8.7.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/4


Conclúidí ón gComhairle maidir le leanaí a imdhíonadh: rath agus dúshláin a bhaineann le leanaí a imdhíonadh san Eoraip agus an bealach chun cinn

2011/C 202/02

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

1.

MEABHRAÍONN SÍ go gcomhlánófar, faoi Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beartais náisiúnta le gníomhaíocht an Aontais a bheidh dírithe ar fheabhas a chur ar shláinte phoiblí tríd an gcomhrac i gcoinne na móraicídí go háirithe a chumhdach; spreagfar leis an ngníomhaíocht sin freisin comhar idir na Ballstáit i réimse na sláinte poiblí agus, más gá, tabharfar tacaíocht do ghníomhaíochtaí na mBallstát, agus urramófar a bhfreagrachtaí maidir le seirbhísí sláinte agus cúram míochaine a eagrú agus a sheachadadh;

2.

MEABHRAÍONN SÍ go ndéanfaidh na Ballstáit, faoi Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, comhordú ar a mbeartas agus ar a gclár eatarthu féin, i gcuibhreann leis an gCoimisiún;

3.

MEABHRAÍONN SÍ Cinneadh Uimh. 2119/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear líonra le haghaidh faireachais agus rialaithe eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha sa Chomhphobal (1), lena n-éilítear anailís eolaíoch thráthúil le go gcuirfí gníomhaíocht Chomhphobail éifeachtúil i gcrích;

4.

MEABHRAÍONN SÍ Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (2), a thacaíonn le gníomhaíochtaí atá ann cheana féin amhail cláir ábhartha ghníomhaíochta Chomhphobail in earnáil na sláinte poiblí, maidir le galair theagmhálacha a chosc agus a rialú, faireachas eipidéimeolaíoch, cláir oiliúna agus sásraí réamhrabhaidh agus freagartha, agus ba cheart go gcothófar malartú dea-chleachtais agus taithí i ndáil le cláir vacsaínithe leis;

5.

AITHNÍONN SÍ gur in ainneoin go bhfuil na Ballstáit aonair freagrach as leanaí a imdhíonadh agus go bhfuil scéimeanna vacsaínithe éagsúla san AE, maidir leis an ábhar gairmiúil a bhaineann leo, leis an nádúr éigeantach nó saorálach atá acu nó le cúrsaí maoinithe ina dtaobh, go gcuideofar tuilleadh leo trí aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin ar an leibhéal Eorpach;

6.

AITHNÍONN SÍ go bhféadfaidh sineirgí níos fearr le réimsí beartais eile an AE dul chun sochair na n-iarrachtaí comhpháirteacha a d’fhéadfaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar vacsaíniú leanaí, agus aird faoi leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha, mar shampla na Romaigh i mBallstáit áirithe;

7.

FEARANN SÍ FÁILTE ROIMH na torthaí ó chomhdháil saineolaithe dar teideal “Chun go mbeidh Todhchaí Sláintiúil ag ár Leanaí — Leanaí a Imdhíonadh”, a tionóladh i mBúdaipeist an 3-4 Márta 2011, inar scrúdaigh na rannpháirtithe an méid atá bainte amach san Aontas Eorpach i ndáil le leanaí a imdhíonadh agus na dúshláin atá os a chomhair amach, agus inar cuireadh béim ar an ngá atá ann a lán leanaí a imdhíonadh go tráthúil i bpobail ghinearálta agus i bpobail tearc-vacsaínithe araon agus cothabháil a dhéanamh ar an méid sin; i ndáil le sonraí ardchaighdeáin a bheith ann chun faireachán a dhéanamh ar chuimsiú galar atá inchoiscthe trí vacsaíniú agus ar fhaireachas ar na galair sin ar an leibhéal fo-náisiúnta, an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE; agus i ndáil le straitéisí cumarsáide á gcomhordú agus á mbeachtú chun díriú ar ghrúpaí ó phobail thearc-vacsaínithe nó orthu siúd atá amhrasach faoin tairbhe a bhaineann le vacsaíniú;

8.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE go bhfuil an-chuid dúshlán fós ann in ainneoin go raibh cláir chun leanaí a imdhíonadh ríthábhachtach i ndáil le galair thógálacha a rialú san Eoraip;

9.

MEABHRAÍONN SÍ DI gurb é vacsaíniú an bealach is éifeachtúla agus is tíosaí le galair thógálacha a chosc, i gcás ina bhfuil vacsaíniú ar fáil;

10.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur mar thoradh ar an méadú atá ag teacht ar shoghluaisteacht agus ar imirce go bhfuil roinnt ceisteanna i dtaca le cúrsaí sláinte ag teacht chun cinn, ar ceisteanna iad a bhfuil baint acu le leanaí a imdhíonadh freisin;

11.

CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR go bhfuil galair san Eoraip á rialú le vaicsíní, go bhfuil laghdú tagtha ar ráta tarlaithe na ngalar leo agus fiú go bhfuil deireadh curtha le galair áirithe a bhíodh ina chúis bháis agus mhíchumais san am a chuaigh thart mar gheall orthu, agus go bhféadfar breathnú ar dhíothú na bolgaí ar fud na cruinne agus ar dhíothú polaimiailítís i dtromlach na dtíortha mar shamplaí iontacha de chláir vacsaínithe rathúla;

12.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE go dtarlaíonn eipidéimí bruitíní agus rubella i dtíortha áirithe de chuid na hEorpa agus CUIREANN SÍ IN IÚL GO LÁIDIR nár éirigh leis an Eoraip an sprioc a bhaint amach i leith deireadh a chur leis an mbruitíneach agus le rubella faoi 2010, toisc nár cuimsíodh an oiread sin vacsaínithe agus a bhí riachtanach ar an leibhéal fo-náisiúnta, agus mar sin MEABHRAÍONN SÍ DI rún an 16 Meán Fómhair 2010 ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) maidir le tiomantas athnuaite chun deireadh a chur leis an mbruitíneach agus le rubella agus do shiondróm rubella ó bhroinn a chosc faoi 2015 agus do thacaíocht leanúnach do stádas saor ó pholaimiailíteas i Réigiún Eorpach WHO;

13.

CUIREANN SÍ BÉIM ar an tábhacht a bhaineann le grúpaí sa phobal a shainaithint, ar grúpaí iad atá go mór i mbaol ó ghalair atá inchoiscthe trí vacsaíniú agus ar an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar na grúpaí sin, agus ag an am céanna TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur díol suntais é go bhféadfar idirdhealú a dhéanamh idir pobail sho-ghabhálacha de réir tíre agus de réir réigiúin;

14.

IARRANN SÍ ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

measúnú a dhéanamh ar na bacainní agus ar na dúshláin lena ndéantar difear do rochtain ar sheirbhísí um vacsaíniú agus do réim na seirbhísí sin, agus na bacainní agus na dúshláin sin a mhapáil, agus/nó a gcuid straitéisí ar an leibhéal náisiúnta nó fo-náisiúnta a bheachtú dá réir sin,

iarrachtaí a dhéanamh a bpróisis agus nósanna imeachta a choimeád agus a neartú maidir le vacsaíní a thairiscint do leanaí nach bhfuiltear ar an eolas faoina gcúlra i ndáil le vacsaíniú nó a bhfuil a gcúlra i ndáil le vacsaíniú neamhchinnte,

iarrachtaí a dhéanamh muinín an phobail a choimeád agus a neartú i ndáil le cláir chun leanaí a imdhíonadh agus i ndáil leis na tairbhí a bhaineann le vacsaíniú,

iarrachtaí a dhéanamh feasacht na bproifisiúnach sláinte a mhéadú i ndáil leis an tairbhe a bhaineann le vacsaíní agus an tacaíocht a thugann siad do chláir imdhíonta a neartú,

an t-oideachas agus an oiliúint a chuirtear ar na proifisiúnaigh sláinte agus ar shaineolaithe ábhartha eile a threisiú i ndáil le leanaí a imdhíonadh,

oibriú i ndlúthchomhar le comhphobail áitiúla, agus gach gníomhaí agus gach líonra ábhartha rannpháirteach sa chomhar sin,

grúpaí tearc-vacsaínithe a shainaithint agus rochtain chothrom ar vacsaíniú do leanaí a áirithiú dóibh,

dlúthchomhar idir sheirbhísí ábhartha sláinte poiblí, péidiatraiceach agus cúraim phríomhúil a áirithiú le taifid ar vacsaínithe aonair a athleanúint agus a mheas go leantach, lena n-áirítear tráthúlacht na vacsaíní arna dtabhairt idir breith agus go haois duine fásta,

iarrachtaí a dhéanamh an cumas saotharlainne a fheabhsú i réimse na diagnóisice agus i réimse an fhaireachais ar na galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú,

machnamh a dhéanamh ar vaicsaíní nuálacha a úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais sláinte phoiblí nach bhfuil freastal déanta orthu, ar vaicsaíní iad a bhfuil fianaise ann go bhfuil siad éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de,

machnamh a dhéanamh ar chórais um fhaisnéis i leith imdhíonta a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear clárú feabhsaithe, nuair is infheidhme, agus córais faireachais cógais;

15.

