52012PC0514

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil Saorálaithe Cabhrach an AE ("EU Aid Volunteers") /* COM/2012/0514 final - 2012/0245 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Mar a bheartaítear in Airteagal 214(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, bunaítear leis an togra seo an chreatlach maidir leis an gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil, trínar féidir comh-ranníocaíochtaí a dhéanamh ó shaorálaithe Eorpacha in oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil. Tá sé de chuspóir aige luachanna daonnúla an Aontais agus dlúthpháirtíocht an Aontais le daoine i ngátar a léiriú, trí Chór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil éifeachtach agus feiceálach a chur chun cinn, rud a chuireann le neartú acmhainne an Aontais freagairt do ghéarchéimeanna daonnúla agus le hacmhainn agus le hathléimneacht pobal i dtríú tíortha atá soghonta nó atá buailte le tubaiste.

Ní mór don Aontas cabhair dhaonnúil leordhóthanach a áirithiú i bhfianaise líon méadaithe agus mhéid na ngéarchéimeanna daonnúla, idir ghéarchéimeanna nádúrtha agus ghéarchéimeanna de dhéanamh an duine. Is féidir le saorálaithe atá ullmhaithe go maith cur le hacmhainn an Aontais an ceann is fearr a fháil ar na riachtanais dhaonnúla bhreise sin.

Trí shlógadh acmhainn saorálaíochta na saoránach Eorpach a fheabhsú is féidir freisin íomhá dhearfach den Aontas a léiriú don domhan agus suim a spreagadh i dtionscadail phan‑Eorpacha chun tacú le gníomhaíochtaí maidir le cabhair dhaonnúil. Cé go bhfuil méadú ag teacht ar an tsaorálaíocht i gcás go leor gníomhaíochtaí, d’fhéadfaí fós tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an dlúthpháirtíocht i measc shaoránaigh an Aontais le daoine i dtríú tíortha atá ina n‑íospartaigh géarchéimeanna de dhéanamh an duine nó tubaistí nádúrtha. Measann saoránaigh Eorpacha gurb í earnáil na cabhrach daonnúla an earnáil ar a bhfuil an tionchar is mó ag saorálaíocht agus tacaíonn siad go suntasach le bunú an Chóir Shaorálaigh Eorpaigh um Chabhair Dhaonnúil. Tá tromlach mór na saoránach Eorpach tar éis tacaíocht thar na bearta a léiriú freisin do ghníomhaíochtaí an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil a chur ar fáil. Is gá cumarsáid le saoránaigh an Aontais a chur chun cinn a thuilleadh, áfach, chun leibhéil na feasachta a ardú maidir le cabhair dhaonnúil an Aontais agus a hinfheictheacht[1].

Cuireann an togra le Teachtaireacht 2010 How to express EU citizens' solidarity through volunteering: First reflections on a European Voluntary Humanitarian Aid Corps ("Conas dlúthpháirtíocht shaoránaigh an AE a léiriú trí shaorálaíocht: An chéad mhachnamh ar Chór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil")[2]. Sa Teachtaireacht tugtar aird ar na treoirphrionsabail, na bearnaí agus na dálaí is gá chun cur go dearfach le cabhair dhaonnúil an Aontais. Chun cuid de ghnéithe féideartha na scéime a thástáil, seoladh sraith treoirthionscadal, agus tá na ceachtanna a foghlaimíodh uathu curtha san áireamh sa togra seo.

Tá tacaíocht láidir léirithe ag an gComhairle[3] agus ag Parlaimint na hEorpa[4] don tionscnamh, lena n‑athdhearbhaítear ról lárnach an Aontais maidir le saorálaíocht a chur chun cinn agus cuid de ghnéithe lárnacha an Chóir a shainaithint.

Leis an togra chuirfí le cuspóirí bheartas seachtrach an Aontais agus, go háirithe, le cuspóirí an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil chun an bheatha a chaomhnú, fulaingt daoine a chosc agus a fhuascailt agus dínit an duine a choinneáil. Dhaingneofaí leis an tairbhe a bhainfeadh na pobail óstacha i dtríú tíortha as agus an tionchar a bhíonn ag na gníomhaíochtaí saorálaíochta ar na saorálaithe féin. Ina theannta sin, is infheistíocht láidir i gcaipiteal daonna í an oiliúint agus an taithí fhoghlama neamhfhoirmiúil a gheobhaidh saorálaithe lena bhfeabhsófaí a n‑infhostaitheacht sa gheilleagar domhanda agus lena gcuirfí le cuspóirí Eoraip 2020 dá bharr maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach.

Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Tugadh aird faoi leith ar dhlúth-chomhordú idir gníomhaíochtaí an Chóir um Chabhair Dhaonnúil agus beartas um chabhair dhaonnúil an Aontais agus gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích faoi bheartais sheachtracha an AE, go háirithe i réimse an chomhair um fhorbairt. Ba cheart don Chór um Chabhair Dhaonnúil, cé go bhfuil sé dírithe ar chuspóirí chabhair dhaonnúil an Aontais, rannchuidiú le raon beartas inmheánach eile de chuid an Aontais amhail foghlaim, óige agus saoránacht ghníomhach.

Líonfaidh an Cór Saorálach Daonnúil bearnaí nach gcumhdaítear faoi chláir Eorpacha atá ann cheana amhail an tSeirbhís Shaorálach Eorpach. Go deimhin, tarlaíonn gníomhaíochtaí na Seirbhíse Saorálaí Eorpaí laistigh den Eoraip go príomha, tá siad dírithe ar dhaoine óga atá suas le 30 bliain d'aois a chur chun cinn chun comhtháthú sóisialta agus comhthuiscint a fheabhsú laistigh den Aontas, agus níl siad bunaithe ar phrionsabail dhaonnúla. Tá cuspóirí, raon agus gníomhaíochtaí an Chóir Shaorálaigh Dhaonnúil ag freagairt do riachtanais shonracha gníomhaíochtaí agus oibríochtaí daonnúla.

2.           TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR

Ó cuireadh an togra le haghaidh Cór Saorálach um Chabhair Dhaonnúil síos ar chlár den chéad uair i ndréacht-Chonradh Bunreachta an AE, rinneadh dhá athbhreithniú sheachtracha in 2006 agus in 2010 agus sraith comhairliúchán le réimse leathan geallsealbhóirí a chur i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar an staid reatha i saorálaíocht maidir le cabhair dhaonnúil, chun béim a chur ar bhearnaí agus ar dhúshláin a bhí ann cheana, agus chun cuspóirí agus réimsí tosaíochta le haghaidh gníomhaíochta a shainaithint.

Chuathas i gcomhairle go sonrach le geallsealbhóirí leasmhara, lena n‑áirítear na príomheagraíochtaí um chabhair dhaonnúil (eagraíochtaí neamhrialtasacha, Cumainn na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg, gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe), eagraíochtaí saorálaíochta príomhshrutha, saorálaithe aonair, ionadaithe na mBallstát agus gníomhaithe ábhartha eile ag dhá chomhdháil thiomnaithe[5] agus trí chomhairliúchán poiblí ar líne. Lena chois sin phléigh na Ballstáit ceisteanna éagsúla a bhaineann leis an gCór um Chabhair Dhaonnúil laistigh de mheitheal oibre na Comhairle maidir le cabhair dhaonnúil agus cúnamh bia[6]. Áiríodh sna comhairliúcháin freisin fóram poiblí ar líne maidir le hainm oiriúnach an Chóir. Tar éis mionanailíse roghnaíodh 'EU Aid Volunteers' ("Saorálaithe Cabhrach an AE") mar ainm oiriúnach ar an tionscnamh agus úsáidfear anseo feasta é chun tagairt don tionscnamh agus do na saorálaithe aonair a imlonnófar chuig oibríochtaí daonnúla.

Ullmhaíodh tuarascáil measúnaithe tionchair chun na roghanna beartais agus na tionchair a d'fhéadfadh bheith acu a scrúdú. Bhí Grúpa Stiúrtha Measúnaithe Tionchair ina raibh seirbhísí ábhartha ón gCoimisiún[7] ag gabháil leis an bpróiseas sin agus baineadh tairbhe as ionchur staidéir ullmhúcháin sheachtraigh. Cuireadh san áireamh na ceachtanna a foghlaimíodh agus na conclúidí ó dhá sheimineár a eagraíodh le comhordaitheoirí treoirthionscadail[8].

Rinneadh machnamh ar na barúlacha ar fad ó gheallsealbhóirí agus tá siad le sonrú sa tuarascáil ar mheasúnú tionchair.

Measúnú tionchair

Is iad na príomhfhadhbanna a sainaithníodh:

(1) Easpa cur chuige struchtúrtha de chuid an AE maidir le saorálaíocht.

(2) Infheictheacht ghníomhaíocht dhaonnúil an AE agus a dhlúthpháirtíocht le daoine i ngátar a bheith lag.

(3) Easpa aitheantais chomhsheasmhaigh agus sásra roghnúcháin ar fud na mBallstát.

(4) Fáil neamhleor ar shaorálaithe cáilithe le haghaidh cabhrach daonnúla;

(5) Easnaimh san acmhainn bhorrtha maidir le cabhair dhaonnúil;

(6) Acmhainn lag ósteagraíochtaí;

Sa mheasúnú tionchair scrúdaíodh roinnt roghanna beartais a thig as comhcheangal modúl éagsúil agus modhanna bainistíochta:

Rogha Beartais 1, lena n‑áirítear: (1) Caighdeáin a fhorbairt chun saorálaithe a shainaithint, a roghnú agus a oiliúint agus (2) Sásra deimhniúcháin d'eagraíochtaí sallchuir a fhorbairt;

Rogha Beartais 2, lena n‑áirítear na modúil faoi Rogha 1 móide (3) Tacaíocht d'oiliúint shaorálaithe an AE i gcabhair dhaonnúil, (4) Clár de chuid an AE do shaorálaithe oilte a chruthú, (5) Caighdeáin agus sásra deimhniúcháin a fhorbairt chun saorálaithe in ósteagraíochtaí a fhorbairt;

Rogha Beartais 3, lena n‑áirítear na modúil ar fad faoi Rogha 2 móide (6) Tacaíocht d'imlonnú shaorálaithe an AE, (7) Acmhainn a fhorbairt in ósteagraíochtaí tríú tíortha, (8) Líonra saorálaithe daonnúla de chuid an AE a bhunú. Chuirfí an rogha sin chun feidhme i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí um chabhair dhaonnúil, eagraíochtaí ba cheart na saorálaithe a shainaithint, a roghnú agus a imlonnú.

Rogha Beartais 4, lena n‑áirítear na modúil ar fad faoi Rogha 3 arna gcur chun feidhme i modh bainistíochta dírí ag an gCoimisiún Eorpach.

Bunaithe ar an measúnú sin ar na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus comhshaoil a d'fhéadfadh bheith ann, moladh Rogha Beartais 3 mar an rogha is éifeachtúla agus is éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Sa togra seo leagtar síos na nósanna imeachta agus na rialacha maidir le hoibríocht Shaorálaithe Cabhrach an AE mar a bheartaítear in Airteagal 214(5) den Chonradh. Leantar cur chuige cumasúcháin ann agus tá sé teoranta do na heilimintí riachtanacha is gá chun an Rialachán a chur chun feidhme, lena n‑áirítear a chuspóirí ginearálta agus oibriúcháin, na prionsabail agus na gníomhaíochtaí atá ann, na forálacha maidir le cúnamh airgeadais agus na forálacha ginearálta maidir lena chur chun feidhme a shonrú.

Sa togra leantar na prionsabail maidir le cabhair dhaonnúil (Airteagal 4) agus an sainmhíniú ar chabhair dhaonnúil ón gComhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil[9]. I dteannta na freagartha do ghéarchéimeanna cumhdaítear sa togra freisin cosc, ullmhacht agus oibríochtaí athshlánúcháin maidir le tubaistí agus chomh maith leis sin gníomhaíochtaí maidir le cabhair dhaonnúil a bhfuil d'aidhm acu acmhainn na gcomhphobal a ardú agus a n‑athléimneacht maidir le géarchéimeanna a fhorbairt.

