52013PC0044

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí /* COM/2013/044 final - 2013/0024 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is cuspóir don togra seo athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 maidir le faisnéis ar an íocóir a ghabhann le haistriú cistí[1] (dá ngairfear anseo feasta an "Rialachán um Chistí a Aistriú") agus an t‑athbhreithniú sin a dhéanamh ar bhealaí a fheabhsóidh inrianaitheacht íocaíochtaí agus a áiritheoidh go bhfanfaidh creat an AE go hiomlán i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta.

Comhthéacs ginearálta

Sa Rialachán um Chistí a Aistriú leagtar síos rialacha do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta le go seolfaidís eolas ar an íocóir i gcaitheamh an tslabhra íocaíochta chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc, a imscrúdú agus a bhrath.

Bunaíodh an Rialachán don mhórchuid ar Mholadh Speisialta VII ar aistrithe de dhroim sreinge a ghlac an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais[2] (FATF) agus aidhm aige a áirithiú go ndéanfar an caighdeán idirnáisiúnta sin a thrasuí go haonfhoirmeach tríd an Aontas agus, go háirithe, nach mbeidh aon idirdhealú idir íocaíochtaí náisiúnta laistigh de Bhallstát agus íocaíochtaí trasteorann idir na Ballstáit.

I gcomhthéacs chineál athraitheach na mbagairtí um sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, ar gníomhaíochtaí iad atá á n‑éascú de bharr éabhlóid leanúnach na teicneolaíochta agus na modhanna atá ar fáil do choirpigh, thug an FATF faoi athbhreithniú bunúsach ar na caighdeáin idirnáisiúnta, as ar glacadh sraith nua moltaí i bhFeabhra 2012.

San aon am leis an bpróiseas sin, tá an Coimisiún Eorpach freisin ag tabhairt faoina athbhreithniú féin ar chreat an AE. Ba é a bhí i gceist leis an athbhreithniú sin staidéar seachtrach a d'fhoilsigh an Coimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin um Chistí a Aistriú, teagmhálacha forleathana agus comhairliúcháin fhorleathana le páirtithe leasmhara príobháideacha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, chomh maith le hionadaithe ó údaráis rialála agus maoirseachta Bhallstáit an AE.

Is iad na himpleachtaí a bhaineann leis an obair sin go mbeidh gá creat an AE, lena n‑áirítear an Rialachán um Chistí a Aistriú, a éabhlóidiú agus a choigeartú d'athruithe, rud is ceart a fhágáil gur mó an fócas a bheidh ar (a) éifeachtacht na gcóras chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chomhrac, (b) níos mó soiléireachta agus comhsheasmhachta sna rialacha ar fud na mBallstát, agus (c) raon feidhme níos leithne a bhfuil faoi aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ar leochaileachtaí nua.

Forálacha atá ann cheana sa réimse seo

I dTreoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí[3] (dá ngairtear an "Tríú Treoir i gcoinne sciúradh airgid" anseo feasta) leagtar amach an creat atá ceaptha chun fóntacht, ionracas agus cobhsaíocht institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais agus muinín sa chóras airgeadais ina iomláine a chosaint, i gcoinne na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí.

I dTreoir 2006/70/CE[4] (an "Treoir cur chun feidhme"), leagtar síos bearta cur chun feidhme an Tríú Treoir i gcoinne sciúradh airgid maidir leis an sainmhíniú ar dhaone atá faoi lé na polaitíochta agus na critéir theicniúla maidir le nósanna imeachta simplithe díchill chuí do chustaiméirí agus díolúine ar fhorais gníomhaíochta airgeadais nach ndéantar ach ar bhonn ócáideach nó ar bhonn an‑teoranta.

Comhlánaíonn an Rialachán um Chistí a Aistriú na bearta sin trína áirithiú go mbíonn eolas bunúsach ar an íocóir a aistríonn cistí ar fáil láithreach do na húdaráis iomchuí um fhorfheidhmiú an dlí agus/nó do na húdaráis iomchuí ionchúisimh chun cuidiú leo sceimhlitheoirí nó coirpigh eile a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus teacht suas le sócmhainní sceimhlitheoirí.

Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach leis an Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, agus comhlánaíonn sé é. Tá an cuspóir céanna ag an dá ionstraim reachtacha sin, an creat frith‑sciúrtha airgid agus frithmhaoinithe sceimhlitheoirí AE atá ann cheana féin a athbhreithniú chun a éifeachtacht a fheabhsú agus a chinntiú go gcomhlíonann sé na caighdeáin idirnáisiúnta.

Tá an togra comhsheasmhach freisin le cuspóirí Straitéis Slándála Inmheánaí an AE[5], ina n‑aithnítear na dúshláin is práinní slándála san AE sna blianta atá le teacht agus ina moltar cúig chuspóir straitéiseacha agus gníomhaíochtaí sonracha le haghaidh 2011-2014 chun cabhrú le slándáil an AE a mhéadú. Áirítear leis sin dul i ngleic le sciúradh airgid agus sceimhlitheoireacht a chosc, go háirithe, trí chreat an AE a nuashonrú d'fhonn feabhas a chur ar thrédhearcacht na faisnéise ar úinéireacht thairbhiúil ag daoine dlítheanacha.

Maidir le cosaint sonraí, tá na soiléirithe atá beartaithe ar phróiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir leis an gcur chuige atá leagtha amach i dtograí deireanacha an Choimisiúin maidir le cosaint sonraí[6].

Maidir le smachtbhannaí, an togra sraith rialacha íosta bunaithe ar phrionsabail a thabhairt isteach le smachtbhannaí agus bearta riaracháin a neartú, tá sé ag teacht le beartas an Choimisiúin mar atá sé leagtha amach sa Teachtaireacht dar teideal Reinforcing sanctioning regimes in the financial policy (córais smachtbhannaí a atreisiú in earnáil na seirbhísí airgeadais)[7].

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

In Aibreán 2012, ghlac an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm Threoir Uimh. 2005/60/CE agus lorg sé tuairimí ó gach páirtí leasmhar[8]. Dhírigh an iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil sin, go háirithe, ar aistrithe trasteorann de dhroim sreinge agus, go sonrach, ar an dá riachtanas nua maidir le faisnéis faoin tairbhí a chur sna haistrithe sin, agus gníomhaíocht reo a ghlacadh maidir le Rúin na Náisiún Aontaithe.

Ní bhfuair an Coimisiún ach 4 aighneacht a thagair go sainráite don iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil. Bhí freagróirí ag iarraidh comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara ó na tíortha agus na críocha uile a bhí faoi thionchar an Rialacháin um Chistí a Aistriú, ag leagan béime ar an ngá go mbeadh aon cheanglas breise nó oibleagáid a fhorchuirfí ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta comhréireach agus sochomhlíonta.

Rinneadh comhairliúcháin fhorleathana le páirtithe leasmhara i gcomhthéacs staidéar na sainchomhairleoirí seachtracha[9] a rinneadh ar son an Choimisiúin Eorpaigh, ina ndeachthas i dteagmháil le 108 páirtí leasmhar agus ina raibh agallaimh teileafóin agus ceistneoir struchtúrtha le comhlánú.

Úsáid saineolais

Le linn 2012, rinne sainchomhairleoirí seachtracha staidéar thar ceann an Choimisiúin chun fianaise a bhailiú faoin dóigh a bhfuil an Rialachán um Chistí a Aistriú ag obair sna Ballstáit agus ar na fadhbanna atá tagtha chun cinn[10].

