29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/45


RIALACHÁN (AE) 2022/2578 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Nollaig 2022

lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh den Aontas agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna as cuimse ard

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le cogadh foghach gan chúis gan údar Chónaidhm na Rúise (“an Rúis”) i gcoinne na hÚcráine agus an laghdú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar sholáthairtí gáis nádúrtha ón Rúis chuig na Ballstáit, cuirtear slándáil an tsoláthair i mbaol san Aontas agus sna Ballstáit. An tráth céanna, mar thoradh ar armú an tsoláthair gáis agus cúbláil mhargaidh na Rúise trí shuaití d’aon ghnó ar shreabha gáis, tháinig méadú an-mhór ar phraghsanna fuinnimh san Aontas. Mar gheall ar an athrú atá ag teacht ar bhealaí soláthair, rud a fhágann go bhfuil plódú i mbonneagar gáis na hEorpa, agus mar gheall ar an ngá le foinsí malartacha soláthair gáis agus córais phraghasmhúnlaithe a aimsiú nach bhfuil curtha in oiriúint do shuaitheadh soláthair, cuireadh le luaineacht praghsanna agus le harduithe praghsanna. Le praghsanna gáis nádúrtha níos airde, cuirtear geilleagar an Aontais i mbaol trí bhoilsciú ard marthanach atá de thoradh ar phraghsanna leictreachais níos airde, rud a dhéanann dochar do chumhacht ceannaigh tomhaltóirí, chomh maith le trí chostas na monaraíochta a ardú, go háirithe i dtionscal dianfhuinnimh, agus cuirtear slándáil an tsoláthair i mbaol go mór.

(2)

In 2022, bhí praghsanna gáis nádúrtha as cuimse luaineach, agus bhain roinnt tagarmharcanna amach na leibhéil is airde riamh i mí Lúnasa 2022. An leibhéal neamhghnách i bpraghsanna gáis nádúrtha a cláraíodh i mí Lúnasa 2022, bhí sé sin mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, lena n-áirítear dianchothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh atá nasctha le hathlíonadh stórála agus laghdú ar shreabha píblíne, an eagla go gcuirfeadh an Rúis isteach níos mó ar an soláthar agus an eagla roimh chúbláil mhargaidh eile de chuid na Rúise, agus sásra praghasmhúnlaithe nach raibh curtha in oiriúint do na hathruithe ollmhóra sin ar an éileamh agus ar an soláthar agus a chuir leis an ardú as cuimse ar phraghsanna. Cé go raibh praghsanna le 10 mbliana anuas laistigh de bhanda idir EUR 5/MWh agus EUR 35/MWh, shroich praghsanna gáis nádúrtha na hEorpa leibhéil a bhí 1 000 % níos airde ná na meánphraghsanna a chonacthas roimhe seo san Aontas. Rinneadh Todhchaíochtaí Gáis Shaoráid Aistrithe Teidil (TTF) na hÍsiltíre (táirgí 3 mhí/ráithiúla) a thrádáiltear ar an malartán ICE Endex (2) a thrádáil ag leibhéil beagán faoi bhun EUR 350/MWh agus shroich gás lá roimh ré TTF a thrádáiltear ar Malartán Fuinnimh na hEorpa EUR 316/MWh. Níor shroich praghsanna gáis riamh leibhéil amhail na leibhéil a tugadh faoi deara i mí Lúnasa 2022.

(3)

I ndiaidh na damáiste a rinneadh do phíblíne Nord Stream 1 i mí Mheán Fómhair 2022 ar dócha gurb é gníomh sabaitéireachta ba chúis leis, níl aon dóchúlacht ann go bhfillfidh soláthairtí gáis ón Rúis chuig an tAontas ar na leibhéil a bhí ann roimh an gcogadh go luath amach anseo. Leanann tomhaltóirí agus gnólachtaí na hEorpa de bheith neamhchosanta ar an riosca follasach go bhféadfadh babhtaí eile arduithe tobanna ar phraghsanna gáis a bheith ann a dhéanann dochar don gheilleagar. De bharr teagmhais dhothuartha, amhail timpistí nó sabaitéireacht ar phíblínte lena gcuirtear isteach ar sholáthairtí gáis chuig an Eoraip nó lena méadaítear an t-éileamh go mór, d’fhéadfadh sé go gcuirfí slándáil an tsoláthair go mór i mbaol. An teannas sa mhargadh, arb é a spreagann an méid sin an eagla go dtarlódh ganntanas tobann, is dócha go leanfaidh an teannas sin ar aghaidh níos faide ná an geimhreadh seo agus go dtí an bhliain seo chugainn, toisc go meastar go leanfaidh an t-oiriúnú do shuaitheadh soláthair agus bunú caidrimh agus bonneagair nua soláthair ar feadh bliain amháin nó níos mó.

(4)

Cé gurb ann do dhíorthaigh a bhaineann le pointí trádála fíorúla (“VTPanna”) eile, meastar go coitianta gurb é TTF san Ísiltír an seachfhreastalaí praghsála “caighdeánach” ar mhargaí gáis na hEorpa. Is amhlaidh atá mar gheall ar leachtacht na saoráide sin a bhíonn ard de ghnáth mar gheall ar roinnt fachtóirí, lena n-áirítear a suíomh geografach, ar rud é a chuir ar chumas an TTF i dtimpeallacht réamhchogaidh gás nádúrtha a fháil ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear méideanna móra ón Rúis. Mar sin, úsáidtear go forleathan í mar phraghas tagartha i bhfoirmlí praghsála conarthaí soláthair gáis, chomh maith le mar bhonn praghsanna in oibríochtaí fálaithe nó díorthach ar fud an Aontais, lena n-áirítear i moil nach bhfuil nasctha go díreach le TTF. De réir shonraí an mhargaidh, ba é mol TTF ba chúis le thart ar 80 % den ghás nádúrtha a trádáladh san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) le chéile sna chéad 8 mí de 2022.

(5)

Mar sin féin, bhí tionchar ag na hathruithe suaiteacha ar mhargaí fuinnimh an Aontais ó bhí mí Feabhra 2022 ann ar fheidhmiú agus ar éifeachtacht na sásraí traidisiúnta praghasmhúnlaithe sa mhargadh mórdhíola gáis, go háirithe ar thagarmharc TTF. Cé gurbh fhoinse mhaith seachshonraí a bhí i TTF do phraghsanna gáis i réigiúin eile san Eoraip san am a chuaigh thart, ó mhí Aibreáin 2022 tá sé scoite ó phraghsanna ag moil agus áiteanna trádála eile san Eoraip, agus ó na measúnuithe ar phraghsanna a rinne gníomhaireachtaí tuairiscithe praghsanna maidir le hallmhairí gáis nádúrtha leachtaithe (“GNL”). Baineann sé seo den chuid is mó leis na srianta bonneagair áirithe a bhaineann le córas gáis Iarthuaisceart na hEorpa i dtéarmaí tarchur píblíne (Thiar-Thoir) agus i dtéarmaí toilleadh athghásaithe GNL araon. B’iad na teorainneacha sin ba chúis, i bpáirt, leis an méadú ginearálta ar phraghsanna gáis ó thús na géarchéime san Eoraip i ndiaidh armú na Rúise ar an bhfuinneamh. Léirítear leis an mbearna neamhghnách idir TTF agus moil réigiúnacha eile i mí Lúnasa 2022 go bhféadfadh sé, faoi na himthosca sonracha sa mhargadh faoi láthair, nach bhfuil TTF ina fhoinse mhaith seachshonraí maidir le staid an mhargaidh lasmuigh d’Iarthuaisceart na hEorpa, áit a bhfuil srianta bonneagair ag bagairt ar na margaí. Le linn babhtaí ganntanais i margadh Iarthuaisceart na hEorpa, d’fhéadfadh dálaí margaidh níos fabhraí a bheith ag margaí réigiúnacha eile lasmuigh d’Iarthuaisceart na hEorpa agus dá bhrí sin bíonn tionchar míchuí orthu trí innéacsú conartha le TTF. Cé go mbaineann TTF a chuspóir amach fós maidir leis an soláthar agus an t-éileamh a chothromú in Iarthuaisceart na hEorpa, tá gá le gníomhaíocht chun teorainn a chur leis an éifeacht a bhíonn ag babhtaí neamhghnácha praghsanna TTF as cuimse ard ar mhargaí réigiúnacha eile san Aontas. D’fhéadfadh easnaimh sa phraghasmhúnlú, ar bhonn níos lú, a bheith ann freisin le moil eile.

(6)

Tá bearta éagsúla ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann leis na sásraí praghasmhúnlaithe atá ann faoi láthair. Féidearthacht amháin atá ann do chuideachtaí Eorpacha a ndéanann na suaití sa mhargadh le déanaí agus easnaimh an chórais praghasmhúnlaithe difear dóibh ná dul i mbun athchaibidliú maidir leis na conarthaí TTF-bhunaithe atá ann cheana. Toisc nach ionann ábharthacht reatha na dtagairtí praghais a bhaineann le Todhchaíochtaí Gáis TTF agus an ábharthacht a bhí acu san am atá caite agus toisc nach féidir a áirithiú go bhfuil siad ionadaíoch ó thaobh staid an mhargaidh gáis lasmuigh d’Iarthuaisceart na hEorpa, féadfaidh ceannaitheoirí áirithe féachaint le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ann faoi láthair maidir le praghasmhúnlú agus tagarmharc TTF a réiteach trí bhíthin athchaibidliú lena gcomhpháirtithe conartha, bíodh sin faoi théarmaí sainráite an chonartha atá ann cheana nó de réir phrionsabail ghinearálta dhlí na gconarthaí.

(7)

Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh cuideachtaí allmhairíochta nó Ballstáit atá ag gníomhú thar a gceann dul i dteagmháil le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun conarthaí atá ann cheana a athchaibidliú nó chun teacht ar chomhaontú maidir le conarthaí nua soláthair le foirmlí praghsála níos iomchuí atá oiriúnaithe don staid reatha luaineachta. Le ceannach comhordaithe tríd an uirlis TF arna cruthú faoi Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle (3) d’fhéadfaí deiseanna a chur ar fáil praghas na n-allmhairí fuinnimh a ísliú, rud a laghdódh an gá le hidirghabháil sa mhargadh.