Baineann príomheilimintí an togra le gníomhaíochtaí éagsúla Shaorálaithe Cabhrach an AE ar féidir tacú leo le cúnamh airgeadais agus ar féidir le tairbhithe éagsúla iad a chur chun feidhme bunaithe ar chlár oibre bliantúil de chuid an Choimisiúin (Airteagal 21). I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle[10], tá sé ar intinn ag an gCoimisiún bainistiú an chláir a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin.

Sonraítear na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas sa togra:

– Caighdeáin a bhaineann le saorálaithe is iarrthóirí agus Saorálaithe Cabhrach an AE (Airteagal 9)

Forbróidh an Coimisiún caighdeáin lena socrófar an creat beartais agus na híosriachtanais chun earcú agus ullmhú saorálaithe is iarrthóirí agus imlonnú agus bainistiú Shaorálaithe Cabhrach an AE atá éifeachtach, éifeachtúil agus comhleanúnach a áirithiú ar príomhghníomhaíochtaí an tionscnaimh seo iad. Leis na caighdeáin áiritheofar dualgas cúraim agus cumhdófar go háirithe freagrachtaí na n‑eagraíochtaí sallchuir agus na n‑ósteagraíochtaí, na híosriachtanais maidir le cumhdach cothaithe, lóistín agus costas ábhartha eile, cumhdach árachais agus eilimintí ábhartha eile.

– Deimhniúchán (Airteagal 10)

Ní mór go ndeimhneofaí eagraíochtaí sallchuir ar mhaith leo Saorálaithe Cabhrach an AE a roghnú, a ullmhú agus a imlonnú maidir leis na caighdeáin sin a chomhlíonadh. Ba cheart dóibh riachtanais incháilitheachta éagsúla a chomhlíonadh agus nós imeachta deimhniúcháin difreáilte (le sainmhíniú i ngníomhartha tarmligthe) a leanúint, ag cur san áireamh a gcineál agus a n‑acmhainn (e.g. comhlachtaí poiblí na mBallstát, eagraíochtaí neamhrialtasacha). Measfar cosaint shibhialta agus gníomhaithe maidir le comhar um fhorbairt atá ag gníomhú i réimse na cabhrach daonnúla a bheith incháilithe freisin. Bunófar sásra deimhniúcháin difreáilte d'ósteagraíochtaí incháilithe. Cé nach bhfuil cuideachtaí príobháideacha incháilithe mar eagraíochtaí sallchuir nó ósteagraíochtaí, is féidir iad a chomhcheangal leis na tionscadail agus is féidir leo cuid de chostais an tsaorálaí a chómhaoiniú chun saorálaíocht chorparáideach a spreagadh mar a iarrtar i dTeachtaireacht "Straitéis athnuaite an AE 2011-14 i leith Freagrachta Sóisialta Corparáidí"[11].

– Saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú (Airteagal 11)

Tá Saorálaithe Cabhrach an AE ar oscailt do rannpháirteachas shaoránaigh an Aontais agus chomh maith leis sin rannpháirteachas náisiúnach a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil san AE ar bhonn fadtéarmach. Faoi réir comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 23(1), féadfaidh saoránaigh ó thíortha is iarrthóirí agus ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha agus ó thíortha comhpháirtíochta ó Bheartas Comharsanachta na hEorpa iarratas a dhéanamh ar a bheith ina Saorálaithe Cabhrach AE.

Ar bhonn cláir oibre bhliantúil, foilseoidh an Coimisiún glaonna ar thograí le gur féidir le heagraíochtaí sallchuir deimhnithe saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú. Na heagraíochtaí sallchuir ar bronnadh na conarthaí orthu mar fhreagairt ar na glaonna sin, sainaithneoidh agus roghnóidh siad na saorálaithe is iarrthóirí le haghaidh oiliúna tar éis eagraíochtaí sallchuir nó ósteagraíochtaí nó gníomhaithe ábhartha eile réamh‑mheasúnú a dhéanamh ar na riachtanais i dtríú tíortha.

– Oiliúint agus ullmhúchán réamh‑imlonnaithe (Airteagal 12)

Rachaidh na saorálaithe is iarrthóirí roghnaithe faoi oiliúint shaincheaptha, ag cur san áireamh a dtaithí roimhe sin. Eagróidh an Coimisiún an clár oiliúna agus cuirfidh eagraíochtaí a bhfuil saineolas oiliúna sonrach acu chun feidhme é. Ina theannta sin, beidh saorálaithe is iarrthóirí, mar chuid dá n‑oiliúint agus ag brath ar a riachtanais oiliúna, in ann taithí phraiticiúil a fháil trí shocrúcháin phrintíseachta nó trí fhoirmeacha eile ullmhúcháin réamh‑imlonnaithe ghearrthéarmaigh arna dtabhairt ag eagraíochta sallchuir deimhnithe.

– Clár de Shaorálaithe Cabhrach an AE (Airteagal 13)

Ba cheart saorálaithe is iarrthóirí a mheas maidir lena n‑ullmhacht le haghaidh imlonnú i dtríú tíortha. Má éiríonn leo, ba cheart iad a áireamh ar Chlár de Shaorálaithe Cabhrach an AE atá incháilithe le haghaidh imlonnú agus a bheidh faoi bhainistiú an Choimisiúin. Áireofar ar an gClár freisin saorálaithe a imlonnaíodh cheana féin, má tá siad sásta go measfar iad le haghaidh imlonnú sa todhchaí.

– Saorálaithe Cabhrach an AE a imlonnú i dtríú tíortha (Airteagal 14)

Ar bhonn a chláir oibre bhliantúil, foilseoidh an Coimisiún glaonna ar thograí le gur féidir le heagraíochtaí sallchuir deimhnithe Saorálaithe Cabhrach an AE a imlonnú. Is féidir le heagraíochtaí sallchuir ar bronnadh na conarthaí orthu mar fhreagairt ar na glaonna sin saorálaithe a roghnú ón gClár agus iad a imlonnú chuig ósteagraíochtaí. Féadfaidh an Coimisiún saorálaithe a imlonnú freisin ón gClár chuig oifigí allamuigh um chabhair dhaonnúil an Choimisiúin nó in oibríochtaí freagartha i dtríú tíortha tríd an Ionad Freagartha Éigeandála[12] lena n‑éascaítear freagairt an Aontais do thubaistí. Leagfar téarmaí sonracha an imlonnaithe amach i gconradh idir an eagraíocht sallchuir agus an saorálaí.

– Forbairt acmhainne ósteagraíochtaí (Airteagal 15)

Tríd an ngníomhaíocht sin, is féidir leis an gCoimisiún tacú le gníomhaíochtaí forbartha acmhainne na n‑ósteagraíochtaí chun bainistiú éifeachtach Shaorálaithe Cabhrach an AE agus tionchar inbhuanaithe a gcuid oibre a áirithiú, lena n‑áirítear saorálaíocht áitiúil a chur chun cinn.

– Líonra Shaorálaithe Cabhrach an AE (Airteagal 16)

Beartaítear leis an ngníomhaíocht seo bunú Líonra Shaorálaithe Cabhrach an AE a ndéanfaidh an Coimisiún bainistiú air. Sa líonra cuimseofar agus éascófar idirghníomhaíocht idir Saorálaithe Cabhrach an AE agus chomh maith leis sin cuirfear gníomhaíochtaí sonracha i gcrích, go háirithe trí eolas a roinnt agus trí fhaisnéis a scaipeadh. Tacófar freisin le gníomhaíochtaí amhail seimineáir, ceardlanna agus gníomhaíochtaí alumni.

– Cumarsáid, ardú feasachta agus infheictheacht (Airteagal 17)

Leis an ngníomhaíocht seo tacófar le faisnéis phoiblí, cumarsáid agus gníomhaíochtaí ardaithe feasachta chun Saorálaithe Cabhrach an AE a chur chun cinn agus chun saorálaíocht i gcabhair dhaonnúil a spreagadh. Forbróidh an Coimisiún plean gníomhaíochta faisnéise agus cumarsáide, plean a chuirfidh na tairbhithe ar fad i bhfeidhm, go háirithe eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochtaí.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cuid de na gníomhaíochtaí trí ghníomhartha tarmligthe (dá bhforáiltear in Airteagal 25) maidir le caighdeáin agus táscairí leasaitheacha i leith cuspóirí oibríochtúla; nó trí ghníomhartha tarmligthe (Airteagal 24) lena n‑áirítear an sásra deimhniúcháin agus rialacha mionsonraithe an chláir oiliúna).

Bunús dlí

Is é Airteagal 214 (5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo.

Prionsabal na coimhdeachta

Ós rud é go mbeartaítear Saorálaithe Cabhrach an AE arna bhunú ag an Aontas i mbunús dlí sonrach sa Chonradh, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Prionsabal na comhréireachta

Sa togra tugtar aghaidh ar bhearnaí sainaitheanta i scéimeanna saorálaíochta atá ann cheana agus ní théitear thar an méid atá riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach.

Tá an t‑ualach riaracháin a bheidh ar an Aontas teoranta agus áirithítear leis na coinníollacha is gá chun saorálaithe in oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil a imlonnú, lena n‑áirítear forbairt caighdeán, sásra deimhniúcháin, clár oiliúna agus Clár saorálaithe oilte. I dtaca le príomhghníomhaíochtaí Shaorálaithe Cabhrach an AE a bhaineann le saorálaithe a shainaithint, a roghnú, a ullmhú agus a imlonnú, díláróidh eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochtaí iad agus cuirfidh siad chun feidhme iad. Ina theannta sin, tá sé ar intinn ag an gCoimisiún bainistiú an chláir a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin.

Rogha ionstraime

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

I dTeachtaireacht an Choimisiúin maidir le 'Buiséad d'Eoraip 2020'[13] beartaítear gealltanais bhuiséadacha chun an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (Saorálaithe Cabhrach an AE) a bhunú de luach EUR 239.1 milliún i bpraghsanna reatha.

2012/0245 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil

Saorálaithe Cabhrach an AE ("EU Aid Volunteers")

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 214(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Is bunluach de chuid an Aontais an dlúthpháirtíocht agus tá poitéinseal ann go bhféadfaí tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhealaí chun dlúthpháirtíocht shaoránaigh an Aontais a chur in iúl le daoine i dtríú tíortha atá sobhuailte ag géarchéimeanna de dhéanamh an duine nó ag tubaistí nádúrtha, nó a ndéanann na himeachtaí sin difear dóibh.

(2)       Bealach soiléir agus infheicthe é an tsaorálaíocht le dlúthpháirtíocht a chur in iúl sa mhéid is gur deis é do dhaoine aonair a gcuid faisnéise, scileanna agus ama a úsáid ar mhaithe le daoine eile, gan beann ar ghnóthú airgid.

(3)       Leagtar amach fís an Aontais i ndáil le cabhair dhaonnúil, lena n-áirítear cuspóir coiteann, prionsabail choiteanna agus creat coiteann chun cabhair dhaonnúil an Aontais a chur i bhfeidhm, sa 'Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil'[14]. Leagann an Comhdhearcadh Eorpach béim ar thiomantas docht an Aontais i ndáil leis na bunphrionsabail dhaonnúla, eadhon daonnacht, neodracht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas, a urramú agus a chur chun cinn. Ba cheart go mbunófaí gníomhaíochtaí an Chóir Shaorálaigh Eorpaigh um Chabhair Dhaonnúil (dá ngairtear Saorálaithe Cabhrach an AE ("EU Aid Volunteers") anseo feasta) ar an gComhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil.

