31.3.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/38


COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 12/2009

a ghlac an Chomhairle an 9 Eanáir 2009

chun go nglacfaí Rialachán …/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le coinníollacha rochtana ar na líonraí tarchurtha gáis nádúrtha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(2009/C 75 E/03)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta síos a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is éard is aidhm don mhargadh inmheánach sa ghás, margadh atá á chur chun feidhme de réir a chéile ó 1999 ar aghaidh, rogha fhorleathan a sholáthar do thomhaltóirí uile an Chomhphobail, bídís ina saoránaigh nó ina ngnólachtaí, mar aon le deiseanna nua gnó agus breis trádála trasteorann, ionas go mbainfear amach breis éifeachtúlachta, praghsanna iomaíocha, caighdeáin seirbhíse níos airde, agus go rannchuideofar le slándáil an tsoláthair agus le hinbhuanaitheacht.

(2)

Le Treoir 2003/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (4) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2005 maidir le coinníollacha rochtana ar líonraí tarchurtha gáis nádúrtha (5), tá rannchuidithe suntasacha déanta maidir le margadh inmheánach den sórt sin a chruthú sa ghás nádúrtha.

(3)

Taispeánann an taithí a fuarthas maidir le cur chun feidhme na chéad sraithe Treoirlínte i leith dea-chleachtais agus an mhonatóireacht a rinneadh orthu, a ghlac an Fóram Eorpach um Rialúchán Gáis (Fóram Mhaidrid) in 2002, gur gá, d'fhonn cur chun feidhme iomlán na rialacha a leagtar amach sna treoirlínte sin sna Ballstáit uile a bhaint amach, agus d'fhonn ráthaíocht íosta ar choinníollacha rochtana ar an margadh le fírinne a chur ar fáil, foráil a dhéanamh go mbeadh na treoirlínte inchurtha i bhfeidhm go dlíthiúil.

(4)

Glacadh dara sraith comhrialacha dar teideal ‘an Dara sraith Treoirlínte le haghaidh Dea-chleachtais’ ag an gcruinniú d'Fhóram Mhaidrid an 24 agus an 25 Meán Fómhair 2003, agus is é cuspóir an Rialacháin seo prionsabail bhunúsacha agus rialacha a leagan síos, ar bhonn an dara sraith treoirlínte sin, maidir le seirbhísí rochtana ar líonraí agus seirbhísí rochtana triú páirtí, bainistiú ar phlódú, trédhearcacht, cothromú agus trádáil ceart maidir le hacmhainn.

(5)

Ceadaítear oibreoir comhcheangailte córas tarchurtha agus dáileacháin le Treoir 2009/…/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna i dtaca leis an margadh inmheánach i ngás nádúrtha (6). Dá réir sin, ní éilíonn na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo go ndéanfar modhnuithe ar eagrú na gcóras náisiúnta tarchurtha agus dáileacháin atá ag teacht le forálacha ábhartha Threoir 2009/…/CE.

(6)

Áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo píblínte ardbhrú a nascann dáileoirí áitiúla leis an líonra gáis, píblínte nach n-úsáidtear de ghnáth i gcomhthéacs an dáileacháin áitiúil.

(7)

Is gá na critéir a shonrú a gcinnfear na taraifí maidir le rochtain ar an líonra dá réir, chun a áirithiú go dtiocfaidh siad go hiomlán le prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus le riachtanais an mhargaidh inmheánaigh atá ag feidhmiú go maith agus chun go gcuirfear san áireamh ina iomláine an gá atá le sláine an chórais agus go léireofar na costais iarbhír a thabhaítear, a mhéid a fhreagraíonn na costais sin do chostais oibreora líonra atá éifeachtúil agus inchomparáide go struchtúrach agus a mhéid atá na costais trédhearcach, agus toradh iomchuí ar infheistíocht á áireamh ann, agus, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfear san áireamh tagarmharcáil na dtaraifí a dhéanfaidh na húdaráis rialúcháin.

(8)

Agus ríomh á dhéanamh ar tharaifí maidir le rochtain ar líonraí, tá sé tábhachtach go gcuirfear san áireamh na costais iarbhír a tabhaíodh, a mhéid a fhreagraíonn na costais sin do chostais oibreora líonra atá éifeachtúil agus inchomparáide go struchtúrach agus a mhéid atá na costais sin trédhearcach, chomh maith leis an ngá go gcuirfear ar fáil toradh iomchuí ar infheistíochtaí agus dreasachtaí chun bonneagar nua a thógáil. Chuige sin, agus go háirithe más ann do chomórtas éifeachtach píblíne go píblíne, beidh sé ábhartha go ndéanfaidh na húdaráis rialúcháin tagarmharcáil ar na taraifí.

(9)

Ní mór úsáid socruithe margadh-bhunaithe, amhail ceantanna, chun taraifí a chinneadh a bheith ag luí leis na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2009/…/CE.

(10)

Is gá tacar íosta chomhchoiteann seirbhísí rochtana tríú páirtí chun comhchaighdeán íosta rochtana a chur ar fáil dáiríre ar fud an Chomhphobail, chun a áirithiú go bhfuil na seirbhísí rochtana tríú páirtí ag luí le chéile go leordhóthanach agus chun na sochair a fhabhróidh ó mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha atá ag feidhmiú go maith a shaothrú.

(11)

Faoi láthair, tá constaicí ann chun gás a dhíol ar choinníollacha comhionanna, gan idirdhealú nó gan mhíbhuntáiste sa Chomhphobal. Go háirithe, níl rochtain neamh-idirdhealaitheach ar na líonraí ná leibhéal éifeachtach comhionann de mhaoirseacht rialúcháin ar fáil fós i ngach Ballstát.

(12)

Chuir an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2007 dar teideal ‘Beartas Fuinnimh le haghaidh na hEorpa’ béim ar an tábhacht atá leis an margadh inmheánach sa ghás nádúrtha a thabhairt chun críche agus margadh cothrom a chruthú do na gnóthais gáis nádúrtha go léir atá sa Chomhphobal. An Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2007 dar teideal ‘Ionchais an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus sa leictreachas’ agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Fiosrúchán de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ar earnálacha an gháis agus an leictreachais san Eoraip (Tuarascáil Chríochnaitheach)’, léiríodh iontu nach soláthraíonn na rialacha agus na bearta reatha an creat is gá chun cuspóir an mhargaigh inmheánaigh atá ag feidhmiú go maith a bhaint amach.

(13)

De bhreis ar an gcreat rialúcháin reatha a chur chun feidhme go críochnúil, ba cheart go ndéanfaí oiriúnú ar an gcreat rialúcháin don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 i gcomhréir leis na teachtaireachtaí sin.

(14)

Is gá, go háirithe, comhoibriú breise agus comhordú breise idir oibreoirí na gcóras tarchurtha d'fhonn a áirithiú go gcruthófar cóid líonra chun rochtain éifeachtach a chur ar fáil agus a bhainistiú ar na líonraí tarchurtha thar teorainneacha, agus a áirithiú go ndéanfar pleanáil chomhordaithe agus pleanáil a bhreathnaíonn ar aghaidh go leordhóthanach agus éabhlóid fhónta ar an gcóras tarchurtha sa Chomhphobal, agus aird chuí á tabhairt ar an gcomhshaol. Ba cheart do na cóid líonra bheith i gcomhréir leis na treoirlínte réime neamhcheangailteacha a d'fhorbair an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. …/2009 (6) ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Ghníomhaireacht’). Ba cheart go mbeadh ról ag an nGníomhaireacht agus na dréacht-chóid líonra á n-athbhreithniú, lena n-áirítear na treoirlínte réime neamhcheangailteacha a bheith á gcomhlíonadh acu, agus ba cheart go dtabharfaí de chumhacht di a mholadh go nglacfaidh an Coimisiún iad. Ba cheart don Ghníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar na modhnuithe a mholtar a dhéanamh ar na cóid líonra agus ba cheart go dtabharfaí de chumhacht di a mholadh go nglacfaidh an Coimisiún iad. Ba cheart d'oibreoirí na gcóras tarchurtha a gcuid líonraí a oibriú i gcomhréir leis na cóid líonra sin.

(15)

Chun an bhainistíocht is fearr is féidir a áirithiú ar an líonra tarchurtha gáis sa Chomhphobal, ba cheart go gcuirfí ar bun Líonra Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Ghás (‘an ENTSO don Ghás’). Ba cheart go gcuirfí cúraimí an ENTSO don Ghás i gcrích i gcomhlíonadh rialacha iomaíochta an Chomhphobail a leanann de bheith infheidhme maidir le cinntí an ENTSO don Ghás. Ba cheart go saineofaí cúraimí an ENTSO don Ghás agus go n-áiritheofaí lena mhodh oibre éifeachtúlacht, a chineál ionadaíoch agus trédhearcacht. Ní cheaptar na cóid líonra a d'ullmhaigh an ENTSO don Ghás chun ionad na gcód líonra náisiúnta atá riachtanach maidir le saincheisteanna nach saincheisteanna trasteorann a ghabháil. Ós rud é go bhféadfaí dul chun cinn níos éifeachtaí a dhéanamh trí chur chuige ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart d'oibreoirí na gcóras tarchurtha struchtúir réigiúnacha a bhunú laistigh den struchtúr iomlán comhair, agus iad ag áirithiú go bhfuil na torthaí ar an leibhéal réigiúnach comhoiriúnach leis na cóid agus leis na pleananna forbartha líonra 10 mbliana neamhcheangailteacha ar leibhéal an Chomhphobail. Tugann comhar laistigh de struchtúir réigiúnacha den sórt sin le tuiscint go ndéanfar gníomhaíochtaí líonraí a dhíchuachadh go héifeachtach ó ghníomhaíochtaí maidir le táirgeadh agus soláthar. Cheal díchuachadh den sórt sin, bíonn riosca iompair fhrithiomaíoch ann de thoradh ar an gcomhar réigiúnach idir oibreoirí na gcóras tarchurtha.

(16)

Is suim leis na rannpháirtithe uile sa mhargadh an obair a mbeifear ag súil léi ón ENTSO don Ghás. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go mbeadh próiseas comhairliúcháin éifeachtach ann agus go mbeadh ról tábhachtach ag struchtúir atá ann cheana agus a cuireadh ar bun chun an próiseas comhairliúcháin a éascú agus a shruthlíniú, amhail Comhlachas na hEorpa um Athchóiriú chun Éifeachta na Malartuithe Fuinneamh, na rialtóirí náisiúnta nó an Ghníomhaireacht.

(17)

Chun iomaíocht a fheabhsú trí mhargaí mórdhíola leachtacha sa ghás, tá sé ríthábhachtach go bhféadfaí an gás a thrádáil go neamhspleách ón suíomh atá aige sa chóras. An t-aon slí chun é seo a dhéanamh is ea trí shaoirse a thabhairt d'úsáideoirí an líonra acmhainn iontrála sa chóras agus acmhainn scoir as an gcóras a chur in áirithe o neamhspleách ar a chéile, agus sa chaoi sin iompar gáis a chruthú trí chriosanna seachas trí chonairí conarthacha. Thug formhór na ngeallsealbhóirí le fios cheana ag 6ú Fóram Mhaidrid an 30 agus an 31 Deireadh Fómhair 2002 gurbh é ba rogha leo córais iontrála -scoir chun forbairt iomaíochta a éascú. Níor cheart go mbeadh taraifí spleách ar an mbealach iompair; mar sin níor cheart go mbeadh baint ag an taraif a socraíodh le haghaidh pointe iontrála amháin nó níos mó leis an taraif a socraíodh le haghaidh pointe scoir amháin nó níos mó, agus vice versa.

(18)

Ní chiallaíonn tagairtí do chonarthaí comhchuibhithe iompair i gcomhthéacs na rochtana neamh-idirdhealaithe ar líonra oibreoirí na gcóras tarchurtha gur gá gurb ionann téarmaí agus coinníollacha na gconarthaí iompair de chuid oibreora córais ar leith i mBallstát amháin agus téarmaí agus coinníollacha oibreora eile córais sa Bhallstát sin nó i mBallstát eile, mura leagtar síos ceanglais íosta a gcaithfidh na conarthaí iompair uile iad a chomhlíonadh.

(19)

Tá plódú suntasach conarthach sna líonraí gáis. Tá na prionsabail a bhaineann le bainistiú ar phlódú agus leithdháileadh maidir le hacmhainn i gcomhair conarthaí nua nó conarthaí a aontaíodh as an nua bunaithe, dá réir sin, ar acmhainn nach bhfuil in úsáid a scaoileadh trí chead a thabhairt d'úsáideoirí an líonra an acmhainn chonraithe atá acu a fholigean nó a athdhíol agus ar an dualgas atá ar oibreoirí na gcóras tarchurtha an acmhainn nach bhfuil in úsáid acu a thairiscint don mhargadh, ar bhonn lá roimh ré agus ar bhonn in-idirbhriste ar a laghad. I bhfianaise an méid mór conarthaí reatha agus i bhfianaise an ghá atá le cothromaíocht dháiríre a chruthú idir úsáideoirí na hacmhainne nua agus na hacmhainne atá ann cheana, ba cheart na prionsabail sin a chur i bhfeidhm maidir leis an acmhainn chonraithe go léir, lena n-áirítear na conarthaí atá ann cheana.

