52012PC0332

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú /* COM/2012/0332 final - 2012/0162 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Déantar idirdhealú sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) idir na cumhachtaí a tarmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a fhorlíonann nó a leasaíonn gnéithe neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach sin a ghlacadh mar atá leagtha síos in Airteagal 290(1) den CFAE (gníomhartha tarmligthe), agus cumhachtaí a bronnadh ar an gCoimisiún chun cheanglais aonfhoirmeacha a ghlacadh chun gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme mar atá leagtha síos in Airteagal 291(2) den CFAE (gníomhartha cur chun feidhme).

Agus Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 á chur in oiriúint do rialacha nua an CFAE, rinneadh na cumhachtaí a shainmhínítear faoi láthair leis an Rialachán sin a athaicmiú mar chumhachtaí tarmligthe agus mar chumhachtaí cur chun feidhme.

Mar thoradh ar an obair sin ullmhaíodh dréacht‑togra le haghaidh leasú Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

De bhun Airteagal 290 den Chonradh, cuireann an Reachtóir de chúram ar an gCoimisiún gnéithe áirithe neamhriachtanacha den Rialachán sin a chomhlánú nó a mhionathrú. Ba cheart é a bheith ar chumas an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun díolúine ó fhógra i dtaobh faisnéise a dheonadh do shoithí iascaireachta nó chun tréimhsí éagsúla fógra a chinneadh, chun tagarmharcanna a chinneadh maidir le cigireachtaí ar oibríochtaí cur i dtír agus trasloingsithe a dhéanann soithí tríú tíortha, chun an scéim deimhnithe gabhála a chur in oiriúint i gcás roinnt táirgí iascaigh a fhaigheann soithí beaga iascaireachta, lena n‑áirítear an deis deimhniú gabhála simplithe a úsáid, chun liosta de na táirgí atá lasmuigh de raon an Rialacháin a leasú, chun sprioc‑am chur isteach an deimhnithe gabhála a chur in oiriúint don chineál táirge iascaigh, don fhad go dtí an pointe iontrála nó don mhodh iompair a úsáidtear, chun rialacha a shocrú chun deimhnithe oibreoirí eacnamaíocha formheasta a dheonadh, a leasú nó a tharraingt siar, nó chun deimnithe stádais oibreoirí eacnamaíocha formheasta a fhionraí nó a chúlghairm agus maidir le coinníollacha bailíochta deimnithe oibreoirí eacnamaíocha formheasta, agus chun critéir a bhunú don Aontas maidir le fíorúcháin i gcomhthéacs na bainistíochta riosca.

De bhun Airteagal 291 den Chonradh, bronnann an Reachtóir cumhachtaí cur chun feidhme ar an gCoimisiún chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú i gcomhair chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, mar atá: socrú foirmeacha réamhfhógra, socrú nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le cur i dtír agus trasloingsiú, glacadh, i gcomhaontú leis na bratstáit, deimhnithe gabhála atá bunaithe, mbailíochtaithe nó curtha isteach trí mhodh leictreonach nó ar bhonn córas inrianaitheachta leictreonaí lena n‑áirithítear gurb ionann rialú ag na húdaráis orthu, cinneadh agus mionathrú liosta na scéimeanna deimhnithe gabhála arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh a chomhlíonann an Rialachán ón AE chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte (iascaireacht NNN) a chosc, socrú coinníollacha comhchoiteanna sna Ballstáit uile maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha i dtaca le deimhnithe oibreoirí eacnamaíocha formheasta a iarraidh agus a eisiúint, socrú rialacha maidir le fíorúcháin oibreoirí eacnamaíocha formheasta agus rialacha maidir le malartú faisnéise idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún, bunú liosta an Aontais de shoithí neamhdhleathacha, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte (soithí NNN), soithí a bhaint de liosta na dtríú tíortha neamh‑chomhoibríocha, liostaí soithí NNN arna nglacadh ag údaráis réigiúnacha bainistíochta iascaigh a chur ar liosta an Aontais de shoithí NNN, sainaithint tríú tíortha neamh‑chomhoibríocha, tríú tíortha a sainaithníodh a chur ar liosta na dtríú tíortha neamh‑chomhoibríocha, tríú tíortha a bhaint de liosta na dtríú tíortha neamh‑chomhoibríocha, glacadh beart éigeandála ar mhaithe le tríú tíortha i gcúinsí sonracha, socrú na formáide ina dtabharfaidh na Ballstáit faisnéis isteach maidir le soithí a ardaíodh agus bunú rialacha maidir le cúnamh frithpháirteach.

