|
18.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 181/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1470 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Iúil 2023
lena leagtar síos na sonraíochtaí modheolaíochta agus teicniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an innéacs praghsanna tithe agus leis an innéacs praghsanna tithíochta úinéir-áitithe, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1148 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí agus leis an innéacs praghsanna tithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 3(9), 3(10), 4(4), 7(6) agus 9(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/792 leagtar síos creat comhchoiteann maidir le táirgeadh an innéacs chomhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT), an innéacs chomhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí ag rátaí cánach seasmhacha (ICPT-CS), an innéacs praghsanna tithíochta úinéir-áitithe (TÚÁ) agus an innéacs praghsanna tithe (IPT). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 3(9) de Rialachán (AE) 2016/792, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar na miondealuithe ar IPT agus ar innéacs praghsanna TÚÁ. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 3(10) de Rialachán (AE) 2016/792, déanfaidh na Ballstáit nuashonrú ar na hualaí fo-innéacs gach bliain do IPT agus d’innéacs praghsanna TÚÁ. Dá bhrí sin, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha a shonrú maidir le caighdeán ualaí na n-innéacsanna comhchuibhithe. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2016/792, is éard a bheidh in IPT agus in innéacs praghsanna TÚÁ ‘innéacsanna de chineál Laspeyres’ atá nasctha go slabhrúil gach bliain. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 4(4)(iv) de Rialachán (AE) 2016/792, ba cheart don Choimisiún modhanna a shonrú a thuilleadh maidir le tiomsú na bhfo-innéacsanna agus na n-innéacsanna praghsanna bunúsacha. |
|
(5) |
Innéacsanna praghsanna a bhaineann le ceannach teaghaisí, ba cheart iad a bheith ionadaíoch do na hidirbhearta uile. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 4(4)(i) de Rialachán (AE) 2016/792, ba cheart don Choimisiún rialacha a shonrú a thuilleadh maidir le hionadaíocht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear. |
|
(6) |
Innéacsanna praghsanna a bhaineann le ceannach teaghaisí, níor cheart do dhifríochtaí cáilíochta idir na teaghaisí trádáilte difear a dhéanamh dóibh. Dá bhrí sin, de bhun Airteagail 4(4)(ii) agus (iv) de Rialachán (AE) 2016/792, ba cheart don Choimisiún rialacha a shonrú a thuilleadh maidir le bailiú sonraí agus tiomsú innéacsanna. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(10) de Rialachán (AE) 2016/792, tomhaiseann IPT athruithe ar phraghsanna idirbhirt na dteaghaisí a cheannaíonn teaghlaigh. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 4(4)(ii) de Rialachán (AE) 2016/792, ba cheart don Choimisiún rialacha a shonrú a thuilleadh maidir leis an gcóir a chuirtear ar phraghsanna a úsáidtear chun IPT a ríomh. |
|
(8) |
Is é is aidhm d’innéacs praghsanna TÚÁ feabhas a chur ar ábharthacht agus inchomparáideacht ICPT. Dá bhrí sin, chun innéacs praghsanna TÚÁ a thiomsú, is gá creat modheolaíochta a shonrú atá comhsheasmhach le creat modheolaíochta do thiomsú ICPT. |
|
(9) |
Sa tuarascáil uaidh maidir le hoiriúnacht innéacs praghsanna TÚÁ lena chomhtháthú i gcumhdach ICPT (2), mheas an Coimisiún nach bhfuil innéacs praghsanna TÚÁ oiriúnach faoi láthair lena chomhtháthú i gcumhdach ICPT. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) de Rialachán (AE) 2016/792 agus i ndlúthchomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún tabhairt faoin obair modheolaíochta is gá chun innéacs praghsanna TÚÁ a chomhtháthú i gcumhdach ICPT. |
|
(10) |
Ós rud é nach féidir breathnú ar na hidirbhearta uile in uilephobal sprice innéacs praghsanna TÚÁ, ba cheart don Choimisiún, de bhun Airteagal 4(4)(i) de Rialachán (AE) 2016/792, rialacha maidir le sampláil a shonrú a thuilleadh. |
|
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(9) de Rialachán (AE) 2016/792, tomhaiseann innéacs praghsanna TÚÁ athruithe ar phraghsanna idirbhirt na dteaghaisí atá nua in earnáil na dteaghlach agus ar phraghsanna táirgí eile a fhaigheann na teaghlaigh ina ról mar úinéirí-áititheoirí. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 4(4)(ii) de Rialachán (AE) 2016/792, ba cheart don Choimisiún rialacha a shonrú a thuilleadh maidir leis an gcóir a chuirtear ar phraghsanna a úsáidtear chun innéacs praghsanna TÚÁ a ríomh. |
|
(12) |
Le hinnéacs praghsanna TÚÁ ba cheart tomhas a chur ar fáil ar athrú glan ar phraghsanna, tomhas nach ndéanann athrú ar cháilíocht difear dó. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 4(4)(iii) de Rialachán (AE) 2016/792, ba cheart don Choimisiún rialacha a shonrú a thuilleadh maidir le athsholáthairtí agus coigeartuithe cáilíochta ba cheart a chur i bhfeidhm maidir le táirgí nach teaghaisí iad. |
|
(13) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2016/792, d’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar IPT, ar innéacs praghsanna TÚÁ agus ar a bhfo-innéacsanna a foilsíodh cheana. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2016/792, ba cheart don Choimisiún na coinníollacha aonfhoirmeacha a shonrú maidir leis an athbhreithniú ar IPT, ar innéacs praghsanna TÚÁ agus ar a bhfo-innéacsanna. |
|
(14) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2016/792, tabharfaidh na Ballstáit tuarascálacha caighdeánacha ar cháilíocht agus fardail do Eurostat. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2016/792, ba cheart don Choimisiún an spriocdháta chun na tuarascálacha agus na fardail sin a chur ar fáil a shonrú. |
