52010PC0289




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 2.6.2010

COIM(2010) 289 leagan deireanach

2010/0160 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

{SEC(2010) 678}{SEC(2010) 679}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Comhthéacs an togra

Le linn na géarchéime airgeadais, nochtaíodh teipeanna móra ar an maoirseacht a dhéantar ar airgeadas, i gcásanna ar leith agus sa chóras airgeadais ina iomláine. Tá an Coimisiún Eorpach tar éis tús a chur le hollchóiriú suntasach ar mhaoirseacht airgeadais san Eoraip d'fhonn córas Eorpach maoirseachta níos éifeachtúla, níos comhtháite agus níos inbhuanaithe a bhunú. Cuireann an méid seo le cinntí an ghrúpa saineolaithe ardleibhéil, a raibh an tUasal Jacques de Larosière, iar-stiúrthóir ginearálta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ina chathaoirleach air, agus a shainordaigh an tUachtarán Barroso d'fhonn moltaí a dhéanamh chun socruithe maoirseachta san Eoraip a neartú. Thíolaic an Grúpa a thuarascáil an 25 Feabhra 2009 agus d'fhormhuinigh an Coimisiún a mholtaí ina Theachtaireacht chuig Comhairle Eorpach an Earraigh mí an Mhárta 2009[1].

Is iad seo a leanas príomheilimintí an leasaithe atá molta ag an gCoimisiún:

1. Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais (CEMA) a bhunú, ina mbeadh gréasán maoirseoirí airgeadais náisiúnta ag obair in éineacht le hÚdárais Maoirseachta Eorpacha (ÚMEanna) nua, arna gcruthú trí na coistí maoirseachta Eorpacha[2] atá ann cheana a iompú ina nÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), in Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme (EIOPA), agus in Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), agus ar an dóigh sin gheofar na buntáistí a bhaineann le creat uileghabhálach Eorpach le haghaidh maoirseachta airgeadais, mar aon leis na buntáistí a bhaineann le saineolas comhlachtaí maoirseachta micreastuamachta ar an leibhéal áitiúil arb iad is gaire do na forais a oibríonn laistigh dá ndlínsí, agus

2. Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) a bhunú, chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais de bharr imeachtaí maicreacnamaíocha agus imeachtaí laistigh den chóras airgeadais ina iomláine. Chun na críche sin, thabharfadh BERS rabhadh luath faoi rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ag fabhrú áit ar bith sa chóras agus, dá mba ghá, chuirfeadh sé moltaí amach maidir le gníomhaíocht a dhéanamh chun dul i ngleic leis na rioscaí sin.

Go háirithe, maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, bhí Grúpa De Larosière den tuairim go mbeadh sé níos réasúnaí ceadúnú na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa san AE a chur de chúram ar Choiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha (CESR), agus dhéanfadh an Coiste monatóireacht ar a bhfeidhmíocht agus athruithe i bhfianaise an mhéid sin.

Ina Theachtaireacht an 27 Bealtaine 2009 maidir le maoirseacht airgeadais san Eoraip[3], mhol an Coimisiún an fhreagracht as eintitis áirithe a bhfuil tionchar uile–Eorpach acu a údarú agus a mhaoirsiú a thabhairt d'Údarás Maoirseachta Eorpach, e.g. gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. D'fhéadfadh sé go n-aireofaí ar na freagrachtaí sin cumhachtaí amhail imscrúdú, cigireacht ar an láthair agus cinntí maoirseachta. Shaineofaí na freagrachtaí sin sa Rialachán maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa[4] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. D'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach moladh an Choimisiúin ag a cruinniú i mí an Mheithimh 2009, agus dhearbhaigh sí go soiléir "gur cheart go mbeadh cumhachtaí maoirseachta i leith gníomhaireachtaí rátála creidmheasa" ag an ESMA[5].

I bhfianaise an mhéid sin, sonraítear in Airteagal 39 agus in aithris 51 den Rialachán maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán GRC) nach féidir féachaint ar an gcreat maoirseachta reatha mar réiteach fadtéarmach chun faireachas a dhéanamh ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, agus fiú má táthar ag súil go ndéanfaidh coláistí na n-údarás inniúil cuíchóiriú ar chomhar maoirseachta agus ar chóineasacht sa réimse seo sa Chomhphobal, ní dócha go mbeadh sé in ann na tairbhí a bhaineann le maoirseacht níos comhdhlúite ar an tionscal rátála creidmheasa a thabhairt leis. D'iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún tuarascáil agus aon togra reachtach is gá chun dul i ngleic leis na heasnaimh a shainaithnítear maidir leis an gcomhordú maoirseachta agus leis na socruithe comhair a chur ar aghaidh faoin 1 Iúil 2010.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach dtugann an togra seo isteach aon athruithe ar an Rialachán maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chomh fada agus a bhaineann leis na coinníollacha substainteacha nach foláir do na GRCanna a chomhlíonadh chun go gclárófar iad agus ar bhonn leanúnach ina dhiaidh sin. Ar an gcuma chéanna, maidir leis na coinníollacha faoinar féidir rátálacha arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá lonnaithe i dtríú tíortha a úsáid san Aontas (trí na meicníochtaí formhuinithe[6] agus deimhniúcháin[7], mar a fhoráiltear dóibh sa Rialachán GRC), níl siad ina n-ábhar sna leasuithe a mholtar ach fanfaidh siad mar a fhoráiltear dóibh sa Rialachán GRC reatha.

2. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Cuireadh dhá chomhairliúchán oscailte i gcrích i bhforbairt an phacáiste reachtaigh tograí ar an struchtúr maoirseachta airgeadais nua san Eoraip, lenar airíodh eilimintí a bhain leis an Rialachán maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Ar an gcéad dul síos, i ndiaidh thuarascáil an ghrúpa ardleibhéil a raibh an tUasal Jacques de Larosière ina chathaoirleach air agus i ndiaidh fhoilsiú na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 4 Márta 2009, d'eagraigh an Coimisiún an chéad chomhairliúchán ón 10 Márta go dtí an 10 Aibreán 2009 chun ionchur a fháil dá Theachtaireacht maidir le Maoirseacht Airgeadais san Eoraip a foilsíodh an 27 Bealtaine 2009. Is féidir teacht ar achoimre ar na haighneachtaí a fuarthas ón bpobal ag:

http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/docs/2009/fin_supervision/summary_en.pdf

Ar an dara dul síos, ón 27 Bealtaine go dtí an 15 Iúil 2009, d'eagraigh an Coimisiún babhta eile comhairliúcháin. D'iarr sé ar na páirtithe leasmhara ar fad barúil a thabhairt ar na leasuithe mionchruinne a cuireadh i láthair i dTeachtaireacht na Bealtaine maidir le Maoirseacht Airgeadais san Eoraip an 27 Bealtaine 2009. Bhí na freagairtí a fuarthas ag tacú leis na leasuithe a moladh den chuid is mó, agus tugadh barúlacha ar ghnéithe mionsonraithe a bhaineann le BERS agus CEMA mar atá siad beartaithe. Is féidir teacht ar achoimre ar na haighneachtaí a fuarthas ón bpobal ag:

http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2009/fin_supervision_may_en.htm

3. Measúnú Iarmharta

Bhí measúnú iarmharta inar dearnadh anailís ar na príomhroghanna beartais chun CEMA agus BERS a bhunú ag gabháil le Teachtaireacht na Bealtaine ón gCoimisiún maidir le Maoirseacht Airgeadais san Eoraip. Cuireadh an dara measúnú iarmharta i gcrích chun scrúdú a dhéanamh ar na tograí a bhaineann le struchtúr maoirseachta airgeadais nua san Eoraip arna ghlacadh ag an gCoimisiún i Meán Fómhair 2009 ina n-áirítear freisin measúnú ar bhunú an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí agus ar athruithe i struchtúr maoirseachta na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Táthar tar éis tuarascáil faoi mheasúnú iarmharta comhréireach a dhéanamh le haghaidh an togra seo. Is féidir teacht uirthi ag:

http://ec.europa.eu/internal_market/securities/agencies/index_en.htm

4. eilimintí dlí an togra

4.1. Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den CFAE.

4.2. Coimhdeacht agus comhréireacht

Tá na cúraimí a bhronnfar ar an ESMA nasctha go dlúth leis na bearta a rinneadh mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais agus leis na bearta a fograíodh sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 4 Márta agus an 27 Bealtaine 2009. Is féidir le gníomhaíocht Chomhphobail dul i ngleic leis na laigí a d'aibhsigh an ghéarchéim agus córas a chur ar fáil a luíonn leis an gcuspóir margadh airgeadais AE atá cobhsaí agus aonair a chruthú do sheirbhísí airgeadais – lena dtabharfar na cumhachtaí maoirseachta is gá don ESMA chun gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a chlárú agus chun faireachas a dhéanamh orthu. Níor glacadh leis an deighilt thraidisiúnta idir údarás inniúil an Bhallstáit baile agus na húdaráis inniúla eile mar réiteach fadtéarmach chun faireachas a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa i bhfianaise nádúr domhanda na rátálacha creidmheasa a úsáidtear ar fud an Aontais Eorpaigh. Measadh go mbeadh níos mó tairbhe ag baint le maoirseacht níos comhdhlúite ar an tionscal rátála creidmheasa nuair a glacadh an Rialachán maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa; an tráth sin, áfach, ní raibh an creat dlí a bhí ann cheana leormhaith chun a leithéid de struchtúr a chruthú. Le togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) cruthaítear an creat leormhaith chun na cumhachtaí is gá a thabhairt don ESMA chun go gcuirfidís i gcrích na cúraimí a bhaineann le clárú na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus le faireachas a dhéanamh orthu.

Mar sin féin, ós rud é nach é amháin go gcumhdaíonn an Rialachán maoirsiú na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa – rud atá le déanamh ag an ESMA – ach freisin maoirseacht ar úsáid na rátálacha creidmheasa ag eintitis aonair a ndéantar maoirsiú orthu ar leibhéal náisiúnta, beidh maoirseoirí náisiúnta freagrach as maoirseacht ar úsáid na rátálacha creidmheasa ag na heintitis aonair sin. Ós rud é go mbeidh maoirseoirí náisiúnta ábalta faisnéis shonrach a bhailiú faoi úsáid rátálacha creidmheasa, ba cheart go mbeidís ábalta a iarraidh ar an ESMA scrúdú a dhéanamh ar tharraingt siar clárúcháin gníomhaireachta rátála creidmheasa nó úsáid na rátálacha creidmheasa a chur ar fionraí. Mar sin féin, ní bheidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla náisiúnta bearta maoirseachta a dhéanamh i leith gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcás ina bhfuil siad ag sárú an Rialacháin.

Ina theannta sin, beidh oibleagáid ar na húdaráis inniúla comhoibriú leis an ESMA, nuair a mheasann an ESMA go bhfuil gá leis. Dá bhrí sin, ní foláir do na Ballstáit na húdaráis inniúla atá ainmnithe acu de réir an Rialacháin GRC a choimeád. Ní théann na forálacha thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atáthar a shaothrú a bhaint amach. Tá na forálacha i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr mar sin is féidir leis an gComhphobal iad a bhaint amach.

Is é Rialachán lena leasaítear an Rialachán reatha an ionstraim is iomchuí.

4.3. Míniú mionsonraithe ar an togra

Táthar chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa d'fhonn maoirseacht láraithe a thabhairt isteach maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a oibríonn san AE. Ghlacfadh an ESMA inniúlacht ghinearálta maidir le hábhair a bhaineann le clárú agus le maoirsiú leanúnach a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe, chomh maith le hábhair a bhaineann le rátálacha arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tíortha agus a oibríonn san AE faoi na córais deimhniúcháin nó formhuinithe. Ar an ábhar sin, is gá tagairt don ESMA a chur in ionad aon tagairt d'údaráis inniúla atá i gceannas ar chlárú agus ar mhaoirsiú gníomhaireachtaí rátála creidmheasa tríd an téacs. Mar sin féin, fanfaidh roinnt cumhachtaí maoirseachta sonracha a bhaineann le rátálacha creidmheasa faoi shainchúram na n-údarás inniúil náisiúnta. Ina theannta sin, coimeádann an Coimisiún a inniúlacht chun na Conarthaí a fhorghníomhú agus go háirithe i gCaibidil 1 de Theideal VII den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis na comhrialacha i dtaca le hiomaíocht i gcomhréir leis na forálacha arna nglacadh chun na rialacha sin a chur chun feidhme.

4.3.1. Leasuithe ar Theideal I (Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe)

D'fhonn an Rialachán a chur ar chomhréim leis an togra nua le haghaidh Treorach maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha, táthar tar éis cistí infheistíochta malartacha a liostú in Airteagal 4(1) ionas gur féidir caitheamh leo ar an mbealach céanna agus a chaithfí le hinstitiúidí airgeadais eile an AE chomh fada agus a bhaineann le húsáid rátálacha creidmheasa. Tugtar le tuiscint leis seo i gcás ina n-úsáideann cistí infheistíochta malartacha rátálacha creidmheasa chun críocha rialúcháin, nach foláir gur gníomhaireacht rátála creidmheasa arna chlárú nó arna dheimhniú faoin Rialachán seo a d'eisigh na rátálacha creidmheasa sin.

4.3.2. Leasuithe ar Theideal II (Rátálacha Creidmheasa a eisiúint)

Ionas go seachnófaí coinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh eascairt as na GRCanna faoin tsamhail "ina n-íocann an t–eisitheoir", rud a dhéanann go leor dochair agus ionstraimí airgeadais struchtúraithe á rátáil, chun trédhearcacht a fheabhsú agus chun iomaíocht i measc na GRCanna a mhéadú, ba cheart a cheangal ar eisitheoirí ionstraimí airgeadais struchtúraithe nó tríú páirtithe gaolmhara rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis a thug siad don GRC a d'fhostaigh siad chun críche ionstraimí airgeadais struchtúraithe a rátáil do GRCanna iomaíocha. Ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe eagrúcháin agus rúndachta, ba cheart go dtabharfadh an t–eintiteas rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar rochtain ar an bhfaisnéis arna tabhairt chun críocha rátála ionstraimí airgeadais struchtúraithe do na GRCanna iomaíocha a fhostaíonn sé, arna iarraidh sin dóibh. Níor cheart don GRC iomaíoch a dtugtar rochtain ar fhaisnéis di an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha ar bith eile seachas chun críocha rátála agus ba cheart a cheangal uirthi íosmhéid rátálacha gan iarraidh a sholáthar, d'fhonn a áirithiú nach saothrú críocha eile atá i gceist agus rochtain ar an bhfaisnéis seo á hiarraidh.

I gcodarsnacht leis na ceanglais shubstainteacha eile i Rialachán GRC a dhírítear ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus a bhfoirne, déanann an riail seo ceanglais maidir le nochtadh a fhorchur ar eisitheoirí ionstraimí airgeadais struchtúraithe. Tabharfar an deis do na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa uile rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá chun rátálacha ionstraimí airgeadais struchtúraithe gan iarraidh a eisiúint. Dá dhroim sin, beidh níos mó iomaíochta sa mhargadh rátála agus méadófar an líon rátálacha in aghaidh na hionstraime ionas gur féidir le húsáideoirí rátálacha brath ar níos mó ná rátáil amháin don ionstraim chéanna.

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na Stáit Aontaithe (Riail SEC 17g–5 a foilsíodh an 4 Nollaig 2009 agus a tháinig i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2010) tar éis córas comhchosúil a thabhairt isteach freisin. I bhfianaise ról domhanda agus gníomhaíochtaí domhanda na GRCanna, is gá a áirithiú go gcuirfear rialacha comhchosúla i bhfeidhm maidir le GRCanna atá ag oibriú i ndlínsí éagsúla chun cothromaíocht agus leibhéal leordhóthanach iomaíochta idir GRCanna a áirithiú. Ina theannta sin, táthar ag súil go laghdófar na coinbhleachtaí leasa a thig as na GRCanna faoin tsamhail "ina n-íocann an t–eisitheoir" trí bhíthin na bhforálacha nua seo. Sa chomhthéacs seo, i bhfianaise a thairbhe féideartha agus gur léir gurb ionann iad agus dea–chleachtas ar leibhéal idirnáisiúnta, is dóigh nach mbeidh tionchar mór ag na forálacha thuasluaite ó thaobh costas de. Tá gá le bearta cur chun feidhme chun sonrú breise a thabhairt ar na ceanglais is gá do ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chomhlíonadh chun rochtain a fháil ar an suíomh gréasáin, lena n-áirítear a cumas rúndacht na sonraí a áirithiú.