2.           TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Ní raibh gá le comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ná le measúnú tionchair.

3.           EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

· Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe

Na cumhachtaí a bhronntar don Choimisiún i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle a shainaithint agus a aicmiú mar chumhachtaí tarmligthe nó mar chumhachtaí cur chun feidhme agus forálacha áirithe a chur in oiriúint do nósanna imeachta cinnteoireachta Chonradh Liospóin.

· Bunús dlí

Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

· Prionsabal na coimhdeachta

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

· Prionsabal na comhréireachta

Déantar leasú sa togra ar bhearta atá ann cheana i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus ní ceist prionsabal na comhréireachta dá bhrí sin.

· Rogha na hionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Níor leor ionstraimí eile ar an gcúis seo a leanas: ní mór Rialachán a leasú le Rialachán eile.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Ní bhaineann aon chaiteachas breise ón Aontas leis an mbeart seo.

2012/0162 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008[1] ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, bronntar cumhachtaí ar an gCoimisiún chun roinnt d'fhorálacha an Rialacháin sin a chur chun feidhme agus forchoimeádtar cumhachtaí áirithe cur chun feidhme ag an gComhairle.

(2)       De bharr theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá cumhachtaí áirithe arna dtabhairt le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(3)       Chun roinnt d'fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a chur i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

– an díolúine ó cheanglais áirithe faisnéise a fhorchuirtear ar shoithí iascaireachta nó socrú tréimhsí éagsúla fógra le haghaidh aicmí áirithe soithí iascaireachta,

– socrú tagarmharcanna le haghaidh cigireachtaí ar oibríochtaí cur i dtír agus trasloingsithe a dhéanann soithí iascaireachta tríú tíortha,

– bunú liosta na dtáirgí atá ar eisiamh ó raon cur chun feidhme an deimhnithe gabhála

– oiriúnú na scéime deimhnithe gabhála le haghaidh roinnt táirgí iascaigh a fhaigheann soithí beaga iascaireachta, lena n‑áirítear an deis deimhniú gabhála simplithe a úsáid

– oiriúnú an sprioc‑ama chun an deimhniú gabhála a chur isteach, ar bhonn an chineáil táirge iascaigh, an fhaid go dtí an pointe iontrála i gcríoch an Aontais nó an mhodha iompair a úsáidtear,

– socrú na rialacha maidir le deonú, leasú nó aistarraingt dheimhnithe na n‑oibreoirí eacnamaíocha formheasta nó maidir le fionraí nó cúlghairm stádais oibreora eacnamaíoch fhormheasta agus maidir leis na coinníollacha a bhaineann le bailíocht deimhnithe oibreoirí eacnamaíocha formheasta, agus

– socrú critéar fíorúcháin de chuid an Aontais i réimse na bainistíochta riosca.

(4)       Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí, lena n–áirítear comhairliúcháin le saineolaithe, le linn a oibre ullmhúcháin chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar mhodh comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(5)       Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, ba cheart cumhachtaí tarmligthe a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an méid seo a leanas:

– bunú foirmeacha réamhfhógra,

– bunú nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le cur i dtír agus trasloingsiú,

– glacadh, i gcomhaontú leis na Bratstáit, deimhnithe gabhála atá bunaithe, bailíochtaithe nó curtha isteach trí mhodh leictreonach nó atá bunaithe ar chórais inrianaitheachta leictreonaí lena n‑áirithítear an leibhéal céanna rialaithe ag na húdaráis orthu

– cinneadh agus mionathrú liosta na scéimeanna deimhnithe gabhála arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh a chomhlíonann Rialachán an AE maidir le hiascaireacht NNN (neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte,

– socrú coinníollacha comhchoiteanna sna Ballstáit uile maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha i dtaca le hiarratais a chur isteach ar dheimhnithe oibreoirí eacnamaíocha formheasta agus i dtaca le hiad a eisiúint, socrú rialacha maidir le fíorúcháin oibreora eacnamaíoch fhormheasta agus rialacha maidir le malartú faisnéise idir an t‑oibreoir eacnamaíoch formheasta agus na húdaráis sna Ballstáit, idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún,

– bunú liosta an Aontais de shoithí NNN,

– baint soithí de liosta an Aontais de shoithí NNN,

– áireamh na liostaí de shoithí NNN arna nglacadh ag eagraíochtaí bainistíochta iascaigh réigiúnacha ar liosta an Aontais de shoithí NNN,

