19.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/22


Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 27 Samhain 2012, maidir le gníomhaíocht fholláin choirp a chur chun cinn (GFC)

2012/C 393/07

FÓGRAÍONN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT AN MÉID SEO A LEANAS:

1.   AG MEABHRÚ DÓIBH CÚLRA POLAITIÚIL NA SAINCHEISTE SEO MAR ATÁ LEAGTHA AMACH SAN IARSCRÍBHINN AGUS GO HÁIRITHE

1.

Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2011-2014 (1), a glacadh an 20 Bealtaine 2011, lenar sainaithníodh an ghníomhaíocht fholláin choirp (GFC) mar thosaíocht don chomhar spóirt ar leibhéal an AE agus lenar bunaíodh Sainghrúpa um Spórt, Sláinte agus Rannpháirtíocht a mbeadh sé de shainordú aige féachaint na bealaí a bhféadfaí GFC agus rannpháirtíocht i spórt an phobail a chur chun cinn;

2.

An Páipéar Bán ón gCoimisiún maidir le Spórt an 7 Iúil 2007 (2) inar léiríodh tábhacht na gníomhaíochta coirp agus inar leagadh amach plean chun go molfadh an Coimisiún treoirlínte maidir le gníomhaíocht choirp faoi dheireadh 2008; agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2011 maidir leis an nGné Eorpach den Spórt a fhorbairt (3), lenar aithníodh gur cuid bhunriachtanach é an spórt d'aon chur chuige sa bheartas poiblí lena ndíreofaí ar an ngníomhaíocht choirp a fheabhsú agus lenar iarradh go leanfaí ar aghaidh chun treoirlínte náisiúnta a bhunú, lena n-áirítear próiséas athbhreithnithe agus comhordaithe;

2.   AG TABHAIRT DÁ n-AIRE:

1.

Treoirlínte ón AE maidir le Gníomhaíocht Choirp, ar léiríodh sásamh ina leith sna Conclúidí ón Uachtaránacht den Chruinniú Neamhfhoirmiúil a bhí ag Airí Spóirt an AE i mí na Samhna 2008 agus lena spreagtar beartais trasearnála a chur chun feidhme chun an ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn ar mhaithe leis an bpobal ar fad neamhspleách ar aicme shóisialta, aois, inscne, ar chine, eitneacht nó acmhainn choirp (4);

3.   AG FÉACHAINT DON MHÉID SEO A LEANAS:

1.

Tá sé sainithe ag an EDS le déanaí gurb é an easpa gníomhaíochta coirp an ceathrú toisc riosca is mó do mhortlaíocht anabaí agus do ghalar ar fud an domhain (5).

2.

Tá an ghníomhaíocht choirp ar cheann de na modhanna is éifeachtaí chun galair neamhthógálacha a chosc agus otracht a chomhrac (6). Tá fianaise ag teacht chun solais freisin i dtaobh an chomhghaoil dhearfaigh atá ann idir an aclaíocht agus an tsláinte mheabhrach agus na próisis chognaíocha (7). Déanann an easpa gníomhaíochta coirp díobháil ní hamháin do shláinte an duine aonair ach do chórais sláinte agus don gheilleagar trí chéile, de bharr na gcostas suntasach eacnamaíoch, idir dhíreach agus indíreach, a bhaineann léi (8). Agus tairbhí na gníomhaíochta coirp á gcur san áireamh i ndáil leis an gcosc, le cóir leighis agus leis an athshlánú, is léir í a bheith tábhachtach ag gach aois agus bheith ábhartha go háirithe agus daonra na hEorpa ag dul in aois agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun ardchaighdeán beatha a choinneáil ag gach aois.

3.

