16.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 322/1


RIALACHÁN (AE) 2022/2463 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2022

lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Meán Fómhair 2017 tháinig comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin (2), lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, i bhfeidhm.

(2)

In 2014, thug an Úcráin faoi chlár uaillmhianach um athchóiriú arb é is aidhm dó a geilleagar a chobhsú agus slí bheatha shaoránaigh na tíre a fheabhsú. Ar na príomhthosaíochtaí atá sa chlár oibre, tá an comhrac i gcoinne an éillithe, chomh maith le hathchóirithe bunreachtúla, toghchánacha agus breithiúnacha. Tugadh tacaíocht do chur chun feidhme na n-athchóirithe sin le cláir chúnaimh mhacrairgeadais as a chéile, faoina bhfuair an Úcráin cúnamh ón Aontas i bhfoirm iasachtaí dar luach EUR 6,6 billiún san iomlán.

(3)

Leis an gcúnamh macrairgeadais éigeandála, a cuireadh ar fáil i gcomhthéacs na bagartha a bhí ag méadú díreach roimh ionradh na Rúise, de bhun Chinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tugadh EUR 1,2 billiún d’iasachtaí don Úcráin, a eisíocadh in dhá thráthchuid dar luach EUR 600 milliún, i mí an Mhárta agus mí na Bealtaine 2022.

(4)

Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas dar luach suas le EUR 1 bhilliún a cuireadh ar fáil de bhun Chinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), soláthraíodh tacaíocht mhear phráinneach do bhuiséad na hÚcráine agus eisíocadh ina iomláine é in dhá thráinse an 1 agus an 2 Lúnasa 2022. Ba é an cúnamh sin an chéad chéim den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil pleanáilte suas le EUR 9 mbilliún don Úcráin, a d’fhógair an Coimisiún ina theachtaireacht dar teideal “Fóirithint agus Atógáil na hÚcráine” an 18 Bealtaine 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 23–24 Meitheamh 2022.

(5)

Is éard a bhí i gCinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) céim eile i gcur chun feidhme an chúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúil sin de chuid an Aontais a beartaíodh. Bunaíodh leis an bonn chun méid breise suas le EUR 5 bhilliún a chur ar fáil don Úcráin i bhfoirm iasachtaí ar ardleibhéal lamháltais, méid as ar eisíocadh EUR 2 bhilliún an 18 Deireadh Fómhair, leis an EUR 3 bhilliún atá fágtha le heisíoc faoi dheireadh 2022.

(6)

Mar thoradh ar an gcogadh foghach a thug an Rúis gan chúis gan údar faoin Úcráin, ón 24 Feabhra 2022 i leith, chaill an Úcráin rochtain ar na margaí airgeadais agus tá laghdú ollmhór tagtha ar a hioncaim phoiblí, agus tá méadú suntasach tagtha ar an gcaiteachas poiblí chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil agus chun leanúnachas na seirbhísí Stáit a choimeád. Sa chás éiginnte agus luaineach sin, is léir ó na meastacháin is fearr maidir le riachtanais chistiúcháin na hÚcráine ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) i samhradh na bliana 2022 go bhfuil bearna urghnách cistiúcháin de thart ar USD 39 mbilliún ann in 2022, a bhféadfaí tuairim is leath de a shásamh mar gheall ar chúnamh idirnáisiúnta. Maidir le soláthar pras den chúnamh macrairgeadais don Úcráin ón Aontas faoi Chinneadh (AE) 2022/1628, meastar gur freagairt ghearrthéarmach iomchuí é, i bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair, ar na rioscaí suntasacha do chobhsaíocht mhacrairgeadais na hÚcráine. Tá an méid breise suas le EUR 5 bhilliún den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil faoin gCinneadh sin, le tacú le cobhsaíocht macrairgeadais na hÚcráine, le hathléimneacht láithreach na tíre sin a neartú agus lena cumas i dtreo téarnamh a chothú, agus dá bhrí sin, chuirfí le hinbhuanaitheacht fiachais phoiblí na hÚcráine agus lena cumas a cuid oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh sa deireadh.

(7)

Ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rinne an tAontas, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais na hEorpa EUR 19,7 billiún a shlógadh le haghaidh athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine. Leis an méid sin, tugtar le chéile tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, ar luach EUR 12,4 billiún, arna ráthú go hiomlán nó i bpáirt ag buiséad an Aontais, lena n-áirítear an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil agus an tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, chomh maith le tacaíocht airgeadais bhreise ó na Ballstáit, ar luach EUR 7,3 billiún.

(8)

Ina theannta sin, chinn an Chomhairle bearta cúnaimh chun tacú le fórsaí armtha na hÚcráine faoin tSaoráid Síochána Eorpach, ar bearta cúnaimh iad ar luach EUR 3,1 billiún faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (6), agus misean cúnaimh mhíleata chun tacú leis an Úcráin le EUR 0,1 billiún le haghaidh na gcostas coiteann faoi Chinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle (7). Sheachaid an tAontas agus a Bhallstáit freagairt éigeandála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta faoi Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), atá ar an oibríocht éigeandála is mó í ó bunaíodh an sásra sin, agus a chuireann na milliúin ábhar éigeandála ar fáil don Úcráin agus don réigiún.

