15.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 56/1 |
MOLADH ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Feabhra 2023
maidir le spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí
(2023/C 56/01)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, agus go háirithe Airteagal 6(5), de (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá sé d’aidhm ag an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (“an Sásra Aontais”), a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE, an comhar idir an tAontas agus na Ballstáit a neartú agus comhordú i réimse na cosanta sibhialta a éascú chun feabhas a chur ar éifeachtacht na gcóras le haghaidh tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéanamh an duine a chosc, ullmhúchán a dhéanamh ina leith agus freagairt a thabhairt orthu. |
(2) |
De bhun Airteagal 6(5) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, tá an Coimisiún le spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí a bhunú agus a fhorbairt i réimse na cosanta sibhialta i gcomhar leis na Ballstáit, agus moltaí a ghlacadh chun iad a shainiú mar bhonnlíne choiteann neamhcheangailteach chun tacú le gníomhaíochtaí coiscthe agus ullmhachta i gcás tubaistí atá nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí trasteorann iltíre. |
(3) |
Le raon feidhme geografach spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí, cumhdaítear an tAontas agus a Bhallstáit agus na Stáit Rannpháirteacha sa Sásra Aontais (2) de bhun Airteagal 4(4a) agus Airteagal 4(12), de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE. |
(4) |
Tá an tAontas ag tabhairt aghaidh ar thubaistí nádúrtha agus ar thubaistí de dhéanamh an duine atá níos minice agus níos tromchúisí. Tá rioscaí an Aontais á ndéanamh níos measa leis an athrú aeráide agus le díghrádú comhshaoil trí mhéadú a dhéanamh ar mhinicíocht agus déine teagmhas a bhaineann leis an aimsir, truaillithe dhíobhálaigh, ganntanais uisce agus cailliúna bithéagsúlachta. Thairis sin, tá méadú ag teacht ar éifeachtaí tubaistí thar theorainneacha agus thar earnálacha. I dteannta bás daoine agus tionchair ar shláinte an duine atá mar thoradh ar thubaistí, déantar dochar do rathúnas eacnamaíoch agus bíonn na tubaistí ina gcúis le caillteanais dholeasaithe sa chomhshaol, sa bhithéagsúlacht agus san oidhreacht chultúrtha. Ba cheart athléimneacht ó thubaistí a neartú ar leibhéal an Aontais agus sna Ballstáit dá bhrí sin. Tá sé d’aidhm ag spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí athléimneacht ó thubaistí a neartú agus feabhas a chur ar acmhainneacht an Aontais agus a Bhallstát éifeachtaí tubaistí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a sheasamh. Tá sé ríthábhachtach cineálacha cur chuige uileghabhálacha agus comhtháite maidir le bainistiú rioscaí tubaistí a bheith ann chun athléimneacht a neartú. |
(5) |
Ba cheart prionsabail chothrománacha shonracha agus cineálacha cur chuige cothrománacha sonracha a bheith mar bhonn taca le neartú athléimneachta ó thubaistí. |
(6) |
Spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí a ghabhann leis an Moladh seo, bunaíodh iad i gcomhar leis na Ballstáit. |
(7) |
Tugadh aird ar leith ar riachtanais shonracha grúpaí leochaileacha agus spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí á mbunú. Ba cheart a riachtanais a chur san áireamh agus spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí á gcur chun feidhme agus á n-athbhreithniú. |
(8) |
Agus spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí á gcur chun feidhme agus á bhforbairt a thuilleadh, ba cheart sineirgí agus comhlántacht le creataí athléimneachta idirnáisiúnta ábhartha a lorg, amhail Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste agus tionscnaimh eile forbartha athléimneachta earnála de chuid an Aontais, chun feabhas a chur ar acmhainneacht fhoriomlán an Aontais agus a Bhallstát éifeachtaí tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéanamh an duine a sheasamh. |
(9) |
Dá bhrí sin, is gá comhar a dhoimhniú agus a leathnú chuig údaráis náisiúnta agus fhonáisiúnta iomchuí lasmuigh de réimse na cosanta sibhialta, agus chuig soláthróirí seirbhísí bunriachtanacha, lena n-áirítear an earnáil iompair, agus páirtithe leasmhara san earnáil phríobháideach, comhlachtaí neamhrialtasacha, an pobal taighde agus saineolaithe san oidhreacht chultúrtha. Agus sonraí á scaoileadh go tráthúil ar bhealach inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte, éascófar an comhar trasearnála agus trasteorann. |
(10) |
D’fhéadfaí comhar sibhialta-míleata a áireamh sa chomhar sin freisin i gcomhréir le Cinneadh 1313/2013/AE (3). |
(11) |
Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát, don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais faoi chuimsiú a sainorduithe faoi seach a bheith réidh chun freagairt do chineálacha agus do scálaí éagsúla tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéanamh an duine, lena n-airítear timpistí tionsclaíocha, timpistí muirí agus timpistí eile a bhaineann le hiompar, éigeandálaí sláinte agus cásanna géarchéime a bhfuil éiginnteacht mar shaintréith acu, agus teagmhais shuaiteacha a d’fhéadfadh a bheith ina ndúshláin d’oibríochtaí cosanta sibhialta nó do leanúnachas gnó. |
(12) |
De bhun Airteagal 6(5) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, tá spriocanna athléimneachta an Aontais dheasca tubaistí le bunú ar chásanna reatha agus ar chásanna réamhbhreathnaitheacha, lena n-airítear éifeachtaí an athraithe aeráide ar rioscaí tubaistí, sonraí maidir le teagmhais roimhe seo agus measúnú tionchair trasearnála agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha. An tráth céanna, tá an obair a rinneadh i ndáil le spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí le cur san áireamh i bpleanáil bainistithe tubaistí agus i gcruthú creatlaí cáis, mar a leagtar amach in Airteagal 10 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE. Dá bhrí sin, tá dlúthnasc idir forbairt na spriocanna agus cruthú na creatlaí cáis. Cé go soláthrófar leis na cásanna fianaise agus faisnéis is sonrach do rioscaí ar cheart dóibh a bheith mar bhonn taca le ceapadh na spriocanna, ba cheart réimsí atá tábhachtach ó thaobh athléimneachta ó thubaistí de a shainaithint le spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí agus, ar an gcaoi sin, bonn eolais a chur faoi chruthú creatlaí cáis. |