(8)

Thairis sin, mar chuid de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) cuimsítear roinnt coimircí cheana féin chun babhtaí luaineachta foircní a theorannú, mar shampla trína cheangal ar mhargaí rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (21), den Treoir sin “scoradáin trádála” ghearrthéarmacha, mar a thugtar orthu, a bheith acu, rud a chuireann teorainn le méaduithe foircneacha ar phraghsanna le haghaidh uaireanta áirithe chun na críche sin. Leis an uirlis bainistithe luaineachta ionlae, a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/2576 rannchuidítear le luaineacht fhoircneach praghsanna i margaí na ndíorthach fuinnimh a theorannú laistigh de 1 lá amháin. Mar sin féin, ní oibríonn na sásraí sin ach ar bhonn gearrthéarmach, agus níl sé i gceist leo cosc a chur ar phraghsanna margaidh leibhéil iomarcacha áirithe a bhaint amach.

(9)

Is gné thábhachtach eile é an t-éileamh a laghdú chun dul i ngleic le fadhb na mbuaiceanna móra praghsanna. Tríd an éileamh ar ghás agus ar leictreachas a laghdú, is féidir tionchar maolaithe a imirt ar phraghsanna margaidh agus dá bhrí sin is féidir rannchuidiú leis na fadhbanna a bhaineann le praghsanna arda neamhghnácha gáis a mhaolú. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 20-21 Deireadh Fómhair 2022, nach mbeidh méadú foriomlán ar úsáid gáis mar thoradh ar ghníomhachtú an tsásra a bhunaítear leis an Rialachán seo.

(10)

I samhradh 2022, chuir iarrachtaí eintiteas a fhaigheann fóirdheontais stáit chun gás a cheannach lena stóráil gan an tionchar a bheadh ag ceannach neamh-chomhordaithe ar phraghsanna a chur san áireamh le méadú ar thagarmharcanna praghsanna agus go háirithe praghsanna TTF. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach comhordú níos fearr a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, idir na Ballstáit a úsáideann eintitis státmhaoinithe chun gás a cheannach chun saoráidí stórála gáis faoi thalamh a líonadh chun buaicphointí praghais foircneacha a sheachaint amach anseo. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag úsáid an tsásra ceannaithe chomhpháirtigh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/2576 maidir le babhtaí praghsanna gáis as cuimse ard a theorannú i ndáil leis sin.

(11)

Cé go bhfuil na bearta atá ann cheana ar fáil, dá bhrí sin, chun dul i ngleic le roinnt de na gnéithe is cúis leis na saincheisteanna a bhaineann le praghasmhúnlú sna margaí gáis, leis na bearta sin atá ann cheana ní ráthaítear go mbeidh réiteach láithreach agus sách cinnte ar na fadhbanna atá ann faoi láthair.

(12)

Is gá, dá bhrí sin, sásra sealadach ceartúcháin margaidh (“MCM”) a bhunú le haghaidh idirbhearta gáis nádúrtha sa phríomhmhargaí dhíorthaigh TTF agus díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile ag a bhfuil aibíochtaí idir mí roimh ré agus bliain roimh ré, mar ionstraim i gcoinne babhtaí praghsanna gáis as cuimse ard agus go mbeidh éifeacht láithreach leis an sásra sin.

(13)

Sna conclúidí uaithi an 20-21 Deireadh Fómhair 2022 d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún togra a thíolacadh mar ábhar práinne le haghaidh praghasraon dinimiciúil sealadach ar idirbhearta gáis nádúrtha chun eachtraí de phraghsanna gáis as cuimse ard a theorannú láithreach, agus na coimircí a leagtar amach in Airteagal 23(2) den togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán (AE) 2022/2576 á gcur san áireamh.

(14)

Ar thaobh amháin, ba cheart na coimircí seo a leanas a mheas agus MCM á dhearadh agus ar an taobh eile, ba cheart iad a úsáid chun a ráthú go gcuirfear deireadh le gníomhachtú féideartha MCM mura bhfuil na coinníollacha chun é a ghníomhachtú i bhfeidhm a thuilleadh nó má tharlaíonn suaití neamhbheartaithe sa mhargadh: ba cheart feidhm a bheith ag MCM maidir le hidirbhearta gáis nádúrtha i bpointe trádála fíorúil TTF, arna oibriú ag Gasunie Transport Services B.V.; féadfar moil trádála gáis eile de chuid an Aontais a nascadh le spotphraghas ceartaithe TTF trí phraghasraon dinimiciúil; ba cheart dó a bheith gan dochar do thrádálacha gáis thar an gcuntar (“OTC”); níor cheart dó cinnteacht soláthair gáis an Aontais a chur i mbaol; níor cheart dó a bheith ag brath ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an sprioc maidir le coigilteas gáis a chur chun feidhme; níor cheart méadú foriomlán ar thomhaltas gáis a bheith mar thoradh air; níor cheart é a cheapadh ar bhealach nach gcuirfidh sé cosc ar shreabha gáis margadhbhunaithe laistigh den Aontas; níor cheart dó difear a dheanamh do chobhsaíocht ná d’fheidhmiú ordúil na margaí díorthach fuinnimh, agus níor cheart a chur san áireamh léi praghsanna an mhargaidh gáis sna margaí eagraithe éagsúla ar fud an Aontais.

(15)

Ba cheart MCM a cheapadh ar bhealach lena gcomhlíonfar dhá bhunchritéar, go háirithe go ngníomhóidh sé mar ionstraim éifeachtach i gcoinne babhtaí praghsanna gáis an-ard, agus nach ndéanfar é a ghníomhachtú ach amháin má shroicheann praghsanna leibhéil as cuimse ard i gcomparáid leis na margaí domhanda, chun suaití móra sa mhargadh agus cur isteach mór ar chonarthaí soláthair a sheachaint, rud a d’fhéadfadh rioscaí tromchúiseacha a bheith ag baint leis ó thaobh shlándáil an tsoláthair de.

(16)

Ba cheart an idirghabháil trí MCM a theorannú d’aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh is tábhachtaí sa chóras praghasmhúnlaithe. Is é praghas socraíochta mí roimh ré TTF le haghaidh díorthach an tagarmharc is mó, go mór fada, a úsáidtear i gconarthaí soláthair gáis ar fud an Aontais, agus ina dhiaidh sin aibíochtaí 2 mhí roimh ré agus bliain roimh ré. Mar sin féin, d’fhéadfadh saobhadh ar mhargaí fuinnimh nó airgeadais an Aontais a bheith mar thoradh ar athruithe trádála chuig díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile, mar shampla trí arbatráiste ag rannpháirtithe sa mhargadh idir díorthaigh cheartaithe agus díorthaigh neamhheartaithe, chun aimhleasa na dtomhaltóirí. Ba cheart, dá bhrí sin, díorthaigh atá nasctha le VTPanna uile san Aontas a áireamh i MCM, i bprionsabal. Mar sin féin, tá cur i bhfeidhm MCM maidir le díorthaigh atá nasctha le VTPanna seachas TTF casta agus ní mór ullmhúchán teicniúil breise a dhéanamh ina leith. D’fhonn a phráinní atá sé MCM a thabhairt isteach don díorthach is tábhachtaí, díorthach TTF, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún sonraí teicniúla chur i bhfeidhm MCM maidir le díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile agus roghnú na ndíorthach atá nasctha le VTPanna eile a shainiú, ar díorthaigh iad a fhéadfar a eisiamh ar bhonn critéir réamhshainithe trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.

(17)

Le bunú MCM, ba cheart comhartha soiléir a thabhairt don mhargadh nach nglacfadh an tAontas le praghsanna as cuimse ard a eascraíonn as praghasmhúnlú neamhfhoirfe. Le bunú MCM sin, ba cheart cinnteacht a chur ar fáil freisin do ghníomhaithe sa mhargadh a mhéid a bhaineann le teorainneacha iontaofa ar thrádáil gáis, agus d'fhéadfaidh a bheith mar thoradh air coigiltí eacnamaíocha tábhachtacha a thabhairt do chuideachtaí agus do theaghlaigh nach mbeidh a fhágáil faoi lé eipeasóidí praghsanna fuinnimh as cuimse ard.

(18)

Leis MCM, ba cheart uasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil a thabhairt isteach do phraghas dhíorthaigh le haibíochtaí ó mhí roimh ré go bliain roimh ré. Ba cheart an uasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil a ghníomhachtú má shroicheann praghas dhíorthaigh leibhéal réamhshainithe, agus mura bhfreagraíonn an t-ardú ar phraghas d’arduithe comhchosúla ar leibhéal an mhargaidh réigiúnaigh nó ar leibhéal an mhargaidh dhomhanda.

(19)

Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú le huasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil nach nglacfar le horduithe trádála a bheadh i bhfad mórán níos airde ná praghsanna GNL i réigiúin eile ar domhan. Ba cheart tagarmharcanna iomchuí a úsáid chun praghas tagartha a chinneadh a léiríonn treochtaí domhanda i bpraghsanna GNL. Ba cheart an praghas tagartha a bheith bunaithe ar mheasúnuithe ar phraghsanna GNL atá ionadaíoch do dhálaí margaidh na hEorpa agus, i ngeall ar an tábhacht ar leith a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus leis an Áise mar iomaitheoirí sa mhargadh domhanda GNL, ar thagarmharc iomchuí freisin do réigiúin na Ríochta Aontaithe agus na hÁise. I gcodarsnacht le gás píblíne, déantar GNL a thrádáil ar fud an domhain. Dá bhrí sin, is fearr a léiríonn praghsanna GNL na forbairtí i bpraghsanna gáis ar an leibhéal domhanda agus is féidir leo a bheith ina dtagarmharc chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil leibhéil na bpraghsanna i moil ilchríochacha, éagsúil go neamhghnách le praghsanna idirnáisiúnta.

