3.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 67/19


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/453 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Márta 2023

lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, chun allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, a chumhdach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 13 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Bearta atá ann cheana

(1)

I mí Eanáir 2017, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) dleacht chinntitheach frithdhumpála ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, (“SSTPFanna” nó “feistis”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tSín”) agus na Téaváine trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 (2) ón gCoimisiún, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/659 (3) ón gCoimisiún. Tá na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm idir 30,7 % agus 64,9 % le haghaidh allmhairí de thionscnamh na Síne, agus idir 5,1 % agus 12,1 % le haghaidh allmhairí de thionscnamh na Téaváine. An t-imscrúdú (“an t-imscrúdú bunaidh”) as ar eascair na dleachtanna sin, tionscnaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2015 í (4).

(2)

In Eanáir 2022, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga ar na bearta atá ann cheana i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den (“bhun-Rialachán”) trí fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5). Tá an t-athbhreithniú seo fós ar siúl.

1.2.   Iarraidh

(3)

Fuair an Coimisiún iarraidh de bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán chun imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála arna bhforchur ar allmhairí SSTPFanna de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne trí allmhairí SSTPFanna arna gcur chun bealaigh ón Malaeisia, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, agus na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe.

(4)

Chuir Coiste Cosanta thionscal na bhfeisteas cruach dosmálta buntáthaithe san Aontas Eorpach (“an t-iarratasóir”) an iarraidh isteach an 25 Aibreán 2022.

(5)

Bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh gur tháinig athrú ar an ngréasán trádála a bhaineann le honnmhairí ón tSín agus ón Malaeisia go dtí an tAontas, ar athrú é a tharla i ndiaidh bearta a fhorchur ar SSTPFanna de thionscnamh na Síne.

(6)

Thairis sin, léirítear le fianaise a bhí san iarraidh agus a cuireadh ar fáil nach dócha go n-eascraíonn an t-athrú as cleachtas, próiseas nó obair a bhfuil cúis mhaith leordhóthanach nó bonn cirt eacnamaíoch leis seachas as forchur na dleachta. Go deimhin, mhaígh an t-iarratasóir nach bhfuil ach dhá tháirgeoir sa Mhalaeisia i mbun fhíortháirgeadh an táirge lena mbaineann agus bhí leibhéal a n-onnmhairí trí chéile chuig an Aontas i bhfad ní b’ísle ar bhonn comhsheasmhach ná méideanna an táirge faoi imscrúdú a allmhairíodh ón Malaeisia chuig an Aontas ó forchuireadh na bearta ar an táirge lena mbaineann. De réir na fianaise a sholáthair an t-iarratasóir, is cosúil gurbh é ba chúis leis an athrú trasloingsiú an táirge lena mbaineann ón tSín chuig an Aontas tríd an Malaeisia. Chuir an t-iarratasóir fianaise isteach a léiríonn amhras gur ann do shaoráidí táirgthe de chuid cuideachtaí faoi úinéireacht Shíneach sa Mhalaeisia. Sa bhreis air sin, sholáthair an t-iarratasóir fianaise go raibh sé beartaithe go hoscailte ag táirgeoirí na Síne tionscnamh an táirge lena mbaineann a athrú ón tSín go dtí an Mhalaeisia.

(7)

Thairis sin, léiríodh le fianaise leordhóthanach a bhí san iarraidh go raibh an cleachtas, próiseas nó obair ag baint an bhoinn d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá ann cheana ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de. Is cosúil gur tháinig méideanna suntasacha d’allmhairí an táirge faoi imscrúdú isteach i margadh an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, bhí fianaise leordhóthanach ann gur ar phraghsanna díobhálacha a rinneadh na hallmhairí SSTPFanna sin.

(8)

Ar deireadh, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh maidir le SSTPFanna a cuireadh chun bealaigh ón Malaeisia gur onnmhairíodh ar phraghsanna dumpáilte iad i ndáil leis an ngnáthluach a suíodh roimhe seo le haghaidh SSTPFanna de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

1.3.   An táirge lena mbaineann agus an táirge atá faoi imscrúdú

(9)

Is éard atá i gceist leis an táirge a mbaineann an t-imchéimniú féideartha leis, feistis feadáin agus píobáin bhuntáthaithe, de ghráid cruach dosmálta ástainítí, a chomhfhreagraíonn do chineálacha AISI 304, 304L, 316, 316L, 316Ti, 321 agus 321H agus a gcoibhéis sna noirm eile, nach mó a dtrastomhas seachtrach ná 406,4 mm agus tiús balla 16 mm nó níos lú acu, nach lú ná 0,8 micriméadar meán gairbhe (Ra) a ndromchla inmheánaigh, gan feire orthu, bíodh siad críochnaithe nó ná bíodh, a aicmítear ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 faoi Chóid AC ex 7307 23 10 agus ex 7307 23 90 (cóid TARIC 7307231015, 7307231025, 7307239015, 7307239025) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (“an táirge lena mbaineann”). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis.

(10)

Is ionann an táirge faoi imscrúdú agus an táirge a shainítear san aithris roimhe seo, ach chomh maith leis sin, cuirtear chun bealaigh ón Malaeisia é, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia é nó ná bíodh, táirge atá faoi láthair faoi na cóid AC chéanna agus atá an táirge lena mbaineann (cóid TARIC 7307231035, 7307231040, 7307239035, 7307239040) (“an táirge faoi imscrúdú”).

(11)

Léiríodh san imscrúdú go bhfuil na buntréithe fisiceacha agus ceimiceacha céanna, mar aon leis na húsáidí céanna, ag na SSTPFanna a onnmhairítear ón tSín chuig an Aontas agus iad sin a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia, bíodh siad de thionscnamh na Malaeisia nó ná bíodh, agus dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

(12)

Pantech Steel Industries Sdn.Bhd (“PSI”), cuideachta de chuid Pantech Group, rinne sé teagmháil leis an gCoimisiún chun a áirithiú nár áiríodh ceann dá chineálacha táirge, lúba fada ardmhinicíochta, i sainiú bunaidh an táirge. Tar éis an tuairisc ar an táirge a soláthraíodh a anailísiú agus comhairliúchán leis an iarratasóir a dhéanamh, dheimhnigh an Coimisiún nár áiríodh lúba fada ardmhinicíochta i sainiú bunaidh an táirge.

(13)

Níor aontaigh Paul Meijering Metalen B.V. (PMM B.V.), allmhaireoir de chuid an Aontais, le raon táirge an imscrúdaithe. Chuir sé barúlacha isteach maidir leis sin agus leis an tionscnamh agus d’iarr sé éisteacht le seirbhísí an Choimisiúin. Tionóladh an éisteacht an 7 Iúil 2022. Ag an éisteacht, mhínigh an Coimisiún gurbh é cuspóir an imscrúdaithe sin a chinneadh an bhfuil inchéimniú tríd an Malaeisia ar siúl. Ní raibh aon bhunús dlí ann chun raon feidhme na mbeart a athbhreithniú i gcomhthéacs an imscrúdaithe seo. Bunaíodh an raon táirge san imscrúdú bunaidh lena léirítear gur táirgí comhchosúla laistigh de shainiú na táirge iad na feistis uile.

1.4.   Tionscnamh

(14)

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas agus a chinneadh go raibh fianaise leordhóthanach ann chun imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú agus chuir sé allmhairí SSTPFanna arna gcur chun bealaigh ón Malaeisia, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, faoi réir a gcláraithe, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/894 ón gCoimisiún (6) (“an Rialachán tionscnaimh”) an 8 Meitheamh 2022.

(15)

Sonraítear sa Rialachán tionscnaimh, má aithnítear cleachtais imchéimniúcháin a chumhdaítear le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán le linn an imscrúdaithe, seachas an ceann a luaitear in aithris (7) de, féadfaidh an t-imscrúdú na cleachtais sin a chumhdach freisin.

1.5.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(16)

Luaigh PMM B.V. san iarraidh go raibh neamhréireacht idir onnmhairí ón Malaeisia go dtí an tAontas sa bhliain 2017, agus na hallmhairí comhfhreagracha ón Aontas go dtí an Mhalaeisia. Níor aontaigh sé le líomhain an iarratasóra gurbh é trasloingsiú an t-aon mhíniú amháin ar an éagsúlacht idir onnmhairí ón tSín go dtí an Mhalaeisia agus na honnmhairí ón Malaeisia go dtí an tAontas. Ar deireadh, luaigh siad na tagairtí atá in easnamh san iarraidh.

(17)

Ag an éisteacht a luaitear in aithris (13), mhínigh an Coimisiún go ndearna sé scrúdú ar an iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 13(3) den bhun-Rialachán agus gur tháinig sé ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais maidir le tionscnamh imscrúdaithe, i.e. go raibh fianaise leordhóthanach ann chun an t-imscrúdú a thionscnamh. De réir Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, beidh an fhaisnéis sin san áireamh i ngearán de réir mar atá sí ar fáil go réasúnta don iarratasóir. Tá caighdeán dlíthiúil na fianaise is gá chun an t-imscrúdú a thionscnamh éagsúil lena bhfuil riachtanach chun cinneadh críochnaitheach a dhéanamh an bhfuil imchéimniú ar siúl.

(18)

An difríocht sna staitisticí le haghaidh 2017, nó líomhaintí maidir le trasloingsiú bunaithe ar an difríocht sna staitisticí idir an tSín agus an Mhalaeisia, níor athraigh sí an fíoras gur léiríodh san iarraidh athrú ar an ngréasán trádála idir an tSín, an Mhalaeisia agus an tAontas. Sholáthair an t-iarratasóir fianaise ar chleachtais trasloingsithe freisin.

(19)

Mhínigh an Coimisiún, áfach, gurb é cuspóir an imscrúdaithe é a nochtadh an bhfuil an t-athrú ar an ngréasán trádála, lena n-áirítear an t-athrú idir an tSín agus an Mhalaeisia, mar thoradh ar chleachtais imchéimniúcháin de réir Airteagal 13 den bhun-Rialachán, agus gan a bheith teoranta do thrasloingsiú.