4.3.3. Leasuithe ar Theideal III (Faireachas ar g hníomhaíochtaí rátálacha creidmheasa)

4.3.3.1. Leasuithe ar Chaibidil I (Nós imeachta clárúcháin) de Theideal III

De thoradh údarás maoirseachta aonair nua a thabhairt isteach chun faireachas a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, táthar chun na forálacha atá ann cheana, lena mbeartaítear comhordú maoirseachta de chineál coláiste agus cinnteoireacht fhoirmiúil deiridh ó údarás inniúil an Bhallstáit baile, a dhíchur. Táthar ag súil gurb é an toradh a bheidh ag aistriú na n-inniúlachtaí maoirseachta chuig an ESMA go ndíreofar níos fearr ar an dúshlán a bhaineann le faireachas éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú ar na heinititis sin a chruthaíonn láithreacht i ndlínsí éagsúla go minic agus a bhfuil tionchar trasteorann fadréimseach acu. Dá dhroim sin, i gcomhthéacs na maoirseachta láraithe ar leibhéal AE a mholtar níl gá a thuilleadh le coláistí na maoirseoirí, a beartaíodh chun comhar maoirseachta agus cóineasacht a chuíchóiriú. Le cruthú an ESMA, déanfar an nós imeachta clárúcháin a fheabhsú agus a chuíchóiriú agus beidh sé níos simplí (de thoradh céimeanna comhairliúcháin iomarcacha idir na húdaráis sa choláiste agus an CESR) a dhíchur agus, ar an mbealach sin, is féidir na teorainneacha ama i gcéimeanna éagsúla an phróisis chlárúcháin a laghdú.

4.3.3.2. Leasuithe ar Chaibidil II (Faireachas arna dhéanamh ag an ESMA) de Theideal III

D'fhonn cur i bhfeidhm laethúil an Rialacháin a éascú, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla a fhormhuineoidh an Coimisiún a mholadh maidir leis an méid seo a leanas: (i) an próiseas clárúcháin, lena n-áirítear maidir leis an bhfaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn II; (ii) an fhaisnéis a chaithfeadh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a sholáthar le haghaidh an iarratais ar dheimhniú agus le haghaidh measúnú ar a thábhacht chórasach don chobhsaíocht airgeadais nó do shláine na margaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán. agus (iii) faisnéis a thabhairt ar aird, lena n-áirítear struchtúr, formáid, modh agus tréimhse tuairiscithe, a nochtóidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 11(2) agus pointe 1 de Chuid II de Roinn E d’Iarscríbhinn I den Rialachán.

D'fhonn cumas maoirseachta agus forghníomhaithe leordhóthanach a áirithiú, beidh sé de chumhacht ag an ESMA an fhaisnéis go léir is gá a éileamh ó na GRCanna agus ó dhaoine eile a bhfuil baint acu le gníomhaíocht rátála creidmheasa. Beidh sé in ann imscrúduithe a thosú ar sháruithe ionchasacha ar an Rialachán agus ní foláir dó bheith ábalta, agus iad faoina chúram, cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú amhail taifid agus ábhar ábhartha eile a scrúdú agus cóipeanna díobh a dhéanamh/sleachta a bhaint astu, míniúcháin ó bhéal a éileamh, éisteachtaí, taifid de thrácht teileafóin agus sonraí a éileamh. Ní foláir don ESMA a bheith ábalta cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh freisin. Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Go háirithe, ní foláir don ESMA deis a thabhairt do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil sna hábhair ar chuir an ESMA ina gcoinne.

4.3.3.3. Leasuithe ar Chaibidil III (Comhar idir an ESMA agus na húdaráis inniúla) de Theideal III

Coimeádfaidh na húdaráis inniúla na freagrachtaí faireachais maidir le húsáid rátálacha creidmheasa ag na heintitis faoi mhaoirsiú (amhail institiúidí creidmheasa, nó gnóthais árachais) a úsáideann na rátálacha creidmheasa sin chun críocha rialúcháin. Is iad na húdaráis náisiúnta sin na grúpaí is fearr chun scrúdú a dhéanamh ar conas a úsáideann na heintitis faoi mhaoirsiú rátálacha creidmheasa ina ngníomhaíocht laethúil agus chun beart iomchuí a dhéanamh, i gcás inar gá sin.

Ní foláir do na húdaráis maoirseachta náisiúnta rannchuidiú freisin le gníomhaíocht maoirseachta an ESMA, tríd an malartú faisnéise agus an comhar go léir is gá a áirithiú, rud a fhéadfar a éileamh i bhfeidhmiú chumhachtaí maoirseachta agus forghníomhaithe an ESMA. Beidh siad ábalta a iarraidh ar an ESMA scrúdú a dhéanamh féachaint an gcomhlíontar na coinníollacha chun clárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa a tharraingt siar agus a iarraidh ar an ESMA scrúdú a dhéanamh ar úsáid rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint ag gníomhaireacht rátála creidmheasa, a measann siad go bhfuil sáruithe tromchúiseacha agus leanúnacha á ndéanamh acu ar an Rialachán maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a chur ar fionraí.

I gcás inar gá nó inarb iomchuí ar chúiseanna éifeachtúlachta, ní foláir don ESMA, ina ghníomhaíocht maoirseachta, bheith ábalta cúnamh a lorg ó údarás maoirseachta inniúil ar leibhéal náisiúnta. Ba cheart go dtabharfadh na húdaráis inniúla cúnamh nuair atá an ESMA ag déanamh imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair.

Féadfaidh an ESMA cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údaráis inniúla náisiúnta freisin, e.g. nuair is gá bearta maoirseachta a dhéanamh ag áitreabh iargúlta GRC nó nuair a bheadh eolas agus taithí i ndáil le coinníollacha áitiúla, lena n-áirítear scileanna i dteangacha iasachta, ag teastáil uaidh. Ba cheart na cúraimí a tharmligean chun a sheachaint go gcuirtear costais dhíréireacha ar an ESMA agus ar na GRCanna faoi mhaoirsiú. Ar na cúraimí a d'fhéadfaí a tharmligean áirítear cúraimí sonracha imscrúdaithe agus cigireachtaí ar an láthair, iarratas ar chlárúchán a mheasúnú, agus cúraimí a bhaineann le maoirseacht laethúil freisin. Ní dhéanfaidh tarmligean na gcúraimí difear do fhreagracht an ESMA a fhéadfaidh treoracha a thabhairt don údarás ar tharmlig sé an cúram dó. Ba cheart go sonródh an ESMA tuilleadh mionsonraí i dtreoirlínte na réimsí ina mbeartaíonn sé úsáid a bhaint as an gcumhacht chun cúraimí a tharmligean, lena n-áirítear na nósanna imeachta atá le chur i bhfeidhm agus aon chúiteamh atá le tabhairt don údarás inniúil as na cúraimí a chur i gcrích.

4.3.4. Leasuithe ar Theideal IV (Pionóis, an nós imeachta coiste, tuairisciú agus forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha)

4.3.4.1. Leasuithe ar Chaibidil I (Pionóis, an nós imeachta coiste agus tuairisciú) de Theideal IV

Mar bhuntaca dá údarás maoirseachta, féadfaidh an ESMA a mholadh don Choimisiún tráthíocaíochtaí pionósacha a fhorchur. Leis an mbeart comhéigeantach táthar ag súil leis an méid seo a leanas: (i) go gcuirfear deireadh le sárú, (ii) go ndéanfar faisnéis iomlán agus cheart a d'iarr an ESMA a sholáthar; (iii) go rachaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus daoine eile faoi imscrúdú. Féadfaidh an ESMA fíneálacha a mholadh a ghlacfaidh an Coimisiún, i gcás, d'aonghnó nó le faillí, ina sárófar roinnt forálacha an Rialacháin maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa arna liostú in Iarscríbhinn III. Déanfar critéir mhionsonraithe maidir le méid na bhfíneálacha a chinneadh chomh maith le gnéithe nós imeachta a bhaineann leis na fíneálacha a leagan amach i ngníomh tarmligthe.

I dteannta smachtbhannaí a mholadh, beidh sé de chumhacht ag an ESMA bearta maoirseachta a ghlacadh i gcás ina bhfuil gníomhaireacht rátála creidmheasa tar éis an Rialachán a shárú. Ar na bearta sin áirítear toirmeasc sealadach a chur ar éisiúint rátálacha creidmheasa agus úsáid na rátálacha creidmheasa i dtrácht a chur ar fionraí go dtí go gcuirfear deireadh leis an sárú. Mar rogha dheireanach, tá sé de chumhacht ag an ESMA clárúchán gníomhaireachta creidmheasa a tharraingt siar.

Ina theannta sin, tá sé de chumhacht ag an ESMA a éileamh ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa deireadh a chur le sárú agus fógraí poiblí a eisiúint. Cuirfear na bearta sin i bhfeidhm i gcásanna nach bhfuil call le smachtbhanna nó beart maoirseachta níos déine a ghlacadh, ag cur san áireamh prionsabal na comhréireachta. Is codanna comhlántacha de chórás forghníomhaithe éifeachtach iad smachtbhannaí, íocaíochtaí pionósacha agus bearta maoirseachta.

Tá na nósanna imeachta coiste curtha ar chomhréim le Conradh Liospóin.

4.3.4.2. Leasuithe ar Chaibidil II (Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha) de Theideal IV

Chomh luath agus a bheidh an ESMA ar bun agus ag obair, ní foláir d'údaráis inniúla na mBallstát deireadh a chur lena n-inniúlachtaí agus a gcúraimí i ndáil le gníomhaíocht maoirseachta agus forghníomhaithe i réimse na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, is é sin le rá inniúlachtaí agus cúraimí a bronnadh orthu leis an Rialachán maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

Ní foláir rialacha soiléire a bhunú freisin maidir le comhaid agus doiciméid oibre a tharchur ó údaráis inniúla chuig an ESMA.

5. Impleacht bhuiséadach

Tugadh léargas iomlán ar impleachtaí buiséadacha na dtograí ag bunú an ESMA, a tíolacadh i Meán Fómhair 2009, sa tuarascáil faoi mheasúnú iarmharta agus sna ráitis airgeadais reachtacha a ghabhann leis na tograí reachtacha sin (féach an ráiteas airgeadais reachtach a cuireadh leis an togra maidir le hÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a bhunú). Tá na himpleachtaí sonracha maidir leis an ESMA i dtaca le maoirseacht dhíreach agus faireachas díreach ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa sonraithe sna ráitis airgeadais reachtacha a ghabhann leis an togra seo. Ní foláir an dá ráiteas airgeadais a mheas le chéile. Déantar impleachtaí buiséadacha sonracha don Choimisiún a mheasúnú sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra seo.

Tá impleachtaí ag an togra seo do bhuiséad an Chomhphobail.

2010/0160 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN (AE) Uimh …/…Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[8],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[9],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach[10],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) An 25 Feabhra 2009, rinne grúpa ardleibhéil saineolaithe faoi chathaoirleacht J. de Larosière tuarascáil a fhoilsiú ar iarratas ón gCoimisiún, agus ba é an tátal a bhí ar an tuarascáil sin go gcaithfí an creat maoirseachta don earnáil airgeadais san Eoraip a neartú chun an baol a bhainfeadh le géarchéimeanna airgeadais sa todhchaí, agus déine géarchéime den sórt sin, a laghdú. Moladh sa tuarascáil athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar struchtúr na maoirseachta, lena n-áirítear Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais a bhunú, ina mbeadh trí Údarás Maoirseachta Eorpacha, údarás amháin thar ceann earnáil na n-urrús, údarás eile thar ceann earnáil an árachais agus na bpinsean gairme agus údarás eile thar ceann earnáil na baincéireachta, agus Bord Eorpach um Riosca Sistéamach a bhunú.

(2) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2009, dar teideal " Driving European Recovery "[11] beartaíodh dréachtreachtaíocht a thabhairt ar aghaidh chun Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais a chruthú agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2009 dar teideal " European Financial Supervision "[12] tugadh níos mó sonraí faoin struchtúr a d'fhéadfaí a chur ar an gcreat maoirseachta nua sin, agus cuireadh béim ar shainiúlacht na maoirseachta a dhéantar ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

(3) Mhol an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí an 19 Meitheamh 2009, go mbunófaí Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais (CEMA), ina mbeadh gréasán maoirseoirí airgeadais náisiúnta ag obair in éineacht leis na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha nua, leis an Údarás Eorpach Baincéireachta, leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme (EIOPA) agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), agus dhíreodh CEMA ar cháilíocht agus ar chomhsheasmhacht na maoirseachta náisiúnta a uasghrádú, ar an bhfaireachas a dhéantar ar ghrúpaí trasteorann a neartú trí choláistí maoirseachta a bhunú agus trí chód cleachtais Eorpach amháin a bhunú a mbeadh feidhm aige maidir le rannpháirtithe uile an mhargaidh airgeadais sa mhargadh inmheánach. Leag sí béim air gur cheart go mbeadh cumhachtaí maoirseachta ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí i leith gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Ina theannta sin, ba cheart go gcoimeádfadh an Coimisiún a inniúlacht chun na Conarthaí a fhorfheidhmiú agus go háirithe Caibidil 1 de Theideal VII den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis na comhrialacha i dtaca le hiomaíocht i gcomhréir leis na forálacha arna nglacadh chun na rialacha sin a chur chun feidhme.

(4) Ba cheart raon feidhme ghníomhaíocht an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí a shainiú go soiléir chun gur féidir leis na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an t–údarás inniúil i réimse gníomhaíochta na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa a aithint. Ba cheart don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí inniúlacht ghinearálta a ghabháil chuige in ábhair a bhaineann le clárú agus maoirseacht leanúnach na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe.

(5) D'fhonn iomaíocht idir gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a neartú, chun coinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann faoin tsamhail "ina n-íocann an t–eisitheoir" a sheachaint, rud a dhéanann go leor dochair agus ionstraimí airgeadais struchtúraithe á rátáil, agus chun trédhearcacht agus cáilíocht na rátálacha d'ionstraimí airgeadais struchtúraithe a fheabhsú, ba cheart go mbeadh sé de cheart ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe nó deimhnithe rochtain a fháil ar liosta d'ionstraimí airgeadais struchtúraithe atá á rátáil ag a n-iomaitheoirí. Ba cheart don eisitheoir nó tríú páirtí gaolmhar an fhaisnéis a bhaineann leis an rátáil sin a sholáthar chun críocha rátálacha iomaíocha gan iarraidh i gcomhair ionstraimí airgeadais struchtúraithe a eisiúint. Trí bhíthin na rátálacha gan iarraidh sin a éisiúint, ba cheart go spreagfaí úsáid ar níos mó ná rátáil amháin in aghaidh na hionstraime airgeadais struchtúraithe. Níor cheart rochtain a thabhairt ar na suíomhanna gréasáin ach amháin más féidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa rúndacht na faisnéise arna hiarraidh a áirithiú.

(6) Ós rud é go n-úsáidtear rátálacha creidmheasa ar fud an Aontais, ní hé an t–idirdhealú traidisiúnta idir an t–údarás inniúil baile agus na húdaráis inniúla eile agus an úsáid a bhaintear as comhordú maoirseachta de chineál coláiste an córas is oiriúnaí chun gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a mhaoirsiú. I ngeall ar bhunú an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí, ní gá an struchtúr sin a choinneáil níos mó. Ba cheart, ar an gcaoi sin, an próiseas clárúcháin a chuíchóiriú agus na teorainneacha ama a laghdú dá réir.

(7) Ba cheart go mbeadh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí freagrach as clárú agus maoirseacht leanúnach na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ach níor cheart go mbeadh sé freagrach, áfach, as faireachas a dhéanamh ar úsáideoirí na rátálacha creidmheasa. Ba cheart, ar an gcaoi sin, go mbeadh na húdaráis inniúla náisiúnta freagrach i gcónaí as úsáid na rátálacha creidmheasa ag institiúidí airgeadais agus eintitis eile (amhail institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais, idir árachas saoil agus árachas eile, gnóthais athárachais, gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe, institiúidí um chóir ar scor gairme agus cistí infheistíochta malartacha) a ndéantar maoirseacht orthu ar leibhéal náisiúnta i gcomhthéacs treoracha eile maidir le seirbhísí airgeadais a chur i bhfeidhm, agus rátálacha creidmheasa a úsáid i réamheolairí.