|
(15) |
De bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2016/792, ba cheart do na Ballstáit sonraí agus meiteashonraí a thabhairt don Choimisiún (Eurostat) i gcomhréir le caighdeáin agus nósanna imeachta malartaithe sonraithe. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2016/792, ba cheart don Choimisiún na caighdeáin maidir le malartú sonraí agus meiteashonraí a shonrú. |
|
(16) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1148 ón gCoimisiún (3) a leasú. |
|
(17) |
Is iomchuí idirthréimhse a shocrú chun cás sonrach na n-údarás inniúil sna Ballstáit a chur san áireamh ar gá dóibh na socruithe is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. |
|
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo coinníollacha aonfhoirmeacha maidir leis na hinnéacsanna seo a leanas a tháirgeadh:
|
(a) |
an t-innéacs praghsanna tithe (IPT); |
|
(b) |
an t-innéacs praghsanna tithíochta úinéir-áitithe (TÚÁ). |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘teaghais’ aonad cónaithe dochorraithe féinchuimsitheach, ar cuid de bhloc árasán é nó atá ar a dáileacht talún féin, atá oiriúnach lena háitiú ag teaghlach amháin agus ar féidir léi seirbhísí tithíochta a sholáthar; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘comharchumann tithíochta’ eintiteas dlíthiúil a dheonaíonn an ceart do gach scairshealbhóir dá chuid teaghais áirithe a áitiú sa chomharchumann; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘teaghais thrádáilte’ teaghais ar aistríodh a húinéireacht dhlíthiúil mar thoradh ar idirbheart díolacháin, lena n-áirítear ceannach scaireanna i gcomharchumann tithíochta lena dtugtar an ceart chun teaghais a áitiú sa chomharchumann; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘teaghais nuathógtha’ teaghais thrádáilte atá nuathógtha nó a chruthaítear trí fhoirgneamh neamhchónaithe atá ann cheana nó cuid neamhchónaithe d’fhoirgneamh cónaithe atá ann cheana a athchóiriú; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘teaghais atá ann cheana’ teaghais thrádáilte a thagann as stoc láithreach na dteaghaisí; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘fo-innéacs’ an t-innéacs praghsanna le haghaidh aon cheann de na catagóirí caiteachais a leagtar amach in Airteagail 3 go 11 den Rialachán seo; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘comhiomlán bunúsach’ an comhiomlán is lú a úsáidtear in innéacs de chineál Laspeyres; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘praghas margaidh’ an méid is lú airgid a íocann ceannaitheoir toilteanach chun earra, seirbhís nó sócmhainn a cheannach ó dhíoltóir toilteanach i gcás ina ndéantar na malartuithe idir na páirtithe neamhspleácha bunaithe ar bhreithnithe tráchtála amháin; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘uilephobal sprice IPT’ na teaghaisí trádáilte uile a cheannaítear ar phraghsanna margaidh, is cuma cén earnáil institiúideach ónar ceannaíodh an teaghais agus is cuma cuspóir an cheannaigh, agus i gcás:
|
|
(10) |
ciallaíonn ‘sciar caiteachais IPT’ céatadán caiteachais iomláin teaghlaigh ar cheannach teaghaisí a bhaineann le huilephobal sprice IPT; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘sraith’ foghrúpa eilimintí a bhaineann le huilephobal sprice IPT nó innéacs praghsanna TÚÁ agus atá laistigh de chomhiomlán bunúsach, dá ríomhtar innéacs praghsanna a choigeartaítear de réir aon athrú ar cháilíocht agus dá sanntar. |
|
(12) |
ciallaíonn ‘difríocht cháilíochta idir teaghaisí trádáilte’ difríocht idir cineál, saintréithe fisiciúla, aois nó suíomh teaghaisí trádáilte in dá thréimhse, i gcás ina bhfuil sé ábhartha ó thaobh an cheannaitheora de; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘cineál teaghaise’ catagóir teaghaisí ag a bhfuil saintréithe coiteanna. Is iad árasáin agus tithe dhá phríomhchineál teaghaise. Ag brath ar na himthosca sa tír, féadfar cineálacha eile a aithint, amhail tithe scoite, tithe leathscoite agus tithe sraithe; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘praghas idirbhirt’ an praghas iomlán a íocann teaghlach ar theaghais a fháil, lena n-áirítear cánacha de chineál breisluacha agus gan fóirdheontais a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna deiridh teaghaisí a chur san áireamh, agus cumhdaíonn sé praghas an déanmhais agus na talún faoi, i gcás inarb ábhartha; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘cáin de chineál breisluacha’ cáin ar earraí nó ar sheirbhísí a bhailíonn fiontair de réir a chéile agus a mhuirearaítear ina hiomláine sa deireadh thiar ar an gceannaitheoir deiridh, mar a shainmhínítear i mír 4.17. de Chaibidil 4 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5); |
|
(16) |
ciallaíonn ‘innéacs héadónach’ innéacs praghsanna a úsáideann cúlchéimniú héadónach mar uirlis lena thiomsú. Tagraíonn cúlchéimniú héadónach don anailís staitistiúil ar fhoirm fheidhmiúil a úsáidtear chun an tionchar a bhíonn ag saintréithe praghaschinntitheacha ar phraghas na teaghaise a mheas; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘innéacs airmheáin nó meáin srathaithe’ innéacs praghsanna a thógtar ar bhonn tomhas na treochta lárnaí, a ríomhtar do gach sraith de na teaghaisí trádáilte a bhaineann le huilephobal sprice IPT agus nach bhfuil aon difríochtaí suntasacha cáilíochta eatarthu; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘modh a mhacasamhlaíonn cur chuige na samhla comhoiriúnaithe’ modh a úsáidtear chun innéacs praghsanna a thiomsú a dhéanann comparáid idir praghsanna idirbhirt maidir leis na teaghaisí céanna a dhíoltar níos mó ná uair amháin, nó a dhéanann comparáid idir praghsanna idirbhirt iarbhír agus luachálacha chun cóimheasa praghais a ríomh do na teaghaisí céanna; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘úinéirí-áititheoirí’ teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu i dteaghais a bhfuil úinéireacht acu uirthi; |