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí ar bhonn leanúnach i bhfianaise an dul chun cinn a rinneadh ina bhforbairt agus ina gcur chun feidhme, cúinsí nua agus riachtanas athraitheach. |
(14) |
Ba cheart faisnéis thráthrialta a sholáthar inter alia maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtreo spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí leis an tuairisciú de bhun Airteagal 34(2) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
ÁBHAR AGUS CUSPÓIR
1. |
De bhun Airteagal 6(5) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, bunaítear leis an Moladh seo spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí i réimse na cosanta sibhialta chomh maith le prionsabail ghinearálta maidir lena gcur chun feidhme, lena dtuairisciú agus lena n-athbhreithniú. |
2. |
Is bonnlíne choiteann neamhcheangailteach iad spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí chun tacú le gníomhaíochtaí coiscthe agus ullmhachta i gcás tubaistí atá nó a d’fhéadfadh a bheith ina ina gcúis le héifeachtaí trasteorann iltíre, chun feabhas a chur ar acmhainneacht an Aontais agus a Bhallstát aghaidh a thabhairt ar thubaistí den sórt sin agus a n-éifeachtaí a sheasamh. Sainaithnítear leis na spriocanna réimsí tosaíochta agus cuspóirí sonracha gaolmhara chun athléimneacht an tSásra Aontais agus na mBallstáit ó thubaistí a neartú. |
PRIONSABAIL CHOTHROMÁNACHA AGUS CINEÁLACHA CUR CHUIGE COTHROMÁNACHA ATÁ MAR BHONN TACA FAOI ATHLÉIMNEACHT Ó THUBAISTÍ
3. |
Tá timpeallacht na rioscaí ag athrú go tapa. Bíonn iarmhairtí trasteorann agus trasearnála ag tionchair tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéanamh an duine atá níos minice agus níos déine, agus is cúis iad le caillteanais dhaonna agus caillteanais eacnamaíocha. D’fhonn cumas na ngníomhaithe cosanta sibhialta a chaomhnú chun réimse leathan teagmhas suaiteach a bhainistiú go héifeachtach amach anseo, is gá athléimneacht ó thubaistí a neartú. |
4. |
Maidir le neartú athléimneachta ó thubaistí i réimse na cosanta shibhialta, ba cheart é a bheith mar seo a leanas:
|
SPRIOCANNA ATHLÉIMNEACHTA AN AONTAIS DE DHEASCA TUBAISTÍ
5. |
Agus athléimneacht ó thubaistí i réimse na cosanta sibhialta á neartú, iarrtar go ndéanfaí gníomhaíocht sna réimsí seo a leanas:
|
6. |
San Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo, leagtar amach spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí a liostaítear i mír 5. |
7. |
Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún na gníomhaíochtaí agus na bearta is gá a dhéanamh faoin Sásra Aontais chun spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí a bhaint amach. Moltar dóibh comhar a chothú le comhpháirtithe náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta, le heagraíochtaí sochaí sibhialta agus le páirtithe leasmhara san earnáil phríobháideach. |
8. |
Moltar dóibh sineirgí agus comhlántacht a áirithiú le creataí, straitéisí, pleananna agus cláir ábhartha athléimneachta idirnáisiúnta, Eorpacha nó náisiúnta chun acmhainneacht fhoriomlán an Aontais agus na mBallstát a neartú a thuilleadh chun éifeachtaí tubaistí a sheasamh. |
9. |
Go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (c), de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, tá na Ballstáit le spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí agus na rioscaí a bhaineann le tubaistí atá nó a d’fhéadfadh a bheith ina ina gcúis le héifeachtaí trasteorann iltíre a chur san áireamh agus pleanáil bainistithe rioscaí tubaistí á forbairt a thuilleadh acu ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le comhar trasteorann. |
10. |
Moltar do na Ballstáit a bheith rannpháirteach sna hathbhreithnithe piaraí ar an measúnú ar chumas bainistithe rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (e), de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE chun tacú le cur chun feidhme spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí. |
11. |
Ba cheart don Choimisiún tacú le cur chun feidhme spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí, tríd an Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta, a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, agus trí bhearta eile faoin Sásra Aontais. |
ATHBHREITHNIÚ AGUS TUAIRISCIÚ
12. |
Ba cheart athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí ar bhonn leanúnach i bhfianaise an dul chun cinn a dhéantar ar a gcur chun feidhme agus mar thoradh ar chúinsí nua agus ar riachtanais atá ag athrú, tríd an gcruthú creataí cáis agus tríd an bpleanáil bainistithe tubaistí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE á gcur san áireamh. |
13. |
Chun críoch tuairiscithe dhébhliantúil, de bhun Airteagal 34(2) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, moltar dlúthchomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun modheolaíocht a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar i gcur chun feidhme spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí. Le modheolaíocht den sórt sin, ba cheart anailís ar staid na hoibre agus na bonnlínte le haghaidh gach ceann de na réimsí a chumhdaítear leis na spriocanna a áireamh agus táscairí oiriúnacha a shainaithint. |
14. |
Moltar do na Ballstáit faisnéis ábhartha a sholáthar don Choimisiún maidir le cur chun feidhme spriocanna athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Janez LENARČIČ
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 924.