(4)       Seachadtar cabhair dhaonnúil an Aontais áit a bhfuil ionstraimí eile a bhaineann le comhar forbartha, bainistíocht géarchéime agus cosaint shibhialta i bhfeidhm. Ba cheart do Shaorálaithe Cabhrach an AE oibriú ar bhealach comhleanúnach agus comhlántach leis na beartais agus ionstraimí ábhartha chun an úsáid is éifeachtaí is féidir a bhaint as na hionstraimí sin agus prionsabail dhaonnúla agus spriocanna fadtéarmacha forbartha á gcur chun cinn ar bhealach córasach ag an am céanna. Ba cheart sineirgíochtaí a lorg idir gníomhaíochtaí Shaorálaithe Cabhrach an AE agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, an tIonad Freagartha Éigeandála arna bhunú le Cinneadh XXXX[15] agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus Toscaireachtaí an AE chun freagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna daonnúla i dtríú tíortha a chomhordú.

(5)       Tá méadú suntasach tagtha ar líon, raon feidhme agus castacht géarchéimeanna daonnúla ar fud an domhain thar na blianta agus, dá bhrí sin, tá éileamh níos mó anois ar ghníomhaithe daonnúla freagairt éifeachtach, éifeachtúil agus comhleanúnach a sholáthar agus tacú le pobail áitiúla tríú tíortha chun soghontacht na bpobal sin a laghdú agus chun cur lena n-athléimneacht i ndáil le tubaistí.

(6)       Nuair a thugtar oiliúint chuí do shaorálaithe agus nuair a roghnaítear agus ullmhaítear ar bhealach cuí don imlonnú iad chun a áirithiú go bhfuil na scileanna agus inniúlachtaí riachtanacha acu chun cabhair a thabhairt do dhaoine atá i ngátar ar an mbealach is éifeachtaí is féidir, féadfaidh na saorálaithe sin cur le hoibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil agus cuidiú leis an gcabhair dhaonnúil a ghairmiúlú.

(7)       Tá scéimeanna saorálaíochta ann san Eorpa agus ar fud an domhain ina ndírítear ar imlonnú i dtríú tíortha. Scéimeanna náisiúnta iad sin go minic a dhíríonn den chuid is mó nó go heisiach ar thionscadail forbartha. Ba cheart do Shaorálaithe Cabhrach an AE, dá bhrí sin, dúbailt a sheachaint agus luach breise a sholáthar trí dheiseanna a chur ar fáil do shaorálaithe cuidiú go comhpháirteach le hoibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil, rud a neartóidh, dá bhrí sin, saoránacht ghníomhach an Aontais Eorpaigh, agus trí chomhar trasnáisiúnta a chothú i ndáil le heagraíochtaí cur chun feidhme atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Chóir.

(8)       Tá bearnaí i reáchtáil na saorálaíochta daonnúla mar atá faoi láthair, ar bearnaí iad is féidir le Saorálaithe Cabhrach an AE a líonadh leis na saorálaithe a bhfuil na próifílí cearta acu, arna n-imlonnú chuig an áit cheart ag an am ceart. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh go háirithe trí chaighdeáin Eorpacha a sholáthar i dtaca le saorálaithe daonnúla a shainaithint agus a roghnú, tagarmharcanna arna gcomhaontú i ndáil le hoiliúint agus ullmhúchán saorálaithe daonnúla le haghaidh imlonnú, cláir fheabhsaithe de shaorálaithe ionchasacha a shainaithnítear bunaithe ar na riachtanais sa réimse sin, agus deiseanna do shaorálaithe cuidiú leis na hoibríochtaí daonnúla, ní hamháin trí bhíthin imlonnú ach freisin trí thacaíocht ón gcúloifig agus ó ghníomhaíochtaí saorálaíochta ar líne[16].

(9)       Beidh sábháilteacht agus slándáil na saorálaithe ríthábhachtach i gcónaí.

(10)     Tugann an tAontas faoina oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil i gcomhar le heagraíochtaí cur chun feidhme. Ba cheart ról suntasach a bheith ag na heagraíochtaí sin i dtionscnamh Shaorálaithe Cabhrach an AE a chur chun feidhme chun úinéireacht na ngníomhaithe sa réimse sin a áirithiú agus chun go mbainfí an méid is mó a d'fhéadfaí as gníomhaíochtaí an Chóir Shaorálaigh. Ba cheart go gcuirfeadh an tAontas ar iontaoibh eagraíochtaí cur chun feidhme Saorálaithe Cabhrach an AE a shainaithint, a roghnú, a ullmhú agus a imlonnú i gcomhréir leis na caighdeáin arna mbunú ag an gCoimisiún. Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann tarraingt ar shaorálaithe ar tugadh oiliúint chuí dóibh agus atá ullamh le haghaidh imlonnú, nuair is iomchuí.

(11)     D'fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag comhlachtaí príobháideacha agus d'fhéadfaidís cuidiú le hoibríochtaí an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil, go háirithe trí shaorálaíocht i measc a bhfostaithe[17].

(12)     Dá rachadh daoine óga i mbun saorálaíochta i réimse na cabhrach daonnúla, choinneofaí gníomhach iad, chuirfí lena bhforbairt phearsanta agus lena bhfeasacht idirchultúrtha, agus thiocfadh feabhas ar a n-inniúlachtaí agus ar a n-infhostaitheachta sa gheilleagar domhanda. Bheadh sé ina chuidiú, dá bhrí sin, don 'Tionscnamh Deiseanna don Óige[18]' agus do réimse cuspóirí eile de chuid an Aontais, amhail cuimsiú sóisialta, fostaíochta, saoránacht ghníomhach, oideachas, agus forbairt scileanna[19].

(13)     Tugann prionsabail an Aontais maidir le comhdheiseanna agus neamh-idirdhealú le fios gur cheart go mbeadh saoránaigh an Aontais agus cónaitheoirí fadtéarmacha san Aontas de gach aicme agus de gach aois in ann dul ina mbun seo mar shaoránaigh ghníomhacha. I bhfianaise dhúshláin shonracha an chomhthéacs dhaonnúil, ba cheart rannpháirtithe Shaorálaithe Cabhrach an AE a bheith os cionn 18 mbliana d'aois.

(14)     Is réamhchoinníoll ríthábhachtach é stádas soiléir dlithiúil chun go mbeidh saorálaithe in ann bheith rannpháirteach in imlonnú i dtíortha lasmuigh den Aontas. Ba cheart téarmaí imlonnaithe na saorálaithe a shainmhíniú i gconradh, ina n-áireofar na caighdeáin maidir le cosaint agus sábháilteacht na saorálaithe, freagrachtaí na n-eagraíochtaí sallchuir agus na n-ósteagraíochtaí, cumhdach árachais, cumhdach cothaithe, lóistín agus costais ábhartha eile. Ba cheart incháilitheacht na saorálaithe i dtaca le himlonnú i dtríú tíortha a bheith faoi réir socruithe leordhóthanacha sábháilteachta agus slándála.

(15)     Ba cheart do Shaorálaithe Cabhrach an AE tacú le heagraíochtaí áitiúla um chabhair dhaonnúil i dtríú tíortha. Ba cheart go gcuirfeadh a ngníomhaíochtaí le hacmhainn ósteagraíochtaí déileáil le géarchéimeanna daonnúla a mhéadú agus le bainistiú gairmiúil a dhéanamh ar Shaorálaithe Cabhrach an AE, lena scileanna agus inniúlachtaí a úsáid go héifeachtach agus lena áirithiú go mbeidh tionchar inmharthana ag rannchuidiú na saorálaithe ar na pobail áitiúla, rud a bheidh ina chúnamh do na daoine i ngátar a ndéanann géarchéimeanna daonnúla difear dóibh agus arb iad tairbhithe deireanacha chabhair dhaonnúil an Aontais.

(16)     Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha airgeadais an Rialacháin seo amhail an 1 Eanáir 2014 toisc go mbaineann siad leis an gCreat Airgeadais ilbhliantúil 2014-2020. Ba cheart leithdháileadh an chúnaimh airgeadais a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán Uimh. xxx/2012[20], rialachán is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (an Rialachán Airgeadais). De bharr a shonraí is atá gníomhaíochtaí Shaorálaithe Cabhrach an AE, is iomchuí foráil a dhéanamh go ndeonófar cúnamh airgeadais ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha i réimse an dlí phoiblí agus an dlí phríobháidigh. Tá sé tábhachtach, freisin, a áirithiú go n‑urramaítear rialacha an Rialacháin sin, go háirithe maidir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta atá leagtha síos sa Rialachán sin.

(17)     Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n‑áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is iomchuí, pionóis. Ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh le cosc a chur ar mhírialtachtaí agus ar chalaois agus ba cheart na bearta a bhfuil gá leo a dhéanamh chun cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó ar baineadh leas mícheart astu a aisghabháil, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal[21], agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ó chalaois agus ó mhírialtachtaí eile[22], agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Frithchalaoise Eorpach (OLAF)[23].

(18)     Ba cheart go mbeadh tríú tíortha, go háirithe tíortha aontachta, tíortha is iarrthóirí, tíortha CSTE agus tíortha comhpháirtíochta Bheartas Comharsanachta na hEorpa, in ann bheith rannpháirteach ar bhonn coinbhinsiún comhair

(19)     Chun foráil a dhéanamh maidir le haiseolas agus feabhsú leanúnach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le forálacha a bhaineann leis na caighdeáin chun Saorálaithe Cabhrach an AE a bhainistiú agus le leasú ar na táscairí feidhmíochta. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(20)     Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha cur chun feidhme an Rialacháin seo aonfhoirmeach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[24]. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun an sásra deimhniúcháin, an clár oiliúna agus clár oibre bliantúil an Chóir a ghlacadh.

(21)     Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail arna n-aithint i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

(22)     Na sonraí pearsanta a dhéantar a phróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ní théann sé thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun críocha feidhmiú rianúil thionscnamh Shaorálaithe Cabhrach an AE a áirithiú. Maidir le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag an gCoimisiún, déanfar sin a rialú le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin[25]. Rialóidh an Treoir um Chosaint Sonraí 95/46/CE aon phróiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag eagraíochtaí cur chun feidhme atá bunaithe go dlíthiúil san Aontas[26].

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I Cuspóirí, Raon Feidhme agus Sainmhínithe

Airteagal 1 Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (dá ngairtear Saorálaithe Cabhrach an AE ("EU Aid Volunteers") anseo feasta) mar chreat faoina mbeidh na saorálaithe Eorpacha in ann rannchuidiú go comhpháirteach le hoibríochtaí an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil.

Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta maidir le hoibríocht Shaorálaithe Cabhrach an AE agus rialacha maidir le cúnamh airgeadais a sholáthar.

Airteagal 2 Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

1.           Saorálaithe Cabhrach an AE a imlonnú in oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha.

2.           gníomhaíochtaí laistigh den Aontas a thacaíonn le himlonnú Shaorálaithe Cabhrach an AE in oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil agus a dhéanann an t-imlonnú sin a chur chun cinn agus a ullmhú.

3.           gníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh den Aontas atá dírithe ar acmhainn ósteagraíochtaí i dtríú tíortha a fhorbairt i ndáil le Saorálaithe Cabhrach an AE a bhainistiú.

Airteagal 3 Cuspóir

Beidh sé de chuspóir ag Saorálaithe Cabhrach an AE luachanna daonnúla an Aontais agus dlúthpháirtíocht an Aontais le daoine i ngátar a léiriú, trí thionscnamh Shaorálaithe Cabhrach an AE atá éifeachtach agus infheicthe a chur chun cinn, rud a chuireann le hacmhainn an Aontais freagairt do ghéarchéimeanna daonnúla a neartú agus le hacmhainn agus le hathléimneacht pobal i dtríú tíortha atá soghonta nó atá buailte le tubaiste a fhorbairt.

Airteagal 4 Prionsabail ghinearálta

1.           Tabharfar gníomhaíochtaí Shaorálaithe Cabhrach an AE i gcrích i gcomhréir le prionsabail na cabhrach daonnúla, eadhon daonnacht, neodracht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas.

