31.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 141/57 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1055 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Bealtaine 2023
maidir leis na rialacha a leagan amach maidir le comhroinnt agus cur in ord tosaíochta acmhainneachtaí cumarsáide satailíte, seirbhísí, agus trealaimh úsáideoirí chun an fheidhm dá dtagraítear in Airteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh 541/2014/AE (1), agus go háirithe Airteagail 66(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Faoi chomhpháirt GOVSATCOM d’Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2021/696, foráiltear go gcumascfar acmhainneachtaí agus seirbhísí cumarsáide satailíte i gcomhthiomsú coiteann acmhainneachtaí agus seirbhísí cumarsáide satailíte de chuid an Aontais, lena mbeidh ceanglais iomchuí slándála ag gabháil. |
(2) |
De bhun Airteagal 66(2) de Rialachán AE 2021/696, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe maidir le comhroinnt agus cur in ord tosaíochta acmhainneachtaí cumarsáide satailíte, seirbhísí, agus trealaimh úsáideoirí, agus an t-éileamh a mbeifí ag siúl leis le haghaidh chásanna úsáide éagsúla GOVSATCOM, anailís ar rioscaí slándála le haghaidh na gcásanna úsáide sin agus, i gcás inarb iomchuí, costéifeachtúlacht á gcur san áireamh aige. |
(3) |
Leis an gcomhroinnt agus an cur in ord tosaíochta, ba cheart úsáid chothrom bharrfheabhsaithe acmhainní GOVSATCOM atá ar fáil a sholáthar, agus í curtha in oiriúint do riachtanais gach rannpháirtí. Chun an coibhneas is fearr a áirithiú idir soláthar sheirbhísí GOVSATCOM agus éileamh orthu, is gá infhaighteacht na seirbhísí a bhunú ar sholáthar acmhainneachtaí agus seirbhísí satailíte comhroinnte agus comhthiomsaithe agus ar an éileamh atá orthu agus ar na seirbhísí a sholáthraítear. |
(4) |
Ba cheart acmhainní soláthraithe acmhainní a chomhthiomsú i gComhthiomsú Coiteann de chuid an Aontais. Leis an gcomhroinnt agus an cur in ord tosaíochta, ba cheart sásraí a sholáthar chun seirbhísí a leithdháileadh ar rannpháirtithe de réir a riachtanas le haghaidh sheirbhísí GOVSATCOM. Dá bhrí sin, ba cheart Comhthiomsú Coiteann an Aontais a roinnt ina leithdháileadh seasta agus ina leithdháileadh dinimiciúil. Tacaítear le soláthar seirbhísí ráthaithe trí leithdháileadh seasta seirbhísí in aghaidh an rannpháirtí, agus tacaítear le riachtanais neamhphleanáilte trí leithdháileadh dinimiciúil seirbhísí. Ba cheart méid acmhainní a áireamh mar lamháil géarchéime i gComhthiomsú Coiteann an Aontais, chun tacú le soláthar seirbhísí le haghaidh riachtanais ardtosaíochta, phráinneacha agus neamhphleanáilte aon rannpháirtí. |
(5) |
Leis an gcomhroinnt agus an cur in ord tosaíochta, ba cheart tacú le tosaíochtaí éagsúla iarrataí na rannpháirtithe ar sheirbhísí GOVSATCOM agus sásraí iomchuí a chur chun feidhme lena bpróiseáil. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásra cúitimh sheirbhísí GOVSATCOM chun úsáid éifeachtúil acmhainní a éascú agus saobhadh margaidh a sheachaint. Chuige sin, ba cheart córas comharthaí a shuí ina mbunófaí na luachanna cúitimh ar leibhéal tosaíochta na n-iarrataí. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir leis an bhféidearthacht comharthaí breise a cheannach nó comharthaí a dheonú do rannpháirtí eile. |
(6) |
Ba cheart líon iomlán na gcomharthaí atá ar fáil ar bhonn an bhuiséid atá ar fáil a roinnt i sciar iomlán na mBallstát, i sciar institiúid an Aontais agus i lamháil géarchéime. |
(7) |
Ba cheart na hacmhainní comhthiomsaithe a leithdháileadh ar sheirbhísí de réir na n-iarrataí ar sheirbhísí ó rannpháirtithe a bhaineann mol GOVSATCOM amach. Chuige sin, ba cheart do gach rannpháirtí ábharthacht a chuid úsáideoirí agus criticiúlacht a iarrata a chinneadh. |
(8) |
Chun próiseáil rianúil na n-iarrataí ar sheirbhísí a áirithiú, ba cheart do mhol GOVSATCOM coibhneas a dhéanamh idir an iarraidh ar sheirbhís agus acmhainní an chomhthiomsaithe. I gcásanna nach féidir coibhneas a dhéanamh idir iarrataí ar sheirbhísí agus acmhainní an chomhthiomsaithe atá ar fáil, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásra réitigh coinbhleachta. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste a bunaíodh faoi Airteagal 107 de Rialachán (AE) 2021/696. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme
(1) Leagtar amach leis an gcinneadh seo rialacha maidir le comhroinnt agus cur in ord tosaíochta GOVSATCOM chun acmhainní a chuimsiú i gComhthiomsú Coiteann de chuid an Aontais agus chun seirbhísí a chomhroinnt i measc na rannpháirtithe.