(8) Is gá ionstraim éifeachtach a thabhairt isteach chun caighdeáin theicniúla chomhchuibhithe a bhunú chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú sa chleachtas laethúil agus chun cothromaíocht agus cosaint leormhaith infheisteoirí agus tomhaltóirí a áirithiú ar fud an Aontais. Ós rud é gur comhlacht a bhfuil saineolas thar a bheith speisialaithe aige é, is éifeachtúil agus is iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil a chur ar iontaoibh an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí.

(9) I réimse na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ba cheart dréachtchaighdeáin theicniúla a mholadh maidir leis an bpróiseas clárúcháin, an fhaisnéis is gá don ghníomhaireacht rátála creidmheasa a sholáthar le haghaidh an iarratais ar chlárúchán agus le haghaidh measúnú ar a tábhacht chórasach do chobhsaíocht airgeadais nó do shláine na margaí airgeadais agus maidir leis an bhfaisnéis a thabhairt ar aird, lena n-áirítear struchtúr, formáid, modh agus tréimhse tuairiscithe, a mbeidh ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a nochtadh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ní foláir don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla a ghlacadh chun go mbeidh siad ceangailteach de réir an dlí i gcomhréir le Rialachán…/… [ESMA].

(10) I réimsí nach bhfuil clúdaithe ag na caighdeáin theicniúla, ba cheart go mbeadh se de chumhacht ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí treoirlínte neamhcheangailteacha a eisiúint maidir leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

(11) D'fhonn a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart go mbeadh sé de cheart ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí gach faisnéis a theastaíonn uaidh a iarraidh go díreach ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais. Ba cheart a chur de ceangal ar údaráis na mBallstát cuidiú leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus iarrataí díreacha den sórt sin á gcur i bhfeidhm.

(12) D'fhonn a chumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach, ba cheart go mbeadh sé de cheart ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh. I bhfeidhmiú a chumhachtaí maoirseachta, ba cheart go dtabharfadh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí deis do na daoine ar ábhar iad d'imeachtaí éisteacht a fháil d'fhonn a gcearta cosanta a urramú.

(13) Ba cheart do na húdaráis inniúla cuidiú agus comhoibriú leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí. Féadfaidh an tÚdarás cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údaráis inniúla, mar shampla i gcás ina n-éilíonn cúram maoirseachta eolas agus taithí i ndáil le coinníollacha áitiúla, a bhfuil fáil níos éasca orthu ar an leibhéal náisiúnta. Ar na cúraimí a d'fhéadfaí a tharmligean áirítear cúraimí sonracha imscrúdaithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, iarratas ar chlárúchán a mheasúnú, ach cúraimí a bhaineann le maoirseacht laethúil freisin. Ba cheart mionsonraí an tarmligin sin, lena n-áirítear na nósanna imeachta agus aon chúiteamh atá le tabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta a shonrú i dtreoirlínte.

(14) Is gá a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla ábalta a iarraidh ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí scrúdú a dhéanamh féachaint an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú gníomhaireachta rátála creidmheasa a tharraingt siar agus a iarraidh ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí úsáid rátálacha de chuid gníomhaireachta rátála creidmheasa a chur ar fionraí i gcás ina meastar go bhfuil sáruithe tromchúiseacha agus leanúnacha á ndéanamh aici ar an Rialachán. Ba cheart don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí an iarraidh a mheasúnú agus aon bheart iomchuí a dhéanamh.

(15) Ba cheart go mbeadh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ábalta moladh a dhéanamh leis an gCoimisiún maidir le tráthíocaíochtaí pionósacha a fhorchur. Is é is aidhm do na tráthíocaíochtaí pionósacha sin go gcuirfear deireadh le sárú atá suite ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, go bhfuil aon fhaisnéis iomlán agus chruinn atá iarrtha ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí tugtha dó agus go rachaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus daoine eile faoi imscrúdú. Thairis sin, chun críocha díspreagtha agus chun iallach a chur ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an Rialachán a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún ábalta fíneálacha a fhorchur, tar éis iarraidh a fháil ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, i gcás inar sáraíodh, d'aonghnó nó le faillí, forálacha sonracha an Rialacháin. Beidh an fhíneáil athchomhairleach agus comhréireach le nádúr agus tromchúis an tsáraithe, le fad ama an tsáraithe agus le hacmahinn eacnamaíoch na gníomhaireachta creidmheasa lena mbaineann. Ba cheart go leagfadh an Coimisiún síos i ngníomh tarmligthe critéir mhionsonraithe maidir le méid na bhfíneálacha a chinneadh, chomh maith le gnéithe nós imeachta a bhaineann leis na fíneálacha. Níor cheart go mbeadh na Ballstáit inniúil ach amháin chun rialacha a leagan síos agus a chur chun feidhme maidir le pionóis is infheidhme i gcás sáraithe ar an oibleagáid atá ar ghnólachtaí airgeadais úsáid a bhaint, chun críocha rialúcháin amháin, as rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint ag gníomhaíochtaí rátála creidmheasa atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(16) I gcás sáraithe arna dhéanamh ag gníomhaireacht rátála creidmheasa, beidh sé de chumhacht ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí raon beart maoirseachta a dhéanamh, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dó, ceangal a chur ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa deireadh a chur leis an sárú, úsáid na rátálacha a chur ar fionraí, toirmeasc sealadach a chur ar ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha a eisiúint agus – mar rogha dheireanach – an clárúchán a tharraingt siar nuair a leanann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag sárú an Rialacháin seo le tromchúis. Ba cheart go gcuirfeadh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí na bearta maoirseachta i bhfeidhm agus nádúr agus tromchúis an tsáraithe agus prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh. Is codanna comhlántacha de chóras forghníomhaithe éifeachtach iad smachtbhannaí, íocaíochtaí pionósacha agus bearta maoirseachta.

(17) Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, is iomchuí bearta idirthréimhseacha soiléire a leagan síos maidir le comhaid agus doiciméid oibre a tharchur ó na húdaráis inniúla náisiúnta chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

(18) Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i leith leasú agus sonrú breise na gcritéar maidir le creat rialúcháin agus maoirseachta tríú tír a bheith coibhéiseach, d'fhonn aird a thabhairt ar fhorbairtí sna margaí airgeadais, rialachán maidir le táillí a ghlacadh agus na hiarscríbhinní a leasú.

(19) Maidir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, tá feidhm aici maidir le sonraí pearsanta a phróiseáladh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm ag na Ballstáit agus ag oibreoirí a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.

(20) Tá cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi rialú Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin[13], atá infheidhme go hiomlán maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha an Rialacháin seo agus a dhéanfaidh comhlachtaí agus institiúidí an Aontais i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(21) Ós rud é nach féidir cuspóirí na gníomhaíochta, i.e. creat maoirseachta éifeachtúil agus éifeachtach do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhunú trí mhaoirseacht na ngníomhaíochtaí rátála san Aontas a chur ar iontaoibh aon údaráis maoirseachta amháin, pointe teagmhála amháin a sholáthar do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach na rialacha a áirithiú, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr is féidir iad a chur i gcrích ar leibhéal an Aontais, ag tabhairt airde ar struchtúr uile–Eorpach agus tionchar uile–Eorpach na ngníomhaíochtaí rátála atá le maoirsiú, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(22) Níor cheart go dtosódh an ESMA ag maoirsiú na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa go dtí go mbeidh an ESMA curtha ar bun. Dá bhrí sin, cuirfear infheidhmeacht an Rialacháin seo siar go dtí go dtiocfaidh Rialachán…/…ag bunú an ESMA i bhfeidhm.

(23) Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 mar seo a leanas:

1. Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

"Ní fhéadfaidh institiúidí creidmheasa faoi mar a shainmhínítear i dTreoir 2006/48/CE, gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear i dTreoir 2004/39/CE, gnóthais árachais faoi réir Threoir 73/239/CEE[14] ón gComhairle, gnóthais árachais mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15], gnóthais athárachais mar a shainmhínítear i dTreoir 2005/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16], gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) faoi mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/65/CE, institiúidí um chóir ar scor gairme faoi mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2003/41/CE agus cistí infheistíochta malartacha faoi mar a shainmhínítear i dTreoir 2010…/CE, rátálacha creidmheasa a úsáid chun críocha rialúcháin ach amháin más rud é go bhfuil siad eisithe ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe san Aontas agus atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(b) Leasaítear mír 3 mar seo a leanas:

(i) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b), (c) agus (d):

"(b) tá sé fíoraithe ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa go gcomhlíonann an tslí a seolann gníomhaireacht rátála creidmheasa tríú tír na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, a eascraíonn as eisiúint na rátála creidmheasa atá le formhuiniú, ceanglais atá chomh docht céanna ar a laghad leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6 go hAirteagal 12 agus go bhfuil sí in ann é sin a léiriú ar bhonn leanúnach don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (dá ngairtear "ESMA" anseo feasta);"

"(c) níl teorainn le cumas an ESMA measúnú agus monatóireacht a dhéanamh ar mar a chomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b);"

"(d) cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis go léir is gá ar fáil don ESMA arna iarraidh sin dó lena chur ar chumas an ESMA maoirseacht a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar an tslí a gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo;"

(ii) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

"(h) is ann do shocrú cuí comhair idir an ESMA agus údarás inniúil iomchuí na gníomhaireachta rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír. Áiritheoidh an ESMA go sonrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, sna socruithe sin:

(i) an mheicníocht don mhalartú faisnéise idir an ESMA agus údarás inniúil iomchuí na gníomhaireachta rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír; agus

(ii) na nósanna imeachta a bhaineann le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena chur ar chumas an ESMA monatóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a eascraíonn as rátáil chreidmheasa formhuinithe a eisiúint ar bhonn leanúnach."

2. Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Féadfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 iarratas a dhéanamh ar dheimhniúchán. Cuirfear an t–iarratas faoi bhráid an ESMA i gcomhréir leis na forálacha iomchuí d'Airteagal 15."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 3:

"Scrúdóidh an ESMA an t–iarratas ar dheimhniúchán agus déanfaidh sé cinneadh ina thaobh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 16. Beidh an cinneadh ar dheimhniúchán bunaithe ar na critéir atá leagtha amach i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Féadfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 iarratas a dhéanamh ag iarraidh í a dhíolmhú:

(a) ar bhonn cás ar chás ó chuid de na ceanglais nó na ceanglais ar fad atá leagtha amach i Roinn A d’Iarscríbhinn I agus in Airteagal 7(4) a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa in ann a léiriú, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus i bhfianaise chineál agus raon eisiúna a rátálacha creidmheasa, nach bhfuil na ceanglais comhréireach;

(b) ón gceanglas a bheith i láthair go fisiceach san Aontas i gcás go mbeadh ualach rómhór ag gabháil le ceanglas den sórt sin, agus go mbeadh an ceanglas sin míréireach, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus i bhfianaise chineál agus raon eisiúna a rátálacha creidmheasa.

Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa iarratas ar na díolúintí sin a thíolacadh in éineacht leis an iarratas ar dheimhniúchán. Agus an t–iarratas á mheas, breithneoidh an ESMA méid na gníomhaireachta rátála creidmheasa is iarrthóir dá dtagraítear i mír 1, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó, mar aon le cineál agus raon eisiúna a rátálacha creidmheasa, agus an tionchar ag na rátálacha creidmheasa a eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar chobhsaíocht airgeadais agus ar shláine na margaí airgeadais i gceann nó níos mó de na Ballstáit. Bunaithe ar na breithnithe sin, féadfaidh an ESMA díolúine den sórt sin a thabhairt don ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1."

(d) Scriostar mír 5.

(e) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 6:

"Déanfaidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach i bpointe (a), (b) agus (c) den dara fomhír a shonrú tuilleadh, agus leasóidh sé na critéir sin, chun aird a thabhairt ar fhorbairtí sna margaí airgeadais. Glacfar na bearta sin trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38a agus faoi réir choinníollacha Airteagail 38b agus 38c."

(f) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7 agus mhír 8:

"7. Bunóidh an ESMA comhaontuithe comhair le húdaráis inniúla iomchuí na tríú tíortha a meastar go bhfuil a chreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 6. Sonróidh na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a) an mheicníocht don mhalartú faisnéise idir an ESMA agus údaráis inniúla na tríú tíortha lena mbaineann; agus

(b) na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta."

"8. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 20 agus Airteagal 24 i leith na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá deimhnithe agus i leith na rátálacha creidmheasa a eisíonn siad."

3. Leasaítear Airteagal 6(3) mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad réamhrá na chéad fhomhíre:

"Arna iarraidh sin ag gníomhaireacht rátála creidmheasa, féadfaidh an ESMA gníomhaireacht rátála creidmheasa a dhíolmhú ó cheanglais phointe 2, phointe 5 agus phointe 6 de Roinn A d’Iarscríbhinn I agus Airteagal 7(4) a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa in ann a léiriú nach bhfuil na ceanglais sin comhréireach, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus i bhfianaise chineál agus raon eisiúna na rátálacha creidmheasa sin, agus:"

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara fomhíre:

"I gcás grúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, áiritheoidh an ESMA gur ann do cheann amháin ar a laghad de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa ghrúpa nach bhfuil díolmhaithe ó cheanglais phointe 2, phointe 5 agus phointe 6 de Roinn A d’Iarscríbhinn I agus Airteagal 7(4) a chomhlíonadh."

4. Cuirtear isteach na hAirteagail 8a agus 8b seo a leanas:

"Airteagal 8a Faisnéis faoi ionstraimí airgeadais struchtúraithe

1. Soláthróidh eisitheoir ionstraime airgeadais struchtúraithe nó tríú páirtí gaolmhar gach faisnéis is gá chun go mbeidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ábalta i dtús báire rátáil chreidmheasa ionstraime airgeadais struchtúraithe a chinneadh nó monatóireacht a dhéanamh uirthi i gcomhréir leis an modheolaíocht atá leagtha amach in Airteagal 8(1) a sholáthar don ghníomhaireacht rátála creidmheasa a bheidh ceaptha aige agus cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil ar shuíomh gréasáin cosanta ag pasfhocal atá faoina bhainistiú.

2. I gcás ina n-iarrann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile atá cláraithe nó deimhnithe de réir an Rialacháin seo rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, tabharfar rochtain dóibh gan mhoill ar an gcoinníoll go gcomhallfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

(a) beidh na córais agus an struchtúr eagrúcháin in áit acu chun rúndacht na faisnéise seo a áirithiú;

(b) soláthraíonn siad rátálacha ar bhonn bliantúil a bhaineann le 10 % ar a laghad de na h-ionstraimí airgeadais struchtúraithe a n-iarrann siad rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 lena n-aghaidh.

3. D'fhonn cur i bhfeidhm comhtháite an Airteagail seo a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2), rialacha mionsonraithe lena sonraítear go háirithe na coinníollacha rochtana agus ceanglais an tsuímh ghréasáin d'fhonn cruinneas agus rúndacht na sonraí agus cosaint sonraí pearsanta a áirithiú i gcomhréir le Treoir 95/46/CE.

Airteagal 8b Rochtain ar fhaisnéis faoi rátáil

1. Cothabhálfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe san Aontas suíomh gréasáin cosanta ag pasfhocal ar a mbeidh:

(a) liosta na n-ionstraimí airgeadais struchtúraithe a bhfuil sí ag soláthar rátáil chreidmheasa dóibh, agus tabharfar an cineál ionstraime airgeadais struchtúraithe, ainm an eisitheora agus an dáta ar ar tionscnaíodh an próiseas rátála le fios;

(b) nasc chuig an suíomh gréasáin cosanta ag pasfhocal ar a soláthraíonn eisitheoir na hionstraime airgeadais struchtúraithe nó tríú páirtí gaolmhar an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 8a(1), a luaithe agus atá sé i seilbh an naisc seo.

2. Tabharfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa rochtain gan mhoill ar an suíomh gréasáin cosanta ag pasfhocal dá dtagraítear i mír 1 d'aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe nó deimhnithe faoin Rialachán seo ar an gcoinníoll go gcomhallann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag iarraidh rochtain na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 8a(2)."