(20)

Ba cheart an sampla de phraghsanna GNL a chuirtear san áireamh a bheith leathan go leor le bheith faisnéiseach fiú sa chás nach mbeadh praghas GNL ar leith ar fáil ar lá áirithe. D’fhonn bascaed ionadaíoch de phraghsanna Eorpacha agus idirnáisiúnta a thógáil agus chun a áirithiú go bhfuil na heintitis a sholáthraíonn an fhaisnéis faoi phraghsanna faoi réir rialachán ábhartha an Aontais, ba cheart do ghníomhaireachtaí tuairiscithe a liostaítear i gclárlann riarthóirí agus tagarmharcanna arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) na measúnuithe praghais a roghnú. Ós rud é go bhfuil faisnéis thráthúil ríthábhachtach do MCM dinimiciúil, níor cheart ach faisnéis faoi phraghsanna ó eintitis a sholáthraíonn faisnéis a bhaineann le lá an fhoilsithe a chur san áireamh. Chun go mbeidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh a bhunaítear le Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (“ACER”), in ann a chuid dualgas maoirseachta margaidh faoin Rialachán seo a fheidhmiú, agus chun an praghas tagartha a ríomh in am, is gá oibleagáid a chur ar na gníomhaireachtaí tuairiscithe a fhoilsíonn measúnuithe praghsanna measúnuithe a chur ar fáil do ACER faoi 21.00 CET, ar choinníoll go mbeidh siad ar fáil, chun go mbeidh ACER in ann praghas tagartha a fhoilsiú roimh dheireadh an lae. Cé nach mbaineann na hoibleagáidí tuairiscithe sin ach le sonraí atá ann cheana agus nach gcuireann siad ualach suntasach breise ar na gníomhaireachtaí tuairiscithe agus go mbíonn siad ann go minic i rialáil fuinnimh agus an mhargaidh airgeadais, ba cheart do ACER a áirithiú go gcaithfear go rúnda leis an bhfaisnéis a fhaightear, ba cheart dó aon chearta maoine intleachtúla a bhaineann leis an bhfaisnéis sin a chosaint agus an fhaisnéis sin a úsáid chun críoch rialála agus chun na críche sin amháin. Ba cheart do ACER a bheith in ann treoir a eisiúint maidir leis an bhformáid ina bhfuil na sonraí ábhartha le cur ar fáil.

(21)

I ngeall ar a leachtacht ard, is iomchuí díorthaigh na míosa is túisce a bhaineann le Pointe Comhardaithe Náisiúnta (“NBP”) na Ríochta Aontaithe a chur san áireamh freisin. Ba cheart an measúnú laethúil ar phraghsanna arna dhéanamh ag ACER de bhun Rialachán (AE) 2022/2576 a bheith mar chuid den bhascaed de mheasúnuithe ar phraghsanna GNL.

(22)

Cé gur foinse seachshonraí mhaith iad na tagarmharcanna a chuirtear san áireamh don phraghas tagartha do threochtaí domhanda praghsanna GNL, ní féidir leo praghsanna díorthach a ionadú. Is amhlaidh atá go háirithe toisc go léiríonn an praghas tagartha praghsanna ag suíomhanna éagsúla seachas TTF agus VTPanna eile san Aontas. Mar shampla, ní chuirtear san áireamh iontu na costais a bhaineann le plódú bonneagair a d’fhéadfadh a bheith ann nuair a aistrítear an gás ón gcríochfort GNL go dtí an áit a bhfuil mol TTF lonnaithe. Dá bhrí sin, bíonn praghsanna TTF níos airde de ghnáth ná na praghsanna a chuirtear san áireamh don phraghas tagartha. Bhí difríocht de thart ar EUR 35/MWh ar an meán idir mí an Mheithimh agus mí Lúnasa 2022. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach ó thaobh shlándáil an tsoláthair de go socraítear an praghas dhíorthaigh TTF ceartaithe ar leibhéal sách ard chun allmhairí GNL ó réigiúin eile ar domhan a mhealladh. Ba cheart, dá bhrí sin, préimh shlándáil an tsoláthair a chur ar an bpraghas tagartha chun an praghas ceartaithe dhíorthaigh TTF a ríomh. Ba cheart an fhoirmle le haghaidh na huasteorann sábháilteachta a bheith go hiomlán dinimiciúil, bunaithe ar chiseán praghsanna a bheadh ag forbairt ar bhealach dinimiciúil lena léireofaí praghsanna an mhargaidh dhomhanda, agus ba cheart di feidhmiú mar lamháil sábháilteachta áirithe chun a áirithiú nach mbeidh slándáil an tsoláthair i mbaol. Is féidir leis an uasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil a bheith éagsúil ó lá go lá ar bhonn fhorbairt na bpraghsanna domhanda atá sa chiseán.

(23)

Níor cheart don uasteorainn sábháilteachta a bheith statach. ba cheart an uasteorainn sábháilteachta a choigeartú ar bhealach dinimiciúil agus ar bhonn laethúil. Trí phraghas socraíochta laethúil a fhoilsiú, is féidir leis an uasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil fanacht i gcomhréir le forbairtí sa mhargadh GNL, agus an próiseas praghasmhúnlaithe maidir le malartuithe a chaomhnú agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar fheidhmiú ordúil mhargaí na ndíorthach a mhaolú. Le dearadh dinimiciúil na huasteorann sábháilteachta, laghdófar freisin na rioscaí do chontrapháirtithe lárnacha agus cuirfear teorainn leis an tionchar ar rannpháirtithe i margaí sa todhchaí, amhail comhaltaí imréitigh agus a gcliaint. Níor cheart go gceartófaí leis an uasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil praghsanna an mhargaidh faoi bhun teorainn áirithe.

(24)

Chun aon riosca a sheachaint go mbeadh iompraíocht chlaonpháirteach neamhdhleathach i measc soláthróirí nó trádálaithe gáis nádúrtha mar thoradh ar theorainn dhinimiciúil tairisceana ar phraghas dhíorthaigh mí roimh ré go bliain roimh ré, ba cheart do rialtóirí airgeadais, ACER agus na húdaráis iomaíochta breathnú go cúramach ar mhargaí na ndíorthach gáis agus fuinnimh le linn na tréimhse ina ndéantar an MCM a ghníomhachtú.

(25)

Ba cheart MCM a bheith de chineál sealadach agus níor cheart é a ghníomhachtú ach amháin chun teorainn a chur le babhtaí praghsanna gáis nádúrtha as cuimse ard, ar praghsanna iad nach bhfuil ag teacht le praghsanna ag malartáin gháis eile. Chuige sin, ba cheart dhá choinníoll charnacha a chomhlíonadh chun go n-oibreoidh MCM.

(26)

Níor cheart MCM a ghníomhachtú ach amháin i gcás ina sroicheann praghsanna socraíochta dhíorthaigh TTF na míosa is túisce leibhéal réamhshainithe as cuimse ard, chun a áirithiú go gceartóidh MCM easnaimh sa mhargadh agus nach gcuirfidh sé isteach go mór ar éileamh agus ar sholáthar agus ar ghnáthshocrú praghsanna. Mura socraítear an uasteorainn sabháilteachta ar leibhéal ard go leor, d’fhéadfadh sí cosc a chur ar rannpháirtithe sa mhargadh a rioscaí a fhálú go héifeachtach, ós rud é go bhféadfaí dochar a dhéanamh do mhúnlú praghsanna iontaofa le haghaidh táirgí a bhfuil dáta seachadta acu sa todhchaí agus d’fheidhmiú mhargaí na ndíorthach. Dá spreagfaí MCM chun praghsanna a laghdú go saorga in ionad mhífheidhmiú an mhargaidh a cheartú, bheadh tionchar diúltach tromchúiseach aige ar rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear gnólachtaí fuinnimh, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh deacrachtaí acu freastal ar ghlaonna ar éarlais agus ar shrianta leachtachta, rud a bhféadfadh mainneachtain a bheith mar thoradh air. D’fhéadfadh sé go gcuirfí cosc ar ghníomhaithe áirithe sa mhargadh, go háirithe gníomhaithe beaga, a suíomhanna a fhálú, rud a chuirfeadh leis an luaineacht sna spotmhargaí agus bheadh na buaiceanna praghsanna níos airde mar thoradh air sin. I bhfianaise na méideanna móra trádála, bheadh an fhorbairt sin ina riosca follasach don gheilleagar agus ba cheart é sin a chosc le ceapadh MCM. An taithí a fuarthas roimhe seo, amhail an t-ardú as cuimse ar phraghsanna a léiríodh i mí Lúnasa 2022, ba cheart an taithí sin a bheith ina treoir maidir le sainiú na leibhéal praghsanna, ar leibhéal é ag ar cheart MCM a spreagadh. Léiríonn na sonraí atá ar fáil gur i mí Lúnasa 2022, shroich praghsanna do dhíorthaigh TTF na míosa is túisce leibhéil os cionn EUR 180/MWh. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag MCM praghsanna neamhghnácha ar leibhéal a baineadh amach i mí Lúnasa 2022 a sheachaint.

(27)

Thairis sin, níor cheart MCM a ghníomhachtú ach amháin nuair a shroicheann praghsanna TTF leibhéil atá an-ard agus neamhghnách i gcomparáid le praghsanna GNL, rud a léiríonn treochtaí margaidh domhanda. Dá dtiocfadh méadú ar phraghsanna na margaí domhanda ar an luas agus ar an leibhéal céanna le praghsanna TTF, d’fhéadfadh sé, le gníomhachtú MCM, go gcuirfí bac ar cheannach soláthairtí ar na margaí domhanda, rud lena bhféadfaí rioscaí maidir le slándáil an tsoláthair a bheith mar thoradh air. Dá bhrí sin, níor cheart MCM a spreagadh ach amháin i gcásanna ina bhfuil praghsanna TTF go mór os cionn praghsanna na margaí domhanda thar thréimhse fhada. Ar an gcaoi chéanna, dá ndéanfaí an difríocht le praghsanna TTF a laghdú nó a chur ar ceal, ba cheart MCM a dhíghníomhachtú, chun aon riosca do shlándáil an tsoláthair a sheachaint.

