3.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 115/15


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/900 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Aibreán 2023

lena mbunaítear Bonneagar Taighde Aerasóil, Néal agus Rianghás (ACTRIS ERIC)

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 2646)

(Is iad na téacsanna Béarla, Bulgáirise, Danmhairgise, Fionlainnise, Fraincise, Gearmáinise, Gréigise, Iodáilise, Ollainnise, Polainnise, Rómáinise, Seicise, Spáinnise agus Sualainnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le creat dlíthiúil an Chomhphobail maidir le Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) (1), agus go háirithe Airteagal 6(1), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chuir an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an tSeicia, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Iorua, an Pholainn, an Rómáin, an Spáinn agus an tSualainn iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 chun Bonneagar Taighde Aerasóil, Néal agus Rianghás (ACTRIS ERIC) a bhunú (‘an t-iarratas’). Chuir an Eilvéis a cinneadh in iúl go mbeidh sí rannpháirteach in ACTRIS ERIC mar bhreathnóir ar dtús.

(2)

Chomhaontaigh na hiarratasóirí gurbh í an Fhionlainn Ballstát óstach ACTRIS ERIC.

(3)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 a ionchorprú sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) le Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE (2).

(4)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarratas, de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009, agus chinn sé go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin. Le linn an mheasúnaithe, fuair an Coimisiún tuairimí ó shaineolaithe neamhspleácha i réimse an tionchair a bhaineann le haerasól, le néalta agus le riangháis ar aeráid an Domhain, ar cháilíocht an aeir, ar shláinte an duine agus ar éiceachórais.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bunú le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Bunaítear Bonneagar Taighde Aerasóil, Néal agus Rianghás (ACTRIS ERIC).

2.   Leagtar amach san Iarscríbhinn gnéithe fíor-riachtanacha Reachtanna ACTRIS ERIC dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, an Rómáin, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne, Ríocht na hIorua agus Cónaidhm na hEilvéise.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Mariya GABRIEL

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 206, 8.8.2009, lch. 1.

(2)  Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE an 20 Márta 2015 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2016/755] (IO L 129, 19.5.2016, lch. 85).


IARSCRÍBHINN

GNÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA REACHTANNA ACTRIS ERIC

1.   Ainm

(Airteagal 1 de Reachtanna ACTRIS ERIC)

Bunaítear Bonneagar Taighde Aerasóil, Néal agus Rianghás (ACTRIS) mar Chuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) faoi Rialachán (CE) Uimh. 723/2009, ar a dtugtar “ACTRIS ERIC”.

2.   Cúraimí agus gníomhaíochtaí

(Airteagal 2 de Reachtanna ACTRIS ERIC)

1.

Is é an sprioc atá ag ACTRIS tacair sonraí comhtháite ardcháilíochta a tháirgeadh i réimse na n-eolaíochtaí atmaisféaracha agus seirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear rochtain ar ardáin ionstraimithe, atá curtha in oiriúint d’úsáid eolaíoch agus theicneolaíoch.

2.

Is é príomhchúram ACTRIS ERIC an bonneagar taighde dáilte a bhunú agus a oibriú agus comhordú a dhéanamh ar fhorbairt straitéiseach agus airgeadais agus oibriú fadtéarmach ACTRIS.

3.

Agus a phríomhchúram á shaothrú aige, agus i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna Reachtanna seo, déanfaidh ACTRIS ERIC na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

comhordú agus faireachán a dhéanamh ar sholáthar leormhaith sonraí ó na Saoráidí Náisiúnta;

(b)

comhordú agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ag na Saoráidí Lárnacha agus ar a straitéisí forbartha seirbhíse;

(c)

rochtain oscailte thráthúil ar shonraí agus ar tháirgí sonraí ACTRIS a áirithiú tríd an Lárionad Sonraí;

(d)

rochtain fhisiciúil agus chianda ar na Lárionaid Théamacha, ar an Lárionad Sonraí agus ar Shaoráidí Náisiúnta a oibriú.

4.

