26.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 24/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/168 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Eanáir 2023

lena mbunaítear an teimpléad le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht maidir leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí don chlárthréimhse 2021-2027, de bhun Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (1), agus go háirithe Airteagal 29(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Chistí Gnóthaí Baile,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard atá sa Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), in éineacht le Rialacháin (AE) 2021/1147 (3), (AE) 2021/1148 agus (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (“Rialacháin Ciste- shonracha”) lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí agus an Ciste Slándála Inmheánaí faoi seach, creat le haghaidh cistithe ón Aontas a rannchuidíonn le forbairt limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais.

(2)

Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2021/1060, agus go háirithe Airteagal 41(7) de, ar na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht a chur faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh gach cláir i gcomhréir leis na Rialacháin Ciste-shonracha.

(3)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i gcur chun feidhme an tuairiscithe bhliantúil agus a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil don Choimisiún comhsheasmhach agus inchomparáide, leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1148 an gá atá le teimpléad a bhunú le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.

(4)

I gcomhréir le Prótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i leith limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl Éire rannpháirteach i Rialachán (AE) 2021/1148. Dá bhrí sin, níl an Rialachán seo ina cheangal ar Éirinn.

(5)

I gcomhréir le hAirteagail 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, seasamh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chuir an Danmhairg Rialachán (AE) 2021/1148 chun feidhme ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg.

(6)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen (5) de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, rud a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointí A agus B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6).

(7)

Mar sin féin, de bhun Airteagal 7(6) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/1148, le rannpháirtíocht na hÍoslainne agus na hIorua san Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, ceanglaítear socruithe chun cineál agus modhanna rannpháirtíochta den sórt sin a shonrú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha dá socruithe comhlachais faoi seach. Dá bhrí sin níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an Íoslainn na leis an Iorua go dtí go dtabharfar socruithe den sórt sin i gcrích.

(8)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (7) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8).

(9)

Mar sin féin, de bhun Airteagal 7(6) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/1148, mar gheall ar rannpháirtíocht na hEilvéise san Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, tá socruithe ag teastáil chun cineál agus modhanna na rannpháirtíochta sin a shonrú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha dá comhaontú comhlachais. Dá bhrí sin níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an Eilvéis go dtí go dtabharfar na socruithe sin i gcrích.

(10)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Lichtinstéin le acquis Schengen (9) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10).

(11)

Mar sin féin, de bhun Airteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2021/1148, mar gheall ar rannpháirtíocht Lichtinstéin san Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, tá socruithe ag teastáil chun cineál agus modhanna na rannpháirtíochta sin a shonrú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha dá comhaontú comhlachais. Dá bhrí sin níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an Lichtinstéin go dtí go dtabharfar socruithe den sórt sin i gcrích.

(12)

D’fhonn ligean do na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras agus d’fhonn a áirithiú nach mbeidh aon mhoill ar chur chun feidhme na gclár, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunaítear leis an Rialachán seo an teimpléad do na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht maidir leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, dá dtagraítear in Airteagal 41(7) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/1148.

Tá an teimpléad leagtha amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 251, 15.7.2021, lch. 48.

(2)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 94).

(5)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(6)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(7)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(8)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).

(9)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(10)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


IARSCRÍBHINN

Teimpléad le haghaidh na dTuarascálacha Bliantúla ar Fheidhmíocht ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún maidir leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/1148

AITHEANTAS

CCI

 

Teideal

 

Leagan

 

An bhliain chuntasaíochta

 

An dáta a d’fhormheas an coiste faireacháin an tuarascáil

 

1.   Feidhmíocht

1.1.   Dul chun cinn ar an gcur chun feidhme – Airteagal 29(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/1148

I gcás gach cuspóra ar leith, tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an chláir agus maidir le clocha míle agus spriocanna a leagtar amach ann a bhaint amach, agus na sonraí is déanaí le haghaidh na bliana cuntasaíochta, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/1060 á gcur san áireamh. Tagraíonn sé seo do na sonraí carnacha a cuireadh ar fáil faoin 31 Iúil den bhliain roimh an mbliain a gcuirtear an tuarascáil isteach.