(20)

I bhfianaise an mhéid thuas, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh maidir leis na tosca a leagtar amach in Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán chun go mbeadh údar leis an imscrúdú a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 13(3).

1.6.   Tréimhse imscrúdúcháin agus tréimhse tuairiscithe

(21)

Leis an tréimhse imscrúdúcháin cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“an tréimhse imscrúdúcháin” nó “IP”). Bailíodh sonraí ar feadh na tréimhse imscrúdúcháin chun imscrúdú a dhéanamh, inter alia, ar an athrú líomhnaithe ar an ngréasán trádála tar éis fhorchur na mbeart ar an táirge lena mbaineann, agus chun féachaint arbh ann do chleachtas, próiseas nó obair nach raibh cúis mhaith leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas forchur na dleachta. Bailíodh sonraí níos mionsonraithe ar feadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“an tréimhse tuairiscithe” nó “RP”) chun scrúdú a dhéanamh féachaint ar bhain allmhairí an bhonn d’éifeacht cheartaitheach na mbeart atá i bhfeidhm ó thaobh praghsanna agus/nó cainníochtaí de agus arbh ann don dumpáil.

1.7.   Imscrúdú

(22)

Chuir an Coimisiún údaráis na Síne agus na Malaeisia ar an eolas go hoifigiúil maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, mar aon leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta sna tíortha sin, tionscal an Aontais agus na hallmhaireoirí aitheanta san Aontas.

(23)

Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Malaeisia go dtí an tAontas Eorpach ainmneacha agus seoltaí táirgeoirí onnmhairiúcháin agus/nó comhlachais ionadaíochta a sholáthar dó, ar táirgeoirí agus comhlachais iad a bhféadfadh suim a bheith acu i rannpháirtíocht san imscrúdú i dteannta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Malaeisia, a shainaithin an t-iarratasóir san iarraidh. Sholáthar Misean na Malaeisia liosta don Choimisiún. Rinne an Coimisiún teagmháil leis na cuideachtaí uile tráth an tionscnaimh.

(24)

Cuireadh foirmeacha éilimh ar dhíolúine ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála do na táirgeoirí/na honnmhaireoirí sa Mhalaeisia, mar aon le ceistneoirí le haghaidh na dtáirgeoirí/na n-onnmhaireoirí sa tSín, agus le haghaidh allmhaireoirí san Aontas.

(25)

Chuir 4 thairgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Malaeisia foirm éilimh ar dhíolúine isteach. Ba iad sin:

MAC Pipping Materials Sdn. Bhd (“MAC”)

Pantech Stainless And Alloy Industries Sdn. Bhd (“Pantech”)

SP United Industry Sdn. Bhd (“SPI”)

TP Inox Sdn. Bhd (“TP”)

(26)

Ina theannta sin, 4 chuideachta de chuid na Malaeisia a bhfuil baint acu le Pantech nó SPI, chuir siad freagraí ar an gceistneoir isteach.

(27)

Thairis sin, chuir 6 allmhaireoir de chuid an Aontais freagraí ar an gceistneoir isteach. Ní dhearnadh tuilleadh anailíse ar cheann amháin de na cuideachtaí sin toisc nár allmhairigh sé SSTPFanna ón Malaeisia. Bhain an Coimisiún úsáid as na ceistneoirí chun cros-seiceáil a dhéanamh ar shreafaí trádála agus ainmneacha soláthróirí ón Malaeisia.

(28)

Le linn phróiseas fíorúcháin na faisnéise agus na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir agus cuideachtaí comhoibríocha na Malaeisia, rinne an Coimisiún comhairliúchán ar an láthair le húdaráis na Malaeisia, is é sin leis an Aireacht um Thrádáil agus Tionsclaíocht, an Aireacht Airgeadais agus ionadaithe ó na criosanna saorthrádála Klang agus Penang.

(29)

Thairis sin, is in áitribh na gcuideachtaí seo a leanas a rinne an Coimisiún cuairt fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

 

Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Malaeisia

MAC Pipping Materials Sdn. Bhd, Klang, an Mhalaeisia

Pantech Stainless And Alloy Industries Sdn. Bhd, Jahor, an Mhalaeisia

SP United Industry Sdn. Bhd, Nilai, an Mhalaeisia

TP Inox Sdn. Bhd, Pulau Pinang, an Mhalaeisia

 

Trádálaithe, allmhaireoirí agus soláthróirí amhábhair atá gaolmhar leis na táirgeoir onnmhairiúcháin sa Malaeisia

Kanzen Tetsu Sdn. Bhd, Klang, an Mhalaeisia

Kentzu Steel Sdn. Bhd., Kuala Lumpur, an Mhalaeisia

Pantech Corporation Sdn. Bhd, Jahor, an Mhalaeisia

Pantech Galvanizing Sdn. Bhd, Jahor, an Mhalaeisia

(30)

Rinne an Coimisiún cros-seiceáil go cianda ar na cuideachtaí seo a leanas:

 

Táirgeoirí intíre atá gaolmhar le táirgeoirí sa Malaeisia

Pantech (Kuantan) Sdn. Bhd, Kuantan, an Mhalaeisia

Panaflo Controls Pte. Ltd, Singeapór

(31)

Tugadh an deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus éisteacht a iarraidh laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa Rialachán tionscnaimh. Cuireadh na páirtithe uile ar an eolas go bhféadfaí Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm mura gcuirfí an fhaisnéis ábhartha uile isteach nó dá gcuirfí faisnéis neamhiomlán, bhréagach nó mhíthreorach isteach agus go bhféadfaí torthaí a bhunú ar na fíorais a bheadh ar fáil.

(32)

Tionóladh éisteacht an 7 Iúil 2022 le hallmhaireoir de chuid an Aontais, PMM B.V., mar a mhínítear in aithris (13) agus aithrisí (16) go (19). Tar éis an nochta, tionóladh éisteachtaí le MAC agus PMM B.V. an 8 Nollaig 2022 agus an 12 Nollaig 2022 faoi seach.

2.   TORTHAÍ AN IMSCRÚDAITHE

2.1.   Breithnithe ginearálta

(33)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, ba cheart anailís a dhéanamh ar na heilimintí seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha:

an raibh athrú ar an ngréasán trádála idir an tSín, an Mhalaeisia agus an tAontas,

an eascraíonn an t-athrú sin as cleachtas, próiseas nó as obair nach raibh cúis mhaith leordhóthanach nó bonn cirt eacnamaíoch leis seachas na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a fhorchur,

an bhfuil fianaise maidir le díobháil ann nó go raibh an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm ó thaobh phraghsanna agus/nó chainníochtaí an táirge faoi imscrúdú, agus

an bhfuil fianaise maidir leis an dumpáil ann i ndáil leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin don táirge lena mbaineann.

(34)

Líomhnaíodh san iarraidh trasloingsiú an táirge lena mbaineann ón Malaeisia go dtí an tAontas (féach aithris (6)).

(35)

I ndáil le trasloingsiú, níor aimsíodh leis an imscrúdú aon fhianaise go raibh aon cheann de na 4 tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha páirteach i gcleachtais den sórt sin, arbh iad a chuir na honnmhairí uile go dtí an tAontas sa tréimhse tuairiscithe (féach aithris (39) thíos). Rinne an Coimisiún comparáid idir sonraí a thuairiscigh na 4 chuideachta chomhoibríocha agus staitisticí, comparáid a léirigh gurbh iad a d’onnmhairigh formhór na SSTPFanna go dtí an tAontas le linn an chuid is mó den tréimhse imscrúdúcháin agus na honnmhairí uile le linn na tréimhse tuairiscithe. Suíodh leis an imscrúdú nach raibh baint ag aon cheann de na 4 chuideachta i dtrasloingsiú. Ba bheag a gcuid ceannachán SSTPFanna ó tSín agus díoladh ar bhonn intíre sa Malaeisia iad. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir an líomhain sin a dheimhniú leis an imscrúdú sin.

(36)

Mar sin féin, mar a luaitear in aithris (5), bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh gur tháinig athrú ar an ngréasán trádála a bhaineann le honnmhairí ón tSín agus ón Malaeisia go dtí an tAontas, ar athrú é a tharla i ndiaidh bearta a fhorchur ar SSTPFanna de thionscnamh na Síne. Go nithiúil, soláthraíodh fianaise san iarraidh, ar bhonn staitisticí oifigiúla, ar mhéadú ar allmhairí SSTPFanna ón Malaeisia go dtí an tAontas agus ar mhéadú comhfhreagrach ar allmhairí SSTPFanna ón tSín go dtí an Mhalaeisia (7), agus is athrú é ar an ngréasán trádála mar a cheanglaítear le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán. Thairis sin, mar a luaitear in aithris (6), léiríodh san fianaise a bhí san iarraidh agus a cuireadh ar fáil, fianaise atá bunaithe ar a bhfuil ar fhaisnéis faoin bhfíorthairgeadh sa Mhalaeisia, ní dócha go n-eascraíonn an t-athrú sin as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil cúis mhaith leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas as forchur na dleachta. De réir na hiarrata, d’eascair an t-athrú as trasloingsiú, agus bhí fianaise leordhóthanach ag tacú leis an líomhain sin, is é sin tairiscintí ó chuideachtaí de chuid na Malaeisia lenar moladh go hoscailte go soláthrófaí SSTPFanna ón tSín agus an tír thionscnaimh a athrú chun dleachtanna frithdhumpála a sheachaint (8). Cé nár aimsíodh aon fhianaise leis an imscrúdú, mar a luaitear in aithris (35), gur athdhíol cuideachtaí de chuid na Malaeisia SSTPFanna ón tSín, deimhníodh gur tháinig athrú ar an ngréasán trádála. I bhfianaise na fianaise, go háirithe fíoracmhainneacht táirgeachta sa Malaeisia atá ar eolas, ní dócha gur eascair an t-athrú as cleachtas, próiseas, nó obair nach raibh cúis mhaith leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis. Dá bhrí sin, lean an Coimisiún den imscrúdú.

