|
30.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 213/1 |
CINNEADH (AE) 2023/1665 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Lúnasa 2023
lena gceartaítear Cinneadh (AE) 2023/1409 ón gCoimisiún an lena dtugtar treoir do Riarthóir Lárnach Chlárlann an Aontais barrachas an Aontais a chur ar ais chuig na Ballstáit agus chuig an Ríocht Aontaithe ag deireadh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2015/1339 ón gComhairle a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus comhlíonadh comhpháirteach na ngealltanas faoi (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tar éis ghlacadh Chinneadh (AE) 2023/1409 (2) ón gCoimisiún, shainaithin an Coimisiún earráid maidir le ríomh ghlanbharrachas an Aontais. |
|
(2) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá an Cinneadh ón gCoimisiún thuasluaite a cheartú agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis a ionadú, a mhéid a bhaineann le méid iomlán bharrachas an Aontais agus barrachas an Aontais arna leithdháileadh ar na Ballstáit. |
|
(3) |
Tar éis sciar na bhfáltas a aistriú chuig an gCiste Oiriúnaithe, tá glanbharrachas Aontais 2 156 103 762 aonad de mhéid sannta i gClárlann an Aontais seachas 2 215 147 885 aonad dá dtagraítear i gCinneadh ón gCoimisiún an 4 Iúil 2023, atá thuasluaite. Ba cheart na haonaid sin a chur ar ais chuig na Ballstáit agus chuig an Ríocht Aontaithe (3) i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 4(2) de Chinneadh (AE) 2015/1339 ón gComhairle. |
|
(4) |
Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe ionas go gcuirtear barrachas an Aontais ar ais chuig na Ballstáit roimh an 9 Meán Fómhair 2023, an dáta a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse bhreise chun gealltanais faoi Phrótacal Kyoto a chomhlíonadh, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh (AE) 2023/1409 ón gCoimisiún.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Lúnasa 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Maroš ŠEFČOVIČ
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L 207, 4.8.2015, lch. 1.
(2) Cinneadh (AE) 2023/1409 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2023 lena dtugtar treoir do Riarthóir Lárnach Chlárlann an Aontais barrachas an Aontais a chur ar ais chuig na Ballstáit agus chuig an Ríocht Aontaithe ag deireadh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto (IO L 170, 5.7.2023, lch. 100).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1409 mar a leanas:
|
Na Ballstáit agus An Ríocht Aontaithe |
Aonaid den mhéid sannta de bharrachas leithdháilte an Aontais |
|
an Bheilg |
20 450 588 |
|
an Bhulgáir |
126 141 099 |
|
an tSeicia |
133 267 103 |
|
an Danmhairg |
13 136 942 |
|
an Ghearmáin |
195 195 443 |
|
an Eastóin |
50 771 706 |
|
Éire |
11 354 436 |
|
an Ghréig |
15 894 130 |
|
an Spáinn |
58 409 926 |
|
an Fhrainc |
99 661 294 |
|
an Chróit |
7 182 633 |
|
an Iodáil |
79 680 094 |
|
an Chipir |
1 568 619 |
|
an Laitvia |
40 100 861 |
|
an Liotuáin |
70 430 898 |
|
Lucsamburg |
2 406 891 |
|
an Ungáir |
107 256 218 |
|
Málta |
307 434 |
|
an Ísiltír |
30 412 409 |
|
an Ostair |
13 412 151 |
|
an Pholainn |
298 687 162 |
|
an Phortaingéil |
13 296 395 |
|
an Rómáin |
490 413 095 |
|
an tSlóivéin |
3 286 845 |
|
an tSlóvaic |
75 013 997 |
|
an Fhionlainn |
8 658 264 |
|
an tSualainn |
13 218 840 |
|
An Ríocht Aontaithe* |
176 488 289 |
|
Iomlán |
2 156 103 762 |