(28)

Chun go mbeidh sé go hiomlán comhoiriúnach le Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle (7) agus leis na spriocanna laghdaithe éilimh a leagtar amach sa Rialachán sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann gníomhachtú MCM a chur ar fionraí, má dhéanann sé difear diúltach don dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na spriocanna maidir le laghdú deonach ar éileamh de bhun Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle, nó má thagann méadú foriomlán 15 % in aon mhí amháin nó 10 % in dhá mhí as a chéile ar thomhaltas gáis mar thoradh air sin i gcomparáid leis an meántomhaltas faoi seach le linn míonna inchomparáide sna blianta roimhe sin. Chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí réigiúnacha nó éagsúlachtaí ar fud an Aontais de bharr séasúracht, athruithe aimsire agus tosca eile amhail géarchéim COVID-19, ba cheart tomhaltas gáis a thomhas de réir tomhaltais sna cúig bliana roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcomhréir leis an gcur chuige i Rialachán (AE) 2022/1369, ar bhonn sonraí maidir le tomhaltas gáis agus laghdú ar éileamh a fhaightear ó na Ballstáit de bhun an Rialacháin sin. Níor cheart, leis an tionchair maolaithe ar phraghsanna gáis nádúrtha a d’fhéadfadh eascairt as MCM, go ndéanfaí an tomhaltas gáis nádúrtha san Aontas a dhreasú go saorga ar chaoi lena ndéanfar dochar do na hiarrachtaí is gá chun an t-éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú i gcomhréir leis na spriocanna maidir le laghdú deonach agus sainordaitheach ar éileamh de bhun Rialachán (AE) 2022/1369 agus spriocanna maidir le laghdú ar éilimh de bhun Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle (8). Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh gníomhachtú MCM moill ar an dul chun cinn a dhéanann na Ballstáit chun a spriocanna maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach.

(29)

D’fhéadfadh rioscaí airgeadais, conarthacha agus rioscaí maidir le slándáil an tsoláthair a bheith i gceist le MCM, ag brath ar leibhéal na hidirghabhála. Braitheann leibhéal an riosca ar a mhinice a dhéantar MCM a ghníomhachtú agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh sé cur isteach ar ghnáthfheidhmiú an mhargaidh. Dá ísle an tairseach idirghabhála, is ea is minice a dhéanfar MCM a spreagadh, agus dá bhrí sin is dóchúla go dtiocfadh an riosca ábhartha chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart na coinníollacha maidir le gníomhachtú MCM a shocrú ar leibhéal atá nasctha le leibhéil neamhghnácha as cuimse ard maidir le praghas mí roimh ré TTF, agus a áirithiú san am céanna gur ionstraim éifeachtach é i gcoinne babhtaí praghsanna as cuimse ard, ar praghsanna gáis as cuimse ard iad nach léiríonn forbairtí sa mhargadh idirnáisiúnta.

(30)

Tá sé tábhachtach go gceapfaí MCM ar bhealach nach n-athróidh cothromaíocht chonarthach bhunúsach na gconarthaí soláthair gáis, ach ina ionad sin ar bhealach lena dtabharfaí aghaidh ar bhabhtaí iompraíochta neamhghnáiche sa mhargadh. Má shocraítear na truicir don idirghabháil ar leibhéal lena gceartaítear fadhbanna atá ann cheana maidir le praghasmhúnlú agus nach bhfuil sé i gceist leo cur isteach ar chothromaíocht an éilimh agus an tsoláthair, is féidir an riosca a íoslaghdú go n-athrófar cothromaíocht chonarthach na gconarthaí atá ann cheana de thoradh MCM nó de thoradh ghníomhachtú MCM.

(31)

Chun a áirithiú go mbeidh éifeacht láithreach ag MCM, ba cheart an teorainn dhinimiciúil tairisceana a ghníomhachtú láithreach agus go huathoibríoch, gan aon ghá le cinneadh eile ó ACER ná ón gCoimisiún.

(32)

Chun a áirithiú go ndéanfar fadhbanna a d’fhéadfadh teacht as gníomhachtú MCM a shainaithint go luath, ba cheart don Choimisiún sainordú a thabhairt don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (“ESMA”) agus ACER tuarascáil a eisiúint maidir le héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag MCM ar mhargaí airgeadais agus fuinnimh agus ar shlándáil an tsoláthair.

(33)

Ba cheart do ACER faireachán leanúnach a dhéanamh ar cé acu a gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hoibriú MCM nó nach gcomhlíontar. Is é ACER an t-údarás is fearr chun an faireachán sin a dhéanamh, toisc go bhfuil dearcadh uile Aontais aige ar mhargaí gáis agus go bhfuil an saineolas is gá aige maidir le hoibriú na margaí gáis, agus go bhfuil sainordú aige cheana féin maidir le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trádála i dtáirgí mórdhíola fuinnimh faoi dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart do ACER faireachán a dhéanamh ar fhorbairt phraghas socraíochta TTF na míosa is túisce agus é a chur i gcomparáid leis an bpraghas tagartha, arna chinneadh le meánphraghas measúnuithe praghais GNL atá nasctha le moil trádála na hEorpa, chun a dheimhniú cé acu a chomhlíontar na coinníollacha lena dtugtar údar le gníomhachtú nó díghníomhachtú MCM nó nach gcomhlíontar. A luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha maidir le gníomhachtú MCM, ba cheart do ACER fógra a fhoilsiú láithreach ar a shuíomh gréasáin lena gcuirfear in iúl gur comhlíonadh na coinníollacha spreagtha chun MCM a ghníomhachtú. An lá dár gcionn, níor cheart d’oibreoirí margaidh rialáilte glacadh le haon orduithe atá os cionn na teorann dinimiciúla tairisceana agus níor cheart do rannpháirtithe sa mhargadh díorthach TTF orduithe den sórt sin a thíolacadh. Ba cheart d’oibreoirí margaidh rialáilte agus do rannpháirtithe i margadh dhíorthaigh TTF faireachán a dhéanamh ar shuíomh gréasáin ACER ar cheart an praghas tagartha laethúil a fhoilsiú air. Ba cheart feidhm a bheith ag teorainn tairisceana dhinimiciúil chomhchosúil maidir le díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile faoi na coinníollacha a shainítear sa ghníomh cur chun feidhme a bhaineann le cur i bhfeidhm MCM ar dhíorthaigh den sórt sin.

(34)

Féadfaidh gníomhachtú MCM éifeachtaí neamh-inmhianaithe agus neamh-intuartha a spreagadh ar an ngeilleagar, lena n-áirítear rioscaí do shlándáil an tsoláthair agus don chobhsaíocht airgeadais. Chun freagairt mhear a áirithiú i gcás ina dtarlaíonn suaití neamhbheartaithe ar an margadh, ba cheart coimircí éifeachtúla a bhunú, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, lena n-áiritheofar gur féidir MCM a chur ar fionraí tráth ar bith. I gcás suaitheadh neamhbheartaithe sa mhargadh, bunaithe ar thorthaí an fhaireacháin ACER agus ar thásca nithiúla go bhfuil teagmhas ceartúcháin margaidh ar tí tarlú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann tuairim a iarraidh ar ESMA, ACER, agus, i gcás inarb iomchuí, ar Lionra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (“ENTSOG”) agus ar an nGrúpa Comhordaithe Gáis arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (“GCG”) maidir leis an tionchar a bheadh ag teagmhas ceartúcháin margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann ar shlándáil an tsoláthair, ar shreabha gáis laistigh den Aontas agus ar an gcobhsaíocht airgeadais, ionas gur féidir leis an gCoimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, gníomhachtú MCM ag ACER a chur ar fionraí go tapa más gá.

(35)

Anuas ar athbhreithniú laethúil a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais maidir leis an teorainn dhinimiciúil tairisceana fós i bhfeidhm, ba cheart coimircí breise a bhunú chun suaití neamhbheartaithe sa mhargadh a sheachaint.

(36)

Níor cheart don teorainn dhinimiciúil tairisceana difear a dhéanamh d’idirbhearta OTC, toisc go dtiocfadh saincheisteanna tromchúiseacha faireacháin chun cinn dá n-áireofaí iad agus go bhféadfadh fadhbanna a bheith ann maidir le slándáil an tsoláthair. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag sásra athbhreithnithe maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh athruithe suntasacha ar thrádáil dhíorthaigh TTF chuig margaí OTC a bheith mar thoradh ar eisiamh idirbheart OTC, rud a chuirfeadh cobhsaíocht na margaí airgeadais nó na margaí fuinnimh i mbaol.

(37)

Ba cheart MCM a dhíghníomhachtú go huathoibríoch mura bhfuil bonn cirt lena fheidhmiú a thuilleadh mar gheall ar an staid ar an margadh gáis nádúrtha. Mura dtarlaíonn suaitheadh sa mhargadh, níor cheart MCM a dhíghníomhachtú ach amháin tar éis tréimhse áirithe ama, chun gníomhachtú agus díghníomhachtú ar bhonn minic a sheachaint. Ba cheart, dá bhrí sin, MCM a dhíghníomhachtú go huathoibríoch, tar éis 20 lá más é EUR 180/MWh an teorainn dhinimiciúil tairisceana ar feadh tréimhse áirithe. Maidir le díghníomhachtú MCM, níor cheart gá a bheith ann le haon mheasúnú ó ACER ná ón gCoimisiún, ach ba cheart dó tarlú go huathoibríoch nuair a chomhlíonfar na coinníollacha.

(38)

I gcás ina mbeadh laghduithe suntasacha ar an soláthair gáis agus sa chás nár leor an soláthar gáis chun freastal ar an éileamh ar ghás atá fós ann, de bhun Rialachán (AE) 2017/1938, féadfaidh an Coimisiún éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais a fhógairt arna iarraidh sin do Bhallstát a bhfuil éigeandáil fógartha aige, agus tá air éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais a fhógairt má tá éigeandáil fógartha ag dhá Bhallstát nó níos mó. Chun nach dtarlódh cás ina mbeadh fadhbanna maidir le cinnteacht an tsoláthair mar thoradh ar ghníomhachtú leanúnach an MCM,, ba cheart an sásra a dhíghníomhachtú go huathoibríoch i gcás inar fhógair an Coimisiún éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais.

