaí maidir le gluaiseacht crúbach agus éanlaithe clóis a tharmligean do Bhallstáit eile

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     tréimhsí cónaithe dá bhforáiltear in Airteagal 127(b);

(b)     an tréimhse ama is gá chun teorainn a chur le tabhairt isteach crúbach nó éanlaithe clóis i mbunaíochtaí roimh ghluaiseacht dá bhforáiltear in Airteagal 127(c).

(c)     ceanglais bhreise lena áirithiú nach bhfuil riosca suntasach leis na crúbaigh nó leis an éanlaith chlóis maidir le leathadh galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d), dá bhforáiltear in Airteagal 127(d);

(d)     bearta laghdaithe riosca éagsúla lena leasaítear agus lena bhforlíontar na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 127.

2.           Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh, agus na rialacha á socrú acu atá le leagan síos sna gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1:

(a)     na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) atá oiriúnach do speicis liostaithe nó do chatagóir na gcrúbach nó na héanlaithe clóis atá le gluaiseacht;

(b)     an stádas sláinte maidir le galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) ag na bunaíochtaí, ag na deighleoga, ag na criosanna agus sna Ballstáit tionscnaimh agus chinn scríbe;

(c)     cineál na bunaíochta agus cineál an táirgthe ag na háiteanna tionscnaimh agus cinn scríbe;

(d)     cineál na gluaiseachta;

(e)     catagóirí agus speicis na gcrúbach agus na héanlaithe clóis atá le haistriú;

(f)      aois na gcrúbach ar coimeád agus na héanlaithe clóis ar coimeád atá le haistriú;

(g)     sonraí eipidéimeolaíocha eile.

Airteagal 129 Crúbaigh agus éanlaith chlóis a aistríodh go Ballstáit eile agus atá beartaithe a mharú

1.           Ní mór d’oibreoirí na seamlais a fhaigheann crúbaigh agus éanlaith chlóis ó Bhallstát eile na hainmhithe sin a mharú a luaithe is féidir i ndiaidh dóibh teacht agus ar a dhéanaí laistigh de thréimhse ama atá le leagan síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 i ndáil leis na ceanglais dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Roinn 4 Oibríochtaí cruinnithe i gcás crúbach agus éanlaithe clóis ar coimeád

Airteagal 130 Maolú maidir le hoibríochtaí cruinnithe

1.           De mhaolú ar Airteagal 123(2), féadfaidh oibreoirí oibríocht chruinnithe a chur ar chrúbaigh agus ar éanlaith chlóis

(a)     uair amháin sa Bhallstát tionscnaimh;

(b)     uair amháin sa Bhallstát trasnaithe;

(c)     uair amháin sa Bhallstát cinn scríbe;

2.           Ní dhéanfar na hoibríochtaí cruinnithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo ach i mbunaíocht arna formheas chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 92(1) agus le hAirteagal 94(3) agus (4).

              Thairis sin, féadfaidh an Ballstát tionscnaimh oibríochtaí cruinnithe a cheadú ina gcríoch má dhéantar iad ar mhodh iompair lena gcruinnítear crúbaigh agus éanlaith chlóis ar coimeád go díreach óna mbunaíochtaí tionscnaimh, ar choinníoll nach ndíluchtófar iad arís i ndiaidh na n‑oibríochtaí sin roimh:

(a)     dóibh a mbunaíocht nó a gceann scríbe deiridh a bhaint amach; nó

(b)     oibríocht chruinnithe dá bhforáiltear i mír 1(b) agus (c).

Airteagal 131 Ceanglais maidir le galair a chosc d’oibríochtaí cruinnithe

Áiritheoidh oibreoirí a dhéanann oibríochtaí cruinnithe:

(a)          go bhfuil an stádas sláinte céanna ag na crúbaigh agus ag an éanlaith chlóis ar coimeád arna gcruinniú, nó mura bhfuil, go mbeidh an stádas sláinte is ísle i bhfeidhm ar na hainmhithe sin uile arna gcruinniú;

(b)          go cruinneofar agus go n‑aistreofar na crúbaigh agus an éanlaith ar coimeád go dtí a gceann scríbe deiridh i mBallstát eile a luaithe agus is féidir i ndiaidh dóibh a mbunaíocht tionscnaimh a fhágáil, agus laistigh de thréimhse atá le leagan síos i ngníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 132(c) ar a dhéanaí;

(c)          go ndéanfar na bearta bithshlándála is gá lena áirithiú i leith na gcrúbach agus na héanlaithe clóis arna gcruinniú:

(i)      nach ndéanfaidh siad teagmháil le crúbaigh nó le héanlaith chlóis a bhfuil stádas sláinte níos ísle acu;

(ii)     nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) go dtí na crúbaigh agus an éanlaith chlóis ar coimeád ag áit na hoibríochta cruinnithe;

(d)          go sainaithneofar na crúbaigh nó an éanlaith chlóis ar coimeád agus, má cheanglaítear sin, go bhfuil na doiciméid seo a leanas ag gabháil leo:

(i)      na doiciméid aitheantais agus chlárúcháin, má fhoráiltear dóibh in Airteagal 106(b), 107(b), 109(c), 110(b), 113(b) agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117 mura bhforáiltear do mhaoluithe de réir Airteagal 115.

(ii)     na deimhnithe sláinte ainmhithe, má fhoráiltear dóibh in Airteagal 140 agus in Airteagal 141(c) mura bhforáiltear do mhaoluithe sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 141(a);

(iii)     an doiciméad féindearbhúcháin má fhoráiltear dó in Airteagal 148.

Airteagal 132 Cumhachtaí a tharmligean maidir le hoibríochtaí cruinnithe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)          rialacha sonracha maidir le hoibríochtaí cruinnithe, má tá bearta eile laghdaithe riosca, sa bhreis ar na bearta lena bhforáiltear i d'Airteagal 131(b) agus (c), ar bun;

(b)          critéir lena bhféadfaidh Ballstáit tionscnaimh a cheadú go ndéanfar oibríochtaí cruinnithe ar mhodh iompair dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 130(2);

(c)          an tréimhse idir am imeachta na gcrúbach nó na héanlaithe ar coimeád óna mbunaíocht tionscnaimh agus am a n‑imeachta go dtí an mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 131(b);

(d)          bearta bithshlándála dá bhforáiltear in Airteagal 131(c).

Roinn 5 Gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád seachas crúbaigh agus éanlaith chlóis ar coimeád go Ballstáit eile

Airteagal 133 Gluaiseacht ainmhithe talún ar coimeád seachas crúbaigh agus éanlaith chlóis ar coimeád go Ballstáit eile agus gníomhartha tarmligthe

1.           Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe talún ar coimeád seachas crúbaigh agus éanlaith chlóis ó bhunaíocht i mBallstát go Ballstát eile ach mura mbeidh riosca leo maidir le galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) a leathadh go hainmhithe ag an gceann scríbe.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le rialacha mionsonraithe lena áirithiú nach bhfuil riosca le ainmhithe talún ar coimeád seachas crúbaigh agus éanlaithe clóis maidir le galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) a leathadh dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

3.           Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh, agus na rialacha á socrú acu atá le leagan síos sna gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 2:

(a)     na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) atá oiriúnach do speicis liostaithe nó do chatagóir na n‑ainmhithe talún ar coimeád atá le haistriú;

(b)     an stádas sláinte maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) ag na bunaíochtaí, ag na deighleoga, ag na criosanna agus sna Ballstáit tionscnaimh agus na cinn scríbe;

(c)     na cineálacha bunaíochta agus na cineálacha táirgthe ag na háiteanna tionscnaimh agus cinn scríbe;

(d)     na cineálacha gluaiseachta maidir le húsáid deiridh na n‑ainmhithe ag an gceann scríbe;

(e)     speicis agus catagóirí ainmhithe talún a aistríodh;

(f)      aois na n‑ainmhithe talún ar coimeád atá le haistriú;

(g)     sonraí eipidéimeolaíocha eile.

Roinn 6 Lena maolaítear agus lena bhforlíontar bearta laghdaithe riosca

Airteagal 134 Ainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a chur i mbunaíochtaí comhdhúnta

1.           Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe talún go bunaíocht chomhdhúnta ach má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)     go bhfuil siad de thionscnamh bunaíochta comhdhúnta eile;

(b)     nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) a leathadh go dtí speicis nó catagóirí liostaithe ainmhithe sa bhunaíocht chomhdhúnta chinn scríbe, ach amháin i gcás ina bhfuil an ghluaiseacht sin ceadaithe chun críoch eolaíoch.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     ceanglais mhionsonraithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád isteach i mbunaíochtaí comhdhúnta sa bhreis ar na ceanglais dá bhforáiltear san mír 1 den Airteagal seo

(b)     rialacha sonracha maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád isteach i mbunaíochtaí i gcás ina ráthaítear le bearta laghdaithe riosca atá ar bun nach bhfuil riosca suntasach maidir le sláinte ainmhithe talún ar coimeád laistigh den bhunaíocht agus de bhunaíochtaí thart uirthi.

Airteagal 135 Maoluithe do ghluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád chun críoch eolaíoch agus cumhacht a tharmligean

1.           Féadfaidh údarás inniúil an chinn scríbe, má thoilíonn údarás inniúil na háite tionscnaimh leis, gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád isteach ina gcríoch chun críoch eolaíoch nach gcomhlíonann ceanglais Ranna 1 go dtí 5, seachas Airteagal 121 agus Airteagal 122, , Airteagal 123(1)(a)(ii) agus Airteagal 124 a údarú.

2.           Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla maoluithe dá bhforáiltear i mír 1 ach ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)     go bhfuil an méid seo a leanas déanta ag údaráis inniúla na háite tionscnaimh agus an chinn scríbe:

(i)      d'aontaigh siad maidir le coinníollacha na gluaiseachta sin;

(ii)      rinne siad na bearta laghdaithe riosca is gá chun a áirithiú nach gcuirfidh gluaiseachtaí na n‑ainmhithe sin stádas sláinte na n‑áiteanna ar an mbealach agus ag an gceann scríbe i gcontúirt maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d);

(iii)     thug siad fógra d’údarás inniúil na mBallstát trasnaithe maidir leis an maolú a tugadh agus na coinníollacha ar a bhfuil sé tugtha;

(b)     go bhfuil gluaiseachtaí na n‑ainmhithe sin faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na n‑áiteanna tionscnaimh agus cinn scríbe, agus, más ábhartha, údarás inniúil an Bhallstáit trasnaithe.

3.           Tabharfadh de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 a bhaineann le leasú agus forlíonadh a dhéanamh na rialacha maidir le húdaráis inniúla maoluithe a thabhairt dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 136 Maoluithe a bhaineann le húsáid áineasa, le himeachtaí spóirt agus cultúrtha, le hinnilt agus le hobair gar do theorainneacha

1.           Féadfaidh údarás inniúil an chinn scríbe maoluithe a thabhairt ó cheanglais Ranna 2 agus 5, seachas Airteagal 123(a) agus (b) agus Airteagal 124 agus Airteagal 125, maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád idir na Ballstáit laistigh den Aontas i gcás inarb iad cuspóirí na ngluaiseachtaí sin:

(a)     úsáid áineasa gar do theorainneacha;

(b)     taispeántais, agus imeachtaí spóirt, imeachtaí cultúrtha agus imeachtaí eile den chineál céanna a reáchtáiltear gar do theorainneacha;

(c)     innilt ainmhithe talún ar coimeád i limistéir innilte a chomhroinneann Ballstáit le chéile;

(d)     obair ainmhithe talún ar coimeád gar do theorainneacha Ballstát.

2.           Déanfaidh na Ballstáit comhaontú maidir le húdarás inniúil an chinn scríbe maoluithe a thabhairt maidir le gluaiseachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus déanfar bearta laghdaithe riosca cuí chun a áirithiú nach bhfuil riosca suntasach leis na gluaiseachtaí sin.

3.           Cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 2 an Coimisiún ar an eolas faoi thabhairt maoluithe dá dtagraítear i mír 1.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na rialacha maidir le maolú an údaráis inniúla ag an gceann scríbe a leasú agus a fhorlíonadh, dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 137 Cumhacht a tharmligean maidir le maoluithe a bhaineann le sorcais, taispeántais, imeachtaí spóirt agus úsáid áineasa, zúnna, mórdhíoltóirí do shiopaí peataí agus éin i mbroid

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 252 maidir le maoluithe ó Ranna 2 go dtí 5 i sorcais, i zúnna, in ionaid dídine ainmhithe agus in ionaid mhórdhíola; le haghaidh taispeántas agus imeachtaí spóirt, cultúrtha agus imeachtaí eile den chineál sin seachas Airteagal 123(a) agus (b), agus Airteagal 124 agus Airteagal 124 maidir le ceanglais shonracha maoluithe den chineál sin agus lena bhforlíontar na rialacha arna leagan síos i Ranna 2 go dtí 5 maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád:

Airteagal 138 Cumhacht cur chun feidhme i gcás maoluithe sealadacha maidir le gluaiseachtaí speiceas sonracha nó catagóirí ainmhithe talún ar coimeád

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le maoluithe sealadacha ó na rialacha atá leagtha síos sa Chaibidil seo maidir le gluaiseachtaí speiceas sonrach nó catagóirí sonracha ainmhithe talún ar coimeád sna cásanna seo a leanas:

(a)          nach laghdaítear go héifeachtach leis na ceanglais ghluaiseachta dá bhforáiltear, in Airteagal 127, in Airteagal 129(1), in Airteagal 130 agus in Airteagal 131, in Airteagal 133(1), in Airteagal 134(1) agus in Airteagal 135(1) agus (2) agus in Airteagal 136 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 128(1) agus Airteagal 129(2), Airteagal 132, Airteagal 133(2), Airteagal 134(2), Airteagal 135(3) agus Airteagal 136(4) agus Airteagal 137, na rioscaí atá le gluaiseacht na n‑ainmhithe sin; nó

(b)          gur cosúil go bhfuil an galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) á leathadh d’ainneoin na gceanglas arna leagan síos i gcomhréir le Ranna 1 go dtí 6.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt cuí leo a bhaineann le riosca tionchair shárshuntasaigh a bheith le galar agus na nithe dá dtagraítear in Airteagal 139, glacfaidh an Coimisiún láithreach gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 255(3).

Airteagal 139 Nithe le cur san áireamh agus gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme á nglacadh dá bhforáiltear sa Roinn seo

Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh agus é ag socrú na rialacha atá le leagan síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 134(2), 135(3),136(4), 137 agus 138:

(a)          na rioscaí atá le gluaiseachtaí dá dtagraítear sna forálacha sin;

(b)          an stádas sláinte maidir leis na galair sin ag na háiteanna tionscnaimh agus ag an gceann scríbe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d);

(c)          speicis ainmhithe liostaithe a bhaineann leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d);

(d)          bearta bithshlándála atá ar bun ag na háiteanna tionscnaimh, ag na cinn scríbe agus ar an mbealach;

(e)          aon choinníollacha sonracha faoina gcoimeádtar ainmhithe talún ar coimeád;

(f)           patrúin ghluaiseachta shonracha a bhaineann le cineál na bunaíochta agus le speiceas agus catagóir na n‑ainmhithe talún ar coimeád lena mbaineann;

(g)          fachtóirí eipidéimeolaíocha eile.

Roinn 7 Deimhniú sláinte ainmhithe

Airteagal 140 An oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe

1.           Ní aistreoidh oibreoirí na speicis agus na catagóirí ainmhithe talún ar coimeád go Ballstát eile ach má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 146(1):

(a)     crúbaigh;

(b)     éanlaith chlóis,

(c)     ainmhithe talún ar coimeád seachas crúbaigh agus éanlaith chlóis, a bhfuil sé beartaithe iad a chur i mbunaíocht chomhdhúnta;

(d)     ainmhithe talún ar coimeád seachas na hainmhithe dá dtagraítear i bpointí (a),(b) agus (c) den mhír seo, má cheanglaítear sin i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun phointe (c) d'Airteagal 141(1).

2.           Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe talún ar coimeád laistigh de Bhallstát nó ó Bhallstát go Ballstát eile mura ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 146(1), i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) mar a leanas:

(a)     go mbeidh cead ag na hainmhithe talún ar coimeád crios srianta a fhágáil dá bhforáiltear in Airteagal 55(1)(f)(ii), Airteagal 56 agus Airteagal 64(1) agus atá faoi réir beart rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1), in Airteagal 65(1), in Airteagal 74(1) nó in Airteagal 78(1) agus (2) nó i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 67, Airteagal 71(3) agus Airteagal 74(3), Airteagal 79, Airteagal 81(3) nó Airteagal 248;

(b)     go bhfuil na hainmhithe talún ar coimeád faoi réir na mbeart rialaithe galar sin.

3.           Déanfaidh oibreoirí gach beart is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh an deimhniú sláinte ainmhithe leis na hainmhithe talún ar coimeád óna n‑áit tionscnaimh go dtí a gceann scríbe deiridh, mura bhforáilfear do bhearta sonracha sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 144.

Airteagal 141 Cumhachtaí a tharmligean maidir leis an oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     maoluithe ó na ceanglais maidir leis an deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 140(1) maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád nach bhfuil riosca suntasach leo i leith leata galair de dheasca na nithe seo a leanas:

(i)      catagóirí nó speicis na n‑ainmhithe talún ar coimeád atá á n‑aistriú agus na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) ina bhfuil siad luaite mar speicis liostaithe;

(ii)      modhanna coimeádta agus cineál táirgthe na speiceas sin agus catagóirí na n‑ainmhithe talún ar coimeád;

(iii)     an úsáid atá beartaithe i leith na n‑ainmhithe talún ar coimeád;

(iv)     ceann scríbe na n‑ainmhithe talún ar coimeád; nó

(b)     rialacha ar leith maidir le sláinte ainmnithe a dheimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 140(1) i gcás ina ndéanfaidh an t‑údarás inniúil bearta laghdaithe riosca sonracha maidir le faireachas nó bithshlándáil, agus na nithe dá bhforáiltear i mír 2, lena n‑áirithítear:

(i)      inrianaitheacht na n‑ainmhithe talún ar coimeád atá á n‑aistriú;

(ii)      go gcomhlíonann na hainmhithe talún ar coimeád atá á n‑aistriú coinníollacha maidir le sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i Ranna 1 go dtí 6;

(c)     an ceanglas go ndéanfar sláinte ainmhithe a dheimhniú maidir le gluaiseachtaí speiceas agus catagóirí ainmhithe talún ar coimeád seachas na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 140(1)(a)(b) agus (c) i gcásanna ina bhfuil deimhniú sláinte ainmhithe ríthábhachtach chun a áirithiú go gcomhlíonann an ghluaiseacht lena mbaineann na ceanglais ghluaiseachta atá leagtha síos i Ranna 1 go dtí 6.

2.           Agus é ag socrú rialacha ar leith dá bhforáiltear i mír 1(b), cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)     muinín an údaráis inniúil as an mbithshlándáil arna cur ar bun ag oibreoirí dá bhforáiltear in Airteagal 9(1)(b) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 9(2);

(b)     a ábalta atá an t‑údarás inniúil bearta a ghlacadh atá leagtha síos sa Rialachán seo dá bhforáiltear in Airteagal 12(1);

(c)     leibhéal an bhuneolais arna fháil ar shláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 10 agus an tacaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 12(2);

(d)     feidhmíocht na gcuairteanna sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 23 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 24, i gcás nach bhfuil faireachas ábhartha, scéimeanna áirithithe cáilíochta nó rialuithe oifigiúla eile dá dtagraítear in Airteagal 23(1)(c) ar bun;

(e)     feidhmíocht thabhairt fógraí agus thuairisciú an Aontais dá bhforáiltear in Airteagail 17 go dtí 20 agus na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 17(3) agus in Airteagal 18(3) agus in Airteagal 21 mar a dhéanann an t‑údarás inniúil iad;

(f)      cur chun feidhme faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 25 agus cláir faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 27 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 28 agus Airteagal 29.

3.           Cuirfidh an Coimisiún na nithe dá dtagraítear i mír 1(a)(i) go dtí (iv) san áireamh agus é ag socrú na gceanglas maidir le deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír (1)(c) den Airteagal seo.

Airteagal 142 Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe

1.           Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa deimhniú sláinte ainmhithe:

(a)     an bhunaíocht nó an áit tionscnaimh, an bhunaíocht chinn scríbe nó an ceann scríbe agus, más ábhartha, bunaíochta le haghaidh oibríochtaí cruinnithe nó tréimhsí scíthe na n‑ainmhithe talún ar coimeád;

(b)     tuairisc ar ainmhithe talún ar coimeád;

(c)     líon na n‑ainmhithe talún ar coimeád;

(d)     sainaithint agus clárú na n‑ainmhithe talún ar coimeád, má cheanglaítear sin in Airteagail 106, 107, 109, 110 agus 113 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus 117, mura bhforáiltear do mhaoluithe i gcomhréir le hAirteagal 115; agus

(e)     an fhaisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na hainmhithe talún ar coimeád na ceanglais ghluaiseachta ábhartha dá bhforáiltear i Ranna 1 go dtí 6.

2.           Féadfar go mbeidh faisnéis eile sa deimhniú sláinte ainmhithe, má cheanglaítear sin i reachtaíocht eile de chuid an Aontais .

Airteagal 143 Cumhachtaí a tharmligean agus gníomhartha cur chun feidhme maidir le hábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     rialacha mionsonraithe maidir le hábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 142(1) maidir le catagóirí agus speicis éagsúla ainmhithe talún ar coimeád agus maidir le cásanna sonracha dá bhforáiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 144;

(b)     faisnéis bhreise atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 142(1).

2.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme , rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Airteagal 144 Cumhachtaí a tharmligean maidir le cineálacha sonracha gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le bearta sonracha lena bhforlíontar an oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 140 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 141 maidir leis na cineálacha gluaiseachta ainmhithe talún ar coimeád seo a leanas:

(a)          gluaiseachtaí crúbach agus éanlaithe clóis ar coimeád ar a mbealach trí na hoibríochtaí cruinnithe dá bhforáiltear in Airteagal 130 roimh dóibh a gceann scríbe deiridh a shroicheadh;

(b)          gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád nach bhféadfaidh leanúint dá mbealach do dtí a gceann scríbe deiridh agus nach mór iad a fhilleadh ar a n‑áit tionscnaimh nó a ghluaiseacht chuig ceann scríbe eile, ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas:

(i)      gur cuireadh isteach gan choinne ar an mbealach a bhí beartaithe dóibh ar chúiseanna leasa ainmhithe;

(ii)     timpistí nó tarluithe neamhthuartha ar an mbealach;

(iii)     gur diúltaíodh na hainmhithe talún ar coimeád ag an gceann scríbe i mBallstát nó ag teorainn sheachtrach an Aontais;

(iv)    gur diúltaíodh na hainmhithe talún ar coimeád ag áiteanna cruinnithe nó scíthe;

(v)     gur diúltaíodh na hainmhithe talún ar coimeád i dtríú tír;

(c)          gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a chur i dtaispeántais agus in imeachtaí spóirt, cultúrtha agus imeachtaí den chineál sin, agus a bhfilleadh ina dhiaidh sin ar a n‑áit tionscnamh.

Airteagal 145 Na hoibleagáidí ar oibreoirí comhoibriú leis na húdaráis inniúla i gcás sláinte ainmhithe a dheimhniú

Déanfaidh oibreoirí:

(a)          an fhaisnéis uile is gá a thabhairt don údarás inniúil chun an deimhniú sláinte ainmhithe a chomhlánú dá bhforáiltear in Airteagal 140(1) agus (2) agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 143(1) nó Airteagal 144;

(b)          más gá, ainmhithe a chur faoi shainaithint dhoiciméadach agus faoi sheiceálacha fisiceacha dá bhforáiltear in Airteagal 146(3).

Airteagal 146 An fhreagracht ar údaráis inniúla maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú

1.           Eiseoidh an t‑údarás inniúil deimhniú sláinte ainmhithe do ghluaiseacht ainmhithe talún ar coimeád go Ballstát eile arna iarraidh sin don oibreoir, má cheanglaítear sin in Airteagal 140 nó i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 141(1) agus Airteagal 143(2) ar choinníoll gur comhlíonadh na ceanglais ghluaiseachta seo a leanas:

(a)     na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 121, in Airteagal 122(1), in Airteagail 123, 125, 126, 127, 129, 130 agus131, in Airteagal 133(1) agus in Airteagal 134(1), in Airteagal 135 agus in Airteagal 136;

(b)     na ceanglais dá bhforáiltear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 122(2) agus Airteagal 128(1), Airteagal 132, agus Airteagal 133(2), 134(2), 135(4) agus 136(4) agus Airteagal 137;

(c)     na ceanglais dá bhforáiltear i ngníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 138.

2.           Gach deimhniú sláinte ainmhithe:

(a)     seiceálfaidh agus síneoidh tréidlia oifigiúil é;

(b)     beidh sé bailí ar feadh na tréimhse sin, dá bhforáiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun mhír 4(c), a leanfaidh na hainmhithe talún ar coimeád atá cumhdaithe fúithi de na ráthaíochtaí sláinte ainmhithe atá ann a chomhlíonadh lena linn.

3.           Déanfaidh an tréidlia oifigiúil, roimh dó deimhniú sláinte ainmhithe a shíniú, a sheiceáil an gcomhlíonann na hainmhithe talún ar coimeád atá cumhdaithe fúithi ceanglais na Caibidle seo trí bhíthin seiceálacha doicméadacha, aitheantais agus fisiciúla arna nglacadh de bhun mhír 4.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 lena leagfar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     na cineálacha seiceálacha doiciméadacha, sainaitheanta agus fisiciúla do speicis éagsúla agus do chatagóirí éagsúla ainmhithe talún ar coimeád nach mór don tréidlia oifigiúil a dhéanamh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo chun comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo a sheiceáil;

(b)     na tréimhsí ama maidir leis na seiceálacha doiciméadacha, sainaitheanta agus fisiciúla a dhéanamh agus eisiúint deimhnithe sláinte ainmhithe ón tréidlia oifigiúil roimh ghluaiseacht coinsíneachtaí ainmhithe talún ar coimeád;

(c)     fad bailíochta na ndeimhnithe sláinte ainmhithe.

Airteagal 147 Deimhnithe sláinte ainmhithe leictreonacha

Deimhnithe sláinte ainmhithe leictreonacha a tháirgtear, a phróiseáltar agus a tharchuirtear trí bhíthin IMSOC in ionad deimhnithe sláinte ainmhithe a ghabhann leis na hainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 146(1) sna cásanna seo a leanas:

(a)          go bhfuil an fhaisnéis uile iontu a cheanglaítear a bheith i bhfoirm shamplach an deimhnithe sláinte ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 142 agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 143;

(b)          go n‑áirítear leo inrianaitheacht na n‑ainmhithe talún ar coimeád agus an nasc go dtí an deimhniú sláinte ainmhithe.

Airteagal 148 Na hoibreoirí féindearbhú a dhéanamh maidir le gluaiseachtaí go Ballstáit eile

1.           Eiseoidh oibreoirí ag an áit tionscnaimh doiciméad féindearbhúcháin maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád óna n‑áit tionscaimh i mBallstát amháin go dtí an ceann scríbe i mBallstát eile agus áiritheoidh siad go ngabhfaidh sé leis na hainmhithe, i gcás nach bhfuil sé de cheanglas go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 140(1) agus (2) leo.

2.           Beidh an fhaisnéis seo a leanas maidir leis na hainmhithe talún ar coimeád sa doiciméad féindearbhúcháin dá bhforáiltear i mír 1:

(a)     an áit tionscnaimh, an ceann scríbe agus, más ábhartha, aon áiteanna cruinnithe nó láithreacha scíthe;

(b)     tuairisc ar na hainmhithe talún ar coimeád, ar a speiceas agus ar a gcainníocht;

(c)     sainaithint agus clárú, má tá sin de cheanglas i gcomhréir le hAirteagail 106, 107, 109 agus 110, agus Airteagal 113(a) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus 117;

(d)     an fhaisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na hainmhithe talún ar coimeád na ceanglais ghluaiseachta dá bhforáiltear i Ranna 1 go dtí 6.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     rialacha mionsonraithe maidir le hábhar an doiciméid féindearbhúcháin dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo i gcás catagóirí éagsúla agus speiceas éagsúil ainmhithe;

(b)     faisnéis atá le bheith sa doiciméad féindearbhúcháin sa bhreis ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo.

4.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha na ndoiciméad féindearbhúcháin dá bhforáiltear i mír 2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Roinn 8 Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch go Ballstáit eile

Airteagal 149 An oibleagáid ar oibreoirí maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád go Ballstáit eile

Tabharfaidh oibreoirí fógra don údarás inniúil ina mBallstát tionscnaimh roimh an ngluaiseacht ainmhithe talún ar coimeád atá beartaithe ón mBallstát sin go Ballstát eile sna cásanna seo a leanas:

(a)          go bhfuil sé ceangailte go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh leis na hainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 146 agus le hAirteagal 147 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 146(4);

(b)          go bhfuil sé ceangailte go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe leis na hainmhithe talún ar coimeád i gcás ina bhfuil siad á n‑aistriú ó chrios srianta agus ina bhfuil siad faoi réir bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 140(2);

(c)          go bhfuil sé de cheanglas fógra a thabhairt i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 151(1).

Chun críocha chéad mhír an Airteagail seo, tabharfaidh na hoibreoirí d'údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh an fhaisnéis uile is gá chun é a chur ar a chumas fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe i gcomhréir le hAirteagal 150(1).

Airteagal 150 An fhreagracht ar údaráis inniúla fógra a thabhairt do Bhallstáit eile i leith gluaiseachtaí

1.           Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 149.

2.           Tabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tráth ar bith is féidir é trí IMSOC.

3.           Ainmneoidh na Ballstáit réigiúin le haghaidh bainistiú fógraí maidir le gluaiseachtaí dá bhforáiltear i mír 1.

