16.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 129/16


CINNEADH (CBES) 2023/964 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2023

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/797 (1).

(2)

Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2019/797 go dtí an 18 Bealtaine 2025. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart síneadh a chur le bailíocht na mbeart sriantach a leagtar amach ann go dtí an 18 Bealtaine 2024.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/797 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10 de Chinneadh (CBES) 2019/797:

‘Airteagal 10

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 18 Bealtaine 2025 agus coinneofar faoi athbhreithniú leanúnach é. Beidh feidhm ag na bearta a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 a mhéid a bhaineann leis na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn go dtí an 18 Bealtaine 2024.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. FORSSMED


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (IO L 129I 17.5.2019, lch. 13).