52008PC0058

Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit /* COIM/2008/0058 leagan deireanach - COD 2008/0026 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 7.2.2008

COIM(2008) 58 leagan deireanach

2008/0026 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1. Forais agus cuspóirí an togra

Is é cuspóir an togra seo lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3330/91 ón gComhairle[1]:

- líon na ngnóthas a chuireann reachtaíocht an Chomhphobail oibleagáid orthu tuairisc a chur chuig an gcóras staidrimh a bhaineann le trádáil laistigh den Chomhphobal (Intrastat) a laghdú, agus ar an dóigh sin ualach an tuairiscithe staidrimh a laghdú;

- na ceanglais cháilíochta i gcomhair tiomsú staidrimh a bhaineann le trádáil laistigh den Chomhphobal a dhéanamh níos doichte mar chúiteamh ar an gcaillteanas i gcruinneas sonraí do thrádáil nach bhfógraíonn gnóthais ach atá measta ag na húdaráis náisiúnta;

- freagairt do riachtanais úsáideoirí trí staidreamh trádála a thiomsú laistigh den Chomhphobal atá mionsonraithe de réir saintréithe gnó;

- Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 a oiriúnú — i gcomhréir leis an dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[2] maidir le Cinneadh 2006/512/CE — do Chinneadh 1999/468/CE an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[3] arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE, a rinne nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a thabhairt isteach maidir le bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunúsach a leasú, ar ionstraim í a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, lena n-áirítear cuid de na heilimintí sin a scriosadh nó an ionstraim a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi.

1.2. Comhthéacs ginearálta

Tá an Coimisiún tiomanta do rómhaorlathas neamhriachtanach agus ró-rialáil a laghdú. Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún “ Better Regulation for Growth and Jobs in the European Union ” [Rialáil Níos Fearr ar mhaithe le Fás agus Poist san Aontas Eorpach]’[4], tá simpliú reachtaíocht an AE atá ann cheana (agus, mar sin, an t-ualach ar ghnóthais a laghdú) ar cheann de na saincheisteanna ag lár an tionscnaimh beartais seo. Ag tús 2005, sheol an Coimisiún comhairliúchán forleathan leis na Ballstáit agus leis an bpobal gnó, le cois comhairliúcháin phoiblí ar an idirlíon. I ndiaidh an chomhairliúcháin seo, ghlac an Coimisiún, an 25 Deireadh Fómhair 2005, Teachtaireacht[5] lena leagtar amach straitéis simpliúcháin nua ag leibhéal an AE. Sainaithníodh sa Teachtaireacht seo beart tosaigh de reachtaíocht le bheith simplithe ar bhonn comhairliúcháin leathain, agus sheol sí próiseas leanúnach a fuair spreagadh ó nósanna imeachta athbhreithnithe nua agus níos córasaí chun tosaíochtaí simpliúcháin don todhchaí a aithint, bunaithe ar anailís leathan ar iarmhairt na reachtaíochta.

Leagtar amach le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Teachtaireacht clár leanúnach don straitéis simpliúcháin nua. Sonraíonn an clár na píosaí reachtaíochta atá le hathbhreithniú agus le measúnú d’fhonn iad a shimpliú sna trí bliana amach romhainn. Tugann sé aghaidh ar a lán de na cúiseanna imní sonracha a d’eascair as an gcomhairliúchán leathan i bpríomhréimsí a bhaineann le hiomaíochtas gnó cosúil le dlí na gcuideachtaí, seirbhísí airgeadais, iompar, cosaint tomhaltóirí, dramhaíl agus staidreamh i ndáil le trádáil eachtrach.

Tugadh aghaidh ar shimpliú i réimse an staidrimh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún “ Reduction of the response burden, simplification and priority-setting in the field of Community statistics’ ‘ [Laghdú ar an ualach freagartha, simpliú agus socrú tosaíochtaí i réimse staidrimh Comhphobail]’[6]. Aithníodh sa Teachtaireacht sin go bhfuil sé indéanta agus inmhianaithe simpliú a dhéanamh sa réimse a bhaineann le staidreamh i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit (Intrastat).