|
(20) |
ciallaíonn ‘teaghais nua’ teaghais a meastar ina leith, nuair atá sí réidh le húsáid, go soláthraíonn sí seirbhís tithíochta nua agus go meastar go gcuireann sí le stoc reatha na dteaghaisí; |
|
(21) |
ciallaíonn ‘teach réamhdhéanta’ teach a dhéantar as an láthair agus atá réidh lena chóimeáil; |
|
(22) |
ciallaíonn ‘teaghais féintógála’ teaghais a thógann teaghlach lena háitiú aige féin, trína shaothar féin nó trí thógálaí gairmiúil a fhostú nó trí theach réamhdhéanta a cheannach agus i gcás ina bhfaightear talamh as féin ón bhfoirgneamh; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘athchóirithe móra’ feabhsuithe a mhéadaíonn caighdeán bunúsach teaghaise maidir le seirbhísí cóiríochta a sholáthar, nó a chuireann go mór leis an saol seirbhíse a raibh coinne léi roimhe sin agus, dá bhrí sin, a mhéadaíonn a luach, agus a théann níos faide ná gníomhaíochtaí is gá chun go bhfeidhmeoidh an teaghais go fóill agus chun gur féidir í a úsáid go fóill; |
|
(24) |
ciallaíonn ‘deisiúcháin mhóra agus cothabháil’ oibreacha a dhéanann úinéir na teaghaise de ghnáth chun an teaghais a thabhairt ar ais chuig a riocht bunaidh nó chuig an stát tar éis an athchóirithe mhóir deiridh, rud a chuidíonn lena saol a shíneadh ach nach gcuireann lena luach i gcomparáid lena staid bhunaidh nó lena staid tar éis an athchóirithe mhóir deiridh; |
|
(25) |
ciallaíonn ‘árachas a bhaineann le teaghaisí’ árachas neamhshaoil, a thógann úinéir teaghaise amach, in aghaidh tine, stoirme, tuile, gadaíochta agus loitiméireachta, árachas a chumhdaíonn, de ghnáth, an struchtúr foirgnimh agus codanna dochorraithe amhail cistineacha feistithe, vardrúis fheistithe; |
|
(26) |
ciallaíonn ‘uilephobal sprice innéacs praghsanna TÚÁ’ na hidirbhearta uile a áirítear i gcaiteachas tithíochta úinéirí-áitithe, mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn; |
|
(27) |
ciallaíonn ‘sciar caiteachais TÚÁ’ céatadán caiteachais iomláin teaghlaigh ar idirbhearta a bhaineann le huilephobal sprice innéacs praghsanna TÚÁ; |
|
(28) |
ciallaíonn ‘innéacs praghsanna do tháirgeoirí maidir le tógáil’ innéacs a léiríonn forbairt na bpraghsanna a íocann an cliant leis an gcuideachta tógála, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 ón gCoimisiún (6); |
|
(29) |
ciallaíonn ‘tairiscint táirge’ táirge a shonraítear de réir a shaintréithe, am agus áit a cheannaigh agus na dtéarmaí soláthair, agus dá mbreathnaítear praghas; |
|
(30) |
ciallaíonn ‘táirge aonchineálach’ sraith tairiscintí táirge nach bhfuil aon difríocht cháilíochta shuntasach ann eatarthu agus a ríomhtar meánphraghas ina leith; |
|
(31) |
ciallaíonn ‘táirge aonair’ tairiscint táirge nó táirge aonchineálach; |
|
(32) |
ciallaíonn ‘praghas breathnaithe’ praghas táirge aonair a úsáideann an Ballstát chun fo-innéacsanna áirithe innéacs praghsanna TÚÁ a thiomsú; |
|
(33) |
ciallaíonn ‘spriocshampla d’innéacs praghsanna TÚÁ’ sraith teaghaisí trádáilte agus táirgí aonair a bhaineann le hidirbhearta in uilephobal sprice innéacs praghsanna TÚÁ agus dá n-úsáidfear sonraí praghsanna chun innéacs praghsanna TÚÁ a thiomsú; |
|
(34) |
ciallaíonn ‘táirge athsholáthair’ táirge aonair a chuirtear in ionad táirge aonair eile sa spriocshampla d’innéacs praghsanna TÚÁ; |
|
(35) |
ciallaíonn ‘praghas measta’ praghas bunaithe ar nós imeachta meastacháin iomchuí; |
|
(36) |
ciallaíonn ‘préimheanna iarbhír’ na méideanna a íoctar as polasaí árachais sonrach chun cumhdach árachais a fháil thar thréimhse ama sonraithe; |
|
(37) |
ciallaíonn ‘mealladh’ athrú, ar bhonn sealadach go minic, ar shaintréithe táirge aonair trí chainníocht an táirge a mhéadú, trí tháirge aonair eile a cheangal saor in aisce nó trí thairbhí eile a thairiscint don tomhaltóir; |
|
(38) |
ciallaíonn ‘difríocht cháilíochta’ difríocht idir na saintréithe, am agus áit cheannaigh nó téarmaí soláthair dhá tháirge aonair, i gcás ina bhfuil sé sin ábhartha ó thaobh an tomhaltóra de; |
|
(39) |
ciallaíonn ‘innéacs praghsanna bunúsacha’ innéacs maidir le comhiomlán bunúsach nó innéacs maidir le sraith laistigh de chomhiomlán bunúsach; |
|
(40) |
ciallaíonn ‘aistreacht’ an t-airí faoinar ionann innéacs a dhéanann comparáid indíreach idir tréimhsí (a) agus (b) trí thréimhse (c) agus innéacs a dhéanann comparáid dhíreach idir tréimhsí (a) agus (b); |
|
(41) |
ciallaíonn ‘inbhéartacht ama’ an t-airí faoinar ionann innéacs idir dhá thréimhse, (a) agus (b), agus inbhéarta an innéacs chéanna idir dhá thréimhse, (b) agus (a); |
|
(42) |
ciallaíonn ‘athbhreithniú’ athrú ar innéacsanna praghsanna nó ualaí a fhoilsíonn an Coimisiún (Eurostat); |
|
(43) |
ciallaíonn ‘sonraí sealadacha’ innéacsanna praghsanna nó ualaí a bhfuil coinne leis go gcuirfidh Ballstát i gcrích iad sa ráithe ina dhiaidh sin; |
|
(44) |
ciallaíonn ‘muirear seirbhíse intuigthe’ aschur cuideachtaí árachais, mar a shainmhínítear i mír 16.51. d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013. |
CAIBIDIL 2
AN tINNÉACS PRAGHSANNA TITHE
Airteagal 3
Miondealú ar an innéacs praghsanna tithe
Cumhdóidh IPT na catagóirí caiteachais seo a leanas:
|
(a) |
H.1. Ceannach teaghaisí; |
|
(b) |
H.1.1. Ceannach teaghaisí nuathógtha; |
|
(c) |
H.1.2. Ceannach teaghaisí atá ann cheana. |
Airteagal 4
Ualaí lena léirítear struchtúr an chaiteachais ar cheannach teaghaisí
1. Gach bliain, tiomsóidh na Ballstáit sraith amháin ualaí do IPT agus tarchuirfidh siad chuig an gCoimisiún (Eurostat) í, i gcomhréir leis na catagóirí caiteachais a leagtar amach in Airteagal 3.
