52010PC0344

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir Ballstáit agus tríú tíortha /* COIM/2010/0344 leagan deireanach - COD 2010/0197 */


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 7.7.2010

COIM(2010)344 leagan deireanach

2010/0197 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir Ballstáit agus tríú tíortha

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

Déanann an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear “an CFAE” anseo feasta) inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh a bhunú maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche, mar chuid den chomhbheartas tráchtála (Airteagal 207(1) agus Airteagal 3(1)(e)). I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den CFAE, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí i réimse ina dtugtar inniúlacht eisiach don Aontas.

Sular tháinig an CFAE i bhfeidhm, thug Ballstáit os cionn 1000 comhaontú déthaobhach i gcrích a bhaineann le hinfheistíocht le tríú tíortha, agus a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach choigríche go hiomlán nó i bpáirt. Áirítear le comhaontuithe dá leithéidí Conarthaí Infheistíochta Déthaobhacha ina soláthraítear ráthaíochtaí inter alia ar choinníollacha infheistíochta i mBallstáit agus i dtríú tíortha, i bhfoirm gealltanais shonracha atá ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta.

Bíodh is go mbeidh comhaontuithe ina gceangal i gcónaí ar na Ballstáit mar chuid de dhlí idirnáisiúnta poiblí, i bhfianaise theacht i bhfeidhm an CFAE ba cheart tabhairt faoi chomhaontuithe na mBallstát maidir le hinfheistíocht agus faoi na gealltanais iontu ó thaobh inniúlacht eisiach an AE maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche.

In éagmais córais idirthréimhsigh fhollasaigh sa CFAE lena soiléirítear stádas chomhaontuithe na mBallstát, déanfaidh an togra reatha le haghaidh Rialacháin ón gComhairle agus ón bParlaimint marthain leanúnach na gcomhaontuithe infheistíochta ar fad atá i bhfeidhm faoi láthair idir Ballstáit agus tríú tíortha a údarú. Dá bhrí sin, déantar foráil sa togra seo do ráthaíocht fhollasach ar dheimhneacht dhlíthiúil maidir leis na coinníollacha faoina n-oibríonn infheisteoirí.

Déanann an cur chuige seo, ar láimhseáil éabhlóideach é ar theacht i bhfeidhm an CFAE atá an-chosúil le tabhairt isteach an chomhbheartais tráchtála sna 1960í,[1] foráil do cheapadh agus d’ullmhú beartais infheistíochta ón AE de réir a chéile, a fhónfaidh do gach infheisteoir agus infheistíocht go cothrom.

Mar aitheantas go bhféadfaí éileamh ar Bhallstáit, nó go mba ghá dóibh, comhaontuithe infheistíochta a leasú nó a mhodhnú, go háirithe chun iad a chur in oiriúint d’oibleagáidí an Chonartha, déanann an togra seo creat agus coinníollacha a bhunú freisin le cumhacht a thabhairt do Bhallstáit dul i gcaibidlíocht le tríú tír d’fhonn comhaontú déthaobhach arb ann dó cheana a bhaineann le hinfheistíocht a mhodhnú. Tá an creat seo ar fáil freisin le cur ar chumas na mBallstát comhaontú déthaobhach le tríú tíortha a bhaineann le hinfheistíocht a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích faoi choinníollacha áirithe atá leagtha amach sa togra seo. Ós rud é gurb é an tAontas atá inniúil go heisiach maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche, agus go ndéanfar beartas infheistíochta an AE a fhorbairt de réir a chéile, ní mór an nós imeachta a bhunaítear leis an togra seo a mheas mar bheart idirthréimhseach eisceachtúil.

Ní dhíríonn an Rialachán seo ach ar ghnéithe idirthréimhseacha de bhainistiú inniúlacht nua an AE maidir le hinfheistíocht. Ní dhíríonn an Rialachán seo ar chuspóirí, ar chritéir ná ar inneachar bheartas infheistíochta nua an AE a bheidh le forbairt ar bhonn na hinniúlachta eisiaiche a fuarthas le déanaí maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche, agus is i dTeachtaireacht ar leith ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, arna glacadh go comhuaineach leis an togra seo le haghaidh Rialacháin, a ndírítear ar na ceisteanna sin.

2. ROGHANNA BEARTAIS AGUS COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA

Ag féachaint do nádúr sainiúil an ábhair, rinne an Coimisiún meastóireacht ar roinnt roghanna leis an gcuspóir ar a ndéantar cur síos air thuas a bhaint amach, cé nach ndearnadh measúnú iarmharta foirmiúil. Reáchtáladh cruinniú le saineolaithe ó na Ballstáit sa Bhruiséil an 25 Eanáir 2010 le stádas na gcomhaontuithe déthaobhacha a bhaineann le hinfheistíocht a tugadh i gcrích idir Ballstáit agus tríú tíortha a phlé.

Féadtar a mhéid nach bhfuil comhaontuithe infheistíochta na mBallstát ag luí le dlí an AE a bheith ina ábhar plé. Is é tuairim an Choimisiúin gur gá gach neamhchinnteacht dhlíthiúil ar stádas agus ar bhailíocht na gcomhaontuithe seo, a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do ghníomhaíochtaí infheistíochtaí agus infheisteoirí an AE thar lear nó infheistíochtaí agus infheisteoirí eachtracha i mBallstáit, a sheachaint. Go deimhin, tá a leithéid de neamhchinnteacht contrártha le bunréasúnaíocht chosaint na hinfheistíochta, i.e. deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil maidir le hiompar na tíre aíochta. I bhfianaise an staid atá tagtha chun cinn ó tháinig an CFAE i bhfeidhm, is fearr gníomhaíocht thapa chinntitheach ná neamhghníomhaíocht nó freagairt mhall.