(2) Tá feidhm ag an gcinneadh seo maidir le seirbhísí GOVSATCOM mar a shainítear iad i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1054 (2). Idirghníomhaíonn úsáideoirí le Mol GOVSATCOM tríd an údarás inniúil sonrach de chuid GOVSATCOM.
Airteagal 2
Sainmhínithe
(1) Acmhainn leithdháilte: Acmhainn a leithdháiltear ar sheirbhís ar feadh tréimhse ama ar leith, de réir na hiarrata ábhartha ar sheirbhísí.
(2) Acmhainn atá ar fáil: Acmhainn nach leithdháiltear ar sheirbhís ar feadh tréimhse ama ar leith.
(3) Comhthiomsú Coiteann an Aontais nó comhthiomsú: An comhthiomsú acmhainní a chuirtear ar fáil do GOVSATCOM trí chonarthaí nó comhaontuithe le soláthraithe acmhainní.
(4) Cúiteamh: Sásra íocaíochta ar bhonn comharthaí.
(5) Údarás inniúil GOVSATCOM: An t-eintiteas arna ainmniú ag rannpháirtí i gcomhréir le hAirteagal 68(4) de Rialachán (AE) 2021/696 chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 68(5) a dhéanamh.
(6) Coinbhleacht: An cás ina bhfuil méid acmhainne áirithe sa chomhthiomsú níos ísle ná an méid comhiomlánaithe a theastaíonn ó iarrataí ar sheirbhísí ar feadh tréimhse ama ar leith; dá bhrí sin, bíonn coinbhleacht idir iarrataí ar sheirbhísí i dtaobh na hacmhainne céanna.
(7) Lamháil géarchéime: Acmhainní an chomhthiomsaithe atá fós ar fáil le haghaidh leithdháileadh dinimiciúil i gcás iarrataí ardtosaíochta nach bhfaightear aon acmhainn a dhéanann coibhneas ná aon acmhainn atá ar fáil dóibh sna codanna eile den chomhthiomsú.
(8) Leithdháileadh dinimiciúil: Seirbhísí agus acmhainní a leithdháileadh ar rannpháirtí de réir na n-iarrataí ar sheirbhísí óna úsáideoirí a eisítear le linn Téarma Clársceidealaithe Comhthiomsaithe.
(9) Leithdháileadh seasta: Leithdháileadh seirbhísí agus acmhainní le haghaidh Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe ina iomláine de réir phlean gach rannpháirtí arna léiriú, roimh thúsdáta Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe.
(10) Seirbhísí GOVSATCOM nó seirbhísí: Na seirbhísí a chuimsítear i bpunann seirbhísí GOVSATCOM.
(11) Seirbhísí Mhol GOVSATCOM: Na seirbhísí a sholáthraíonn Mol GOVSATCOM chun tacú le hoibriú chóras GOVSATCOM. Tacaíocht do sheirbhísí Mhol GOVSATCOM, amhail roghnú, áirithint, bunú agus soláthar sheirbhísí GOVSATCOM, leithdháileadh agus dí-leithdháileadh acmhainní etc. agus nach gcuimsítear i bpunann seirbhísí GOVSATCOM.
(12) Córas GOVSATCOM: An córas lena n-áirítear Moil GOVSATCOM, Bonneagar Faireacháin Slándála GOVSATCOM, na comhéadain idir Moil GOVSATCOM agus Údaráis Inniúla GOVSATCOM, na comhéadain idir Moil GOVSATCOM agus na soláthraithe acmhainní, agus aon bhonneagar eile atá faoi úinéireacht an Aontais is gá chun gur féidir acmhainneachtaí agus seirbhísí satailíte a sholáthar arna gcomhthiomsú agus arna gcomhroinnt ag soláthraithe acmhainní agus arna gcur ar fáil d’úsáideoirí GOVSATCOM.
(13) Cuntas an rannpháirtí: Cuntas an rannpháirtí a shealbhaíonn a chuid comharthaí.
(14) Sciar an rannpháirtí: An sciar d’acmhainní an chomhthiomsaithe a chomhfhreagraíonn do rannpháirtí in GOVSATCOM. Déantar an sciar a shloinneadh ina chomharthaí.
(15) Téarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe: An tréimhse ama sheasta ar tugadh conarthaí nó comhaontuithe i gcrích ina leith idir an Coimisiún agus soláthraithe acmhainní chun a n-acmhainní a áireamh i gComhthiomsú Coiteann an Aontais.
(16) Réamhghabháil: Éirí as seirbhís nó briseadh inti nó a híosghrádú de bharr réiteach coinbhleachta.
(17) Acmhainn: Acmhainneacht, seirbhís, sócmhainn, trealamh úsáideoirí na cumarsáide satailíte a úsáidtear chun seirbhísí a sholáthar a shainaithnítear i nGníomhartha Cur Chun Feidhme na Punainne Seirbhísí [tagairt.] a leithdháiltear ar rannpháirtithe GOVSATCOM i bhfoirm seirbhísí.
(18) Soláthraí acmhainní: Eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2021/696 a sholáthraíonn acmhainní do Comhthiomsú Coiteann an Aontais, trí chonarthaí nó comhaontuithe leis an Aontas, ar leis na córais spáis agus an chuid ar talamh agus na líonraí gaolmhara agus/nó a oibríonn iad.