5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

" Airteagal 9 Eisfhoinsiú

Ní dhéanfar eisfhoinsiú ar fheidhmeanna oibríochtúla tábhachtacha ar shlí a dhéanfadh dochar go hábhartha do cháilíocht rialú inmheánach na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus do chumas an ESMA maoirseacht a dhéanamh ar an tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na hoibleagáidí faoin Rialachán seo."

6. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(6):

"6. Ní bhainfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa úsáid as ainm ESMA nó aon údaráis inniúil ar shlí a léireodh nó a thabharfadh le tuiscint go ndearna an t–údarás sin formhuiniú nó formheas ar na rátálacha creidmheasa nó ar aon ghníomhaíochtaí rátála creidmheasa de chuid na gníomhaireachta."

7. In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

"2. Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa faisnéis maidir lena gcuid sonraí feidhmíochta stairiúla, lena n-áirítear minicíocht aistrithe rátálacha, agus faisnéis maidir le rátálacha creidmheasa a eisíodh san am a caitheadh agus ar athruithe orthu ar fáil i stór lárnach a bhunóidh an ESMA. Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa faisnéis a chur ar fáil don stór sin ar fhoirm chaighdeánaithe faoi mar a fhorálann an ESMA. Déanfaidh an ESMA an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal agus foilseoidh sé faisnéis achomair ar na príomhfhorbairtí a tharla ar bhonn bliantúil."

"3. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis ar ábhair a leagtar amach i bpointe 2 de Chuid II de Roinn E d'Iarscríbhinn I a sholáthar go bliantúil don ESMA."

8. Leasaítear Airteagal 14 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Beidh an clárú éifeachtach i gcríoch iomlán an Aontais ón tráth a mbeidh éifeacht ag an gcinneadh clárúcháin arna éisiúint ag an ESMA dá dtagraítear in Airteagal 16(3) nó Airteagal 17(3)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 3:

"Tabharfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa fógra gan aon mhoill mhíchuí don ESMA i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha don chlárúchán bunaidh, lena n-áirítear brainse a oscailt nó a dhúnadh laistigh den Aontas."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5:

"4. Gan dochar d’Airteagal 16 ná d’Airteagal 17, déanfaidh an ESMA an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú má thagann sé ar an tátal ó scrúdú a dhéanamh ar an iarratas go gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na coinníollacha maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad, agus Airteagal 4 agus Airteagal 6 á gcur san áireamh aige."

"5. Ní dhéanfaidh an ESMA aon cheanglais a fhorchur ar an gclárúchán nach ndéantar foráil dóibh sa Rialachán seo."

9. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15 go 20:

" Airteagal 15 Iarratas ar chlárúchán

1. Cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa iarratas ar chlárúchán faoi bhráid an ESMA. Beidh faisnéis ar na nithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II san áireamh san iarratas.

2. I gcás ina gcuireann grúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa iarratas isteach ar chlárúchán, tabharfaidh comhaltaí an ghrúpa sainordú do dhuine amháin dá gcuid an t–iarratas a chur faoi bhráid an ESMA thar ceann an ghrúpa. Cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa sainordaithe faisnéis ar fáil maidir leis na nithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II i gcomhair gach comhalta den ghrúpa.

3. Féadfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a hiarratas a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.

4. Laistigh de dheich lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh an ESMA a mheasúnú cibé an bhfuil an t–iarratas comhlánaithe ina iomláine nó nach bhfuil. Mura bhfuil an t–iarratas comhlánaithe ina iomláine, déanfaidh an ESMA spriocdháta a leagan síos faoina mbeidh ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa faisnéis bhreise a sholáthar.

Tar éis measúnú go bhfuil iarratas iomlán, tabharfaidh an ESMA fógra dá réir don ghníomhaireacht rátála creidmheasa."

" Airteagal 16 Iarratas ar chlárú ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa á scrúdú ag an ESMA

1. Scrúdóidh an ESMA, laistigh de 30 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 15(4), an t–iarratas ar chlárúchán bunaithe ar an tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

2. Féadfaidh an ESMA an tréimhse scrúdaithe a fhadú 15 lá oibre eile, go háirithe más rud é go mbeartaíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) na rátálacha creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a fhormhuiniú;

(b) eisfhoinsiú a úsáid;

(c) díolúine ó chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 6(3).

3. Laistigh de 40 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 15(4), agus laistigh de 55 lá oibre ón tráth sin i gcás ina mbeidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh an ESMA cinneadh clárúcháin nó cinneadh diúltaithe a bheidh lán-réasúnaithe.

4. Tiocfaidh an cinneadh arna eisiúint ag an ESMA de bhun mhír 3 i bhfeidhm ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha."

" Airteagal 17 Iarratais ar chlárúchán ó ghrúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa á scrúdú ag an ESMA

1. Scrúdóidh an ESMA, laistigh de 40 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 15(4), na hiarratais ar chlárúchán bunaithe ar an tslí a gcomhlíonann na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sin na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

2. Féadfaidh an ESMA an tréimhse scrúdaithe a fhadú 15 lá oibre eile, go háirithe más rud é go mbeartaíonn aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa ghrúpa aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) na rátálacha creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a fhormhuiniú;

(b) eisfhoinsiú a úsáid;

(c) díolúine ó chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 6(3).

3. Laistigh de 50 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 15(4), agus laistigh de 65 lá oibre ón tráth sin i gcás ina mbeidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh an ESMA cinntí clárúcháin nó cinntí diúltaithe a bheidh lán-réasúnaithe.

4. Tiocfaidh na cinntí arna n-eisiúint ag an ESMA de bhun mhír 3 i bhfeidhm ar an gcúigiú lá oibre tar éis a nglactha."

" Airteagal 18 Fógra den chinneadh maidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú, diúltú don chlárú nó an clárú a tharraingt siar

1. Laistigh de 5 lá oibre ó ghlacadh cinnidh faoi Airteagal 16, faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 20 tabharfaidh an ESMA fógra don ghníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann. I gcás go ndiúltaíonn an ESMA gníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú nó go dtarraingíonn sé siar clárúchán na gníomhaireachta rátála creidmheasa, tabharfaidh sé na cúiseanna ar fad lena chinneadh.

2. Cuirfidh an ESMA in iúl don Choimisiún nó do na húdaráis inniúla aon chinneadh faoi Airteagal 16, faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 20.

3. Déanfaidh an ESMA liosta na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin. Tabharfar an liosta sin cothrom le dáta laistigh de 5 lá oibre tar éis cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 16, faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 20."

" Airteagal 19 Táillí clárúcháin agus maoirseachta

1. Gearrfaidh an ESMA táillí ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, agus clúdóidh na táillí sin caiteachas iomlán an ESMA a bhaineann leis nagníomhaireachtaí rátála creidmheasa a chlárú agus a mhaoirsiú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus an rialachán maidir le táillí dá dtagraítear i mír 2.

2. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38a, rialachán maidir le táillí a ghlacadh. Cinnfear sa rialachán sin go háirithe na cineálacha táillí agus na nithe dá bhfuil táillí dlite, méid na dtáillí agus an tslí ina n-íocfar iad. Beidh méid na táille a ghearrfar ar ghníomhaireacht rátála creidmheasa comhréireach le méid agus le neart eacnamaíoch na gníomhaireachta."

" Airteagal 20 Clárúchán a tharraingt siar

1. Déanfaidh an ESMA clárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa a tharraingt siar sa chás:

(a) go dtréigeann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an clárúchán go sainráite nó nach bhfuil rátálacha creidmheasa ar bith curtha ar fáil don sé mhí roimhe sin;

(b) go bhfuair an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an clárúchán trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar mhodhanna neamhrialta ar bith eile;

(c) nach gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na coinníollacha faoinar cláraíodh í a thuilleadh; nó

(d) gur sháraigh, go tromchúiseach agus an athuair, an ghníomhaireacht rátála creidmheasa forálacha an Rialacháin seo a rialaíonn coinníollacha oibriúcháin na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

2. Más rud é go measann an t–údarás inniúil i mBallstát ina mbaintear úsáid as na rátálacha creidmheasa a eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann, nach bhfuil ceann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta, féadfaidh sé a iarraidh ar an ESMA scrúdú a dhéanamh cibé an bhfuil na coinníollacha chun an clárúchán a tharraingt siar comhlíonta nó nach bhfuil.

3. Beidh éifeacht láithreach ar fud an Aontais ag an gcinneadh clárú a tharraingt siar, faoi réir ag an idirthréimhse chun rátálacha creidmheasa a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 24(2)."

10. Cuirtear "Faireachas arna dhéanamh ag an ESMA" in ionad theideal Chaibidil II de Theideal III.

11. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

" Airteagal 21 An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí

1. Gan dochar d'Airteagal 25a, áiritheoidh an ESMA go gcuirfear forálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm.

2. Déanfaidh an ESMA treoirlínte a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an méid seo a leanas:

(a) cur i bhfeidhm an chórais formhuinithe faoi Airteagal 4(3);

(b) measúnú a dhéanamh cibé an bhfuil na modheolaíochtaí rátála creidmheasa ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 8(3);

(c) an comhar idir an ESMA agus na húdaráis inniúla chun críocha an rialacháin seo, lena n-áirítear na nósanna imeachta agus mionsonraí i ndáil le cúraimí a tharmligean.

3. Faoin [naoi mí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm], molfaidh an ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla a bheidh le formhuiniú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán…/…[ESMA] maidir leis an méid seo a leanas:

(a) an próiseas clárúcháin, lena n-áirítear maidir leis an bhfaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn II;

(b) an fhaisnéis a chaithfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a sholáthar maidir leis an iarratas ar dheimhniú agus maidir le measúnú ar a thábhacht chórasach don chobhsaíocht airgeadais nó do shláine na margaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5;

(c) faisnéis a thabhairt ar aird, lena n-áirítear struchtúr, formáid, modh agus tréimhse tuairiscithe, a nochtóidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 11(2) agus pointe 1 de Chuid II de Roinn E d’Iarscríbhinn I.

4. Foilseoidh an ESMA tuarascáil maidir leis an Rialachán a chur i bhfeidhm gach bliain agus den chéad uair faoin 1 Eanáir 2012. Beidh, go háirithe, measúnú ar an tslí a gcuireann na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, atá cláraithe faoin Rialachán seo, Iarscríbhinn I chun feidhme sa tuarascáil sin.

5. Comhoibreoidh an ESMA leis an Údarás Baincéireachta Eorpach arna bhunú le Rialachán…/…[17] agus leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme arna bhunú le Rialachán…/…[18] agus rachaidh sé i gcomhairle leis na hÚdaráis sin roimh dó treoir a eisiúint agus roimh dó na dréachtchaighdeáin theicniúla dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a mholadh."

12. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

" Airteagal 23 Gan cur isteach ar a bhfuil sna rátálacha

Agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas faoin Rialachán seo, ní chuirfidh an ESMA ná aon údarás poiblí eile Ballstáit isteach ar a bhfuil sna rátálacha creidmheasa nó modheolaíochtaí."

13. Cuirtear Airteagail 23a, 23b agus 23c isteach mar seo a leanas:

" Airteagal 23a Iarrataí ar fhaisnéis

1. Féadfaidh an ESMA a cheangal ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ar dhaoine a raibh baint acu le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, ar eintitis rátáilte agus tríú páirtithe gaolmhara, ar thríú páirtithe a ndearna gníomhaireachtaí rátála creidmheasa feidhmeanna nó gníomhaíochtaí áirithe a eisfhoinsiú chucu agus ar dhaoine atá bainteach ar bhealach eile le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an fhaisnéis go léir is gá a sholáthar chun a chúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo.

2. Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 á hiarraidh aige, tagróidh an ESMA don Airteagal seo mar bhunús dlíthiúil leis an iarraidh agus sonróidh sé an aidhm atá léi, sonróidh sé an fhaisnéis atá ag teastáil agus socróidh sé an teorainn ama faoinar gá í a sholáthar. Léireoidh sé freisin na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 36b i gcás nach bhfuil soláthar na faisnéise a iarradh iomlán nó go bhfuil na freagraí ar cheisteanna a iarradh mícheart nó míthreorach.

3. Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachas dlítheanach nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach dá dtagraítear i mír 1 acu, is iad na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a n-Airteagal comhaontaithe a sholáthróidh an fhaisnéis a iarrtar thar ceann na ndaoine dá dtagraítear i mír 1 lena mbaineann. Beidh na hionadaithe freagrach go hiomlán mura bhfuil an fhaisnéis a sholáthrófar iomlán, nó má tá sí mícheart nó míthreorach.

Airteagal 23b Imscrúduithe ginearálta

1. Féadfaidh an ESMA na himscrúduithe go léir is gá ar dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 23a(1) a chur i gcrích. Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus daoine eile arna n-údarú ag an ESMA an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) scrúdú a dhéanamh ar na taifid ábhartha, ar na sonraí ábhartha, ar na nósanna imeachta ábhartha agus aon ábhar eile atá ábhartha chun a chúraimí a chomhlíonadh;

(b) cóipeanna a dhéanamh de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile nó sleachta a bhaint astu;

(c) míniúchán ó bhéal a lorg;

(d) duine a thoghairm agus éisteacht leis;

(e) taifid a éileamh de thrácht teileafóin agus sonraí;

(f) agallamh a chur ar dhuine ar bith ar mhaithe le faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe.

2. Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23a(1) faoi imscrúduithe arna seoladh le cinneadh an ESMA. Feidhmeoidh na daoine arna n-údarú chun críche na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí ar údarú i scríbhinn a thaispeáint ina sonrófar ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Léireoidh an t–údarú sin freisin na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear in Airteagal 36b i gcás nach soláthraítear na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta ná aon ábhar eile a iarrtar nó nach bhfuil siad iomlán nó ina bhfuil na freagraí ar cheisteanna mícheart nó míthreorach.

3. In am trátha sula ndéanfar an t–imscrúdú, cuirfidh an ESMA údarás inniúil an Bhallstáit arb ar a chríoch atáthar chun an t–imscrúdú a chur i gcrích ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Arna iarraidh sin ag an ESMA, tabharfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann cúnamh do na daoine údaraithe sin a ndualgais a chur i gcrích.

Airteagal 23c Cigireachtaí ar an láthair

1. D'fhonn a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh an ESMA na cigireachtaí ar an láthair go léir is gá a dhéanamh le fógra nó dá uireasa ag áitreabh na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 23a(1).

2. Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile arna n-údarú ag an ESMA chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, dul isteach in áitreabh gnó ar bith nó ar thalamh ar bith de chuid na ndaoine atá faoi réir an chinnidh maidir le himscrúdú arna ghlacadh ag an ESMA agus beidh na cumhachtaí go léir atá sonraithe in Airteagal 23b(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid don tréimhse a shéalú agus a mhéid is gá don chigireacht.

3. Maidir leis na hoifigigh agus daoine eile arna n-údarú ag an ESMA chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh, feidhmeoidh siad a gcumhachtaí ar údarú i scríbhinn a thaispeáint ina sonraítear an t–ábhar agus aidhm na cigireachta agus na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear in Airteagal 36b i gcás nach dtéann na daoine lena mbaineann faoin gcigireacht. In am trátha roimh an chigireacht, tabharfaidh an ESMA fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit arb ar a chríoch atáthar chun an chigireacht a dhéanamh.

4. Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23a(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh an ESMA. Sonrófar sa chinneadh an t–ábhar agus aidhm na cigireachta, socrófar an dáta ar a dtosóidh sí agus tabharfar na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear in Airteagal 36b le fios. Déanfaidh an ESMA na cinntí sin tar éis dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit arb ar a chríoch atáthar chun an chigireacht a dhéanamh.

5. Arna iarraidh sin ag an ESMA, déanfaidh oifigigh an Bhallstáit, chomh maith leo siúd arna n-údarú nó arna gceapadh ag an mBallstát sin arb ar a chríoch atáthar chun an chigireacht a dhéanamh, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus daoine eile arna n-údarú ag an ESMA. Chuige sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2 acu.

6. Féadfaidh an ESMA a cheangal freisin ar údaráis inniúla na mBallstát cúraimí sonracha imscrúdaithe a chomhlíonadh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh thar a cheann mar a fhoráiltear dóibh san Airteagal seo agus in Airteagal 23b(1). Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag an ESMA mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 23b(1).