Sa staidéar, go háirithe, tugtar roinnt moltaí, ar a n‑áirítear:

– an oibleagáid a thabhairt isteach do Sholáthraithe Seirbhíse Íocaíochta lena áirithiú go gcoinnítear an fhaisnéis uile faoi gach tionscnóir agus tairbhí le haistrithe de dhroim sreinge;

– a shainiú cén fhaisnéis faoin tairbhí is gá a fhíorú, agus cé a dhéanfaidh sin;

– machnamh faoi chóras "simplithe" le haghaidh aistrithe trasteorann de dhroim sreinge a thabhairt isteach más lú ná EUR 1 000 an méid atá i gceist, ach amháin má bhíonn amhras faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí;

– soiléiriú breise a dhéanamh ar na hoibleagáidí tuairiscithe do Sholáthraithe Seirbhíse Íocaíochta;

– forghníomhú aistrithe de dhroim sreinge a thoirmeasc go sainráite más rud é nach gcomhlíonann sé na ceanglais is gá (iomláine agus cruinneas na faisnéise);

– na Soláthraithe Seirbhís Íocaíochta do thairbhithe le beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha, bunaithe ar phriacail, a chur chun feidhme chun gníomhaíochtaí cuí leantacha a chinneadh;

– machnamh ar na himpleachtaí um chosaint sonraí.

Measúnú tionchair

Leis an togra seo gabhann measúnú tionchair ina n aithnítear na fadhbanna is mó atá i gcreat reachtaíochta an AE faoi láthair maidir le frith‑sciúradh airgid / maoiniú sceimhlitheoirí a chomhrac[11] (i) neamhréireacht leis na caighdeáin idirnáisiúnta, a athbhreithníodh le déanaí; (ii) léiriú éagsúil ar na rialacha sna Ballstáit; agus (iii) easnaimh agus bealaí éalaithe i ndáil leis na priacail nua um sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí. Mar thoradh air sin, tá an éifeachtacht a bhaineann le córais chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chomhrac ag laghdú, rud faoi deara drochthionchar clú, eacnamaíochta agus airgeadais.

Sa mheasúnú tionchair déantar anailís ar na trí chás a leanas:

(1) cás bunlíne, .i. nach ndéanfaidh an Coimisiún aon bheart;

(2) cás coigeartaithe, ina mbeadh athruithe teoranta ar an Rialachán um Chistí a Aistriú a bheadh riachtanach chun (i) an téacs reachtach a chur ar chomhréim leis na caighdeáin idirnáisiúnta athbhreithnithe, sin nó (ii) leibhéal dóthanach comhsheasmhachta idir na rialacha náisiúnta a áirithiú, nó (iii) déileáil leis na heasnaimh is tábhachtaí maidir leis na bagairtí nua ag teacht chun cinn; agus

(3) cás comhchuibhithe iomlán ina mbeadh mórathruithe beartais agus gnéithe breise comhchuibhithe, mar aitheantas ar aon sainiúlachtaí de chuid an AE.

Thaispeáin an anailís a rinneadh sa mheasúnú tionchair gurb é an dara cás an ceann is cothroime ó thaobh an Rialachán um Chistí a Aistriú a ailíniú leis na caighdeáin idirnáisiúnta athbhreithnithe agus leibhéal dóthanach comhsheasmhachta idir na rialacha náisiúnta agus solúbthacht ina gcur chun feidhme a áirithiú.

Ina theannta sin, rinneadh anailís sa mheasúnú tionchair ar thionchar na dtograí reachtacha ar Chearta Bunúsacha. Ag teacht leis an gCairt um Chearta Bunúsacha, tá faoi na moltaí go háirithe sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt) fad atá siad á stóráil agus á n‑aistriú.

3.           EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht agus comhréireacht

Tá comhdhearcadh ginearálta, a thagann ó gach páirtí leasmhar (go háirithe na Ballstáit agus an tionscal íocaíochtaí), nach féidir cuspóirí an togra a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr a bhainfeadh gníomhaíocht ón AE amach iad.

D'fhéadfadh gníomhaíocht neamh‑chomhordaithe ó Bhallstáit ar leith i réimse na n‑aistrithe cistí trasteorann tionchar suntasach a imirt ar fheidhmiú rianúil córas íocaíochta ar leibhéal an AE, agus dá bhrí sin dochar a dhéanamh don mhargadh inmheánach i réimse na seirbhísí airgeadais (féach Aithris 2 den Rialachán um Chistí a Aistriú).

De réir scála a ghníomhaíochtaí, ráthóidh an tAontas go ndéanfar moladh nua an FAFT, Moladh 16, a thrasuí go haonfhoirmeach ar fud an AE, agus, go háirithe, nach ndéanfar aon idirdhealú idir íocaíochtaí náisiúnta laistigh de Bhallstát agus íocaíochtaí trasteorann idir na Ballstáit.

Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

Maidir le prionsabal na comhréireachta, i gcomhréir leis an anailís a rinneadh sa mheasúnú tionchair, déanann an togra Moladh leasaithe an FATF ar "aistrithe de dhroim sreinge" a thrasuí trí na ceanglais íosta atá riachtanach a thabhairt isteach chun inrianaitheacht aistrithe cistí a áirithiú gan dul thar a bhfuil riachtanach chun a chuid cuspóirí a bhaint amach.

4.           IMPLEACHT BUISÉADACH

Ní bheidh tionchar ar bith ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais.

5.           FAISNÉIS BHREISE

Míniú mionsonraithe ar an togra

Ag teacht le Moladh nua an FATF (Moladh 16) maidir le "aistrithe de dhroim sreinge" agus an nóta léirmhíniúcháin a ghabhann leis, tá faoi na hathruithe atá beartaithe díriú ar aghaidh a thabhairt ar réimsí ina bhfuil easnaimh ann ó thaobh trédhearcachta fós.

Tá sé i gceist inrianaitheacht a fheabhsú trí na riachtanais seo a leanas a fhorchur:

– faisnéis ar an íocaí a áireamh;

– maidir le raon feidhme an Rialacháin, a shoiléiriú go mbeidh cártaí creidmheasa nó cártaí dochair, nó fóin phóca nó aon fheistí digiteacha nó TF eile faoi réir fhorálacha an rialacháin má úsáidtear iad le cistí a aistriú ó dhuine go duine. Ina theannta sin, is gá a shoiléiriú gur córas níos éadroime faoina gceadaítear faisnéis neamh‑fhíoraithe ar an íocóir agus ar an íocaí a bhíonn i gceist i gcás aistrithe cistí lasmuigh den AE ar fiú níos lú ná EUR 1 000 iad (seachas aon díolúintí óna raon feidhme mar atá i Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006);

– maidir le hoibleagáidí Sholáthraí Seirbhíse Íocaíochta an íocaí, ceangal a chur chun céannacht an tairbhí a fhíorú (i gcás nár aithníodh roimhe sin í) le haghaidh íocaíochtaí ó thaobh amuigh den AE agus inar mó ná EUR 1 000 an méid atá i gceist. Maidir le Soláthraí Seirbhíse Íocaíochta an íocaí agus leis an Soláthraí Seirbhíse Íocaíochta idirghabhálach, oibleagáid a chur nósanna imeachta riosca‑bhunaithe a chur ar bun lena chinneadh cén uair aistriú cistí a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a chur ar fionraí nuair a bhíonn an fhaisnéis is gá in easnamh agus chun beart cuí leantach a chinneadh;

– maidir le cosaint sonraí, na riachtanais maidir le taifid a choimeád ar an bhfaisnéis a ailíniú le caighdeáin an FATF, i gcomhréir leis an gcóras nua dá bhforáiltear i dTreoir [xxxx/yyyy];

– maidir le smachtbhannaí, cumhachtaí na n‑údarás inniúil smachtbhannaí a fhorchur a neartú agus ceanglas a chur gníomhaíochtaí a chomhordú nuair a bhítear ag déileáil le cásanna trasteorann; ceanglas go bhfoilseofaí smachtbhannaí a forchuireadh i leith sáruithe; agus ceanglas sásraí éifeachtacha a bhunú le tuairisciú ar sháruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a spreagadh.