(20)

Cé gurb annamh plódú fisiceach na líonraí a bheith ina fhadhb sa Chomhphobal, faoi láthair, d'fhéadfadh sé a bheith ina fhadhb amach anseo. Tá sé tábhachtach, dá réir sin, an bunphrionsabal a chur ar fáil maidir le hacmhainn phlódaithe a leithdháileadh in imthosca den sórt sin.

(21)

Tá sé tugtha le fios sa mhonatóireacht a rinne na húdaráis náisiúnta rialúcháin agus an Coimisiún ar an margadh le blianta beaga anuas nach leor na ceanglais trédhearcachta reatha agus na rialacha reatha maidir le rochtain ar bhonneagar.

(22)

Tá gá le rochtain chomhionann ar fhaisnéis a bhaineann le stádas fisiceach an chórais, ionas go bhféadfadh na rannpháirtithe uile sa mhargadh measúnú a dhéanamh ar staid fhoriomlán an éilimh agus an tsoláthair agus na cúiseanna atá le gluaiseachtaí sa phraghas mórdhíola a shainaithint. Áirítear leis sin faisnéis níos beaichte maidir le soláthar agus éileamh, acmhainn an líonra, sreafaí agus cothabháil, comhardú agus infhaighteacht agus úsáid stórála. I ngeall ar an tábhacht a bhaineann leis an bhfaisnéis sin d'fheidhmiú an mhargaidh, is gá maolú ar na srianta atá ann cheana ar fhoilsiú ar chúinsí rúndachta.

(23)

Maidir le ceanglais rúndachta i leith faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála, tá siad ábhartha go háirithe nuair a bhaineann siad le sonraí atá de chineál straitéiseach ó thaobh tráchtála don chuideachta lena mbaineann, i gcás nach bhfuil ach úsáideoir aonair amháin ann d'áis stórála, nó i gcás ina mbaineann sonraí le pointí scoir laistigh de chóras nó d'fhochóras nach bhfuil nasctha le córas tarchurtha ná dáileacháin eile ach atá nasctha le custaiméir críochnaitheach tráchtála aonair, i gcás ina nochtfadh foilsiú sonraí den sórt sin faisnéis rúnda maidir le próiseas táirgthe an chustaiméara sin.

(24)

D'fhonn muinín sa mhargadh a fheabhsú, ní foláir do na rannpháirtithe a bheith cinnte go bhféadfar iad sin a ghabhann d'iompar mí-úsáideach a chur faoi réir pionós. Ba cheart go gcuirfí ar chumas na n-údarás inniúil líomhaintí maidir le mí-úsáid an mhargaidh a fhiosrú go héifeachtach. Is gá, dá bhrí sin, go mbeadh rochtain ag na húdaráis inniúla ar shonraí a thabharfadh faisnéis maidir le cinntí oibríochtúla a dhéanfaidh na gnóthais soláthair. I gcás an mhargaidh gháis, cuirtear na cinntí sin go léir in iúl d'oibreoirí na gcóras i bhfoirm áirithintí acmhainne, ainmniúchán agus sreafaí a réadaíodh. Ba cheart d'oibreoirí na gcóras an fhaisnéis sin a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla i gcomhair tréimhse ama áirithe.

(25)

Ní leor an rochtain ar shaoráidí stórála gáis ná ar shaoráidí gáis nádúrtha leachtaithe (‘GNL’), agus is gá, dá bhrí sin, na rialacha ábhartha a fheabhsú. Is é an tátal a baineadh as monatóireacht Ghrúpa Rialtóirí na hEorpa um Leictreachas agus Ghás nach gcuirtear i bhfeidhm go leordhóthanach na treoirlínte deonacha maidir le cleachtas rochtana tríú páirtí le haghaidh oibreoirí na gcóras stórála, agus ar chomhaontaigh na geallsealbhóirí go léir ag Fóram Mhaidrid orthu, agus nach mór, dá bhrí sin, na treoirlínte sin a bheith ceangailteach.

(26)

Is meicníochtaí tábhachtacha iad córais chomhardúcháin neamh-idirdhealaithe trédhearcacha a oibríonn oibreoirí na gcóras tarchurtha, go háirithe maidir le hiontrálaithe nua ar an margadh a bhféadfadh níos mó deacrachta a bheith acu a bpunann díolacháin a chomhardú ná cuideachtaí atá bunaithe cheana laistigh den mhargadh ábhartha. Is gá dá bhrí sin rialacha a leagan síos chun a áirithiú go n-oibreoidh oibreoirí na gcóras tarchurtha meicníochtaí den sórt sin ar dhóigh a luífeadh le coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha agus éifeachtacha rochtana ar an líonra.

(27)

Is cuid thábhachtach de mhargadh iomaíoch a fhorbairt agus de leachtacht a chruthú cearta acmhainne príomhúla a thrádáil. Ba cheart don Rialachán seo, dá bhrí sin, bunrialacha a leagan síos maidir le trádáil den sórt sin.

(28)

Ba cheart d'údaráis rialúcháin náisiúnta a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha atá sa Rialachán seo agus sna treoirlínte a ghlacfar dá bhun.

(29)

Sna treoirlínte atá i gceangal leis an Rialachán seo, déantar rialacha cur chun feidhme mionsonraithe sonracha a shainiú ar bhonn an dara sraith Treoirlínte le haghaidh Dea-Chleachtais thuasluaite. I gcás inarb iomchuí, tiocfaidh éabhlóid ar na rialacha sin le himeacht ama, agus na difríochtaí idir na córais náisiúnta gáis á gcur san áireamh.

(30)

Agus leasú na dtreoirlínte atá san Iarscríbhinn atá i gceangal leis an Rialachán seo á bheartú aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go rachfaí i gcomhairle roimh ré leis na páirtithe ábhartha uile a bhfuil baint acu leis na treoirlínte, arb iad na heagraíochtaí gairmiúla a n-ionadaithe, agus leis na Ballstáit faoi chuimsiú Fhóram Mhaidrid.

(31)

Ba cheart go mbeadh sé de cheangal ar na Ballstáit agus ar na húdaráis inniúla náisiúnta faisnéis ábhartha a chur ar fáil don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún plé leis an bhfaisnéis sin ar bhonn rúndachta.

(32)

Beidh an Rialachán seo agus na treoirlínte a ghlacfar i gcomhréir leis gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta an Chomhphobail.

(33)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7).

(34)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na treoirlínte a bheidh riachtanach a bhunú nó a ghlacadh chun an chéim is íosta comhchuibhithe is gá a chur ar fáil chun aidhmeanna an Rialacháin seo a bhaint amach. Ós rud é go mbeidh raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go gceapfar iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha cothroma a chur ar bun maidir le coinníollacha rochtana ar chórais tarchurtha gáis nádúrtha, ar shaoráidí stórála agus ar shaoráidí GNL, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, de réir phrionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(36)

I bhfianaise raon feidhme na leasuithe atá á ndéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005, tá sé inmhianaithe, ar mhaithe le soiléireacht agus le cuíchóiriú, go ndéanfaí na forálacha i dtrácht a athmhúnlú trína dtabhairt le chéile in aon téacs amháin i Rialachán nua,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Is éard is aidhm don Rialachán seo:

(a)

rialacha neamh-idirdhealaitheacha maidir le coinníollacha rochtana ar chórais tarchurtha gáis nádúrtha a shocrú, agus saintréithe speisialta na margaí náisiúnta agus na margaí réigiúnacha á gcur san áireamh, d'fhonn feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh sa ghás a áirithiú;

(b)

rialacha neamh-idirdhealaitheacha maidir le coinníollacha rochtana ar shaoráidí GNL agus ar shaoráidí stórála a shocrú, agus saintréithe speisialta na margaí náisiúnta agus na margaí réigiúnacha á gcur san áireamh; agus

(c)

éascú a dhéanamh ar theacht chun cinn margaidh mhórdhíola atá ag feidhmiú go maith agus atá trédhearcach ina bhfuil ardleibhéal slándála soláthair sa ghás. Cuirtear meicníochtaí ar fáil leis chun na rialacha maidir le malartuithe trasteorann sa ghás a chomhchuibhiú.

Áireofar sna cuspóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo prionsabail chomhchuibhithe a shocrú i gcomhair taraifí, nó le haghaidh na modheolaíochtaí is bun lena ríomh, le haghaidh rochtain ar an líonra, ach ní ar saoráidí stórála, seirbhísí rochtana a bhunú do thríú páirtithe agus prionsabail chomhchuibhithe a bhaineann le leithdháileadh acmhainne agus bainistiú ar phlódú, ceanglais trédhearcachta, rialacha comhardúcháin agus muirir i leith éagothroime a chinneadh agus trádáil in acmhainn a éascú.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, seachas ag Airteagal 19(4), ach amháin maidir le saoráidí stórála a thagann faoi Airteagal 32(3) nó (4) de Threoir 2009/…/CE.

Féadfaidh na Ballstáit eintiteas nó comhlacht a chur ar bun i gcomhréir le Treoir 2009/…/CE chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a leagtar de ghnáth ar an oibreoir córais tarchurtha a chur i gcrích agus beidh an t-eintiteas nó an comhlacht sin faoi réir cheanglais an Rialacháin seo. Beidh an t-eintiteas nó an comhlacht sin faoi réir deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo agus beidh sé faoi réir ceapacháin i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2009/…/CE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críoch an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘tarchur’ gás nádúrtha a iompar trí líonra, arb é atá ann don chuid is mó píblínte ardbhrú, seachas líonra réamhtheachtach píblínte agus seachas an chuid de na píblínte ardbhrú a úsáidtear go príomha i gcomhthéacs an dáileacháin áitiúil ar ghás nádúrtha d'fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí, ach gan soláthar a áireamh ann;

(2)

ciallaíonn ‘conradh iompair’ conradh a chuir an t-oibreoir córais tarchurtha i gcrích le húsáideoir líonra d'fhonn tarchur a chur i gcrích;

(3)

ciallaíonn ‘acmhainn’ an sreabhadh uasta, arna shloinneadh i méadair chiúbacha in aghaidh an aonaid ama nó in aonad fuinnimh in aghaidh an aonaid ama, a bhfuil úsáideoir an líonra i dteideal é a bheith aige i gcomhréir le forálacha an chonartha iompair;

(4)

ciallaíonn ‘acmhainn neamhúsáidte’ acmhainn dhocht a fuair úsáideoir líonra faoi chonradh iompair ach nár ainmnigh an t-úsáideoir roimh an spriocdháta a sonraíodh sa chonradh;

(5)

ciallaíonn ‘bainistiú ar phlódú’ bainistiú phunann acmhainne an oibreora córais tarchurtha d'fhonn an úsáid optamach agus an úsáid uasta a bhaint as an acmhainn theicniúil agus brath tráthúil a dhéanamh ar an bplódú agus ar na pointí sáithiúcháin amach anseo;

(6)

ciallaíonn ‘margadh tánaisteach’ margadh na hacmhainne a ndéantar trádáil uirthi seachas ar an mbunmhargadh;

(7)

ciallaíonn ‘ainmniúchán’ an tuairisciú roimh ré a dhéanann úsáideoir an líonra chuig an oibreoir córais tarchurtha maidir leis an sreabhadh iarbhír ar mian le húsáideoir an líonra a instealladh isteach sa chóras nó a bhaint uaidh;

(8)

ciallaíonn ‘ath-ainmniúchán’ an tuairisciú ina dhiaidh sin ar ainmniúchán ceartaithe;

(9)

ciallaíonn ‘sláine córais’ aon staid maidir le líonra tarchurtha, lena n-áirítear na saoráidí tarchurtha riachtanacha ina bhfanann brú agus cáilíocht an gháis nádúrtha laistigh de na teorainneacha íosta agus uasta a leag an t-oibreoir córais tarchurtha síos, ionas go ndéantar ráthú ar tharchur an gháis nádúrtha ón taobh teicniúil;

(10)

ciallaíonn ‘tréimhse chothromúcháin’ an tréimhse inar gá do gach úsáideoir líonra aistarraingt méid gáis nádúrtha, arna shloinneadh in aonaid fuinnimh, a fhritháireamh tríd an oiread céanna gáis nádúrtha a instealladh sa líonra tarchurtha i gcomhréir leis an gconradh iompair nó leis an gcód líonra;

(11)

ciallaíonn ‘úsáideoir líonra’ custaiméir nó custaiméir ionchasach de chuid oibreora córais tarchurtha, agus oibreoirí na gcóras tarchurtha iad féin, a mhéid is gá dóibh a gcuid feidhmeanna a chur i gcrích maidir leis an tarchur;

(12)

ciallaíonn ‘seirbhísí in-idirbhriste’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchurtha i dtaca le hacmhainn in-idirbhriste;

(13)

ciallaíonn ‘acmhainn in-idirbhriste’ acmhainn tarchurtha gáis a fhéadfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha a idirbhriseadh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chonradh iompair;

(14)

ciallaíonn ‘seirbhísí fadtéarmacha’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchurtha ar bliain amháin nó níos faide a ré;

(15)

ciallaíonn ‘seirbhísí gearrthéarmacha’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchurtha ar giorra a ré ná bliain amháin;

(16)

ciallaíonn ‘acmhainn dhocht’ acmhainn tarchurtha gáis a ráthaíonn an t-oibreoir córais tarchurtha a bheith do-idirbhriste;

(17)

ciallaíonn ‘seirbhísí dochta’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchurtha i dtaca le hacmhainn dhocht;

(18)

ciallaíonn ‘acmhainn theicniúil’ an acmhainn dhocht uasta gur féidir leis an oibreoir córais tarchurtha a thairscint do na húsáideoirí líonra, agus sláine an chórais agus ceanglais an líonra tarchurtha á gcur san áireamh;

(19)

ciallaíonn ‘acmhainn chonraithe’ an acmhainn a leithdháil an t-oibreoir córais tarchurtha d'úsáideoir líonra trí bhíthin chonartha iompair;

(20)

ciallaíonn ‘acmhainn atá ar fáil’ an chuid den acmhainn theicniúil nach bhfuil leithdháilte agus atá ar fáil ag an gcóras ag an nóiméad sin;

(21)

ciallaíonn ‘plódú conarthach’ staid inar mó leibhéal na hacmhainne doichte ná an acmhainn theicniúil;

(22)

ciallaíonn ‘bunmhargadh’ margadh na hacmhainne a dhéanann an t-oibreoir córais tarchurtha a thrádáil go díreach;

(23)

ciallaíonn ‘plódú fisiceach’ staid inar mó leibhéal an éilimh do sheachadtaí iarbhír ná an acmhainn theicniúil tráth éigin;

(24)

ciallaíonn ‘acmhainn saoráide GNL’ acmhainn a bheadh ag críochfort GNL do leachtú gáis nádúrtha nó d'allmhairiú, do dhí-ualú, do sheirbhísí coimhdeacha, do stóráil shealadach agus d'athghású GNL;

(25)

ciallaíonn ‘spás’ an méid gáis atá úsáideoir saoráide stórála i dteideal a úsáid chun gás a stóráil;

(26)

ciallaíonn ‘inseachadacht’ an ráta ag a bhfuil úsáideoir na saoráide stórála i dteideal gás a aistarraingt as an tsaoráid stórála;

(27)

ciallaíonn ‘in-instealltacht’ an ráta ag a bhfuil úsáideoir na saoráide stórála i dteideal gás a instealladh sa tsaoráid stórála;

(28)

ciallaíonn ‘acmhainn stórála’ aon teaglaim spáis, in-instealltachta agus inseachadachta.

