52008SC0095




GA

An Bhruiséil, 30.1.2008

SEC(2008) 95

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE AN CHOIMISIÚIN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le faisnéis faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí

ACHOIMRE AR AN TUARASCÁIL FAOIN MEASÚNÚ IARMHARTA

AR SHAINCHEISTEANNA A BHAINEANN LE LIPÉADÚ COTHAITHE

{COM(2008) 40 leagan deireanach}

{SEC(2008) 92}

{SEC(2008) 93}

{SEC(2008) 94}

ACHOIMRE

1. Réamhrá

Sa Pháipéar Bán maidir le Straitéis don Eoraip i ndáil le saincheisteanna sláinte a bhaineann le Cothú, Iomarca Meáchain agus Otracht [1] cuireadh béim ar an ngá go mbeadh fáil ag tomhaltóirí ar fhaisnéis atá soiléir, comhsheasmhach agus fianaisebhunaithe le linn dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le bia a cheannach. Is slí chruthaithe é an lipéadú cothaithe chun faisnéis a thabhairt do thomhaltóirí i bhfoirm tacaíochta chun cinneadh atá comhfhiosach ó thaobh na sláinte de a dhéanamh agus bia á cheannach acu. Tá comhaontú forleathan san Eoraip faoi láthair go bhféadfar an éifeachtacht a bhíonn ag lipéadú cothaithe a neartú mar bhealach faisnéise do thomhaltóirí chun cuidiú leo aiste chothrom bia a roghnú.

Tá an t-athbhreithniú ar reachtaíocht an Chomhphobail a bhaineann le ceanglais ghinearálta lipéadaithe ar bhia (Treoir 2000/13/CE) agus le lipéadú cothaithe (Treoir 90/496/CE) ar áireamh i gclár oibre an Choimisiúin maidir le simpliú.

2. Saincheisteanna nós imeachta agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle leis na príomhgheallsealbhóirí i ndáil le hathbhreithniú Threoir 90/496/CE maidir le lipéadú cothaithe ar earraí bia idir 2003 - 2007. Rinneadh suirbhéanna ginearálta ar na páirtithe leasmhara go léir agus fuarthas an dearcadh atá acu ar fhorálacha agus ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta mar atá sí agus ar an ngá le hathrú. Ba fhreagróirí ó eagraíochtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha, ó thionscal agus daoine aonair a bhí i gceist. Bhí cuid áirithe den chomhairliúchán dírithe go sonrach ar Bhallstáit, ar thionscal nó ar thomhaltóirí. Le cois na faisnéise a bailíodh le linn pléití éagsúla i gCoistí agus i nGrúpaí Comhairleacha an Choimisiúin rinneadh comhairliúchán poiblí ar an idirlíon idir 13 Márta 2006 agus 16 Meitheamh 2006.

Bunaíodh Grúpa Idirsheirbhíse de chuid an Choimisiúin. Rinne saineolaithe ó Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla sa Choimisiún a bhí páirteach sa Ghrúpa agus Bord an Choimisiúin Eorpaigh um Mheasúnú Iarmharta mionscrúdú ar an measúnú iarmharta, agus thug an Bord a thuairim uaidh.

3.

Sainaithint fadhbanna

Baineann an Measúnú Iarmharta le hathbhreithniú Threoir 90/496/CE a sholáthraíonn creat maidir le faisnéis faoi chothú a thaispeáint ar lipéid bia. Le linn an chomhairliúcháin, níor cheistigh na geallsealbhóirí príomhchuspóir na reachtaíochta seo a bhaineann le lipéadú – is é sin tomhaltóirí a chur ar an eolas, dea-fheidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh agus coinníollacha cothroma iomaíochta a áirithiú.

Is éard a tugadh le fios san aiseolas go bhfuil na geallsealbhóirí míshásta maidir leis an reachtaíocht mar atá sí ach go bhfuil tuairimí an-éagsúla acu maidir leis an mbealach chun an reachtaíocht a fheabhsú. Mar shampla, tá a lán tomhaltóirí den tuairim gur deacair na lipéid cothaithe a úsáid cé nár thug an taighde le fios gurb é is cúis leis an bhfadhb seo an méid eolais a thugtar nó fachtóirí eile, amhail formáid an lipéid, easpa tuisceana ar théarmaí, leagan amach na faisnéise, clómhéid, etc. Éilíonn na tomhaltóirí breis eolais agus eolas "níos fearr" ar na lipéid agus is spéis leo faisnéis atá soiléir, simplí, cuimsitheach, caighdeánaithe agus údarásach. Tá an tionscal den tuairim go bhfuil an iomarca ceanglas lipéadaithe ann a bhaineann le rialacha mionsonraithe teicniúla a chur chun feidhme. Is ábhar imní don tionscal an costas a bhainfeadh le hathruithe agus ní mór cuimhneamh ar an tionchar a d'fhéadfadh bheith acu ar thrádáil idirnáisiúnta. Is mian leis na Ballstáit riachtanais na dtomhaltóirí agus riachtanais an tionscail a chothromú, agus aon saincheisteanna a bhaineann lena dtír go sonrach a chur san áireamh.