Ní dhéanfaidh ionstraimí dlí nach bhfuil ceangailteach, mar shampla dearbhú nó ráiteas ó sheirbhísí an Choimisiúin nó ón gColáiste maidir le stádas agus bailíocht chomhaontuithe déthaobhacha infheistíochta, an deimhneacht dhlíthiúil a dhearbhú atá riachtanach leis na comhaontuithe atá i gceist a ráthú. Dá bhrí sin, is ionstraim dlí an rogha tosaíochta.

Déanann an togra seo an status quo a choimeád freisin agus cuireann sé réiteach neamhbhuan ar fáil trí chomhaontuithe déthaobhacha a bhaineann le hinfheistíocht a rinneadh idir Ballstáit agus tríú tíortha a údarú. Is é príomhthionchar an togra seo ná go seachnófar toradh an-diúltach, i.e. creimeadh féideartha ar chearta agus ar shochair atá ar fáil d’infheisteoirí agus d’infheistíochtaí faoi chomhaontuithe infheistíochta idirnáisiúnta. Ina leith sin, meastar gur mhó an tionchar a bheadh ag neamhghníomhaíocht ná mar a bheadh ag tionchar na gníomhaíochta seo, tionchar atá neodrach toisc go bhfágtar an status quo mar atá.

Ní dhéanann an t-údarú a bhforáiltear dó sa togra seo réamhbhreith ar imlíne bheartas infheistíochta de chuid an AE amach anseo, ná ní cheadaíonn sé do na comhaontuithe a chuimsítear ann an bonn a bhaint ó fheidhmiú inniúlacht an Aontais. Ina leith sin, d’fhéadfaí an t-údarú a cheadaítear de bhun an togra seo a tharraingt siar, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear ann. Déanann an nós imeachta an oibleagáid a chur san áireamh freisin atá ar na Ballstáit neamhluithe ar bith leis an CFAE a d’fhéadfadh a bheith ina gcomhaontuithe reatha, arna n-aithint ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a dhíchur.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Is é cuspóir an togra seo údarás a thabhairt d’fheidhm leanúnach na gcomhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hinfheistíocht a tugadh i gcrích idir Ballstáit agus tríú tíortha, agus coinníollacha agus creat nós imeachta a bhunú le haghaidh chaibidlíocht agus thabhairt i gcrích comhaontuithe dá leithéidí ag na Ballstáit.

Leagtar amach ábhar agus raon feidhme an Rialacháin i g Caibidil I . Déantar foráil in Airteagal 1 go gcuimseoidh an Rialachán comhaontuithe idir Ballstáit agus tríú tíortha a bhaineann le hinfheistíocht.

Déantar foráil i g Caibidil II d’údarú ionas go leanfaidh na comhaontuithe déthaobhacha reatha a rinne Ballstáit le tríú tíortha i bhfeidhm.

Cuirtear de cheanglas ar Bhallstáit in Airteagal 2 fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le gach comhaontú is mian leo a choimeád faoi théarmaí agus faoi choinníollacha an Rialacháin. Bheadh comhaontuithe a tugadh i gcrích ach nár tháinig i bhfeidhm faoi réir Airteagal 2 freisin.

In Airteagal 3, údaraítear gach comhaontú atá ann cheana féin idir Ballstáit agus tríú tíortha a bhaineann le hinfheistíocht ar thug Ballstáit fógra fúthu a choimeád i bhfeidhm ón lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Ní dhéanfaidh an t-údarú seo dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi dhlí an Aontais.[2]

Déantar foráil in Airteagal 4 d’fhoilsiú gach comhaontaithe a fógraíodh san Iris Oifigiúil , chun a áirithiú go mbeidh raon feidhme beacht an chlúdaigh dhlíthiúil arna chur ar fáil ag an Rialachán ar eolas ag na páirtithe leasmhara ar fad.

Déantar foráil in Airteagal 5 d’athbhreithniú a dhéanamh ar chomhaontuithe a fógraíodh. Aithneofar gnéithe cainníochtúla agus cáilíochtúla na gcomhaontuithe atá i bhfeidhm san athbhreithniú, mar aon leis na constaicí a d’fhéadfadh na comhaontuithe a chur roimh chur chun feidhme an chomhbheartais tráchtála. Déanfaidh an Coimisiún measúnú, go háirithe, ar cibé a thagann nó nach dtagann na comhaontuithe agus na forálacha iontu salach ar dhlí an Aontais, cibé a bhaineann nó nach mbaineann siad an bonn ó chaibidlíochtaí nó comhaontuithe a bhaineann le hinfheistíocht idir an tAontas agus tríú tíortha, nó a bhaineann nó nach mbaineann siad an bonn ó bheartais an Aontais maidir le hinfheistíocht, lena n-áirítear go háirithe an comhbheartas tráchtála. Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, tíolacfaidh an Comisiún tuarascáil bunaithe ar an athbhreithniú ar na comhaontuithe agus ar aon mholtaí a d'fhéadfadh a bheith ann i dtaobh deireadh a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chaibidil II nó na forálacha sin a mhodhnú.