(37)

Bhain an t-imscrúdú leis na cleachtais uile a chumhdaítear le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán (féach aithris (15)), dá bhrí sin, rinne an Coimisiún anailís ar oibríochtaí cóimeála na gcuideachtaí i gceist freisin ar bhonn úsáid amhábhair Shíneacha nó táirge leathmhonaraithe.

(38)

Maidir le hoibríochtaí cóimeála, rinne an Coimisiún anailís shonrach ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, go háirithe:

ar cuireadh tús leis an oibríocht chóimeála/chríochnaithe, nó ar tháinig méadú mór uirthi, ón tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála, nó díreach roimhe, agus an dtagann na páirteanna lena mbaineann ón tír atá faoi réir na mbeart, agus

an ionann 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte iad na páirteanna agus ar lú ná 25 % den chostas monaraíochta breisluach na bpáirteanna a tugadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe.

2.2.   Comhar

(39)

Mar a shonraítear in aithris (25), d’iarr 4 tháirgeoir onnmhairiúcháin sa Malaeisia dá ndéanfaí na bearta a leathnú chun an Mhalaeisia a chumhdach go ndéanfaí iad féin a dhíolmhú ó na bearta sin. Chomhoibrigh siad le linn na n-imeachtaí ar fad trí fhoirmeacha éilimh ar dhíolúine a chur isteach, trí fhreagraí a sholáthar ar litreacha easnaimh agus trí glacadh le cuairteanna fíorúcháin ar an láthair. Bhí ardleibhéal comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Malaeisia, toisc gurbh é iomlán mhéid na n-allmhairí ón Malaeisia le linn na tréimhse tuairiscithe a bhí i méid na n-onnmhairí tuairiscithe comhiomlánaithe SSTPFanna go dtí an tAontas dá gcuid sna foirmeacha éilimh ar dhíolúine a chuir siad isteach, mar a tuairiscíodh i staitisticí allmhairiúcháin EUROSTAT.

2.3.   Athrú ar an ngréasán trádála

2.3.1.   Allmhairí SSTPFanna isteach san Aontas

(40)

Léirítear i dTábla 1 thíos an fhorbairt atá tagtha ar allmhairí SSTPFanna ón tSín, ón Malaeisia go dtí an tAontas sa tréimhse imscrúdúcháin.

Tábla 1

Allmhairí SSTPFanna de chuid an Aontais sa tréimhse imscrúdúcháin (tonaí)

 

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

An tréimhse tuairiscithe

An tSín

3 018

3 121

1 412

1 008

523

693

708

719

Innéacs (bonn = 2014)

100

103

47

33

17

23

23

24

An Mhalaeisia

297

314

382

502

1 120

1 414

1 290

1 626

Innéacs (bonn = 2014)

100

106

129

169

377

476

434

547

Foinse:

2014 agus 2015: an t-imscrúdú bunaidh.

2016: Eurostat (rinneadh allmhairí ar leibhéal AC a choigeartú go dtí leibhéal TARIC bunaithe ar shonraí ó 2017).

2017 go dtí an tréimhse tuairiscithe: Eurostat (leibhéal TARIC).

(41)

Tháinig méadú breis agus 5 huaire ar mhéid iomlán allmhairí SSTPFanna an Aontais ón Malaeisia sa tréimhse imscrúdúcháin méadú ó 297 tona in 2014 go dtí 1 626 tona sa tréimhse tuairiscithe.

(42)

An tráth céanna, tháinig laghdú 76 % ar allmhairí an Aontais ó Dhaon-Phoblacht na Síne, laghdú ó 3 018 tona in 2014 go dtí 719 tona sa tréimhse tuairiscithe.

(43)

Ós rud é nár aimsigh an Coimisiún aon fhianaise ar thrasloingsiú a rinne na 4 thairgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha, ní dhearnadh méideanna allmhairí an táirge faoi imscrúdú ón tSín a anailísiú.

2.3.2.   Allmhairí páirteanna (amhábhair agus táirgí leathmhonaraithe) go dtí an Mhalaeisia ón tSín

(44)

Is píobáin agus feadáin tháthaithe agus píopaí agus feadáin gan uaim iad na príomhábhair ionchuir chun SSTPFanna a tháirgeadh. Ansin, déantar na hábhair ionchuir sin a phróiseáil a thuilleadh chun feistis tháthaithe gan uaim a thairgeadh. Ina theannta sin, táirgtear feistis gan uaim i bhfoirm caidhpeanna ó phlátaí. Thairis sin, bhí ceann amháin de na cuideachtaí comhoibríocha ag baint úsáid as sciathphláta chun feistis tháthaithe ar trastomhas mór a thairgeadh. Ar deireadh, bhí ceann amháin de na cuideachtaí comhoibríocha ag allmhairiú táirgí leathmhonaraithe (nascóirí píobán) le haghaidh tuilleadh próiseála le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(45)

Léirítear i dTábla 2 forbairt allmhairí páirteanna na Malaeisia a úsáideadh chun SSTPFanna ó Dhaon-Phoblacht na Síne a mhonarú, bunaithe ar shonraí fíoraithe na gcuideachtaí comhoibríocha. Rinne an Coimisiún comparáid idir na figiúirí sin agus staitisticí allmhairiúcháin na Malaeisia a fuarthas ó údaráis na Malaeisia agus na staitisticí atá ar fáil i mbunachar sonraí Global Trade Atlas (GTA) (9). Bhí na figiúirí a thuairiscigh na cuideachtaí níos iontaofa i ndáil leis an anailís ar an ngréasán trádála ná na staitisticí allmhairiúcháin, áfach. Is féidir na hamhábhair i gceist a allmhairiú isteach sa Mhalaeisia faoi roinnt cód custaim 10 ndigit agus is féidir iad a úsáid in earnálacha iartheachtacha freisin seachas monaraíocht SSTPFanna. Ar leibhéal na n-onnmhaireoirí comhoibríocha, agus i bhfianaise an dlúthchomhair, bhí an Coimisiún in ann úsáid deiridh na bpáirteanna a rianú agus féachaint ar úsáideadh iad le haghaidh allmhairiú SSTPFanna isteach san Aontas ina dhiaidh sin. Dá réir sin, chinn an Coimisiún brath ar an bhfaisnéis fhíoraithe a sholáthair na cuideachtaí comhoibríocha.

Tábla 2

Allmhairí amhábhair ón tSín go dtí an Mhalaeisia sa tréimhse imscrúdúcháin (tona)  (10)

 

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

An tréimhse tuairiscithe

An tSín

[200 – 300 ]

[300 – 400 ]

[580 – 660 ]

[280 – 360 ]

[800 – 900 ]

[1 500 – 1 600 ]

[1 950 – 2 050 ]

[2 400 – 2 500 ]

Innéacs (bonn = 2014)

100

134

241

120

336

625

801

977

Foinse: Sonraí ó chuideachtaí fíoraithe

(46)

Léirítear i dtábla 2 méideanna comhiomlánaithe d’allmhairí na n-amhábhar/táirgí leathmhonaraithe a d’allmhairigh tairgeoirí comhoibríocha de chuid na Malaeisia ón tSín, arb iad a chuir 100 % d’allmhairí SSTPFanna na Malaeisia isteach go dtí an tAontas le linn na tréimhse tuairiscithe.

(47)

Léirítear i dtábla 2 gur tháinig méadú suntasach ar allmhairí amhábhar/táirgí leathmhonaraithe na Malaeisia ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin, méadú beagnach 10 n-uaire a bhí ann. Bhí an méadú le feiceáil go háirithe sa tréimhse ó 2018 go dtí an tréimhse tuairiscithe.

(48)

Leis an méadú suntasach ar mhéid na n-allmhairí amhábhar ón tSín go dtí an Mhalaeisia, léiríodh go raibh méadú ag teacht ar éileamh na n-ábhar ionchuir sin sa Mhalaeisia, rud a d’fhéadfaí a mhíniú, i bpáirt ar a laghad, leis an méadú ar tháirgeadh agus onnmhairí SSTPFanna ón Malaeisia go dtí an tAontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

2.3.3.   Conclúid maidir leis an athrú ar an ngréasán trádála

(49)

An méadú ar allmhairí SSTPFanna ón Malaeisia go dtí an tAontas, in éineacht leis an méadú ar allmhairí páirteanna ón tSín go dtí an Mhalaeisia thar an tréimhse ama chéanna, is athrú ar an ngréasán trádála é sin idir an tSín, an Mhalaeisia agus an tAontas de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán frithdhumpála.

(50)

Tar éis an nochta, thug PMM B.V. le fios gur forchuireadh bearta frithdhumpála in aghaidh SSTPFanna de thionscnamh na Síne i mí Eanáir 2017 agus go raibh méadú ag teacht ar allmhairí an Aontais ón Malaeisia cheana idir 2014 agus 2017.

(51)

Thug an chuideachta faoi deara gurb airde an méadú ar allmhairí ábhar ionchuir ó Dhaon-Phoblacht na Síne sa tréimhse imscrúdúcháin ná an méadú ar allmhairí feisteas de chuid na Malaeisia go dtí an tAontas. Dar le PMM B.V., ciallaíonn sé sin nach ndearna tairgeoirí de chuid na Malaeisia ach táirgeadh SSTPFanna a mhéadú, agus ní hé sin le rá go raibh margadh an Aontais mar spriocmhargadh acu.