2.           Tabharfaidh gníomhaíochtaí Shaorálaithe Cabhrach an AE freagairt ar riachtanais na bpobal áitiúil agus ar na hósteagraíochtaí, agus ba cheart go gcuideodh siad le soláthar na cabhrach daonnúla a ghairmiúlú.

3.           Beidh sábháilteacht agus slándáil na saorálaithe ina dtosaíochtaí.

4.           Cuirfidh Saorálaithe Cabhrach an AE gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus rannpháirtíocht saorálaithe ó thíortha éagsúla chun cinn agus cothóidh sé tionscadail chomhpháirteacha agus comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta idir na heagraíochtaí cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10.

Airteagal 5 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn 'saorálaí' duine a roghnaíonn, dá dheoin féin agus ar a chonlán féin agus gan beann ar ghnóthú airgid, dul i mbun gníomhaíochtaí atá chun leasa an phobail, é féin nó í féin, agus na sochaí i gcoitinne.

(b) ciallaíonn 'EU Aid Volunteer' duine atá incháilithe de réir bhrí Airteagal 11(1) a dhéanann iarratas ar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí Shaorálaithe Cabhrach an AE.

(c) ciallaíonn 'saorálaí Eorpach' saorálaí is iarrthóir a roghnaíodh, ar tugadh oiliúint dó agus ar measúnaíodh é a bheith incháilithe agus atá cláraithe le bheith ar fáil le himlonnú in oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha.

(d) ciallaíonn 'cabhair dhaonnúil' gníomhaíochtaí agus oibríochtaí atá beartaithe le cúnamh éigeandála riachtanas-bhunaithe a sholáthar d'fhonn beatha daoine a chaomhnú, angar daoine a mhaolú agus a chosc agus dínit an duine a chothabháil i gcás géarchéimeanna de dhéanamh an duine nó tubaistí nádúrtha. Cuimsíonn sí oibríochtaí cúnaimh, fóirithinte agus cosanta i ngéarchéimeanna daonnúla nó go díreach ina ndiaidh, bearta tacaíochta chun rochtain ar dhaoine i ngátar a áirithiú agus chun saorshreabhadh cúnaimh a éascú, mar aon le gníomhaíochtaí atá dírithe ar an ullmhúchán le haghaidh tubaistí a fheabhsú agus riosca tubaistí a laghdú, agus cuidíonn sí le hathléimneacht an phobail a neartú mar aon lena n-acmhainn dul i ngleic le géarchéimeanna agus teacht astu.

(e) ciallaíonn 'tríú tír' tír nach bhfuil san Aontas áit a ndéantar gníomhaíochtaí agus oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil dá dtagraítear faoi (d).

Airteagal 6 Comhleanúnachas agus comhlántachtaí ghníomhaíocht an Aontais

1.           Áiritheofar comhleanúnachas le réimsí eile gníomhaíochta seachtraí an Aontais agus le beartais ábhartha eile an Aontais i gcur chun feidhme an Rialacháin seo. Díreofar go háirithe ar aistriú rianúil a áirithiú idir fóirithint, athshlánú agus forbairt.

2.           Rachaidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar lena chéile chun comhleanúnachas agus comhchuibheas a fheabhsú idir na scéimeanna náisiúnta saorálaíochta ábhartha agus gníomhaíochtaí Shaorálaithe Cabhrach an AE.

3.           Cothóidh an tAontas comhar leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe leis na Náisiúin Aontaithe, agus le comhpháirtithe eile um chabhair dhaonnúil agus gníomhaíochtaí Shaorálaithe Cabhrach an AE á gcur chun feidhme.

Airteagal 7 Cuspóirí oibríochtúla

1.           Saothróidh Saorálaithe Cabhrach an AE na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:

(a) Acmhainn an Aontais cabhair dhaonnúil a sholáthar a mhéadú agus a fheabhsú.

Déanfar an dul chun cinn i ndáil leis an gcuspóir oibríochtúil sin a bhaint amach a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

– líon Shaorálaithe Cabhrach an AE atá imlonnaithe cheana nó atá réidh le himlonnú;

– líon na ndaoine a thairbhíonn den chabhair dhaonnúil arna soláthar ag an Aontas;

(b) Scileanna agus inniúlachtaí na saorálaithe i réimse na cabhrach daonnúla agus na coinníollacha faoina n‑oibríonn siad a fheabhsú.

Déanfar an dul chun cinn i ndáil leis an gcuspóir oibríochtúil sin a bhaint amach a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

– líon na saorálaithe a oiltear agus cáilíocht na hoiliúna ar bhonn athbhreithnithe agus an leibhéil sástachta;

– líon na n‑eagraíochtaí deimhnithe sallchuir a chuireann na caighdeáin maidir le himlonnú agus bainistiú Shaorálaithe Cabhrach an AE i bhfeidhm.

(c) Acmhainn ósteagraíochtaí a fhorbairt agus saorálaíocht i dtríú tíortha a chothú.

Déanfar an dul chun cinn i ndáil leis an gcuspóir oibríochtúil sin a bhaint amach a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

– líon agus cineál na ngníomhaíochtaí forbartha acmhainne;

– líon ball foirne agus saorálaithe ó thríú tír atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí forbartha acmhainne.

(d) Infheictheacht luachanna an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil a chur chun cinn.

Déanfar an dul chun cinn i ndáil leis an gcuspóir oibríochtúil sin a bhaint amach a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

– leibhéal eolais Shaorálaithe Cabhrach an AE i dtaca le cabhair dhaonnúil an AE;

– an leibhéal feasachta faoi Shaorálaithe Cabhrach an AE i measc na bpobal a bhfuiltear ag díriú orthu san Aontas, na bpobal tríú tíre atá rannpháirteach agus a thairbhíonn den chabhair agus i measc gníomhaithe daonnúla eile.

(e) Comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na saorálaíochta a fheabhsú ar fud na mBallstát chun deiseanna do shaoránaigh an Aontais a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil a fheabhsú.

Déanfar an dul chun cinn i ndáil leis an gcuspóir oibríochtúil sin a bhaint amach a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

– líon na n-eagraíochtaí deimhnithe sallchuir;

– na caighdeáin maidir le bainistíocht Shaorálaithe Cabhrach an AE a scaipeadh agus a mhacasamhlú trí scéimeanna saorálaíochta eile.

2.           Úsáidfear na táscairí dá dtagraítear i mír 1(a) go (e) chun faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht, de réir mar is cuí. Tá siad táscach agus féadfar iad a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25 chun taithí ón tomhais ar dhul chun cinn a chur san áireamh.

CAIBIDIL II           GNÍOMHAÍOCHTAÍ SHAORÁLAITHE CABHRACH AN AE

Airteagal 8             Gníomhaíochtaí Shaorálaithe Cabhrach an AE

Saothróidh Saorálaithe Cabhrach an AE na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 7 trí bhíthin na ngníomhaíochtaí seo a leanas:

– Caighdeáin i ndáil leis na saorálaithe is iarrthóirí agus Saorálaithe Cabhrach an AE a fhorbairt agus a chothabháil;

– Sásra deimhniúcháin le haghaidh eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochtaí a fhorbairt agus a chothabháil;

– Saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú;

– Clár oiliúna agus tacaíocht le haghaidh oiliúna agus socrúchán printíseachta a bhunú;

– Clár de Shaorálaithe Cabhrach an AE a bhunú, a chothabháil agus a thabhairt chun dáta;

– Saorálaithe Cabhrach an AE a imlonnú i dtríú tíortha le haghaidh gníomhaíochtaí agus oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil;

– Acmhainn ósteagraíochtaí a fhorbairt;

– Líonra Shaorálaithe Cabhrach an AE a bhunú agus a bhainistiú;

– Cumarsáid, ardú feasachta agus infheictheacht;

– Gníomhaíocht choimhdeach a chuireann le cuntasacht, trédhearcacht agus éifeachtacht Shaorálaithe Cabhrach an AE.

Airteagal 9 Caighdeáin a bhaineann le saorálaithe is iarrthóirí agus Saorálaithe Cabhrach an AE

1.           Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 25 chun caighdeáin a bhunú maidir leis an méid seo a leanas:

(a) saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint, a roghnú agus a ullmhú lena n-imlonnú in oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil;

(b) Saorálaithe Cabhrach an AE a bhainistiú agus a imlonnú i dtríú tíortha.

2.           Leis na caighdeáin sin, áiritheofar dualgas cúraim agus cumhdófar go háirithe freagrachtaí na n‑eagraíochtaí sallchuir agus na n-ósteagraíochtaí, na híosriachtanais maidir le cumhdach cothaithe, lóistín agus costais ábhartha eile, cumhdach árachais, nósanna imeachta slándála agus eilimintí ábhartha eile.

Airteagal 10 Deimhniúchán

1.           Bunóidh an Coimisiún sásra deimhniúcháin lena n-áireofar go gcomhlíonfaidh eagraíochtaí sallchuir na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 9, agus bunóidh sé sásra deimhniúcháin difreáilte le haghaidh ósteagraíochtaí.

2.           Beidh eagraíochtaí sallchuir incháilithe do dheimhniúchán, má tá siad gníomhach i réimse na cabhrach daonnúla mar atá sainmhínithe in Airteagal 5(d) agus má bhaineann siad le haon cheann de na catagóirí seo a leanas:

(a) Eagraíochtaí neamhrialtasacha seachbhrabúsacha arna mbunú i gcomhréir le dlí Ballstáit a bhfuil a cheanncheathrú lonnaithe laistigh den Aontas;

(b) Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge (CICD), agus Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn Náisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg;

(c) Comhlachtaí dlí phoiblí arna rialú ag dlí Ballstáit.

Beidh eagraíochtaí neamhrialtasacha seachbhrabúsacha agus comhlachtaí dlí phoiblí arna mbunú sna tíortha dá dtagraítear in Airteagal 23 incháilithe freisin le haghaidh deimhniúcháin faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Airteagal sin agus i gcomhréir leis na comhaontuithe arna lua ann.

3.           Beidh eagraíochtaí i dtríú tíortha a chloíonn leis na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(b) incháilithe le bheith ina n-ósteagraíochtaí má tá siad gníomhach i réimse na cabhrach daonnúla mar atá sainmhínithe in Airteagal 5(d) agus má bhaineann siad le haon cheann de na catagóirí seo a leanas:

(a) Eagraíochtaí neamhrialtasacha seachbhrabúsacha atá bunaithe nó a oibríonn i dtríú tír de réir na ndlíthe atá i bhfeidhm sa tír sin;

(b) Comhlachtaí dlí phoiblí arna rialú ag dlí tríú tír;

(c) Gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

4.           Gan dochar do na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochtaí gníomhaíochtaí de chuid Shaorálaithe Cabhrach an AE a chur chun feidhme i gcomhar le heagraíochtaí príobháideacha brabúsacha.

5.           Glacfar feidhmiú agus rialacha mionsonraithe na sásraí deimhniúcháin trí ghníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Airteagal 11 Saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú

1.           Tá saoránaigh an Aontais, náisiúnaigh tríú tíortha ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad i mBallstát den Aontas, agus saoránaigh ó na tíortha agus ó na heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) faoi na coinníollacha a luaitear san airteagal sin, atá 18 mbliana d'aois nó níos mó, tá siad incháilithe le hiarratas a dhéanamh ar a bheith ina saorálaithe is iarrthóirí.

2.           Ar bhonn réamh-mheasúnú arna dhéanamh ag eagraíochtaí sallchuir nó ósteagraíochtaí nó gníomhaithe ábhartha eile ar na riachtanais i dtríú tíortha, féadfaidh eagraíochtaí deimhnithe sallchuir na saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú le haghaidh oiliúna.

3.           Déanfar saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú i gcomhréir leis na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a).