In Airteagal 6, sonraítear tarraingt siar fhéideartha an údaraithe arna cheadú faoin gCaibidil seo. D’fhéadfaí go mbeadh sé riachtanach údarú a tharraingt siar le haghaidh comhaontú amháin nó níos mó le tríú tír ar leith nuair nach dtagann na comhaontuithe sin le dlí an Aontais. Ar an dara dul síos, d'fhéadfaí an t-údarú a tharraingt siar má tá comhaontú ina dhúbailt, go hiomlán nó i bpáirt, ar chomhaontú de chuid an Aontais atá i bhfeidhm leis an tríú tír sin agus nuair nach dtugtar aghaidh ar an dúbailt shonrach sin sa chomhaontú is deireanaí. Mar shampla, déantar tagairt do chás ina dtugann an tAontas comhaontú saorthrádála i gcrích le tríú tír, comhaontú ina bhfuil forálacha a bhaineann le hinfheistíocht, agus ina bhfuil comhaontú i bhfeidhm ag sé Bhallstát maidir le hinfheistíocht. Mura bhforáiltear leis an gcomhaontú a tugadh i gcrích idir an AE agus an tríú tír sin go nglacfaidh sé ionad na sé chomhaontú idir na sé Bhalltstát sin agus an tríú tír, bheadh feidhm ag Airteagal 6. Leag an Coimisiún amach i dTeachtaireacht a glacadh in éineacht leis an togra seo dearcadh an Choimisiúin i leith an beartas idirnáisiúnta infheistíochta a bhfuil sé ar intinn aige a shaothrú, lena n-áirítear na tíortha sin a bhfuil sé de rún aige, mar chéim thosaigh, comhaontuithe maidir le hinfheistíocht a chaibidliú leo. Ar deireadh, d'fhéadfaí údarú comhaontaithe amháin nó níos mó a tharraingt siar i gcás ina mbaineann comhaontú an bonn ó bheartais an Aontais maidir le hinfheistíocht, lena n-áirítear go háirithe an comhbheartas tráchtála (e.g. i gcás ina mbaintear ó thoil tríú tír dul i mbun caibidlíochta leis an Aontas mar go bhfuil comhaontuithe eile ann), nó i gcás nach ndearna an Chomhairle cinneadh faoin údarú caibidlíochtaí ar infheistíocht a oscailt lasitigh de bhliain amháin ón tráth a chuireann an Coimisiún moladh isteach de bhun Airteagal 218(3) den Chonradh. Déantar foráil in Airteagal 6 do chomhairliúchán idir an Coimisiún agus an Ballstát/na Ballstáit lena mbaineann trína bhfuil aghaidh le tabhairt ar an imní as a n-eascraíonn go bhféadfaí an t-údarú a tharraingt siar.

Déantar foráil i g Caibidil III do na comhaontuithe atá ann cheana féin a mhodhnú, agus do chomhaontuithe nua a thabhairt i gcrích. Tá an creat nós imeachta arna bheartú faoi spreagadh na meicníochta cumhachtaithe arna leagan amach le Rialacháin Uimh. 662/2009 an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear nós imeachta maidir le comhaontuithe idir Ballstáit agus tríú tíortha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích ar ábhair áirithe a bhaineann leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha agus le Rialachán Uimh. 664/2009 an 7 Iúil 2009 lena mbunaítear nós imeachta maidir le comhaontuithe idir Ballstáit agus tríú tíortha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích a bhaineann le dlínse, aithint agus forfheidhmiú agus breithiúnas agus cinntí in ábhair a bhaineann le cúrsaí pósta, freagrachtaí tuismitheoirí agus oibleagáidí cothabhála, agus an dlí is infheidhme in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála. [3]

Déantar foráil in Airteagal 7 don chreat ginearálta faoinar féidir le Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a bhaineann le hinfheistíocht a thabhairt i gcrích nó a mhodhnú.

In Airteagal 8, éilítear ar Bhallstáit fógra a thabhairt don Choimisiún más mian leo comhaontú déthaobhach atá ann cheana féin a mhodhnú nó comhaontú déthaobhach nua a thabhairt i gcrích le tríú tír. Iarrtar ar Bhallstáit an doiciméadacht ábhartha ar fad a bhaineann le hathchaibidlíocht nó le caibidlíocht comhaontaithe, ar féidir é a chur ar fáil do Bhallstáit eile agus do Pharlaimint na hEorpa faoi réir cheanglais na rúndachta, a sholáthar.

Sonraítear in Airteagal 9 na forais shubstainteacha nach ndéanfadh an Coimisiún caibidlíocht fhoirmiúil ag Ballstáit a údarú ar a mbonn, lena n-áirítear go háirithe an foras go bhféadfadh tionscnamh ó Bhallstát an bonn a bhaint ó chuspóirí chaibidlíocht an AE nó bheartas an AE. Féadfaidh an Coimisiún a éileamh ar Bhallstát clásail iomchuí a áireamh in idirbheart, mar shampla i ndáil le (a) deireadh a chur leis an gcomhaontú i gcás ina dtugtar comhaontú iardain i gcrích idir an tAontas, nó idir an tAontas agus a Bhallstáit ar an taobh amháin, nó leis an tríú tír chéanna ar an taobh eile (féach, mar shampla, na clásail séanta nó athsholáthair atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 662/2009, Airteagal 5), (b) forálacha aistrithe nó (c) cóir na náisiún barrfhabhair d'fhonn cóir chomhionann a áirithiú d'infheisteoirí uile an AE sa tríú tír ábhartha.

Éilítear in Airteagal 10 go gcoinneoidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi (ath)chaibidlíocht atá údaraithe. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an Coimisiún iarraidh páirt a ghlacadh mar bhreathnadóir sa chaibidlíocht ar infheistíocht idir an Ballstát agus an tríú tír, d’fhonn trédhearcacht iomlán agus comhsheasmhacht le beartas infheistíochta an Aontais a áirithiú.