(19) Iarraidh ar acmhainní: An iarraidh arna heisiúint ag Mol GOVSATCOM chuig soláthraí acmhainní chun acmhainní comhthiomsaithe a leithdháileadh/a dhí-leithdháileadh
(20) Iarraidh ar sheirbhísí: An iarraidh arna heisiúint ag údarás inniúil de chuid GOVSATCOM do Mhol GOVSATCOM chun a dheimhniú go bhfuil acmhainní ar fáil agus chun leanúint dá leithdháileadh d’fhonn seirbhís a sholáthar.
(21) Comhartha: An t-aonad a úsáidtear chun Seirbhísí GOVSATCOM a íoc (a chúiteamh).
Airteagal 3
Comhthiomsú Coiteann an Aontais
(1) Cuirfear seirbhísí GOVSATCOM ar fáil do rannpháirtithe trí acmhainní soláthraithe acmhainní a áireamh i gcomhthiomsú.
(2) Cuirfear acmhainní an chomhthiomsaithe ar fáil trí chonarthaí nó comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus soláthraithe acmhainní le linn Téarma Clársceidealaithe amháin de chuid an Chomhthiomsaithe le haghaidh gach cuid den chomhthiomsú.
(3) Beidh ceithre chuid sa chomhthiomsú:
(a) |
cuid an leithdháilte sheasta lena n-áirítear na hacmhainní chun seirbhísí leithdháilte sheasta a sholáthar do na rannpháirtithe i gcomhréir le hAirteagal 6; |
(b) |
cuid an leithdháilte dhinimiciúil réamhíoctha lena n-áirítear na hacmhainní chun seirbhísí a sholáthar arna n-iarraidh trí shásra an leithdháilte dhinimiciúil réamhíoctha i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8; |
(c) |
cuid an leithdháilte dhinimiciúil ar éileamh lena n-áirítear na hacmhainní chun seirbhísí a sholáthar arna n-iarraidh trí shásra an leithdháilte dhinimiciúil ar éileamh i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8; |
(d) |
cuid na lamhála géarchéime lena n-áirítear acmhainní chun seirbhísí a sholáthar i gcás iarrataí ardtosaíochta dinimiciúla nuair nach leordhóthanach na hacmhainní ó chodanna eile den chomhthiomsú, i gcomhréir le hAirteagal 7. |
(4) A sciartha, na seirbhísí atá ar fáil agus na tréithe gaolmhara le haghaidh an chéad Téarma Chlársceidealaithe eile de chuid an Chomhthiomsaithe, cuirfidh an Coimisiún in iúl iad do na rannpháirtithe, mar aon lena luachanna ina gcomharthaí, 30 seachtain ar a dhéanaí roimh thúsdáta Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe.
(5) Cuirfear tús leis an gcéad Téarma Clársceidealaithe de chuid an Chomhthiomsaithe nuair a chuirfear mol GOVSATCOM i seirbhís, agus mairfidh a fhad 2 bhliain. A luaithe a rachaidh Téarma Clársceidealaithe de chuid an Chomhthiomsaithe in éag, tosóidh Téarma Clársceidealaithe eile de chuid an Chomhthiomsaithe ar feadh na tréimhse céanna.
Airteagal 4
Cúiteamh, comharthaí agus cuntais sheirbhísí GOVSATCOM
(1) Déanfar seirbhísí GOVSATCOM a chomhroinnt agus a chur in ord tosaíochta idir úsáideoirí trí bhíthin cúiteamh ina n-úsáidtear comharthaí.
(2) Is éard a bheidh sa luach bonnchúitimh atá i seirbhís suim na gcúiteamh a thugtar do na soláthraithe acmhainní chun na hacmhainní is gá a chur ar fáil chun an tseirbhís a sholáthar ina bhfuil na tréithe sonracha agus a mhairfidh an fad a léirítear san iarraidh shonrach ar sheirbhísí. Is é a bheidh i luach cúitimh seirbhíse a) 80 % dá luach bonnchúitimh i gcás iarrataí ísealtosaíochta, b) 100 % dá luach bonnchúitimh i gcás iarrataí meántosaíochta c) 130 % dá luach bonnchúitimh i gcás iarrataí ardtosaíochta.
(3) Beidh a chuntas mar rannpháirtí ag gach rannpháirtí, ina mbeidh a chuid comharthaí. Beidh cuntas gach rannpháirtí scoilte ina dhá chuid: a) an chuid réamhíoctha agus b) na codanna íoc ar éileamh, a úsáidtear chun seirbhísí a chúiteamh a iarrtar trí úsáid a bhaint as sásraí leithdháilte dhinimiciúil réamhíoctha nó sásraí leithdháilte dhinimiciúil íoc ar éileamh faoi seach.
Socróidh an rannpháirtí deighilt chomharthaí an rannpháirtí i ngach cuid den chuntas roimh thúsdáta Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe dá dtagraítear in Airteagal 6 agus ní aistreofar na comharthaí ó chuid amháin go cuid eile le linn Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe.
Déanfar na comharthaí atá fágtha sa chuid réamhíoctha den chuntas a imréiteach ag deireadh Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe de réir mhír 6.
Coinníonn mol GOVSATCOM cuntais na rannpháirtithe ar bun.
(4) Le linn Téarma Clársceidealaithe de chuid an Chomhthiomsaithe, féadfaidh rannpháirtí an euro a úsáid chun comharthaí breise a cheannach tríd an gCoimisiún de réir chóimheas comhshó na gcomharthaí leis an euro arna shainiú do Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe sin.
Cuirfidh an Coimisiún mol GOVSATCOM ar an eolas agus cuirfear na comharthaí breise leis an gcuid íoc ar éileamh de chuntas an rannpháirtí shonraigh.