Is éard atá soiléir, áfach, gur ábhar casta na lipéid agus gurbh fhearr le formhór na dtomhaltóirí faisnéis faoi chothú atá simplí, soiléir, intuigthe, caighdeánaithe agus údarásach. Cé go dtacódh earnáil an tionscail le cuspóir dá leithéid, chuir siad in iúl go bhfuil imní orthu faoin nádúr forordaitheach atá ar an reachtaíocht mar atá sí agus na himpleachtaí costais a bhainfeadh le haon athruithe ionchasacha.

Sainaithníodh ceithre phríomh-shaincheist le linn an chomhairliúcháin chun breis iniúchta a dhéanamh orthu:

Éagothroime maidir le lipéadú cothaithe ar bhianna réamhphacáilte.

Aird a thabhairt ar na gnéithe cothaithe ba chóir a áireamh ar an lipéadú cothaithe.

Cothú a lipéadú go simplithe – go háirithe eolas ar an gcion cothaitheach a áireamh ar thaobh tosaigh an phacáiste.

Inléiteacht na faisnéise.

4. cuspóirí

Is iad seo a leanas príomhchuspóirí na reachtaíochta maidir le lipéadú cothaithe:

faisnéis thábhachtach ar chothú a chur ar fáil go forleathan;

lipéadú cothaithe a dhéanamh níos sothuigthe don tomhaltóir; agus

iomaíocht chothrom a chruthú idir na cuideachtaí.

Má chuirtear an cuspóir seo san áireamh, ba chóir go gcomhlíonfadh raon leathan an athbhreithnithe riachtanais na dtomhaltóirí agus riachtanais an tionscail, agus léiriú a thabhairt ar na sainchuspóirí seo a leanas:

faisnéis thábhachtach ar chothú a sholáthar – rud a chiallaíonn nach foláir athbhreithniú a dhéanamh ar na gnéithe cothaithe ba chóir a áireamh ar an lipéad cothaithe;

an fháil atá ag tomhaltóirí ar an bhfaisnéis a mhéadú agus eolas ar chothú a áireamh ar na táirgí réamhphacáilte go léir atá ábhartha nó geall leis;

an t-eolas a chur i láthair i slí atá so-aimsithe, sothuigthe agus so-úsáide don tomhaltóir, inléiteacht san áireamh;

an t-eolas ar chion cothaitheach atá ar thaobh tosaigh an phacáiste a shoiléiriú i dtaobh na reachtaíochta;

solúbthacht, eadhon cead a thabhairt don tionscal forbairt nuálaíoch a dhéanamh ar lipéadú cothaithe, oiriúnú do mhargaí éagsúla agus d'éilimh éagsúla tomhaltóirí, agus aird a thabhairt ar éagsúlachtaí i bpacáistíocht (méid, cruth, etc.);

chun bac ar an margadh aonair a sheachaint, agus chun ionchais na dtomhaltóirí agus an tionscail a bhaint amach, ba chóir meicníochtaí a chur i ngníomh chun an méid solúbthachta, más ann di, ar an leibhéal náisiúnta agus AE a rialú.

5. Mórcheisteanna Beartais agus na Sochair Ionchais a bhaineann le Simpliú

D'fhonn na cuspóirí a bhaint amach agus i gcomhréir leis an bpróiseas simpliúcháin rinneadh breithniú ar roinnt beart chun reachtaíocht uile an Chomhphobail a bhaineann le lipéadú bia a athbhreithniú. Is é an phríomhghné den simpliú a bhaineann leis an reachtaíocht maidir le lipéadú cothaithe:

