19.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 156/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1176 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Iúil 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le léarscáileanna táscacha an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (1), agus go háirithe le hAirteagal 49(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 maidir leis an bhféidearthacht léarscáileanna táscacha an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T) de chuid tíortha comharsanacha sonracha a oiriúnú, nó léarscáileanna nua a chur leo, bunaithe ar chomhaontuithe ardleibhéil maidir le gréasáin bonneagair iompair idir an tAontas agus na tíortha comharsanacha lena mbaineann. |
(2) |
An 29 Meitheamh 2022, síníodh comhaontú ardleibhéil dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 idir an tAontas agus an Úcráin. Baineann an comhaontú maidir leis na hathruithe ar léarscáileanna táscacha TEN-T leis na línte iarnróid, na bóithre, agus le huiscebhealaí intíre a chur san áireamh. Leis na hathruithe ar na léarscáileanna táscacha, ba cheart an tAontas a bheith in ann a chomhar leis an Úcráin a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad léarscáileanna 16.7 agus 16.8:
|
(2) |
cuirtear an léarscáil 16.9 seo a leanas léi:
|