(9)

Chinn an Chomhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2022 stádas tír is iarrthóir a dheonú don Úcráin. Is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é tacaíocht láidir leanúnach a thabhairt don Úcráin. Ós rud é go bhfuil damáiste ollmhór á dhéanamh ar gheilleagar, ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí na hÚcráine mar gheall ar chogadh foghach na Rúise, tá gá le cur chuige comhchoiteann eagraithe mar a leagtar amach san ionstraim chun tacaíocht láidir leanúnach a thabhairt don Úcráin (cúnamh macrairgeadais +) a bhunaítear leis an Rialachán seo (“an Ionstraim”).

(10)

Is ionann cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus bagairt straitéiseach gheopholaitiúil ar an Aontas trí chéile agus ceanglaítear ar na Ballstáit an fód a sheasamh go láidir in éineacht le chéile. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, tacaíocht ón Aontas a imscaradh go tapa agus go mbeidh sé in ann í a chur in oiriúint go solúbtha agus de réir a chéile d’fhóirithint láithreach agus d’athshlánú gearrthéarmach ar an mbealach chun atógáil amach anseo a bhaint amach.

(11)

Is é cuspóir ginearálta na hIonstraime rannchuidiú le bearna chistiúcháin na hÚcráine a dhúnadh in 2023, go háirithe trí fhaoiseamh airgeadais gearrthéarmach ar ardleibhéal lamháltais a sholáthar do bhuiséad Stáit na hÚcráine ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil, lena n-áirítear maoiniú a dhéanamh ar an athshlánú agus ar an tacaíocht tosaigh i dtreo atógáil iarchogaidh, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn tacú leis an Úcráin agus í ar a bealach i dtreo lánpháirtiú na hEorpa.

(12)

Chun cuspóir ginearálta na hIonstraime a bhaint amach, ba cheart an cúnamh a chur ar fáil chun tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais san Úcráin, agus chun srianta na hÚcráine maidir le maoiniú seachtrach a éascú. Ba cheart don Choimisiún an tacaíocht a chur chun feidhme faoin Ionstraim i gcomhréir le príomhphrionsabail agus le príomhchuspóirí na mbeart a glacadh laistigh de réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(13)

Maidir le soláthar tacaíochta athshlánúcháin, le deisiú agus le feidhmeanna criticiúla agus bonneagair a chothabháil chomh maith le faoiseamh a thabhairt do dhaoine atá i ngátar agus do na limistéir is mó a ndéantar difear dóibh i dtéarmaí tacaíochta ábhartha agus sóisialta, le tithíocht shealadach, le foirgníocht chónaithe agus bonneagair, ba cheart iad a áireamh i measc na bpríomhréimsí tacaíochta faoin Ionstraim.

(14)

Ba cheart an Ionstraim a bheith ina tacaíocht freisin le cumas údaráis na hÚcráine a neartú chun ullmhú le haghaidh na hatógála iarchogaidh amach anseo agus le haghaidh luathchéim ullmhúcháin an phróisis réamhaontachais, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear institiúidí na hÚcráine a neartú, éifeachtacht an riaracháin phoiblí a athchóiriú agus a threisiú mar aon le trédhearcacht, athchóirithe struchtúracha agus dea-rialachas ar gach leibhéal.

(15)

Leis an Ionstraim, tacófar le beartas seachtrach an Aontais i leith na hÚcráine. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile i rith na hoibríochta tacaíochta chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht bheartas seachtrach an Aontais a áirithiú. Leis an tacaíocht leis an Úcráin faoin Ionstraim, leanfar den rannchuidiú mór le riachtanais chistiúcháin na hÚcráine a shásamh, riachtanais arna meas ag CAI, ag an mBanc Domhanda, agus ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, agus cuirfear san áireamh leis sin cumas na hÚcráine í féin a mhaoiniú le hacmhainní dá cuid féin. Agus méid na tacaíochta á chinneadh, cuirtear san áireamh freisin na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó dheontóirí déthaobhacha agus ó dheontóirí iltaobhacha, chomh maith leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile de chuid an Aontais san Úcráin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.

(16)

Le staid na hÚcráine éilítear cur chuige céim ar chéim lenar cheart tacaíocht leanúnach faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus oibríochtaí cabhrach daonnúla faoi Rialachán (CE) Uimh 1257/969 (10) ón gComhairle chomh maith le faoiseamh láithreach agus athshlánú a bheith ag gabháil le hionstraim lena ndírítear ar chobhsaíocht mhacrairgeadais.

(17)

Sa Rialachán seo, ba cheart na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh na hIonstraime a leagan síos le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 agus d’fhéadfaí eisíocaíochtaí a dhéanamh go dtí an 31 Márta 2024. Ba cheart uasmhéid EUR 18 mbilliún a chur ar fáil i bhfoirm iasachtaí. Ina theannta sin, le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027, sa Rialachán seo ba cheart foráil a dhéanamh maidir le fóirdheontas ráta úis. Chun a áirithiú go gcumhdófar costais úis le linn shaolré na n-iasachtaí, ba cheart ranníocaíochtaí ó na Ballstáit tar éis 2027 a athnuachan agus ba cheart gurb ioncam sannta seachtrach iad go fóill mura rud é go gcumhdaítear iad ar bhealaí eile i gcreataí airgeadais ilbhliantúla amach anseo. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go bhféadfaí síneadh a chur leis na ranníocaíochtaí ó na Ballstáit tar éis 2027.