(39)

Tá sé ríthábhachtach go n-áireofaí le MCM ionstraim éifeachtach chun an uasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil a chur ar fionraí, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, láithreach agus tráth ar bith dá mbeadh suaitheadh tromchúiseach ar an margadh mar thoradh ar an uasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil, rud a dhéanfadh difear do shlándáil an tsoláthair agus do shreabha gáis laistigh den Aontas.

(40)

Ós rud é go bhfuil sé tábhachtach measúnú críochnúil a dhéanamh ar na coimircí uile atá le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an bhféidearthacht MCM a chur ar fionraí, ba cheart MCM a chur ar fionraí trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún. Agus cinneadh den sórt sin á ghlacadh, ar cinneadh é ba cheart a dhéanamh gan moill mhíchuí, ba cheart don Choimisiún a mheas an gcuireann cur i bhfeidhm na teorann dinimiciúla tairisceana slándáil sholáthair an Aontais i mbaol, an bhfuil iarrachtaí leordhóthanacha chun éileamh a laghdú ag gabháil leis, an gcuireann sé cosc ar shreabha gáis margadhbhunaithe laistigh den Aontas, an ndéanann sé difear diúltach do mhargaí na ndíorthach fuinnimh, an cuntas ar phraghsanna an mhargaidh gáis sna margaí eagraithe éagsúla ar fud an Aontais, nó i gcás ina bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar chonarthaí soláthair gáis atá ann cheana. Sna cásanna sin, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh MCM a chur ar fionraí trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme. I bhfianaise an ghá atá le freagairt go tapa, níor cheart go gceanglófaí ar an gCoimisiún gníomhú i gcomhréir le nós imeachta coiste.

(41)

Níor cheart do MCM slándáil soláthair gáis an Aontais a chur i mbaol trí shrian a chur le comharthaí praghais atá riachtanach chun soláthairtí gáis riachtanacha a mhealladh agus le haghaidh sreafaí gáis laistigh den Aontas. Go deimhin, d’fhéadfadh soláthraithe gáis soláthairtí a choinneáil siar nuair a ghníomhachtaítear MCM chun brabúis a uasmhéadú trí dhíol go luath tar éis na huasteorainneacha sábháilteachta a dhíghníomhachtú. I gcás ina n-eascródh rioscaí den sórt sin do shlándáil soláthair gáis an Aontais as MCM, ach nach bhfógraítear aon éigeandáil réigiúnach ná éigeandáil Aontais, ba cheart don Choimisiún MCM a chur ar fionraí láithreach. Ba cheart go n-áireofaí leis na gnéithe atá le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair diall suntasach féideartha de cheann amháin de chomhpháirteanna an phraghais tagartha i gcomparáid leis an treocht stairiúil, agus laghdú suntasach ar allmhairí GNL ráithiúla isteach san Aontas i gcomparáid leis an ráithe chéanna den bhliain roimhe sin.

(42)

Ós rud é gur príomhghné de shlándáil an tsoláthair san Aontas iad sreabha gáis gan srian laistigh den Aontas, ba cheart gníomhachtú MCM a chur ar fionraí freisin dá gcuirfeadh sé srian mhíchuí ar shreabha gáis laistigh den Aontas, rud a chuirfeadh slándáil sholáthair gáis an Aontais i mbaol.

(43)

Níor cheart do MCM laghdú a dhéanamh ar an ról a chomhlíonann comharthaí praghais i margadh inmheánach an Aontais i ngás nádúrtha agus cosc a chur ar shreabha gáis margadhbhunaithe laistigh den Aontas, ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach go leanfaidh gás nádúrtha de bheith ag sreabhadh sna háiteanna is mó a bhfuil gá leis.

(44)

Níor cheart do MCM feidhmiú cuí leanúnach mhargaí na ndíorthach fuinnimh a chur i mbaol go míchuí. Tá ról lárnach ag na margaí sin maidir le rannpháirtithe sa mhargadh a chumasú chun a suíomhanna a fhálú d’fhonn rioscaí a bhainistiú, go háirithe maidir le luaineacht praghsanna. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh caillteanais shuntasacha airgeadais ann do rannpháirtithe sa mhargadh i margaí na ndíorthach mar thoradh ar idirghabhálacha praghsanna trí MCM. I bhfianaise mhéid an mhargaidh gáis san Aontas, d’fhéadfadh caillteanais den sórt sin difear a dhéanamh ní hamháin do mhargaí na ndíorthach speisialaithe, ach d’fhéadfadh éifeachtaí iarmhartacha suntasacha a bheith acu ar mhargaí airgeadais eile. . D’fhéadfadh méadú díobhálach a theacht ar ghlaonna ar éarlais mar gheall ar idirghabhálacha praghais freisin mar thoradh ar éiginnteacht. D’fhéadfadh caillteanais shuntasacha airgeadais agus leachtachta do rannpháirtithe sa mhargadh a bheith mar thoradh ar mhéadú suntasach ar ghlaonna ar éarlais, rud a d’fhágfadh mainneachtain comhalta imréitigh nó cliaint deiridh. Ba cheart do rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh gníomhú de mheon macánta agus gan nósanna imeachta bainistithe riosca a athrú go míchuí a mbeadh méadú ar ghlaonna ar éarlais mar thoradh orthu, go háirithe mura bhfuil siad i gcomhréir le gnáthnósanna imeachta margaidh. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún MCM a chur ar fionraí láithreach má chuireann sé feidhmiú ordúil mhargadh na ndíorthach i mbaol, mar shampla i gcás ina dtagann laghdú suntasach ar idirbhearta dhíorthaigh TTF laistigh den Aontas nó aistriú suntasach idirbhearta dhíorthaigh TTF chuig ionaid trádála lasmuigh den Aontas. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh an saineolas atá ar fáil ó chomhlachtaí ábhartha an Aontais. Is údarás neamhspleách é ESMA a chuidíonn le cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais a chosaint, go háirithe trí mhargaí airgeadais cobhsaí agus ordúil a chur chun cinn, amhail margaí na ndíorthach.

Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún tuarascálacha ó ESMA maidir le gnéithe den sórt sin a chur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún aon chomhairle ón mBanc Ceannais Eorpach (“BCE”) a bhaineann le cobhsaíocht an chórais airgeadais a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 127(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) agus le hAirteagal 25.1 de Phrótacal 4 maidir le reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh atá i gceangal le CFAE (an “Prótacal”). I bhfianaise luaineacht na margaí airgeadais agus an tionchair mhóir a d’fhéadfadh a bheith ag idirghabhálacha margaidh iontu, tá sé tábhachtach a áirithiú gur féidir leis an gCoimisiún MCM a chur ar fionraí go tapa. Dá bhrí sin, ba cheart tuarascáil ESMA a eisiúint tráth nach déanaí ná 48 n-uair an chloig nó laistigh den lá céanna i gcásanna práinneacha tar éis iarraidh an Choimisiúin.

(45)

Ba cheart MCM a cheapadh chun aghaidh a thabhairt ar mhéaduithe eisceachtúla ar phraghsanna gáis a eascraíonn as easnaimh sa sásra praghasmhúnlaithe agus, dá bhrí sin, níor cheart tionchar a bheith aige ar bhailíocht na gconarthaí soláthair gáis atá ann cheana. Mar sin féin, i gcásanna ina measann ACER nó an Coimisiún go mbíonn tionchar diúltach ag gníomhachtú MCM ar chonarthaí soláthair atá ann cheana, ba cheart don Choimisiún MCM a chur ar fionraí.

(46)

Agus MCM á cheapadh agus á chur ar fionraí, ba cheart a chur san áireamh go bhféadfaidh trádálaithe gáis nádúrtha trádáil gáis nádúrtha a bhogadh go réigiúin lasmuigh den Aontas, rud a laghdóidh éifeachtacht MCM. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, dá dtosódh trádálaithe ag gabháil do thrádálacha gáis OTC, rud nach bhfuil chomh trédhearcach céanna, nach bhfuil faoi réir grinnscrúdú rialála, agus dá mbeadh rioscaí níos mó ag baint leo go mainneodh siad oibleagáidí do na páirtithe lena mbaineann. B’amhlaidh a bheadh an cás freisin dá mba rud é go lorgódh trádálaithe, a bhféadfadh a bhfálú a bheith teoranta ag MCM, fálú i ndlínsí eile, rud a d’fhágfadh go mbeadh ar an gcontrapháirtí imréitigh an t-airgead atá ina bhuntaca le suíomhanna díorthach a athchothromú chun an praghas socraíochta caidhpeáilte a léiriú, rud a spreag glaonna ar chorrlach.

(47)

Ba cheart do ACER, ESMA, ENTSOG agus GCG cúnamh a thabhairt don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar MCM.

(48)

Agus a chúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún freisin dul i gcomhairle le BCE, agus comhairle a lorg uaidh, i gcomhréir le ról BCE de bhun Airteagal 127(5) CFAE chun rannchuidiú le seoladh rianúil beartas a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais agus de bhun Airteagal 25.1 den Phrótacal chun comhairle a thabhairt don Choimisiún agus dul i gcomhairle leis, inter alia, maidir le raon feidhme agus cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais. Ba cheart próiseas comhairliúcháin den sórt sin a eagrú ar bhealach lena gceadófar MCM a chur ar fionraí go tapa, más gá.

