52011PC0918

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2008/97, (CE) Uimh. 779/98 agus (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle i réimse na n-allmhairí ola olóige agus táirgí talmhaíochta eile ón Tuirc maidir leis na cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme atá le tabhairt don Choimisiún /* COIM/2011/0918 leagan deireanach - 2011/0453 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

Déantar idirdhealú idir dhá chineál gnímh de chuid an Choimisiúin in Airteagal 290 agus in Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE):

Féadfaidh an reachtóir, trí bhíthin Airteagal 290 den CFAE, cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú. Is mar 'gníomhartha tarmligthe' (Airteagal 290(3)) a thagraítear sa téarmaíocht a úsáidtear sa Chonradh do ghníomhartha dlíthiúla a ghlacann an Coimisiún ar an gcaoi seo.

In Airteagal 291 den CFAE, ceadaítear do na Ballstáit bearta uile an dlí náisiúnta a ghlacadh is gá chun gníomhartha Aontais atá ina gceangal de réir dlí a chur chun feidhme. Is féidir cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún leis na gníomhartha sin i gcás inar gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun iad a chur chun feidhme. Sa téarmaíocht a úsáidtear sa Chonradh is mar 'ghníomhartha cur chun feidhme' (Airteagal 291(4)) a thagraítear do ghníomhartha dlíthiúla arna nglacadh ag an gCoimisiún ar an gcaoi seo.

Is éard atá in aidhm an togra reatha trí Rialachán ón gComhairle i réimse na n-n-allmhairí ola olóige agus táirgí talmhaíochta eile ón Tuirc a ailíniú leis na forálacha sin den CFAE.

Tá sé beartaithe an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 a fhorlíonadh nó a leasú, a chinneann an Reachtóir, go háirithe maidir le laghdú méideanna dleachta, nó i gcás ina dtugtar comhaontú nua i gcrích leis an Tuirc.

Le Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 tugtar cumhachtaí don Choimisiún lenar féidir leis na bearta is gá a ghlacadh chun na rialacha a chur chun feidhme maidir le socruithe speisialta a chur i bhfeidhm d'allmhairí ola olóige agus táirgí talmhaíochta eile de thionscnamh na Tuirce. Tugtar de chumhacht don Choimisiún leis freisin coigeartuithe ar an Rialachán seo a ghlacadh, más rud é go ndéantar na rialacha mionsonraithe dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais a leasú.

Le Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce[1] a allmhairiú isteach sa Chomhphobal tugtar cumhachtaí don Choimisiún lenar féidir leis bearta cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh cur i bhfeidhm an chórais allmhairiúcháin do tháirgí arna liostú in Iarscríbhinn I den Chonradh de thionscnamh na Tuirce agus a cheadaítear a allmhairiú isteach san Aontas faoi choinníollacha atá leagtha síos i gCinneadh Uimh. 1/98 de Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce.

Le Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle an 13 Iúil 1998 lena mbunaítear lamháltas i bhfoirm cuóta taraife Comhphobail don Tuirc in 1998 i leith cnónna coill agus lena gcuirtear lamháltais áirithe ar fionraí[2] tugtar cumhachtaí don Choimisiún lenar féidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán sin a aisghairm, a luaithe is a chuirtear na bacainní ar onnmhairí fabhracha ón Aontas go dtí an Tuirc i leataobh.

De thoradh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní foláir na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún faoi na rialacháin sin a ailíniú. Is gá na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún a athaicmiú mar chumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme agus na rialacháin thuas a ailíniú.

TORTHAÍ NA g COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Níor ghá dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ná measúnú tionchair a dhéanamh ós rud é gur ceist idirinstitiúideach a bhaineann le gach Rialachán ón gComhairle an togra maidir le Rialachán (CE) Uimh. 97/2008, (CE) Uimh. 779/98 agus (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle a ailíniú leis an CFAE.

EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

- Achoimre ar an Togra

Ailíniú Rialacháin (CE) Uimh. 2008/97, (CE) Uimh. 779/98 agus (CE) Uimh. 1506/98 leis na forálacha nua dá bhforáiltear faoi Airteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh, tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm.

- Bunús dlí

Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar airgeadais ag an togra ar chaiteachas buiséadach ná ar ioncam.

EILIMINTÍ ROGHNACHA

Níl eilimintí roghnacha i gceist.