2. Is mar a leanas a dhéanfaidh na Ballstáit ualaí fo-innéacsanna agus comhiomlána bunúsacha a dhíorthú lena léirítear struchtúr an chaiteachais ar thithíocht, arna úsáid san innéacs le haghaidh bhliain t:
|
(a) |
maidir le foinsí sonraí a chuireann faisnéis ar fáil maidir le caiteachas teaghlaigh ar theaghaisí trádáilte a bhaineann le huilephobal sprice IPT i mbliain t-1 nó i mbliain t-2, úsáidfear iad chun sciartha caiteachais fo-innéacs IPT a fháil agus chun iad a roinnt ar chomhiomláin bhunúsacha an fho-innéacs; |
|
(b) |
déanfar na sciartha caiteachais IPT atá bunaithe ar shonraí ó bhliain t-2 a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta ionas go mbeidh siad ionadaíoch do bhliain t-1; |
|
(c) |
déanfar sciartha caiteachais IPT do na comhiomláin bhunúsacha a choigeartú le hathrú iomchuí ar phraghas idir bliain t-1 agus an ceathrú ráithe de bhliain t-1. |
3. Ualaí fo-innéacsanna agus comhiomlána bunúsacha, coinneofar ar leibhéal seasta iad le linn na bliana féilire.
4. Beidh suim na n-ualaí fo-innéacs uile comhionann le 1 000.
5. Beidh ualach an fho-innéacs comhionann le suim na n-ualaí do chomhiomláin bhunúsacha a aithnítear laistigh de chatagóir caiteachais áirithe.
6. Úsáidfidh na Ballstáit ualaí sraithe atá ionadaíoch do chaiteachas teaghlaigh ar theaghaisí trádáilte a bhaineann le huilephobal sprice IPT sa tréimhse chomparáide, nó in aon tréimhse nach dtagann níos mó ná 2 bhliain roimh an mbliain reatha.
Airteagal 5
Ualaí lena léirítear leibhéal an chaiteachais ar cheannach teaghaisí
Déanfaidh na Ballstáit fo-innéacs agus ualaí iomlána IPT a dhíothú lena léirítear leibhéal an chaiteachais ar cheannach teaghaisí i mbliain t-1.
Airteagal 6
Bailiú praghsanna agus saintréithe praghaschinntitheacha
1. Gheobhaidh na Ballstáit an fhaisnéis bhunúsach is gá chun na sraitheanna nó na comhiomláin bhunúsacha, nó iad araon, a shainiú agus chun IPT a thiomsú.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar le bailiú sonraí saintréithe ábhartha praghaschinntitheacha a fhágann gur féidir innéacs praghsanna a thiomsú nach ndéanann difríochtaí cáilíochta idir teaghaisí trádáilte difear dóibh.
Airteagal 7
Ionadaíocht
1. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis na sonraí a úsáidtear mar fhoinse faisnéise maidir le teaghaisí trádáilte, go bhfuil na sonraí sin ionadaíoch d’uilephobal sprice gach fo-innéacs IPT i ngach tréimhse thagartha.
2. Féadfaidh na Ballstáit cineál teaghaise amháin nó níos mó agus réigiún amháin nó níos mó a eisiamh ó IPT, ar choinníoll nach mó ná cúig faoin gcéad sciar iomlán na dteaghaisí eisiata i luach na dteaghaisí uile a cheannaíonn teaghlaigh. Caiteachas ar cheannach teaghaisí i gcás cineálacha teaghaisí nó réigiún a eisítear, ba cheart é a leithdháileadh ar an gcineál teaghaise nó réigiún is cosúla.
Airteagal 8
Cóir ar phraghsanna
1. Bunófar IPT ar phraghsanna idirbhirt na dteaghaisí.
2. Cuirfear praghas idirbhirt teaghaise san áireamh in IPT don ráithe ina n-aistrítear úinéireacht dhlíthiúil na teaghaise ón díoltóir chuig an gceannaitheoir.
Airteagal 9
Tiomsú innéacsanna
1. Gheobhadh na Ballstáit fo-innéacsanna trí úsáid a bhaint as ceann amháin de na roghanna seo a leanas:
|
(a) |
mar chomhiomlán innéacsanna sraithe a ríomhtar mar innéacsanna héadónacha nó innéacsanna bunaithe ar mhodh a mhacasamhlaíonn cur chuige na samhla comhoiriúnaithe; |
|
(b) |
mar innéacsanna héadónacha nó innéacsanna bunaithe ar mhodh a mhacasamhlaíonn cur chuige na samhla comhoiriúnaithe; |
|
(c) |
mar innéacs airmheáin nó meáin srathaithe. |
2. I gcás ina n-úsáideann Ballstát innéacs héadónach, áiritheoidh sé go ndéanann an modh a chuirtear i bhfeidhm rialú ar dhifríochtaí cáilíochta idir teaghaisí trádáilte sa tréimhse chomparáide agus sa tréimhse thagartha.
3. I gcás ina n-úsáideann Ballstát modh a mhacasamhlaíonn cur chuige na samhla comhoiriúnaithe, áiritheoidh sé go ndéanfar comparáidí praghais comhoiriúnaithe do na teaghaisí céanna sa tréimhse chomparáide agus sa tréimhse thagartha, ar bhealach a áirithíonn go ndéantar rialú ar dhifríochtaí cáilíochta idir teaghaisí trádáilte.
4. I gcás ina n-úsáideann Ballstát innéacs airmheáin nó meáin srathaithe, cinnfidh sé athróga srathaithe ar bhonn anailíse staidrimh agus áiritheoidh sé go bhfuil na sraitheanna a shainítear aonchineálach go leor.