Féadfaidh ACTRIS ERIC na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

ACTRIS a chur chun cinn do phobail eolaíochta, don earnáil phríobháideach agus don phobal i gcoitinne;

(b)

forbairtí sochaíocha agus teicneolaíocha a bhaineann leis an gcúram agus leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 2(2) agus (3) de na Reachtanna a chur chun feidhme;

(c)

gníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhorbairt le grúpaí úsáideoirí, lena n-áirítear an tionscal;

(d)

aistriú eolais chuig an tionscal, chuig an tsochaí agus chuig lucht ceaptha beartas a chur chun cinn;

(e)

cur chun feidhme ACTRIS a chomhchuibhiú le tosaíochtaí agus straitéisí náisiúnta;

(f)

acmhainní ACTRIS a chur chun cinn chun críoch oideachais agus oiliúna;

(g)

comhoibriú agus idiroibriú le bonneagair thaighde eile i réimsí gaolmhara agus comhlántacha;

(h)

oiliúint, for-rochtain agus comhar idirnáisiúnta a chothú;

(i)

páirt a ghlacadh mar chomhpháirtí cistithe nó mar chomhpháirtí cistiúcháin i ngníomhaíochtaí taighde eolaíochta atá ábhartha dá chúram; agus

(j)

aon ghníomhaíocht ghaolmhar eile is gá chun a chúram a bhaint amach.

5.

Saothróidh ACTRIS ERIC a phríomhchúram ar bhonn neamheacnamaíoch. Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, féadfaidh ACTRIS ERIC gníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta a dhéanamh, ar choinníoll go bhfuil dlúthbhaint acu lena phríomhchúram agus nach gcuireann siad baint amach na ngníomhaíochtaí sin i mbaol. Déanfaidh ACTRIS ERIC costais agus ioncaim na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a thaifeadadh ar leithligh, agus gearrfaidh sé praghsanna margaidh orthu, nó, mura féidir iad sin a fháil amach, costais iomlána móide corrlach réasúnach. Aon ioncam a ghintear leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta sin, úsáidfidh ACTRIS ERIC é chun a chúram a fheabhsú agus a neartú.

3.   Suíomh agus oifig chláraithe

(Airteagal 3 de Reachtanna ACTRIS ERIC)

1.

Bonneagar taighde dáilte a bheidh in ACTRIS ERIC a mbeidh oifig chláraithe aige i Heilsincí na Fionlainne, agus in aonaid Cheannoifige atá lonnaithe san Fhionlainn agus san Iodáil.

2.

Áireofar sa bhonneagar taighde dáilte Lárionad Sonraí, Lárionaid Théamacha agus Saoráidí Náisiúnta atá lonnaithe i dtíortha éagsúla. Beidh an Lárionad Sonraí, na Lárionaid Théamacha agus na Saoráidí Náisiúnta nasctha le ACTRIS ERIC trí chomhaontuithe arna ndéanamh leis na heagraíochtaí a bhfuil na saoráidí á n-óstáil acu.

4.   Fad tréimhse agus foirceannadh

(Airteagal 4 de Reachtanna ACTRIS ERIC)

1.

Bunófar ACTRIS ERIC ar feadh tréimhse éiginnte, gan dochar do na forálacha maidir le foirceannadh ERIC.

2.

Is é an Comhthionól Ginearálta a chinnfidh foirceannadh ACTRIS ERIC i gcomhréir le hAirteagal 18(8) de na Reachtanna.

3.

Déanfar sócmhainní a bheidh fágtha tar éis fiacha ACTRIS ERIC a íoc a chionroinnt i measc na gcomhaltaí, na mbreathnóirí buana agus na mbreathnóirí i gcomhréir lena ranníocaíocht bhliantúil faoi seach le ACTRIS ERIC, mura gcomhaontóidh an Comhthionól Ginearálta a mhalairt.

4.

Gan moill mhíchuí tar éis ghlacadh an chinnidh maidir le foirceannadh, agus in aon chás laistigh de 10 lá tar éis an ghlactha sin, tabharfaidh ACTRIS ERIC fógra don Choimisiún Eorpach ina leith sin. Gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 10 lá ó dhúnadh an nós imeachta foirceanta, tabharfaidh ACTRIS ERIC fógra don Choimisiún Eorpach ina leith sin.

5.

Tiocfaidh deireadh le ACTRIS ERIC an lá a fhoilseoidh an Coimisiún Eorpach an fógra iomchuí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   Dliteanas agus árachas

(Airteagal 5 de Reachtanna ACTRIS ERIC)

1.

Beidh ACTRIS ERIC faoi dhliteanas i leith a chuid fiach.

2.

Beidh dliteanas airgeadais na gcomhaltaí, na mbreathnóirí buana agus na mbreathnóirí i leith fhiacha ACTRIS ERIC teoranta dá ranníocaíochtaí bliantúla arna soláthar do ACTRIS ERIC.

3.

Gheobhaidh ACTRIS ERIC árachas iomchuí chun na rioscaí atá sonrach do cheapadh agus d’oibriú ACTRIS ERIC a chumhdach.

6.   Beartas rochtana d’úsáideoirí

(Airteagal 6 de Reachtanna ACTRIS ERIC)

1.