2011/0453 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2008/97, (CE) Uimh. 779/98 agus (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle i réimse na n-allmhairí ola olóige agus táirgí talmhaíochta eile ón Tuirc maidir leis na cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme atá le tabhairt don Choimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Le Rialachán (CE)Uimh. 2008/97 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 1997 lena leagtar síos rialacha áirithe maidir le cur i bhfeidhm socruithe speisialta d'allmhairí ola olóige agus táirgí talmhaíochta áirithe eile de thionscnamh na Tuirce[3] tugtar cumhachtaí don Choimisiún lenar féidir leis na bearta is gá a ghlacadh chun rialacha a chur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm socruithe speisialta d'allmhairí ola olóige agus táirgí talmhaíochta eile de thionscnamh na Tuirce. Tugtar de chumhacht don Choimisiún leis freisin coigeartuithe ar an Rialachán seo a ghlacadh, más tá na rialacha mionsonraithe dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais le leasú.

2. Le Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce[4] a allmhairiú isteach sa Chomhphobal tugtar cumhachtaí don Choimisiún lenar féidir leis bearta cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh cur i bhfeidhm an chórais allmhairiúcháin do tháirgí arna liostú in Iarscríbhinn I den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Conradh), de thionscnamh na Tuirce, agus a cheadaítear a allmhairiú isteach san Aontas faoi choinníollacha atá leagtha síos i gCinneadh Uimh. 1/98 de Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce.

3. Le Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle an 13 Iúil 1998 lena mbunaítear lamháltas i bhfoirm cuóta taraife Comhphobail don Tuirc in 1998 i leith cnónna coill agus lena gcuirtear lamháltais áirithe ar fionraí[5] tugtar cumhachtaí don Choimisiún lenar féidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán sin a aisghairm, a luaithe is a chuirfear na bacainní ar onnmhairí fabhracha ón Aontas go dtí an Tuirc i leataobh.

4. De thoradh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin is gá na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún faoi Rialacháin (CE) Uimh. 2008/97, (CE) Uimh. 779/98 agus (CE) Uimh. 1506/98 a ailíniú le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh.

5. Ar mhaithe le heilimintí neamhriachtanacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith ghlacadh na gcoigeartuithe iarmhartacha is gá don Rialachán sin i gcás ina leasaítear coinníollacha reatha na socruithe speisialta dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais, go háirithe maidir le méideanna, nó i gcás ina dtugtar comhaontú nua i gcrích. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

6. Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun Rialachán (CE) Uimh. 2008/97, (CE) Uimh. 779/98 agus (CE) Uimh. 1506/98 a chur chun feidhme, ba cheart na cumhachtaí ábhartha cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin[6].

7. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 779/98 agus (CE) Uimh. 1506/98 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 97/2008 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7 agus Airteagal 8:

" Airteagal 7

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá chun na rialacha maidir le chur i bhfeidhm na socruithe speisialta allmhairiúcháin arna leagan síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal [323(2)] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/yyyy] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [ Rialachán ailínithe maidir leis an CEM Aonair]*.

Airteagal 8

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a chun críche na coigeartuithe iarmhartacha is gá a ghlacadh don Rialachán seo i gcás ina leasaítear coinníollacha reatha na socruithe speisialta dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais, go háirithe maidir le méideanna, nó i gcás ina dtugtar comhaontú nua i gcrích.

* IO C […], […], lch. […].'

(2) Cuirtear an tAirteagal 8a a leanas isteach:

" Airteagal 8a

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Is go ceann tréimhse éiginnte ama a thabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8 don Choimisiún [ dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaitheach seo ]

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 8 i bhfeidhm ach amháin má chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle."

Airteagal 2

Déantar an méid seo a leanas a chur in ionad Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 779/98:

" Airteagal 1

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá chun an córas allmhairiúcháin do tháirgí arna liostú in Iarscríbhinn a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh de thionscnamh na Tuirce agus a allmhairítear isteach san Aontas faoi choinníollacha atá leagtha síos i gCinneadh 1/98 de Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce a chur i bhfeidhm. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal [323(2)] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/yyyy] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [ Rialachán ailínithe maidir leis an CEM Aonair]*.

* * IO C […], […], lch. […].'

Airteagal 3

Déantar an méid seo a leanas a chur in ionad Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1506/98:

' Airteagal 3

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, an scor de fhionraí dá dtagraítear in Airteagal 2 a dheimhniú a luaithe is a chuirfear na bacainní ar onnmhairí fabhracha ón Aontas go dtí an Tuirc i leataobh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal [323(2)] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/yyyy] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [ Rialachán ailínithe maidir leis an CEM Aonair]*.

* * IO C […], […], lch. […].'

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO L 113, 15.4.1998, lch. 1.

[2] IO L 200, 16.7.1998, lch. 1.

[3] IO L 284, 16.10.1997, lch. 17.

[4] IO L 113, 15.4.1998, lch. 1.

[5] IO L 200, 16.7.1998, lch. 1.

[6] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.