Airteagal 10
Meastacháin
1. I gcás nach leor an líon teaghaisí trádáilte a bheidh ar fáil chun go mbeifear in ann innéacs praghsanna iontaofa a ríomh i gcomhair sraith áirithe, déanfaidh na Ballstáit an t-athrú ar phraghas na sraithe sin a mheas mar an t-athrú ar phraghas i gcás sraithe nó comhcheangal sraitheanna ag a bhfuil dálaí inchomparáide margaidh ina saintréith.
2. Ní thabharfaidh na Ballstáit praghsanna na ráithe roimhe sin ar aghaidh ná ní measfaidh siad go barúlach go bhfuil an t-athrú ar phraghsanna mar a bhí sé sa ráithe roimhe sin, ach amháin más féidir údar cuí a thabhairt leis mar mheastachán iomchuí.
CAIBIDIL 3
INNÉACS PRAGHSANNA TITHÍOCHTA ÚINÉIR-ÁITITHE
Airteagal 11
Miondealú ar an innéacs praghsanna tithíochta úinéir-áitithe
Cumhdóidh innéacs praghsanna TÚÁ na catagóirí caiteachais seo a leanas:
|
(a) |
O.1. Caiteachas úinéirí-áititheoirí ar thithíocht; |
|
(b) |
O.1.1. Éadálacha teaghaisí; |
|
(c) |
O.1.1.1. Teaghaisí nua; |
|
(d) |
O.1.1.1.1. Ceannach teaghaisí nuathógtha; |
|
(e) |
O.1.1.1.2. Teaghaisí féintógála agus athchóirithe móra; |
|
(f) |
O.1.1.2. Teaghaisí atá ann cheana atá nua do theaghlaigh; |
|
(g) |
O.1.1.3. Seirbhísí eile a bhaineann le héadáil teaghaisí; |
|
(h) |
O.1.2. Úinéireacht teaghaisí; |
|
(i) |
O.1.2.1. Athchóirithe móra agus cothabháil; |
|
(j) |
O.1.2.2. Árachas a bhaineann le teaghaisí; |
|
(k) |
O.1.2.3. Seirbhísí eile a bhaineann le húinéireacht teaghaisí; |
Airteagal 12
Tiomsú an innéacs praghsanna tithíochta úinéir-áitithe
Beidh innéacs praghsanna TÚÁ bunaithe ar an gcur chuige ‘glanéadálacha’, lena dtomhaistear athruithe ar na praghsanna a íocann teaghlaigh chun teaghaisí a fháil atá nua d’earnáil na dteaghlach, agus athruithe ar chostais eile a bhaineann le húinéireacht na dteaghaisí agus le haistriú úinéireacht na dteaghaisí.
Airteagal 13
Ualaí lena léirítear struchtúr caiteachais úinéirí-áititheoirí ar thithíocht
1. Gach bliain, tiomsóidh na Ballstáit sraith amháin ualaí d’innéacsanna praghsanna TÚÁ agus tarchuirfidh siad chuig an gCoimisiún (Eurostat) í, i gcomhréir leis na catagóirí caiteachais dá dtagraítear in Airteagal 11.
2. Is mar a leanas a dhéanfaidh na Ballstáit ualaí fo-innéacsanna agus comhiomlána bunúsacha a dhíorthú lena léirítear struchtúr caiteachais úinéirí-áititheoirí ar thithíocht, mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn, arna úsáid san innéacs do bhliain t:
|
(a) |
déanfar sonraí cuntas náisiúnta do bhliain t-2, in éineacht le haon fhaisnéis atá ar fáil agus aon fhaisnéis ábhartha ó fhoinsí sonraí eile, a úsáid chun sciartha caiteachais TÚÁ fo-innéacs a fháil agus iad a roinnt ar chomhiomláin bhunúsacha an fho-innéacs; |
|
(b) |
déanfar na sciartha caiteachais TÚÁ atá bunaithe ar shonraí ó bhliain t-2 a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta ionas go mbeidh siad ionadaíoch do bhliain t-1; |
|
(c) |
déanfar sciartha caiteachais TÚÁ do na comhiomláin bhunúsacha a choigeartú le hathrú iomchuí ar phraghas idir bliain t-1 agus an ceathrú ráithe de bhliain t-1. |
3. Ualaí fo-innéacsanna agus comhiomlána bunúsacha, coinneofar ar leibhéal seasta iad le linn na bliana féilire.
4. Beidh suim na n-ualaí fo-innéacs uile comhionann le 1 000.
5. Beidh ualach an fho-innéacs comhionann le suim na n-ualaí do chomhiomláin bhunúsacha a aithnítear laistigh de chatagóir caiteachais áirithe.
6. Úsáidfidh na Ballstáit ualaí sraithe atá ionadaíoch do chaiteachas úinéirí-áititheoirí ar thithíocht a bhaineann le huilephobal innéacs praghsanna IPT sa tréimhse chomparáide, nó in aon tréimhse nach dtagann níos mó ná 2 bhliain roimh an mbliain reatha.
Airteagal 14
Ualaí lena léirítear leibhéal caiteachais úinéirí-áititheoirí ar thithíocht
Déanfaidh na Ballstáit ualaí TÚÁ iomlána a dhíothú lena léirítear leibhéal caiteachais úinéirí-áititheoirí ar thithíocht trí shuim na gcatagóirí uile de chaiteachas úinéirí-áititheoirí ar thithíocht i mbliain t-1 a chinneadh.
Airteagal 15
Ceannach teaghaisí nuathógtha agus teaghaisí atá ann cheana agus atá nua do theaghlaigh
1. Gheobhaidh na Ballstáit fo-innéacsanna TÚÁ maidir le ceannach teaghaisí nuathógtha agus teaghaisí atá ann cheana agus atá nua do theaghlaigh i gcomhréir le míreanna 2 go 12.
2. Gheobhaidh na Ballstáit an fhaisnéis bhunúsach is gá chun na sraitheanna nó na comhiomláin bhunúsacha, nó iad araon, a shainiú agus chun na fo-innéacsanna dá dtagraítear i mír 1 a thiomsú.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar le bailiú sonraí saintréithe ábhartha praghaschinntitheacha a fhágann gur féidir innéacs praghsanna a thiomsú nach ndéanann difríochtaí cáilíochta idir teaghaisí trádáilte difear dóibh.
4. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis na sonraí a úsáidtear mar fhoinse faisnéise maidir le teaghaisí trádáilte, go bhfuil na sonraí sin ionadaíoch d’uilephobal sprice gach fo-innéacs i ngach tréimhse thagartha.