(2) I bhfianaise Airteagal 28(1), de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, i gcás ina dtagraítear do na Ballstáit, tá sé le tuiscint go n-airítear ann Stáit Rannpháirteacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(12) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE. Tá an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Íoslainn, an Íoslainn, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an t-Iorua, an tSeirbia, agus an Tuirc rannpháirteach sa Sásra Aontais.
(3) D’fhéadfadh gur bhealach tábhachtach chun cuidiú le freagairt do thubaistí é úsáid a bhaint as modhanna míleata faoi stiúir sibhialtach mar rogha dheireanach. I gcás ina measfar gurb iomchuí acmhainneachtaí míleata a úsáid chun tacú le hoibríochtaí cosanta sibhialta, ba cheart na módúlachtaí, na nósanna imeachta agus na critéir arna mbunú ag an gComhairle nó ag a comhlachtaí inniúla chun acmhainneachtaí míleata ábhartha do chosaint shibhialta a chur ar fáil do Shásra an Aontais a leanúint le haghaidh comhar leis na seirbhísí míleata agus ba cheart an comhar sin a dhéanamh i gcomhréir leis na treoirlínte idirnáisiúnta ábhartha.
IARSCRÍBHINN
Sprioc athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí Uimh. 1: Réamh-mheas - Feabhas a chur ar mheasúnú riosca, ar réamh-mheas agus ar phleanáil bainistithe rioscaí tubaistí
Réamhchoinníoll chun iarmhairtí díobhálacha tubaistí a chosc nó a mhaolú is ea tuiscint mhaith ar na rioscaí atá ann cheana agus ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún leanúint d’fheabhas a chur ar a gcumas rioscaí tubaistí a shainaithint agus a mheasúnú, go háirithe na rioscaí sin a bhféadfadh tionchair thrasteorann agus thrasearnála a bheith acu. Le cásanna tubaistí uile-Eorpacha, ba cheart feabhas a chur ar acmhainneacht an Aontais géarchéimeanna agus baol don bheatha agus don tsláinte a bheidh ann amach anseo a réamh-mheas. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún cur le measúnuithe riosca earnáilsonracha agus ilearnála freisin (1) . Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún gníomhaíocht oirchilleach a dhéanamh trí bhearta nithiúla coisctheacha agus ullmhachta agus pleanáil bainistithe rioscaí a rith, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí. Ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as an tacaíocht atá ar fáil faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (an “Sásra Aontais”) agus faoi chistí eile de chuid an Aontais (2) chun infheistíochtaí cliste a chur chun cinn i gcosc tubaistí chun saoránaigh a chosaint ar thubaistí, oiriúnú don athrú aeráide agus an t-aistriú glas a chur chun cinn.
Cuspóir: Feabhas a chur ar chumas an Aontais agus na mBallstát rioscaí ábhartha tubaistí a shainaithint agus a mheasúnú, ar tubaistí iad a bhféadfadh tionchair thrasteorann agus thrasearnála a bheith acu, agus an fhaisnéis sin a úsáid chun gníomhaíochtaí coiscthe agus ullmhachta i gcás tubaistí a threisiú, lena n-airítear straitéisí laghdaithe riosca, réamh-mheas tubaistí, pleanáil bainistithe rioscaí agus gníomhaíochtaí freagartha, faoi 2030.