(52)

Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, gur tionscnaíodh an t-imscrúdú as ar tháinig forchur na mbeart bunaidh i mí Dheireadh Fómhair 2015. Ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith tionscnamh na n-imeachtaí frithdhumpála féin ar iompar oibreoirí eacnamaíocha, agus chun léargas iomlán a fháil agus comparáid cheart a dhéanamh idir na sreafaí trádála roimh thionscnamh an imscrúdaithe agus iad siúd ina dhiaidh agus na sreafa i ndiaidh fhorchur na dleachta, chinn an Coimisiún tréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe imchéimniúcháin reatha a thosú an 1 Eanáir 2014. Go deimhin, bhí an méadú ar allmhairí ón Malaeisia le feiceáil cheana idir 2014 agus 2017. Tháinig méadú ar mhéid na n-allmhairí a luathaíodh idir 2017 agus an tréimhse tuairiscithe, áfach, is é sin, tar éis fhorchur na dleachta dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán.

(53)

Bhí an gréasán céanna le feiceáil in onnmhairí amhábhar de chuid na Malaeisia ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Cé nach bhfuil cruinnmheaitseáil idir an méadú ar allmhairí píobán de chruach dhosmálta ón tSín go dtí an Mhalaeisia agus an méadú ar onnmhairí SSTPFanna ón Malaeisia go dtí an tAontas, tháinig méadú breis agus 5 huaire ar onnmhairí SSTPFanna na Malaeisia le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus in éineacht leis an méadú beagnach 10 n-uaire ar allmhairí ábhar ionchuir ón tSín go dtí an Mhalaeisia, is athrú ar an ngréasán trádála é sin de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Thairis sin, ós rud é nach bhfuil úsáid píobán a allmhairítear ó Dhaon-Phoblacht na Síne teoranta d’fheistis a thairgeadh amháin, ní raibh aon chruinnmheaitseáil ann.

(54)

Tar éis an nochta, mhaígh MAC nach ndearna an Coimisiún an t-athrú ar an ngréasán trádála a anailísiú ná a cháiliú. Dar leis, ós rud é gur tháinig méadú beagnach 10 n-uaire ar allmhairí amhábhar ón tSín go dtí an Mhalaeisia, agus nár tháinig ach méadú breis agus 5 huaire ar allmhairí SSTPFanna ón Malaeisia, tugtar le tuiscint nach raibh ach thart ar leath de na hamhábhair a allmhairíodh go dtí an Mhalaeisia ón tSín curtha in SSTPFanna ar deireadh a onnmhairíodh go dtí an tAontas. Mhaígh MAC freisin go mbaineann an t-athrú ar an ngréasán trádála a d’aimsigh an Coimisiún le TP den chuid is mó agus nach raibh réasúnaíocht leordhóthanach ná fianaise chomhsheasmhach leis ós rud é gur aimsíodh nach ndearna dhá onnmhaireoir chomhoibríocha de chuid na Malaeisia ach céatadán beag dá n-amhábhair a allmhairiú ón tSín agus gur mhéadaigh siad a n-onnmhairí go dtí an tAontas freisin tar éis fhorchur na dleachta SSTPFanna, agus ós rud é gur dheimhnigh sonraí díolacháin fíoraithe MAC go ndeachaigh breis agus 50 % de réir meáchain de dhíolacháin SSTPFanna MAC go dtí margaí eile seachas chuig an Aontas.

(55)

Diúltaíodh don mhaíomh. Ar an gcéad dul síos, ar leibhéal na tíre, bunaithe ar staitisticí oifigiúla agus sonraí fíoraithe ó chuideachtaí comhoibríocha, shuigh an Coimisiún gur tháinig méadú suntasach ar allmhairí ábhar ionchuir ón tSín go dtí an Mhalaeisia agus ar allmhairí SSTPFanna ón Malaeisia go dtí an tAontas sa tréimhse imscrúdúcháin, cé gur tháinig laghdú suntasach ar allmhairí SSTPFanna ón tSín go dtí an tAontas. Leis an bhfianaise sin, cruthaítear go soiléir go bhféadfaí an t-éileamh méadaitheach ar na hábhair ionchuir sin sa Mhalaeisia a mhíniú, i bpáirt ar a laghad, leis an méadú ar tháirgeacht agus onnmhairí SSTPFanna ón Malaeisia go dtí an tAontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin (féach aithris (48)). Ar an dara dul síos, cé nach raibh ach thart ar leath de na hamhábhair a allmhairíodh go dtí an Mhalaeisia ón tSín in SSTPFanna a onnmhairíodh go dtí an tAontas, mar a d’áitigh MAC, thiocfadh athrú ar an ngréasán trádála de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán fós féin. Ar an tríú dul síos, chomh maith leis an athrú ar an ngréasán trádála ar leibhéal na tíre a anailísiú, rinne an Coimisiún é a anailísiú ar leibhéal MAC agus TP amháin, bunaithe ar a sonraí fíoraithe, agus aimsíodh athruithe comhthreomhara suntasacha freisin (féach tábla 3 thíos). Is le MAC den chuid is mó a bhaineann formhór an dá mhéadú,toisc nár cuireadh tús le hoibríochtaí TP go dtí an dara leath de 2020 (féach aithris (89)). Thairis sin, rinneadh formhór na n-onnmhairí MAC go dtí an tAontas sa tréimhse imscrúdúcháin as páirteanna a allmhairíodh ón tSín, toisc gur allmhairigh an chuideachta beagnach 100 % dá hamhábhair ón tSín (féach aithris (58)). Dá bhrí sin, leis an imscrúdú ar leibhéal na tíre, léiríodh athrú soiléir ar an ngréasán trádála. Thairis sin, leis an imscrúdú ar leibhéal na cuideachta, bunaithe ar shonraí fíoraithe na cuideachta, aimsíodh go bhfuil MAC ar cheann de na príomhchúiseanna leis an athrú sin. Níor thug MAC aon anailís, réasúnaíocht ná cáilíocht dhifriúil agus níor mhol sé fianaise eile ar cheart don Coimisiún a úsáid.

2.4.   Cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leo seachas forchur na dleachta frithdhumpála

(56)

Ar dtús rinne an Coimisiún anailís féachaint ar cuireadh tús le hoibríochtaí na gcuideachtaí comhoibríocha, nó ar tháinig méadú mór orthu, ón tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála, nó díreach roimhe, agus an ón tír atá faoi réir na mbeart iad na páirteanna lena mbaineann.

(57)

D’allmhairigh na cuideachtaí comhoibríocha amhábhair agus páirteanna ón tSín sa tréimhse imscrúdúcháin agus dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go ndearna siad oibríochtaí cóimeála/críochnaithe sa Mhalaeisia sula ndearna siad SSTPFanna a thrasloingsiú go dtí an tAontas.

(58)

Thosaigh MAC agus TP a gcuid oibríochtaí tar éis fhorchur na mbeart ar Dhaon-Phoblacht na Síne i mí Eanáir 2017 (in 2018 agus 2020 faoi seach). D’allmhairigh siad beagnach 100 % dá n-amhábhair ó Dhaon-Phoblacht na Síne. (11)

(59)

Thairis sin, tháinig méadú suntasach ar dhíolacháin SSTPFanna an dá chuideachta leis an Aontas agus ar allmhairí amhábhar ó Dhaon-Phoblacht na Síne ón uair a cuireadh ar bun iad agus bhí an méadú is airde ann sa tréimhse tuairiscithe.

(60)

Léirítear i dTábla 3 na treochtaí ar bhonn fhigiúirí comhiomlánaithe an dá chuideachta maidir lena n-allmhairí SSTPFanna go dtí an tAontas agus a n-onnmhairí amhábhair/táirgí leathmhonaraithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn sa tréimhse idir 2018 agus an tréimhse tuairiscithe (12).

Tábla 3

Táscairí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin de chuid MAC agus TP (bliain 2018=100)

 

2018

2019

2020

An tréimhse tuairiscithe

Onnmhairí SSTPFanna go dtí an tAontas

100

527

654

813

Allmhairí amhábhair ó Dhaon-Phoblacht na Síne

100

366

440

608

Foinse: sonraí ó chuideachtaí fíoraithe

(61)

Bhí cás an dá chuideachta eile (Pantech agus SPI) go hiomlán difriúil. Bhí an dá chuideachta ina dtáirgeoirí SSTPFanna fiú roimh 2014. Aithníodh na hiarratasóirí ina n-iarraidh gur fíorthairgeoirí iad an dá chuideachta (13). Tháinig méadú ar a n-onnmhairí go dtí an tAontas tar éis fhorchur na mbeart, ach deimhníodh leis an imscrúdú gur fíortháirgeoirí iad (féach roinn 2.5 thíos maidir leis an scrúdú ar luach na bpáirteanna). I gcás píobáin gan uaim, a raibh méid beag dá n-amhábhair/páirteanna iontu, allmhairíodh iad ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus úsáideadh iad i dtáirgeadh SSTPFanna a onnmhairíodh go dtí an tAontas ina dhiaidh sin.

(62)

Le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán éillítear nasc idir an cleachtas, próiseas nó obair atá i gceist agus an t-athrú ar an ngréasán trádála toisc nach foláir nó “go n-eascróidh” an trádáil as an athrú. Is é an cleachtas, próiseas nó obair as a n-eascraíonn an t-athrú ar an ngréasán trádála, dá bhrí sin, nach mór cúis mhaith dóthanach agus bonn cirt eacnamaíoch a bheith leis seachas forchur na dleachta, chun nach measfar gur imchéimniú de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán atá ann.

(63)

Cé go bhféadfadh sé go mbeadh cúiseanna eile le cuideachta a bhunú sa Mhalaeisia seachas na bearta atá i bhfeidhm, i.e. chun soláthar do mhargadh intíre na Malaeisia, tá sé an-soiléir ar fad in eilimintí eile, a mhéid a bhaineann le MAC agus TP, go bhfuil athrú ag teacht ar an ngréasán trádála i ndáil le forchur na ndleachtanna:

bunaíodh na cuideachtaí tar éis fhorchur na mbeart bunaidh;

tháinig méadú suntasach ar an oibríocht ós rud é gur allmhairigh an dá chuideachta 8 % d’allmhairí SSTPFanna na Malaeisia go dtí an tAontas in 2018 agus 47 % de na hallmhairí sin sa tréimhse tuairiscithe;

Bhí a gcuid díolachán leis an Aontas níos airde ná a gcuid díolachán intíre agus tríú tíortha, is léiriú é sin gur dhírigh siad ar mhargadh an Aontais. Bhí ceann amháin de na cuideachtaí ag díol leis an Aontas amháin.