Pléitear in Airteagal 11 le deireadh phróiseas na caibidlíochta, agus déantar foráil ann don nós imeachta agus do na coinníollacha faoinar féidir Ballstáit a údarú chun comhaontú a shíniú agus a thabhairt i gcrích. Tar éis fógra a thabhairt maidir leis an gcomhaontú, atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin sula sínítear é, measúnaíonn an Coimisiún an é nach mbaineann an comhaontú an bonn ó chaibidlíochtaí infheistíochta AE atá ar siúl nó atá ar tí a bheith ar siúl, nó nach bhfuil sé ar neamhréir le hoibleagáidí dhlí AE, lena n-áirítear iad siúd faoi Chuid a Trí, Caibidil 4 de Theideal V den CFAE.

Déantar foráil in Airteagal 12 d’athbhreithniú na n-údaruithe a dhéanfaí de bhun Chaibidil III den Rialachán seo. Trí athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe cainníochtúla agus cáilíochtúla na gcaibidlíochtaí agus na gcomhaontuithe arna n-údarú, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a iomchuí is atá sé leanúint le cur chun feidhme fhorálacha Chaibidil III. Déanfar an tuarascáil agus moltaí ar bith maidir le deireadh a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha na Caibidle seo nó na forálacha sin a mhodhnú a thíolacadh tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

Leagtar amach i g Caibidil IV ceanglais áirithe a bhaineann le hiompar na mBallstát maidir le comhaontuithe atá cumhdaithe leis an Rialachán seo.

Iarrtar in Airteagal 13 ar Bhallstáit faisnéis a sholáthar i leith cruinnithe a reáchtáiltear faoi choimirce comhaontuithe cumhdaithe. Ina theannta sin, iarrtar ar Bhallstáit fógra a thabhairt don Coimisiún ar aon iarraidh maidir le socrú díospóide a thaisctear i gcoinne na mBallstát féin faoi choimirce a gcomhaontuithe chomh luath agus a bhíonn siad ar an eolas faoina leithéid d’iarraidh, agus comhoibriú leis an gCoimisiún maidir le meicníochtaí díospóide a ghníomhachtú – a d'fhéadfaidís a thaisceadh i gcoinne tríú tír eile atá páirteach i gcomhaontú dá leithéid – nó comhairliúcháin faoi chomhaontú a ghníomhachtú.

Déantar foráil in Airteagal 14 go bhféadfaidh Ballstáit a léiriú cibé acu an bhfuil faisnéis ar bith a chuireann siad ar fáil i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 11 le meas mar fhaisnéis rúnda nó nach bhfuil, agus cibé an féidir é a roinnt le Ballstáit eile nó nach féidir.

Cruthaítear coiste nua in Airteagal 15 a chabhróidh leis an gCoimisiún i mbainistiú an Rialacháin agus sonraítear ann na nósanna imeachta faoina bhfeidhmeoidh an coiste seo. Féadtar an fhoráil seo a athbhreithniú chun í a chur i gcomhréir leis an rialachán a ghlacfar amach anseo de bhun Airteagal 291 CFAE maidir le rialú ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin.[4] Sa chás go nglacfar leis an togra reatha sula dtiocfaidh an rialachán ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin i bhfeidhm, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún go ndéanfar é a nuashonrú go huathoibríoch chun tagairt a dhéanamh don rialachán a ghlacfar de bhun Airteagal 291 le feidhmiú an togra sin.[5]

Déantar foráil in Airteagal 16 go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm 20 lá tar éis lá a fhoilsithe, rud a chiallaíonn go bhfuil feidhm ag Caibidil II i leith comhaontuithe atá i bhfeidhm roimh an dáta sin.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Ní chuirfidh an togra seo isteach ar Bhuiséad an Chomhphobail.

2010/0197 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir Ballstáit agus tríú tíortha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, áirítear infheistíocht dhíreach choigríche ar liosta na n-ábhar a thig faoin gcomhbheartas tráchtála. I gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear “an Conradh” anseo feasta), tá inniúlacht eisiach ag an Aontas maidir leis an gcomhbheartas tráchtála. Dá réir sin, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh reachtaíocht a rith agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí sa réimse sin. Ní féidir leis na Ballstáit a leithéid a dhéanamh ach amháin má thugann an tAontas cumhacht dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Chonradh.

(2) Ina theannta sin, leagtar amach i gCuid a Trí, Caibidil 4 de Theideal IV den Chonradh comhrialacha maidir le gluaiseacht caipitil idir Ballstáit agus tríú tíortha, lena n-áirítear i leith gluaiseachtaí caipitil lena mbaineann infheistíochtaí. D'fhéadfadh comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hinfheistíocht choigríche a dhéanfaidh Ballstáit difear a dhéanamh do na rialacha sin.

(3) Nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, bhí líon suntasach conarthaí déthaobhacha a bhain le hinfheistíocht ag Ballstáit an Aontais le tríú tíortha. Níl forálacha idirthréimhseacha follasacha ar bith sa Chonradh le haghaidh a leithéidí de chomhaontuithe atá faoi inniúlacht eisiach an Aontais anois. Ina theannta sin, d’fhéadfaí go mbeadh forálacha i roinnt de na comhaontuithe sin a dhéanfaidh difear do na comhrialacha maidir le gluaiseachtaí caipitil dá bhforáiltear i gCuid a Trí, Caibidil 4 de Theideal IV den Chonradh.

(4) Bíodh is go mbeidh comhaontuithe déthaobhacha ceangailteach i gcónaí ar na Ballstáit faoin dlí poiblí idirnáisiúnta agus go ndéanfar comhaontuithe Aontais eile ar an ábhar céanna a chur ina n-ionad de réir a chéile amach anseo, beidh gá le bainistiú iomchuí a dhéanamh ar choinníollacha a marthana leanúnaí, agus ar a gcaidreamh le beartais an Aontais a bhaineann le hinfheistíocht, lena n-áirítear go háirithe an comhbheartas tráchtála. Forbróidh an caidreamh sin a thuilleadh de réir mar a fheidhmeoidh an tAontas a inniúlacht.