– sainaithint tríú tíortha neamh‑chomhoibríocha,

– áireamh triú tíortha arna sainaithint ar liosta de thríú tíortha neamh‑chomhoibríocha,

– baint tríú tíortha de liosta na dtríú tíortha neamh‑chomhoibríocha,

– glacadh beart éigeandála i gcás tríú tíortha i gcúinsí sonracha,

– cinneadh na formáide ina gcuirfidh na Ballstáit faisnéis isteach maidir le soithí a ardaíodh agus

– socrú rialacha maidir le cúnamh frithpháirteach.       I gcás ina gceanglaítear rialú a bheith ag na Ballstáit, ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011[2] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 ina leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

(6)       De bharr theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá Airteagal 52 a scriosadh. Baineadh feidhm as an Airteagal sin cheana chun an creat dlí a bhunú chun an deimhniú gabhála a shimpliú agus chun socruithe riaracháin a bhunú le tríú tíortha faoi Airteagal 12(4) agus Airteagal 20(4). Tá gá leis go fóill chun na cumhachtaí is gá a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an scéim deimhnithe gabhála a oiriúnú i gcás roinnt táirgí iascaigh a fhaigheann soithí beaga iascaireachta, lena n‑áirítear an deis deimhniú gabhála simplithe a úsáid, agus cumhachtaí cur chun feidhme chun go nglacfadh an Coimisiún, i gcomhaontú leis na bratstáit, deimhnithe gabhála atá bunaithe, bailíochtaithe nó curtha isteach trí mhodh leictreonach, nó a bhfuil córas inrianaitheachta leictreonaí ina n‑ionad lena n‑áirithítear an leibhéal céanna rialaithe ag na Ballstáit orthu.

(7)       De bharr theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá oiriúnú a dhéanamh ar an bhforáil maidir le bearta sealadacha ina bhforáiltear go ndéanfar bearta áirithe de chuid an Choimisiúin a tharchur chuig an gComhairle faoi choinníollacha áirithe.

(8)       Leis na forálacha i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 maidir le bunú liosta de thíortha neamh‑chomhoibríocha agus maidir le tríú tíortha a bhaint den liosta sin tugtar cumhachtaí cinnteoireachta don Choimisiún. De bharr theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na forálacha sin a chur i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme ar an gcomhbheartas iascaigh.

(9)       Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 mar a leanas

1.           Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

a) cuirtear mír 1a isteach mar a leanas

“1a) Féadfaidh an Coimisiún an fhoirm le haghaidh réamhfhógra dá dtagraítear in alt 1 thuas a shocrú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2).

b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 54a, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena ndíolmhaítear aicmí áirithe soithí iascaireachta tríú tíortha ón oibleagáid a shonraítear i mír 1 ar feadh tréimhse srianta in‑athnuaite, nó lena bhforáiltear maidir le tréimhse fógra ag cur san áireamh, inter alia, an chineáil táirge iascaigh, an fhaid idir na meánna, na n‑ionad ina dtugtar an t‑iasc i dtír agus na calafoirt ina bhfuil na soithí lena mbaineann cláraithe nó liostaithe.

2.           in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Cinnfear nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le dearbhú ar chur i dtír agus ar thrasloingsiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2)".

3.           in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Déanfaidh na Ballstáit cigireachtaí ina gcalafoirt ainmnithe ar 5 % ar a laghad de na hoibríochtaí cur i dtír agus trasloingsithe a dhéanann soithí iascaireachta tríú tíortha gach bliain, i gcomhréir leis na tagarmharcanna arna gcinneadh ar bhonn bainistíochta riosca, gan dochar do na tairseacha níos airde a ghlac eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh. Beidh sé ar chumas an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 54a, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh trína gcinnfear na tagarmharcanna sin."

