27.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 238/1


RIALACHÁN (AE) 2023/2053 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meán Fómhair 2023

lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é ceann de chuspóirí an chomhbheartais iascaigh (CBI) mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a áirithiú go ndéanfar acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhealach lena gcruthófar sochair inbhuanaithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta.

(2)

Trí bhíthin Chinneadh 98/392/CE ón gComhairle (4), d’fhaomh an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus Comhaontú maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach a chur chun feidhme, ina bhfuil prionsabail agus rialacha maidir le caomhnú agus bainistiú beo-acmhainní muirí. Faoi chuimsiú na n-oibleagáidí idirnáisiúnta eile atá air, bíonn an tAontas rannpháirteach sna hiarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta chun stoic éisc a chaomhnú.

(3)

Is Páirtí é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (5) (‘an Coinbhinsiún’).

(4)

Ag an 21ú cruinniú speisialta dá chuid in 2018, ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (‘ICCAT’), arna bhunú leis an gCoinbhinsiún, Moladh 18-02 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir (‘an Plean Bainistíochta’). Leanann an Plean Bainistíochta comhairle ón mBuanchoiste um Thaighde agus Staidreamh (‘SCRS’) atá ag ICCAT a deir gur cheart do ICCAT plean bainistíochta ilbhliantúil a bhunú don stoc a bhí ann in 2018, mar de réir stádais an stoic, is cosúil nach bhfuil na bearta éigeandála a tugadh isteach faoin bplean téarnaimh don tuinnín gorm, a bunaíodh le Moladh 17-07 lena leasaítear Moladh 14-04 ag teastáil feasta, ach gan na bearta faireacháin agus rialaithe atá ann cheana a lagú.

(5)

Le Moladh ICCAT 18-02, aisghairtear Moladh 17-07, a cuireadh chun feidhme i ndlí an Aontais trí bhíthin Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(6)

Ag an 26ú gnáthchruinniú dá chuid in 2019, ghlac ICCAT Moladh 19-04 lena leasaítear an plean bainistíochta ilbhliantúil a bunaíodh le Moladh 18-02. Déantar Moladh 18-02 a aisghairm agus a ionadú le Moladh ICCAT 19-04. Leis an Rialachán seo, ba cheart go gcuirfí Moladh 19-04 chun feidhme i ndlí an Aontais.

(7)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go gcuirfí chun feidhme ina n-iomláine nó i bpáirt, i gcás inarb ábhartha, Moltaí ICCAT 06-07 maidir le feirmeoireacht an tuinnín ghoirm, 18-10 maidir le caighdeán íosta i leith an chórais faireacháin soithí laistigh de Limistéar Choinbhinsiún ICCAT, 96-14 maidir le comhlíontacht a bheith ann in iascach an tuinnín ghoirm agus in iascach cholgán an Atlantaigh Thuaidh, 13-13 maidir le Taifead ICCAT a bhunú, ar taifead é ar shoithí atá 20 méadar ar fad san iomlán nó níos mó, arna n-údarú chun oibriú i Limistéar an Choinbhinsiúin agus 16-15 maidir le trasloingsiú.

(8)

Tá seasaimh an Aontais in eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh le bheith bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil chun a áirithiú gur i gcomhréir le cuspóirí CBI a bhainisteofar acmhainní iascaigh, go háirithe agus é de chuspóir acu stoic éisc a athbhunú nó a chothabháil go céimiúil os cionn leibhéil bhithmhaise atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe (‘UTI’) a tháirgeadh, agus é de chuspóir acu dálaí a chur ar fáil do thionscal iascaireachta, gabhála agus próiseála agus do ghníomhaíochtaí iascaireachta ar talamh, ar tionscal agus gníomhaíochtaí iad atá, ó thaobh na heacnamaíochta, inmharthana agus iomaíoch. De réir na tuarascála a d’eisigh SCRS i mí Dheireadh Fómhair 2018, gabhálacha tuinníní gorma arb é F0.1 a ráta básmhaireachta san iascaireacht, is gabhálacha iad atá i gcomhréir le básmhaireacht iascaireachta atá comhsheasmhach le UTI (Fmsy) a bhaint amach. Measfar an stoc bithmhaise a bheith ar leibhéal a áirithíonn UTI. Tá an luach bithmhaise B0.1, luaineach idir rud atá os cionn an leibhéil sin nuair is meánach nó íseal don earcaíocht, agus rud faoi bhun an leibhéil sin nuair is ard don earcaíocht.

(9)

Cuirtear san áireamh sa Phlean Bainistíochta sainiúlacht na gcineálacha éagsúla trealaimh agus teicnící iascaireachta. Le linn dóibh an Plean Bainistíochta a chur chun feidhme, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit cur chun cinn a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta cósta agus ar úsáid trealamh agus teicnící iascaireachta atá roghnaitheach agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, go háirithe trealaimh agus teicnící a úsáidtear in iascaigh thraidisiúnta agus cheirde, rud a chuirfidh le caighdeán cóir maireachtála le haghaidh geilleagair áitiúla.

(10)

Ba cheart saintréithe agus riachtanais shonracha iascach mionscála agus ceirde a chur san áireamh. Sa bhreis ar fhorálacha ábhartha Mholadh ICCAT 19-04 a dhíothaíonn bacainní ar rannpháirtíocht soithigh cósta mionscála san iascach tuinníní gorma, ba cheart do na Ballstáit iarrachtaí breise a dhéanamh deiseanna iascaireachta a leithdháileadh go cothrom agus go trédhearcach idir cabhlaigh mhionscála, cabhlaigh cheirde agus cabhlaigh níos mó, ar bhealach atá i gcomhréir lena gcuid oibleagáidí faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(11)

Chun comhlíonadh CBI a áirithiú, glacadh gníomhartha dlí de chuid an Aontais chun córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe a bhunú, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach neamhthuairiscithe neamhrialáilte (NNN). Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (7), bunaítear córas de chuid an Aontais um rialú, cigireacht agus forfheidhmiú, ag a bhfuil cur chuige cuimsitheach comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile CBI a áirithiú. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (8), leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (9), bunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Tá forálacha sna Rialacháin sin cheana a chuimsíonn roinnt de na bearta atá leagtha síos i Moladh ICCAT 19-04, amhail forálacha maidir le, ceadúnais agus údaruithe iascaireachta, mar aon le rialacha áirithe faoi chórais faireacháin soithí. Ní gá, dá bhrí sin, go n-áireofaí sa Rialachán seo forálacha lena gcumhdaítear na bearta sin.

(12)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, bunaítear coincheap na n-íosmhéideanna tagartha caomhnaithe. Chun an chomhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart coincheap íosmhéid ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais mar an t-íosmhéid tagartha caomhnaithe.

(13)

De réir Mholadh ICCAT 19-04, ní mór na tuinníní gorma a gabhadh agus atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe a aischur. Is amhlaidh an cás freisin do ghabhálacha den tuinnín gorm is mó ná na teorainneacha foghabhála arna mbunú i bpleananna iascaigh bliantúla. Chun go mbeidh a chuid oibleagáidí idirnáisiúnta faoi ICCAT á gcomhlíonadh ag an Aontas, déantar foráil le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 ón gCoimisiún (10) maidir le maoluithe ón oibleagáid gabhálacha tuinníní gorma a thabhairt i dtír i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98, déantar forálacha áirithe de Mholadh 19-04 a chur chun feidhme ar forálacha iad lena leagtar síos an oibleagáid tuinníní gorma na soithí a théann thar a gcuóta leithdháilte nó a n-uasmhéid foghabhálacha ceadaithe a aischur. Áirítear soithí a bhíonn i mbun iascaireacht áineasa i raon feidhme an Rialacháin Tharmligthe sin. Leis an Rialachán seo, ní gá, dá bhrí sin oibleagáidí aischuir agus scaoilte den sórt sin a chumhdach, agus ní dochar an Rialachán seo do na forálacha comhfhreagracha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98.

(14)

Le linn chruinniú bliantúil 2018, d’aithin na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún gur gá atreisiú a dhéanamh ar na rialuithe a dhéantar ar oibríochtaí áirithe an tuinnín ghoirm. Agus an aidhm sin acu, is éard a comhaontaíodh i rith an chruinnithe sin gur cheart do na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún atá freagrach as feirmeacha lán-inrianaitheacht na n-oibríochtaí cur i gcaighean a áirithiú agus gur cheart dóibh rialuithe randamacha a dhéanamh, ar rialuithe iad a bheadh bunaithe ar an anailís riosca.

(15)

Le Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), déantar foráil maidir le doiciméad leictreonach gabhála i gcomhair an tuinnín ghoirm (‘r-DGTG’), lena gcuirtear Moladh ICCAT 09-11 chun feidhme, ar moladh é lena leasaítear Moladh ICCAT 08-12. Rinneadh aisghairm le déanaí ar Mholtaí ICCAT 17-09 agus 11-20 i leith chur i bhfeidhm r-DGTG, ar aisghairm í a rinneadh le Moltaí ICCAT 18-12 agus 18-13. Dá bhrí sin, tá Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ligthe in éag, agus tá togra le haghaidh Rialachán nua glactha ag an gCoimisiún, ar rialachán é lena gcuirfear rialacha ICCAT is déanaí maidir le r-DGTG chun feidhme. Dá thoradh sin, leis an Rialachán seo, níor cheart tagairt a dhéanamh do Rialachán (AE) 640/2010, ach i dtéarmaí is ginearálta ná sin, ba cheart tagairt don chlár de dhoiciméid um ghabháil atá molta ag ICCAT a bheith ann.

(16)

Ag cur san áireamh go bhfuil moltaí ICCAT áirithe á leasú go minic ag Páirtithe Conarthacha ICCAT, agus ós dóigh go ndéanfar tuilleadh leasuithe orthu sa todhchaí, ionas go bhféadfar moltaí ICCAT sa todhchaí a chur chun feidhme go pras i ndlí an Aontais, is é sin moltaí lena leasófar nó lena bhforlíonfar an Plean Bainistíochta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU) a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na nithe seo a leanas: spriocdhátaí chun faisnéis a thuairisciú, tréimhsí ama le haghaidh séasúir iascaireachta; maoluithe ar an toirmeasc ar chuótaí nár úsáideadh a thabhairt anonn; íosmhéid tagartha caomhnaithe; céatadáin agus paraiméadair, an fhaisnéis atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin; tascanna do na breathnóirí náisiúnta agus réigiúnacha, fáthanna leis an údarú um iasc a thabhairt anonn a dhiúltú; na fáthanna leis na gabhálacha a urghabháil agus le héisc a scaoileadh isteach san fharraige. Thairis sin, gach bliain, comhaontaíonn an Coimisiún, agus é ag déanamh ionadaíochta thar ceann an Aontais ag cruinnithe ICCAT, le roinnt moltaí ICCAT, nach bhfuil iontu ach moltaí teicniúla, go háirithe maidir le teorainneacha acmhainne, riachtanais logleabhar, foirmeacha maidir le tuairisciú gabhála, dearbhuithe trasloingsithe agus dearbhuithe aistrithe ICCAT (ITDanna), íosmhéid faisnéise d’údaruithe iascaireachta, íoslíon soithí iascaireachta i ndáil le scéim ICCAT um Chomhchigireacht Idirnáisiúnta; sonraíochtaí na scéime cigireachta agus breathnóra, caighdeáin maidir le fístaifeadtaí, prótacail scaoileadh, caighdeáin chun déileáil le héisc marbha, dearbhuithe cur i gcaighean nó caighdeáin maidir le córais um fhaireachán soithí, ba cheart iad sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí bhíthin Iarscríbhinn I-°XV a ghabhann leis an Rialachán seo Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún freisin i ndáil le hIarscríbhinní I-XV den Rialachán seo a leasú nó a fhorlíonadh i gcomhréir le Moltaí ICCAT arna leasú nó arna bhforlíonadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(17)

Is moltaí thar a bheith dinimiciúil iad moltaí ICCAT, moltaí lena rialaítear iascach tuinníní gorma, eadhon oibríochtaí a bhaineann le gabháil, aistriú, iompar, cur i gcaighean, tógáil, saothrú agus tabhairt anonn. Bíonn forbairt á déanamh de shíor ar theicneolaíochtaí nua chun an t-iascach a rialú agus a bhainistiú, amhail úsáid ceamaraí steiréascópacha agus modhanna malartacha, agus ní mór do na Ballstáit iad sin a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Ar an mbealach céanna, ní mór nósanna imeachta oibríochta a fhorbairt i gcás inar gá chun cuidiú leis na Ballstáit rialacha ICCAT, arna gcur chun feidhme i ndlí an Aontais leis an Rialachán seo, a chomhlíonadh. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe i leith thabhairt anonn na dtuinníní gorma beo, mar aon le hoibríochtaí aistrithe agus cur i gcaighean. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(18)

Tá na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo gan dochar do mholtaí ICCAT a bheith á gcur chun feidhme i ndlí an Aontais amach anseo tríd an ngnáthnós imeachta reachtach.

(19)

Ós rud é, leis an Rialachán seo, go ndéantar foráil do phlean bainistíochta nua agus cuimsitheach don tuinnín gorm, ba cheart na forálacha i leith an tuinnín ghoirm a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2107 (14) agus (AE) 2019/833 (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a scriosadh. A mhéid a bhaineann hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2017/2107, an chuid de atá ag comhfhreagairt do cholgán Meánmhuirí, áirítear i Rialachán (AE) 2019/1154 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) í. Ba cheart forálacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle (17) a scriosadh chomh maith. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 2017/2107 agus (CE) Uimh. 2019/833 a leasú dá réir sin.

(20)

Rinneadh Moladh ICCAT 17-07 a aisghairm le Moladh 18-02, ós rud é gur fhág stádas an stoic nach raibh gá a thuilleadh leis na bearta éigeandála dá bhforáiltear sa phlean téarnaimh don tuinnín gorm a bunaíodh faoin moladh sin. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1627, lenar cuireadh an plean téarnaimh chun feidhme, a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha ginearálta chun go ndéanfaidh an tAontas an plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm (Thunnus thynnus) san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir a chur chun feidhme go haonfhoirmeach éifeachtach, faoi mar a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (‘ICCAT’) leo.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

soithí iascaireachta an Aontais agus soithí de chuid an Aontais a bhíonn i mbun iascaigh áineasa ar soithí iad:

(i)

a ghabhann an tuinnín gorm laistigh de Limistéar an Choinbhinsiúin; agus

(ii)

a dhéanann trasloingsiú nó iompar ar bord loinge, lena n-áirítear lasmuigh de Limistéar an Choinbhinsiúin, ar an tuinnín gorm a ghabhtar i Limistéar an Choinbhinsiúin;

(b)

feirmeacha de chuid an Aontais;

(c)

soithí iascaireachta tríú tír agus soithí tríú tír a bhíonn i mbun iascaigh áineasa in uiscí an Aontais agus soithí a bhíonn ag iascach ar thuinníní gorma i Limistéar an Choinbhinsiúin;

(d)

soithí tríú tír a ndéantar cigireacht orthu i gcalafoirt de chuid na mBallstát agus a mbíonn tuinníní gorma ar bord acu a gabhadh i Limistéar an Choinbhinsiúin nó táirgí iascaigh de thionscnamh tuinníní gorma a gabhadh in uiscí an Aontais agus nár tugadh i dtír cheana nó nár trasloingsíodh i gcalafoirt cheana.

Airteagal 3

Cuspóir

Is é is cuspóir don Rialachán seo plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm, faoi mar a ghlac ICCAT leis, a chur chun feidhme, ar plean é a bhfuil sé mar aidhm leis bithmhais an tuinnín ghoirm a choinneáil os cionn na leibhéal a theastaíonn le go mbeadh UTI ann.

Airteagal 4

Gaol le gníomhartha eile de chuid an Aontais

Mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo, tá feidhm ag an Rialachán seo, gan dochar do ghníomhartha eile de chuid an Aontais lena rialaítear earnáil na hiascaireachta, go háirithe:

(1)

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(2)

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(3)

Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

(4)

Rialachán (AE) 2017/2107;

(5)

Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

Airteagal 5

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘ICCAT’ an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh;

(2)

ciallaíonn ‘an Coinbhinsiún’ an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh;

(3)

ciallaíonn ‘soitheach iascaireachta’ aon soitheach cumhachtaithe a úsáidtear chun acmhainní an tuinnín ghoirm a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena n-áirítear soithí gabhála, soithí próiseála éisc, soithí tacaíochta, soithí tarraingthe, soithí a ghabhann don trasloingsiú agus soithí iompair atá feistithe le táirgí an tuinnín a iompar agus soithí coimhdeachta, seachas soithí coimeádán;

(4)

ciallaíonn ‘tuinnín gorm beo’ an tuinnín gorm a choinnítear beo seal i ngaiste, nó an tuinnín a aistrítear agus é ina bheo chuig ionad feirmeoireachta;

(5)

ciallaíonn ‘SCRS’ an Buanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh atá ag ICCAT;

(6)

ciallaíonn ‘iascach áineasa’ gníomhaíochtaí iascach neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha na mara;

(7)

ciallaíonn “iascach spóirt” iascach neamhthráchtála a bhfuil baint ag a bhaill le heagraíocht náisiúnta spóirt nó ar eisíodh ceadúnas náisiúnta spóirt dóibh;

(8)

ciallaíonn ‘soitheach tarraingthe’ aon soitheach a úsáidtear chun caighin a tharraingt;

(9)

ciallaíonn ‘soitheach próiseála’ soitheach ar a ndéantar ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí a leanas ar tháirgí iascaigh, sula ndéantar iad a phacáil: filléadú nó slisniú, reo agus/nó próiseáil;

(10)

ciallaíonn ‘soitheach coimhdeachta’ aon soitheach a úsáidtear chun tuinníní gorma marbha (gan phróiseáil) a iompar ó chaighean iompair/feirmeoireachta, ó pheaslíon saighne nó ó ghaiste chuig calafort ainmnithe agus/nó chuig soitheach próiseála;

(11)

ciallaíonn ‘gaiste’ trealamh feistithe ar ancaire ar an ngrinneall, a mbíonn treoireangach ina cuid de go hiondúil agus lena dtreoraítear tuinníní gorma isteach i bhfál nó sraith d’fhálta, áit a gcoinnítear é sula ndéantar é a shaothrú;

(12)

ciallaíonn ‘peaslíon saighne’ aon líon ciorclaithe a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile ag braighdín íochtair ag bun an lín, agus an braighdín sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill i dtreo is gur féidir an líon a fháscadh agus a dhúnadh;

(13)

ciallaíonn ‘cur i gcaighean’ tuinníní gorma beo a athlonnú ón gcaighean nó ón ngaiste iompair go dtí na caighin feirmeoireachta nó ramhraithe;

(14)

ciallaíonn ‘soitheach gabhála’ soitheach a úsáidtear chun acmhainní tuinníní gorma a ghabháil ar bhonn tráchtála;

(15)

ciallaíonn ‘feirm’ limistéar muirí atá sainithe go soiléir le comhordanáidí geografacha, limistéar a úsáidtear le tuinníní gorma a ramhrú nó lena dtógáil ar fheirm, tuinníní a gabhadh i ngaistí agus/nó ar shoithí peas-saighne; d’fhéadfadh suíomhanna éagsúla a bheith ag feirm, agus iad uile sainithe le comhordanáidí geografacha agus an domhanfhad agus an domhanleithead le haghaidh gach pointe de phointí an pholagáin sainithe go soiléir leo;

(16)

ciallaíonn ‘feirmeoireacht’ nó ‘ramhrú’ tuinníní gorma a chur i gcaighean ar fheirmeacha agus iad a bheathú ina dhiaidh sin chun iad a ramhrú agus a mbithmhais iomlán a mhéadú;

(17)

ciallaíonn ‘saothrú’ tuinníní gorma a mharú ar fheirmeacha nó i ngaistí;

(18)

ciallaíonn ‘ceamara steiréascópach’ ceamara ar a bhfuil dhá lionsa nó níos mó, agus braiteoir íomhánna nó fráma scannáin ar leith le haghaidh gach lionsa ionas gur féidir íomhánna tríthoiseacha a thógáil chun fad an éisc a thomhas agus chun cuidiú le líon agus meáchan tuinníní gorma a bheachtú;

(19)

is éard is ‘soitheach cósta mionscála’ ann soitheach gabhála a bhfuil rud nach lú ná trí cinn de na cúig thréith seo a leanas ag roinnt leis:

(a)

fad iomlán is lú ná12 mhéadar;

(b)

ní dhéanann an soitheach a chuid iascaireachta ach amháin laistigh de na huiscí atá i ndlínse an Bhallstáit brataí;

(c)

is lú ná 24 uair an chloig fad na dturas iascaireachta;

(d)

bunaítear gurb é ceathrar líon uasta na foirne; nó

(e)

déanann an soitheach iascaireacht agus úsáid á baint as teicnící atá roghnaitheach agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol;

(20)

ciallaíonn ‘comhoibríocht iascaireachta’ aon oibríocht ina bhfuil dhá shoitheach peas-saighne nó níos mó páirteach agus ina ndéantar gabháil de chuid soitheach peas-saighne amháin a shannadh do shoitheach peas-saighne eile nó níos mó i gcomhréir le scála leithdháilte na gcion;

(21)

ciallaíonn ‘iascaireacht go gníomhach’, i gcás aon soitheach gabhála, an ghabháil a fhéachann an soitheach sin lena dhéanamh ar thuinnín gorm i rith séasúr iascaireachta ar leith;

(22)

ciallaíonn ‘DGTG’ doiciméad um ghabháil tuinnín ghoirm;

(23)

ciallaíonn ‘r-DGTG’ doiciméad leictreonach um ghabháil tuinnín ghoirm;

(24)

ciallaíonn ‘Limistéar an Choinbhinsiúin’ an ceantar geografach a shainmhínítear in Airteagal 1den Choinbhinsiún;

(25)

ciallaíonn ‘trasloingsiú’ gach a bhfuil nó cuid dá bhfuil de tháirgí iascaireachta ar bord soithigh iascaireachta a athluchtú go soitheach iascaireachta eile, bíodh sin mar atá, an t-athluchtú a dhéantar ar an tuinnín gorm marbh ó pheas-saighne, ón ngaiste, nó ón soitheach tarraingthe ar shoitheach coimhdeachta, is éard a mheastar nach trasloingsiú atá san athluchtú sin;

(26)

ciallaíonn ‘aistriú rialaithe’ aistriú breise a dhéantar ar iarratas ó na hoibreoirí iascaireachta/feirme nó ó na húdaráis rialaithe chun fíorú a dhéanamh ar líon na n-iasc atá á n-aistriú;

(27)

ciallaíonn ‘ceamara rialaithe’ ceamara steiréascópach agus/nó gnáth-fhíscheamara chun críoch na rialuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(28)

ciallaíonn ‘CPC’ Páirtí Conarthach sa Choinbhinsiún nó páirtí comhoibritheach neamhchonarthach, eintiteas comhoibritheach neamhchonarthach, nó eintiteas comhoibritheach neamhchonarthach iascaireachta;

(29)

ciallaíonn ‘soitheach spiléir peiligeach mórscála’ soitheach spiléir peiligeach is faide ná 24 mhéadar san iomlán;

(30)

ciallaíonn ‘aistriú’ aistriú a dhéanamh ar ní ar bith de na nithe seo a leanas:

(a)

tuinnín gorm beo ó líon an tsoithigh gabhála chuig an gcaighean iompair;

(b)

tuinnín gorm beo ón gcaighean iompair chuig caighean iompair eile;

(c)

an caighean a bhfuil an tuinnín gorm beo ann ó shoitheach tarraingthe amháin chuig soitheach tarraingthe eile;

(d)

an caighean a bhfuil an tuinnín gorm beo ann ó fheirm go chéile, agus an tuinnín gorm beo ó chaighean go chéile ar aon fheirm amháin;

(e)

tuinnín gorm beo ón ngaiste go dtí an caighean iompair, bíodh soitheach tarraingthe i láthair nó ná bíodh;

(31)

ciallaíonn ‘oibreoir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn gnóthas ar bith atá ag tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a bhaineann le céim ar bith de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, dáilte nó miondíola ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(32)

ciallaíonn ‘grúpa trealaimh’ grúpa de shoithí iascaireachta arb é an trealamh céanna atá in úsáid acu agus ar leithdháileadh cuóta grúpa orthu;

(33)

ciallaíonn ‘iarracht iascaireachta’ an toradh ar acmhainneacht agus ar ghníomhaíocht soithigh iascaireachta; i gcás grúpa de shoithí iascaireachta, ciallaíonn sé suim na n-iarrachtaí iascaireachta a dhéanann gach soitheach sa ghrúpa atá i gceist;

(34)

ciallaíonn ‘an Ballstát freagrach’ an Ballstát ar leis an bhratach nó an Ballstát ar cuid dá dhlínse an áit a bhfuil an fheirm nó an gaiste lonnaithe.