(5) Féadfaidh rannpháirtí comharthaí a dheonú óna chuntas do rannpháirtí eile.
Aistriú na gcomharthaí ó chuntas rannpháirtí amháin chuig cuntas rannpháirtí eile, iarrfar é ó údarás inniúil GOVSATCOM an rannpháirtí is deontóir chuig mol GOVSATCOM, agus iarrfar go nglacfar leis an tabhartas ó údarás inniúil GOVSATCOM an rannpháirtí is faighteoir.
Déanfar comharthaí a aistriú ón gcuid chéanna de chuntas an rannpháirtí deonaithe (an chuid réamhíoctha nó an chuid ar éileamh) chuig an gcuid chéanna de chuntas an rannpháirtí is faighteoir.
Féadfaidh rannpháirtí comharthaí a dheonú óna sciar le haghaidh leithdháileadh seasta seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 6 do rannpháirtí eile, á chur sin in iúl don Choimisiún.
(6) Déanfar an líon comharthaí a bheidh ar fáil do gach rannpháirtí sa chuid réamhíoctha dá chuntas a imréiteach ag deireadh Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe agus socrófar ag nialas líon na gcomharthaí sa chuid réamhíoctha de chuntas gach rannpháirtí.
(7) Gheobhaidh gach soláthraí acmhainní cúiteamh in euro as gach seirbhís a sheachadtar go rathúil trí úsáid a bhaint as a acmhainní, de réir a chomhaontaithe nó a chonartha leis an gCoimisiún.
Airteagal 5
Sciartha na rannpháirtithe
(1) Saineoidh an Coimisiún líon iomlán na gcomharthaí a bheidh le dáileadh le haghaidh an chéad Téarma Clársceidealaithe eile de chuid an Chomhthiomsaithe de réir an bhuiséid a bheidh ar fáil agus de réir choinníollacha na gconarthaí agus na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2). Cuirfear na comharthaí sin ar fáil do rannpháirtithe GOVSATCOM i gcomhréir leis na rialacha a shuitear i míreanna 2 go 5.
(2) Roinnfear líon iomlán na gcomharthaí ina dtrí chuid:
(a) |
Sciar iomlán na mBallstát, a shocraítear ag 75 % de líon iomlán na gcomharthaí |
(b) |
An lamháil géarchéime, a shocraítear ag 10 % de líon iomlán na gcomharthaí |
(c) |
Sciar iomlán institiúidí an Aontais, a shocraítear ag 15 % de líon iomlán na gcomharthaí |
(3) Déanfar sciar iomlán na mBallstát a roinnt tuilleadh isteach i sciartha na mBallstát. Gheobhaidh gach Ballstát céatadán (ina chomharthaí) de sciar iomlán na mBallstát a bheidh comhréireach le líon a vótaí sa Chomhairle. Sciar an rannpháirtí i gcás an Bhallstáit shonraigh le haghaidh an chéad Téarma Clársceidealaithe eile de chuid an Chomhthiomsaithe, sin é an líon comharthaí a gheobhaidh gach Ballstát.
Mura bhfuil a údarás inniúil de chuid GOVSATCOM ainmnithe ag Ballstát 32 sheachtain ar a laghad roimh thúsdáta Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe, dáilfear a chomharthaí i measc na mBallstát a d’ainmnigh a n-údarás inniúil de chuid GOVSATCOM pro rata lena sciar.
(4) Déanfar sciar iomlán institiúidí an Aontais a roinnt tuilleadh isteach i sciartha institiúidí an Aontais. Gheobhaidh gach institiúid AE céatadán (ina chomharthaí) de sciar iomlán institiúidí an Aontais de réir plean comhroinnte na n-institiúidí AE a shaineoidh an Coimisiún i gcás gach Téarma Clársceidealaithe de chuid an Chomhthiomsaithe. Sciar an rannpháirtí i gcás gach institiúide AE le haghaidh an chéad Téarma Clársceidealaithe eile de chuid an Chomhthiomsaithe, sin é an líon comharthaí a gheobhaidh gach institiúid AE.
Mura bhfuil a údarás inniúil de chuid GOVSATCOM ainmnithe ag institiúid AE 32 sheachtain ar a laghad roimh thúsdáta Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe, dáilfear a chomharthaí i measc institiúidí an Aontais a d’ainmnigh a n-údarás inniúil de chuid GOVSATCOM pro rata lena sciar de phlean comhroinnte na n-institiúidí AE.
(5) Cuirfear comharthaí gach sciar atá ag na rannpháirtithe le haghaidh Téarma Clársceidealaithe nua de chuid an Chomhthiomsaithe leis na comharthaí a d’fhéadfadh a bheith fágtha i gcuid íoc ar éileamh an rannpháirtí shonraigh ag deireadh Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe roimhe sin. Roimh an mbreisiú sin, déanfar na comharthaí atá fágtha sa chuid íoc ar éileamh de chuntas an rannpháirtí a chomhshó ina gcomharthaí le haghaidh Téarma Clársceidealaithe nua de chuid an Chomhthiomsaithe de réir chóimheas comhshó na gcomharthaí leis an euro le haghaidh Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe nua.
Airteagal 6
Acmhainní le haghaidh leithdháileadh seasta seirbhísí
(1) Roghnóidh gach rannpháirtí na seirbhísí a leithdháilfear air trí leithdháileadh seasta. Ní bheidh luach comhiomlán na seirbhísí roghnaithe níos mó ná líon comharthaí ina chuntas.