(18)

Leis an Rialachán seo, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit acmhainní breise a chur ar fáil, mar ioncam sannta seachtrach a bheidh le cur chun feidhme faoi mheabhrán tuisceana (MT) na hIonstraime. An fhéidearthacht sin maidir le ranníocaíocht bhreise a dhéanamh mar ioncaim shannta sheachtracha, ba cheart í a bheith le haghaidh tríú tíortha leasmhara agus páirtithe leasmhara, i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) (“an Rialachán Airgeadais”). Chun sineirgí agus comhlántachtaí a chothú, is iomchuí a cheadú go bhféadfaí ranníocaíochtaí breise den sórt sin ó na Ballstáit, ó thríú tíortha leasmhara agus ó thríú páirtithe leasmhara a chur ar fáil freisin do na cláir arna mbunú faoi Rialacháin (AE) 2021/947 agus (CE) Uimh. 1257/96 chun bearta a mhaoiniú lena rannchuidítear le cuspóirí na hIonstraime.

(19)

Ba cheart ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit a bheith neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar éileamh. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit dul isteach i gcomhaontú ranníocaíochta leis an gCoimisiún de réir bhrí Airteagal 22(2) den Rialachán Airgeadais. Le comhaontú ranníocaíochta den sórt sin, ba cheart an ranníocaíocht leis an bhfóirdheontas ráta úis a chumhdach agus méideanna breise freisin, más mian leis an mBallstát iad a sholáthar.

(20)

Ba cheart an tacaíocht faoin Ionstraim a chur ar fáil faoin réamhchoinníoll go leanann an Úcráin de shásraí éifeachtacha daonlathacha agus a hinstitiúidí a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine a ráthú.

(21)

Ba cheart an tacaíocht faoin Ionstraim a bheith nasctha le coinníollacha beartais a leagfar amach i meabhrán tuisceana. Sna coinníollacha sin, ba cheart a áireamh iontu freisin gealltanais chun feidhmíocht eacnamaíoch agus athléimneacht na tíre a neartú, an timpeallacht ghnó, atógáil chriticiúil a éascú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin in earnáil an fhuinnimh.

(22)

Ba cheart na coinníollacha beartais a chomhlánú le diancheanglais tuairiscithe, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go n-úsáidfear na cistí ar bhealach éifeachtúil, trédhearcach agus cuntasach.

(23)

I bhfianaise na staide san Úcráin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú meántéarma ar MT.

(24)

Ba cheart an tacaíocht faoin Ionstraim a scaoileadh faoi réir réamhchoinníollacha a urramú, chur chun feidhme sásúil agus dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme na gcoinníollacha beartais.

(25)

Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht athmheasúnú a dhéanamh ar riachtanais chistiúcháin na hÚcráine agus an tacaíocht a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal má thagann laghdú bunúsach ar na riachtanais sin le linn thréimhse eisíocaíochta na tacaíochta faoin Ionstraim i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh. Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht eisíocaíochtaí a chur ar fionraí nó a chur ar ceal i gcás nach gcomhlíonfar na ceanglais maidir leis an tacaíocht faoin Ionstraim a scaoileadh.

(26)

I gcomhthéacs riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin na hÚcráine, is iomchuí an cúnamh airgeadais a eagrú faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais agus a bhunú mar mhodh cistiúcháin aonair, a bhfuil coinne go bhfeabhsóidh sé leachtacht bhannaí an Aontais agus tarraingteacht agus costéifeachtúlacht eisiúint an Aontais.

(27)

I bhfianaise staid dheacair na hÚcráine mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise agus chun tacú leis an Úcráin ar a conair fhadtéarmach cobhsaíochta, is iomchuí iasachtaí a chur ar fáil don Úcráin ar ardleibhéal lamháltais a mhairfidh 35 bliana ar a mhéad agus gan tús a chur le haisíoc an bhunairgid tráth nach luaithe ná 2033. Is iomchuí freisin maolú ar Airteagal 220(5), pointe (e), den Rialachán Airgeadais agus cead a thabhairt don Aontas na costais ráta úis a chumhdach agus na costais riaracháin a bheadh le hiompar ag an Úcráin murach sin a tharscaoileadh. Ba cheart an fóirdheontas ráta úis a dheonú mar ionstraim a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtacht na tacaíochta a áirithiú faoin Ionstraim de réir bhrí Airteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais. Ba cheart é a mhaoiniú ó ranníocaíochtaí deonacha breise ó na Ballstáit agus ba cheart é a bheith ar fáil de réir a chéile de réir mar a tháinig na comhaontuithe leis na Ballstáit i bhfeidhm.

(28)

Ba cheart é a bheith indéanta don Úcráin fóirdheontas an ráta úis agus tarscaoileadh na gcostas riaracháin a iarraidh gach bliain.

(29)

Níor cheart tacú leis an dliteanas airgeadais ó iasachtaí faoin Rialachán seo leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, de mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart tacaíocht faoin Ionstraim a bheith ina cúnamh airgeadais de réir bhrí Airteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais. Agus na rioscaí airgeadais agus an cumhdach buiséadach á gcur san áireamh, níor cheart aon soláthar a bhunú don chúnamh airgeadais i bhfoirm iasachtaí faoin Ionstraim agus, de mhaolú Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, níor cheart ráta soláthair a shocrú mar chéatadán den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo.

(30)

Le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (12) ní cheadaítear cumhdach an dliteanais airgeadais a eascraíonn as iasachtaí faoin Ionstraim i láthair na huaire. Go dtí go ndéanfaí leasú ionchasach air, lena bhféadfaí, mar ráthaíocht, acmhainní buiséadacha a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus suas go dtí teorainneacha na n-uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (13), is iomchuí réiteach malartach a lorg lena gcuirfear acmhainní breise ar fáil.