(5) Ar mhaithe le hinfheisteoirí an AE agus lena n-infheistíochtaí i dtríú tíortha, agus ar mhaithe le Ballstáit atá ina n-óstach d’infheisteoirí agus d’infheistíochtaí coigríche, ba cheart comhaontuithe déthaobhacha a shonraíonn agus a ráthaíonn na coinníollacha infheistíochta a choimeád i bhfeidhm.

(6) Leagtar amach sa Rialachán seo na coinníollacha faoinar cheart Ballstáit a údarú chun comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hinfheistíocht a choimeád i bhfeidhm nó ligean dóibh teacht i bhfeidhm.

(7) Leagtar amach sa Rialachán seo na coinníollacha faoina dtugtar cumhachtaí do Bhallstáit comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hinfheistíocht a leasú nó a thabhairt i gcrích.

(8) Toisc go gceadaítear an t-údarú chun comhaontuithe atá cumhdaithe leis an Rialachán seo a choimeád, a leasú nó a thabhairt i gcrích i réimse ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas, ní mór é a mheas mar bheart eisceachtúil. Ní dhéanfaidh an t-údarú dochar do chur chun feidhme Airteagal 258 den Chonradh maidir le mainneachtain Bhallstáit oibleagáidí a chomhlíonadh faoi na Conarthaí seachas na hoibleagáidí sin a bhaineann le neamhluithe ag éirí as leithdháileadh inniúlachta idir an tAontas agus a Bhallstáit.

(9) Cuirtear de cheangal ar Bhallstáit[6] na bearta is gá a ghlacadh le neamhluithe, nuair is ann dóibh, le dlí an Aontais mar atá i gConarthaí Déthaobhacha Infheistíochta atá tugtha i gcrích eatarthu agus tríú tíortha a dhíchur.

(10) Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an t-údarú a tharraingt siar má tá comhaontú ar neamhréir le dlí an Aontais seachas na neamhluithe sin a eascraíonn as leithdháileadh inniúlachta idir an tAontas agus a Bhallstáit. Féadfar an t-údarú a tharraingt siar freisin má tá forálacha a bhaineann le hinfheistíocht cosúil le forálacha i gcomhaontú Ballstáit ar áireamh i gcomhaontú de chuid an Aontais atá i bhfeidhm le tríú tír. D'fhonn a áirithiú nach mbainfidh comhaontuithe de chuid na mBallstát an bonn ó fhorbairt agus ó chur chun feidhme bheartais an Aontais a bhaineann le hinfheistíocht, lena n-áirítear go háirithe bearta uathrialacha sa chomhbheartas tráchtála, féadfar an t-údarú a tharraingt siar. Ar deireadh, más rud é nár ghlac an Chomhairle cinneadh faoin údarú caibidlíochtaí a bhaineann le hinfheistíocht a oscailt laistigh de bhliain amháin ón dáta a chuireann an Coimisiún moladh isteach de bhun Airteagal 218(3) den Chonradh, bheadh an rogha ann an t-údarú a tharraingt siar.

(11) Go háirithe, cuirfidh an t-údarú chun comhaontuithe a leasú nó a thabhairt i gcrích a ndéantar foráil dó sa Rialachán seo ar a gcumas do Bhallstáit aghaidh a thabhairt ar aon neamhluí idir a gcomhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hinfheistíocht agus dlí an Aontais, seachas na neamhluithe a éiríonn as leithdháileadh inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit, a dtugtar aghaidh orthu sa Rialachán seo.

(12) Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm Chaibidlí II agus III a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh, inter alia, ar an ngá atá ann leanúint de na caibidlí sin a chur i bhfeidhm. I gcás ina moltar sa tuarascáil deireadh a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha na gCaibidlí sin nó na forálacha sin a mhodhnú, ba cheart go mbeadh an togra reachtach iomchuí ag gabháil léi. Más rud é nach gcuirtear comhaontú Aontais maidir le hinfheistíocht ina n-ionad, nó go gcuirtear deireadh leo ar chaoi eile, leanfaidh comhaontuithe déthaobhacha arna ndéanamh ag Ballstáit le tríú tíortha de bheith ceangailteach ar na páirtithe de réir an dlí idirnáisiúnta phoiblí.

(13) Níor cheart i gcás ar bith ligean do chomhaontuithe arna n-údarú faoin Rialachán seo nó údaruithe chun caibidlíochtaí a oscailt le comhaontú déthaobhach atá ann cheana féin le tríú tír a leasú nó le comhaontú nua a thabhairt i gcrích a bheith ina gconstaic ar chur chun feidhme bheartais an Aontais a bhaineann le hinfheistíocht, go háirithe an comhbheartas tráchtála.

(14) Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún a áirithiú gur i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[7] a chaithfear le gach faisnéis a aithnítear mar fhaisnéis rúnda.

(15) Níor cheart comhaontuithe idir Ballstáit a bhaineann le hinfheistíocht a bheith cumhdaithe leis an Rialachán seo.

(16) Is gá socruithe áirithe a sholáthar le háirithiú go mbeidh na comhaontuithe a choimeádtar de bhun an Rialacháin seo feidhmiúil i gcónaí, lena n-áirítear maidir le socrú díospóide, agus inniúlacht eisiach an Aontais á hurramú ag an am céanna.