An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Ábhar a bhaineann leis an LEE atá sa ghníomh atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú ann.

2013/0024 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[12],

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[13],

Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí[14],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Is féidir le hairgead a fuarthas go neamhdhleathach agus a dhéantar a sciúradh trí aistrithe cistí dochar a dhéanamh do chobhsaíocht agus do chlú na hearnála airgeadais agus a bheith ina mbagairt don mhargadh inmheánach. Bagairt do bhunsraith ár sochaí féin is ea an sceimhlitheoireacht. D'fhéadfaí fóntacht, ionracas agus cobhsaíocht an chórais trína n‑aistrítear cistí mar aon leis an muinín as an gcóras airgeadais sin ar fad a chur i mbaol de dheasca iarrachtaí ó choirpigh agus a gcomhpháirtithe bréagriocht a chur ar fhoinse a gcuid fáltas ó choireacht nó cistí a aistriú chun críocha sceimhlitheoireachta.

(2)       D'fhonn a gcuid gníomhaíochtaí coiriúla a éascú, d'fhéadfadh lucht sciúrtha airgid agus lucht maoinithe sceimhlitheoirí iarracht a dhéanamh leas a bhaint as an tsaoirse i ngluaiseachtaí caipitil a ghabhann leis an limistéar comhtháite airgeadais, mura nglactar bearta comhordaithe áirithe ar leibhéal an Aontais. De thoradh a scála, ba cheart go n‑áiritheodh gníomhaíocht an Aontais go ndéanfaí Moladh 16 maidir le haistrithe de dhroim sreinge, a ghlac an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) i Feabhra 2012, go ndéanfaí é a thrasuí go haonfhoirmeach ar fud an Aontais agus, go háirithe, nach mbeidh aon idirdhealú idir íocaíochtaí náisiúnta laistigh de Bhallstáit agus íocaíochtaí trasteorann idir Bhallstáit. Maidir le gníomhaíochtaí éagsúla neamhchomhordaithe ag Ballstáit i réimse na n‑aistrithe trasteorann cistí, d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar fheidhmiú rianúil córas íocaíochta ar leibhéal an Aontais agus dá bhrí sin d’fhéadfaidís dochar a dhéanamh don mhargadh inmheánach i réimse na seirbhísí airgeadais.

(3)       Taispeánadh i Straitéis leasaithe an Aontais maidir le Maoiniú Sceimhlitheoirí, an 17 Iúil 2008[15], gur gá leanúint leis na hiarrachtaí chun maoiniú sceimhlitheoirí a chosc agus stop a chur le sceimhlitheoirí amhrasta a gcuid acmhainní féin a úsáid. Aithnítear go bhfuil an FATF de shíor ag iarraidh a Mholtaí a fheabhsú agus oibriú i dtreo comhthuisceana maidir le conas na Moltaí sin a chur i bhfeidhm. Luaitear i Straitéis leasaithe an Aontais go ndéantar measúnú ar bhonn rialta ar chur chun feidhme na Moltaí sin ag gach ball den FATF agus gach ball d’eagrais réigiúnacha atá ar aon stíl leis an FATF, agus go bhfuil sé tábhachtach ón taobh sin cur chuige coiteann a bheith ann i ndáil le cur chun feidhme na moltaí.

(4)       D'fhonn maoiniú sceimhlitheoirí a chosc, cuireadh bearta i bhfeidhm a bhí dírithe ar chistí agus acmhainní geilleagracha daoine, grúpaí agus eintiteas áirithe a reo, lena n‑áirítear Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintiteas áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac[16], agus Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintiteas áirithe atá bainteach le gréasán Al‑Qaida[17]. Leis an gcuspóir céanna in aigne, tá bearta curtha i bhfeidhm atá dírithe ar an gcóras airgeadais a chosaint i gcoinne aistriú cistí agus acmhainní geilleagracha chun críocha sceimhlitheoireachta. Tá roinnt beart den sórt sin sa Treoir [xxxx/yyyy] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid anchórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí[18]. Ní éiríonn go hiomlán leis na bearta sin, áfach, sceimhlitheoirí agus coirpigh eile a chosc ó rochtain a fháil ar chórais airgeadais chun a gcistí a bhogadh.

(5)       D'fhonn cur chuige comhleanúnach a chothú sa chomhthéacs idirnáisiúnta ó thaobh an chomhraic i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, ba cheart d'aon ghníomhaíocht bhreise ón Aontas aird a thabhairt ar fhorbairtí ar an leibhéal sin, is iad sin go sonrach na Caighdeáin Idirnáisiúnta um sciúradh airgid agus um maoiniú sceimhlitheoireachta agus maoiniú leata a chomhrac a ghlac an FATF in 2012, agus go háirithe Moladh 16 agus an nóta léirmhínithe leasaithe maidir lena chur chun feidhme.

(6)       D'fhéadfadh inrianaitheacht iomlán i ndáil le haistrithe cistí a bheith ina uirlis an‑tábhachtach agus an‑luachmhar chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí a chosc, a imscrúdú agus a bhrath. Dá bhrí sin, tá sé oiriúnach faisnéis a tharchur i gcaitheamh an tslabhra íocaíochta, foráil a dhéanamh maidir le córas lena gcuirtear ceangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta go ngabhfadh faisnéis ar an íocóir agus ar an íocaí le haistrithe cistí.

(7)       Tá feidhm le forálacha an Rialacháin seo gan dochar do reachtaíocht náisiúnta a chuireann Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 chun feidhme maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[19]. Mar shampla, níor cheart tuilleadh próiseála a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bailíodh chun críocha an Rialacháin seo ar bhealach a bheadh ar neamhréir le Treoir 95/46/CE. Ba cheart, go háirithe, diantoirmeasc a chur ar a thuilleadh próiseála a dhéanamh chun críocha tráchtála. Aithnítear sna Ballstáit go léir gur ábhar spéise poiblí é an comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí. Dá bhrí sin, agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart aistriú sonraí pearsanta go tríú tír nach n‑áirithítear leibhéal leordhóthanach cosanta ann sa chiall atá in Airteagal 25 de Threoir 95/46/CE a cheadú ar aon dóigh de réir Airteagal 26 (d) den Treoir chéanna.

(8)       Ní chumhdaítear daoine nach ndéanann ach doiciméid pháipéir a mhalartú ina sonraí leictreonacha agus atá ag gníomhú faoi chonradh le soláthraí seirbhíse íocaíochta faoi raon feidhme an Rialacháin seo; is ionann an scéal d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach nach gcuireann ach córais teachtaireachtaí nó córais tacaíochta eile chun cistí a tharchur ar fáil do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta nó a chuireann córais imréitigh agus socraíochta ar fáil dóibh.

(9)       Is iomchuí a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo aistrithe cistí ar beag an baol leo go ndéanfar airgead a sciúradh nó sceimhlitheoirí a mhaoiniú. Ba cheart go gcumhdódh eisiaimh den chineál sin cártaí creidmheasa nó cártaí dochair, fóin phóca nó feistí digiteacha nó teicneolaíochta faisnéise (TF) eile, aistarraingtí ó Uathmheaisín Bainc (ATM), íocaíochtaí cánach, fíneálacha agus tobhaigh eile, agus aistrithe cistí nuair is soláthraithe seirbhíse íocaíochta iad an t‑íocóir agus an t‑íocaí araon ag feidhmiú thar a gceann féin. Ina theannta sin, d'fhonn léiriú a thabhairt ar shaintréithe na gcóras naisiúnta íocaíochta, féadfaidh Ballstáit íocaíochtaí leictreonacha gíoró a dhíolmhú, ar an gcoinníoll gur féidir an t‑aistriú cistí a rianú ar ais go dtí an t‑íocóir i gcónaí. Ní féidir, áfach, díolúine a dheonú nuair a úsáidtear cárta creidmheasa nó cárta dochair, fón póca nó aon fheiste dhigiteach nó TF eile atá réamhíoctha nó iaríoctha chun aistriú duine‑ar‑dhuine a dhéanamh.