(31)

Táthar tar éis ranníocaíochtaí ó na Ballstáit i bhfoirm ráthaíochtaí a shainaithint mar uirlis iomchuí chun an chosaint a chur ar fáil sa bhreis lena bhféadfaí na hoibríochtaí a dhéanamh trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí faoin Rialachán seo. Ba cheart ráthaíochtaí na mBallstát a bheith ina gcosaint iomchuí lena n-áiritheofar cumas an Aontais na hiasachtaí trína dtacaítear leis na hiasachtaí faoin Ionstraim.

(32)

Ba cheart do na ráthaíochtaí a sholáthraíonn na Ballstáit an tacaíocht faoin Ionstraim a chumhdach i bhfoirm iasachtaí suas go dtí EUR 18 000 000 000. Tá sé tábhachtach go dtabharfaidh na Ballstáit na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme chun críche chun ráthaíochtaí a sholáthar mar phríomhthosaíocht. I bhfianaise a phráinní atá an staid, níor cheart, leis an am is gá chun na nósanna imeachta sin a chur i gcrích, moill a chur ar an tacaíocht airgeadais riachtanach don Úcráin i bhfoirm iasachtaí faoin Rialachán seo. Ag an am céanna, ba cheart an tacaíocht airgeadais faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí a chur ar fáil de réir a chéile, de réir mar a a thiocfaidh na ráthaíochtaí a thugann na Ballstáit i bhfeidhm. I bhfianaise phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus na stuamachta, ba cheart don Choimisiún na hiasachtaí a shocrú agus aird chuí á tabhairt ar a sheasamh creidmheasa. Ba cheart, áfach, méid iomlán na tacaíochta, suas go dtí EUR 18 000 000 000, a bheith ar fáil ón dáta a chuirfear leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, nó ar a chomharba, i bhfeidhm lena bhforáiltear do ráthaíocht na n-iasachtaí dá dtagraítear faoin Ionstraim faoi bhuiséad an Aontais de bhreis ar uasteorainneacha CAI agus suas le teorainneacha na n-uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

(33)

Ba cheart ráthaíochtaí na mBallstát a bheith neamh-inchúlghairthe neamhchoinníollach agus ar éileamh. Leis na ráthaíochtaí sin, ba cheart cumas an Aontais a áirithiú chun na cistí a fuarthas ar iasacht sna margaí caipitil nó ó na hinstitiúidí airgeadais a aisíoc. Ba cheart na ráthaíochtaí scor de bheith inghlaoite amhail ó dháta chur i bhfeidhm leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, nó ar a chomharba, lena bhforáiltear do ráthaíocht na n-iasachtaí faoin Ionstraim faoi bhuiséad an Aontais de bhreis ar uasteorainneacha CAI agus suas le teorainneacha na n-uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053. Ba cheart na ráthaíochtaí a ghlaoch i gcás nach bhfaighidh an tAontas íocaíocht thráthúil ón Úcráin i ndáil leis na hiasachtaí faoin Ionstraim, lena n-áirítear, go háirithe, i gcás athruithe ar an sceideal íocaíochta ar chúis ar bith chomh maith le neamhíocaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo agus neamhíocaíochtaí gan choinne.

(34)

Na méideanna a aisghabhadh faoi na comhaontuithe iasachta i ndáil leis na hiasachtaí faoin Ionstraim, ba cheart iad a aisíoc leis na Ballstáit a chomhlíon na glaonna ráthaíochta, de mhaolú ar Airteagal 211(4), pointe (c), den Rialachán Airgeadais.

(35)

Sula nglaofaidh sé ar na ráthaíochtaí arna soláthar ag na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún, dá lánrogha agus dá fhreagracht iomlán mar institiúid de chuid an Aontais a gcuirtear de chúram uirthi buiséad ginearálta an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 317 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, scrúdú a dhéanamh ar na bearta uile atá ar fáil faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais, i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Sa ghlao ábhartha ráthaíochta, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin scrúdú, mar is iomchuí.

(36)

Ba cheart sciar coibhneasta ranníocaíochtaí gach Ballstáit (treoir ranníoca) leis an méid foriomlán ráthaithe a bheith ag freagairt do sciartha coibhneasta na mBallstát d’ollioncam náisiúnta (OIN) iomlán an Aontais. Ba cheart na glaonna ar na ráthaíochtaí a dhéanamh pro rata agus an treoir ranníoca á cur i bhfeidhm. Go dtí go dtiocfaidh na comhaontuithe ráthaíochta uile idir an Coimisiún agus na Ballstáit i bhfeidhm, ba cheart an treoir ranníoca a choigeartú go comhréireach ar bhonn sealadach.

(37)

Is iomchuí go dtabharfaidh an Coimisiún agus an Úcráin comhaontú iasachta i gcrích don tacaíocht iasachta, faoi chuimsiú na gcoinníollacha a leagtar amach sa MT. Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha leis an tacaíocht faoin Ionstraim, ba cheart don Úcráin na bearta iomchuí a dhéanamh maidir le calaois, éilliú agus neamhrialtachtaí eile i dtaca leis an tacaíocht sin a chosc agus a bhaineann leis an gcomhrac ina gcoinne. Sa bhreis air sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa chomhaontú iasachta agus sa chomhaontú maoiniúcháin go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha, go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí agus go bhfeidhmeodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cuid inniúlachtaí, i gcomhréir le hAirteagail 129 agus 220 den Rialachán Airgeadais.