Agus muid níos feasaí anois maidir le tábhacht GFC i gcaitheamh an tsaoil, tá dlús á chur le cur chun cinn na gníomhaíochta coirp ar leibhéal éagsúla agus trí straitéisí, bheartais agus chláir éagsúla. Rinneadh iarrachtaí suntasacha i roinnt Ballstát den AE le go mbeadh saoránaigh in ann níos mó gníomaíochta coirp a dhéanamh agus á spreagadh chuige sin. Ardú feasachta arb é is aidhm leis an ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn agus a mbíonn earnáil an spóirt páirteach iontu, is féidir leis bheith úsáideach chun teacht ar na saoránaigh.

4.

Ar an mórgóir, le blianta beaga anuas níl aon mhéadú tagtha ar an gcéatadán de shaoránaigh den AE a chleachtann an leibhéal gníomhaíochta coirp atá molta dóibh. i roinnt tíortha, tá rátaí na gníomhaíochta coirp ag titim fiú (9). Is ábhar mór buartha, idir shóisialta agus eacnamaíoch agus ó thaobh sláinte de, don AE agus dá Bhallstáit go bhfuil na rátaí reatha neamhghníomhaíochta coirp chomh ard sin.

5.

Caithfidh earnálacha éagsúla, a sonraítear anseo thíos i mír 6, bheith páirteach sna hiarrachtaí chun an ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn agus chun na rátaí gníomhaíochta coirp a mhéadú dá réir, lena n-áirítear earnáil an spóirt os rud é gur bonn maith iad na gníomhaíochtaí spóirt agus an "spórt do chách" don ghníomhaíocht choirp.

6.

Cuireann Treoirlínte an AE maidir leis an nGníomhaíocht Choirp bunús maith ar fáil chun beartais trasearnála a spreagadh chun an ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn, go háirithe i réimsí an spóirt, na sláinte, an oideachais, an chomhshaoil, na pleanála uirbí agus an iompair, trí threoir a thabhairt do na Ballstáit i ndáil lena straitéisí náisiúnta GFC a fhorbairt.

7.

Tá na Treoirlínte nó prionsabail áirithe a bhaineann leo á gcur chun feidhme cheana ag roinnt Ballstát mar chuid dá mbeartais agus straitéisí náisiúnta. Ar an iomlán, áfách, tá bearnaí móra idir cur chuige na mBallstát éagsúla, agus d'fhéadfaí feabhas a chur ar chur i bhfeidhm na mbeartas GFC mar a leagtar amach sna treoirlínte.

8.

I gcomhréir lena shainordú, tá an Sainghrúpa um Spórt, Sláinte agus Rannpháirtíocht tar éis tacar de bhearta a mholadh maidir le gnéithe sonracha den GFC a chur chun cinn ar bhealach níos éifeachtaí. Áirítear leo (10):

moltaí do thionscnamh ón AE chun cur chun feidhme Threoirlínte an AE maidir leis an nGníomhaíocht Choirp a chur ar aghaidh sna Ballstáit trí bhíthin scéim faireacháin éadroim;

treoir maidir le comhar breise idir earnáil an spóirt agus earnáil an chúraim sláinte sna Ballstáit;

tacar de prionsabail maidir le ról na gníomhaíochta coirp san aoisiú gníomhach san AE agus ina chuid Ballstát.

4.   IARRANN SIAD AR BHALLSTÁIT AN AE AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

Leanúint leis an dul chun cinn maidir le straitéisí agus beartais trasearnála a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena ndírítear ar an ngníomhaíocht choirp a chur chun cinn bunaithe ar Threoirlínte an AE maidir leis an nGníomhaíocht Choirp nó na prionsabail a bhaineann leo.

2.

Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh ar an leibhéal iomchuí chun an ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn in earnáil an spóirt, amhail, mar shampla, treoirlínte sonracha chun feabhas a chur ar an ngníomhaíocht choirp i gclubanna spóirt áitiúla, cláir shonracha a thabharfadh eagraíocht spóirt do spórt áirithe isteach don spórt sin, agus sin a dhéanamh bunaithe ar an bprionsabal "spórt do chách" nó ar bhearta sonracha i gclubanna corpacmhainne, arbh í an ghluaiseacht spóirt nó an earnáil chorpacmhainne a d'fhéadfadh iad a chur i bhfeidhm agus lena n-éascófar comhar le hearnálacha eile dá mbarr, go háirithe i réimsí an oideachais agus na sláinte.