7. I gcás inar léir do na hoifigigh agus daoine eile arna n-údarú ag an ESMA a bheidh ina dteannta gur chuir duine i gcoinne cigireachta arna hordú de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh, agus iarrfaidh sé i gcás inar iomchuí cúnamh na bpóilíní nó a chomhionann d'údarás forfheidhmithe, ionas go mbeidh siad ábalta a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

8. Má tá gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta i gcás an chúnaimh dá bhforáiltear i mír 7, cuirfear iarratas isteach ar an údarú sin, lena n-áirítear le réamhaíocht.

9. I gcás ina gcuirtear iarratas isteach ar údarú mar a thagraítear dó i mír 8, rialóidh an t–údarás breithiúnach náisiúnta go mbeidh cinneadh an ESMA barántúil agus nach mbeidh na bearta comhéigneacha a bheartófar treallach ná iomarcach ag féachaint d'ábhar na cigireachta. Agus comhréireacht na mbeart á rialú aige, féadfaidh an t–údarás breithiúnach náisiúnta mínithe mionsonraithe a iarraidh ar an ESMA, go háirithe ar na cúiseanna atá ag an ESMA a bheith in amhras go bhfuil an Rialachán á shárú, ar thromchúise na cigireachta ar an láthair agus ar an gcineál rannpháirtíochta atá ag an duine lena mbaineann. Mar sin féin, ní fhéadfaidh an t–údarás breithiúnach náisiúnta an gá atá leis an gcigireacht a thabhairt faoi cheist amhlaidh ná ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis atá i gcomhad an ESMA a éileamh dó féin. Beidh dlíthiúlacht chinneadh an ESMA faoi réir athbhreithnithe ag an gCúirt Breithiúnais amháin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán XX/2010 [ESMA]."

14. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24 agus Airteagal 25:

" Airteagal 24 Bearta maoirseachta á ndéanamh ag an ESMA

1. I gcás go mbeidh ceann de na sáruithe atá liostaithe in Iarscríbhinn III á dhéanamh ag gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe, déanfaidh an ESMA ceann amháin nó níos níos mó de na cinntí seo a leanas:

(a) clárúchán na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 20;

(b) cosc sealadach a fhorchur ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint le héifeacht ar fud an Aontais, go dtí go gcuirtear deireadh leis an sárú;

(c) fionraíocht a fhorchur ar úsáid rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa sin chun críocha rialúcháin,, le héifeacht aige ar fud an Aontais, go dtí go gcuirtear deireadh leis an sárú;

(d) a cheangal ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa deireadh a chur leis an sárú;

(e) a cheangal ar eisitheoir na n-ionstraimí airgeadais struchtúraithe nó ar an tríú páirtí gaolmhar rochtain de réir Airteagal 8a(1) a thabhairt do na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar an suíomh gréasáin faoina bhainistiú, arna iarraidh sin dóibh;

(f) fógraí poiblí a eisiúint.

2. Agus na cinntí dá dtagraítear i bpointí (b) go (f) de mhír 1 á ndéanamh aige, cuirfidh an ESMA nádúr agus tromchúis an tsáraithe san áireamh, lena n-áirítear:

(i) fad agus minicíocht an tsáraithe;

(ii) cibé ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó córasacha i nósanna imeachta na gníomhaireachta rátála creidmheasa nó sna córais bhainistíochta nó sna rialuithe inmheánacha;

(iii) cibé ar éascaigh an sárú coir airgeadais nó arbh é faoi deara é nó arbh inchurtha é ina leith;

(iv) an caillteanas nó an riosca caillteanais do na hinfheisteoirí dá bharr.

Ina theannta sin, féadfaidh an ESMA ábhair i gcomhair ionchúisimh choiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta iomchuí.

3. Féadfar leanúint de rátálacha creidmheasa a úsáid chun críocha rialúcháin i ndiaidh ghlacadh na mbeart a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 1 ar feadh tréimhse nach faide ná:

(a) deich lá oibre más rud é go bhfuil rátálacha creidmheasa den ionstraim airgeadais chéanna nó den eintiteas airgeadais céanna arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile atá cláraithe faoin Rialachán seo; nó

(b) trí mhí más rud é nach bhfuil aon rátálacha creidmheasa den ionstraim airgeadais chéanna nó den eintiteas airgeadais céanna arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile atá cláraithe faoin Rialachán seo.

Féadfaidh an ESMA síneadh trí mhí eile a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír i gcúinsí eisceachtúla a bhaineann le dálaí ina bhféadfaí cur isteach ar an margadh nó le héagobhsaíocht airgeadais.

4. Gan dochar d'Airteagal 20, déanfaidh an ESMA aon chinneadh arna ghlacadh de bhun mhír 1 a chur in iúl, gan mhoill mhíchuí, do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún agus nochtfaidh sé go poiblí aon chinneadh dá leithéid ar a shuíomh gréasáin laistigh de chúig lá oibre ón dáta ar a ndearnadh é."

" Airteagal 25 Daoine lena mbaineann a éisteacht

1. Sula ndéantar cinntí mar a fhoráiltear dóibh in Airteagal 24(1), tabharfaidh an ESMA caoi do na daoine sin ar ábhar iad do na himeachtaí éisteacht a fháil sna hábhair sin ar chuir an ESMA ina gcoinne. Ní bhunóidh an ESMA a chinntí ach ar na hagóidí sin arbh fhéidir leis na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír má tá gá le gníomh práinneach chun dochar suntasach don chóras airgeadais a chosc agus sa chás sin féadfaidh an ESMA cinntí idirthréimhseacha a ghlacadh. Ina leithéid de chás, ní foláir don ESMA caoi a thabhairt do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil chomh luath agus is féidir tar éis dó a chinneadh a dhéanamh.

2. Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal fáil a bheith acu ar chomhad an ESMA, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní fholóidh an ceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an ESMA."

15. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Theideal Chaibidil III de Theideal III: "Comhair idir an ESMA agus na hÚdaráis Inniúla"

16. Cuirtear isteach Airteagal 25a mar seo a leanas:

" Airteagal 25a Údaráis Inniúla atá freagrach as Airteagal 4(1) a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú (rátálacha creidmheasa a úsáid)

1. Beidh na húdaráis inniúla freagrach as Airteagal 4(1) a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú.

2. Ionas go ndéanfaidh siad a gcuid dualgas maidir le haon sárú ar Airteagal 4(1) den Rialachán seo a shuíomh, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe ar fad ag na húdaráis inniúla a bheidh de dhíth orthu chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú. Déanfaidh siad a gcumhachtaí a fheidhmiú:

(a) go díreach;

(b) i gcomhar le húdaráis eile, lena n-áirítear an ESMA; nó

(c) trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

3. Ionas go ndéanfaidh siad a gcuid dualgas maidir le haon sárú ar Airteagal 4(1) den Rialachán seo a shuíomh, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla, ina gcáil mhaoirseachta, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) rochtain a bheith acu ar aon doiciméad i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a dhéanamh;

(b) faisnéis a éileamh ó dhuine ar bith agus, más gá, duine a thoghairm agus ceisteanna a chur air nó uirthi d'fhonn faisnéis a fháil;

(c) tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair le fógra nó dá uireasa; agus

(d) taifid a éileamh de thrácht teileafóin agus sonraí."

17. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26 agus Airteagal 27:

" Airteagal 26 Oibleagáid an chomhair

Comhoibreoidh an ESMA agus na húdaráis inniúla sna cásanna sin inar gá chun críocha an Rialacháin seo."

" Airteagal 27 Malartú faisnéise

1. Déanfaidh na húdaráis inniúla, gan aon mhoill mhíchuí, an fhaisnéis atá de dhíth chun a gcuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo a thabhairt don ESMA agus dá chéile.

2. Féadfaidh an ESMA faisnéis rúnda atá beartaithe i gcomhair fheidhmiú a gcúraimí a tharchur chuig na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht na ngnóthas dá dtagraítear in Airteagal 4(1), chuig bainc cheannais, chuig Córas Eorpach na mBanc Ceannais agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach, ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta, chuig an mBord Eorpach um Rioscaí Sistéamacha agus, i gcás inarb iomchuí, chuig údaráis phoiblí eile atá freagrach as córais íocaíochta agus réitigh a mhaoirsiú,. Ar an gcaoi chéanna, ní bheidh cosc ar údaráis ná ar chomhlachtaí den sórt sin ó fhaisnéis a thabhairt don ESMA, ar faisnéis í a d’fhéadfadh a bheith de dhíth ar an ESMA chun a chúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh."

18. Scriostar Airteagal 28 agus Airteagal 29.

19. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30, Airteagal 31 agus Airteagal 32:

" Airteagal 30 Cúraimí a tharmligean ón ESMA chuig údaráis inniúla

Féadfaidh an ESMA cúraimí sonracha maoirseachta a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit. Is féidir go n-áireofar go háirithe ar na cúraimí maoirseachta sin iarrataí ar fhaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 23a agus imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 23c(6).

Ní dhéanfaidh tarmligean na gcúraimí difear do fhreagracht an ESMA."

"Airteagal 31Fógraí agus iarrataí fiontraíochta ó údaráis inniúla

1. I gcás inar deimhin le húdarás inniúil go bhfuil gníomhaíochtaí atá contrártha d'fhorálacha an Rialacháin seo á ndéanamh nó déanta ar chríoch an údaráis sin nó ar chríoch Ballstáit eile, tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin sa tslí is sonraí agus is féidir don ESMA.

Rachaidh an ESMA i mbun gníomhaíochta iomchuí. Cuirfidh sé an t-údarás inniúil a thug an fógra ar an eolas faoin toradh agus, a mhéid is féidir, faoi fhorbairt thábhachtach eatramhach.

2. Gan dochar don dualgas fógra a thabhairt mar a leagtar síos i mír 1, i gcás ina bhfuil an t-údarás inniúil a thug an fógra den tuairim gur sháraigh gníomhaireacht rátala creidmheasa atá cláraithe, agus a n-úsáidtear a cuid rátálacha creidmheasa laistigh de chríoch an údaráis sin, na hoibleagáidí a dtig as an Rialachán seo agus go bhfuil na sáruithe sin tromchúiseach agus leanúnach a ndóthain le tionchar suntasach a imirt ar chosaint infheisteoirí nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Bhallstát sin, féadfaidh an t-údarás inniúil a thug an fógra a iarraidh ar an ESMA úsáid rátálacha creidmheasa den ghníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann ag na daoine dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur ar fionraí chun críocha rialúcháin. Cuirfidh an t-údarás inniúil a thug an fógra na cúiseanna ar fad leis an iarraidh sin ar fáil don ESMA.

I gcás ina bhfuil an ESMA den tuairim nach bhfuil cúis mhaith leis an iarraidh, cuirfidh sé an t-údarás inniúil a thug an fógra ar an eolas faoi. I gcás ina bhfuil an ESMA den tuairim go bhfuil cúis mhaith leis an iarraidh, déanfaidh sé na bearta iomchuí chun an tsaincheist sin a réiteach.

Airteagal 32Rúndacht ghairmiúil

1. Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d’oibrigh don ESMA, agus do na húdaráis inniúla nó do dhuine ar bith eile a ndearna an ESMA cúraimí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe a fhostaíonn an ESMA. Ní dhéanfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil a nochtadh le duine nó le húdarás ar bith eile ach amháin má tá an nochtadh sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

2. Déanfar an fhaisnéis ar fad a mhalartaítear idir an ESMA, na húdaráis inniúla agus údaráis agus comhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 27(2) faoin Rialachán seo, a mheas mar fhaisnéis rúnda, ach amháin nuair a shonraíonn an ESMA nó an t-údarás inniúil nó údarás nó comhlacht eile lena mbaineann tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh nó nuair atá nochtadh den chineál sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla."

20. Scriostar Airteagal 33.

21. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34 agus Airteagal 35:

"Airteagal 34Comhaontú maidir le faisnéis a mhalartú

Féadfaidh an ESMA comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla tríú tíortha sa chás go bhfuil an fhaisnéis a nochtfar faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a leagtar amach in Airteagal 32, agus sa chás sin amháin.

Beidh malartú faisnéise den sórt sin beartaithe le húsáid chun cúraimí na n-údarás inniúil sin a chur i gcrích.

Maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír, cuirfidh an ESMA Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 i bhfeidhm."

"Airteagal 35Faisnéis ó thríú tíortha a nochtadh

Ní fhéadfaidh an ESMA an fhaisnéis a fhaightear ó údaráis inniúla i dtríú tíortha a nochtadh ach amháin más rud é go bhfuil comhaontú sainráite faighte ag an ESMA ón údarás inniúil a d’aistrigh an fhaisnéis agus, nuair is infheidhmithe, gur chun na gcríoch dár thug an t-údarás inniúil sin a chomhaontú amháin a nochtfar an fhaisnéis nó má tá nochtadh den chineál sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla."

22. I gCaibidil 1 de Theideal IV, leasaítear an teideal mar seo a leanas:

"Pionóis, fíneálacha, tráthíocaíochtaí pionósacha, an nós imeachta coiste, cumhachtaí tarmligthe agus tuairisciú"

23. Leasaítear an chéad fhomhír d'Airteagal 36 mar seo a leanas:

"1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha Airteagal 4(1) den Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach."

24. Cuirtear Airteagail 36a, 36b, 36c agus 36d isteach mar seo a leanas:

"Airteagal 36a Fíneálacha

1. Ar iarratas ón ESMA, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, fíneáil a fhorchur ar ghníomhaireacht rátála creidmheasa más rud é, d'aon ghnó nó le faillí, go ndearna an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ceann de na sáruithe atá liostaithe in Iarscríbhinn III.

2. Beidh na fíneálacha dá dtagraítear i mír 1 athchomhairleach agus comhréireach le nádúr agus tromchúis an tsáraithe, le fad an tsáraithe agus le hacmhainn eacnamaíoch na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann. Ní rachaidh méid na fíneála thar 20 % den ioncam bliantúil nó den láimhdeachas bliantúil a bhí ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa sa bhliain ghnó roimhe sin.

3. D'ainneoin mhír 2, i gcás ina ngnóthaíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa tairbhe airgeadais inchainníochtaithe ón sárú, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.

4. Trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38a, glacfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe ar mhaithe leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, agus sonrófar iontu go háirithe:

(a) critéir mhionsonraithe maidir le méid na fíneála a leagan síos;

(b) nósanna imeachta d'fhiosrúcháin, do bhearta gaolmhara agus do thuairisciú, chomh maith le rialacha nós imeachta le haghaidh cinnteoireachta, lena n-áirítear forálacha ar chearta cosanta, rochtain ar chomhaid, ionadaíocht dhlíthiúil, rúndacht agus forálacha ama mar aon le cainníochtú agus bailiú na bhfíneálacha."

"Airteagal 36b

Tráthíocaíochtaí pionósacha

1. Ar iarratas ón ESMA, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, tráthíocaíochtaí pionósacha a fhorchur ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23a(1) chun iallach a chur orthu:

(a) deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh a dhéantar de bhun Airteagal 24(1)(d);

(b) faisnéis iomlán agus chruinn a iarrtar le cinneadh de bhun Airteagal 23a a chur ar fáil;

(c) dul faoi imscrúdú agus go háirithe taifid, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt i bhfoirm iomlán agus aon fhaisnéis eile a thugtar in imscrúdú a sheoltar le cinneadh de bhun Airteagal 23b a iomlánú agus a cheartú;

(d) dul faoi chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh de bhun Airteagal 23c.

2. Beidh na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear éifeachtúil agus comhréireach. Forchuirfear méid na dtráthíocaíochtaí pionósacha de réir gach lá moille. Ní rachaidh sé thar 5% den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin agus déanfar é a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh.

Airteagal 36cDaoine lena mbaineann a éisteacht

1. Sula ndéanfar cinneadh maidir le fíneáil nó le tráthíocaíocht phionósach mar a fhoráiltear dó in Airteagal 36a agus Airteagal 36b, tabharfaidh an Coimisiún caoi do na daoine sin ar ábhar iad do na himeachtaí éisteacht a fháil sna hábhair sin ar chuir an Coimisiún ina gcoinne. Ní bhunóidh an Coimisiún a chinntí ach ar na hagóidí sin arbh fhéidir leis na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith.

2. Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal fáil a bheith acu ar chomhad an Choimisiúin, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní fholóidh an ceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda eile agus doiciméid inmheánacha an Choimisiúin.

Airteagal 36dForálacha is coiteann d'fhíneálacha agus do thráthíocaíochtaí pionósacha

1. Déanfaidh an Coimisiún gach fíneáil agus gach tráthíocaíocht phionósach a forchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 36a agus 36b a nochtadh don phobal.

2. Is de chineál riaracháin iad na fíneálacha agus na tráthíocaíochtaí pionósacha a fhorchuirtear de bhun Airteagal 36a agus Airteagal 36b.

Airteagal 36eAthbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar shocraigh an Coimisiún fíneáil nó lenar fhorchuir sé tráthíocaíocht phionósach. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an tráthíocaíocht phionósach a fhorchuirfear a chealú, a ísliú, nó a mhéadú."

25. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37 agus Airteagal 38:

"Airteagal 37Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38a agus faoi réir choinníollacha Airteagal 38b agus Airteagal 38c chun forbairt ar na margaí airgeadais, lena n-áirítear forbairtí idirnáisiúnta, a chur san áireamh, go háirithe i leith ionstraimí airgeadais nua."

" Airteagal 38An nós imeachta coiste

1. Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste Eorpach um Urrúis a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún [19].

2 I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE."

26. Cuirtear Airteagail 38a, 38b agus 38c isteach mar seo a leanas:

"Cumhachtaí a tharmligean

Airteagal 38aAn tarmligean a fheidhmiú

1. Maidir leis na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 5(6), Airteagal 19(2), Airteagal 36a(4) agus Airteagal 37 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún iad go ceann tréimhse ama neamhchinntithe.

2. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

3. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 38b agus Airteagal 38c a thugtar na cumhachtaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 38bAn tarmligean a chúlghairm

1. Maidir leis an tarmligean cumhachta dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 5(6), Airteagal 19(2), Airteagal 36a(4) agus Airteagal 37, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm tráth ar bith.

2. An institiúid a chuir tús le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an gcúlghairfear an tarmligean cumhachta, cuirfidh sí an reachtóir eile agus an Coimisiún ar an eolas aon mhí amháin sula nglacfar an cinneadh deireanach ar a dhéanaí, agus sonróidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna leis an gcúlghairm.

3. Má chinntear an chúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh láithreach nó ag dáta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 38cAgóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, cuirfear aon mhí amháin leis an tréimhse sin.

2. Más rud é, ar dhul in éag don tréimhse sin, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe, tiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm ar an dáta a luaitear sa ghníomh tarmligthe sin.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimhse sin, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Sonróidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna leis an agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe."

27. Leasaítear Airteagal 39 mar seo a leanas:

(a) Scriostar mír 2.

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Faoin 1 Iúil 2011, déanfaidh an Coimisiún, i bhfianaise forbairtí sa chreat rialúcháin agus maoirseachta do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa i dtríú tíortha, tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le héifeachtaí na bhforbairtí sin agus na bhforálacha idirthréimhseacha dá dtagraítear in Airteagal 40 ar chobhsaíocht na margaí airgeadais san Aontas."

28. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír d'Airteagal 40:

"Féadfaidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá ann leanúint de rátálacha creidmheasa a d’fhéadfadh institiúidí airgeadais a úsáid chun críocha rialúcháin faoi mar a shonraítear in Airteagal 4(1) a eisiúint mura i ndán agus go ndiúltaítear a gclárúchán. I gcás ina ndéantar clárúchán a dhiúltú, beidh feidhm ag Airteagal 24(2) agus Airteagal 24(3)."

29. Cuirtear isteach an tAirteagal 40a seo a leanas:

"Airteagal 40aBearta idirthréimhseacha a bhaineann leis an ESMA

1. Maidir leis na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann le gnó na maoirseachta agus an fhorghníomhaithe i réimse na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ar inniúlachtaí agus dualgais iad a tugadh d'údaráis inniúla na mBallstát, bíodh nó ná bíodh siad ag gníomhú mar údaráis inniúla an Bhallstáit bhaile, agus maidir lena gcoláistí i gcás inar bunaíodh iad, déanfar iad a fhoirceannadh an [ mí amháin tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ].

2. Maidir le haon chomhaid nó le haon doiciméid oibre a bhaineann le gnó na maoirseachta agus an fhorghníomhaithe i réimse na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, lena n-áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forghníomhaithe atá fós ar siúl, gabhfaidh an ESMA ar láimh iad an ... [ mí amháin tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ].

3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla agus na coláistí dá dtagraítear i mír 1 go n-aistreofar aon taifid agus aon doiciméid oibre atá ann chuig an ESMA an [ mí amháin tar don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ]. Tabharfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí sin gach cúnamh agus gach comhairle is gá don ESMA chun go mbeidh sé níos éasca gnó na maoirseachta agus an fhorghníomhaithe i réimse na ngíomhaireachtaí rátála creidmheasa a aistriú agus dul ina bhun.

4. Beidh an ESMA ina chomharba dlíthiúil ar na húdaráis inniúla agus ar na coláistí dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascróidh ó ghnó na maoirseachta agus an fhorghníomhaithe a shaothrófar faoin Rialachán seo roimh an [ mí amháin tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ].

5. I gcás ina bhfuil athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh a rinne údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 faoin Rialachán seo fós ar siúl an [ mí amháin tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ], aistreofar an cás chuig an gCúirt Ghinearálta, ach amháin más gá breith na cúirte sin atá ag déanamh athbhreithniú ar an gcinneadh sin sa Bhallstát a thabhairt laistigh de dhá mhí tar éis an [ mí amháin tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ].

30. Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

31. Cuirtear Iarscríbhinn III nua isteach mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát ón lá a thiocfaidh Rialachán …/… [ESMA] i bhfeidhm

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [...]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

Iarscríbhinn I

Leasaítear mar a leanas Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009:

1. I Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deireanaí de phointe 2:

"Cuirfear tuairimí chomhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó maoirseachta i leith na gcúrsaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) faoi bhráid an bhoird go tréimhsiúil agus cuirfear ar fáil don ESMA iad, nuair a iarrtar é."

2. I Roinn B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de phointe 8:

"Coimeádfar taifid agus rianta iniúchta dá dtagraítear i bpointe 7 ag áitreabh na gníomhaireachta rátála creidmheasa ar feadh cúig bliana ar a laghad agus cuirfear ar fáil don ESMA iad nuair a iarrtar iad."

Iarscríbhinn II

Cuirtear an tIarscríbhinn III seo a leanas le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009:

"IARSCRÍBHINN III

SMACHTBHANNAÍ

Sáruithe

I. Sáruithe a bhaineann le coinbhleachtaí leasa, le ceanglais eagraíochtúla nó le ceanglais oibriúcháin

a) Tá an GRC ag sárú Airteagal 6(2) maidir le hIarscríbhinn I Roinn B pointe 3 trí bhíthin rátáil chreidmheasa a eisiúint nó i gcás rátála creidmheasa reatha trí bhíthin nár nocht sí láithreach go bhféadfadh tionchar a bheith á imirt ar an rátáil chreidmheasa ag na cásanna atá luaite i bpointe 3(a) go (d).

b) Tá an GRC ag sárú Airteagal 6(2) maidir le hIarscríbhinn I Roinn B pointe 4 an chéad fhomhír trí bhíthin seirbhísí sainchomhairliúcháin nó comhairleacha a chur ar fáil.

c) Tá an GRC ag sárú Airteagal 6(2) maidir le hIarscríbhinn I Roinn B pointe 4 an tríú fomhír trí bhíthin nár áirithigh sí nach mbeadh coinbhleacht leasa ann lena gníomhaíocht rátála creidmheasa de bharr seirbhís choimhdeach a sholáthar.

d) Tá an GRC ag sárú Airteagal 4(3) trí bhíthin gur fhormhuinigh sí rátáil chreidmheasa, arna heisiúint i dtríú tír, gan na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 4(3)(a) go (h) a bheith comhlíonta.

e) Tá an GRC ag sárú Airteagal 6(2) maidir le hIarscríbhinn I Roinn A pointe 2 an tríú fomhír trí bhíthin nár cheap sí an líon cuí de chomhaltaí neamhspleácha ar an mbord riaracháin nó maoirseachta.

f) Tá an GRC ag sárú Airteagal 6(2) maidir le hIarscríbhinn I Roinn A pointe 2 an ceathrú fomhír an chéad abairt nó an dara habairt nó an tríú habairt trí bhíthin nár socraíodh córas cúitimh do na comhaltaí neamhspleácha sin a bhfuil nasc acu le feidhmíocht ghnó an GRC nó trí bhíthin gur socraíodh téarma oifige a sháraíonn cúig bliana.

g) Tá an GRC ag sárú Airteagal 6(2) maidir le hIarscríbhinn I Roinn A pointe 6 trí bhíthin nár áirithigh sí gur comhlíonadh na coinníollacha faoina raibh an fheidhm chomhlíonta in ann a cuid freagrachtaí a urscaoileadh go cuí agus go neamhspleách mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinn I Roinn A pointe 6 (a) go (d).

h) Tá an GRC ag sárú Airteagal 7(2) trí bhíthin nár áirithigh sí go ndearna duine atá luaite san Airteagal sin caibidlíocht maidir le táillí nó íocaíochtaí a thionscnamh nó páirt a ghlacadh iontu.

i) Tá an GRC ag sárú Airteagal (3) maidir le hIarscríbhinn I Roinn C pointe 1 trí bhíthin nár áirithigh sí nach ndeachaigh duine ábhartha i mbun ceannacháin nó díolacháin nó i mbun aon idirbheartaíochta in ionstraim airgeadais a bhfuil tionchar á imirt uirthi.

j) Tá an GRC ag sárú Airteagal 7(3) maidir le hIarscríbhinn I Roinn C pointe 2 trí bhíthin nár áirithigh sí nach raibh duine ábhartha páirteach i rátáil chreidmheasa a shocrú nó nach raibh tionchar á imirt aige air.

k) Tá an GRC ag sárú Airteagal 7(3) maidir le hIarscríbhinn I Roinn C pointe 3(b), (c) agus (d) trí bhíthin nár áirithigh sí nach ndearna duine ábhartha faisnéis atá faoi rún a nochtadh, a úsáid nó a roinnt.

l) Tá an GRC ag sárú Airteagal 7(3) maidir le hIarscríbhinn I Roinn C pointe 4 trí bhíthin nár áirithigh sí nach ndearna duine ábhartha airgead, bronntanais nó garanna a iarraidh nó a ghlacadh.

m) Tá an GRC ag sárú Airteagal 7(3) maidir le hIarscríbhinn I Roinn C pointe 7 trí bhíthin nár áirithigh sí nach ndeachaigh duine ábhartha i mbun príomhphoist bhainistíochta.

n) Tá an GRC ag sárú Airteagal 7(4) maidir le hIarscríbhinn I Roinn C pointe 8(a) trí bhíthin nár áirithigh sí nach bhfuil an príomh-anailísí rátála páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena thríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse níos faide ná ceithre bliana.

o) Tá an GRC ag sárú Airteagal 7(4) maidir le hIarscríbhinn I Roinn C pointe 8(b) trí bhíthin nár áirithigh sí nach bhfuil an t-anailísí rátála páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena thríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana.

p) Tá an GRC ag sárú Airteagal 7(4) maidir le hIarscríbhinn I Roinn C pointe 8(c) trí bhíthin nár áirithigh sí nach bhfuil duine a fhormheasann rátálacha creidmheasa páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena thríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse níos faide ná seacht mbliana.

q) Tá an GRC ag sárú Airteagal 7(4) maidir le hIarscríbhinn I Roinn C pointe 8 an dara fomhír trí bhíthin nár áirithigh sí nach bhfuil duine ábhartha bainteach le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa taobh istigh de dhá bhliain ó dheireadh na dtréimhsí atá leagtha amach sna pointí sin.

r) Tá an GRC ag sárú Airteagal 7(5) trí bhíthin gur thug sí isteach cúiteamh agus meastóireacht feidhmíochta ag brath ar an méid ioncaim a fhaigheann an GRC ó na heintitis rátáilte nó ó na tríú páirtithe gaolmhara.

s) Tá an GRC ag sárú Airteagal 8(5) trí bhíthin nach ndearna sí monatóireacht ar a rátálacha creidmheasa nó trí bhíthin nár athbhreithnigh sí a cuid rátálacha creidmheasa nó a cuid modheolaíochtaí féin ar bhonn leanúnach agus gach bliain ar a laghad.

t) Tá an GRC ag sárú Airteagal 8(6)(b) trí bhíthin, nuair a athraíonn modheolaíochtaí, samhlacha nó príomh-bhoinn tuisceana rátála, nár athbhreithnigh sí nó nár athbhreithnigh sí go tráthúil na rátálacha creidmheasa a bhfuil tionchar á imirt orthu.

u) Tá an GRC ag sárú Airteagal 8(6)(c) trí bhíthin nár athrátáil sí rátáil chreidmheasa más rud é go ndéanann éifeacht nasctha fhoriomlán na modheolaíochtaí, na samhlacha nó na mbonn tuisceana rátála difear don rátáil chreidmheasa sin.

v) I gcás GRC a iarrann rochtain ar shuíomh gréasáin de chuid eisitheora ionstraime airgeadais struchtúraithe nó de chuid tríú páirtí gaolmhar, beidh sí ag sárú Airteagal 8a(2)(a) mura bhfuil na córais agus an córas eagrúcháin in áit aici chun rúndacht na faisnéise a fhaightear ar an tslí sin a áirithiú.

w) Tá an GRC ag sárú Airteagal 8a(2)(b) i gcás ina dteipeann uirthi rátálacha a sholáthar, ar bhonn bliantúil, maidir le 10 % ar a laghad de na hionstraimí airgeadais struchtúraithe dá bhfuil rochtain iarrtha aici ar an bhfaisnéis atá le fáil ar an suíomh gréasáin atá á sholáthar ag an eisitheoir nó ag tríú páirtí gaolmhar.

x) Tá an GRC ag sárú Airteagal 10(2) maidir le hIarscríbhinn I Roinn D Cuid I pointe 4 an dara mír trí bhíthin rátáil chreidmheasa a eisiúint nó gan rátáil chreidmheasa atá ann cheana a tharraingt siar.

II. Sáruithe a bhaineann le baic ar ghníomhaíochtaí maoirseachta

a) Tá an GRC ag sárú Airteagal 6(2) maidir le hIarscríbhinn I Roinn B pointe 7(a) go (h) trí bhíthin nach ndearna sí socrú chun go gcoimeádfaí taifid nó rianta iniúchta mar a fhoráiltear leis na forálacha sin.

b) Tá an GRC ag sárú Airteagal 6(2) maidir le hIarscríbhinn I Roinn B pointe 8 an chéad fhomhír trí bhíthin nár coimeádadh taifid nó rianta iniúchta ar feadh cúig bliana ar a laghad nó trí bhíthin nár cuireadh na taifid nó na rianta iniúchta sin ar fáil do na húdaráis inniúla.

c) Tá an GRC ag sárú Airteagal 6(2) maidir le hIarscríbhinn I Roinn B pointe 9 trí bhíthin nár coimeádadh na taifid ar feadh an achair a mhaireann an caidreamh leis an eintiteas rátáilte nó lena thríú páirtí gaolmhar.

d) Tá an GRC ag sárú Airteagal 11(2) trí bhíthin nár chuir sí an fhaisnéis is gá ar fáil nó trí bhíthin nár chuir sí an fhaisnéis sin ar fáil san fhoirm a theastaíonn.

e) Tá an GRC ag sárú Airteagal 11(3) maidir le hIarscríbhinn I Roinn E Cuid II pointe 2 trí bhíthin nár chuir sí na liostaí a theastaíonn ar fáil.

f) Tá an GRC ag sárú an dara fomhír d'Airteagal 14(3) trí bhíthin nár tugadh fógra nó fógra tráthúil don ESMA i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha don chlárúchán bunaidh.