Ar an mbonn sin, ullmhóidh na rannpháirtithe plean ina mbeidh na nithe seo a leanas:
(a) |
iarrataí ar sheirbhísí le haghaidh na seirbhísí roghnaithe, agus; |
(b) |
deighilt na gcomharthaí atá fágtha ag rannpháirtí idir na codanna réamhíoctha agus íoc ar éileamh dá chuntas. |
Cuirfidh an rannpháirtí an plean chuig mol GOVSATCOM, 20 seachtain ar a dhéanaí roimh thúsdáta Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe.
(2) Tar éis na pleananna dá dtagraítear i mír 1 a fháil, comhiomlánóidh mol GOVSATCOM na hacmhainní is gá le haghaidh na seirbhísí iarrtha agus cuirfidh sé in iúl iad don Choimisiún 18 seachtaine ar a dhéanaí roimh thúsdáta Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe.
Tabharfaidh an Coimisiún na conarthaí nó na comhaontuithe sonracha i gcrích leis na soláthraithe acmhainní le haghaidh na n-acmhainní is gá le haghaidh leithdháileadh seasta seirbhísí.
Cuirfidh an Coimisiún, in éineacht leis na soláthraithe acmhainní, na conarthaí agus na comhaontuithe in iúl do Mhol GOVSATCOM 10 seachtaine ar a dhéanaí roimh thúsdáta Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe.
Déanfaidh mol GOVSATCOM measúnú ar infhaighteacht na n-acmhainní is gá le haghaidh leithdháileadh seasta seirbhísí agus i gcás nach féidir roinnt de na seirbhísí a iarrtar a chur ar fáil mar gheall ar easpa acmhainní leordhóthanacha ó na soláthraithe acmhainní nó ar aon chúis eile, éireoidh mol GOVSATCOM as an iarraidh shonrach ar sheirbhís i gcomhréir le hAirteagal 11(4).
Na comharthaí a bhaineann leis an tseirbhís ar éiríodh aisti, leanfaidh siad de bheith ann lena n-úsáid sna codanna dinimiciúla de chuntas an rannpháirtí a ndearnadh difear dó.
(3) Cuirfidh mol GOVSATCOM na rannpháirtithe ar an eolas faoi na seirbhísí a chuirfear ar fáil dóibh trí leithdháileadh seasta agus de réir phlean gach rannpháirtí 6 seachtaine ar a dhéanaí roimh thúsdáta Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe.
Laghdófar líon na gcomharthaí atá ag gach rannpháirtí faoi luach iomlán na seirbhísí a cuireadh ar fáil don rannpháirtí sin trí shásra an leithdháilte sheasta agus cuirfear líon na gcomharthaí atá fágtha i gcuntas an rannpháirtí in iúl do gach rannpháirtí.
(4) Tar éis na conarthaí nó na comhaontuithe maidir le leithdháileadh seasta seirbhísí a thabhairt i gcrích agus tar éis dóibh teacht i bhfeidhm, áireofar na hacmhainní sonracha sa chuid chomhfhreagrach den chomhthiomsú.
Airteagal 7
Acmhainní le haghaidh leithdháileadh dinimiciúil seirbhísí agus an chuid a bhaineann le bainistiú géarchéime
(1) Féadfaidh an rannpháirtí an líon comharthaí atá fágtha i gcuntas an rannpháirtí a úsáid chun iarrataí ar sheirbhísí a eisiúint le haghaidh leithdháileadh dinimiciúil seirbhísí. Saineoidh gach rannpháirtí deighilt na gcomharthaí atá fágtha aige maidir leis na codanna réamhíoctha agus íoc ar éileamh dá chuntas, 4 seachtaine ar a dhéanaí roimh thúsdáta Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe, agus cuirfidh sé mol GOVSATCOM ar an eolas.
(2) Cuimseofar sna conarthaí nó sna comhaontuithe le soláthraithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2) acmhainní i gcomhthiomsú coiteann an Aontais a chuirfear ar fáil tríd an sásra leithdháilte dhinimiciúil réamhíoctha le linn Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe.
(3) Cuimseofar freisin sna conarthaí nó sna comhaontuithe le soláthraithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2) acmhainní sa chomhthiomsú a fhorchoimeádtar i gcás géarchéime (‘lamháil géarchéime’). Forchoimeádfar úsáid na n-acmhainní sin do shaincheisteanna maidir le hiarrataí a bhfuil ardtosaíocht acu i gcomhréir le hAirteagal 9 nach bhfuil aon acmhainn a dhéanann coibhneas leo ná aon acmhainn atá ar fáil le fáil ina leith sna codanna eile den chomhthiomsú.
(4) Tar éis na conarthaí nó na comhaontuithe maidir le leithdháileadh dinimiciúil seirbhísí a thabhairt i gcrích agus faoi réir fhorálacha mhír 7, áireofar na hacmhainní sonracha sna codanna comhfhreagracha den chomhthiomsú. Ní sháróidh luach iomlán na gconarthaí ná na gcomhaontuithe sin líon iomlán na gcomharthaí atá ar fáil le haghaidh lamháil géarchéime agus leithdháileadh dinimiciúil réamhíoctha seirbhísí le linn Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe.
(5) Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na seirbhísí a d’iarr na rannpháirtithe le haghaidh leithdháileadh seasta, chun acmhainní a roghnú a áireofar sa chomhthiomsú le haghaidh leithdháileadh dinimiciúil réamhíoctha agus lamháil géarchéime.