(64)

Thairis sin, fochuideachta ar lánúinéireacht na cuideachta Síní Sinotube is ea TP, cuideachta atá mar chuid de Tsingshan Group, mórchuideachta chruach de chuid na Síne a tháirgeann réimse leathan táirgí cruach, lena n-áirítear SSTPFanna.

(65)

I bhfianaise na n-eilimintí uile sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh cúis mhaith leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch, seachas forchur na dleachta, le hoibríochtaí próiseála MAC agus TP sa dá láithreán táirgthe (14) sa Mhalaeisia. Bhí an t-athrú ar an ngréasán trádála mar thoradh ar an bhfíoras gur tosaíodh oibríocht agus tháinig méadú substaintiúil air tar éis fhorchur na mbeart bunaidh.

(66)

Tar éis an nochta, mhaígh MAC nach raibh cúis mhaith leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch lena bhunú ag deireadh na bliana 2017 ná le fás a oibríochtaí táirgthe ná a onnmhairí idirnáisiúnta sna blianta ina dhiaidh sin.

(67)

Go nithiúil, mhaígh MAC gurb é réasúnaíocht le bunú na cuideachta deis ghnó nach raibh baint aici le forchur na ndleachtanna san imscrúdú bunaidh. Ghlac sé seilbh ar ghnó fíorthairgeora (KT Fittings) agus d’athraigh sé béim a oibríochtaí chun díriú ar tháirgeacht le píobáin gan uaim ó Dhaon-Phoblacht na Síne. De réir a aighneachta, ghlac MAC seilbh ar an ngnó sin chun an leibhéal próiseála leordhóthanach a dhéanamh chun cáiliú do thionscnamh na Malaeisia faoi rialacha tionscnaimh neamhfhabhracha an Aontais. Ós rud é nach raibh Feistis KT faoi réir dleachtanna frithdhumpála, trí sheilbh a ghlacadh ar innealra, láithreán táirgthe agus liosta cliant an úinéara roimhe, líomhnaítear go raibh cúiseanna cuí ag an mbainistíocht nua a chreidiúint go mbeadh díolacháin MAC amach anseo saor ó “dleacht SSTPFanna an Aontais”. Líomhnaítear gurb í an chúis leis an aistriú ó tháirgeadh píobáin tháthaithe go píopaí gan uaim ná go raibh an margadh faoi cheannas dhá tháirgeoir eile de chuid na Malaeisia atá comhtháite go hingearach (Pantech agus SPI). Dar le MAC, tá cúis mhaith agus bonn cirt eacnamaíoch leis an méid sin faoi Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán agus níl ann ach comhtharlú gur bunaíodh MAC in 2017, tar éis thionscnamh an imscrúdaithe bunaidh.

(68)

Thairis sin, d’áitigh MAC nár ardaíodh aon amhras sa nochtadh maidir lena acmhainneacht táirgeachta agus táirgeadh iarbhír na bhfeisteas óna cheannacháin fhíoraithe amhábhar, ar ceannacháin iad a theastódh ó aon fhíortháirgeoir SSTPFanna. A mhéid a bhaineann le hacmhainneacht táirgeachta MAC agus táirgeacht líne iomlán iarbhír ó amhábhair, ní raibh aon difríocht ann le bunú Pantech agus SPI.

(69)

Mhaígh MAC freisin nach raibh cosúlacht fhíorasach idir MAC agus TP, agus go raibh an ráiteas a mhéid a bhaineann le MAC a bheith ag díriú ar mhargadh an Aontais míchruinn ó thaobh fíricí de. Le díolacháin 52 % de réir meáchain (nó 54 % de réir luacha) de chuid MAC leis an Aontas, níorbh fhéidir a mheas go raibh sé ag díriú ar mhargadh an Aontais.

(70)

Ina bharúlacha maidir le nochtadh, chuir PMM B.V. i dtábhacht freisin gur “comharba” é MAC de chuid na cuideachta KT Fittings agus dá bhrí sin, is “fíortháirgeoir a tháirg feistis i bhfad roimh an tréimhse imscrúdúcháin” é. Dacapo Stainless B.V. (“DS B.V.”), allmhaireoir eile de chuid an Aontais, chuir sé an bharúil chéanna isteach.

(71)

Mheabhraigh an Coimisiún ón tús gur fhíoraigh sé ar an láthair, i measc tosca eile, táirgeacht iarbhír, acmhainneacht táirgeachta agus ceannacháin ábhar ionchuir MAC, agus níor cuireadh na fíorais a suíodh maidir leis na tosca sin faoi dhíospóid. De bhrí a bhfuil thuas, faoi Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, suíodh leis an imscrúdú difríocht idir MAC, SPI agus Pantech. Mar a suíodh in aithrisí (87), (98) agus (99), tháinig 99,99 % de na páirteanna a d’úsáid MAC chun SSTPFanna a thairgeadh ón tSín, agus i gcás Pantech agus SPI, bhí an cion dá gcuid páirteanna faoi10 % agus 30 % faoi seach. Maidir leis an gcosúlacht fhíorasach idir MAC agus TP, suíodh leis an imscrúdú go raibh an dá chuideachta i mbun cleachtas comhchosúil, is é sin gur allmhairigh siad formhór a n-ábhar ionchuir ón tSín, chuir siad luach teoranta leo, agus d’onnmhairigh siad na feistis a chruthaigh siad leo go dtí an tAontas. Thairis sin, is ar ghníomhaíochtaí iarbhír MAC a bunaíodh na torthaí seo, ní ar an méid a d’fhéadfadh sé a dhéanamh go teoiriciúil lena innealra agus láithreán táirgthe.

(72)

Mar a shonraítear in aithris (62), le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán suitear nasc idir an cleachtas, próiseas nó obair atá i gceist agus an t-athrú ar an ngréasán trádála toisc nach foláir nó “go n-eascróidh” an trádáil as an athrú. Is é an cleachtas, próiseas nó obair as a n-eascraíonn an t-athrú ar an ngréasán trádála, dá bhrí sin, nach mór cúis mhaith dóthanach agus bonn cirt eacnamaíoch a bheith leis seachas forchur na dleachta, chun nach measfar gur imchéimniú de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán atá ann.

(73)

D’fhéadfadh sé go mbeadh cúiseanna dlisteanacha le cuideachta a bhunú, lucht saothair oilte nó sócmhainní a bheith ar fáil, cuir i gcás. Is amhlaidh atá an chaoi a n-oibríonn an chuideachta chomh tábhachtach céanna le bunú na cuideachta féin, áfach. Is é sin le rá, más í gníomhaíocht na cuideachta, a chleachtais, phróiseas nó obair, is cúis leis an athrú ar phátrún na trádála, ní mór scrúdú a dhéanamh an bhfuil bonn cirt eacnamaíoch agus cúis mhaith leis an gcleachtas sin faoi Airteagal 13(1).

(74)

Mar a mhínítear in aithris (87), aimsíodh leis an imscrúdú gur oibríocht cóimeála de réir bhrí Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán an cleachtas ina raibh MAC páirteach. Go bunúsach, cheannaigh an chuideachta píobáin gan uaim de chuid na Síne, chuir siad luach beag leo chun SSTPFanna a dhéanamh dóibh agus dhíol siad ar mhargadh an Aontais iad. Thairis sin, mar pléadh in aithrisí (57) go dtí (60), bhí an cleachtas sin freagrach as an athrú ar phátrún na trádála.

(75)

Maidir leis an mbonn cirt eacnamaíoch agus cúis mhaith, ba cheart a thabhairt faoi deara gur bunaíodh MAC tar éis fhorchur na ndleachtanna, go díreach cosúil le TP. Thairis sin, mar a aithnítear san aighneacht, dhírigh MAC a oibríochtaí ar tháirgeadh le píobáin gan uaim ón tSín, murab ionann agus a réamhtheachtaí, KT Fittings. Go deimhin, murab ionann agus an cás a thuairiscítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2093 ón gCoimisiún (15), dá dtagraíonn MAC, níor aimsíodh leis an imscrúdú gurbh ann d’aon samhail ghnó a bhí bunaithe ar dhíolacháin SSTPFanna de chuid na Malaeisia leis an Aontas, SSTPFanna a rinneadh go hiomlán as páirteanna ón tSín, roimh fhorchur na ndleachtanna. Thairis sin, de réir a aighneachtaí, bunaíodh MAC mar gur measadh go mbainfeadh sé leibhéal próiseála amach a bheadh leordhóthanach chun bunús neamhfhabhrach na Malaeisia a fháil agus go mbeadh sé in ann amhábhair a aimsiú ón tSín trí bheith ag brath ar ghaolmhaireachtaí a bhí acu roimhe sin le soláthróir Síneach. Dá bhrí sin, ba é réasúnaíocht oibríochtaí MAC go mbeidís in ann páirteanna ón tSín a úsáid beagnach go heisiach, luach beag a chur leo agus táirgí de thionscnamh na Malaeisia a onnmhairiú go dtí an tAontas, gan an dleacht frithdhumpála ar allmhairí ón tSín a íoc. Go deimhin, mar a luaigh MAC ina chuid barúlacha maidir le nochtadh, ba é tionscnamh neamhfhabhair na Malaeisia a fháil ba chúis le bunú na cuideachta é, agus rinne sé fógraíocht ina leith agus theastaigh sé óna chliaint.