2.   Gan dochar do na sainmhínithe atá i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe atá in Airteagal 2 de Threoir 2009/…/CE agus atá ábhartha do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cé is moite den sainmhíniú a dhéantar ar tharchur i bpointe 3 den Airteagal sin.

Beidh feidhm de réir analaí ag na sainmhínithe i dtaca le tarchur a thugtar i bpointí 3 go 23 de mhír 1 den Airteagal seo maidir le stóráil agus saoráidí GNL.

Airteagal 3

Deimhniú ar oibreoirí na gcóras tarchurtha

1.   Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar aon fhógra i dtaca le cinneadh maidir le hoibreoir córais tarchurtha a dheimhniú faoi mar a leagtar síos é in Airteagal 10(6) agus 11(4) de Threoir 2009/…/CE, a luaithe a fhaightear é. Laistigh de dhá mhí ón lá a bhfaighfear an fógra sin, tabharfaidh an Coimisiún a thuairim uaidh chuig an údarás rialúcháin náisiúnta ábhartha maidir lena chomhchuibheas le hAirteagal 10(2) nó le hAirteagal 11, agus le hAirteagal 9(1) de Threoir 2009/…/CE.

Agus an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír á hullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht a tuairim a thabhairt maidir le cinneadh an údaráis rialúcháin náisiúnta. I gcás den sórt sin, déanfar an tréimhse dhá mhí dá dtagraítear a shíneadh le dhá mhí breise.

Cheal tuairime ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad mhír agus sa dara fomhír, measfar nach ndearna an Coimisiún agóidí i gcoinne chinneadh an údaráis rialúcháin.

2.   Tar éis dó tuairim a fháil ón gCoimisiún, déanfaidh an t-údarás rialúcháin náisiúnta, laistigh de dhá mhí, a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh maidir le deimhniú an oibreora córais tarchurtha, agus an tuairim sin á cur san áireamh aige go mór. Foilseofar cinneadh an údaráis rialúcháin agus an tuairim ón gCoimisiún in éineacht.

3.   Tráth ar bith i rith an nós imeachta, féadfaidh na húdaráis rialúcháin agus/nó an Coimisiún aon fhaisnéis atá ábhartha maidir le comhlíonadh a gcuid cúraimi faoin Airteagal seo a iarraidh ó oibreoir chórais tarchurtha agus/nó ar ghnóthas a mbíonn aon cheann de na feidhmeanna maidir le táirgeadh nó soláthar á fheidhmiú aige.

4.   Caomhnóidh na húdaráis rialúcháin agus an Coimisiún rúndacht faisnéise tráchtála íogaire.

5.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh lena leagfar amach sonraí an nós imeachta a bheidh le leanúint maidir le mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

6.   I gcás go mbeidh fógra faighte ag an gCoimisiún maidir le deimhniú oibreoir córais tarchurtha faoi Airteagal 9(10) de Threoir 2009/…/CE, glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le deimhniú. Déanfaidh an t-údarás rialúcháin cinneadh an Choimisiúin a chomhlíonadh.

Airteagal 4

Líonra eorpach oibreoirí na gcóras tarchurtha don ghás

Maidir leis na córais tarchurtha gáis, comhoibreoidh oibreoirí uile na gcóras tarchurtha ar leibhéal an Chomhphobail tríd an ENTSO don Ghás d'fhonn cur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh don ghás nádúrtha a chur chun cinn agus chun bainistíocht optamach agus éabhlóid fhónta theicniúil an líonra tarchurtha gáis nádúrtha a áirithiú.

Airteagal 5

An ENTSO don Ghás a bhunú

1.   Faoin … (8), déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha don ghás na doiciméid seo a leanas a thíolacadh don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht: dréachtreachtanna, liosta comhaltaí agus dréachtrialacha nós imeachta an ENTSO don Ghás atá le bunú, lena n-áirítear rialacha nós imeachta maidir le dul i gcomhairle le geallsealbhóirí eile.

2.   Laistigh de dhá mhí tar éis di na doiciméid a fháil, déanfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis di dul i gcomhairle leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do na geallshealbhóirí uile, tuairim a thabhairt uaithi don Choimisiún maidir leis na dréachtreachtanna, le liosta na gcomhaltaí agus leis na dréachtrialacha nós imeachta.

3.   Laistigh de thrí mhí tar éis dó tuairim a fháil ón nGníomhaireacht, tabharfaidh an Coimisiún tuairim uaidh maidir leis na dréachtreachtanna, le liosta na gcomhaltaí agus leis na dréacht rialacha nós imeachta.

4.   Laistigh de 3 mhí ón lá a bhfaighidh siad tuairim an Choimisiúin, bunóidh na hoibreoirí córais tarchurtha an ENTSO don Ghás, agus déanfaidh siad a chuid reachtanna agus a chuid rialacha nós imeachta a ghlacadh agus a fhoilsiú.

Airteagal 6

Cóid líonra a bhunú

1.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, leis an ENTSO don Ghás agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile, liosta tosaíochta bliantúil a bhunú lena sainaithneofar na réimsí a leagtar amach in Airteagal 8(6) agus a bheidh le háireamh i bhforbairt na gcód líonra.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht treoirlíne réime neamhcheangailteach a thíolacadh, laistigh de thréimhse réasúnta ama, nach rachaidh thar sé mhí, lena leagfar amach prionsabail shoiléire oibiachtúla, i gcomhréir le hAirteagal 8(7), maidir le forbairt a dhéanamh ar chóid líonra a bhaineann leis na réimsí a dhéanfar a shainaithint sa liosta tosaíochta. Rannchuideoidh gach dréacht-treoirlíne réime neamhcheangailteach leis an neamh-idirdhealú, leis an iomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh. Ar iarraidh réasúnaithe ón nGníomhaireacht, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse sin.

3.   Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis an ENTSO don Ghás agus leis na geallsealbhóirí iomchuí eile faoin dréacht-treoirlíne réime neamhcheangailteach, le linn tréimhse nach lú ná dhá mhí, ar dhóigh oscailte thrédhearcach.

4.   Má mheasann an Coimisiún nach rannchuidíonn an dréacht-treoirlíne réime neamhcheangailteach leis an neamh-idirdhealú, leis an iomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, féadfaidh sé a iarraidh ar an nGníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar an dréacht-treoirlíne réime neamhcheangailteach laistigh de thréimhse réasúnta ama agus í a atíolacadh don Choimisiún.

5.   Má mhainníonn an Ghníomhaireacht dréacht-treoirlíne réime neamhcheangailteach a thíolacadh nó a atíolacadh laistigh den tréimhse a leag an Coimisiún síos faoi mhír 2 nó faoi mhír 4, déanfaidh an Coimisiún an treoirlíne neamhcheangailteach i dtrácht a tharraingt suas.

6.   Iarrfaidh an Coimisiún ar an ENTSO don Ghás cód líonra, a bheidh i gcomhréir leis an treoirlíne réime neamhcheangailteach ábhartha, a thíolacadh chuig an nGníomhaireacht laistigh de thréimhse réasúnta ama nach faide ná dhá mhí dhéag.

7.   Laistigh de thréimhse trí mhí ón lá a bhfaighfear cód líonra, ar tréimhse í ar lena linn a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht dul i gcomhairle go foirmiúil leis na geallsealbhóirí ábhartha, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuairim réasúnaithe ar fáil chuig an ENTSO don Ghás maidir leis an gcód líonra.

8.   Féadfaidh an ENTSO don Ghás an cód líonra a leasú i bhfianaise na tuairime ón nGníomhaireacht agus é a atíolacadh don Ghníomhaireacht.

9.   A luaithe a bhíonn an Ghníomhaireacht sásta go bhfuil an cód líonra i gcomhréir leis na treoirlínte réime neamhcheangailteacha ábhartha, déanfaidh an Ghníomhaireacht an cód líonra a thíolacadh chuig an gCoimisiún, agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é.

10.   I gcás inar mhainnigh an ENTSO don Ghás cód líonra a fhorbairt laistigh den tréimhse a leag an Coimisiún síos faoi mhír 6, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht dréachtchód líonra a ullmhú ar bhonn na treoirlíne réime neamhcheangailtigh ábhartha. Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhairliúchán breise a sheoladh le linn di dréacht-chód líonra a ullmhú faoin mír seo. Déanfaidh an Ghníomhaireacht dréacht-chód líonra arna ullmhú faoin mhír seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é.

11.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, cóid líonra amháin nó níos mó a ghlacadh sna réimsí a liostaítear in Airteagal 8(6) i gcás inar mhainnigh an ENTSO don Ghás cód líonra a fhorbairt nó i gcás inar mhainnigh an Ghníomhaireacht dréacht-chód líonra, dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo, a fhorbairt, nó ar mholadh ón nGníomhaireacht faoi mhír 9 den Airteagal seo.

I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún cód líonra a ghlacadh ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, leis an ENTSO don Ghás agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir leis an dréacht-chód líonra le linn tréimhse nach lú ná dhá mhí.

Na bearta sin, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

12.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart an Choimisiúin treoirlínte a ghlacadh agus a leasú mar a leagtar síos in Airteagal 23.

Airteagal 7

Cóid líonra a mhodhnú

1.   Maidir le dréachtmhodhnuithe ar aon chód líonra arna ghlacadh faoi Airteagal 6, féadfaidh daoine ar dóigh dóibh leas a bheith acu sa chód líonra, lena n-áirítear an ENTSO don Ghás, oibreoirí córas tarchurtha, úsáideoirí líonra agus tomhaltóirí. Féadfaidh an Ghníomhaireacht modhnuithe a mholadh freisin ar a tionscnamh féin.

2.   Ina Rialacha Nós Imeachta déanfaidh an Ghníomhaireacht próisis éifeachtacha a chur ar bun maidir le measúnú agus comhairliúchán críochnúil a dhéanamh i dtaobh dréachtmhodhnuithe, lena n-áirítear comhairliúcháin leis an ENTSO don Ghás agus le húsáideoirí líonra. I ndiaidh an phróisis sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht moltaí réasúnaithe le haghaidh modhnuithe a dhéanamh don Choimisiún, lena míneofar an chaoi a luíonn aon mholtaí den sórt sin le cuspóirí na gcód líonra a leagtar amach in Airteagal 6(2).

3.   Féadfaidh an Coimisiún, agus tograí ón nGníomhaireacht á cur san áireamh aige, modhnuithe a ghlacadh ar aon chód líonra arna ghlacadh faoi Airteagal 6. Glacfar na bearta sin, ar bearta iad a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

4.   Déanfar an breithniú ar na modhnuithe a bheartaítear faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 28(2) a theorannú do na gnéithe a bhaineann leis an modhnú a bheartaítear. Tá na modhnuithe sin a bheartaítear gan dochar do mhodhnuithe eile a fhéadfaidh an Coimisiún a mholadh.

Airteagal 8

Cúraimí an ENTSO don Ghás

1.   Déanfaidh an ENTSO don Ghás cóid líonra a tharraingt suas sna réimsí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo tar éis don Choimisiún iarraidh a sheoladh chuige i gcomhréir le hAirteagal 6(6).

2.   Féadfaidh an ENTSO don Ghás cóid líonra a tharraingt suas sna réimsí a leagtar amach i mír 6 i gcás nach mbaineann na cóid sin leis na réimsí a chumhdaítear le hiarraidh a sheol an Coimisiún chuige. Déanfar na cóid líonra sin a thíolacadh don Ghníomhaireacht i gcomhair tuairime.