3.

A spreagadh go gcuimsítear gníomhaíocht choirp mar thacaíocht don aoisiú gníomhach i mbeartais náisiúnta agus i scéimeanna maoinithe spóirt, agus measúnú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar thionscadail a spreagadh lena ndíreofar ar GFC a chur chun cinn i measc daoine scothaosta agus lena gcuirfí na leibhéil éagsúla cumais aclaíochta san áireamh.

4.

Mar is iomchuí agus de réir an chórais chúraim sláinte náisiúnta, comhar níos dlúithe a chur chun cinn idir earnáil an spóirt, earnáil an chúraim sláinte agus earnálacha eile, lena gcuirfí na dea-chleachtais atá forbartha i roinnt Ballstát san áireamh.

5.

Féachaint an bhféadfaí leas a bhaint as bealaí chun feasacht a ardú, ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil faoi seach, chun suim na saoránach a spreagadh maidir le stíl mhaireachtála níos gníomhaí a bheith acu.

5.   IARRANN SIAD AR UACHTARÁNACHT CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN GCOIMISIÚN, INA RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

Comhar a mhéadú idir na réimsí beartais sin a bhfuil freagracht orthu, i gcomhréir le Treoirlínte an AE maidir leis an nGníomhaíocht Choirp, i ndáil leis an ngníomhaíocht choirp a chur chun cinn, go háirithe earnálacha an spóirt, na sláinte, an oideachais, na pleanála uirbí agus an iompair.

2.

I ndáil leis an mBliain Eorpach um Aosú Gníomhach agus um Dhlúthpháirtíocht idir Glúine 2012, a áirithiú go ndéantar prionsabail na gníomhaíochta coirp mar thacaíocht don aoisiú gníomhach, mar a d'fhorbair an Mheitheal Saineolais um Spórt, um an tSláinte agus um Rannpháirteachas iad a chur san áireamh san obair pholaitiúil a leanfaidh as an mBliain sin, nuair is iomchuí sin.

3.

Feabhas a chur ar bhonn na fianaise do bheartais a cheaptar chun GFC agus rannpháirtíocht sa spórt san AE agus ina chuid Ballstát a chur chun cinn, tríd an ghníomhaíocht choirp a chur san áireamh sa Chlár Staidrimh Eorpach 2013-2017.

6.   IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

I bhfianaise na hoibre a rinneadh sa réimse seo cheana, go háirithe i bhfianaise Threoirlínte an AE maidir leis an nGníomhaíocht Choirp, togra le haghaidh Molta ón gComhairle maidir le GFC a chur i dtoll a chéile, agus féachaint an bhféadfaí faireachán éadrom a úsáid chun an dul chun cinn a mheas, mar aon le tacar beag táscairí lena gcuirfear, a mhéid is féidir, le foinsí eolais atá ar fáil cheana arna sainaithint ag an Meitheal Saineolais um Spórt, um an tSláinte agus um Rannpháirteachas.

2.

Suirbhéanna rialta a eisiúint maidir le spórt agus gníomhaíocht choirp, lena gcuirfear san áireamh taighde a bhaineann le GFC in aon chlár taighde de chuid an AE a bheidh ann amach anseo.

3.