(49)

I bhfianaise a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna, go háirithe i socrú praghsanna dhíorthaigh TTF san Aontas, tá sé ríthábhachtach MCM margaidh a chur chun feidhme go pras. Ba cheart do ESMA agus ACER measúnú a dhéanamh ar thionchar MCM (“measúnú ar éifeachtaí”), chun anailís a dhéanamh an bhféadfadh iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe ar na margaí airgeadais nó fuinnimh nó ar chinnteacht an tsoláthair a bheith mar thoradh ar an gcur chun feidhme pras. Ba cheart an measúnú ar éifeachtaí a bheith curtha faoi bhráid an Choimisiúin cheana féin faoin 1 Márta 2023. Ba cheart dó anailís a dhéanamh go háirithe ar na gnéithe is gá don ghníomh cur chun feidhme maidir le sonraí na módúlachtaí chun MCM a leathnú chuig díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile agus ba cheart dó a fhíorú an bhfuil príomhghnéithe MCM fós iomchuí i bhfianaise forbairtí a mhéid a bhaineann leis an margadh airgeadais agus fuinnimh nó i bhfianaise forbairtí i ndáil le cinnteacht an tsoláthair. Ba cheart do ESMA agus ACER réamhthuarascáil sonraí maidir le tabhairt isteach MCM a fhoilsiú faoin 23 Eanáir. Agus torthaí an mheasúnaithe ar éifeachtaí á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, leasú ar an Rialachán seo a mholadh gan moill mhíchuí d’fhonn rogha na dtáirgí a chumhdaítear le MCM a oiriúnú.

(50)

Féadfaidh an Coimisiún leasuithe eile ar an Rialachán seo a mholadh freisin, bunaithe ar an measúnú ar éifeachtaí, nó tar éis teagmhas ceartúcháin margaidh nó cinneadh fionraí, nó i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus i slándáil an tsoláthair.

(51)

Chun feidhmiú fónta mhargaí na ndíorthach a chaomhnú, go háirithe próisis bainistithe riosca na gcontrapháirtithe lárnacha (CPLanna) imréitigh agus an gá atá le glao ar éarlais breise mar chomhthaobhacht a íoslaghdú, ba cheart cead a bheith ag páirtithe suíomhanna i margadh dhíorthaigh TTF a fhritháireamh nó a laghdú ar bhealach ordúil más mian leo sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an teorainn tairisceana dhinimiciúil maidir le conarthaí arna ndéanamh roimh theacht i bhfeidhm an rialacháin seo, ná maidir le trádálacha a chuireann ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh suíomhanna a eascraíonn as conarthaí dhíorthaigh TTF a rinneadh roimh theacht i bhfeidhm an rialacháin seo a fhritháireamh nó a laghdú.

(52)

Tá ról lárnach ag contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) imréitigh maidir le feidhmiú ordúil margaí dhíorthaigh TTF a áirithiú trí riosca contrapháirtí a mhaolú. Is gá, dá bhrí sin, nach gcuirfidh MCM bac ar ghníomhaíochtaí na CPLanna, go háirithe gníomhaíochtaí a bhaineann le suíomhanna mainneachtana a bhainistiú. Chuige sin, níor cheart feidhm a bheith ag an teorainn tairisceana dhinimiciúil maidir le trádálacha a fhorghníomhaítear mar chuid de phróiseas bainistithe mainneachtana arna eagrú ag CPL.

(53)

Tá MCM riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le praghsanna gáis as cuimse ard a cheartú ag TTF agus díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile. Is ábhar imní do na Ballstáit uile éifeachtaí indíreacha na n-arduithe praghsanna, amhail praghsanna fuinnimh a mhéadú agus boilsciú. A mhéid a bhaineann leis na heasnaimh sa chóras praghasmhúnlaithe, tá ról difriúil ag easnaimh den sórt sin i mBallstáit éagsúla, agus tá méaduithe praghsanna níos ionadaíche i roinnt Ballstát (e.g. Ballstáit Lár na hEorpa) ná mar atá i mBallstáit eile (e.g. Ballstáit ar an imeall nó le féidearthachtaí soláthair eile). Chun gníomhaíocht ilroinnte a sheachaint, a d’fhéadfadh margadh gáis comhtháite an Aontais a dheighilt, tá gá le comhghníomhaíocht de mheon dlúthpháirtíochta. Tá sé ríthábhachtach stóráil gáis a líonadh chun slándáil an tsoláthair san Aontas a áirithiú. Ina theannta sin, áirithítear le coimircí comhchoiteanna cur chuige comhordaithe mar léiriú ar an dlúthpháirtíocht fuinnimh, a bhféadfadh gá níos mó a bheith leo sna Ballstáit nach bhfuil roghanna malartacha acu ná mar atá sna Ballstáit a bhfuil níos mó roghanna acu. Go deimhin, cé go bhfuil na rioscaí agus na tairbhí airgeadais an-difriúil i gcás Ballstáit éagsúla, ba cheart comhréiteach daingean a bheith i MCM, ina gcomhaontaíonn na Ballstáit go léir cur leis an gceartú margaidh agus ina nglacann siad leis na teorainneacha céanna leis an socrú praghsanna, cé nach ionann i roinnt Ballstát leibhéal mífheidhmithe an tsásra socraithe praghsanna agus tionchar airgeadais phraghsanna díorthaigh ar an ngeilleagar. Dá bhrí sin, neartódh MCM dlúthpháirtíocht an Aontais chun praghsanna gáis as cuimse ard a sheachaint, praghsanna nach bhfuil inbhuanaithe fiú ar feadh tréimhsí gearra ama i gcás go leor Ballstát. Le MCM, rannchuideofar lena áirithiú go mbeidh gnóthais soláthair gáis ó na Ballstáit uile in ann gás a cheannach ar phraghsanna réasúnta de mheon dlúthpháirtíochta.

(54)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun mionsonraí teicniúla chur i bhfeidhm MCM maidir le díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile a shainiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(55)

I bhfianaise staid ghuagach neamh-intuartha an mhargaidh gáis nádúrtha agus an geimhreadh ar na bacáin fágtar go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú gur féidir MCM a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir, i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha a ghníomhachtaithe. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an 1 Feabhra. Ba cheart feidhm a bheith ag an teorainn tairisceana dhinimiciúil ón 15 Feabhra. Ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an oibleagáid maidir le réamhthuarascáil sonraí ó ESMA agus ó ACER a sholáthar ón 1 Eanáir chun an fhaisnéis is gá a fháil a luaithe is féidir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo sásra ceartúcháin margaidh (“MCM”) sealadach le haghaidh orduithe a chuirtear chun díorthaigh TTF a thrádáil, agus díorthaigh atá nasctha le pointí trádála fíorúla (“VTPanna”) eile i gcomhréir le hAirteagal 9, chun babhtaí eile de phraghsanna gáis as cuimse ard san Aontas Eorpach a theorannú, ar babhtaí iad nach léiríonn praghsanna an mhargaidh dhomhanda.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “díorthach TTF” díorthach tráchtearraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (30), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), a thrádáiltear ar mhargadh rialáilte arb é a bhunionstraim idirbheart sa Saoráie Aistrithe Teideal (TTF), pointe trádála fíorúil arna oibriú ag Gasunie Transport Services B.V.;

(2)

ciallaíonn “díorthach atá nasctha le VTPanna eile” díorthaigh tráchtearraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (30), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, a thrádáiltear ar mhargadh rialáilte arb é a bhunionstraim idirbheart i bpointe trádála fíorúil gáis sa i bpointe trádála fíorúil san Aontas;

(3)

ciallaíonn “pointe trádála fíorúil” nó “VTP” pointe tráchtála neamh-fhisiceach laistigh de chóras iontrála-scoir ina ndéantar gáis a mhalartú idir díoltóir agus ceannaitheoir gan an gá acmhainneacht tarchurtha nó dáileacháin a chur in áirithint;

(4)

ciallaíonn “díorthach TTF na míosa is túisce” díorthach TTF arb é a dháta éaga an dáta is gaire i measc na ndíorthach a bhfuil aibíocht 1 mhí amháin acu a thrádáiltear ar mhargadh rialáilte ar leith;

(5)

ciallaíonn “díorthach TTF na bliana is túisce” díorthach TTF arb é an dáta éaga is gaire i measc na ndíorthach a bhfuil aibíocht 12 mhí acu a thrádáiltear ar mhargadh rialáilte ar leith;

(6)

ciallaíonn “praghas tagartha”, a mhéad a bheidh an praghas sin ar fáil, meánphraghas laethúil na measúnuithe:

an measúnú ar phraghas GNL Northwest Europe Marker a shainmhínítear mar mheán laethúil “Daily Spot North West Europe Marker (NWE)” arna riar ag Platts Benchmark B.V. (an Ísiltír), agus “Northwest Europe des – half-month 2” arna riar ag Argus Benchmark Administration B.V. (an Ísiltír); le comhshó measúnuithe praghais GNL i nDollar SAM (USD) in aghaidh an Mhilliúin Méadrach Teas-Aonad Briotanaigh (MMBtu) go EUR in aghaidh an MWh, ar bhonn ráta malairte eachtraí Euro an Bhainc Ceannais Eorpaigh (“BCE”) agus ráta comhshó 1 MMBtu go 0.293071 kWh;

measúnú ar phraghas GNL Mediterranean Marker a shainmhínítear mar mheán laethúil “Daily Spot Mediterranean Marker (MED)” arna riar ag Platts Benchmark B.V. (an Ísiltír), agus meánphraghas laethúil “Iberian peninsula des - half-month 2”, “Italy des - half-month 2” agus “Greece des - half-month 2” arna riar ag Argus Benchmark Administration B.V. (an Ísiltír); le comhshó measúnuithe praghais GNL i nDollar SAM (USD) in aghaidh MMBtu go EUR in aghaidh an MWh, ar bhonn ráta malairte eachtraí Euro BCE agus ráta comhshó 1 MMBtu go 0.293071 kWh ;

measúnú ar phraghas GNL Marker Northeast Asia Marker a shainmhínítear mar mheán laethúil “GNL Japan/Korea DES 2 Half-Month” arna riaradh ag Platts Benchmark B.V. (an Ísiltír), agus “North Asia des (ANEA) - half-month 2” arna riaradh ag Argus Benchmark Administration B.V. (an Ísiltír); le comhshó measúnuithe praghais GNL in USD in aghaidh MMBtu go EUR in aghaidh an MWh, ar bhonn ráta malairte eachtraí Euro BCE agus ráta comhshó 1 MMBtu go 0.293071 kWh;

an praghas socraíochta díorthach NBP tosaigh, arna fhoilsiú ag ICE Futures Europe, (an Ríocht Aontaithe); le comhshó pingin Steirling in aghaidh na teirme go EUR in aghaidh gach MWh, ar bhonn ráta malairte eachtraí Euro BCE agus ráta comhshó 1 teirm go 29.3071 kWh;

ar phraghas an mheasúnaithe ar phraghas laethúil arna dhéanamh ag ACER de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2022/2576;

(7)

ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE;

(8)

ciallaíonn “oibreoir margaidh” oibreoir margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (18), de Threoir 2014/65/AE.