Coimeádann staidreamh a bhaineann le trádáil laistigh den Chomhphobal taifead ar shreabha fisiceacha earraí sochorraithe idir Ballstáit. Bailíonn na húdaráis staidrimh náisiúnta na sonraí ó chuideachtaí ar bhonn míosúil. Cuimsíonn an staidreamh a thiomsaítear ar bhonn na sonraí seo taifid mhíosúla faoi shreabha ag teacht isteach (inseolacháin) agus sreabha ag dul amach (eiseolacháin) arna dtabhairt le fios i luach agus i gcainníocht atá miondealaithe de réir Ballstáit tuairiscithe agus comhpháirtíochta, agus de réir tráchtearra i gcomhréir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte.

Chuir Comhairle ECOFIN an 28 Samhain 2006 fáilte roimh thionscnamh an Choimisiúin chun an t-ualach staidrimh a laghdú agus thug sí cuireadh don Choimisiún “anailís a dhéanamh ar cé chomh hindéanta agus a bheadh sé úsáid a bhaint as modh ina bhfuil sreabh amháin (in Intrastat) agus as modhanna ar a mbeadh na torthaí céanna tríd is tríd, mar aon le saincheisteanna aistrithe, agus, leis an anailís sin curtha san áireamh acu, slí shonrach le haghaidh dul chun cinn breise a chur faoi bhráid na Comhairle i mí Dheireadh Fómhair 2007”. Chuir an Chomhairle i bhfios go láidir freisin nach bhféadfadh an t-aistriú chuig córas ina bhfuil sreabh amháin, nó cur chun feidhme aon mhodha eile chun laghdú suntasach a dhéanamh ar an ualach freagartha staidrimh, dul i gcion ar infhaighteacht, tráthúlacht ná cáilíocht an staidrimh náisiúnta sin atá ríthábhachtach chun críocha bheartas eacnamaíoch na hEorpa, amhail staidreamh faoi chuntais náisiúnta agus sonraí faoi shreabha comhiomlána idir limistéar an euro agus Ballstáit eile an AE.

Chun scrúdú breise a dhéanamh ar bhealaí chun an córas staidrimh a bhaineann le trádáil laistigh den Chomhphobal a nuachóiriú agus an t-ualach tuairiscithe a laghdú, bhunaigh Eurostat Meitheal atá tiomanta go sonrach do shimpliú Intrastat. Tá sé comhdhéanta de speisialtóirí ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún agus feidhmíonn sé mar theach imréitigh d’obair staidéir agus d’anailísí arna ndéanamh ag a fhoghrúpaí éagsúla.

Dhírigh na hanailísí a rinne an Meitheal agus a fhoghrúpaí ar dhá phríomhrogha simpliúcháin: athrú chuig córas tuairiscithe ina bhfuil sreabh amháin agus na tairseacha díolúine don tuairisciú chuig Intrastat a ardú, rud a laghdódh an cuimsiú trádála. Fuarthas nach mbeadh tionchar suntasach ag na roghanna eile go léir ar ualach tuairiscithe na ngnóthas.

Rinneadh an dá phríomhrogha a mheasúnú i gcoinne trí chritéar mheastóireachta: ualach ar ghnóthais, tráthúlacht sonraí agus cruinneas sonraí. Léiríonn na torthaí gurb é rogha na dtairseach an réiteach is indéanta sa ghearrthréimhse. Ba é an rogha ba ansa le saineolaithe na mBallstát atá ar an Meitheal freisin. Ar an taobh eile de, baineann míbhuntáistí móra leis an rogha ina bhfuil sreabh amháin agus ní fhéadfaí iad a shárú sa ghearrthréimhse.

Faoi láthair, socraíonn Ballstáit a dtairseacha ag leibhéal a ráthaíonn go gcuimsítear 97 faoin gcéad ar a laghad dá dtrádáil i dtéarmaí luacha. Ag deireadh 2006, chiallaigh sé sin go raibh thart ar 78 faoin gcéad de na gnóthais a bhí i mbun trádála le Ballstáit eile díolmhaithe ón dualgas tuairiscithe. Tríd an íos-ráta cuimsiúcháin a laghdú, méadófar líon na gcuideachtaí atá díolmhaithe ó thuairisc a chur chuig Intrastat.

D’fhéadfaí ísliú íos-ráta cuimsiúcháin Intrastat a chur chun feidhme laistigh d’achar gearr ama. Is fíor sin toisc nach n-athraíonn ardú na dtairseach loighic an chórais. Fanann prionsabail agus nósanna imeachta an chórais atá ann cheana mar an gcéanna. Mar sin, is féidir an t-athrú ar chuimsiú trádála a chur chun feidhme go héasca: níl na hathruithe ar reachtaíocht agus na bearta tionlacain chun cáilíocht na sonraí staidrimh a ráthú chomh suntasach ná chomh casta agus a bheadh chun an rogha ina bhfuil sreabh amháin a chur chun feidhme.

