26.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 236/21 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2049 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Iúil 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le táirgí ar cuireadh mearcair leo atá faoi réir toirmisc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 20 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/852, onnmhairiú, allmhairiú agus monarú a dhéanamh san Aontas ar na táirgí ar cuireadh mearcair leo a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, tá sé le toirmeasc ó na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, seachas na táirgí sin atá fíor-riachtanach le haghaidh cosaint shibhialta agus úsáidí míleata agus na táirgí sin a úsáidtear le haghaidh taighde, calabrú ionstraimíochta nó mar chaighdeán tagartha. |
(2) |
Thug an tAontas Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair (an ‘Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2017/939 (2) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2017. Toirmisctear le hAirteagal 4(1) den Choinbhinsiún onnmhairiú, allmhairiú agus mhonarú a dhéanamh ar tháirgí ar cuireadh mearcair leo a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin tar éis an dáta a chuirfear deireadh le húsáid an mhearcair de réir a chéile a shonraítear le haghaidh na dtáirgí sin. Ceanglaítear le hAirteagal 4(8) den Choinbhinsiún ar Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún (‘COP’) athbhreithniú a dhéanamh ar Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm. |
(3) |
Chuir an tAontas tograí isteach chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/727 ón gComhairle (3). Ag an gceathrú cruinniú de COP, a tionóladh ón 21 go dtí an 25 Márta 2022, glacadh Cinneadh MC-4/3 lena leasaítear Cuid I d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún trí ocht dtáirge ar cuireadh mearcair leo a áireamh san Iarscríbhinn sin. Thacaigh an tAontas leis an gCinneadh sin trí bhíthin Chinneadh (AE) 2022/549 ón gComhairle (4). |
(4) |
I gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852, liostaítear cheana féin straidhntomhsairí atá le húsáid i bpleitismeagraif mar cheann de na táirgí ar cuireadh mearcair leo a áirítear i gCuid I d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún le Cinneadh MC-4/3 chomh maith le dlúthshoilse fluaraiseacha a bhfuil ballasta comhtháite iontu (CFL.i) chun críoch soilsithe ghinearálta ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair is mó ná 2,5 mg in aghaidh an dóire lampa. Mar thoradh air sin agus chun Rialachán (AE) 2017/852 a ailíniú le Cinneadh MC-4/3, is gá seacht dtáirge ar cuireadh mearcair leo a áireamh i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin: (i) dlúthshoilse fluaraiseacha a bhfuil ballasta comhtháite iontu (CFL.i) chun críoch soilsithe ghinearálta ≤ 30 vata ina bhfuil cion mearcair nach mó ná 2,5 mg in aghaidh an dóire lampa, (ii) lampaí fluaraiseacha catóide fuaire (CCFLanna) agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (EEFLanna) den uile fhad le haghaidh taispeántais leictreonacha, (iii) trasduchtóirí brú leáite, tarchuradóirí brú leáite agus braiteoirí brú leáite, (iv) folúschaidéil mearcair, (v) cothromóirí boinn agus meáchain rotha, (vi) scannán agus páipéar fótagrafach agus (vii) tiomántán le haghaidh satailítí agus spásárthaí. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/852 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 137, 24.5.2017, lch. 1.
(2) Cinneadh ón gComhairle (AE) 2017/939 an 11 Bealtaine 2017 maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 142, 2.6.2017, lch. 4).
(3) Cinneadh (AE) 2021/727 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tograí a tíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair, a bhaineann le táirgí ar cuireadh mearcair leo agus próisis mhonaraithe ina n-úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair, a leasú (IO L 155, 5.5.2021, lch. 23).
(4) Cinneadh (AE) 2022/549 ón gComhairle an 17 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara cuid den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le Cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú (IO L 107, 6.4.2022, lch. 78).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852 mar a leanas:
(1) cuirtear isteach an iontráil 3a seo a leanas:
Táirgí ar cuireadh mearcair leo |
An dáta óna mbeidh toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo |
||
|
31.12.2025’. |
(2) cuirtear isteach an iontráil 6a seo a leanas:
Táirgí ar cuireadh mearcair leo |
An dáta óna mbeidh toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo |
||
|
31.12.2025’. |
(3) cuirtear isteach na hiontrálacha 10 agus 11 seo a leanas:
Táirgí ar cuireadh mearcair leo |
An dáta óna mbeidh toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú na dtáirgí ar cuireadh mearcair leo |
||||||||||
|
31.12.2025 |
||||||||||
|
31.12.2025’. |