Airteagal 12 Oiliúint do shaorálaithe is iarrthóirí agus socrúcháin printíseachta

1.           Bunóidh an Coimisiún clár oiliúna chun na saorálaithe is iarrthóirí a ullmhú le tabhairt faoi ghníomhaíochtaí daonnúla agus le himlonnú in oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil.

2.           Beidh saorálaithe is iarrthóirí a sainaithníodh agus a roghnaíodh i gcomhréir le hAirteagal 11 incháilithe le bheith rannpháirteach sa chlár oiliúna. Cinnfear raon feidhme agus ábhar na hoiliúna nach mór do gach saorálaí is iarrthóir a dhéanamh ar bhonn a riachtanas féin, ag cur san áireamh an taithí atá acu féin.

3.           Mar chuid dá n-oiliúint agus go háirithe mar ullmhúchán lena n-imlonnú, féadfaidh na saorálaithe is iarrthóirí tabhairt faoi shocrúcháin printíseachta in eagraíochtaí deimhnithe sallchuir, i dtír seachas a dtír tionscnaimh féin nuair is féidir.

4.           Gan dochar do mhír 3, i gcás saorálaithe is iarrthóirí nach dtairbhíonn de shocrúchán printíseachta, féadfaidh eagraíochtaí deimnithe sallchuir iad a ullmhú roimh an imlonnú, nuair is iomchuí. Comhlíonfaidh an t‑ullmhúchán agus an socrúchán printíseachta sin na caighdeáin maidir le hullmhúchán dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a).

5.           Áireofar sa chlár oiliúna measúnú ar a ullaimhe is atá na saorálaithe is iarrthóirí le himlonnú in oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil.

6.           Glacfar rialacha mionsonraithe an chláir oiliúna agus an nós imeachta maidir le measúnú ar a ullaimhe is atá na saorálaithe is iarrthóirí atá le himlonnú trí ghníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 24(2)

Airteagal 13 Clár de Shaorálaithe Cabhrach an AE

1.           Measfar gur Saorálaithe Cabhrach an AE iad na saorálaithe is iarrthóirí ar éirigh leo sa mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 12(5). Dá bhrí sin, féadfar iad a áireamh sa Chlár de Shaorálaithe Cabhrach an AE (dá ngairtear 'an Clár' anseo feasta) agus beidh siad incháilithe le haghaidh imlonnú.

2.           Déanfaidh an Coimisiún an Clár a bhunú, a chothabháil agus a thabhairt chun dáta, agus rialóidh sé rochtain ar an gClár agus a úsáid.

Airteagal 14 Saorálaithe Cabhrach an AE a imlonnú i dtríú tíortha

1.           Féadfar Saorálaithe Cabhrach an AE atá sa Chlár a imlonnú i ngníomhaíochtaí agus in oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil mar atá sainmhínithe in Airteagal 5(d) ar na bealaí seo a leanas:

(a) féadfaidh eagraíochtaí deimhnithe sallchuir iad a imlonnú chuig ósteagraíochtaí i dtríú tíortha, nó

(b) féadfaidh an Coimisiún iad a imlonnú chuig oifigí allamuigh um chabhair dhaonnúil an Choimisiúin, nó chuig oibríochtaí freagartha i dtríú tíortha.

2.           I gcás an imlonnaithe dá dtagraítear i mír 1(a), áiritheoidh eagraíochtaí deimhnithe sallchuir go gcomhlíontar na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 9.

3.           Leagfar téarmaí sonracha imlonnaithe saorálaithe amach i gconradh idir na heagraíochtaí sallchuir agus an saorálaí, lena n-áirítear fad agus ionad an imlonnaithe agus cúraimí an saorálaí.

4.           I gcás an imlonnaithe dá dtagraítear i mír 1(b), síneoidh an Coimisiún 'conradh imlonnaithe do shaorálaithe' leis na saorálaithe, ina saineofar téarmaí agus coinníollacha sonracha an imlonnaithe. Ní thabharfaidh na conarthaí imlonnaithe do shaorálaithe na cearta ná na hoibleagáidí a thig as 'Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh' agus as 'Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh' don saorálaí.

Airteagal 15 Acmhainn ósteagraíochtaí a fhorbairt

Tacóidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí atá dírithe ar acmhainn ósteagraíochtaí a fhorbairt chun éifeachtacht Shaorálaithe Cabhrach an AE agus inbhuanaitheacht a gcuid oibre a áirithiú, lena n‑áirítear:

(c) oiliúint i mbainistiú saorálaithe, cóitseáil, ullmhúchán le haghaidh tubaistí agus freagairt ar thubaistí agus réimsí ábhartha eile le haghaidh foirne agus saorálaithe ó ósteagraíochtaí;

(d) dea-chleachtais a mhalartú, cúnamh teicniúil, cláir nasctha agus malartú foirne agus saorálaithe, líonraí a chruthú agus gníomhaíochtaí ábhartha eile chun bainistiú Shaorálaithe Cabhrach an AE a fheabhsú i dtríú tíortha agus chun spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do shaorálaíocht ar ardcháilíocht i dtríú tíortha.

Airteagal 16 Líonra Shaorálaithe Cabhrach an AE

1.           Déanfaidh an Coimisiún Líonra Shaorálaithe Cabhrach an AE (dá ngairtear 'an Líonra' anseo feasta) a bhunú agus a bhainistiú.

2.           Éascóidh an Líonra idirghníomhaíocht i measc saorálaithe is iarrthóirí agus Saorálaithe Cabhrach an AE atá rannpháirteach nó a bhí rannpháirteach sa tionscnamh; idir na saorálaithe sin agus tairbhithe eile de Shaorálaithe Cabhrach an AE , go háirithe iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 15; agus i measc gníomhaithe ábhartha eile. Cuirfidh sé ar fáil deiseanna le haghaidh idirghníomhaíochta fíorúla, go háirithe trí eolas a roinnt agus trí fhaisnéis a scaipeadh i ndáil le tionscnamh Shaorálaithe Cabhrach an AE; agus tacóidh sé le gníomhaíochtaí iomchuí eile amhail seimineáir agus ceardlanna.

3.           Déanfaidh an Líonra freisin deiseanna a sholáthar agus a chur chun cinn maidir le saorálaíocht ar líne chun gníomhaíochtaí Shaorálaithe Cabhrach an AE a chomhlánú agus a dhaingniú.

Airteagal 17 Cumarsáid, ardú feasachta agus infheictheacht

1.           Tacóidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí i ndáil le faisnéis phoiblí, cumarsáid agus ardú feasachta chun tionscnamh Shaorálaithe Cabhrach an AE a chur chun cinn agus chun saorálaíocht i gcabhair dhaonnúil a spreagadh laistigh den Aontas agus sna tríú tíortha a thairbhíonn dá ghníomhaíochtaí.

2.           Forbróidh an Coimisiún plean gníomhaíochta faisnéise agus cumarsáide i ndáil le cuspóirí, gníomhaíochtaí agus torthaí Shaorálaithe Cabhrach an AE ina ndéanfar gníomhaíochtaí cumarsáide agus scaipthe a shainiú don phobal, go háirithe do shaoránaigh Eorpacha, agus a bheidh dírithe ar shaorálaithe is iarrthóirí a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus ar thairbhithe ghníomhaíochtaí Shaorálaithe Cabhrach an AE. Cuirfidh tairbhithe Shaorálaithe Cabhrach an AE ar fad, go háirithe eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochta, an plean gníomhaíochta seo chun feidhme.

3.           Beidh Saorálaithe Cabhrach an AE, nuair is gá agus le cúnamh agus treoir ó na heagraíochtaí sallchuir agus ó na hósteagraíochtaí, rannpháirteach i ngníomhaíochtaí cuí faisnéise, cumarsáide agus ardaithe feasachta roimh imlonnú, le linn imlonnú agus ina dhiaidh chun Saorálaithe Cabhrach an AE agus an bhaint atá acu leis an gCór a chur chun cinn. Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí sin a shainiú, ach ní chuirfidh siad oibleagáidí díréireacha ar na saorálaithe.

CAIBIDIL III Forálacha airgeadais

Airteagal 18 Gníomhaíochtaí incháilithe

1.           Beidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 incháilithe le haghaidh cúnaimh airgeadais, lena n-áirítear na bearta is gá lena gcur chun feidhme mar aon le bearta atá dírithe ar an gcomhordú idir tionscnamh Shaorálaithe Cabhrach an AE agus scéimeanna ábhartha eile a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.

2.           Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear i mír 1 costais eile a chumhdach freisin, costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun tionscnamh Shaorálaithe Cabhrach an AE a bhainistiú agus chun a chuid cuspóirí a bhaint amach.

3.           Féadfaidh an caiteachas sin, go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais sa mhéad is go mbaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, a chumhdach mar aon le costais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise (lena n-áirítear idirnascadh le córais atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo agus a ceapadh chun malartú sonraí trasearnála a chur chun cinn, agus trealamh bainteach), agus na costais cúnaimh riaracháin agus theicniúil eile ar fad arna dtabhú ag an gCoimisiún.

Airteagal 19 Tairbhithe airgeadais

Féadfar cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo a dheonú ar dhaoine nádúrtha agus ar dhaoine dlítheanacha cibé acu atá siad á rialú ag dlí príobháideach nó poiblí, agus measfar iad a bheith ina dtairbhithe airgeadais ina dhiaidh sin de réir bhí Rialachán Airgeadais XX/2012.

Airteagal 20 Acmhainní buiséadacha

Is é EUR 239 100 000 ag praghsanna reatha a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse ó 2014 go 2020. Más gá, d'fhéadfaí leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2020 chun speansais chosúla a chumhdach, chun bainistiú gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2020 a chumasú.

Airteagal 21 Cineálacha idirghabhála airgeadais agus nósanna imeachta cur chun feidhme

1.           Cuirfidh an Coimisiún cúnamh airgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán Airgeadais XX/2012 is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.

2.           D'fhéadfadh cúnamh airgeadais arna dheonú faoin Rialachán seo bheith i bhfoirm ar bith dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais.

3.           Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún clár oibre bliantúil thionscnamh Shaorálaithe Cabhrach an AE i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 24 (2). Leagfar amach ann na cuspóirí a bheidh le saothrú, na torthaí a bhfuil súil leo, an modh cur chun feidhme agus an méid iomlán. Cuimseofar ann freisin tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú, léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht agus tráthchlár táscach cur chun feidhme. I gcás deontas, áireofar na tosaíochtaí, na critéir riachtanacha mheastóireachta agus an t‑uasráta cómhaoinithe.

4.           Féadfaidh an Coimisiún an breisluach agus na buntáistí a bhaineann le Ciste Iontaobhais an AE a chruthú ó thaobh na báinistíochta de a mheas.

Airteagal 22 Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.           Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha a chur i bhfeidhm.

2.           Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

3.           Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú ón Aontas.

4.           Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2, le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, comhaontuithe deontais, cinntí deontais agus conarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, tabharfar cumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

CAIBIDIL IV FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 23 Comhar le tíortha eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.           Beidh Saorálaithe Cabhrach an AE oscailte do rannpháirtíocht saoránach agus eagraíochtaí sallchuir ó na háiteanna seo a leanas:

(a) tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí, tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta Bheartas Comharsanachta na hEorpa i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais atá bunaithe sna Creat‑Chomhaontuithe ábhartha agus sna Cinntí ábhartha ó na Comhairlí Comhlachais, nó i socruithe eile cosúil leo sin;

(b) saoránaigh agus eagraíochtaí sallchuir ó thíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Chomhaontú ar an LEE;

(c) saoránaigh agus eagraíochtaí sallchuir ó thíortha Eorpacha eile, faoi réir comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tíortha sin.

(d) baill foirne ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhlíonann na critéir incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal 11(1).

2.           Beidh an comhar sin, i gcás inar ábhartha, bunaithe ar leithreasuithe breise ó na tíortha rannpháirteacha sin a bheidh le cur ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bheidh le comhaontú leis na tíortha sin.