Mar sin féin, má laghdófar cuimsiú Intrastat laghdófar cruinneas na sonraí ag an am céanna. Beidh sé riachtanach meastacháin bhreise a dhéanamh ar shonraí neamhbhailithe. Méadóidh sé freisin líon na neamhshiméadrachtaí i sreabha trádála scáthánacha, go háirithe ag an leibhéal is mionsonraithe den aicmiú tráchtearraí. Mar thoradh ar dhifríochtaí sna modhanna meastacháin atá in úsáid ag na Ballstáit éagsúla, d’fhéadfadh méadú teacht ar líon na neamhshiméadrachtaí ar leibhéal an chomhiomlánaithe freisin. Mar sin, ciallaíonn an laghdú ar chuimsiú go gcaithfear bearta tionlacain a chur i ngníomh chun cáilíocht shásúil na sonraí staidrimh a áirithiú.

Os cionn an réitigh ghearrthréimhsigh, tá sé úsáideach anailís bhreise a dhéanamh ar cé chomh hindéanta agus a bheadh sé athrú chuig tuairisciú ina bhfuil sreabh amháin san fhadtréimhse, chun go mbeadh úsáideoirí sásta glacadh leis an athrú féideartha seo ar an gcóras staidrimh. I measc na saincheisteanna tosaíochta ar gá iad a anailísiú ina leith sin tá laghdú suntasach ar na neamhshiméadrachtaí i sreabha trádála scáthánacha, teacht ar réiteach ar fhadhb na tráthúlachta trí mhodhanna meastacháin iontaofa a fhorbairt do shonraí atá ar iarraidh nó moillithe, agus nósanna imeachta a fhorbairt chun cáilíocht a sheiceáil a fhreastalódh ar riachtanais náisiúnta. Ina theannta sin, ba chóir scrúdú breise a dhéanamh ar roinnt roghanna eile simpliúcháin, amhail comhtháthú dearbhuithe Intrastat agus VIES (córas malartaithe faisnéise CBL) agus forbairt bhreise uirlisí TF do thuairisciú uathoibríoch[7].

Sna blianta amach anseo, tabharfaidh an clár MEETS (Nuachóiriú ar Staidreamh Eorpach a bhaineann le Fiontraíocht agus Trádáil)[8] aghaidh ar na gníomhaíochtaí seo. Ba chóir go dtosódh MEETS ag feidhmiú in 2008 ar feadh tréimhse 5 bliana (go dtí 2013). Ar cheann dá cheithre chuspóir tá obair staidéir a dhéanamh ar shimpliú Intrastat. Tá buiséad EUR 8.965 milliún curtha ar leataobh don chuspóir seo.

1.3. An réiteach atá beartaithe

Caithfidh an réiteach gearrthréimhseach a bheith comhsheasmhach le haon rogha fadtréimhseach don simpliú, e.g. tuairisciú ina bhfuil sreabh amháin. Ag an tráth céanna, ba chóir dó an t-ualach tuairiscithe staidrimh ar ghnóthais a laghdú go suntasach agus cáilíocht shásúil na sonraí staidrimh á háirithiú aige.

Mar sin, beartaítear an cuimsiú trádála d’inseolacháin a laghdú go 95% agus an cuimsiú trádála 97% a choinneáil d’eiseolacháin. Bheadh réiteach dá leithéid i gcomhréir le rogha ina bhfuil sreabh amháin a d'fhéadfadh bheith ann sa todhchaí bunaithe ar bhailiú sonraí eiseolacháin. Tá acmhainn shuntasach ann an t-ualach tuairiscithe ar ghnóthais bheaga agus meánmhéide (GBManna) a laghdú ach go háirithe, mar thoradh ar struchtúr na gcuideachtaí tuairiscithe ar thaobh na n-inseolachán: GBManna atá i gceist den chuid is mó. Léirigh an anailís freisin nach mbíonn ach tionchar beag ag ísliú an chuimsiúcháin trádála go 95% ar cháilíocht na sonraí staidrimh, agus mar sin go mbeadh úsáideoirí sásta glacadh leis. In ainneoin sin, tá sé inmhianaithe bearta a chur i ngníomh chun feabhas a chur ar cháilíocht agus comparáideacht an staidrimh arna thiomsú ag na Ballstáit agus molfar iad sa reachtaíocht.