4.           Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

Cuirtear mír 4a isteach:

"4a Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na deimhnithe gabhála a bhunaítear sa chreat comhoibre atá leagtha amach in Airteagal 20(4). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2).

b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Féadfar athbhreithniú a dhéanamh gach bliain ar an liosta in Iarscríbhinn I de na táirgí atá lasmuigh de raon cur chun feidhme an deimhnithe gabhála. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 54a, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an liosta a leasú ar an mbonn seo a leanas:

(a)     na cigireachtaí ar shoithí iascaireachta tríú tíortha i gcalafoirt na mBallstát;

(b)     cur chun feidhme na scéime deimhnithe gabhála le haghaidh allmhairithe agus onnmhairithe táirgí iascaigh;

(c)     cur chun feidhme chóras rabhaidh an Aontais;

(d)     sainaithint soithí iascaigh atá i mbun iascaireachta NNN;

(e)     sainaithint na náisiúnach a thugann tacaíocht d'iascaireacht NNN nó atá ina bun;

(f)      cur chun feidhme forálacha arna nglacadh laistigh d'eagraíochtaí bainistíochta iascaigh réigiúnacha áirithe a bhaineann le harduithe soithí iascaireachta;

(g)     na tuarascálacha ó na Ballstáit."

c) cuirtear mír 6 isteach mar a leanas:

"6. Beidh sé ar chumas an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 54a, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an scéim deimhnithe gabhála a oiriúnú i gcás táirgí iascaigh a fhaigheann soithí beaga iascaireachta, lena n‑áirítear, más gá, samhail de dheimhniú gabhála simplithe."

5.           in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1. Doiciméid ghabhála, agus aon doiciméid lena mbaineann, atá bailíochtaithe i gcomhréir leis na scéimeanna doiciméadaithe gabhála arna nglacadh ag na heagraíochtaí réigiúnacha iascaigh, ar doiciméid iad a aithnítear a bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo, glacfar iad mar dheimhnithe gabhála maidir leis na táirgí iascaigh ó speicis a bhfuil feidhm ag na scéimeanna doiciméadaithe gabhála sin orthu agus beidh siad faoi réir na gceanglas seiceála agus fíorúcháin atá ar an mBallstát allmhairithe i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le hAirteagal 17 agus leis na forálacha maidir le diúltú allmhairiúcháin a leagtar síos in Airteagal 18. Cinnfear liosta na scéimeanna doiciméadaithe gabhála sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2).

6.           Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Cuirfidh an t‑allmhaireoir an deimhniú gabhála bailíochtaithe isteach chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuiltear ag beartú an táirge a allmhairiú isteach ann roimh sprioc‑am a shocrófar ar dtús mar thrí lá oibre ar a laghad roimh an am a mheastar a shroichfidh an táirge an t‑ionad iontrála i gcríoch an Aontais. Is féidir fad na tréimhse sin (trí lá oibre) a oiriúnú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 54a, de réir an chineáil táirge iascaigh, an fhaid go dtí an pointe iontrála i gcríoch an Aontais nó an mhodha iompair a úsáidtear. Seiceálfaidh na húdaráis inniúla sin, ar bhonn bainistíochta riosca, an deimhniú gabhála i bhfianaise na faisnéise a soláthraíodh san fhógra a fuarthas ón mBratstát i gcomhréir le hAirteagal 20 agus le hAirteagal 22."

b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Ar na critéir a ndéanfaidh údaráis inniúla Ballstáit stádas oibreora eacnamaíoch fhormheasta a dheonú dá réir, beidh:

(a)     an t‑allmhaireoir a bheith bunaithe i gcríoch an Bhallstáit sin;

(b)     líon agus méid leordhóthanach d'oibríochtaí allmhairithe a bheith ann le go bhfuil call leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 a chur chun feidhme;

(c)     taifead iomchuí a bheith ann gur comhlíonadh na ceanglais maidir le caomhnú agus forálacha bainistíochta;

(d)     córas sásúil a bheith ann chun taifid trachtála agus, más iomchuí, taifid iompair agus taifid phróiseála a bhainistiú, trínar féidir na seiceálacha agus na fíorúcháin iomchuí a dhéanamh chun críocha an Rialacháin seo;

(e)     áiseanna a bheith ann chun na seiceálacha agus na fíorúcháin sin a dhéanamh;

(f)      más iomchuí, caighdeáin phraiticiúla inniúlachta nó cáilíochtaí gairmiúla a bheith ann a bhaineann go díreach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar; agus

(g)     más iomchuí, cruthúnas maidir le sócmhainneacht airgeadais.