Airteagal 24 Nós imeachta coiste

1.           Beidh an coiste arna bhunú faoi Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 maidir le cabhair dhaonnúil de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 25 Feidhmiú na gcumhachtaí arna dtarmligean chuig an gCoimisiún

1.           Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.           Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus Airteagal 9 don Choimisiún ar feadh tréimhse 7 bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta a chúlghairm am ar bith. Cuirfear deireadh leis an tarmligean cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin trí bhíthin cinnidh cúlghairme. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh i bhfeidhm ach i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, i gcás inar chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 26 Faireachán agus meastóireacht

1.           Déanfar faireachán ar ghníomhaíochtaí a fhaigheann cúnamh airgeadais go rialta chun a gcur chun feidhme a mheas, agus déanfar meastóireacht orthu go rialta trí mheastóireacht sheachtrach neamhspleách chun an éifeachtúlacht, an éifeachtacht agus a dtionchar a mheasúnú i bhfianaise chuspóirí Shaorálaithe Cabhrach an AE. Áireofar san fhaireachán agus sa mheastóireacht sin na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 5 agus gníomhaíochtaí eile maidir le gnéithe sonracha an Rialacháin seo ar féidir iad a lainseáil tráth ar bith le linn a chur chun feidhme.

2.           Sa tréimhse mheastóireachta, áiritheoidh an Coimisiún go rachfar i gcomhairle go rialta leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n‑áirítear saorálaithe, eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochtaí, an pobal áitiúil a fhaigheann cúnamh, eagraíochtaí daonnúla agus oibrithe sa réimse sin. Úsáidfear torthaí na meastóireachta mar aiseolas chun athruithe a dhéanamh ar dhearadh an chláir agus ar leithdháileadh acmhainní.

3.           Beidh eagraíochtaí sallchuir a imlonnaíonn saorálaithe in oibríochtaí lasmuigh den Aontas, beidh siad freagrach as faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí agus cuirfidh siad tuarascálacha faireacháin faoi bhráid an Choimisiúin go rialta.

4.           Cuirfidh an Coimisiún an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (EEAS) agus Toscaireachtaí an AE ar an eolas go rialta faoi ghníomhaíochtaí Shaorálaithe Cabhrach an AE i gcomhréir leis na comhaontuithe ábhartha oibre.

5.           Cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle:

(a) tuarascáil mheastóireachta eatramhach ar na torthaí a fuarthas agus ar ghnéithe cáilíochta agus cainníochtúla chur chun feidhme an Rialacháin seo le linn an chéad trí bliana dá chur chun feidhme tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2017;

(b) Teachtaireacht faoi chur chun feidhme leanúnach an Rialacháin seo tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2018;

(c) tuarascáil mheastóireachta ex-post tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2021.

Beidh tograí le haghaidh leasú an Rialacháin seo ag gabháil le conclúidí na dtuarascálacha, más iomchuí.

CAIBIDIL V FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 27 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

[gabhann an fhoirm seo le gach aon togra nó tionscnamh a thíolactar don údarás reachtach

(Airteagal 28 den Rialachán Airgeadais agus Airteagal 22 de na rialacha cur chun feidhme)]

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Na forais atá leis an togra/tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[27]

Réimsí beartais lena mbaineann agus aon Ghníomhaíochtaí gaolmhara:

Réimse beartais 23 Cabhair Dhaonnúil

23 02 04 – Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[28]

¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Teideal 4 – an Eoraip Dhomhanda

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir Sonrach Uimh. 1

Cumas an Aontais chun cabhair dhaonnúil a sholáthar a mhéadú agus a fheabhsú.

Cuspóir Sonrach Uimh. 2

Feabhsú scileanna agus inniúlachtaí na saorálaithe i réimse na cabhrach daonnúla agus na coinníollacha faoina n‑oibríonn siad.

Cuspóir Sonrach Uimh. 3

Cur le hacmhainn ósteagraíochtaí agus taobhú le saorálú i dtríú tíortha.

Cuspóir Sonrach Uimh. 4

Infheictheacht luachanna an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil a chur chun cinn.

Cuspóir Sonrach Uimh. 5

Cur le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na saorálaíochta ar fud na mBallstát chun deiseanna do shaoránaigh chun a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus oibríochtaí daonnúla a fheabhsú.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

23 02 04 – Saorálaithe Cabhrach an AE (Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil).

1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Sa togra déanfar:

- Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (Saorálaithe Cabhrach an AE) a bhunú mar chreat chun go bhféadfadh saorálaithe Eorpacha rannchuidiú go comhpháirteach in oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil;

- díreofar ar chur le hacmhainn an Aontais déileáil le géarchéimeanna daonnúla, eolas agus taithí a mhéadú agus infheictheacht a thabhairt do luachanna an Aontais maidir le luachanna daonnúla agus dlúthpháirtíocht le híospartaigh ó thubaistí de dhéanamh an duine agus géarchéimeanna de dhéanamh an duine i dtríú tíortha;

- freagrófar do riachtanais na bpobal atá soghonta nó atá buailte agus cuideofar le hacmhainn i dtríú tíortha agus athléimneacht ó thubaistí a fhorbairt;

- cloífear le prionsabail dhaonnacht, neamh‑idirdhealú, neodracht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas na cabhrach daonnúla agus díreofar ar chur le soláthar na cabhrach daonnúla a ghairmiúlú;

- áiritheofar gur tosaíochtaí iad sábháilteacht agus slándáil Shaorálaithe Cabhrach an AE;

- imlonnófar Saorálaithe Cabhrach an AE i dtríú tíortha ach gan fostaíocht áitiúil ná saorálaíocht áitiúil a phlódú;

1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

–          Líon Shaorálaithe Cabhrach an AE atá imlonnaithe cheana nó réidh le himlonnú;

–          Líon na ndaoine a sroicheadh leis an gcabhair dhaonnúil arna soláthar ag an Aontas;

–          Líon na saorálaithe oilte agus cáilíocht na hoiliúna ar bhonn athbhreithnithe piaraí agus an leibhéil sástachta;

–          Líon na n‑eagraíochtaí deimhnithe sallchuir a chuireann na caighdeáin maidir le himlonnú agus bainistiú Shaorálaithe Cabhrach an AE i bhfeidhm;

–          Líon agus cineál gníomhaíochtaí forbartha acmhainne;

–          Líon ball foirne agus saorálaithe ó thríú tír atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí forbartha acmhainne;

–          Leibhéal eolais Shaorálaithe Cabhrach an AE faoi chabhair dhaonnúil an AE;

–          An leibhéal feasachta faoin Chór Saorálach Daonnúil i measc an phobail ar a bhfuiltear ag díriú orthu san Aontas, na pobail tríú tíre atá rannpháirteach agus a thairbhíonn den chabhair sin agus gníomhaithe daonnúla eile.

–          Na caighdeáin maidir le bainistiú Shaorálaithe Cabhrach an AE a scaipeadh agus a mhacasamhlú trí scéimeanna saorálaíochta eile .

1.5.        Na forais atá leis an togra/tionscnamh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

In Airteagal 214.5 de Chonradh Liospóin déantar foráil maidir leis an méid seo a leanas:

“D'fhonn creat a bhunú chun go bhféadfaidh Eorpaigh óga rannchuidiú go comhpháirteach le hoibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil an Aontais, cuirfear ar bun Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil. Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha agus na nósanna imeachta d'oibriú an Chóir.”

Teachtaireacht “Conas dlúthpháirtíocht shaoránaigh an AE a léiriú trí shaorálaíocht: An chéad mhachnamh maidir le Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil", COM(2010)683.

Conclúidí na Comhairle a glacadh i mBealtaine 2011

Dearbhú i Scríbhinn ó PE i Samhain 2011

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Tagann breisluach AE i bhfoirm an méid seo a leanas:

(a) gné Eorpach agus thrasnáisiúnta Shaorálaithe Cabhrach an AE a thugann saoránaigh de chuid an Aontais le chéile ó Bhallstáit éagsúla le rannchuidiú go comhpháirteach in oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil;

(b) comhar trasnáisiúnta idir eagraíochtaí agus geallsealbhóirí cabhrach daonnúla a chothú i gcur chun feidhme gníomhaíochtaí an Chóir;

(c) barainneachtaí scála agus éifeachtaí a chur san áireamh trí chomhlántachtaí agus sineirgíochtaí le cláir agus beartais ábhartha eile náisiúnta, idirnáisiúnta agus Aontais;

(d) ag déanamh foráil maidir le léiriú suntasach ar na luachanna Eorpacha go ginearálta agus go háirithe dlúthpháirtíocht an Aontais agus a shaoránaigh leis na daoine is soghonta agus is mó atá i ngátar;

(e) cuidiú le saoránacht ghníomhach an Aontais Eorpaigh a threisiú trí shaoránaigh an Aontais atá ar aois dhifriúil agus ó chúlraí éagsúla sóisialta, oideachais agus gairmiúla a chumasú páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí cabhrach daonnúla;

1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

Tógann na tograí seo ar an méid seo a leanas:

- an taithí a fuarthas de thoradh treoirthionscadal a maoiníodh faoi chuimsiú na nglaonna a lainseáladh in 2011 agus 2012 faoi seach “ Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil – glao ar thogra le haghaidh treoirthionscadal”;

- athbhreithniú maidir le Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil a bhunú;

Teachtaireacht ón gCoimisiún “Conas dlúthpháirtíocht shaoránaigh an AE a léiriú trí shaorálaíocht: An chéad mhachnamh maidir le Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil", COM(2010)683.

1.5.4.     Comhleanúnachas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

Comhsheasmhacht le:

- Airteagal 215.4 den Chonradh;

Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil

- Bearta a fhaigheann cabhair airgeadais faoin Rialachán seo, ní bhfaighidh siad cúnamh ó ionstraimí airgeadais eile an Aontais.

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfaidh na hiarrthóirí ar chúnamh airgeadais faoin Rialachán seo agus na tairbhithe airgeadais a fhaigheann an cúnamh sin faisnéis a sholáthar dó faoi chúnamh airgeadais arna fháil ó fhoinsí eile, lena n‑áirítear buiséad ginearálta an Aontais, agus faoi iarratais leanúnacha ar an gcúnamh sin.

Féachfar le sineirgíochtaí agus comhlántachtaí a bhaint amach i ndáil le hionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais.

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

¨      Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

– ¨  Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

– ¨  Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Forálacha airgeadais ar feadh tréimhse theoranta:

Cumhdaíonn an leithdháileadh buiséid tréimhse ón 1/1/2014 go 31/12/2020

Tionchar airgeadais ó 1/1/2014 go 31/12/2020 (íocaíochtaí go dtí 31/12/2023)

1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[29]

X Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

X Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– X  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– ¨  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[30]

– ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

D’fhéadfaí an clár a chur chun feidhme cibé acu go díreach tríd an gCoimisiún (DG ECHO) tríd an modh bainistíochta dírí láraithe, nó trí gníomhaireacht feidhmiúcháin (modh bainistíochta indírí). Fanann an dá rogha seo ar oscailt agus déanfar cinneadh in am is i dtráth.

Beidh Saorálaithe Cabhrach an AE oscailte do rannpháirteachas na dtíortha seo a leanas:

(a) saoránaigh agus eagraíochtaí sallchuir ó thíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí, tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta Bheartas Comharsanachta na hEorpa i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirteachas na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna Creat‑Chomhaontuithe ábhartha agus sna Cinntí ábhartha ó Chomhairlí Comhlachais, nó i socruithe cosúla;

(b) saoránaigh agus eagraíochtaí sallchuir ó thíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i gComhaontú LEE;

(c) saoránaigh agus eagraíochtaí sallchuir ó thíortha Eorpacha eile, faoi réir comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tíortha sin.

(d) baill foirne ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhlíonann na critéir incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal 11(1).

2.         Beidh an comhar seo, i gcás inar ábhartha, bunaithe ar leithreasuithe breise ó na tíortha rannpháirteacha a bheidh le cur ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bheidh le comhaontú leis na tíortha seo.