(10)     Ionas nach mbainfí ó éifeachtúlacht na gcóras íocaíochtaí, ba cheart na ceanglais fíorúcháin d'aistrithe cistí ó chuntas a bheith neamhspleách orthu siúd a bhaineann le haistrithe cistí nach ndéantar ó chuntas. D'fhonn an riosca go mbrúfaí idirbhearta faoi thalamh de thoradh ceanglas aitheantais ró‑dhian a chothromú leis an mbagairt fhéideartha sceimhlitheoireachta ó mhion‑aistrithe cistí, níor cheart an oibleagáid maidir le cruinneas na faisnéise ar an íocóir a fhíorú a fhorchur, i gcás aistrithe cistí nár tháinig ó chuntas, ach amháin i gcás aistrithe aonair de chistí os cionn EUR 1 000. I gcás aistrithe cistí ó chuntas, níor cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta faisnéis ar an íocóir a ghabhann le gach aistriú cistí a fhíorú, i gcás inar sásaíodh na ceanglais go léir faoi Threoir [xxxx/yyyy].

(11)     I gcomhthéacs reachtaíocht an Aontais ar íocaíochtaí – Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal[20], Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro[21] agus Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach[22] – is leor faisnéis simplithe ar an íocóir a bheith ag gabháil le haistrithe cistí laistigh den Aontas.

(12)     Ionas go bhféadfaidh na húdaráis atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí a chomhrac i dtríú tíortha foinse na gcistí a úsáidtear chun na gcríoch sin a rianú, ba cheart faisnéis iomlán ar an íocóir agus ar an íocaí a bheith ag gabháil le haistrithe cistí ón Aontas amach as an Aontas. Níor cheart rochtain ar fhaisnéis iomlán ar an íocaí a thabhairt do na húdaráis sin ach amháin chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc, a imscrúdú agus a bhrath.

(13)     I gcás aistrithe cistí ó íocóir amháin go roinnt íocaithe éagsúla a bheadh le seoladh ar bhealach neamhchostasach i mbaisc‑chomhaid ina mbeadh aistrithe aonair ón Aontas go lasmuigh den Aontas, ba cheart foráil a dhéanamh nach mbeidh ach uimhir chuntais an íocóra nó a aitheantóir idirbhirt uathúil ag gabháil leis na haistrithe aonair sin, ar choinníoll go bhfuil faisnéis iomlán ar an íocóir agus ar an íocaí iniata sa bhaisc‑chomhad féin.

(14)     Ar mhaithe le seiceáil go bhfuil an fhaisnéis riachtanach ar an íocóir agus ar an íocaí ag gabháil le haistrithe cistí, agus mar chuidiú le hidirbhearta amhrasacha a aithint, ba cheart go mbeadh nósanna imeachta éifeachtacha i bhfeidhm ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí agus ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach a bhraithfeadh dá mbeadh faisnéis ar an íocóir agus ar an íocaí in easnamh.

(15)     Ós rud é go bhfuil bagairt ag baint le haistrithe anaithnid go ndéanfar sceimhlitheoirí a mhaoiniú, is iomchuí a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta faisnéis ar an íocóir agus ar an íocaí a iarraidh. I gcomhréir leis an gcur chuige riosca‑bhunaithe arna fhorbairt ag an FATF, is iomchuí na réimsí lena mbaineann an riosca is mó agus lena mbaineann an riosca is ísle a shainaithint d’fhonn díriú níos fearr ar na rioscaí go mbeadh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí ar siúl. Dá réir sin, ba cheart do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus an soláthraí seirbhíse idirghabhálach nósanna imeachta éifeachtacha agus riosca‑bhunaithe a leagan síos do chásanna ina mbeadh faisnéis ar an íocóir agus ar an íocaí in easnamh, go bhféadfaí a chinneadh arbh fhearr an t‑aistriú sin a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a fhionraí agus cén beart leantach oiriúnach is cóir a dhéanamh. I gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh de chríoch an Aontais, ba cheart dícheall cuí níos déine a chur i bhfeidhm ar chustaiméirí, i gcomhréir le Treoir [xxxx/yyyy], maidir le caidrimh trasteorann banc comhfhreagrach leis an soláthraí seirbhíse íocaíochta sin.

(16)     Ba cheart do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí agus soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach faireachas speisialta a dhéanamh, mar aon le measúnú ar na rioscaí, nuair a thuigtear dóibh go bhfuil faisnéis ar an íocóir agus ar an íocaí ar iarraidh nó neamhiomlán agus ba cheart dóibh idirbhearta amhrasacha a thuairisciú do na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis na ceanglais um thuairisciú atá leagtha amach i dTreoir [xxxx/yyyy] agus i mbearta cur chun feidhme náisiúnta.

(17)     Tá feidhm leis na forálacha ar aistrithe cistí i gcás ina bhfuil faisnéis ar an íocóir nó ar an íocaí ar iarraidh nó neamhiomlán agus tá an fheidhm sin gan dochar d'aon oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta agus ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha aon aistrithe cistí a fhionraí agus/nó a dhiúltú má sháraíonn siad forálacha an dlí shibhialta, riaracháin nó choiriúil.

(18)     Go dtí go gcuirfear deireadh le haon srianta teicniúla a bheadh ina mbacainn ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha an oibleagáid gach faisnéis a fhaigheann siad ar an íocóir a tharchur, ba cheart do na soláthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha sin taifead a choimeád den fhaisnéis sin. Ba cheart deireadh a chur le srianta teicniúla den chineál sin a luaithe agus a dhéanfar na córais íocaíochta a uasghrádú.

(19)     Ós rud é go bhféadfadh sé, i gcás imscrúduithe coiriúla, nach mbeifí ábalta na sonraí ná na daoine lena mbaineann siad a shainaithint go ceann míonna, nó blianta fiú, tar éis an aistrithe bhunaidh cistí agus ionas go mbeifí in ann rochtain a bheith ar fhianaise a bheadh riachtanach, is iomchuí a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta taifid a choimeád den fhaisnéis ar an íocóir agus ar an íocaí chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc, a imscrúdú agus a bhrath. Ba cheart teorainn a bheith leis an tréimhse sin.

(20)     Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta freagairt go pras d'aon iarratais ar fhaisnéis ar an íocóir ó na húdaráis atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí a chomhrac sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe d'fhonn beart sciobtha a dhéanamh sa troid in aghaidh na sceimhlitheoireachta.

(21)     Is é an líon laethanta oibre i mBallstát sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra a chinneann líon na laethanta atá ann le freagairt a thabhairt ar iarratais ar fhaisnéis ar an íocóir.

(22)     Chun comhlíonadh riachtanais an Rialacháin seo a mhéadú agus tar éis Chumarsáid ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2010 dar teideal Reinforcing sanctioning regimes in the financial services sector (Ath‑threisiú córas smachtbhannaí in earnáil na seirbhísí airgeadais)[23], ba cheart na cumhachtaí bearta maoirseachta a ghlacadh agus cumhachtaí údarás inniúil smachtbhannaí a fhorchur a fheabhsú. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí riaracháin agus, ag cur san áireamh a thábhachtaí is atá an troid in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, ba cheart do Bhallstáit smachtbhannaí a leagan síos atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do Bhallstáit é sin a chur in iúl don Choimisiún, agus don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (dá ngairfear an 'EBA' anseo feasta), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún; an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (dá ngairfear an 'EIOPA' anseo feasta), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún; agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (dá ngairfear an 'ESMA' anseo feasta), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún;

(23)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Airteagail XXX den Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[24].