Tacú le comhroinnt na ndea-chleachtas san AE maidir le GFC agus an rannpháirtíocht sa spórt, agus an chomhroinnt sin a chur chun cinn, trí thacaíocht do thionscadail agus trí na torthaí orthu a scaipeadh mar chuid de scéimeanna agus cláir maoiniúcháin ábhartha an AE, i measc nithe eile. D'fhéadfadh dea-chleachtais a chomhroinnt sna réimsí seo a leanas:

Oideachas, faisnéis agus méadú na feasachta poiblí ar na leibhéil iomchuí go léir;

Comhar idir earnálacha ábhartha beartais, agus rannpháirtíocht geallsealbhóirí ábhartha chun na treoirlínte atá ann cheana a chur chun feidhme;

ról na gluaiseachta spóirt, go háirithe na clubanna, agus eagraíochtaí "spórt do chách";

Straitéisí, beartais agus cláir ar éiríodh leo, agus torthaí na meastóireachtaí;

Beartais agus bearta reachtachta a d'fhéadfaí leas a bhaint astu ar éirigh leo chun aghaidh a thabhairt ar an easpa gníomhaíochta coirp i mBallstáit aonair an AE.

4.

Féachaint an bhféadfaí Seachtain Eorpach Spóirt bhliantúil (agus na gnéithe airgeadais agus eagraíochtúla a bhaineann leis sin á gcur san áireamh) a bhunú mar bhealach chun gníomhaíocht choirp agus an rannpháirtíocht sa spórt a chur chun cinn ar gach leibhéal, trí thionscnaimh náisiúnta chomhchosúla a chur san áireamh agus i gcomhar le heagraíochtaí spóirt ábhartha. Ba cheart go gcuirfeadh an tseachtain sin le feachtais fheasachta atá ann cheana féin, trí na ceachtanna a foghlaimíodh uathu a chur san áireamh agus trí luach a chur leo, trí leas a bhaint as oidhreacht na dtionscadal gaolmhar a maoiníodh faoi Bheart Ullmhúcháin 2009 i réimse an spóirt, chomh maith le torthaí na dtionscadal a maoiníodh tríd an nglaoch gaolmhar ar thograí faoi Bheart Ullmhúcháin 2012 lenar cumhdaíodh méadú feasachta ar an spórt.


(1)  IO C 162, 1.6.2011, lch. 1.

(2)  11811/07 - COM (2007) 391 final.

(3)  5597/11 - COM(2011) 12 final.

(4)  Treoirlínte an AE maidir le Gníomhaíocht Choirp: http://ec.europa.eu/sport/library/documents/c1/eu-physical-activity-guidelines-2008_en.pdf.Conclúidí Uachtaránacht na Fraince maidir le spórt agus sláinte: http://ec.europa.eu/sport/library/documents/b21/ue08pfue_conclusions_presidence_definitives_en.pdf

(5)  Moltaí Domhanda maidir le Gníomhaíocht Choirp don tSláinte, EDS, 2010.

(6)  http://www.who.int/healthinfo/global_burden_disease/global_health_risks/en/index.html

(7)  http://www.health.gov/paguidelines/Report/pdf/CommitteeReport.pdf

(8)  EDS Eoraip (2007): Creat Eorpach chun gníomhaíocht choirp a chur chun cinn ar mhaithe leis an tsláinte.

(9)  An Coimisiún Eorpach: Eurobaraiméadar Speisialta 183-6 (Nollaig 2003), 246 (Samhain 2006), 213 (Samhain 2004) agus 334 (Márta 2010).

(10)  http://ec.europa.eu/sport/news/20120803-eu-xg-shp-fin-rpt_en.htm


IARSCRÍBHINN

Conclúidí ón gComhairle an 1 agus 2 Nollaig 2011 maidir le deireadh a chur le bearnaí sláinte san AE trí ghníomh comhbheartaithe a dhéanamh le stíl shláintiúil mhaireachtála a chur chun cinn (1);

Páipéar Bán ón gCoimisiún Eorpach “Straitéis don Eoraip maidir le Cothú, Rómheáchan, Murtall agus saincheisteanna gaolmhara sláinte” (2);

Cinneadh Uimh. 940/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2011 maidir le Bliain Eorpach um Aosú Gníomhach agus um Dhlúthpháirtíocht idir Glúine (2012) (3), lena n-áirítear ról na gníomhaíochta coirp sa chomhthéacs sin.


(1)  16708/11.

(2)  9838/07 - COM (2007) 279 final.

(3)  IO L 246, 23.9.2011, lch. 5.