(17) Ba cheart na bearta atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[8],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Raon feidhme

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaíonn an Rialachán seo na téarmaí, na coinníollacha agus an nós imeachta faoina n-údaraítear do Bhallstáit comhaontuithe déthaobhacha le tríú tíortha a bhaineann le hinfheistíocht a choimeád i bhfeidhm, a leasú nó a thabhairt i gcrích.

CAIBIDIL II

Údarú chun comhaontuithe a choimeád i bhfeidhm

Airteagal 2

Fógra a thabhairt don Choimisiún

Laistigh de tríocha lá tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le gach comhaontú déthaobhach le tríú tíortha a bhaineann le hinfheistíocht ar cuireadh i gcrích iad sular tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm agus ar mian leo iad a choimeád i bhfeidhm nó ligean dóibh teacht i bhfeidhm faoin gCaibidil seo. Áireofar cóip de na comhaontuithe déthaobhacha sin leis an bhfógra.

Airteagal 3

Údarú chun comhaontuithe a choimeád i bhfeidhm

D’ainneoin inniúlachtaí an Aontais a bhaineann le hinfheistíocht agus gan dochar d’oibleagáidí eile na mBallstát faoi dhlí an Aontais, údaraítear do Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Chonradh comhaontuithe déthaobhacha a bhaineann le hinfheistíocht agus ar tugadh fógra maidir leo i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo a choimeád i bhfeidhm.

Airteagal 4

Foilsiú

1. Gach dhá mhí dhéag, foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhaontuithe ar tugadh fógra maidir leo de bhun Airteagal 2 nó Airteagal 11(7) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

2. Déanfar an liosta de na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 a fhoilsiú den chéad uair tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an spriocdháta le haghaidh fógraí de bhun Airteagal 2.

Airteagal 5

Athbhreithniú

1. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na comhaontuithe ar tugadh fógra maidir leo de bhun Airteagal 2, lena n-áirítear trí mheasúnú a dhéanamh, go háirithe, féachaint nach mbaineann an méid seo a leanas leis na comhaontuithe:

(a) nach mbeadh siad ar neamhréir le dlí an Aontais seachas na neamhluithe a eascraíonn as leithdháileadh inniúlachta idir an tAontas agus a Bhallstáit, nó

(b) nach mbeadh siad ina ndúbailt, go hiomlán nó i bpáirt, ar chomhaontú de chuid an Aontais atá i bhfeidhm leis an tríú tír sin agus nach dtugtar aghaidh ar an dúbailt shonrach sin sa chomhaontú is deireanaí, nó

(c) nach mbeadh siad ina gconstaic ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme bheartais an Aontais a bhaineann le hinfheistíocht, lena n-áirítear go háirithe an comhbheartas tráchtála.

2. Féadfar comhairliúchán a dhéanamh idir an Coimisiún agus an Ballstát a thugann fógra, arna iarraidh sin don Bhallstát nó ar thionscnamh ón gCoimisiún, leis an athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 a éascú.

3. Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur chun feidhme na Caibidle seo agus déanfar athbhreithniú sa tuarascáil sin ar an ngá le cur i bhfeidhm leanúnach na caibidle seo, bunaithe ar an athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1.

4. I gcás ina moltar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 go gcuirfear deireadh le cur i bhfeidhm fhorálacha na Caibidle seo nó na forálacha sin a mhodhnú, beidh togra reachtach iomchuí ag gabháil léi.

Airteagal 6

Údarú a tharraingt siar

1. Féadfar an t-údarú a ndéantar foráil dó in Airteagal 3 a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas: :

(a) má tá comhaontú ar neamhréir le dlí an Aontais seachas na neamhluithe a eascraíonn as leithdháileadh inniúlachta idir an tAontas agus a Bhallstáit, nó

(b) má tá comhaontú ina dhúbailt, go hiomlán nó i bpáirt, ar chomhaontú de chuid an Aontais atá i bhfeidhm leis an tríú tír sin agus nach dtugtar aghaidh ar an dúbailt shonrach sin sa chomhaontú is deireanaí, nó

(c) má tá comhaontú ina chonstaic ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme bheartais an Aontais a bhaineann le hinfheistíocht, lena n-áirítear go háirithe an comhbheartas tráchtála, nó

(d) mura bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle faoin údarú caibidlíochtaí a oscailt ar chomhaontú atá ina dhúbailt, go hiomlán nó i bpáirt, ar chomhaontú ar tugadh fógra maidir leis faoi Airteagal 2, laistigh de bhliain amháin ón dáta a chuireann an Coimisiún moladh isteach de bhun Airteagal 218(3) den Chonradh.

2. I gcás ina bhfuil an Coimisiún den tuairim go bhfuil forais ann leis an údarú dá dtagraítear in Airteagal 3 a tharraingt siar, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe don Bhallstát lena mbaineann faoi na céimeanna is gá a ghlacadh chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh. Eagrófar comhairliúcháin idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann.

3. I gcás nach n-éireoidh leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 2 an cheist a réiteach, déanfaidh an Coimisiún an t-údarú don chomhaontú lena mbaineann a tharraingt siar. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le tarraingt siar an údaraithe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Áireofar leis sin ceanglas go ndéanfaidh an Ballstát gníomhaíocht iomchuí, agus más gá go gcuirfidh sé deireadh leis an gcomhaontú iomchuí.

4. I gcás ina ndéantar údarú a tharraingt siar, bainfidh an Coimisiún an comhaontú den liosta dá dtagraítear in Airteagal 4.

CAIBIDIL III

Údarú chun comhaontuithe a leasú nó a thabhairt i gcrích

Airteagal 7

Údarú chun comhaontuithe a leasú nó a thabhairt i gcrích

Faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagail 8 go 12, údarófar do Bhallstát dul i gcaibidlíocht chun comhaontú atá ann cheana féin a leasú nó comhaontú nua a thabhairt i gcrích maidir le hinfheistíocht le tríú tír.