3.   Déanfaidh an ENTSO don Ghás an méid seo a leanas a ghlacadh:

(a)

uirlisí comhchoiteanna d'oibriú an líonra agus pleananna comhchoiteanna taighde;

(b)

plean forbartha neamhcheangailteach 10 mbliana don líonra (‘plean forbartha líonra’), lena n-áirítear ionchas Eorpach maidir le leordhóthanacht an tsoláthair;

(c)

clár oibre bliantúil;

(d)

tuarascáil bhliantúil;

(e)

ionchais bliantúla an tsamhraidh agus an gheimhridh maidir le soláthar.

4.   Cumhdóidh an t-ionchas Eorpach maidir le leordhóthanacht an tsoláthair dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 leordhóthanacht fhoriomlán chóras an gháis chun éilimh reatha ar ghás agus éilimh réamh-mheasta ar ghás a sholáthar don chéad tréimhse cúig bliana eile chomh maith leis an tréimhse idir cúig bliana agus 10 mbliana ó dháta an ionchais sin. Cuirfidh an t-ionchas Eorpach maidir le leordhóthanacht an tsoláthair leis na hionchais náisiúnta ar sholáthar a ullmhóidh gach oibreoir córais tarchurtha ar leith.

5.   Is éard a bheidh sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3 liosta de na cóid theicniúla a bheidh le hullmhú agus cur síos orthu, plean maidir le comhordú ar oibriú an líonra, agus gníomhaíochtaí taighde agus forbartha, a bheidh le cur i gcrích an bhliain sin, agus féilire táscach.

6.   Cumhdóidh na cóid líonra dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 na réimsí seo a leanas, agus na saintréithe réigiúnacha speisialta á gcur san áireamh, más iomchuí:

(a)

slándáil an líonra agus rialacha iontaofachta;

(b)

rialacha maidir le nascadh leis an lionra;

(c)

rialacha rochtana do thriú páirtithe;

(d)

rialacha maidir le sonraí a mhalartú agus a shocrú;

(e)

rialacha idir-inoibritheachta;

(f)

nósanna imeachta oibríochtúla i gcás éigeandála;

(g)

rialacha maidir le leithdháileadh acmhainne agus maidir le bainistiú ar phlódú;

(h)

rialacha maidir le trádáil a bhaineann le soláthar teicniúil agus le soláthar oibríochtúil i dtaca le seirbhísí rochtana agus le comhardú an chórais;

(i)

rialacha trédhearcachta;

(j)

rialacha comhardúcháin lena n-áirítear rialacha a bhaineann le líonraí maidir le nós imeachta ainmniúcháin, rialacha maidir le muirir i leith éagothroime agus rialacha maidir le comhardú oibríochtúil idir chórais oibreoirí na gcóras tarchurtha;

(k)

rialacha maidir le struchtúir chomhchuibhithe taraifí tarchurtha; agus

(l)

éifeachtúlacht fuinnimh maidir leis na líonraí gáis.

7.   Ní dhéanfar na cóid líonraí a fhorbairt ach le haghaidh saincheisteanna a bhaineann le líonraí trasteorann agus ní dhéanfaidh siad dochar do cheart na mBallstát cóid náisiúnta a bhunú le haghaidh saincheisteanna nach saincheisteanna trasteorann iad.

8.   Déanfaidh an ENTSO don Ghás monatóireacht agus anailís ar chur chun feidhme na gcód líonra agus na dtreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6(11) agus ar an tionchar a bheidh acu ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme arb éard is aidhm leo comhtháthú an mhargaidh a éascú. Tuairisceoidh an ENTSO don Ghás a thorthaí don Ghníomhaireacht agus áireofar torthaí na hanailíse sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 3 den Airteagal seo.

9.   Cuirfidh an ENTSO don Ghás an fhaisnéis uile ar fáil a theastóidh ón nGníomhaireacht lena curaimí faoi Airteagal 9(1) a chomhlíonadh.

10.   Uair sa dá bhliain, glacfaidh agus foilseoidh an ENTSO don Ghás plean forbartha líonra dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír (3). Áireofar sa phlean forbartha líonra samhaltú an líonra chomhtháite, forbairt cásanna, ionchas Eorpach ar leordhóthanacht an tsoláthair agus measúnú ar bhuanfas an chórais.

Leis an bplean forbartha líonra, déanfar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

tógfar ar na pleananna náisiúnta infheistíochta, ar na pleananna réigiúnacha infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus, más iomchuí, ar na treoirlínte do na líonraí tras-Eorpacha fuinnimh i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE (9);

(b)

maidir le hidirnaisc thrasteorann, tógfar freisin ar riachtanais réasúnta na n-úsáideoirí éagsúla líonra agus comhtháthófar tiomantais fhadtéarma ó na hinfheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 22 de Threoir 2009/…/CE;

(c)

sainaithneofar aon bhearnaí infheistíochta atá ann, go mór mór a mhéid a bhaineann le hacmhainní trasteorann.

11.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh an ENTSO don Ghás in iúl don Choimisiún na tuairimí atá aige maidir le glacadh na dtreoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 23.

Airteagal 9

An Ghníomhaireacht i mbun monatóireachta

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht ar chur i gcrích na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 8(1), 8(2) agus 8(3) ag an ENTSO don Ghás agus tuairisceoidh sí don Choimisiún.

Maidir leis na cóid líonra arna dtarraingt suas faoi Airteagal 8(2) agus na cóid líonra arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 6(1) go (10) ach nár ghlac an Coimisiún faoi Airteagal 6(11), déanfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht ar a gcur chun feidhme ag an ENTSO don Ghás. Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuairim cuí-réasúnaithe ar fáil don Choimisiún i gcás ina mainneoidh an ENTSO don Ghás aon chóid líonra den sórt sin a chur chun feidhme.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht agus anailís ar chur chun feidhme na gcód líonra agus na dtreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún faoi mar a leagtar síos in Airteagal 6(11), agus ar an tionchar a bheidh acu ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme arb éard is aidhm leo comhtháthú an mhargaidh a éascú, agus ar an neamh-idirdhealú, ar an iomaíocht éifeachtach agus ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, agus tuairisceoidh sí don Choimisiún.

2.   Déanfaidh an ENTSO don Ghás an dréachtphlean forbartha líonra agus an dréachtchlár oibre bliantúil, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhaineann leis an bpróiseas comhairliúcháin, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta chun tuairim a fháil uaithi ina dtaobh.

Laistigh de thréimhse dhá mhí ón lá a bhfaighidh sí iad, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuairim cuí-réasúnaithe ar fáil, chomh maith le moltaí don ENTSO don Ghás agus don Choimisiún i gcás ina measfaidh sí, maidir leis an dréachtchlár oibre bliantúil nó maidir leis an dréachtphlean forbartha a chuir ENTSO isteach, nach rannchuidíonn siad leis an neamh-idirdhealú, leis an iomaíocht éifeachtach, le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh ná le leibhéal leordhóthanach idirnasctha trasteorann a bheadh oscailte don rochtain ag an tríú páirtí.

Airteagal 10

Comhairliúcháin

1.   Seolfaidh an ENTSO don Ghás próiseas comhairliúcháin forleathan, go luath agus i slí oscailte, thrédhearcach, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1), agus é i mbun ullmhúcháin ar na cóid líonra, ar an dréachtphlean forbartha agus ar an gclár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3), ina n-áireofar na rannpháirtithe ábhartha uile sa mhargadh agus, go háirithe, na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí go léir. Ba cheart go n-áireofaí sa chomhairliúchán sin freisin, na húdaráis rialúcháin náisiúnta agus na húdaráis náisiúnta eile, gnóthais soláthair agus táirgthe, custaiméirí, úsáideoirí na líónraí, oibreoirí na gcóras dáileacháin, lena n-áirítear na cumainn ábhartha tionsclaíochta, na comhlachtaí ábhartha teicniúla agus na grúpaí geallsealbhóirí ábhartha. Féachfar leis an gcomhairliúchán le tuairimí agus le tograí na bpáirtithe ábhartha uile a shainaithint le linn an phróisis cinnteoireachta.

2.   Déanfar na doiciméid uile agus miontuairiscí na gcruinnithe uile a bhaineann leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1 a fhoilsiú.

3.   Sula nglacfaidh sé an clár oibre bliantúil agus na cóid líonra dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3), sonróidh an ENTSO don Ghás conas a cuireadh san áireamh na barúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin. I gcás nár cuireadh san áireamh na barúlacha, sonróidh sé na fáthanna nár cuireadh.

Airteagal 11

Costais

Na costais a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an ENTSO don Ghás agus dá dtagraitear in Airteagail 4 go 12, is iad oibreoirí na gcóras tarchurtha a iompróidh iad agus cuirfear san áireamh iad agus na taraifí á ríomh. Ní fhormheasfaidh na húdaráis rialúcháin na costais sin ach amháin má bhíonn siad réasúnta, comhréireach.

Airteagal 12

Comhar réigiúnach idir oibreoirí na gcóras tarchurtha

1.   Bunóidh oibreoirí na gcóras tarchurtha comhar réigiúnach laistigh den ENTSO don Ghás chun rannchuidiú leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3). Go háirithe, foilseoidh siad plean réigiúnach infheistíochta uair sa dá bhliain, agus féadfaidh siad cinntí infheistíochta a dhéanamh a bheidh bunaithe ar an bplean réigiúnach infheistíochta sin.

2.   Cuirfidh oibreoirí na gcóras tarchurtha socruithe oibríochtúla chun cinn chun bainistiú barrmhaith ar an líonra a áirithiú, agus cuirfidh siad chun cinn forbairt malartuithe fuinnimh, agus leithdháileadh acmhainne trasteorann trí réitigh neamh-idirdhealaitheacha a bheidh bunaithe ar an margadh, agus aird chuí á tabhairt ar fhiúntas sonrach na gceant intuigthe do leithdháiltí gearrthéarmacha, agus comhtháthú na meicníochtaí comhardúcháin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún an limistéar geografach a chumhdófar le gach struchtúr réigiúnach comhair a shainiú, agus na struchtúir réigiúnacha comhair atá ann cheana á gcur san áireamh. Ceadófar do gach Ballstát an comhar a chur chun cinn i mbreis agus in aon limistéar geografach amháin. An beart sin, dá dtagraítear sa chéad abairt, ar beart é a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an ENTSO don Ghás agus leis an nGníomhaireacht.

Airteagal 13

Taraifí chun rochtain a fháil ar líonraí

1.   Na taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad a ríomh, arna gcur i bhfeidhm ag oibreoirí na gcóras tarchurtha agus arna bhformheas ag na húdaráis rialúcháin de bhun Airteagal 40(6) de Threoir 2009/…/CE, chomh maith leis na taraifí arna bhfoilsiú de bhun Airteagal 31(1) den Treoir sin, beidh siad trédhearcach, cuirfidh siad san áireamh an gá atá le sláine an chórais agus le feabhas a chur ar shláine an chórais agus déanfaidh siad léiriú a thabhairt ar na costais iarbhír a thabhaítear, a mhéid a fhreagraíonn na costais sin do chostais oibreora líonra atá éifeachtúil agus atá inchomparáide ó thaobh struchtúir de, agus a mhéid atá na costais sin trédhearcach, agus cuirfidh siad san áireamh toradh iomchuí ar infheistíochtaí, agus i gcás inarb iomchuí, cuirfidh siad san áireamh an tagarmharcáil a dhéanann na húdaráis rialúcháin ar tharaifí. Na taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad a ríomh, cuirfear i bhfeidhm ar shlí neamh-idirdhealaitheach iad.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfar taraifí a chinneadh freisin trí shocruithe margadh-bhunaithe amhail ceantanna, ar choinníoll go mbeidh na socruithe sin agus an t-ioncam a eascróidh astu formheasta ag an údarás rialúcháin.

Na taraifí, nó na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad a ríomh, éascóidh siad an trádáil éifeachtúil i ngás agus éascóidh siad an iomaíocht, agus ag am céanna seachnóidh siad crosfhóirdheontais idir úsáideoirí líonraí agus cuirfidh siad dreasachtaí ar fáil don infheistíocht agus chun an idir-inoibritheacht a chothabháil nó a chruthú do líonraí tarchurtha.

Socrófar na taraifí le haghaidh úsáideoirí líonraí go leithleach le haghaidh gach pointe iontrála ar an gcóras tarchurtha agus gach pointe scoir as. Formheasfaidh na húdaráis naisiúnta rialúcháin na meicníochtaí chun costais a leithdháileadh agus an mhodheolaíocht chun rátaí a shocrú. Áiritheoidh na Ballstáit, nach ndéanfar muirir líonra a ríomh ar bhonn conairí conartha tar éis idirthréimhse, faoi … (10).

2.   Ní chuirfear, leis na taraifí ar rochtain ar líonraí, srian ar leachtacht an mhargaidh ná ní dhéanfar saobhadh ar an trádáil thar theorainneacha córas éagsúil tarchurtha. I gcás ina gcuirfeadh difríochtaí idir struchtúir taraifí nó idir mheicníochtaí comhardúcháin isteach ar an trádáil idir córais tarchurtha, agus ainneoin Airteagal 40(6) de Threoir 2009/…/CE cuirfidh oibreoirí córais tarchurtha rompu, i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, an cóineasú ar struchtúir taraifí agus ar phrionsabail mhuirearúcháin a bhaint amach, lena n-áirítear iad a bhaint amach i ndáil leis an gcomhardú.