Chun tacú le cur chun feidhme na sprice sin agus chun faireachán a dhéanamh uirthi, ba cheart na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú:
Cuspóirí sonracha
1.1 |
Feabhas a chur ar an gcumas uile-Aontais maidir le cruthú creatlaí cáis:
Faoi dheireadh 2023, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, forbairt príomhchásanna trasearnála trasteorann a chur i gcrích, lena gcumhdaítear 16 phríomhghuais ar a bhfuil an tAontas neamhchosanta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear a gcásanna tubaistí san áireamh i gcásanna uile-Eorpacha. Leis na cásanna, ba cheart bonn eolais a chur faoi ghníomhaíochtaí coiscthe, gníomhaíochtaí ullmhachta, lena n-airítear straitéisí laghdaithe rioscaí tubaistí, gníomhaíochtaí réamh-mheasta tubaistí agus gníomhaíochtaí pleanála bainistithe riosca agus gníomhaíochtaí freagartha de chuid an Aontais agus na mBallstát ina dhiaidh sin. Tar éis 2023, ba cheart cásanna a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú ar bhonn leanúnach de réir mar is gá. |
1.2 |
Chun feabhas a chur ar mheasúnú riosca:
Ba cheart don Choimisiún tuilleadh feabhais a chur ar fhorbhreathnú an Aontais ar rioscaí tubaistí nádúrtha agus ar rioscaí tubaistí de dhéanamh an duine i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (c), de Chinneadh 1313/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun peirspictíocht chuimsitheach Eorpach a sholáthar i leith rioscaí tubaistí. Le forbhreathnú an Aontais ar rioscaí tubaistí, ba cheart cur le measúnuithe riosca náisiúnta, fonáisiúnta agus trasteorann i réimse na cosanta sibhialta agus le measúnuithe riosca uile-Aontais ábhartha (4), chomh maith le measúnuithe riosca earnáilsonracha agus ilearnála a dhéantar i gcomhréir le dlí an Aontais. Ba cheart an measúnú riosca ar leibhéal an Aontais a bheith bunaithe ar shainaithint fheabhsaithe agus ar anailís trasearnála ar phríomhrioscaí agus ar rioscaí atá ag teacht chun cinn, a n-éifeachtaí leathnaitheacha, limistéir agus grúpaí atá neamhchosanta nó leochaileach, agus ba cheart limistéir san Aontas a bhfuil rioscaí comhchosúla ag bagairt orthu a chur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit tuilleadh feabhais a chur ar an measúnú riosca de réir mar is iomchuí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fonáisiúnta agus le haghaidh riosca trasteorann. Ba cheart cur chuige ilghuaise a leanúint le measúnuithe riosca sna Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn agus measúnú ar rioscaí trasteorann, tionchair an athraithe aeráide agus na héifeachtaí leathnaitheacha a chur san áireamh. Le measúnuithe riosca náisiúnta, fonáisiúnta agus trasteorann i réimse na cosanta sibhialta, ba cheart cur le measúnuithe riosca a dhéantar i réimsí beartais gaolmhara agus tacú leo. |
1.3 |
Chun feabhas a chur ar an gcumas a bheith oirchilleach ar rioscaí agus ar thubaistí:
Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta agus gníomhaíochtaí réamh mheasta riosca a neartú a thuilleadh i dteannta cruthú creataí cáis, amhail scanadh ionchais, anailís agus taighde, chun sainaithint luath rioscaí agus dúshlán atá ann faoi láthair agus sainaithint luath rioscaí agus dúshlán nua a éascú, agus chun tacú le gníomhaíocht oiriúnaitheach, choisctheach agus ullmhachta a dhéanamh maidir le teagmhais shuaiteacha atá ag teacht. |
1.4 |
Chun feabhas a chur ar phleanáil bainistithe rioscaí:
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an measúnú ar riachtanais agus ar bhearnaí acmhainneachtaí an tSásra Aontais bunaithe ar mheasúnuithe riosca agus ar chásanna trasearnála agus go leantar cur chuige ilghuaise leo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go leantar cur chuige ilghuaise le straitéisí, creataí agus pleananna bainistithe rioscaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fonáisiúnta de réir mar is iomchuí. Ba cheart na straitéisí, na creataí nó na pleananna a bheith bunaithe ar chásanna ábhartha, ar chomhar trasteorann agus trasearnála agus ba cheart oiriúnú, cosc agus ullmhacht a áirithiú leo. Ba cheart do na Ballstáit tuilleadh forbartha a dhéanamh ar phleananna bainistithe rioscaí le haghaidh rioscaí trasteorann ar bhonn comhar feabhsaithe i limistéir thrasteorann. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tionchair an athraithe aeráide, éifeachtaí leathnaitheacha tubaistí agus riachtanais shonracha grúpaí leochaileacha a chur san áireamh de réir mar is iomchuí. |
1.5 |
Chun feabhas a chur ar chumas na cosanta sibhialta gníomhaíochtaí coisctheacha a fhorbairt:
Ba cheart d’údaráis cosanta sibhialta na mBallstát a ngníomhaíochtaí coiscthe a fheabhsú, lena n-áirítear gníomhaíocht “atógála chun feabhais” a dhéanamh tar éis tubaistí (5) chun leibhéal ard cosanta ar thubaistí a bhaint amach. |
Sprioc athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí Uimh. 2: Ullmhaigh - Feasacht agus ullmhacht an phobail i leith rioscaí a mhéadú
Cuid ríthábhachtach d’athléimneacht ó thubaistí is ea pobal atá feasach ar rioscaí agus atá ullmhaithe ina leith toisc go mbíonn daoine aonair agus pobail ar na chéad daoine dá ndéantar difear agus na chéad daoine a fhreagraíonn do thubaistí. Laghdaítear iarmhairtí diúltacha tubaistí le feasacht an phobail ar rioscaí agus eolas leordhóthanach maidir le conas tubaistí a chosc, conas ullmhúchán a dhéanamh ina leith agus conas freagairt a thabhairt orthu. Ba cheart dó eolas an phobail ar rioscaí tubaistí agus ar bhearta coiscthe a mhéadú; feabhas a chur ar fhéinchosaint, iompraíocht agus ullmhacht na ndaoine aonair agus na bpobal chun freagairt do thubaistí agus cultúr coiscthe rioscaí agus muiníne as údaráis cosanta sibhialta a chothú. Le tacaíocht ón gCoimisiún, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur le hiarrachtaí cumarsáide poiblí chun cosc agus ullmhacht i gcás tubaistí a chur i saol laethúil na saoránach agus chun rannpháirtíocht shibhialta agus tionscnaimh atá bunaithe ar shaorálaithe a chur chun cinn le haghaidh cosc agus ullmhacht i gcás tubaistí. Ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar, de réir mar is iomchuí, le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe, lena n-áirítear an earnáil phríobháideach agus eagraíochtaí sochaí sibhialta, agus i gcomhthéacs trasteorann freisin.