Airteagal 8

Fógra a thabhairt don Choimisiún

1. I gcás ar mian le Ballstát dul i gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú atá ann cheana féin a leasú nó comhaontú nua a thabhairt i gcrích le tríú tír maidir le hinfheistíocht, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don Choimisiún maidir lena bhfuil ar intinn aige.

2. Áireofar san fhógra doiciméadacht ábhartha agus léiriú ar na forálacha a dtabharfar aghaidh orthu sna caibidlíochtaí, cuspóirí na gcaibidlíochtaí agus faisnéis ábhartha ar bith eile. I gcás leasuithe ar chomhaontú atá ann cheana féin, léireofar san fhógra na forálacha atá le hathchaibidliú.

3. Déanfaidh an Coimisiún an fógra agus, má iarrtar é, an doiciméadacht tionlacain a chur ar fáil do Bhallstáit eile faoi réir cheanglais na rúndachta ata leagtha síos in Airteagal 14.

4. Déanfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 a tharchur cúig mhí féilire ar a laghad sula gcuirfear tús le caibidlíochtaí foirmiúla leis an tríú tír lena mbaineann.

5. I gcás nach leor an fhaisnéis a tharchuirfidh an Ballstát le haghaidh cur ar bun caibidlíochtaí foirmiúla a údarú i gcomhréir le hAirteagal 9, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh.

Airteagal 9

Údarú chun caibidlíochtaí foirmiúla a chur ar bun

1. Déanfaidh an Coimisiún cur ar bun caibidlíochtaí foirmiúla a údarú mura gcinneann sé go mbeadh na nithe seo a leanas i gceist le caibidlíochtaí a chur ar bun:

(a) go mbeadh a leithéid ar neamhréir le dlí an Aontais seachas na neamhluithe a eascraíonn as leithdháileadh inniúlachta idir an tAontas agus a Bhallstáit, nó

(b) go mbainfeadh a leithéid an bonn de chaibidlíochtaí atá ar siúl nó ar tí a bheith ar siúl idir an tAontas agus an tríú tír lena mbaineann, nó

(c) go mbeadh a leithéid ina chonstaic ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme bheartais an Aontais a bhaineann le hinfheistíocht, lena n-áirítear go háirithe an comhbheartas tráchtála.

2. Mar chuid den údarú dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an mBallstát clásail iomchuí ar bith a chur san áireamh ina leithéid de chaibidlíocht.

3. Glacfar cinntí maidir leis an údarú dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Glacfaidh an Coimisiún a chinneadh laistigh de 90 lá tar éis an fógra dá dtagraítear in Airteagal 8 a fháil. Sa chás gur gá faisnéis bhreise le cinneadh a dhéanamh, tosóidh an 90 lá ar an dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise.

Airteagal 10

Rannpháirtíocht an Choimisiúin i gcaibidlíochtaí

Coinneofar an Coimisiún ar an eolas faoin dul chun cinn agus faoi na torthaí le linn chéimeanna difriúla na gcaibidlíochtaí, agus d’fhéadfadh sé iarraidh páirt a ghlacadh sna caibidlíochtaí idir an Ballstát agus an tríú tír maidir le hinfheistíocht.

Airteagal 11

Údarú chun comhaontú a shíniú agus a thabhairt i gcrích

1. Sula síneofar comhaontú, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir le toradh na gcaibidlíochtaí agus déanfaidh sé téacs an chomhaontaithe a tharchur chuig an gCoimisiún.

2. Áireofar le dualgas an fhógra dá bhforáiltear i mír 1 comhaontuithe ar caibidlíodh iad sular tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm ach nár tugadh i gcrích iad agus, dá bhrí sin, nach bhfuil faoi réir dhualgas an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 2.

3. Chomh luath agus a gheobhaidh sé fógra, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcomhaontú caibidlithe féachaint:

(a) nach bhfuil a leithéid ar neamhréir le dlí an Aontais seachas na neamhluithe a eascraíonn as leithdháileadh inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit, nó

(b) nach mbainfeadh a leithéid an bonn de chaibidlíochtaí atá ar siúl nó ar tí a bheith ar siúl idir an tAontas agus an tríú tír lena mbaineann, nó

(c) nach bhfuil a leithéid ina chonstaic ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme bheartais an Aontais a bhaineann le hinfheistíocht, lena n-áirítear go háirithe an comhbheartas tráchtála, nó

(d) nach bhfuil a leithéid ar neamhréir le ceanglas Airteagal 9(2), i gcás inarb infheidhme.

4. I gcás ina mbeidh an Coimisiún den tuairim go bhfuil comhaontú ann mar thoradh ar chaibidlíochtaí agus nach gcomhlíonann an comhaontú sin na ceanglais dá dtagraítear i mír 3, ní thabharfar údarás don Bhallstát chun an comhaontú a shíniú agus a thabhairt i gcrích.

5. I gcás ina mbeidh an Coimisiún den tuairim go bhfuil comhaontú ann mar thoradh ar chaibidlíochtaí agus go gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i mír 3, tabharfar údarás don Bhallstát chun an comhaontú a shíniú agus a thabhairt i gcrích.

6. Glacfar cinntí de bhun mhíreanna 4 agus 5 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh laistigh de 90 lá tar éis na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a fháil. I gcás inar gá faisnéis bhreise leis an gcinneadh a dhéanamh, tosóidh an 90 lá ar an dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise.