Le cois an tionscnaimh chun an t-ualach staidrimh ar ghnóthais a laghdú, freastalaíonn an togra ar iarrataí eile ó úsáideoirí maidir le trádáil de réir saintréithe gnó. Ba chóir do Bhallstáit sonraí trádála bliantúla a sholáthar atá mionsonraithe de réir saintréithe gnó chun a léiriú, mar shampla, conas a fheidhmíonn cuideachtaí Eorpacha i gcomhthéacs an domhandaithe. Is féidir an nasc idir staidreamh gnó agus trádála a bhunú trí fhaisnéis atá ar fáil sa chlár maidir le trádáil laistigh den Chomhphobal a mheaitseáil le faisnéis ó chláir ghnó na mBallstát. Faoi láthair, tiomsaíonn formhór na mBallstát an staidreamh seo ar bhonn deonach. Tá sé d’aidhm ag an togra bunús dlí a chur ar fáil do thiomsú éigeantach. I gcomhthráth, éilítear an fhaisnéis chéanna faoi thrádáil le tíortha nach Ballstáit sa togra le haghaidh reachtaíocht Extrastat a leasú[9].

Ar deireadh, leasaítear le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir le coisteolaíocht. Thug sé isteach an “nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú” do bhearta ag a bhfuil raon feidhme ginearálta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraimí bunúsacha a leasú. Ní mór Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 atá ann cheana a choigeartú dá réir.

1.4. Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh 3330/91 ón gComhairle [10]. Déanfar an Rialachán a leasú leis an togra seo.

Rialachán (CE) Uimh. 1982/2004 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2004 ag cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1901/2000 agus (CEE) Uimh. 3590/92[11] ón gCoimisiún. Tá sé d’aidhm ag an togra na forálacha cur chun feidhme a leasú.

1.5. Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an AE

Tá an togra comhsheasmhach le Tionscnamh an Aontais Eorpaigh um 'Rialáil Níos Fearr'.

2. COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA

2.1. Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Ag deireadh 2006, bhunaigh Eurostat Meitheal atá tiomanta go sonrach do shimpliú Intrastat chun scrúdú breise a dhéanamh ar bhealaí chun an córas staidrimh a bhaineann le trádáil laistigh den Chomhphobal a nuachóiriú agus an t-ualach tuairiscithe a laghdú.

Phléigh Comhairle ECOFIN arís an 13 Samhain 2007 bearta chun an t-ualach staidrimh a laghdú agus d’aontaigh siad togra chun an cóimheas cuimsiúcháin a laghdú sa ghearrthréimhse fad agus a bheidh modh eile á ullmhú san fhadtréimhse, amhail an modh ina bhfuil sreabh amháin, ar gá staidéar breise a dhéanamh air.

2.2. Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

2.3. Anailís ar éifeachtaí agus iarmhairtí

Aithníodh trí rogha:

Rogha A: An status quo a choinneáil agus an reachtaíocht atá ann cheana a fhágáil gan athrú.Rialaítear bailiú sonraí faoi thrádáil laistigh den Chomhphobal le reachtaíocht an Chomhphobail. Mar sin, ní féidir tiomantas an Choimisiúin do laghdú breise an ualaigh staidrimh ar ghnóthais i réimse Intrastat a bhaint amach ach trí athrú a dhéanamh ar an gcreat dlí atá ann cheana.

Rogha B An t-íos-ráta laghdaithe do chuimsiú Intrastat agus na ceanglais cháilíochta a shocrú go díreach sa Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.Faoi láthair, sainmhínítear ráta cuimsiúcháin Intrastat in Airteagal 10(3) de Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun Rogha B a chur i ngníomh bheadh sé riachtanach an tAirteagal seo a leasú agus ceanglais maidir le cáilíocht na sonraí staidrimh a thabhairt isteach.Mar sin féin, is paraiméadar sách teicniúil é cuimsiú trádála agus mar sin tá sé níos iomchuí é a shonrú sna forálacha cur chun feidhme. Dá saineofaí ráta an chuimsiúcháin trádála sa Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle in ionad sna forálacha cur chun feidhme, laghdófaí freisin an tsolúbthacht is gá chun gur féidir an paraiméadar seo a athrú sa todhchaí le linn simpliú breise a dhéanamh ar an gcóras staidrimh a bhaineann le trádáil laistigh den Chomhphobal. Bheadh sé deacair freisin na ceanglais cháilíochta uile a shainiú roimh ré sa Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus arís, ní bheadh go leor solúbthachta ag an gcur chuige seo le leasuithe féideartha a dhéanamh.