Laistigh de gach cuspóir sonrach, b’fhearr go mbeadh an fhaisnéis faoin dul chun cinn bunaithe ar na bearta cur chun feidhme, ar ghníomhaíochtaí táscacha agus ar thorthaí inmhianaithe a shainaithnítear sa chlár.

Ina theannta sin, tabhair tuairisc ar aon chéim a glacadh agus ar ghníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme na comhpháirtíochta de réir Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/1060.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 7 000 carachtar

1.2.   Saincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar fheidhmíocht – Airteagal 29(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1148

I gcás gach sainchuspóra, tabhair tuairisc ar aon saincheist a bhfuil tionchar acu ar fheidhmíocht an chláir le linn na bliana cuntasaíochta agus ar aon ghníomh a rinneadh chun aghaidh a thabhairt orthu.

Nuair is féidir agus nuair is ábhartha, moltar duit idirdhealú a dhéanamh idir saincheisteanna a bhaineann le:

tearcthuairisciú ar éachtaí (1);

socrú spriocanna (2);

moilleanna nós imeachta agus acmhainn riaracháin (3);

athruithe comhthéacsúla (4);

dearadh agus/nó cur chun feidhme na n-oibríochtaí (5); agus

aon ábhar eile.

Tabhair tuairisc ar aon athrú ar straitéis nó ar chuspóirí náisiúnta, nó ar aon fhachtóir a bhféadfadh athruithe a bheith mar thoradh orthu sa todhchaí, chomh maith leis na modhnuithe ar na spriocanna a mheastar de réir na modheolaíochta chun an creat feidhmíochta a bhunú, modhnuithe atá ann de bharr na n-athruithe sin.

Cuir san áireamh faisnéis maidir le haon tuairim réasúnaithe a thabharfaidh an Coimisiún maidir le himeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus atá nasctha le cur chun feidhme na hionstraime.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 7 000 carachtar

1.3.   Bearta maolaithe sonracha

Más ábhartha, tabhair tuairisc go hachomair ar an gcaoi ar chuidigh gníomhaíochtaí an chláir le maolú a dhéanamh ar éifeachtaí aon athrú ábhartha agus tobann ar an mbrú ar bhainistiú na dteorainneacha seachtracha a eascraíonn as aon mheathlú gan choinne ar an staid shocheacnamaíoch nó ar an staid pholaitiúil i dtríú tíortha, de réir mar is iomchuí. Nuair is féidir, déan tagairt do mhéid na n-acmhainní a ath-imscartar chun na críche sin, agus do na haschuir agus na torthaí gaolmhara a baineadh amach.

Tabhair aird ar leith ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na héifeachtaí den athrú tobann den sórt sin a mhaolú agus a bhféadfaí nach mbeadh a ngnóthachtáil gafa go hiomlán ag na comhtháscairí aschuir agus toraidh.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 4 000 carachtar

1.4.   Tacaíocht oibriúcháin – Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2021/1148

Má úsáideadh tacaíocht oibriúcháin le linn na bliana cuntasaíochta, tabhair tuairisc ar an gcaoi ar chuidigh sé le cuspóirí na hionstraime a bhaint amach (6).

A shoiléiriú ar baineadh úsáid as tacaíocht oibriúcháin chun córais mhórscála TF a oibriú agus a chothabháil, lena n-áirítear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus um Údarú Taistil (ETIAS).

Má bhíonn costas iomlán carnach incháilithe na tacaíochta oibriúcháin le haghaidh na n-oibríochtaí a roghnaíodh le haghaidh tacaíochta níos mó ná 33 % de leithdháileadh iomlán an chláir ag deireadh na bliana cuntasaíochta, mínigh na cúiseanna. Ina theannta sin, má tá riosca ann go sárófar an tairseach faoi dheireadh na clárthréimhse, tabhair tuairisc ar na bearta atá beartaithe chun é a mhaolú.