CAIBIDIL II

Bearta Bainistíochta

Airteagal 6

Coinníollacha a bhaineann le bearta bainistíochta iascaigh

1.   Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh iarracht iascaireachta a shoithí gabhála agus a ghaistí i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma atá ar fáil don Bhallstát sin san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir. Áireofar sna bearta a ghlacfaidh na Ballstáit cuótaí aonair a bhunú le haghaidh na soithí gabhála dá gcuid is faide ná 24 mhéadar san iomlán agus a áirítear ar an liosta soithí údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 26.

2.   Ceanglóidh gach Ballstát ar shoithí gabhála dul láithreach bonn chuig calafort a ainmneoidh an Ballstát sin nuair a mheasfar go bhfuil cuóta aonair an tsoithigh ídithe, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

3.   Ní cheadófar oibríochtaí cairtfhostaithe san iascach ar thuinníní gorma.

Airteagal 7

Tuinníní gorma beo nár saothraíodh a thabhairt anonn

1.   Ní fhéadfar a cheadú tuinníní gorma beo ó ghabháil ó bhlianta roimhe sin laistigh d’fheirm nár saothraíodh a thabhairt anonn, ach amháin má dhéanann an Ballstát córas rialaithe athneartaithe a fhorbairt agus a thuairisciú don Choimisiún. Beidh an córas sin ina chuid lárnach de phlean cigireachta bliantúil an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 14 agus áireofar ann na bearta a bhunaítear de bhun Airteagail 53 agus 61 ar a laghad.

2.   Má cheadaítear tabhairt anonn i gcomhréir le mír 1, beidh feidhm ag na pointí seo a leanas:

(a)

faoin 25 Bealtaine gach bliain, déanfaidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha dearbhú bliantúil maidir le tabhairt anonn a chomhlánú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus áireofar ann an méid seo a leanas:

(i)

cainníochtaí (arna sloinneadh in kg) agus líon na n-iasc a bheartaítear a thabhairt anonn,

(ii)

bliain na gabhála,

(iii)

meánmheáchan,

(iv)

Ballstát brataí nó CPC,

(v)

tagairtí don Doiciméad um Ghabháil Tuinnín Ghoirm (DGTG) a chomhfhreagraíonn do na gabhálacha a thugtar anonn,

(vi)

ainm agus uimhir ICCAT na feirme,

(vii)

uimhir an chaighin, agus

(viii)

faisnéis maidir leis na cainníochtaí saothraithe (arna sloinneadh ina kg); tráth dheireadh an tsaothraithe;

(b)

cuirfear cainníochtaí a thabharfar anonn de bhun mhír 1 i gcaighin ar leith nó i sraitheanna éagsula de chaighin ar leith ar an bhfeirm ar bhonn na bliana inar gabhadh iad.

3.   Sula dtosóidh séasúr iascaireachta, áiritheoidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha go ndéanfar measúnú críochnúil ar aon tuinníní gorma beo a tugadh anonn tar éis ollsaothruithe i bhfeirmeacha atá faoina ndlínse. Chun na críche sin, na tuinníní gorma beo go léir a tugadh anonn ón mbliain ghabhála a ndearnadh ollsaothrú i bhfeirmeacha lena linn, aistreofar iad chuig caighin eile trí chórais ceamara steiréascópaigh nó modhanna malartacha a úsáid, ar choinníoll go n-áirithítear an leibhéal céanna beaichte agus cruinnis leo, i gcomhréir le hAirteagal 51. Áiritheofar inrianaitheacht lándoiciméadaithe i gcónaí. I gcás tuinníní gorma a thabhairt anonn ó bhlianta nach ndearnadh ollsaothrú lena linn, déanfar rialú go bliantúil ar an tabhairt anonn sin tríd an nós imeachta céanna a chur i bhfeidhm maidir le samplaí iomchuí bunaithe ar mheasúnú riosca.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar síos rialacha mionsonraithe chun córas rialaithe athneartaithe a cheapadh le haghaidh tuinníní gorma beo a thabhairt anonn. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68.

Airteagal 8

Cuótaí nár úsáideadh a thabhairt anonn

Ní cheadófar tabhairt anonn cuótaí nár úsáideadh.

Airteagal 9

Aistrithe cuótaí

1.   Ní dhéanfar cuótaí a aistriú idir an tAontas agus CPCanna eile ach amháin le húdarú roimh ré ó na Ballstáit agus/nó ó na CPCanna lena mbaineann. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht ICCAT 48 n-uair an chloig roimh aon aistriú cuótaí den sórt sin.

2.   Ceadófar aistriú cuótaí laistigh de ghrúpaí trealaimh, cuótaí seachghabhála agus cuótaí iascaireachta aonair do gach Ballstát, ar choinníoll go ndéanfaidh na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas roimh ré faoi na haistrithe sin, ionas gur féidir leis an gCoimisiún Rúnaíocht ICCAT a chur ar an eolas faoi sula dtiocfaidh an t-aistriú i bhfeidhm.

Airteagal 10

Asbhaintí as cuótaí i gcás ró-iascaireachta

Más rud é go sáróidh na Ballstáit na cuótaí a leithdháileadh orthu agus nach féidir an cás a leigheas le malartú cuótaí de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm ag Airteagail 37 agus 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 11

Pleananna iascaireachta bliantúla

1.   Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean iascaireachta bliantúil a bhunú. Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad maidir leis na soithí gabhála agus na gaistí sa phlean sin:

(a)

na cuótaí arna leithdháileadh ar gach grúpa trealaimh, cuótaí seachghabhála san áireamh;

(b)

i gcás inarb infheidhme, an modh a úsáidtear chun cuótaí a leithdháileadh agus a bhainistiú;

(c)

na bearta chun a áirithiú go n-urramófaí cuótaí aonair;

(d)

na séasúir oscailte iascaireachta i gcomhair gach aicme trealaimh;

(e)

faisnéis faoi na calafoirt ainmnithe;

(f)

na rialacha maidir le seachghabháil; agus

(g)

an líon soithí gabhála, seachas trálaeir ghrinnill, ar mó ná 24 mhéadar san iomlán a bhfad agus soithí peas-saighne atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir.

2.   Déanfaidh na Ballstáit ag a bhfuil soithí cósta mionscála atá údaraithe chun iascach a dhéanamh ar thuinníní gorma cuóta earnálach sonrach a leithdháileadh ar na soithí sin agus áireoidh siad an leithdháileadh sin ina bpleananna iascaireachta. Áireoidh siad freisin ina bpleananna faireacháin, rialaithe agus cigireachta bearta breise chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ídiú cuóta an chabhlaigh sin. Féadfaidh na Ballstáit líon éagsúil soithí a údarú lena ndeiseanna iascaireachta a thapú ina n-iomláine agus na paraiméadair dá dtagraítear i mír 1 á n-úsáid acu.

3.   Féadfaidh an Phortaingéil agus an Spáinn cuótaí earnálacha a leithdháileadh le haghaidh báid bhaoite a oibríonn sna huiscí sin de chuid an Aontais atá timpeall ar oileánraigh na nAsór, Mhaidéara agus na nOileán Canárach. Áireofar na cuótaí earnálacha sin ina bpleananna iascaireachta bliantúla agus leagfar amach go soiléir ina bpleananna bliantúla faireacháin, rialaithe agus cigireachta bearta breise chun faireachán a dhéanamh ar ídiú na gcuótaí sin.

4.   I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit cuótaí earnálacha a leithdháileadh i gcomhréir le mír 2 nó 3, ní bheidh feidhm ag an gceanglas íoschuóta 5 thona a shocraítear i ngníomh an Aontais is infheidhme maidir le leithdháileadh deiseanna iascaireachta.

5.   Má dhéantar aon leasú ar an bplean iascaireachta bliantúil, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann é sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin 3 lá oibre ar a laghad roimh thús na gníomhaíochta iascaireachta lena mbaineann an leasú. Cuirfidh an Coimisiún an leasú ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT lá oibre ar a laghad roimh thús na gníomhaíochta iascaireachta lena mbaineann an leasú.

Airteagal 12

Deiseanna iascaireachta a leithdháileadh

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil dóibh á leithdháileadh acu, úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch, agus déanfaidh siad iarracht freisin cuótaí náisiúnta a dháileadh go cothrom ar chodanna éagsúla na gcabhlach agus aird speisialta á tabhairt ar iascaigh thraidisiúnta agus cheirde, agus déanfaidh siad dreasachtaí a sholáthar do na soithí iascaireachta sin de chuid an Aontais a mbeidh trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbeidh teicnící iascaireachta á n-úsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol.

Airteagal 13

Pleananna bainistíochta maidir le hacmhainneacht iascaireachta

Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean bliantúil bainistithe maidir le hacmhainneacht iascaireachta a cheapadh. Sa phlean sin, déanfaidh an Ballstát an líon soithí gabhála agus gaistí a choigeartú sa tslí go n-áiritheofar go mbeidh an acmhainneacht iascaireachta i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar shoithí gabhála agus gaistí don tréimhse chuóta ábhartha. Coigeartóidh an Ballstát an acmhainn iascaireachta trí úsáid a bhaint as na paraiméadair a shainmhínítear i ngníomh an Aontais is infheidhme maidir le leithdháileadh deiseanna iascaireachta. Beidh coigeartú acmhainneacht iascaireachta an Aontais i gcás soithí peas-saighne teoranta d’uasathrú 20 % i gcomparáid leis an acmhainneacht bunlíne iascaireachta do bhliain 2018.

Airteagal 14

Pleananna cigireachta bliantúla

Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean cigireachta bliantúil a cheapadh d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Cuirfidh gach Ballstát a phlean faoi seach faoi bhráid an Choimisiúin. Leagfaidh gach Ballstát a phlean amach i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

na cuspóirí, na tosaíochtaí agus na nósanna imeachta chomh maith le tagarmharcanna le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta a leagtar amach sa chlár sonrach rialaithe agus cigireachta le haghaidh tuinníní gorma a bunaíodh faoi Airteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(b)

an clár gníomhaíochta náisiúnta um an tuinnín gorm a rialú a bunaíodh faoi Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 15

Pleananna bliantúla bainistíochta feirmeoireachta

1.   Gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma, déanfaidh sé plean bliantúil bainistithe feirmeoireachta a cheapadh.

2.   Sa phlean bliantúil bainistithe feirmeoireachta, áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil an acmhainneacht ionchuir iomlán agus an acmhainneacht feirmeoireachta iomlán i gcomhréir leis an méid measta tuinníní gorma atá ar fáil don fheirmeoireacht.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a n-acmhainneacht feirmeoireachta tuinníní a theorannú don acmhainneacht feirmeoireachta iomlán a cláraíodh sa ‘taifead ar shaoráidí feirmeoireachta tuinníní gorma’ de chuid ICCAT nó a údaraíodh agus a dearbhaíodh do ICCAT in 2018.

4.   Beidh uas-ionchur tuinníní gorma fiáine a ghabhfar agus a thabharfar isteach i bhfeirmeacha Ballstáit, teoranta do leibhéal na gcainníochtaí ionchuir a chláraigh feirmeacha an Bhallstáit sin le ICCAT sa ‘taifead ar shaoráidí feirmeoireachta tuinníní gorma’ sna blianta 2005, 2006, 2007 nó 2008.

5.   Más gá do Bhallstát uas-ionchur tuinníní gorma fiáine a ghabhfar a mhéadú i gceann amháin nó níos mó dá fheirmeacha tuinníní, beidh an méadú sin i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta arna leithdháileadh ar an mBallstát sin, agus le haon allmhairí tuinníní gorma beo ó Bhallstát nó Páirtí Conarthach eile.

6.   Na Ballstáit atá freagrach as na feirmeacha maidir le heolaithe ar chuir SCRS cúram orthu triallacha a dhéanamh chun rátaí fáis a shainaithint le linn na tréimhse ramhraithe, áiritheoidh na Ballstáit sin go mbeidh rochtain acu ar na feirmeacha agus go dtabharfar cúnamh dóibh i ndéanamh a gcuid dualgas.

7.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit pleananna feirmeoireachta athbhreithnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Bealtaine gach bliain.

Airteagal 16

Pleananna bliantúla a chur ar aghaidh

1.   Faoin 31 Eanáir gach bliain, déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma na pleananna seo a leanas a chur faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

an plean iascaireachta bliantúil, le haghaidh na soithí gabhála agus na ngaistí atá i mbun tuinníní gorma a ghabháil san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 11;

(b)

an plean bliantúil bainistithe acmhainneachta iascaireachta a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 13;

(c)

an plean cigireachta bliantúil a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 14; agus

(d)

an plean bliantúil bainistithe feirmeoireachta a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 15.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na pleananna dá dtagraítear i mír 1 le chéile, agus úsáidfidh sé iad chun plean bliantúil de chuid an Aontais a bhunú. Cuirfidh an Coimisiún plean bliantúil an Aontais ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Feabhra gach bliain chun go ndéanfaidh ICCAT é a phlé agus a fhormheas.

3.   I gcás ina mainníonn Ballstát plean dá dtagraítear i mír 1a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin sprioc-am a leagtar síos sa mhír sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh plean an Aontais a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan pleananna an Bhallstáit lena mbaineann. Ar iarraidh ón mBallstát lena mbaineann, féachfaidh an Coimisiún le ceann amháin de na pleananna dá dtagraítear i mír 1 a chur san áireamh, ar pleananna iad a cuireadh isteach tar éis an sprioc-am a leagtar síos sa mhír sin, ach roimh an sprioc-am dá bhforáiltear i mír 2. Mura gcomhlíonfaidh plean a chuirfidh Ballstát isteach forálacha an Rialacháin seo maidir leis na pleananna bliantúla iascaireachta, acmhainneachta, cigireachta agus feirmeoireachta, nó más ann do locht tromchúiseach a bhféadfadh a theacht as nach dtabharfadh Coimisiún ICCAT a fhormhuiniú do phlean bliantúil an Aontais, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh plean bliantúil an Aontais a chur faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT gan pleananna an Bhallstáit lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún an méid sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann a luaithe is féidir agus féachfaidh sé le haon phleananna athbhreithnithe a chuir an Ballstát sin isteach a áireamh i bplean bliantúil an Aontais nó sna leasuithe ar phlean bliantúil an Aontais, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na pleananna athbhreithnithe sin forálacha an Rialacháin seo maidir leis na pleananna bliantúla iascaireachta, acmhainneachta, cigireachta agus feirmeoireachta.

CAIBIDIL III

Bearta teicniúla

Airteagal 17

Séasúir iascaireachta

1.   Ceadófar peas-saighneoireacht ar thuinníní gorma san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir ón 26 Bealtaine go dtí an 1 Iúil gach bliain.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Chipir agus an Ghréig a iarraidh ina bpleananna iascaireachta bliantúla, dá dtagraítear in Airteagal 11, go gceadófar do shoithí peas-saighne a bhfuil a mbratach ar foluain acu a bheith ag iascach ar thuinníní gorma sa Mheánmhuir Thoir (limistéir iascaireachta FAO 37.3.1 agus 37.3.2) ón 15 Bealtaine go dtí an 1 Iúil gach bliain.

3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Chróit a iarraidh ina plean iascaireachta bliantúla, dá dtagraítear in Airteagal 11, go gceadófar do shoithí peas-saighne a bhfuil a bratach ar foluain acu a bheith ag iascach ar thuinníní gorma i Muir Aidriad (limistéar iascaireachta FAO 37.2.1) ón 26 Bealtaine go dtí an 15 Iúil gach bliain.

4.   De mhaolú ar mhír 1, má sholáthraíonn Ballstát fianaise don Choimisiún gurb amhlaidh, mar thoradh ar dhálaí aimsire, nach raibh roinnt dá shoithí peas-saighne a bhí ag iascach ar thuinníní gorma san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir in ann a ngnáthlaethanta iascaireachta a úsáid le linn bliana, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh, i gcás soithí peas-saighne aonair a ndearna an cás sin difear dóibh, go mbeidh líon laethanta atá coibhéiseach le líon na laethanta a cailleadh, suas le 10 lá, le cur leis an séasúr iascaireachta dá dtagraítear i mír 1. Tabharfar údar cuí le neamhghníomhaíocht na soithí lena mbaineann agus, i gcás comhoibríocht iascaireachta, na soithí go léir a bhí páirteach trí thuairiscí aimsire agus suíomhanna an Chórais um Fhaireachán Soithí (CFS).

5.   Ceadófar do shoithí spiléir peiligeacha mórscála iascach ar thuinníní gorma san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Bealtaine.

6.   Bunóidh na Ballstáit séasúir iascaireachta dá gcabhlaigh, seachas soithí peas-saighne agus soithí spiléir peiligeacha mórscála, ina bpleananna iascaireachta bliantúla.

Airteagal 18

Oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír

Ní dochar an Chaibidil seo d’Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena n-áirítear aon mhaoluithe is infheidhme maidir leis.

Airteagal 19

Íosmhéid tagartha caomhnaithe

1.   Maidir le tuinníní gorma is éadroime ná 30 kg nó is lú ná 115 cm ar fad go gabhal an eireabaill, cuirfear toirmeasc ar thuinníní gorma den sórt sin a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a dhíol, a chur ar taispeántas nó a chur ar díol, lena n-áirítear tuinníní gorma a ghabhfar mar fhoghabhálacha nó in iascaigh áineasa.

2.   De mhaolú ar mhír 1, beidh íosmhéid tagartha caomhnaithe 8 kg nó 75 cm (fad go gabhal an eireabaill) i bhfeidhm le haghaidh tuinníní gorma i gcás na n-iascach seo a leanas:

(a)

tuinníní gorma arna ngabháil san Atlantach thoir ag báid bhaoite agus ag báid trollála;

(b)

tuinníní gorma arna ngabháil sa Mheánmhuir ag báid bhaoite, báid spiléireachta agus báid lámhdhorú laistigh den iascach cabhlaigh cósta mionscála; agus

(c)

tuinníní gorma arna ngabháil i Muir Aidriad ag soithí a bhfuil bratach na Cróite ar foluain orthu chun críocha feirmeoireachta.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn I coinníollacha sonracha a bhaineann leis an maolú dá dtagraítear i mír 2.

4.   Eiseoidh na Ballstáit údarú iascaireachta do shoithí a bheidh ag iascaireacht faoi na maoluithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I. Déanfar na soithí lena mbaineann a léiriú ar liosta na soithí gabhála dá dtagraítear in Airteagal 26.

5.   Aon éisc a bheidh faoi bhun na n-íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a leagtar amach san Airteagal seo agus a aischuirfear agus iad marbh is i gcoinne chuóta an Bhallstáit lena mbaineann a ríomhfar iad.

Airteagal 20

Gabhálacha de thaisme atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe

1.   De mhaolú ar Airteagal 19(1), maidir le tuinníní gorma ina bhfuil meáchan idir 8 kg agus 30 kg nó, de rogha air sin, atá idir 75 cm agus 115 cm ar fad go gabhal an eireabaill, ceadófar líon uasta 5 % de réir líon na ngabhálacha de thaisme do gach soitheach gabhála agus gaiste ina mbítear ag iascach go gníomhach ar thuinníní gorma.

2.   Déanfar an céatadán 5 % dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ar bhonn iomlán na ngabhálacha tuinníní gorma arna gcoinneáil ar bord soithigh nó laistigh den ghaiste tráth ar bith tar éis gach oibríochta iascaireachta.

3.   Gabhálacha a rinneadh de thaisme, déanfar iad a bhaint de chuóta an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste.

4.   Maidir le tuinníní gorma atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe, beidh gabhálacha de thaisme de thuinníní gorma faoi réir Airteagail 31, 33, 34 agus 35.

Airteagal 21

Foghabhálacha

1.   Déanfaidh gach Ballstát foráil maidir le foghabháil tuinníní gorma laistigh dá chuóta agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin tráth a chuirfidh sé a phlean iascaireachta faoina bhráid.

2.   Ní mó ná 20 % de na gabhálacha go léir a bheidh ar bord i ndeireadh gach turais iascaireachta líon na bhfoghabhálacha údaraithe, agus saineofar go soiléir sa phlean iascaireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 11 an líon sin agus an mhodheolaíocht a úsáidfear chun na foghabhálacha sin a ríomh i ndáil leis an ngabháil iomlán a bheidh ar bord. Féadfar céatadán na bhfoghabhálacha a ríomh de réir meáchain nó de réir líon na dtuinníní aonair. Ní dhéanfar ríomh de réir líon na dtuinníní aonair ach i gcás tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní arna mbainistiú ag ICCAT. Féadfar líon na bhfoghabhálacha údaraithe don chabhlach soithí cósta mionscála a ríomh ar bhonn bliantúil.

3.   Déanfar gach foghabháil tuinníní gorma marbha a coinníodh ar bord nó a aischuireadh a bhaint de chuóta an Bhallstáit brataí agus a thaifeadadh agus a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 32.

4.   I gcás Ballstáit nach bhfuil cuóta tuinníní gorma acu, déanfar na foghabhálacha lena mbaineann a bhaint den chuóta sonrach foghabhálacha de chuid an Aontais do thuinníní gorma arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

5.   I gcás ina mbeidh an cuóta iomlán a leithdháileadh ar Bhallstát ídithe, ní cheadófar aon tuinníní gorma a bheith á ngabháil ag soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu agus déanfaidh an Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na tuinníní gorma a gabhadh a scaoileadh mar fhoghabhálacha. I gcás ina mbeidh an cuóta foghabhála sonrach tuinníní gorma arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ídithe, ní cheadófar aon tuinníní gorma a bheith á ngabháil ag soithí a bhfuil bratach na mBallstát ar foluain acu agus nach bhfuil cuóta don tuinnín gorm acu, agus déanfaidh na Ballstáit sin na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na tuinníní gorma a gabhadh a scaoileadh mar fhoghabhálacha. Sna cásanna sin, cuirfear toirmeasc ar phróiseáil agus ar thráchtálú tuinníní gorma marbha agus déanfar gach gabháil a thaifeadadh. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir le cainníochtaí na bhfoghabhálacha tuinníní gorma marbha a thuairisciú ar bhonn bliantúil don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

6.   I soithí nach mbeifear ag iascach go gníomhach ar thuinníní gorma uathu, déanfar aon chainníocht tuinníní gorma a coinníodh ar bord a scaradh go soiléir ó speicis eile ionas gur féidir le húdaráis rialaithe faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Airteagail seo. Féadfar na foghabhálacha sin a mhargú má bhíonn r-DGTG ag gabháil leo.