(76)

Ar deireadh, níor soláthraíodh faisnéis maidir le hoibríochtaí KT fittings don Choimisiún sular bunaíodh MAC. Mar sin féin, cé gur ghlac MAC seilbh ar innealra, foireann, taithí bainistíochta agus cliaint KT fittings, agus cé nár dhírigh sé ar mhargadh an Aontais amháin, níor athraíodh conclúidí an imscrúdaithe maidir le MAC.

(77)

Dá réir sin, níor éirigh le MAC a léiriú go raibh cúis mhaith leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch seachas forchur na dleachta leis an gcleachtas i gceist.

(78)

Tar éis an nochta, mhaígh MAC go dtagann athrú ar cheannteideal taraife na n-amhábhar uile i ngeall ar an bpróiseáil a dhéanann sé ar phíobáin Síneacha le hathrú ar cheannteideal taraife na n-amhábhair uile agus dá bhrí sin tugtar tionscnamh na Malaeisia do SSTPFanna MAC faoi rialacha tionscnaimh “sonracha” ábhartha an Aontais. De réir MAC, ní mór rialacha tionscnaimh an Aontais a chur san áireamh in imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin de chuid an Aontais.

(79)

Is é an bunús dlí le himscrúdú frith-imchéimniúcháin Airteagal 13 den bhun-Rialachán, agus ní hé an reachtaíocht custaim maidir le tionscnamh. Go deimhin, de réir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é is aidhm do Rialachán lena leathnaítear dleacht frithdhumpála ná éifeachtacht na dleachta sin a áirithiú agus imchéimniú a chosc (16). Soiléiríodh leis an gcásdlí go dtugtar le tuiscint le húsáid “ó” seachas “de thionscnamh” in Airteagal 13 den bhun-Rialachán gur “roghnaigh reachtóir an Aontais d’aon ghnó fanacht amach ó rialacha tionscnaimh faoi reachtaíocht custaim agus dá bhrí sin, tá brí uathrialach leithleach leis an gcoincheap ‘ó’ nach ionann é agus an bhrí leis an gcoincheap ‘tionscnamh’ faoi reachtaíocht chustaim” (17). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(80)

Tar éis an nochta, thug PMM B.V. barúil maidir le torthaí áirithe an imscrúdaithe i ndáil le TP. Go deimhin, léirigh an chuideachta gur chuir TP tús lena oibríochtaí beagnach 6 bliana tar éis thionscnamh an imscrúdaithe bunaidh, rud a líomhnaítear nach bhfuil incháilithe le haghaidh imchéimniú mar a shainmhínítear in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán. Thairis sin, thug PMM B.V. faoi deara nár dhíol TP ach 50 % dá fheistis leis an Aontas in 2022, mar sin, ní raibh sé ag díriú a thuilleadh ar mhargadh an Aontais amháin, mar a fuair an Coimisiún amach sa tréimhse tuairiscithe.

(81)

Ar an gcéad dul síos, ba cheart a chur i dtábhacht nach raibh sé de chumhacht ag PMM B.V. ná ag a ionadaí dlíthiúil ionadaíocht a dhéanamh thar ceann TP sa nós imeachta seo, agus nár chuir TP isteach aon aighneacht i gcoinne thorthaí an imscrúdaithe tar éis an nochta. Ar an dara dul síos, ina aighneacht, rinne PMM B.V. tagairt do chomhfhreagras rúnda le “stiúrthóir/bainisteoir ginearálta TP”, duine nach bhfuair an Coimisiún liostaithe ar an mbord stiúrthóirí i ráitis airgeadais TP. Ar an tríú dul síos, níorbh fhéidir sonraí a bhaineann go sonrach le cuideachta a chur san áireamh tar éis na tréimhse tuairiscithe toisc nárbh fhéidir iad a fhíorú. Ar deireadh, chuir TP tús lena oibríochtaí sa dara leath de 2020 (féach aithris (89)), dá bhrí sin, is léir gur comhlíonadh ceanglas Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán toisc gur thosaigh an oibríocht agus tháinig méadú suntasach uirthi ó tionscnaíodh an t-imscrúdú bunaidh in 2015.

(82)

Mhaígh PMM B.V. freisin gur monaraíocht seachas cóimeáil a bhí ar siúl ag TP agus MAC, agus dá bhrí sin, nach mbaineann Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán lena gcás toisc nach gcumhdaítear leis amhábhair a mhodhnú agus a oibriú chun táirge eile a chruthú, amhail i gcás SSTPFanna. Chun tacú leis an maíomh sin, rinne siad tagairt freisin d’aithris (20) den bhun-Rialachán. Dar leo, tagraítear do “gan ach é chóimeáil” san aithris sin agus is gá an téarma sin a léirmhíniú go cúng dá bharr.

(83)

Thug an Coimisiún dá aire nach sainmhínítear leis an mbun-Rialachán na téarmaí “oibríocht chóimeála’ ná ‘oibríocht chríochnaithe’. Mar sin féin, an bealach ar cumadh Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, tá sé i bhfabhar léirmhíniú leathan ar an téarma ‘oibríocht chóimeála’ mar, de réir Airteagal 13(2)(b), léirmhíniú a bhfuil sé i gceist leis ‘oibríocht chríochnaithe’ a chuimsiú go sainráite freisin. Dá bhrí sin, is éard atá i gceist le ‘hoibríocht chóimeála’ de réir bhrí Airteagal 13(2) go gcumhdófaí léi ní hamháin oibríochtaí lena gcuimsítear páirteanna de ní comhchodach a chóimeáil, ach oibríochtaí a bhféadfadh próiseáil bhreise a bheith i gceist leo i.e. bailchríoch a chur ar tháirge. Go deimhin, agus Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán á léirmhíniú, chinn an Chúirt Bhreithiúnais, ‘de bhun an chásdlí shocraithe, agus foráil de dhlí an Aontais á léirmhíniú, gur gá ní hamháin foclaíocht na forála a mheas, ach an comhthéacs ina bhfuil sí agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid díobh” (18).

(84)

Thairis sin, is é seo atá in aithris (20) den bhun-Rialachán “is gá go mbeidh forálacha i reachtaíocht an Aontais chun déileáil le cleachtais, lena n-áirítear gan ach earraí a chóimeáil san Aontas nó i dtríú tír, arbh é is príomhaidhm dóibh imchéimniú a dhéanamh ar bhearta frithdhumpála’. Tugtar le fios leis an bhfoclaíocht seo léirmhíniú leathan ar Airteagal 13(2) ionas go gcumhdaítear na cleachtais uile arbh é is príomhaidhm dóibh imchéimniú a dhéanamh ar dhleachtanna, i.e. “gan ach earraí a chóimeáil” agus cleachtais eile.

(85)

Leis an imscrúdú, léirítear gur chomhlíon oibríochtaí MAC agus TP na ceanglais uile faoi Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán lena chinneadh gur imchéimniú í oibríocht cóimeála. Níor thug PMM B.V. aon fhianaise ina choinne sin. Dá réir sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

2.5.   Luach na bpáirteanna agus an breisluach

(86)

Sonraítear in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán, a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí cóimeála nó críochnaithe, gur coinníoll chun an t-imchéimniú a shuí é gurb é atá sna páirteanna ó na tíortha atá faoi réir na mbeart agus 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte agus gur lú ná 25 % den chostas monaraíochta breisluach na bpáirteanna a tugadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe.

MAC agus TP

(87)

I gcás MAC, tháinig 99,99 % de na páirteanna uile a d’úsáid an chuideachta ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Bhí breisluach na n-amhábhar níos lú ná 15 % den chostas monaraíochta.

(88)

I gcás TP, allmhairíodh na páirteanna uile a úsáideadh chun feistis a thairgeadh sa tréimhse tuairiscithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne.

(89)

Thosaigh TP a chuid oibríochtaí sa dara leath de 2020. Bhí an úsáid acmhainneachta, mar a tuairiscíodh, níos lú ná 5 % in 2020 agus níos lú ná 25 % sa tréimhse tuairiscithe. Mar sin féin, rinne an chuideachta an dímheas iomlán le haghaidh innealra agus costas iomlán cíosa (talamh agus foirgnimh) a leithdháileadh ar bhonn contráilte mar bhreisluach i leith na bpáirteanna a tugadh isteach, ar breisluach ar chainníocht táirgthe an-íseal ar fad é.

(90)

Dá bharr sin, rinne an Coimisiún an dá ghné chostais thuasluaite a choigeartú chun an breisluach a léiriú go réasúnta i gcomhthéacs úsáid acmhainneachta íseal na cuideachta le linn na tréimhse tuairiscithe.

(91)

Ina theannta sin, laghdaigh an Coimisiún an costas táirgthe (agus mar thoradh air sin, an breisluach) leis an ioncam fíoraithe ó dhíolacháin fuíll a ghintear i dtáirgeadh SSTPFanna.

(92)

Ar deireadh, cuireadh coigeartú i bhfeidhm le haghaidh athrú ar an stoc maidir le hobair idir lámha. Leis an gcoigeartú sin, bhíothas in ann costas an táirgthe atá nasctha le cainníocht na n-earraí críochnaithe a táirgeadh sa tréimhse tuairiscithe a leithlisiú agus deireadh a chur le costas an amhábhair agus na próiseála atá nasctha leis na hearraí, earraí nach raibh críochnaithe go fóill ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Níor choimeád an chuideachta féin taifid ar obair idir lámha. Bhí an Coimisiún in ann, áfach, meastachán a dhéanamh ar an athrú ar stoc maidir le hobair idir lámha, bunaithe ar ghluaiseachtaí stoic fíoraithe amhábhar agus earraí críochnaithe. Bailíodh na tuarascálacha fardail le linn an fhíoraithe ar an láthair.

(93)

Tar éis na coigeartaithe mar a thuairiscítear in aithris (89) go dtí (92), bhí an breisluach a suíodh le haghaidh TP faoi bhun 18 % den chostas monaraíochta.