(38)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon rannchuidiú le bhearna chistiúcháin na hÚcráine in 2023 a dhúnadh, go háirithe trí fhaoiseamh gearrthéarmach ard-lamháltais a sholáthar chun buiséad stáit na hÚcráine ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(39)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(40)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla atá ann mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a agairt.

(41)

I bhfianaise na staide san Úcráin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

TACAÍOCHT ÓN AONTAS DON ÚCRÁIN

ROINN 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo ionstraim chun tacaíocht ón Aontas don Úcráin (cúnamh macrairgeadais +) (“an Ionstraim”) a sholáthar i bhfoirm iasachtaí, tacaíocht neamh-inaisíoctha agus fóirdheontas ráta úis.

2.   Leagtar síos leis cuspóirí na hIonstraime, a maoiniú, na foirmeacha cistiúcháin de chuid an Aontais fúithi agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Cuspóirí na hIonstraime

1.   Is é cuspóir ginearálta na hIonstraime faoiseamh airgeadais gearrthéarmach a sholáthar don Úcráin ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil, agus an t-athshlánú agus an tacaíocht tosaigh d’atógáil iarchogaidh a mhaoiniú, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn tacú leis an Úcráin agus í ag iarraidh lánpháirtiú na hEorpa a bhaint amach.

2.   Chun an cuspóir ginearálta a bhaint amach, is iad seo a leanas go háirithe na príomhchuspóirí sonracha:

(a)

cobhsaíocht mhacrairgeadais, agus srianta maoiniúcháin seachtracha agus inmheánacha na hÚcráine a mhaolú;

(b)

clár don athchóiriú le haghaidh luathchéim ullmhúcháin an phróisis réamhaontachais, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear institiúidí na hÚcráine a neartú, éifeachtacht an riaracháin phoiblí a athchóiriú agus a threisiú mar aon le trédhearcacht, athchóirithe struchtúracha agus dea-rialachas ar gach leibhéal;

(c)

athshlánú feidhmeanna criticiúla agus bonneagair chriticiúil agus faoiseamh do dhaoine atá i ngátar.

Airteagal 3

Raonta tacaíochta

Chun a cuspóirí a bhaint amach, tacóidh an Ionstraim leis an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

riachtanais chistiúcháin na hÚcráine a mhaoiniú, d’fhonn cobhsaíocht mhacrairgeadais na tíre a choinneáil ar bun;

(b)

athshlánú, agus bonneagar criticiúil á athchóiriú mar shampla, amhail bonneagar fuinnimh, córais uisce, gréasáin iompair, bóithre inmheánacha nó droichid, nó in earnálacha eacnamaíocha straitéiseacha agus bonneagar criticiúil sóisialta, amhail saoráidí cúraim sláinte, scoileanna, agus tithíocht do dhaoine athlonnaithe, lena n-áirítear tithíocht shealadach agus shóisialta;

(c)

athchóirithe earnála agus institiúideacha, lena n-áirítear athchóirithe frithéillithe agus breithiúnacha, urraim don smacht reachta, dea-rialachas, agus nuachóiriú na n-institiúidí náisiúnta agus áitiúla;

(d)

atógáil na hÚcráine a ullmhú;

(e)

tacaíocht maidir le creat rialála na hÚcráine a ailíniú le creat rialála an Aontais agus le lánpháirtiú na hÚcráine sa mhargadh aonair, chomh maith le forbairt eacnamaíoch a neartú agus iomaíochas a fheabhsú;

(f)

cumas riaracháin na hÚcráine a neartú trí mhodhanna iomchuí, lena n-áirítear úsáid a bhaint as cúnamh teicniúil.

Airteagal 4

Tacaíocht atá ar fáil faoin Ionstraim

1.   Beidh an tacaíocht faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí ar fáil, faoi réir Airteagal 5, le haghaidh uasmhéid suas le EUR 18 000 000 000 le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 agus d’fhéadfaí eisíocaíochtaí a dhéanamh go dtí an 31 Márta 2024.

Beidh an tacaíocht ar fáil de réir a chéile, de réir mar a thiocfaidh ráthaíochtaí na mBallstát i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 5(4), ach gan dul thar na méideanna a chumhdaítear leis na comhaontuithe ráthaíochta sin choíche.

Ón dáta a chuirfear leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, nó ar a chomharba, i bhfeidhm, lena bhforáiltear do ráthaíocht na n-iasachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoi bhuiséad an Aontais de bhreis ar uasteorainneacha CAI agus suas le teorainneacha na n-uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053, scoirfidh an dara fomhír den mhír seo de bheith infheidhme agus beidh an tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar fáil ina hiomláine.

2.   Beidh tacaíocht bhreise faoin Ionstraim le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027 ar fáil freisin, faoi réir Airteagal 7(1), chun an caiteachas de bhun Airteagal 17 a chumhdach. Féadfaidh an tacaíocht bhreise sin a bheith ar fáil tar éis an 31 Nollaig 2027 faoi réir Airteagal 7(1).

3.   Méideanna breise atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus (4) den Rialachán seo, féadfar iad a chur chun feidhme mar thacaíocht neamh-inaisíoctha i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin sa Mheabhrán Tuisceana atá le tabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo nó i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2021/947 agus (CE) Uimh. 1257/96 chun bearta a mhaoiniú lena mbaintear amach na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (b) agus (c), den Rialachán seo i gcomhréir le rialacha na Rialachán sin.