Cuir téacs isteach anseo. (Fad uasta:4 000 carachtar)

1.5.   Gníomhartha sonracha (7)

Tabhair tuairisc ar phríomhéachtaí aon ghníomh sonrach a rinneadh le linn na bliana cuntasaíochta, agus ar an gcaoi a rannchuidigh siad le cuspóirí an chláir a bhaint amach agus le breisluach an Aontais a ghiniúint (8).

Tabhair tuairisc ar an gcaoi ar tháinig na gníomhartha aonair chun cinn, ó thaobh nósanna imeachta de (9) agus go hoibríochtúil (10) agus tarraing aird ar aon saincheist a dhéanann difear dá bhfeidhmíocht, go háirithe aon riosca tearc-chaiteachais.

Más ábhartha, déan an t-eolas seo a bhriseadh síos go leibhéal an tionscadail. Má táthar ag súil le haon imeacht ón bpleanáil bhunaidh, mínigh na cúiseanna atá leis sin, tabhair tuairisc ar aon ghníomh maolaithe a rinneadh, agus tabhair an t-amchlár athbhreithnithe.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 5 000 carachtar

Cuir isteach sa Tábla thíos sonraí na ngníomhartha sonracha náisiúnta go léir a cuireadh chun feidhme sa chlár. Ba cheart go mbeadh an tuairisciú ar ghníomhartha sonracha trasnáisiúnta comhsheasmhach leis an rogha tuairiscithe arna roghnú (11).

Cuspóir Sonrach

Ainm/uimhir thagartha an ghnímh

Tairbhí

Tréimhse Chur chun Feidhme

Costais incháilithe (12)

Caiteachas incháilithe (13)

Dul chun cinn maidir leis na táscairí coiteanna agus/nó táscairí clár-shonracha ábhartha (14)

Aschur

Toradh

 

 

 

 

 

 

 

 

1.6.   ETIAS – Airteagal 29(2), pointe (g), de Rialachán (AE) 2021/1148

Cuir faisnéis ar fáil faoin gcaiteachas i gcomhréir le hAirteagal 85(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) atá san áireamh sna cuntais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) 2021/1060, de réir na gceannteideal atá leagtha amach sa tábla thíos.

Cineál costais

Caiteachas sa bhliain chuntasaíochta

Córais mhórscála TF – an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) – Airteagal 85(2) de Rialachán (AE) 2018/1240

 

Córais mhórscála TF – an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) – Airteagal 85(3) de Rialachán (AE) 2018/1240

 

1.7.   In 2024 amháin: Leanúint de thionscadail - Airteagal 33(4), pointe (e), de Rialachán (AE) 2021/1148

Tuairiscigh ar aon tionscadail ar leanadh ar aghaidh tar éis an 1 Eanáir 2021 a roghnaíodh agus ar cuireadh tús leo faoi Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 4 000 carachtar

2.   Comhlántacht

2.1.   Comhlántacht le cistí eile de chuid an Aontais – Airteagal 29(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/1148

Tabhair tuairisc ar an gcomhlántacht agus, más ábhartha, ar na sineirgí a baineadh amach i rith na bliana cuntasaíochta idir na gníomhartha a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim agus an tacaíocht a sholáthraíonn cistí eile de chuid an Aontais, go háirithe an An Ionstraim um Thacaíocht Airgeadais do Threalamh Rialaithe Custaim, an Ciste Slándála Inmheánaí, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, ionstraimí maoinithe seachtracha an Aontais (18) nó ionstraimí i ndáil le hoibríochtaí muirí de chineál ilchuspóireach.

Tabhair tuairisc ar chomhlántacht na ngníomhartha a cuireadh i gcrích ó thaobh comhar idirghníomhaireachta a neartú freisin (19), lena n-áirítear comhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis na húdaráis náisiúnta ábhartha.