4.           De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údarás inniúil an Ballstáit tionscnaimh údarú a thabhairt don oibreoir fógra a thabhairt go páirteach nó go hiomlán d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád trí IMSOC

Airteagal 151 Cumhacht a tharmligean agus gníomhartha tarmligthe maidir leis an údarás inniúil fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     an ceanglas fógra a thabhairt roimh ré atá ar oibreoirí i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád idir na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 149 ar de chatagóirí nó de speicis ainmhithe talún ar coimeád iad seachas iad siúd dá dtagraítear in i bpointe (a) agus i bpointe (b) den Airteagal sin i gcás inar gá inrianaitheacht na ngluaiseachtaí sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais sláinte ainmhithe atá leagtha síos sa i Ranna 1 go dtí 6;

(b)     an fhaisnéis is gá chun fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 149 agus in Airteagal 150;

(c)     na nósanna imeachta éigeandála maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád i gcás gearrtha leictreachais agus cur isteach eile ar IMSOC;

(d)     na ceanglais maidir leis na Ballstáit réigiúin a ainmniú le haghaidh bainistiú fógraí maidir le gluaiseachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 150(3).

2.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     formáid na bhfógraí maidir le gluaiseachtaí talún ar coimeád a thugann:

(i)      oibreoirí d’údarás inniúil an Ballstáit tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 149;

(ii)      údarás inniúil an Ballstáit tionscnaimh don Bhallstát cinn scríbe i gcomhréir le hAirteagal 150;

(b)     na spriocamanna maidir leis an méid seo a leanas:

(i)      an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 149 atá le tabhairt ag oibreoirí d’údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh;

(ii)      údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra a thabhairt i leith ainmhithe talún ar coimeád dá bhforáiltear in Airteagal 150(1).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Caibidil 4 Gluaiseachtaí peataí talún ar coimeád laistigh den Aontas

Airteagal 152 Gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí talún ar coimeád agus cumhachtaí tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

1.           Ní aistreoidh coimeádaithe peataí peataí talún de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I ó Bhallstát amháin go Ballstát eile ar bhonn neamhthráchtála ach sna cásanna seo a leanas:

(a)     go bhfuil na peataí talún sin sainaitheanta agus go bhfuil doiciméad aitheantais ag gabháil leo má cheanglaítear sin i gcomhréir le hAirteagal 112 nó rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus Airteagal 117;

(b)     go ndearnadh bearta cuí rialaithe galar le linn na gluaiseachta sin chun a áirithiú nach bhfuil riosca suntasach leis na peataí talún ar coimeád maidir le leathadh galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus galar atá ag teacht chun cinn go dtí ainmhithe talún ar coimeád ag an gceann scríbe agus le linn a n‑iompartha.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na bearta coisctheacha agus rialaithe galar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun a áirithiú nach bhfuil riosca suntasach leis na peataí talún ar coimeád maidir leis an leathadh galar dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus galar atá ag teacht chun cinn go dtí ainmhithe le linn a n‑iompartha agus ag an gceann scríbe, agus stádas sláinte an chinn scríbe á chur san áireamh aige más ábhartha.

3.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na bearta coisctheacha agus rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus sna rialacha arna nglacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 254(2).

Caibidil 5 Gluaiseacht ainmhithe talún fiáine

Airteagal 153 Ainmhithe talún fiáine

1.           Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe fiáine as gnáthóg i mBallstát amháin go gnáthóg i mBallstát eile nó go bunaíocht i mBallstát eile ach sna cásanna seo a leanas:

(a)     go stiúrtar gluaiseachtaí na n‑ainmhithe fiáine ón a ngnáthóg ar dhóigh nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le leathadh galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) nó galar atá ag teacht chun cinn ar an mbealach nó ag an gceann scríbe;

(b)     nach dtagann na hainmhithe fiáine ó ghnáthóg i gcrios srianta faoi réir srianta gluaiseachta de dheasca galar liostaithe a bheith ann dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) nó galar atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis an speiceas liostaithe i gcomhréir le rialacha atá leagtha síos in Airteagal 70(2)(c), Airteagal 80(1) agus (2) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 70(3)(b), Airteagal 71(3), Airteagal 80(4) agus Airteagal 81(3) nó na mbeart éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 245 agus in Airteagal 246 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248, murar tugadh maoluithe i gcomhréir leis na rialacha sin;

(c)     go bhfuil deimhniú sláinte ainmhithe nó doiciméid eile ag gabháil leis na hainmhithe sin más gá sláinte ainmhithe a dheimhniú chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais ghluaiseachta atá leagtha síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 154(1)(c) agus (d);

(d)     go dtugann údarás inniúil an Bhallstáit fógra i leith an ngluaiseacht d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe, má cheanglaítear an deimhniú sláinte ainmhithe a bheith ann leis na rialacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 154(1)(c).

2.           Má cheanglaítear sláinte ainmhithe a dheimhniú leis na rialacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 154(1)(c), beidh feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 142 agus in Airteagal 145, in Airteagal 146(1),(2) agus (3), in Airteagal 147 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 143 agus Airteagal 144 agus Airteagal 146(4) maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine.

3.           Má cheanglaítear fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí i gcomhréir le mír 1(d) den Airteagal seo, beidh feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 149, in Airteagal 150 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun gníomhartha tarmligthe atá leagtha síos in Airteagal 151 maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine.

Airteagal 154 Tabhairt cumhachta a bhaineann le gluaiseacht í ainmhithe talún fiáine

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine dá bhforáiltear in Airteagal 153(1)(a) agus (b);

(b)     más ábhartha, ceanglais sláinte ainmhithe maidir le tabhairt isteach ainmhithe talún fiáine nuair a aistrítear iad as an bhfiántas:

(i)      isteach i mbunaíochtaí;

(ii)      chun iad a choimeád mar pheataí:

(c)     na cineálacha gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine nach mór, nó i gcásanna nach mór, deimhniú sláinte ainmhithe nó doiciméad eile a ghabháil leo agus na ceanglais maidir le hábhar na ndeimhnithe sin nó na ndoiciméad sin.

(d)     an fógra a thugann údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh d’údarás inniúil an Ballstáit chinn scríbe i gcás gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine idir na Ballstát agus an fhaisnéis atá le cur isteach san fhógra sin.

2.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos lena sonraítear na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 153 agus sna rialacha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     foirmeacha samplacha deimhnithe sláinte ainmhithe agus doiciméad eile a bhfuil sé de cheanglas iad a bheith ag gabháil le gluaiseachtaí ainmhithe fiáine, má fhoráiltear dó sin i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh i mír 1(c);

(b)     formáid an fhógra ó údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh agus na spriocamanna maidir leis na fógraí sin, i gcás ina bhforáiltear dó sin i rialacha arna nglacadh de bhun mhír 1(d).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Caibidil 6 Gluaiseachtaí táirgí geirmeacha laistigh den Aontas

Roinn 1 Ceanglais ghinearálta

Airteagal 155 Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseacht táirgí geirmeacha

1.           Déanfaidh oibreoirí bearta coisctheacha cuí chun a áirithiú nach gcuirfidh gluaiseacht táirgí geirmeacha stádas sláinte ainmhithe talún ar coimeád i gcontúirt ag an gceann scríbe maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a)

(b)     galair atá ag teacht chun cinn.

2.           Ní aistreoidh oibreoirí táirgí geirmeacha agus ní ghlacfaidh siad na táirgí geirmeacha sin ach má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)     go dtagann siad ó bhunaíochtaí:

(i)      a chuir an t‑údarás inniúil i gclár na mbunaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 88(a) agus nár thug an Ballstát tionscnaimh aon mhaolú i gcomhréir le hAirteagal 83;

(ii)      atá formheasta ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 92(1), má cheanglaítear sin le hAirteagal 89(1) nó Airteagal 90;

(b)     go gcomhlíonann siad ceanglais inrianaitheachta Airteagal 118(1) nó rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 119(1).

3.           Comhlíonfaidh oibreoirí ceanglais Airteagal 122 maidir le táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún ar coimeád a iompar.

4.           Ní aistreoidh oibreoirí táirgí geirmeacha ó bhunaíocht i mBallstát amháin go bunaíocht i mBallstát eile mura dtabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe formheas go sainráite maidir leis an ngluaiseacht sin, más rud é go bhfuil na táirgí geirmeacha sin faoi réir scriosadh chun críocha díothaithe mar chuid de chlár díothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) nó (2).

Airteagal 156 Na hoibleagáidí ar oibreoirí ag an gceann scríbe

1.           Oibreoirí bunaíochtaí ag an gceann scríbe a fhaigheann táirgí geirmeacha ó bhunaíocht i mBallstát eile, déanfaidh siad:

(a)     a sheiceáil an bhfuil na nithe seo a leanas ann:

(i)      marcanna aitheantais i gcomhréir le hAirteagal 118 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 119;

(ii)      deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 159;

(b)     an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon mhíréireacht; maidir leis:

(i)      na táirgí geirmeacha arna bhfáil;

(ii)      an modh aitheantais dá dtagraítear i bpointe (a)(i) a bheith ann;

(iii)     na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a)(ii).

2.           Má bhíonn aon mhírialtacht ann dá dtagraítear i mír 1(b), coinneoidh an t‑oibreoir na táirgí geirmeacha atá faoina mhaoirseacht leo go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an údarás inniúil ina leith.

Roinn 2 Gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis

Airteagal 157 Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis go Ballstáit eile

1.           Ní aistreoidh oibreoirí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis go Ballstáit eile ach i gcás ina gcomhlíonann na táirgí geirmeacha sin na coinníollacha seo a leanas:

(a)     go mbailítear, go dtáirgtear, go bpróiseáltar agus go stóráltar iad i mbunaíochtaí táirgí geirmeacha arna bhformheas chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 92(1) agus le hAirteagal 94;

(b)     go gcomhlíonann siad na ceanglais inrianaitheachta maidir leis an gcineál táirge gheirmigh i gcomhréir le hAirteagal 118 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 119;

(c)     gur bailíodh iad ó na hainmhithe bronntacha a chomhlíonann na ceanglais sláinte ainmhithe is gá chun a áirithiú nach leathfaidh na táirgí geirmeacha galair liostaithe;

(d)     gur bailíodh, gur táirgeadh, gur próiseáladh, gur stóráladh agus gur iompraíodh iad ar dhóigh lena n‑áirítear nach leathfaidh siad galair liostaithe.

2.           Ní aistreoidh oibreoirí táirgí geirmeacha ó ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis ó bhunaíocht táirgí geirmeacha atá faoi réir srianta gluaiseachta maidir leis na speicis liostaithe i gcomhréir le:

(a)     Airteagal 55(1)(a), (c), (e) agus Airteagal 55(1)(f)(ii), Airteagal 56 agus Airteagal 61(1)(a), Airteagal 62(1), Airteagal 65(1)(c), Airteagal 74(1) agus Airteagal 78(1) agus (2);

(b)     rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63, Airteagal 67, Airteagal 71(3), Airteagal 74(3), Airteagal 79 agus Airteagal 81(2); agus

(c)     bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagail 246 agus 247 agus na rialacha a nglacfar leo de bhun Airteagal 248 mura bhforáiltear maoluithe sna rialacha sin.

Airteagal 158 Cumhacht a tharmligean maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis go Ballstáit eile

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe i ndáil le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis go Ballstáit eile, ina sonrófar:

(a)          rialacha maidir le bailiú, táirgeadh, próiseáil agus stóráil táirgí geirmeacha ó na hainmhithe ar coimeád sin i mbunaíochtaí arna bhformheas dá dtagraítear in Airteagal 157(1)(a);

(b)          ceanglais sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 157(1)(c):

(i)      maidir le hainmhithe ónar bailíodh táirgí geirmeacha;

(ii)     maidir le leithlisiú nó coraintín na n‑ainmhithe bronntacha dá dtagraítear in (i);

(c)          tástálacha saotharlainne nó tástálacha eile ar ainmhithe bronntacha ar coimeád agus ar tháirgí geirmeacha;

(d)          ceanglais sláinte ainmhithe maidir le nósanna imeachta i leith bailiú, táirgeadh, próiseála, stórála nó nósanna imeachta eile agus iompar dá bhforáiltear in Airteagal 157(1)(d);

(e)          maoluithe ó na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 157, agus na rioscaí atá leis na táirgí geirmeacha sin agus aon bhearta laghdaithe riosca atá ar bun á gcur san áireamh.

Roinn 3 Sláinte ainmhithe a dheimhniú agus fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí

Airteagal 159 Na hoibleagáidí ar oibreoirí i leith sláinte ainmhithe a dheimhniú maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis agus cumhacht a tharmligean

1.           Ní aistreoidh oibreoirí táirgí geirmeacha ó ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis ach i gcás ina ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh i gcomhréir le mír 3 má a aistrítear iad:

(a)     go Ballstát eile;

(b)     laistigh de Bhallstát nó go Ballstát eile, i gcás:

(i)      ina bhfuil cead táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád crios srianta a fhágáil atá faoi réir bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1)(f)(ii) agus Airteagal 56, Airteagal 64 agus Airteagal 65, Airteagal 74(1) agus Airteagal 78 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 67, Airteagal 71(3) agus 74(3), Airteagal 79 agus Airteagal 81(2) nó na mbeart éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 246 agus in Airteagal 247 agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248 murar tugadh maoluithe ó gceanglas maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear sa phointe seo; agus

(ii)      na dtáirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád atá de speiceas atá faoi réir na mbeart rialaithe galar dá dtagraítear i bpointe (i).

2.           Déanfaidh na hoibreoirí na bearta riachtanacha uile is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh na deimhnithe sláinte ainmhithe leis na tairgí geirmeacha óna n‑áit tionscnaimh go dtí a gceann scríbe.

3.           Eiseoidh an t‑údarás inniúil, ar a iarraidh sin don oibreoir, deimhniú sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha dá dtagraítear i mír 1.

4.           Airteagail 142, 145, 146 agus 147 agus ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 143 agus Airteagal 144 agus Airteagal 146(4) maidir le deimhniúchán sláinte ainmhithe i leith táirgí geirmeacha agus Airteagal 148(1) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 148(2), beidh feidhm acu maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha a fhéindearbhú.

5.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le maoluithe ó na ceanglais i ndáil le deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1 maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis, nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le leathadh galar liostaithe mar gheall ar na nithe seo a leanas:

(a)     cineál na dtáirgí geirmeacha nó an speicis ainmhí óna dtagann na táirgí sin;

(b)     na modhanna táirgthe agus próiseála ag an mbunaíocht táirgí geirmeacha;

(c)     an úsáid atá beartaithe do tháirgí geirmeacha;

(d)     bearta laghdaithe riosca malartacha atá ar bun maidir le cineál agus catagóir táirgí geirmeacha agus bunaíochtaí táirgí geirmeacha.

Airteagal 160 Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe

1.           Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa deimhniú sláinte ainmhithe maidir le táirgí geirmeacha dá bhforáiltear in Airteagal 159:

(a)     an bhunaíocht táirgí geirmeacha tionscnaimh nó an áit tionscnaimh agus an bhunaíocht chinn scríbe nó an ceann scríbe;

(b)     cineál na dtáirgí geirmeacha agus speicis ainmhithe bronntacha ar coimeád;

(c)     toirt na dtáirgí geirmeacha;

(d)     marcáil na dtáirgí geirmeacha, má cheanglaítear sin le hAirteagal 118(1) agus le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 119(1);

(e)     faisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na táirgí geirmeacha sa choinsíneacht na ceanglais gluaiseachta maidir leis na speicis ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 155 agus 157 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 158.

2.           Féadfar faisnéis eile a bhfuil sé de cheanglas í a bheith ann i reachtaíocht an Aontais a bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe maidir leis na táirgí geirmeacha dá bhforáiltear in Airteagal 159. [FÉINDEARBHÚ]

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     an fhaisnéis atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe de bhun mhír 1

(b)     sláinte ainmhithe a dhearbhú i leith táirgí geirmeacha atá éagsúil agus a thagann ó speicis éagsúla ainmhithe.

4.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe maidir le táirgí geirmeacha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Airteagal 161 Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis go Ballstáit eile

1.           Déanfaidh oibreoirí:

(a)     an t‑údarás inniúil ina mBallstát tionscnaimh a chur ar an eolas roimh ré maidir leis an ngluaiseacht táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis go Ballstát eile atá beartaithe i gcás:

(i)      ina gceanglaítear go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe le táirgí geirmeacha i gcomhréir le hAirteagal 159(1);

(ii)      in gceanglaítear fógra a thabhairt i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 151(1) maidir le táirgí geirmeacha.

(b)     an fhaisnéis uile a thabhairt is gá chun é a chur ar chumas údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe i leith gluaiseacht táirgí geirmeacha i gcomhréir le mír 2.

2.           Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus ó éanlaith chlóis i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 151.

3.           Beidh feidhm ag Airteagal 149 agus ag Airteagal 150 agus ag rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 151 maidir le fógra a thabhairt i leith táirgí geirmeacha.

Roinn 4 Gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád de speicis seachas an speiceas buaibheach, an speiceas caorach, an speiceas mucach agus an speiceas eachaí agus éanlaith chlóis

Airteagal 162 Táirgí geirmeacha ó speicis ainmhíocha eile

1.           Ní aistreoidh oibreoirí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád de speicis seachas an speiceas buaibheach, an speiceas caorach, an speiceas mucach agus an speiceas eachaí agus éanlaith chlóis go Ballstát eile ach i gcás nach bhfuil riosca suntasach leis na táirgí geirmeacha sin maidir le leathadh galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) go dtí speicis liostaithe ag an gceann scríbe, agus an stádas sláinte ag an gceann scríbe á chur san áireamh acu.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe, sláinte ainmhithe a dheimhniú agus ceanglais maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád de speicis seachas an speiceas buaibheach, an speiceas caorach, an speiceas mucach agus an speiceas eachaí agus éanlaith chlóis agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh acu:

(a)     na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) maidir leis na speicis liostaithe;

(b)     na speicis ainmhithe ónar bailíodh na táirgí geirmeacha agus cineál na dtáirgí geirmeacha;

(c)     an stádas sláinte ag an áit tionscnaimh agus ag an gceann scríbe;

(d)     na cineálacha bailithe, táirgthe, próiseála agus stórála

(e)     fachtóirí eipidéimeolaíocha eile.

3.           I gcás ina gceanglaítear go ndeimhneofar sláinte ainmhithe agus go dtabharfar fógra i leith na dtáirgí geirmeacha i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo,

beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 159, in Airteagal 160 agus in Airteagal 161 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 159(5) agus Airteagal 160(3) maidir leis an deimhniúchán sin agus

na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 161(1) agus (2) maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachta. [FÉINDEARBHÚ]

Roinn 5 Maoluithe

Airteagal 163 Táirgí geirmeacha atá beartaithe chun críoch eolaíoch agus cumhacht a tharmligean

1.           De mhaolú ar Ranna 1 go dtí 4, féadfaidh údarás inniúil an chinn scríbe gluaiseacht táirgí geirmeacha chun críoch eolaíoch nach gcomhlíonann ceanglais na Ranna sin, seachas Airteagal 155(1), 155(2)(c), Airteagal 155(3) agus Airteagal 156, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)     roimh dó an t‑údarú sin a thabhairt, ní mór d'údarás inniúil an chinn scríbe na bearta laghdaithe riosca is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh gluaiseachtaí na dtáirgí geirmeacha sin stádas sláinte na n‑áiteanna ar an mbealach agus na cinn scríbe i gcontúirt maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d);

(b)     go mbeidh gluaiseachtaí na dtáirgí geirmeacha sin faoi mhaoirseacht údarás inniúil an chinn scríbe.

2.           Agus é ag tabhairt maolaithe i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh údarás inniúil an chinn scríbe fógra do na Ballstáit tionscnaimh agus do na Ballstáit trasnaithe maidir leis an maolú arna thabhairt agus na coinníollacha ar ar tugadh é.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le coinníollacha atá le maoluithe a thug an t‑údaras inniúil ag an gceann scríbe, dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Caibidil 7 Táirgí de thionscnamh ainmhíoch a tháirgeadh, a phróiseáil agus a scaipeadh laistigh den Aontas

Airteagal 164 Na hoibleagáidí ginearálta sláinte ainmhithe ar oibreoirí agus cumhacht a tharmligean

1.           Déanfaidh oibreoirí bearta coisctheacha cuí chun a áirithiú, ag gach céim de tháirgeadh, de phróiseáil, agus de scaipeadh táirgí de thionscnamh ainmhíoch san Aontas, nach cúis iad na táirgí sin le leathadh na nithe a leanas:

(a)     galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d), agus stádas sláinte na háite táirgthe, próiseála nó an chinn scríbe á chur san áireamh;

(b)     galair atá ag teacht chun cinn.

2.           Áiritheoidh oibreoirí nach mbeidh táirgí de thionscnamh ainmhíoch ag teacht ó bhunaíochtaí nó ó bhunaíochtaí gnó bia ná go bhfuarthas iad ó ainmhithe a thagann ó bhunaíochtaí faoi réir na nithe seo a leanas:

(a)     bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 246 agus Airteagal 247 agus rialacha de bhun Airteagal 248 mura bhforáiltear do mhaoluithe sna rialacha sin;

(b)     srianta ar ghluaiseacht is infheidhme maidir le hainmhithe talún ar coimeád agus táirgí de thionscnamh ainmhíoch, dá bhforáiltear in Airteagal 31(1), Airteagal 55(1)(e), Airteagal 56, Airteagal 61(1)(a), Airteagal 62(1), Airteagal 65(1)(c), Airteagal 70(1)(b), Airteagal 74(1)(a), Airteagal 78(1) agus (2) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63 agus Airteagal 66, Airteagal 71(3), Airteagal 74(3) agus Airteagal 79 agus Airteagal 81(2).

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le ceanglais mhionsonraithe lena leasaítear agus lena bhforlíontar ceanglais mhír 2 den Airteagal seo maidir le gluaiseacht táirgí de thionscnamh ainmhíoch, agus an galar agus an speiceas lena mbaineann an galar agus na rioscaí atá leis á gcur san áireamh.

Airteagal 165  Oibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe agus cumhacht a tharmligean

1.           Ní aistreoidh oibreoirí na táirgí de thionscnamh ainmhíoch seo a leanas laistigh de Bhallstát ná go Ballstát eile ach i gcás ina ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh i gcomhréir le mír 3:

(a)     táirgí de ainmhíoch:

(i)      a bhfuil cead acu crios srianta a fhágáil faoi réir beart éigeandála dá bhforáiltear i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248;

(ii)      ar de thionscnamh ainmhithe de speicis atá faoi réir na mbeart rialaithe galar sin iad.

(b)     táirgí de thionscnamh ainmhíoch:

(i)      a bhfuil cead acu crios srianta a fhágáil faoi réir beart rialaithe galar i gcomhréir le hAirteagal 31(1), Airteagal 55(1)(f)(ii), Airteagal 56, Airteagal 61(1)(a), Airteagal 62(1), Airteagal 64, Airteagal 65(1)(c), Airteagal 70(1)(b) agus Airteagal 74(1)(a) agus Airteagal 78(1) agus (2) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 67, Airteagal 71(3), Airteagal 74(3) agus Airteagal 79 agus Airteagal 81(2),

(ii)      ar de thionscnamh ainmhithe de speicis atá faoi réir na mbeart rialaithe galar sin iad.

2.           Déanfaidh oibreoirí gach beart is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh an deimhniú sláinte ainmhithe leis na táirgí de thionscnamh ainmhithe óna n‑áit tionscnamh go dtí a gceann scríbe.

3.           Eiseoidh an t‑údarás inniúil, má iarrann an t‑oibreoir é, deimhniú sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí táirgí de thionscnamh ainmhithe dá dtagraítear i mír 1.

4.           Beidh feidhm ag Airteagal 145, ag Airteagal 146 gus ag Airteagal 147 agus ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 143 agus Airteagal 144 agus Airteagal 146(4) ar dheimhniú gluaiseachtaí táirgí de thionscnamh ainmhithe.

5.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le maoluithe ó cheanglais maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus na coinníollacha atá leis na maoluithe sin, i ndáil le gluaiseachtaí táirgí de thionscnamh ainmhithe nach bhfuil riosca suntasach leo i leith leata galar de dheasca na nithe seo a leanas:

(a)     cineálacha na dtáirgí de thionscnamh ainmhithe;

(b)     na bearta laghdaithe riosca a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí de thionscnamh ainmhithe, trína laghdaítear rioscaí leata galar;

(c)     an úsáid atá beartaithe do na táirgí de thionscnamh ainmhithe;

(d)     ceann scríbe na dtáirgí de thionscnamh ainmhithe.

Airteagal 166 Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe agus cumhacht a tharmligean agus gníomhartha cur chun feidhme

1.           Sa deimhniú sláinte ainmhithe do tháirgí de thionscnamh ainmhithe beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)     an bhunaíocht nó an áit tionscnaimh agus an bhunaíocht chinn scríbe nó an ceann scríbe;

(b)     tuairisc ar na táirgí de thionscnamh ainmhithe;

(c)     cainníocht na dtáirgí de thionscnamh ainmhithe;

(d)     sainaithint na dtáirgí de thionscnamh ainmhithe, má cheanglaítear sin le hAirteagal 65(1)(h) nó le rialacha de bhun Airteagal 67(a);

(e)     faisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann táirgí de thionscnamh ainmhithe na ceanglais srianta gluaiseachta dá bhforáiltear in Airteagal 164(2) agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 164(3).

2.           Féadfar go mbeidh faisnéis eile atá ceangailte i reachtaíocht eile de chuid an Aontais sa deimhniú sláinte ainmhithe do tháirgí de thionscnamh ainmhithe.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 252 maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

4.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 254(2).

Airteagal 167 Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí de thionscnamh ainmhithe go Ballstáit eile

1.           Déanfaidh oibreoirí:

(a)     údarás inniúil a mBallstáit tionscnaimh a chur ar an eolas roimh ghluaiseacht na dtáirgí de thionscnamh ainmhithe i gcás ina gceanglaítear go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe leis na coinsíneachtaí i gcomhréir le hAirteagal 165(1);

(b)     an fhaisnéis uile a thabhairt is gá chun ar a chur ar chumas údarás inniúil an Bhallstát tionscnaimh fógra a thabhairt i leith ghluaiseacht na dtáirgí de thionscnamh ainmhithe chuig an mBallstát tionscnamh i gcomhréir le mír 2.

2.           Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit maidir le ceann scríbe gluaiseachtaí táirgí de thionscnamh ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 150 agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 151.

3.           Beidh feidhm ag Airteagal 149 agus ag Airteagal 150 arna nglacadh de bhun Airteagal 151 ar thabhairt fógraí i leith táirgí de thionscnamh ainmhithe.

Caibidil 8 Raon feidhme beart náisiúnta

Airteagal 168 Bearta náisiúnta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí geirmeacha

1.           Beidh sé de rogha ag na Ballstáit fós bearta náisiúnta a dhéanamh maidir le gluaiseacht ainmhithe agus táirgí geirmeacha laistigh dá gcríoch féin.

2.           Maidir leis na bearta náisiúnta sin:

(a)     cuirfear san áireamh iontu na rialacha maidir le gluaiseacht ainmhithe agus táirgí geirmeacha atá leagtha síos i gCaibidlí 3 go dtí 6 agus ní bheidh siad ag teacht salach ar na rialacha sin;

(b)     ní chuirfear bac le gluaiseacht ainmhithe agus táirgí idir na Ballstáit leo;

(c)     ní sháróidh siad na treoracha maidir leis an méid is oiriúnach agus is riachtanach agus tabhairt isteach agus leathadh na ngalar dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) á gcosc.

Airteagal 169 Bearta náisiúnta maidir le tionchar galar seachas galair liostaithe a theorannú

I gcás ina bhfuil riosca suntasach le galar seachas galair liostaithe maidir le fachtóirí sláinte ainmhithe ainmhithe talún i mBallstát, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann bearta náisiúnta a dhéanamh chun an galar sin a rialú, ar choinníoll nach ndéanfaidh na rialacha sin:

(a)          bac a chur ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí idir na Ballstáit;

(b)          na treoracha a shárú maidir leis an méid is oiriúnach agus is riachtanach agus tabhairt isteach agus leathadh na ngalar á gcosc.

TEIDEAL II Ainmhithe uisceacha agus táirgí de thionscnamh ainmhithe ó ainmhithe uisceacha

Caibidil 1 Clárú, formheas, coimeád taifead agus cláir

Roinn 1 Clárú bunaíochtaí dobharshaothraithe

Airteagal 170 An oibleagáid ar oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú

1.            Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe, chun go mbeidh siad cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 171, an méid seo a leanas roimh dóibh tosú ar na gníomhaíochtaí sin:

(a)     an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon bhunaíochta dobharshaothraithe as a bhfuil siad freagrach;

(b)     faisnéis a thabhairt don údarás inniúil maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)      ainm agus seoladh an oibreora;

(ii)      láthair na saoráidí agus tuairisc orthu;

(iii)     catagóirí, speicis agus líonta na n‑ainmhithe dobharshaothraithe sa bhunaíocht dobharshaothraithe agus toilleadh na bunaíochta dobharshaothraithe;

(iv)     cineál na bunaíochta dobharshaothraithe;

(v)     gnéithe eile den bhunaíocht atá ábhartha agus an riosca atá leis an mbunaíocht dobharshaothraithe á chinneadh.

2.           Cuirfidh oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe dá dtagraítear i mír 1 an t‑údarás inniúil faoi aon:

(a)     athruithe suntasacha sna bunaíochtaí dobharshaothraithe a bhaineann le nithe dá dtagraítear i mír 1(b);

(b)     stad de ghníomhaíocht sa bhunaíocht dobharshaothraithe.

3.           Ní bheidh sé de cheanglas ar bhunaíochtaí dobharshaothraithe atá faoi réir formheasa i gcomhréir Airteagal 174(1) an fhaisnéis a thabhairt dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

4.           Féadfaidh oibreoir iarratas a chur isteach ar chlárú dá bhforáiltear i mír 1 a chumhdóidh grúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe ar choinníoll go bhfuil siad i gcomhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos i bpointe (a) nó i bpointe (b):

(a)     oibreoidh na hoibreoirí uile atá lonnaithe i limistéar atá nasctha le chéile go heipidéimeolaíoch faoi chóras bithshlándála amháin;

(b)     tá an t‑aon oibreoir amháin freagrach astu uile, agus tá siad

(i)      faoi aon chóras bithshlándála amháin; agus

(ii)      lonnaithe i ngaire gheografach le chéile

I gcás ina gcumhdóidh iarratas ar chlárú grúpa bunaíochtaí, beidh feidhm ag na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 170 agus in Airteagal 171(2) agus ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 173, is infheidhme maidir le bunaíocht dobharshaothraithe aonair, ar ghrúpa iomlán na mbunaíochtaí dobharshaothraithe.