4.   Leis na méideanna dá dtagraítear i mír 3, féadfar caiteachas tacaíochta a chumhdach le maoiniú ón Aontas le haghaidh chur chun feidhme na hionstraime agus bhaint amach a cuspóirí, lena n-áirítear tacaíocht riaracháin a bhaineann le hullmhúchán, le bearta leantacha, le faireachán, le rialú, le gníomhaíochtaí iniúchóireachta agus meastóireachta is gá le haghaidh an chur chun feidhme sin, mar aon le caiteachas ag an gceannáras agus ag toscaireachtaí an Aontais ar an tacaíocht riaracháin agus chomhordúcháin is gá le haghaidh na hIonstraime agus chun na hoibríochtaí a mhaoinítear faoin Ionstraim, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus chumarsáide agus córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha a bhainistiú.

Airteagal 5

Ranníocaíochtaí i bhfoirm ráthaíochtaí ó na Ballstáit

1.   Féadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh trí ráthaíochtaí a sholáthar suas go méid iomlán EUR 18 000 000 000 i ndáil leis an tacaíocht faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

2.   I gcás ina ndéantar ranníocaíochtaí ó na Ballstáit, soláthrófar iad i bhfoirm ráthaíochtaí neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollacha agus ar éileamh trí chomhaontú ráthaíochta a thabharfar i gcrích leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 6.

3.   Beidh sciar coibhneasta ranníocaíocht an Bhallstáit lena mbaineann (treoir ranníoca) den mhéid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag freagairt do sciar coibhneasta an Bhallstáit sin do OIN iomlán an Aontais, de thoradh ar cheannteideal “Ioncam Ginearálta” an bhuiséid do 2023, Cuid A (“Buiséad bliantúil an Aontais a mhaoiniú, Réamhrá”), Tábla 4, colún (1), a leagtar amach i mbuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2023, mar a glacadh go cinntitheach é an 23 Samhain 2022.

4.   Tiocfaidh na ráthaíochtaí i bhfeidhm maidir le gach Ballstát ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe ráthaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 6, idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann.

5.   Ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (a)(ii), den Rialachán Airgeadais maidir le haisíoc dliteanas airgeadais ón tacaíocht faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a bheidh sna méideanna a thiocfaidh mar thoradh ar ghlaonna ar na ráthaíochtaí.

6.   Sula nglaofaidh an Coimisiún ar ráthaíochtaí arna soláthar ag na Ballstáit, déanfaidh sé, dá lánrogha agus de réir a fhreagracht féin, na bearta uile atá ar fáil faoin straitéis chistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais a scrúdú, i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Ní dhéanfaidh an scrúdú sin difear do chineál neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar éileamh na ráthaíochtaí arna dtabhairt de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Sa ghlao ráthaíochta, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin scrúdú, mar is iomchuí.

7.   De mhaolú ar Airteagal 211(4), pointe (c), den Rialachán Airgeadais, aisíocfar na méideanna a aisghabhtar ón Úcráin i ndáil leis an tacaíocht faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo leis na Ballstáit sin suas le méid na nglaonna ráthaíochtaí a chomhlíonann na Ballstáit de bhun Airteagal 6, pointe (a), den Rialachán seo.

Airteagal 6

Comhaontuithe ráthaíochta

Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú ráthaíochta i gcrích le gach Ballstát a sholáthraíonn ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 5. Leis an gcomhaontú sin, leagfar amach na rialacha lena rialófar an ráthaíocht, rialacha a bheidh mar an gcéanna i gcás na mBallstát uile, lena n-áirítear, go háirithe, forálacha:

(a)

lena mbunaítear oibleagáid na mBallstát glaonna ráthaíochta arna ndéanamh ag an gCoimisiún i leith na tacaíochta faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chomhlíonadh;

(b)

lena n-áirithítear go ndéantar na glaonna ráthaíochta pro rata agus an treoir ranníoca dá dtagraítear in Airteagal 5(3) á cur i bhfeidhm; ar bhonn sealadach, déanfar an treoir ranníoca a choigeartú go comhréireach go dtí go dtiocfaidh na comhaontuithe ráthaíochta uile idir an Coimisiún agus na Ballstáit i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 5(4);

(c)

ar choinníoll go n-áirithítear leis na glaonna ráthaíochta cumas an Aontais na cistí a fuarthas ar iasacht, de bhun Airteagal 16(1), ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais, a aisíoc tar éis neamhíocaíocht ar thaobh na hÚcráine, lena n-áirítear cásanna ina ndéantar athruithe ar sceideal íocaíochta, cibé cúis atá leis sin, chomh maith le neamhíocaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo agus neamhíocaíochtaí gan choinne.;

(d)

á áirithiú, i gcás ina mainníonn Ballstát, go hiomlán nó go páirteach, glao ráthaíochta a chomhlíonadh in am, beidh sé de cheart ag an gCoimisiún, chun an sciar a chomhfhreagraíonn don Bhallstát lena mbaineann a chumhdach, glaonna breise ráthaíochta a dhéanamh i gcás ráthaíochtaí arna gcur ar fáil ag Ballstáit eile. Déanfar na glaonna breise mar sin pro rata le sciar coibhneasta gach Ballstát eile in OIN an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 5(3) arna oiriúnú gan sciar coibhneasta an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh. An Ballstát nár chomhlíon an glao ráthaíochta, leanfaidh sé de bheith faoi dhliteanas maidir leis an nglao sin a chomhlíonadh, agus beidh sé faoi dhliteanas freisin i leith aon chostas a thiocfaidh as sin. Déanfar aon ranníocaíochtaí breise as na méideanna a aisghabhfaidh an Coimisiún ón mBallstát nár chomhlíon glao a aisíoc leis na Ballstáit eile. Beidh an ráthaíocht a ghlaofar ó Bhallstát teoranta, i ngach cás, do mhéid foriomlán na ráthaíochta a ranníocfaidh an Ballstát sin faoin gcomhaontú ráthaíochta;