Airteagal 22

Aermhodhanna a úsáid

Cuirfear toirmeasc ar aon aermhodh a úsáid chun tuinníní gorma a chuardach, lena n-áirítear aerárthaí, héileacaptair nó aon chineál aerfheithiclí gan foireann.

CAIBIDIL IV

Iascaigh áineasa

Airteagal 23

Cuóta sonrach le haghaidh iascaigh áineasa

1.   Déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma iascaigh áineasa a rialáil trí chuóta sonrach a leithdháileadh chun críoch na n-iascach sin. Déanfar tuinníní gorma a dtarlódh dóibh a bheith marbh a chur san áireamh sa leithdháileadh sin, lena n-áirítear maidir le hiascaireacht gabháil agus scaoileadh. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin gcuóta a leithdháiltear ar iascaigh áineasa nuair a chuirfidh siad a bpleananna iascaigh faoina bhráid.

2.   Déanfar gabhálacha tuinníní gorma marbha a thuairisciú agus a ríomh i gcoinne chuóta an Bhallstáit.

Airteagal 24

Coinníollacha sonracha le haghaidh iascaigh áineasa

1.   Déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta tuinníní gorma arna leithdháileadh ar iascaigh áineasa rialú ar iascaigh áineasa trí údaruithe iascaireachta a eisiúint do shoithí chun críche iascaireachta áineasa. Má iarrann ICCAT é, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún liosta na soithí áineasa ar deonaíodh údarú iascaireachta dóibh tuinníní gorma a ghabháil. Cuirfidh an Coimisiún an liosta sin ar aghaidh chuig ICCAT. Beidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach soitheach ar an liosta::

(a)

ainm an tsoithigh;

(b)

an uimhir ar an gclár;

(c)

an uimhir thaifid ICCAT (más ann di);

(d)

aon ainm a bhí air roimhe; agus

(e)

ainm agus seoladh an úinéara (na n-úinéirí) agus an oibritheora (na n-oibritheoirí).

2.   In iascaigh áineasa, cuirfear toirmeasc ar níos mó ná tuinnín gorm amháin in aghaidh an tsoithigh sa lá a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.

3.   Cuirfear toirmeasc ar thuinníní gorma a gabhadh in iascaigh áineasa a chur ar an margadh.

4.   Déanfaidh gach Ballstát taifead ar shonraí gabhála, lena n-áirítear an meáchan agus, i gcás inar féidir, fad gach tuinnín ghoirm a gabhadh in iascaigh áineasa agus cuirfidh sé na sonraí a bhaineann leis an mbliain roimhe sin in iúl don Choimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

5.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú, a mhéid is féidir, go scaoilfear tuinníní gorma, go háirithe cinn óga, a gabhadh beo in iascaigh áineasa. Aon tuinnín gorm a thabharfar i dtír, beidh sé iomlán, beidh na geolbhaigh bainte de agus/nó beidh sé glanta.

Airteagal 25

Gabháil, clibeáil agus scaoileadh

1.   De mhaolú ar Airteagal 23(1), na Ballstáit a bheidh ag údarú iascaireacht ‘gabháil agus scaoileadh’ san Atlantach Thoir thuaidh a bheidh á déanamh go heisiach in iascaigh spóirt, féadfaidh siad a cheadú do líon teoranta soithí iascaigh spóirt díriú ar thuinníní gorma agus é de chuspóir acu iascaireacht gabháil, clibeáil agus scaoileadh a dhéanamh gan gá a bheith ann le cuóta sonrach a leithdháileadh orthu. Is mar chuid de thionscadal eolaíochta de chuid institiúid taighde atá comhtháite le clár taighde eolaíochta a oibreoidh soithí den sórt sin. Déanfar torthaí an tionscadail a chur in iúl d’údaráis ábhartha an Bhallstáit brataí.

2.   Na soithí óna mbeidh taighde eolaíochta á dhéanamh faoi Chlár Taighde ICCAT le haghaidh tuinníní gorma, ní mheasfar gníomhaíochtaí ‘gabháil, clibeáil agus scaoileadh’ dá dtagraítear i mír 1 bheith á ndéanamh acu.

3.   Na Ballstáit a bheidh ag údarú gníomhaíochtaí ‘gabháil, clibeáil agus scaoileadh’, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a)

tuairisc ar na gníomhaíochtaí sin agus ar na bearta is infheidhme maidir leo a chur mar chuid lárnach dá bpleananna iascaireachta agus cigireachta dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 15;

(b)

dlúthfhaireachán ar ghníomhaíochtaí na soithí lena mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíonann siad an Rialacháin seo;

(c)

a áirithiú gur pearsanra oilte a dhéanfaidh na hoibríochtaí clibeála agus scaoilte chun ráta ard marthanais tuinníní aonair a chinntiú; agus

(d)

tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 30 Meitheamh gach bliain maidir leis na gníomhaíochtaí eolaíochta a rinneadh. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 60 lá roimh chruinniú SCRS na bliana dár gcionn.

4.   Aon tuinnín gorm a gheobhaidh bás le linn gníomhaíochtaí ‘gabháil, clibeáil agus scaoileadh’, bainfear de chuóta an Bhallstáit brataí é, agus tabharfar tuairisc air.

CAIBIDIL V

Bearta rialaithe

Roinn 1

Liostaí agus Taifid ar shoithí agus ar ghaistí

Airteagal 26

Liostaí agus Taifid ar shoithí

1.   Gach bliain, mí amháin roimh thús na tréimhse údarúcháin, cuirfidh na Ballstáit na liostaí soithí seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin san fhormáid a leagtar amach sa leagan deireanach de Threoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach:

(a)

liosta de gach soitheach gabhála atá údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma; agus

(b)

liosta de gach soitheach iascaireachta eile a úsáidtear chun acmhainní tuinníní gorma a shaothrú ar bhonn tráchtála.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 15 lá roimh thús na gníomhaíochta iascaireachta ionas gur féidir na soithí sin a chur isteach i dtaifead ICCAT ar shoithí údaraithe agus, más ábhartha, iad a chur isteach i dtaifead ICCAT ar shoithí atá 20 méadar ar fad nó is faide ná sin ina n-iomláine agus atá údaraithe chun oibriú i Limistéar an Choinbhinsiúin.

2.   Le linn bliain féilire, féadfar soitheach iascaireachta a áireamh ar an dá liosta dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll nach bhfuil sé ar an dá liosta san am céanna.

3.   Áireofar san fhaisnéis maidir leis na soithí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 ainm an tsoithigh agus a uimhir ar chlár chabhlach an Aontais mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún (20).

4.   Ní ghlacfaidh an Coimisiún le haon chur isteach cúlghabhálach de na liostaí dá dtagraítear in mír 1.

5.   Ní ghlacfar le hathruithe ina dhiaidh sin ar na liostaí dá dtagraítear i mír 1 le linn bliain féilire ach amháin mura féidir leis an soitheach iascaireachta dár tugadh fógra páirt a ghlacadh san iascach mar gheall ar chúiseanna oibríochtúla dlisteanacha nó force majeure. Sna himthosca sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach faoi sin agus cuirfidh sé an méid seo a leanas ar fáil:

(a)

mionsonraí iomlána an tsoithigh/na soithí iascaireachta a bheartaítear a chur in ionad an tsoithigh iascaireachta sin; agus

(b)

cuntas cuimsitheach ar an gcúis atá leis an ionadú agus aon fhianaise thacaíochta nó tagairtí ábhartha.

6.   Le linn na bliana, modhnóidh an Coimisiún, más gá, an fhaisnéis maidir leis na soithí dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo trí fhaisnéis cothrom le dáta a sholáthar do Rúnaíocht ICCAT i gcomhréir le hAirteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2017/2403.

Airteagal 27

Údaruithe iascaireachta do shoithí

1.   Eiseoidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta do shoithí a bheidh san áireamh ar cheann de na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 26(1) agus (5). Beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII ar a laghad sna húdaruithe iascaireachta agus is san fhormáid a leagtar síos san Iarscríbhinn sin a eiseofar na húdaruithe sin. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an fhaisnéis atá san údarú iascaireachta cruinn agus i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Gan dochar d’Airteagal 21(6), na soithí iascaireachta de chuid an Aontais nár cuireadh isteach sna taifid de chuid ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 26(1), ní mheasfar iad a bheith údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma ná tuinníní gorma a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a aistriú, a phróiseáil ná a thabhairt i dtír san Atlantach thoir ná sa Mheánmhuir.

3.   Déanfaidh an Ballstát brataí an t-údarú iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma a eisíodh do shoitheach a tharraingt siar, agus féadfaidh sé a cheangal ar an soitheach dul láithreach bonn chuig calafort arna ainmniú aige, nuair a bheidh an cuóta aonair a sannadh don soitheach ídithe.

Airteagal 28

Liostaí agus taifid ar ghaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma

1.   Mar chuid dá phleananna iascaireachta, déanfaidh gach Ballstát liosta de na gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT ionas gur féidir na gaistí sin a chur isteach i dtaifead ICCAT ar na gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma.

2.   Eiseoidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta le haghaidh gaistí a áireofar ar an liosta dá dtagraítear i mír 1. Beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII ar a laghad sna húdaruithe iascaireachta agus úsáidfear an fhormáid a leagtar amach san Iarscríbhinn sin sna húdaruithe iascaireachta sin. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an fhaisnéis atá san údarú iascaireachta cruinn agus i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   Na gaistí de chuid an Aontais nár cuireadh isteach i dtaifid ICCAT ar na gaistí atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma ní mheasfar iad a bheith údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma san Atlantach thoir ná sa Mheánmhuir. Cuirfear toirmeasc ar thuinníní gorma a ghabhfar sna gaistí sin a choinneáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean agus a thabhairt i dtír.

4.   Tarraingeoidh an Ballstát brataí siar an t-údarú iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma a eisíodh do ghaistí nuair a mheasfar go bhfuil an cuóta a sannadh dóibh ídithe.

Airteagal 29

Faisnéis maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta

1.   Faoin 15 Iúil gach bliain, cuirfidh gach Ballstát faisnéis mhionsonraithe faoi bhráid an Choimisiúin maidir le haon ghabhálacha tuinníní gorma san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir a rinneadh sa bhliain iascaireachta roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:

(a)

ainm agus uimhir ICCAT gach soithigh gabhála;

(b)

tréimhse údaraithe gach soithigh gabhála;

(c)

líon iomlán gabhálacha gach soithigh gabhála, lena n-áirítear i gcás nárbh ann d’aon ghabháil, le linn thréimhse an údaraithe/na n-údaruithe;

(d)

líon iomlán na laethanta a bhí gach soitheach gabhála ag iascach san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir le linn thréimhse an údaraithe/na n-údaruithe; agus

(e)

an ghabháil iomlán lasmuigh dá dtréimhse údaraithe (foghabháil).

2.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh soithí gabhála a raibh a mbratach ar foluain orthu agus nach raibh údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma san Atlantach thoir ná sa Mheánmhuir ach a ghabh tuinníní gorma mar fhoghabháil:

(a)

ainm agus uimhir ICCAT nó, mura bhfuil sé cláraithe le ICCAT, cláruimhir náisiúnta an tsoithigh; agus

(b)

an líon iomlán gabhálacha tuinníní gorma.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon fhaisnéis maidir le haon soithí nach n-áirítear i míreanna 1 agus 2 ach is eol nó a thoimhdítear a bhí ag iascach ar thuinníní gorma san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT a luaithe a bheidh an fhaisnéis ar fáil.

Airteagal 30

Comhoibríochtaí iascaireachta

1.   Ní cheadófar aon chomhoibríocht iascaireachta ar thuinníní gorma ach amháin má údaraíonn an Ballstát brataí/na Ballstáit bhrataí na soithí rannpháirteacha. Chun údarú a fháil beidh sé de cheangal ar gach soitheach peas-saighne a bheith feistithe chun iascach ar thuinníní gorma, cuóta aonair a bheith aige agus na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 32 a chomhlíonadh.

2.   Beidh an cuóta a leithdháilfear ar chomhoibríocht iascaireachta comhionann le hiomlán na gcuótaí a leithdháilfear ar na soithí peas-saighne rannpháirteacha.

3.   Ní ghlacfaidh soithí peas-saighne de chuid an Aontais páirt i gcomhoibríochtaí iascaireachta in éineacht le soithí peas-saighne as CPCanna eile.

4.   Leagtar amach in Iarscríbhinn IV an fhoirm iarratais ar údarú chun páirt a ghlacadh i gcomhoibríocht iascaireachta. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun an fhaisnéis seo a leanas a fháil ón soitheach peas-saighne dá chuid ó na soithí peas-saighne dá chuid a bheidh ag glacadh páirt i gcomhoibríocht iascaireachta:

(a)

an tréimhse údaraithe atá iarrtha don chomhoibríocht iascaireachta;

(b)

aitheantas na n-oibreoirí a bheidh páirteach;

(c)

an cuóta atá ag gach soitheach;

(d)

an scála leithdháilte idir na soithí maidir leis na gabhálacha ábhartha; agus

(e)

faisnéis maidir leis na feirmeacha cinn scríbe.

5.   Deich lá ar a laghad roimh thús na comhoibríochta iascaireachta, cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 faoi bhráid an Choimisiúin san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT agus chuig Ballstát brataí na soithí iascaireachta eile a bheidh ag glacadh páirt sa chomhoibríocht iascaireachta 5 lá ar a laghad roimh thús na hoibríochta iascaireachta.

6.   I gcás force majeure, ní bheidh feidhm ag na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 5 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis faoi na feirmeacha cinn scríbe. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit nuashonrú ar an bhfaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin a luaithe is féidir, maille le tuairisc ar na heachtraí is cúis le force majeure. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

Roinn 2

Gabhálacha a Thaifeadadh

Airteagal 31

Ceanglais taifeadta

1.   Coinneoidh máistrí soithí gabhála de chuid an Aontais logleabhar ar a gcuid oibríochtaí i gcomhréir le hAirteagail 14, 15, 23 agus 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus le Roinn A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh máistrí soithí tarraingthe, soithí coimhdeachta agus soithí próiseála de chuid an Aontais a gcuid gníomhaíochtaí a thaifeadadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Ranna B, C agus D d’Iarscríbhinn II.

Airteagal 32

Tuarascálacha maidir le gabhálacha le seoladh ag máistrí agus oibreoirí gaistí

1.   Déanfaidh máistrí soithí gabhála de chuid an Aontais atá ag iascach go gníomhach tuarascálacha laethúla maidir le gabhálacha a chur ar aghaidh chuig a mBallstát brataí le linn na tréimhse iomláine ina mbeidh siad údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma. Ní bheidh na tuarascálacha sin éigeantach i gcás soithí a bheidh i gcalafort, ach amháin má tá siad páirteach i gcomhoibríocht iascaireachta. Maidir leis na sonraí a bheidh sna tuarascálacha, is ó logleabhair a thógfar iad agus áireofar orthu dáta, am, suíomh (domhanleithead agus domhanfhad) agus meáchan agus líon na dtuinníní gorma a gabhadh i Limistéar an Choinbhinsiúin, lena n-áirítear éisc a scaoileadh agus éisc mharbha a aischuireadh. Is san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn III nó i bhformáid a éilíonn an Ballstát a chuirfidh na máistrí na tuarascálacha.

2.   Cuirfidh máistrí soithí peas-saighne na tuarascálacha laethúla maidir le gabhálacha dá dtagraítear i mír 1 le chéile le haghaidh gach oibríochta iascaireachta, lena n-áirítear i gcás nárbh ann d’aon ghabháil. Déanfaidh máistir an tsoithigh nó ionadaithe údaraithe an mháistir na tuarascálacha a chur ar aghaidh chuig Ballstát brataí an tsoithigh faoi 9.00 GMT don lá roimhe.

3.   Déanfaidh oibreoirí gaistí a bheidh ag iascach go gníomhach ar thuinníní gorma, nó déanfaidh a n-ionadaithe údaraithe, tuarascálacha laethúla a chur le chéile agus déanfar na tuarascálacha sin a chur in iúl dá mBallstát brataí laistigh de gach 48 n-uair an chloig le linn na tréimhse iomláine ina mbeidh siad údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma. Áireofar sna tuarascálacha sin uimhir an ghaiste ar chlár ICCAT, dáta agus am na gabhála, agus meáchan agus líon na dtuinníní gorma a gabhadh, fiú i gcás nárbh ann d’aon ghabháil, agus lena n-áirítear éisc a scaoileadh agus éisc mharbha a aischuireadh. Is san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chuirfidh siad an fhaisnéis sin.

4.   Déanfaidh máistrí soithí gabhála seachas soithí peas-saighne na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh chuig a mBallstát brataí faoin Máirt ar 12.00 GMT don tseachtain roimhe dar chríoch an Domhnach.

Roinn 3

Tabhairt i dtír agus Trasloingsiú

Airteagal 33

Calafoirt ainmnithe

1.   Déanfaidh gach Ballstát ar leithdháileadh cuóta tuinníní gorma air calafoirt a ainmniú ina gceadófar tuinníní gorma a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú. Déanfar an fhaisnéis maidir leis na calafoirt ainmnithe a áireamh sa phlean iascaireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 11. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon leasú ar an bhfaisnéis maidir leis na calafoirt ainmnithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl gan mhoill do Rúnaíocht ICCAT.

2.   Chun go mbeidh calafort ina chalafort ainmnithe, áiritheoidh Ballstát an chalafoirt go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

amanna bunaithe chun gabhálacha a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú;

(b)

láithreacha bunaithe chun gabhálacha a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú; agus

(c)

nósanna imeachta bunaithe cigireachta agus faireachais lena n-áirithítear clúdach cigireachta le linn gach ama chun gabhálacha a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú agus ar gach láthair chun gabhálacha a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú i gcomhréir le hAirteagal 35.

3.   Cuirfear toirmeasc ar aon chainníocht tuinníní gorma a n-iascfar orthu san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ó shoithí gabhála, agus ó shoithí próiseála agus ó shoithí coimhdeachta, aon áit seachas sna calafoirt a ainmneoidh na CPCanna agus na Ballstáit. Mar eisceacht, féadfar tuinníní gorma marbha a saothraíodh ó ghaiste nó ó chaighean a iompar chuig soitheach próiseála le soitheach coimhdeachta má dhéantar iompar den sórt sin i láthair an údaráis rialaithe é.

Airteagal 34

Réamhfhógra maidir le tabhairt i dtír

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá 12 mhéadar nó níos mó ar fad san iomlán agus a áirítear ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 26. Cuirfear an réamhfhógra faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 chuig údarás inniúil an Bhallstáit (lena n-áirítear an Ballstát brataí) nó an CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó a shaoráidí tabhairt i dtír.

2.   4 uair a chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais faoi bhun 12 mhéadar ar fad san iomlán, lena n-áirítear soithí próiseála agus soithí coimhdeachta a áirítear ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 26, nó déanfaidh ionadaithe soithí den sórt sin fógra a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit (lena n-áirítear an Ballstát brataí) nó an CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó a shaoráidí tabhairt i dtír faoin méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an t-am a mheastar a bhainfear an calafort amach;

(b)

meastachán ar an gcainníocht tuinníní gorma a coinníodh ar bord;

(c)

faisnéis maidir leis an limistéar geografach inar gabhadh na gabhálacha;

(d)

uimhir aitheantais sheachtrach agus ainm na soithí iascaireachta.

3.   I gcás ina n-údaraítear do na Ballstáit faoi dhlí infheidhme de chuid an Aontais tréimhse fógra a chur i bhfeidhm is giorra ná an tréimhse 4 uair an chloig roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, féadfar na meastacháin ar na cainníochtaí tuinníní gorma a coinníodh ar bord a chur in iúl ag an am is infheidhme maidir le fógra a thabhairt roimh theacht chun calafoirt. Más giorra ná turas 4 uair an chloig é an turas idir an t-iascach agus an calafort, féadfar na meastacháin ar na cainníochtaí tuinníní gorma a coinníodh ar bord a mhodhnú aon tráth roimh theacht chun calafoirt.

4.   Coinneoidh údaráis Bhallstát an chalafoirt taifead ar gach réamhfhógra a thabharfar le haghaidh na bliana reatha.

5.   Déanfaidh údaráis rialaithe ábhartha an Bhallstáit calafoirt gach gabháil a thabharfar i dtír san Aontas a rialú agus déanfar cigireacht ar chéatadán díobh bunaithe ar chóras measúnaithe riosca a mbeidh cuótaí, méid an chabhlaigh agus iarracht iascaireachta ina gcuid de. Leagfar amach sa phlean cigireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 14 na sonraí go léir maidir leis an gcóras rialaithe a bheidh glactha ag gach Ballstát.

6.   Déanfaidh máistrí soithigh gabhála de chuid an Aontais, beag beann ar fhad iomlán an tsoithigh, laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis an tabhairt i dtír a bheith curtha i gcrích, dearbhú tabhairt i dtír a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit nó an CPC ina ndearnadh an tabhairt i dtír agus faoi bhráid Bhallstát brataí an tsoithigh. Beidh máistir shoitheach gabhála an Aontais freagrach as iomláine agus cruinneas an dearbhaithe agus deimhneoidh sé an céanna. Léireofar sa dearbhú tabhairt i dtír, mar íoscheanglas, na cainníochtaí tuinníní gorma a tugadh i dtír agus an limistéar inar gabhadh iad. Déanfar na gabhálacha go léir a thabharfar i dtír a mheá. Cuirfidh údaráis Bhallstát an chalafoirt taifead ar an tabhairt i dtír chuig údaráis an Bhallstáit brataí nó an CPC laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis an tabhairt i dtír a bheith curtha i gcrích.

Airteagal 35

Trasloingsiú

1.   Cuirfear toirmeasc i ngach imthoisc ar thrasloingsiú ar muir a bheith á dhéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar a mbeidh tuinníní gorma á n-iompar, nó ag soithí tríú tír in uiscí an Aontais.

2.   Gan dochar d’Airteagal 52(2) agus (3), Airteagal 54 agus Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2017/2107, is i gcalafoirt ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo agus sna calafoirt sin amháin a thrasloingseoidh soithí iascaireachta gabhálacha tuinníní gorma.

3.   Déanfaidh máistir an tsoithigh glactha nó ionadaí an mháistir, 72 uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, an fhaisnéis a liostaítear sa teimpléad don dearbhú trasloingsithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V a sholáthar d’údaráis ábhartha Bhallstát an chalafoirt. Beidh sé ina cheangal le haghaidh aon trasloingsiú réamhúdarú a fháil ó Bhallstát brataí nó ó CPC brataí an tsoithigh iascaireachta trasloingsithe lena mbaineann. Thairis sin, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta trasloingsithe, tráth an trasloingsithe, na dátaí a iarrtar faoi Iarscríbhinn V a chur in iúl dá Bhallstát brataí nó dá CPC brataí.