Airteagal 171 Na hoibleagáidí ar an údarás inniúil maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú

Déanfaidh an t‑údarás inniúil clárú ar:

(a)          bhunaíochtaí dobharshaothraithe i gclár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe dá bhforáiltear in Airteagal 183(1), i gcás inar thug an t‑oibreoir an fhaisnéis atá ceangailte i gcomhréir le hAirteagal 170(1);

(b)          ghrúpaí bunaíochtaí dobharshaothraithe i gclár sin na mbunaíochtaí dobharshaothraithe ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir atá leagtha síos in Airteagal 170(4).

Airteagal 172 Maoluithe ón oibleagáid ar oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú

De mhaolú ar Airteagal 170(1), féadfaidh na Ballstáit catagóirí áirithe bunaíochtaí dobharshaothraithe a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh acu:

(a)          catagóirí, speicis agus líon nó toirt na n‑ainmhithe dobharshaothraithe sa bhunaíocht dobharshaothraithe agus toilleadh na bunaíochta dobharshaothraithe;

(b)          cineál na bunaíochta dobharshaothraithe;

(c)          gluaiseachtaí na n‑ainmhithe dobharshaothraithe isteach sa bhunaíocht dobharshaothraithe agus amach aisti.

Airteagal 173 Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le maoluithe ón oibleagáid bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)          an fhaisnéis atá le tabhairt ag oibreoirí chun críche chlárú na bunaíochta dobharshaothraithe dá bhforáiltear in Airteagal 170(1);

(b)          cineálacha bunaíochtaí dobharshaothraithe a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 172 ar choinníoll nach suntasach an riosca atá leo agus na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 172 á gcur san áireamh.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Roinn 2 Cineálacha áirithe bunaíochtaí dobharshaothraithe a fhormheas

Airteagal 174 Cineálacha áirithe bunaíochtaí dobharshaothraithe a fhormheas agus gníomhacha tarmligthe

1.           Iarrfaidh oibreoirí na cineálacha seo a leanas bunaíochtaí dobharshaothraithe formheas ar an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 178(1) agus ní thosóidh siad ar a ngníomhaíochtaí go dtí go mbeidh a mbunaíocht dobharshaothraithe formheasta i gcomhréir le hAirteagal 179(1):

(a)     bunaíochtaí dobharshaothraithe ina gcoimeádtar ainmhithe dobharshaothraithe d’fhonn iad a aistriú ón mbunaíocht dobharshaothraithe, bíodh sé ina mbeatha nó mar tháirgí de thionscnamh ainmhithe dobharshaothraithe, ní cheanglaítear an méid sin a chur i bhfeidhm, áfach, mura ndéanfar iad a aistriú ach ar cheann den dá cúis seo a leanas:

(i)      chun cainníochtaí beaga díobh a sholáthar go díreach mar bhia don duine don tomhaltóir deiridh; nó

(ii)      chun iad a chur go bunaíochtaí miondíola a sholáthraíonn don tomhaltóir deiridh go díreach.

(b)     bunaíochtaí dobharshaothraithe eile a bhfuil riosca ard leo de dheasca na nithe seo a leanas:

(i)      catagóirí, speicis agus líon ainmhithe dobharshaothraithe;

(ii)      cineál na bunaíochta dobharshaothraithe;

(iii)     gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe isteach sa bhunaíocht dobharshaothraithe agus amach aisti.

2.           Stadfaidh oibreoirí de ghníomhaíocht ag bunaíocht dobharshaothraithe dá dtagraítear i mír 1 sna cásanna seo a leanas:

(a)     go dtarraingíonn an t‑údarás inniúil siar nó go gcuireann sé ar fionraí a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 182(2); nó

(b)     má tugadh formheas coinníollach i gcomhréir le hAirteagal 181(3), nach gcomhlíonann an bhunaíocht dobharshaothraithe na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 181(3) atá le comhlíonadh agus nach bhfaigheann sé formheas deiridh i gcomhréir le hAirteagal 182(4).

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 252 maidir leis na rialacha maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe a fhormheas a fhorlíonadh agus a leasú dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     maoluithe ón gceanglas ar oibreoirí fhormheas a fháil do na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe dá dtagraítear i mír 1(a);

(b)     na cineálacha bunaíochtaí dobharshaothraithe nach mór a bheith formheasta i gcomhréir le mír 1(b).

4.           Cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh agus gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 3 á nglacadh acu:

(a)     speicis agus catagóirí ainmhithe dobharshaothraithe a choimeádtar i mbunaíocht dobharshaothraithe;

(b)     cineál na bunaíochta dobharshaothraithe agus cineál an táirgthe;

(c)     patrúin ghluaiseachta thipiciúla an chineáil bunaíochta agus speicis nó catagóire ainmhithe dobharshaothraithe lena mbaineann.

5.           Féadfaidh oibreoir iarratas a chur isteach ar ghrúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe a fhormheas ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 175(a) agus (b).

Airteagal 175 An t‑údarás inniúil grúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe a fhormheas

Féadfaidh an t‑údarás inniúil an formheas a thabhairt dá bhforáiltear in Airteagal 179(1) a chumhdaíonn grúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos i bpointe (a) nó i bpointe (b):

(a)          go bhfuil siad lonnaithe i limistéar atá nasctha le chéile go heipidéimeolaíoch agus go n‑oibríonn na hoibreoirí uile faoi aon chóras amháin bithshlándála; os a choinne sin, ní mór ionaid seolta, ionaid íonúcháin agus bunaíochtaí den chineál céanna atá lonnaithe laistigh de limistéar atá nasctha le chéile go heipidéimeolaíoch a fhormheas ar bhonn aonarach;

(b)          go bhfuil an t‑aon oibreoir amháin freagrach astu uile, agus tá siad agus

(i)      faoi aon chóras bithshlándála amháin;

(ii)     lonnaithe i ngaire gheografach le chéile

I gcás ina dtugtar formheas aonair do ghrúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe, beidh feidhm ag na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 176 agus in Airteagal 178 go dtí 182 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 178(2) agus Airteagal 179(2) is infheidhme maidir le bunaíocht dobharshaothraithe aonair maidir leis an ngrúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe.

Airteagal 176 Stádas bunaíochtaí dobharshaothraithe comhdhúnta a fhormheas

Na hoibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe sin ar mian leo stádas bunaíochtaí comhdhúnta a fháil:

(a)          cuirfidh siad iarratas chuig an údarás inniúil ar fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 178(1);

(b)          ní aistreoidh siad ainmhithe dobharshaothraithe go bunaíocht dobharshaothraithe chomhdhúnta mar a fhoráiltear in Airteagal 203(1) agus i ngach gníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 203(2) go dtí go bhfaighidh a mbunaíocht formheas an stádais sin ón údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 179 nó Airteagal 181.

Airteagal 177 Formheas bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach

Áiritheoidh oibreoirí bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach go mbeidh formheas ag a mbunaíochtaí ón údarás inniúil ainmhithe dobharshaothraithe a mharú chun críocha rialaithe galar i gcomhréir le hAirteagal 61(1)(b), Airteagal 62, Airteagal 68(1) agus Airteagal 78(1) agus (2) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 63 agus Airteagal 70(3), Airteagal 71(3) agus Airteagal 78(3).

Airteagal 178 An oibleagáid faisnéise ar oibreoirí maidir le formheas a fháil agus gníomhartha cur chun feidhme

1.           Tabharfaidh oibreoirí, chun críocha a n‑iarratais ar fhormheas a mbunaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 174(1), Airteagal 175, Airteagal 176(a) agus Airteagal 177 faisnéis don údarás inniúil maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     ainm agus seoladh an oibreora;

(b)     láthair na saoráide agus tuairisc uirthi;

(c)     catagóirí, speicis agus líon ainmhithe dobharshaothraithe sa bhunaíocht;

(d)     cineál na bunaíochta;

(e)     más ábhartha, mionsonraithe formheasa bunaíochtaí dobharshaothraithe i gcomhréir le hAirteagal 175;

(f)      gnéithe eile den bhunaíocht dobharshaothraithe atá ábhartha agus an riosca atá léi á chinneadh.

2.           Cuirfidh oibreoirí bunaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 an t‑údarás inniúil ar an eolas faoi aon:

(a)     athruithe suntasacha sna bunaíochtaí a bhaineann le nithe dá dtagraítear i mír 1(c);

(b)     stad le gníomhaíocht sa bhunaíocht.

3.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis atá le tabhairt ag oibreoirí san iarratas ar fhormheas a mbunaíochta, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Airteagal 179 Formheas a thabhairt agus coinníollacha le formheas agus le cumhacht a tharmligean

1.           Ní thabharfaidh an t‑údarás inniúil formheas bunaíochtaí dobharshaothraithe dá dtagraítear in Airteagal 174(1) agus in Airteagal 176(a) agus bunaíochtaí dobharshaothraithe rialaithe galar dá dtagraítear in Airteagal 177 agus grúpaí bunaíochtaí dobharshaothraithe dá dtagraítear in Airteagal 175 ach sna cásanna seo a leanas:

(a)     go gcomhlíonann na bunaíochtaí sin na ceanglais, más cuí, maidir le:

(i)      coraintín, leithlisiú agus bearta bithshlándála eile agus na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 9(1)(b) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 9(2) á gcur san áireamh acu;

(ii)      ceanglais faireachais dá dtagraítear in Airteagal 22 agus más ábhartha i gcás chineál na bunaíochta agus an riosca lena mbaineann, in Airteagal 23 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 24;

(iii)     coinneáil taifead dá bhforáiltear in Airteagal 185 agus in Airteagal 187 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 188 agus Airteagal 189;

(b)     go bhfuil áiseanna agus trealamh acu:

(i)      atá leordhóthanach maidir leis an riosca go dtabharfar isteach agus go leathfaidh galair go dtí leibhéal neamh‑inghlactha, agus an cineál bunaíochta dobharshaothraithe á chur san áireamh;

(ii)      a bhfuil toilleadh go leor iontu le haghaidh na cainníochta ainmhithe dobharshaothraithe;

(c)     gan riosca neamh‑inghlactha a theacht astu maidir le leathadh galair, agus na bearta laghdaithe riosca atá ar bun á gcur san áireamh;

(d)     córas a bheith ar bun acu lenar féidir leis an oibreoir a léiriú don údarás inniúil go gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha síos i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c).

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 252 maidir leis na ceanglais dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo maidir le:

(a)     coraintín, scoitheadh agus bearta bithshlándála eile dá dtagraítear i mír 1(a)(i);

(b)     faireachas dá dtagraítear i mír 1(a)(ii);

(c)     saoráidí agus trealamh dá dtagraítear i mír 1(b).

3.           Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na nithe seo a leanas agus é ag socrú rialacha atá le leagan síos i ngníomhartha tarmligthe de bhun mhír 2:

(a)     na rioscaí le gach cineál bunaíochta;

(b)     speicis agus catagóirí ainmhithe dobharshaothraithe nó uisceacha;

(c)     cineál an táirgthe;

(d)     patrúin ghluaiseachta thipiciúla an chineáil bunaíochta dobharshaothraithe agus speiceas agus catagóirí ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí sin.

Airteagal 180 Raon feidhme formheasa bunaíochtaí

Sonróidh an t‑údarás inniúil go sainráite i ngach formheas bunaíochta dobharshaothraithe nó bunaíochta bia uiscigh rialaithe galar a thabharfar de bhun Airteagal 178(1) cé acu de na nithe seo a leanas a chumhdaíonn anformheas:

(a)          cé na cineálacha bunaíochtaí dobharshaothraithe dá dtagraítear in Airteagal 174(1), in Airteagal 176(a), grúpaí bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 175 agus bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uiscigh dá dtagraítear in Airteagal 177, agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 174(3)(b) a mbaineann an formheas leo;

(b)          speicis agus catagóirí ainmhithe dobharshaothraithe atá cumhdaithe ag anbhformheas.

Airteagal 181 Nósanna imeachta maidir leis an údarás inniúil formheas a thabhairt

1.           Cuirfidh údaráis inniúla nósanna imeachta ar bun a mbeidh ar oibreoirí iad a leanúint agus iad ag cur iarratais isteach ar fhormheas a mbunaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 174(1), Airteagal 176 agus Airteagal 177.

2.           Ar fháil iarratais ar fhormheas dó ó oibreoir i gcomhréir le hAirteagal 174, Airteagal 176 agus Airteagal 177, tabharfaidh an t‑údarás inniúil cuairt ar an suíomh.

3.           Féadfaidh an t‑udarás inniúil formheas ar choinníoll a thabhairt do bhunaíocht i gcás inar cosúil, ar bhonn iarratais an oibreora agus na cuairte a thug an t‑údarás inniúil ar an mbunaíocht ina dhiaidh sin dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, go gcomhlíonann sé na príomhcheanglais lena dtugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha nach bhfuil riosca suntasach le bunaíocht, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais formheasa atá le comhlíonadh dá bhforáiltear in Airteagal 179(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 179(2).

4.           I gcás inar thug an t‑údarás inniúil formheas ar choinníoll i gcomhréir le mír 3, ní thabharfaidh sé formheas iomlán ach i gcás inar cosúil ar bhonn torthaí cuairte eile ar an suíomh a tugadh faoi cheann trí mhí ón dáta a tugadh formheas ar choinníoll, go gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais formheasa uile dá bhforáiltear in Airteagal 179(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 179(2).

I gcás inar léir ó chuairt ar an suíomh go ndearnadh dul chun cinn go soiléir ach nach gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais sin uile fós, féadfaidh an t‑údarás inniúil síneadh a chur leis an bhformheas ar choinníoll. Ní mhairfidh formheas coinníollach, áfach, níos mó ná sé mhí san iomlán.

Airteagal 182 An t‑údarás inniúil formheas a athbhreithniú, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar

1.           Déanfaidh an t‑údarás inniúil gach formheas bunaíochta dobharshaothraithe agus bunaíochta rialaithe galar do bhia uisceach arna thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 179(1) a athbhreithniú ar bhonn leanúnach.

2.           I gcás ina sainaithníonn an t‑údarás inniúil easnaimh thromchúiseacha ar an mbunaíocht maidir leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 179(1) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 179(2) a chomhlíonadh agus nach féidir leis an oibreoir ráthaíochtaí leordhóthanacha a thabhairt go réiteofar na heasnaimh sin, tionscnóidh an t‑údarás inniúil nósanna imeachta chun formheas na bunaíochta a tharraingt siar.

Os a choinne sin, féadfaidh an t‑údarás inniúil formheas na bunaíochta a chur ar fionraí i gcás inar féidir leis na oibreoir ráthaíocht a thabhairt go réiteoidh sé easnaimh laistigh de thréimhse réasúnta.

3.         Ní thabharfadh formheas ar ais i ndiaidh tarraingt siar nó cur ar fionraí i gcomhréir le mír 2 ach i gcás ina mbeidh an t‑údarás inniúil sásta go gcomhlíonann an bhunaíocht ceanglais uile an Rialacháin seo a oireann don chineál sin bunaíochta go hiomlán.

Roinn 3 Clár na n‑údarás inniúil maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe agus bunaíochtaí rialaithe galar bia uiscigh

Airteagal 183 Clár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe agus na mbunaíochtaí rialaithe galar bia uiscigh

1.           Bunóidh an t‑údarás inniúil agus coinneoidh sé cothrom le dáta clár:

(a)     de na bunaíochtaí dobharshaothraithe uile arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 171;

(b)     de na bunaíochtaí dobharshaothraithe uile arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 179(1);

(c)     de na bunaíochtaí rialaithe galar bia uiscigh arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 179(1).

2.           I gclár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe dá bhforáiltear i mír 1, beidh faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     ainm agus seoladh an oibreora agus a uimhir clárúcháin;

(b)     láthair gheografach na bunaíochta dobharshaothraithe nó, más infheidhme, an ghrúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe;

(c)     cineál an táirgthe sa bhunaíocht;

(d)     soláthar agus doirteadh uisce na bunaíochta, más ábhartha;

(e)     speicis na n‑ainmhithe dobharshaothraithe ar coimeád sa bhunaíocht;

(f)      faisnéis atá cothrom le dáta maidir le stádas sláinte na bunaíochta dobharshaothraithe cláraithe nó, más infheidhme, an ghrúpa bunaíochtaí, i dtaca leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d).

3.           I gcás bunaíochtaí arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 179(1), cuirfidh an t‑údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1(a), (c), (e) agus (f) den Airteagal seo ar a laghad ar fáil don phobal.

4.           Más oiriúnach agus más ábhartha, féadfaidh an t‑údarás inniúil an clárú dá bhforáiltear i mír 1 a chur agus clárú chun críoch eile a chur le chéile.

Airteagal 184 Cumhachtaí agus gníomhartha cur chun feidhme maidir le clár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe a tharmligean

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 254 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     an fhaisnéis atá le bheith i gclár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe dá bhforáiltear in Airteagal 183(1);

(b)     an clár bunaíochtaí sin a bheith ar fáil ag an bpobal.

2.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le formáid an chláir bunaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 183(1) agus (3) agus na nósanna imeachta a bhaineann leis.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Roinn 4 Taifid a choinneáil agus inrianaitheacht

Airteagal 185 Na hoibleagáidí ar oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe maidir le taifid a choinneáil

1.           Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe atá faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 171 nó formheasta i gcomhréir le hAirteagal 179(1) taifid cothrom le dáta a choinneáil ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad:

(a)     gluaiseachtaí uile na n‑ainmhithe dobharshaothraithe agus na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch arna bhfáil ó na hainmhithe sin isteach sa bhunaíocht dobharshaothraithe agus amach aisti, ina bhfuil na nithe seo a leanas luaite, más oiriúnach:

(i)      a n‑áit tionscnaimh nó a gceann scríbe;

(ii)      dátaí na ngluaiseachtaí sin;

(b)     na deimhnithe sláinte ainmhithe i bhfoirm páipéir nó leictreonach a gceanglaítear go ngabhfaidh siad leis na gluaiseachtaí ainmhithe dobarshaothraithe agus iad ag teacht isteach sa bhunaíocht i gcomhréir le hAirteagal 208 agus rialacha arna nglacadh le hAirteagal 211(b) agus (c) agus Airteagal 213(2);

(c)     an ráta báis i ngach aonad eipidéimeolaíoch agus fadhbanna galair eile sa bhunaíocht dobharshaothraithe de réir mar is ábhartha don chineál táirgthe;

(d)     bearta bithshlándála, faireachas, cóireálacha, torthaí tástála agus faisnéis eile is ábhartha, mar a oireann do na nithe seo a leanas:

(i)      catagóir agus speiceas na n‑ainmhithe dobharshaothraithe sa bhunaíocht;

(ii)      cineál an táirgthe ag an mbunaíocht dobharshaothraithe;

(iii)     cineál na bunaíochta dobharshaothraithe;

(e)     torthaí na gcuairteanna sláinte ainmhithe, má cheanglaítear sin i gcomhréir le hAirteagal 23(1) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 24;

2.           Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe:

(a)     an fhaisnéis a thaifeadadh dá bhforáiltear i mír 1(a) ionas gur féidir a ráthú go rianófar áit tionscnaimh agus ceann scríbe ainmhithe uisceacha.

(b)     an fhaisnéis a choinneáil dá bhforáiltear i mír 1 maidir leis an mbunaíocht dobharshaothraithe agus é a cur ar fáil don údarás inniúil má iarrann sé sin;

(c)     an fhaisnéis a choinneáil dá bhforáiltear i mír 1 ar feadh íostréimhse atá le socrú ag an údarás inniúil, ach nach bhféadfaidh bheith faoi bhun trí bliana.

Airteagal 186 An oibleagáid ar bhunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach taifid a choinneáil

1.           Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceacha atá faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 117 taifid cothrom le dáta a choinneáil ar gach gluaiseacht ainmhithe dobharshaothraithe, agus táirgí de thionscnamh ainmhithe a fuarthas ó na hainmhithe sin, isteach sna bunaíochtaí sin agus amach astu.

2.           Déanfaidh bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach:

(a)     na taifid a choinneáil dá bhforáiltear i mír 1 maidir leis an mbunaíocht rialaithe galar do bhia uisceach agus iad a cur ar fáil don údarás inniúil má iarrann sé sin;

(b)     na taifid a choinneáil dá bhforáiltear i mír 1 ar feadh íostréimhse atá le socrú ag an údarás inniúil, ach nach bhféadfaidh bheith faoi bhun trí bliana.

Airteagal 187 An oibleagáid ar iompróirí taifid a choinneáil

1.           Déanfaidh iompróirí ainmhithe dobharshaothraithe agus ainmhithe uisceacha fiáine a bhfuil sé beartaithe iad a dhobharshaothrú taifid cothrom le dáta a choinneáil ar an nithe seo a leanas:

(a)     rátaí báis na n‑ainmhithe dobharshaothraithe agus na n‑ainmhithe uisceacha fiáine le linn a n‑iompartha, de réir mar is féidir i gcás an chineáil iompair agus na speiceas ainmhithe dobharshaothraithe agus ainmhithe uisceacha fiáine a bheidh á n‑iompar;

(b)     bunaíochtaí dobharshaothraithe agus bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach ar a dtabharfaidh an modh iompair cuairt;

(c)     aon mhalartú uisce a rinneadh le linn iompair, agus na foinsí uisce nua agus suímh an scaoilte uisce á sonrú acu.

2.           Déanfaidh iompróirí:

(a)     na taifid a choinneáil dá bhforáiltear i mír 1 agus iad a chur ar fáil don údarás inniúil má iarrann sé sin;

(b)     na taifid a choinneáil dá bhforáiltear i mír 1 ar feadh íostréimhse atá le socrú ag an údarás inniúil, ach nach bhféadfaidh bheith faoi bhun trí bliana.

Airteagal 188 Cumhachtaí a tharmligean maidir le taifid a choinneáil

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le rialacha lena bhforlíontar na ceanglais choinneála taifead dá bhforáiltear in Airteagal 185, in Airteagal 186 agus in Airteagal 187, lena leagfar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     maoluithe ó na ceanglais choinneála taifead maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)      oibreoirí catagóirí áirithe bunaíochtaí dobharshaothraithe agus iompróirí;

(ii)      bunaíochtaí dobharshaothraithe ina gcoimeádtar líon beag ainmhithe nó iompróirí a iompraíonn líon beag ainmhithe;

(iii)     catagóirí nó speicis áirithe ainmhithe;

(b)     faisnéis atá le taifeadadh ag oibreoirí sa bhreis ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 185(1), in Airteagal 186(1) agus in Airteagal 187(1);

(c)     an íostréimhse a bhfuil sé ceangailte taifid dá bhforáiltear in Airteagal 185, in Airteagal 186 agus in Airteagal 187 a choinneáil lena linn.

2.           Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh agus na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1 á nglacadh acu:

(a)     na rioscaí le gach cineál bunaíochta dobharshaothraithe;

(b)     catagóirí agus speicis na n‑ainmhithe dobharshaothraithe sa bhunaíocht dobharshaothraithe;

(c)     cineál táirgthe na bunaíochta;

(d)     patrúin ghluaiseachta thipiciúla an chineáil bunaíochta dobharshaothraithe nó bunaíochta rialaithe galar do bhia uisceach;

(e)     líon nó toirt na n‑ainmhithe dobharshaothraithe sa bhunaíocht nó á n‑iompar.

Airteagal 189 Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le taifid a choinneáil

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)          formáid na dtaifead atá le coinneáil i gcomhréir le hAirteagal 185, Airteagal 186 agus Airteagal 187;

(b)          na taifid sin a choinneáil go leictreonach;

(c)          sonraíochtaí oibríochtúla maidir le taifid a choinneáil.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Caibidil 2 Gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha atá ina bpeataí laistigh den Aontas

Roinn 1 Ceanglais Ghinearálta

Airteagal 190 Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha

1.           Déanfaidh oibreoirí bearta coisctheacha cuí chun a áirithiú nach gcuirfidh gluaiseacht ainmhithe uisceacha an stádas sláinte ag an gceann scríbe i gcontúirt maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d);

(b)     galair atá ag teacht chun cinn.

2.           Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe uisceacha isteach i mbunaíocht dobharshaothraithe nó iad a chur ar fáil mar bhia do dhaoine nó iad a scaoileadh amach san fhiadhúlra i gcás ina bhfuil na hainmhithe uisceacha sin faoi réir:

(a)     srianta gluaiseachta a bhfuil feidhm acu ar an gcatagóir agus ar an speiceas lena mbaineann i gcomhréir le rialacha atá leagtha síos in Airteagal 55(1), in Airteagal 56, in Airteagal 61(1), in Airteagal 64, in Airteagal 65, in Airteagal 70(1) agus (2), in Airteagal 74(2), in Airteagal 78(1) agus (2), in Airteagal 80(1) agus (2) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 247, Airteagal 63, Airteagal 67, Airteagal 70(3), Airteagal 71(3), Airteagal 74(3), Airteagal 79, Airteagal 80(4) agus Airteagal 81(2); nó

(b)     na mbeart éigeandála atá leagtha síos in Airteagal 244 agus in Airteagal 247 agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248.

Thairis sin, féadfaidh oibreoirí na hainmhithe sin a aistriú i gcás ina bhforáiltear do mhaoluithe ó na srianta gluaiseachta leis na gluaiseachtaí sin i dTeideal II de Roinn III nó de Roinn VI nó maoluithe ó bhearta éigeandála arna nglacadh de bhun Airteagal 248.

3.           Déanfaidh oibreoirí na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcoinsíneofar ainmhithe uisceacha, i ndiaidh dóibh a n‑áit tionscnaimh a fhágáil, gan mhoill go dtí an ceann scríbe deiridh.

Airteagal 191 Bearta coiscthe galar a bhaineann le hiompar agus gníomhartha tarmligthe

1.           Déanfaidh oibreoirí na bearta coiscthe galar is cuí agus is gá chun a áirithiú:

(a)     nach gcuirfear i gcontúirt stádas sláinte ainmhithe uisceacha le linn a n‑iompartha;

(b)     nach cúis iad oibríochtaí iompair ainmhithe uisceacha le leathadh féideartha galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) go dtí daoine nó ainmhithe ag áiteanna ar an mbealach agus ag cinn scríbe;

(c)     go ndéanfar bearta maidir le glanadh, díghalrú agus dímhíolú trealaimh agus modhanna iompair agus bearta eile bhithshlándála leordhóthanacha, de réir mar a oireann do na rioscaí atá leis an iompar.

(d)     go ndéanfar aon mhalartuithe uisce le linn iompair ainmhithe uisceacha a bhfuil sé beartaithe iad a dhobharshaothrú ag áiteanna agus i gcúinsí nach gcuirfidh i gcontúirt stádas sláinte na n‑ainmhithe seo a leanas maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d):

(i)      na hainmhithe uisceacha a bheidh á n‑iompar;

(ii)      aon ainmhithe uisceacha ar an mbealach go dtí an ceann scríbe;

(iii)     ainmhithe uisceacha ag an gceann scríbe.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     glanadh, díghalrú agus dímhíolú trealaimh agus modhanna iompair i gcomhréir le mír 1(c) agus úsáid táirgí bithicíde chun na gcríoch sin;

(b)     bearta bithshlándála cuí eile le linn iompair dá bhforáiltear i mír 1(c).

(c)     malartuithe uisce le linn iompair dá bhforáiltear i mír 1(d).

Airteagal 192 Athrú ar an úsáid atá beartaithe

1.           Ní úsáidfear ainmhithe uisceacha a aistreofar chun a ndíothaithe nó chun a marfa i gcomhréir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) chun aon chríche eile:

(a)     bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 31(1) agus in Airteagal 55(1), in Airteagail 56, 61, 62, 64, 65, 67 agus 70, in Airteagal 74(1) agus in Airteagal 78 agus in Airteagal 80 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63 agus Airteagal 66, Airteagal 70(3) agus Airteagal 71(3) agus Airteagal 74(3), Airteagal 79 agus Airteagal 80(3) agus Airteagal 81(2);

(b)     bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 246 agus in Airteagal 247 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248.

2.           Ní úsáidfear ainmhithe uisceacha a aistrítear mar bhia don duine, le haghaidh dobharshaothrú, lena scaoileadh amach san fhiadhúlra nó chun aon chríche sonraí eile chun aon chríche seachas an chríoch atá beartaithe.

Airteagal 193 Na hoibleagáidí ar oibreoirí ag an gceann scríbe

1.           Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí agus bunaíochtaí ghnó an bhia a ghlacann ainmhithe dobharshaothraithe:

(a)     a sheiceáil go bhfuil ceann de na doiciméid seo a leanas ar fáil:

(i)      na deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 208(1), in Airteagal 209 agus in Airteagal 224(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 188, Airteagal 211 agus Airteagal 213;

(ii)      na doiciméid féindearbhúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 218(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 218(3) agus (4);

(b)     an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon mhírialtacht maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)      na hainmhithe dobharshaothraithe arna nglacadh;

(ii)      na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a) (i) agus (ii) a bheith ar fáil.

2.           Má bhíonn aon mhírialtacht ann dá dtagraítear i mír 1(b), leithliseoidh an t‑oibreoir na hainmhithe dobharshaothraithe lena mbaineann an mhírialtacht sin go dtí go ndéanfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh ina leith.

Airteagal 194 Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe a thrasnaíonn Ballstáit ach a bhfuil beartaithe iad a onnmhairiú as an Aontas go tríú tíortha nó go tríú críocha

Áiritheoidh oibreoirí go gcomhlíonfaidh ainmhithe dobharshaothraithe a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú go tríú tír nó go tríú críoch agus a thrasnaíonn críoch Ballstát eile na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 190, in Airteagal 191 agus in Airteagal 192.

Roinn 2 Ainmhithe uisceacha a bhfuil sé beartaithe iad a chur i mbunaíochtaí dobharshaothraithe nó iad a scaoileadh san fhiadhúlra

Airteagal 195 Báis mhínormálta nó comharthaí sóirt galar eile

1.           Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe uisceacha ó bhunaíocht dobharshaothraithe nó ón bhfiadhúlra chuig bunaíocht dobharshaothraithe eile nó ní scaoilfidh siad amach san fhiadhúlra iad más de thionscnaimh bunaíochta nó timpeallachta dobharshaothraithe iad ina bhfuil:

(a)     báis mhínormálta; nó

(b)     comharthaí sóirt galar tromchúiseach eile nár fionnadh cad is cúis leo.