Cuspóir: An leibhéal feasachta ar rioscaí tubaistí agus ar leibhéal ullmhachta phobal an Aontais i ngach ceann de na Ballstáit a mhéadú go mór faoi 2030.
Chun tacú le cur chun feidhme na sprice sin agus chun faireachán a dhéanamh uirthi, ba cheart na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú:
Cuspóirí sonracha
2.1 |
Leibhéal foriomlán na feasachta ar rioscaí a mhéadú:
Ba cheart do na Ballstáit tuilleadh forbartha a dhéanamh ar straitéisí ardaithe feasachta ar rioscaí agus dlús a chur le gníomhaíochtaí ardaithe feasachta chun a áirithiú go dtiocfaidh méadú ar leibhéal na feasachta ar rioscaí réigiúnacha agus ar phríomhrioscaí náisiúnta i measc an phobail. Ba cheart cónaitheoirí séasúracha a chumhdach le straitéisí ardaithe feasachta ar rioscaí, de réir mar is iomchuí. Ba cheart don Choimisiún tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát i leith feasachta ar rioscaí agus iad a chomhlánú, i gcás inarb ábhartha, le gníomhaíochtaí ardaithe feasachta ar rioscaí ar leibhéal an Aontais.
|
2.2 |
Chun feabhas a chur ar rochtain an phobail ar fhaisnéis faoi rioscaí tubaistí:
Ba cheart d’údaráis an Aontais agus na mBallstát a áirithiú gur féidir leis an bpobal san Aontas rochtain éasca a fháil ar fhaisnéis faoi rioscaí tubaistí agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu. Ba cheart d’údaráis an Aontais agus na mBallstát riachtanais shonracha agus cúinsí sonracha grúpaí leochaileacha agus daoine faoi mhíchumas a chur san áireamh agus faisnéis faoi rioscaí tubaistí á soláthar acu. |
2.3 |
Feasacht agus glacadh beart coiscthe rioscaí agus beart ullmhachta a mhéadú i measc an phobail:
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh feasacht níos mó ag an bpobal, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha agus daoine faoi mhíchumas, ar bhearta coiscthe rioscaí agus ar na gníomhaíochtaí a d’fheadfadh siad a dhéanamh in aghaidh na dtubaistí is coitianta. Mar thoradh air sin, ba cheart an sciar den phobal a bhfuil bearta coiscthe agus ullmhachta glactha acu a mhéadú. Ba cheart don Choimisiún tacú le gníomhaíochtaí coiscthe riosca agus gníomhaíochtaí ullmhachta poiblí na mBallstát agus iad a chomhlánú le gníomhaíocht ábhartha ar leibhéal an Aontais. |
2.4 |
Feabhas a chur ar chultúr an choiscthe rioscaí i measc an phobail:
Ba cheart do na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh:
Ba cheart don Choimisiún tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun cultúr coiscthe rioscaí a fheabhsú agus iad a chomhlánú le gníomhaíocht ábhartha ar leibhéal an Aontais. |
Sprioc athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí Uimh. 3: Tabhair foláireamh- Luathrabhadh a fheabhsú
Tá córais éifeachtacha luathrabhaidh agus faireacháin criticiúil chun tubaistí a réamh-mheas agus chun ullmhúchán a dhéanamh ina leith. Leis na córais sin, cuidítear le húdaráis phoiblí agus le daoine atá faoi bhagairt ag tubaistí gníomhú in am trátha chun gortuithe, bás agus damáiste do mhaoin, don chomhshaol agus don oidhreacht chultúrtha a íoslaghdú. Ba cheart measúnú rialta a dhéanamh ar chórais luathrabhaidh agus feabhas a chur orthu ar leibhéal an Aontais agus sna Ballstáit. Ba cheart neartú a dhéanamh ar phríomhfheidhmeanna córas luathrabhaidh, amhail réamhaisnéis, brath, faireachán a dhéanamh ar ghuaiseacha agus ar a dtionchar, agus rabhadh tráthúil atá éasca a thuiscint a thabhairt don phobal lena n-áirítear grúpaí leochaileacha. Ba cheart don Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC) tacú go réamhghníomhach leis na Ballstáit agus leis an húdaráis cosanta sibhialta trí mhearmheasúnuithe tionchair ar éileamh a chur ar fáil le haghaidh teagmhas a bhraitear nó ar a ndéantar réamhaisnéis.
Cuspóir: Chun feabhas a chur ar éifeachtacht agus idir-inoibritheacht córas luathrabhaidh san Aontas, faoi 2030, chun freagairt thráthúil éifeachtach ar thubaistí a éascú agus chun drochthionchair na dtubaistí sin a sheachaint nó a laghdú, lena ndírítear go háirithe ar luathrabhadh a neartú i gcás rioscaí a bhfuil tionchair trasteorann iltíre acu agus i gcás príomhrioscaí náisiúnta.
