21.6.2005   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

5


RÚN REACHTAÍOCHTA Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an iarratas a rinne Poblacht na Bulgáire chun bheith ina comhalta den Aontas Eorpach (AA1/2/2005 — C6-0085/2005 — 2005/0901(AVC))

(Nós imeachta um aontú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don iarratas a rinne Poblacht na Bulgáire chun bheith ina comhalta den Aontas Eorpach,

ag féachaint don iarraidh ón gComhairle ar aontú na Parlaiminte de bhun Airteagal 49 de Chonradh AE (C6‐0085/2005),

ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún (COM(2005)0055),

ag féachaint don Dréachtchonradh i dtaobh aontachas Phoblacht na Bulgáire leis an Aontas Eorpach,

ag féachaint don mhalartú litreacha idir Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán an Choimisiúin maidir le lánchomhlachas Pharlaimint na hEorpa in aon phlé maidir le ceann de na clásail choimirce sa Chonradh Aontachais a chur i ngníomh,

ag féachaint do Rún an 13 Aibreán 2005 dá cuid maidir le himpleachtaí airgeadais aontachas na Bulgáire agus na Rómáine (1),

ag féachaint do Rialacha 75 agus 82(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A6‐0082/2005),

A.

de bhrí go bhfuil na coinníollacha ar a ligfear isteach na tíortha iarrthacha agus na hoiriúnuithe is gá de thoradh a n-aontachais leagtha amach sa Chonradh Aontachais; de bhrí nach foláir dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa má dhéantar aon leasú substaintiúil ar an gConradh sin,

B.

de bhrí nach foláir don Chomhairle agus don Choimisiún féachaint chuige go mbeidh Parlaimint na hEorpa bainteach go hiomlán leis an bhfaireachán ar phróiseas aontachais Phoblacht na Bulgáire agus leis an gcinnteoireacht i gcás go ndéanfaí na clásail choimirce sa Chonradh Aontachais a chur i ngníomh i ndáil le haontachas Phoblacht na Bulgáire,

C.

de bhrí gur tháinig an dá bhrainse den údarás buiséadach ar comhaontú roimh an aontú seo maidir leis an bpacáiste airgeadais atá le cur sa Chonradh Aontachais agus gur glacadh dearbhú maidir lena iarmhairtí buiséadacha agus institiúideacha,

1.

Tar éis a haontú a thabhairt d'iarratas Phoblacht na Bulgáire chun bheith ina comhalta den Aontas Eorpach;

2.

Tar éis treoir a thabhairt dá hUachtarán a seasamh a dhíriú chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Bulgáire.


(1)  P6_TA-PROV(2005)0116.