III. Sáruithe a bhaineann le forálacha nochta

a) Tá an GRC ag sárú Airteagal 6(2) maidir le hIarscríbhinn I Roinn B pointe 2 trí bhíthin nár nocht sí ainmneacha na n-eintiteas rátáilte nó tríú páirtithe gaolmhara óna bhfaigheann sí níos mó ná 5 % dá hioncam bliantúil.

b) Tá an GRC ag sárú Airteagal 6(2) maidir le hIarscríbhinn I Roinn B pointe 4 an tríú fomhír trí bhíthin nár nocht sí ina tuarascáil chríochnaitheach seirbhís choimhdeach a soláthraíodh don eintiteas rátáilte nó d'aon tríú páirtí gaolmhar.

c) Tá an GRC ag sárú Airteagal 8(1) trí bhíthin nár nocht sí na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomh-bhoinn tuisceana rátála a mbaineann sí úsáid astu ina gníomhaíochtaí rátála creidmheasa.

d) Tá an GRC ag sárú Airteagal 8(6)(a) trí bhíthin nár nocht sí láithreach, nuair a athraíonn modheolaíochtaí, samhlacha nó príomh-bhoinn tuisceana rátála, raon feidhme dóchúlach na rátálacha creidmheasa ar imríodh tionchar orthu.

f) Tá an GRC ag sárú Airteagal 8b(1) trí bhíthin nár nocht sí láithreach an fhaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 8b(1)(a) agus (b) ar an suíomh gréasáin cosanta ag pasfhocal.

g) Tá an GRC ag sárú Airteagal 8b(2) trí bhíthin nár thug sí rochtain ar an suíomh gréasáin do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe nó deimhnithe agus a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 8a(2).

h) Tá eisitheoir ionstraime airgeadais struchtúraithe nó tríú páirtí gaolmhar ag sárú Airteagal 8a(2) trí bhíthin nár thug sé rochtain ar shuíomh gréasáin cosanta ag pasfhocal atá faoina bhainistiú do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 8a(2).

i) Tá an GRC ag sárú Airteagal 8a(2) trí bhíthin gur cheangal sí ar an eisitheoir nó ar an tríú páirtí gaolmhar aon fhorálacha lena bhfuil sé beartaithe rochtain ar an suíomh gréasáin a chosc ar aon ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a iarrann an rochtain sin agus a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 8a(2).

j) Tá an GRC ag sárú Airteagal 10(2) maidir le hIarscríbhinn I Roinn D Cuid I pointe 1, pointe 2(a) go (e), pointe 4 an chéad fhomhír nó pointe 5 nó Cuid II pointí 1, 2, 3 nó 4 trí bhíthin nár sholáthair sí an fhaisnéis atá foráilte leis na forálacha sin agus rátáil á cur i láthair aici.

k) Tá an GRC ag sárú Airteagal 10(2) maidir le hIarscríbhinn I Roinn D Cuid I pointe 3 trí bhíthin nár chuir sí an t-eintiteas rátáilte ar an eolas faoin rátáil chreidmheasa 12 uair an chloig roimh a foilsiú ar a laghad.

l) Tá an GRC ag sárú Airteagal 10(3) trí bhíthin nár áirithigh sí go n-úsáidtear siombail bhreise lena n-idirdhealaítear rátálacha creidmheasa atá inchurtha i leith ionstraimí airgeadais struchtúraithe ó rátálacha creidmheasa eile.

m) Tá an GRC ag sárú Airteagal 10(4) trí bhíthin nár nocht sí a cuid beartas agus nósanna imeachta i leith rátálacha creidmheasa gan iarraidh.

n) Tá an GRC ag sárú Airteagal 10(5) trí bhíthin nár sholáthair sí an fhaisnéis a éilítear faoin Airteagal sin nó trí bhíthin nár aithin sí rátáil chreidmheasa gan iarraidh.

o) Tá an GRC ag sárú Airteagal 11(1) trí bhíthin nár nocht sí nó nár uasdátaigh sí an fhaisnéis ar ábhair a leagtar amach i gCuid I de Roinn E d'Iarscríbhinn I.

p) Tá an GRC ag sárú Airteagal 12 trí bhíthin nár fhoilsigh sí nó nár fhoilsigh sí go tráthúil tuarascáil trédhearcachta a chuimsíonn an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid III de Roinn E d'Iarscríbhinn I."

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

le húsáid le haghaidh aon togra nó aon tionscnamh a chuirtear faoi bhráid an údaráis reachtaigh

(Airteagal 28 den Rialachán Airgeadais agus Airteagal 22 de na rialacha cur chun feidhme)

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH

1.1. Teideal an togra/an tionscnaimh

1.2. Réimse/réimsí beartais lena mbaineann sa struchtúr ABM/ABB

1.3. An cineál togra/tionscnaimh

1.4. Cuspóirí

1.5. Na forais leis an togra/an tionscnamh

1.6. Fad agus tionchar airgeadais

1.7. Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1. Rialacha monatóireachta agus tuairiscithe

2.2. Córas bainistíochta agus rialúcháin

2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1. Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantuil agus an líne/na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

3.2. An tionchar a mheastar ar chaiteachas

3.2.1 Achoimre ar an tionchar a mheastar ar chaiteachas

3.2.2 An tionchar a mheastar ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3 An tionchar a mheastar ar leithreasaí de chineál riaracháin

3.2.4 Comhoiriúnacht leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5 Rannpháirteachas tríú páirtí sa mhaoiniú

3.3. An tionchar a mheastar ar ioncam

I. LEAGAN AMACH AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/an tionscnaimh

Rialachán (CE) Uimh. xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

1.2. Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[20]

Margadh Inmheánach – Margaí airgeadais

1.3. An cineál togra/tionscnaimh

( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua tar éis treoirthionscadail/réamhghníomhaíochta [21]

( Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíocht nua

1.4. Cuspóirí

1.4.1 Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Déanfar maoirseacht níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar na GRCanna sa Chomhphobal má thugtar cumhachtaí maoirseachta don ESMA.

Áiritheoidh an córas maoirseachta éifeachtach sin go gcomhlíonfaidh na GRCanna na ceanglais shubstainteacha atá i Rialachán GRC ar shlí níos fearr, agus dá réir sin, rannchuideoidh siad le cuspóirí straitéiseacha ginearálta an Choimisiúin i réimse na seirbhísí airgeadais, i.e. cobhsaíocht na margaí airgeadais a áirithiú, cosaint infheisteoirí a fheabhsú agus trédhearcacht sna margaí airgeadais a neartú.

1.4.2 Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóirí sonracha

Aithníodh na cuspóirí seo a leanas maidir leis an mbeart atá beartaithe:

1. Maoirseacht éifeachtach a áirithiú ar GRCanna san AE;

2. An creat maoirseachta a chuíchóiriú chun faireachas a dhéanamh ar na GRCanna, agus

3. Deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na GRCanna agus d'infheisteoirí.

Bunaithe ar na cuspóirí sin bhíothas in ann cuspóirí oibríochtúla a shainiú:

1. Pointe amháin teagmhála agus inniúlachtaí soiléire a áirithiú do na GRCanna,

2. Méadú soiléir ar éifeachtúlacht sa phróiseas clárúcháin agus maoirseachta,

3. Cur i bhfeidhm comhleanúnach a áirithiú i gcás rialacha substainteacha Rialachán GRC

4. Féachaint chuige gur fearr an chomhsheasmhacht idir na dreasachtaí a fhaigheann údaráis mhaoirseachta chun déileáil le gnó uile-Eorpach na n-eintiteas faoi mhaoirsiú.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

1.4.3 An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

1. Maoirseacht níos éifeachtaí ar na GRCanna san AE, rud a chuirfidh le cáilíocht agus le trédhearcacht ghnó na rátála ar mhaithe leis na hinfheisteoirí agus le cobhsaíocht airgeadais

2. Pointe amháin teagmhála agus inniúlachtaí soiléire, rud a laghdóidh an t-ualach a bhíonn ar na heintitis faoi mhaoirsiú agus ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta

3. Trí rialacha substainteacha Rialachán GRC a chur i bhfeidhm ar shlí chomhleanúnach tiocfaidh feabhas ar an deimhneacht dhlíthiúil do thionscal na GRCanna agus ar cháilíocht agus ar thrédhearcacht na ngníomhaíochtaí rátála.

4. Méadú ar éifeachtúlacht sa phróiseas clárúcháin agus maoirseachta. Laghdóidh sé sin an t-ualach a bhíonn ar na heintitis faoi mhaoirsiú, ar na maoirseoirí agus ar cháiníocóirí na hEorpa.

1.4.4. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí a léiríonn monatóireacht ar chur chun feidhme an togra/an tionscnaimh.

1. An toradh a bhfuiltear ag súil leis: Maoirseacht níos éifeachtaí ar GRCanna san AE

- Líon na sáruithe ar Rialachán GRC

- Líon na smachtbhannaí agus na n-íocaíochtaí pionósacha a fhorchuirfear i leith sáruithe

- Líon na gcigireachtaí ar an láthair

- Líon na mbeart maoirseachta

2. An toradh a bhfuiltear ag súil leis: Pointe amháin teagmhála do na GRCanna agus inniúlachtaí soiléire a bhunú

Táscairí:

• Líon na n-údarás maoirseachta a bhfuil baint acu leis an bpróiseas clárúcháin/maoirseachta

• Líon na n-easaontas faoi inniúlachtaí idir na húdaráis lena mbaineann agus na GRCanna faoi mhaoirsiú acu

3. An toradh a bhfuiltear ag súil leis: Rialacha substainteacha Rialachán GRC á gcur i bhfeidhm go comhleanúnach

Táscairí:

• Líon na sáruithe ar Rialachán GRC

• Líon na ngearán a fhaigheann an Coimisiún ó GRCanna/úsáideoirí rátálacha

• Líon na n-achomharc a chuireann GRCanna faoi bhráid an ESMA/na gcúirteanna

4. An toradh a bhfuiltear ag súil leis: Méadú ar éifeachtúlacht sa phróiseas clárúcháin agus maoirseachta

Táscaire:

• An tréimhse ama a theastaíonn don chlárú (ón uair a chuirtear an t-iarratas isteach go dtí go n-eisítear cinneadh faoin gclárú)

• An tréimhse ama a theastaíonn chun bearta maoirseachta a dhéanamh (ón uair a thugtar sárú rialach faoi deara go dtí go nglactar beart maoirseachta)

• Líon na mball foirne a bhfuil baint acu le maoirseacht na GRCanna

1.5. Na forais leis an togra/an tionscnamh

1.5.1 Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tabharfar de chumhacht don ESMA, sa ghearrthéarma, GRCanna a chlárú agus a mhaoirsiú, rud a chruthóidh méadú ar éifeachtúlacht, maoirseacht níos éifeachtaí agus cuirfear Rialachán GRC i bhfeidhm níos fearr ar bhonn comhleanúnach. San fhadtéarma, áfach, comhlíonfaidh na GRCanna rialacha Rialachán GRC ar shlí níos fearr agus, ar an gcaoi sin, tiocfaidh feabhas ar cháilíocht agus ar thédhearcacht ghnó na rátála.

Tabharfar maoirseacht na GRCanna ar láimh don ESMA go ceann tréimhse neamhchinntithe.

1.5.2 Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Cé nach bhfuil an creat maoirseachta a forordaíodh i Rialachán GRC i bhfeidhm go fóill, is féidir easnaimh áirithe a aithint cheana féin a éilíonn rannpháirteachas an Chomhphobail. Seo a leanas na heasnaimh sin agus na príomh-iarmhairtí do na GRCanna agus do na maoirseoirí (féach Roinn 3 den mheasúnú iarmharta a ghabhann leis an togra seo):

• An t-iliomad maoirseoirí páirteach ann agus baol easaontais faoi inniúlachtaí;

• Baol go ndéanfaidh údaráis inniúla sna Ballstáit Rialachán GRC a chur i bhfeidhm i ngníomhartha ar leith ar bhealach neamh-chomhsheashmhach agus éagsúil;

• Próiseas clárúcháin agus maoirseachta atá dian agus fadálach;

• Baol nach bhfaighidh na páirtithe cuí na dreasachtaí cuí agus nach mbeadh dóthain béime ar dhearcadh Comhphobail ag na maoirseoirí náisiúnta

Mar a léiríodh sa mheasúnú iarmharta, leigheasfaí nó d'fheabhasófaí go mór na fadhbanna sin dá dtabharfaí ceannas don ESMA as na GRCanna a chlárú agus a mhaoirsiú.

1.5.3 Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

Is é seo an chéad uair a tugadh cumhachtaí maoirseachta díreacha ar institiúidí airgeadais d'Údarás Eorpach Maoirseachta.

1.5.4 Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

Tá an togra seo ag teacht leis an dréacht-Rialachán lena mbunaítear Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (COIM (2009) 503) an 23.9.2009.

1.6. Fad agus tionchar airgeadais

( Togra/tionscnamh d'fad neamhtheoranta

1. 7. Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe[22]

( Bainistiú láraithe ag an gCoimisiún go díreach

( Bainistiú láraithe indíreach trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

( gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[23]

( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

( daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhartha ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

( Bainistiú comhpháirteach leis na Ballstáit

( Bainistiú díláraithe le tríú tíortha

( Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1. Rialacha monatóireachta agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

Foráiltear le hAirteagal 66 den dréacht-Rialachán lena mbunaítear Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí go ndéanfar meastóireacht ar an taithí a fuarthas mar thoradh ar obair an Údaráis laistigh de thrí bliana ón dáta a chuirtear tús le hobair an Údaráis, agus d'áireofaí freisin measúnú ar chumhachtaí maoirseachta díreacha an ESMA ar GRCanna. Chun na críche sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta a chuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

2.2. Córas bainistíochta agus rialúcháin

2.2.1 An riosca/na rioscaí a aithníodh

Rinneadh measúnú iarmharta a bhaineann leis an togra seo ar na leasuithe ar an Rialachán maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus aithníodh na costais agus na sochair a bhaineann le roghanna éagsúla beartais a thabharfadh aghaidh ar na fadhbanna atá tugtha faoi deara.

Cuireadh an baol a bhaineann le gníomhaíochtaí an ESMA a mhaoiniú le táillí tionscail sa chéad bhliain d'obair an Údaráis (2011) as an áireamh trí fhoráil a dhéanamh do mhaoiniú ó bhuiséad an Chomhphobail/ ó Bhallstáit mar a fhoráiltear dó i Rialachán ESMA (cóimheas 40/60).

2.2.2 Modh(anna) rialúcháin atá beartaithe

Beidh feidhm maidir le maoirseacht ar na GRCanna freisin ag córais bhainistíochta agus rialúcháin mar a fhoráiltear dóibh i ndréacht-Rialachán ESMA.

Is é an Coimisiún a chinnfidh an tsraith dheireanach táscairí chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí i réimse na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa tráth a ndéanfar an chéad mheastóireacht is gá. I gcás an mheasúnaithe dheireanaigh, beidh an tábhacht chéanna leis na táscairí cainníochtúla is atá leis an bhfianaise cháilíochtúil a bailíodh le linn an chomhairliúcháin. Déanfar meastóireacht nua gach trí bliana.

2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Ar mhaithe le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian maidir leis an ESMA ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna gcur i gcrích ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Aontóidh an tÚdarás do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach, maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach bonn maidir le foireann uile an Údaráis.