Tabharfaidh na Ballstáit ainm agus seoladh na n‑oibreoirí eacnamaíocha formheasta don Choimisiún a luaithe is féidir tar éis dóibh an stádas sin a dheonadh. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit trí mhodh leictreonach.”

cuirtear Airteagal 4 agus Airteagal 5 isteach mar a leanas:

"4. Ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach i mír 3, beidh sé ar chumas an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 54a, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena mbunófar:

(a)     rialacha maidir le stádas an oibreora eacnamaíoch fhormheasta a chur ar fionraí nó a chúlghairm,

(b)     rialacha maidir leis na coinníollacha bailíochta i gcomhair deimhnithe oibreoirí eacnamaíocha formheasta,

(c)     rialacha maidir le deimhnithe oibreoirí eacnamaíocha formheasta a dheonadh, a leasú nó a aistarraingt,

5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2) maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le deimhnithe oibreoirí eacnamaíocha formheasta a iarraidh agus a eisiúint,

(b)     rialacha maidir leis an dóigh ar cheart fíorúcháin a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha formheasta

(c)     rialacha maidir le faisnéis a mhalartú idir an t‑oibreoir eacnamaíoch formheasta agus na húdaráis sna Ballstáit, idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún."

7.           in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Beidh fíorúcháin dírithe ar an riosca a shainaithneofar de réir critéar a forbraíodh ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais mar chuid den bhainistíocht riosca. Cuirfidh na Ballstáit a gcritéir náisiúnta in iúl don Choimisiún faoi cheann 30 lá oibre tar éis an 29 Deireadh Fómhair 2008 agus tabharfaidh siad an fhaisnéis sin chun dáta. Beidh sé ar chumas an Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 54a, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gcinnfear critéir an Aontais sa dóigh is go bhféadfar anailísí riosca tráthúla agus measúnú iomlán ar fhaisnéis rialaithe ábhartha a dhéanamh.

8.           in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Bunóidh an Coimisiún liosta soithí NNN don Aontas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2). Ar an liosta sin beidh na soithí iascaireachta a gcruthaíonn an fhaisnéis a fuarthas i gcomhréir leis an Rialachán seo, maidir leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 25 agus Airteagal 26 agus ar bhonn na gcritéar sna forálacha céanna, go bhfuil siad i mbun iascaireachta NNN mar a leagtar amach in Airteagal 3 agus nár chomhlíon a mBratstáit na hiarrataí oifigiúla dá dtagraitear in Airteagal 26(2)(b) agus (c) agus in Airteagal 26(3)(b) agus (c), mar fhreagra ar an iascaireacht NNN sin."

9.           in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.Bainfidh an Coimisiún soitheach iascaireachta de liosta an Aontais de shoithí NNN, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta imscrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2), má léiríonn Bratstát an tsoithigh iascaireachta:

(a)     nach raibh an soitheach i mbun aon cheann de ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN ar cuireadh ar an liosta é mar gheall orthu; nó

(b)     gur cuireadh chun feidhme smachtbhannaí comhréireacha athchomhairleacha éifeachtacha mar fhreagra ar na gníomhaíochtaí iascaireachta NNN lena mbaineann, go háirithe i gcás soithí iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit in airde acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009."

10.         in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. I dteannta na soithí iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 27, déanfar soithí iascaireachta atá ar na liostaí soithí NNN arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh a chur ar liosta an Aontais de shoithí NNN trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2). Bainfear na soithí sin de liosta an Aontais de shoithí NNN faoi rialú na gcinntí fúthu a dhéanfaidh an eagraíocht réigiúnach iascaigh ábhartha."

11.         in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Sainaithneoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na tríú tíortha a mheasfaidh sé ar tríú tíortha neamh‑chomhoibríocha iad sa chomhrac in éadan na hiascaireachta NNN ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach san Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2)."

12.         in Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na tríú tíortha a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 31(1) a chur ar liosta de thríú tíortha neamh‑chomhoibríocha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2)."

13.         in Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tríú tír a bhaint de liosta na dtríú tíortha neamh‑chomhoibríocha má léiríonn an tríú tír lena mbaineann gur ceartaíodh na cúinsí ba bhonn lena cur ar an liosta Agus cinneadh á dhéanamh tír a bhaint den liosta, ba cheart a mheas freisin an ndearna na tríú tíortha sainaitheanta lena mbaineann bearta nithiúla arbh fhéidir go dtiocfadh feabhas marthanach ar na cúinsí astu. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2)."

14.         Cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 36

Airteagal 36

Bearta sealadacha

1. Má tá fianaise ann go mbaineann na bearta a ghlac tríú tír an bonn de bhearta maidir le caomhnú agus bainistíocht arna nglacadh ag eagraíocht réigiúnach bainistíochta iascaigh, féadfaidh an Coimisiún bearta sealadacha a chur ar bun nach mairfidh níos mó ná sé mhí, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus i gcomhréir lena oibleagáidí idirnáisiúnta, chun éifeachtaí na mbeart tríú tíre sin a mhaolú. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh nua a dhéanamh síneadh nach mó ná sé mhí a chur leis na bearta sealadacha sin.