Rogha C: An ráta cuimsiúcháin trádála arna chur in iúl in % a bhaint de Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 agus an chumhacht a thabhairt don Choimisiún íos-ráta cuimsiúcháin Intrastat agus na ceanglais cháilíochta a chinneadh.Áiritheoidh an cur chuige seo solúbthacht d’athruithe a d'fhéadfadh teacht ar ráta cuimsiúcháin Intrastat sa todhchaí. Bheadh na hathruithe sin bunaithe ar mheasúnú rialta ar na tairseacha agus arna dhéanamh de réir an nós imeachta coiste i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta (tagann Coiste Intrastat le chéile trí huaire sa bhliain) chun teacht ar an gcomhbhabhtáil is fearr idir an t-ualach staidrimh agus cruinneas na sonraí.Mar sin, mar chéadchéim, ba chóir do na forálacha cur chun feidhme ceadú do Bhallstáit an ráta cuimsiúcháin do shreabha inseolachán a ísliú faoi thús 2009 chun 95 faoin gcéad ar a laghad den luach inseolacháin a bhailiú, agus an tairseach d'eiseolacháin a choinneáil ag 97 faoin gcéad.Déanfar na clásail maidir le ceanglais cháilíochta a leasú ar an dul céanna. Ba chóir d’Airteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 an chumhacht a thabhairt don Choimisiún aon bhearta is gá chun feabhas a chur ar cháilíocht sonraí a chur chun feidhme. Bheadh sé úsáideach a bheith níos mionsonraithe maidir le conas an fhaisnéis atá ar iarraidh a mheas. Faoin reachtaíocht reatha, tá gach Ballstát freagrach as na sonraí atá ar iarraidh a mheas (Airteagal 12(2)). Mar sin, ba chóir an reachtaíocht a leasú chun gur féidir nósanna imeachta caighdeánaithe a ghlacadh faoin nós imeachta coiste. Is é C an rogha is ansa leis an gCoimisiún, mar, leis an rogha sin, is féidir simpliú spriocdhírithe a dhéanamh i gcomhair rogha na dtairseach. Cuireann sé an tsolúbthacht is fearr ar fáil chun coigeartú a dhéanamh ar chóras Intrastat toisc go ndéanfaidh Coiste Eurostat agus Intrastat na forálacha a bhainistiú.

3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

3.1. Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe

Cuireann an togra seo an creat dlí ar fáil chun níos mó cuideachtaí a dhíolmhú ón ngá faisnéis Intrastat a sholáthar, agus, ag an am céanna, caomhnaíonn sé cruinneas na sonraí agus freastalaíonn sé ar riachtanais úsáideoirí maidir le staidreamh faoi thrádáil de réir saintréithe gnó.

3.2. Bunús dlí

Tugann Airteagal 285 den Chonradh an bunús dlí le haghaidh staidrimh Comhphobail. Glacann an Chomhairle, agus í ag gníomhú faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta, bearta maidir le táirgeadh an staidrimh is gá le haghaidh feidhmiú ghníomhaíochtaí an Chomhphobail. Leagann an tAirteagal amach ceanglais maidir le staidreamh an Chomhphobail a tháirgeadh, a chaithfidh na caighdeáin maidir le neamhchlaontacht, iontaofacht, oibiachtúlacht, neamhspleáchas eolaíochta, éifeachtúlacht costais, agus rúndacht staidrimh a chomhlíonadh.

3.3. Prionsabal na coimhdeachta

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa mhéid is nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóir an ghnímh bheartaithe, is é sin rátaí cuimsiúcháin agus ceanglais cháilíochta a shainiú agus staidreamh a thiomsú faoi thrádáil de réir saintréithe gnó, a bhaint amach go leordhóthanach, agus mar sin, is féidir an cuspóir a bhaint amach ar bhealach níos fearr ag leibhéal an Chomhphobail ar bhonn ionstraime dlíthiúla Comhphobail, toisc nach féidir ach leis an gCoimisiún an comhchuibhiú is gá d'fhaisnéis staidrimh a chomhordú ag leibhéal an Chomhphobail. Ar an ábhar sin, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh.