IARRANN SÍ ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

an comhar i measc seirbhísí náisiúnta agus fo-náisiúnta imdíonta a fhorbairt tuilleadh, faireachán ar chuimsiú vaicsaínithe a bheachtú agus a chomhordú tuilleadh chomh maith le córais um thuairisciú,

iarrachtaí a dhéanamh an faireachas ar na galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú a threisiú; córais faisnéise a bheachtú chomh maith le clárleabhair um imdhíonadh a bheachtú, i gcás inarb iomchuí,

machnamh a dhéanamh ar an mhodheolaíocht a mhúnlú chun táscairí comónta a úsáid i ndáil le vacsaíniú chun tacú le cruinniú sonraí ar fud an AE i ndlúthchomhar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO),

machnamh a dhéanamh ar na córais agus nósanna imeachta a bheadh ina gcabhair chun leanúnachas ceart imdhíonta a áirithiú do dhaoine aonair sa chás go n-athraíonn siad a n-áiteanna cónaithe ó Bhallstát go Ballstát,

feabhsú clár imdhíonta a chaomhnú,

oibriú i gcomhar chun cur chuige agus straitéisí cumarsáide a chur in oiriúint agus na húdair imní a bhíonn ag daoine atá amhrasach faoin tairbhe a bhaineann le vacsaíniú á bplé acu,

taithí agus dea-chleachtas a chomhroinnt chun líon na bpáistí a dhéantar a vaicsaíniú in aghaidh galar inchoiscthe a ardú i gcoiteann, chomh maith leis an méid sin a dhéanamh i measc grúpaí ó phobail thearc-vacsaínithe,

chun malartú faisnéise idir na soláthróirí seirbhísí vacsaíne a éascú agus chun liosta neamh-uileghabhálach na ngnéithe a mholtar a áireamh i gcártaí imdhíonta nó leabhráin sláinte náisiúnta agus fo-náisiúnta a shainaithint le tacaíocht ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpaí (EMA). Ní foláir seo a dhéanamh agus beartais sláinte poiblí na mBallstát féin á n-urramú, ag cur san áireamh na gnéithe le haghaidh deimhnithe faoi vacsaín atá ar an liosta in Iarscríbhinn 6 de Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta WHO. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis seo sothuigthe laistigh den AE;

16.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

sineirge idir cur chun cinn vacsaíniú leanaí agus cur chun feidhme reachtaíocht agus beartais ábhartha AE a áirithiú, agus urramú iomlán á thabhairt d’inniúlachtaí náisiúnta,

na roghanna seo a leanas a scrúdú i ndlúthchomhar le ECDC agus EMA agus WHO agus an obair atá déanta ag WHO go dtí seo á cur san áireamh:

modheolaíochtaí agus treoir atá comhaontaithe i gcoiteann a shainaithint, arbh fhéidir pobail níos leithne a aimsiú leo, lena n-áirítear naisc, bunaithe ar fhianaise, idir vaicsíniú agus galair,

modheolaíochtaí atá comhaontaithe i gcoiteann a shainaithint le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar líon na leanaí a ndéantar a vaicsaíniú agus ar fhíor-leibhéal cosanta sa phobal,

modheolaíochtaí a shainaithint le faireachán a dhéanamh ar thacaíocht an phobail i ndáil le cláir um vacsaíniú,

forbairt agus cur chun feidhme straitéisí cumarsáide a éascú lena ndírítear ar idirghabháil a dhéanamh le daoine atá amhrasach faoin tairbhe a bhaineann le vacsaíniú, ag soláthar faisnéise atá soiléir agus fíorasach i ndáil leis na buntáistí a bhaineann le vacsaíniú,

treoirlínte agus uirlisí a sholáthar chun cabhrú leis na Ballstáit teachtaireachtaí éifeachtúla a dhearadh,

acmhainní um vacsaíniú ilteangacha AE a fhorbairt do na proifisiúnaigh chúraim sláinte agus don phobal agus é d’aidhm leo faisnéis oibiachtúil, so-rochtana (ar an ngréasán nó ar pháipéar) ar vacsaíní agus ar sceidil imdhíonta a sholáthar, lena n-áirítear vacsaíní a úsáidtear sna Ballstáit, ar fhaisnéis í a bheidh bunaithe ar fhianaise,

tionscadail réigiúnacha agus tionscadail ar fud an AE a éascú chun rochtain ar vacsaíniú a mhéadú do ghrúpaí tearc-vacsaínithe trasnáisiúnta.


(1)  IO L 268, 3.10.1998, lch. 1.

(2)  IO L 142, 30.4.2004, lch. 1.