5. Féadfaidh na Ballstáit cineál teaghaise amháin nó níos mó agus réigiún amháin nó níos mó a eisiamh ó na fo-innéacsanna dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll nach mó ná cúig faoin gcéad sciar iomlán na dteaghaisí eisiata i gcaiteachas teaghlaigh ar cheannach teaghaisí a bhaineann le huilephobal sprice innéacs praghsanna TÚÁ. Caiteachas ar cheannach teaghaisí i gcás cineálacha teaghaisí nó réigiún a eisítear, leithdháilfear é ar an gcineál teaghaise nó réigiún is cosúla.
6. Na fo-innéacsanna dá dtagraítear i mír 1, beidh siad bunaithe ar phraghsanna idirbhirt teaghaisí. Cuirfear praghas idirbhirt teaghaise san áireamh sna fo-innéacsanna sin don ráithe ina n-aistrítear úinéireacht dhlíthiúil na teaghaise ón díoltóir chuig an gceannaitheoir.
7. Gheobhadh na Ballstáit na fo-innéacsanna dá dtagraítear i mír 1 trí úsáid a bhaint as ceann amháin de na roghanna seo a leanas:
|
(a) |
mar chomhiomlán innéacsanna sraithe a ríomhtar mar innéacsanna héadónacha nó innéacsanna bunaithe ar mhodh a mhacasamhlaíonn cur chuige na samhla comhoiriúnaithe; |
|
(b) |
mar innéacsanna héadónacha nó innéacsanna bunaithe ar mhodh a mhacasamhlaíonn cur chuige na samhla comhoiriúnaithe; |
|
(c) |
mar innéacs airmheáin nó meáin srathaithe. |
8. I gcás ina n-úsáideann Ballstát innéacs héadónach, áiritheoidh sé go ndéanann an modh a chuirtear i bhfeidhm rialú ar dhifríochtaí cáilíochta idir teaghaisí trádáilte sa tréimhse chomparáide agus sa tréimhse thagartha.
9. I gcás ina n-úsáideann Ballstát modh a mhacasamhlaíonn cur chuige na samhla comhoiriúnaithe, áiritheoidh sé go ndéanfar comparáidí praghais comhoiriúnaithe do na teaghaisí céanna sa tréimhse chomparáide agus sa tréimhse thagartha, ar bhealach a áirithíonn go ndéantar rialú ar dhifríochtaí cáilíochta idir teaghaisí trádáilte.
10. I gcás ina n-úsáideann Ballstát innéacs airmheáin nó meáin srathaithe, cinnfidh sé athróga srathaithe ar bhonn anailíse staidrimh agus áiritheoidh sé go bhfuil na sraitheanna a shainítear aonchineálach go leor.
11. I gcás nach leor an líon teaghaisí trádáilte a bheidh ar fáil chun go mbeifear in ann innéacs praghsanna iontaofa a ríomh i gcomhair sraith áirithe, déanfaidh na Ballstáit an t-athrú ar phraghas na sraithe sin a mheas mar an t-athrú ar phraghas i gcás sraithe nó comhcheangal sraitheanna ag a bhfuil dálaí inchomparáide margaidh ina saintréith.
12. Ní thabharfaidh na Ballstáit praghsanna na ráithe roimhe sin ar aghaidh ná ní measfaidh siad go barúlach go bhfuil an t-athrú ar phraghsanna mar a bhí sé sa ráithe roimhe sin, ach amháin más féidir údar cuí a thabhairt leis mar mheastachán iomchuí.
Airteagal 16
Teaghaisí féintógála agus athchóirithe móra
Agus fo-innéacs TÚÁ maidir le teaghaisí féintógála agus athchóirithe móra á thiomsú ag na Ballstáit, cuirfidh siad san áireamh sonraíochtaí an phróisis foirgníochta agus go háirithe na heilimintí seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina dtugann teaghlaigh faoin obair iad féin agus nach gceannaíonn siad ach na hábhair, beidh an t-innéacs praghsanna bunaithe ar phraghsanna na n-ábhar a cheannaítear; |
|
(b) |
i gcás ina dtugann teaghlaigh páirt do chuideachtaí tógála, beidh an t-innéacs praghsanna bunaithe ar an innéacs praghsanna do tháirgeoirí maidir le tógáil agus é coigeartaithe de réir na n-athruithe féideartha ar rátaí cánach de chineál breisluacha a bhfuil feidhm acu maidir le teaghlaigh. I gcás nach bhfuil an t-innéacs praghsanna do tháirgeoirí maidir le tógáil ar fáil, beidh an t-innéacs bunaithe ar shampla táirgí agus soláthairtí, agus na cineálacha teaghaise a thógtar agus na cineálacha ábhar agus seirbhísí a úsáidtear á gcur san áireamh; |
|
(c) |
i gcás ina gceannaíonn teaghlaigh teaghais réamhdhéanta, léireoidh an t-innéacs praghsanna athruithe ar phraghsanna tithe réamhdhéanta, costais seachadta agus praghsanna oibreacha tógála a cheannaítear. |
Airteagal 17
Seirbhísí eile a bhaineann le héadáil teaghaisí
1. I gcás ina gcinntear praghas seirbhíse mar chion de phraghas idirbhirt na teaghaise, beidh innéacs praghsanna na seirbhíse bunaithe ar an gcion sin agus í méadaithe faoi phraghas idirbhirt ionadaíoch.
2. Déanfar an t-athrú ar phraghas idirbhirt ionadaíoch a mheas trí IPT nó fo-innéacs IPT iomchuí a úsáid.
Airteagal 18
Cur i bhfeidhm airteagail 19 go 25
1. Beidh feidhm ag Airteagail 19 go 25 i gcás ina dtiomsaítear comhiomláin bhunúsacha d’aon fho-innéacs de chuid innéacs praghsanna TÚÁ ó phraghsanna breathnaithe a bhailítear go sonrach chun na críche sin.
2. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 19 go 25 den Rialachán seo i gcás ina gcumhdaítear na comhiomláin bhunúsacha dá dtagraítear i mír 1 le hAirteagal 15 den Rialachán seo.
Airteagal 19
Sampláil agus ionadaíocht
1. Déanfaidh na Ballstáit spriocshampla d’innéacs praghsanna TÚÁ atá ionadaíoch d’uilephobal sprice innéacs praghsanna TÚÁ trí chomhiomláin bhunúsacha a shainiú agus táirgí aonair a roghnú do na comhiomláin bhunúsacha sin.