3.4. Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas:

- Ní bhaineann an Rialachán seo ach leis an íos-mhéid is gá chun an cuspóir seo a chur i gcrích agus ní théann sé thar an méid atá riachtanach chun na críche sin.

- Táthar ag súil le laghdú suntasach ar an ualach a chuirtear ar chuideachtaí atá díolmhaithe ó thuairisc a chur chuig Intrastat de bharr an Rialacháin seo. In ainneoin sin, d'fhéadfadh méadú teacht ar an ualach oibre a bheidh ar na riaracháin staidrimh náisiúnta, toisc go mbeidh iarracht bailíochtaithe agus rialaithe níos mó ag teastáil mar gheall ar cheanglais cháilíochta.

- In 2008, tá sé beartaithe clár MEETS a sheoladh[12]. Tá cuid de bhuiséad an chláir seo curtha in áirithe d’fheabhsuithe ar cháilíocht Intrastat.

3.5. Rogha ionstraimí

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ní bheadh modhanna eile iomchuí ar na cúiseanna seo a leanas:

- Glactar leis go ginearálta gur iomchuí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh thromlach na ngníomhaíochtaí staidrimh a éilíonn cur i bhfeidhm mionsonraithe agus aonfhoirmeach ar fud an Chomhphobail.

- Tá Rialachán níos fearr ná treoir mar ionstraim bhunúsach mar, murab ionann is treoir, leagann Rialachán an dlí céanna síos ar fud an Chomhphobail, agus mar sin níl aon chumhacht ag na Ballstáit é a chur i bhfeidhm go páirteach nó go roghnach agus níl rogha acu maidir leis an bhfoirm ná leis na modhanna atá le húsáid chun a chuspóirí a chur i gcrích.

- Thairis sin, tá Rialachán infheidhme go díreach, a chiallaíonn nach gá é a thrasuí sa dlí náisiúnta, ar an gcuma sin ag seachaint na moillithe a ghabhann lena leithéidí de thrasuímh. Bíonn reachtaíocht níos fearr agus níos tapa mar thoradh air freisin.

Tá sé d’aidhm ag an togra forálacha atá leagtha síos i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cheana féin a leasú.

4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí buiséadacha i gceist leis an ráta cuimsiúcháin do chuideachtaí a bheidh orthu tuairisc a chur chuig Intrastat a ísliú.

Chun ceanglais cháilíochta níos doichte a chur i bhfeidhm, d'fhéadfadh sé a bheith riachtanach infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus in uirlisí bailíochtaithe agus coigeartaithe i riaracháin náisiúnta. Féadfaidh buiséad chlár MEETS íoc as na costais cur chun feidhme seo (2008:1 400 000; 2009: 1 355 000; 2010: 2 000 000; 2011: 1 500 000; 2012: 1 500 000; 2013: 1 210 000 in EUR curtha i leataobh i gcomhair Intrastat).

Féadfaidh costais neamhbhríocha a bheith i gceist do roinnt riarachán náisiúnta agus dhá thacar sonraí éagsúla atá ann cheana á gcumasc acu chun trádáil de réir saintréithe gnó a léiriú.

5. FAISNÉIS BHREISE

5.1. Simpliú

Tá an tionscnamh seo ar chuid de Chlár Leanúnach Simpliúcháin an Choimisiúin. Is é an cuspóir príomhúil an t-ualach freagartha staidrimh a laghdú do chuideachtaí a thuairiscíonn do chóras Intrastat. Tríd an ráta cuimsiúcháin d’inseolacháin a laghdú go 95 faoin gcéad bheadh 190 000 cuideachta sa bhreis díolmhaithe ó thuairiscí faoi shreabha inseolachán a thabhairt do na húdaráis náisiúnta.

5.2. Aisghairm na reachtaíochta atá ann cheana

Comhlánfaidh glacadh an togra an reachtaíocht atá ann cheana.

5.3. Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Ní bhaineann an togra le hábhar LEE.

2008/0026 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3330/91 ón gComhairle[13], na forálacha bunúsacha do staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit.

(2) I gcreat na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir leis an ualach freagartha a laghdú agus le simpliú agus socrú tosaíochtaí sa réimse a bhaineann le staidreamh Comhphobail[14], aithníodh go bhfuil Intrastat, an córas chun staidreamh Comhphobail a bhailiú i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit, ina réimse ina bhfuil sé indéanta agus inmhianaithe simpliú a dhéanamh.