CAIBIDIL II

SÁSRA CEARTÚCHÁIN MARGAIDH

Airteagal 3

Faireachán ar phraghsanna

1.   Déanfaidh ACER faireachán leanúnach ar fhorbairt an phraghais tagartha, ar phraghas socraíochta dhíorthaigh TTF na míosa is túisce, agus ar phraghas socraíochta díorthach míosa is túisce na ndíorthach atá nasctha le VTPanna eile.

2.   Chun críche mhír 1, tabharfaidh Platts Benchmark B.V. (“an Ísiltír”) fógra do ACER gach lá tráth nach déanaí ná 21:00 (CET) faoi phraghsanna laethúla na measúnuithe GNL na marcóirí seo a leanas: “Daily Spot Mediterranean Marker (MED)”, “Daily Spot Northwest Europe Marker (NEW)” agus “Japan Korea Marker (JKM)”.

3.   Chun críche mhír 1, tabharfaidh Platts Benchmark B.V. (an Ísiltír) fógra do ACER gach lá tráth nach déanaí ná 21:00 (CET) faoi phraghsanna laethúla na measúnuithe GNL na marcóirí seo a leanas: “Northwest Europe des – half-month 2”, “Iberian peninsula des - half-month 2”, “Italy des - half-month 2”, “Greece des - half-month 2” agus “Northeast Asia des (ANEA) - half-month 2”.

4.   Bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1, déanfaidh ACER an praghas tagartha laethúil a ríomh gach lá. Foilseoidh ACER an praghas tagartha laethúil ar a shuíomh gréasáin tráth nach déanaí ná 23:59 CET.

Airteagal 4

Teagmhas ceartúcháin margaidh

1.   Déanfar MCM a ghníomhachtú i gcás ina dtarlóidh teagmhas ceartúcháin margaidh. Measfar go dtarlóidh teagmhas ceartúcháin margaidh nuair atá praghas socraíochta díorthach TTF don mhí thosaigh, arna fhoilsiú ag ICE Endex B.V. (an Ísiltír):

(a)

níos mó ná EUR 180/MKh ar feadh 3 lá oibre; agus

(b)

tá sé EUR 35 níos airde ná an praghas tagartha le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   Ar ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(1), beidh teagmhas ceartúcháin margaidh ann freisin a bhaineann le díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile faoi na coinníollacha a shainítear sa ghníomh cur chun feidhme sin de bhun chritéir Airteagal 9(2).

3.   Foilseoidh ACER, i gcás ina dtabharfaidh sé faoi deara gur tharla teagmhas ceartúcháin margaidh, fógra ar bhealach soiléir infheicthe ar a shuíomh gréasáin tráth nach déanaí ná 23:59 CET, gur tharla teagmhas ceartúcháin margaidh (“fógra ceartúcháin margaidh”) agus cuirfidh sé an Chomhairle, an Coimisiún, BCE, ESMA ar an eolas faoin teagmhas ceartúcháin margaidh.

4.   Déanfaidh oibreoirí margaidh rialáilte i margadh díorthach TTF agus rannpháirtithe sa mhargadh díorthach TTF faireachán ar shuíomh gréasáin ACER ar bhonn laethúil.

5.   Amhail ón lá tar éis an fógra ceartúcháin margaidh a fhoilsiú, ní ghlacfaidh oibreoirí margaidh agus ní chuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh díorthach TTF orduithe isteach le haghaidh díorthaigh TTF atá le dul in éag sa tréimhse ó dháta éaga dhíorthach TTF go dtí dáta éaga dhíorthach TTF na bliana is túisce le praghsanna EUR 35 os cionn an phraghais tagartha a d’fhoilsigh ACER an lá roimhe sin (“teorainn dhinimiciúil tairisceana”). Má tá an praghas tagartha faoi bhun EUR 145/MWh, fanfaidh an teorainn tairisceana dhinimiciúil ag suim EUR 145 agus EUR 35.

6.   Ar ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(1), beidh feidhm ag teorainn tairisceana dhinimiciúil maidir le díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile faoi na coinníollacha a shainítear sa ghníomh cur chun feidhme sin de bhun chritéir a leagtar amach in Airteagal 9(2).

7.   A luaithe a ghníomhachtóidh ACER í, beidh feidhm ag an teorainn dhinimiciúil tairisceana go ceann 20 lá oibre ar a laghad, ach amháin má chuireann an Coimisiún ar fionraí í i gcomhréir le hAirteagal 6 nó má dhíghníomhachtaítear í i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

8.   Ionas gur féidir leis an gCoimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, gníomhachtú MCM ag ACER a chur ar fionraí go gasta, más gá, i gcás ina mbeidh tásca nithiúla ann, bunaithe ar thorthaí fhaireachán ACER de bhun Airteagal 3(1), go bhfuil teagmhas ceartúcháin margaidh de bhun Airteagal 4(1), pointe b, ar tí tarlú, iarrfaidh an Coimisiún gan mhoill ar BCE, ar ESMA agus, i gcás inarb iomchuí, ar an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (“ENTSOG”) agus ar an nGrúpa Comhordaithe Gáis (“GCG”) measúnú a thabhairt ar an tionchar a bheadh ag teagmhas ceartúcháin margaidh féideartha ar shlándáil an tsoláthair, ar shreabha gáis laistigh den Aontas agus ar chobhsaíocht airgeadais. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin forbairtí praghsanna i margaí eagraithe ábhartha eile, go háirithe san Áise nó sna Stáit Aontaithe, mar a léirítear sa “Marcóir Comhpháirteach i dtaobh na Seapáine agus na Cóiré” nó sa “Measúnú Praghsanna Gáis ar Mhol Henry”; iad araon faoi riar ag Platts Benchmark B.V (an Ísiltír) agus arna bhfoilsiú ag S&P Global Inc. (Nua-Eabhrac).

9.   Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeacht na teorann dinimiciúla tairisceana ar thomhaltas gáis agus leictreachais agus ar dhul chun cinn i dtaobh na spriocanna maidir le laghdú éilimh dá bhforáiltear in Airteagail 3 agus 5 de Rialachán (AE) 2022/1369 agus in Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (AE) 2022/1854, féadfaidh an Coimisiún a mholadh freisin leasú ar Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle chun é a oiriúnú don staid nua.

10.   I gcás teagmhas ceartúcháin margaidh, iarrfaidh an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, comhairle ó BCE maidir leis an riosca a bhaineann le suaitheadh neamhbheartaithe do chobhsaíocht agus d’fheidhmiú ordúil mhargaí na ndíorthach fuinnimh.

Airteagal 5

Díghníomhachtú MCM

1.   Déanfar an teorainn dhinimiciúil tairisceana a dhíghníomhachtú, 20 lá oibre ó tharla an teagmhas ceartúcháin margaidh i gcomhréir le hAirteagal 4(5) nó ina dhiaidh sin, i gcás ina mbeidh suim an phraghais tagartha faoi bhun EUR 145/MWh ar feadh 3 lá oibre as a chéile.

2.   I gcás ina bhfógraíonn an Coimisiún éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, go háirithe i gcás ina dtagann meath suntasach ar staid an tsoláthair gáis agus a mbeidh mar thoradh air nach leor é an soláthar gáis chun freastal ar an éileamh atá ann i gcónaí ar ghás (“ciondáil”), i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/1938, déanfar an teorainn dhinimiciúil tairisceana a dhíghníomhachtú.

3.   Foilseoidh ACER fógra gan mhoill ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé fógra don Chomhairle, don Choimisiún, do BCE agus do ESMA gur tharla teagmhas díghníomhachtaithe dá dtagraítear i mír 1 (“fógra díghníomhachtaithe”).

Airteagal 6

MCM a chur ar fionraí

1.   Déanfaidh ESMA, ACER, ENTSOG agus GCG agus faireachán leanúnach ar éifeachtaí na teorann dinimiciúla tairisceana ar mhargaí airgeadais agus fuinnimh agus ar shlándáil an tsoláthair i gcás ina ngníomhachtófar MCM.

2.   Ar bhonn an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, MCM a chur ar fionraí tráth ar bith, i gcás ina dtarlaíonn suaitheadh neamhbheartaithe ar an margadh nó rioscaí follasacha de shuaitheadh den sórt sin, agus tionchar diúltach aige sin ar shlándáil an tsoláthair, ar shreabha gáis laistigh den Aontas nó ar chobhsaíocht airgeadais (“cinneadh maidir le fionraí”). Sa mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an ndéantar an méid seo a leanas le gníomhachtú MCM:

(a)

an gcuirtear slándáil an tsoláthair gáis san Aontas i mbaol; ar na gnéithe a bheidh le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar na rioscaí i ndáil le slándáil an tsoláthair tá diall suntasach féideartha de cheann amháin de chomhpháirteanna an phraghais tagartha i gcomparáid leis an treocht stairiúil agus titim shuntasach ar allmhairí GNL ráithiúla chuig an Aontas i gcomparáid leis an ráithe chéanna den bhliain roimhe sin.