2. Braithfidh líon na dtáirgí aonair agus na gcomhiomlán bunúsach ar ualach na catagóire caiteachais agus ar athraitheas na ngluaiseachtaí praghais i gcás na dtáirgí aonair a bhaineann léi.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an spriocshampla d’innéacs praghsanna TÚÁ ionadaíoch d’uilephobal sprice innéacs praghsanna TÚÁ i gcónaí trí athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh, gach bliain ar a laghad, ar an spriocshampla d’innéacs praghsanna TÚÁ, agus trí tháirgí athsholáthair a roghnú.
Airteagal 20
Cóir ar phraghsanna
1. Úsáidfidh na Ballstáit na praghsanna breathnaithe chun innéacs praghsanna TÚÁ a thiomsú. Ní úsáidfidh siad na praghsanna measta ach amháin chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 22 agus 24.
2. Préimheanna iarbhír a bheidh i bpraghsanna breathnaithe i gcomhair an fho-innéacs ‘árachas a bhaineann le teaghaisí’.
3. I gcás ina bhfuil táirge a bhaineann le héadáil nó le húinéireacht teaghaisí curtha ar fáil saor in aisce agus go ngearrfar praghas ina dhiaidh sin, taispeánfar é mar mhéadú ar an bpraghas in innéacs praghsanna TÚÁ. Os a choinne sin, i gcás inar gearradh praghas ar sheirbhís aonair a chuirtear ar fáil saor in aisce ina dhiaidh sin, taispeánfar é mar laghdú ar phraghas in innéacs praghsanna TÚÁ.
Airteagal 21
Lascainí agus mealltaí
1. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na lascainí seo a leanas:
|
(a) |
lascainí ar féidir iad a shannadh do tháirgí aonair a breathnaíodh; agus |
|
(b) |
lascainí ar féidir iad a éileamh tráth an cheannaigh. |
2. I gcás inar féidir, cuirfear san áireamh lascainí nach bhfuil ar fáil ach do ghrúpa teoranta ceannaitheoirí.
3. Láimhseálfar mealltaí i gcomhréir le hAirteagail 23 go 24.
Airteagal 22
Meastachán praghsanna
1. Mura féidir praghas táirge aonair sa spriocshampla d’innéacs praghsanna TÚÁ a bhreathnú laistigh den ráithe thagartha, úsáidfear praghas measta don ráithe sin amháin, agus roghnófar táirge athsholáthair ina dhiaidh sin. Ní bheidh feidhm ag an mír sin maidir leis na táirgí aonair a bhfuil coinne leis go mbeidh siad ar fáil arís.
2. Ní úsáidfear praghas a breathnaíodh roimhe mar phraghas measta ach amháin más féidir údar a thabhairt leis mar mheastachán iomchuí.
Airteagal 23
Athsholáthairtí
1. Roghnóidh na Ballstáit táirge athsholáthair atá cosúil leis an táirge atá ag imeacht, agus áiritheoidh siad go mbíonn an spriocshampla d’innéacs praghsanna TÚÁ fós ionadaíoch.
2. Ní roghnóidh na Ballstáit táirgí athsholáthair ar bhonn praghais chomhchosúil.
Airteagal 24
Coigeartú cáilíochta
1. Mura bhfuil aon difríocht idir táirge a athsholáthraítear agus an táirge a chuirtear ina ionad ó thaobh saintréithe, am agus áit cheannaigh nó téarmaí soláthair de, déanfaidh na Ballstáit comparáid dhíreach idir na praghsanna breathnaithe. Mura ndéanfar sin, déanfaidh na Ballstáit coigeartú cáilíochta.
2. Coigeartú cáilíochta a bheidh comhionann leis an difríocht iomlán sa phraghas idir an táirge a athsholáthraítear agus an táirge a chuirtear ina ionad, ní dhéanfaidh na Ballstáit an coigeartú sin ach amháin más féidir údar a thabhairt leis mar mheastachán iomchuí ar an difríocht cháilíochta.
Airteagal 25
Innéacs praghsanna bunúsacha
1. Déanfar praghsanna táirgí aonair a chomhiomlánú chun innéacsanna praghsanna bunúsacha a fháil agus úsáid á baint as ceachtar de na roghanna seo a leanas:
|
(a) |
foirmle innéacs lena n-áirithítear aistreacht. Ní dhéanfar athbhreithniú ar innéacs na bpraghsanna do thréimhsí roimhe sin nuair a bheidh foirmlí innéacs aistreacha á n-úsáid; nó |
|
(b) |
foirmle innéacs lena n-áirithítear inbhéartacht ama agus lena ndéantar comparáid idir praghsanna táirgí aonair sa tréimhse chomparáide agus praghsanna na dtáirgí sin sa tréimhse thagartha. Ní athrófar an tréimhse thagartha go minic má bhíonn sárú suntasach ar phrionsabal na haistreachta mar thoradh ar athrú den sórt sin. |
2. Bainfear úsáid as foirmle innéacs atá comhsheasmhach leo sin a dtugtar tuairisc orthu i mír 1 chun innéacs praghsanna a fháil do chomhiomlán bunúsach ó dhá innéacs praghsanna bunúsacha nó níos mó.
Airteagal 26
Fo-innéacsanna a chomhtháthú i ndiaidh na tréimhse tagartha innéacs
Aon fho-innéacs a chomhtháthaítear in innéacs praghsanna TÚÁ i ndiaidh thréimhse thagartha an innéacs, beidh sé nasctha le ráithe dheireanach bliana áirithe agus úsáidfear é ón gcéad ráithe den bhliain ina dhiaidh sin.
CAIBIDIL 4
ATHBHREITHNITHE
Airteagal 27
Athbhreithnithe mar gheall ar bhotúin
1. Ceartóidh na Ballstáit botúin agus tarchuirfidh siad chuig an gCoimisiún (Eurostat) na fo-innéacsanna nó ualaí fo-innéacs athbhreithnithe gan mhoill nach bhfuil bonn cirt léi.
2. Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis faoin gcúis leis an mbotún don Choimisiún (Eurostat) tráth a dtarchuirtear na sonraí athbhreithnithe ar a dhéanaí.