4.   Déanfaidh Ballstát an chalafoirt cigireacht ar an soitheach glactha nuair a bhainfidh sé an calafort amach agus seiceálfaidh sé na cainníochtaí agus an doiciméadacht a bhaineann leis an oibríocht trasloingsithe.

5.   Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá i mbun oibríochtaí trasloingsithe an dearbhú trasloingsithe ICCAT a chomhlánú agus a chur chuig a mBallstát brataí laistigh de 15 lá tar éis an trasloingsiú a bheith curtha i gcrích. Déanfaidh máistrí na soithí iascaireachta trasloingsithe an dearbhú trasloingsithe ICCAT a chomhlánú i gcomhréir le hIarscríbhinn V. Áireofar ar an dearbhú trasloingsithe uimhir thagartha an r-DGTG chun cros-seiceáil na sonraí atá ann a éascú.

6.   Cuirfidh Ballstát an chalafoirt taifead ar an trasloingsiú chuig údarás Bhallstát brataí nó CPC brataí an tsoithigh iascaireachta trasloingsithe laistigh de 5 lá tar éis an trasloingsiú a bheith curtha i gcrích.

7.   Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstáit na gcalafort ainmnithe cigireacht ar gach trasloingsiú.

Roinn 4

Oibleagáidí Tuairiscithe

Airteagal 36

Tuarascálacha seachtainiúla ar chainníochtaí

Déanfaidh gach Ballstát tuarascálacha seachtainiúla maidir le gabhálacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Áireofar sna tuarascálacha sin na sonraí a cheanglaítear faoi Airteagal 32 a mhéid a bhaineann le gaistí, soithí peas-saighne agus soithí gabhála eile. Déanfar an fhaisnéis a leagan amach de réir an chineáil trealaimh. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT.

Airteagal 37

Faisnéis maidir le hídiú cuótaí

1.   De bhreis ar Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chomhlíonadh, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas nuair a mheasfar gur baineadh amach 80 % den chuóta a leithdháileadh ar ghrúpa trealaimh.

2.   De bhreis ar Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chomhlíonadh, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas nuair a mheasfar go bhfuil an cuóta a leithdháileadh ar ghrúpa trealaimh nó ar chomhoibríocht iascaireachta nó ar shoitheach peas-saighne ídithe. Beidh doiciméadacht oifigiúil in éineacht leis an bhfaisnéis sin, doiciméadacht lena dtugtar cruthúnas ar an gcosc ar iascaireacht nó an glao ar ais chuig calafort a d’eisigh an Ballstát don chabhlach, don ghrúpa trealaimh, don chomhoibríocht iascaireachta nó do na soithí ag a bhfuil cuóta aonair agus beidh dáta agus am an dúnta curtha in iúl go soiléir inti.

3.   Cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht ICCAT ar an eolas faoi na dátaí a ídíodh cuóta an Aontais le haghaidh tuinníní gorma.

Roinn 5

Cláir Breathnóirí

Airteagal 38

Clár breathnóirí náisiúnta

1.   Maidir le breathnóirí náisiúnta a mbeidh doiciméad aitheantais oifigiúil eisithe dóibh a chur amach ar shoithí iascaireachta agus ar ghaistí a bheidh gníomhach san iascach tuinníní gorma, áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar leis sin an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

20 % dá thrálaeir pheiligeacha ghníomhacha (is faide ná 15 mhéadar);

(b)

20 % dá shoithí spiléir gníomhacha (is faide ná 15 mhéadar);

(c)

20 % dá bháid bhaoite ghníomhacha (is faide ná 15 mhéadar);

(d)

100 % dá shoithí tarraingthe;

(e)

100 % dá oibríochtaí saothraithe ó ghaistí.

Na Ballstáit ag a bhfuil níos lú ná cúig shoitheach gabhála as na catagóirí atá liostaithe i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír agus atá údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma, áiritheoidh siad, má chuirtear breathnóirí náisiúnta chun úsáide, go gcumhdóidh sé sin ar a laghad 20 % den am a bheidh na soithí gníomhach san iascach tuinníní gorma.

2.   Déanfaidh na breathnóirí náisiúnta na tascanna seo a leanas go háirithe:

(a)

faireachán ar an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag soithí iascaireachta agus ag gaistí;

(b)

taifeadadh agus tuairisciú ar an ngníomhaíocht iascaireachta, lena n-áireofar an méid seo a leanas:

(i)

an méid a gabhadh (foghabháil san áireamh), agus staid na gabhála (coinníodh ar bord iad nó aischuireadh iad agus iad marbh nó beo);

(ii)

limistéar na gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid;

(iii)

tomhas na hiarrachta (mar shampla an líon tacar, an líon duán), mar atá sainithe i Lámhleabhar Réimse ICCAT maidir le trealaimh éagsúla;

(iv)

dáta na gabhála;

(c)

iontrálacha a cuireadh sa logleabhar a fhíorú;

(d)

soithí a d’fhéadfadh a bheith i mbun iascaireachta in aghaidh bhearta caomhnaithe ICCAT a aimsiú agus a thaifeadadh.

3.   De bhreis ar na tascanna dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh breathnóirí náisiúnta obair eolaíochta, lena n-áirítear na sonraí is gá a bhailiú, ar bhonn na dtreoirlínte ó SCRS.

4.   Na sonraí agus an fhaisnéis a bhaileofar faoi chlár breathnóirí gach Ballstáit soláthrófar don Choimisiún iad. Cuirfidh an Coimisiún na sonraí sin agus an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig SCRS nó chuig Rúnaíocht ICCAT, de réir mar is iomchuí.

5.   Chun críocha mhíreanna 1 go 3, áiritheoidh gach Ballstát:

(a)

go ndéanfar cumhdach ionadaíocht ama agus spásúil d’fhonn a áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún sonraí agus faisnéis leordhóthanach iomchuí maidir leis an ngabháil, an iarracht agus gnéithe eolaíochta agus bainistíochta eile, agus gnéithe a bhaineann leis na cabhlaigh agus leis na hiascaigh á gcur san áireamh;

(b)

go mbeidh prótacail láidre ann maidir le bailiú sonraí;

(c)

go mbeidh na breathnóirí oilte agus faofa mar is ceart sula rachaidh siad i mbun oibre;

(d)

go ndéanfar, a mhéid is féidir, an cur isteach is lú is féidir ar oibríochtaí soithí agus gaistí a bheidh i mbun iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin.

Airteagal 39

Clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT

1.   Áiritheoidh na Ballstáit cur chun feidhme éifeachtach chlár breathnóirí réigiúnacha ICCAT mar a leagtar amach san Airteagal seo agus in Iarscríbhinn VIII é.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair:

(a)

ar gach soitheach peas-saighne atá údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma;

(b)

gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a aistriú ó shoitheach peas-saighne;

(c)

gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a aistriú ó ghaistí go dtí caighin iompair;

(d)

gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a aistriú ó fheirm amháin go feirm eile;

(e)

gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a chur i gcaighean ar fheirmeacha;

(f)

gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a shaothrú ar fheirmeacha; agus

(g)

nuair a scaoilfear tuinníní gorma ó chaighin feirmeoireachta isteach san fharraige.

3.   Ní údarófar do shoithí peas-saighne nach bhfuil breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair orthu iascach ar thuinníní gorma.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go sannfar breathnóir réigiúnach ICCAT amháin do gach feirm ar feadh thréimhse iomlán na n-oibríochtaí cur i gcaighean. I gcás force majeure, agus tar éis don Bhallstát feirmeoireachta na himthosca sin a raibh force majeure i gceist leo a dheimhniú, féadfar breathnóir réigiúnach ICCAT a chomhroinnt idir níos mó ná aon fheirm amháin chun a ráthú go leanfar d’oibríochtaí feirmeoireachta gan bhriseadh, más rud é go n-áiritheofar go gcuirfear cúraimí an bhreathnóra i gcrích go cuí. Déanfaidh an Ballstát atá freagrach as na feirmeacha a iarraidh láithreach, áfach, go gcuirfear breathnóir réigiúnach breise i mbun oibre.

5.   Déanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT na tascanna seo a leanas go háirithe:

(a)

breathnóireacht agus faireachán ar oibríochtaí iascaireachta agus feirmeoireachta i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT, lena n-áirítear trí rochtain ar phíosaí scannánaíochta ó cheamara steiréascópach tráth a chuirfear na héisc i gcaighean trínar féidir an fad a thomhas agus meastachán a dhéanamh ar an meáchan comhfhreagrach;

(b)

na ITDanna agus na DGTGanna a shíniú nuair a bheidh an fhaisnéis a bheidh iontu ag teacht lena chuid barúlacha féin. Seachas sin, léireoidh an breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar na ITDanna agus ar na DGTGanna go bhfuil sé i láthair agus cúiseanna an easaontais agus luafaidh sé go sonrach an riail/na rialacha nó an nós imeachta/na nósanna imeachta nár urramaíodh;

(c)

obair eolaíochta a dhéanamh, lena n-áirítear samplaí a bhailiú, ar bhonn na dtreoirlínte ó SCRS.

6.   Ní chuirfidh máistrí, criúnna ná úinéirí feirmeacha, gaistí nó soithí bac ná imeagla ar bhreathnóirí réigiúnacha a bheidh i mbun a ndualgas ná ní chuirfidh siad isteach orthu ná ní imreoidh siad tionchar orthu ar mhodh ar bith.

Roinn 6

Oibríochtaí aistrithe

Airteagal 40

Údarú aistrithe

1.   Roimh aon oibríocht aistrithe, déanfaidh máistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe nó ionadaí an mháistir nó oibreoir na feirme nó an ghaiste san áit a dtionscnaítear an t-aistriú réamhfhógra maidir le haistriú a chur chuig an mBallstát brataí nó chuig an mBallstát atá freagrach as an bhfeirm nó as an ngaiste agus léireofar sa réamhfhógra sin:

(a)

ainm an tsoithigh gabhála, na feirme nó an ghaiste agus an uimhir thaifid ICCAT;

(b)

an t-am a mheastar a dhéanfar an t-aistriú;

(c)

an meastachán ar an gcainníocht tuinníní gorma atá le haistriú;

(d)

faisnéis faoin suíomh (domhanleithead/domhanfhad) ina ndéanfar an t-aistriú mar aon le huimhreacha aitheantais na gcaighean;

(e)

ainm an tsoithigh tarraingthe, líon na gcaighean a tarraingíodh agus an uimhir thaifid ICCAT i gcás inarb iomchuí; agus

(f)

an calafort, an fheirm nó an caighean is ceann scríbe ag na tuinníní gorma.

2.   Chun críocha mhír 1, sannfaidh na Ballstáit uimhir uathúil do gach caighean iompair. Más gá níos mó ná caighean iompair amháin a úsáid nuair a bheifear ag aistriú gabháil a bhaineann le hoibríocht iascaireachta amháin, ní bheidh gá ach le ITD amháin, ach déanfar uimhir gach caighin iompair a thaifeadadh sa ITD agus léireofar go soiléir ann an chainníocht tuinníní gorma arna hiompar i ngach caighean.

3.   Déanfar uimhreacha caighin a eisiúint de réir córas uimhrithe uathúil ina mbeidh trí uimhir ag leanúint an chóid alfa-3 a chomhfhreagraíonn don Bhallstát feirmeoireachta. Beidh uimhreacha caighin uathúla buan agus ní bheidh siad inaistrithe idir caighin.

4.   Déanfaidh an Ballstát ar cuireadh fógra maidir le haistriú chuige de bhun mhír 1 uimhir údaraithe le haghaidh gach oibríochta aistrithe a shannadh agus a chur in iúl do mháistir an tsoithigh iascaireachta nó d’oibreoir an ghaiste nó na feirme de réir mar is iomchuí. San uimhir údaraithe, beidh cód trí litir an Bhallstáit, ceithre uimhir a léireoidh an bhliain, mar aon le trí litir a léireoidh údarú dearfach (AUT) nó diúltach (NEG), agus leanfaidh uimhreacha seicheamhacha an méid sin.

5.   Déanfaidh an Ballstát ar cuireadh fógra maidir le haistriú chuige de bhun mhír 1 an t-aistriú a údarú, nó diúltóidh sé é a údarú, laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis an réamhfhógra um aistriú a chur faoina bhráid. Ní chuirfear tús leis an oibríocht aistrithe gan údarú dearfach a bheith eisithe roimh ré.

6.   Ní réamhbhreith ar dheimhniú na hoibríochta cur i gcaighean é an t-údarú aistrithe.

Airteagal 41

Diúltú an t-aistriú a údarú agus tuinníní gorma a scaoileadh

1.   An Ballstát ar cuireadh réamhfhógra maidir le haistriú chuige de bhun Airteagal 40(1), diúltóidh sé an t-aistriú a údarú má mheasann sé, tar éis an réamhfhógra um aistriú a fháil:

(a)

nach raibh a dhóthain de chuóta ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc;

(b)

nach bhfuil an chainníocht iasc tuairiscithe go cuí ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste nó nár údaraíodh an chainníocht sin iasc a chur i gcaighean;

(c)

nach raibh údarú bailí le haghaidh iascach ar thuinníní gorma arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 27 ag an soitheach gabhála ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc; nó

(d)

maidir leis an soitheach tarraingthe ar dearbhaíodh gurbh é a fuair an t-aistriú iasc, nach bhfuil sé cláraithe i dtaifead ICCAT ar shoithí iascaireachta eile dá dtagraítear in Airteagal 26 nó nach bhfuil córas faireacháin soithí (CFS) nó gaireas rianaithe coibhéiseach lánfheidhmiúil feistithe air.

2.   Má dhiúltaíonn an Ballstát ar cuireadh fógra maidir le haistriú chuige de bhun Airteagal 40(1) don aistriú, déanfaidh sé ordú scaoilte a eisiúint láithreach do mháistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe nó d’oibreoir an ghaiste nó na feirme de réir mar is iomchuí, chun a chur in iúl dóibh nach bhfuil an t-aistriú údaraithe agus a cheangal orthu na héisc a scaoileadh isteach san fharraige i gcomhréir le hIarscríbhinn XII.

3.   I gcás cliseadh teicniúil ar a CFS le linn iompar chuig an bhfeirm, déanfar soitheach tarraingthe eile ar a mbeidh CFS lánfheidhmiúil a chur in ionad an tsoithigh tarraingthe, nó suiteálfar nó úsáidfear CFS lánfheidhmiúil nua, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an chliste theicniúil sin. Mar eisceacht, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse 72 uair an chloig sin i gcás force majeure nó srianta oibríochtúla dlisteanacha. Cuirfear an cliseadh teicniúil in iúl láithreach don Choimisiún, agus cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht ICCAT ar an eolas faoi. Déanfaidh an máistir nó ionadaí an mháistir, ón tráth a bhraithfear an cliseadh teicniúil go dtí go leigheasfar é, comhordanáidí nuashonraithe geografacha an tsoithigh iascaireachta a chur in iúl trí mhodh iomchuí teileachumarsáide gach ceathrú huair an chloig d’údaráis rialaithe an Bhallstáit brataí.

Airteagal 42

Dearbhú aistrithe ICCAT

1.   Déanfaidh máistrí soithí gabhála nó tarraingthe nó oibreoirí feirmeacha nó gaistí ITD a chomhlánú agus a chur chuig an mBallstát freagrach i ndeireadh na hoibríochta aistrithe san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

2.   Déanfaidh údaráis an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach, as an bhfeirm nó as an ngaiste as a dtionscnaíonn an t-aistriú na foirmeacha ITD a uimhriú. Áireofar in uimhir na foirme ITD cód trí litir an Bhallstáit, agus ina dhiaidh sin ceithre uimhir a thabharfaidh an bhliain le fios agus trí uimhir sheicheamhacha, a mbeidh na trí litir ITD ina ndiaidh (MS-20**/xxx/ITD).

3.   Beidh ITD bunaidh ag gabháil leis an aistriú éisc. Coimeádfar cóip den dearbhú ar an soitheach gabhála nó ar an ngaiste agus ar shoithí tarraingthe.

4.   Déanfaidh máistrí soithí a bheidh i mbun oibríochtaí aistrithe a ngníomhaíochtaí a thuairisciú i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

5.   Déanfar faisnéis maidir le héisc mharbha a thaifeadadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.

Airteagal 43

Faireachán le físcheamara

1.   Áiritheoidh máistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe nó oibreoir na feirme nó an ghaiste go ndéanfar faireachán ar an aistriú le físcheamara san uisce d’fhonn líon na n-iasc a bheidh á n-aistriú a fhíorú. Déanfar an fístaifeadadh i gcomhréir leis na híoscheanglais agus leis na nósanna imeachta íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn X.

2.   I gcás ina n-iarrfaidh SCRS ar an gCoimisiún cóipeanna de na fístaifid a sholáthar, déanfaidh na Ballstáit na cóipeanna sin a sholáthar don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuig SCRS iad.

Airteagal 44

Fíorú a dhéanfaidh breathnóirí Réigiúnacha ICCAT, agus imscrúduithe a dhéanamh

1.   Déanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT a bheidh ar bord an tsoithigh gabhála agus an ghaiste agus dá dtagraítear in Airteagal 39 agus in Iarscríbhinn VIII:

(a)

taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí aistrithe a dhéanfar;

(b)

breathnóireacht agus meastachán a dhéanamh ar na gabhálacha a aistríodh; agus

(c)

iontrálacha a cuireadh sa réamhúdarú aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 40, agus sa ITD dá dtagraítear in Airteagal 42, a fhíorú.

2.   I gcásanna ina mbeidh difríocht is mó ná 10 % de líon na dtuinníní gorma aonair idir na meastacháin a rinne an breathnóir réigiúnach, na húdaráis rialaithe ábhartha nó máistir an tsoithigh gabhála nó tarraingthe nó oibreoir an ghaiste nó na feirme, tionscnóidh an Ballstát freagrach imscrúdú. Beidh an t-imscrúdú sin curtha i gcrích sula gcuirfear na héisc i gcaighean ar an bhfeirm agus in aon chás laistigh de 96 uair an chloig tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh, ach amháin i gcásanna force majeure. Ní údarófar cur i gcaighean ná ní bhailíochtófar an chuid ábhartha den DGTG go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe.

3.   I gcás nach mbeidh caighdeán nó soiléireacht an fhístaifid ar cháilíocht ard go leor chun meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí a aistríodh, áfach, féadfaidh máistir an tsoithigh nó oibreoir na feirme nó an ghaiste a iarraidh údaráis an Bhallstáit fhreagraigh a údarú oibríocht aistrithe nua a dhéanamh agus an fístaifead comhfhreagrach a sholáthar don bhreathnóir réigiúnach. Mura mbeidh toradh sásúil ar an aistriú rialaithe deonach sin, tionscnóidh an Ballstát freagrach imscrúdú. Más rud é, tar éis an imscrúdaithe sin, go ndeimhneofar nach mbeidh caighdeán nó soléireacht an fhístaifid ar cháilíocht ard go leor chun meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí a aistríodh, ordóidh údaráis rialaithe an Bhallstáit fhreagraigh oibríocht aistrithe rialaithe eile agus soláthróidh sé an fístaifead comhfhreagrach don bhreathnóir réigiúnach de chuid ICCAT. Déanfar aistrithe nua mar aistriú/aistrithe rialaithe go dtí gur féidir meastacháin a dhéanamh ar na cainníochtaí a aistríodh de bharr cháilíocht an fhístaifid.

4.   Gan dochar do na fíoruithe a dhéanfaidh cigirí, ní shíneoidh na breathnóirí réigiúnacha de chuid ICCAT ITD ach i gcás ina mbeidh a gcuid barúlacha ag teacht le bearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT agus ina mbeidh an fhaisnéis ar ITD ag teacht lena gcuid barúlacha agus ina n-áirítear fístaifead comhlíontach san fhaisnéis sin i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3. Fíoróidh na breathnóirí réigiúnacha de chuid ICCAT chomh maith gur cuireadh ITD ar aghaidh chuig máistir an tsoithigh tarraingthe nó oibreoir na feirme nó ionadaí an ghaiste i gcás inarb infheidhme. Mura n-aontóidh na breathnóirí de chuid ICCAT le ITD, léireoidh breathnóirí de chuid ICCAT ar ITDanna agus ar DGTGanna go bhfuil siad i láthair agus cúiseanna an easaontais agus luafaidh siad go sonrach an riail/na rialacha nó an nós imeachta/na nósanna imeachta nár urramaíodh.

5.   Déanfaidh máistrí na soithí gabhála nó tarraingthe nó oibreoirí na bhfeirmeacha nó na ngaistí ITD a chomhlánú agus a chur chuig an mBallstát freagrach i ndeireadh na hoibríochta aistrithe san fhormaid a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Cuirfidh na Ballstáit ITD ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

Airteagal 45

Gníomhartha cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos nósanna imeachta oibríochtúla maidir le cur i bhfeidhm na Roinne seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68.

Roinn 7

Oibríochtaí Cur i gCaighean

Airteagal 46

Údarú cur i gcaighean agus an fhéidearthacht go ndiúltófaí údarú

1.   Sula gcuirfear tús le hoibríochtaí cur i gcaighean le haghaidh gach caighin iompair cuirfear toirmeasc ar chaighin iompair a chur ar ancaire i ngaireacht 0,5 míle farraige de shaoráidí feirmeoireachta. Chuige sin, beidh comhordanáidí geografacha a chomhfhreagraíonn don pholagán ina bhfuil an fheirm suite ar fáil sna pleananna bainistithe feirmeoireachta dá dtagraítear in Airteagal 15.

2.   Sula mbeidh aon oibríocht cur i gcaighean ann, iarrfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm ar an mBallstát nó ar an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste a ghabh na tuinníní gorma atá le cur i gcaighean an cur i gcaighean a fhormheas.

3.   Diúltóidh údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste an cur i gcaighean a fhormheas má mheasann sé:

(a)

nach raibh cuóta leordhóthanach le haghaidh tuinníní gorma ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste a ghabh na héisc;

(b)

nach ndearna an soitheach gabhála nó an gaiste an chainníocht iasc a thuairisciú go cuí, nó

(c)

nach bhfuil údarú bailí le haghaidh iascach ar thuinníní gorma arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 27 ag an soitheach gabhála nó an gaiste ar dearbhaíodh é gurbh é a ghabh na héisc.

4.   Má dhiúltaíonn an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste an cur i gcaighean a fhormheas, déanfaidh sé:

(a)

údarás inniúil an Bhallstáit nó an CPC atá freagrach as an bhfeirm a chur ar an eolas faoi; agus

(b)

a iarraidh ar an údarás inniúil sin dul ar aghaidh leis na gabhálacha a urghabháil agus leis na héisc a scaoileadh isteach san fharraige.

5.   Ní chuirfear tús leis an gcur i gcaighean gan formheas arna eisiúint laistigh de lá oibre tar éis na hiarrata a bheith faighte ón mBallstát nó ón CPC atá freagrach as na soithí gabhála nó as an ngaiste nó ón mBallstát atá freagrach as an bhfeirm má chomhaontaítear sin le húdaráis an Bhallstáit nó an CPC atá freagrach as na soithí gabhála nó as an ngaiste. Mura bhfaighfear aon fhreagra laistigh de lá oibre ó údaráis an Bhallstáit nó an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm an oibríocht cur i gcaighean a údarú.