(6) Tabharfaidh an Coimisiún conarthaí nó comhaontuithe i gcrích le soláthraithe acmhainní chun acmhainní a áireamh i gcuid an leithdháilte dhinimiciúil ar éileamh den chomhthiomsú trí shásra an leithdháilte dhinimiciúil íoc ar éileamh. Féadfar conarthaí nó comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích freisin le linn ré Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe.
(7) Tar éis na conarthaí nó na comhaontuithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a thabhairt i gcrích, áireofar na hacmhainní i gcuid an leithdháilte dhinimiciúil réamhíoctha, i gcuid an leithdháilte dhinimiciúil ar éileamh, agus i gcuid na lamhála géarchéime de chomhthiomsú coiteann an Aontais, ar theacht i bhfeidhm an chonartha shonraigh nó an chomhaontaithe shonraigh idir an Coimisiún agus an soláthraí acmhainní sonrach.
(8) Eisiafar acmhainní ó chomhthiomsú coiteann an Aontais ar fhoirceannadh an chonartha shonraigh nó an chomhaontaithe shonraigh.
Airteagal 8
Na seirbhísí leithdháilte dhinimiciúil a ghníomhachtú
(1) Le linn Téarma Clársceidealaithe de chuid an Chomhthiomsaithe, féadfaidh gach údarás inniúil de chuid GOVSATCOM seirbhísí a iarraidh trí úsáid a bhaint as sásra an leithdháilte dhinimiciúil.
(2) Déanfar leithdháileadh dinimiciúil seirbhísí trí iarrataí ar sheirbhísí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10. Déanfar na hiarrataí ar sheirbhísí le haghaidh leithdháileadh dinimiciúil na seirbhísí trí iarraidh ar sheirbhís réamhíoctha nó trí iarraidh ar sheirbhís íoc ar éileamh.
(3) Saineoidh gach údarás inniúil de chuid GOVSATCOM an cion idir na codanna réamhíoctha agus íoc ar éileamh de na comharthaí a shanntar do na seirbhísí leithdháilte dhinimiciúil roimh thús gach Téarma Clársceidealaithe de chuid an Chomhthiomsaithe.
(4) Is é údarás inniúil GOVSATCOM an rannpháirtí a eiseoidh na hiarrataí ar sheirbhísí i dtreo mhol GOVSATCOM.
Airteagal 9
Iarrataí ar sheirbhísí
(1) Déanfaidh gach rannpháirtí ábharthacht a úsáideoirí a chinneadh ar bhonn scála a théann ó 0 go 2.
(2) Ba cheart do gach úsáideoir criticiúlacht a iarrata a chinneadh (3) ar bhonn scála a théann ó 0 go 2 agus cuirfidh sé a údarás inniúil de chuid GOVSATCOM ar an eolas dá réir.
(3) Cinnfear tosaíocht iarrata ar sheirbhís ar bhonn ábharthacht an úsáideora agus chriticiúlacht na hiarrata. Cinntear an scór tosaíochta de réir thoradh na hábharthachta agus na criticiúlachta i gcomhréir leis an riail a shainítear san Iarscríbhinn.
(4) Áireofar an scór tosaíochta dá dtagraítear i mír 3 i ngach iarraidh ar sheirbhísí a eiseoidh údarás inniúil GOVSATCOM chuig mol GOVSATCOM. Beidh an scór tosaíochta i raon ó nialas (0) go dtí a ceathair (4) agus déanfar é a mhapáil go trí leibhéal tosaíochta: i) ísealtosaíocht le haghaidh scór tosaíochta atá cothrom le nialas, ii) meántosaíocht le haghaidh scóir tosaíochta níos airde ná nialas agus níos ísle ná a ceathair, iii) ardtosaíocht le haghaidh scór tosaíochta atá cothrom lena ceathair.
Sainaithneofar le gach iarraidh ar sheirbhís leithdháilte dhinimiciúil an fhochatagóir lena mbaineann sí: i) réamhíoctha nó ii) íoc ar éileamh.
Áireofar san iarraidh ar sheirbhísí aitheantóir an rannpháirtí shonraigh freisin.
(5) An nós imeachta um chomhroinnt agus cur in ord tosaíochta agus na rialacha maidir le comhroinnt agus cur in ord tosaíochta idir úsáideoirí GOVSATCOM arna n-údarú ag aon rannpháirtí amháin, cinnfidh an rannpháirtí sin an nós imeachta agus na rialacha sin agus cuirfidh a údarás inniúil de chuid GOVSATCOM chun feidhme iad.
(6) Áireofar rogha sheasmhachta 30 lá in iarrataí ar sheirbhísí ardtosaíochta. Próiseáil na n-iarrataí ar sheirbhísí ardtosaíochta leis an rogha sheasmhachta arna gníomhachtú, leanann siad forálacha Airteagal 10. Fad nár leithdháileadh aon acmhainn ar an iarraidh ar sheirbhísí go fóill agus go ndearnadh an rogha sheasmhachta a ghníomhachtú, déanann mol GOVSATCOM coibhneas go rialta idir an iarraidh ar sheirbhísí agus acmhainní an chomhthiomsaithe atá ar fáil. I gcás ina n-aimsítear acmhainní nua a dhéanann coibhneas sa chomhthiomsú, tugann mol GOVSATCOM an togra maidir le seirbhísí cothrom le dáta agus cuireann sé ar aghaidh chuig an úsáideoir é tríd an údarás inniúil sonrach de chuid GOVSATCOM.