2. Féadfar foráil a dhéanamh sna bearta sealadacha dá dtagraítear i mír 1:

(a)     nach mbeidh rochtain ar chalafoirt na mBallstát ag soithí iascaireachta atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh agus a bhfuil bratach an tríú tír lena mbaineann in airde acu ach i gcás force majeure nó éigeandála mar a leagtar amach in Airteagal 4(2) i gcomhair seirbhísí a bhfuil fíorghá leo chun na cúinsí sin a leigheas;

(b)     ní bheidh soithí a bhfuil bratach Ballstáit in airde acu údaraithe le dul i mbun comhoibríochtaí iascaireachta le soithí a bhfuil bratach an tríú tír lena mbaineann in airde acu;

(c)     ní bheidh soithí a bhfuil bratach Ballstáit in airde acu údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh in uiscí farraige atá faoi dhlínse an tríú tír lena mbaineann, gan dochar do na forálacha a leagtar amach i gcomhaontuithe déthaobhacha iascaireachta;

(d)     ní thabharfar údarú le hiasc beo a sholáthar le haghaidh feirmeoireachta éisc in uiscí farraige atá faoi dhlínse an tríú tír lena mbaineann;

(e)     ní ghlacfar iasc beo a ghabh soithí iascaireachta a bhfuil bratach an tríú tír lena mbaineann in airde acu le haghaidh feirmeoireachta éisc in uiscí farraige faoi dhlínse an Bhallstáit .

3. Tiocfaidh bearta sealadacha i bhfeidhm láithreach. Tabharfar fógra i dtaobh na mbeart sin do na Ballstáit agus don tríú tír lena mbaineann agus foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh."

15.         in Airteagal 49, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Na Ballstáit a gheobhaidh faisnéis lena bhfuil na doiciméid iomchuí maidir le soithí iascaireachta a aimsíodh, tabharfaidh siad an fhaisnéis sin gan mhoill don Choimisiún nó don chomhlacht a d'ainmnigh sé san fhormáid arna cinneadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2)."

16.         in Airteagal 51, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Beidh sé ar chumas an Choimisiúin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir le cúnamh frithpháirteach a ghlacadh i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)     comhar riaracháin idir na Ballstáit, tríú tíortha, an Coimisiún agus an comhlacht atá ainmnithe aige, lena n‑áirítear cosaint ar shonraí pearsanta agus ar úsáid faisnéise agus cosaint ar rúndacht ghairmiúil agus tráchtála,

(b)     na costais a bhaineann le comhlíonadh iarrataí ar chúnamh,

(c)     ainmniú údarás aonair na mBallstát,

(d)     bearta leantacha a rinne údaráis náisiúnta maidir le malartú faisnéise a chur in iúl

(e)     iarrataí ar chúnamh, lena n‑áirítear iarrataí ar fhaisnéis, iarrataí ar bhearta agus iarrataí ar fhógraí riaracháin agus bunú sprioc‑amanna i gcomhair freagraí

(f)      faisnéis gan réamh‑iarraidh agus

(g)     caidrimh na mBallstát leis an gCoimisiún agus le tríú tíortha.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54(2)."

17.         Scriostar Airteagal 52

18.         Cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 54:

"Airteagal 54 Nós imeachta coiste

1. Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011."

19.         cuirtear Airteagal 54a isteach mar a leanas:

"Airteagal 54a

An tarmligean a fheidhmiú

1.       Bronntar an chumhacht ar an gCoimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.       Bronnfar tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 6(3), 9(1), 12(5), 12(6), 16(1), 16(4), agus 17(3), ar feadh tréimhse neamhchinntithe.

3.       Tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 6(3), 9(1), 12(5), 12(6), 16(1), 16(4), agus 17(3), féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfear deireadh leis an tarmligean cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin trí bhíthin cinnidh cúlghairme. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.       A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

5.       Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 6(3), 9(1), 12(5), 12(6), 16(1), 16(4), agus 17(3) i bhfeidhm ach amháin mura gcuireann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach gcuirfidh siad ina choinne. Féadfar síneadh dhá mhí a chur leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               IO L 286, 29.10.2008

[2]               IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.