6.   Cuirfear éisc i gcaighean roimh an 22 Lúnasa gach bliain mura rud é go soláthróidh údaráis inniúla an Bhallstáit nó an CPC atá freagrach as an bhfeirm cúiseanna bailí lena n-áirítear force majeure, agus beidh na cúiseanna sin ag gabháil leis an tuarascáil cur i gcaighean nuair a chuirfear isteach í. In aon chás, ní chuirfear na héisc i gcaighean tar éis an 7 Meán Fómhair gach bliain.

Airteagal 47

Doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm

1.   Cuirfear toirmeasc ar na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha tuinníní gorma a chur i gcaighean mura mbeidh na doiciméid a éilíonn ICCAT faoi chuimsiú an chláir maidir le doiciméid um ghabháil ó Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ag gabháil leo. Beidh an doiciméadacht cruinn agus críochnaitheach, agus déanfaidh an Ballstát nó an CPC atá freagrach as na soithí gabhála nó na gaistí í a bhailíochtú.

2.   Ní chuirfidh na Ballstáit tuinníní gorma i bhfeirm nach mbeidh údaraithe ag an mBallstát ná ag CPC nó nach mbeidh liostaithe i dtaifead ICCAT maidir le saoráidí feirmeoireachta.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha go gcuirfear gabhálacha tuinníní gorma i gcaighin ar leithligh nó i sraitheanna ar leithligh caighean agus go ndéanfar iad a dheighilt ar bhonn thionscnamh an Bhallstáit brataí nó CPC. De mhaolú air sin, má ghabhtar na tuinníní gorma i gcomhthéacs comhoibríochta iascaireachta idir Ballstáit éagsúla, áiritheoidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha go gcuirfear tuinníní gorma i gcaighin ar leithligh nó i sraitheanna ar leithligh caighean agus go ndéanfar iad a dheighilt ar bhonn comhoibríochtaí iascaireachta agus na bliana inar gabhadh iad.

Airteagal 48

Cigireachtaí

Déanfaidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha na bearta is gá maidir le cigireacht a dhéanamh ar gach oibríocht cur i gcaighean ar na feirmeacha.

Airteagal 49

Faireachán le físcheamara

Áiritheoidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha go ndéanfaidh a n-údaráis rialaithe faireachán ar oibríochtaí cur i gcaighean le físcheamara san uisce. Déanfar fístaifead le haghaidh gach oibríochta cur i gcaighean i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn X.

Airteagal 50

Imscrúduithe a thionscnamh agus a dhéanamh

I gcás ina mbeidh difríocht is mó ná 10 % in uimhreacha idir na meastacháin a rinne an breathnóir réigiúnach ICCAT, údaráis rialaithe na mBallstát ábhartha agus/nó oibreoir na feirme, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm, i gcomhar leis an mBallstát nó leis an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste, imscrúdú a thionscnamh. Féadfaidh an Ballstát a bheidh ag gabháil do na himscrúduithe úsáid a bhaint as faisnéis eile a bheidh ar fáil dó, lena n-áirítear torthaí na gclár cur i gcaighean dá dtagraítear in Airteagal 51.

Airteagal 51

Bearta agus cláir chun meastachán a dhéanamh ar líon agus ar mheáchan na dtuinníní gorma a bheidh le cur i gcaighean

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le clár ina n-úsáidtear córais ceamara steiréascópaigh nó modhanna malartacha lena n-áirithítear an leibhéal céanna beaichte agus cruinnis, go gcumhdóidh clár den sórt sin 100 % de gach oibríocht cur i gcaighean chun meastachán a dhéanamh ar líon agus ar mheáchan na n-iasc.

2.   Déanfar an clár sin a sheoladh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI. Ní cheadmhach modhanna malartacha a úsáid ach amháin más rud é go mbeidh siad formhuinithe ag ICCAT le linn a chruinnithe bhliantúil.

3.   Déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm torthaí an chláir a chur in iúl don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as na soithí gabhála agus don eintiteas a oibríonn an clár breathnóirí réigiúnacha thar ceann ICCAT.

4.   Más rud é, i gcás oibríocht gabhála aonair, go léiríonn torthaí an chláir go bhfuil difríocht is mó ná 10 % idir líon na dtuinníní gorma aonair a cuireadh i gcaighean agus na cainníochtaí a tuairiscíodh a gabhadh agus/nó a aistríodh, seolfaidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste imscrúdú chun an meáchan cruinn gabhála a bhainfear den chuóta náisiúnta tuinníní gorma a chinneadh, i gcomhréir le mír 9.

5.   I gcás ina seolfaidh an Ballstát nó an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste imscrúdú, comhoibreoidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm go hiomlán agus soláthróidh sé an fhaisnéis chomhlántach uile a iarrfar don Bhallstát nó don CPC imscrúdaithe, lena n-áirítear torthaí na hanailíse ar an bhfís-scannán nó ar na fís-scannáin lena mbaineann, agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas láithreach.

6.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear na húdaráis sin a raibh a soithí páirteach in iompar na n-iasc, comhoibriú go gníomhach, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis agus an doiciméadacht uile atá ar fáil dóibh a mhalartú.

7.   Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 1 mhí tar éis d’údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm na torthaí ar an gcur i gcaighean a chur in iúl.

8.   Má bhíonn difríocht is mó ná 10 % idir an líon tuinníní gorma a tuairiscíodh a ghabh an soitheach nó an gaiste lena mbaineann agus an líon a chinn údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste de thoradh an imscrúdaithe, d’fhéadfadh sé gur neamhchomhlíonadh arna dhéanamh ag an soitheach nó ag an ngaiste lena mbaineann é sin.

9.   I gcás inarb é conclúid imscrúdaithe go bhfuil tuinníní gorma aonair ar iarraidh, déanfar meáchan na n-iasc atá ar iarraidh a bhaint de chuóta an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála nó an gaiste, de réir mar is infheidhme, trí mheánmheáchan na dtuinníní aonair tráth a gcur i gcaighean, arna chur in iúl ag údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm, a chur i bhfeidhm maidir leis an líon tuinníní gorma sa ghabháil, arna chinneadh ag údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach iascaireachta nó as an ngaiste, mar thoradh ar an anailís a rinne sé ar fhís-scannán an chéad aistrithe i gcomhthéacs an imscrúdaithe.

10.   D’ainneoin mhír 9, tar éis dul i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit nó an CPC atá freagrach as an soitheach iascaireachta a bhí páirteach in aistriú na n-iasc chuig an bhfeirm cinn scríbe, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste agus an Coimisiún a chinneadh gan na héisc ar cinneadh san imscrúdú gur cailleadh iad a bhaint den chuóta náisiúnta, i gcás ina ndearna an t-oibreoir na caillteanais a dhoiciméadú go cuí mar force majeure, inar cuireadh an fhaisnéis ábhartha in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an oibreoir agus don Choimisiún díreach tar éis an teagmhais agus nach eol go raibh básmhaireacht mar thoradh ar na caillteanais.

11.   Déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste ordú scaoilte a eisiúint i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XII le haghaidh na gcainníochtaí a cuireadh i gcaighean agus is mó ná na cainníochtaí a dearbhaíodh a gabhadh agus a aistríodh más rud é:

(a)

nach mbeidh an t-imscrúdú dá dtagraítear i mír 4 curtha i gcrích laistigh de 10 lá oibre ón tráth a cuireadh torthaí an chláir in iúl le haghaidh oibríocht cur i gcaighean amháin nó le haghaidh gach oibríochta cur i gcaighean ó chomhoibríocht iascaireachta; nó

(b)

go léireoidh toradh an imscrúdaithe gur mó líon agus/nó meánmheáchan na dtuinníní gorma ná an líon agus/nó an meánmheáchan a dearbhaíodh a gabhadh agus a aistríodh;

Déanfar an bhreis a scaoileadh i láthair údaráis rialaithe.

12.   Úsáidfear torthaí an chláir chun a chinneadh an gá éisc a scaoileadh agus déanfar na dearbhuithe cur i gcaighean agus na codanna ábhartha den DGTG a líonadh isteach dá réir sin. Nuair a bheidh ordú scaoilte eisithe, iarrfaidh oibreoir na feirme údarás rialaithe náisiúnta agus breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a bheith i láthair chun faireachán a dhéanamh ar an scaoileadh.

13.   Cuirfidh na Ballstáit torthaí an chláir faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meán Fómhair gach bliain. I gcás force majeure le linn an chur i gcaighean, tíolacfaidh na Ballstáit na torthaí sin roimh an 12 Meán Fómhair gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig SCRS faoin 15 Meán Fómhair gach bliain lena meas.

14.   Ní dhéanfar tuinníní gorma beo a aistriú ó chaighean feirmeoireachta go caighean feirmeoireachta eile gan údarú a bheith tugtha ag údaráis rialaithe an Bhallstáit nó an CPC atá freagrach as an bhfeirm agus iad a bheith i láthair. Déanfar gach aistriú a thaifeadadh chun an líon tuinníní aonair a rialú. Déanfaidh na húdaráis rialaithe náisiúnta faireachán ar na haistrithe sin agus áiritheoidh siad go ndéanfar gach aistriú idir feirmeacha a thaifeadadh sa chóras r-DGTG.

Airteagal 52

Dearbhú cur i gcaighean agus tuarascáil cur i gcaighean

1.   Laistigh de 72 uair an chloig tar éis dheireadh gach oibríochta cur i gcaighean, déanfaidh oibreoir feirme dearbhú cur i gcaighean dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XIV a chur faoi bhráid a údaráis inniúil.

2.   Sa bhreis ar an dearbhú cur i gcaighean dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil cur i gcaighean ina mbeidh na heilimintí atá leagtha amach i Roinn B d’Iarscríbhinn XI a chur faoi bhráid an Bhallstáit nó CPC ar ghabh a shoithí nó a ghaistí na tuinníní gorma, agus chuig an gCoimisiún, seachtain amháin ó thabhairt i gcrích na hoibríochta cur i gcaighean. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaíocht ICCAT.

3.   Chun críoch mhír 2, ní mheasfar deireadh a bheith le haon oibríocht cur i gcaighean go dtí go mbeidh deireadh le haon imscrúdú a bheidh tionscanta agus le haon ordú scaoilte a bheidh ordaithe.

Airteagal 53

Aistrithe laistigh d’fheirmeacha agus rialuithe randamacha

1.   Déanfaidh Ballstát atá freagrach as feirm córas inrianaitheachta a chur ar bun, lena n-áirítear fístaifeadadh aistrithe inmheánacha.

2.   Déanfaidh údaráis rialaithe an Bhallstáit atá freagrach as feirm rialuithe randamacha, ar bhonn anailís riosca, ar thuinníní gorma a choinnítear i gcaighin feirmeoireachta idir an tráth a dhéantar na hoibríochtaí cur i gcaighean a chur i gcrích bliain ar leith agus an chéad chur i gcaighean an bhliain dár gcionn.

3.   Chun críoch mhír 2, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as feirm céatadán íosta iasc a bheidh le rialú a leagan síos. Leagfar an céatadán sin amach sa phlean cigireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 14. Déanfaidh gach Ballstát torthaí na rialuithe randamacha a dhéanfar gach bliain a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún na torthaí sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT i mí Aibreáin na bliana tar éis thréimhse an chuóta ábhartha.

Airteagal 54

Rochtain ar fhístaifid agus ceanglais maidir le fístaifid

1.   Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach as feirm go ndéanfar na fístaifid dá dtagraítear in Airteagail 49 agus 51 a chur ar fáil do na cigirí náisiúnta, agus do chigirí réigiúnacha agus cigirí ICAAT agus do bhreathnóirí náisiúnta agus breathnóirí ICCAT.

2.   Déanfaidh an Ballstát atá freagrach as feirm na bearta is gá chun nach ndéanfar aon athsholáthar, eagarthóireacht nó ionramháil ar na fístaifid bunaidh.

Airteagal 55

Tuarascáil bhliantúil cur i gcaighean

Na Ballstáit a bhfuil sé d’oibleagáid orthu dearbhuithe agus tuarascálacha cur i gcaighean a chur isteach faoi Airteagal 52 cuirfidh siad tuarascáil cur i gcaighean faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain faoin 31 Iúil don bhliain roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT roimh an 31 Lúnasa gach bliain. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa tuarascáil:

(a)

méid iomlán na dtuinníní gorma a cuireadh i gcaighean de réir feirme, lena n-áirítear an méid a cailleadh ó thaobh lín agus meáchain de le linn a n-iompartha chuig na caighin de réir feirme ag soithí iascaireachta agus gaistí;

(b)

an liosta de na soithí a bhíonn ag iascach ar thuinníní gorma nó ag soláthar nó ag iompar tuinníní gorma chun críoch feirmeoireachta (ainm an tsoithigh, an bhratach, uimhir an cheadúnais, an cineál trealaimh) agus de na gaistí;

(c)

torthaí an chláir samplála le haghaidh an mheastacháin ar líon na dtuinníní gorma a gabhadh de réir méide, mar aon le dáta, am agus limistéar na gabhála agus an modh iascaireachta a úsáideadh, chun feabhas a chur ar na staitisticí chun críoch measúnaithe stoc;

Leis an gclár samplála, maidir le sampláil méide (fad nó meáchan) ag caighin, ní mór sin a dhéanamh ar shampla amháin (= 100 tuinníní aonair) in aghaidh gach 100 tona d’éisc bheo, nó ar shampla 10 % den líon iomlán iasc a cuireadh i gcaighean. Baileofar samplaí méide le linn saothrú ar an bhfeirm agus ar na héisc mharbha le linn a n-iompartha de réir Threoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach. I gcás éisc a ndéantar feirmeoireacht orthu ar feadh níos mó ná bliain, leagfar síos modheolaíochtaí samplála. Déanfar an tsampláil le linn aon saothrú, agus cumhdóidh sí gach caighean;

(d)

cainníochtaí na dtuinníní gorma a cuireadh i gcaighean agus meastachán ar na rátaí fáis agus básmhaireachta le linn dóibh a bheith i mbraighdeanas agus ar na méideanna a díoladh de réir tonaí. Is in aghaidh na feirme a sholáthrófar an fhaisnéis sin;

(e)

na cainníochtaí de thuinníní gorma a cuireadh i gcaighean le linn na bliana roimhe sin; agus

(f)

na cainníochtaí, de réir a n-áite bunaidh, a cuireadh ar an margadh le linn na bliana roimhe sin.

Airteagal 56

Gníomhartha cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha a leagtar síos sa Roinn seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68.

Roinn 8

Faireachán agus Faireachas

Airteagal 57

Córas um Fhaireachán Soithí

1.   De mhaolú ar Airteagal 9(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh na Ballstáit bhrataí CFS chun feidhme le haghaidh na soithí iascaireachta dá gcuid atá 12 mhéadar nó níos mó ar fad san iomlán i gcomhréir le hIarscríbhinn XV.

2.   Soithí iascaireachta is faide ná 15 mhéadar ar fad san iomlán agus atá ar áireamh ar an liosta de shoithí dá dtagraítear in Airteagal 26(1), pointe (a) nó (b), tosóidh siad ar shonraí ón CFS a tharchur chuig ICCAT 5 lá ar a laghad roimh a dtréimhse údaraithe agus leanfaidh siad leis na sonraí sin a tharchur go ceann 5 lá ar a laghad tar éis a dtréimhse údaraithe, mura gcuirfear iarraidh roimh ré chuig an gCoimisiún an soitheach a bhaint de thaifead soithí ICCAT.

3.   Chun críocha rialaithe, áiritheoidh an máistir nó ionadaí an mháistir nach gcuirfear isteach ar shonraí ón CFS a tharchur ó shoithí gabhála atá údaraithe chun iascach go gníomhach ar thuinníní gorma fad a bheidh na soithí sin i gcalafort murab ann do chóras lena bhfógraítear na soithí atá ag teacht agus ag imeacht sa chalafort.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a lárionad faireacháin iascaigh, i bhfíor-am agus an fhormáid ‘https data feed’ á húsáid acu, na teachtaireachtaí ón CFS a fuarthas ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig comhlacht a ainmneoidh sé. Cuirfidh an Coimisiún na teachtaireachtaí sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit:

(a)

go ndéanfar teachtaireachtaí ón CFS ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún gach 2 uair an chloig ar a laghad;

(b)

i gcás mífheidhm theicniúil ar CFS, go ndéanfar teachtaireachtaí malartacha ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a fuarthas de bhun Airteagal 25(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún laistigh de 24 uair an chloig tar éis dá lárionad faireacháin iascaigh iad a fháil;

(c)

go mbeidh uimhriú seicheamhach (agus aitheantóir uathúil) ar gach teachtaireacht a sheolfar ar aghaidh chuig an gCoimisiún chun dúbláil a sheachaint;

(d)

go mbeidh teachtaireachtaí a chuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011.

6.   Áiritheoidh gach Ballstát go ndéileálfar go rúnda leis na teachtaireachtaí go léir a chuirfear ar fáil dá shoithí cigireachta agus go mbeidh siad teoranta d’oibríochtaí cigireachta ar muir.

Roinn 9

Cigireacht agus Forfheidhmiú

Airteagal 58

Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta

1.   Déanfar gníomhaíochtaí comhchigireachta idirnáisiúnta i gcomhréir le scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta (“scéim ICCAT”) le haghaidh rialú idirnáisiúnta lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta údaraithe chun iascach ar thuinníní gorma cigirí a cheapadh agus cigireachtaí a dhéanamh ar muir faoi scéim ICCAT.

3.   I gcás go mbeidh níos mó ná 15 shoitheach iascaireachta de chuid Ballstáit i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le tuinníní gorma i Limistéar an Choinbhinsiúin aon tráth amháin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, ar bhonn anailís riosca, soitheach cigireachta a chur amach chun críche cigireachta agus rialaithe ar muir i Limistéar an Choinbhinsiúin feadh na tréimhse a mbeidh na soithí sin ann lena linn. Measfar go mbeidh an oibleagáid comhlíonta i gcás ina gcomhoibreoidh Ballstáit le chéile chun soitheach cigireachta a chur amach nó i gcás ina ndéanfar soitheach cigireachta de chuid an Aontais a chur amach i Limistéar an Choinbhinsiúin.

4.   Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé cigirí de chuid an Aontais a shannadh do scéim ICCAT.

5.   Chun críocha mhír 3, déanfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta a chomhordú don Aontas. Féadfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit ábhartha, cláir chomhchigireachta a leagan síos le cur ar chumas an Aontais a oibleagáid faoi scéim ICCAT a chomhlíonadh. Glacfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta i mbun iascach ar thuinníní gorma na bearta is gá chun cur chun feidhme na gclár sin a éascú go háirithe a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní daonna agus ábhair is gá agus maidir leis na tréimhsí ar lena linn a úsáidfear na hacmhainní sin agus na limistéir gheografacha ina n-úsáidfear iad.

6.   Faoin 1 Aibreán gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit ainmneacha na gcigirí agus na soithí cigireachta don Choimisiún a bhfuil sé beartaithe acu iad a shannadh do scéim ICCAT le linn na bliana. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis sin gach bliain chun plean maidir le rannpháirtíocht an Aontais i scéim ICCAT a leagan síos, i gcomhar leis na Ballstáit, ar plean é a sheolfaidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT agus chuig na Ballstáit.

Airteagal 59

Cigireachtaí i gcás sáruithe

Áiritheoidh an Ballstát brataí go ndéanfar cigireacht fhisiciúil ar shoitheach iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain air faoina údarás ina chalafoirt nó go ndéanfaidh cigire a bheidh ainmnithe aige é nuair nach mbeidh an soitheach i gceann dá chalafoirt más rud é, maidir leis an soitheach iascaireachta:

(a)

nár chomhlíon sé na ceanglais taifeadta agus tuairiscithe a leagtar amach in Airteagail 31 agus 32; nó

(b)

go ndearna sé sárú ar an Rialacháin seo nó sárú tromchúiseach dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 60

Cros-seiceálacha

1.   Fíoróidh gach Ballstát faisnéis agus gur cuireadh isteach in am trátha tuarascálacha cigireachta agus tuarascálacha breathnóirí, sonraí ón CFS agus, i gcás inarb iomchuí, r-DGTGanna, logleabhair a soithí iascaireachta, doiciméid aistrithe agus trasloingsithe agus doiciméid ghabhála i gcomhréir le hAirteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.   Déanfaidh gach Ballstát cros-seiceálacha ar gach tabhairt i dtír, trasloingsiú nó cur i gcaighean idir na cainníochtaí de réir an speicis a taifeadadh i logleabhar an tsoithigh iascaireachta nó na cainníochtaí de réir an speicis a taifeadadh ar an dearbhú trasloingsithe agus na cainníochtaí a taifeadadh ar an dearbhú tabhairt i dtír nó ar an dearbhú cur i gcaighean, agus aon doiciméad trasloingsithe ábhartha eile, mar shampla sonrasc nó nótaí díolacháin.

Roinn 10

Forfheidhmiú

Airteagal 61

Forfheidhmiú

Gan dochar d’Airteagail 89 go 91 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus go háirithe dualgas na mBallstát bearta forfheidhmiúcháin iomchuí a dhéanamh maidir le soitheach iascaireachta, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuinníní gorma bearta forfheidhmiúcháin iomchuí maidir le feirm i gcás ina mbeidh sé suite, i gcomhréir le dlí náisiúnta, nach gcomhlíonann an fheirm Airteagail 46 go 56 den Rialachán seo. Ag brath ar a thromchúisí a bhí an cion agus i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta, féadfaidh sé go mbeidh ar áireamh sna bearta sin, go háirithe, an t-údarú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, fíneálacha nó an dá rud. Aon uair a dhéanfar údarú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, déanfaidh na Ballstáit é sin a chur in iúl don Choimisiún agus tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin méid sin do Rúnaíocht ICCAT d’fhonn ‘taifead ar shaoráidí feirmeoireachta tuinníní gorma’ a mhodhnú dá réir.

CAIBIDIL VI

Margaíocht

Airteagal 62

Bearta margaíochta

1.   Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), maidir le tuinníní gorma, cuirfear toirmeasc san Aontas ar a dtrádáil, a thabhairt i dtír, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur i gcaighean chun críocha ramhraithe nó feirmeoireachta, a ath-onnmhairiú nó a thrasloingsiú mura mbeidh na doiciméid chruinne iomlána agus bhailíochtaithe ag gabháil leo mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo, nó faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena gcuirtear chun feidhme rialacha ICCAT maidir leis an gclár de dhoiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm.

2.   Maidir le tuinníní gorma, cuirfear toirmeasc san Aontas ar a dtrádáil, ar iad a allmhairiú, a thabhairt i dtír, a chur i gcaighean lena ramhrú nó le haghaidh feirmeoireachta, a phróiseáil, a onnmhairiú, a ath-onnmhairiú agus a thrasloingsiú sna cásanna seo a leanas:

(a)

gur soithí iascaireachta nó gaistí de chuid Stát brataí nach bhfuil cuóta ná teorainn ghabhála aige le haghaidh tuinníní gorma faoi théarmaí bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT a ghabh na tuinníní gorma; nó;

(b)

gur soitheach iascaireachta nó gaiste a raibh a chuóta aonair nó a raibh deiseanna iascaireachta a Bhallstáit ídithe tráth na gabhála a ghabh na tuinníní gorma.

