21.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 81/23 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/652 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Márta 2023
lena n-údaraítear eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana) a chur ar an margadh mar bhia traidisiúnta ó thríú tír faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas. Ar bhonn an tsainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 3(2)(c) de Rialachán (AE) 2015/2283, meastar gur bia núíosach bia traidisiúnta ó thríú tír. |
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2). |
(3) |
An 8 Deireadh Fómhair 2021, chuir an chuideachta Zenko Superfoods Pte. Ltd. (“an t-iarratasóir”) fógra faoi bhráid an Choimisiúin go raibh rún aici eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia traidisiúnta ó thríú tír i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283. D’iarr an t-iarratasóir go ndéanfaí na heithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana) a úsáid sa riocht sin mar shneaiceanna dírithe ar an bpobal i gcoitinne. |
(4) |
De bhun Airteagal 7(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2468 ón gCoimisiún (3), d’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ar an iarratasóir a mhéid a bhaineann leis na ceanglais a bhain le bailíocht an fhógra. An fhaisnéis a iarradh, cuireadh isteach í an 9 Feabhra 2022. |
(5) |
Comhlíonann an fógra na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283. Léiríonn na sonraí a chuir an t-iarratasóir i láthair go bhfuil stair úsáid an bhia shláin san India ag eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb (makhana) a thomhlaítear sa riocht sin mar shneaiceanna. |
(6) |
De bhun Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, an 22 Márta 2022 chuir an Coimisiún an fógra bailí ar aghaidh chuig na Ballstáit agus chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”). |
(7) |
Maidir le heithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb (makhana) a chur ar an margadh laistigh den Aontas, níor chuir na Ballstáit ná an tÚdarás aon agóid chuí-réasúnaithe i ndáil le sábháilteacht faoi bhráid an Choimisiúin laistigh den tréimhse 4 mhí a leagtar síos in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(8) |
An 5 Meán Fómhair 2022, d’fhoilsigh an tÚdarás tuarascáil uathu dar teideal “Technical Report on the notification of roasted and popped kernels from the seeds of Euryale ferox Salisb. (makhana) as a traditional food from a third country pursuant to Article 14 of Regulation (EU) 2015/2283” [Tuarascáil Theicniúil maidir le fógra a thabhairt faoi eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb (makhana) mar bhia traidisiúnta ó thríú tír de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283] (4). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach údar imní iad na sonraí atá ar fáil maidir le comhdhéanamh agus stair úsáide na n-eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana). |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún údarú a thabhairt eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (Makhana) a chur ar an margadh laistigh den Aontas sa riocht sin mar shneaic agus liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin. |
(10) |
Ba cheart eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana) a chur san áireamh mar bhia traidisiúnta ó thríú tír ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Údaraítear eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana) a chur ar an margadh laistigh den Aontas.
Déanfar na heithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (Makhana) a chur san áireamh mar bhia traidisiúnta ó thríú tír ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún.
2. Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2468 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena leagtar síos ceanglais riaracháin agus eolaíocha maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 55).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022:19(9):-7538. https://doi.org/10.2903/sp.efsa.2022.EN-7538.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe):
|
(2) |
Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i dTábla 2 (Sonraíochtaí):
|