Chun tacú le cur chun feidhme na sprice sin agus chun faireachán a dhéanamh uirthi, ba cheart na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú:
Cuspóirí sonracha
3.1 |
Chun feabhas a chur ar an gcumas réamhaisnéise, braite agus faireacháin:
Ba cheart don Choimisiún, go háirithe ERCC, d’údaráis ábhartha an Aontais agus do na Ballstáit feabhas a chur ar a n-acmhainneacht maidir le guaiseacha agus tionchair a réamhaisnéisiú, a bhrath agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear trí chomhordú níos fearr maidir le rioscaí trasteorann agus trí chomhtháthú níos fearr agus idir-inoibritheacht níos fearr na gcóras. Ba cheart breithnithe maidir leis an athrú aeráide agus maidir le díghrádú comhshaoil a chomhtháthú le córais braite agus réamhaisnéise i gcás inarb ábhartha. |
3.2 |
Chun feabhas a chur ar rabhadh poiblí:
Ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar a gcórais rabhaidh phoiblí chun cumarsáid níos fearr a dhéanamh i ndáil le tionchair rioscaí, éigeandálaí agus géarchéimeanna a bhfuiltear ag súil leo agus maidir leis an ngníomhaíocht atá le déanamh ina leith. Ba cheart comhordú idir na húdaráis agus na seirbhísí lena mbaineann a chothú. Ba cheart sreafaí faisnéise agus freagrachtaí atá suite go soiléir a shainiú. Ba cheart rabhadh poiblí sna Ballstáit a bhunú ar shocruithe feabhsaithe maidir le rabhadh i gcás tubaistí trasteorann. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear riachtanais ilteangacha an phobail san áireamh sa rabhadh poiblí, agus go bhfuil sé cuimsitheach agus go ndéantar é a oiriúnú chun freastal ar riachtanais shonracha grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear riachtanais daoine faoi mhíchumas. Ba cheart foláirimh a scaipeadh ar an bpobal atá i mbaol ar bhealach tráthúil éifeachtach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtuigeann an pobal comharthaí agus teachtaireachtaí rabhaidh phoiblí go soiléir. |
Sprioc athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí Uimh. 4: Tabhair freagra - Acmhainneacht freagartha an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta a fheabhsú
Tá iarrataí ar chúnamh ag éirí níos minice agus tá riachtanais freagartha ag éirí níos éagsúla. Ba cheart an Sásra Aontais a bheith ullamh chun freagairt do rioscaí atá ag teacht chun cinn agus do mhéadú is dócha a thiocfaidh ar thubaistí trasteorann iltíre. Dá bhrí sin, ba cheart an Sásra Aontais a neartú le cineál agus líon iomchuí na n-acmhainní chun leanúint de thacaíocht éifeachtach a thabhairt do na Ballstáit chun freagairt do thubaistí a sháraíonn a n-acmhainneachtaí náisiúnta. Ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar riachtanais acmhainneachta freagartha an tSásra Aontais. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, leanúint d’acmhainneachtaí freagartha ábhartha a fhorbairt sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta agus in rescEU de réir mar is gá.
Cuspóir: Tuilleadh feabhais a dhéanamh, faoi 2024, ar acmhainneacht freagartha an tSásra Aontais i réimsí na freagartha ar fhalscaithe, tuilte, riachtanais chuardaigh agus tarrthála, teagmhais cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN) agus sláinte éigeandála. Thairis sin, faoi 2024, déanfar tuilleadh forbartha ar an sprioc sin agus ar a cuspóirí sonracha agus cuirfear acmhainneachtaí leo i réimsí amhail dídean shealadach, soláthairtí éigeandála fuinnimh agus iompar.
Chun tacú le cur chun feidhme na sprice sin agus chun faireachán a dhéanamh uirthi, ba cheart na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú:
Cuspóirí sonracha (7)
4.1 |
I réimse na freagartha ar fhalscaithe (8):
Leis an Sásra Aontais, ba cheart a bheith in ann, ar a laghad, freagairt go comhuaineach do riachtanais i 6 Bhallstát le hacmhainneachtaí aerchomhraic dóiteáin foraoise nuair a sháraítear acmhainneachtaí náisiúnta, ar feadh lá amháin ar a laghad agus ar feadh 7 lá ar a mhéad. Ag an am céanna, leis an Sásra Aontais, ba cheart a bheith in ann, ar a laghad, freagairt go comhuaineach do riachtanais i 4 Bhallstát ina sáraítear acmhainneachtaí freagartha náisiúnta le hacmhainneachtaí comhraic falscaithe ar an talamh, ar feadh 7 lá ar a laghad agus ar feadh 14 lá ar a mhéad. Ina theannta sin, leis an Sásra Aontais, ba cheart a bheith in ann foirne comhairleacha agus measúnaithe maidir le comhrac dóiteáin a imscaradh chun comhairle theaicticiúil a thabhairt i gcás dhá iarraidh chomhuaineacha ar chúnamh de dheasca falscaithe. |
4.2 |
I réimse na freagartha tuilte:
Leis an Sásra Aontais, ba cheart a bheith in ann, ar a laghad, freagairt do theagmhas tuilte lena ndéantar difear comhuaineach do 3 Bhallstát ar a laghad ina sáraítear acmhainneachtaí freagartha náisiúnta. Le freagairt den sórt sin, ba cheart, ar a laghad, an cumas iomlán a chumhdach chun ar a laghad 20 000 m3 uisce in aghaidh na huaire a chaidéalú, ar feadh suas le 21 lá. Ina theannta sin, leis an Sásra Aontais, ba cheart a bheith in ann srianadh tuilte, bainistiú dramhaíola, measúnú ar dhambaí agus oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a áirithiú i gcás tuilte. |