(b)

an dtarlaíonn sé le linn tréimhse nach gcomhlíontar na spriocanna éigeantacha maidir le laghdú ar an éileamh de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2022/1369 ar leibhéal an Aontais, rud a dhéanann difear diúltach don dul chun cinn a dhéantar i gcur chun feidhme na sprice maidir le coigilteas gáis de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/1369, agus an gá lena áirithiú go ndéanfaidh na comharthaí praghais laghdú ar éileamh a dhreasú, nó a mbíonn méadú foriomlán 15 % ar thomhaltas gáis in aon mhí amháin nó 10 % in 2 mhí as a chéile i gcomparáid leis an meántomhaltas faoi seach do na míonna céanna le linn na 5 bliana as a chéile roimh 1 Feabhra 2023, ar bhonn sonraí maidir le tomhaltas gáis agus laghdú éilimh arna bhfáil ó na Ballstáit de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/1369;

(c)

an gcuirtear cosc ar shreabha gáis margadhbhunaithe laistigh den Aontas de réir sonraí faireacháin ACER;

(d)

an ndéantar difear, ar bhonn tuarascála ó ESMA ar thionchar ghníomhachtú MCM ag ESMA agus ar bhonn comhairle ar bith ó BCE arna iarraidh ag an gCoimisiún chun na críche sin, do chobhsaíocht agus d’fheidhmiú ordúil mhargaí na ndíorthach fuinnimh, go háirithe; i gcás ina dtagann méadú suntasach ar ghlaonna ar chorrlaigh nó laghdú suntasach in idirbhearta dhíorthaigh TTF laistigh den Aontas in aon mhí amháin, i gcomparáid leis an mí chéanna den bhliain roimhe sin nó le hathrú suntasach ar idirbhearta dhíorthaigh TTF chuig ionaid trádála lasmuigh den Aontas.

(e)

an mbíonn difríochtaí suntasacha ann idir praghsanna an mhargaidh gáis sna margaí eagraithe éagsúla ar fud an Aontais, agus sna margaí eagraithe ábhartha eile, amhail san Áise nó sna Stáit Aontaithe, mar a léirítear sa “Marcóir Comhpháirteach i dtaobh na Seapáine agus na Cóiré” nó sa “Measúnú Praghsanna Gáis ar Mhol Henry”; iad araon faoi riar ag Platts Benchmarks B.V. (an Ísiltír);

(f)

an ndéantar difear do bhailíocht na gconarthaí soláthair gáis atá ann cheana, lena n-áirítear conarthaí soláthair gáis fadtéarmacha.

3.   Déanfar cinneadh maidir le fionraí gan moill mhíchuí agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é. Ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh maidir le fionraí, agus fad a shonraítear sa chinneadh maidir le fionraí, scoirfidh an teorainn dhinimiciúil tairisceana d’fheidhm a bheith aici.

4.   Tabharfaidh ACER, ESMA ENTSOG agus GCG cúnamh don Choimisiún i dtaca leis na cúraimí de bhun Airteagail 4, 5 agus 6. Eiseofar tuarascáil ESMA de bhun mhír (2), pointe (d), den Airteagal seo tráth nach déanaí ná 48 n-uair an chloig nó laistigh den lá céanna i gcásanna práinneacha arna iarraidh sin don Choimisiún.

5.   Agus a chúraimí de bhun Airteagail 4, 5 agus 6 á gcomhlíonadh aige, féadfaidh an Coimisiún comhairle BCE a fháil maidir le hábhar ar bith a bhaineann leis an gcúram atá air de bhun Airteagal 127(5) CFAE chun rannchuidiú le seoladh rianúil beartas a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

Airteagal 7

Rúndacht ghairmiúil

1.   Aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo, beidh sí faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tá feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d'oibrigh do ACER nó d'údarás, do ghnóthas margaidh nó do dhuine nádúrtha nó dlítheanach ar bith a ndearna an t-údarás inniúil a chumhachtaí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe a fhostaíonn an t-údarás inniúil ar chonradh.

3.   Ní fhéadfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil a nochtadh d’aon duine nó údarás eile seachas de bhua forálacha a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

4.   Maidir leis an bhfaisnéis uile a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo agus a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla agus le gnóthaí eile pearsanta nó eacnamaíocha, measfar gur faisnéis rúnda í agus cuirfear í faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, ach amháin i gcás ina sonraíonn an t-údarás inniúil tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh nó i gcás ina bhfuil an nochtadh sin riachtanach le haghaidh imeachtaí dlíthiúla.

Airteagal 8

Measúnú ar éifeachtaí

1.   Déanfaidh ÚEUM agus ACER measúnú ar éifeachtaí MCM ar mhargaí airgeadais agus fuinnimh agus ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh, go háirithe chun a fhíorú an bhfuil príomhghnéithe MCM fós iomchuí i bhfianaise na bhforbairtí a mhéid a bhaineann leis an margadh airgeadais agus fuinnimh agus i bhfianaise shlándáil an tsoláthair fuinnimh. Chun na críche sin, déanfaidh ÚEUM agus ACER measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

2.   Déanfaidh ESMA agus ACER, sa mheasúnú tionchair go háirithe, anailís ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 9(2). Leis an measúnú sin, fíorófar go háirithe an arbatráiste idir díorthaigh cheartaithe agus díorthaigh neamhcheartaithe a bhí mar thoradh ar an teorannú ar dhíorthaigh TTF, a raibh tionchar diúltach aige ar mhargaí airgeadais nó ar mhargaí fuinnimh, agus chun aimhleasa na dtomhaltóirí.

3.   Déanfaidh ESMA agus ACER measúnú freisin ar an méid seo a leanas:

(a)

ar eascair athruithe suntasacha ar thrádáil díorthach TTF chuig margaí thar an gcuntar (“OTC”), agus cobhsaíocht na margaí airgeadais nó fuinnimh á gcur i mbaol, mar thoradh ar eisiamh trádála OTC ó raon feidhme an Rialacháin seo;

(b)

ar tháinig laghdú suntasach ar idirbhearta díorthach TTF laistigh den Aontas mar thoradh ar an sásra ceartúcháin margaidh, nó ar tháinig athrú suntasach ar idirbhearta díorthach TTF chuig ionaid trádála lasmuigh den Aontas.

4.   Ina theannta sin, déanfaidh ESMA agus ACER measúnú i dtaobh an gá athbhreithniú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(a)

na gnéithe a cuireadh san áireamh don phraghas tagartha

(b)

na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1);

(c)

an teorainn tairisceana dhinimiciúil

5   Déanfar na tuarascálacha ó ESMA agus ó ACER de bhun mhír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Márta 2023. Foilseoidh ESMA agus ACER réamhthuarascáil sonraí maidir le tabhairt isteach MCM faoin 23 Eanáir 2023.

Airteagal 9

Leathnú MCM chuig díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile

1.   Ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1), déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na mionsonraí teicniúla a shainiú maidir le cur i bhfeidhm MCM maidir le díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2023 i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11(2).

I gcás ina mbeidh éifeachtaí diúltacha suntasacha ar mhargaí airgeadais nó gáis de bhun na gcritéar a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo mar thoradh ar chur i bhfeidhm MCM maidir le díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile, déanfaidh an Coimisiún, go heisceachtúil, díorthaigh áirithe a eisiamh ó raon feidhme chur i bhfeidhm MCM.

2.   Roghnóidh an Coimisiún mionsonraí teicniúla an chur chun feidhme, chomh maith leis na díorthaigh sin atá nasctha le VTPanna eile, agus d’fhéadfadh sé nach mór iad a eisiamh ó raon feidhme chur i bhfeidhm MCM, go háirithe ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a)

infhaighteacht faisnéise maidir le praghsanna díorthach atá nasctha le VTPanna eile;

(b)

leachtacht na ndíorthach atá nasctha le VTPanna eile;

(c)

tionchar a bheadh ann maidir le leathnú MCM chuig díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile ar shreafaí gáis laistigh den Aontas agus ar chinnteacht an tsoláthair;

(d)

tionchar a bheadh ann maidir le leathnú MCM chuig díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile ar chobhsaíocht na margaí airgeadais, agus an tionchar ar chorrlaigh bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann mar chomhthaobhacht á chur san áireamh.

Airteagal 10

Athbhreithniú

Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, leasú ar an Rialachán seo a mholadh chun díorthaigh a thrádáiltear OTC a chur san áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo, nó chun athbhreithniú a dhéanamh ar na gnéithe arna gcur san áireamh don phraghas tagartha, go háirithe trí fhéachaint ar mheáchan difriúil a thabhairt do na gnéithe sin, na coinníollacha maidir le gníomhachtú MCM a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b), agus an teorainn tairisceana dhinimiciúil dá dtagraítear in Airteagal 3a(1c). Sula dtíolacfaidh sé togra den sórt sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le BCE, le ESMA, le ACER, le ENTSOG, agus le GCG, i gcás inarb iomchuí, le geallsealbhóirí ábhartha eile.

Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Feabhra 2023. Beidh feidhm aige ón lá céanna ar feadh tréimhse bliana.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 4 ón 15 Feabhra 2023.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 8(2) ón 1 Eanáir 2023.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

conarthaí maidir le díorthaigh TTF a thugtar i gcrích roimh 1 Feabhra 2023;

(b)

ceannach agus díol dhíorthaigh TTF chun conarthaí maidir le díorthaigh TTF arna dtabhairt i gcrích roimh 1 Feabhra 2023 a fhritháireamh nó a laghdú;

(c)

ceannach agus díol TTF mar chuid de CCP um bainistiú an chontrapháirtí lárnaigh imréitigh lena n-áirítear trádálacha OTC atá cláraithe sa mhargadh rialáilte chun críoch imréitigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Tuairim an 2 Nollag 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tá ICE Endex ar cheann de na malartáin fuinnimh is mó san Eoraip. Maidir le gás, cuireann sé trádáil rialáilte todhchaíochtaí agus roghanna ar fáil do mhol trádála TTF na hÍsiltíre.

(3)  Rialachán (AE) 2022/2576 an 19 Nollaig 2022 lena cuirtear feabhas ar dhlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr ar cheannacháin gáis, ar thagarmharcanna praghais iontaofacha agus ar aistriuithe gáis thar teoireannacha (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil).

(4)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(5)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).

(7)  Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261 I, 7.10.2022, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(10)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).