Soláthróidh ACTRIS ERIC rochtain éifeachtach ar shonraí, ar uirlisí agus ar sheirbhísí. Cuirfear tosaíocht neamh-idirdhealaitheach i bhfeidhm bunaithe ar fhiúntas eolaíoch, indéantacht theicniúil agus/nó critéir ábhartha eile a bhaineann le sprioc ACTRIS.

2.

Beidh rochtain bunaithe ar phrionsabail rochtana oscailte de réir na gcritéar, na nósanna imeachta agus na rialacha mionsonraithe a leagtar amach i mbeartas sonraí ACTRIS ERIC agus i ndoiciméid bheartais rochtana agus seirbhíse arna bhformheas ag an gComhthionól Ginearálta. Cuirfear nósanna imeachta agus critéir mheastóireachta ar fáil go poiblí ar thairseach gréasáin ACTRIS ERIC. Soláthróidh ACTRIS ERIC treoraíocht d’úsáideoirí lena n-áirítear trína thairseach gréasáin chun rochtain ar shonraí, uirlisí agus seirbhísí a éascú.

7.   Beartas um meastóireacht

(Airteagal 7 de Reachtanna ACTRIS ERIC)

Déanfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch agus Nuálaíochta meastóireacht bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ACTRIS ERIC. Ina theannta sin, meastóirí seachtracha neamhspleácha nach féidir a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Comhairleach Eolaíoch agus Nuálaíochta, arna gceapadh ag an gComhthionól Ginearálta agus a thuairiscíonn don Chomhthionól Ginearálta, a dhéanfaidh meastóireacht ar sheirbhísí, oibríochtaí agus bainistiú ACTRIS gach 5 bliana ar a laghad.

8.   Beartas um scaipeadh

(Airteagal 8 de Reachtanna ACTRIS ERIC)

1.

Cuirfidh ACTRIS ERIC eolaíocht oscailte agus nuálaíocht chun cinn agus spreagfaidh sé úsáideoirí chun a dtorthaí a chur ar fáil go poiblí. Déanfar úsáid sonraí, seirbhísí agus bonneagair ACTRIS a aithint i bhfoilseacháin agus in aon doiciméad eile. Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil i rialacha inmheánacha ACTRIS ERIC.

2.

Úsáidfidh ACTRIS ERIC bealaí éagsúla chun dul i dteagmháil leis an spriocphobal, lena n-áirítear tairseach gréasáin, na meáin shóisialta, nuachtlitreacha, ceardlanna, rannpháirtíocht i gcomhdhálacha, ailt in irisí agus nuachtáin laethúla.

9.   Beartas um chearta maoine intleachtúla

(Airteagal 9 de Reachtanna ACTRIS ERIC)

1.

Faoi réir théarmaí aon chonartha idir ACTRIS ERIC agus na húsáideoirí, beidh cearta maoine intleachtúla arna gcruthú ag úsáideoirí ACTRIS ERIC faoi úinéireacht na n-úsáideoirí sin.

2.

Sonraí ACTRIS, chomh maith le cearta maoine intleachtúla agus eolas eile a tháirgtear agus a fhorbraítear laistigh de ACTRIS, beidh siad faoi úinéireacht an eintitis nó an duine a ghineann iad. Déanfaidh na soláthraithe sonraí úsáid sonraí ACTRIS a dheonú do ACTRIS ERIC i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mbeartas sonraí ACTRIS agus i ndoiciméid bheartais rochtana agus seirbhíse.

3.

Beidh sonraí ACTRIS ar fáil de réir phrionsabail na heolaíochta oscailte agus na rochtana oscailte a leagtar amach ar bhealach níos mionsonraithe i rialacha inmheánacha.

10.   Beartas um fhostaíocht

(Airteagal 10 de Reachtanna ACTRIS ERIC)

1.

Déanfar beartas ACTRIS ERIC um fhostaíocht a rialú le dlíthe na tíre ina bhfuil an fhoireann fostaithe.

2.

Beidh na nósanna imeachta roghnúcháin, earcaíocht agus fostaíocht do ACTRIS ERIC trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus urramófar leo comhionannas deiseanna. Leagfar amach rialacha mionsonraithe maidir le hearcú foirne i rialacha inmheánacha.

11.   Beartas um sholáthar

(Airteagal 11 de Reachtanna ACTRIS ERIC)

Caithfidh ACTRIS ERIC le hiarrthóirí agus le tairiscintí ar bhonn cothrom agus gan idirdhealú, bíodh siad bunaithe laistigh den Aontas nó ná bíodh. Le beartas ACTRIS ERIC um sholáthar urramófar prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na hiomaíochta. Sna rialacha inmheánacha a leagfar amach rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta soláthair agus critéir sholáthair.