2.           De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t‑údarás inniúil an ghluaiseacht sin nó an scaoileadh amach sin san fhiadhúlra a údarú, ar bhonn meastóireachta rioscaí, ar choinníoll gur de thionscnamh cuid den bhunaíocht dobharshaothraithe nó an fhiadhúlra na hainmhithe uisceacha sin atá neamhspleách ar an aonad eipidéimeolaíoch inar tharla na báis mhínormálta nó na comharthaí sóirt galar eile.

Airteagal 196 Gluaiseacht ainmhithe dobharshaothraithe a bhfuil sé beartaithe iad a chur go Ballstáit, criosanna nó deighleoga ar dearbhaíodh ina leith go raibh siad saor ó ghalair nó atá faoi réir clár díothaithe agus gníomhartha tarmligthe

1.           Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe dobharshaothraithe ó bhunaíocht dobharshaothraithe chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den Airteagal seo ach más de thiosncnamh Ballstáit, nó creasa nó deighleoige iontu na hainmhithe dobharshaothraithe sin ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil sé saor ó ghalair i gcomhréir le hAirteagal 36(3) nó Airteagal 37(4) maidir le galair liostaithe agus gur de speicis liostaithe do na galair liostaithe sin iad agus:

(a)     go bhfuil na hainmhithe dobharshaothraithe sin le tabhairt isteach i mBallstát, nó i gcrios nó i ndeighleog inti:

(i)      ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil sé saor ó ghalair i gcomhréir le hAirteagal 36(3) nó Airteagal 37(4); nó

(ii)      atá faoi réir cláir dhíothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) agus (2) maidir le ceann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c);

(b)     go bhfuil sé beartaithe:

(i)      iad a chur go bunaíocht dobharshaothraithe faoi réir:

– clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 171: nó

– formheasta i gcomhréir le hAirteagail 174, 175, 176 agus 177; nó

(ii)      iad a scaoileadh amach san fhiadhúlra.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le maoluithe ó na ceanglais ghluaiseachta nó scaoilte amach i mír 1 den Airteagal seo, nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le leathadh galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) de dheasca na nithe seo a leanas:

(a)     speicis, catagóirí agus céim bheatha na n‑ainmhithe dobharshaothraithe;

(b)     cineál na bunaíochta tionscnaimh agus cineál na bunaíochta cinn scríbe;

(c)     an úsáid atá beartaithe i leith na n‑ainmhithe dobharshaothraithe;

(d)     ceann scríbe na n‑ainmhithe dobharshaothraithe;

(e)     cóireálacha, modhanna próiseála agus bearta laghdaithe riosca ar leith eile a chuirtear i bhfeidhm ag an áit tionscnaimh nó ag an gceann scríbe.

Airteagal 197 Maoluithe ó na Ballstáit ón oibleagáid ar oibreoirí maidir le gluaiseacht ainmhithe dobharshaothraithe idir na Ballstáit, na criosanna nó na deighleoga atá faoi raon feidhme cláir dhíothaithe

De mhaolú ar Airteagal 196(1), féadfaidh na Ballstáit údarás a thabhairt d'oibreoirí ainmhithe dobharshaothraithe a aistriú isteach i gcrios nó i ndeighleog i mBallstát eile ar bunaíodh clár díothaithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 30(1) agus (2) maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c), ó chrios nó ó dheighleog eile ar bunaíodh clár den chineál sin ina leith freisin maidir leis na galair liostaithe chéanna, ar choinníoll nach gcuirfidh an ghluaiseacht sin stádas sláinte an Bhallstáit, an chreasa nó na deighleoige cinn scríbe i gcontúirt.

Airteagal 198 Bearta a dhéanann na Ballstáit maidir le hainmhithe dobharshaothraithe a scaoileadh amach san fhiadhúlra

Féadfaidh na Ballstáit é a cheangal nach scaoilfear ainmhithe dobharshaothraithe amach san fhiadhúlra ach más de thionscnamh Ballstáit, creasa nó deighleoige iad ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil sé saor ó ghalair i gcomhréir le hAirteagal 36(1) nó Airteagal 37(1) maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c) más speiceas liostaithe é an speiceas ainmhithe dobharshaothraithe atá le haistriú i gcás na ngalar sin, is cuma cén stádas sláinte atá ag an limistéar ina bhfuil na hainmhithe dobharshaothraithe le scaoileadh amach.

Airteagal 199 Gluaiseacht ainmhithe uisceacha fiáine a bhfuil sé beartaithe iad a chur go Ballstáit, criosanna nó deighleoga ar dearbhaíodh ina leith go raibh siad saor ó ghalair nó atá faoi réir clár díothaithe agus gníomhartha tarmligthe

1.           Beidh feidhm ag Airteagal 196 agus ag Airteagal 197 ar ghluaiseachtaí ainmhithe uisceacha fiáine a bhfuil sé beartaithe iad a chur go bunaíocht dobharshaothraithe nó go bunaíocht bhia uisceach rialaithe galar atá faoi réir:

(a)     clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 171: nó

(b)     formheas i gcomhréir le hAirteagail 174 go dtí177;

2.           Déanfaidh oibreoirí bearta coiscthe galar agus iad ag aistriú ainmhithe uisceacha fiáine idir ghnáthóga ionas nach mbeidh riosca suntasach leis na gluaiseachtaí sin maidir le leathadh galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) i gcás ainmhithe uisceacha ag an gceann scríbe.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na bearta coiscthe galar atá le déanamh ag oibreoirí dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo.

Roinn 3 Ainmhithe uisceacha atá beartaithe a bheith mar bhia ag an duine

Airteagal 200 Gluaiseacht ainmhithe dobharshaothraithe a bhfuil sé beartaithe iad a chur go Ballstáit, criosanna nó deighleoga ar dearbhaíodh ina leith go raibh siad saor ó ghalair nó atá faoi réir clár díothaithe agus gníomhartha tarmligthe

1.           Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe dobharshaothraithe ó bhunaíocht dobharshaothraithe chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den mhír seo ach más de thionscnamh Ballstáit, creasa nó deighleoige na hainmhithe dobharshaothraithe sin ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil sé saor ó ghalair i gcomhréir le hAirteagal 36(3) nó Airteagal 37(4) maidir le galair liostaithe agus gur de speicis liostaithe do na galair liostaithe sin iad agus:

(a)     go bhfuil siad le tabhairt isteach i mBallstát, nó i gcrios nó i ndeighleog ann ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil sé saor ó ghalar i gcomhréir le hAirteagal 36(3) nó Airteagal 37(4) nó ar bunaíodh clár díothaithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 30(1) nó (2) maidir le ceann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c);

(b)     atá beartaithe a bheith mar bhia ag an duine;

2.           De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit údarás a thabhairt d'oibreoirí ainmhithe dobharshaothraithe a thabhairt isteach i gcrios nó i ndeighleog ar bunaíodh clár díothaithe ina leith maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c) i gcomhréir le hAirteagal 30(1) agus (2), ó chrios nó ó dheighleog eile ar bunaíodh clár den chineál sin ina leith freisin maidir leis na galair liostaithe chéanna, ar choinníoll nach gcuirfidh an ghluaiseacht sin stádas sláinte an Bhallstáit, nó an chreasa nó na deighleoige ann atá i gcontúirt.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 252 maidir leis na maoluithe ó na ceanglais ghluaiseachta dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo maidir leis na gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le leathadh galar de dheasca na nithe seo a leanas:

(a)     speicis, catagóirí agus céim bheatha na n‑ainmhithe dobharshaothraithe;

(b)     na modhanna ar a gcoimeádtar na hainmhithe dobharshaothraithe agus an cineál táirgthe sna bunaíochtaí dobharshaothraithe tionscnaimh agus cinn scríbe;

(c)     an úsáid atá beartaithe i leith na n‑ainmhithe dobharshaothraithe;

(d)     ceann scríbe na n‑ainmhithe dobharshaothraithe;

(e)     cóireálacha, modhanna próiseála agus bearta laghdaithe riosca ar leith eile a chuirtear i bhfeidhm ag an áit tionscnamh nó ag an gceann scríbe.

Airteagal 201 Gluaiseacht ainmhithe uisceacha fiáine a bhfuil sé beartaithe iad a chur go Ballstáit, criosanna nó go deighleoga ar dearbhaíodh ina leith go raibh siad saor ó ghalair nó atá faoi réir clár díothaithe agus gníomhartha tarmligthe

1.           Beidh feidhm ag Airteagal 200(1) agus (2) agus ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 200(3) freisin ar ghluaiseachtaí ainmhithe uisceacha fiáine atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine agus a bhfuil sé beartaithe iad a chur go Ballstáit, nó criosanna nó deighleoga iontu ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil siad saor ó ghalair i gcomhréir le hAirteagal 36(3) nó Airteagal 37(4) nó atá faoi raon feidhme cláir dhíothaithe i gcomhréir le hAirteagal 30(1) nó (2), i gcás ina bhfuil gá leis na bearta sin chun a áirithiú nach mbeidh riosca suntasach leis na hainmhithe uisceacha sin maidir le leathadh galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) go dtí ainmhithe uisceacha ag an gceann scríbe.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le ceanglais ghluaiseachta i dtaca le hainmhithe uisceacha fiáine atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine lena bhforlíontar mír 1 den Airteagal seo.

Roinn 4 Ainmhithe uisceacha nach bhfuil beartaithe iad a chur go bunaíochtaí, iad a scaoileadh amach san fhiadhúlra nó a chaitheamh ag an duine

Airteagal 202 Gluaiseacht ainmhithe uisceacha nach bhfuil beartaithe iad a chur go bunaíochtaí, iad a scaoileadh amach san fhiadhúlra nó a chaitheamh ag an duine agus gníomhartha tarmligthe

1.           Déanfaidh oibreoirí na bearta coisctheacha is gá chun a áirithiú nach mbeidh riosca suntasach le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha, nach bhfuil sé beartaithe iad a chur go bunaíochtaí, a scaoileadh amach san fhiadhúlra nó a chaitheamh ag an duine, maidir le leathadh galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) go hainmhithe uisceacha ag an gceann scríbe.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na bearta coisctheacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo chun a áirithiú nach leathfaidh ainmhithe uisceacha na galair dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d), agus iad ag cur na nithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo san áireamh san am céanna.

3.           Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh agus na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 2 á nglacadh acu:

(a)     na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) is ábhartha don speiceas nó don chatagóir ainmhithe uisceacha atá liostaithe;

(b)     an stádas sláinte maidir le galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) ag na deighleoga, ag na criosanna nó ag na Ballstáit tionscnaimh nó chinn scríbe;

(c)     na háiteanna tionscnaimh agus na cinn scríbe;

(d)     cineál ghluaiseachtaí na n‑ainmhithe uisceacha;

(e)     speicis agus catagóirí na n‑ainmhithe uisceacha;

(f)      aois na n‑ainmhithe uisceacha;

(g)     fachtóirí eipidéimeolaíocha eile.

Roinn 5 Maoluithe ó ranna 1 go dtí 4 agus Bearta breise laghdaithe riosca

Airteagal 203 Ainmhithe uisceacha a bhfuil sé beartaithe iad a chur i mbunaíochtaí comhdhúnta agus gníomhartha tarmligthe

1.           Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe uisceacha go bunaíocht dobharshaothraithe chomhdhúnta ach má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)     go bhfuil siad de thionscnamh bunaíochta comhdhúnta dobharshaothraithe eile;

(b)     nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(d) a leathadh go dtí speicis nó catagóirí ainmhithe sa bhunaíocht chomhdhúnta cinn scríbe, ach amháin i gcás ina bhfuil an ghluaiseacht sin ceadaithe chun críoch eolaíoch.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     ceanglais mhionsonraithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe isteach i mbunaíochtaí dobharshaothraithe chomhdhúnta sa bhreis ar na ceanglais dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

(b)     rialacha sonracha maidir le gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe isteach i mbunaíochtaí dobharshaothraithe comhdhúnta i gcás ina ráthaíonn na bearta laghdaithe riosca atá ar bun nach bhfuil riosca suntasach leis na gluaiseachtaí sin maidir le sláinte ainmhithe dobharshaothraithe laistigh den bhunaíocht dobharshaothraithe chomhdhúnta sin agus de na bunaíochtaí máguaird.

Airteagal 204 Maoluithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha chun críoch eolaíoch agus gníomhartha tarmligthe

1.           Féadfaidh údarás inniúil an chinn scríbe, faoi réir toiliú ó údarás inniúil na háite tionscnaimh, gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha isteach ina gcríoch nach gcomhlíonann ceanglais Ranna 1 go dtí 4 seachas Airteagal 190(1) agus (3) agus Airteagal 191, Airteagal 192 agus Airteagal 193 a údarú chun críoch eolaíoch.

2.           Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla ach maoluithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha chun críoch eolaíocha dá bhforáiltear i mír 1 ar na coinníollach seo a leanas:

(a)     go bhfuil na nithe seo a leanas déanta ag údaráis inniúla an chinn scríbe agus na háite tionscnaimh:

(i)      gur chomhaontaigh siad maidir le coinníollacha na ngluaiseachtaí sin;

(ii)      go ndearna siad na bearta laghdaithe riosca is gá chun a áirithiú nach gcuirfidh gluaiseachtaí na n‑ainmhithe uisceacha sin stádas sláinte na n‑aiteanna ar an mbealach agus an ceann scríbe i gcontúirt maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d);

(iii)     gur thug siad, más ábhartha, fógra d’údarás inniúil na mBallstáit trasnaithe i leith an maolú a tugadh agus na coinníollacha faoina bhfuil an t‑údarás sin tugtha;

(b)     go dtarlaíonn gluaiseachtaí na n‑ainmhithe uisceacha sin faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na háite tionscnaimh agus an chinn scríbe agus, más ábhartha, údarás inniúil an Bhallstáit trasnaithe.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na rialacha maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe a leasú agus a fhorlíonadh dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 205 Tarmligean cumhachta a bhaineann le ceanglais agus maoluithe sonracha maidir le taispeántais, zúnna, siopaí peataí, linnte gairdín, uisceadáin tráchtála agus mórdhíoltóirí

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le:

 ceanglas sonrach lena bhforlíontar na rialacha arna leagan síos i Ranna 1 go dtí 4 agus na rialacha maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha chun na gcríoch seo a leanas:

(a)          ó zúnna, ó shiopaí peataí agus ó mhórdhíoltóirí;

(b)          taispeántais agus imeachtaí spóirt, cultúrtha agus imeachtaí eile den chineál sin, nó

(c)          atá beartaithe a chur in uisceadáin tráchtála;

maoluithe ó Ranna 1 go dtí 4 seachas Airteagal 190(1) go dtí (3) agus Airteagal 191, Airteagal 192 agus Airteagal 193 maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 206 Cumhacht cur chun feidhme i gcás maoluithe sealadacha maidir le gluaiseachtaí speiceas sonracha nó catagóirí ainmhithe uisceacha

Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir le maoluithe sealadacha ón na rialacha atá leagtha síos sa Chaibidil seo maidir le gluaiseachtaí speiceas sonrach nó catagóirí sonracha ainmhithe uisceacha sna cásanna seo a leanas:

(a)          nach laghdaíonn na ceanglais ghluaiseachta dá bhforáiltear in Airteagal 195, in Airteagal 196(1), in Airteagal 197 agus in Airteagal 198, in Airteagal 199(1) agus (2), in Airteagal 200, agus in Airteagail 201(1), 202(1), 203(1), 204(1) agus (2) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagail 196(2), 199(3), 201(2), 202(2), 203(2) agus 204(3) agus Airteagal 205 na rioscaí atá le gluaiseachtaí áirithe de chuid na n‑ainmhithe uisceacha sin go héifeachtúil. nó

(b)          gur cosúil go bhfuil an galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) á leathadh d’ainneoin na gceanglas arna leagan síos i gcomhréír le Ranna 1 go dtí 5.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt cuí leo a bhaineann le riosca tionchair sárshuntasaigh a bheith le galar liostaithe agus na nithe dá dtagraítear in Airteagal 205, glacfaidh an Coimisiún láithreach gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 255(3).

Airteagal 207 Nithe le cur san áireamh agus gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme á nglacadh dá bhforáiltear sa Roinn seo

Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh agus é ag socrú na rialacha atá le leagan síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 203(2), in Airteagal 204(3), in Airteagal 205 agus in Airteagal 206:

(a)          na rioscaí atá leis an ngluaiseacht;

(b)          an stádas sláinte maidir le galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) ag na háiteanna tionscnaimh nó cinn scríbe;

(c)          speicis ainmhithe uisceacha liostaithe a bhaineann leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d);

(d)          bearta bithshlándala atá ar bun;

(e)          aon choinníollacha sonracha faoina gcoimeádtar na hainmhithe dobharshaothraithe;

(f)           patrúin ghluaiseachta shonracha an chineáil bunaíochta agus speicis nó catagóire ainmhithe dobharshaothraithe lena mbaineann;

(g)          fachtóirí eipidéimeolaíocha eile.

Roinn 6  sláinte ainmhithe a Dheimhniú

Airteagal 208 An oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe uisceacha

1.           Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe dobharshaothraithe ach má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint ag an údarás inniúil ag an áit tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 216(1) i gcás inar de speicis liostaithe iad maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus go bhfuil siad á n‑aistriú chun ceann de na críocha seo a leanas:

(a)     go bhfuil sé beartaithe iad tabhairt isteach i mBallstát, nó i gcrios nó i ndeighleog iontu ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil sé saor ó ghalar i gcomhréir le hAirteagal 36(3) nó Airteagal 37(4) nó ar bunaíodh clár díothaithe ina leith dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) nó (2) maidir le ceann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c); agus

(b)     go bhfuil ceann de na húsáidí seo a leanas beartaithe dóibh:

(i)      iad a chur i mbunaíocht dobharshaothraithe;

(ii)      iad a scaoileadh amach san fhiadhúlra.

(iii)     lena gcaitheamh ag an duine.

2.           Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe dobharshaothraithe ach má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint ag an údarás inniúil ag an áit tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 216(1) i gcás inar de speicis liostaithe iad maidir leis an ngalar/na galair ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) agus go bhfuil siad á n‑aistriú ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)     go gceadaítear iad crios srianta a fhágáil faoi réir beart rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1)(f)(ii), in Airteagal 56 agus in Airteagal 64, in Airteagal 65(1), in Airteagal 74(1), in Airteagal 78(1) agus (2) nó sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 67 agus Airteagal 68, Airteagal 71(3) agus Airteagal 74(3), Airteagal 79, Airteagal 81(2) agus Airteagal 248 maidir le ceann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) agus (b);

(b)     go bhfuil ceann de na húsáidí seo a leanas beartaithe dóibh:

(i)      iad a chur i mbunaíocht dobharshaothraithe;

(ii)      iad a scaoileadh amach san fhiadhúlra.

(iii)     lena gcaitheamh ag an duine.

3.           Déanfaidh oibreoirí gach beart is gá chun a áirithiú go ngabhann an deimhniú sláinte ainmhithe leis na hainmhithe uisceacha óna n‑áit tionscnaimh go dtí a gceann scríbe, mura bhforáilfear do bhearta sonracha sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 214.

Airteagal 209 An oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe uisceacha eile

1.           Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe dobharshaothraithe dá dtagraítear in Airteagal 208(1) agus (2) má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint ag an údarás inniúil ag an áit tionscnaimh i gcomhréír le hAirteagal 216(1) i gcás, de dheasca an riosca atá le gluaiseacht na n‑ainmhithe uisceacha sin, inar gá deimhniú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais ghluaiseachta seo a leanas maidir le speicis ainmhithe liostaithe:

(a)     na ceanglais dá bhforáiltear i Ranna 1 go dtí 5 agus na rialacha arna nglacadh de bhun na Ranna sin;

(b)     bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1), in Airteagal 56, in Airteagal 61(1), in Airteagal 62 agus in Airteagal 64, in Airteagal 74(1) agus in Airteagal 78(1) agus (2) nó sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63, Airteagal 67 agus Airteagal 68, Airteagal 71(3), Airteagal 74(3), Airteagal 79 agus Airteagal 81(2);

(c)     bearta éigeandála dá dtagraítear sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248.

2.           Beidh feidhm ag Airteagal 208 freisin ar ainmhithe uisceacha fiáine a bhfuil sé beartaithe iad a chur i mbunaíocht dobharshaothraithe, mura gcinnfidh an t‑údarás inniúil nach bhfuil an deimhniú indéanta de dheasca chineál áit tionscnaimh na n‑ainmhithe uisceacha.

3.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an oibleagáid ar oibreoirí, da bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, a airithiú go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe uisceacha fiáine a bhfuil sé beartaithe iad a chur i mbunaíocht dobharshaothraithe.

              Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Airteagal 210 Na Ballstáit maoluithe a thabhairt maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú

De mhaolú ar cheanglais deimhniúcháin sláinte ainmhithe Airteagal 208 agus Airteagal 209, féadfaidh na Ballstáit maoluithe a thabhairt maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí áirithe d’ainhmhithe uisceacha gan deimhniú sláinte ainmhithe laistigh dá gcríoch ar choinníoll go bhfuil córas malartach ar bun acu chun a áirithiú go mbeidh na coinsíneachtaí sin inrianaithe agus go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais sláinte ainmhithe maidir leis an ngluaiseacht sin dá bhforáiltear i Ranna 1 go dtí 5.

Airteagal 211 Tarmligean cumhachtaí a bhaineann le sláinte ainmhithe a dheimhniúi gcás ainmhithe uisceacha

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)          maoluithe ó na ceanglais deimhniúcháin sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209 agus na coinníollacha atá leis na maoluithe sin maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le galair a leathadh, de bharr na nithe seo a leanas:

(i)      catagóirí, céim bheatha nó speicis na n‑ainmhithe uisceacha;

(ii)     modhanna coimeádta agus cineál táirgthe na speiceas sin agus catagóirí na n‑ainmhithe uisceacha;

(iii)     an úsáid atá beartaithe i leith na n‑ainmhithe uisceacha;

(iv)    ceann scríbe na n‑ainmhithe uisceacha;

(b)          rialacha ar leith maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209 i gcás ina n‑áirithíonn bearta malartacha laghdaithe riosca arna nglacadh ag an údarás inniúil:

(i)      inrianaitheacht na n‑ainmhithe uisceacha;

(ii)     go gcomhlíonfaidh na hainmhithe uisceacha atá á n‑aistriú coinníollacha maidir le sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i Ranna 1 go dtí 5;

(c)          rialacha mionsonraithe maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe a bhfuil sé de cheanglas go ngabhfaidh siad le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha chun críoch eolaíoch dá dtagraítear in Airteagal 204(1).

Airteagal 212 Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe

1.           Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa deimhniú sláinte ainmhithe:

(a)     an bhunaíocht nó an áit tionscnaimh, an bhunaíocht chinn scríbe nó an ceann scríbe agus, más ábhartha do leathadh galar, aon bhunaíochta nó aon áit ar tugadh cuairt uirthi ar an mbealach;

(b)     tuairisc ar na hainmhithe uisceacha;

(c)     líon, toirt nó meáchan ainmhithe uisceacha;

(d)     an fhaisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na hainmhithe uisceacha na ceanglais ghluaiseachta dá bhforáiltear i Ranna 1 go dtí 5.

2.           Féadfar go mbeidh faisnéis eile atá ceangailte i reachtaíocht eile de chuid an Aontais sa deimhniú sláinte ainmhithe.

Airteagal 213 Cumhachtaí a tharmligean agus gníomhartha cur chun feidhme maidir le hábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le hábhar deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 212(1):

(a)     rialacha mionsonraithe maidir le hábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe sin dá bhforáiltear in Airteagal 212(1) do chatagóirí agus speicis éagsúla ainmhithe uisceacha;

(b)     faisnéis bhreise atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 212(1).

2.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme , rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha na ndeimhnithe sláinte ainmhithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Airteagal 214 An oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhfaidh deimhnithe sláinte ainmhithe uisceacha leis na hainmhithe chuig an gceann scríbe agus gníomhartha tarmligthe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le beart sonracha lena bhforlíontar na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú dá bhfortáiltear in Airteagal 208 do na cineálacha gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha seo a leanas:

(a)          gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha nach bhféadfaidh leanúint dá mbealach go dtí a gceann scríbe deiridh agus nach mór iad a fhilleadh ar a n‑áit tionscnaimh nó a aistriú go dtí ceann scríbe eile, ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas:

(i)      gur cuireadh isteach ar an mbealach a bhí beartaithe dóibh ar chúiseanna leasa ainmhithe;

(ii)     timpistí nó tarluithe neamhthuartha ar an mbealach;

(iii)     gur diúltaíodh na hainmhithe uisceacha ag an gceann scríbe i mBallstát eile nó ag teorainn sheachtrach an Aontais;

(iv)    gur diúltaíodh na hainmhithe uisceacha i dtríú tír;

(b)          gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe a bhfuil sé beartaithe iad a chur i dtaispeántais agus in imeachtaí spóirt, cultúrtha agus imeachtaí den chineál sin, agus a bhfilleadh ina dhiaidh sin ar a n‑áit tionscnamh.

Airteagal 215 An oibleagáid ar oibreoirí comhoibriú leis na húdaráis inniúla chun críocha deimhniúcháin sláinte ainmhithe

Déanfaidh oibreoirí:

(a)          an fhaisnéis uile is gá a thabhairt don údarás inniúil chun an deimhniú sláinte ainmhithe a chomhlíonadh dá bhforáiltear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 211, Airteagal 213 agus Airteagal 214;

(b)          más gá, seiceálacha aitheantais, fisiceacha agus doiciméadacha dá bhforáiltear in Airteagal 216(3) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 216(4) a dhéanamh ar ainmhithe uisceacha.

Airteagal 216 An fhreagracht ar údaráis inniúla maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú agus gníomhartha tarmligthe

1.           Eiseoidh an t‑údarás inniúil, má iarrann an t‑oibreoir é, deimhniú sláinte ainmhithe maidir le gluaiseacht ainmhithe uisceacha, má tá sin ceangailte in Airteagal 208 agus in Airteagal 209, nó i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 211 agus Airteagal 214 ar choinníoll gur comhlíonadh na ceanglais sláinte ainmhithe seo a leanas, de réir mar is ábhartha:

(a)     na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 190, Airteagal 191(1), Airteagal 192, Airteagal 194 agus Airteagal 195, Airteagal 196(1), Airteagal 197 agus Airteagal 198, Airteagal 199(1) agus (2), Airteagal 200, Airteagal 202(1), Airteagal 203(1) agus Airteagal 204 (1) agus (2);

(b)     na ceanglais dá bhforáiltear i ngníomhartha tarmligthe de bhun Airteagail 191(2), 196(2), 199(3), 200(3), 201(2), 202(2), 203(2), 204(3) agus 205;

(c)     na ceanglais dá bhforáiltear i ngníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 206.

2.           Gach deimhniú sláinte ainmhithe:

(a)     seiceálfaidh agus síneoidh tréidlia oifigiúil é;

(b)     beidh sé bailí ar feadh na tréimhse sin, dá bhforáiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun mhír 4(b), nach mór do na hainmhithe dobharshaothraithe atá cumhdaithe fúithi leanúint de na ráthaíochtaí sláinte ainmhithe atá ann a chomhlíonadh lena linn.

3.           Seiceálfaidh an tréidlia oifigiúil, roimh dó an deimhniú sláinte ainmhithe a shíniú, an gcomhlíonann na hainmhithe uisceacha atá cumhdaithe faoi ceanglais na Caibidle seo trí bhíthin seiceálacha doiciméadacha, aitheantais agus fisiceacha dá bhforáiltear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 más cuí, agus speicis agus catagóirí na n‑ainmhithe uisceacha lena mbaineann agus na ceanglais sláinte ainmhithe á gcur san áireamh.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 lena leagfar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     na cineálacha seiceálacha agus scrúduithe doiciméadacha, aitheantais agus fisiceacha ar speicis agus ar chatagóirí éagsúla ainmhithe uisceacha nach mór don tréidlia oifigeach a dhéanamh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo chun a sheiceáil an gcomhlíontar ceanglais na Caibidle seo;

(b)     na tréimhsí ama maidir leis an tréidlia oifigiúl seiceálacha doiciméadacha, aitheantais agus fhisiceacha a dhéanamh, scrúdú a dhéanamh agus deimhnithe sláinte ainmhithe a dhéanamh sula n‑aistreofar coinsíneachtaí ainmhithe uisceacha.

Airteagal 217 Deimhnithe sláinte leictreonacha

Féadfaidh deimhnithe sláinte ainmhithe a tháirgfear, a láimhseálfar agus a tharchuirfear trí bhíthin IMSOC a theacht in ionad deimhnithe sláinte ainmhithe a ghabhann leis na hainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 208 i gcás ina bhfuil na deimhnithe sláinte ainmhithe leictreonacha sin ann:

(a)          ina bhfuil an fhaisnéis uile a bhfuil sé ceangailte a bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe samplach i gcomhréir le hAirteagal 212(1) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 213;

(b)          a áirithíonn inrianaitheacht na n‑ainmhithe uisceacha agus an nasc idir na hainmhithe sin agus an deimhniú sláinte ainmhithe.

Airteagal 218 Féindearbhú ó oibreoirí maidir le gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe go Ballstáit eile agus gníomhartha tarmligthe

1.           Eiseoidh oibreoirí ag an áit tionscnamh doiciméad féindearbhúcháin maidir le gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe óna n‑áit tionscnaimh sa Bhallstát sin go dtí an gceann scríbe i mBallstát eile agus áiritheoidh siad go ngabhfaidh sé leis na hainmhithe dobharshaothraithe sin, i gcás nach gceanglaítear deimhniú sláinte ainmhithe a ghabháil leo dá bhforáiltear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209 nó i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 211 agus Airteagal 214.