Airteagal 14

Seirbhísí rochtana do thríú páirtithe a bhaineann le hoibreoirí na gcóras tarchurtha

1.   Déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha an méid seo a leanas:

(a)

áiritheoidh siad go dtairgfidh siad seirbhísí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do na húsáideoirí líonra uile. Go háirithe, i gcás ina mbeidh an tseirbhís chéanna á tairiscint ag oibreoir córais tarchurtha do chustaiméirí éagsúla, déanfaidh sé amhlaidh faoi théarmaí conarthacha coibhéiseacha agus faoi choinníollacha coibhéiseacha, agus conarthaí comhchuibhithe iompair á n-úsáid aige nó cód coiteann líonra arna fhormheas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 40 de Threoir 2009/…/CE;

(b)

déanfaidh siad seirbhísí rochtana atá daingean agus in-idirbhriste araon a sholáthar do thríú páirtithe. Beidh léargas i bpraghas na hacmhainne in-idirbhiste ar an dóchúlacht go dtarlóidh idirbhriseadh;

(c)

tairgfidh siad seirbhísí fadtéarmacha agus seirbhísí gearrthéarmacha d'úsáideoirí na líonraí.

2.   Ní bheidh sé de thoradh ar chonarthaí iompair a síníodh agus dátaí tosaithe neamhchaighdeánacha acu nó ar giorra a ré ná ré conartha chaighdeánaigh bhliantúil iompair, go mbeidh taraifí ar airde nó ar ísle go treallach iad ná mar ba cheart agus nach léiríonn luach margaidh na seirbhíse, i gcomhréir leis an bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 13(1).

3.   I gcás inarb iomchuí, féadfar seirbhísí rochtana do thríú páirtithe a dheonú faoi réir ráthaíochtaí iomchuí ó úsáideoirí an líonra maidir le creidmheasacht na n-úsáideoirí sin. Ní fhéadfaidh na ráthaíochtaí sin a bheith ina mbacainní míchuí ar iontráil sa mhargadh agus caithfidh siad a bheith neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus comhréireach.

Airteagal 15

Seirbhísí rochtana do thríú páirtithe a bhaineann le saoráidí stórála agus GNL

1.   Déanfaidh gach oibreoir córais GNL agus gach oibreoir córais stórála an méid seo a leanas:

(a)

seirbhísí a thairgeadh ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do gach aon úsáideoir líonra a dhéanfaidh freastal ar éileamh an mhargaidh; go háirithe, i gcás ina dtairgfidh oibreoir córais GNL nó oibreoir córais stórála an tseirbhís chéanna do chustaiméirí éagsúla, déanfaidh sé amhlaidh de réir téarmaí agus coinníollacha conarthacha coibhéiseacha;

(b)

seirbhísí a thairgeadh atá comhoiriúnach le húsáid córas iompair gáis idirnasctha agus rochtain a éascú trí chomhar leis an oibreoir córais tarchurtha; agus

(c)

aon fhaisnéis ábhartha a phoibliú, go háirithe sonraí maidir le húsáid agus maidir le hinfhaighteacht seirbhísí, i dtréimhse ama atá comhoiriúnach leis na riachtanais réasúnta tráchtála atá ag úsáideoirí saoráidí GNL nó stórála.

2.   Déanfaidh gach oibreoir córais stórála an méid seo a leanas:

(a)

seirbhísí rochtana atá daingean agus in-idirbhriste araon a sholáthar do thríú páirtithe; beidh léargas i bpraghas na hacmhainne in-idirbhriste ar an dóchúlacht le hidirbhriseadh;

(b)

seirbhísí fadtéarmacha agus seirbhísí gearrthéarmacha a thairgeadh d'úsáideoirí na saoráidí stórála;

(c)

seirbhísí cuachta agus seirbhísí díchuachta spáis stórála, in-instealltachta agus inseachadtachta a thairgeadh d'úsáideoirí na saoráidí stórála.

3.   Ní bheidh sé de thoradh ar na conarthaí GNL ná ar na conarthaí saoráidí stórála go mbeidh taraifí ann ar airde go treallach iad ná mar ba cheart i gcásanna ina síneofar iad:

(a)

seachas i rith bliain gáis nádúrtha a bhfuil dátaí tosaigh neamhchaighdeánacha aici; nó

(b)

ar feadh ré is giorra ná an ré a bheadh i gceist le conradh caighdeánach GNL agus stórála ar bhonn bliantúil.

4.   I gcás inarb iomchuí, féadfar seirbhísí rochtana do thríú páirtithe a dheonú, faoi réir ráthaíochtaí iomchuí ó úsáideoirí an líonra maidir le creidmheasacht na n-úsáideoirí sin. Ní bheidh ráthaíochtaí den sórt sin ina mbacainní míchuí ar iontráil sa mhargadh agus beidh siad neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus comhréireach.

5.   Beidh cúis mhaith, bunaithe ar shrianta teicniúla, leis na teorainneacha conarthacha ar an íosmhéid is gá d'acmhainn saoráide GNL agus d'acmhainn stórála, agus ceadóidh siad d'úsáideoirí stórála níos lú rochtain a fháil ar sheirbhísí stórála.

Airteagal 16

Prionsabail maidir le meicníochtaí do leithdháileadh acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le hoibreoirí na gcóras tarchurtha

1.   Déanfar an acmhainn uasta ag na pointí ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 18(3) a chur ar fáil do na rannpháirtithe sa mhargadh, agus sláine an chórais agus oibriú éifeachtúil an líonra á gcur san áireamh.

2.   Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha meicníochtaí neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha leithdháilte acmhainne a chur chun feidhme agus foilseoidh sé iad agus déanfaidh na meicníochtaí sin an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh siad comharthaí iomchuí eacnamaíocha ar fáil d'úsáid éifeachtúil uasta na hacmhainne teicniúla agus éascóidh siad an infheistíocht i mbonneagar nua;

(b)

beidh siad comhoiriúnach leis na meicníochtaí margaidh, lena n-áirítear spotmhargaí agus moil trádála, agus beidh siad solúbtha agus beidh ar a gcumas, an tráth céanna, iad féin a chur in oiriúint do na himthosca margaidh atá i mbun forbartha;

(c)

beidh siad comhoiriúnach le córais na mBallstát um rochtain ar líonraí.

3.   Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha chun feidhme nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha um bainistiú ar phlódú, agus foilseoidh sé iad, ar nósanna imeachta iad a bheidh bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

(a)

go dtairgfidh an t-oibreoir córais tarchurtha, i gcás plódaithe chonarthaigh, an acmhainn atá gan úsáid don bhunmhargadh ar bhonn lá roimh ré agus ar bhonn in-idirbhriste ar a laghad;

(b)

go mbeadh úsáideoirí líonraí ar mian leo an acmhainn chonraithe gan úsáid atá acu i dteideal í a athdhíol nó a fholigean ar an margadh tánaisteach. Féadfaidh Ballstát a cheangal ar úsáideoirí líonra fógra nó faisnéis a thabhairt d'oibreoir an chórais tarchurtha.

4.   I gcás ina mbeidh plódú fisiceach ann, cuirfidh oibreoir an chórais tarchurtha nó na húdaráis rialúcháin, de réir mar is iomchuí, meicníochtaí neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha leithdháilte acmhainne i bhfeidhm.

5.   Déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha measúnú go rialta ar éileamh an mhargaidh ar infheistíocht nua. Agus infheistíochtaí nua á bpleanáil, déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha measúnú ar éileamh an mhargaidh.

Airteagal 17

Prionsabail meicníochtaí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le saoráidí stórála agus le saoráidí GNL

1.   Cuirfear an t-uasmhéid acmhainne stórála agus an t-uasmhéid acmhainne saoráide GNL ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, agus sláine agus oibriú an chórais á gcur san áireamh.

2.   Déanfaidh gach oibreoir córais GNL agus gach oibreoir córais stórála meicníochtaí neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha leithdháilte acmhainne a chur chun feidhme agus foilseoidh sé iad, agus déanfaidh na meicníochtaí sin an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh siad comharthaí iomchuí eacnamaíocha ar fáil d'úsáid éifeachtúil uasta na hacmhainne agus éascóidh siad an infheistíocht i mbonneagar nua;

(b)

beidh siad comhoiriúnach le meicníocht an mhargaidh lena n-áirítear spotmhargaí agus moil trádála, agus beidh siad solúbtha an tráth céanna, agus beidh ar a gcumas iad féin a chur in oiriúint do na himthosca margaidh atá i mbun forbartha;

(c)

beidh siad comhoiriúnach leis na córais idirnasctha um rochtain ar líonraí.

3.   Áireofar bearta i gconarthaí na saoráidí GNL agus na saoráidí stórála chun bac a chur le cnapadh acmhainne, trí na prionsabail seo a leanas a chur san áireamh, a mbeidh feidhm acu i gcás plódaithe chonarthaigh:

(a)

tairgfidh an t-oibreoir córais an acmhainn saoráide GNL agus an acmhainne stórála nach bhfuil in úsáid don bhunmhargadh; i gcás na saoráidí stórála, tarlóidh sé seo ar bhonn lá roimh ré agus ar bhonn in-idirbhriste ar a laghad;

(b)

beidh úsáideoirí saoráidí GNL agus saoráidí stórála ar mian leo a n-acmhainn chonraithe a athdhíol ar an margadh tánaisteach i dteideal déanamh amhlaidh.

Airteagal 18

Ceanglais trédhearcachta a bhaineann le hoibreoirí na gcóras tarchurtha

1.   Poibleoidh oibreoir an chórais tarchurtha faisnéis mhionsonraithe maidir leis na seirbhísí a bheidh á dtairiscint aige agus maidir leis na coinníollacha ábhartha a chuirfear i bhfeidhm, i dteannta na faisnéise teicniúla is gá le go mbeidh rochtain éifeachtach ar líonraí ag úsáideoirí na líonraí.

2.   Chun go n-áiritheofar go mbeidh taraifí trédhearcacha, oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha ann agus chun go n-éascófar úsáid éifeachtúil líonra an gháis, foilseoidh oibreoirí na gcóras tarchurtha nó na húdaráis náisiúnta ábhartha faisnéis atá mionsonraithe go réasúnta agus atá mionsonraithe go leordhóthanach maidir le díorthú taraife, modheolaíocht taraife agus struchtúr taraife.

3.   Maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn siad, poibleoidh oibreoirí na gcóras tarchurtha uile faisnéis faoi na hacmhainní teicniúla, conraithe agus faoi na hacmhainní atá ar fáil, ar bhonn uimhriúil do na pointí ábhartha uile, lena n-áirítear na pointí iontrála agus na pointí scoir, ar bhonn rialta atrátha agus ar bhealach caighdeánaithe agus furasta a úsáid.

4.   Maidir le pointí ábhartha an chórais tarchurtha a gcaithfear an fhaisnéis a phoibliú maidir leo, formheasfaidh na húdaráis inniúla iad tar éis dul i gcomhairle le húsáideoirí an líonra.

5.   An fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a thabhairt, nochtfaidh oibreoir an chórais tarchurtha i gcónaí ar bhealach atá ciallmhar, soiléir ar dhóigh inchainníochtaithe agus inrochtana go héasca agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach í.

6.   Poibleoidh oibreoir an chórais tarchurtha faisnéis ex-ante agus ex-post a bhaineann le soláthar agus le héileamh, bunaithe ar ainmniúcháin, réamhaisnéisí agus sreabha isteach sa chóras agus amach as an gcóras a réadaíodh. Léireoidh leibhéal mionsonraithe na faisnéise a phoibleofar an fhaisnéis atá ar fáil d'oibreoir an chórais tarchurtha.

Poibleoidh oibreoir an chórais tarchurtha na bearta a ghlacfar agus na costais a thabhófar agus an t-ioncam a ghinfear chun an córas a chomhardú.

Tabharfaidh na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo d'oibreoir an chórais tarchurtha.

Airteagal 19

Ceanglais trédhearcachta a bhaineann le saoráidí stórála agus le saoráidí GNL

1.   Poibleoidh gach oibreoir córais GNL agus gach oibreoir córais stórála faisnéis mhionsonraithe a bhaineann leis na seirbhísí a thairgeann sé agus leis na coinníollacha ábhartha a chuirtear i bhfeidhm, mar aon leis an bhfaisnéis theicniúil is gá d'úsáideoirí na saoráidí GNL agus na saoráidí stórála chun rochtain éifeachtach a fháil ar na saoráidí GNL agus ar na saoráidí stórála.

2.   Poibleoidh gach oibreoir córais GNL agus gach oibreoir córais stórála, i leith na seirbhísí arna soláthar acu, faisnéis maidir leis an acmhainneacht stórála agus GNL atá conraithe agus atá ar fáil ar bhonn uimhriúil rialta agus atrátha agus i slí chaighdeánaithe atá furasta le húsáid.

3.   An fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a thabhairt, nochtfaidh gach oibreoir córais GNL agus gach oibreoir córais stórála i gcónaí ar bhealach atá ciallmhar, soiléir ar dhóigh inchainníochtaithe agus inrochtana go héasca agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach í.

