24.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 22/6


RIALACHÁN (AE) 2023/155 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Eanáir 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa tSomáil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2010/231 ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh na Somáile agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle (2) tugtar éifeacht do bhearta dá bhforáiltear le Cinneadh 2010/231/CBES.

(2)

An 17 Samhain 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2662 (2022), lena leathnaítear, go sonrach, na critéir ainmniúcháin lena dtreoraítear cinneadh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Le Cinneadh (CBES) 2023/160 (3) ón gComhairle, leasaíodh Cinneadh (CBES) 2010/231 chun na hathruithe ar Rún 2662 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a léiriú.

(4)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 356/2010, cuirtear an méid seo in ionad mhír 3:

“3.   In Iarscríbhinn I beidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú ag an gComhairle Slándála nó ag an gCoiste Smachtbhannaí mar seo a leanas:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Somáile i mbaol, nó atá ag tacú le gníomhaíochtaí den sórt sin, ar gníomhaíochtaí iad lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(i)

gníomhaíochtaí a bhaineann le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh;

(ii)

gníomhaíochtaí a chuireann an próiseas síochána agus athmhuintearais sa tSomáil i mbaol;

(iii)

gníomhaíochtaí a chuireann Rialtas Cónaidhme na Somáile nó Misean Aistrithe an Aontais Afracaigh sa tSomáil (ATMIS) i mbaol trí fhorneart;

(b)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a ghníomhaigh de shárú ar an trádbhac arm nó ar an toirmeasc ar chúnamh gaolmhar a sholáthar nó ar na srianta maidir le hairm a athdhíol agus a aistriú mar a leagtar síos i mír 34 de Rún 2093 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;

(c)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag cur bac ar chúnamh daonnúil a sholáthar don tSomáil, nó ar rochtain ar chúnamh daonnúil nó ar chúnamh daonnúil a dháileadh sa tSomáil;

(d)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ina gceannairí polaitiúla nó míleata a earcaíonn nó a úsáideann leanaí i gcoinbhleachtaí armtha sa tSomáil de shárú ar an dlí idirnáisiúnta is infheidhme;

(e)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta is infheidhme sa tSomáil, ar sáruithe iad a bhaineann le díriú ar shibhialtaigh, leanaí agus mná ina measc, i gcásanna coinbhleachta armtha, lena n-áirítear marú agus ballbhascadh, foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, ionsaithe ar scoileanna agus ar ospidéil, agus fuadach agus easáitiú éigeantach;

(f)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bainteach le Al-Shabaab; áirítear le gníomhartha agus gníomhaíochtaí a léiríonn go bhfuil duine aonair nó eintiteas bainteach le Al-Shabaab, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

páirt a ghlacadh i maoiniú, pleanáil, éascú, ullmhú nó cur i gcrích gníomhartha nó gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag Al-Shabaab, i gcomhar le Al-Shabaab, faoi ainm Al-Shabaab, thar ceann Al-Shabaab, nó chun tacú le Al-Shabaab;

(ii)

airm agus ábhar gaolmhar a sholáthar do Al-Shabaab, a dhíol leis nó a aistriú chuige; agus

(iii)

earcú thar ceann Al-Shabaab, nó tacaíocht a thabhairt ar bhealach eile do ghníomhartha nó gníomhaíochtaí de chuid Al-Shabaab, nó de chuid aon chille, cleamhnaí, foghrúpa nó fréamhaí de.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 105, 27.4.2010, lch. 17.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa tSomáil (IO L 105, 27.4.2010, lch. 1).

(3)  Cinneadh ón gComhairle (CBES) 2023/160 an 23 Eanáir 2023 lena leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile (Féach leathanach 22 den Iris Oifigiúil seo).