5.1. Uirlisí ginearálta simpliúcháin a thabharfaidh an téacs dlíthiúil i gcomhréir le beartais eile an AE (Rialáil níos fearr san áireamh):

meicníocht sholúbtha ón mbonn aníos (rialú nua ar lipéadú) a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas an tionscail nuálaíocht a dhéanamh maidir le lipéadú bia, agus a chuirfeadh na rialacha maidir le lipéadú in oiriúint do mhargaí éagsúla agus d'éilimh éagsúla tomhaltóirí, nithe a bhíonn ag síorathrú.

athmhúnlú na bhforálacha éagsúla cothrománacha a bhaineann le lipéadú. Trí na téacsanna sin a chumasc, d'uasmhéadófaí sineirgí agus mhéadófaí soiléireacht agus comhsheasmhacht rialacha an Chomhphobail. Is modh cumhachtach simpliúcháin é seo a chuirfeadh creat rialúcháin atá níos soiléire agus níos cuíchóirithe ar fáil d'oibreoirí eacnamaíocha agus d'udaráis forfheidhmiúcháin.

6. Na Roghanna Bunúsacha

Sa tuarascáil faoin measúnú iarmharta déantar cur síos ar roghanna éagsúla i gcomhair gnímh Comhphobail chun déileáil leis na saincheisteanna seo. Tá éagsúlacht mhór idir na roghanna sin, ina measc amhail gan gníomh ar bith a dhéanamh (an cás a fhágáil mar atá sé) agus caingne dlí.

6.1. I gcás nach ndéanfaí aon idirghabháil ní thiocfadh aon athrú ar an staid mar atá sí ina bhfuil reachtaíocht scaipthe anseo agus ansiúd agus ag a bhfuil an tionchar diúltach seo a leanas:

– rialacha seachránacha mearbhlacha a lagaíonn cur chun feidhme éifeachtúil;

– ualaí nach bhfuil call leo ar an earnáil bia i ngeall ar cheanglais atá as dáta, iomarcach nó míshoiléir;

– úsáid neamhréireach lipéad ag tomhaltóirí;

– lipéadú neamhéifeachtúil mar uirlis chumarsáide;

– cliseadh ar an reachtaíocht oiriúnú a dhéanamh do na margaí atá ag síorathrú agus d'éilimh dhlisteanacha tomhaltóirí.

6.2. Breithníodh idirghabháil a dhéanamh i gcomhthéacsanna éagsúla, eadhon dírialáil, an reachtaíocht náisiúnta, cur chuige neamhreachtúil agus i gcomhthéacs reachtaíocht an Chomhphobail a athrú chun dáta.

6.2.1. Is éard a bheadh i gceist le cur chuige dírialála na hionstraimí bunúsacha beartais i gcomhair rialacha cothrománacha maidir le lipéadú bia a chealú, rud a mbeadh tionchar díreach aige ar na rialacha ceartingearacha maidir le lipéadú. Cé go gcuirfeadh na monaróirí bia na rialacha reatha i bhfeidhm go ceann tréimhse gairide eile, gheobhaidís réidh de réir a chéile le haon fhaisnéis ar ualach é dar leo. Le rialacha neamh-chomhchuibhithe chuirfí bac ar an margadh inmheánach, chruthófaí faisnéis mhíchruinn agus laghdófaí an leibhéal cosanta atá ag tomhaltóirí. Tá a gcuid buntáistí cruthaithe ag na rialacha reatha trí shaorghluaiseacht earraí agus cosaint tomhaltóirí a cheadú. Bheadh formhór na mBallstát agus na dtomhaltóirí in aghaidh na rialacha atá ann cheana a chealú de bhrí go bhfuil cleachtadh acu ar na ceanglais reatha agus seans go measfaí gur tréigean acquis fiúntach a bheadh in aon athrú. Dá bhrí sin, ní mheastar gur cur chuige inmharthana é an dírialáil.

6.2.2. Seo a leanas an toradh a bheadh ar reachtaíocht náisiúnta agus aisghairm rialacha comhchuibhithe an Chomhphobail: rialacha éagsúla náisiúnta a chuirfeadh bac ar an margadh inmheánach; iomaíocht chothrom as riocht; ualach riaracháin méadaithe ar thionscal; cur chuige neamhréireach ó thaobh inneachair agus infhaighteachta faisnéise de, rud a chuirfeadh mearbhall ar thomhaltóirí; leibhéil éagsúla cosanta do shaoránaigh an AE.