(3) Is féidir gníomh a dhéanamh láithreach chun an t-ualach staidrimh a laghdú trí ráta cuimsiúcháin na sonraí a bhailítear trí mheán Intrastat a ísliú. Is féidir é sin a dhéanamh trí na tairseacha faoina bhfuil páirtithe díolmhaithe ó fhaisnéis Intrastat a sholáthar a ardú. Mar thoradh air sin, tiocfaidh méadú ar chionmhaireacht an staidrimh atá bunaithe ar mheastacháin déanta ag na húdaráis náisiúnta.

(4) Ba chóir do na Ballstáit sonraí comhiomlánaithe bliantúla i ndáil le trádáil a sholáthar do Eurostat miondealaithe de réir saintréithe gnó. Mar sin, soláthrófar faisnéis staidrimh nua faoi shaincheisteanna eacnamaíocha ábhartha d’úsáideoirí, agus beidh sé indéanta cineál nua anailíse a dhéanamh, mar shampla, anailís ar conas a fheidhmíonn cuideachtaí Eorpacha i gcomhthéacs an domhandaithe, gan ceanglais staidrimh breise a fhorchur ar chuideachtaí a thugann tuairiscí. Ba chóir an nasc idir staidreamh gnó agus trádála a bhunú tríd an bhfaisnéis ó chlár na n-oibreoirí laistigh den Chomhphobal a chumasc le faisnéis a éilítear le Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 ón gComhairle an 22 Iúil 1993 maidir le comhordú Comhphobail i ndáil le cláir ghnó a tharraingt suas chun críocha staidrimh[15].

(5) Ba chóir na cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an cuimsiú trádála íosta a ísliú. Áiritheoidh sé seo solúbthacht d’athruithe a d'fhéadfadh bheith ann sa todhchaí bunaithe ar mheasúnú rialta ar na tairseacha i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta chun teacht ar an gcomhbhabhtáil is fearr idir an t-ualach staidrimh agus cruinneas na sonraí.

(6) Chun an cuimsiú trádála íosta a ísliú, ní mór bearta a chur i ngníomh mar chúiteamh ar bhailiú laghdaithe na sonraí agus, mar sin, an tionchar diúltach ar cháilíocht, go háirithe ar chruinneas na sonraí. Ba chóir cumhacht a thabhairt don Choimisiún chun na socruithe cáilíochta sna Ballstáit a dhéanamh níos doichte, agus go háirithe, na critéir a shainiú a úsáidfear chun an trádáil nach mbailítear trí mheán Intrastat a mheas.

(7) Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 go ndéanfar bearta áirithe a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[16].

(8) Leasaítear Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE lena dtugtar isteach nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú maidir le bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunúsach a leasú, ar ionstraim í a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, lena n-áirítear cuid de na heilimintí sin a scriosadh nó an ionstraim a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi.

(9) I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[17] maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta nua seo infheidhme maidir le hionstraimí a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana féin, ní mór na hionstraimí sin a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.

(10) Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 638/2004, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha a shainiú faoina bhféadfaidh an Coimisiún rialacha éagsúla nó sonracha a bhaineann le hearraí nó gluaiseachtaí sonracha a ghlacadh, an tréimhse tagartha a oiriúnú chun an nasc le cáin bhreisluacha agus dualgais chustaim a chur san áireamh, na socruithe do bhailiú na faisnéise seo, go háirithe na cóid a úsáidfear, a chinneadh, an cuimsiú íosta Intrastat a shainiú, na coinníollacha agus ceanglais cháilíochta a shainiú faoina bhféadfaidh Ballstáit an fhaisnéis atá le soláthar faoi idirbhearta beaga leithleacha a shimpliú, na sonraí comhiomlánaithe atá le tarchur agus na critéir ar gá do na meastacháin iad a chomhlíonadh a shainiú, forálacha cur chun feidhme a ghlacadh chun an staidreamh a thiomsú trí shonraí faoi shaintréithe gnó a thaifeadtar faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 a nascadh leis an staidreamh faoi eiseolacháin agus inseolacháin earraí, na táscairí agus caighdeáin a chinnteoidh gur féidir cáilíocht na sonraí a mheasúnú a shocrú, struchtúr na dtuarascálacha cáilíochta atá le tíolacadh ag na Ballstáit a shocrú, agus aon bhearta eile atá riachtanach chun cáilíocht na sonraí a mheasúnú nó a fheabhsú a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta seo agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 a leasú agus chun é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(11) Ba cheart mar sin Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 mar a leanas:

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(4):

‘4. Féadfaidh an Coimisiún rialacha éagsúla nó sonracha a bhaineann le hearraí nó gluaiseachtaí sonracha a ghlacadh. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(2):

‘2. Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse tagartha a oiriúnú chun an nasc le cáin bhreisluacha (CBL) agus dualgais chustaim a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’

3. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 9(1):

‘Tugtar sainmhínithe ar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i bpointí (e) go (h) san Iarscríbhinn. Cinnfidh an Coimisiún na socruithe, nuair is gá, chun an fhaisnéis seo a bhailiú, go háirithe na cóid a úsáidfear. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’

4. Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Sonróidh an Coimisiún sainmhíniú na dtairseach faoina bhfuil páirtithe díolmhaithe ó fhaisnéis Intrastat a sholáthar. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’

6. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 4:

‘Sonróidh an Coimisiún sainmhíniú na dtairseach seo. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’

7. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5. Faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonann ceanglais cháilíochta, féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis atá le soláthar faoi idirbhearta beaga leithleacha a shimpliú. Saineoidh an Coimisiún na coinníollacha sin. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’

8. Leasaítear Airteagal 12 mar seo a leanas:

9. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1(a):

‘(a) 40 lá féilire i ndiaidh dheireadh na míosa tagartha do na sonraí comhiomlánaithe a bheith sainmhínithe ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’

10. Cuirtear na habairtí seo a leanas le mír 2:

‘Comhlíonfaidh na meastacháin critéir a shaineoidh an Coimisiún. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’

11. Cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

‘4. Tarchuirfidh Ballstáit staidreamh bliantúil i ndáil le trádáil de réir saintréithe gnó chuig an gCoimisiún (Eurostat).Tiomsófar an staidreamh seo trí shonraí faoi shaintréithe gnó a thaifeadtar i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 ón gComhairle an 22 Iúil 1993 maidir le comhordú Comhphobail i ndáil le cláir ghnó a tharraingt suas chun críocha staidrimh[18] a nascadh leis an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo.Socróidh an Coimisiún forálacha cur chun feidhme chun an staidreamh a thiomsú. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’

12. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(3):

‘3. Socróidh an Coimisiún na táscairí agus caighdeáin a chinnteoidh gur féidir cáilíocht na sonraí a mheasúnú, struchtúr na dtuarascálacha cáilíochta atá le tíolacadh ag na Ballstáit, agus aon ghníomh atá riachtanach chun cáilíocht na sonraí a mheasúnú nó a fheabhsú. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’

13. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(3):

‘3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2009.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO L 102, 7.4.2004, lch. 1 .

[2] IO C 255, 21.10.2006, lch. 1 .

[3] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

[4] COIM(2005) 97 críochnaitheach, 16.3.2005.

[5] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún ag cur clár Comhphobail Liospóin chun feidhme: Straitéis maidir le simpliú na timpeallachta rialúcháin, COIM(2005) 535 críochnaitheach, 25.10.2005.

[6] COIM(2006) 693 críochnaitheach, 14.11.2006.

[7] D'fhéadfadh éifeachtaí simpliúcháin breise a théann thar raon feidhme an staidrimh a bheith i gceist le cumasc na gcóras Intrastat agus VIES. Léirigh teagmhálacha idir Eurostat agus DG TAXUD go bhféadfadh buntáistí a bheith i gceist don dá pháirtí trí chomhar níos dlúithe idir údaráis staidrimh agus chánach (CBL). D’fhéadfadh údaráis staidrimh feabhas a chur ar cháilíocht sonraí, agus d’fhéadfadh údaráis chánach leas a bhaint as infhaighteacht níos luaithe agus faisnéis níos mionsonraithe sna sonraí a úsáideann siad chun calaois CBL a shainaithint agus chun dul i ngleic léi.

[8] COIM (2007) 433, 19.7.2007

[9] Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach a dhéanamh le tíortha nach Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle, COIM(2007) 653, 30.10.2007.

[10] IO L 102, 7.4.2004, lch. 1 .

[11] IO L 343, 19.11.2004, lch. 3 .

[12] COIM(2007) 433, 19.7.2007

[13] IO L 102, 7.4.2004, lch. 1 .

[14] ` COIM (2006) 693, 14.11.2006

[15] IO L 196, 5.8.1993, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[16] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

[17] IO C 255, 21.10.2006, lch. 1 .

[18] IO L 196, 5.8.1993, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).