11.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 176/3


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1434 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Aibreán 2023

lena leasaítear, chun é a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán a mhéid a bhaineann le nótaí a chur le Cuid 1, roinn 1.1.3., d’Iarscríbhinn VI

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gCuid 1, roinn 1.1.3., d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, tá liosta de na nótaí a fhéadfar a shannadh d’iontráil aicmithe agus lipéadaithe chomhchuibhithe amháin nó níos mó agus a bhaineann le substaintí a shainaithint, a aicmiú agus a lipéadú chomh maith le haicmiú agus lipéadú meascán.

(2)

Sa tuairim uaidh an 11 Meitheamh 2020 maidir le haigéad 2-eitileacsánóch agus a shalainn (2), mhol an Coiste um Measúnú Riosca (RAC) faoin nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán nóta nua a chur le Cuid 1, roinn 1.1.3., d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, chun a shoiléiriú nach mbunaítear an t-aicmiú lena gcumhdaítear grúpa substaintí san iontráil chéanna ach ar airíonna guaiseacha na coda sin den tsubstaint is coiteann do gach substaint san iontráil sin. De réir RAC, i gcás na gcodanna neamhchoiteanna de shubstaint, is gá a mheas an bhféadfadh sé go mbeadh gá le haicmiú níos déine (catagóir níos airde) maidir lena n-airíonna guaiseacha nó le haicmiú níos leithne (lena n-áirítear difreáil bhreise, spriocorgáin agus/nó ráitis ghuaise) le haghaidh na haicme guaise céanna. Ba cheart, dá bhrí sin, nóta nua X a chur le Cuid 1, roinn 1.1.3. d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) 1272/2008. Ós rud é gur dócha go sannfar an nóta sin do shubstaintí eile a bhfuil na hairíonna céanna acu amach anseo, ba cheart an fhoclaíocht chuí a úsáid sa chaoi nach mbeidh sé teoranta don iontráil shonrach sin.

(3)

Sa tuairim ó RAC an 20 Meán Fómhair 2019 maidir le haigéad bórach; trí-ocsaíd débhioróin, heaptocsaíd déshóidiam teitreabóróin hiodráit; teitreabóráit dhéshóidiam ainhidriúil, aigéad ortóbórach, salann sóidiam, deacaihiodráit teitreabóráite déshóidiam, peintihiodráit teitreabóráite déshóidiam, (3) agus sa tuairim ó RAC an 11 Meitheamh 2020 maidir le haigéad 2-eitileacsánóch agus a shalainn, tugadh tuairisc ar fhianaise eolaíoch go bhfuil tocsaineacht atáirgthe gach ceann de na substaintí sin mar thoradh ar eintiteas móilíneach is coiteann do shubstaintí uile an ghrúpa shonraigh. Agus tograí á mbreithniú maidir le haicmiú comhchuibhithe comhdhúl bóróin áirithe agus aigéid 2-eitileacsánóch agus a shalann, d’iarr saineolaithe ó na Ballstáit a ndeachthas i gcomhairle leo sa ghrúpa saineolaithe CARACAL (Údaráis Inniúla maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus maidir le hAicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú (CLP)) nótaí nua a chur isteach i gCuid 1, roinn 1.1.3.2., d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. De réir an phlé a rinneadh sa ghrúpa saineolaithe CARACAL, tá gá leis na nótaí sin chun gur féidir guais na meascán a shainaithint ar bhealach níos cruinne, meascán ina bhfuil roinnt substaintí atá san ‘iontráil ghrúpa’ chéanna. Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal na suimitheachta maidir le substaintí ar mar gheall ar eintiteas móilíneach comhchoiteann a bheith iontu, nó cruthú eintitis mhóilínigh chomhchoiteann a mbaineann guais leo. Mar thoradh air sin, is gá an méid a chuireann na substaintí sin le hairí guaiseach foriomlán an mheascáin i gcomhréir lena dtiúchan a chur san áireamh, trí chomparáid a dhéanamh idir an teorainn chineálach nó an sainteorainn tiúchana is infheidhme agus suim thiúchan na substaintí atá ann. Dá bhrí sin, ba cheart dhá nóta nua, nótaí 11 agus 12, a chur le Cuid 1, roinn 1.1.3.2., d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) 1272/2008. Ós rud é gur cheart nóta 11 a shannadh d’aigéid bhóracha agus dá salainn, agus do chomhdhúile bóracha eile a scaoileann aigéad bórach/bóráit, i bhfianaise shainiúlacht na n-iontrálacha lena mbaineann ba cheart an fhoclaíocht chuí a úsáid sa chaoi go mbainfidh sé go sonrach leis na hiontrálacha sin. Ós rud é gur dócha go sannfar nóta 12 amach anseo do shubstaintí seachas aigéad 2-eitileacsánóch agus a shalainn, ba cheart an fhoclaíocht chuí a úsáid sa chaoi nach mbeidh sé teoranta don iontráil shonrach sin.

(4)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.

(2)  https://echa.europa.eu/documents/10162/8740de5b-368d-55a7-7955-094ef602d760

(3)  https://echa.europa.eu/documents/10162/584263da-199c-f86f-9b73-422a4f22f1c3


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cuid 1 d’Iarscríbhinn VI mar a leanas:

(1)

i roinn 1.1.3.1. a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, cuirtear isteach an nóta X seo a leanas:

“Nóta X:

Ní bhunaítear an t-aicmiú le haghaidh na n-aicmithe guaise san iontráil seo ach ar airíonna guaiseacha na coda den tsubstaint atá coiteann do gach substaint san iontráil. Braitheann airíonna guaiseacha aon substainte san iontráil ar airíonna na coda den tsubstaint nach bhfuil coiteann do gach substaint sa ghrúpa. Ní mór meastóireacht a dhéanamh ar an dara cás thuas chun a mheas an bhféadfadh feidhm a bheith ag aicmithe níos déine (i.e. catagóir níos airde) nó raon feidhme níos leithne de chuid an aicmithe chéanna (difreáil bhreise, spriocorgáin agus/nó ráitis ghuaise) maidir leis na haicmithe guaise san iontráil.”;

(2)

i roinn 1.1.3.2., cuirtear isteach na nótaí 11 agus 12 seo a leanas:

“Nóta 11:

Tá gá le meascáin a aicmiú mar thocsain atáirgthe más ≥ 0,3 % suim na dtiúchan de chomhdhúile bóróin aonair a aicmítear mar thocsain atáirgthe sa mheascán mar a chuirtear ar an margadh é.

Nóta 12:

Tá gá le meascáin a aicmiú mar thocsain atáirgthe más rud é go bhfuil suim na dtiúchan de shubstaintí aonair a chumhdaítear leis an iontráil seo sa mheascán mar a chuirtear ar an margadh é cothrom leis an teorainn chineálach tiúchana is infheidhme don chatagóir sannta, nó le sainteorainn tiúchana a thugtar san iontráil seo, nó os a cionn.”.