16.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 77/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/585 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Márta 2023

lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 ón gCoimisiún maidir le 3-eitilcioglaipeantán-1,2-dé-ón, 4-hiodrocsa-2,5-démheitiolfúrán-3(2H)-ón, 4,5-déhiodra-2-meitiolfúrán-3(2H)-ón, eoigeanól, 1-meatocsa-4-(próp-1(tras)einil)beinséin, α-peintiolcainéalaildéid, α-heicsiolcainéalaildéid agus 2-aicéitilpiridín a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 ón gCoimisiún (2) údaraíodh úsáid eoigeanóil agus 1-meatocsa-4-(próp-1(tras)-einil)beinséine le haghaidh speicis áirithe ainmhithe le haghaidh tréimhse 10 mbliana.

(2)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452, an tásc maidir leis an modh táirgthe le haghaidh an dá bhreiseán thuasluaite, tagraíonn sé go hearráideach do tháirgeadh trí shintéis cheimiceach amháin, agus i gcás eoigeanóil ba cheart tagairt a dhéanamh freisin don eastóscadh ó chlóibh nó ó ola clóbh agus i gcás 1-meatocsa-4-(próp-1(tras)-einil)beinséine don eastóscadh ó ola péine.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 a cheartú dá réir.

(4)

Ar mhaithe le cosc a chur ar shuaití ar na breiseáin bheathaithe a chur ar an margadh de dheasca na n-earráidí atá i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452, a mhéid a bhaineann leis an iontráil a bhaineann leis an mbreiseán Eoigeanól a shainaithnítear mar “2b04003”, sa cholún “Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta “Arna tháirgeadh le sintéis cheimiceach”: “Arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach nó trí eastóscadh ó chlóibh nó ó ola clóbh”.

2.   San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452, a mhéid a bhaineann leis an iontráil a bhaineann leis an mbreiseán 1-Meatocsa-4-(próp-1(tras)-einil)beinséin a shainaithnítear mar “2b04010”, sa cholún “Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta “Arna táirgeadh le sintéis cheimiceach”: “Arna táirgeadh trí shintéis cheimiceach nó trí eastóscadh ó ola péine”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 ón gCoimisiún an 1 Meán Fómhair 2022 maidir le 3-eitilcioglaipeantán-1,2-dé-ón, 4-hiodrocsa-2,5-démheitiolfúrán-3(2H)-ón, 4,5-déhiodra-2-meitiolfúrán-3(2H)-ón, eoigeanól, 1-meatocsa-4-(próp-1(tras)-einil)beinséin, α-peintiolcainéalaildéid, α-heicsiolcainéalaildéid agus 2-aicéitilpiridín a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe (IO L 228, 2.9.2022, lch. 17).