5.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 312/99 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2364 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Nollaig 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí gliofosáit
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) na substaintí gníomhacha atá formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(2) |
Rachaidh formheas na substainte gníomhaí gliofosáit in éag an 15 Nollaig 2022. Cuireadh isteach iarratas ar an 12 Nollaig 2019 ar athnuachan fhormheas na substainte gníomhaí sin de bhun Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (3). |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/724 ón gCoimisiún (4) ceapadh an Fhrainc, an Ungáir, an Ísiltír agus an tSualainn chun gníomhú go comhpháirteach mar Bhallstát is rapóirtéir maidir leis an nós imeachta formheasa le haghaidh gliofosáite a athnuachan. Is iad na ceithre Bhallstát sin a bhunaigh an Grúpa um Measúnú ar Ghliofosáit (“AGG”). An 18 Lúnasa 2020, dhearbhaigh an AGG go bhfuil an t-iarratas ar athnuachan inghlactha. Chuir an AGG a dhréacht-Tuarascáil tosaigh maidir le Measúnú ar Athnuachan faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 15 Meitheamh 2021. |
(4) |
Le linn an chomhairliúcháin phoiblí ar an dréacht-Tuarascáil tosaigh maidir le Measúnú ar Athnuachan le haghaidh gliofosáite, cuireadh líon an-ard barúlacha faoi bhráid an Údaráis. Thairis sin, an 14 Márta 2022, d’iarr an tÚdarás méid suntasach faisnéise breise ar an iarratasóir, rud a cuireadh isteach in am trátha. Ina theannta sin, shainaithin an AGG agus an tÚdarás líon an-ard pointí a bhí le plé ag na saineolaithe le linn an athbhreithnithe piaraí. Is gá i bhfad níos mó ama chun an mheastóireacht ar an bhfaisnéis bhreise ón Údarás agus chun an mheastóireacht ar an athbhreithniú piaraí arna dhéanamh de bhun Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 844/2012 a chur i gcrích. |
(5) |
Dá réir sin, an 10 Bealtaine 2022, chuir an tÚdarás agus an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“ECHA”) an Coimisiún ar an eolas go gcuirfí moill ar ghlacadh na conclúide maidir le hathbhreithniú piaraí an Údaráis ar an measúnú riosca ar ghliofosáit agus nach mbeadh coinne leis an dáta glactha roimh mhí Iúil 2023. Fágann sé sin nach féidir aon chinneadh a dhéanamh maidir le formheas gliofosáite a athnuachan roimh an 15 Nollaig 2022. |
(6) |
Ós rud é gur cuireadh moill, dá bhrí sin, ar an measúnú ar an tsubstaint ghníomhach gliofosáit ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is gá síneadh a chur le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin chun an t-am is gá a thabhairt chun an measúnú is gá a chur i gcrích chun gur féidir cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí a athnuachan. |
(7) |
I gcás ina mbeidh ar an gCoimisiún Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar nach ndéanfar formheas gliofosáite a athnuachan toisc nach gcomhlíontar na critéir formheasa, is é an dáta atá le socrú ag an gCoimisiún mar dháta éaga an dáta céanna sin a bhí ann roimh an Rialachán seo nó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena bhforáiltear nach ndéanfar formheas gliofosáite a athnuachan, cibé dáta acu sin is déanaí. I gcás ina mbeidh ar an gCoimisiún Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar maidir le hathnuachan gliofosáite, féachfaidh an Coimisiún leis an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a shocrú, de réir mar is iomchuí sna himthosca. |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
(9) |
Ós rud é go rachaidh an formheas reatha maidir le gliofosáit in éag an 15 Nollaig 2022, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
(10) |
Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag an Cathaoirleach síos. Measadh go raibh gá le gníomh cur chun feidhme agus chuir an cathaoirleach an dréachtghníomh cur chun feidhme faoi bhráid an choiste achomhairc chun go ndéanfar tuilleadh plé air. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
I gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, sa séú colún “Dul in éag an fhormheasa” d’iontráil 118, gliofosáit, cuirtear “15 Nollaig 2023” in ionad an dáta.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
Cé gur aisghaireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, tá feidhm aige i gcónaí maidir leis an nós imeachta chun formheas gliofosáite a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/724 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit is rapóirtéir agus na Ballstáit is comhrapóirtéir a ainmniú le haghaidh na substaintí gníomhacha gliofosáit, lambda-ciahalaitrin, iomasamocs agus peindémheatailin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht go nglacfadh grúpa Ballstát ról an Bhallstáit is rapóirtéir orthu féin go comhpháirteach (IO L 124, 13.5.2019, lch. 32).