(7) Féadfaidh údarás inniúil de chuid GOVSATCOM cealú sheirbhísí a leithdháileadh go dinimiciúil a iarraidh trí iarraidh ar chealú seirbhíse a eisiúint chuig mol GOVSATCOM. Déantar an phróiseáil ar an iarraidh ar chealú seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 10(5).
Airteagal 10
Iarraidh ar sheirbhísí a phróiseáil
(1) Ar iarraidh ar sheirbhísí a fháil, déanfaidh mol GOVSATCOM measúnú ar a bailíocht agus a hiomláine, i gcomhréir le forálacha Airteagal 9 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1054. Diúltóidh mol GOVSATCOM d’iarrataí neamhbhailí nó neamhiomlána agus cuirfear an t-eisitheoir ar an eolas.
(2) Déanfaidh mol GOVSATCOM coibhneas idir an iarraidh ar sheirbhísí agus acmhainní an chomhthiomsaithe. Is le hacmhainní chuid an leithdháilte dhinimiciúil réamhíoctha den chomhthiomsú a dhéanfar an coibhneas idir na hiarrataí ar sheirbhísí leithdháilte dhinimiciúil réamhíoctha. Is le hacmhainní chuid an leithdháilte dhinimiciúil ar éileamh den chomhthiomsú a dhéanfar an coibhneas idir iarrataí ar sheirbhísí leithdháilte dhinimiciúil ar éileamh agus dearbhóidh soláthraithe na n-acmhainní infhaighteacht na n-acmhainní ó dháta gníomhachtaithe na seirbhísí go dtí dáta díghníomhachtaithe na seirbhísí. Déanfar na cásanna seo a leanas a shainaithint de réir thorthaí dhéanta an choibhnis:
(a) |
i gcás nach bhfuarthas sa chomhthiomsú aon acmhainn a dhéanann coibhneas, diúltófar don iarraidh ar sheirbhísí agus cuirfear an t-eisitheoir ar an eolas; |
(b) |
i gcás go bhfuarthas acmhainní sa chomhthiomsú a dhéanann coibhneas agus atá ar fáil, déanfar na roghanna seirbhísí atá ar fáil, lena n-áirítear a luachanna cúitimh sonracha ina gcomharthaí, a chur ar aghaidh mar thogra maidir le seirbhísí ó Mhol GOVSATCOM trí údarás inniúil GOVSATCOM chuig an úsáideoir lena rangú; |
(c) |
maidir leis na hacmhainní go léir sa chomhthiomsú a dhéanann coibhneas, déantar iad a leithdháileadh ar iarrataí ar sheirbhísí a rinneadh roimh ré. Má tá tosaíocht na hiarrata ar sheirbhísí íseal nó meánach, éireofar as an iarraidh ar sheirbhísí agus cuirfear an t-eisitheoir ar an eolas. Má tá ardtosaíocht ag an iarraidh ar sheirbhísí gníomhachtaítear an sásra réitigh coinbhleachta i gcomhréir le Article 11. Má bhíonn acmhainní a dhéanann coibhneas mar thoradh ar an sásra réitigh coinbhleachta, tabharfar fógra don eisitheoir de réir mhír (b); mura bhfaightear aon acmhainn a dhéanann coibhneas, éireofar as an iarraidh ar sheirbhísí agus cuirfear an t-eisitheoir ar an eolas. |
(3) Rangóidh an t-úsáideoir roghanna seirbhísí an togra in ord tosaíochta agus cuirfidh sé faoi bhráid Mhol GOVSATCOM iad tríd an údarás inniúil sonrach de chuid GOVSATCOM chun na hacmhainní comhfhreagracha a leithdháileadh.
I gcás roghnú neamhbhailí, diúltófar don iarraidh ar sheirbhísí agus cuirfear an t-eisitheoir ar an eolas.
(4) Faoi réir infhaighteacht comharthaí leordhóthanacha sa chuid réamhíoctha nó sa chuid íoc ar éileamh de chuntas an rannpháirtí de réir fhochatagóir na hiarrata ar sheirbhís dhinimiciúil, eiseoidh mol GOVSATCOM iarraidh ar acmhainní do sholáthraí acmhainní na rogha seirbhíse is airde rangú de chuid an togra maidir le seirbhísí, de réir an rangaithe a sholáthraíonn údarás inniúil GOVSATCOM.
I gcás ina ndiúltóidh an soláthraí acmhainní don iarraidh ar acmhainní, eiseoidh mol GOVSATCOM iarraidh ar acmhainní do sholáthraí acmhainní na chéad rogha seirbhíse eile ab fhearr. Leanfar d’iarrataí ar acmhainní a eisiúint go dtí go ndeimhneoidh soláthraí acmhainní go bhfuil na hacmhainní arna n-iarraidh ar fáil lena leithdháileadh, nó go dtí go ndiúltóidh na soláthraithe acmhainní do gach iarraidh ar acmhainní. I gcás inar dheimhnigh soláthraí acmhainní go bhfuil acmhainn ar fáil, rachaidh mol GOVSATCOM ar aghaidh chuig leithdháileadh na n-acmhainní agus baint luach na seirbhíse ó chomharthaí chuntas an rannpháirtí shonraigh. I gcás ina ndiúltaíonn na soláthraithe acmhainní do gach iarraidh ar acmhainní, éirítear as an iarraidh ar sheirbhísí. Sa dá chás, tabharfaidh mol GOVSATCOM fógra don eisitheoir faoi stádas na hiarrata ar sheirbhísí.