Leagfar amach go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus sna comhaontuithe agus sna hionstraimí cur chun feidhme a dtig astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, ar thairbhithe airgid atá íoctha amach ag an Údarás agus ar chomhaltaí foirne atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1. Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantuil agus an líne/na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

- Línte buiséid don chaiteachas reatha

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil | Líne buiséid | Saghas caiteachais | Ranníocaíocht |

Uimhir 1A…… Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta | LD /LN ([24]) | ó thíortha an CSTE[25] | ó thíortha is iarrthóirí[26] | ó thríú tíortha | de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais |

12.0404.01. ESMA – Fóirdheontas faoi Theideal 1 agus faoi Theideal 2 (Caiteachas foirne agus riaracháin) | Difreáilte | TÁ | NÍL | NÍL | NÍL |

12.0404.02 ESMA – Fóirdheontas faoi Theideal 3 (Caiteachas oibriúcháin) | Difreáilte | TÁ | NÍL | NÍL | NÍL |

3.2. An tionchar a mheastar ar chaiteachas

3.2.1 Achoimre ar an tionchar a mheastar ar chaiteachas

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: | 1A | Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta |

DG: MARKT | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | IOMLÁN |

( Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí |

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

3.2.3.2 Riachtanais a mheastar in acmhainní daonna

Éilíonn an togra/an tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéid)

Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 |

( Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) |

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) | 4 | 4 | 4 |

( Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) |

IOMLÁN | 4 | 4 | 4 |

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh

Oifigigh agus foireann shealadach | Cinntí faoi fhíneáil agus cinntí faoi thráthíocaíochtaí pionóis a ghearrtar ar GRCanna ar thogra ón ESMA a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 agus Airteagal 36a den togra, lena n-áirítear a bhfiosrúcháin féin, éisteacht na GRCanna agus daoine lena mbaineann, freagairt ar iarratais ar rochtain ar chomhaid, cinntí faoi fhíneáil agus faoi thráthíocaíochtaí pionóis a chosaint os comhair na gCúirteanna agus fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionóis a bhailiú. Ath-imlonnófar na 4 phost taobh istigh de DG MARKT in 2011. I bhfianaise na srianta buiséadacha a bhaineann le tiomantas reatha an Choimisiúin gan poist nua a iarraidh go dtí 2013, sásófar na riachtanais acmhainní daonna le foireann ón DG a bhfuil bainistiú na gníomhaíochta faoina gcúram agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun na bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Ath-imlonnófar post amháin, ar a laghad, ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís bhainistíochta (ath-imlonnú inmheánach) |

- 3.2.4 Comhoiriúnacht leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha

( Tá an togra/an tioscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

( Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

Gníomhaíocht nua de chuid an Choimisiúin

( Éilíonn an togra/an tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

3.2.5 Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Déantar foráil sa togra/tionscnamh don chómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasaí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Iomlán |

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe | 60% de na riachtanais iomlána ó na Ballstáit, trí Mhaoirseoirí Náisiúnta AE (meicníocht mhaoinithe chaighdeánaithe ESMA atá beartaithe) | Níl aon chómhaoiniú. Maoirsiú an GRC maoinithe go hiomlán trí tháillí |

IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe | 1,501 | 0 | 0 | 1,501 |

3.3. An tionchar a mheastar ar ioncam

( Tá impleachtaí airgeadais ag an togra ar ioncam. I gcomhréir leis an togra, féadfaidh an Coimisiún fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionóis a fhorchur i leith GRCanna (féach Airteagail 36, 36a). Is deacair méid na bhfíneálacha agus na dtráthíocaíochtaí pionóis a fhéadfaidh an Coimisiún a fhorchur i leith GRCanna a thuar mar go mbraitheann sé, i measc rudaí eile, ar an tslí ina gcomhlíonfaidh na GRCanna an Rialachán amach anseo.

IARSCRÍBHINN a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach sa Togra le haghaidh Rialacháin lena leasaítear Rialachán Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

An mhodheolaíocht a úsáidfear agus na príom h-bhoinn tuisceana bhunúsacha

Meastar na costais a bhaineann leis na GRCanna a bheith á maoirsiú go díreach ag an ESMA i gcomhréir le trí chatagóir: na costais foirne, na costais bhonneagair agus na costais oibriúcháin, i gcomhréir leis an aicmiú i ndréachtbhuiséad ginearálta an ESMA (féach an ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear an ESMA an 23.9.2009 COIM(2009) 503).

De réir mheastacháin reatha rúnaíocht an CESR agus mheastacháin an Choimisiúin féin beidh gá ag gníomhaíocht faireachais an CRA le 12 bhall foirne nua (6 ghníomhaire shealadacha agus 6 shaineolaí náisiúnta ar iasacht) mar aon leis an 3 bhall foirne atá ag obair faoi láthair ar GRCanna sa CESR agus atá clúdaithe faoin dréachtbhuiséad don ESMA dá bhforáiltear cheana i ndréacht-Rialachán ESMA.

Léiríonn an gá atá ann le méadú ar líon na foirne na cúraimí nua a bhaineann leis na GRCanna a mhaoirsiú go díreach agus a mbeidh ar an údarás a dhéanamh sa bhreis ar na freagrachtaí a bhí air roimhe seo i réimse na GRCanna (e.g. ag tabhairt comhairle don Choimisiún, ag forbairt treoirlínte agus caighdeáin theicniúla cheangailteacha, comhar a éascú idir na húdaráis inniúla náisiúnta, idirghabháil).

Tá na cúraimí nua sin leagtha amach sa Rialachán atá beartaithe agus tá breis mionsonraí ina leith tugtha sa mheabhrán míniúcháin (4.3.3. agus 4.3.4.). Áirítear ar na cúraimí sin, gan a bheith teoranta dóibh, na GRCanna atá lonnaithe sa Chomhphobal a chlárú, GRCanna beaga atá lonnaithe i dtríú tíortha a dheimhniú, maoirseacht laethúil ar na GRCanna cláraithe, teagmháil rialta le lucht bainistíochta/foireann na n-eintiteas atá faoi mhaoirsiú, comhar le maoirseoirí i dtríú tíortha maidir le GRCanna i dtríú tíortha, ceisteanna, gearáin nó iarratais ó údaráis inniúla náisiúnta, GRCanna nó infheisteoirí a fhreagairt, monatóireacht ar an tslí ina gcomhlíonann na GRCanna na ceanglais atá leagtha amach i Rialachán GRC, faisnéis a iarraidh ó GRCanna nó ó dhaoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí rátála, iniúchtaí ar an láthair, taifid a scrúdú agus éisteacht a thabhairt do dhaoine maidir le sáruithe líomhnaithe ar an Rialachán. Beidh sé de chumhacht freisin ag an ESMA an clárú a tharraingt siar agus bearta maoirseachta eile a dhéanamh mar a liostaítear in Airteagal 24 den Rialachán agus a iarraidh ar an gCoimisiún fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionóis a fhorchur i leith GRCanna atá ag sárú an Rialacháin, agus fianaise maidir leis an sárú a thabhairt, mar aon le méid na fíneála nó na tráthíocaíochta pionóis a mholadh.

De réir na faisnéise atá againn go dtí seo, cuirfidh timpeall 50 GRC isteach ar chlárúchán agus, a luaithe is a bheidh siad cláraithe, beidh ar an ESMA iad a mhaoirsiú. Má chuirtear san áireamh líon na GRCanna le maoirsiú, líon, cineál agus castacht na gcúraimí a bheidh le comhall ag an ESMA agus roinnt treoracha ginearálta faoi líon na mball foirne a mheasann na húdaráis inniúla náisiúnta a bheidh le clárú agus le maoirsiú faoin gcreat reatha, is iomchuí gur 12 phost breise a bheidh ann sa CESR.

Tá miondealú mionsonraithe ar an líon foirne a mheastar de réir catagóirí éagsúla le feiceáil i dTábla 3.

Cuirtear san áireamh freisin an tiochar a bheidh ag Páras mar cheannceathrú ESMA tríd an gcomhéifeacht choigeartaithe chuí i leith costais mhaireachtála i bPáras a chur i bhfeidhm.

Braitheann an forás ar na costais foirne sna blianta atá le teacht, i measc rudaí eile, ar líon na n-eintiteas faoi mhaoirsiú, ach ón dearcadh atá ann faoi láthair ní bheimis ag súil le hathruithe suntasacha.

Tá na figiúirí faoi Theideal 2 a bhaineann leis an gcostas bonneagair bunaithe ar ionchur ó mheastacháin an CESR agus an Choimisiúin. Sholáthair an CESR meastacháin ar chostais sa chatagóir sin, bunaithe ar eachtarshuíomh ó na fíorchostais a bhaineann le hoifigí a reáchtáil agus le riarachán sna háiteanna ina bhfuil siad faoi láthair. Ós rud é go bhfuil Páras ar cheann de na suíomhanna gnó is costasaí san Eoraip, sáraíonn na costais mheasta, ar ndóigh, na meánleibhéil do ghníomhaireachtaí rialála an AE. Beidh tábhacht ag baint leis an gcostas ar aistriúcháin de na clárúcháin agus de na cinntí eile, óir beidh córas teanga an AE i bhfeidhm go hiomlán maidir leis an ESMA.

Beidh costais nua oibriúcháin a bhaineann le GRCanna a mhaoirsiú go díreach i gceist maidir le bailiú faisnéise. Folaíonn sé sin bunachar sonraí nua a oibreofar chun GRCanna a mhaoirsiú go díreach. Ina theannta sin, beidh gá ag ESMA le hacmhainní nua don chumhacht nua a thugtar dó maidir le hiniúchtaí a dhéanamh ar an láthair.

Tá na modhanna chun buiséad an ESMA a ríomh le feiceáil i dTábla 2.

I gcomhréir le hAirteagal 48 (1) (c) de Rialachán ESMA, d'fhéadfadh aon táillí a íoctar leis an Údarás sna cásanna atá sonraithe sa reachtaíocht ábhartha a bheith ar áireamh in ioncam an ESMA. Foráiltear le hAirteagal 19 den togra go mbeidh an méid a chaitheann an ESMA ar chlárú agus ar mhaoirsiú na GRCanna i gcomhréir leis an Rialachán clúdaithe go hiomlán ag na táillí a ghearrtar ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. De bhun Airteagal 19(2), beidh na cineálacha táillí, na hábhair dá bhfuil táillí dlite agus méid na dtáillí cinntithe i ngníomh tarmligthe ón gCoimisiún a ghlacfar le linn 2011 agus ba cheart don ghníomh tarmligthe sin teacht i bhfeidhm ag tús na bliana 2012. San idirbhliain 2011, ba cheart do na Ballstáit agus an Comhphobal na hacmahinní is gá chun na GRCanna a mhaoirsiú go díreach a thabhairt ar airleacan i gcomhréir leis an gcóimheas atá réamhthuartha i ndréacht-Rialachán ESMA (40 % ranníocaíochtaí Comhphobail agus 60 % ranníocaíochtaí Ballstát). Déanfar an costas a bhaineann leis an maoirsiú sin in 2011 a éileamh ar ais ó thionscal na GRCanna a luaithe a thiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm.

Tábla 1: Buiséad réamh-mheasta don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a bhaineann leis na GRCanna a mhaoirsiú go díreach

Sna mílte €

2011 | 2012 | 2013 |

Teideal 1 - Costais foirne | 1574,8 | 1574,8 | 1574,8 |

Foireann shinsearach nó foireann shaineolach: |

Gníomhairí sealadacha | 847,8 | 847,8 | 847,8 |

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht | 507 | 507 | 507 |

Foireann riaracháin agus foireann tacaíochta eile: |

Sochair foirne | 203,2 | 203,2 | 203,2 |

Oiliúint foirne: ginearálta | 7,2 | 7,2 | 7,2 |

Caiteachas a bhaineann le hearcaíocht foirne | 9,6 | 9,6 | 9,6 |

Teideal 2 - Caiteachas a bhaineann le foirgnimh, le trealamh agus le riarachán | 628 | 628 | 628 |

Foirgnimh a fháil ar cíos agus costais ghaolmhara | 216 | 216 | 216 |

Teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide | 72 | 72 | 72 |

Maoin shochorraithe agus costais ghaolmhara | 12 | 12 | 12 |

Caiteachas riaracháin reatha | 12 | 12 | 12 |

Postas/Teileachumarsáid | 36 | 36 | 36 |

Costais chruinnithe/Costais taistil | 180 | 180 | 180 |

Aistriúchán | 100 | 100 | 100 |

Teideal 3 – Oibríochtaí | 300 | 300 | 300 |

Faisnéis a bhailiú: forbairt | 150 | 150 | 150 |

Iniúchtaí ar an láthair | 150 | 150 | 150 |

IOMLÁN | 2502,8 | 2502,8 | 2502,8 |

Mar atá Ranníocaíocht Chomhphobail | 1001,12 | 0 | 0 |

Mar atá Ranníocaíocht na mBallstát (údaráis mhaoirseachta náisiúnta nó aireachtaí airgeadais) | 1501,68 | 0 | 0 |

Táillí agus tobhaigh ó thionscal GRC | 0 | 2502,8 | 2502,8 |

Foinse: An Coimisiún agus meastacháin agus ríomhanna an CESR

Tábla 2: An buiséad atá réamh-mheasta don ESMA maidir leis na GRCanna a mhaoirsiú go díreach sa chéad bhliain oibre (2011) lena n-áirítear toimhdí ríofa

Sna mílte €

Teideal 1 - Costais foirne | 1574,8 |

Foireann iomlán: | 12 | Meánchostas bliantúil in aghaidh an duine (bunaithe ar threoirlínte DG BUDG agus ar chomhairle na gcoistí Leibhéal 3L3) |

comhéifeacht choigeartaithe (i leith costais mhaireachtála) | Páras | 1,158 |

Gníomhairí sealadacha | 6 | 141,3 (122x1,158) | 847,8 |

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht | 6 | 84,5 (73x1,158) | 507 |

Sochair don fhoireann | 15% de na costais foirne iomlána | 203,2 |

Oiliúint foirne: ginearálta | Meánmhéid in aghaidh an duine (sonraí COIM) | 0,6 | 7,2 |

Caiteachas a bhaineann le hearcaíocht foirne | Cuirtear 3 iarrthóir faoi agallamh in aghaidh an phoist ar an meán | 0,8 | 9,6 |

Teideal 2 - Caiteachas a bhaineann le foirgnimh, le trealamh agus le riarachán | 628 |

Foirgnimh a fháil ar cíos agus costais ghaolmhara | Sonraí agus meastacháin an CESR | 18 | 216 |

Teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide | Sonraí agus meastacháin an CESR | 6 | 72 |

Maoin shochorraithe agus costais ghaolmhara | Sonraí agus meastacháin an CESR | 1 | 12 |

Caiteachas riaracháin reatha | Sonraí agus meastacháin an CESR | 1 | 12 |

Postas/Teileachumarsáid | Sonraí agus meastacháin an CESR | 3 | 36 |

Costais taistil agus chruinnithe | Sonraí agus meastacháin an CESR | 15 | 180 |

Aistriúchán | Meastacháin an Choimisiúin | 100 |

Teideal 3 – Oibríochtaí | 300 |

Faisnéis a bhailiú | Bunú agus oiriúnú na gcóras TF (córas nua agus bunachar chun na GRCanna a mhaoirsiú go díreach) | 150 |

Iniúchtaí ar an láthair | Meastachán an CESR | 150 |

IOMLÁN | 2502,8 |

Foinse: An Coimisiún agus meastacháin agus ríomhanna an CESR

Tábla 3: Plean bunaíochta (dréacht)

Grúpa feidhme agus grád |

2011 | 2012 | 2013 |

AD 16 |

AD 15 |

AD 14 |

AD 13 |

AD 12 |

AD 11 | 1 | 1 | 1 |

AD 10 | 1 | 1 | 1 |

AD 9 | 2 | 2 | 2 |

AD 8 | 1 | 1 | 1 |

AD 7 | 1 | 1 | 1 |

AD 6 |

AD 5 |

Iomlán AD | 6 | 6 | 6 |

Foinse: An Coimisiún[pic][pic][pic][pic][pic][pic]

[1] Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal " Driving European Recovery ", 4.3.2009, COIM(2009) 114 leagan deireanach.

[2] Is iad seo an Coiste Maoirseoirí Baincéireachta Eorpach (CEBS), an Coiste Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha (CEIOPS) agus Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha.

[3] Teachtaireacht ón gCoimisiun maidir le Maoirseacht Eorpach Airgeadais, 27.5.2009, COIM(2009) 252, leagan deireanach.

[4] Rialachán maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an xx Meán Fómhair 2009.

[5] An Chomhairle Eorpach an 18/19 Meitheamh 2009, conclúidí na hUachtaránachta, N.20.

[6] Airteagal 4(3) den Rialachán maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

[7] Airteagal 5 den Rialachán maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

[8] IO C , , lch.

[9] IO C , , lch.

[10] IO C , , lch.

[11] COIM(2009) 114 leagan deireanach.

[12] COIM(2009) 252 leagan deireanach.

[13] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

[14] IO L 228, 16.8.1973, lch. 3.

[15] IO L 345, 19.12.2002, lch. 1.

[16] IO L 323, 9.12.2005, lch. 1.

[17] IO L 25, 29.1.2009, lch. 23.

[18] IO L 25, 29.1.2009, lch. 28.

[19] IO L 191, 13.7.2001, lch. 45.

[20] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[21] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[22] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[23] Dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[24] LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte

[25] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[26] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ó na Balcáin Thiar.

[27] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir AE agus/nó gníomhaíochtaí (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.