2.           Sa doiciméad féindearbhúcháin sin dá bhforáiltear i mír 1 beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir leis na hainmhithe dobharshaothraithe:

(a)     a n‑áiteanna tionscnaimh agus a gcinn scríbe, agus, más ábhartha, aon áiteanna ar an mbealach;

(b)     tuairisc ar na hainmhithe dobharshaothraithe lena luaitear an speiceas, an chainníocht, an meáchan nó an toirt de réir mar is ábhartha do na hainmhithe lena mbaineann;

(c)     an fhaisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na hainmhithe dobharshaothraithe na ceanglais ghluaiseachta dá bhforáiltear i Ranna 1 go dtí 5.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     rialacha mionsonraithe maidir le hábhar an doiciméid féindearbhúcháin dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo maidir le speicis agus catagóirí éagsúla ainmhithe dobharshaothraithe;

(b)     faisnéis atá le bheith sa doiciméad féindearbhúcháin sa bhreis ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo.

4.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirm shamplach an doiciméid féindearbhúcháin dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Roinn 7 Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha go Ballstáit eile

Airteagal 219 An oibleagáid ar oibreoirí maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha idir na Ballstáit

Tabharfaidh oibreoirí fógra don údarás inniúil ina mBallstát roimh an ngluaiseacht ainmhithe uisceacha a bheidh beartaithe ó Bhallstát go Ballstát eile sna cásanna seo a leanas:

(a)          go bhfuil sé ceangailte go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh leis na hainmhithe uisceacha i gcomhréir le hAirteagal 208 agus le hAirteagal 209 nó rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 211 agus Airteagal 214(2);

(b)          go bhfuil sé ceangailte go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe d’ainmhithe uisceacha leis na hainmhithe uisceacha agus iad ag gluaiseacht ó chrios srianta dá dtagraítear in Airteagal 208(2)(a);

(c)          go bhfuil sé beartaithe na hainmhithe dobharshaothraithe agus na hainmhithe uisceacha fiáine:

(i)      a chur isteach i mbunaíocht atá faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 171 nó faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagail 174 go dtí 177;

(ii)     a scaoileadh amach san fhiántas;

(d)          go bhfuil sé de cheanglas fógra a thabhairt i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 221.

Chun críocha an fhógra dá bhforáiltear i gcéad mhír an Airteagail seo, tabharfaidh na hoibreoirí d'údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh an fhaisnéis uile is gá chun é a chur ar a chumas fógra a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe maidir leis an ngluaiseacht i gcomhréir le hAirteagal 220(1).

Airteagal 220 An fhreagracht atá ar an údarás inniúil maidir le fógra a thabhairt do Bhallstáit eile i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha

1.           Tabharfaidh an Ballstát tionscnaimh fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha dá dtagraítear in Airteagal 219(1), murar tugadh maolú i gcomhréir le hAirteagal 221(1)(c) maidir leis an bhfógra sin.

2.           Tabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tráth ar bith is féidir é trí IMSOC.

3.           Ainmneoidh na Ballstáit réigiúin le haghaidh bainistiú fógraí ón údarás inniúil maidir le gluaiseachtaí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

4.           De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údarás inniúil an Ballstáit tionscnaimh údarú a thabhairt don oibreoir fógra a thabhairt go páirteach nó go hiomlán d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha trí IMSOC

Airteagal 221 Cumhachtaí a tharmligean agus gníomhartha tarmligthe maidir leis an údarás inniúil fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     an ceanglas fógra a thabhairt atá ar oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 219(1) i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha idir na Ballstáit ar de chatagóirí nó de speicis ainmhithe uisceacha iad seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 219(1)(a), (b) agus (c) i gcás inar gá inrianaitheacht na ngluaiseachtaí sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais sláinte ainmhithe atá leagtha síos sa Chaibidil seo;

(b)     an fhaisnéis is gá chun go dtabharfaidh na hoibreoirí agus an t‑údarás inniúil fógra maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha dá bhforáiltear in Airteagal 219(1) agus in Airteagal 220(1);

(c)     maoluithe ó na ceanglais maidir le fógra a thabhairt dá bhforáiltear in Airteagal 219(1)(c) i gcás catagóirí agus speiceas ainmhithe uisceacha nó cineálacha gluaiseachtaí a bhfuil riosca neamhshuntasach leo;

(d)     na nósanna imeachta éigeandála maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha i gcás gearrtha leictreachais nó cur isteach eile ar an gcóras IMSOC;

(e)     na ceanglais maidir leis na Ballstáit réigiúin a ainmniú dá bhforáiltear in Airteagal 220(3).

2.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     formáid na bhfógraí:

(i)      ó oibreoirí d’údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha i gcomhréir le hAirteagal 219(1);

(ii)      ó údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh don Bhallstát cinn scríbe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha i gcomhréir le hAirteagal 220(1);

(b)     na spriocamanna i gcás na nithe seo a leanas:

(i)      an fhaisnéis riachtanach atá le tabhairt ag oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 219(1) d’údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh;

(ii)      údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra a thabhairt dá bhforáiltear in Airteagal 220(1).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Caibidil 3 Gluaiseachtaí peataí uisceacha laistigh den Aontas

Airteagal 222 Gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí uisceacha agus gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme

1.           Ní aistreoidh coimeádaithe de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn 1 peataí ar bhonn neamhthráchtála ach i gcás ina ndearnadh bearta rialaithe chun a áirithiú nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le leathadh galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus galar atá ag teacht chun cinn go dtí ainmhithe ag an gceann scríbe agus le linn a n‑iompartha.

2.           Beidh feidhm ag Airteagal 112 agus ag na rialacha arna leagan síos i ngníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 114(f) agus i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 117 maidir le sainaithint, clárú agus inrianaitheacht peataí uisceacha.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na bearta coiscthe agus rialaithe galar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun a áirithiú nach bhfuil riosca suntasach leis an peataí uisceacha maidir leis an leathadh galar dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus galar atá ag teacht chun cinn go dtí ainmhithe le linn a n‑iompartha agus ag an gceann scríbe, agus stádas sláinte an chinn scríbe á chur san áireamh aige más ábhartha.

4.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na bearta coiscthe agus rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus sna rialacha arna nglacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Caibidil 4 Táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha a tháirgeadh, a phróiseáil agus a dháileadh laistigh den Aontas

Airteagal 223 Na hoibleagáidí sláinte ainmhithe ginearálta ar oibreoirí agus gníomhartha tarmligthe

1.           Déanfaidh oibreoirí bearta coisctheacha atá oiriúnach lena áirithiú ag gach céim de phróiseas táirgthe, próiseála agus dáileadh táirgí de bhunadh ainmhíoch, nach cúis iad na táirgí sin le leathadh na ngalar seo a leanas:

(a)     galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d), agus stádas sláinte na áite táirgthe, na háite próiseála nó an chinn scríbe á chur san áireamh acu;

(b)     galair atá ag teacht chun cinn.

2.           áiritheoidh oibreoirí nach dtiocfaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha ó bunaíochtaí ná ó bunaíochtaí gnó bia eile ná a fuarthas ó ainmhithe a thagann ó bunaíochtaí atá faoi réir:

(a)     beart éigeandála dá bhforáiltear in Airteagail 246 agus 247 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248 mura bhforáiltear do mhaoluithe ó na rialacha i Roinn VI;

(b)     srianta gluaiseachta is infheidhme maidir le hainmhithe uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha dá bhforáiltear in Airteagal 31(1) agus in Airteagal 55(1), in Airteagal 56, in Airteagal 61(1)(a), in Airteagal 62(1), in Airteagal 65(1)(c), in Airteagal 70(1)(b) agus in Airteagal 74(1)(a), in Airteagal 78(1) agus (2), agus in Airteagal 80(1) agus (2) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63 agus Airteagal 67, Airteagal 71(3) agus Airteagal 74(3) agus Airteagal 79, Airteagal 80(3) agus Airteagal 81(2) murar foráladh do mhaoluithe sna rialacha sin.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le ceanglais mhionsonraithe lena bhforlíonfar mír 2 den Airteagal seo maidir le gluaiseachtaí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha beo, agus na nithe seo a leanas a gcur san áireamh aige:

(a)     na galair agus na speicis ainmhithe uisceacha lena mbaineann an galar, ar infheidhme bearta éigeandála nó srianta gluaiseachta dá dtagraítear i mír 2 maidir leo;

(b)     na cineálacha táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha;

(c)     na bearta laghdaithe riosca a chuirtear i bhfeidhm ar na táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha ag na háiteanna tionscnaimh agus ag na cinn scríbe;

(d)     an úsáid atá beartaithe do tháirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha;

(e)     ceann scríbe na dtáirgí de bhunadh ainmhithe uisceacha.

Airteagal 224 Deimhnithe sláinte ainmhithe agus gníomhartha tarmligthe

1.           Ní dhéanfaidh oibreoirí na tairgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha beo seo a leanas a aistriú ach má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnamh i gcomhréir le mír 3:

(a)     táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha a bhfuil cead tugtha iad crios srianta a fhágáil faoi réir beart éigeandála dá dtagraítear i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 248 agus na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha atá faoi réir na mbeart éigeandála sin;

(b)     táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha a bhfuil cead tugtha iad crios srianta a fhágáil faoi réir beart rialaithe galar i gcomhréir le hAirteagal 31(1), Airteagal 55(1)(c), Airteagal 56, Airteagal 61(1)(a), Airteagal 62(1) agus Airteagal 63(1), Airteagal 65(1)(c), Airteagal 70(1)(b) agus Airteagal 74(1)(a), Airteagal 78(1) agus Airteagal (2), Airteagal 80(1) agus (2) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63 agus Airteagal 67, Airteagal 71(3) agus Airteagal 74(3), Airteagal 79 agus Airteagal 83(3) agus Airteagal 82(2) agus na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha ar de speicis iad atá faoi réir na mbeart rialaithe galar sin.

2.           Déanfaidh na hoibreoirí na bearta riachtanacha uile is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh na deimhnithe sláinte ainmhithe leis na tairgí de bhunadh ainmhíoch óna n‑áit tionscnaimh go dtí a gceann scríbe.

3.           Eiseoidh an t‑údarás inniúil, ar a iarraidh sin don oibreoir, deimhniú sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch seachas ainmhithe uisceacha beo dá dtagraítear i mír 1.

4.           Beidh feidhm ag Airteagal 212 agus ag Airteagail 214 go dtí 217 agus ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 213 agus Airteagal 216(4) maidir le deimhniú gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhithe, seachas ainmhithe uisceacha beo, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

5.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le ceanglais agus rialacha mionsonraithe maidir leis an deimhniú sláinte ainmhithe atá le gabháil le táirgí de bhunadh ainmhíoch, seachas ainmhithe uisceacha beo, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh aige:

(a)     na cineálacha táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(b)     na bearta laghdaithe riosca a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch, lena laghdaítear an riosca go leathfaidh galair;

(c)     an úsáid atá beartaithe do tháirgí de bhunadh ainmhíoch;

(d)     ceann scríbe na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch;

Airteagal 225 Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe agus gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme

1.           Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa deimhniú sláinte ainmhithe do tháirgí de bhunadh ainmhíoch seachas ainmhithe uisceacha beo:

(a)     an bhunaíocht tionscnaimh nó an áit tionscnaimh agus an bhunaíocht chinn scríbe nó an ceann scríbe;

(b)     tuairisc ar na táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(c)     cainníocht nó toirt na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch;

(d)     aitheantas na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, má cheanglaítear sin le hAirteagal 65(1)(h) nó le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 66;

(e)     faisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na táirgí de bhunadh ainmhíoch sa choinsíneacht na ceanglais srianta gluaiseachta dá bhforáiltear in Airteagal 223(2) agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 223(3).

2.           Féadfar go mbeidh faisnéis eile a bhfuil sé de cheanglas í a bheith ann i reachtaíocht eile de chuid an Aontais sa deimhniú sláinte ainmhithe do tháirgí de thionscnamh ainmhíoch seachas ainmhithe uisceacha beo.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe a leasú agus a fhorlíonadh mar a bhforáiltear dó i mír 1 den Airteagal seo.

4.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Airteagal 226 Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch go Ballstáit eile

1.           Déanfaidh oibreoirí:

(a)     an t‑údarás inniúil ina mBallstát tionscnaimh a chur ar an eolas roimh ré faoin ghluaiseacht táirgí de bhunadh ainmhíoch, seachas ainmhithe uisceacha beo, atá beartaithe, i gcás ina bhfuil sé de cheanglas go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe leis na coinsíneachtaí i gcomhréir le hAirteagal 224(1);

(b)     an fhaisnéis uile a thabhairt is gá chun é a chur ar chumas údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra a thabhairt don Bhallstát cinn scríbe maidir le gluaiseacht táirgí de bhunadh ainmhíoch, seachas ainmhithe uisceacha beo, i gcomhréir le mír 2.

2.           Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe i leith gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch, seachas ainmhithe uisceacha beo, i gcomhréir le hAirteagal 220(1).

3.           Is infheidhme Airteagal 219 agus Airteagal 220 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 221 maidir le fógra a thabhairt i leith táirgí de bhunadh ainmhíoch seachas ainmhithe uisceacha beo.

Caibidil 5 Bearta náisiúnta

Airteagal 227 Bearta náisiúnta maidir le tionchar galar seachas galair liostaithe a shrianadh

1.           I gcás ina bhfuil riosca suntasach le galar seachas galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) maidir le hainmhithe uisceacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann bearta náisiúnta a dhéanamh chun teacht isteach an ghalair sin a chosc nó chun a leathadh a rialú.

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na bearta náisiúnta sin os cionn na dteorainneacha maidir leis an rud is cuí agus is gá chun teacht isteach galair a chosc nó chun a leathadh a rialú laistigh den Bhallstát.

2.           Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún roimh ré maidir le haon bhearta náisiúnta atá beartaithe dá dtagraítear i mír 1 a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar ghluaiseachtaí idir na Ballstáit.

3.           Formheasfaidh an Coimisiún agus leasóidh sé, más gá, na bearta náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

4.           Ní thabharfar an formheas dá dtagraítear i mír 3 ach i gcás inar gá srianta maidir le gluaiseacht idir na Ballstáit a chur ar bun chun teacht isteach an ghalair dá dtagraítear i mír 1 a chosc nó chun a leathadh a rialú, agus tionchar foriomlán an ghalair agus na mbeart arna ndéanamh san Aontas á gcur san áireamh.

TEIDEAL III Ainmhithe ar de speicis seachas speicis a shainítear mar ainmhithe talún agus uisceacha, agus táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na hainmhithe eile sin

Airteagal 228 Ceanglais sláinte ainmhithe maidir le hainmhithe eile agus táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na hainmhithe eile sin

I gcás ina bhfuil ainmhithe eile ina n‑ainmhithe liostaithe maidir le galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d), agus ina bhfuil riosca maidir le sláinte phoiblí nó sláinte na n‑ainmhithe leis na hainmhithe eile sin, leis na táirgí geirmeacha uathu nó le táirgí de bhunadh ainmhíoch, beidh feidhm ag na ceanglais sláinte ainmhithe seo a leanas:

(a)          na ceanglais maidir le clárú, formheas, coinneáil taifead agus cláir a bhaineann le bunaíochtaí agus le hiompróirí dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal I agus i gCaibidil I de Theideal II;

(b)          na ceanglais maidir le inrianaitheacht dá bhforáiltear in Airteagail 102 go dtí 105 agus in Airteagal 112 agus in Airteagal 113 i gcás ainmhithe eile agus in Airteagal 119 i gcás táirgí geirmeacha;

(c)          ceanglais ghluaiseachta:

(i)      i gcás ainmhithe eile a mbíonn cónaí orthu go príomha i dtimpeallacht talún, nó a mbíonn tionchar ag galair ainmhithe talún orthu de ghnáth, agus na critéir dá bhforáiltear i mír 3(d) agus (e) d’Airteagal 229 á gcur san áireamh, na ceanglais dá bhforáiltear i Roinn 1 agus i Roinn 6 de Chaibidil 3 de Theideal I de Chuid IV, i gCaibidil 4 agus i gCaibidil 5 de Theideal I de Chuid IV;

(ii)     i gcás ainmhithe eile a mbíonn cónaí orthu go príomha i dtimpeallacht uisce, nó a mbíonn tionchar ag galair ainmhithe uisceacha orthu de ghnáth, agus na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 229(3)(d) agus (e) á gcur san áireamh, na ceanglais dá bhforáiltear i Roinn 1 go dtí 5 de Chaibidil 2 de Theideal II;

(iii)     i gcás peataí eile, na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 112 agus in Airteagal 152;

(iv)    i gcás táirgí geirmeacha, na ceanglais ginearálta maidir le gluaiseachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 155 agus in Airteagal 156 agus na ceanglais speisialta maidir le gluaiseachtaí go Ballstáit eile dá bhforáiltear in Airteagal 162 agus in Airteagal 163;

(v)     i gcás táirgí de bhunadh ainmhíocha, na ceanglais sláinte ainmhithe ginearálta ar oibreoirí maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch a tháirgeadh, a phróiseáil agus a dháileadh laistigh den Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 164 agus in Airteagal 223;

(d)          an oibleagáid maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú ar oibreoirí agus ar an údarás inniúil agus féindearbhú ó oibreoirí:

(i)      i gcás ainmhithe eile, de bhun na rialacha dá bhforáiltear in Airteagail 140 go dtí 148 nó in Airteagail 208 go dtí 218;

(ii)     i gcás táirgí geirmeacha, de bhun na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 159 agus in Airteagal 160;

(ii)     i gcás táirgí de bhunadh ainmhíoch, de bhun na rialacha dá bhforáiltear in Airteagail 165 go dtí 166 nó in Airteagal 224 agus in Airteagal 225;

(e)          oibreoirí agus an t‑údarás inniúil fógraí a thabhairt maidir le gluaiseachtaí, agus na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagail 149, 150, 151, 161, 167 agus in Airteagail 219 go dtí 221 agus in Airteagal 226.

Airteagal 229 Cumhachtaí a tharmligean agus gníomhartha tarmligthe maidir le ceanglais sláinte ainmhithe a bhaineann le hainmhithe eile agus le táirgí geirmeacha agus le táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe eile

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le ceanglais maidir le hainmhithe eile, na táirgí geirmeacha uathu nó táirgí de bhunadh ainmhíoch a leasú nó a fhorlíonadh, da bhforáiltear in Airteagal 228, a bhfuil gá leo chun riosca na ngalar dá dtagraítear ann, a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)     na ceanglais maidir le clárú, formheas, coinneáil taifead agus cláir i gcás bunaíochtaí ina gcoimeádtar nó iompróirí a iompraíonn ainmhithe eile, agus na táirgí geirmeacha uathu nó táirgí de bhunadh ainmhíoch, dá bhforáiltear in Airteagal 228(a);

(b)     ceanglais inrianaitheachta maidir le hainmhithe eile agus na táirgí geirmeacha uathu agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, dá bhforáiltear in Airteagal 228(b);

(c)     ceanglais ghluaiseachta maidir le hainmhithe eile agus na táirgí geirmeacha uathu agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, dá dtagraítear in Airteagal 228(c);

(d)     ceanglais maidir leis na hoibleagáidí deimhnithe sláinte ainmhithe ar oibreoirí agus ar an údarás inniúil agus oibleagáidí féindearbhúcháin ar oibreoirí i gcás ainmhithe eile agus na táirgí geirmeacha uathu agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, dá bhforáiltear in Airteagal 228(d);

(e)     ceanglais maidir le hoibreoirí agus an t‑údarás inniúil fógra a thabhairt i leith gluaiseachta i gcás ainmhithe eile agus na táirgí geirmeacha uathu agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, dá bhforáiltear in Airteagal 228(e).

2.           Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na mbeart rialaithe galar agus na mbeart rialaithe coiscthe galar dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 254(2).

3.           Cuirfidh an Coimisiún ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas san áireamh agus é ag glacadh na ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2:

(a)     go bhfuil speicis agus catagóirí ainmhithe eile liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 7(2) mar speicis liostaithe maidir le galar liostaithe amháin nó níos mó, ar a bhfuil bearta coiscthe agus rialaithe galar áirithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo i bhfeidhm;

(b)     próifíl an ghalair liostaithe, a bhaineann le speicis agus le catagóirí ainmhithe eile dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)     indéantacht, infhaighteacht agus éifeacht beart coiscthe agus rialaithe galar i gcás an speicis lena mbaineann na bearta sin;

(d)     gnáthdhálaí timpeallachta beatha talún nó uisce na n‑ainmhithe eile sin;

(e)        na cineálacha galair a imríonn tionchar ar na hainmhithe eile sin bíodh siad ina ngalar a imríonn tionchar ar ainmhithe talún nó ina ngalar imríonn tionchar de ghnáth ar ainmhithe uisceacha, is cuma cad é na gnáthdhálaí timpeallachta beatha dá dtagraítear i bpointe (b).

CUID V TEACHT ISTEACH SAN AONTAS AGUS ONNMHAIRIÚ

Caibidil 1 Ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha agus tríú críocha a theacht isteach san Aontas

Roinn 1 Ceanglais maidir le teacht isteach san Aontas

Airteagal 230 Ceanglais maidir le hainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas

1.           Ní cheadóidh na Ballstáit do choinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó ó thríú críocha teacht isteach san Aontas, ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:

(a)     go dtagann siad as tríú tír nó tríú críoch atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 231 don speiceas áirithe agus don chatagóir áirithe ainmhithe sin, nó do na táirgí geirmeacha sin nó na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch, nó as crios nó as deighleog den tír nó den chríoch sin, mura bhfuil siad cumhdaithe faoi mhaolú nó faoi rialacha breise a glacadh de bhun Airteagal 241(1);

(b)     go dtagann siad as bunaíochtaí atá formheasta agus liostaithe má cheanglaítear an formheas agus an liostú sin faoi Airteagal 234 agus faoi rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 235;

(c)     go gcomhlíonann siad na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le teacht isteach san Aontas atá leagtha síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 236(1) má tá na ceanglais sin leagtha síos don ainmhí, don táirge geirmeach nó don táirge de bhunadh ainmhíoch atá sa choinsíneacht;

(d)     go ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe, dearbhuithe agus doiciméid eile leo má cheanglaítear sin le hAirteagal 239(1) nó le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 239(4).

2.           Déanfaidh oibreoirí coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó ó thríú críocha a thabhairt i láthair chun críocha rialaithe oifigiúil dá bhforáiltear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an uimhir], mura bhfuil foráil déanta maidir le maolú de bhun an Rialacháin sin ag an bpointe teacht isteach san Aontas.

Roinn 2 Tríú tíortha agus tríú críocha a liostú

Airteagal 231 Liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha óna gceadaítear d’ainmhithe, do tháirgí geirmeacha agus do tháirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas agus gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe

1.           Tarraingeoidh an Coimisiún suas, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha óna gceadófar do speicis shonracha agus do chatagóirí sonracha ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas, agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh aige:

(a)     reachtaíocht sláinte ainmhithe an tríú tír nó an tríú críoch agus na rialacha maidir le teacht isteach ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó ó thríú críocha;

(b)     na dearbhuithe a thug údarás inniúil an tríú tír nó an tríú críoch maidir le cur chun feidhme agus rialú éifeachtúla na reachtaíochta sláinte ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)     eagrú, struchtúr, acmhainní agus cumhachtaí dlí an údaráis inniúla sa tríú tír nó sa tríú críoch;

(d)     na nósanna imeachta deimhnithe maidir le sláinte ainmhithe sa tríú tír nó sa tríú críoch;

(e)     stádas sláinte ainmhithe an tríú tír nó an tríú críoch, nó na gcriosanna agus na ndeighleog inti, maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)      galair liostaithe agus galair atá ag teacht chun cinn;

(ii)      aon ghnéithe den tsláinte phoiblí nó de shláinte na n‑ainmhithe nó na cúinsí comhshaoil sa tríú tír nó sa tríú críoch, nó sa chrios nó sa deighleog inti, a d’fhéadfadh riosca a bheith leo maidir le sláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí nó stádas comhshaoil an Aontais;

(f)      na ráthaíochtaí is féidir le húdarás inniúil an tríú tír nó an tríú críoch a thabhairt maidir le comhlíonadh nó coibhéis na gceanglas sláinte ainmhithe ábhartha is infheidhme san Aontas;

(g)     a rialta agus a ghasta a thugann an tríú tír nó an tríú críoch an fhaisnéis maidir le galair ainmhithe atá ionfhabhtaíoch nó gabhálach ina críoch don Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe, go háirithe faisnéis maidir leis na galair atá liostaithe i gCód um Shláinte na nAinmhithe Uisceacha nó i gCód um Shláinte na nAinmhithe Talún de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe.

(h)     torthaí rialuithe an Choimisiúin a rinneadh sa tríú tír nó sa tríú críoch;

(i)      aon taithí a fuarthas ó theacht isteach ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch roimhe seo ón tríú tír nó ón tríú críoch sin agus torthaí rialuithe oifigiúla a rinneadh ag an bpointe teacht isteach san Aontas ar na hainmhithe sin, ar na táirgí geirmeacha sin agus ar na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

2.           Go dtí go nglacfar liostaí de na tríú tíortha agus de na tríú críocha dá bhforáiltear i mír 1, agus ar choinníoll nár tarraingíodh suas na liostaí sin de bhun reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 258(2), socróidh na Ballstáit cé na tríú tíortha agus na tríú críocha óna bhféadfaidh speicis shonracha agus catagóirí sonracha ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas.

Chun críocha na chéad fhomhíre, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na critéir maidir le tríú tíortha agus tríú críocha a chur ar na liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha dá bhforáiltear i mír 1(a) go dtí (i) den Airteagal seo.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le maoluithe ó mhír 2 den Airteagal seo, lena dteorannaítear an deis atá ag Ballstáit a shocrú cé na tríú tíortha agus na tríú críocha óna bhféadfaidh speiceas sonrach nó catagóir shonrach ainmhí, táirge gheirmigh nó táirge de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas, agus, más gá, ar bhonn an riosca atá leis an speiceas áirithe sin nó leis an gcatagóir áirithe sin ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch.

Airteagal 232 Faisnéis atá le cur sna liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha

Sonróidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach tríú tír nó gach tríú críoch atá sna liostaí dá bhforáiltear in Airteagal 231(1):

(a)          na catagóirí nó na speicis ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch a fhéadfaidh teacht isteach san Aontas ón tríú tír nó ón tríú críoch sin;

(b)          an bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh na hainmhithe, na táirgí geirmeacha nó na táirgí de bhunadh ainmhíoch arna sonrú i gcomhréir le pointe (a) teacht isteach san Aontas ó chríoch uile an tríú tír nó an tríú críoch sin nó ó cheann amháin nó níos mó dá criosanna nó dá deighleoga.

Airteagal 233 Tríú tíortha nó tríú críocha a chur ar fionraí ón liosta nó a tharraingt siar as an liosta agus gníomhartha cur chun feidhme

1.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tríú tír nó tríú críoch, nó crios nó deighleog dá cuid, a chur ar fionraí ón liosta nó a tharraingt siar as an liosta ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)     nach bhfuil an tríú tír nó an tríú críoch, nó ceann amháin nó níos mó dá criosanna nó dá deighleoga, ag comhlíonadh na gcritéar a thuilleadh atá leagtha síos in Airteagal 231(1), más ábhartha le go bhféadfaidh speiceas nó catagóir áirithe ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas;

(b)     gur gá, mar gheall ar na cúinsí sláinte ainmhithe sa tríú tír nó sa tríú críoch, nó i gcrios nó i ndeighleog dá cuid, í a chur ar fionraí ón liosta sin nó í a tharraingt siar as an liosta sin chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint;

(c)     d'ainneoin gur iarr an Coimisiún ar an tríú tír sin nó ar an tríú críoch sin faisnéis nuashonraithe a thabhairt maidir leis na cúinsí sláinte ainmhithe nó nithe eile dá dtagraítear in Airteagal 231(1), nár thug an tríú tír nó an tríú críoch sin an fhaisnéis sin uaithi;

(d)     gur dhiúltaigh an tríú tír nó an tríú críoch a aontú go ndéanfaidh an Coimisiún rialú thar ceann an Aontais ina críoch.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Ar mhórchúiseanna práinne cuí‑réasúnaithe a bhaineann le riosca tromchúiseach go dtabharfaí isteach san Aontas galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d), glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3).

2.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, tríú tír nó tríú críoch, nó crios nó deighleog dá cuid, a cuireadh ar fionraí ón liosta nó a tarraingíodh siar as an liosta dá dtagraítear in Airteagal 231(1) a athchur leis an liosta ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)     ar na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1(a) go dtí (c) den Airteagal seo, ar choinníoll go léiríonn an tríú tír nó an tríú críoch go gcomhlíonann sí na critéir maidir le liostú dá bhforáiltear in Airteagal 231(1);

(b)     ar na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1(b) den Airteagal seo, ar choinníoll go dtugann an tríú tír nó an tríú críoch na ráthaíochtaí cuí uaithi gur réitíodh na cúinsí sláinte ainmhithe as ar tháinig an cur ar fionraí sin nó an tarraingt siar sin as an liosta nó nach bhfuil bagairt ar an tsláinte phoiblí ná ar shláinte ainmhithe san Aontas ag baint leo níos mó;

(c)     ar na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1(d) den Airteagal seo, ar choinníoll:

(i)      gur aontaigh an tríú tír nó an tríú críoch go ndéanfaidh an Coimisiún rialú thar ceann an Aontais ina críoch; agus

(ii)      gur léir ó thorthaí an rialaithe sin a rinne an Coimisiún go gcomhlíonann an tríú tír nó an tríú críoch, agus na criosanna agus na deighleoga dá cuid, na critéir maidir le liostú atá leagtha síos in Airteagal 231(1).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le rialacha lena leasaítear agus lena bhforlíontar na critéir maidir le tríú tír nó tríú críoch, nó criosanna nó deighleoga dá cuid, a chur ar fionraí ón liosta nó a tharraingt siar as an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 231(1), rud a bhforáiltear dó i mír 1 den Airteagal seo.

Roinn 3 Bunaíochtaí i dtríú tíortha agus i dtríú críocha a fhormheas agus a liostú

Airteagal 234 Bunaíochtaí a fhormheas agus a liostú

1.           Ní cheadóidh na Ballstáit d’ainmhithe talún agus táirgí geirmeacha uathu a thagann ó chineál bunaíochta a bhfuil sé de cheanglas san Aontas formheas a fháil di i gcomhréir le hAirteagal 89(2) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 89(3) agus Airteagal 90 a theacht isteach san Aontas, más fíor i leith na bunaíochta sin sa tríú tír nó sa tríú críoch:

(a)     go gcomhlíonann sí ceanglais sláinte ainmhithe sa tríú tír nó sa tríú críoch sin atá coibhéiseach leis na rialacha maidir leis an gcineál sin bunaíochta is infheidhme san Aontas;

(b)     go bhfuil sí formheasta agus liostaithe ag údarás inniúil thríú tír nó thríú críoch a seolta.