4.   Poibleoidh gach oibreoir córais GNL agus córais stórála an méid gáis atá i ngach saoráid stórála nó GNL, nó i ngach ngrúpa saoráidí stórála má fhreagraíonn sé seo don chaoi a dtairgtear an rochtain d'úsáideoirí na gcóras, an t-insreabhadh agus an t-eis-sreabhadh, agus an acmhainn stórála agus GNL atá ar fáil, lena n-áirítear i gcás na saoráidí sin atá díolmhaithe ó rochtain do thríú páirtithe. Cuirfear an fhaisnéis in iúl freisin d'oibreoir an chórais tarchurtha a phoibleoidh ar leibhéal comhiomlánaithe í i gcomhair gach córais nó gach fochórais ar leith mar a shainmhínítear leis na pointí ábhartha. Déanfar an fhaisnéis a nuashonrú uair in aghaidh an lae ar a laghad.

I gcásanna inarb é úsáideoir córais stórála an t-aon úsáideoir ar shaoráid stórála, féadfaidh úsáideoir an chórais stórála iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an údaráis rialúcháin náisiúnta go ndéileálfar faoi rún leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás rialúcháin amach go bhfuil cúis mhaith leis an iarraidh sin, go háirithe agus an gá á chur san áireamh atá le cothromaíocht idir leas dlisteanach chosaint na rún gnó, a mbeadh tionchar diúltach ag a nochtadh ar straitéis tráchtála fhoriomlán úsáideoir na stórála, agus an cuspóir atá ann margadh inmheánach iomaíoch a chruthú don ghás, féadfaidh sé a cheadú nach bpoibleoidh oibreoir an chórais stórála na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go ceann ré nach faide ná bliain. Beidh feidhm ag an bhfomhír seo gan dochar d'oibleagáidí oibreoir an chórais tarchurtha maidir le cumarsáid agus maidir le foilsiú, seachas nuair is ionann go díreach na sonraí comhiomlánaithe agus sonraí leithleacha an chórais stórála a bhfuil formheas tugtha i leith a neamhfhoilsithe ag an údarás rialúcháin.

Airteagal 20

Taifid arna gcoimeád ag oibreoirí córais

Déanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha, oibreoirí na gcóras stórála agus oibreoirí na gcóras GNL an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 18, in Airteagal 19 agus i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I a choimeád ar fáil do na húdaráis, lena n-áirítear an t-údarás rialúcháin náisiúnta, an t-údarás iomaíochta naisiúnta agus an Coimisiún, go ceann tréimhse cúig bliana.

Airteagal 21

Rialacha comhardúcháin agus muirir i leith éagothroime

1.   Leagfar amach na rialacha comhardúcháin ar bhealach cothrom, neamh-idirdhealaitheach agus beidh siad bunaithe ar chritéir oibiachtúla. Beidh léargas sna rialacha comhardúcháin ar fhíor-riachtanais an chórais, agus na hacmhainní atá ar fáil ag oibreoir an chórais tarchurtha á gcur san áireamh. Beidh na rialacha comhardúcháin bunaithe ar an margadh.

2.   Chun go n-éascófar glacadh tráthúil bearta ceartaitheacha ag úsáideoirí líonraí, soláthróidh oibreoir chórais tarchurtha faisnéis leordhóthanach, thráthúil, iontaofa ar líne maidir le stádas comhardúcháin na n-úsáideoirí líonraí.

Léireoidh an fhaisnéis arna soláthar an leibhéal faisnéise atá ar fáil d'oibreoir an chórais tarchurtha agus an tréimhse shocraíochta dá ríomhtar muirir i leith éagothroime.

Ní ghearrfar aon táille ar sholáthar na faisnéise sin.

3.   Beidh léargas ar chostais sna muirir i leith éagothroime, a oiread is féidir, agus an tráth céanna beidh dreasachtaí ann d'úsáideoirí líonraí cothroime a aimsiú idir a n-ionchur gás agus a n-aistarraingt gáis. Seachnóidh siad an trasfhóirdheontasú idir úsáideoirí líonraí agus ní chuirfidh siad bac ar iontrálaithe nua sa mhargadh.

Aon mhodheolaíocht chun muirir i leith éagothroime a ríomh chomh maith leis na taraifí deiridh, poibleoidh na húdaráis inniúla nó oibreoir an chórais tarchurtha iad, de réir mar is iomchuí.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí na gcóras tarchurtha a ndícheall comhchuibhiú a aimsiú idir na réimis comhardúcháin agus sruthlíniú a dhéanamh ar struchtúir agus ar leibhéal na muirear comhardúcháin chun an trádáil sa ghás a éascú.

Airteagal 22

Trádáil i gcearta acmhainne

Glacfaidh gach oibreoir chórais tarchurtha, chórais stórála agus chórais GNL bearta réasúnta chun a cheadú go bhféadfar na cearta acmhainne a thrádáil faoi shaoirse agus chun an trádáil sin a éascú. Forbróidh gach oibreoir den sórt sin ar an mbunmhargadh conarthaí agus nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le hiompar, saoráidí GNL agus stóráil chun an trádáil thánaisteach acmhainne a éascú agus aithneoidh siad aistriú na mbuncheart acmhainne i gcás ina dtabharfaidh úsáideoirí an chórais fógra dóibh faoi.

Tabharfar fógra do na húdaráis rialúcháin faoi na conarthaí agus faoi na nósanna imeachta comhchuibhithe agus a bhaineann le hiompar, le saoráidí GNL agus le stóráil.

Airteagal 23

Treoirlínte

1.   I gcás inarb iomchuí, sonrófar an méid seo a leanas sna treoirlínte lena dtugtar an méid íosta comhchuibhiúcháin is gá chun aidhm an Rialacháin seo a bhaint amach:

(a)

sonraí maidir leis na seirbhísí rochtana do thríú páirtithe, lena n-áirítear cineál, fad agus ceanglais eile na seirbhísí sin, i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le Airteagal 15;

(b)

sonraí maidir leis na prionsabail is bun leis na meicníochtaí do leithdháileadh acmhainne agus sonraí maidir le cur i bhfeidhm nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú i gcás plódaithe chonarthaigh, i gcomhréir le hAirteagal 16 agus Airteagal 17;

(c)

sonraí maidir le soláthar faisnéise agus sainmhíniú ar an bhfaisnéis theicniúil a bhfuil gá ag úsáideoirí líonraí léi chun rochtain éifeachtach a fháil ar an gcóras agus sainmhíniú ar na pointí ábhartha go léir a bhaineann le ceanglais trédhearcachta, lena n-áirítear an fhaisnéis is gá a fhoilsiú ag na pointí ábhartha go léir agus an sceideal ama a leanfar agus an fhaisnéis seo á foilsiú, i gcomhréir le hAirteagal 18 agus le Airteagal 19;

(d)

sonraí maidir leis an modheolaíocht i leith taraifí i ndáil le trádáil thrasteorann sa ghás nádúrtha, i gcomhréir le hAirteagal 13;

(e)

sonraí maidir leis na réimsí a liostaítear in Airteagal 8(6).

2.   Tá treoirlínte maidir leis na saincheisteanna a liostaítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1 leagtha amach in Iarscríbhinn I maidir le hoibreoirí na gcóras tarchurtha.

Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus leasú a dhéanamh ar na treoirlínte dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den Airteagal sin. Na bearta sin, ar bearta iad a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2).

3.   Beidh léargas i gcur i bhfeidhm agus i leasú na dtreoirlínte arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo ar na difríochtaí atá idir na córais náisiúnta gáis, agus dá bhrí sin, ní bheidh gá le téarmaí ná le coinníollacha mionsonraithe aonfhoirmeacha maidir le rochtain ag tríú páirtithe ar leibhéal an Chomhphobail. Féadfar ceanglais íosta a leagan síos leis na treoirlínte, áfach, chun coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha rochtana a bheidh le baint amach chun margadh inmheánach i ngás nádúrtha a chur i gcrích, ar ceanglais iad a fhéadfar a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin i bhfianaise na ndifríochtaí atá idir na córais náisiúnta gáis.

Airteagal 24

Údaráis rialúcháin

Agus a bhfreagrachtaí faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, áiritheoidh na húdaráis rialúcháin go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 23.

I gcás inarb iomchuí, rachaidh siad i gcomhar le chéile, leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht i gcomhlíonadh Chaibidil VIII de Threoir 2009/…/CE.

Airteagal 25

Faisnéis a chur ar fáil

Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis rialúcháin an fhaisnéis go léir is gá chun críocha Airteagal 23 a chur ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin.

Socróidh an Coimisiún teorainn ama réasúnta chun an fhaisnéis a chur ar fáil, agus castacht na faisnéise is gá agus an phráinn a ghabhann leis an ngá sin á gcur san áireamh.

Airteagal 26

Ceart na mBallstát foráil do bhearta níos mionsonraithe

Beidh an Rialachán seo gan dochar do chearta na mBallstát bearta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach ina bhfuil forálacha níos mionsonraithe ná na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 23.

Airteagal 27

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear na forálacha sin chun feidhme. Ní mór do na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha sin, ar rialacha iad a chomhfhreagraíonn do na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005, faoin 1 Iúil 2006, agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha sin nach gcomhfhreagraíonn d'fhorálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 faoin … (11) agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Ní pionóis de chineál an dlí choiriúil a bheidh sna pionóis dá bhforáiltear de bhun mhír 1.

Airteagal 28

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 50 de Threoir 2009/…/CE cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 29

Tuarascáil an Choimisiúin

Déanfaidh an Coimisiún monatóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ina thuarascáil faoi Airteagal 51(6) de Threoir 2009/…/CE, déanfaidh an Coimisiún cur síos freisin ar an taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Scrúdófar, go háirithe, leis an tuarascáil, a mhéid a d'éirigh leis an Rialachán seo coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha agus costais-léiritheacha a áirithiú do rochtain ar an lionra do líonraí tarchurtha gáis, d'fhonn cur leis an rogha atá ag an gcustaiméir i margadh inmheánach atá ag feidhmiú go maith agus d'fhonn cur le slándáil fhadtéarmach an tsoláthair. Beidh tograí agus/nó moltaí iomchuí in éineacht leis an tuarascáil, más gá.

Airteagal 30

Maoluithe agus díolúintí

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

córais tarchurtha gáis nádúrtha atá suite i mBallstáit, ar feadh ré na maoluithe a deonaíodh faoi Airteagal 48 de Threoir 2009/…/CE; féadfaidh na Ballstáit ar deonaíodh maolú dóibh faoi Airteagal 48 de Threoir 2009/…/CE iarratas a chur chuig an gCoimisiún ar mhaolú sealadach ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar feadh tréimhse nach faide ná dhá bhliain ón dáta a rachaidh an maolú dá dtagraítear sa phointe seo in éag;

(b)

mórbhonneagar nua, amhail idirnascairí, saoráidí GNL agus saoráidí stórála, agus méaduithe suntasacha ar acmhainn sa bhonneagar reatha agus modhnuithe ar bhonneagar den sórt sin lenar féidir foinsí nua a fhorbairt don soláthar gáis agus dá dtagraítear in Airteagal 35(1) agus (2) de Threoir 2009/…/CE atá díolmhaithe ó fhorálacha Airteagail 9, 14, 31, 32, 33 nó Airteagal 40(6), (7) agus (8) den Treoir sin, fad atá siad díolmhaithe ó na forálacha dá dtagraítear san fhomhír seo, cé is moite d'Airteagal 19(4) den Rialachán seo; nó

(c)

córais tarchurtha gáis nádúrtha ar deonaíodh maoluithe dóibh faoi Airteagal 47 de Threoir 2009/…/CE.

Airteagal 31

Aisghairm

Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 ón … (8). Deánfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … (8).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 211, 19.8.2008, lch. 23.

(2)  IO C 172, 5.7.2008, lch. 55.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2008 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 9 Eanáir 2009 agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(4)  IO L 176, 15.7.2003, lch. 57.

(5)  IO L 289, 3.11.2005, lch. 1.

(6)  IO L …

(7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(8)  18 mí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.

(9)  Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair lena leagtar síos treoirlínte do ghréasáin thras-Eorpacha fuinnimh (IO L 262, 22.9.2006, lch. 1).

(10)  Dáta dhá bhliain tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.

(11)  Dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN I

TREOIRLÍNTE MAIDIR LE

1.   SEIRBHÍSÍ ROCHTANA DO THRÍÚ PÁIRTITHE A BHAINEANN LE hOIBREOIRÍ CÓRAS TARCHURTHA

1.

Cuirfidh oibreoirí córas tarchurtha seirbhísí daingne agus in-idirbhriste ar fáil síos go híostréimhse aon lae amháin.

2.

Déanfar conarthaí comhchuibhithe iompair agus cóid líonra chomhchoiteanna ar bhealach a éascóidh trádáil agus athúsáid acmhainne a bheidh conraithe ag úsáideoirí lionra gan cur isteach ar scaoileadh acmhainne.

3.

Forbróidh oibreoirí córas tarchurtha cóid lionra agus conarthaí comhchuibhithe tar éis comhairliúchán mar is cóir a dhéanamh leis na húsáideoirí lionra.

4.

Cuirfidh oibreoirí córas tarchurtha nósanna imeachta caighdeánaithe d'ainmniúchán agus d'athainmniúchán chun feidhme. Forbróidh siad córais faisnéise agus modhanna leictreonacha cumarsáide chun sonraí leordhóthanacha a chur ar fáil d'úsáideoirí líonra agus chun na hidirbhearta a shimpliú, amhail ainmniúcháin, conrú na hacmhainne agus aistriú chearta acmhainne idir úsáideoirí lionra.

5.