Tabhair aird ar leith ar:

comhlántacht le haon ionstraim mhaoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais maidir le gníomhartha a dhéantar i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha, lena leagtar béim ar na gnéithe atá comhsheasmhach le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta bheartas seachtrach an Aontais;

sásraí cumasúcháin a úsáid, amhail socruithe eagraíochtúla agus nós imeachta atá ann cheana a chuidíonn le sineirgí agus comhlántachtaí a bhaint amach, agus aon ghníomh a dhéantar chun iad a fheabhsú i rith na bliana cuntasaíochta.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 6 000 carachtar

2.2.   Trealamh ilchuspóireach agus córais TFC – Airteagal 13(14) de Rialachán (AE) 2021/1148

Tabhair tuairisc go hachomair ar na hoibríochtaí ábhartha a bhaineann le trealamh agus córais TFC a ceannaíodh le tacaíocht ón gclár le linn na bliana cuntasaíochta agus a úsáidtear i réimsí comhlántacha de rialuithe custaim, oibríochtaí muirí de chineál ilchuspóireach nó baint amach chuspóirí an Chiste Slándála Inmheánaí mar aon le cuspóirí an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht. Cuir in iúl an áit/na háiteanna inar úsáideadh trealamh ilchuspóireach agus na córais TFC.

Maidir le trealamh, cuir faisnéis ar fáil freisin faoin tréimhse inar úsáideadh é sna limistéir chomhlántacha.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 3 000 carachtar

I gcás córais faisnéise de chuid an Aontais a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/1148 a fhreastalaíonn freisin ar chuspóirí Rialachán (AE) 2021/1147 agus Rialachán (AE) 2021/1149 (ilchuspóireach) nó ar ghníomhaíochtaí a cheanglaítear faoi chreat dlíthiúil idir-inoibritheachta AE (20), líon isteach an tábla thíos.

Cuspóir sonrach

Ainm na hoibríochta

Tairbhí na hoibríochta

Cuspóir na hoibríochta

Tréimhse cur chun feidhme

Ráta cómhaoinithe

Costais incháilithe (21)

Caiteachas incháilithe (22)

 

 

 

 

 

 

 

 

2.3.   Pleanáil ilbhliantúil chun trealamh a cheannach – Airteagal 13(14), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/1148

Leag amach an phleanáil ilbhliantúil maidir le ceannach ionchasach trealaimh faoin ionstraim.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 3 000 carachtar

3.   Cur chun feidhme acquis an Aontais – Airteagal 29(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/1148

Tabhair tuairisc go hachomair ar an gcaoi, le linn na bliana cuntasaíochta, a gcuidigh an clár le cur chun feidhme acquis ábhartha an Aontais (comhlacht dhlí an Aontais) go háirithe maidir le Schengen, bainistiú teorainneacha agus beartas víosaí, agus maidir le haon phleananna gnímh ábhartha.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 4 000 carachtar

4.   Cumarsáid agus infheictheacht – Airteagal 29(2), pointe (e), de Rialachán (AE) 2021/1148

Tabhair tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta i gcrích le linn na bliana cuntasaíochta. Déan tagairt go háirithe d’aon dul chun cinn atá déanta maidir leis na cuspóirí atá leagtha amach sa straitéis chumarsáide, arna dtomhas ag na táscairí ábhartha agus ag a gcuid spriocanna. Más ábhartha, tabhair tuairisc ar aon dea-chleachtas maidir le dul i dteagmháil leis na spriocghrúpaí agus/nó torthaí na dtionscadal a scaipeadh agus leas a bhaint astu.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 4 000 carachtar

Cuir nasc chuig an tairseach suímh ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1060 ar fáil, agus, más éagsúil, chuig an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 49(1) den Rialachán sin.