7. I gcás inar ceadaíodh údarú i gcomhréir le mír 5, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir le tabhairt i gcrích agus teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe.

Airteagal 12

Athbhreithniú

1. Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur chun feidhme na Caibidle seo agus déanfar athbhreithniú sa tuarascáil sin ar an ngá le cur i bhfeidhm leanúnach na Caibidle.

2. Cuimseoidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 forbhreathnú ar údaruithe a iarradh agus a ceadaíodh faoin gCaibidil seo.

3. I gcás ina moltar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 go gcuirfí deireadh le cur chun feidhme na Caibidle seo nó go modhnófaí forálacha na Caibidle seo, beidh togra reachtach iomchuí ag gabháil léi.

CAIBIDIL IV

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 13

Iompar na mBallstát maidir le comhaontuithe le tríú tír

1. I gcás gach comhaontaithe a thig faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún gan aon mhoill mhíchuí maidir le gach cruinniú a tharlaíonn faoi fhorálacha an chomhaontaithe. Tabharfar an clár oibre agus gach faisnéis ábhartha don Choimisiún d’fhonn cur ar a chumas na hábhair atá le plé a thuiscint. D’fhéadfadh an Coimisiún faisnéis bhreise a lorg ón mBallstát lena mbaineann. I gcás ábhair le plé a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme bheartais an Aontais a bhaineann le hinfheistíocht, lena n-áirítear go háirithe an comhbheartas tráchtála, is féidir leis an gCoimisiún ceangal a chur ar an mBallstát lena mbaineann seasamh ar leith a ghlacadh.

2. I gcás gach comhaontaithe a thig faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún gan aon mhoill mhíchuí maidir le gach uiríoll a dhéantar leis go bhfuil beart ar leith ar neamhréir leis an gcomhaontú. Ina theannta sin, tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir le haon iarraidh ar shocrú díospóide a thaisctear faoi choimirce an chomhaontaithe chomh luath is a bhíonn an Ballstát ar an eolas maidir leis an iarraidh. Comhoibreoidh an Ballstát agus an Coimisiún le chéile agus glacfaidh siad gach beart riachtanach le cosaint éifeachtach a áirithiú, lena n-áireofaí, i gcás inarb iomchuí, go nglacfadh an Coimisiún páirt sa nós imeachta.

3. I gcás gach comhaontaithe a thig faoi raon feidhme an Rialacháin seo, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann comhaontú an Choimisiúin sula ndéanfaidh sé aon mheicníocht ábhartha le haghaidh socrú díospóide a áirítear leis an gcomhaontú a ghníomhachtú, agus déanfaidh sé meicníochtaí dá leithéidí a ghníomhachtú má iarrann an Coimisiún é. Áireofar le meicníochtaí dá leithéidí comhairliúcháin leis an bpáirtí eile sa chomhaontú agus sa socrú díospóide i gcás ina bhforáiltear dóibh sa chomhaontú. Comhoibreoidh an Ballstát agus an Coimisiún le chéile i leanúint nósanna imeachta laistigh de na meicníochtaí ábhartha, lena n-áireofaí, i gcás inarb iomchuí, go nglacfadh an Coimisiún páirt sna nósanna imeachta ábhartha.

Airteagal 14

Rúndacht

Nuair a thugtar fógra don Choimisiún maidir le caibidlíochtaí agus a dtoradh i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 11, féadfaidh Ballstáit a léiriú cibé an bhfuil faisnéis ar bith a chuirtear ar fáil le meas mar fhaisnéis rúnda nó nach bhfuil, agus cibé an féidir é a roinnt le Ballstáit eile nó nach féidir.

Airteagal 15

Coiste

1. Tabharfaidh an Coiste Comhairleach um Bainistiú Socruithe Idirthréimhseacha i gComhaontuithe Infheistíochta Idirnáisiúnta cúnamh don Choimisiún.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] Cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1961 maidir le caighdeánú ar fhad tréimhse comhaontuithe trádála le tríú tíortha agus Cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 1969 maidir le caighdeánú comhleanúnach ar chomhaontuithe a bhaineann le caidreamh tráchtála idir Ballstáit agus tríú tíortha agus maidir le comhaontuithe an Chomhphobail a chaibidliú.

[2] Le haghaidh an chásdlí is déanaí, féach na breithiúnais C-205/06 agus C-249/06 an 3 Márta 2009 agus breithiúnas C-118/07 an 19 Samhain 2009, inar mheas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nach raibh forálacha sonracha de Chonarthaí Déthaobhacha Infheistíochta a rinne an Ostair, an tSualainn agus an Fhionlainn ag luí le Conradh CE agus nach raibh na bearta iomchuí glactha ag na Ballstáit lena mbaineann chun na neamhluithe sin a dhíchur. Tá na clásail chéanna, nó clásail atá cosúil leo, i gconarthaí déthaobhacha infheistíochta eile a tugadh i gcrích roimh aontachas leis an Aontas nó ina dhiaidh. Sna breithiúnais uaithi, d’iarr an Chúirt ar an gCoimisiún ról an éascaitheora sna hábhair seo a ghabháil air féin.

[3] IO L 200/52, 31 Iúil 2009, lch. 25 agus lch. 46.

[4] Féach Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin, COIM(2010) 83, leagan deireanach, 9 Márta 2010.

[5] Féach Airteagal 10 den togra thuasluaite ón gCoimisiún.

[6] Le haghaidh an chásdlí is déanaí, féach breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sna cásanna C-205/06, An Coimisiún v. An Ostair, C-249/06, An Coimisiún v . An tSualainn , agus C-118/07, An Coimisiún v . An Fhionlainn .

[7] IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

[8] IO L 184, 17.7.1999, lch 23.