(24)     Tá roinnt tíortha agus críoch nach bhfuil ina gcuid de chríoch an Aontais ach atá in aontas airgeadaíochta le Ballstát, mar chuid de limistéar airgeadra Ballstáit nó a bhfuil coinbhinsiún airgeadaíochta sínithe acu leis an Aontas a ndéanann Ballstát ionadaíocht air, agus a bhfuil soláthraithe seirbhíse íocaíochta a bhíonn rannpháirteach go díreach nó go hindíreach i gcórais íocaíochta agus socraíochta sa Bhallstát sin. Ionas nach mbeidh mórthionchar diúltach ar gheilleagair na dtíortha nó na gcríoch sin i ngeall ar fheidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cistí idir na Ballstáit lena mbaineann agus na tíortha agus críocha sin, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfaí caitheamh le haistrithe cistí den chineál sin mar aistrithe cistí laistigh de na Ballstáit lena mbaineann.

(25)     I bhfianaise na leasuithe a theastódh ar Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 an 15 Samhain 2006 maidir le faisnéis ar an íocóir a ghabhann le haistrithe cistí, ba cheart é a aisghairm, ar mhaithe le soiléire.

(26)     Ós rud é nach féidir le Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, arna leagan amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(27)     Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8) agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47) agus prionsabal ne bis in idem.

(28)     Chun tabhairt isteach rianúil an chreata nua i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a áirithiú, is iomchuí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm i gcomhthráth le deireadh an spriocdháta do thrasuíomh Threoir [xxxx/yyyy],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, SAINMHÍNITHE AGUS RAON FEIDHME

Airteagal 1 Ábhar

Leagtar síos sa Rialachán seo na rialacha maidir leis an bhfaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a ghabhann le haistriú cistí chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí á n‑aistriú.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) Ciallaíonn 'maoiniú sceimhlitheoirí' maoiniú sceimhlitheoirí mar a shainmhínítear é in Airteagal 1(4) de Threoir [xxxx/yyyy];

(2) ciallaíonn 'sciúradh airgid' na gníomhaíochta sciúrtha airgid dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (3) de Threoir [xxxx/yyyy];

(3) ciallaíonn 'íocóir' duine nádúrtha nó dlítheanach a aistríonn cistí óna chuntas féin nó a iarrann aistriú cistí;

(4) ciallaíonn 'íocaí' duine nádúrtha nó dlítheanach atá ceaptha cistí aistrithe a fháil;

(5) ciallaíonn 'soláthraí seirbhíse íocaíochta' duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an tseirbhís aistrithe cistí ina cháil ghairmiúil;

(6) ciallaíonn 'soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach' soláthraí seirbhíse íocaíochta, nach leis an íocóir ná leis an íocaí é, a fhaigheann agus a sheachadann aistriú cistí thar ceann sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra nó an íocaí nó thar ceann soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálaigh eile;

(7) ciallaíonn 'aistriú cistí' aon idirbheart a dhéantar trí mhodhanna leictreonacha thar ceann íocóra trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta, d'fhonn cistí a chur ar fáil d'íocaí trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta, is cuma más iad an t‑íocóir agus an t‑íocaí an duine céanna;

(8) ciallaíonn 'aistriú baisc‑chomhaid' beart aistrithe éagsúla aonair cistí arna gcur le chéile le haghaidh seachadadh;

(9) ciallaíonn 'aitheantóir idirbhirt uathúil' meascán de litreacha nó siombailí arna chinneadh ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta, i gcomhréir le prótacail na gcóras socraíochta agus íocaíochta nó na gcóras teachtaireachtaí arna n‑úsáid d'aistriú na gcistí, lenar féidir an t‑idirbheart a rianú siar go dtí an t‑íocóir agus an t‑íocaí;

(10) ciallaíonn aistriú cistí 'ó dhuine go duine' idirbheart idir beirt daoine nádúrtha.

Airteagal 3 Raon feidhme

1.           Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cistí, in aon airgeadra, a sheolfaidh nó a gheobhaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta atá bunaithe san Aontas.

2.           Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cistí a dhéantar le cárta creidhmheasa ná cárta dochair, ná le fón póca ná le feiste dhigiteach ná teicneolaíochta faisnéise eile, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) úsáidtear an cárta nó an fheiste chun íoc as earraí agus seirbhísí;

(b) gabhann uimhir an chárta nó na feiste thuasluaite le gach aistriú a thiocfaidh ón idirbheart.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, nuair a úsáidfear cárta creidmheasa nó cárta dochair, nó fón póca, nó aon fheiste dhigiteach nó teicneolaíochta faisnéise eile chun aistriú cistí ó dhuine go duine a dhéanamh.

3.           Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistriú cistí:

(c) más éard a bheidh i gceist leis an aistriú cistí go n‑aistarraingeoidh an t‑íocóir airgead tirim óna chuntas féin;

(d) i gcás ina n‑aistreofar cistí chuig údaráis phoiblí mar íocaíocht ar chánacha, ar fhíneálacha nó ar thobhaigh eile laistigh de Bhallstát;

(e) i gcás inar soláthraithe seirbhíse íocaíochta iad an t‑íocóir agus an t‑íocaí araon atá ag gníomhú thar a gceann féin.

CAIBIDIL II

OIBLEAGÁIDÍ AR SHOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSE ÍOCAÍOCHTA

Roinn 1

Oibleagáidí ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra

Airteagal 4 Faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí

1.           Áiritheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra go ngabhfaidh an fhaisnéis seo a leanas faoin íocóir leis an aistriú cistí:

(f) ainm an íocóra;

(g) uimhir chuntais an íocóra, i gcás ina n‑úsáidtear a leithéid de chuntas chun an t‑aistriú cistí a phróiseáil, nó aitheantóir idirbhirt uathúil i gcás nach n‑úsáidtear a leithéid de chuntas chun na críche sin;

(h) seoladh an íocóra, nó a uimhir aitheantais náisiúnta, nó a uimhir aitheantais chustaiméara, nó dáta breithe agus áit bhreithe an duine sin.

2.           Áiritheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra go ngabhfaidh an fhaisnéis seo a leanas faoin íocaí le haistriú cistí:

(i) ainm an íocaí; agus

(j) uimhir chuntais an íocaí, i gcás ina n‑úsáidtear a leithéid de chuntas chun an t‑idirbheart a phróiseáil, nó aitheantóir idirbhirt uathúil i gcás nach n‑úsáidtear a leithéid de chuntas chun na críche sin;

3.           Sula n‑aistreoidh sé na cistí, áiritheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra beachtas na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn doiciméad, sonraí nó faisnéise ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách.

4.           I gcás ina n‑aistreofar cistí ó chuntas an íocóra, measfar an fíorú dá dtagraítear i mír 3 a bheith déanta sna cásanna seo a leanas:

(k) i gcás ina bhfuil céannacht íocóra fíoraithe agus an cuntas á oscailt i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir [xxxx/yyyy] agus go bhfuil an fhaisnéis atá faighte ag an bhfíorú sin stóráilte i gcomhréir le hAirteagal 39 den Treoir sin;

(l) i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 12(5) de Threoir [xxxx/yyyy] maidir leis an íocóir.

5.           De mhaolú ar mhír 3, áfach, i gcás aistrithe cistí nach ndéantar ó chuntas, ní fhíoróidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i gcás nach mó ná EUR 1 000 an méid agus nach cosúil go bhfuil baint idir é agus aistrithe cistí eile ar mó ná EUR 1 000 iad agus an t‑aistriú i dtrácht san áireamh.     