(94)

Tar éis an nochta, d’iarr PMM B.V. (thar ceann stiúrthóir/bainisteoir ginearálta anaithnid TP mar a mhínítear in aithris (81) thuas) nochtadh mionsonraithe ar ríomh an bhreisluacha thuas.

(95)

Rinneadh an ríomh i gceist a nochtadh do TP cheana féin, áfach, mar chuid dá nochtadh íogair sonrach. Níor chuir TP aon bharúil isteach maidir leis sin.

(96)

Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin, i gcás MAC agus TP, gur 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge cóimeáilte iad na páirteanna a ceannaíodh ó Dhaon-Phoblacht na Síne, agus gur lú ná 25 % den chostas monaraíochta breisluach na bpáirteanna a tugadh isteach le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán chun a chinneadh gur imchéimniú iad na hoibríochtaí sin.

Pantech agus SPI

(97)

Tháirg an dá chuideachta feistis gan uaim (gnáthfheistis (19) agus caidhpeanna) agus feistis tháthaithe. Úsáidtear trí chineál amhábhar/páirt sa táirgeacht seo: píobáin gan uaim le haghaidh táirgeadh gnáthfheistis gan uaim, plátaí le haghaidh táirgeadh caidhpeanna agus píobáin tháite chun gnáthfheistis tháthaithe a tháirgeadh.

(98)

Tá Pantech comhtháite go hingearach i dtáirgeadh feistis tháthaithe i.e. tháirg an chuideachta a píobáin tháthaithe féin. Na plátaí a d’úsáid an chuideachta chun caidhpeanna a tháirgeadh, is plátaí féintáirgthe iad (slisniú píobán táthaithe) nó fuarthas iad den chuid is mó ó tháirgeoirí áitiúla na Malaeisia. (20) D’allmhairigh an chuideachta 100 % de na píobáin gan uaim ón tSín. Ba chéatadán beag de ghníomhaíocht na cuideachta é táirgeadh feistis gan uaim, áfach. Dá réir sin, úsáideadh níos lú ná 10 % de na páirteanna a allmhairíodh ón tSín i dtáirgeadh iomlán SSTPFanna sa tréimhse tuairiscithe.

(99)

Cosúil le Pantech, bhí a chuid píobán táthaithe féin in úsáid ag SPI ina tháirgeacht (píobáin a cheannaigh sé ó tháirgeoir gaolmhar de chuid na Malaeisia). Fuair sé plátaí ar bhonn intíre, ach d’allmhairigh sé 100 % dá phíobáin ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Agus struchtúr táirgeachta na cuideachta á chur san áireamh, úsáideadh níos lú ná 30 % de na páirteanna a allmhairíodh ón tSín i dtáirgeadh iomlán SSTPFanna sa tréimhse tuairiscithe.

(100)

Dá bhrí sin, is lú i bhfad ná 60 % de luach iomlán na bpáirteanna le haghaidh Pantech agus SPI na páirteanna ón tír atá faoi réir beart.

(101)

Thairis sin, i gcás an dá chuideachta, rinneadh na hoibríochtaí sin sular forchuireadh na bearta agus, ina theannta sin, ní raibh siad dírithe go sonrach ar mhargadh an Aontais amháin. Dá bhrí sin, níl imchéimniú i gceist le hoibríochtaí Pantech agus SPI dá bhforáiltear in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán

2.6.   An bonn a bhaint d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála

(102)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún ar bhain allmhairí den táirge faoi imscrúdú, ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de araon, an bonn d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair.

(103)

Tháinig méadú suntasach ar chainníochtaí SSTPFanna a d’onnmhairigh MAC agus TP go dtí an tAontas i ndearbhmhéideanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus is thart ar 6 % de thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse tuairiscithe iad na cainníochtaí SSTPFanna. Ós rud é gur cuireadh allmhairí uile SSTPFanna ó gach tír thionscnaimh, sin os cionn 4 000 tona, le díolacháin an Aontais, agus sin 8 000 tona eile, mar a thug an t-iarratasóir le fios, measadh go raibh an tomhaltas san Aontas os cionn 12 000 tona.

(104)

Maidir le praghsanna, rinne an Coimisiún comparáid idir an meánphraghas neamhdhíobhálach mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, arna choigeartú le haghaidh boilsciú, agus na meánphraghsanna ualaithe onnmhairiúcháin CAL a cinneadh ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag MAC agus TP, arna gcoigeartú mar is cuí chun costais iar-imréitigh a chur san áireamh. Léirigh an chomparáid praghsanna sin gur dhíol an dá chuideachta na hallmhairí ar phraghas i bhfad níos ísle (breis agus 50 % níos ísle) ná praghsanna an Aontais sa tréimhse tuairiscithe. Thairis sin, le praghsanna allmhairiúcháin reatha MAC agus TP gearradh faoi phraghsanna an Aontais a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh don bhliain 2021, agus tá na praghsanna sin faoi bhun chostas táirgthe thionscal an Aontais sa bhliain chéanna freisin (21).

(105)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur baineadh an bonn de na bearta atá ann cheana ó thaobh cainníochtaí agus praghsanna de mar gheall ar na hallmhairí ón Malaeisia a rinne MAC agus TP.

(106)

Tar éis an nochta, léirigh PMM B.V. nach bhféadfadh na cainníochtaí a d’onnmhairigh MAC agus TP go dtí an tAontas an bonn a bhaint d’éifeacht cheartaitheach na mbeart, ós rud é nach raibh sna cainníochtaí sin ach 6 % de thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse tuairiscithe.

(107)

Thairis sin, chuir PMM B.V. agus DS B.V. in aghaidh thorthaí sladghearrtha agus gearrdhíola an Choimisiúin maidir le praghsanna onnmhairiúcháin MAC agus TP. Bhunaigh siad a maímh ar chomparáid a rinne siad idir a sonraisc cheannaigh ó onnmhaireoirí de chuid na Malaeisia agus ó tháirgeoirí de chuid an Aontais. Thairis sin, mhaígh siad nárbh fhéidir na praghsanna sin a chur i gcomparáid, ós rud é go raibh caighdeáin dhifriúla ag feistis ón Malaeisia agus feistis a tháirgtear san Aontas agus nach bhfuil siad inmhalartaithe.

(108)

Maidir le cainníochtaí, níor thug PMM B.V. aon argóint ar an gcúis nach bhféadfaí a mheas go bhfuil 6 % ag baint an bhoinn d’éifeacht cheartaitheach na mbeart, níor luaigh sé ach “gur dóigh leo nach leor 6 % ó thaobh méide de chun an bonn a bhaint díobh”. I gcás ar bith, mheas an Coimisiún go raibh sciar 6 % den mhargadh go réasúnta suntasach ó thaobh méide de. Os a choinne sin, bhí méid sin na n-allmhairí ar ina leith a fuarthas amach go raibh imchéimniú á dhéanamh ar na bearta beagnach chomh hard le sciar iomlán na Téaváine den mhargadh san imscrúdú bunaidh. Ba leor sin chun teacht ar an gconclúid go raibh na méideanna sin ag déanamh díobhála do thionscal an Aontais agus mar thoradh air forchuireadh bearta i gcoinne na Téaváine.

(109)

Ar an dara dul síos, rinne an Coimisiún a ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola ar bhonn tacair iomlána sonraí a fíoraíodh ag áitreabh na gcuideachtaí a chuir isteach ceistneoirí/foirmeacha díolúine. Ní raibh rochtain ag allmhaireoirí an Aontais ar na figiúirí sin. Rinneadh na ríomhanna a nochtadh go hiomlán d’onnmhaireoirí na Malaeisia. Níor chuir aon cheann acu aon bharúil isteach maidir leis sin. Thairis sin, níor thug aon cheann den dá allmhaireoir de chuid an Aontais a chuir in aghaidh ríomhanna an Choimisiúin freagraí ar an gceistneoir le linn an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an Coimisiún na figiúirí a chuir siad isteach tar éis an nochta a fhíorú.

(110)

Ar deireadh, níl aon bhunús dlí ann chun breathnú ar an sainmhíniú ar raon táirgí agus ar inmhalartacht cineálacha difriúla táirgí faoi Airteagal 13 den bhun-Rialachán. Os a choinne sin, de réir Airteagal 13 den bhun-Rialachán, chun imchéimniú a shuí, ní mór don Choimisiún a chinneadh go bhfuil an bonn á bhaint “d’éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta ó thaobh praghsanna agus/nó cainníochtaí de”. Is í an dleacht dá dtagraítear in Airteagal 13 den bhun-Rialachán an dleacht frithdhumpála bunaidh. Bunaíodh an dleacht sin ar bonn an raon táirgí san imscrúdú bunaidh (22). Dá bhrí sin, cibé atá nó nach bhfuil an bonn á bhaint dá héifeachtaí, ní mór an measúnú a dhéanamh ina leith.

2.7.   Fianaise maidir le dumpáil

(111)

I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an raibh fianaise maidir le dumpáil ann i ndáil leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin don táirge comhchosúil.

(112)

Rinne an Coimisiún comparáid idir meánphraghsanna onnmhairiúcháin SSTPFanna ón Malaeisia sa tréimhse tuairiscithe, bunaithe ar shonraí fíoraithe MAC agus TP, agus na gnáthluachanna a bunaíodh don tSín san imscrúdú frithdhumpála bunaidh, luachanna a coigeartaíodh le haghaidh boilscithe.

(113)

Leis an gcomparáid idir na gnáthluachanna agus na praghsanna onnmhairiúcháin, léiríodh gur onnmhairíodh SSTPFanna a d’onnmhairigh MAC agus TP ar phraghsanna dumpáilte le linn na tréimhse tuairiscithe.

(114)

Tar éis an nochta, rinne PMM B.V. a argóint arís maidir le heaspa idirmhalartaithe fheistis na Malaeisia agus na bhfeisteas a tháirgtear san Aontas i ndáil leis na ríomhanna dumpála.