6.2.3. Cur chuige malaratach neamhreachtúil (féinrialúchán, comhrialúchán, treoir) – i ngeall ar na gnéithe éagsúla a bhaineann le faisnéis do thomhaltóirí agus ar an gclaonadh atá ann i dtreo "cultúr nua reachtaíochta" a fhorbairt is gá measúnú a dhéanamh ar chur chuige a bheadh leath bealaigh idir solúbthacht agus forordú agus idir gníomh ar an leibhéal náisiúnta agus gníomh ar an leibhéal AE. D'fhéadfadh sé go mbeadh rialú il-leibhéil ón mbonn aníos (áitiúil/náisiúnta/comhphobail) a bheadh bunaithe ar phrionsabal an tiomantais don chleachtas foirmiúil intomhaiste is fearr agus do chomhroinnt sonraí idir geallsealbhóirí ina rogha malartach inmharthana i gcomhair gnéithe áirithe den reachtaíocht agus tá an mheicníocht nuálaíoch seo á meas mar rogha.

7. Saincheisteanna beartas agus roghanna sainiúla

Cé go ndearnadh na modhanna bunúsacha cur chuige a bheadh mar mhalairt a mheas, ós rud é go mbaineann an tionscnamh i dtrácht le hathbhreithniú ar an reachtaíocht agus go bhfuil réimsí soiléire sainaitheanta chun críche gníomhartha tríd an gcomhairliúchán forleathan, bunaíodh an mhionanailís a rinneadh ar na hiarmhairtí ar na roghanna gníomhartha a bhaineann leis na ceithre phríomh-shaincheist a sainaithníodh chun críocha athbhreithnithe sa reachtaíocht:

7.1. Saincheist Beartais 1: Éagothroime maidir le lipéadú cothaithe ar bhianna réamhphacáilte

7.1.1. Fadhbanna reatha

Meastar go bhfuil sé ríthábhachtach faisnéis ar chothú a sholáthar ionas go mbeidh tomhaltóirí in acmhainn roghanna a dhéanamh go feasach. É sin ráite, níl an fhaisnéis a áirítear ar tháirgí comhionann i measc na gcatagóirí táirgí éagsúla ná i measc na mBallstát fiú. Ní móide fós go gcuirtear faisnéis ar tháirgí a bhfuil tréithe diúltacha acu, amhail cion ard saille.

7.1.2. Roghanna beartas

Scrúdaíodh na roghanna amhail nach ndéanfadh an tAE aon ghníomh, cur chuige deonach agus cur chuige reachtúil, lena n-áirítear lipéadú sainordaitheach ar tháirgí.

7.1.3. Príomhthorthaí

Ní leor an rogha maidir leis an staid a fhágáil mar atá ná an cur chuige deonach chun dul i ngleic leis an bhfadhb atá sainaitheanta, go háirithe maidir le faisnéis a thabhairt ar tháirgí a bhfuil tréithe diúltacha ag baint leo.

Scrúdaíodh an cás maidir le lipéadú sainordaitheach a thabhairt isteach a bheadh infheidhme maidir le gach tionscal nó eisceachtaí do ghnóthais bheaga agus meánmhéide ar an iomlán nó do mhicreaghnólachtaí amháin. I gcás an tionchair a d'fhéadfadh a bheith aige ar an tionscal bheadh tionchar mór ag aon lipéadú cothaithe a chuirfí i bhfeidhm go sainordaitheach gan eisceachtaí dá ndéanfaí é a chur i bhfeidhm láithreach. Measadh, áfach, dá mbeadh idirthréimhse trí bliana i gceist go dtiocfadh ísliú suntasach ar an gcostas go timpeall €1.2 billiún. Maidir leis an gcuspóir a bhaineann le faisnéis a chur ar fáil i slí níos forleithne don tomhaltóir, is é an rogha a chuideodh chun an fhaisnéis a áireamh i slí níos forleithne lipéadú sainordaitheach ar na bianna réamhphacáilte go léir. Fiú dá ndéanfaí eisceachtaí de mhicreaghnólachtaí bheadh súil le go ndéanfaí tuairim is 90% de na bianna réamhphacáilte a lipéadú. Tá súil le go mbeadh mar thionchar ag infhaighteacht fhorleathan faisnéise faoi chothú go dtiocfadh athrú ar iompraíocht na dtomhaltóirí, ag a mbeadh sochair ionchasacha do shláinte an phobail.