(e)

maidir leis na coinníollacha íocaíochta;

(f)

lena n-áirithítear go scoirfidh an ráthaíocht de bheith inghlaoite amhail ó dháta chur i bhfeidhm leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, nó ar a chomharba, lena bhforáiltear do ráthaíocht na n-iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo faoi bhuiséad an Aontais de bhreis ar uasteorainneacha CAI agus suas le teorainneacha na n-uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

Airteagal 7

Ranníocaíochtaí ó na Ballstáit agus ó thríú páirtithe

1.   Féadfaidh na Ballstáit na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a ranníoc leis an Ionstraim. An sciar coibhneasta de na méideanna sin a ranníocann gach Ballstáit lena mbaineann, beidh siad ag freagairt do sciar coibhneasta an Bhallstáit in OIN iomlán an Aontais. Maidir leis na ranníocaíochtaí le haghaidh bhliain n, ríomhfar an sciar coibhneasta bunaithe ar OIN mar an sciar in OIN iomlán an Aontais, mar thoradh ar an gcolún faoi seach sa chuid ioncaim de bhuiséad bliantúil an Aontais is déanaí nó de bhuiséad bliantúil leasaitheach an Aontais a glacadh le haghaidh bhliain n-1.

An tacaíocht faoin Ionstraim faoin mír seo, beidh sí ar fáil i leith aon mhéid a shocrófar i gcomhaontú idir an Coimisiún agus an Ballstát faoi seach tar éis don chomhaontú sin teacht i bhfeidhm.

2.   Féadfaidh na Ballstáit na méideanna breise dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a ranníoc leis an Ionstraim.

3.   Is éard a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (a)(ii), den Rialachán Airgeadais.

4.   Féadfaidh tríú tíortha leasmhara agus páirtithe leasmhara ranníocaíocht a dhéanamh le tacaíocht neamh-inaisíoctha faoin Ionstraim le méideanna breise dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo go háirithe maidir leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (b) agus (c), den Rialachán seo. Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointí (d) agus (e), den Rialachán Airgeadais.

RANNÁN 2

Coinníollacha na tacaíochta faoin Ionstraim

Airteagal 8

Réamhchoinníoll don tacaíocht faoin Ionstraim

1.   Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an tacaíocht a dheonú faoin Ionstraim, ní mór don Úcráin leanúint de shásraí éifeachtacha daonlathacha a chumhdach agus a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine a ráthú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 le linn thréimhse na tacaíochta a sholáthraítear faoin Ionstraim, go háirithe sula ndéanfar eisíocaíochtaí, agus aird chuí á tabhairt, de réir mar is iomchuí, ar thuarascáil rialta an Choimisiúin maidir le méadú. Déanfar na himthosca san Úcráin agus iarmhairtí chur i bhfeidhm an dlí airm ann a chur san áireamh freisin.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (15).

Airteagal 9

Meabhrán Tuisceana

1.   Déanfaidh an Coimisiún meabhrán tuisceana (MT) a thabhairt i gcrích leis an Úcráin lena mbunófar go háirithe na coinníollacha beartais, an phleanáil tháscach airgeadais agus na ceanglais tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 10 a mbeidh tacaíocht ón Aontas faoin Ionstraim nasctha leo.

Beidh na coinníollacha beartais nasctha, de réir mar is iomchuí, i gcomhthéacs na staide iomláine san Úcráin, leis na cuspóirí agus lena gcur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 faoi seach agus leis an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 8. Áireofar iontu tiomantas do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus béim ar an bhfrithéilliú, ar an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, ar an bhfrithchalaois agus ar choinbhleacht leasa a sheachaint agus ar chreat trédhearcach cuntasach a bhunú chun athshlánú a bhainistiú agus, i gcás inarb iomchuí, ar an atógáil.

2.   Féadfaidh an Coimisiún MT a athbhreithniú ag an meántéarma. Féadfaidh an Coimisiún MT a leasú tar éis an athbhreithnithe.

3.   Déanfar an Iarscríbhinn sin a bhunú agus a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Airteagal 10

Ceanglais um thuairisciú

1.   Áireofar ceanglais tuairiscithe don Úcráin in MT agus áiritheofar leo, go háirithe, éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht úsáid na tacaíochta a sholáthraítear faoin Ionstraim.

2.   Fíoróidh an Coimisiún, go tráthrialta, cur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe agus an dul chun cinn arna dhéanamh i gcomhlíonadh na gcoinníollacha beartais arna leagan amach sa Mheabhrán Tuisceana. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall ar thorthaí an fhíoraithe sin.

ROINN 3

Scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim, oibleagáidí measúnaithe agus faisnéise

Airteagal 11

Scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim

1.   Faoi réir na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12, cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht faoin Ionstraim ar fáil i dtráthchodanna. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tráthchlár chun gach tráthchuid a eisíoc. Féadfar tráthchuid a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

2.   Is é an Coimisiún a bhainisteoidh scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim ar bhonn a mheasúnaithe ar chur chun feidhme na gcoinníollacha beartais a áirítear in MT.

Airteagal 12

Cinneadh faoi scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim

1.   Tíolacfaidh an Úcráin iarraidh ar chistí sula n-eisíocfar gach tráthchuid, agus beidh tuarascáil ag gabháil léi i gcomhréir le forálacha MT.

