25.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 59/1 |
RIALACHÁN (AE) 2023/426 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Feabhra 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES. |
(2) |
An 25 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/432 (3), lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES. Le Cinneadh (CBES) 2023/432, leathnaíodh na maoluithe ón reo sócmhainní agus ón toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil chuig bainc nualiostaithe áirithe, ar maoluithe iad a bhí infheidhme maidir le bainc atá liostaithe cheana, agus a cheadú do Chomhdháil na nÉileamh Giúdach íocaíochtaí a phróiseáil trí cheann amháin díobh. Le Cinneadh (CBES) 2023/432 tugadh isteach freisin maolú sonrach agus sealadach lena gceadaítear d’eintiteas atá bunaithe san Aontas faoi láthair nó a bhí á rialú roimhe sin ag eintiteas liostaithe sonrach urrúis a dhiúscairt nó a aistriú. Ina theannta sin, le Cinneadh (CBES) 2023/432 tugadh isteach maolú lena gceadaítear oibríochtaí, conarthaí nó comhaontuithe eile le heintiteas liostaithe a fhoirceannadh, agus cuireadh síneadh 3 mhí leis an spriocdháta don mhaolú chun gur féidir cearta dílseánaigh i nduine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas agus ar le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht liostaithe iad, a dhíol agus a aistriú. |
(3) |
Is iomchuí a cheangal ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí faisnéis mhionsonraithe a sholáthar do na húdaráis inniúla náisiúnta maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha atá reoite nó ar cheart caitheamh leo mar chistí agus acmhainní eacnamaíocha atá reoite, chomh maith le faisnéis faoi chistí agus acmhainní eacnamaíocha ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí liostaithe iad, atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó á rialú acu, a bhí faoi réir aon bhogtha, aistrithe, athraithe, úsáide, rochtana, nó déileála go gairid roimh an liostú. Is iomchuí freisin a cheangal ar thaisclanna lárnacha urrús, mar gheall ar a dtábhacht shistéamach d’fheidhmiú na margaí urrús, an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil go comhuaineach don Bhallstát lena mbaineann agus don Choimisiún. Tá an oibleagáid tuairiscithe coimhdeach le cur i bhfeidhm éifeachtach na bhforálacha maidir le reo sócmhainní agus tá sí gan dochar d’fheidhmeanna airgeadaíochta agus do phrionsabal neamhspleáchais an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus na mbanc ceannais náisiúnta. |
(4) |
Is iomchuí freisin an cineál faisnéise atá le soláthar do na húdaráis inniúla náisiúnta a shonrú, cé na húdaráis ar cheart dóibh an fhaisnéis sin a tharchur ansin chuig an gCoimisiún, maille le hoiriúnuithe sonracha i gcás imeachtaí coiriúla. Chun am a thabhairt chun dul in oiriúint, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas tuairiscithe níos mionsonraithe a chur siar. Ba cheart a shoiléiriú freisin go bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit agus ar na daoine nádúrtha agus dlítheanacha ábhartha, na heintitis agus na comhlachtaí comhoibriú leis an gCoimisiún in aon fhíorú ar an bhfaisnéis sin, agus ba cheart don Choimisiún a bheith in ann aon fhaisnéis bhreise a iarraidh, agus an Ballstát lena mbaineann á chur ar an eolas faoi iarraidh den sórt sin. |
(5) |
Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 6b, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
|
(2) |
in Airteagal 6b, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “5a. De mhaolú ar Airteagal 2, mír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, go ndéanfar cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar leis an eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 101 faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintiteas sin, tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:
5b. De mhaolú ar Airteagal 2, mír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, go ndéanfar cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar leis an eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 193 faoin gceannteideal ‘Eintits’ in Iarscríbhinn I iad a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintiteas sin, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin riachtanach chun oibríochtaí, conarthaí, nó comhaontuithe eile arna dtabhairt i gcrích leis an eintiteas sin, nó a bhfuil baint acu ar bhealach eile leis an eintiteas sin, roimh an 25 Feabhra 2023 a fhoirceannadh faoin 26 Lúnasa 2023;” |
(3) |
i bpointe (a) d’Airteagal 6b(3), cuirtear an dáta “31 Bealtaine 2023” in ionad an dháta “28 Feabhra 2023”; |
(4) |
i mír 1 d’Airteagal 6e, cuirtear tagairt do “uimhreacha iontrála 53, 54, 55, 79, 80, 81, 82, 108, 126 agus 127 in Iarscríbhinn I” in ionad na tagartha do “uimhreacha iontrála 53, 54, 55, 79, 80, 81, 82, 108, 126, 127, 198, 199 agus 200 faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I”; |
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: “Airteagal 8 1. D’ainneoin na rialacha is infheidhme a bhaineann le tuairisciú, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:
1a. San fhaisnéis maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha arna reo i gcomhréir le hAirteagal 2 a sholáthraítear faoi mhír 1 den Airteagal seo, áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:
1b. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 agus mhír 1a a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de choicís tar éis dó í a fháil. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis sin a tharchur i ndíth ainm más rud é gur dhearbhaigh údarás imscrúdaithe nó breithiúnach go bhfuil sí rúnda i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí breithiúnacha coiriúla atá ar feitheamh. Taisclanna lárnacha urrús de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), déanfaidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a, agus faisnéis maidir le caillteanas urghnách agus gan choinne agus damáiste a bhaineann leis na cistí ábhartha agus acmhainní eacnamaíocha, a chur ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad lonnaithe, laistigh de 2 sheachtain tar éis dó í a fháil agus gach trí mhí ina dhiaidh sin agus déanfaidh siad an fháisnéis sin a tharchur go comhuaineach chuig an gCoimisiún. 1c. Comhoibreoidh na Ballstáit, chomh maith leis na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí ábhartha, leis an gCoimisiún in aon fhíorú ar an bhfaisnéis a bhaineann leis na cistí nó leis na hacmhainní eacnamaíocha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a. Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise a theastaíonn uaidh a iarraidh chun an fíorú sin a dhéanamh. Nuair a dhíreofar iarraidh den sórt sin ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, déanfaidh an Coimisiún í a tharchur ago comhuaineach chuig an mBallstát lena mbaineann. 2. Cuirfear ar fáil do na Ballstáit aon fhaisnéis bhreise a gheobhaidh an Coimisiún go díreach. 3. Maidir le haon fhaisnéis arna soláthar d’údaráis inniúla na mBallstát nó arna fáil acu i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfidh na húdaráis sin í ach amháin chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dár bhfuarthas í. 4. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear údaráis forfheidhmiúcháin agus riarthóirí na gclár oifigiúil ina bhfuil daoine nádúrtha, daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí mar aon le maoin dhochorraithe nó maoin shochorraithe cláraithe, faisnéis lena n-áirítear sonraí pearsanta a phróiseáil agus a mhalartú le húdaráis inniúla eile de chuid na mBallstát agus leis an gCoimisiún Eorpach, agus más gá, déanfaidh siad amhlaidh i gcás na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a. 5. Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanfar, déanfar í i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialacháin (AE) 2016/679 (*2) agus (AE) 2018/1725 (*3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ní dhéanfar í ach amháin a mhéid is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus chun comhar éifeachtach a áirithiú idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún Eorpach chomh maith maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. (*1) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1)." (*2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)." (*3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (OJ L 295, 21.11.2018, p. 39)”;" |
(6) |
in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) de mhír 1:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (5) ón 26 Aibreán 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) IO L 078, 17.3.2014, lch. 16.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).
(3) Cinneadh (CBES) 2023/432 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (Féach leathanach 437 den Iris Oifigiúil seo).