Airteagal 5 Aistrithe cistí laistigh den Aontas

1.           De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus (2), i gcás ina bhfuil soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra agus an íocaí araon bunaithe san Aontas, ní sholáthrófar ach uimhir chuntais an íocóra nó a aitheantóir idirbhirt uathúil tráth aistriú na gcistí.

2.           D'ainneoin mhír 1, cuirfidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra, ar iarraidh ó sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí nó ón soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach, an fhaisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 4, laistigh de thrí lá oibre ón iarraidh sin a fháil.

Airteagal 6 Aistrithe cistí amach as an Aontas

1.           Maidir le haistrithe baisc‑chomhaid ó íocóir aonair i gcás ina bhfuil soláthraithe seirbhíse íocaíochta na n‑íocaithe bunaithe lasmuigh den Aontas, ní bheidh feidhm ag Airteagal 4(1) agus (2) maidir leis na haistrithe aonair cuachta le chéile iontu, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal sin sa bhaisc‑chomhad agus go bhfuil uimhir chuntais an íocóra nó a aitheantóir idirbhirt uathúil in éineacht leis na haistrithe aonair.

2.           De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus (2), i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí bunaithe lasmuigh den Aontas, ní bheidh ag gabháil le haistrithe cistí nach mó ná EUR 1 000 ach:

(m) ainm an íocóra;

(n) ainm an íocaí;

(o) uimhir chuntais an íocóra agus an íocaí araon nó an t‑aitheantóir idirbhirt uathúil.

Ní gá a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis sin beacht, seachas má tá amhras ann faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí.

Roinn 2

Oibleagáidí ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí

Airteagal 7 Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí atá ar iarraidh a bhrath

1.           Braithfidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí an bhfuil na réimsí a bhaineann leis an bhfaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí sa chóras teachtaireachtaí nó sa chóras íocaíochta agus socraíochta a úsáidtear chun na cistí a aistriú, an bhfuil siad líonta isteach agus na carachtair nó na hionchuir atá inghlactha faoi chleachtais an chórais sin in úsáid.

2.           Beidh nósanna imeachta éifeachtacha ar bun ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí chun a bhrath má tá an fhaisnéis seo a leanas faoin íocóir agus faoin íocaí ar iarraidh:

(p) le haghaidh aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe san Aontas, an fhaisnéis a éilítear faoi Airteagal 5;

(q) le haghaidh aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) agus más infheidhme, an fhaisnéis a éilítear faoi Airteagal 14;

agus

(r) le haghaidh aistrithe baisc‑chomhaid i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) i leith an aistrithe baisc‑chomhaid.

3.           Le haghaidh aistrithe cistí ar mó ná EUR 1 000 iad, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh den Aontas, fíoróidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí céannacht an íocaí mura bhfuil a aitheantas fíoraithe cheana féin.

4.           Le haghaidh aistrithe nach mó ná EUR 1 000, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh den Aontas, ní gá do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí an fhaisnéis i dtaca leis an íocaí a fhíorú, seachas má tá amhras ann faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí.

Airteagal 8 Aistrithe cistí ina bhfuil faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí ar iarraidh nó ina bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán

1.           Bunóidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí nósanna imeachta éifeachtacha atá bunaithe ar an riosca chun a chinneadh cén uair ba cheart aistriú cistí nach bhfuil an fhaisnéis is gá faoin íocóir agus faoin íocaí leo a fhorghníomhiú, a dhiúltú nó a fhionraí agus céard iad na bearta leantacha iomchuí atá le glacadh.

Má fhaigheann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí amach, agus é ag fáil aistrithe cistí, go bhfuil an fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a éilítear faoi Airteagal 4(1) agus (2), Airteagal 5(1) agus Airteagal 6 ar iarraidh nó neamhiomlán, diúltóidh sé don aistriú nó iarrfaidh sé faisnéis iomlán faoin íocóir agus faoin íocaí.

2.           I gcás ina dteipeann go rialta ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an fhaisnéis is gá faoin íocóir a sholáthar, déanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí bearta, agus d'fhéadfaí a áireamh ar na chéadbhearta sin rabhaidh a eisiúint agus sprioc‑amanna a shocrú, sula ndiúltóidh sé d'aistrithe cistí ina dhiaidh sin ón soláthraí seirbhíse íocaíochta sin nó sula gcinnfidh sé cibé acu a chaidreamh gnó leis an soláthraí seirbhíse íocaíochta a shrianadh nó a fhoirceannadh nó gan é a shrianadh nó a fhoirceannadh.

Tabharfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí tuairisc faoin méid sin do na húdaráis atá freagrach as dul i ngleic le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí.

Airteagal 9 Measúnú agus Tuairisciú

Cuirfidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí atá ar iarraidh nó neamhiomlán san áireamh agus measúnú á dhéanamh an bhfuil an t‑aistriú cistí, nó aon idirbheart lena mbaineann, amhrasach, agus ar cheart é a thuairisciú don Aonad um Fhaisnéis Airgeadais.

Roinn 3

Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha

Airteagal 10 Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a choinneáil leis an aistriú

Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha go gcoinneofar an fhaisnéis ar fad a fhaightear faoin íocóir agus faoin íocaí a ghabhann le haistriú cistí leis an aistriú.

Airteagal 11 Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí atá ar iarraidh a bhrath

1.           Braithfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach an bhfuil na réimsí a bhaineann leis an bhfaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí sa chóras teachtaireachtaí nó sa chóras íocaíochta agus socraíochta a úsáidtear chun na cistí a aistriú, an bhfuil siad líonta isteach agus na carachtair nó na hionchuir atá inghlactha faoi chleachtais an chórais sin in úsáid.

2.           Beidh nósanna imeachta éifeachtacha ar bun ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach chun a bhrath má tá an fhaisnéis seo a leanas faoin íocóir agus faoin íocaí ar iarraidh:

(s) le haghaidh aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe san Aontas, an fhaisnéis a éilítear faoi Airteagal 5;

(t) le haghaidh aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) nó, más infheidhme, an fhaisnéis a éilítear faoi Airteagal 14;

agus

(u) le haghaidh aistrithe baisc‑chomhaid, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) i leith an aistrithe baisc‑chomhaid.

Airteagal 12 Aistrithe cistí ina bhfuil faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí ar iarraidh nó ina bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán

1.           Bunóidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach nósanna imeachta éifeachtacha atá bunaithe ar an riosca chun a chinneadh cén uair ba cheart aistriú cistí nach bhfuil an fhaisnéis is gá faoin íocóir agus faoin íocaí leo a fhorghníomhiú, a dhiúltú nó a fhionraí agus céard iad na bearta leantacha iomchuí atá le glacadh.

Má fhaigheann an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach amach, agus é ag fáil aistrithe cistí, go bhfuil an fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a éilítear faoi Airteagal 4(1) agus (2), Airteagal 5(1) agus Airteagal 6 ar iarraidh nó neamhiomlán, diúltóidh sé don aistriú nó iarrfaidh sé faisnéis iomlán faoin íocóir agus faoin íocaí.

2.           I gcás ina dteipeann go rialta ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an fhaisnéis is gá faoin íocóir a sholáthar, glacfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach bearta, agus d'fhéadfaí a áireamh ar na chéadbhearta sin rabhaidh a eisiúint agus sprioc‑amanna a shocrú, sula ndiúltóidh sé d'aistrithe cistí ina dhiaidh sin ón soláthraí seirbhíse íocaíochta sin nó sula gcinnfidh sé cibé acu a chaidreamh gnó leis an soláthraí seirbhíse íocaíochta a shrianadh nó a fhoirceannadh nó gan é a shrianadh nó a fhoirceannadh.

Tabharfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach tuairisc faoin méid sin do na húdaráis atá freagrach as dul i ngleic le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí.

