6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 34/1


RIALACHÁN (AE) 2023/246 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Eanáir 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a mhéid a bhaineann le malartú na faisnéise arna coinneáil ar bun sna cláir leictreonacha a bhaineann le hoibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí máil idir na Ballstáit chun críoch tráchtála

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De réir Airteagal 36 de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (3), maidir le gluaiseacht earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála, tá an ghluaiseacht sin le déanamh faoi chumhdach doiciméad riaracháin leictreonach simplithe. Ar an mbealach sin, leis an Treoir sin, maidir le húsáid an chórais ríomhairithe a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun faireachán a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí máil, ar córas é a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí earraí máil faoi shocruithe fionraí dleachta, leathnaítear úsáid an chórais sin chun faireachán a dhéanamh ar earraí máil arna scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh chun críoch tráchtála. Tá feidhm le bheith ag an leathnú sin ar úsáid an chórais ríomhairithe an 13 Feabhra 2023.

(2)

Chun an leathnú sin ar úsáid an chórais ríomhairithe a léiriú, is gá raon feidhme Airteagal 15(1), pointe (d), Airteagal 19(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle (5) a leathnú chun na hearraí máil uile lena mbaineann a chumhdach, gan beann ar cé acu a tharla socrú fionraí dleachta nó nár tharla.

(3)

Le hAirteagal 19(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012, ceanglaítear ar na Ballstáit a choinneáil ar bun sna cláir leictreonacha catagóir táirge máil (CAT) agus/nó cód táirge máil (EPC) na dtáirgí a chumhdaítear leis an údarú, ar táirgí iad dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, códliosta 11, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 (6). Ón 13 Feabhra 2023 ar aghaidh, áfach, cuirfear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 ón gCoimisiún (7) in ionad Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, is iomchuí an t-ionadú sin a léiriú in Airteagal 19(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012.

(4)

Ós rud é nach féidir leis an Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon foráil a dhéanamh maidir le malartú na faisnéise a choinníonn gach Ballstát ar bun sa chlár leictreonach maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí arna scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus arna ngluaiseacht ansin go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, eadhon feidhmiú comhchuibhithe an chórais ríomhairithe a áirithiú ó Bhallstát go chéile, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(5)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Ní théann próiseáil na sonraí sin arna déanamh faoi chuimsiú an Rialacháin seo thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun leas fioscach dlisteanach na mBallstát a chosaint.

(6)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(7)

Chun dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm Chaibidil V, Roinn 2, de Threoir (AE) 2020/262, agus chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit ullmhú do na hathruithe a eascraíonn as an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith aige ón 13 Feabhra 2023 ar aghaidh.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 389/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

i gcás inar tharla díothú iomlán nó caillteanas doleigheasta earraí máil;”;

(2)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

catagóir táirge máil (CAT) agus/nó cód táirge máil (EPC) na dtáirgí a chumhdaítear leis an údarú, ar táirgí iad dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, códliosta 10, a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 ón gCoimisiún (*1);

(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2022 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle trí struchtúr agus inneachar na ndoiciméad arna malartú i gcomhthéacs ghluaiseacht na n-earraí máil a bhunú, agus lena mbunaítear tairseach i gcomhair na gcaillteanas mar gheall ar chineál na n-earraí (IO L 247, 23.9.2022, lch. 2).”;"

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“An fhaisnéis atá sna cláir náisiúnta faoi seach dá dtagraítear i mír 2 a bhaineann le hoibreoirí eacnamaíocha atá ag gabháil do ghluaiseachtaí earraí máil dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V, Roinn 2, de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (*2), déanfar í a mhalartú go huathoibríoch trí chlár lárnach.

(*2)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4).”;"

(3)

in Airteagal 20(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“Áiritheoidh an Coimisiún gur féidir le daoine a bhfuil baint acu le gluaiseacht earraí máil dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V, Roinn 2, de Threoir (AE) 2020/262, deimhniú a fháil trí mheán leictreonach ar bhailíocht na n-uimhreacha máil atá sa chlár lárnach dá dtagraítear in Airteagal 19(4) den Rialachán seo.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 13 Feabhra 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


(1)  Tuairim an 13 Nollaig 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 14 Nollaig 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4).

(4)  Cinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2020 maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 43).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil faoi fhionraí dleachta máil (IO L 197, 29.7.2009, lch. 24).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2022 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle trí struchtúr agus inneachar na ndoiciméad arna malartú i gcomhthéacs ghluaiseacht na n-earraí máil a bhunú, agus lena mbunaítear tairseach i gcomhair na gcaillteanas mar gheall ar chineál na n-earraí (IO L 247, 23.9.2022, lch. 2).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).