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic, agus na coinníollacha.

Déanfar faireachán ar bhearta a fhaigheann cúnamh airgeadais go rialta chun a gcur chun feidhme a mheas, agus déanfar meastóireacht orthu go rialta trí mheastóireacht sheachtrach neamhspleách chun an éifeachtúlacht, an éifeachtacht agus a dtionchar a mheasúnú i bhfianaise chuspóirí Shaorálaithe Cabhrach an AE agus a bhreisluach AE. San fhaireachán sin áireofar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 25(5) agus gníomhaíochtaí eile maidir le gnéithe sonracha an Rialacháin seo ar féidir iad a lainseáil tráth ar bith le linn a chur chun feidhme.

Sa tréimhse mheasóireachta, áiritheoidh an Coimisiún go rachfar i gcomhairle go rialta leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n‑áirítear saorálaithe, eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochtaí, eagraíochtaí daonnúla agus oibrithe sa réimse. Úsáidfear torthaí na meastóireachta mar aiseolas chun athruithe a dhéanamh ar dhearadh an chláir agus leithdháileadh acmhainní.

Beidh eagraíochtaí sallchuir a imlonnaíonn saorálaithe in oibríochtaí lasmuigh den Aontas, beidh siad freagrach as faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí agus cuirfidh siad tuarascálacha faireacháin faoi bhráid an Choimisiúin go rialta.

Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle:

(a) tuarascáil mheastóireacht eatramhach ar thorthaí a fuarthas agus ar ghnéithe cáilíochta agus cainníochtúla chur chun feidhme an Rialacháin seo le linn an chéad trí bliana dá chur chun feidhme tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2017;

(b) Teachtaireacht faoi chur chun feidhme leanúnach an Rialacháin sin tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2018;

(c) tuarascáil mheastóireachta ex-post tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2021.

Beidh tograí le haghaidh leasú an Rialacháin seo ag gabháil le conclúidí na dtuarascálacha, más cuí.

Cuirfidh an Coimisiún a tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (EEAS) agus Toscaireachtaí an AE ar an eolas go rialta faoi ghníomhaíochtaí Shaorálaithe Cabhrach an AE.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh

D’fhéadfaí an clár a chur chun feidhme cibé acu go díreach trí DG ECHO (bainistíocht dhíreach láraithe) nó trí Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin atá ann cheana (bainistíocht indíreach láraithe) agus cuimseofar leis leithdháileadh deontas agus conarthaí seirbhísí.

Sa dá chás, rinneadh na rioscaí seo a leanas a shainaithint:

(a) Rioscaí a bhaineann le hacmhainn eagraíochtaí comhpháirtíochta (go háirithe Eagraíochtaí Neamhrialtasacha beaga) a struchtúir eagraíochtúla a oiriúnú go hinmheánach chun freagairt d’oibleagáidí conarthacha airgeadais agus feidhmíochta;

(b) Sriantachtaí slándála agus rochtana a dhíorthaíonn ó chur chun feidhme gníomhaíochtaí i réigiúin armtha agus/nó a bhfuil sé deacair rochtain a fháil orthu, rud a d’fhéadfadh iomláine coirp lucht a gcur chun feidhme (saorálaithe) a chur i mbaol agus tionchar a imirt ar bhaint amach na gcuspóirí oibríochtúla;

(c) Riosca do chlú an Choimisiúin atá nasctha leis an riosca bunúsach go n‑úsáidfí cistí go calaoiseach.

Má roghnaítear gníomhaireacht feidhmiúcháin a úsáid, d’fhéadfaidh riosca breise a bheith ann maidir le:

(d) teipeanna comhordúcháin le gníomhaireacht feidhmiúcháin ceal sainmhínithe shoiléir ar na teorainneacha freagrachta sa bhainistíocht agus ceal rialaithe cúraimí a tharmligtear don ghníomhaireacht feidhmiúcháin.

Táthar ag súil go laghdófar na rioscaí sin agus, ar aon nós, beidh siad faoi réir faireacháin dhéin. Mar shampla, cuirfear bearta simpliúcháin i bhfeidhm, i gcomhlíonadh an Rialacháin Airgeadais athbhreithnithe, (e.g. úsáid bhreise cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe).

I bhfianaise na rátaí earráide sainaitheanta i rith na dtrí bliana deiridh, fanfaidh an ráta ionchasach earráide faoi bhun 2 % i gcás bainistíochta dírí láraithe arna déanamh ag DG ECHO.

Fad is a bhaineann le cur chun feidhme trí ghníomhaireacht feidhmiúcháin, ag glacadh le ráta domhanda earráide gníomhaireachta (mar shampla thíolaic gníomhaireacht feidhmiúcháin EACEA ráta earráide de 0.81 % ina tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil don bhliain 2011) táthar ag súil go mbeidh an leibhéal neamhchomhlíonta faoi bhun 2 %.

2.2.2.     Modhanna rialaithe atá beartaithe

Fad is a bhaineann le bainistíocht dhíreach láraithe, beidh feidhm ag struchtúr ginearálta rialaithe DG ECHO. Díreoidh an rialú ar chomhlíonadh agus éifeachtacht nósanna imeachta riaracháin, oibríochtúla agus airgeadais atá ar bun agus ar urramú na reachtaíochta atá i bhfeidhm. Tiocfaidh siadsan faoi raon feidhme Inniúlacht Iniúchta Inmheánach DG ECHO (IAC) freisin.

Sa bhreis air sin, beidh deontais agus conarthaí arna mbronnadh faoin Ionstraim faoi réir iniúchta ex‑post ó Earnáil Iniúchta Inmheánaí DG ECHO agus faoi réir meastóireachta arna déanamh ag comhpháirtithe seachtracha. Mar is iondúil, is féidir bearta a bheith faoi réir iniúchtaí agus imscrúduithe ón tSeirbhís Iniúchta Inmheánach (IAS), ón gCúirt Iniúchóirí agus ó OLAF. I bhfianaise figiúirí ó 2011 beidh costas ionchais rialú DG ECHO idir 2.7 % agus 3.1 %.

I gcás cur chun feidhme trí ghníomhaireacht feidhmiúcháin, déanfaidh an Coimisiún na bearta rialaithe a cheanglaítear ar ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 59 den Rialachán Airgeadais agus le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí feidhmiúcháin. Sa bhreis air sin, rialóidh an Coimisiún a mhéid a shaothróidh an ghníomhaireacht feidhmiúcháin cuspóirí iomchuí rialaithe maidir leis na bearta a chuirfear de chúram uirthi a bhainistiú agus déanfaidh sé faireachán ar an méid sin. Comhtháthófar an mhaoirseacht i dtéarmaí an chomhair idir an mháthair-DG agus an ghníomhaireacht feidhmiúcháin agus i dtuairisciú leathbhliantúil na gníomhaireachta.

Is iad príomhghnéithe chóras rialaithe inmheánaigh gníomhaireachta feidhmiúcháin (bunaithe ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA) an méid seo a leanas:

(a) Ciorcaid airgeadais agus leithscaradh dualgas;

(b) Rialú incháilitheachta costas trí rialuithe ex-ante (athbhreithnithe deisce, misin faireacháin);

(c) Nós imeachta maoirseachta;

(d) Bearta simpliúcháin agus comhchuibhithe a chuirtear chun feidhme laistigh den chlár céanna agus idir cláir éagsúla (comhroinnt dea-chleachtas);

(e) Úsáid cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe i gcás sraitheanna/beart áirithe;

(f) Tuairisciú ar bhainistíocht (míosúil, ráithiúil agus bliantúil cosúil le tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta (AAR);

(g) Rialú ex-ante láraithe i gcás soláthair phoiblí, glaonna ar thograí agus comhaontuithe deontais;

(h) Inniúlacht iniúchta inmheánaigh.

Tá gníomhaíochtaí na gníomhaireachta feidhmiúcháin faoi réir iniúchtaí agus imscrúduithe ón tSeirbhís Iniúchta Inmheánaigh (IAS), ón gCúirt Iniúchóirí agus ó OLAF.

Maidir le costas rialuithe, bunófar an meastachán orthu ar an seantaithí a fuair gníomhaireacht feidhmiúcháin EACEA. Thug an EACEA meastachán ar chostas rialaithe dhá chlár atá le cur chun feidhme sa tréimhse 2014‑2020: De réir na bhfigiúirí a tíolacadh sa tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta 2011, is ionann costas measta rialuithe agus 2.8 % agus 2.9 % de bhuiséad an dá chlár. Trí na torthaí céanna a chur i bhfeidhm, bheadh an costas measta rialaithe le haghaidh bhunú Shaorálaithe Cabhrach an AE idir EUR 6.7 milliún agus EUR 6.9 milliún don tréimhse 2014-2020.

I ndáil le DG ECHO, meastar gurbh ionann an costas rialaithe a bhaineann lena ról mar mháthair-Ard-Stiúrthóireacht agus tuairim is EUR 210 míle, arb ionann é agus 0.1 % den bhuiséad. D’fhéadfaí earráidí ábhartha a sheachaint (>2%) ach na rialuithe sin a chur chun feidhme, mar aon le héifeacht dóchúil na simplithe nua sa Rialacháin Airgeadais.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Ceapfaidh DG ECHO a straitéis frithchalaoise tuilleadh i gcomhréir le straitéis frithchalaoise nua an Choimisiúin (CAFS) a glacadh ar an 24 Meitheamh 2011 d’fhonn a áirithiú inter alia:

go bhfuil rialuithe inmheánacha DG ECHO maidir le frithchalaois ar comhréim go hiomlán leis an CAFS;

go bhfuil cur chuige DG ECHO maidir le bainistíocht riosca calaoise dírithe ar réimsí riosca calaoise agus ar fhreagairtí imleora a shainaithint;

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh.

D’fhonn tuilleadh calaoise agus neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú, tá sé beartaithe na bearta seo a leanas a ghlacadh:

Tá cosc ar chalaois agus neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann á mheas cheana féin agus an clár á bhunú, trí rialacha a shimpliú agus úsáid níos forleithne a bhaint as rátaí comhréidhe agus cnapshuimeanna.

- Déanfar seiceáil chórasach ar chistiú dúbailte féideartha agus déanfar tairbhithe roinnt deontas a aithint.

Cuirfear iniúchtaí ad-hoc chun feidhme nuair atá imní thromchúiseach ann i dtéarmaí neamhrialtachtaí nó calaois amhrasta.

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas  caiteachais || Ranníocaíocht

An Eoraip Dhomhanda || LD/LN[31] || ó thíortha CSTE[32] || ó thíortha is iarrthóirí[33] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

4 || 23 02 04 (An Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil) Saorálaithe Cabhrach an AE || LD || TÁ || TÁ || NÍL || TÁ/NÍL

Beidh rannpháirteachas i Saorálaithe Cabhrach an AE ar oscailt do thíortha Eorpacha eile faoi réir coinníollacha dá dtagraítear faoi Airteagal 23.