 

5.   Coinníollacha cumasúcháin agus prionsabail chothrománacha

5.1.   Coinníollacha Cumasúcháin – Airteagal 29(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/1148

Tabhair tuairisc ar an gcaoi ar áirithíodh gur comhlíonadh na coinníollacha cumasúcháin is infheidhme in Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2021/1060 agus gur cuireadh i bhfeidhm iad le linn na bliana cuntasaíochta, go háirithe maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh. Más ábhartha, tabhair tuairisc ar aon athrú a raibh tionchar aige ar an gcaoi ar comhlíonadh na coinníollacha cumasúcháin, dá bhforáiltear in Airteagal 15(6) de Rialachán (AE) 2021/1060.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 5 000 carachtar

5.2.   Comhlíonadh leis na prionsabail chothrománacha – Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/1060

Tabhair tuairisc ar an gcaoi ar chinntigh tú le linn na bliana cuntasaíochta gur comhlíonadh na prionsabail chothrománacha atá leagtha síos sa Rialachán maidir le Soláthar Coiteann, go háirithe comhionannas idir fir agus mná agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn, chomh maith le hidirdhealú a sheachaint, bunaithe ar inscne, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 5 000 carachtar

6.   Tionscadail i dtríú tíortha nó i ndáil leo - Airteagal 29(2), pointe (h), de Rialachán (AE) 2021/1148

Tabhair tuairisc ar aon ghníomh a bheidh ar siúl i dtríú tíortha nó i ndáil leo le linn na bliana cuntasaíochta agus conas a thugann siad sin breisluach don Aontas maidir leis na cuspóirí atá leagtha síos ag an Ionstraim a bhaint amach. Sonraigh ainmneacha na dtríú tíortha lena mbaineann. Tabhair tuairisc a shoiléiríonn nach bhfuil na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim dírithe ar fhorbairt, go bhfreastalaíonn siad ar leas bheartais inmheánacha an Aontais agus go bhfuil siad comhsheasmhach le gníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den Aontas Eorpach. Más ábhartha, déan tagairt do na comhairliúcháin leis an gCoimisiún sular formheasadh an tionscadal (Airteagal 13(12) de Rialachán (AE) 2021/1148).

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 6 000 carachtar

7.   Achoimre – Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2021/1148

Tabhair achoimre ar Ailt 1 go 6, a aistreofar agus a chuirfear ar fáil don phobal.

Ar a laghad, ní mór go gcumhdófaí san achoimre na pointí go léir atá liostaithe in Airteagal 29(2), agus b’fhearr go mbeadh sé struchtúrtha timpeall orthu.

Spreagtar úsáid a bhaint as pointí urchair, téacs trom nó ceannteidil faisnéiseach, ionas gur féidir le geallsealbhóirí leasmhara príomh-éachtaí an chláir agus na príomhcheisteanna a mbíonn tionchar acu ar a fheidhmíocht a shainaithint go héasca.

Cuir téacs isteach anseo. Fad uasta: 7 500 carachtar


(1)  Tagraíonn sé seo don chás ina bhfuil bearna idir an spriocráta gnóthachtála ainmniúil arna thomhas ag na táscairí agus an dul chun cinn iarbhír maidir leis an gcur chun feidhme. Mar shampla, d’fhéadfadh tearcthuairisciú a dhéanamh ar aschuir agus ar thorthaí mar gheall ar shaincheisteanna le forbairt an chórais TF, oibríochtaí leanúnacha nach bhfuil aschur agus torthaí tuairiscithe fós ina leith, saincheisteanna le bailiú sonraí as a dtagann tuairisciú mall nó neamhiomlán, srl.

(2)  Tagraíonn sé seo do chás nach bhfuil an ráta gnóthachtála sprice ísle de bharr dul chun cinn mall ach go bhfuil sé ann de bharr socrú sprice mícheart nó neamhréadúil. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis ceachtanna a foghlaimíodh maidir le modheolaíocht a bhunú chun spriocanna a shocrú – amhail toimhdí míchearta nó neamhiomlána nó saincheisteanna leis na luachanna tagarmharcála a roghnaíodh – agus aon athrú atá beartaithe uirthi.