Airteagal 28
Athbhreithnithe ar shonraí sealadacha
1. Gan dochar d’Airteagal 27, féadfaidh na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar na fo-innéacsanna agus ualaí sealadacha sa ráithe i ndiaidh an chéad tarchuir.
2. I ndiaidh athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1, agus gan dochar fós d’Airteagal 27, ní fhéadfaidh na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar fho-innéacsanna agus ualaí sealadacha ach sa bhliain féilire i ndiaidh an chéad tarchuir, tráth a dtarchuirtear sonraí don chéad ráithe den bhliain ina dhiaidh sin.
Airteagal 29
Athbhreithnithe eile
1. Uainiú agus fad na n-athbhreithnithe seachas na cinn a dhéanfar de bhun Airteagail 27 agus 28, déanfar iad a chomhordú leis an gCoimisiún (Eurostat).
2. Cuirfidh na Ballstáit meastacháin ar na fo-innéacsanna agus ar na hualaí athbhreithnithe ar fáil don Choimisiún (Eurostat) tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh chur chun feidhme beartaithe an athbhreithnithe atá beartaithe.
CAIBIDIL 5
CAIGHDEÁIN AGUS SPRIOCDHÁTHAÍ MAIDIR LE MALARTÚ SONRAÍ AGUS MEITEASHONRAÍ
Airteagal 30
Caighdeán maidir le malartú sonraí agus meiteashonraí
1. Tarchuirfidh na Ballstáit sonraí agus meiteashonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) i bhfoirm leictreonach trí sheirbhísí an phointe iontrála aonair i gcomhréir leis na caighdeáin maidir le sonraí staidrimh agus meiteashonraí a mhalartú.
2. Déanfar sonraí rúnda, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, a mharcáil go hiomchuí nuair a tharchuirtear chuig an gCoimisiún (Eurostat) iad.
Airteagal 31
Spriocdhátaí maidir le malartú meiteashonraí
Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú agus nuashonrú ar a meiteashonraí le haghaidh IPT agus innéacs praghsanna TÚÁ don bhliain reatha agus tarchuirfidh siad chuig an gCoimisiún (Eurostat) iad faoin 30 Meitheamh.
CAIBIDIL 6
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 32
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1148
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1148 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ‘Airteagal 1 Leis an Rialachán seo, bunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha chun an t-innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT) agus an t-innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí ag rátaí cánach seasmhacha (ICPT-CS) a tháirgeadh.’ |
|
(2) |
Scriostar Airteagail 22 go 25; |
|
(3) |
in Airteagal 27, scriostar mír 2. |
Airteagal 33
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige maidir le gach tarchur sonraí ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh. Sonraí a tarchuireadh cheana, déanfar athbhreithniú orthu i gcás inar gá agus i gcás ina mbeidh foinsí sonraí ar fáil.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 135, 24.5.2016, lch. 11.
(2) Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hoiriúnacht innéacs praghsanna tithíochta úinéir-áitithe (TÚÁ) lena chomhtháthú i gcumhdach innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT), COM(2018)768.
(3) Rialachán (AE) 2020/1148 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2020 lena leagtar síos na sonraíochtaí modheolaíochta agus teicniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe (IO L 252, 4.8.2020, lch. 12).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2020 lena leagtar síos sonraíochtaí agus socruithe teicniúla de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh gnó Eorpach lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (IO L 271, 18.8.2020, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Caiteachas úinéirí-áititheoirí ar thithíocht
Leagtar amach catagóirí caiteachais úinéirí-áititheoirí ar thithíocht a chumhdaítear le hinnéacs praghsanna tithíochta úinéir-áitithe (TÚÁ) in Airteagal 11. Sainmhínítear iad thíos.
|
(a) |
Na catagóirí ‘ceannach teaghaisí nuathógtha’ (O.1.1.1.1.) agus ‘teaghaisí atá ann cheana agus atá nua do theaghlaigh’ (O.1.1.2.), áirítear leo caiteachas teaghlach ar ollfhoirmiú caipitil sheasta, mar a shainmhínítear i mír 3.124. d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, maidir leis na teaghaisí trádáilte uile a cheannaítear ar phraghsanna margaidh, i gcás:
Ní chuirtear luach na talún a bhaineann leis na teaghaisí trádáilte san áireamh, i gcomhréir leis an sainmhíniú ar ollfhoirmiú caipitil sheasta. |
|
(b) |
An chatagóir ‘teaghaisí féintógála agus athchóirithe móra’ (O.1.1.1.2.), áirítear léi caiteachas teaghlach ar ollfhoirmiú caipitil sheasta, mar a shainmhínítear i mír 3.124. d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, maidir leis na hearraí agus seirbhísí uile a cheannaítear mar ionchuir le haghaidh na nithe seo a leanas:
|
|
(c) |
An chatagóir ‘seirbhísí eile a bhaineann le teaghaisí a cheannach’ (O.1.1.3.), áirítear léi caiteachas teaghlach ar na costais a bhaineann le haistriú úinéireachta a áirítear in ollfhoirmiú caipitil sheasta i gcomhréir leis an dara fomhír de phointe 3.133. d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, agus baineann siad leis an méid seo a leanas:
|
|
(d) |
An chatagóir ‘athchóirithe mór agus cothabháil’ (O.1.2.1.), áirítear léi caiteachas teaghlach ar thomhaltas idirmheánach, mar a shainmhínítear i mír 3.88. d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, maidir leis na hábhair agus na seirbhísí uile le haghaidh athchóirithe móra agus cothabháil. |
|
(e) |
An chatagóir ‘árachas a bhaineann le teaghaisí’ (O.1.2.2.), áirítear léi caiteachas teaghlach ar thomhaltas idirmheánach maidir leis na muirir seirbhísí intuigthe uile le haghaidh árachas a bhaineann le teaghaisí úinéir-áitithe. |
|
(f) |
An chatagóir ‘Seirbhísí eile a bhaineann le húinéireacht teaghaisí’ (O.1.2.3.), áirítear léi caiteachas teaghlach ar thomhaltas idirmheánach maidir le haon seirbhís a sholáthraítear d’úinéirí teaghaisí nach n-áirítear in aon cheann de na catagóirí dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e), seirbhísí a cheannaíonn teaghlaigh maidir le teaghaisí úinéir-áitithe. |