3.   Gan dochar do Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) Uimh. 1005/2008 agus (AE) Uimh. 1379/2013, maidir le tuinníní gorma, cuirfear toirmeasc san Aontas ar a dtrádáil, ar iad a allmhairiú, a thabhairt i dtír, a phróiseáil agus a onnmhairiú más tuinníní gorma iad as feirmeacha ramhraithe nó feirmeoireachta ó fheirmeacha ramhraithe nó feirmeoireachta nach gcomhlíonann na Rialacháin dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL VII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 63

Meastóireacht

Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe ar chomhlíonadh an Rialacháin seo acu a chur faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún, faoin dáta a chinnfidh ICCAT, tuarascáil mhionsonraithe ar chur chun feidhme Mholadh ICCAT 19-04 a chur faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT ar bhonn na faisnéise a gheobhaidh sé ó na Ballstáit.

Airteagal 64

Maoiniú

Chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), measfar gur plean ilbhliantúil de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 é an Rialachán seo.

Airteagal 65

Rúndacht

Caithfear leis na sonraí a bhaileofar agus a mhalartófar faoi chuimsiú an Rialacháin seo i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht de bhun Airteagail 112 agus 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 66

An nós imeachta maidir le leasuithe

1.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 a bhaineann le leasuithe ar an Rialachán seo chun é a chur in oiriúint do bhearta arna nglacadh ag ICCAT a chuireann ceangal ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

maoluithe ar an toirmeasc faoi Airteagal 8 ar chuótaí nár úsáideadh a thabhairt anonn;

(b)

na sprioc-amanna ar fúthu nach mór faisnéis a thuairisciú mar a leagtar síos in Airteagal 24(4), Airteagal 26(1), Airteagal 29(1), Airteagal 32(2) agus (3), Airteagal 35(5) agus (6), Airteagal 36, Airteagal 41(3), Airteagal 44(2), Airteagal 51(13), 52(2), Airteagal 55, Airteagal 57(5), pointe (b), agus Airteagal 58(6);

(c)

na tréimhsí ama le haghaidh tréimhsí iascaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) agus (4);

(d)

an t-íosmhéid tagartha caomhnaithe a leagtar amach in Airteagal 19(1) agus (2) agus Airteagal 20(1);

(e)

na céatadáin agus na paraiméadair thagartha a leagtar síos in Airteagal 13, Airteagal 15(3) agus (4), Airteagal 20(1), Airteagal 21(2), Airteagal 38(1), Airteagal 44(2), Airteagal 50 agus Airteagal 51(8);

(f)

an fhaisnéis atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin agus dá dtagraítear in Airteagal 11(1), Airteagal 24(1), Airteagal 25(3), Airteagal 29(1), Airteagal 30(4), Airteagal 34(2), Airteagal 40(1) agus Airteagal 55;

(g)

na tascanna le haghaidh breathnóirí náisiúnta agus breathnóirí réigiúnacha de chuid ICCAT dá bhforáiltear in Airteagal 38(2) agus Airteagal 39(5) faoi seach;

(h)

na cúiseanna le diúltú an údaraithe aistrithe a leagtar síos in Airteagal 41(1);

(i)

na cúiseanna leis na gabhálacha a urghabháil agus lena ordú na héisc a scaoileadh faoi Airteagal 46(4);

(j)

an líon soithí a leagtar amach in Airteagal 58(3);

(k)

Iarscríbhinní I go XV.

2.   Aon leasú a ghlacfar i gcomhréir le mír 1, beidh sé teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe agus/nó na bhforlíontaí ar an moladh ICCAT lena mbaineann atá ceangailteach ar an Aontas.

Airteagal 67

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 66 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 17 Deireadh Fómhair 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 66 a chúlghairm aon tráth. Má dhéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 66 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag don tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 68

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 69

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 mar a leanas:

(a)

scriostar Airteagal 3, pointí (g) go (j), Airteagail 4a, 4b, agus 4c agus Iarscríbhinn Ia;

(b)

in Iarscríbhinn I, scriostar an fhleasc ‘Tuinnín gorm: Thunnus thynnus’;

(c)

in Iarscríbhinn II, scriostar an tsraith ‘Thunnus thynnus: Tuinnín gorm’.

Airteagal 70

Leasú ar Rialachán (AE) 2017/2107

I Rialachán (AE) 2017/2107, scriostar Airteagal 43.

Airteagal 71

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/833

I Rialachán (AE) 2019/833, scriostar Airteagal 53.

Airteagal 72

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) 2016/1627.

2.   Déanfar na tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 73

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. M. ALBARES BUENO


(1)   IO C 232, 14.7.2020, lch. 36.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2021(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 26 Meitheamh 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2023(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 agus Comhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).

(5)  An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (IO L 162, 18.6.1986, lch. 34).

(6)  Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle (IO L 252, 16.9.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail, chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir le cur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha agus faoin gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 16, 23.1.2015, lch. 23).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm Thunnus thynnus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle (IO L 194, 24.7.2010, lch. 1).

(12)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(14)  Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle (IO L 141, 28.5.2019, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) 2019/1154 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 188 12.7.2019, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos na bearta is infheidhme maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic áirithe d’éisc mhór-imirceacha (IO L 263, 3.10.2001, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).

(19)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).

(20)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2017 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais (IO L 34, 9.2.2017, lch. 9).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

COINNÍOLLACHA SONRACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS NA SOITHÍ GABHÁLA A DHÉANANN IASCAIREACHT FAOI AIRTEAGAL 19

1.   

Áiritheoidh gach Ballstát go n-urramófar na teorainneacha toillte seo a leanas:

(a)

Ní mó an t-uasmhéid bád baoite agus bád trollála dá chuid atá údaraithe chun iascach gníomhach a dhéanamh ar an tuinnín gorm ná líon na soithí a bhí rannpháirteach in iascach díreach ar an tuinnín gorm in 2006.

(b)

Ní mó an t-uasmhéid bád dá chabhlach ar mhionscála atá údaraithe chun iascach gníomhach a dhéanamh ar an tuinnín gorm sa Mheánmhuir ná líon na soithí a bhí rannpháirteach in iascach ar an tuinnín gorm in 2008.

(c)

Ní mó an t-uasmhéid soithí gabhála dá chuid atá údaraithe chun iascach gníomhach a dhéanamh ar an tuinnín gorm i Muir Aidriad ná líon na soithí a bhí rannpháirteach in iascach díreach ar an tuinnín gorm in 2008.

Déanfaidh gach Ballstát cuótaí aonair a leithdháileadh ar na soithí lena mbaineann.

2.   

Féadfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a leithdháileadh:

méid nach mó ná 7 % dá chuóta den tuinnín gorm ar na báid bhaoite agus na báid trollála. I gcás na Fraince, is féidir le soithí uasmhéid 100 tona den tuinnín gorm, ina bhfuil meáchan nach lú ná 6,4 kg nó fad go gabhal an eireabaill nach lú ná 70 cm a ghabháil, soithí atá ag oibriú i mBá na Bioscáine agus a bhfuil bratach na Fraince ar foluain orthu agus nach mó ná 17 méadar ar fad san iomlán iad.

méid nach mó ná 2 % dá chuóta den tuinnín gorm ar an iascach cósta ar mhionscála dá chuid le haghaidh éisc úra sa Mheánmhuir.

Sciar nach mó ná 90 % dá chuóta le haghaidh tuinníní gorma i measc a shoithí gabhála i Muir Aidriad chun críocha feirmeoireachta.

3.   

Le haghaidh uasmhéid 7 % de réir meáchain de thuinníní gorma aonair arna ngabháil ag a soithí a bhfuil a bratach ar foluain acu i Muir Aidriad chun críocha feirmeoireachta, féadfaidh an Chróit íosmheáchan 6,4 kg nó 66 cm ar fhad go gabhal an eireabaill a chur i bhfeidhm.

4.   

Maidir leis na Ballstáit a bhfuil a gcuid bád baoite, a gcuid bád spiléireachta, a gcuid bád lámhdhorú agus a gcuid bád trollála údaraithe chun iascach ar an tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, déanfaidh siad ceanglais maidir le clibeanna eireabaill a thionscnamh mar a leanas:

déanfar clibeanna eireabaill a ghreamú de gach tuinnín gorm a luaithe a dhíluchtaítear é.

bainfidh uimhir aitheantais uathúil le gach clib eireabaill agus beidh an uimhir sin ar na doiciméid um ghabhail tuinnín ghoirm agus déanfar í a scríobh go soléite agus go doscriosta ar an taobh amuigh d’aon phacáiste ina bhfuil tuinnín.


IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS LOGLEABHAIR

A.   SOITHÍ GABHÁLA

Íos-sonraíochtaí maidir le logleabhair iascaireachta:

1.

Beidh an logleabhar uimhrithe de réir na bileoige.

2.

Déanfar an logleabhar a chomhlánú gach lá (meán oíche) nó sula mbainfear an calafort amach.

3.

Déanfar an logleabhar a chomhlánú i gcás cigireachtaí ar muir.

4.

Coinneofar cóip amháin den bhileog i gceangal leis an logleabhar.

5.

Coinneofar logleabhair ar bord ar feadh bliain amháin d’oibríochtaí.

An t-íosmhéid faisnéise caighdeánaí le bheith i logleabhair iascaireachta:

1.

Ainm agus seoladh mháistir an tsoithigh.

2.

Dátaí agus ainmneacha na gcalafort imeachta, dátaí agus ainmneacha na gcalafort is ceann scríbe.

3.

Ainm, cláruimhir, uimhir ICCAT, glao-chomhartha raidió idirnáisiúnta agus uimhir IMO (an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta) (má tá sí ar fáil) an tsoithigh.

4.

Trealamh iascaireachta:

(a)

cineál de réir chód FAO;

(b)

toisí (e.g. fad, méid mogaill, líon duán).

5.

Oibríochtaí ar muir le haon líne amháin (ar a laghad) in aghaidh gach lae den turas, lena sonrófar:

(a)

an cineál gníomhaíochta (e.g. iascaireacht, gluaiseacht);

(b)

suíomh: déanfar suíomh beacht a thaifeadadh gach lá (i gcéimeanna agus i nóiméid) in aghaidh gach oibríochta iascaireachta nó um meán lae i gcás nach ndearnadh aon iascaireacht an lá sin;

(c)

taifead ar ghabhálacha, lena n-áirítear:

cód FAO;

meáchan slánaithe (RWT) i gcileagraim in aghaidh an lae;

an líon píosaí in aghaidh an lae.

I gcás soithí peas-saighne, ba cheart na sonraí sin a thaifeadadh i gcomhair gach oibríochta iascaireachta lena n-áirítear i gcás nárbh ann d’aon ghabháil.

6.

Síniú an mháistir.

7.

An modh chun meáchan a thomhas: meastachán, meá ar bord.

8.

Beomheáchan coibhéiseach na n-iasc a choinneofar sa logleabhar agus luafar ann na fachtóirí coinbhéartachta a úsáideadh sa mheastóireacht.

An t-íosmhéid faisnéise le bheith i logleabhair iascaireachta i gcás tabhairt i dtír nó trasloingsithe:

1.

Dátaí agus ainm an chalafoirt inar tugadh an ghabháil éisc i dtír nó inar trasloingsíodh í.

2.

Táirgí:

(a)

an speiceas agus cur i láthair de réir chód FAO;

(b)

líon na n-iasc nó na mboscaí agus an chainníocht i gcileagraim.

3.

Síniú an mháistir nó síniú ghníomhaire an tsoithigh.

4.

I gcás trasloingsithe: ainm an tsoithigh ghlactha, a bhratach agus a uimhir ICCAT.

An t-íosmhéid faisnéise le bheith i logleabhair iascaireachta i gcás aistriú i gcaighean:

1.

Dáta, am agus suíomh (domhanleithead/domhanfhad) aistrithe.

2.

Táirgí:

(a)

sainaithint speicis de réir chód FAO;

(b)

líon na n-iasc agus an chainníocht i gcileagraim a aistríodh i gcaighean.

3.

Ainm an tsoithigh tarraingthe, a bhratach agus a uimhir ICCAT.

4.

Ainm na feirme cinn scríbe agus a huimhir ICCAT.

5.

I gcás comhoibríochta iascaireachta (COI), de bhreis ar an bhfaisnéis atá leagtha síos i bpointí 1 go dtí 4, déanfaidh na máistrí an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh ina logleabhar:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an soitheach gabhála atá i mbun na héisc a aistriú i gcaighean:

an líon gabhálacha a tugadh ar bord,

an líon gabhálacha a ríomhadh in aghaidh a chuóta aonair,

ainmneacha na soithí eile a bhí páirteach sa COI;

(b)

a mhéid a bhaineann leis na soithí gabhála eile a bhí páirteach sa COI céanna ach nach raibh baint acu le haistriú na n-iasc:

ainmneacha na soithí sin, a nglao-chomharthaí raidió idirnáisiúnta agus a n-uimhreacha ICCAT,

nár tugadh aon ghabhálacha ar bord nó nár aistríodh iad i gcaighean,

an líon gabhálacha a ríomhadh in aghaidh a gcuótaí aonair,

ainm agus uimhir ICCAT an tsoithigh gabhála dá dtagraítear i bpointe (a).

B.   SOITHÍ TARRAINGTHE

1.

Déanfaidh máistir soithigh tarraingthe an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar laethúil: an dáta, an t-am agus an suíomh aistrithe, na cainníochtaí a aistríodh (líon na n-iasc agus an chainníocht i gcileagraim), uimhir an chaighin, chomh maith le hainm, bratach agus uimhir ICCAT an tsoithigh gabhála, ainm agus uimhir ICCAT aon soithigh/aon soithí eile a bhí páirteach, ainm agus uimhir ICCAT na feirme cinn scríbe, agus an uimhir ITD.

2.

Déanfar aistrithe eile chuig soithí coimhdeachta nó chuig soitheach tarraingthe eile a thuairisciú agus tabharfar an fhaisnéis chéanna agus atá i bpointe 1 chomh maith le hainm, bratach agus uimhir ICCAT an tsoithigh coimhdeachta nó tarraingthe agus an uimhir ITD.

3.

Beidh mionsonraí na n-aistrithe ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil ar bord agus beidh sé le fáil tráth ar bith chun críoch rialaithe.

C.   SOITHÍ COIMHDEACHTA

1.

Déanfaidh an máistir ar shoitheach coimhdeachta na gníomhaíochtaí a thaifeadadh go laethúil sa logleabhar lena n-áirítear an dáta, an t-am agus an suíomh, na cainníochtaí de thuinníní gorma a tugadh ar bord, agus ainm an tsoithigh iascaireachta, na feirme nó an ghaiste lena bhfuil máistir an tsoithigh coimhdeachta ag oibriú.

2.

Beidh mionsonraí na ngníomhaíochtaí ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil ar bord agus beidh sé le fáil tráth ar bith chun críoch rialaithe.

D.   SOITHÍ PRÓISEÁLA

1.

Déanfaidh an máistir ar shoitheach próiseála an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar laethúil: dáta, am agus suíomh na ngníomhaíochtaí agus na cainníochtaí a trasloingsíodh agus líon agus meáchan na dtuinníní gorma a fuarthas ó fheirmeacha, ó ghaistí nó ó shoithí gabhála i gcás inarb infheidhme. Déanfaidh an máistir ainmneacha agus uimhreacha ICCAT na bhfeirmeacha, na ngaistí nó na soithí gabhála sin a thuairisciú chomh maith.

2.

Coinneoidh an máistir ar shoitheach próiseála logleabhar próiseála laethúil ina sonrófar meáchan slánaithe agus líon na n-iasc a aistríodh nó a trasloingsíodh, an fachtóir coinbhéartachta a úsáideadh, agus na meáchain agus na cainníochtaí de réir chur i láthair an táirge.

3.

Coinneoidh an máistir ar shoitheach próiseála plean stuála ina sonrófar ionad agus cainníochtaí gach speicis agus gach cur i láthair.

4.

Beidh mionsonraí na dtrasloingsithe ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil, an logleabhar próiseála, an plean stuála agus leaganacha bunaidh dearbhuithe trasloingsithe ICCAT ar bord agus beidh siad le fáil tráth ar bith chun críoch rialaithe.

IARSCRÍBHINN III

FOIRM MAIDIR LE TUAIRISCIÚ GABHÁLA

Foirm maidir le tuairisciú gabhála

Bratach

Uimhir ICCAT

Ainm an tsoithigh

Dáta tosaigh na tuarascála

Dáta deiridh na tuarascála

Fad ama na tuarascála (d)

Dáta gabhála

Suíomh na gabhála

Gabháil

Meáchan luaite i gcás comhoibríocht iascaireachta (kg)

Domhanleithead

Domhanfhad

Meáchan (kg)

Líon píosaí

Meánmheáchan (kg)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


IARSCRÍBHINN IV

FOIRM IARRATAIS MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT I GCOMHOIBRÍOCHT IASCAIREACHTA A ÚDARÚ

Comhoibríocht iascaireachta

An Stát Brataí

Ainm an tsoithigh

Uimhir ICCAT

Fad ama na hoibríochta

Céannacht na n-oibreoirí

Scála leithdháilte in aghaidh an tsoithigh

Cuóta aonair an tsoithigh

Feirm ramhraithe agus feirmeoireachta is ceann scríbe

Páirtí Conarthach sa Choinbhinsiún (CPC)

Uimhir ICCAT

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Dáta …

Bailíochtú an stáit brataí …


IARSCRÍBHINN V

DEARBHÚ TRASLOINGSITHE ICCAT

Image 1


IARSCRÍBHINN VI

DEARBHÚ AISTRITHE ICCAT

Image 2


IARSCRÍBHINN VII

ÍOSMHÉID FAISNÉISE LE HAGHAIDH ÚDARUITHE IASCAIREACHTA  (1)

A.   SAINAITHINT

1.

Cláruimhir ICCAT

2.

Ainm an tsoithigh iascaireachta

3.

Cláruimhir sheachtrach (litreacha agus uimhreacha)

B.   COINNÍOLLACHA IASCAIREACHTA

1.

Dáta eisiúna

2.

Tréimhse bhailíochta

3.

Coinníollacha an údaraithe iascaireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, speiceas, limistéar, trealamh iascaireachta agus aon choinníoll eile is infheidhme agus a thagann ón Rialachán seo agus/nó ó reachtaíocht náisiúnta.

 

 

Ó…/…/…

Go dtí …/…/…

Ó…/…/…

Go dtí …/…/…

Ó…/…/…

Go dtí …/…/…

Ó…/…/…

Go dtí …/…/…

Ó…/…/…

Go dtí …/…/…

Ó…/…/…

Go dtí …/…/…

Limistéir

 

 

 

 

 

 

 

Speiceas

 

 

 

 

 

 

 

Trealamh iascaireachta

 

 

 

 

 

 

 

Coinníollacha eile

 

 

 

 

 

 

 


(1)  Tá an méid sin i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011.


IARSCRÍBHINN VIII

CLÁR BREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT

BREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT A SHANNADH

1.

Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag gach breathnóir réigiúnach ICCAT ionas go mbeidh sé in ann a thascanna a chur i gcrích:

(a)

taithí leordhóthanach le go mbeidh siad in ann speicis agus trealamh iascaireachta a shainaithint;

(b)

eolas sásúil ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT a mheasúnaítear le teastas arna sholáthar ag na Ballstáit ar bhonn threoirlínte traenála ICCAT;

(c)

cumas breathnóireacht agus taifead beacht a dhéanamh;

(d)

eolas sásúil ar theanga bhratach an tsoithigh nó na feirme ar a bhfuil siad i mbun breathnóireachta.

OIBLEAGÁIDÍ AN BHREATHNÓRA RÉIGIÚNAIGH ICCAT

2.

Maidir le breathnóirí réigiúnacha ICCAT:

(a)

beidh an traenáil theicniúil mar a cheanglaítear faoi na treoirlínte atá bunaithe ag ICCAT déanta acu;

(b)

beidh náisiúntacht ceann de na Ballstáit acu, agus, a mhéid is féidir, ní náisiúntacht stát na feirme nó an ghaiste nó stát brataí an tsoithigh peas-saighne a bheidh acu. Más as an gcaighean a shaothraítear tuinníní gorma agus má thrádáiltear iad mar tháirgí úra, áfach, féadfaidh náisiúntacht an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm a bheith ag breathnóir réigiúnach ICCAT atá ag déanamh breathnóireachta ar an saothrú sin;

(c)

ní mór iad a bheith in ann na tascanna atá leagtha amach i bpointe 3 a dhéanamh;

(d)

ní mór iad a bheith ar an liosta de bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT a choimeádann ICCAT;

(e)

ní mór gan aon leas airgeadais ná tairbhiúil reatha a bheith acu in iascach tuinníní gorma.

TASCANNA BHREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT

3.

Is iad seo a leanas a bheidh i dtascanna bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT:

(a)

i gcás breathnóirí ar shoithí peas-saighne, déanfaidh siad faireachán ar a mhéad a chomhlíonann na soithí peas-saighne na bearta ábhartha caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh ag ICCAT; go háirithe, déanfaidh an breathnóir réigiúnach ICCAT na bearta sonracha seo:

1.

i gcásanna ina mbraitheann breathnóir réigiúnach ICCAT neamh-chomhlíonadh féideartha moltaí ICCAT, déanfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid gan mhoill cuideachta cur chun feidhme bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT a chuirfidh an fhaisnéis faoi bhráid údaráis stáit brataí an tsoithigh gabhála gan mhoill;

2.

taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar;

3.

breathnóireacht agus meastachán ar ghabhálacha agus fíoróidh siad iontrálacha a dhéantar sa logleabhar;

4.

tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí aistrithe na soithí peas-saighne;

5.

soithí a aimsiú a d’fhéadfadh a bheith i mbun iascaireachta de shárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT agus taifead a choinneáil ar na soithí sin;

6.

taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí aistrithe a dhéantar;

7.

suíomh an tsoithigh agus é i mbun aistrithe a fhíorú;

8.

breathnóireacht agus meastachán ar tháirgí arna n-aistriú, lena n-áirítear trí fhístaifid a athbhreithniú;

9.

fíorú agus taifeadadh ar ainm agus uimhir ICCAT an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann;

10.

obair eolaíochta, mar shampla sonraí maidir le Tasc II a bhailiú, ar éileamh ó Choimisiún ICCAT, ar bhonn na dtreoracha ó SCRS;

(b)

i gcás breathnóirí réigiúnacha ICCAT ar fheirmeacha agus gaistí, faireachán ar a mhéad a chomhlíontar na bearta ábhartha caomhnaithe agus bainistíochta a ghlac ICCAT; go háirithe déanfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT na rudaí sonracha seo:

1.

na sonraí ar ITD agus ar an dearbhú cur i gcaighean agus ar an DGTG a fhíorú, lena n-áirítear trí fhístaifid a athbhreithniú;

2.

na sonraí ar ITD agus ar an dearbhú cur i gcaighean agus ar DGTGanna a dheimhniú;

3.

tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí aistrithe na bhfeirmeacha agus na ngaistí;

4.

gan ITD agus an dearbhú cur i gcaighean agus DGTGanna a chomhshíniú ach amháin i gcás ina n-aontaíonn breathnóir réigiúnach ICCAT go bhfuil an fhaisnéis ar na doiciméid sin i gcomhréir leis an mbreathnóireacht a rinne an breathnóir agus fístaifead comhlíontach ann freisin de réir na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 42(1) agus in Airteagal 43(1);

5.

obair eolaíochta, mar shampla samplaí a bhailiú, de réir mar a éilíonn an Coimisiún, ar bhonn na dtreoracha ó SCRS;

6.

clárú agus fíorú má tá aon chineál clibe ann, marcanna nádúrtha san áireamh, agus fógra a thabhairt má tá aon chomhartha ann gur baineadh clibeanna ar shiúl le déanaí;

(c)

tuarascálacha ginearálta a chur i dtoll a chéile ina dtiomsófar an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir leis an bpointe seo agus deis a thabhairt don mháistir agus don oibreoir feirme aon fhaisnéis ábhartha a chur sna tuarascálacha sin;

(d)

an tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i bpointe (c) a chur faoi bhráid na Rúnaíochta laistigh de 20 lá ó dheireadh na tréimhse breathnóireachta;

(e)

déanfaidh siad aon fheidhm eile arna sainiú ag Coimisiún ICCAT a fheidhmiú.