Comhchuibheoidh oibreoirí córas tarchurtha nósanna imeachta foirmiúla um iarraidh agus agaí freagartha de réir an dea-chleachtais thionsclaíoch d'fhonn na hagaí freagartha a ghiorrú a mhéid is féidir. Forálfaidh siad do chórais ar-líne, scáileán-bhunaithe d'áirithiú agus do chinntiú acmhainní, agus do nósanna imeachta d'ainmniúchán agus d'athainmniúchán tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2006 tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húsáideoirí ábhartha lionra.

6.

Ní ghearrfaidh oibreoirí córas tarchurtha táillí ar leith ar úsáideoirí lionra as iarrataí ar fhaisnéis agus as idirbhearta a bhaineann lena gconarthaí iompair agus a chuirtear i gcrích de réir rialacha agus nósanna imeachta caighdeánacha.

7.

Iarrataí ar fhaisnéis a dteastaíonn costais as an ngnách nó costais iomarcacha chucu, amhail staidéir indéantachta, féadfar táillí ar leith a ghearradh ina leith, ar an gcoinníoll gur féidir na táillí sin a mhíniú mar is cuí.

8.

Comhoibreoidh oibreoirí córas tarchurtha le hoibreoirí córas tarchurtha eile chun cothabháil a líonraí faoi seach a chomhordú d'fhonn aon chur isteach ar sheirbhísí tarchurtha a íoslaghdú d'úsáideoirí lionra agus d'oibreoirí córas tarchurtha i gceantair eile agus d'fhonn a áirithiú go mbeidh cothrom na féinne ann ó thaobh na mbuntáistí a bhaineann le slándáil an tsoláthair, lena n-áirítear i dtaca le hidirthurais.

9.

Uair amháin sa bhliain, ar a laghad, roimh spriocdháta réamhshocraithe, foilseoidh na hoibreoirí córas tarchurtha na tréimhsí cothabhála atá beartaithe agus a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chearta úsáideoirí líonra a thagann ó chonarthaí iompair, agus foilseoidh siad an fhaisnéis oibríochtúil chomhfhreagrach le réamhfhógra leordhóthanach. Áirítear leis seo go bhfoilseofar, ar bhonn pras neamh-idirdhealaitheach, aon athruithe a bheartaítear sna tréimhsí cothabhála atá beartaithe agus go dtabharfar fógra faoi chothabháil nach raibh beartaithe roimh ré, a luaithe a bhíonn an fhaisnéis sin ar fáil, d'oibreoir chórais tarchurtha. Le linn na dtréimhsí cothabhála, foilseoidh na hoibreoirí córas tarchurtha faisnéis a thabharfar cothrom le dáta go tráthrialta maidir le mionsonraí na cothabhála agus maidir leis an ré a cheaptar a bheidh sí ar siúl agus an tionchar a bheidh aici.

10.

Coinneoidh na hoibreoirí córas tarchurtha cuntas laethúil maidir leis an gcothabháil iarbhír agus maidir leis an gcur isteach iarbhír ar shreabhadh a tharla, agus cuirfidh siad ar fáil don údarás inniúil é, arna iarraidh sin dó. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil freisin dóibh siúd a ndearna an cur isteach difear dóibh, arna iarraidh sin dóibh.

2.   PRIONSABAIL MAIDIR LE MEICNÍOCHTAÍ LEITHDHÁILTE ACMHAINNE AGUS NÓSANNA IMEACHTA BAINISTITHE AR PHLÓDÚ A BHAINEANN LE hOIBREOIRÍ CÓRAS TARCHURTHA AGUS A gCUR I BHFEIDHM I gCÁS PLÓDAITHE CHONARTHAIGH

2.1.   PRIONSABAIL MAIDIR LE MEICNÍOCHTAÍ LEITHDHÁILTE ACMHAINNE AGUS NÓSANNA IMEACHTA BAINISTITHE AR PHLÓDÚ MAIDIR LE hOIBREOIRÍ CÓRAS TARCHURTHA

1.

Meicníochtaí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú, éascóidh siad forbairt na hiomaíochta agus forbairt thrádáil leachtach na hacmhainne agus beidh siad comhoiriúnach le meicníochtaí margaidh lena n-áirítear spotmhargaí agus moill trádála. Beidh siad solúbtha agus beidh siad in ann iad féin a chur in oiriúint do chúinsí athraitheacha an mhargaidh.

2.

Sna meicníochtaí agus sna nósanna imeachta seo, cuirfear san áireamh sláine an chórais lena mbaineann mar aon le slándáil an tsoláthair.

3.

Ní bheidh na meicníochtaí agus na nósanna imeachta seo ina mbac ar iontráil rannpháirtithe nua sa mhargadh ná ní chruthóidh siad bacainní nach gá ó thaobh iontrála isteach sa margadh. Ní chuirfidh siad cosc ar rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear iontrálaithe nua sa mhargadh agus cuideachtaí a bhfuil sciar bheag den mhargadh acu, ó dhul in iomaíocht go héifeachtach.

4.

Cuirfidh na meicníochtaí agus na nósanna imeachta sin comharthaí iomchuí eacnamaíocha ar fáil d'úsáid éifeachtach uasta na hacmhainne teicniúla agus éascóidh siad an infheistíocht i mbonneagar nua.

5.

Cuirfear na húsáideoirí lionra ar an eolas faoin gcineál cúinsí a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'infhaigteacht a n-acmhainne conraithe. Ba cheart go léireodh an fhaisnéis maidir le hidirbhriseadh an leibhéal faisnéise a bheidh ar fáil don oibreoir córais tarchurtha.

6.

I gcás ina mbeadh deacrachtaí ann chun na hoibleagáidí conarthacha maidir le seachadadh a chomhlíonadh de bharr cúiseanna a bhaineann le sláine an chórais, ba cheart go gcuirfeadh na hoibreoirí córas tarchurtha na húsáideoirí lionra ar an eolas faoi agus ba cheart dóibh díriú ar réiteach neamh-idirdhealaitheach a fháil gan mhoill.

Rachaidh na hoibreoirí córas tarchurtha i gcomhairle leis na húsáideoirí lionra maidir le nósanna imeachta sula gcuirfear chun feidhme iad agus comhaontóidh siad iad leis an údarás rialúcháin.

2.2.   NÓSANNA IMEACHTA UM BAINISTIÚ AR PHLÓDÚ I gCÁS PLÓDAITHE CHONARTHAIGH

1.

I gcás nach n-úsáidfear an acmhainn chonraithe, cuirfidh na hoibreoirí córas tarchurtha an acmhainn sin ar fáil, ar bhonn in-idirbhriste, ar an mbunmhargadh, trí mheán conarthaí a mbeidh réanna éagsúla acu, fad nach gcuireann an t-úsáideoir lionra an acmhainn sin ar fáil ar an margadh tánaisteach ar phraghas réasúnta.

2.

An t-ioncam ón acmhainn in-idirbhriste a scaoiltear, roinnfear é de réir rialacha arna leagan síos nó arna gceadú ag an údarás ábhartha rialúcháin. Beidh na rialacha sin comhoiriúnach leis an gceanglas maidir le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil an chórais.

3.

Féadfaidh na húdaráis ábhartha rialúcháin praghas réasúnta a chinneadh don acmhainn in-idirbhriste a scaoiltear agus na cúinsí sonracha atá i gceist á gcur san áireamh acu.

4.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha iarrachtaí réasúnta cuid, ar a laghad, den acmhainn nach n-úsáidtear a thairiscint don mhargadh mar acmhainn dhaingean.

3.   SAINMHÍNIÚ NA FAISNÉISE TEICNIÚLA IS GÁ LE GO mBEIDH ÚSÁIDEOIRÍ LIONRA IN ANN ROCHTAIN ÉIFEACHTACH A FHÁIL AR AN gCÓRAS, SAINMHÍNIÚ NA bPOINTÍ ÁBHARTHA UILE DO RIACHTANAIS TRÉDHEARCHACHTA AGUS AN FHAISNÉIS ATÁ LE FOILSIÚ AG NA POINTÍ ÁBHARTHA UILE AGUS AN SCEIDEAL AMA AR DÁ RÉIR A FHOILSEOFAR AN FHAISNÉIS SIN

3.1.   SAINMHÍNIÚ NA FAISNÉISE TEICNIÚLA IS GÁ LE GO mBEIDH ÚSÁIDEOIRÍ LÍONRA IN ANN ROCHTAIN ÉIFEACHTACH A FHÁIL AR AN gCÓRAS

Foilseoidh oibreoirí córas tarchurtha an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, faoina gcórais agus faoina seirbhísí:

(a)

cur síos mionsonraithe agus cuimsitheach ar na seirbhísí éagsúla a thairgtear agus ar na táillí a ghearrtar orthu;

(b)

na cineálacha éagsúla conarthaí atá ar fáil do na seirbhísí sin agus, de réir mar is infheidhme, an cód lionra agus/nó na coinníollacha caighdeánacha lena leagtar amach cearta agus freagrachtaí na n-úsáideoirí lionra ar fad, lena n-áirítear conarthaí comhchuibhithe iompair agus doiciméid ábhartha eile;

(c)

na nósanna imeachta comhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm agus an córas tarchurtha in úsáid, lena n-áirítear sainmhíniú na n-eochairthéarmaí;

(d)

forálacha maidir le leithdháileadh acmhainne, bainistiú plódaithe agus nósanna imeachta frithchuileála agus athúsáidte;

(e)

na rialacha is infheidhme maidir le trádáil acmhainne ar an margadh tánaisteach i leith an oibreora córas tarchurtha;

(f)

más infheidhme, na leibhéil solúbthachta agus lamháltais a chuimsítear san iompar agus i seirbhísí eile nach ngearrtar táillí ar leithligh orthu, agus aon solúbthacht a thairgtear sa bhreis air sin agus na táillí comhfhreagracha;

(g)

cur síos mionsonraithe ar chóras gáis an oibreora córais tarchurtha lena sonraítear na pointí ábhartha uile a idirnascann a chóras agus córas oibreoirí córas tarchurtha eile agus/nó bonneagar gáis amhail gás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus bonneagar is gá chun seirbhísí coimhdeacha a sholáthar mar a shainmhínítear iad le hAirteagal 2(14) de Threoir 2009/…/CE;

(h)

faisnéis maidir le cáilíocht an gháis agus riachtanais ó thaobh brú;

(i)

na rialacha is infheidhme maidir le nascadh leis an gcóras a oibríonn an t-oibreoir córais tarchurtha;

(j)

aon fhaisnéis, agus í á cur ar fáil go pras, maidir le hathruithe a bheartaítear nó a dhéantar ar na seirbhísí nó ar na coinníollacha, lena n-áirítear na nithe a liostaítear i bpointe (a) go pointe (i).

3.2.   SAINMHÍNIÚ NA bPOINTÍ ÁBHARTHA UILE DO RIACHTANAIS TRÉDHEARCACHTA

Áireofar na pointí seo a leanas, ar a laghad, mar phointí ábhartha:

(a)

na pointí iontrála uile ar lionra atá á oibriú ag oibreoir córais tarchurtha;

(b)

na príomhphointí scoir agus na príomhlimistéir scoir a chumhdóidh ar a laghad 50 % d'acmhainn imeachta iomláin líonra de chuid oibreora córais tarchurtha ar leith, lena n-áirítear na pointí scoir nó na limistéir scoir ar fad lena gcumhdaítear níos mó ná 2 % d'acmhainne iomláin an líonra;

(c)

na pointí uile lena nasctar líonraí difriúla de chuid oibreoirí córas tarchurtha;

(d)

na pointí uile lena nasctar líonra oibreora córais tarchurtha le críochfort GNL;

(e)

na pointí fíor-riachtanacha i líonra oibreora córais tarchurtha ar leith, lena n-áirítear na pointí lena nasctar le moil gáis. Gach pointe ar móide, i bhfianaise na taithí atá faighte, go mbeidh plódú fisiciúil ann, meastar gur pointe fíor-riachtanach é;

(f)

na pointí uile lena nasctar líonra oibreora córais tarchurtha ar leith le bonneagar is gá chun seirbhísí coimhdeacha a sholáthar mar a shainmhínítear iad le hAirteagal 2(14) de Threoir 2009/…/CE.

3.3.   FAISNÉIS A BHEIDH LE FOILSIÚ AG NA POINTÍ ÁBHARTHA UILE AGUS AN SCEIDEAL AMA AR DÁ RÉIR A gCAITHFEAR AN FHAISNÉIS SIN A FHOILSIÚ

1.

Foilseoidh na hoibreoirí córas tarchurtha, ag na pointí ábhartha uile, an fhaisnéis seo a leanas maidir le staid na hacmhainne síos go dtí tréimhsí laethúla ar an Idirlíon ar bhonn tráthrialta/atrátha agus ar bhealach soláimhsithe caighdeánaithe:

(a)

acmhainn uasta theicniúil na sreabh sa dá threo;

(b)

an acmhainn chonraithe agus in-idirbhriste iomlán;

(c)

an acmhainn atá ar fáil.

2.

Foilseoidh na hoibreoirí córas tarchurtha na hacmhainní atá ar fáil, do na pointí ábhartha uile, do thréimhse 18 mí ar aghaidh, ar a laghad, agus tabharfaidh siad an fhaisnéis sin chun dáta gach mí, ar a laghad, nó níos minice ná sin má bhíonn faisnéis nua ar fáil.

3.