4.3 |
I réimse na freagartha cuardaigh agus tarrthála:
Leis an Sásra Aontais, ba cheart a bheith in ann, ar a laghad, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a dhéanamh go comhuaineach i 4 Bhallstát ar a laghad i dtimpeallachtaí éagsúla agus i gcás cineálacha éagsúla tubaistí. Le freagairt den sórt sin, cumhdaítear oibríochtaí ar feadh 24 uair an chloig in aghaidh an lae ar feadh 7 lá i meándálaí cuardaigh agus tarrthála i gceantair uirbeacha agus ar feadh 10 lá i ndálaí troma cuardaigh agus tarrthála i gceantair uirbeacha. Ba cheart cumas breise a bheith in-imscartha le haghaidh oibríochtaí sonracha cuardaigh agus tarrthála ar shléibhte agus in uaimheanna chomh maith le saineolaithe i réimsí na bolceolaíochta, na seismeolaíochta, an mheasúnaithe ar dhambaí agus na hinnealtóireachta struchtúr. |
4.4 |
I réimse na freagartha CBRN:
Leis an Sásra Aontais, ba cheart a bheith in ann, ar a laghad, freagairt go comhuaineach d’iarrataí ó 3 Bhallstát le haghaidh riachtanais dí-éillithe ar feadh 14 lá i ndiaidh a chéile ar a laghad le haghaidh 500 duine san iomlán, lena n-airítear 50 duine a gortaíodh, 15 000 m2 de dhromchlaí faoin aer agus 200 m2 de dhromchlaí taobh istigh in aghaidh na huaire, ag glacadh leis gur féidir an dí-éilliú a dhéanamh le huisce, lena n-áirítear an cumas trealamh criticiúil nó fianaise chriticiúil a dhí-éilliú. Ina theannta sin, leis an Sásra Aontais, ba cheart a bheith in ann, ar a laghad, freagairt go comhuaineach d’iarrataí ó 2 Bhallstát le haghaidh faireachán raideolaíoch agus núicléach ar feadh 10 lá i ndiaidh a chéile ar a laghad le haghaidh 100 duine, 10 bhfeithicil, 10 000 m2 de dhromchlaí faoin aer agus 1 000 m2 de dhromchlaí taobh istigh, in aghaidh na huaire. Thairis sin, leis an Sásra Aontais, ba cheart a áirithiú go bhfuil an cumas ann comhairle shonrach a bhaineann le CBRN a chur ar fáil trí imscaradh nó trí shiarshíneadh. |
4.5 |
I réimse na práinnfhreagartha sláinte (9):
Leis an Sásra Aontais, ba cheart a bheith in ann, ar a laghad, freagairt go comhuaineach d’iarrataí ó 3 Bhallstát ar fhreagairt ar an ngá atá le cóir leighis a chur ar mhéid iomlán de 800 othar seachtrach an aghaidh an lae ar feadh íostréimhse 2 sheachtain, trí Fhoireann éigeandála leighis chineál 1 (EMT1): modúil Chúraim Éigeandála Othar Seachtrach, obrádlanna le haghaidh méid iomlán 60 othar cónaitheach a bhunú, trí Fhoireann éigeandála leighis chineál 2 (EMT2): modúil Éigeandála Máinliachta Othar Cónaitheach. Áirítear le freagairtí den sórt sin an cumas íosta 45 obráid mhionmháinliachta a dhéanamh in aghaidh an lae ar feadh 2 sheachtain. Leis an Sásra Aontais, ba cheart a bheith in ann, ar a laghad, freagairt go comhuaineach d’iarrataí ó 5 Bhallstát le haghaidh riachtanais aslonnaithe leighis le hacmhainneacht iomlán 24 othar dianchúraim agus 200 othar neamh-dhianchúraim in aghaidh an lae chomh maith le 6 othar ar a bhfuil galair ríthógálacha in aghaidh an lae ar feadh 14 lá ar a mhéad. Leis an Sásra Aontais, ba cheart a bheith in ann, ar a laghad, freagairt go comhuaineach d’iarrataí ó 3 Bhallstát ar anailís saotharlainne soghluaiste, lena n-áirítear acmhainneachtaí féideartha CBRN, ag a bhfuil acmhainneacht iomlán 150 sampla in aghaidh an lae ar feadh tréimhse 14 lá ar a mhéad. Ina theannta sin, leis an Sásra Aontais, i gcomhar leis an Údarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA), ba cheart infhaighteacht frithbheart leighis criticiúil agus rochtain orthu a áirithiú, go háirithe táirgí teiripeacha agus feistí leighis, chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte. Thairis sin, leis an Sásra Aontais, ba cheart a bheith in ann comhairle shonrach maidir leis an tsláinte phoiblí agus le heipidéimeolaíocht a chur ar fáil trí shaineolaithe ábhartha a imscaradh ar an láthair agus, dé réir mar is gá, trí shaineolas siarshínte. |
Sprioc athléimneachta an Aontais de dheasca tubaistí Uimh. 5: Daingnigh - Córas Cosanta Sibhialta láidir a áirithiú
Ba cheart don Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC) agus údaráis cosanta sibhialta sna Ballstáit leanúint dá leanúnachas gnó a threisiú. An tráth céanna, ba cheart dóibh a bpleanáil leanúnachais gnó a oiriúnú do thubaistí trasearnála trasteorann. Chuige sin, ba cheart do ERCC agus d’údaráis cosanta sibhialta sna Ballstáit comhar trasearnála trasteorann a áirithiú agus comhpháirtíochtaí a chothú le comhpháirtithe amhail an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí saorálaithe. Leis an Sásra Aontais, ba cheart tacú le tástálacha struis a dhéanamh chun leanúnachas gnó na n-ionad oibríochtaí éigeandála a thástáil agus oibriú leis na Ballstáit ar an obair leantach maidir le ceachtanna foghlamtha agus le moltaí.