7.2. Saincheist Beartais 2 – Cé mhéad faisnéise ar chothú ba chóir a áireamh ar an lipéad – na gnéithe cothaitheacha ba chóir a áireamh ar an lipéad cothaithe a mheas

7.2.1. Fadhbanna reatha

Is éard is aidhm do lipéadú cothaithe tomhaltóirí a chur ar an eolas agus cuidiú leo aiste bia atá cothrom ar bhonn cothaitheach a roghnú. I ngeall air sin is í an cheist is ceart a chur cén fhaisnéis ba chóir a áireamh ar lipéad cothaithe chun an aidhm sin a bhaint amach. Faoi láthair ní foláir eolas a thabhairt ar an lipéad cothaithe maidir le fuinneamh, próitéin, carbaihiodráit agus saill. Tugadh chun suntais i Straitéis Dhomhanda na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Cothú, Gníomhaíocht Choirp agus Sláinte [2] go bhfuil baint ag na cothaithigh seo a leanas le baol méadaithe galar neamhthógálach: saill, saill sháithithe, aigéid shailleacha thrasacha, siúcraí simplí, agus salann (sóidiam). Tagann siad seo a bheag nó a mhór leis na gnéithe cothaitheacha ba mhinice a luadh i gcomhairliúchán 2006. D'iarr geallsealbhóirí áirithe, áfach, naoi ngné chothaitheacha a áireamh ar an lipéad. Tá geallsealbhóirí eile den tuairim go gcuirfeadh liosta fada cothaitheach mearbhall ar an tomhaltóir. Is gá an meá cothrom idir faisnéis a sholáthar ar na gnéithe is ábhartha do shláinte an phobail agus faisnéis chuimsitheach a mheas in éineacht le tuiscint na dtomhaltóirí agus an baol go dtabharfaí an iomarca eolais.

7.2.2. Roghanna beartas

Cuireadh na roghanna amhail gan gníomh ar bith a dhéanamh, cur chuige deonach, agus cur chuige reachtúil san áireamh maidir leis na príomhghnéithe i gcomhair lipéadú cothaithe a shonrú.

7.2.3. Príomhthorthaí

Is éard a chiallódh an rogha maidir leis an staid a fhágáil mar atá nó an cur chuige deonach nach dtiocfadh an t-eolas a sholáthrófaí i gcónaí leis na gnéithe cothaitheacha a mbeadh an spéis is mó ag an tomhaltóir iontu. Dá ndéanfaí aon athrú ar na ceanglais reatha d'fhéadfadh sé go mbeadh tionchar aige seo ar ghnólachtaí a mbeadh orthu faisnéis éagsúil ar chomhdhéanamh cothaithe a bhailiú dá dtáirgí. Meastar go bhféadfadh éagsúlacht mhór costais a bheith i gceist, is é sin ó chostas íseal (dá mbeadh na bogearraí ríomhaire ar fáil a chinnteodh go ndéanfaí an cion cothaitheach i mbianna a ríomh go tapa) go dtí €3.7 billiún dá mbeadh gá an t-eolas a bhailiú trí anailís cheimiceach a dhéanamh ar an táirge. D'fhéadfaí sochair ionchasacha a chruthú do na tomhaltóirí dá bhfolófaí san fhaisnéis arna áireamh na gnéithe cothaitheacha is minice a mbítear sa tóir orthu agus na gnéithe sin atá tábhachtach i dtéarmaí shláinte an phobail agus a bhfuil baint acu leis an mbaol galair áirithe neamhthógálacha a fhorbairt.

7.3. Saincheist Beartais 3 - Cothú a lipéadú go simplithe – go háirithe eolas ar chion cothaitheach a áireamh ar thaobh tosaigh an phacáiste

7.3.1. Fadhbanna reatha

Tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar an méid eolais ar chion cothaitheach i bhfoirm shimplithe a áirítear ar lipéid ós rud é go bhfuil Údaráis na mBallstát agus eagraíochtaí a ionadaíonn an tionscal ag cur scéimeanna den sórt sin chun cinn. Níl aon soiléire, áfach, faoin reachtaíocht mar atá sí maidir le heolas dá leithéid a chur i láthair, go háirithe na lipéid a mholtar a úsáid ar thaobh tosaigh an phacáiste, agus tá gá le soiléiriú ina leith sin. Lena chois sin, má chuirtear scéimeanna difriúla i bhfeidhm d'fhéadfadh mearbhall bheith ar an tomhaltóir agus bac bheith ar thrádáil don tionscal.