4.

Déileálfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT leis an bhfaisnéis go léir maidir le hoibríochtaí iascaireachta agus aistrithe na soithí peas-saighne agus na bhfeirmeacha mar fhaisnéis rúnda agus glacfaidh sé leis an gceanglas sin i scríbhinn mar choinníoll lena cheapachán mar bhreathnóir réigiúnach ICCAT.

5.

Comhlíonfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT ceanglais arna mbunú i ndlíthe agus rialacháin an stáit bhrataí nó an stáit feirme a bhfuil dlínse aige ar an soitheach nó ar an bhfeirm a bhfuil an breathnóir réigiúnach sannta dó nó di.

6.

Urramóidh breathnóir réigiúnach ICCAT an t-ordlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta atá i bhfeidhm ar gach pearsanra soithigh agus feirme, ar choinníoll nach gcuireann na rialacha sin isteach ar dhualgais bhreathnóir réigiúnach ICCAT faoin gclár seo, ná ar na hoibleagáidí ar fhoireann soithigh agus feirme a leagtar amach i bpointe 7 den Iarscríbhinn seo agus in Airteagal 39.

OIBLEAGÁIDÍ NA mBALLSTÁT BRATAÍ I LEITH BHREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT

7.

Áiritheoidh na Ballstáit a bhfuil an soitheach peas-saighne, an fheirm nó an gaiste faoina gcúram, an méid a leanas maidir le breathnóirí réigiúnacha ICCAT:

(a)

go bhfuil rochtain acu ar fhoireann an tsoithigh, na feirme agus an ghaiste agus ar threalamh, caighin agus fearas;

(b)

go bhfuil rochtain acu, ar iarraidh, ar an trealamh seo a leanas, má tá sé ar bord na soithí dá bhfuil siad sannta, chun comhlíonadh a ndualgais mar atá leagtha amach i bpointe 3 den Iarscríbhinn seo a éascú:

1.

trealamh loingseoireachta satailíte,

2.

scáileáin féachana taispeána radair nuair a bhítear á n-úsáid,

3.

modhanna leictreonacha cumarsáide;

(c)

go gcuirtear cóiríocht, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, ar fáil dóibh, atá ar chomhchaighdeán lena bhfuil ar fáil d’oifigigh;

(d)

go gcuirtear spás leordhóthanach ar an droichead nó ar an teach píolóta ar fáil dóibh le haghaidh obair chléireachais, chomh maith le spás ar an deic atá leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh.

COSTAIS A THAGANN AS CLÁR BREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT

8.

Seasfaidh gach oibreoir feirme nó úinéir soithigh peas-saighne na costais go léir a thagann as clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT a chur i bhfeidhm.

IARSCRÍBHINN IX

SCÉIM ICCAT MAIDIR LE COMHCHIGIREACHT IDIRNÁISIÚNTA

D’aontaigh ICCAT an méid seo a leanas ag a Cheathrú Gnáthchruinniú (Maidrid, Samhain 1975) agus ag a Chruinniú Bliantúil in 2008 in Marrakech:

De bhun mhír 3 d’Airteagal IX den Choinbhinsiún, molann Coimisiún ICCAT go ndéanfar na socruithe seo a leanas a bhunú maidir le rialú idirnáisiúnta lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta chun cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin agus na bearta i bhfeidhm faoin gCoinbhinsiún a áirithiú:

I.   SÁRUITHE TROMCHÚISEACHA

1.

Chun críocha na nósanna imeachta seo, ciallaíonn sárú tromchúiseach ceann de na sáruithe seo a leanas ar fhorálacha bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT arna nglacadh ag Coimisiún ICCAT:

(a)

iascaireacht gan cheadúnas, cead nó údarú eisithe ag an CPC brataí;

(b)

gan taifid leordhóthanacha a bheith coimeádta ar ghabháil agus sonraí a bhaineann le gabhálacha i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe Choimisiún ICCAT nó míthuairisciú shuntasach ar ghabháil agus/nó sonraí a bhaineann le gabhálacha den chineál sin;

(c)

iascaireacht i limistéar dúnta;

(d)

iascaireacht le linn séasúr dúnta;

(e)

tógáil nó coinneáil d’aon turas speiceas a sháraíonn aon bheart caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme arna ghlacadh ag ICCAT;

(f)

sárú suntasach ar theorainneacha nó cuótaí gabhála atá i bhfeidhm de bhun rialacha ICCAT;

(g)

trealamh iascaireachta toirmiscthe a úsáid;

(h)

marcanna, aitheantas nó clárú aon soithigh iascaireachta a fhalsú nó a cheilt d’aon ghnó;

(i)

fianaise maidir le himscrúdú ar shárú a cheilt, an fhianaise sin a chur as a riocht nó a scriosadh;

(j)

iliomad sáruithe ar neamhaird tromchúiseach iad ar bhearta i bhfeidhm de bhun ICCAT nuair a chuirtear le chéile iad;

(k)

cur in aghaidh cigire údaraithe nó breathnóir nó cur isteach air nó é a ionsaí, a imeaglú, a ghnéaschiapadh, nó cosc nó moill mhíchuí a chur air;

(l)

CFS a chur as a riocht nó é a dhíchumasú d’aon ghnó;

(m)

sáruithe eile arna gcinneadh ag ICCAT, tar éis iad a bheith curtha san áireamh agus i gcúrsaíocht ar leagan athbhreithnithe de na nósanna imeachta sin;

(n)

iascaireacht a dhéanamh le cúnamh ó eitleáin bhreathnóireachta;

(o)

cur isteach ar an gcóras faireacháin satailíte agus/nó soitheach a oibriú gan CFS;

(p)

gníomhaíocht aistrithe gan ITD;

(q)

trasloingsiú ar muir.

2.

I gcás ina dtéitear ar bord agus ina ndéantar cigireacht ar shoitheach iascaireachta agus má aimsíonn an cigire údaraithe gníomhaíocht nó imthoisc a bheadh ina sárú tromchúiseach, mar atá sainithe i bpointe 1, lena linn, tabharfaidh údaráis stát brataí na soithí cigireachta fógra láithreach do stát brataí an tsoithigh iascaireachta, go díreach agus trí Rúnaíocht ICCAT chomh maith. Sna cásanna sin, cuirfidh an cigire aon long chigireachta de chuid stát brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol í a bheith sa chomharsanacht ar an eolas faoi sin.

3.

Cláróidh cigire ICCAT na cigireachtaí a dhéanfar agus aon sáruithe a thabharfar faoi deara i logleabhar an tsoithigh iascaireachta.

4.

Tar éis na cigireachta dá dtagraítear i bpointe 2, áiritheoidh an Ballstát brataí go gcuirfidh an soitheach iascaireachta ábhartha stop le gach gníomhaíocht iascaireachta. Ceanglóidh an Ballstát brataí ar an soitheach iascaireachta dul chuig calafort arna ainmniú aige laistigh de 72 uair an chloig, áit a gcuirfear tús le himscrúdú.

5.

I gcás nach gceanglaítear ar an soitheach dul chuig calafort, soláthróidh an Ballstát brataí údar iomchuí go tráthúil don Choimisiún a chuirfidh an fhaisnéis ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT, a chuirfidh í ar fáil do Pháirtithe Conarthacha eile ar iarraidh.

II.   CIGIREACHTAÍ A SHEOLADH

6.

Cigirí arna n-ainmniú ag na Páirtithe Conarthacha a dhéanfaidh na cigireachtaí. Tabharfar ainmneacha na ngníomhaireachtaí rialtais údaraithe agus ainm gach cigire arna ainmniú chun na críche sin ag a rialtas féin chuig Coimisiún ICCAT.

7.

Beidh bratach nó bratainn speisialta arna formheas ag Coimisiún ICCAT agus arna heisiúint ag Rúnaíocht ICCAT ar foluain ar longa atá i mbun dualgais idirnáisiúnta dul ar bord agus cigireachta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo. Cuirfear ainmneacha na long a úsáidtear chuige sin chuig Rúnaíocht ICCAT chomh luath agus is féidir sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí cigireachta. Cuirfidh Rúnaíocht ICCAT faisnéis maidir le soithí cigireachta ainmnithe ar fáil do gach CPC, lena n-áirítear trína cur suas ar a shuíomh gréasáin faoi chosaint pasfhocail.

8.

Beidh doiciméad aitheantais iomchuí arna eisiúint ag údaráis an stáit bhrataí ina sheilbh ag gach cigire, agus beidh an doiciméad aitheantais sin san fhoirm atá léirithe i bpointe 21 den Iarscríbhinn seo.

9.

Faoi réir na socruithe a comhaontaíodh faoi phointe 16, soitheach atá faoi bhratach Páirtí Chonarthaigh agus é ag iascach ar thuinníní nó éisc atá cosúil le tuinníní i Limistéar an Choinbhinsiúin lasmuigh de na huiscí atá laistigh dá dhlínse náisiúnta, stopfaidh an soitheach sin má thugann long a bhfuil bratainn ICCAT dá ndéantar cur síos uirthi i bpointe 7 ar foluain uirthi agus ar a bhfuil cigire comhartha iomchuí sa Chód Idirnáisiúnta Comharthaí, ach amháin má tá an soitheach i mbun oibríochtaí iascaireachta iarbhír, agus sa chás sin stopfaidh sé a luaithe a bheidh na hoibríochtaí sin curtha i gcrích aige. Tabharfaidh máistir an tsoithigh cead don bhuíon chigireachta mar atá sonraithe i bpointe 10 dul ar bord agus cuirfidh sé dréimire bordála ar fáil. Cuirfidh an máistir ar chumas na buíne cigireachta scrúdú a dhéanamh ar threalamh, gabháil nó ar aon doiciméid ábhartha a mheasann an cigire a bhfuil gá leo chun comhlíonadh mholtaí Choimisiún ICCAT atá i bhfeidhm a fhíorú maidir le Stát brataí an tsoithigh atá faoi réir cigireachta. Fairis sin, féadfaidh cigire aon mhínithe a mheasann sé a bhfuil gá leo a iarraidh.

10.

Déanfaidh oifigeach ceannais an tsoithigh cigireachta méid na buíne cigireachta a shocrú agus cúinsí ábhartha á gcur san áireamh aige. Beidh an páirtí cigireachta chomh beag agus is féidir chun na dualgais atá leagtha amach san Iarscríbhinn seo a dhéanamh go slán sábháilte.

11.

Agus é ag dul ar bord an tsoithigh, taispeánfaidh an cigire an doiciméadacht aitheantais a ndéantar cur síos uirthi i bpointe 8. Urramóidh an cigire rialacháin, nósanna imeachta agus cleachtais idirnáisiúnta a nglactar leo go ginearálta agus a bhaineann le sábháilteacht an tsoithigh a bhfuiltear ag déanamh cigireachta air agus a chriú, agus cuirfidh sé isteach a laghad is féidir ar ghníomhaíochtaí iascaireachta nó stuáil an táirge, agus a mhéid is féidir, seachnóidh sé aon ghníomhaíocht a mbeadh drochthionchar aici ar cháilíocht na gabhála ar bord.

Ní dhéanfaidh aon chigire níos mó ná a dhéanamh amach an bhfuil na moltaí sin ó Choimisiún ICCAT atá i bhfeidhm maidir le stát brataí an tsoithigh lena mbaineann á gcomhlíonadh. Agus é i mbun cigireachta, féadfaidh cigire aon chúnamh a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil a iarraidh ar mháistir an tsoithigh iascaireachta. Déanfaidh an cigire tuarascáil a tharraingt suas ar an gcigireacht i bhfoirm arna formheas ag Coimisiún ICCAT. Síneoidh an cigire an tuarascáil i láthair mháistir an tsoithigh agus beidh máistir an tsoithigh i dteideal aon bharúlacha a chur leis an tuarascáil é/í féin nó a chinntiú go gcuirtear leis an tuarascáil iad, a mheasann sé/sí a bheith oiriúnach agus síneoidh máistir an tsoithigh na barúlacha sin.

12.

Tabharfar cóipeanna den tuarascáil do mháistir an tsoithigh agus do rialtas na buíne cigireachta, agus seolfaidh siad cóipeanna chuig údaráis inniúla Stát brataí an tsoithigh ar a ndearnadh cigireacht agus chuig Coimisiún ICCAT. I gcás ina n-aimsítear aon sárú ar mholtaí ICCAT, cuirfidh an cigire aon long chigireachta de chuid Stát brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol í a bheith sa chomharsanacht ar an eolas faoi sin chomh maith, más féidir.

13.

Mura nglacfar le cigire nó mura leanfar treoracha an chigire déileálfaidh stát brataí an tsoithigh a ndearnadh cigireacht air leis sin ar an gcaoi chéanna a ndéileáiltear le hiompar mar sin in aghaidh cigire náisiúnta.

14.

Déanfaidh na cigirí a ndualgais faoi réir na socruithe sin i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach sa Rialachán seo, ach fanfaidh sé faoi rialú oibríochtúil a n-údarás náisiúnta agus freagróidh sé dóibh.

15.

Déanfaidh Páirtithe Conarthacha tuarascálacha cigireachta, bileoga faisnéis aimsithe de réir Mholadh ICCAT 94-09 agus ráitis a eascraíonn as cigireachtaí ar dhoiciméadacht arna ndéanamh ag cigirí eachtrannacha faoi na socruithe seo a mheas agus gníomhóidh siad de réir mar a ghníomhódh siad i gcás tuarascálacha a gcigirí náisiúnta i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta. Ní fhorchuirfidh an phointe seo aon oibleagáid ar Pháirtí Conarthach luach fianaise níos airde a bhronnadh ar thuarascáil ó chigire eachtrannach ná mar a bheadh uirthi i dtír an chigire féin. Comhoibreoidh Páirtithe Conarthacha chun nósanna imeachta breithiúnacha nó de chineál eile a eascraíonn as tuarascáil ó chigire faoi réir na socruithe seo a éascú.

16.

(a)

Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha Coimisiún ICCAT ar an eolas faoin 15 Feabhra gach bliain maidir lena bpleananna sealadacha maidir le gníomhaíochtaí cigireachta a dhéanamh faoi réir an mholta a chuirtear chun feidhme leis an Rialachán seo le linn na bliana féilire sin agus féadfaidh Coimisiún ICCAT moltaí a thabhairt do na Páirtithe Conarthacha maidir le hoibríochtaí náisiúnta a chomhordú sa réimse sin, lena n-áirítear líon na gcigirí agus na soithí a mbeidh cigirí ar bord orthu.

(b)

Beidh feidhm ag na socruithe a leagtar amach i Moladh ICCAT 19-04 agus ag na pleananna maidir le rannpháirtíocht idir na Páirtithe Conarthacha mura gcomhaontóidh siad a mhalairt, agus tabharfar fógra do Choimisiún ICCAT faoin gcomhaontú sin. Mar sin féin, cuirfear cur chun feidhme na scéime ar fionraí idir aon dá Pháirtí Chonarthacha má tá fógra tugtha ag ceachtar acu do Choimisiún ICCAT chuige sin, go dtí go dtabharfar an comhaontú sin i gcrích.

17.

(a)

Déanfar cigireacht ar an trealamh iascaireachta i gcomhréir leis na rialacháin i bhfeidhm san fholimistéar ina ndéanfar an chigireacht. Luafaidh an cigire an folimistéar ina ndearnadh an chigireacht agus déanfar cur síos ar aon sáruithe ar thángthas orthu sa tuarascáil chigireachta.

(b)

Beidh an cigire i dteideal cigireacht a dhéanamh ar an trealamh iascaireachta go léir atá in úsáid nó atá ar bord.

18.

Cuirfidh an cigire marc aitheantais arna fhormheas ag Coimisiún ICCAT ar aon trealamh iascaireachta a ndearnadh cigireacht air agus ar dealraitheach é a bheith ag sárú na moltaí de chuid Choimisiún ICCAT is infheidhme maidir le stát brataí an tsoithigh lena mbaineann agus déanfar taifeadadh ar an bhfíric sin sa tuarascáil chigireachta.

19.

Féadfaidh an cigire grianghraif a thógáil de na fearais, den trealamh, den doiciméadacht agus d’aon ní eile a cheapann an cigire is gá a thógáil ar chaoi a dtaispeánfaidh na gnéithe sin nach bhfuil i gcomhréir leis an rialachán i bhfeidhm, dar leis/léi, agus sa chás sin déanfar na nithe ar tógadh grianghraf dóibh a liostú sa tuarascáil agus déanfar cóipeanna de na grianghraif a chur i gceangal leis an gcóip den tuarascáil a thabharfar chuig an Stát brataí.

20.

Déanfaidh an cigire cigireacht ar gach gabháil ar bord, de réir mar is gá, chun comhlíonadh mholtaí ICCAT a mheas.

21.

Seo a leanas léirshamhail den chárta aitheantais do chigirí:

Image 3


IARSCRÍBHINN X

ÍOSCHAIGHDEÁIN MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA FÍSTAIFEADTA.

Oibríochtaí aistrithe

1.

Déanfar an gléas ríomhstórála ar a bhfuil an fístaifead bunaidh a sholáthar do bhreathnóir réigiúnach ICCAT a luaithe is féidir i ndiaidh dheireadh na hoibríochta aistrithe agus déanfaidh sé é a thúsú láithreach d’fhonn aon ionramháil ina dhiaidh sin a sheachaint.

2.

Coinneofar an taifead bunaidh ar bord an tsoithigh gabhála nó, nuair is iomchuí, coinneoidh oibreoir an ghaiste nó na feirme é feadh na tréimhse iomláine údaraithe.

3.

Cuirfear dhá chóip chomhionanna den fhístaifead ar fáil. Seolfar cóip amháin chuig an mbreathnóir réigiúnach de chuid ICCAT atá ar bord an tsoithigh peas-saighne agus cóip eile chuig an mbreathnóir náisiúnta ar bord an tsoithigh tarraingthe, agus beidh ITD agus na gabhálacha gaolmhara lena mbaineann sí ag gabháil leis an dara cóip a luadh. Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta sin ach maidir le breathnóirí náisiúnta i gcás aistrithe idir soithí tarraingthe.

4.

Ní mór uimhir ICCAT maidir le húdarú aistrithe a thaispeáint ag tús nó ag deireadh gach físeáin, nó ag tús agus ag deireadh gach físeáin.

5.

Beidh am agus dáta an fhíseáin ar taispeáint i gcónaí feadh gach fístaifid.

6.

Roimh thús an aistrithe, beidh oscailt agus dúnadh an lín nó an dorais le feiceáil ar an bhfíseán chomh maith le píosa scannáin ag taispeáint an bhfuil tuinníní gorma sna caighin ghlactha agus deontóra cheana féin.

7.

Beidh an fístaifeadadh leanúnach gan aon stopadh ná gearrthacha agus beidh an oibríocht aistrithe ar fad cumhdaithe aige.

8.

Beidh an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú.

9.

Mura bhfuil an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú, déanfar aistriú rialaithe. Féadfaidh an t-oibreoir a iarraidh ar údaráis bhrataí an tsoithigh nó an ghaiste aistriú rialaithe a dhéanamh. I gcás nach n-iarrfaidh an t-oibreoir an t-aistriú rialaithe sin nó nach mbeidh toradh an aistrithe dheonaigh sin sásúil, iarrfaidh na húdaráis rialaithe a oiread aistrithe rialaithe is gá go dtí go mbeidh fístaifead ar cháilíocht ard go leor ar fáil. Cumhdófar sna haistrithe rialaithe sin aistriú na dtuinníní gorma go léir ón gcaighean glactha go caighean eile agus beidh an dara caighean sin folamh. I gcás inar de thionscnamh gaiste na héisc, féadfar na tuinníní gorma atá aistrithe cheana ón ngaiste go dtí an caighean glactha a sheoladh ar ais go dtí an gaiste agus, sa chás sin, déanfar an t-aistriú rialaithe a chur ar ceal faoi mhaoirseacht an bhreathnóra réigiúnaigh de chuid ICCAT.

Oibríochtaí cur i gcaighean

1.

Cuirfear an gléas ríomhstórála ina bhfuil an fístaifead bunaidh ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT a luaithe agus is féidir i ndiaidh dheireadh na hoibríochta cur i gcaighean agus déanfaidh sé é a thúsú láithreach d’fhonn aon ionramháil ina dhiaidh sin a sheachaint.

2.

Coinneoidh an fheirm an taifead bunaidh, nuair is infheidhme, feadh na tréimhse iomláine údaraithe.

3.

Cuirfear dhá chóip chomhionanna den fhístaifead ar fáil. Seolfar cóip amháin chuig breathnóir réigiúnach ICCAT atá ar an bhfeirm.

4.

Beidh uimhir ICCAT maidir le húdarú cur i gcaighean á taispeáint ag tús nó ag deireadh gach físeáin, nó ag tús agus ag deireadh gach físeáin.

5.

Beidh am agus dáta an fhíseáin ar taispeáint i gcónaí feadh gach taifid físe.

6.

Roimh thús an chur i gcaighean, beidh oscailt agus dúnadh an lín/dorais le feiceáil ar an bhfíseán agus beidh sé soiléir an bhfuil nó nach bhfuil tuinníní gorma sna caighin ghlactha agus deontóra cheana féin.

7.

Beidh an fístaifead leanúnach gan aon stopadh ná gearrthacha agus beidh an oibríocht cur i gcaighean ar fad cumhdaithe aige.

8.

Beidh an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú.

9.

Mura bhfuil an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú, déanfaidh na húdaráis rialála oibríocht nua cur i gcaighean a iarraidh. Maidir leis an oibríocht nua cur i gcaighean, déanfar na tuinníní gorma go léir atá i gcaighean na feirme glactha a aistriú go caighean eile agus beidh an dara caighean folamh.

IARSCRÍBHINN XI

CAIGHDEÁIN AGUS NÓSANNA IMEACHTA UM CHÓRAIS CEAMARA STEIRÉASCÓPAIGH I GCOMHTHÉACS OIBRÍOCHTAÍ CUR I GCAIGHEAN

A.   Córais ceamara steiréascópaigh a úsáid

Déanfar córais ceamara steiréascópaigh a úsáid i gcomhthéacs oibríochtaí cur i gcaighean, faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 51, i gcomhréir leis an méid a leanas:

1.

Ní bheidh déine samplála na n-iasc beo níos lú ná 20 % de líon na n-iasc atá á gcur i gcaighean. I gcás inar féidir sin ó thaobh na ngnéithe teicniúla de, déanfar sampláil na n-iasc beo ar bhealach seicheamhach, trí cheann as gach cúig tuinnín aonair a thomhas; is éard a bheidh sa sampla sin éisc a thomhaistear idir 2 mhéadar agus 8 méadar ón gceamara.