Airteagal 13 Measúnú agus Tuairisciú

Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí atá ar iarraidh nó neamhiomlán san áireamh agus measúnú á dhéanamh an bhfuil an t‑aistriú cistí, nó aon idirbheart lena mbaineann, amhrasach, agus ar cheart é a thuairisciú don Aonad um Fhaisnéis Airgeadais.

Airteagal 14 Teorainneacha teicniúla

1.           Beidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhíse íocaíochta bunaithe lasmuigh den Aontas agus go bhfuil an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach lonnaithe laistigh den Aontas.

2.           Seachas má fhaigheann an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach amach, nuair a fhaigheann sé aistriú cistí, go bhfuil an fhaisnéis faoin íocóir a éilítear faoin Rialachán seo ar iarraidh nó neamhiomlán, féadfaidh sé córas íocaíochta a bhfuil teorainneacha teicniúla ag gabháil leis a úsáid, rud a chuireann cosc ar fhaisnéis faoin íocóir a bheith ag gabháil leis an aistriú cistí, chun aistrithe cistí a sheoladh chuig soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí.

3.           I gcás ina bhfaigheann an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach amach, nuair a fhaigheann sé aistriú cistí, go bhfuil an fhaisnéis faoin íocóir a éilítear faoin Rialachán seo ar iarraidh nó neamhiomlán, ní úsáidfidh sé córas íocaíochta a bhfuil teorainneacha teicniúla ag gabháil leis ach amháin má tá sé in ann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí a chur ar an eolas faoina úsáid, bíodh sé sin trí chóras teachtaireachtaí nó íocaíochta a dhéanann foráil maidir le cumarsáid den chineál sin nó trí nós imeachta eile, ar choinníoll go nglacann an dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta leis an modh cumarsáide nó go dtagann siad ar chomhaontú eatarthu faoi.

4.           I gcás ina n‑úsáideann an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach córas íocaíochta a bhfuil teorainneacha teicniúla ag gabháil leis, déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach sin, ar iarraidh ó sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí, an fhaisnéis ar fad faoin íocóir atá faighte aige a chur ar fáil don soláthraí seirbhíse íocaíochta sin, is cuma cé acu atá sé iomlán nó nach bhfuil, laistigh de thrí lá oibre ón iarraidh sin a fháil.

CAIBIDIL III

COMHAR AGUS TAIFID A CHOINNEÁIL

Airteagal 15

Oibleagáidí comhair

Freagróidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta go hiomlán agus gan mhoill, i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta arna mbunú i ndlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, d'fhiosrúcháin ó na húdaráis atá freagrach as dul i ngleic le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí sa Bhallstát sin maidir leis an bhfaisnéis a éilítear faoin Rialachán seo.

Airteagal 16 Taifid a choinneáil

Coinneoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí taifid den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 4, 5, 6 agus 7 ar feadh cúig bliana. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 14(2) agus (3), ní mór don soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach taifid a choinneáil den fhaisnéis ar fad arna fáil ar feadh cúig bliana. Ar dhul in éag don tréimhse sin, ní mór sonraí pearsanta a scriosadh, mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí náisiúnta, mar is leis an dlí náisiúnta a chinnfear na cúinsí faoina gcoinneoidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta sonraí nó faoina bhféadfaidh siad iad a choinneáil. Ní fhéadfaidh na Ballstáit tréimhse choinneála níos faide a cheadú ná a éileamh ach amháin más gá sin chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Ní bheidh an uastréimhse choinneála tar éis an t‑aistriú cistí a chur i gcrích níos mó ná deich mbliana.

CAIBIDIL IV

SMACHTBHANNAÍ AGUS FAIREACHÁN

Airteagal 17 Smachtbhannaí

1.           Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na bearta agus na smachtbhannaí riaracháin is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Na smachtbhannaí dá bhforáiltear, ní mór iad a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.           I gcás ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí maidir le soláthraithe seirbhíse íocaíochta, áiritheoidh na Ballstáit i gcás sáraithe go bhféadfar smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar bhaill an chomhlachta bainistíochta agus ar aon duine aonair eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.

3.           Faoin [24 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] tabharfaidh na Ballstáit fógra maidir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1 don Choimisiún agus do Chomhchoiste an EBA (an tÚdarás Eorpach Baincéireachta), an EIOPA (an tÚdarás Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpach) agus an ESMA (an tÚdarás Eorpach Urrús agus Margaí). Tabharfaidh siad fógra maidir le haon leasú ina dhiaidh sin don Choimisiún agus do Chomhchoiste an EBA, an EIOPA agus an ESMA gan mhoill.

4.           Beidh na cumhachtaí imscrúdaithe ar fad is gá ag na húdaráis inniúla chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Maidir le feidhmiú a gcumhachtaí smachtbhannaí a fhorchur, beidh dlúthchomhar idir na húdaráis inniúla chun a áirithiú go mbeidh an toradh inmhianaithe ar smachtbhannaí nó ar bhearta agus chun a ngníomhaíocht a chomhordú agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.

Airteagal 18 Forálacha sonracha

1.           Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na sáruithe seo a leanas:

(v) gan an fhaisnéis is gá faoin íocóir agus faoin íocaí a áireamh arís agus arís eile, de shárú ar Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6;

(w) teip thromchúiseach soláthraithe seirbhíse íocaíochta a áirithiú go gcoinnítear taifid i gcomhréir le hAirteagal 16;

(x) teip an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta beartais agus nósanna imeachta éifeachtacha atá bunaithe ar an riosca agus a éilítear faoi Airteagal 8 agus Airteagal 12 a chur ar bun.

2.           Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, áirítear sna bearta agus smachtbhannaí riaracháin is féidir a chur i bhfeidhm an méid seo a leanas ar a laghad:

(y) ráiteas poiblí ina sonraítear an duine nádúrtha nó dlítheanach agus cineál an tsáraithe;

(z) ordú ina n‑éilítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;

(aa) i gcás soláthraí seirbhíse íocaíochta, tarraingt siar údarú an tsoláthraí;

(bb) toirmeasc sealadach a chur ar aon bhall de chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta nó ar aon duine nádúrtha eile, a gcuirtear freagracht air, faoi fheidhmeanna leis an soláthraí seirbhíse íocaíochta a fheidhmiú;

(cc) i gcás duine dlítheanaigh, smachtbhannaí riaracháin airgid suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dlítheanaigh sin sa bhliain gnó roimhe sin; i gcás gur fochuideachta máthairghnóthais é an duine dlítheanach, is éard a bheidh sa láimhdeachas iomlán bliantúil ábhartha an láimhdeachas iomlán bliantúil ag teacht as cuntas comhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh sa bhliain gnó roimhe sin;

(dd) i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid suas le EUR 5 000 000, nó sna Ballstáit nach é an Euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfheagrach san airgeadra náisiúnta ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(ee) smachtbhannaí riaracháin airgid suas le dhá oiread na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcásanna inar féidir iad sin a chinneadh.

Airteagal 19 Smachtbhannaí a fhoilsiú

Aon smachtbhannaí agus bearta riaracháin a fhorchuirtear sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 17 agus Airteagal 18(1), foilseofar iad gan moill mhíchuí lena n‑áirítear faisnéis faoi chineál an tsáraithe agus ainmneacha na ndaoine atá freagrach as, seachas i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol de dheasca a bhfoilsithe.

I gcás ina ndéanfaí dochar díréireach do na páirtithe lena mbaineann de dheasca an fhoilsithe, foilseoidh na húdaráis inniúla na smachtbhannaí ar bhonn anaithnid.

Airteagal 20 Smachtbhannaí á gcur i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla

Agus cineál na smachtbhannaí nó na mbeart riaracháin agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin airgid á gcinneadh, cuirfidh na húdaráis inniúla na cúinsí ábhartha ar fad san áireamh, lena n‑áirítear:

(b) tromchúis agus fad an tsáraithe;

(c) méid freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;

(d) neart airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach, arna léiriú ag láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó ag ioncam bliantúil an duine nádúrtha atá freagrach;

(e) an tábhacht a bhaineann leis na brabúis arna ngnóthú nó na caillteanais arna seachaint ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(f) na caillteanais do na tríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(g) leibhéal comhair an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach leis an údarás inniúil;

(h) sáruithe roimhe sin ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach.

Airteagal 21 Sáruithe a thuairisciú

1.           Bunóidh na Ballstáit sásraí éifeachtacha chun tuairisciú sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo chuig na húdaráis inniúla a spreagadh.

2.           Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad i measc na sásraí dá dtagraítear i mír 1:

(a) nósanna imeachta sonracha maidir le tuairiscí ar sháruithe a fháil agus bearta leantacha a dhéanamh;

(b) cosaint leordhóthanach do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ann;

(c) cosaint sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine a thuairiscíonn na sáruithe agus leis an duine nádúrtha atá in ainm a bheith freagrach as an sárú, i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE.

3.           Bunóidh na soláthraithe seirbhíse íocaíochta nósanna imeachta iomchuí dá bhfostaithe ionas gur féidir leis na fostaithe sin sáruithe a thuairisciú go hinmheánach trí bhealach sonrach.

Airteagal 22 Faireachán

Beidh na Ballstáit ag iarraidh ar na húdaráis inniúla faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo, agus na bearta is gá a dhéanamh d'fhonn an comhlíonadh sin a áirithiú.

CAIBIDIL V

CUMHACHTAÍ CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 23 Nós imeachta coiste

1.           Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste um Chosc ar Sciúradh Airgid agus ar Mhaoiniú Sceimhlitheoirí, dá dtagraítear ‘an Coiste’ anseo feasta. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VI

MAOLUITHE

Airteagal 24 Comhaontuithe le críocha nó le tíortha atá luaite in Airteagal 355 den Chonradh

1.           Féadfaidh an Coimisiún údarás a thabhairt d'aon Bhallstát comhaontuithe a chur i gcrích le tír nó le críoch nach bhfuil mar chuid de chríoch an Aontais atá luaite in Airteagal 355 den Chonradh, ar comhaontuithe iad ina mbeidh maoluithe ón Rialachán seo, ionas gur féidir caitheamh le haistrithe cistí idir an tír nó an chríoch sin agus an Ballstát lena mbaineann amhail is gur aistrithe cistí iad laistigh den Bhallstát sin.

Ní fhéadfar údarás a thabhairt comhaontuithe den sórt sin a chur i gcrích ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo ar fad a leanas:

(d) go roinneann an tír nó an chríoch lena mbaineann aontas airgeadaíochta leis an mBallstát lena mbaineann, go bhfuil sí mar chuid de limistéar airgeadra an Bhallstáit sin nó go bhfuil Coinbhinsiún Airgeadaíochta sínithe aici leis an Aontas a ndéanann Ballstát iondaíocht air;

(e) go bhfuil na soláthraithe seirbhíse íocaíochta sa tír nó sa chríoch lena mbaineann rannpháirteach go díreach nó go hindíreach i gcórais íocaíochta agus socraíochta sa Bhallstát sin;

agus

(f) go n‑éilíonn an tír nó an chríoch lena mbaineann ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta atá faoina dlínse na rialacha céanna a chur i bhfeidhm is na rialacha a bhunaítear faoin Rialachán seo.

2.           Aon Bhallstát ar mian leis comhaontú dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích, seolfaidh sé iarratas chuig an gCoimisiún agus cuirfidh sé an fhaisnéis ar fad is gá ar fáil dó.

Agus iarratas ó Bhallstát faighte ag an gCoimisiún, caithfear go sealadach le haistrithe cistí idir an Ballstát sin agus an tír nó an chríoch lena mbaineann amhail is gur aistrithe cistí iad laistigh den Bhallstát sin, go dtí go dtiocfar ar chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach san Airteagal seo.

Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis ar fad is gá aige, rachaidh sé i dteagmháil leis an mBallstát lena mbaineann laistigh de dhá mhí ón iarratas a fháil agus sonróidh sé cén fhaisnéis bhreise atá de dhíth air.

A luaithe a bheidh an fhaisnéis ar fad ag an gCoimisiún a mheasann sé is gá chun an iarraidh a luacháil, tabharfaidh sé fógra don Bhallstát iarrthach dá réir sin laistigh de mhí amháin agus tarchuirfidh sé an iarraidh chuig na Ballstáit eile.

3.           Laistigh de thrí mhí ón bhfógra dá dtagraítear sa cheathrú fomhír de mhír 2, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23(2), ar cheart údarás a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann chun an comhaontú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i gcrích.

Ar aon chuma, glacfar cinneadh, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, laistigh de 18 mí ón iarratas a bheith faighte ag an gCoimisiún.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25 Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1781/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 26 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [bíodh sé i gcomhthráth le dáta thrasuí Threoir xxxx/yyyy].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 25.

Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 || An Rialachán seo

Airteagal 1 || Airteagal 1

Airteagal 2 || Airteagal 2

Airteagal 3 || Airteagal 3

Airteagal 4 || Airteagal 4(1)

Airteagal 5 || Airteagal 4

Airteagal 6 || Airteagal 5

Airteagal 7 || Airteagal 7

Airteagal 8 || Airteagal 7

Airteagal 9 || Airteagal 8

Airteagal 10 || Airteagal 9

Airteagal 11 || Airteagal 16

Airteagal 12 || Airteagal 10

|| Airteagal 11

|| Airteagal 12

|| Airteagal 13

Airteagal 13 || Airteagal 14

Airteagal 14 || Airteagal 15

Airteagal 15 || Airteagail 17 go 22

Airteagal 16 || Airteagal 23

Airteagal 17 || Airteagal 24

Airteagal 18 || -

Airteagal 19 || -

|| Airteagal 25

Airteagal 20 || Airteagal 26

[1]               IO L 345, 8.12.2006, lch. 1.

[2]               Is é an FATF an comhlacht idirnáisiúnta a bhunaigh cruinniú mullaigh an G7 i bPáras in 1989, agus a mheastar a bheith ina eiseamláir dhomhanda sa chomhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí.

[3]               IO L 309, 25.11.2005, lch. 15.

[4]               IO L 214, 4.8.2006, lch. 29.

[5]               COM(2010)673 final.

[6]               COM(2012)10 final agus COM(2012)11 final.

[7]               COM(2010)716 final.

[8]               Tá tuarascáil an Choimisiúin, na freagraí ó pháirtithe leasmhara agus an ráiteas aiseolais ar fáil ag http://ec.europa.eu/internal_market/company/financial-crime/index_en.htm

[9]               Tá an staidéar ar fáil ag http://ec.europa.eu/internal_market/company/financial-crime/index_en.htm

[10]             Ibidem.

[11]             Tá an measúnú tionchair ar fáil ag http://ec.europa.eu/internal_market/company/financial-crime/index_en.htm

[12]               IO C , , lch. .

[13]               IO C , , lch. .

[14]               IO C , , lch. .

[15]               http://register.consilium.europa.eu/pdf/en/08/st11/st11778-re01.en08.pdf

[16]               IO L 344, 28.12.2001, lch. 70.

[17]               IO L 139, 29.5.2002, lch. 9.

[18]               IO C , , lch .

[19]               IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[20]               IO L 266, 09.10.2009, lch. 11.

[21]             IO L 319, 5.12.2007, lch. 1.

[22]             IO L 94, 30.3.2012, lch. 22.

[23]             COM(2010)716 final.

[24]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.