2.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh na dtráthchodanna faoi réir a mheasúnaithe ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 8 a urramú;

(b)

cur chun feidhme sásúil na gceanglas tuairiscithe mar a aontaítear in MT;

(c)

dul chun cinn sásúil i dtreo chur chun feidhme na gcoinníollacha beartais a leagtar amach in MT.

3.   Sula ndéanfar uasmhéid na tacaíochta faoin Ionstraim a eisíoc, dearbhóidh an Coimisiún gur comhlíonadh gach coinníoll beartais a leagtar amach in MT.

Airteagal 13

An tacaíocht faoin Ionstraim a laghdú, a chur ar fionraí agus a chur ar ceal

1.   Más rud é, le linn na tréimhse ina n-eisíocfar tacaíocht ón Aontas faoin Ionstraim, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais chistiúcháin na hÚcráine i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, féadfaidh sé go ndéanfaidh an Coimisiún méid an chúnaimh a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

2.   I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 12(2), déanfaidh an Coimisiún eisíoc na tacaíochta faoin Ionstraim a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

Airteagal 14

Cinneadh faoi chur chun feidhme scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim

Le linn chur chun feidhme na hIonstraime, déanfaidh an Coimisiún measúnú trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar measúnú é a fhéadfar a dhéanamh in éineacht leis an measúnú oibríochtúil dá bhforáiltear faoi Chinntí (AE) 2022/1201 agus (AE) 2022/1628, fóntacht shocruithe airgeadais na hÚcráine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánacha agus seachtracha is ábhartha don tacaíocht faoin Ionstraim.

Airteagal 15

Faisnéis a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí maidir le tacaíocht ón Aontas faoin Ionstraim, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin agus forbairtí maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha. I gcás fionraí nó cealú de bhun Airteagal 13(2), cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi na cúiseanna leis an bhfionraí nó leis an gcealú.

CAIBIDIL II

FORÁLACHA SONRACHA A BHAINEANN LE CUR CHUN FEIDHME NA TACAÍOCHTA

Airteagal 16

Oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí

1.   Chun an tacaíocht faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 220a den Rialachán Airgeadais.

2.   Leagfar síos téarmaí mionsonraithe na tacaíochta faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí i gcomhaontú iasachta i gcomhréir le hAirteagal 220 den Rialachán Airgeadais, atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin. Is é 35 bliana an uastréimhse a bheidh ag na hiasachtaí.

3.   De mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/947, ní thacóidh an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le cúnamh macrairgeadais a thugtar don Úcráin i bhfoirm iasachtaí faoin Ionstraim.

Ní bhunófar aon fhoráil maidir leis na hiasachtaí faoin Rialachán seo agus, de mhaolú ar Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, ní shocrófar aon ráta soláthair mar chéatadán den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo.

Airteagal 17

Fóirdheontas ráta úis

1.   De mhaolú ar Airteagal 220(5), pointe (e), den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an tAontas ús a iompar trí fhóirdheontas ráta úis a dheonú agus trí chostais riaracháin a bhaineann le hiasacht a fháil agus a thabhairt a chumhdach, cé is moite de chostais a bhaineann le haisíoc luath na hiasachta, i leith na n-iasachtaí faoin gCinneadh seo.

2.   Féadfaidh an Úcráin fóirdheontas ráta úis agus cumhdach na gcostas riaracháin a iarraidh ar an Aontas gach bliain.

Airteagal 18

Comhaontú maoiniúcháin le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha

Is i gcomhaontú maoiniúcháin atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin a leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann leis an tacaíocht neamh-inaisíoctha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo. De mhaolú ar Airteagal 220(5) den Rialachán Airgeadais, ní bheidh sa chomhaontú maoiniúcháin ach na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 220(5), pointí (a), (b) agus (c), de. Áireofar sa chomhaontú maoiniúcháin forálacha maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, seiceálacha, iniúchtaí, calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc, agus cistí a aisghabháil.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA COITEANNA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 19

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 20

Tuarascáil bhliantúil

1.   Cuirfidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme Chaibidil I den Rialachán seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

scrúdú ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an tacaíocht ón Aontas a chur chun feidhme faoin Ionstraim;

(b)

measúnú ar an staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine, chomh maith le measúnú ar chur chun feidhme na gceanglas agus na gcoinníollacha dá dtagraítear i Rannóg 2 de Chaibidil I den Rialachán seo;

(c)

léiriú a thabhairt ar an nasc idir na ceanglais agus na coinníollacha a leagtar amach sa MT, staid macrairgeadais leanúnach na hÚcráine, agus cinntí an Choimisiúin maidir le tráthchodanna na tacaíochta faoin Ionstraim a scaoileadh.

2.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse infhaighteachta, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht na tacaíochta ón Aontas a cuireadh i gcrích faoin Ionstraim ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidíodh leis le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

Airteagal 21

Forálacha críochnaitheacha

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 10 Nollaig 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, 29.5.2014, lch. 3).

(3)  Cinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais don Úcráin (IO L 55, 28.2.2022, lch. 4).

(4)  Cinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (IO L 186, 13.7.2022, lch. 1).

(5)  Cinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó Bhallstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201 (IO L 245, 22.9.2022, lch. 1).

(6)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(7)  Cinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (IO L 270, 18.10.2022, lch. 85).

(8)  Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 185, 26.5.2021, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 an 20 Meitheamh 1996 ón gComhairle maidir le cabhair dhaonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(13)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(15)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).