7.3.2. Roghanna beartas

Rinneadh measúnú ar na roghanna amhail gan gníomh ar bith a dhéanamh, cur chuige deonach, agus cur chuige reachtúil – leagan amach dá leithéid ar an lipéad a thoirmeasc, nó creat a chur ar fáil i gcomhair cur chuige dheonaigh nó an t-eolas a áireamh ar bhonn sainordaitheach.

7.3.3. Príomhthorthaí

Is é an tátal ón anailís gurb é a chiallódh sé dá bhfágfaí an staid mar atá sé nó dá bhfágfaí é faoi chur chuige deonach go leanfaí den iomadú de scéimeanna éagsúla. Is gá an staid a shoiléiriú, áfach, maidir le go bhféadfadh iarmhairtí diúltacha don tionscal agus do thomhaltóirí bheith ag toirmeasc ar lipéadú dá leithéid. Dá soláthrófaí creat i gcomhair lipéadú ar thaobh tosaigh an phacáiste, dá bhrí sin, rachadh sé chun leasa an tomhaltóra (rud a laghdódh an baol mearbhall bheith orthu) agus chun leasa an tionscail leis (rud a laghdódh an baol bacainní ar shaorghluaiseacht earraí a chruthú). Dá n-áireofaí an t-eolas ar bhonn sainordaitheach d'fhéadfadh níos mó tionchair bheith ag an lipéadú cothaithe ar iompraíocht tomhaltóirí mar go dtugann an fhianaise atá ann le tuiscint go dtugann tomhaltóirí aird níos minice ar eolas a chuirtear ar thaobh tosaigh an phacáiste ná mar a thugann siad ar eolas a chuirtear ar chúl an phacáiste.

7.4. Saincheist Beartais 4 – Inléiteacht na faisnéise

7.4.1. Fadhbanna reatha

Is beag an leas atá ann don tomhaltóir más deacair an fhaisnéis faoi chothú a léamh. Baineann ceist na hinléiteachta le gnéithe áirithe den leagan amach, clómhéid, clóstíl agus clódhath, codarsnacht leis an gcúlra etc. Is é clómhéid an phríomhchúis gearáin, go háirithe, maidir le faisnéis ar chúl an phacáiste. Is gá a mheas ar chóir an reachtaíocht a oiriúnú chun creat a sholáthar don fhoráil ghinearálta go mbeadh lipéid inléite. Tá an cheist seo ábhartha i gcás na faisnéise go léir a thugtar ar lipéid bia, ní i gcás faisnéise faoi chothú amháin.

7.4.2. Roghanna beartas

Rinneadh measúnú ar na roghanna amhail gan gníomh ar bith a dhéanamh, cur chuige deonach, agus cur chuige reachtúil.

7.4.3. Príomhthorthaí

Is léir ón anailís a rinneadh ar na roghanna nach dtiocfadh feabhas suntasach ar an staid mar atá sí mura n-athrófaí aon rud nó dá bhfágfaí faoi chur chuige deonach é. Chuideodh sé go mór chun dul i ngleic leis an bpríomhghearán ó thomhaltóirí dá n-áireofaí clómhéid íosta don chló a chuirtear ar lipéid bia.

8. Conclúid

Is é an rogha inmhianta atá sainaitheanta lipéadú sainordaitheach a dhéanamh ar fhaisnéis faoi chothú maidir le fuinneamh, saill, saill sháithithe, siúcraí agus salann sa phríomhréimse radhairc (taobh tosaigh an phacáiste) agus na cothaithigh eile a thabhairt le fios ar bhonn deonach. Is féidir an tionchar ar mhonaróirí a íoslaghdú trí idirthréimhsí a chur ar fáil a chinnteoidh go bhféadfar na hathruithe maidir le lipéadú a dhéanamh le linn an ghnáth-thimthrialla atá i bhfeidhm i gcuideachtaí chun athrú a dhéanamh ar lipéid. Lena chois sin, trí fháil a bheith acu ar chórais ríomhairí a áiritheodh go bhféadfaí comhdhéanamh cothaithigh táirge a ríomh go héasca thiocfadh laghdú suntasach ar aon chostais a bhainfeadh le faisnéis dá leithéid a fháil.

[1] An Coimisiún Eorpach (2007), Páipéar Bán maidir le Straitéis don Eoraip i ndáil le saincheisteanna sláinte a bhaineann le Cothú, Iomarca Meáchain agus Otracht - COIM(2007) 279.

[2] Rún 57.17 ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, 2004, Straitéis Dhomhanda maidir le cothú, gníomhaíocht choirp agus sláinte.

--------------------------------------------------