2.           Baileoidh an Coimisiún na liostaí de na bunaíochtaí formheasta dá dtagraítear i mír 1(b) a fuarthas ó údaráis inniúla na dtríú tíortha nó na dtríú críocha.

3.           Déanfaidh an Coimisiún aon liostaí nua nó aon liostaí nuashonraithe de na bunaíochtaí formheasta a fuarthas ó thríú tíortha agus ó thríú críocha a thabhairt do na Ballstáit agus cuirfidh siad ar fáil don phobal iad.

Airteagal 235 Cumhachtaí a tharmligean maidir le bunaíochtaí a fhormheas agus a liostú

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le rialacha lena n‑imítear ó cheanglais Airteagal 234(1)(b) i gcás ina dtugann bearta malartacha laghdaithe riosca atá ar bun sa tríú tír nó sa tríú críoch ráthaíochtaí coibhéiseacha maidir leis an tsláinte ainmhithe laistigh den Aontas.

Roinn 4 Speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas

Airteagal 236 Cumhachtaí a tharmligean le haghaidh ceanglas sláinte ainmhithe maidir le speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)     speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó ó thríú críocha a theacht isteach san Aontas;

(b)     gluaiseacht laistigh den Aontas agus láimhseáil na n‑ainmhithe sin, na dtáirgí geirmeacha sin agus na dtáirgí sin de bhunadh ainmhíoch tar éis dóibh teacht isteach san Aontas.

2.           Beidh na ceanglais sláinte ainmhithe dá dtagraítear i mír 1(a):

(a)     chomh dian céanna leis na ceanglais sláinte ainmhithe atá leagtha síos sa Rialachán seo agus leis na rialacha arna nglacadh dá bhun agus is infheidhme maidir le gluaiseacht na speiceas agus na gcatagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann laistigh den Aontas; nó

(b)     coibhéiseach leis na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir leis na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch dá bhforáiltear i Roinn IV den Rialachán seo.

3.           Go dtí go nglacfar gníomhartha tarmligthe lena leagfar síos ceanglais sláinte ainmhithe maidir le speiceas nó catagóir áirithe ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus ar choinníoll nár leagadh síos na ceanglais sin cheana de bhun reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 258(2), féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm ar choinníoll:

(a)     go gcomhlíonann na rialacha sin na ceanglais atá leagtha síos i mír 2 den Airteagal seo agus go gcuirtear san áireamh iontu na nithe dá dtagraítear in Airteagal 237 agus in Airteagal 238;

(b)     go bhfuil na rialacha sin lán chomh dian leis na rialacha atá leagtha síos i dTeideal 1 agus i dTeideal II de Roinn IV.

Airteagal 237 Nithe le cur san áireamh i ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 236 maidir le hainmhithe a theacht isteach san Aontas

Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh agus é ag leagan síos ceanglais maidir le sláinte ainmhithe i ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 236(1) maidir le speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe a theacht isteach san Aontas:

(a)          na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus galair atá ag teacht chun cinn;

(b)          stádas sláinte an Aontais maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus galair atá ag teacht chun cinn;

(c)          na speicis liostaithe maidir leis na galair liostaithe sin dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus na galair sin atá ag teacht chun cinn;

(d)          aois agus gnéas na n‑ainmhithe;

(e)          tionscnamh na n‑ainmhithe;

(f)           cineál na bunaíochta agus cineál an táirgthe ag an háiteanna tionscnaimh agus ag na cinn scríbe;

(g)          an ceann scríbe atá beartaithe;

(h)          an úsáid atá beartaithe i leith na n‑ainmhithe;

(i)           aon bhearta laghdaithe riosca atá ar bun sna tríú tíortha nó sna tríú críocha tionscnaimh nó idirthurais, nó a rinneadh tar éis do na hainmhithe teacht isteach san Aontas;

(j)           ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí na n‑ainmhithe sin laistigh den Aontas;

(k)          fachtóirí eipidéimeolaíocha eile;

(l)           caighdeáin trádála idirnáisiúnta maidir le sláinte ainmhithe is ábhartha do speicis agus do chatagóirí na n‑ainmhithe sin.

Airteagal 238 Nithe le cur san áireamh i ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 236 maidir le táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas

Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh agus é ag leagan síos na gceanglas sláinte ainmhithe i ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 236(1) maidir le táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas:

(a)          na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus galair atá ag teacht chun cinn;

(b)          stádas sláinte na n‑ainmhithe is tionscnamh do na táirgí geirmeacha nó do na táirgí de bhunadh ainmhíoch agus stádas sláinte an Aontais maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus galair atá ag teacht chun cinn;

(c)          cineál agus nádúr táirgí geirmeacha áirithe nó táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch, cóireálacha áirithe, modhanna próiseála áirithe agus bearta eile laghdaithe riosca a cuireadh i bhfeidhm ag an áit tionscnaimh, ag áit seolta na coinsíneachta nó ag an gceann scríbe;

(d)          cineál na bunaíochta agus cineál an táirgthe ag an háiteanna tionscnaimh agus ag na cinn scríbe;

(e)          an ceann scríbe atá beartaithe;

(f)           an úsáid atá beartaithe do na táirgí geirmeacha nó do na táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(g)          ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí na dtáirgí geirmeacha agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch laistigh den Aontas;

(h)          fachtóirí eipidéimeolaíocha eile;

(i)           caighdeáin trádála idirnáisiúnta maidir le sláinte ainmhithe, is ábhartha do tháirgí geirmeacha áirithe agus do tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch.

Roinn 5 Deimhnithe sláinte ainmhithe, dearbhuithe agus doiciméid eile

Airteagal 239 Deimhnithe sláinte ainmhithe, dearbhuithe agus doiciméid eile maidir le teacht isteach san Aontas

1.           Ní cheadóidh na Ballstáit coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas ach amháin má tá na nithe seo a leanas ag gabháil leo:

(a)     deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint ag údarás inniúil an tríú tír nó an tríú críoch tionscnaimh;

(b)     dearbhuithe nó doiciméid eile, má cheanglaítear sin leis na rialacha arna nglacadh de bhun mhír 4(a).

2.           Ní cheadóidh na Ballstáit do choinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas mura mbeidh an deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1(a) fíoraithe agus sínithe ag tréidlia oifigiúil i dtríú tír nó tríú críoch i gcomhréir leis na ceanglais deimhniúcháin is coibhéiseach leis na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 146(3) nó in Airteagal 216(3) agus leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 146(4) nó Airteagal 216(4).

3.           Ceadóidh na Ballstáit deimhnithe sláinte ainmhithe leictreonacha a tháirgtear, a láimhseáiltar agus a tharchuirtear trí bhíthin IMSOC a chur in ionad na ndeimhnithe sláinte ainmhithe a ghabhann leis na hainmhithe dá bhforáiltear i mír 1, más rud é, i gcás deimhnithe sláinte ainmhithe leictreonacha:

(a)     go bhfuil an fhaisnéis uile a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 240(1) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 240(3) curtha sa deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear i mír 1(a) den Airteagal seo;

(b)     go n‑áirithíonn siad inrianaitheacht na gcoinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch agus go nascann siad na coinsíneachtaí sin leis an deimhniú sláinte leictreonach.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     maoluithe ó na ceanglais sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1(a), maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch agus rialacha sonracha maidir le deimhniú sláinte ainmhithe na gcoinsíneachtaí sin, a bhfuil riosca suntasach leo maidir le sláinte ainmhithe nó leis an tsláinte phoiblí laistigh den Aontas, ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas:

(i)      catagóir nó speiceas ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(ii)      modhanna coimeádta agus cineálacha táirgthe na n‑ainmhithe, na dtáirgí geirmeacha agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch;

(iii)     an úsáid atá beartaithe dóibh;

(iv)     bearta malartacha laghdaithe riosca atá ar bun sna tríú tíortha nó tríú críocha tionscnaimh nó idirthurais, nó tar éis do na hainmhithe teacht isteach san Aontas, lena dtugtar an chosaint is coibhéiseach le sláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí an Aontais dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(v)     ráthaíochtaí arna dtabhairt ag an tríú tír nó an tríú críoch go léireofar comhlíonadh na gceanglas maidir le teacht isteach san Aontas le modhanna seachas an deimhniú sláinte ainmhithe;

(b)     na ceanglais maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a bheidh ag teacht isteach san Aontas, go ngabhfaidh dearbhuithe agus doiciméid eile leo is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na hainmhithe, na táirgí geirmeacha agus na táirgí de bhunadh ainmhíoch atá ag teacht isteach san Aontas na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le teacht isteach san Aontas atá leagtha síos sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 236(1).

Airteagal 240 Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe

1.           Sa deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 239(1)(a), beidh na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)     ainm agus seoladh na nithe seo a leanas:

(i)      an bhunaíocht nó an áit tionscnaimh;

(ii)      an bhunaíocht nó an ceann scríbe;

(iii)     bunaíochtaí le haghaidh oibríochtaí cruinnithe nó thréimhsí scíthe na n‑ainmhithe ar coimeád, más infheidhme;

(b)     tuairisc ar na hainmhithe, ar na táirgí geirmeacha nó ar na táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(c)     líon nó toirt na n‑ainmhithe, na dtáirgí geirmeacha nó na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch;

(d)     aitheantas agus clárú na n‑ainmhithe nó na dtáirgí geirmeacha, más infheidhme;

(e)     an fhaisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na hainmhithe, na táirgí geirmeacha agus na táirgí de bhunadh ainmhíoch sa choinsíneacht na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le teacht isteach san Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 230 agus in Airteagal 236(3) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 236(1) agus Airteagal 241.

2.           Féadfar go mbeidh faisnéis eile a cheanglaítear i bpíosaí eile reachtaíochta de chuid an Aontais sa deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 239(1)(a).

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     an fhaisnéis atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 239(1)(a) maille leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b)     an fhaisnéis atá le bheith sna dearbhuithe nó i ndoiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 239(1)(b).

4.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe, de dhearbhuithe agus de dhoiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 239(1). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

5.           Go dtí go socrófar rialacha i ngníomhartha tarmligthe agus i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo, maidir le speicis áirithe nó catagóirí áirithe ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch, agus ar choinníoll nár leagadh na rialacha sin síos de bhun reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 258(2), féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo.

Roinn 6 Maoluithe agus ceanglais bhreise maidir le catagóirí áirithe ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch

Airteagal 241 Maoluithe agus ceanglais bhreise maidir le catagóirí áirithe ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le maoluithe ó na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 230(1), in Airteagal 234, agus in Airteagal 239 agus i gceanglais bhreise maidir leis na nithe seo a leanas a theacht isteach san Aontas:

(a)     ainmhithe:

(i)      a bhfuil sé beartaithe iad a chur i sorcais, in imeachtaí, i dtaispeántais, ar taispeántas, i seónna agus i mbunaíochtaí comhdhúnta;

(ii)      ar peataí iad;

(iii)     a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun críocha eolaíochta;

(iv)     nach é an tAontas a gceann scríbe deiridh;

(v)     ar de thionscnamh an Aontais iad agus go n‑aistrítear iad chuig tríú tír nó tríú críoch, agus go n‑aistrítear ar ais ansin iad chuig an Aontas ón tríú tír nó ón tríú críoch sin;

(vi)     ar de thionscnamh an Aontais iad agus go n‑iompraítear iad trí thríú tír nó trí thríú críoch ar an mbealach chuig cuid eile den Aontas;

(vii)    a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun críocha innilte ar bhonn sealadach, gar do chríocha an Aontais;

(viii)   a bhfuil riosca neamhshuntasach leo maidir leis an stádas sláinte ainmhithe laistigh den Aontas;

(b)     táirgí de bhunadh ainmhíoch:

(i)      ar úsáid phearsanta atá beartaithe ina leith;

(ii)      ar tomhaltas atá beartaithe ina leith ar mhodh iompair a thagann as tríú tíortha nó tríú críocha;

(c)     táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch:

(i)      a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar shamplaí trádála;

(ii)      a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar shamplaí taighde agus diagnóiseacha;

(iii)     arb é an tAontas a gceann scríbe deiridh;

(iv)     ar de thionscnamh an Aontais iad agus go n‑aistrítear iad chuig tríú tír nó tríú críoch, agus go n‑aistrítear ar ais ansin iad chuig an Aontas ón tríú tír nó ón tríú críoch sin;

(v)     ar de thionscnamh an Aontais iad agus go n‑iompraítear trí thríú tír nó trí thríú críoch iad ar an mbealach chuig cuid eile den Aontas;

(vi)     a bhfuil riosca neamhshuntasach leo maidir leis an stádas sláinte ainmhithe laistigh den Aontas.

Cuirfear na nithe dá dtagraítear in Airteagal 237 agus in Airteagal 238 san áireamh sna gníomhartha tarmligthe sin.

2.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos:

(a)     maidir le foirmeacha samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe, de dhearbhuithe agus de dhoiciméid eile maidir leis na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch dá dtagraítear i mír 1;

(b)     lena léirítear, i gcás na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na cóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte, i gcás nach bhfuil foráil déanta maidir leis na cóid sin sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 45(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX[uimhir le cur isteach...maidir le rialuithe oifigiúla].

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Caibidil 2 Earraí áirithe seachas ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha agus ó thríú críocha a theacht isteach san Aontas

Airteagal 242 Oibreáin galar agus gníomhartha tarmligthe

1.           Déanfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thabharfaidh oibreáin galar isteach san Aontas na nithe seo a leanas:

(a)     a áirithiú nach gcruthaíonn a dteacht isteach san Aontas riosca do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí laistigh den Aontas maidir le galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus galair atá ag teacht chun cinn;

(b)     bearta cuí rialaithe galar agus coisctheacha a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh riosca bithsceimhlitheoireachta ann de thoradh theacht isteach san Aontas na n‑oibreán galar sin.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 d’fhonn ceanglais a leagan síos maidir le hoibreáin galar a theacht isteach san Aontas i gcás na nithe seo a leanas:

(a)     pacáistiú oibreán galar;

(b)     bearta laghdaithe riosca eile is gá chun scaoileadh agus leathadh oibreán galar a chosc.

Airteagal 243 Ábhar plandaí agus gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe

1.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     ceanglais sláinte ainmhithe shonracha maidir le hábhar plandaí ar conair tarchuir galar liostaithe é a theacht isteach san Aontas;

(b)     ceanglais maidir le:

(i)      deimhniú sláinte ainmhithe, agus na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 239(1)(a), agus Airteagal 239(2) agus (3) á gcur san áireamh, nó

(ii)      deimhnithe agus doiciméid eile, agus na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 239(1)(b) á gcur san áireamh.

2.           Leagfaidh an Coimisiún síos na ceanglais sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo má bhíonn cás neamhfhabhrach galair ann i dtríú tíortha nó i dtríú críocha maidir le galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(2)(d) nó galair atá ag teacht chun cinn, agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh aige:

(a)     an bhfuil nó nach bhfuil galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn is féidir a tharchur leis an ábhar plandaí ina riosca tromchúiseach maidir le sláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí san Aontas;

(b)     a dhóiche atá sé go mbeidh ainmhithe de speicis liostaithe maidir le galar liostaithe áirithe nó galar áirithe atá ag teacht chun cinn i dteagmháil dhíreach nó neamhdhíreach leis an ábhar plandaí dá dtagraítear i mír 1;

(c)     an bhfuil nó nach bhfuil bearta laghdaithe riosca ar fáil agus a éifeachtúla atá siad maidir leis an ábhar plandaí sin, lenar féidir an riosca tarchuir dá dtagraítear in 2(a) a chealú nó a íoslaghdú.

3.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos lena léirítear, i gcás na an ábhair phlandaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na cóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte, i gcás nach bhfuil foráil déanta maidir leis an léiriú sin sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 45(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. XXX/XXX [uimir le cur isteach - maidir le rialuithe oifigiúla].

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

Airteagal 244 Modhanna iompair, trealamh, ábhar pacáistithe, uisce iompair agus beatha agus farae agus gníomhartha cur chun feidhme

1.           Déanfaidh oibreoirí a thugann ainmhithe agus táirgí isteach san Aontas bearta coiscthe galar cuí agus riachtanacha le linn a n‑iompair, dá bhforáiltear in Airteagal 122(1) agus in Airteagal 191(1).

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le:

(a)     ceanglais sláinte ainmhithe shonracha maidir leis na nithe seo a leanas a theacht isteach san Aontas:

(a)     modhanna iompar ainmhithe, táirgí geirmeacha, táirgí de thionscnamh ainmhíoch, fotháirgí ainmhíocha agus táirgí díorthaithe;

(b)     trealamh, ábhar pacáistithe nó uisce iompair d’ainmhithe, táirgí geirmeacha, táirgí de thionscnamh ainmhíoch, fotháirgí ainmhíocha agus táirgí díorthaithe, nó beatha agus farae lenar féidir galair ainmhithe a tharchur;

(b)     ceanglais maidir le:

(i)      deimhniú sláinte ainmhithe, agus na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 239(1)(a) agus Airteagal 239 (2) agus (3) á gcur san áireamh aige; nó

(ii)      dearbhuithe nó doiciméid eile, agus na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 239(1)(b) á gcur san áireamh aige.

3.           Leagfaidh an Coimisiún síos na ceanglais sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 2 má bhíonn cás neamhfhabhrach galair ann a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) nó de na galair atá ag teacht chun cinn, a bhfuil riosca tromchúiseach leo maidir le sláinte ainmhithe agus sláinte an duine san Aontas sna háiteanna seo a leanas:

(a)     tríú tír chomharsanach;

(b)     an tríú tír tionscnaimh;

(c)     tríú tír trasdula.

4.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos lena léirítear, i gcás na n‑earraí dá dtagraítear i mír 2(a) den Airteagal seo, na cóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte, i gcás nach bhfuil foráil déanta maidir leis an léiriú sin sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 45(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Oifig na bhFoilseachán: Uimh. an Rialacháin] maidir le rialuithe oifigiúla.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin.

Caibidil 3 Onnmhairiú

Airteagal 245 Onnmhairiú as an Aontas

1.           Glacfaidh na Ballstáit na bearta cuí chun a áirithiú go mbeidh onnmhairiú agus ath‑onnmhairiú ainmhithe agus táirgí ón Aontas chuig tríú tír nó tríú críoch i gcomhréir leis na rialacha maidir le gluaiseacht ainmhithe agus táirgí idir na Ballstáit dá bhforáiltear i gCuid IV, agus an stádas sláinte ainmhithe laistigh den tríú tír nó tríú críoch cinn scríbe, nó laistigh den chrios nó den deighleog dá cuid, á chur san áireamh acu, maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d) agus galair atá ag teacht chun tosaigh.

Os a choinne sin, má iarrann údarás inniúil an tríú tír nó an tríú críoch é, nó má tá sé bunaithe i ndlíthe, i rialacháin, i gcaighdeáin, i gcóid chleachtais agus i nósanna imeachta eile dlí agus riaracháin atá i bhfeidhm sa tír nó sa chríoch sin, féadfar onnmhairiú agus ath‑onnmhairiú ón Aontas a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha sin.

2.           I gcás ina bhfuil feidhm ag forálacha i gcomhaontú déthaobhach arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tír nó tríú críoch, comhlíonfaidh ainmhithe agus táirgí a onnmhairítear ón Aontas go dtí an tríú tír nó an tríú críoch sin na forálacha sin.

CUID VI BEARTA ÉIGEANDÁLA

Roinn 1 Bearta éigeandála maidir le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí laistigh den Aontas agus modhanna iompair agus ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na hainmhithe agus na táirgí sin

Airteagal 246 Bearta éigeandála atá le déanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann i gcás ráige de ghalar liostaithe nó de ghalar atá ag teacht chun cinn nó i gcás guaise ina gcríoch

1.           I gcás ráige de ghalar liostaithe nó de ghalar atá ag teacht chun cinn, nó i gcás guaise is dócha a mbeidh riosca tromchúiseach léi, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar tharla sí, de réir a thromchúisí atá an cás agus de réir an ghalair nó na guaise lena mbaineann, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála seo a leanas láithreach chun leathadh an ghalair nó na guaise a chosc:

(a)     i gcás galar liostaithe:

(i)      dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a), na bearta rialaithe galar atá leagtha síos i gCaibidil 1 de Theideal II de Chuid III;

(ii)      dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c), na bearta rialaithe galar atá leagtha síos i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid III;

(b)     i gcás galar agus guaiseacha atá ag teacht chun cinn:

(i)      srianta gluaiseachta ar ainmhithe agus ar tháirgí ar de thionscnamh na mbunaíochtaí nó, más ábhartha, de thionscnamh na gcriosanna nó na ndeighleog srianta iad, inar tharla an ráig nó an ghuais, agus ar mhodhanna iompair agus ar ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na hainmhithe sin nó leis na táirgí sin;

(ii)      coraintín ainmhithe agus leithlisiú táirgí;

(iii)     bearta faireachais agus inrianaitheachta;

(iv)     aon bhearta éigeandála rialaithe galar dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal II de Chuid III, más oiriúnach;

(c)     aon bheart éigeandála eile a mheasann sé a bheith oiriúnach le leathadh an ghalair nó na guaise a chosc go héifeachtach agus go héifeachtúil.

2.           Cuirfidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas:

(a)     láithreach faoi ráig nó faoi ghuais dá dtagraítear i mír 1 a bheith ann;

(b)     gan mhoill faoi na bearta éigeandála arna ndéanamh de bhun mhír 1.

Airteagal 247 Bearta éigeandála atá le déanamh ag na Ballstáit seachas an Ballstát ina raibh an ráig nó an ghuais

1.           Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát seachas údarás inniúil an Bhallstáit ina raibh an ráig nó an ghuais dá dtagraítear in Airteagal 246(1) ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 246(1), má bhraitheann sé go bhfuil ainmhithe, táirgí ón mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 246(1) ar a chríoch nó go bhfuil modhanna iompair nó aon ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na hainmhithe sin agus leis na táirgí sin ón ar a chríoch.

2.           I gcás ina bhfuil riosca tromchúiseach ann go dtí go nglacfaidh an Coimisiún bearta éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 248, féadfaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na bearta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 246(1) a ghlacadh idir an dá linn, de réir a thromchúisí atá an cás maidir le hainmhithe nó táirgí ar de thionscnamh na mbunaíochtaí nó aon áiteanna eile iad, nó más ábhartha ar ó chriosanna srianta an Bhallstáit ina raibh an galar nó an ghuais dá dtagraítear in Airteagal 246(1) iad, nó modhanna iompair nó ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na hainmhithe sin nó leis na táirgí sin

3.           Cuirfidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 an Choimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas:

(a)     láithreach faoi ráig galair nó faoi ghuais dá dtagraítear i mír 1 a bheith ann;

(b)     gan mhoill faoi na bearta éigeandála arna ndéanamh de bhun mhír 1 agus mhír 2.

Airteagal 248 Bearta éigeandála ón gCoimisiún

1.           I gcás ráige galair nó i gcás guaise dá dtagraítear in Airteagal 245(1) agus i gcás beart éigeandála arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 246(1) agus Airteagal 247(1) agus (2), athbhreithneoidh an Coimisiún an cás agus na bearta éigeandála a glacadh agus glacfaidh sé, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 246(1) maidir leis na hainmhithe agus na táirgí agus na modhanna iompair agus maidir le hábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na hainmhithe sin nó leis na táirgí sin in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)     nár cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi aon bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 246(1) agus Airteagal 247(1) agus (2);

(b)     go measann an Coimisiún nach leor na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 247(1) agus (2);

(c)     go measann an Coimisiún gur gá na bearta arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát de bhun Airteagal 246(1) agus Airteagal 247(1) agus (2) a fhormheas nó a ionadú d’fhonn cur isteach gan údar maith ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí a sheachaint.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

2.           Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha go leathfadh galar nó guais, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme a ghlacadh láithreach i gcomhréir le hAirteagal 255(3).

Roinn 2 Bearta éigeandála maidir le coinsíneachtaí ainmhithe agus táirgí de thionscnamh tríú tíortha agus tríú críocha agus modhanna iompair agus ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na coinsíneachtaí sin

Airteagal 249 Bearta éigeandála atá le glacadh ag údarás inniúil an Bhallstáit

I gcás ina dtugann údarás inniúil Ballstáit faoi deara go bhfuil coinsíneacht ainmhithe nó táirgí de thionscnamh tríú tír nó tríú críoch, nó modh iompair nó ábhar is féidir a tháinig i dteagmháil leis an gcoinsíneacht sin ann, is dócha a mbeidh riosca tromchúiseach leis san Aontas de dheasca ionfhabhtú nó éilliú a d’fhéadfadh teacht ó ghalair liostaithe nó ó ghalair atá ag teacht chun cinn nó ó ghuaiseanna, déanfaidh sé an méid seo a leanas láithreach:

(a)          ceann nó níos mó de na bearta éigeandála seo a leanas is gá chun an riosca sin a mhaolú a ghlacadh de réir a thromchúisí atá an cás:

(i)      scriosadh na coinsíneachta;

(ii)     coraintín ainmhithe agus leithlisiú táirgí;

(iii)     bearta faireachais agus inrianaitheachta;

(iv)    aon bhearta rialaithe galar dá dtagraítear i gCaibidil 1 de Theideal II de Chuid III, más oiriúnach;

(v)     aon bheart éigeandála eile a mheasann sé a bheith oiriúnach le leathadh an ghalair nó na guaise isteach san Aontas a chosc;

(b)          an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas láithreach trí IMSOC faoi na rioscaí a bhaineann leis an gcoinsíneacht lena mbaineann agus faoi thionscnamh na coinsíneachta.

Airteagal 250 Bearta éigeandála ón gCoimisiún

1.           I gcás inar dócha go mbeidh riosca tromchúiseach le galar liostaithe, le galar atá ag teacht chun cinn nó le guais nó go leathann ceann acu i dtríú tír nó i dtríú críoch, nó má tá cúis throm leis ó thaobh ainmhithe nó sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme agus ag gníomhú dó as a stuaim féin nó ar iarratas ó Bhallstát, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála seo a leanas a ghlacadh agus, de réir a thromchúisí atá an cás:

(a)     teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe agus táirgí san Aontas a chur ar fionraí, maille le modhanna iompair nó ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na coinsíneachtaí sin, a d’fhéadfadh an galar sin nó an ghuais sin a leathadh isteach san Aontas;

(b)     ceanglais faoi leith a chur ar bun maidir le teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe agus táirgí san Aontas, agus maidir le modhanna iompair nó ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na coinsíneachtaí sin, a d’fhéadfadh an galar sin nó an ghuais sin a leathadh isteach san Aontas;

(c)     bearta éigeandála rialaithe galar oiriúnacha eile a dhéanamh chun leathadh an ghalair nó na guaise sin isteach san Aontas a chosc.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

2.           Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le rioscaí tromchúiseacha, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3).

Airteagal 251 Na Ballstáit bearta éigeandála a dhéanamh nuair nach ngníomhaíonn an Coimisiún

1.           I gcás ina n‑iarrann Ballstát ar an gCoimisiún bearta éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 250 agus nach ndearna an Coimisiún na bearta sin:

(a)     féadfaidh an Ballstát sin, go dtí go nglacfaidh an Coimisiún bearta éigeandála i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 249 a dhéanamh, idir an dá linn, maidir le coinsíneachtaí ainmhithe agus táirgí agus maidir le modhanna iompair agus ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na coinsíneachtaí sin, ar de thionscnamh tríú tír nó tríú críoch dá dtagraítear in Airteagal 250(1) iad, de réir a thromchúisí atá an cás laistigh dá chríoch féin;

(b)     cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoi na bearta éigeandála sin gan mhoill, agus tabharfaidh sé an chúis lena nglacadh uaidh.

2.           Athbhreithneoidh an Coimisiún an cás agus na bearta éigeandála arna nglacadh ag an mBallstát i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus déanfaidh sé, más gá, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 250 a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 255(2).

3.           Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le rioscaí tromchúiseacha, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 255(3).

CUID VII FORÁLACHA COITEANNA

TEIDEAL I Forálacha nós imeachta

Airteagal 252 Leasú ar Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II d’fhonn dul chun cinn teicniúil, forbairtí eolaíocha agus cúinsí nua i sláinte ainmhíoch agus i sláinte an duine a chur san áireamh.

Airteagal 253 An tarmligean a fheidhmiú

1.           Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.           Tabharfar an chumhacht don Choimisiún, ar feadh tréimhse neamhchinntithe, gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 4(2), 6(2), 9(2), 11(3), 13(2), 15(2), 16(3), 18(3), 24, 28, 30(4), 31(2), 34(2), 37(5), 39, 41(3), 42(5), 44(1), 47, 48(3), 53(2), 54(3), 55(2), 58(2), 63, 64(4), 67, 68(2), 70(3), 72(2), 73(3), 74(3), 76(2), 79, 80(4), 85(3), 89(3), 92(2), 96(3), 100(1), 103(2), 114, 115, 119(1), 122(2), 128(1), 129(2), 132, 133(2), 134(2), 135(3), 136(4), 137, 141(1), 143(1), 144, 146(4), 148(3), 151(1), 152(2), 154(1), 158, 159(5), 160(3), 162(2), 163(3), 164(3), 165(5), 166(3), 174(3), 179(2), 184(1), 188(1), 191(2), 196(2), 199(3), 200(3), 201(2), 202(2), 203(2), 204(3), 205, 211, 213(1), 214, 216(4), 218(3), 221(1), 222(3), 223(3), 224(5), 225(3), 229(1), 231(3), 233(3), 235, 236(1), 239(4), 240(3), 241(1), 242(2), 243(1), 244(2), 252, 259(2), 260(2) agus 261(2) a ghlacadh.(*)

3.           Déanfar an chumhacht don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón (*) gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 229(1) a ghlacadh.

(*)      Dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh bhunúsaigh reachtaigh nó dáta ar bith eile arna shocrú ag an reachtóir.

4.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta atá liostaithe i mír 1 den Airteagal seo agus dá dtagraítear in Airteagal 229(1) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh feidhm aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

5.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

6.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun na bhforálacha atá liostaithe i mír 2 den Airteagal seo agus de bhun de bhun Airteagal 229(1) i bhfeidhm ach i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle aon agóid in iúl faoi cheann dhá mhí ó tugadh fógra maidir leis an ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó i gcás inar chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún roimh dheireadh na tréimhse sin nach ndéanfaidh siad aon agóid faoi. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 254 Nós imeachta práinne

1.           Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna a bhí ann le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra i leith gnímh tharmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 253(6). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.

Airteagal 255 Nós imeachta coiste

1.           Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, in éineacht le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

TEIDEAL II Pionóis

Airteagal 256 Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Ní mór na pionóis dá bhforálfar a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha sin faoin [dáta le cur isteach: bliain amháin tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasuithe a ndéanann difear dóibh.

TEIDEAL III Bearta na mBallstát

Airteagal 257 Bearta na mBallstát

1.           Féadfaidh na Ballstáit bearta breise nó bearta níos déine ná na bearta atá leagtha síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm laistigh dá gcríoch i gcás na nithe seo amháin:

(a)     freagrachtaí maidir le sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i gCaibidil 3 de Chuid I;

(b)     fógra a thabhairt laistigh de na Ballstáit dá bhforáiltear in Airteagal 16;

(c)     faireachas dá bhforáiltear i gCaibidil 2 de Chuid II;

(d)     clárú, formheas, coinneáil taifead agus cláir dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal I agus i gCaibidil 1 de Theideal II de Chuid IV;

(e)     ceanglais inrianaitheachta maidir le hainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha dá bhforáiltear i gCaibidil 2 de Theideal I de Chuid IV.

2.           Beidh na bearta náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán seo agus:

(a)     ní chuirfidh siad bac ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí idir na Ballstáit;

(b)     ní bheidh siad ag teacht salach ar na rialacha dá dtagraítear i mír 1.

CUID VIII FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 258 Aisghairmeacha

1.           Aisghairtear Cinneadh 78/642/CEE, Treoir 79/110/CEE, Treoir 81/6/CEE, Treoir 89/455/CEE, Treoir 90/423/CEE, Cinneadh 90/678/CEE.

2.           Aisghairtear na gníomhartha seo a leanas ón [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo]:

– Treoir 64/432/CEE,

– Treoir 77/391/CEE,

– Treoir 78/52/CEE,

– Treoir 80/1095/CEE,

– Treoir 82/894/CEE,

– Treoir 88/407/CEE,

– Treoir 89/556/CEE,

– Treoir 90/429/CEE,

– Treoir 91/68/CEE,

– Cinneadh 91/666/CEE,

– Treoir 92/35/CEE,

– Treoir 92/65/CEE,

– Treoir 92/66/CEE,

– Treoir 92/118/CEE,

– Treoir 92/119/CEE,

– Cinneadh 95/410/CE,

– Treoir 2000/75/CE,

– Cinneadh 2000/258/EC,

– Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000,

– Treoir 2001/89/CE,

– Treoir 2002/60/CE,

– Treoir 2002/99/CE,

– Treoir 2003/85/CE,

– Rialachán (AE) Uimh. [XXX/XXX [Oifig na bhFoilseachán: An uimhir le cur isteach… gluaiseachtaí neamhthráchtála ainmhithe peataí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003],

– Rialachán (CE) Uimh. 21/2004,

– Treoir 2004/68/CE,

– Treoir 2005/94/CE,

– Treoir 2006/88/CE,

– Treoir 2008/71/CE,

– Treoir 2009/156/CE,

– Treoir 2009/158/CE,

Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe sin a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

3.           Leanfaidh na gníomhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun ghníomhartha na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa dá dtagraítear i mír 2 de bheith i bhfeidhm a mhéid is nach mbeidh siad ag teacht salach ar na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán seo.

Airteagal 259 Bearta idirthréimhseach maidir le haisghairm Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000, Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 agus Threoir 2008/71/CE

1.           D'ainneoin Airteagal 258(2) den Rialachán seo, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000, agus Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 agus Treoir 2008/71/CE de bheith i bhfeidhm go dtí an dáta atá le socrú i ngníomh tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

2.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 252 maidir leis an dáta a chuirfear deireadh le feidhm na ngníomhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Is ionann an dáta sin agus dáta chur i bhfeidhm na rialacha comhfhreagracha atá le glacadh de bhun na ngníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 103(2), in Airteagal 114 agus in Airteagal 115 den Rialachán seo.

Airteagal 260 Bearta idirthréimhseacha maidir le haisghairmeacha Threoracha 92/66/CEE, 2000/75/CE, 2001/89/CE, 2000/75/CE, 2002/60/CE, 2003/85/CE agus 2005/94/CE

1.           D'ainneoin Airteagal 258(2) den Rialachán seo, leanfaidh Treoracha 92/66/CEE, 2000/75/CE, 2001/89/CE, 2000/75/CE, 2002/60/CE, 2003/85/CE agus 2005/94/CE de bheith i bhfeidhm go dtí an dáta atá le socrú i ngníomh tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

2.           Tabharfar de chumhacht don Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an dáta a chuirfear deireadh le feidhm na dTreoracha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Is ionann an dáta sin agus dáta chur i bhfeidhm na rialacha comhfhreagracha atá le glacadh de bhun na ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagail 44(1), 47(1) 48(3), 53(1) 54(3) agus 58(2), in Airteagal 63, in Airteagal 64(4), in Airteagal 67, in Airteagal 68(2), agus in Airteagal 70(3) den Rialachán seo.

Airteagal 261 Bearta idirthréimhseacha maidir le haisghairm Rialachán (CE) Uimh. [XXX/XXX maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí]

1.           D'ainneoin Airteagal 258(2) den Rialachán seo, leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. [XXX/XXX] de bheith i bhfeidhm go dtí an dáta atá le socrú i ngníomh tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

2.           Tabharfar de chumhacht don Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir leis an dáta a chuirfear deireadh le feidhm Rialachán XXX/XXX.

Is ionann an dáta sin agus dáta chur i bhfeidhm na rialacha comhfhreagracha atá le glacadh de bhun na ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 114(f), in Airteagal 152(2) agus in Airteagal 222(3) den Rialachán seo.

Airteagal 262 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón tráth a bheidh 36 mí caite tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

an tUachtarán                                               an tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Speicis peataí

CUID A

Madraí (Canis lupus familiaris)

Cait (Felis silvestris catus)

Firéid (Mustela putorius furo)

CUID B

Inveirteabraigh (seachas beacha agus bumbóga agus moilisc agus crústaigh)

Ainmhithe uisceacha ornáideacha

Débheathaigh

Reiptílí

Éin: gach speiceas éin seachas éanlaith chlóis

Mamaigh: creimirí agus coiníní seachas iad siúd a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun bia a tháirgeadh.

IARSCRÍBHINN II

Speicis Crúbach

Tacsón ||

Ord || Fine || Géinis/Speicis

Perissodactyla || Equidae || Equus spp.

Tapiridae || Tapirus spp.

Rhinoceritidae || Ceratotherium spp., Dicerorhinus spp., Diceros spp., Rhinoceros spp.

Artiodactyla || Antilocapridae || Antilocapra ssp.

Bovidae || Addax ssp., Aepyceros ssp., Alcelaphus ssp., Ammodorcas ssp., Ammotragus ssp., Antidorcas ssp., Antilope ssp., Bison ssp., Bos ssp.(lena n‑áirítear Bibos, Novibos, Poephagus), Boselaphus ssp., Bubalus ssp. (lena n‑áirítear Anoa), Budorcas ssp., Capra ssp., Cephalophus ssp., Connochaetes ssp., Damaliscus ssp.(lena n‑áirítear Beatragus), Dorcatragus ssp., Gazella ssp., Hemitragus ssp., Hippotragus ssp., Kobus ssp., Litocranius ssp., Madogua ssp., Naemorhedus ssp. (lena n‑áirítear Nemorhaedus agus Capricornis), Neotragus ssp., Oreamuos ssp., Oreotragus ssp., Oryx ssp., Ourebia ssp., Ovibos ssp., Ovis ssp., Patholops ssp., Pelea ssp., Procapra ssp., Pseudois ssp., Pseudoryx ssp., Raphicerus ssp., Redunca ssp., Rupicapra ssp., Saiga ssp., Sigmoceros‑Alecelaphus ssp., Sylvicapra ssp., Syncerus ssp., Taurotragus ssp., Tetracerus ssp., Tragelaphus ssp. (lena n‑áirítear Boocerus).

Camelidae || Camelus ssp., Lama ssp., Vicugna ssp.

Cervidae || Alces ssp., Axis‑Hyelaphus ssp., Blastocerus ssp., Capreolus ssp., Cervus‑Rucervus ssp., Dama ssp., Elaphurus ssp., Hippocamelus ssp., Hydropotes ssp., Mazama ssp., Megamuntiacus ssp., Muntiacus ssp., Odocoileus ssp., Ozotoceros ssp., Pudu ssp., Rangifer ssp.

Giraffidae || Giraffa ssp., Okapia ssp.

Hippopotamindae || Hexaprotodon‑Choeropsis ssp., Hippopotamus ssp.

Moschidae || Moschus ssp.

Suidae || Babyrousa ssp., Hylochoerus ssp., Phacochoerus ssp., Potamochoerus ssp., Sus ssp.,

Tayassuidae || Catagonus ssp., Pecari-Tayassu ssp.

Tragulidae || Hyemoschus ssp., Tragulus‑Moschiola ssp.

Proboscidae || Elephantidae || Elephas ssp., Loxodonta ssp.

IARSCRÍBHINN III

Tábla comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 257(2)

1.           Treoir 64/432/CE

Treoir 64/432/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach), 150(3) agus 220(3)

Airteagal 3(1) Airteagal 3(2) || Airteagal 121 agus Airteagal 123 Airteagal 121 (2), Airteagal 123(1) agus Airteagal 146(3) agus (4)

Airteagal 4(1) Airteagal 4(2) agus (3) || Airteagal 121(1) Airteagal 122 (1) agus (2)

Airteagal 5(1) Airteagal 5(2) Airteagal 5(2)(a) Airteagal 5(2)(b) Airteagal 5(3) Airteagal 5(4) Airteagal 5(5) || Airteagail 140(1), 142 agus 143 Airteagal 146(3) agus (4) Airteagal 144(a) Airteagal 141(1)(b) Airteagal 146(3) agus (4) Airteagal 150 Airteagal 130, 132 agus Airteagal 150

Airteagal 6 || Airteagail 127, 128, 129

Airteagal 6a || -

Airteagal 7 || Airteagail 129, 130, 131(a) agus 132

Airteagal 8 || Airteagail 16, 17, 18 agus Airteagail 16(3), 17(3), 18(3) agus 19

Airteagal 9 || Airteagail 30(1), 31, 32 agus Airteagal 30 (3) agus (4), Airteagal 31(2)

Airteagal 10 || Airteagail 30(2), 31, 32, 36, 41, 42 agus Airteagail 39, 40, 41(3) agus 42(5) agus (6)

Airteagal 11(1) Airteagal 11(2) Airteagal 11(3) Airteagal 11(4) Airteagal 11(5)-(6) || Airteagail 89(1)(a), 92, 93 agus Airteagal 92(2), Airteagail 97, 100 agus 101 Airteagal 93 agus Airteagal 94 Airteagal 95 Airteagal 92(1)(d) agus (2)(d)

Airteagal 12(1) Airteagal 12(2) Airteagal 12(3) Airteagal 12(4) Airteagal 12 (5) agus (6) || Airteagal 122, Airteagal 99 agus Airteagal 100 Airteagal 122(1)(a) agus (b) Airteagal 140(3) -

Airteagal 13(1) agus (2) Airteagal 13(3) Airteagal 13(4) Airteagal 13(5) agus (6) || Airteagail 89, 92, 93, 94, 97, 100, agus 101 Airteagal 95 - Airteagal 96

Airteagal 14(1) agus (2) Airteagal 14(3)A agus B Airteagal 14(3)C Airteagal 14(4) go dtí (6) || - - Airteagal 103 -

Airteagal 15(1) Airteagal 15(2) go dtí (4) || Airteagal 256 -

Airteagal 16 || -

Airteagal 17 || -

Airteagal 17a || -

Airteagal 18 || Airteagal 103

Airteagal 19 || -

Airteagal 20 || -

2.           Treoir 77/391/CEE

Treoir 77/391/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2(1) Airteagal 2(2) Airteagal 2(3) Airteagal 2(4) || Airteagal 30(1) Airteagal 31 agus Airteagal 32 Airteagal 33 Airteagal 41

Airteagal 3(1) Airteagal 3(2) Airteagal 3(3) Airteagal 3(4) || Airteagal 30(1) Airteagal 31 agus Airteagal 32 Airteagal 33 Airteagal 36 agus Airteagal 41

Airteagal 4 || Airteagail 30(1), 31, 32, 33, 36 agus 41;

Airteagal 5 || -

Airteagal 6 || -

Airteagal 7 || -

Airteagal 8 || -

Airteagal 9 || -

Airteagal 10 || -

Airteagal 11 || -

Airteagal 12 || -

Airteagal 13 || -

Airteagal 14 || -

Airteagal 15 || -

3.           Treoir 78/52/CEE

Treoir 78/52/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3(1) Airteagal 3(2) Airteagal 3(3) Airteagal 3(4) || Airteagail 30(1), 31, 34 agus 35 - - Airteagal 30(1) agus Airteagal 31

Airteagal 4 || Airteagail 30(1), 31 agus 35

Airteagal 5 || Airteagail 16, 17, 18, 46 agus 47

Airteagal 6(1) Airteagal 6(2) Airteagal 6(3) || Airteagail 73 go dtí 75 Airteagal 76 agus Airteagal 77 Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 7 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 8 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 9 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 10 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 11 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 12 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 13 || Airteagail 16, 17, 18, 46 agus 47

Airteagal 14(1) Airteagal 14(2) Airteagal 14(3) || Airteagail 73 go dtí 75 Airteagal 76 agus Airteagal 77 Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 15 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 16 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 17 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 18 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 19 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 20 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 21 || -

Airteagal 22 || Airteagail 16, 17, 18, 46 agus 47

Airteagal 23 || Airteagail 73 go dtí 79

Airteagal 24 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 25 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 26 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 27 || Airteagal 121(1), agus Airteagal 123(1)(b)

Airteagal 28 || -

Airteagal 29 || -

Airteagal 30 || -

4.           Treoir 80/1095/CEE

Treoir 80/1095/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || Airteagal 30(1) agus Airteagal 36

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagail 30(1), 34 agus 35

Airteagal 3a || Airteagail 30(1), 34 agus 35

Airteagal 4 || Airteagal 31, 32 35

Airteagal 4a || Airteagal 32 agus Airteagal 35

Airteagal 5 || -

Airteagal 6 || Airteagal 30(1)(b), 30(3) agus Airteagal 31

Airteagal 7 || Airteagail 36, 39 agus 40

Airteagal 8 || Airteagal 41 agus Airteagal 42

Airteagal 11 || -

Airteagal 12 || -

Airteagal 12a || -

Airteagal 13 || -

5.           Treoir 82/894/CEE

Treoir 82/894/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagail 17, 19, 20 agus 21

Airteagal 4 || Airteagail 17, 18, 20 agus 21

Airteagal 5 || Airteagal 21(b) agus (c)

Airteagal 6 || -

Airteagal 7 || -

Airteagal 8 || -

6.           Treoir 88/407/CEE

Treoir 88/407/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagal 157 agus Airteagal 158

Airteagal 4 || Airteagal 158(b) agus (c)

Airteagal 5 || Airteagail 89, 92, 95 agus 96

Airteagal 6(1) Airteagal 6(2) Airteagal 6 (3) agus (4) || Airteagal 159 agus Airteagal 160 - -

Airteagal 8 || Airteagail 230(1)(a) agus 231

Airteagal 9 || Airteagail 230(1)(b), 234 agus 235

Airteagal 10 || Airteagail 230(1)(c), 231, 236 agus 238

Airteagal 11 || Airteagail 230(1)(d), 239 agus 240

Airteagal 12 || Airteagal 230(2)

Airteagal 15 || Airteagail 246 go dtí 251

Airteagal 16 || -

Airteagal 17 || -

Airteagal 18 || -

Airteagal 20 || -

Airteagal 21 || -

Airteagal 22 || -

7.           Treoir 89/556/CEE

Treoir 89/556/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagail 157, 158 agus 159

Airteagal 5(1) Airteagal 5(2) Airteagal 5(2a) agus (3) || Airteagal 89 agus Airteagal 92 Airteagal 96 Airteagal 92

Airteagal 6 || Airteagal 159 agus Airteagal 160

Airteagal 7 || Airteagail 230(1)(a) agus 231

Airteagal 8 || Airteagal 230(1)(b), 234 agus Airteagal 235

Airteagal 9 || Airteagal 230(1)(d), 236 agus Airteagal 238

Airteagal 10 || Airteagail 230(1)(c), 239 agus 240

Airteagal 11 || Airteagal 230(2) agus Airteagail 249 go dtí 251

Airteagal 14 || Airteagail 246 go dtí 248

Airteagal 15 || -

Airteagal 16 || -

Airteagal 17 || -

Airteagal 18 || -

Airteagal 19 || -

Airteagal 20 || -

Airteagal 21 || -

8.           Treoir 90/429/CEE

Treoir 90/556/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagail 157 agus Airteagal 158

Airteagal 4 || -

Airteagal 5(1) Airteagal 5(2) || Airteagal 89 agus Airteagal 92 Airteagal 96

Airteagal 6(1) Airteagal 6(2) || Airteagal 159 agus Airteagal 160

Airteagal 7 || Airteagail 230(1)(a) agus 231

Airteagal 8 || Airteagail 230(1)(b), 234 agus 235

Airteagal 9 || Airteagal 230(1)(c), 236 agus Airteagal 238

Airteagal 10 || Airteagail 230(1)(d), 239, 240

Airteagal 11(1) Airteagal 11(2) agus (3) || Airteagal 230(2) -

Airteagal 12 || Airteagal 239

Airteagal 13 || -

Airteagal 14 || -

Airteagal 15 || Airteagail 246 go dtí 251

Airteagal 16 || -

Airteagal 17 || -

Airteagal 18 || -

Airteagal 19 || -

Airteagal 20 || -

Airteagal 21 || -

Airteagal 22 || -

9.           Treoir 91/68/CEE

Treoir 91/68/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagail 4 (go páirteach)), 150(3) agus 220(3)

Airteagal 3(1)(2)(3) agus (5) Airteagal 3(4) || Airteagal 127 agus Airteagal 128 Airteagal 136

Airteagal 4(1) Airteagal 4(2) Airteagal 4(3) || Airteagail 121(2)(b), 127 agus 128 Airteagal 125 Airteagal 128

Airteagal 4a || Airteagal 128

Airteagal 4b(1) go dtí (3) Airteagal 4b(4) Airteagal 4b(5) Airteagal 4b(6) || Airteagal 128 Airteagal 130 Airteagal 129 Airteagal 121(1) agus Airteagal 122

Airteagal 4c(1) agus (2) Airteagal 4c(3) || Airteagal 128 Airteagal 130 agus Airteagal 132

Airteagal 5 || Airteagal 128

Airteagal 6 || Airteagal 128

Airteagal 7(1) go dtí (3) Airteagal 7(4) || Airteagal 30 ,31, 32 -

Airteagal 8(1) go dtí (3) Airteagal 8(4) || Airteagail 36, 39 agus 40 -

Airteagal 8a(1) Airteagal 8a(2) Airteagal 8a(3) Airteagal 8a(4) Airteagal 8a(5) || Airteagail 89(1)(a), 92, 93 agus 131 Airteagail 97 agus 100 Airteagal 93, 94 agus 96 Airteagal 95 Airteagal 92(1)(d) agus (2)(d)

Airteagal 8b(1) Airteagal 8b(2) Airteagal 8b(3) Airteagal 8b(4) || Airteagail 82, 89(1)(a), 92, 93, 97, 100 agus 131 Airteagal 89, Airteagal 92 agus Airteagal 93 Airteagal 95 -

Airteagal 8c(1) Airteagal 8c(2) Airteagal 8c(3) Airteagal 8c(4) agus (5) || Airteagal 85 agus Airteagal 122 Airteagal 99 Airteagal 122(1)(a) -

Airteagal 9 || Airteagail 140, 141, 142, 143, 144, 145, 146 agus 150

Airteagal 10 || -

Airteagal 11 || -

Airteagal 12 || Airteagal 141(b)

Airteagal 14 || -

Airteagal 15 || -

Airteagal 17 || -

Airteagal 18 || -

10.         Cinneadh 91/666/CEE

Cinneadh 91/666/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagal 48

Airteagal 4 || Airteagail 48, 49 agus 50

Airteagal 5 || Airteagal 48 agus Airteagal 50

Airteagal 6 || Airteagal 15 agus Airteagal 48(3)(b)

Airteagal 7 || Airteagal 50

Airteagal 8 || -

Airteagal 9 || -

Airteagal 10 || -

Airteagal 11 || -

Airteagal 12 || -

11.         Treoir 92/35/CEE

Treoir 92/35/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagal 16

Airteagal 4 || Airteagail 53 go dtí 57 agus 59

Airteagal 5 || Airteagal 46 agus Airteagal 47

Airteagal 6 || Airteagail 60 go dtí 69

Airteagal 7 || Airteagal 57

Airteagal 8 || Airteagal 64

Airteagal 9 || Airteagal 65, 66 agus 67

Airteagal 10 || Airteagal 65, 66 agus 67

Airteagal 11 || Airteagal 68

Airteagal 12 || Airteagal 71(1)

Airteagal 13 || Airteagal 65(2)

Airteagal 14 || -

Airteagal 15 || -

Airteagal 16 || -

Airteagal 17 || Airteagal 43, 44 agus 45

Airteagal 18 || -

Airteagal 19 || -

Airteagal 20 || -

Airteagal 21 || -

Airteagal 22 || -

12.         Treoir 92/65/CEE

Treoir 92/65/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || -

Airteagal 4 || Airteagail 121, 123, 16, 17, 18, 30(2), 140 go dtí dtí 143, 146 agus 148

Airteagal 5 || Airteagail 133, 134, 140 agus 141

Airteagal 6(A) Airteagal 6(B) || Airteagail 121, 123, 127, 128, 134, 137, 140 go dtí 143 -

Airteagal 7(A) Airteagal 7(B) || Airteagail 121, 123, 127, 128, 134, 137 agus 140 go dtí dtí 143 -

Airteagal 8 || Airteagail 121, 123, 133 agus 140 go dtí 143

Airteagal 9 || Airteagail 121, 123, 133 agus 140 go dtí 143

Airteagal 10(1) go dtí (4) Airteagal 10(5) go dtí (7) || Airteagail 121, 123, 133, 140 go dtí 143 -

Airteagal 10a ||

Airteagal 11(1) Airteagal 11(2) agus (3) Airteagal 11(4) Airteagal 11(5) || Airteagal 155 Airteagail 155, 157, 158 agus 140 go dtí 143 Airteagal 92 agus Airteagal 96 Airteagal 162

Airteagal 12(1) Airteagal 12(2) Airteagal 12(3) Airteagal 12(4) Airteagal 12(5) Airteagal 12(6) || - Airteagal 246 go hAirteagal 248 Airteagal 82, Airteagal 97 agus Airteagal 100 Airteagail 140 go dtí 146 agus 149 go dtí 151 - Airteagal 256

Airteagal 13(1) Airteagal 13(2) || Airteagail 133, 140 go dtí 146 agus 148 Airteagail 90, 92, agus 93 go dtí 96

Airteagal 14 || Airteagail 30, 31 agus 32

Airteagal 15 || Airteagail 36, 39, 40 agus 41

Airteagal 16 || Airteagal 230(1) agus Airteagal 236

Airteagal 17(1) Airteagal 17(2) Airteagal 17(3) Airteagal 17(4) agus (5) || Airteagail 230(1)(a)(b) agus (c) Airteagal 231 Airteagal 231, 234 agus 235 -

Airteagal 18 || Airteagail 230(1)(d) agus 239

Airteagal 19 || Airteagal 236

Airteagal 20 || Airteagail 230(2) agus 246 go dtí 248

Airteagal 21 || Airteagail 141, 142, 143, 160, 209 agus 211

Airteagal 22 || -

Airteagal 23 || -

Airteagal 24 || Airteagail 230(1)(d) 239 agus 241(1)(a)(v) agus (1)(c)(iv)

Airteagal 25 || -

Airteagal 26 || -

Airteagal 27 || -

Airteagal 28 || -

Airteagal 29 || -

Airteagal 30 || -

13.         Treoir 92/66/CEE

Treoir 92/66/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagal 16

Airteagal 4 || Airteagail 53 go dtí 56, 57(1) agus 59

Airteagal 5 || Airteagail 60 go dtí 63

Airteagal 6 || Airteagal 63

Airteagal 7 || Airteagail 57 agus 43(2)(d)

Airteagal 8 || Airteagail 55 agus 56

Airteagal 9(1) Airteagal 9(2) go dtí (7) || Airteagail 64 Airteagail 65 go dtí 68

Airteagal 10 || Airteagal 65 agus Airteagal 67

Airteagal 11 || Airteagail 67(b), 68(1)(b) agus (2)(a)

Airteagal 12 || Airteagal 54

Airteagal 13 || Airteagal 65(2)

Airteagal 14 || -

Airteagal 15 || -

Airteagal 16 || Airteagal 46 agus Airteagal 47

Airteagal 17 || Airteagal 47

Airteagal 18 || Airteagal 65(e), 67 agus 69

Airteagal 19(1) go dtí (3) Airteagal 19(4) Airteagal 19(5) || Airteagail 53 go dtí 56 Airteagail 57(1) agus 60 go dtí 63 Airteagal 71(2)

Airteagal 20 || -

Airteagal 21 || Airteagal 43 agus Airteagal 44

Airteagal 22 || -

Airteagal 23 || -

Airteagal 24 || -

Airteagal 25 || -

Airteagal 26 || -

Airteagal 27 || -

14.         Treoir 92/118/CEE

Treoir 92/118/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagail 164, 223 agus 228(c)(v)

Airteagal 4(1) Airteagal 4(2) || Airteagal 164, 223 agus 228(c)(v) -

Airteagal 5 || Airteagal 164 agus Airteagal 223

Airteagal 6 || Airteagal 15(1)(b) agus (2)(b)

Airteagal 7(1) Airteagal 7(2) Airteagal 7(3) Airteagal 7(4) || - Airteagail 246 go dtí 248 - Airteagal 256

Airteagal 8 || -

Airteagal 9 || Airteagal 230 agus Airteagal 236

Airteagal 10 || Airteagail 230, 236, 239 agus 241

Airteagal 11 || Airteagal 241(1)(c)(ii)

Airteagal 12 || -

Airteagal 13 || Airteagal 241(1)(c)(i)

Airteagal 14 || -

Airteagal 15 || -

Airteagal 16 || Airteagal 241(1)(c)(v)

Airteagal 17 || -

Airteagal 18 || -

Airteagal 19 || -

Airteagal 20 || -

15.         Treoir 92/119/CEE

Treoir 92/119/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagal 16

Airteagal 4 || Airteagail 53 go dtí 57 agus 59

Airteagal 5 || Airteagail 60 go dtí 63

Airteagal 6 || Airteagal 70 agus Airteagal 71(2)

Airteagal 7 || Airteagal 63

Airteagal 8 || Airteagal 57

Airteagal 9 || Airteagail 62 agus 63

Airteagal 10 || Airteagal 64

Airteagal 11 || Airteagal 65 go dtí 68 agus 71(2)

Airteagal 12 || Airteagail 65 go dtí 68

Airteagal 13 || Airteagal 67(a)

Airteagal 14 || Airteagal 65(2)

Airteagal 15 || -

Airteagal 16 || Airteagail 63(b), 67(b), 68(1)(b) agus (2)(a)

Airteagal 17 || -

Airteagal 18 || -

Airteagal 19 || Airteagal 46 47, agus 49

Airteagal 20 || Airteagail 43, 44 agus 45

Airteagal 21 || -

Airteagal 22 || -

Airteagal 23 || -

Airteagal 24 || -

Airteagal 25 || -

Airteagal 26 || -

Airteagal 27 || -

Airteagal 28 || -

16.         Cinneadh 95/410/CEE

Cinneadh 95/410/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || Airteagail 127 go dtí 129

Airteagal 2 || Airteagal 128(1)(c)

Airteagal 3 || Airteagail 140, 142 agus 143

Airteagal 4 || -

Airteagal 5 || -

Airteagal 6 || -

17.         Treoir 2000/75/CE

Treoir 2000/75/CE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagal 16

Airteagal 4(1) agus (2) Airteagal 4(3) Airteagal 4(4) Airteagal 4(5) Airteagal 4(6) || Airteagail 54 agus 55 Airteagal 53 Airteagal 56 Airteagal 70 Airteagal 59

Airteagal 5 || Airteagal 46 agus Airteagal 47

Airteagal 6 || Airteagail 60 go dtí 64

Airteagal 7 || Airteagal 57

Airteagal 8 || Airteagal 64, 68 agus Airteagal 71(3)

Airteagal 9 || Airteagal 65 agus Airteagal 67

Airteagal 10(1) Airteagal 10(2) || Airteagail 64 agus 67 Airteagal 46 agus 47

Airteagal 11 || -

Airteagal 12 || Airteagal 65 agus Airteagal 67

Airteagal 13 || Airteagal 71(1)

Airteagal 14 || Airteagal 65(2)

Airteagal 15 || -

Airteagal 16 || -

Airteagal 17 || -

Airteagal 18 || Airteagail 43, 44 agus 45

Airteagal 19 || -

Airteagal 20 || -

Airteagal 21 || -

Airteagal 22 || -

Airteagal 23 || -

18.         Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000

Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 || An Rialachán seo

Airteagal 1 || Airteagal 102

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagal 102(2) agus 105

Airteagal 4 || Airteagail 106(a), 108, 114, 115 agus 117

Airteagal 5 || Airteagal 103(1)(a)

Airteagal 6 || Airteagail 104, 106(b), 108, 114, 115 agus 117

Airteagal 7 || Airteagail 97, 100, 101 agus 106(b)(i) agus (c)