(115)

Diúltaíodh don mhaíomh sin ar an mbonn céanna lena mhínítear in aithris (110). Go deimhin, de réir Airteagal 13 den bhun-Rialachán, chun imchéimniú a shuí, ní mór don Choimisiún a chinneadh an bhfuil fianaise maidir le dumpáil ann i ndáil leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin do tháirgí comhchosúla. Bhí an gnáthluach a suíodh san imscrúdú bunaidh bunaithe ar an raon táirgí bunaidh, lena n-áirítear feistis ó chaighdeáin éagsúla.

3.   BEARTA

(116)

Ar bhonn na dtorthaí thuas, mheas an Coimisiún ar deireadh go raibh imchéimniú á dhéanamh ar na dleachtanna frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí SSTPFanna de thionscnamh na Síne i gcás allmhairí an táirge faoi imscrúdú arna gcur chun bealaigh ó Malaeisia ag MAC agus TP.

(117)

I bhfianaise ardleibhéal an chomhair, lena gcumhdaítear na honnmhairí uile go dtí an tAontas sa tréimhse tuairiscithe, gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur fíortháirgeoirí de chuid na Malaeisia iad dhá cheann de na cuideachtaí nach bhfuil baint acu le cleachtais imchéimniúcháin agus, dá bhrí sin, gur deonaíodh díolúintí dóibh, agus nár iarr aon chuideachta eile sa Mhalaeisia díolúine, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart na torthaí maidir le cleachtais imchéimniúcháin i ndáil leis an dá chuideachta imchéimniúcháin a leathnú chuig na hallmhairí uile ón Malaeisia, cé is moite díobh siúd ó fhíortháirgeoirí de chuid na Malaeisia.

(118)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, ba cheart na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí SSTPFanna de thionscnamh na Síne a leathnú chun allmhairí an táirge faoi imscrúdú a chumhdach.

(119)

De bhun Airteagal 13(1), an dara mír den bhun-Rialachán, is iomchuí an dleacht a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/659, a leathnú i gcás “gach cuideachta eile”, ar dleacht frithdhumpála chinntitheach 64,9 % í is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim.

(120)

De bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, lena bhforáiltear gur cheart feidhm a bheith ag aon bheart dá leathnaítear i gcás allmhairí a tháinig isteach san Aontas faoi chlárú arna fhorchur leis an Rialachán tionscnaimh, tá dleachtanna le bailiú i leith na n-allmhairí cláraithe sin arb allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú iad, i gcomhréir le torthaí an imscrúdaithe seo.

4.   IARRATAÍ AR DHÍOLÚINE

(121)

Mar a thuairiscítear thuas, suíodh go raibh MAC agus TP páirteach i gcleachtais imchéimniúcháin. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir díolúine a dheonú do na cuideachtaí sin de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán.

(122)

Suíodh leis an imscrúdú gur fíortháirgeoirí SSTPFanna sa Mhalaeisia iad an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha eile, Pantech agus SPI, agus nach raibh siad páirteach i gcleachtais imchéimniúcháin. Tá an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sin comhtháite go hingearach, bhí siad seanbhunaithe ar an margadh sular forchuireadh na bearta bunaidh, agus níor allmhairigh siad ach méideanna teoranta amhábhar ón tSín.

(123)

Mar sin, ba cheart Pantech agus SPI a dhíolmhú ó leathnú na mbeart.

(124)

Ba cheart cur i bhfeidhm díolúintí a bheith coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, sonrasc nach mór dó na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart allmhairí nach bhfuil an sonrasc sin ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála a luaitear in aithris (119).

(125)

Cé go bhfuil tíolacadh an tsonraisc seo riachtanach chun go gcuirfidh údaráis chustaim na mBallstát na díolúintí i bhfeidhm, ní hé an t-aon eilimint atá le cur san áireamh ag na húdaráis chustaim é. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm na díolúine ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

5.   NOCHTADH

(126)

An 30 Samhain 2022, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha uile as ar eascair na conclúidí thuas do na páirtithe leasmhara uile agus d’iarr sé orthu a mbarúil a thabhairt.

(127)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An dleacht chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/659, ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, déantar leis seo an dleacht sin a leathnú chun allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe, de ghráid cruach dhosmálta ástainíteach, a fhreagraíonn do chineálacha AISI 304, 304L, 316, 316L, 316Ti, 321 agus 321H agus a gcoibhéis sna noirm eile, nach mó a trastomhas seachtrach ná 406,4 mm agus tiús balla 16 mm nó níos lú acu, nach lú ná 0,8 micriméadar meán gairbhe (Ra) an dromchla, gan feire orthu, bídís críochnaithe nó ná bídís, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 7307 23 10 agus ex 7307 23 90, arna chur chun bealaigh ón Malaeisia, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia nó ná bíodh, a chumhdach (Cóid TARIC 7307231035, 7307231040, 7307239035, 7307239040).

2.   Níl feidhm ag leathnú na dleachta a luaitear i mír 1 maidir leis na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Cód breise TARIC

An Mhalaeisia

Pantech Stainless And Alloy Industries Sdn. Bhd

A021

An Mhalaeisia

SPI United Sdn. Bhd

A022

3.   Beidh cur i bhfeidhm na ndíolúintí a dheonaítear do na cuideachtaí a luaitear go sonrach i mír 2 den Airteagal seo nó atá údaraithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Rialachán seo coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, sonrasc a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht frithdhumpála mar a fhorchuirtear le mír 1.

4.   Is í an dleacht a leathnaítear an dleacht frithdhumpála 64,9 % is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile” sa tSín (cód breise TARIC C999).

5.   Baileofar an dleacht a leathnaítear le míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo i gcás allmhairí arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/894.

6.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Ordaítear do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/894 a aisghairtear leis seo.

Airteagal 3

Diúltaítear do na hiarrataí ar dhíolúine a chuir MAC Pipping Materials Sdn. Bhd agus TP Inox Sdn. Bhd isteach.

Airteagal 4

1.   Déanfar iarrataí ar dhíolúine ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1 i scríbhinn i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór do dhuine atá údaraithe le hionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas atá ag iarraidh na díolúine na hiarrataí a shíniú. Ní mór an iarraidh a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Oifig Stiúrthóireacht G:

CHAR 04/39

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

2.   I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036, féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, díolúine allmhairí ó chuideachtaí nach ndéanann imchéimniú ar na bearta frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/659, a údarú ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2017 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 22, 27.1.2017, lch. 14).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/659 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 94, 7.4.2017, lch. 9).

(4)  Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO C 357, 29.10.2015, lch. 5).

(5)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú i ndáil le dul in éag na mbeart frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO C 40, 26.1.2022, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/894 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2022 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, i gcás allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, arna gcur chun bealaigh ón Malaeisia, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe (IO L 155, 8.6.2022, lch. 36).

(7)  Iarraidh, Pointe 43, leathanach 8 agus pointe 55, leathanach 12.

(8)  Iarraidh, Pointe 62, leathanach 14.

(9)  https://connect.ihsmarkit.com/gta/home

(10)  Tugtar na figiúirí i raonta, i gcás na mblianta 2014 go dtí 2017, ní thagraítear ach do dhá chuideachta.

(11)  Sa chéad bhliain (2018) dá chuid oibríochtaí agus sa tréimhse tuairiscithe, cheannaigh MAC plátaí méid beag plátaí ón Malaeisia freisin.

(12)  Ar chúiseanna rúndachta, ní sholáthraítear ach innéacs toisc nach mbaineann na figiúirí ach le dhá chuideachta.

(13)  Iarraidh, pointe 60, leathanach 12.

(14)  Sa tréimhse tuairiscithe, bhain 40 % d’allmhairí na Malaeisia go dtí an tAontas leo cheana.

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2093 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2017 lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1331/2011 ón gComhairle ar allmhairí píobáin agus feadáin gan uaim áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ón India, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh India nó ná bíodh, agus lena bhfoirceanntar clárú na n-allmhairí sin a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/272 ón gCoimisiún (IO L 299, 16.11.2017, lch. 1.).

(16)  Breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, an Coimisiún v Kolachi Raj Industrial, C-709/17 P, AE:C:2019:717, mír 96 agus an cásdlí a luaitear.

(17)  Breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, An Coimisiún / Kolachi Raj Industrial, C-709/17 P, AE:C:2019:717, mír 90.

(18)  Breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, an Coimisiún v Kolachi Raj Industrial, C-709/17 P, ECLI:EU:C:2019:717, mír 82 agus an cásdlí a luaitear.

(19)  Sa chás sin, tagraíonn ‘caighdeán’ d’fheistis gan uaim a tháirgtear ó phíobáin agus feadáin gan uaim, amhail uillinneacha, tíonna agus laghdaitheoirí.

(20)  D’allmhairigh Pantech mionchainníochtaí de phlátaí ó Dhaon-Phoblacht na Síne in 2015 agus 2018.

(21)  Iarraidh, roinn C.3.1 go dtí C.3.3.

(22)  Táirgí leis na saintréithe sonracha céanna a bhfuil caighdeáin éagsúla acu, suíodh go bhfuil siad idirmhalartaithe. Féach aithrisí (52) go (60) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/141 ón gCoimisiún (IO L 22, 27.1.2017, lch. 14).


IARSCRÍBHINN

Dearbhú arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc tráchtála á eisiúint, ní mór an dearbhú sin, san fhormáid seo a leanas, a bheith ar an sonrasc tráchtála bailí dá dtagraítear in Airteagal 1(3):

(1)

ainm agus feidhm oifigeach an eintitis a bhfuil an sonrasc tráchtála á eisiúint aige;

(2)

An dearbhú seo a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, maidir le (méid) an (táirge faoi imscrúdú) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) an táirge sin a mhonarú é sa tír seo: (tír lena mbaineann). Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart”;

(3)

Dáta agus síniú.