(5) Ar iarraidh ar chealú seirbhísí a fháil ó údarás inniúil de chuid GOVSATCOM, déanann mol GOVSATCOM na hacmhainní a leithdháileadh chun an tseirbhís a sholáthar a dhí-leithdháileadh agus a chur ar fáil don chomhthiomsú. Féadfaidh an rannpháirtí aisíocaíocht a fháil ar na comharthaí a úsáideadh chun na hacmhainní a chúiteamh, de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a comhaontaíodh leis an soláthraí acmhainní.
Airteagal 11
Réiteach coinbhleachta
(1) Déanfaidh mol GOVSATCOM réiteach coinbhleachta a ghníomhachtú chun coinbhleachtaí a réiteach idir iarrataí a bhfuil scóir tosaíochta éagsúla acu dá dtagraítear in Airteagal 9(2).
(2) Má thagann iarraidh ar sheirbhísí ardtosaíochta salach ar iarraidh amháin ar sheirbhísí ísealtosaíochta nó níos mó, agus ar choinníoll go saorfar acmhainní leordhóthanacha a dhéanann coibhneas leis an iarraidh ar sheirbhísí ardtosaíochta mar thoradh ar réamhghabháil iarrataí ar sheirbhísí ísealtosaíochta, déanfar na hiarrataí ábhartha ar sheirbhísí ísealtosaíochta a mharcáil lena réamhghabháil agus cuirfear na roghanna seirbhísí ábhartha san áireamh sa togra maidir le seirbhísí.
Faoi réir rangú na roghanna seirbhísí agus infhaighteacht na gcomharthaí, éireofar as na hiarrataí iomchuí ar sheirbhísí ísealtosaíochta agus déanfar na seirbhísí gníomhacha gaolmhara a réamhghabháil.
A luaithe is féidir tar éis an cinneadh a dhéanamh maidir leis an réamhghabháil, cuirfear údaráis inniúla GOVSATCOM a bhfuil réamhghabháil le déanamh ar a seirbhísí ar an eolas faoin réamhghabháil. Luach na seirbhíse réamhghafa le haghaidh na tréimhse nach mbeidh an tseirbhís ar fáil mar thoradh ar réamhghabháil, cuirfear ar ais é i gcuntas sonrach an rannpháirtí agus cuirfear an rannpháirtí ar an eolas.
(3) I gcás nach n-aimseofar acmhainní a dhéanann coibhneas le cur i bhfeidhm nós imeachta mhír 2, déanfaidh Mol GOVSATCOM coibhneas idir an iarraidh ar sheirbhísí ardtosaíochta agus acmhainní na coda den chomhthiomsú a bhaineann leis an lamháil géarchéime. Má aimsítear acmhainní a dhéanann coibhneas agus atá ar fáil, cuirfear na roghanna seirbhísí ábhartha san áireamh sa togra maidir le seirbhísí.
(4) I gcás acmhainní neamh-leordhóthanacha ó sholáthraithe acmhainní chun na seirbhísí iarrtha dá dtagraítear in Airteagal 6 a sholáthar, bunófar an sásra réitigh coinbhleachta ar thosaíochtaí na n-iarrataí ar sheirbhísí.
I gcás ina dtagann iarrataí ar sheirbhísí den tosaíocht chéanna salach ar a chéile, tabharfar tosaíocht don iarraidh ar sheirbhísí lena leantar de sheirbhís a bhí á cur ar fáil cheana féin don rannpháirtí is iarrthóir ag deireadh Théarma Clársceidealaithe an Chomhthiomsaithe roimhe sin, i gcás inarb infheidhme.
I gcás ina dtagann iarrataí ar sheirbhísí leis an tosaíocht chéanna salach ar a chéile agus nach leanúint ar aghaidh le seirbhís a soláthraíodh cheana don rannpháirtí is iarrthóir aon cheann díobh, déanfaidh mol GOVSATCOM luachanna na seirbhísí a thagann salach ar a chéile a chur i gcomparáid mar chéatadán de sciar an rannpháirtí shonraigh agus tabharfar tosaíocht don iarraidh ar sheirbhísí a chomhfhreagraíonn don chéatadán is airde.
Airteagal 12
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 170, 12.5.2021, lch. 69.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1054 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bpunann seirbhísí le haghaidh sheirbhísí na Cumarsáide Satailíte Rialtasaí arna dtairiscint ag an gcóras arna bhunú faoi Chlár Spáis an Aontais. (féach leathanach49 den Iris Oifigiúil seo)
(3) Cuirfidh an Coimisiún doiciméad treorach ar fáil maidir leis an measúnú ar ábharthacht na n-úsáideoirí agus ar chriticiúlacht na n-iarrataí ar sheirbhísí.
IARSCRÍBHINN:
Tabla
Scór tosaíochta mar thoradh ar ábharthacht an úsáideora agus ar chriticiúlacht na hiarrata ar sheirbhísí
|
Ábharthacht an úsáideora |
|||
0 |
1 |
2 |
||
Criticiúlacht na hiarrata ar sheirbhísí |
0 |
0 (ÍSEAL) |
0 (ÍSEAL) |
0 (ÍSEAL) |
1 |
0 (ÍSEAL) |
1 (MÉANACH) |
2 (MÉANACH) |
|
2 |
0 (ÍSEAL) |
2 (MÉANACH) |
4 (ARD) |