Airteagal 8 || Airteagal 105

Airteagal 9 || -

Airteagal 10(a) go dtí (c) Airteagal 10(d) agus (e) Airteagal 10(f) || Airteagal 114, Airteagal 115, Airteagal 117 - Airteagal 258

Airteagal 11 || -

Airteagal 12 || -

Airteagal 13 || -

Airteagal 14 || -

Airteagal 15 || -

Airteagal 16 || -

Airteagal 17 || -

Airteagal 18 || -

Airteagal 19 || -

Airteagal 20 || -

Airteagal 21 || -

Airteagal 22 || -

Airteagal 23 || -

Airteagal 24 || -

Airteagal 25 || -

19.         Treoir 2001/89/CE

Treoir 2001/89/CE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagail 16, 17, 18 agus 21

Airteagal 4 || Airteagail 53, 57(1) agus 59

Airteagal 5 || Airteagal 60 go dtí 63 agus 71(2)

Airteagal 6 || Airteagal 60 go dtí 63 agus 71

Airteagal 7 || Airteagal 62, 63 agus 65(1)(b)

Airteagal 8 || Airteagal 57

Airteagal 9 || Airteagal 64

Airteagal 10 || Airteagail 65 go dtí 68

Airteagal 11 || Airteagail 65 go dtí 68

Airteagal 12 || Airteagail 65(1)(f), 67(b) agus 68(1)(b)

Airteagal 13 || Airteagail 61(3), 63(d) agus 68

Airteagal 14 || Airteagal 62 agus Airteagal 63

Airteagal 15 || Airteagal 70

Airteagal 16 || Airteagal 70 agus Airteagail 30 go dtí 35

Airteagal 17 || Airteagail 15, 54(2) agus (3), 65(1)(b) agus 67(c)

Airteagal 18 || Airteagail 15, 46 agus 47

Airteagal 19 || Airteagal 65(1)(e), 67 agus 69

Airteagal 20 || Airteagal 70

Airteagal 21 || -

Airteagal 22 || Airteagail 43, 44 agus 45

Airteagal 23 || Airteagail 43(2)(d) agus 44

Airteagal 24 || -

Airteagal 25 || -

Airteagal 26 || -

Airteagal 27 || -

Airteagal 28 || -

Airteagal 29 || -

Airteagal 30 || -

Airteagal 31 || -

20.         Treoir 2002/60/CE

Treoir 2002/60/CE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagail 16, 17, 18 agus 21

Airteagal 4 || Airteagail 53 go dtí 56, 57(1) agus 59

Airteagal 5 || Airteagail 60 go dtí 63 agus 71(2)

Airteagal 6 || Airteagal 63 agus Airteagal 71

Airteagal 7 || Airteagal 62 agus Airteagal 63

Airteagal 8 || Airteagal 57

Airteagal 9 || Airteagal 64

Airteagal 10 || Airteagail 65, 67 agus 68

Airteagal 11 || Airteagail 65, 67 agus 68

Airteagal 12 || Airteagail 65(1)(f), 67(b) agus 68(1)(b)

Airteagal 13 || Airteagal 61(3), 63(d) agus 68

Airteagal 14 || Airteagal 62 agus Airteagal 63

Airteagal 15 || Airteagal 70

Airteagal 16 || Airteagal 70 agus Airteagail 30 go dtí dtí 35

Airteagal 17 || Airteagail 61(f) agus 63

Airteagal 18 || Airteagal 15, 54(2) agus (3), 65(1)(b) agus 67

Airteagal 19 || Airteagail 15, 46 agus 47

Airteagal 20 || -

Airteagal 21 || Airteagail 43, 44 agus 45

Airteagal 22 || Airteagail 43(2)(d) agus 44

Airteagal 23 || -

Airteagal 24 || -

Airteagal 25 || -

Airteagal 26 || -

Airteagal 27 || -

Airteagal 28 || -

Airteagal 29 || -

Airteagal 30 || -

21.         Treoir 2002/99/CE

Treoir 2002/99/CE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagal 164, 223 agus 228(c)(v)

Airteagal 4 || Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g),(h),(i), 67, 164, 223 agus 229(1)(d)

Airteagal 5 || Airteagail 165, 166, 224 agus 225

Airteagal 6 || -

Airteagal 7 || Airteagal 236 agus Airteagal 238

Airteagal 8 || Airteagail 231, 232 agus 233

Airteagal 9 || Airteagal 239 agus Airteagal 240

Airteagal 10 || -

Airteagal 11 || -

Airteagal 12 || -

Airteagal 13 || -

Airteagal 14 || -

Airteagal 15 || -

Airteagal 16 || -

22.         Treoir 2003/85/CE

Treoir 2003/85/CE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagail 16, 17, 18 agus 21

Airteagal 4 || Airteagail 53 go dtí 56 agus 57(1)

Airteagal 5 || Airteagal 55(1)(d),(e) agus (2)

Airteagal 6 || Airteagal 55(1)(f)(i) agus (2) agus 56(b)

Airteagal 7 || Airteagal 55(1)(f)(ii)

Airteagal 8 || Airteagal 55(1)(f) agus (2)

Airteagal 9 || Airteagal 59

Airteagal 10 || Airteagal 60, Airteagal 61, Airteagal 63

Airteagal 11 || Airteagail 61(1)(f) 63(b), 65(1)(f) agus 67(b)

Airteagal 12 || Airteagail 65(1)(h),(i) agus 67

Airteagal 13 || Airteagal 57

Airteagal 14 || Airteagal 61 agus Airteagal 63

Airteagal 15 || Airteagal 61 agus Airteagal 63

Airteagal 16 || Airteagail 61, 62 agus 63

Airteagal 17 || Airteagal 71(1) agus (3)

Airteagal 18 || Airteagail 61 agus 63

Airteagal 19 || Airteagal 62 agus Airteagal 63

Airteagal 20 || Airteagal 71(2) agus (3)

Airteagal 21 || Airteagal 64

Airteagal 22 || Airteagal 65 go dtí 67

Airteagal 23 || Airteagal 65 go dtí 67

Airteagal 24 || Airteagal 67 agus Airteagal 71(1)

Airteagal 25 || Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g), (h), (i) agus 67

Airteagal 26 || Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g), (h), (i), 67, 164 agus 164

Airteagal 27 || Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g), (h), (i), 67, 164

Airteagal 28 || Airteagal 65(1)(c),(d)(iii) agus 67

Airteagal 29 || Airteagal 65(1)(c),(d)(ii) agus 67

Airteagal 30 || Airteagal 65(1)(c),(d)(ii) agus 67

Airteagal 31 || Airteagal 65(1)(c),(d)(ii) agus 67

Airteagal 32 || Airteagal 65 agus Airteagal 67

Airteagal 33 || Airteagal 65(1)(c)(d)(ii) agus 67

Airteagal 34 || Airteagail 67, 140(2), 159(1)(b), 165(1)(b)

Airteagal 35 || Airteagal 71

Airteagal 36 || Airteagal 68

Airteagal 37 || Airteagal 65 agus Airteagal 67

Airteagal 38 || Airteagal 65 agus Airteagal 67

Airteagal 39 || Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g), (h), (i), 67, 164

Airteagal 40 || Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g), (h), (i), 67, 164

Airteagal 41 || Airteagal 65(1)(c),(d)(ii) agus 67

Airteagal 42 || Airteagal 65 agus Airteagal 67

Airteagal 43 || Airteagal 71

Airteagal 44 || Airteagal 68

Airteagal 45 || Airteagal 64, 69 agus 71

Airteagal 46 || Airteagal 65 agus Airteagal 67

Airteagal 47 || Airteagail 65(1)(h) agus 67

Airteagal 48 || Airteagal 140

Airteagal 49 || Airteagail 15, 46 agus 47

Airteagal 50 || Airteagal 46, 47 agus 69

Airteagal 51 || Airteagal 46, 47 agus 69

Airteagal 52 || Airteagal 46 agus Airteagal 47

Airteagal 53 || Airteagal 46 agus Airteagal 47

Airteagal 54 || Airteagail 46, 47, 65, 67 agus 69(3)

Airteagal 55 || Airteagail 46, 47, 65 67 agus 69(3)

Airteagal 56 || Airteagail 47, 68(1)(c) agus 69(3)

Airteagal 57 || Airteagail 47, 68(1)(c) agus 69(3)

Airteagal 58 || Airteagail 65(1)(c) agus 67

Airteagal 59 || Airteagail 36, 38, 39, 40 agus 68

Airteagal 60 || Airteagail 36, 38, 39, 40 agus 68

Airteagal 61 || Airteagail 36, 38, 39, 40 agus 68

Airteagal 62 || Airteagal 68

Airteagal 63 || Airteagail 140(2), 159 agus 165

Airteagal 64 || Airteagail 69(3) agus128

Airteagal 65 || Airteagal 15

Airteagal 66 || -

Airteagal 67 || -

Airteagal 68 || -

Airteagal 69 || -

Airteagal 70 || Airteagal 15

Airteagal 71 || Airteagal 54(2) agus (3), 58, 61(1)(g), 63(c) agus 65(1)(b), 67(c), 68(1)(c) agus 2(b)

Airteagal 72 || Airteagal 43

Airteagal 73 || Airteagal 45

Airteagal 74 || Airteagal 43(2)(d)

Airteagal 75 || Airteagal 44

Airteagal 76 || Airteagal 43(2)(d) agus 44

Airteagal 77 || Airteagal 44

Airteagal 78 || Airteagal 43(2)(d)

Airteagal 79 || Airteagal 52

Airteagal 80 || Airteagal 48

Airteagal 81 || Airteagal 48(3) agus Airteagal 50

Airteagal 82 || Airteagal 48(3) agus Airteagal 50

Airteagal 83 || Airteagal 49

Airteagal 84 || Airteagal 48(3) agus Airteagal 50

Airteagal 85 || Airteagail 70 agus 71

Airteagal 86 || Airteagal 256

Airteagal 87 || -

Airteagal 88 || Airteagal 71(3)

Airteagal 89 || -

Airteagal 90 || -

Airteagal 91 || -

Airteagal 92 || -

Airteagal 93 || -

Airteagal 94 || -

Airteagal 95 || -

23.         Rialachán (CE) Uimh. 998/2003

Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || -

Airteagal 3 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 4 || Airteagail 112, 114(e) agus 117

Airteagal 5 || Airteagail 152, 222 agus 228

Airteagal 6 || -

Airteagal 7 || Airteagail 152(2) agus (3) agus 222(2) agus (3)

Airteagal 8 || Airteagal 241(1)(a)(ii)

Airteagal 9 || Airteagal 241(1)(a)(ii)

Airteagal 10 || Airteagal 231

Airteagal 11 || -

Airteagal 12 || -

Airteagal 13 || -

Airteagal 14 (an chéad mhír agus an dara mír) Airteagal 14 (an tríú mír) Airteagal 14 (an ceathrú mír) || Airteagal 239 - Airteagail 236(1)(b) agus 241(1)(a)(ii)

Airteagal 15 || -

Airteagal 16 || -

Airteagal 17 || Airteagail 152(2) agus (3), 222(2) agus (3), 228, agus 241(1)(a)(ii)

Airteagal 18 || Airteagail 246 go dtí 251

Airteagal 19 || Airteagail 4(2)(b), 152(2) agus (3), 222(2) agus (3), 228, agus 241(1)(a)(ii)

Airteagal 19a(1) Airteagal 19a(2) || Airteagal 114(e) agus 117 Airteagal 152(2) agus (3)

Airteagal 20 || -

Airteagal 21 || -

Airteagal 22 || -

Airteagal 23 || -

Airteagal 24 || -

Airteagal 25 || -

24.         Rialachán (CE) Uimh. 21/2004

Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 || An Rialachán seo

Airteagal 1 || Airteagal 102

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3(1) Airteagal 3(2) || Airteagal 102(2) Airteagal 105

Airteagal 4(1) agus (2) Airteagal 4(3) Airteagal 4(4) go dtí (7) Airteagal 4(8) Airteagal 4(9) || Airteagail 107(a), 114, 115 agus 117 Airteagal 114(b) agus Airteagal 115(a) Airteagal 114 Airteagal 105 Airteagal 114(b)

Airteagal 5 || Airteagail 97, 100, 101, 105 agus 106(b) agus (c)

Airteagal 6 || Airteagail 105(b), 107(b), 108, 114(c)(ii), 115 agus 117

Airteagal 7 || Airteagal 96

Airteagal 8(1) Airteagal 8(2) Airteagal 8(3) go dtí (5) || Airteagal 103, Airteagal 107(c) Airteagal 103

Airteagal 9 || Airteagail 114(b) agus 117

Airteagal 10(1)(a) Airteagal 10(1)(b) Airteagal 10(1)(c) Airteagal 10(2) || - Airteagal 256 Airteagal 258 Airteagal 117

Airteagal 11 || Airteagal 105

Airteagal 12(1) Airteagal 12(2) Airteagail 12(4) go dtí (7) || - Airteagal 256 -

Airteagal 13 || -

Airteagal 14 || -

Airteagal 15 || -

Airteagal 16 || -

Airteagal 17 || -

25.         Treoir 2004/68/CE

Treoir 2004/68/CE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3(1) Airteagal 3(2) || Airteagal 230(1)(a) Airteagal 233(1)

Airteagal 4 || Airteagal 231(1)

Airteagal 5 || Airteagal 231(1),(3) agus Airteagal 232

Airteagal 6 || Airteagal 236

Airteagal 7 || Airteagal 236(1)(a) agus 2 agus Airteagal 237

Airteagal 8 || Airteagail 236, 239(4) agus 241(1)(a)

Airteagal 9 || Airteagail 236(1) agus (4)

Airteagal 10 || Airteagal 236(1) agus 239(4)

Airteagal 11 || Airteagail 230(1)(d), 239 agus 240

Airteagal 12 || -

Airteagal 13 || -

Airteagal 14 || -

Airteagal 16 || -

Airteagal 17 || -

Airteagal 18 || -

Airteagal 19 || -

Airteagal 20 || -

Airteagal 21 || -

26.         Treoir 2005/94/CE

Treoir 2005/94/CE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagal 9

Airteagal 4 || Airteagal 27 agus Airteagal 28

Airteagal 5 || Airteagail 16, 17, 18 agus 21

Airteagal 6 || Airteagal 57

Airteagal 7 || Airteagail 53 go dtí 56 agus 57(1)

Airteagal 8 || Airteagal 55(2)

Airteagal 9 || Airteagal 59

Airteagal 10 || Airteagail 55(1)(e),(f) agus 56

Airteagal 11 || Airteagal 61 agus Airteagal 63

Airteagal 12 || Airteagal 63

Airteagal 13 || Airteagal 61 agus Airteagal 63

Airteagal 14 || Airteagal 63(a)

Airteagal 15 || Airteagal 62 agus Airteagal 63(e)

Airteagal 16 || Airteagal 64

Airteagal 17 || Airteagal 65 agus Airteagal 67

Airteagal 18 || Airteagal 65(1)(a) agus (b) agus Airteagal 67

Airteagal 19 || Airteagal 65 agus Airteagal 67

Airteagal 20 || Airteagal 65(1)(c)(d)(ii) agus 67

Airteagal 21 || Airteagail 65(1)(c) agus (i) agus 67

Airteagal 22 || Airteagal 65(1)(c) agus (i) agus Airteagal 67

Airteagal 23 || Airteagail 65(1)(c) agus 67

Airteagal 24 || Airteagail 65(1)(c) agus 67

Airteagal 25 || Airteagail 65(1)(c) agus 67

Airteagal 26 || Airteagail 65(1)(c) agus 67

Airteagal 27 || Airteagail 65(1)(d)(ii) agus 67

Airteagal 28 || Airteagail 65(1)(f) agus 67(b)

Airteagal 29 || Airteagal 68

Airteagal 30 || Airteagal 65 agus Airteagal 67

Airteagal 31 || Airteagal 68

Airteagal 32 || Airteagail 64, 65 67 agus 71(3)

Airteagal 33 || Airteagal 67 agus 71(3)

Airteagal 34 || Airteagail 37, 65(1)(i) agus 67

Airteagal 35 || Airteagal 54 agus Airteagal 61

Airteagal 36 || Airteagal 61 agus Airteagal 63

Airteagal 37 || Airteagal 61 agus Airteagal 63

Airteagal 38 || Airteagail 61, 63, 65 agus 67

Airteagal 39 || Airteagal 61, 63 agus 71(3)

Airteagal 40 || Airteagal 61, 63 agus 71

Airteagal 41 || Airteagal 61 agus Airteagal 63

Airteagal 42 || Airteagal 62 agus Airteagal 63

Airteagal 43 || Airteagal 64

Airteagal 44 || Airteagal 65 agus Airteagal 67

Airteagal 45 || Airteagal 68

Airteagal 46 || Airteagail 64(4) agus 67

Airteagal 47 || Airteagail 61 agus 63

Airteagal 48 || Airteagal 68(1)(b) agus 2(a)

Airteagal 49 || Airteagal 61(3) agus Airteagal 68

Airteagal 50 || Airteagail 15, 54(2)(b),(c) agus (3), 58(2), 63(5)

Airteagal 51 || -

Airteagal 52 || Airteagal 46 agus Airteagal 47

Airteagal 53 || Airteagal 69

Airteagal 54 || Airteagail 46, 47, 65, 67 agus 69

Airteagal 55 || Airteagail 46, 47, 65, 67 agus 69

Airteagal 56 || Airteagal 46 agus Airteagal 47

Airteagal 57 || Airteagal 47

Airteagal 58 || Airteagail 48 go dtí 51

Airteagal 59 || Airteagal 52

Airteagal 60 || -

Airteagal 61 || Airteagal 256

Airteagal 62 || Airteagail 43 go dtí 45

Airteagal 63 || -

Airteagal 64 || -

Airteagal 65 || -

Airteagal 66 || -

Airteagal 67 || -

Airteagal 68 || -

Airteagal 69 || -

27.         Treoir 2006/88/CE

Treoir 2006/88/CE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagail 2 agus 3(2)

Airteagal 3 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 4(1) Airteagal 4(2) Airteagal 4(3) Airteagal 4(4) Airteagal 4(5) || Airteagail 170, 171, 174 agus 175 Airteagal 177 Airteagal 183(2) Airteagail 170, 171, 172 agus 173 -

Airteagal 5 || Airteagal 179

Airteagal 6 || Airteagal 183 agus Airteagal 184

Airteagal 7 || -

Airteagal 8 || Airteagal 185, 186, 187 agus 188

Airteagal 9 || Airteagal 179(1)(a)(i), (2) agus (3)

Airteagal 10 || Airteagal 179(1)(a)(ii), (2) agus (3)

Airteagal 11 || Airteagal 190 agus Airteagal 204

Airteagal 12 || Airteagal 190

Airteagal 13 || Airteagal 191

Airteagal 14(1) agus (2) Airteagal 14(3) agus (4) || Airteagal 208 Airteagal 219 agus Airteagal 220

Airteagal 15(1) agus (2) Airteagal 15(3) Airteagal 15(4) || Airteagal 195 agus Airteagal 196 Airteagal 192 Airteagal 195, 196 agus 198

Airteagal 16 || Airteagal 196

Airteagal 17 || Airteagal 196

Airteagal 18 || Airteagal 200 agus Airteagal 201

Airteagal 19 || Airteagal 200 agus Airteagal 201

Airteagal 20 || Airteagal 199

Airteagal 21 || Airteagail 202, 203 agus 205

Airteagal 22 || Airteagal 230(1)(a)

Airteagal 23 || Airteagal 231 agus Airteagal 232

Airteagal 24 || Airteagail 230(1)(d) agus 239

Airteagal 25 || Airteagail 236, 239 agus 240

Airteagal 26 || Airteagal 16

Airteagal 27 || Airteagal 17 agus Airteagal 18

Airteagal 28 || Airteagail 53 go dtí 55 agus 72 go dtí 74

Airteagal 29 || Airteagal 57

Airteagal 30 || Airteagal 59 agus Airteagal 77

Airteagal 31 || -

Airteagal 32 || Airteagail 60, 61, 62 agus 64

Airteagal 33 || Airteagal 65 agus Airteagal 67

Airteagal 34 || Airteagal 61(1)(b) agus (c) agus Airteagal 63

Airteagal 35 || Airteagail 61(3) agus 63

Airteagal 36 ||

Airteagal 37 || Airteagal 68

Airteagal 38 || Airteagal 76 agus Airteagal 78

Airteagal 39 || Airteagal 78 agus Airteagal 79

Airteagal 40 || Airteagal 80

Airteagal 41 || Airteagal 246(1)(b) agus (c)

Airteagal 42 || Airteagal 71(3)

Airteagal 43 || Airteagal 227

Airteagal 44 || Airteagail 26, 27, 30 agus 31

Airteagal 45 || Airteagal 32

Airteagal 46 || Airteagal 34

Airteagal 47 || Airteagal 43 agus Airteagal 44

Airteagal 48 || Airteagal 46 agus Airteagal 47

Airteagal 49 || Airteagal 36

Airteagal 50 || Airteagal 36 agus 37

Airteagal 51 || Airteagal 38

Airteagal 52 || Airteagal 41

Airteagal 53 || Airteagal 42

Airteagal 54 || -

Airteagal 55 || -

Airteagal 56 || -

Airteagal 57(a) Airteagal 57(b) Airteagal 57(c) || - Airteagail 54(2)(c) agus (3), 58, 61(1)(h), 63(c), 67(1)(b) agus 67(c) -

Airteagal 58 || -

Airteagal 59 || Airteagal 38 agus Airteagal 183 (go páirteach)

Airteagal 60 || Airteagal 256

Airteagal 61 || -

Airteagal 62 || -

Airteagal 63 || -

Airteagal 64 || -

Airteagal 65 || -

Airteagal 66 || -

Airteagal 67 || -

28.         Treoir 2008/71/CE

Treoir 2008/71/CE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3(1) Airteagal 3(2) || Airteagal 96 Airteagal 115

Airteagal 4(1) Airteagal 4(2) || Airteagal 97 agus Airteagal 115 Airteagal 110

Airteagal 5(1) Airteagal 5(2) || Airteagal 110(a), 114(b) agus 117 Airteagail 110(a) agus 111

Airteagal 6(1) Airteagal 6(2) || Airteagail 110(a), 115 agus 117 -

Airteagal 7 || Airteagal 103(1)(b) agus (2)

Airteagal 8 || Airteagail 110 agus 114(d)

Airteagal 9 || Airteagal 256

Airteagal 10 || -

Airteagal 11 || -

Airteagal 12 || -

Airteagal 13 || -

29.         Treoir 2009/156/CE

Treoir 2009/156/CEE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || Airteagal 123 agus Airteagal 136

Airteagal 4(1) Airteagal 4(2) Airteagal 4(3) Airteagal 4(4) Airteagal 4(5) Airteagal 4(6) || Airteagal 127 agus Airteagal 146(3) Airteagal 127 agus Airteagal 128 Airteagal 125 Airteagail 109, 114 agus 117 Airteagal 123(1)(a), 127 agus 128 Airteagail 30 go dtí 35

Airteagal 5 || Airteagal 127 agus Airteagal 128

Airteagal 6 || Airteagail 127, 128 agus 141(b)

Airteagal 7(1) Airteagal 7(2) Airteagal 7(3) || Airteagal 123(2) agus Airteagal 130 Airteagail 127, 128 agus 129 Airteagail 127, 128 agus 129

Airteagal 8 || Airteagail 109(1)(c), 114, 117 agus Airteagail 140 go dtí 143

Airteagal 9 || Airteagail 246 go dtí 248 (go páirteach)

Airteagal 10 || -

Airteagal 11 || -

Airteagal 12(1), (2) agus (3) Airteagal 12(4) agus (5) || Airteagail 230(1)(a) agus 231 Airteagal 236

Airteagal 13 || Airteagal 231 agus Airteagal 236

Airteagal 14 || Airteagal 236

Airteagal 15 || Airteagal 236

Airteagal 16 || Airteagail 236, 238 agus 239

Airteagal 17 || Airteagal 236

Airteagal 18 || -

Airteagal 19 || Airteagal 236

Airteagal 20 || -

Airteagal 21 || -

Airteagal 22 || -

Airteagal 23 || -

Airteagal 24 || -

30.         Treoir 2009/158/CE

Treoir 2009/158/CE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || -

Airteagal 2 || Airteagal 4 (go páirteach)

Airteagal 3 || -

Airteagal 4 || -

Airteagal 5 || Airteagail 123, 127, 128, 157 agus 158

Airteagal 6 || Airteagal 121, 123 agus 157

Airteagal 7 || Airteagal 96

Airteagal 8 || Airteagal 157 agus Airteagal 158

Airteagal 9 || Airteagal 127 agus Airteagal 128

Airteagal 10 || Airteagal 127 agus Airteagal 128

Airteagal 11 || Airteagal 127 agus Airteagal 128

Airteagal 12 || Airteagal 127 agus Airteagal 128

Airteagal 13 || Airteagal 128

Airteagal 14 || Airteagal 128

Airteagal 15(1)(a) Airteagal 15(1)(b) agus (2) Airteagal 15(2) || Airteagal 157 agus Airteagal 158 Airteagal 127 agus Airteagal 128 Airteagail 30 go dtí 35

Airteagal 16 || Airteagail 30 go dtí 35

Airteagal 17 || Airteagail 36, 39 agus 40

Airteagal 18 || Airteagail 121, 122, 123(1)(a) agus 2, 129 agus 155(3)

Airteagal 19 || Airteagal 128

Airteagal 20 || Airteagail 140 go dtí 147 agus Airteagail 159 agus 160

Airteagal 21 || -

Airteagal 22 || -

Airteagal 23 || Airteagail 230(1)(a), 231 agus 232

Airteagal 24 || Airteagal 236

Airteagal 25 || Airteagal 236

Airteagal 26 || Airteagal 239

Airteagal 27 || -

Airteagal 28 || Airteagail 236, 237 agus 238

Airteagal 29 || Airteagal 236 agus 241

Airteagal 30 || Airteagal 236

Airteagal 31 || Airteagail 246 go dtí 248

Airteagal 32 || -

Airteagal 33 || -

Airteagal 34 || -

Airteagal 35 || -

Airteagal 36 || -

Airteagal 37 || -

Airteagal 38 || -

[1]               COM(2010) 543 final "Rialáil Chliste san Aontas Eorpach".

[2]               COM(2010) 2020 "An Eoraip 2020 – Straitéis i leith fáis chliste, inbhuanaithe, chuimsithigh".

[3]               http://ec.europa.eu/food/animal/diseases/strategy/cahpeval_en.htm

[4]               http://ec.europa.eu/food/animal/diseases/strategy/index_en.htm

[5]               Rún PE 2007/2260(INI).

[6]               Doic.15481/07 Aguisín 1.

[7]               NAT/376 – EU Animal Health Strategy.

[8]               COM (2008) 545 final, http://ec.europa.eu/food/animal/diseases/strategy/documents_en.htm

[9]               IO C …, lch .

[10]             IO C …, lch .

[11]             COM(2007) 539 final.

[12]             IO L 336, 23.12.1994, lch. 1.

[13]             COM(2000) 1 final.

[14]             IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

[15]             IO L 300, 14.11.2009, lch. 1.

[16]             IO L 147, 31.5.2001, lch. 1.

[17]             IO L 325, 12.12.2003, lch. 31.

[18]             IO L 325, 12.12.2003, lch. 1.

[19]             IO L 268, 3.10.1998, lch. 1.

[20]             IO L 139, 30.4.2004, lch. 321.

[21]             IO L 268, 14.9.1992, lch. 54.

[22]             COM(2011) 748.

[23]             http://www.oie.int/en/support-to-oie-members/global-studies/categorisation-of-animal-diseases/

[24]             IO L 325, 12.12.2003, lch. 31.

[25]             Doc SANCO/7070/2010.

[26]             IO L 276, 20.10.2010, lch. 33.

[27]             IO L 121, 29.7.1964, lch. 1977.

[28]             IO L 46, 19.2.1991, lch. 19.

[29]             IO L 192, 23.7.2010, lch. 1.

[30]             IO L 343, 22.12.2009, lch. 74.

[31]             IO L 268, 14.9.1992, lch. 54.

[32]             IOL...

[33]             IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.

[34]             IO L 121, 29.7.1964, lch. 1977.

[35]             IO L 145, 13.6.1977, lch. 44.

[36]             IO L 15, 19.1.1978, lch. 34.

[37]             IO L 194, 22.7.1988, lch. 10.

[38]             IO L 325, 1.12.1980, lch. 1.

[39]             IO L 378, 31.12.1982, lch. 58.

[40]             IO L 302, 19.10.1989, lch. 1.

[41]             IO L 224, 18.8.1990, lch. 62.

[42]             IO L 46, 19.2.1991, lch. 19.

[43]             IO L 368, 31.12.1991, lch. 21.

[44]             IO L 157, 10.6.1992, lch. 19.

[45]             IO L 268, 14.09.1992, lch. 54.

[46]             IO L 260, 5.9.1992, lch. 1.

[47]             IO L 62, 15.3.1993, lch. 49.

[48]             IO L 62, 15.3.1993, lch. 69.

[49]             IO L 243, 11.10.1995, lch. 25.

[50]             IO L 327, 22.12.2000, lch. 74.

[51]             IO L 79, 30.3.2000, lch. 40.

[52]             IO L 204, 11.8.2000, lch. 1.

[53]             IO L 31, 1.12.2001, lch. 5.

[54]             IO L 192, 20.7.2002, lch. 27.

[55]             IO L 18, 23.1.2003, lch. 11.

[56]             IO L 306, 22.11.2003, lch. 1.

[57]             IO L ...

[58]             IO L 5, 9.1.2004, lch. 8.

[59]             IO L 139, 30.4.2004, lch. 321.

[60]             IO L 192, 23.7.2010, lch. 1.

[61]             IO L 10, 14.1.2006, lch. 16.

[62]             IO L 328, 24.11.2006, lch. 14.

[63]             IO L 213, 8.8.2008, lch. 31.

[64]             IO L 343, 22.12.2009, lch. 74.

[65]             IO L 213, 3.8.1978, lch. 15.

[66]             IO L 29, 3.2.1979, lch. 24.

[67]             IO L 14, 16.1.1981, lch. 22.

[68]             IO L 223, 2.8.1989, lch. 19.

[69]             IO L 224, 18.8.1990, lch. 13.

[70]             IO L 373, 31.12.1990, lch. 29.

[71]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.