2.

Socrófar toisí an gheata aistrithe idir an caighean deontóra agus an caighean glactha ar uasleithead 10 méadar agus uasairde 10 méadar.

3.

Nuair a bheidh dáileadh ilmhódach i gceist le tomhais faid na n-iasc (dhá cheann nó níos mó de chohóirt ar mhéideanna difriúla), beifear in ann níos mó ná algartam coinbhéartachta amháin a úsáid don t-aon oibríocht amháin cur i gcaighean; úsáidfear na halgartaim is déanaí atá bunaithe ag SCRS chun fad go gabhal an eireabaill a choinbhéartú i meáchan iomlán, de réir chatagóir méide na n-iasc a tomhaiseadh le linn na hoibríochta cur i gcaighean.

4.

Déanfar tomhais steiréascópacha an fhaid a bhailíochtú roimh gach oibríocht cur i gcaighean trí bharra scála a úsáid ag fad idir 2 mhéadar agus 8 méadar.

5.

Nuair a chuirfear torthaí an chláir steiréascópaigh in iúl, sonrófar leis an bhfaisnéis an lamháil earráide a ghabhann le sonraíochtaí teicniúla an chórais ceamaraí steiréascópacha, lamháil nach mbeidh raon níos mó ná +/- 5 % aici.

6.

Beidh sonraí maidir leis na sonraíochtaí teicniúla thuasluaite go léir sa tuarascáil faoi thorthaí an chláir steiréascópaigh, an déine samplála, an mhodheolaíocht samplála a leanadh, an fad ón gceamara, toisí an gheata aistrithe, agus na halgartaim (gaol idir fad agus meáchan) san áireamh. Déanfaidh SCRS athbhreithniú ar na sonraíochtaí sin, agus déanfaidh sé moltaí maidir lena modhnú más gá.

7.

I gcásanna nach bhfuil an píosa scannáin ón gceamara steiréascópach ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar mheáchan tuinníní gorma atá á gcur i gcaighean, déanfaidh údaráis an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála, as an ngaiste nó as an bhfeirm oibríocht nua cur i gcaighean a ordú.

B.   Torthaí na gclár a chur i láthair agus a úsáid

1.

Déanfar cinntí maidir le difríochtaí idir an tuarascáil ghabhála agus na torthaí ó chlár an chórais steiréascópaigh ar leibhéal na COI nó gabhálacha gaiste iomlána, i gcás COInna agus gabhálacha gaiste dírithe chuig saoráid feirme a bhaineann le CPC amháin agus/nó Ballstát. Déanfar an cinneadh maidir le difríochtaí idir an tuarascáil ghabhála agus na torthaí ó chlár an chórais steiréascópaigh ar leibhéal na n-oibríochtaí cur i gcaighean i gcás COI a bhfuil níos mó ná CPC amháin agus/nó Ballstát páirteach iontu, mura n-aontóidh údaráis uile CPCanna brataí nó údaráis uile an Bhallstáit brataí go léir ar leo na soithí gabhála atá páirteach i COI a mhalairt.

2.

Laistigh de 15 lá ón dáta cur i gcaighean, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil a chur ar fáil don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste agus don Choimisiún, agus beidh na doiciméid seo a leanas inti:

(a)

tuarascáil theicniúil faoin gcóras steiréascópach lena n-áirítear:

faisnéis ghinearálta: speiceas, suíomh, caighean, dáta, algartam,

faisnéis staitistiúil faoi mhéid: an meánmheáchan agus an meánfhad, an t-íosmheáchan agus an t-íosfhad, an t-uasmheáchan agus an t-uasfhad, an líon iasc a sampláladh, dáileadh meáchain, dáileadh faid;

(b)

torthaí mionsonraithe an chláir, agus méid agus meáchan gach éisc a sampláladh;

(c)

tuarascáil maidir le cur i gcaighean lena n-áirítear:

faisnéis ghinearálta faoin oibríocht: uimhir na hoibríochta cur i gcaighean, ainm na feirme, uimhir an chaighin, uimhir BCD, uimhir ITD, ainm agus bratach an tsoithigh gabhála nó an ghaiste, ainm agus bratach an tsoithigh tarraingthe, dáta oibríocht an chórais steiréascópaigh agus ainm comhaid an phíosa scannáin,

an t-algartam a úsáideadh chun an fad a choinbhéartú i meáchan,

comparáid idir na méideanna a dearbhaíodh sa DGTG agus na méideanna a fuarthas faoin gcóras steiréascópach, de réir líon an éisc, an mheánmheáchain agus an mheáchain iomláin (seo a leanas an fhoirmle a úsáidfear chun an difríocht a ríomh: (córas steiréascópach-DGTG)/córas steiréascópach * 100),

lamháil earráide an chórais,

i gcás na dtuarascálacha cur i gcaighean a bhaineann le COInna/gaistí, beidh achoimre chomh maith sa tuarascáil dheireanach maidir le cur i gcaighean ar an bhfaisnéis go léir sna tuarascálacha maidir le cur i gcaighean roimhe sin.

3.

Agus an tuarascáil ghabhála á fáil acu, déanfaidh údaráis Bhallstát an tsoithigh gabhála nó an ghaiste na bearta go léir is gá de réir na gcásanna seo a leanas:

(a)

an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste in DGTG, is meáchan é atá laistigh de raon torthaí an chórais steiréascópaigh:

ní dhéanfar aon scaoileadh a ordú,

déanfar DGTG a mhodhnú de réir an lín (trí líon an éisc a fuarthas ó úsáid na gceamaraí rialaithe nó ó theicnící eile a úsáid) agus an mheánmheáchain, ach ní dhéanfar an meáchan iomlán a mhodhnú;

(b)

tá an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste in BCD níos ísle ná raon thorthaí an chórais steiréascópaigh:

déanfar scaoileadh a ordú tríd an bhfigiúir is ísle de raon thorthaí an chórais steiréascópaigh a úsáid,

déanfar na hoibríochtaí scaoilte i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 41(2) agus in Iarscríbhinn XII,

i ndiaidh na n-oibríochtaí scaoilte, déanfar DGTG a mhodhnú de réir an lín (trí líon na n-iasc a fuarthas ó úsáid na gceamaraí rialaithe lúide líon na n-iasc a scaoileadh a úsáid) agus an mheánmheáchain, ach ní dhéanfar an meáchan iomlán a mhodhnú;

(c)

tá an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste in DGTG níos airde ná an figiúr is airde de raon torthaí an chórais steiréascópaigh:

ní dhéanfar aon scaoileadh a ordú,

déanfar DGTG a mhodhnú don mheáchan iomlán (tríd an bhfigiúr is airde de raon torthaí an chórais steiréascópaigh), do líon na n-iasc (ag úsáid na dtorthaí ó na ceamaraí rialaithe) agus don mheánmheáchan dá réir.

4.

Maidir le haon mhodhnú iomchuí ar DGTG, beidh na luachanna (líon agus meáchan) a chuirtear i Roinn 2 i gcomhréir leo siúd atá i Roinn 6, agus ní bheidh na luachanna i Roinn 3, Roinn 4 agus Roinn 6 níos airde ná iad siúd atá i Roinn 2.

5.

I gcás cúiteamh i leith difríochtaí a fuarthas idir tuarascálacha aonair maidir le cur i gcaighean as gach cur i gcaighean ó COI/ó ghaiste, bíodh gá le hoibríocht scaoilte nó na bíodh, déanfar gach DGTG iomchuí a mhodhnú ar bhonn an raoin is ísle de thorthaí an chórais steiréascópaigh. Déanfar DGTG a bhaineann leis na cainníochtaí de thuinníní gorma a scaoileadh saor a mhodhnú freisin d’fhonn an meáchan/an líon a scaoileadh a léiriú. DGTGanna a bhaineann le tuinníní gorma nár scaoileadh saor ach a bhfuil na torthaí ó na córais steiréascópacha nó teicnící eile difriúil óna torthaí a tuairiscíodh a gabhadh agus a aistríodh, déanfar iad a leasú chun na difríochtaí sin a léiriú.

DGTGanna a bhaineann leis na gabhálacha ón suíomh a rinneadh an oibríocht scaoilte, déanfar iad a mhodhnú freisin d’fhonn an meáchan/an líon a scaoileadh saor a léiriú.


IARSCRÍBHINN XII

PRÓTACAL SCAOILEADH

1.   

Déanfar tuinníní gorma a scaoiltear isteach san fharraige ó chaighin feirmeoireachta a thaifeadadh le físcheamara agus déanfaidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT an scaoileadh a bhreathnú agus dréachtóidh sé tuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil in éineacht leis na fístaifid chuig Rúnaíocht ICCAT.

2.   

I gcás inar eisíodh ordú scaoilte, iarrfaidh an t-oibreoir feirme breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a bheith i láthair.

3.   

Déanfaidh breathnóir náisiúnta an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach tarraingthe nó as an ngaiste scaoileadh tuinníní gorma ó chaighin iompair nó ó ghaistí isteach san fharraige a bhreathnú, agus dréachtóidh sé tuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil chuig údaráis rialaithe an Bhallstát atá freagrach.

4.   

Sula dtugtar faoi oibríocht scaoilte, d’fhéadfadh údaráis rialaithe na mBallstát aistriú rialaithe a ordú le gnáthcheamaraí agus/nó le ceamaraí steiréascópacha chun meastachán a dhéanamh ar líon agus meáchan na n-iasc nach mór a scaoileadh.

5.   

Aon bhearta breise a cheapann údarás na mBallstát gur gá iad a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar oibríochtaí scaoilte ag an am agus an suíomh is feiliúnaí d’fhonn an dóchúlacht go rachaidh na héisc ar ais chuig an stoc a mhéadú, sin bearta is féidir le húdarás na mBallstát a chur i bhfeidhm. Beidh an t-oibreoir freagrach as na héisc a choinneáil beo go dtí go mbeidh an oibríocht scaoilte déanta. Déanfar na hoibríochtaí scaoilte sin laistigh de thrí seachtaine ó dheireadh na n-oibríochtaí cur i gcaighean.

6.   

Tar éis dheireadh na n-oibríochtaí saothraithe, déanfar éisc atá fós ar fheirm agus nach bhfuil cumhdaithe faoi DGTG a scaoileadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 41(2) agus san Iarscríbhinn seo.


IARSCRÍBHINN XIII

AG DÉILEÁIL LE HÉISC MHARBHA

Le linn oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí peas-saighne, déanfar na cainníochtaí d’éisc mharbha a aimsítear sa saighean a thaifeadadh i logleabhar an tsoithigh iascaireachta agus déanfar iad a bhaint de chuóta an Bhallstáit dá réir.

Ag taifeadadh na n-iasc marbh le linn an chéad aistrithe agus ag déileáil leo:

1.

Déanfar DGTG a sholáthar d’oibreoir an tsoithigh tarraingthe agus Roinn 2 (Gabháil iomlán), Roinn 3 (Trádáil in éisc bheo) agus Roinn 4 (Aistriú– éisc ‘mharbha’ san áireamh) comhlánaithe.

Beidh na cainníochtaí iomlána a thuairisceofar i Roinn 3 agus i Roinn 4 cothrom leis na cainníochtaí a thuairisceofar i Roinn 2. I gcomhréir leis an Rialacháin seo, beidh ITD bunaidh ag gabháil le DGTG. Beidh na cainníochtaí a thuairisceofar sa ITD (beo-aistriú), cothrom leis na cainníochtaí a thuairisceofar i Roinn 3 de DGTG lena mbaineann.

2.

Déanfar macasamhail de DGTG agus Roinn 8 (Faisnéis trádála) a chomhlánú agus a thabhairt d’oibreoir an tsoithigh coimhdeachta a thugann tuinníní gorma marbha i dtír (nó coinneofar iad ar an soitheach gabhála má tugadh go díreach i dtír iad). Beidh cóip den ITD ag gabháil leis an iasc marbh sin agus leis an macasamhail de DGTG.

3.

Beidh na cainníochtaí d’éisc mharbha taifeadta in DGTG an tsoithigh gabhála a rinne a ngabháil, nó i gcás COInna, in DGTG na soithí gabhála nó soithigh eile a bhfuil bratach eile ar foluain uirthi atá ag glacadh páirt in COI.


IARSCRÍBHINN XIV

DEARBHÚ ICCAT MAIDIR LE CUR I GCAIGHEAN  (1)

Ainm an tsoithigh

Bratach

Cláruimhir Uimhir sho-aitheanta an chaighin

Dáta na gabhála

Áit na gabhála Domhanfhad Domhanleithead

uimhir r-DGTG

dáta r-DGTG

Dáta cur i gcaighean

Cainníocht a cuireadh i gcaighean (t)

Líon na n-iasc a cuireadh i gcaighean le haghaidh ramhraithe

Comhdhéanamh na méideanna

Saoráid feirmeoireachta (*1)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


(1)  Is é seo an Dearbhú maidir le cur i gcaighean a leagtar síos i Moladh ICCAT 06-07.

(*1)  Saoráid atá údaraithe chun oibriú chun tuinníní gorma a ghabhtar i limistéar an Choinbhinsiúin a ramhrú.


IARSCRÍBHINN XV

CAIGHDEÁIN ÍOSTA I LEITH CFS A BHUNÚ LAISTIGH DE LIMISTÉAR CHOINBHINSIÚN ICCAT  (1)

1.   

D’ainneoin aon cheanglais níos déine atá i bhfeidhm in iascach sonrach de chuid ICCAT, déanfaidh gach Ballstát CFS a chur chun feidhme le haghaidh na soithí iascaireachta dá chuid is mó ná 15 mhéadar ar fad san iomlán agus atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh in uiscí lasmuigh de dhlínse an Bhallstáit brataí agus déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas:

(a)

ceanglóidh sé ar a shoithí iascaireachta córas féinrialaitheach is léir má dhéantar crioscaíl leis a bheith acu, córas a chuirfidh teachtaireachtaí ar aghaidh i gcónaí, go huathoibríoch agus go neamhspleách ó aon ionchur ón soitheach, chuig lárionad faireacháin iascaigh (‘LFI’) an Bhallstáit brataí ionas go mbeidh an Ballstát brataí sin in ann suíomh, cúrsa agus luas soithigh iascaireachta a rianú.

(b)

áiritheoidh sé go ndéanfaidh an gléas rianaithe satailíte atá feistithe ar bord an tsoithigh iascaireachta na sonraí seo a leanas a bhailiú agus a tharchur i gcónaí chuig LFI an Bhallstáit brataí:

céannacht an tsoithigh;

suíomh geografach an tsoithigh (domhanleithead, domhanfhad) le lamháil earráide is lú ná 500 méadar, agus le heatramh muiníne 99 %; agus

an dáta agus an t-am;

(c)

áiritheoidh sé go bhfaighidh LFI an Bhallstáit brataí fógra uathoibríoch má bhristear an líne chumarsáide idir LFI agus an gléas rianaithe satailíte.

(d)

maidir leis na teachtaireachtaí faoi shuíomh an tsoithigh a tharchuirfear ó na soithigh a bhfuil a bhratach ar foluain acu agus é ag oibriú in uiscí faoi dhlínse Stáit cósta, áiritheoidh sé, i gcomhar leis an Stát cósta sin, go ndéanfar na teachtaireachtaí sin a tharchur go huathoibríoch agus i bhfíor-am chuig LFI an Stáit cósta sin a thugann údarás don ghníomhaíocht. Agus an fhoráil seo á cur chun feidhme, tabharfar aird chuí ar na costais oibríochtúla, na deacrachtaí teicniúla agus an t-ualach riaracháin a bhaineann le tarchur na dteachtaireachtaí sin a íoslaghdú.

(e)

áiritheoidh sé, chun tarchur agus ceapadh na dteachtaireachtaí faoi shuíomh an tsoithigh a éascú, faoi mar a chuirtear síos air i bpointe (d), déanfaidh LFI an Bhallstáit brataí nó CPC agus LFI an Stáit cósta a gcuid faisnéise teagmhála a mhalartú le chéile agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoi aon athrú ar an bhfaisnéis sin gan mhoill. Tabharfaidh LFI an Stáit cósta fógra don Bhallstát brataí nó do LFI CPC faoi aon bhriseadh i gceapadh na dteachtaireachtaí leantacha faoi shuíomh an tsoithigh. Maidir le tarchur na dteachtaireachtaí faoi shuíomh an tsoithigh idir LFI an Bhallstáit brataí nó CPC agus an Stát cósta, is go leictreonach trí chóras sábháilte cumarsáide a dhéanfar iad.

2.   

Déanfaidh gach Ballstát bearta iomchuí chun tarchur agus ceapadh na dteachtaireachtaí CFS a éascú, faoi mar a shonraítear i mír 1, agus úsáidfidh siad an fhaisnéis sin chun suíomh na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu a rianú go leanúnach.

3.   

Áiritheoidh na Ballstáit go n-áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain orthu go mbeidh na gléasanna rianaithe satailíte ag buanfheidhmiú go ceart agus go leanúnach, agus go mbaileofar an fhaisnéis a luaitear i mír 1, pointe (b)ar a laghad uair amháin in aghaidh na huaire i gcás soithí peas-saighne agus gach ré uair an chloig i gcás gach soitheach eile, agus go dtarchuirfear an fhaisnéis sin freisin. Ina theannta sin, ceanglóidh na Ballstáit go n-áiritheoidh oibreoirí na soithí:

(a)

nach ndéanfar crioscaíl leis an ngléas rianaithe satailíte in aon chor;

(b)

nach ndéanfar athrú ar shonraí CFS in aon chor;

(c)

nach gcuirfear isteach ar an aeróg atá nasctha leis an ngléas rianaithe satailíte in aon chor;

(d)

go mbeidh an gléas rianaithe satailíte cruashreangaithe isteach sa soitheach iascaireachta agus nach mbrisfear an soláthar cumhachta d’aon turas in aon chor; agus

(e)

nach mbainfear an gléas rianaithe satailíte as an soitheach ach amháin chun é a dheisiú nó ceann úr a chur ar bord.

4.   

I gcás cliseadh teicniúil ar an ngléas rianaithe satailíte atá feistithe ar bord soitheach iascaireachta nó i gcás nach bhfeidhmeoidh sé mar is ceart, déanfar an gléas a dheisiú laistigh de mhí amháin ón am a tharla an teagmhas, nó déanfar gléas eile a chur ina ionad, murar baineadh an soitheach de liosta soitheach iascaireachta mórscála údaraithe, i gcás inarb infheidhme, nó i gcás na soithí nach bhfuil sé de cheangal orthu a bheith ar an liosta soithí údaraithe de chuid ICCAT, ní bheidh feidhm ag an údarú iascaireacht a dhéanamh i limistéir lasmuigh de dhlínse CPC brataí maidir leo a thuilleadh. Ní bheidh d’údarás ag an soitheach tús a chur le turas iascaireachta agus gléas rianaithe satailíte ar bord nach bhfuil ag feidhmiú i gceart. Thairis sin, nuair nach bhfuil gléas ag feidhmiú mar is ceart nó nuair a theipeann air go teicniúil i rith turas iascaireachta, déanfar an gléas a dheisiú nó gléas úr a chur ina ionad a thúisce a bhaineann an soitheach an calafort amach; Ní bheidh sé d’údarás ag an soitheach tús a chur le turas iascaireachta gan an gléas rianaithe satailíte a bheith deisithe nó gan gléas úr a bheith curtha ina ionad.

5.   

Áiritheoidh gach Ballstát nó CPC go gcuirfidh soitheach iascaireachta a bhfuil gléas rianaithe satailíte nach bhfuil ag feidhmiú mar is ceart ar bord aige tuarascálacha ina bhfuil an fhaisnéis a luaitear i bpointe (b) de mhír 1 chuig LFI, uair sa lá ar a laghad, trí mhodh cumarsáide eile (an raidió, tuairisciú gréasáin, ríomhphost, teileafacs nó teiléacs).

6.   

Ní fhéadfaidh na Ballstáit nó CPCanna cead a thabhairt do shoitheach an ghléas rianaithe satailíte a mhúchadh ach amháin más rud é nach mbeidh sé i mbun iascaireachta go ceann tréimhse fhada ama (e.g., agus é sa duga tirim i mbun deisithe), agus go dtabharfaidh sé fógra d’údaráis inniúlachta an Bhallstáit brataí nó CPC roimh ré. Déanfar an gléas rianaithe satailíte a athghníomhachtú sula bhfágann sé an calafort agus déanfaidh sé tuarascáil amháin ar a laghad a bhailiú agus a tharchur agus faoin am sin.


(1)  Tá an méid sin le fáil i Moladh ICCAT maidir le Caighdeáin Íosta i leith Córais Faireacháin Soithí laistigh de Limistéar Choinbhinsiún ICCAT 18-10.


IARSCRÍBHINN XVI

TÁBLA COMHGHAOIL IDIR RIALACHÁN (AE) 2016/1627 AGUS AN RIALACHÁN SEO

Rialachán (AE) 2016/1627

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 1

Airteagal 3

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 11

Airteagal 7

Airteagal 12

Airteagal 8

Airteagal 13

Airteagal 9

Airteagal 14

Airteagal 10

Airteagal 16

Airteagal 11

Airteagal 17 agus Iarscríbhinn I

Airteagal 12

Airteagal 17 agus Iarscríbhinn I

Airteagal 13

Airteagal 18

Airteagal 14

Airteagal 19

Airteagal 15

Airteagal 20

Airteagal 16

Airteagal 21

Airteagal 17

Airteagal 25

Airteagal 18

Airteagal 22

Airteagal 19

Airteagal 23

Airteagal 20

Airteagal 26

Airteagal 21

Airteagal 4

Airteagal 22

Airteagal 27

Airteagal 23

Airteagal 28

Airteagal 24

Airteagal 30

Airteagal 25

Airteagal 31

Airteagal 26

Airteagal 32

Airteagal 27

Airteagal 36

Airteagal 28

Airteagal 37

Airteagal 29

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 33

Airteagal 31

Airteagal 34

Airteagal 32

Airteagal 35

Airteagal 33

Airteagal 40

Airteagal 34

Airteagal 41

Airteagal 35

Airteagal 43

Airteagal 36

Airteagal 44

Airteagal 37

Airteagal 51

Airteagal 38

Airteagal 42

Airteagal 39

Airteagal 45

Airteagal 40

Airteagal 46

Airteagal 41

Airteagal 46

Airteagal 42

Airteagal 47

Airteagal 43

Airteagal 48

Airteagal 44

Airteagal 49

Airteagal 45

Airteagal 50

Airteagal 46

Airteagal 51

Airteagal 47

Airteagal 55

Airteagal 48

Airteagal 56

Airteagal 49

Airteagal 57

Airteagal 50

Airteagal 38

Airteagal 51

Airteagal 39

Airteagal 52

Airteagal 58

Airteagal 53

Airteagal 15

Airteagal 54

Airteagal 59

Airteagal 55

Airteagal 60

Airteagal 56

Airteagal 62

Airteagal 57

Airteagal 63

Airteagal 58

Airteagal 64

Airteagal 59

Airteagal 68

Airteagal 60

Airteagal 70

Airteagal 61

Airteagal 71

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn X

Iarscríbhinn X

Iarscríbhinn XI

Iarscríbhinn XI

Iarscríbhinn XII

Iarscríbhinn XII

Iarscríbhinn XIII