11.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 223/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1717 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Meitheamh 2023
lena leasaítear Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí teicniúla maidir leis an ngabhdán luchtúcháin agus an prótacal cumarsáide luchtúcháin le haghaidh na gcatagóirí nó na n-aicmí uile de threalamh raidió is féidir a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (1), agus go háirithe Airteagal 3(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ceann de chuspóirí Threoir 2014/53/AE is ea dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do threalamh raidió a áirithiú. |
(2) |
Chun na comhéadain luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin le haghaidh catagóirí sonracha nó aicmí sonracha trealaimh raidió a chomhchuibhiú, agus chun ceanglais a shonrú maidir le comhdhíol trealaimh raidió agus a luchtairí agus maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, leasaíodh Treoir 2014/53/AE le Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
(3) |
Tar éis na leasuithe ar Threoir (AE) 2022/2380, soláthraítear le Treoir 2014/53/AE freisin an bonn chun na ceanglais sin a oiriúnú d’aon dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch a bheidh ann amach anseo nó d’aon fhorbairt sa mhargadh chun idir-inoibritheacht chomhchoiteann íosta a áirithiú idir trealamh raidió agus a ghléasanna luchtúcháin, agus chun áisiúlacht tomhaltóirí a fheabhsú, chun dramhaíl chomhshaoil a laghdú agus chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint. |
(4) |
A mhéid a bhaineann le comhchuibhiú na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin le haghaidh luchtú sreinge, ceanglaítear le hAirteagal 3(4), an chéad fhomhír de Threoir 2014/53/AE go dtógfar trealamh raidió laistigh de chatagóirí nó aicmí an trealaimh raidió a shonraítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Treoir sin ionas go gcomhlíonfaidh sé na sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. |
(5) |
Na catagóirí nó na haicmí trealaimh raidió a liostaítear san Iarscríbhinn sin is féidir a athluchtú trí luchtú sreinge, leis na sonraíochtaí a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Treoir 2014/53/AE, foráiltear go ndéanfar na catagóirí nó na haicmí trealaimh raidió sin a fheistiú le gabhdán USB Type-C mar a thuairiscítear i gcaighdeán EN IEC 62680-1-3:2021 ‘Comhéadain bus uilíoch srathach le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-3: Comhpháirteanna coiteanna – Sonraíocht um Chábla agus Nascóir USB Type-C®’. Ina theannta sin, na catagóirí nó na haicmí trealaimh raidió a liostaítear san Iarscríbhinn sin is féidir a athluchtú trí luchtú sreinge ag voltais is airde ná 5 volta, ag sruthanna is airde ná 3 aimpéar nó ag cumhachtaí is airde ná 15 vata, foráiltear leis na sonraíochtaí a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Treoir 2014/53/AE go n-ionchorpróidh na catagóirí nó na haicmí trealaimh raidió Seachadadh Cumhachta USB mar a thuairiscítear i gcaighdeán EN IEC 62680-1-2:2021 ‘Comhéadain bus uilíoch srathach le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-2: Comhpháirteanna coiteanna — Sonraíocht um Sheachadadh Cumhachta USB’. |
(6) |
An 5 Meán Fómhair 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC) caighdeán IEC 62680-1-2:2022 ‘Comhéadain bus uilíoch srathach le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-2: Comhpháirteanna coiteanna – Sonraíocht um Sheachadadh Cumhachta USB’ agus caighdeán IEC 62680-1-3:2022 ‘Comhéadain bus uilíoch srathach le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-3: Comhpháirteanna coiteanna – Sonraíocht um Chábla agus Nascóir USB Type-C®’. Tá sonraíochtaí atá cothrom le dáta sa dá chaighdeán sin. |
(7) |
An 14 Deireadh Fómhair 2022, ghlac Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec), mar chaighdeáin Eorpacha (EN), an dá chaighdeán IEC sin a foilsíodh an 5 Meán Fómhair 2022, trí bhíthin EN IEC 62680-1-2:2022 ‘Comhéadain bus uilíoch srathach le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-2: Comhpháirteanna coiteanna – Sonraíocht um Sheachadadh Cumhachta USB’ agus EN IEC 62680-1-3:2022 ‘Comhéadain bus uilíoch srathach le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-3: Comhpháirteanna coiteanna – Sonraíocht um Chábla agus Nascóir USB Type-C®’. |
(8) |
Chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, is gá, i gCuid I, Pointe 2, d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Treoir 2014/53/AE, na tagairtí don chaighdeán a bhaineann leis an ngabhdán luchtaithe agus cáblaí ar luchtú sreinge a mhodhnú i gcomhréir le caighdeán EN IEC 62680-1-3:2022. |
(9) |
Is gá freisin, i gCuid I, Pointe 3, d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Treoir 2014/53/AE, na tagairtí don chaighdeán a bhaineann leis an bprótacal cumarsáide luchtúcháin maidir le luchtú sreinge ag voltas is airde ná 5 volta, ag sruthanna is airde ná 3 aimpéar nó ag cumhachtaí is airde ná 15 vata a mhodhnú, i gcomhréir le caighdeán EN IEC 62680-1-2:2022. |
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/53/AE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar Cuid I d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Treoir 2014/53/AE a leasú mar a leanas:
(1) |
i bpointe 2.1, cuirtear ‘EN IEC 62680-1-3:2022’ in ionad na tagartha do chaighdeán ‘EN IEC 62680-1-3:2021’; |
(2) |
i bpointe 2.2, cuirtear ‘EN IEC 62680-1-3:2022’ in ionad na tagartha do chaighdeán ‘EN IEC 62680-1-3:2021’; |
(3) |
i bpointe 3.1, cuirtear ‘EN IEC 62680-1-2:2022’ in ionad na tagartha do chaighdeán ‘EN IEC 62680-1-2:2021’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 153, 22.5.2014, lch. 62.
(2) Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh (IO L 315, 7.12.2022, lch. 30).