Cuspóir: Leanúnachas gnó ERCC agus na gcontrapháirteanna cosanta sibhialta sna Ballstáit a áirithiú faoi 2027 agus a bpríomhfheidhmeanna a choinneáil ar bun, lena n-airítear in imthosca tromchúiseacha cásanna tubaistí a bhfuil tionchair leathnaitheacha trasearnála trasteorann acu, tubaistí comhthráthacha agus athfhillteacha, éigeandálaí fada agus rioscaí tubaistí nua atá ag teacht chun cinn.
Chun tacú le cur chun feidhme na sprice sin agus chun faireachán a dhéanamh uirthi, ba cheart na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú:
Cuspóirí sonracha
5.1 |
Chun feabhas a chur ar an gcumas pleanála leanúnachais gnó:
Ba cheart do ERCC agus do chontrapháirteanna na mBallstát athbhreithniú rialta a dhéanamh ar phleananna agus ar nósanna imeachta chun iad a dhéanamh níos solúbtha agus níos inoiriúnaithe maidir leis na hiarmhairtí a mheastar a bheidh ag tubaistí atá ann faoi láthair agus ag tubaistí a bheidh ann amach anseo. Ba cheart pleananna agus nósanna imeachta a bhunú ar chásanna agus ar mheasúnú tionchair. Ba cheart dóibh, de réir mar is iomchuí,saincheisteanna a chumhdach, saincheisteanna amhail: bainistiú foirne, oiliúint rialta agus cleachtaí rialta, bainistiú an tslabhra soláthair agus riachtanais trealaimh, stoc-charnadh, iomarcaíochtaí, athléimneacht agus slándáil córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC). |
5.2 |
Chun feabhas a chur ar an gcumas comhordaithe trasearnála:
Ba cheart do ERCC agus do chontrapháirteanna na mBallstát na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
5.3 |
Chun feabhas a chur ar an gcumas comhordaithe trasteorann:
Ba cheart do ERCC agus do chontrapháirteanna na mBallstát na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
5.4 |
Chun feabhas a chur ar an gcumas i ndáil le cumarsáid agus bainistiú faisnéise maidir le rioscaí tubaistí:
Ba cheart do ERCC agus do chontrapháirteanna na mBallstát na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
5.5 |
Chun feabhas a chur ar an gcumas meastóireachta iarthubaiste:
Ba cheart do ERCC agus do chontrapháirteanna na mBallstát na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(1) Measúnuithe riosca, ar leibhéil éagsúla rialachais agus ó ghníomhaithe éagsúla ag brath ar an gcás, tá siad, mar shampla, i dTreoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164); Rialachán (AE) Uimh. 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26); Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1); Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú rioscaí tuilte (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27).
(2) I measc samplaí de chistí ábhartha de chuid an Aontais tá an tSaoráid Athléimneachta agus Téarnaimh, Cistí an Bheartais Chomhtháthaithe, an Ciste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, Fís Eorpach agus Clár LIFE.
(3) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(4) Áirítear le measúnuithe rioscaí uile-Aontais mar shampla measúnú riosca aeráide na hEorpa, sa bhreis ar phointe 14 de “Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú - Straitéis nua an Aontais maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide”, COM(2021) 82 final an 24 Feabhra 2021.
(5) Le “hatógáil chun feabhais” tar éis tubaiste, tugtar le tuiscint go gcuirtear cosc, laghdú rioscaí tubaistí, glasú agus prionsabail forbartha agus gnéithe dearaidh eile san áireamh, seachas a bheith ag atógáil ar an mbealach céanna agus a rinneadh roimh an tubaiste.
(6) Ar bhonn an tsainmhínithe ar phobal i suirbhéanna Eorabharaiméadair i réimse na cosanta sibhialta: cónaitheoirí na mBallstát ó 15 bliana d’aois.
(7) Tá sainmhíniú na gcuspóirí sonracha bunaithe ar íoscheanglais theicniúla na n-acmhainneachtaí freagartha sna réimsí áirithe mar a shainmhínitear sna Cinntí Cur Chun Feidhme ábhartha ón gCoimisiún agus ar thaithí oibríochtúil agus ar aiseolas ó shaineolaithe na mBallstát maidir le húsáid na n-acmhainneachtaí sin.
(8) Mar gheall ar shaincheisteanna táirgthe, meastar go mbainfear amach cumas iomlán i leith aerchomhrac dóiteáin foraoise faoi 2030.
(9) Eisiatar stoc-charn rescEU EMT2 leis na spriocanna práinnfhreagartha sláinte, ar stoc-charn é atá á fhorbairt faoi láthair agus a mheastar a bheith ag feidhmiú go hiomlán tar éis 2024.