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir || 4. AN EORAIP DHOMHANDA

DG: ECHO || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Blianta ina dhiaidh sin || TOTAL 2014 TO 2020

Ÿ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || ||

23 02 04 || Gealltanais || (1) || 21.200 || 23.800 || 27.600 || 32.700 || 37.900 || 44.500 || 51.400 || || 239.100

Íocaíochtaí || (2) || 13.780 || 18.650 || 23.630 || 29.895 || 34.680 || 40.640 || 47.145 || 30.680 || 239.100

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú    ó chlúdach clár sonrach[34] || || || || || || || || ||

|| || (3) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

IOMLÁN leithreasuithe do DG ECHO || Gealltanais || =1+3 || 21.200 || 23.800 || 27.600 || 32.700 || 37.900 || 44.500 || 51.400 || || 239.100

Íocaíochtaí || =2+3 || 13.780 || 18.650 || 23.630 || 29.895 || 34.680 || 40.640 || 47.145 || 30.680 || 239.100

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || 21.200 || 23.800 || 27.600 || 32.700 || 37.900 || 44.500 || 51.400 || || 239.100

Íocaíochtaí || (5) || 13.780 || 18.650 || 23.630 || 29.895 || 34.680 || 40.640 || 47.145 || 30.680 || 239.100

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 21.200 || 23.800 || 27.600 || 32.700 || 37.900 || 44.500 || 51.400 || || 239.100

Íocaíochtaí || =5+ 6 || 13.780 || 18.650 || 23.630 || 29.895 || 34.680 || 40.640 || 47.145 || 30.680 || 239.100

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN 2014 - 2020

DG: ECHO ||

Ÿ Acmhainní daonna || 1.146 || 1.146 || 1.146 || 1.146 || 1.274 || 1.274 || 1.593 || 8.725

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0.063 || 0.063 || 0.143 || 0.063 || 0.065 || 0.122 || 0.045 || 0.564

IOMLÁN DG ECHO || Leithreasuithe || 1.209 || 1.209 || 1.289 || 1.209 || 1.339 || 1.396 || 1.683 || 9.289

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 1.209 || 1.209 || 1.289 || 1.209 || 1.339 || 1.396 || 1.683 || 9.289

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Blianta ina dhiaidh sin || IOMLÁN 2014 - 2020

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 22.409 || 25.009 || 28.889 || 33.909 || 39.239 || 45.896 || 53.083 || || 248.434

Íocaíochtaí || 14.989 || 19.859 || 24.919 || 31.104 || 36.019 || 42.036 || 48.828 || 30.680 || 248.434

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– X  Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN 2014 - 2020

ASCHUIR

|| Saghas aschuir[35] || Meánchostas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh. 1 Acmhainn an Aontais chun cabhair dhaonnúil a sholáthar a mhéadú agus a fheabhsú. || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || Clár, líon printíseachtaí, líon saorálaithe a imlonnaíodh || 0.014 || 376 || 5.271 || 941 || 13.367 || 1130 || 15.976 || 1356 || 20.222 || 1560 || 22.867 || 1950 || 27.361 || 2291 || 32.074 || 9604 || 137.136

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || 376 || 5.271 || 941 || 13.367 || 1130 || 15.976 || 1356 || 20.222 || 1560 || 22.867 || 1950 || 27.361 || 2291 || 32.074 || 9604 || 137.136

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN 2014 - 2020

ASCHUIR

|| Saghas aschuir[36] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh. 2 Feabhsú scileanna agus inniúlachtaí na saorálaithe i réimse na cabhrach daonnúla agus na coinníollacha faoina n‑oibríonn siad. || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || Oiliúint saorálaithe, forbairt caighdeán || 0.0075 || 938 || 7.034 || 711 || 5.330 || 837 || 6.280 || 863 || 6.476 || 1193 || 8.946 || 1535 || 11.511 || 1600 || 12.000 || 7677 || 57.576

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || 938 || 7.034 || 711 || 5.330 || 837 || 6.280 || 863 || 6.476 || 1193 || 8.946 || 1535 || 11.511 || 1600 || 12.000 || 7677 || 57.576

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh. 3 Cur le hacmhainn ósteagraíochtaí agus saorálú i dtríú tíortha a chothú. || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || Líon bainisteoirí deonacha/saorálaithe áitiúla, na hoiliúnaithe a chur faoi oilúint/líon seimineár do rannpháirtithe || 0.00471 || 1418 || 6.681 || 785 || 3.700 || 857 || 4.038 || 901 || 4.244 || 1037 || 4.886 || 849 || 3.999 || 1263 || 6.000 || 7110 || 33.549

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 3 || 1418 || 6.681 || 785 || 3.700 || 857 || 4.038 || 901 || 4.244 || 1037 || 4.886 || 849 || 3.999 || 1263 || 6.000 || 7110 || 33.549

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN 2014 - 2020 ||

ASCHUIR ||

|| Saghas aschuir[37] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n-aschur || Costas iomlán ||

|| CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh. 4 Infheictheacht luachanna an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil a chur chun cinn. || || || || || || || || || || || || || || || ||

|| - Aschur || Forbairt Líonra Shaorálaithe Cabhrach an AE; Comhdhálacha, cumarsáid, infheictheacht; líon saorálaithe a sannadh ar líne || 0,00081 || 300 || 1.737 || 700 || 0.940 || 1300 || 0.769 || 1700 || 1.395 || 2000 || 0.769 || 2000 || 1.053 || 2000 || 0.826 || 10000 || 7.488

|| Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 4 || 300 || 1.737 || 700 || 0.940 || 1300 || 0.769 || 1700 || 1.395 || 2000 || 0.769 || 2000 || 1.053 || 2000 || 0.826 || 10000 || 7.488

|| CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh. 5 Cur le comhtháiteacht agus comhsheasmhacht na saorálaíochta ar fud na mBallstát chun deiseanna do shaoránaigh an Aontais bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus oibríochtaí daonnúla a fheabhsú. || || || || || || || || || || || || || || || ||

|| - Aschur || Forbairt caighdeán, athbhreithniú, sásra deimhniúcháin || || || 0.477 || || 0.464 || || 0.538 || || 0.364 || || 0.433 || || 0.575 || || 0.500 || || 3.351

|| Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 5 || || 0.477 || || 0.464 || || 0.538 || || 0.364 || || 0.433 || || 0.575 || || 0.500 || || 3.351

|| COSTAS IOMLÁN || 3032 || 21.200 || 3137 || 23.800 || 4124 || 27.600 || 4820 || 32.700 || 5790 || 37.900 || 6334 || 44.500 || 7154 || 51.400 || 34391 || 239.100

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.  Achoimre

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

– X  Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 1.146 || 1.146 || 1.146 || 1.146 || 1.274 || 1.274 || 1.593 || 8.725

Caiteachas riaracháin eile || 0.063 || 0.063 || 0.143 || 0.063 || 0.065 || 0.122 || 0.045 || 0.564

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 1.209 || 1.209 || 1.289 || 1.209 || 1.339 || 1.396 || 1.683 || 9.289

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[38] den chreat airgeadais ilbhliantúil || Neamhbhainteach || Neamhbhainteach || Neamhbhainteach || Neamhbhainteach || Neamhbhainteach || Neamhbhainteach || Neamhbhainteach || Neamhbhainteach

Acmhainní daonna || || || || || || || ||

Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || ||

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Neamhbhainteach || Neamhbhainteach || Neamhbhainteach || Neamhbhainteach || Neamhbhainteach || Neamhbhainteach || Neamhbhainteach || Neamhbhainteach

IOMLÁN || 1.209 || 1.209 || 1.289 || 1.209 || 1.339 || 1.396 || 1.683 || 9.289

Déanfar na figiúirí thuas a choigeartú i gcomhréir le torthaí an phróisis seachtraithe atá beartaithe.

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna

– X  Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 6 || 6 || 6 || 6 || 6 || 6 || 7

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) [39]

XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón 'gclúdach iomlánaíoch') || 6 || 6 || 6 || 6 || 8 || 8 || 11

XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 04 yy[40] || - sa Cheanncheathrú[41] || || || || || || ||

- i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

IOMLÁN || 12 || 12 || 12 || 12 || 14 || 14 || 18

Is é 23 an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise srianta buiséadacha.

Déanfar na figiúirí thuas a choigeartú i gcomhréir le torthaí an phróisis seachtraithe atá beartaithe.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Forbairt Beartais agus coincheapa. Gníomhartha agus bearta cur chun feidhme.

Pearsanra seachtrach || Comhaontuithe deontais agus conarthaí a bhainistiú; cur chun feidhme agus faireachán ar obair bheartais; tacaíocht riaracháin.

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– X  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don togra ón gCoimisiúin le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 mar atá sa Teachtaireacht “Buiséad don Eoraip 2020” (COM(2011)500 críochnaitheach).

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[42]

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || ||

Déantar foráil leis an togra maidir le ranníocaíochtaí tríú páirtithe ó thíortha an CSTE ar baill iad den LEE, ó thíortha aontacha, ó thíortha is iarrthóirí agus ó iarrthóirí ionchasacha a bhaineann tairbhe as straitéis réamhaontachais agus ó thíortha comhpháirtíochta Bheartas Comharsanachta na hEorpa.

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– X Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ¨  Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

¨         ar acmhainní dílse

¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don tréimhse bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[43]

Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu.

[…]

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[…]

[1]               Eorabharaiméadar Caighdeánach 73/2010, Eorabharaiméadar Speisialta 343/2010 agus Eorabharaiméadar Speisialta 384/2012.

[2]               COM(2010) 683.

[3]               Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil ón 25 Bealtaine 2011.

[4]               Dearbhú i Scríbhinn 25/2011 ó Pharlaimint na hEorpa ón 9 Bealtaine 2011.

[5]               Sa Bhruiséil in 2010 agus i mBúdaipeist in 2011 – inar ghlac 150 eagraíocht geallsealbhóirí páirt ghníomhach.

[6]               An Mheitheal um Chúnamh Daonnúil agus um Chúnamh Bia.

[7]               Ardrúnaíocht, an tSeirbhís Dlí, Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, an Ard-Stiúrthóireacht um Fhorbraíocht agus um Chomhar – EuropeAid, an tSeirbhís um Ionstraimí Beartais Eachtraigh, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Ard-Stiúrthóireacht an Oideachais agus an Chultúir, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir, an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Uilechuimsitheacht, Ard-Stiúrthóireacht an Mhéadaithe.

[8]               Eagraíodh dhá sheimineár caipitlithe i Nollaig 2011 agus i Meitheamh 2012 sa Bhruiséil ina raibh níos mó ná 70 rannpháirtí.

[9]               IO C 25, 2008, lch. 1.

[10]             IO L 11, 2003, lch. 1.

[11]             COM(2011) 681 críochnaitheach.

[12]             Arna bhunú ag Cinneadh X/XX lena mbunaítear Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta

[13]             COM(2011) 500 críochnaitheach.

[14]             IO C 25, 2008, lch. 1.

[15]             Nár foilsíodh go fóill.

[16]             Teachtaireacht COM(2012) 683 ón gCoimisiún 'Dlúthpháirtíocht shaoránaigh an AE a léiriú trí shaorálaíocht: An chéad mhachnamh maidir le Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil' (IO C 121/59, 2011).

[17]             Teachtaireacht COM(2011) 681 final maidir le ón gCoimisiún 'Straitéis athnuaite an AE 2011-14 i leith Freagrachta Sóisialta Corparáidí' (IO C 37, 2012, lch.24).

[18]             Teachtaireacht COM(2011) 933 ón gCoimisiún (IO C 102, 2012, lch.35).

[19]             Teachtaireacht COM(2011) 568 ón gCoimisiún 'Beartais an AE agus Saorálaíocht: Gníomhaíochta saorálacha trasteorann san AE a aithint agus a chur chun cinn' (IO C 335, 2011, lch. 19)

[20]             Nár foilsíodh go fóill.

[21]             IO L 312, 1995, lch. 1.

[22]             IO L 292, 1996, lch. 2.

[23]             IO L 136, 1999, lch. 1.

[24]             IO L 55, 2011, lch. 13.

[25]             IO L 8, 2001, lch. 22.

[26]             IO L 281, 1995, lch. 31.

[27]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[28]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[29]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[30]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

[31]             LD – Leithreasuithe difreáilte / LN – Leithreasuithe neamhdhifreáilte

[32]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[33]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí .

[34]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[35]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn arna maoiniú, líon na gciliméadar bóthair arna dtógáil, etc.)

[36]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn arna maoiniú, líon na gciliméadar bóthair arna dtógáil, etc.)

[37]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn arna maoiniú, líon na gciliméadar bóthair arna dtógáil, etc.)

[38]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[39]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[40]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[41]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[42]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach

[43]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.