(3)  Mar shampla, saincheisteanna a bhaineann le nósanna imeachta tairisceana, saincheisteanna le nósanna imeachta iniúchta, saincheisteanna a bhaineann le heaspa acmhainní ar leibhéal an údaráis bhainistíochta, moill gan choinne maidir le glacadh an chláir, srl.

(4)  D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo, mar shampla, tosca socheacnamaíocha nó polaitiúla, athruithe ar an gcomhthéacs rialála, srl.

(5)  Mar shampla, saincheisteanna a bhaineann le raon feidhme na gníomhaíochta (e.g. critéir incháilitheachta), ús íseal ó thairbhithe nó ó rannpháirtithe, aon imeacht i gcur chun feidhme na gníomhaíochta srl.

(6)  Más ábhartha chun na críche sin, déan tagairt don fhaisnéis atá faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2021/1148 agus atá ar fáil mar thoradh ar mheastóireachtaí Schengen, arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear Cinneadh an Choiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um mheastóireacht agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27), agus Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 (IO L 160, 15.6.2022, lch. 1). Ar an gcaoi chéanna, más ábhartha, déan tagairt do mheasúnuithe leochaileachta a rinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach lena n-áirítear moltaí tar éis meastóireachtaí Schengen agus measúnuithe leochaileachta (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1) agus moltaí gaolmhara.

(7)  I gcás gníomhartha sonracha de chineál trasnáisiúnta, braitheann raon feidhme na roinne ar dháileadh na ról agus na bhfreagrachtaí idir na Ballstáit ceannais agus na Ballstáit rannpháirteacha eile, chomh maith le rogha an mhodha tuairiscithe a úsáidtear. Tugtar tuairisc air seo i nóta ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2022 - Gníomhartha sonracha trasnáisiúnta faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (BMVI), agus an Ciste Slándála Inmheánaí (ISF). – Socruithe idir comhpháirtithe (Ares (2022)1060102).

(8)  Sainmhínítear breisluach an Aontais mar thorthaí a ghiniúint thar an méid a bheadh bainte amach ag Ballstáit ag gníomhú dóibh féin.

(9)  Mar shampla, maidir le gníomhaíochtaí soláthair nó le haon bheart ullmhúcháin eile a glacadh.

(10)  Mar shampla, i dtéarmaí táirgí insoláthartha, aschuir, torthaí srl.

(11)  Mar atá leagtha amach i nóta ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2022 (Ares (2022)1060102).

(12)  Costas incháilithe iomlán na n-oibríochtaí roghnaithe, arna thuairisciú don Choimisiún faoin 31 Iúil den bhliain chuntasaíochta dheireanach.

(13)  Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna dhearbhú ag na tairbhithe don údarás bainistíochta, arna thuairisciú don Choimisiún faoin 31 Iúil den bhliain chuntasaíochta dheireanach.

(14)  Más ionann gníomhaíochtaí sonracha agus breisiú ar oibríochtaí roimhe seo agus nach bhfuil aon socrú tiomanta faireacháin ann, tuairiscigh an t-aschur agus na torthaí pro-rata.

(15)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht ghéarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lch. 112).

(18)  Go háirithe, e.g. an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – An Eoraip Dhomhanda agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA).

(19)  Ar nós comhar ar leibhéal an Aontais idir na Ballstáit, agus idir na Ballstáit agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, chomh maith le comhar ar an leibhéal náisiúnta i measc na n-údarás inniúil laistigh de gach Ballstát.

(20)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

(21)  Costas incháilithe iomlán na n-oibríochtaí roghnaithe, arna thuairisciú don Choimisiún faoin 31 Iúil den bhliain chuntasaíochta dheireanach.

(22)  Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna dhearbhú ag na tairbhithe don údarás bainistíochta, arna thuairisciú don Choimisiún faoin 31 Iúil den bhliain chuntasaíochta dheireanach.