Foilseoidh na hoibreoirí córas tarchurtha faisnéis, agus í á tabhairt cothrom le dáta ar bhonn laethúil, maidir le hinfhaighteacht na seirbhísí gearrthréimhseacha (lá roimh ré agus seachtain roimh ré) a bheidh bunaithe, inter alia, ar ainmniúcháin, ar na ceanglais chonarthacha reatha agus ar réamhaisnéisí fadtréimhseacha tráthrialta maidir le hacmhainní atá ar fáil ar bhonn bliantúil, ar feadh suas le deich mbliana, do na pointí ábhartha uile.

4.

Foilseoidh na hoibreoirí córas tarchurtha uasrátaí agus íosrátaí stairiúla úsáide acmhainne de réir na míosa agus meánsreabha bliantúla do na pointí ábhartha uile do na trí bliana dheireanacha ar bhonn atrátha.

5.

Coinneoidh na hoibreoirí córas tarchurtha cuntas laethúil ar shreabha comhiomlánaithe iarbhír ar feadh trí mhí, ar a laghad.

6.

Coinneoidh na hoibreoirí córas tarchurtha taifid éifeachtacha maidir leis na conarthaí acmhainne uile agus maidir leis an uile fhaisnéis ábhartha eile i dtaca le ríomh na n-acmhainní atá ar fáil agus i dtaca le rochtain orthu agus beidh rochtain ar na taifid sin ag na húdaráis ábhartha náisiúnta chun a ndualgais a chomhlíonadh.

7.

Cuirfidh na hoibreoirí córas tarchurtha ionstraimí soláimhsithe ar fáil chun taraifí a ríomh do na seirbhísí atá ar fáil agus chun an acmhainn atá ar fáil a sheiceáil ar-líne.

8.

I gcás nach mbeidh na hoibreoirí córas tarchurtha in ann faisnéis a fhoilsiú i gcomhréir le mír 1, mír 3 agus mír 7, rachaidh siad i gcomhairle lena n-údaráis náisiúnta ábhartha agus bunóidh siad Plean Gníomhaíochta lena chur chun feidhme, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2006.


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh.1775/2005

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 3

Airteagal 13

Airteagal 4

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 5

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 6

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 7

Airteagal 21

Airteagal 8

Airteagal 22

Airteagal 9

Airteagal 23

Airteagal 10

Airteagal 24

Airteagal 11

Airteagal 25

Airteagal 12

Airteagal 26

Airteagal 13

Airteagal 27

Airteagal 14

Airteagal 28

Airteagal 15

Airteagal 39

Airteagal 16

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 17

Airteagal 32

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn I


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

1.

An 19 Meán Fómhair 2007, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtain ar na líonraí tarchuradóireachta gáis nádúrtha, bunaithe ar Airteagal 95 den Chonradh, mar aon le pacáiste ina raibh ceithre cinn eile de thograí a bhain le margadh inmheánach an fhuinnimh.

2.

Thug Coiste na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a dtuairimí faoin bpacáiste iomlán an 10 (1) agus an 22 Aibreán 2008 (2) faoi seach.

3.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a Tuairim (3) ar an gcéad léamh an 9 Iúil 2008, agus d'fhormheas sí 47 leasú. Níor thíolaic an Coimisiún togra modhnaithe.

4.

An 9 Eanáir 2009, ghlac an Chomhairle a Comhsheasamh i gcomhréir le hAirteagal 251 den Chonradh, i bhfoirm Rialacháin athmhúnlaithe.

II.   CUSPÓIR AN TOGRA

5.

Is cuid den tríú pacáiste maidir le margadh inmheánach an fhuinnimh é an togra, mar aon leis an Treoir maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha, an Rialachán maidir le coinníollacha le haghaidh rochtain ar an líonra um malartuithe trasteorann sa leictreachas, an Treoir a bhaineann le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas, agus an Rialachán lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh. Tá sé d'aidhm aige rannchuidiú leis an gcuspóir margadh inmheánach a bheadh ag feidhmiú go maith a bhaint amach tríd an méid seo a leanas go háirithe a thabhairt isteach:

forálacha a bhfuil sé d'aidhm acu comhar breise agus comhordú breise a bhunú idir oibreoirí na gcóras tarchuradóireachta, inter alia trí líonra Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchuradóireachta don Ghás (ENTSO don Ghás) a bhunú;

ceanglais fheabhsaithe maidir le trédhearcacht;

forálacha a bhfuil sé d'aidhm acu feabhas a chur ar an rochtain ar shaoráidí stórála gáis agus GNL.

III.   ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH

6.   Barúlacha Ginearálta

6.1.

Mheas an Chomhairle gurbh éifeachtaí agus gur thrédhearcaí an mhaise di athmhúnlú a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin, gur mhó a bheadh an Rialachán ar comhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1775/205 agus gurbh fhusa é a léamh dá ndéanfaí amhlaidh. Agus an méid sin á dhéanamh aici, áfach, tá an togra leasaitheach ón gCoimisiún á urramú go hiomlán ag an gComhairle mar phrionsabal ginearálta, sa mhéid nár theagmhaigh sí le haon fhoráil eile nár chuid den togra ón gCoimisiún í, murar rud é go raibh gá le hathruithe de bharr na n-athruithe a rinne an Chomhairle ar an togra, nó de bharr na dtagairtí a bhí le hathrú mar go ndearnadh athuimhriú ar na hAirteagail etc. A mhéid a d'fhéad sí, lean an Chomhairle cur chuige an Choimisiúin maidir leis an gcóir cheannann chéanna a chur ar earnáil an leictreachais agus ar earnáil an gháis.

Ghlac an Coimisiún leis na hathruithe go léir a rinne an Chomhairle ar an togra uaidh.

6.2.

Maidir leis na 47 leasú a ghlac Parlaimint na hEorpa, lean an Chomhairle an Coimisiún sa mhéid go ndearna sí an méid seo a leanas:

ghlac sí na seacht leasú seo a leanas go páirteach/i bprionsabal: 12, 14, 16, 19, 50, 51 agus 44;

agus

níor ghlac sí leis na sé leasú seo a leanas: 4, 7, 13, 15, 23 agus 28, ar fhorais a bhain le substaint agus/nó le foirm.

6.3.

D'imigh an Chomhairle ón seasamh a bhí ag an gCoimisiún sa mhéid seo a leanas:

ghlac sí trí cinn de leasuithe: leasú 40 (i bprionsabal), leasú 42 (ina éirim), agus leasú 45 (go páirteach)

agus

níor ghlac sí leis na 31 leasú seo a leanas: 1 — 3, 5, 6, 8 — 11, 17, 18, 49, 22, 24 — 27, 29 — 31, 47, 33 — 39, 41, 43, agus 46.

7.   Barúlacha Sonracha

7.1.

Maidir leis na leasuithe ó PE, nuair a d'imigh an Chomhairle ón seasamh a bhí ag an gCoimisiún:

(a)

Ghlac an Chomhairle leis na leasuithe seo a leanas:

leasú 40 i bprionsabal toisc go measann sí gur gá tagairt do ‘grúpa saoráidí stórála’, ach gur gá freisin coinníoll a chur isteach;

leasú 42 in éirim de bhrí go measann sí go bhféadfadh sé, ar choinníollacha áirithe agus faoi theorainneacha áirithe, go bhféadfadh sé go gcaithfí déileáil go rúnda le sonraí a mbeadh baint acu le stóráil;

leasú 45 go páirteach trí líon saincheisteanna a scriosadh a raibh sé molta ag an gCoimisiún go bhféadfaí treoirlínte a ghlacadh in leith tríd an nós imeachta coiste.

(b)

Níor ghlac an Chomhairle leis na 31 leasú a liostaítear thuas (pointe 6.3.) ar na forais seo a leanas:

(i)

Baineann na leasuithe seo le forálacha nach cuid den togra ón gCoimisiún iad; níor glacadh leis na leasuithe sin ar bhonn prionsabail (féach thuas faoi 6.1): leasú 24, leasú 25, agus leasú 31.

(ii)

Níl gá leis na leasuithe seo ná níl breisluach acu, go háirithe toisc go gcumhdaítear na saincheisteanna sin go páirteach/go leordhóthanach i gcodanna eile den téacs: leasú 2; cumhdaítear leasú 3 go leordhóthanach le haithris 14; leasuithe 5, 6, 8, 11, 17; cumhdaítear leasú 49 le hAirt. 8(8 + 9); cumhdaítear leasú 27 go leordhóthanach le hAirt. 13(1); leasú 30; cumhdaítear leasú 33 go leordhóthanach le hAirt. 1(c); cumhdaítear leasú 34 go páirteach le hAirt. 16(5); leasú 36, leasú 37 agus leasú 38(an chéad chuid); leasú 43: cumhdaítear an prionsabal le hAirteagal 1.

(iii)

Níl na leasuithe soiléir: leasú 1 agus leasú 29.

(iv)

Tá téacs á thabhairt isteach leis an leasú nach bhfuil iomchuí, i.a. toisc go leagtar amach cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás rialúcháin sa Treoir maidir le Gás: leasú 9, leasú 10 (ina theannta sin, rinne an Chomhairle an tAirteagal maidir le margaí miondíola a aistriú chuig an Treoir maidir le gás), 38(an dara cuid), 39, 46.

(v)

Níl na leasuithe iomchuí: leasú 26 toisc go ndéileáiltear in Airt. 13 le taraifí, seachas le rialacha maidir le rochtain; leasú 47 go sonrach toisc gur scriosadh pointe b d'Airt. 16(3).

(vi)

Tugtar isteach le hAirteagal 18 téacs nach gcomhfhreagraíonn don ról atá an Chomhairle á thabhairt don Ghníomhaireacht; níl sé iomchuí, ar chúiseanna dlí, go ndéanfadh an Ghníomhaireacht cóid líonra a ghlacadh ná a fhormheas nó go nglacfadh sí cinntí a mbeadh raon feidhme ginearálta leo.

(vii)

Leasú 22 toisc gur cheart do ENTSO na comhairliúcháin (Airt. 10) a dhéanamh; le hAirt. 6, cumhdaítear an comhairliúchán is gá don Ghníomhaireacht a dhéanamh.

(viii)

Níl leasú 35 iomchuí toisc go bhféadfadh rórialúchán a bheith ann dá thoradh, agus ní gá an téacs a thugtar isteach le leasú 41 maidir le feidhmiú an Rialacháin.

7.2.

Maidir leis an togra ón gCoimisiún, thug an Chomhairle isteach modhnuithe áirithe eile (ar modhnuithe iad a bhain le substaint agus/nó le foirm); leagtar amach na príomh-mhodhnuithe thíos.

(a)

Deimhniú OCTanna

Mheas an Chomhairle gurbh iomchuí cuid den nós imeachta a aistriú chuig an gcuid den nós imeachta deimhniúcháin lena leagtar amach ról an Choimisiúin sa nós imeachta sin ón Treoir maidir le gás go dtí Airteagal 3 nua den Rialachán seo.

(b)

Cóid líonra a bhunú agus a mhodhnú

Mheas an Chomhairle gurbh iomchuí go leagfaí amach níos mine an nós imeachta maidir le cóid líonra a bhunú (Airt. 6) agus nós imeachta eile — ar ghiorra é- maidir le cóid líonra a mhodhnú (Airt. 7). Cuireadh na hAirteagail seo in ionad Airt. 2e den togra ón gCoimisiún. Thug an Chomhairle ról soiléir don Ghníomhaireacht ar cheart di treoirlínte neamhcheangailteacha réime a fhorbairt mar bhonn do na cóid líonra a chuirfidh ENTSO ar bun, na dréachtchóid líonra a athbhreithniú agus modhnuithe a mholfaí do na cóid líonra a mheasúnú. Más gá, féadfaidh an Coimisiún na cóid sin a ghlacadh tríd an nós imeachta coiste chun iad a dhéanamh ceangailteach (féach freisin aithris 14).

(c)

An Mhonatóireacht a dhéanfadh an Ghníomhaireacht

Thug an Chomhairle isteach dhá mhír ina leagtar amach an ról a bheidh ag an nGníomhaireacht maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcód líonra ag ENTSO (Airt. 9(1)(fomhír 2 + fomhír 3)).

(d)

Ceanglais trédhearcachta/rúndachta

Mheas an Chomhairle go raibh sé tábhachtach go bhféadfaí rúndacht maidir le sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála a áirithiú, faoi réir fhormheas an údaráis rialúcháin (aithris 23 agus Airt. 19(4)(an dara fomhír)).

(e)

Margaí miondíola

Mheas an Chomhairle gurbh iomchuí go ndéanfaí athdhréachtú ar an Airteagal maidir le margaí miondíola, agus i.a. an tagairt trasteorann a thógáil amach, agus í a aistriú ón Rialachán (Airt. 8a den togra ón gCoimisiún) chuig an Treoir maidir le gás (Airteagal 44 nua).

(f)

Pointí eile

Chuir an Chomhairle isteach arís an fhomhír dheireanach d'Airteagal 1, a eascraíonn as an Rialachán reatha gáis agus atá ag teacht le héirim an togra ón gCoimisiún.

Mheas an Chomhairle gurbh iomchuí an téarma ‘plean forbartha líonra’ a úsáid in ionad ‘plean infheistíochta’ agus gurbh iomchuí a shoiléiriú go bhfuil na pleananna seo neamhcheangailteach (Airt. 8(3)(a)).

I gcomhréir leis an bhformáid athmhúnlaithe, thug an Chomhairle isteach Airteagal nua leis an ngníomh reachtach reatha (Airt. 31) a chúlghairm.


(1)  IO C 172, 5.7.2008, lch. 55.

(2)  IO C 211, 19.8.2008, lch. 23.

(3)  Nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil.